Vyberte pokusně zaváděné prvky, které byste chtěli vyzkoušet

Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex

Dokument 52016PC0317

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear liostaí nua in ionad liostaí na n-imeachtaí dócmhainneachta agus na gcleachtóirí dócmhainneachta in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta

    COM/2016/0317 final - 2016/0159 (COD)

    An Bhruiséil,30.5.2016

    COM(2016) 317 final

    2016/0159(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena gcuirtear liostaí nua in ionad liostaí na n-imeachtaí dócmhainneachta agus na gcleachtóirí dócmhainneachta in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tháinig Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú) 1 , "an Rialachán" anseo feasta, i bhfeidhm an 26 Meitheamh 2015. Beidh feidhm ag an Rialachán ón 26 Meitheamh 2017, seachas an chuid de a bhaineann le córas na gclár náisiúnta dócmhainneachta a idirnascadh, a mbeidh feidhm aici ón 26 Meitheamh 2019.

    Liostaítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 na himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 den Rialachán. Liostaítear in Iarscríbhinn B na cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (5) d'Airteagal 2.

    I Nollaig 2015 thug an Pholainn fógra don Choimisiún faoi athchóiriú suntasach ar a dlí náisiúnta maidir le hathstruchtúrú a thiocfadh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016 agus d'iarr sí air na liostaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán a leasú dá réir. De réir Airteagal 1(1), phointe (4) d'Airteagal 2 agus aithris (9) den Rialachán ní "imeachtaí dócmhainneachta" iad imeachtaí náisiúnta i gcomhthéacs an Rialacháin ach amháin i gcás ina bhfuil siad liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann leis. Is dearbhú air sin aithris (9) den Rialachán: "Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí dócmhainneachta a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach ann, is cuma cé acu duine nádúrtha nó duine dlítheanach, trádálaí nó duine aonair an féichiúnaí. Tá liosta uileghabhálach de na himeachtaí dócmhainneachta sin in Iarscríbhinn A.... Níor cheart nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn A a chumhdach leis an Rialachán seo".

    Tá grinnanailís déanta ag an gCoimisiún ar an iarraidh ón bPolainn lena áirithiú go gcomhlíonann an fógra a thug sí ceanglais an Rialacháin.

    Ba cheart, mar sin, Rialachán (AE) 2015/848 a leasú dá réir.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

    Leagan athmhúnlaithe den Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta is ea Rialachán (AE) 2015/848. Aisghairtear le Rialachán (AE) 2015/848 Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle agus na leasuithe uile a rinneadh air i ndiaidh a chéile. Ionstraim thábhachtach le haghaidh comhar breithiúnach sibhialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh is ea an Rialachán deireanach sin.

    Ionas gur féidir dócmhainneachtaí trasteorann féichiúnaithe a ionramháil ar bhonn éifeachtúil, ar féichiúnaithe iad a bhfuil a lárionad príomhleasa suite i mBallstát, ba cheart go bhfreagródh raon feidhme an Rialacháin athmhúnlaithe, ar chuma na hionstraime is infheidhme i láthair na huaire, go bhfreagródh sé do raon feidhme dhlíthe dócmhainneachta na mBallstát mar atá san am i láthair. Is éard is aidhm don togra seo a áirithiú go mbeidh raon feidhme an Rialacháin athmhúnlaithe curtha in oiriúint do chreat dlíthiúil iarbhír na mBallstát i dtaca le dócmhainneacht faoin am a chuirfear an Rialachán i bhfeidhm.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá ról tábhachtach tacaíochta ag an Rialachán maidir le saoirse bhunaíochta agus saorghluaiseacht daoine.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús Dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 81(2)(a), (c) agus (f) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

    Comhréireacht

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

    Leis an togra ón gCoimisiún cuirfear liostaí nua in ionad na liostaí le haghaidh na Polainne atá tugtha in Iarscríbhinn A agus in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848, á cur san áireamh an fhaisnéis a bhfuair sé fógra fúithi ón mBallstát sin. Ós rud é gur dlúthchuid den Rialachán na hIarscríbhinní a ghabhann leis, is trí leasú reachtach a dhéanamh ar an Rialachán, agus tríd sin amháin, is féidir modhnuithe a dhéanamh orthu.

    Tá an Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Ó fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é, tá rochtain ag na páirtithe leasmhara uile ar a bhfuil ann.

    Rogha na hionstraime

    Rialachán is ea an ionstraim atáthar a bheartú.

    Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas:

    Is le rialachán atá le glacadh tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, faoin mbunús dlí arna chur i bhfeidhm ar an Rialachán bunaidh, agus leis sin amháin, is féidir leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh leasú den sórt sin a mholadh.

    Thug an Pholainn fógra don Choimisiún faoi leasuithe ar na liostaí atá leagtha amach sna hIarscríbhinní. Dá réir sin, níl de rogha ag an gCoimisiún ach leasuithe a mholadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán, a mhéid a chomhlíonfaidh na leasuithe sin na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán.

    3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Is leasuithe de chineál teicniúil amháin na leasuithe atá beartaithe. Níl aon athrú substainteach ar an Rialachán áirithe iontu. Dá bhrí sin, códú oifigiúil ar théacs reachtach de réir bhrí Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 2 atá i gceist leis an mbeart atá beartaithe. I gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil níos Fearr ní bheidh aon mheasúnú tionchair de dhíth i gcás tionscnaimh den sórt sin.

    Ina theannta sin, de bhun Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh de rogha ag an gCoimisiún, tar éis don Pholainn a iarraidh air tús a chur leis an nós imeachta reachtach ba ghá, ach géilleadh don iarraidh sin, a mhéid a chomhlíonann sé na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán. Ní raibh aon saineolas nua ag teastáil le haghaidh na hoibre ullmhúcháin chun an togra seo a ghlacadh.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht ag an togra don bhuiséad.

    2016/0159 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena gcuirtear liostaí nua in ionad liostaí na n-imeachtaí dócmhainneachta agus na gcleachtóirí dócmhainneachta in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)In Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 liostaítear na hainmneacha a thugtar i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát do na himeachtaí agus do na cleachtóirí dócmhainneachta a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo. In Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 liostaítear na himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe 4 d'Airteagal 2 den Rialachán. In Iarscríbhinn B liostaítear na cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (5) d'Airteagal 2.

    (2)An 4 Nollaig 2015 thug an Pholainn fógra don Choimisiún faoi leasuithe ar na liostaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán sin. Comhlíonann na leasuithe sin na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán.

    (3)Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal Rialachán (AE) 2015/848 agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (4)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (5)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán     An tUachtarán

    (1) IO L 141, 5.6.2015, lch. 19–72.
    (2) Iris Oifigiúil C 102, 4.4.1996, lch. 2–3.
    Nahoru

    An Bhruiséil,30.5.2016

    COM(2016) 317 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena gcuirtear liostaí nua in ionad liostaí na n-imeachtaí dócmhainneachta agus na gcleachtóirí dócmhainneachta in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta


    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena gcuirtear liostaí nua in ionad liostaí na n-imeachtaí dócmhainneachta agus na gcleachtóirí dócmhainneachta in Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848:

    "IARSCRÍBHINN A

    Na himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 2

    BELGIQUE/BELGIË

    — Het faillissement/La faillite,

    — De gerechtelijke reorganisatie door een collectief akkoord/La réorganisation judiciaire par accord collectif,

    — De gerechtelijke reorganisatie door een minnelijk akkoord/La réorganisation judiciaire par accord amiable,

    — De gerechtelijke reorganisatie door overdracht onder gerechtelijk gezag/La réorganisation judiciaire par transfert sous autorité de justice,

    — De collectieve schuldenregeling/Le règlement collectif de dettes,

    — De vrijwillige vereffening/La liquidation volontaire,

    — De gerechtelijke vereffening/La liquidation judiciaire,

    — De voorlopige ontneming van beheer, bepaald in artikel 8 van de faillissementswet/Le dessaisissement provisoire, visé à l'article 8 de la loi sur les faillites,

     БЪЛГАРИЯ

    — Производство по несъстоятелност,

     ČESKÁ REPUBLIKA

    — Konkurs,

    — Reorganizace,

    — Oddlužení,

     DEUTSCHLAND

    — Das Konkursverfahren,

    — Das gerichtliche Vergleichsverfahren,

    — Das Gesamtvollstreckungsverfahren,

    — Das Insolvenzverfahren,

     EESTI

    — Pankrotimenetlus,

    — Võlgade ümberkujundamise menetlus,

    ÉIRE/IRELAND

    — Compulsory winding-up by the court,

    — Bankruptcy,

    — The administration in bankruptcy of the estate of persons dying insolvent,

    — Winding-up in bankruptcy of partnerships,

    — Creditors' voluntary winding-up (with confirmation of a court),

    — Arrangements under the control of the court which involve the vesting of all or part of the property of the debtor in the Official Assignee for realisation and distribution,

    — Examinership,

    — Debt Relief Notice,

    — Debt Settlement Arrangement,

    — Personal Insolvency Arrangement,

    ΕΛΛΑΔΑ

    — Η πτώχευση,

    — Η ειδική εκκαθάριση εν λειτουργία,

    — Σχέδιο αναδιοργάνωσης,

    — Απλοποιημένη διαδικασία επί πτωχεύσεων μικρού αντικειμένου,

    — Διαδικασία Εξυγίανσης,

     ESPAÑA

    — Concurso,

    — Procedimiento de homologación de acuerdos de refinanciación,

    — Procedimiento de acuerdos extrajudiciales de pago,

    — Procedimiento de negociación pública para la consecución de acuerdos de refinanciación colectivos, acuerdos de refinanciación homologados y propuestas anticipadas de convenio,

     FRANCE

    — Sauvegarde,

    — Sauvegarde accélérée,

    — Sauvegarde financière accélérée,

    — Redressement judiciaire,

    — Liquidation judiciaire,

     HRVATSKA

    — Stečajni postupak,

     ITALIA

    — Fallimento,

    — Concordato preventivo,

    — Liquidazione coatta amministrativa,

    — Amministrazione straordinaria,

    — Accordi di ristrutturazione,

    — Procedure di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore (accordo o piano),

    — Liquidazione dei beni,

     ΚΥΠΡΟΣ

    — Υποχρεωτική εκκαθάριση από το Δικαστήριο,

    — Εκούσια εκκαθάριση από μέλη,

    — Εκούσια εκκαθάριση από πιστωτές

    — Εκκαθάριση με την εποπτεία του Δικαστηρίου,

    — Διάταγμα Παραλαβής και πτώχευσης κατόπιν Δικαστικού Διατάγματος,

    — Διαχείριση της περιουσίας προσώπων που απεβίωσαν αφερέγγυα,

     LATVIJA

    — Tiesiskās aizsardzības process,

    — Juridiskās personas maksātnespējas process,

    — Fiziskās personas maksātnespējas process,

     LIETUVA

    — Įmonės restruktūrizavimo byla,

    — Įmonės bankroto byla,

    — Įmonės bankroto procesas ne teismo tvarka,

    — Fizinio asmens bankroto procesas,

     LUXEMBOURG

    — Faillite,

    — Gestion contrôlée,

    — Concordat préventif de faillite (par abandon d'actif),

    — Régime spécial de liquidation du notariat,

    — Procédure de règlement collectif des dettes dans le cadre du surendettement,

     MAGYARORSZÁG

    — Csődeljárás,

    — Felszámolási eljárás,

     MALTA

    — Xoljiment,

    — Amministrazzjoni,

    — Stralċ volontarju mill-membri jew mill-kredituri,

    — Stralċ mill-Qorti,

    — Falliment f'każ ta' kummerċjant,

    Proċedura biex kumpanija tirkupra,

    NEDERLAND

    — Het faillissement,

    — De surséance van betaling,

    — De schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

     ÖSTERREICH

    — Das Konkursverfahren (Insolvenzverfahren),

    — Das Sanierungsverfahren ohne Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

    — Das Sanierungsverfahren mit Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

    — Das Schuldenregulierungsverfahren,

    — Das Abschöpfungsverfahren,

    — Das Ausgleichsverfahren,

     POLSKA

    — Upadłość

    — Postępowanie o zatwierdzenie układu,

    — Przyspieszone postępowanie układowe,

    — Postępowanie układowe,

    — Postępowanie sanacyjne,

     PORTUGAL

    — Processo de insolvência,

    — Processo especial de revitalização,

     ROMÂNIA

    — Procedura insolvenței,

    — Reorganizarea judiciară,

    — Procedura falimentului,

    — Concordatul preventiv,

     SLOVENIJA

    — Postopek preventivnega prestrukturiranja,

    — Postopek prisilne poravnave,

    — Postopek poenostavljene prisilne poravnave,

    — Stečajni postopek: stečajni postopek nad pravno osebo, postopek osebnega stečaja in postopek stečaja zapuščine,

     SLOVENSKO

    — Konkurzné konanie,

    — Reštrukturalizačné konanie,

    — Oddlženie,

     SUOMI/FINLAND

    — Konkurssi/konkurs,

    — Yrityssaneeraus/företagssanering,

    — Yksityishenkilön velkajärjestely/skuldsanering för privatpersoner,

     SVERIGE

    — Konkurs,

    — Företagsrekonstruktion,

    — Skuldsanering,

     UNITED KINGDOM

    — Winding-up by or subject to the supervision of the court,

    — Creditors' voluntary winding-up (with confirmation by the court),

    — Administration, including appointments made by filing prescribed documents with the court,

    — Voluntary arrangements under insolvency legislation,

    — Bankruptcy or sequestration.

     

    IARSCRÍBHINN B

    Na cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (5) d'Airteagal 2

    BELGIQUE/BELGIË

    — De curator/Le curateur,

    — De gedelegeerd rechter/Le juge-délégué,

    — De gerechtsmandataris/Le mandataire de justice,

    — De schuldbemiddelaar/Le médiateur de dettes,

    — De vereffenaar/Le liquidateur,

    — De voorlopige bewindvoerder/L'administrateur provisoire,

     БЪЛГАРИЯ

    — Назначен предварително временен синдик,

    — Временен синдик,

    — (Постоянен) синдик,

    — Служебен синдик,

     ČESKÁ REPUBLIKA

    — Insolvenční správce,

    — Předběžný insolvenční správce,

    — Oddělený insolvenční správce,

    — Zvláštní insolvenční správce,

    — Zástupce insolvenčního správce,

     DEUTSCHLAND

    — Konkursverwalter,

    — Vergleichsverwalter,

    — Sachwalter (nach der Vergleichsordnung),

    — Verwalter,

    — Insolvenzverwalter,

    — Sachwalter (nach der Insolvenzordnung),

    — Treuhänder,

    — Vorläufiger Insolvenzverwalter,

    — Vorläufiger Sachwalter,

     EESTI

    — Pankrotihaldur,

    — Ajutine pankrotihaldur,

    — Usaldusisik,

     ÉIRE/IRELAND

    — Liquidator,

    — Official Assignee,

    — Trustee in bankruptcy,

    — Provisional Liquidator,

    — Examiner,

    — Personal Insolvency Practitioner,

    — Insolvency Service,

     ΕΛΛΑΔΑ

    — Ο σύνδικος,

    — Ο εισηγητής,

    — Η επιτροπή των πιστωτών,

    — Ο ειδικός εκκαθαριστής,

     ESPAÑA

    — Administrador concursal,

    — Mediador concursal,

     FRANCE

    — Mandataire judiciaire,

    — Liquidateur,

    — Administrateur judiciaire,

    — Commissaire à l'exécution du plan,

     HRVATSKA

    — Stečajni upravitelj,

    — Privremeni stečajni upravitelj,

    — Stečajni povjerenik,

    — Povjerenik,

     ITALIA

    — Curatore,

    — Commissario giudiziale,

    — Commissario straordinario,

    — Commissario liquidatore,

    — Liquidatore giudiziale,

    — Professionista nominato dal Tribunale,

    — Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore,

    — Liquidatore,

     ΚΥΠΡΟΣ

    — Εκκαθαριστής και Προσωρινός Εκκαθαριστής,

    — Επίσημος Παραλήπτης,

    — Διαχειριστής της Πτώχευσης,

     LATVIJA

    — Maksātnespējas procesa administrators,

     LIETUVA

    — Bankroto administratorius,

    — Restruktūrizavimo administratorius,

     LUXEMBOURG

    — Le curateur,

    — Le commissaire,

    — Le liquidateur,

    — Le conseil de gérance de la section d'assainissement du notariat,

    — Le liquidateur dans le cadre du surendettement,

     MAGYARORSZÁG

    — Vagyonfelügyelő,

    — Felszámoló,

     MALTA

    — Amministratur Proviżorju,

    — Riċevitur Uffiċjali,

    — Stralċjarju,

    — Manager Speċjali,

    — Kuraturi f'każ ta' proċeduri ta' falliment,

    — Kontrolur Speċjali,

     NEDERLAND

    — De curator in het faillissement,

    — De bewindvoerder in de surséance van betaling,

    — De bewindvoerder in de schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

     ÖSTERREICH

    — Masseverwalter,

    — Sanierungsverwalter,

    — Ausgleichsverwalter,

    — Besonderer Verwalter,

    — Einstweiliger Verwalter,

    — Sachwalter,

    — Treuhänder,

    — Insolvenzgericht,

    — Konkursgericht,

     POLSKA

    — Syndyk,

    — Nadzorca sądowy,

    — Zarządca,

    — Nadzorca układu,

    — Tymczasowy nadzorca sądowy,

    — Tymczasowy zarządca,

    — Zarządca przymusowy,

     PORTUGAL

    — Administrador da insolvência,

    — Administrador judicial provisório,

     ROMÂNIA

    — Practician în insolvență,

    — Administrator concordatar,

    — Administrator judiciar,

    — Lichidator judiciar,

     SLOVENIJA

    — Upravitelj,

     SLOVENSKO

    — Predbežný správca,

    — Správca,

     SUOMI/FINLAND

    — Pesänhoitaja/boförvaltare,

    — Selvittäjä/utredare,

     SVERIGE

    — Förvaltare,

    — Rekonstruktör,

     UNITED KINGDOM

    — Liquidator,

    — Supervisor of a voluntary arrangement,

    — Administrator,

    — Official Receiver,

    — Trustee,

    — Provisional Liquidator,

    — Interim Receiver,

    — Judicial factor."

    Nahoru