Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0113

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, i ndáil le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

    COM/2016/0113 final - 2016/064 (COD)

    An Bhruiséil,4.3.2016

    COM(2016) 113 final

    2016/0064(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, i ndáil le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Bunaíodh Coiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise faoi Rialachán Uimh. 1073/99 an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 1 . Tá sé sonraithe in Airteagal 15(1) de Rialachán nua OLAF 883/2013 an 11 Meán Fómhair 2013 2 gurb iad na cúraimí is ceart dó a dhéanamh "faireachán rialta ar an Oifig agus a feidhm imscrúdaitheach á cur chun feidhme aici, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a atreisiú agus na hinniúlachtaí a bronnadh uirthi leis an Rialachán seo á bhfeidhmiú aici" agus, go háirithe, "faireachán ar na forbairtí a bhaineann le feidhmiú na ráthaíochtaí nós imeachta agus fad na nimscrúduithe i bhfianaise na faisnéise a chuirfidh an tArdStiúrthóir ar fáil..".

    San obair a dhéanann an Coiste Maoirseachta, tá rúnaíocht de chúnamh aige. Faoi láthair, is é OLAF a sholáthraíonn an rúnaíocht sin, i gcomhréir le hAirteagal 15(8) de Rialachán OLAF ina sonraítear gurb í "an Oifig a sholáthróidh rúnaíocht an Choiste, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta". In Airteagal 18 den Rialachán cuirtear na leithreasuithe buiséadacha don Choiste Maoirseachta agus dá rúnaíocht laistigh de líne buiséid na hOifige agus déantar foráil go gcuimsíonn plean bunaíochta na hOifige plean bunaíochta an Choiste Maoirseachta agus a rúnaíocht.

    Le tamall beag anuas, áfach, cuireadh in iúl go raibh imní áirithe ann maidir le coinbhleachtaí leasa féideartha agus iarradh go ndéanfaí an neamhspleáchas dlíthiúil a neartú i ndáil le bainistiú bhuiséad agus rúnaíocht an Choiste. Dá bhrí sin, sna Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíocht in 2013 agus in 2014 3 , leag an Coiste Maoirseachta béim ar a thábhachtaí atá a fheidhmiú neamhspleách éifeachtach, feidhmiú a éilíonn rúnaíocht neamhspleách a mbeidh a dóthain foirne aici. Leag an Coiste béim air go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh coinbhleachtaí leasa ann agus cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin, cinntí maidir le harduithe céime agus aistrithe san áireamh, á bhfeidhmiú ag ArdStiúrthóir OLAF. D'iarr sé go ndéanfaí a bhuiséad agus buiséad a rúnaíochta a shonrú i líne ar leithligh de bhuiséad OLAF.

    D'iarr Parlaimint na hEorpa cúpla uair ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun feidhmiú neamhspleách rúnaíocht Choiste Maoirseachta OLAF a threisiú, mar shampla sa tuarascáil ar an nós imeachta um urscaoileadh le haghaidh 2013 4 nó ina rún maidir tuarascáil bhliantúil 2014 Choiste Maoirseachta OLAF 5 .

    Chuathas i ngleic leis an gceist seo sa mhalartú tuairimí leis na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Airteagal 16 de Rialachán OLAF. Le linn an mhalartaithe tuairimí a eagraíodh an 28 Meán Fómhair 2015, leag ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa béim arís ar an ngá le feidhmiú neamhspleách rúnaíocht an Choiste Maoirseachta a neartú.

    An 18 Nollaig 2015, ghlac an Coimisiún leasú ar Chinneadh 1999/352 6 uaidh chun freagracht as cur chun feidhme na leithreasuithe buiséadacha le haghaidh na gComhaltaí a aistriú ó ArtStiúrthóir OLAF chuig an gCoimisiún. Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún an fhreagracht sin a tharmligean go Stiúrthóir a Oifige Íocaíochtaí (PMO). Bhí feidhm leis an gcinneadh sin ón 1 Eanáir 2016.

    Ba é ba chuspóir leis an gcinneadh sin nach mbeadh an dealramh air go bhféadfadh sé nach mbeadh Comhaltaí an Choiste Maoirseachta in ann a sainchúram a chomhlíonadh go cuí. Níorbh fhéidir leis an gcinneadh sin, áfach, rúnaíocht agus buiséad an Choiste a scaradh ina niomláine ón Oifig ó thaobh dlí de. Chun bainistiú rúnaíocht an Choiste a scaradh ó bhainistiú na hOifige agus chun a sheachaint go mbeadh aon dealramh ann go bhféadfadh OLAF lagú a dhéanamh ar fheidhmiú na tacaíochta a thugtar do Chomhaltaí an Choiste, tá sé riachtanach Rialachán Uimh. 883/2013 a mhodhnú chun foráil a dhéanamh go soláthróidh an Coimisiún rúnaíocht an Choiste Maoirseachta go díreach. Ní dhéanfaidh an modhnú seo difear do neamhspleáchas ná d'fheidhmiú oibríochtúil an Choiste Maoirseachta agus a rúnaíochta, óir ní thiocfaidh aon athrú ar a gcearta ná ar a noibleagáidí. Go háirithe, leanfaidh Oifigeach Cosanta Sonraí OLAF de phróiseáil sonraí na rúnaíochta a chumhdach agus leanfaidh foireann na rúnaíochta de bheidh faoi réir na rialacha rúndachta céanna. Tá foráil in Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 883/2013 go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 2 Deireadh Fómhair 2017, tuarascáil ina shonrófar freisin an gá an Rialachán a leasú nó nach gá. I ngeall ar a thábhachtaí atá deafheidhmiú an Choiste Maoirseachta, agus ar an ngá go seachnófaí go mbeadh an dealramh air go bhféadfadh a chreat institiúideach lagú a dhéanamh ar an bhfeidhmiú sin, is den tábhacht an Rialachán a chur in oiriúint i dtaca leis an bpointe sin – agus an pointe sin amháin – a luaithe agus is féidir, agus, in aon chás, sula ndéanfar meastóireacht fhoriomlán ar an Rialachán.

    A luaithe a mbeidh an Rialachán leasaithe tagtha i bhfeidhm, beidh gá leasú teicniúil eile a dhéanamh ar Chinneadh OLAF lena thabhairt i gcomhréir go foirmiúil leis an gcreat nua dlí.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana féin sa réimse beartais seo

    Leasófar leis an Rialachán atá beartaithe Rialachán Uimh. 883/2013 lena ndéantar foráil cheana féin maidir le neamhspleáchas Choiste Maoirseachta OLAF. Ráthaíonn mír 2, mír 3 agus mír 7 d'Airteagal 15, go háirithe, neamhspleáchas an Choiste trí fhoráil a dhéanamh maidir le nós imeachta speisialta idirinstitiúideach ceapacháin agus maidir le coinníollacha sonracha i dtaca le sainchúraimí na gcomhaltaí a chomhlíonadh. Rinneadh an creat sin a shainiú tuilleadh i gCinneadh C(2015)2418 ón gCoimisiún trí bhainistiú leithreasuithe buiséadacha don Choiste Maoirseachta a aistriú ó OLAF chuig an gCoimisiún (PMO).

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 325 CFAE maidir le calaois a chomhrac, atá ina bhunús dlí freisin do Rialachán Uimh. 883/2013.

    Coimhdeacht agus comhréireacht

    Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar chumhachtaí ná ar fhreagrachtaí na mBallstát i dtaca le calaois, a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a chomhrac. Ní bhaineann sé ach le bainistiú Choiste Maoirseachta OLAF, lena bhfuil rialacha ina leith leagtha síos i Rialachán ón Aontas Eorpach faoi láthair. Ina theannta sin, tá an ghníomhaíocht thuasluaite teoranta go daingean don mhéid is gá leis na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, rud a chomhlíonann prionsabal na comhréireachta.

    An rogha ionstraime

    Is gá Rialachán Uimh. 883/2013 a leasú trí bhíthin ionstraime den sórt céanna, i.e. Rialachán.

    3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon acmhainní daonna ná riaracháin de dhíth faoin Rialachán atá beartaithe agus ní bheidh aon tionchar airgeadais aige. Ní dhéanfaidh sé ach bainistiú na leithreasuithe buiséadacha a bhaineann le rúnaíocht Choiste Maoirseachta OLAF a aistriú laistigh den Choimisiún féin.

    4.EILIMINTÍ EILE

    Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Faoin Rialachán nua atá beartaithe, is é an Coimisiún a sholáthróidh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta, agus ní sholáthróidh OLAF a thuilleadh é (Airteagal 15(8)).

    Aistreofar na leithreasuithe buiséadacha le aghaidh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta ó líne buiséid agus plean bunaíochta OLAF go dtí cinn chomhfhreagracha an Choimisiúin (Airteagal 18).

    Ar deireadh, déantar leasú ar fhoclaíocht mhír 4 agus mhír 5 d'Airteagal 10 sa chaoi go leanfaidh an phróiseáil sonraí a dhéanfaidh an rúnaíocht de bheith ag teacht faoi inniúlacht Oifigeach Cosanta OLAF. Chomh maith leis sin, leanfaidh foireann na rúnaíochta de bheidh faoi réir na rialacha rúndachta céanna agus a bhí siad roimhe.



    2016/0064 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, i ndáil le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325 de,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Tá sé de chúram ar Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ('an Oifig') faireachán rialta a dhéanamh ar an Oifig agus a feidhm imscrúdaitheach á cur chun feidhme aici, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a threisiú.

    (2)An creat faoina gcuirfear chun feidhme na leithreasuithe buiséadacha a bhaineann le Comhaltaí an Choiste Maoirseachta, ba cheart é a bhunú sa chaoi nach mbeidh aon dealramh ann go bhféadfadh an Oifig a bheith ag cur isteach ar dhualgais na gComhaltaí. Ba cheart Rialachán (EC, Euratom) Uimh. 883/2013 a chur in oiriúint le go bhféadfar creat den sórt sin a bheith ann. Ba cheart don Choimisiún rúnaíocht an Choiste Maoirseachta a sholáthar go díreach, go neamhspleách ar an Oifig. Ba cheart don Choimisiún staonadh ó bheith ag cur isteach ar fheidhmeanna an Choiste Maoirseachta.

    (3)I gcás ina gceapfaidh an Oifig Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán Uimh. 883/2013, ba cheart go leanfadh an tOifigeach Cosanta Sonraí sin de bheith inniúil as sonraí arna bpróiseáil ag rúnaíocht an Choiste Maoirseachta.

    (4)Ba cheart go leanfadh oibleagáidí rúndachta d'fhoireann rúnaíocht an Choiste Maoirseachta de bheith i bhfeidhm.

    (5) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an ….,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 mar seo a leanas:

    (1)Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

    (a)i mír 4, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    "Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí inniúil as sonraí arna bpróiseáil ag an Oifig agus ag rúnaíocht an Choiste Maoirseachta."

    (b)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    "I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, staonfaidh foireann na hOifige agus foireann rúnaíocht an Choiste Maoirseachta ó aon fhaisnéis a gheobhaidh siad agus a gcuid feidhmeanna á gcomhlíonadh acu a nochtadh gan údarú, ach amháin i gcás gur poiblíodh an fhaisnéis sin cheana nó go bhfuil teacht ag an bpobal uirthi, agus leanfaidh siad de bheith faoi cheangal na hoibleagáide sin tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil."

    (2)In Airteagal 15(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

    "Is é an Coimisiún a sholáthróidh a rúnaíocht, go neamhspleách ar an Oifig agus i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta. Staonadh an Coimisiún ó bheith ag cur isteach ar fheidhmeanna an Choiste Maoirseachta."

    (3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

    "Airteagal 18

    Maoiniú

    Iontrálfar iomlán na leithreasuithe don Oifig faoi líne shonrach buiséid laistigh den roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gCoimisiún, agus leagfar amach go mionsonraithe iad in Iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an roinn sin. Iontrálfar na leithreasuithe don Choiste Maoirseachta agus dá rúnaíocht faoin roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gCoimisiún.

    Cuirfear plean bunaíochta na hOifige i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin. Beidh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta san áireamh i bplean bunaíochta an Choimisiúin."

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm [an chéad lá den mhí tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.
    (2) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, IO L 248, 18.9.2013, lch. 1.
    (3) http://ec.europa.eu/anti_fraud/documents/reports-sup_comm/2013/scar_2013_supcom_en.pdf ; http://ec.europa.eu/anti_fraud/documents/reports-sup_comm/2015/scar_2014_supcom_en.pdf.
    (4) Cinneadh Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 maidir le hurscaoileadh i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2013, Roinn III – An Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin (2014/2075(DEC)), http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&language=EN&reference=P8-TA-2015-0118.
    (5) Rún an 10 Meitheamh 2015 maidir le tuarascáil bhliantúil 2014 Choiste Maoirseachta OLAF, http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P8-TA-2015-0226+0+DOC+XML+V0//EN.
    (6) Cinneadh C(2015)2418 ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), IO L 333/148 an 19 Nollaig 2015, lch. 148).
    Top