AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.4.2016
COM(2016) 206 final
2013/0119(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
2013/0119 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
1.Cúlra
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2013) 228 final, 2013/0119 (COD))
|
24.04.2013
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (INT/700 - CES4005-2013):
|
11.07.2013
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
04.02.2014
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
11.03.2016
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is é is aidhm don togra maidir le doiciméid phoiblí an rómhaorlathas agus an costas a tharraingítear ar na saoránaigh a laghdú nuair a bhíonn orthu doiciméad poiblí arna eisiúint ag na húdaráis i mBallstát amháin a chur faoi bhráid na núdarás i mBallstát eile. Ní bhaineann an togra le doiciméid phoiblí arna neisiúint ag na húdaráis i dtríú tíortha (fiú i gcás ina bhfuil glactha leo cheana féin mar dhoiciméid bharántúla ag údaráis an Bhallstáit).
De réir an togra, ní mór glacadh le doiciméad poiblí arna eisiúint i mBallstát a bhaineann le cúrsaí áirithe (mar shampla, breith, pósadh nó ionadaíocht cuideachta) mar dhoiciméad barántúil i mBallstát eile gan é a bheith de cheangal stampa barántúlachta (an apastail) a bheith ar an doiciméad sin feasta. Cuirtear deireadh freisin, de bhíthin an togra, leis an ngá atá ann go gcuirfí ar fáil i ngach cás cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe de dhoiciméid arna neisiúint i mBallstát eile. Neartaítear, de bhíthin an togra, an comhrac i gcoinne na calaoise trí chóras don chomhar riaracháin a thabhairt isteach i measc na mBallstát bunaithe ar Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát cumarsáid a dhéanamh le chéile i gcás ina mbíonn amhras ann i dtaobh barántúlacht doiciméid phoiblí. Tugtar isteach, de bhíthin an togra, foirmeacha ilteangacha caighdeánacha neamhspleácha de chuid an Aontais don úsáid trasteorann ionas nach mbeidh gá ann feasta doiciméid a aistriú. Ní phléitear sa togra leis an gceist a bhaineann le haitheantas a thabhairt i mBallstát amháin don ábhar atá i ndoiciméad poiblí arna eisiúint i mBallstát eile.
3.Nótaí tráchta maidir leis an seasamh ón gComhairle
Ar an iomlán, tacaíonn an seasamh a ghlac an Chomhairle le bunchuspóir thogra an Choimisiúin, mar atá, an rómhaorlathas agus an costas a tharraingítear ar na saoránaigh a laghdú agus simpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i gcúrsaíocht. Ach tá roinnt athruithe déanta ag an gComhairle ar thogra an Choimisiúin.
I dtaca le raon an Rialacháin, cuimsítear le téacs an Choimisiúin doiciméid phoiblí arna neisiúint chun leasa na saoránach, go háirithe doiciméid a bhaineann leis an stádas sibhialta, ach fágtar ar lár doiciméid a bhaineann le cúrsaí gnó. Ach i gcomhréir leis an bplé tríthaobhach, cuimsítear le téacs na Comhairle doiciméid a bhaineann leis an stádas sibhialta i líon breise réimsí. Tá ann freisin clásal leasaithe athbhreithniúcháin ina dtagraítear do dhoiciméid phoiblí áirithe a bhaineann le cuideachtaí agus le saoránaigh agus lena bhforáiltear go ndéanfar athbhreithniú, d'fhonn a chinneadh an ceart na réimsí breise sin a chuimsiú sa Rialachán, tráth is túisce ná an dáta atá leagtha amach le haghaidh athbhreithniú ginearálta an Rialacháin.
I dtéacs na Comhairle, tá na foirmeacha ilteangacha caighdeánacha neamhspleácha de chuid an Aontais mar a bheadh áiseanna aistriúcháin ann ar féidir iad a chur leis an doiciméad poiblí. Ach i gcomhréir leis an bplé tríthaobhach, tugtar isteach le téacs na Comhairle seacht gcinn d'fhoirmeacha breise, rud a fhágann gur féidir ceanglais aistriúcháin a sheachaint i mbreis réimsí.
De bhíthin théacs na Comhairle, féadfaidh na Ballstáit a fhaigheann doiciméad poiblí aistriúchán deimhnithe de a iarraidh i dteanga seachas iad siúd a nglacann gach Ballstát go sonrach leo. Ach i gcomhréir leis an bplé tríthaobhach, soiléirítear i dtéacs na Comhairle gur go heisceachtúil amháin is ceadmhach aistriúchán ar dhoiciméid a iarraidh i gcás ina bhfuil foirm chaighdeánach ilteangach ag gabháil le doiciméad poiblí.
Tugtar aird i dtéacs na Comhairle air seo: cé nach bhféadfaidh údarás de chuid na mBallstát a iarraidh go mbeadh apastail ar dhoiciméad poiblí arna eisiúint ag údarás de chuid Ballstáit eile, féadfaidh na saoránaigh a leithéid a iarraidh fós. Ach i gcomhréir leis an bplé tríthaobhach, leagtar d'oibleagáid i dtéacs na Comhairle ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na saoránaigh a chur ar an eolas maidir le hinneachar an togra trí dhul i dteagmháil leo ar bhonn an duine aonair agus le tairseacha faisnéise gréasánbhunaithe.
D'ainneoin na nathruithe a thug an Chomhairle isteach, is slán fós do na bunphrionsabail sin a bhí i dtogra an Choimisiúin, mar atá, deireadh a chur le ceanglas na hapastaile, simpliú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí a bhaineann le haistriúcháin agus cóipeanna deimhnithe, agus leas a bhaint as IMI mar chóras don chomhar idir na Ballstáit agus iad ag comhrac i gcoinne na calaoise. I dteannta na nathruithe a tugadh isteach de bhíthin an togra a chomhaontaigh na comhreachtóirí le linn an phlé thríthaobhaigh, leasaíodh teideal an Rialacháin.
Tar éis an phlé thríthaobhaigh neamhfhoirmiúil an 15 Iúil 2015, 17 Meán Fómhair 2015, 28 Meán Fómhair 2015, 6 Deireadh Fómhair 2015 agus 13 Deireadh Fómhair 2015, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an téacs.
Dhearbhaigh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil sin an 3 Nollaig 2015, agus ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 11 Márta 2016.
4.Conclúid
Ós rud é gur pléadh na leasuithe go léir ar an togra ón gCoimisiún le linn an phlé neamhfhoirmiúil thríthaobhaigh, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe a ghlac an Chomhairle ina seasamh ar an gcéad léamh.