EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016AG0011(02)

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 11/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh

IO C 253, 12.7.2016, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.7.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 11/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh

I.   RÉAMHRÁ

1.

Ar an 8 Lúnasa 2013 chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar togra é le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh.

2.

Glacadh seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh sa seisiún iomlánach a bhí aici ar an 12 Márta 2014, lenar glacadh 9 leasú .

3.

Chuaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i mbun caibidlíochta d’fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh i mí na Samhna 2014. I bhfianaise na saincheiste oscailte a bhain le comhairliúchán shaineolaithe na mBallstát leis an gCoimisiún sula nglacfaí gníomhartha tarmligthe, cuireadh caibidlíocht ar feitheamh go dtí go mbeadh toradh ar an gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr.

4.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aici ar an 9 Márta 2016 ghlac an Pharlaimint an comhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr, a chomhaontaigh na trí institiúid ar an 15 Nollaig 2015, agus ghlac an Chomhairle é ar an 15 Márta 2016. Dá réir sin rinneadh athdhréachtú ar an téacs comhréitigh deiridh mar a leagtar amach in 7105/16 é.

5.

Ar an 21 Aibreán 2016, chuir Cathaoirleach an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta de chuid Pharlaimint na hEorpa litir chuig Uachtarán Choiste na mBuanionadaithe ina luaitear gurb amhlaidh, má ghlacann an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i gcomhréir leis an gcomhréiteach thuasluaite, go molfadh sé don seisiún iomlánach go nglacfaí le seasamh na Comhairle gan aon leasú, faoi réir fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, ar an dara léamh sa Pharlaimint.

6.

Ar an 11 Bealtaine 2016, dhearbhaigh an Chomhairle a comhaontú polaitiúil maidir le téacs comhréitigh an Rialacháin.

II.   CUSPÓIR

7.

Is é cuspóir an dréachtrialacháin Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad a ailíniú le CFAE i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a dheonú don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

8.

I ndiaidh an vóta sa chruinniú iomlánach, chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus é d’aidhm leis an méid sin teacht ar chomhaontú go luath ar an dara léamh ar bhonn an tseasaimh ón gComhairle ar an gcead léamh a d’fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas mar sin. Léirítear go hiomlán le téacs sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air idir na comhreachtóirí.

9.

Ba í an phríomh-shaincheist idir an dá institiúid an iarraidh ón gComhairle go ndéanfaí an comhairliúchán le saineolaithe náisiúnta sula nglacfaí na gníomhartha tarmligthe. Cinneadh ansin go gcuirfí an chaibidlíocht ar feitheamh go dtí go mbeadh toradh ar an gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr.

10.

Tar éis an comhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr a ghlacadh, rinneadh athdhréachtú ar an rialachán dá réir sin.

IV.   CONCLÚID

11.

Le seasamh na Comhairle léirítear go hiomlán an comhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, le comhaontú ón gCoimisiún, agus tá sé i gcomhréir go hiomlán leis an gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr. Dearbhaítear an comhréiteach leis an litir a chuir Cathaoirleach an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe ar an 27 Aibreán 2016.


Top