This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014SC0281
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on requirements relating to emission limits and type-approval for internal combustion engines for non-road mobile machinery
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair
/* SWD/2014/0281 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair /* SWD/2014/0281 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó
PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais a bhaineann le
teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin
inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair Séanadh: Níl an achoimre feidhmiúcháin seo de cheangal ach ar sheirbhísí an
Choimisiúin atá bainteach lena hullmhú agus ní réamhbhreith ar fhoirm dheiridh
aon chinnidh a ghlacfaidh an Coimisiún í. 1. An Fhadhb a shainiú Truailliú aeir Tá innill dócháin inmheánaigh atá suiteáilte
in innealra soghluaiste neamhbhóthair ina bhfoinse shuntasach truaillithe agus
is é sin an phríomhfhadhb a bhfuiltear ag iarraidh aghaidh a thabhairt air leis
an Treoir féin agus leis an athbhreithniú atá á dhéanamh uirthi faoi láthair. I
láthair na huaire, tá deacrachtaí ag go leor de Bhallstáit AE a gcuid
cuspóirí maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach agus, sa chomhthéacs
sin, is saincheist thábhachtach é laghdú breise a dhéanamh ar astaíochtaí ó
innill dócháin. D’ainneoin na dteorainneacha a socraíodh leis an Treoir maidir
le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi
ina dhiaidh sin, is foinse mhór truaillithe aeir í earnáil an innealra
shoghluaiste neamhbhóthair anois, i gcomparáid le foinsí truaillithe eile,
go háirithe maidir le hocsaídí nítrigine (NOx) agus ábhar cáithníneach. Tá
earnáil an innealra shoghluaiste neamhbhóthair freagrach as tuairim is
15 % d’astaíochtaí NOx san iomlán agus 5 % d’astaíochtaí ábhair
cháithnínigh san iomlán san Aontas. Cé go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh
laghdú ar sciar an ábhair cháithnínigh, táthar ag súil go mbeidh méadú ar an
sciar NOx agus gur sciar suas le 20 % a bheidh ann in 2020. Na ceanglais is déine maidir le hastaíochtaí,
ceanglais Chéim IV, dá bhforáiltear sa reachtaíocht atá ann faoi láthair,
tiocfaidh siad i bhfeidhm in 2014. Is cosúil gur gá anois a áirithiú go
bhfuil earnáil an innealra shoghluaiste neamhbhóthair ag dul sa treo ina
laghdófar astaíochtaí go fadtéarmach, treo atá i gcomhréir le beartas
iomlán AE maidir le cáilíocht an aeir agus leis na ceanglais rialála sna
hearnálacha gaolmhara. Ós rud é go bhfuil na monaróirí innill agus
innealra atá lonnaithe san Aontas dírithe go mór ar an onnmhairiú, tá sé thar a
bheith tábhachtach freisin, más iomchuí, go ndéanfar ceanglais astaíochtaí a
fhorbairt agus aird ar na ceanglais chomhfhreagracha sna príomh‑mhargaí
tríú tíortha, na Stáit Aontaithe mar shampla. Lena chois sin, dá dtabharfaí treoir níos
fadtéarmaí i leith ceanglas astaíochtaí, ná mar a thugtar faoi láthair, bheadh níos
mó cinnteachta maidir le pleanáil ann don tionscal agus bheadh an earnáil
in ann na hinfheistíochtaí is gá i gcúrsaí taighde agus forbartha a leagan
amach. Easnaimh rialála D’ainneoin iarrachtaí a rinneadh roimhe seo, tá
easnaimh ar leith sa reachtaíocht atá ann faoi láthair. Níl gach catagóir
innealra shoghluaiste neamhbhóthair cumhdaithe inti. Mar thoradh ar an
easnamh rialála i dtaobh na n‑inneall sin, cailltear na buntáistí
tábhachtacha a bheadh ann don chomhshaol. Lena chois sin, tá baol ann go ndéanfar an
margadh a shaobhadh i gcás innealra áirithe nuair a bheadh cinneadh le
déanamh ag an monaróir inneall a shuiteáil atá cumhdaithe faoin Treoir nó
inneall a shuiteáil nach bhfuil aon rialáil ann ina thaobh faoi láthair. Go
sonrach, d’fhéadfadh an chaoi a bhfuil an rialáil faoi láthair monaróirí a
spreagadh innill spréachadhainte a úsáid in ionad inneall adhainte comhbhrú, ag
brath ar na cúinsí agus breosla a bheith ar fáil. Deimhníodh an méid sin san
aiseolas a fuarthas ó na páirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin
phoiblí oscailte. Tugadh céimeanna nua astaíochtaí isteach go
deireanach nuair a leasaíodh an Treoir sa bhliain 2004. Is é is brí leis sin
nach fada go mbeidh catagóirí áirithe innill as dáta i gcomórtas leis an
teicneolaíocht úrscothach agus leis na forbairtí is déanaí san earnáil
bhóithre. De bhreis air sin, tá fianaise dhochloíte curtha
ar fáil ó shin faoi na héifeachtaí díobhálacha sláinte a bhaineann le
hastaíochtaí sceite díosail agus go háirithe faoin ábhar cáithníneach (i.e.
súiche díosail). Is é ceann de phríomhthorthaí an staidéir gur gné thábhachtach
í méid na gcáithníní maidir leis na héifeachtaí díobhálacha sláinte
breathnaithe. Ní féidir aghaidh a thabhairt air sin ach trí theorainnluachanna
atá bunaithe ar áireamh líon na gcáithníní (i.e. teorainn LC). Fuair na
saineolaithe amach nach leor na leibhéil is déine a shonraítear i gCéim IV
chun cosaint iomchuí a thabhairt ar thruailleáin den chineál sin. Dá bhrí sin,
i gcomhréir leis na forbairtí san earnáil bhóithre, ní mór a mheas an gá céim
nua astaíochta (Céim V) a thabhairt isteach a dhíreodh ar theorainneacha le
líon na gcáithníní le cois teorainneacha le mais na gcáithníní maidir leis na
catagóirí innill is ábhartha. Anuas air sin, tá neamhréir idir catagóirí
innill áirithe maidir le déine na dteorainneacha astaíochtaí is infheidhme
i láthair na huaire. Go háirithe, dealraíonn sé nach leor na teorainneacha
astaíochtaí d’innill atá suiteáilte i soithí uiscebhealaí intíre agus gur gá
athmheasúnú a dhéanamh orthu. Is fíor sin freisin i gcás astaíochtaí sceite ó
innill faoi luas seasmhach, ar sciar mór d’innill neamhbhóthair iad: níl na
teorainneacha astaíochtaí do na hinnill sin chomh dian leis na teorainneacha
d’innill faoi luas inathraithe, rud a d’fhéadfadh monaróirí a spreagadh innill
faoi luas seasmhach lena mbaineann caighdeáin níos ísle i dtaobh an chomhshaoil
a úsáid in ionad inneall faoi luas inathraithe. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh
ar an scéal sin mar níl aon bhonn cirt teicniúil ann le teorainnluachanna níos
scaoilte a shannadh d’innill faoi luas seasmhach. I láthair na huaire, tá tástáil á déanamh ar na
teorainneacha astaíochtaí d’innealra soghluaiste neamhbhóthair faoi dhálaí
saotharlainne nuair is inneall cineálcheadaithe an t‑inneall. Cé nach
gceanglaítear leis an Treoir go gcaithfidh an córas rialaithe astaíochtaí
feidhmiú i gceart faoi chúinsí fíorshaoil, níl aon fhoráil inti, go deimhin,
maidir lena sheiceáil go bhfuil córas rialaithe astaíochtaí a ndéantar
cothabháil cheart air ag feidhmiú i gceart agus é i mbun seirbhíse. D’fhéadfadh
sé a bheith áisiúil bearta a dhéanamh agus a sheiceáil an gcomhlíonann astaíochtaí
innill inseirbhíse na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir le linn shaol
úsáideach an innill atá leagtha síos, rud atá ar bun cheana féin i gcás
feithiclí bóthair tromshaothair. 2. Anailís na coimhdeachta Is é bunús dlí Threoir 97/68/CE maidir le
hInnealra Soghluaiste Neamhbhóthair Airteagal 114 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go mbaineann sé sin le leasuithe ar
reachtaíocht AE atá ann cheana, ní féidir ach le hAE féin aghaidh a thabhairt
ar na saincheisteanna sin ar bhealach éifeachtach. Urramaítear prionsabal na
coimhdeachta ós rud é nach féidir na cuspóirí beartais a bhaint amach go
leordhóthanach le bearta na mBallstát. Is gá bearta ón
Aontas Eorpach ionas nach dtiocfaidh baic chun cinn sa mhargadh aonair, go
háirithe i réimse na n‑inneall atá suiteáilte in innealra soghluaiste
neamhbhóthair, agus mar gheall ar chineál trasnáisiúnta an truaillithe aeir. Cé
go mbíonn an tionchar is déine ag na mórthruailleáin aeir in aice lena
bhfoinse, ní ar an leibhéal áitiúil amháin a imrítear tionchar ar cháilíocht an
aeir; is fadhb thromchúiseach chomhshaoil é an truailliú trasteorann agus is
féidir leis sin an toradh a bhaint de na réitigh náisiúnta. Is gá gníomhaíocht
chomhaontaithe ar leibhéal an Aontais le fadhb an truaillithe aeir a réiteach. Dá socrófaí teorainneacha astaíochtaí agus nósanna
imeachta cineálcheadaithe ar an leibhéal náisiúnta, d'fhéadfadh 28 réimeas
éagsúil a bheith ann, rud a chuirfeadh bac tromchúiseach ar thrádáil laistigh
den Aontas. Fairis sin, d'fhéadfadh sé ualach suntasach riaracháin agus
airgeadais a chur ar mhonaróirí atá gníomhach i níos mó ná aon mhargadh amháin.
Dá bhrí sin, ní féidir cuspóirí an togra atá á mheas a bhaint amach gan
gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Ar deireadh, glactar leis gurb é cur chuige
comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais an tslí is éifeachtaí ó thaobh costais de
do mhonaróirí agus d'úsáideoirí deiridh le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint
amach. 3. Cuspóirí Is é an príomhchuspóir atá leis an Treoir maidir
le hInnealra Soghluaiste Neamhbhóthair laghdú a dhéanamh ar astú astaíochtaí
gáis agus cáithníneacha (NOx, HC, ábhar cáithníneach, CO) as innill atá
suiteáilte in innealra soghluaiste neamhbhóthair. Is é sin an cuspóir lárnach
atá leis an bpróiseas athbhreithnithe freisin. Faoi láthair, níl astaíochtaí gás ceaptha teasa
san áireamh i raon feidhme na Treorach maidir le hInnealra Soghluaiste
Neamhbhóthair. Tá sin amhlaidh go mór mór toisc go bhfuil an Treoir dírithe ar
fheidhmíocht astaíochta inneall seachas ar an innealra ina bhfuil na hinnill
suiteáilte. Ós rud go n‑imríonn an t‑innealra (e.g. meáchan,
ceapadh,...) agus oibriú iarbhír an innealra tionchar mór ar fheidhmíocht na n‑astaíochtaí
gás ceaptha teasa, áfach, is gá an cur chuige is oiriúnaí ó thaobh
reachtaíochta de chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a
aimsiú fós. Dá bhrí sin, chun críocha an phróisis athbhreithnithe reatha, ní
áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin raon feidhme. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha atá
beartaithe: An tsláinte agus an comhshaol: ·
Sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint trí
astaíochtaí truailleán aeir tocsaineach (NOx, HC, ábhar cáithníneach, CO) as
innill atá suiteáilte in innealra soghluaiste neamhbhóthair a laghdú tuilleadh
i gcomhréir le beartas AE maidir le cáilíocht an aeir. ·
A áirithiú go léiríonn na teorainneacha le
hastaíochtaí ó innealra soghluaiste neamhbhóthair agus na ceanglais
chineálcheadaithe an dul chun cinn teicniúil agus go dtugann siad aghaidh ar na
heasnaimh rialála a sainaithníodh. Iomaíochas: ·
Feidhmiú maith an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú,
go háirithe trí chonstaicí sa trádáil inmheánach agus sa trádáil sheachtrach a
laghdú. ·
Ionchas iontaofa fadtéarmach ó thaobh cúrsaí
rialála de a chur ar fáil do na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann. ·
Cosc a chur ar ilroinnt rialála tríd an mbrú a
bhíonn ar na Ballstáit agus ar údaráis phoiblí eile srianta a fhorchur ar úsáid
innealra shoghluaiste neamhbhóthair a laghdú. ·
An dul chun cinn teicniúil a chur chun cinn trí
threoir fhadtéarmach i leith teorainneacha astaíochtaí a chur ar fáil. ·
Tuilleadh ailíniú a dhéanamh le rialacháin atá
bunaithe lasmuigh de mhargadh AE, na Stáit Aontaithe go háirithe. Comhlíonadh ·
Tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí atá ar bun
acu na ceanglais i mbeartas AE maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh trí
thimpeallacht rialála thacúil a chur ar fáil dóibh. ·
Tacú leis na Ballstáit, le réigiúin agus le
cathracha aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá acu na ceanglais a
chomhlíonadh sna láithreacha achrainn uirbeacha mar a thugtar orthu, is iad sin
na háiteanna lena mbaineann an deacracht is mó aghaidh a thabhairt ar na
fadhbanna maidir le cáilíocht an aeir. 4. Roghanna Beartais Rinneadh na roghanna seo a leanas a mheas agus
rinneadh staidéar níos mionsonraithe orthu ar bhonn anailíse costais/sochair: Rogha 1: Gan aon athrú a dhéanamh – an
reachtaíocht atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm (Cás tagartha) Bheadh feidhm fós ag an Treoir maidir le hInnealra
Soghluaiste Neamhbhóthair san fhoirm ina bhfuil sí faoi láthair agus ní bheadh
aon chéim astaíochta nua ann tar éis Chéim IV, a bheidh i bhfeidhm ó 2014
ar aghaidh. Ní dhéanfaí aon rialáil ar chineálacha innill atá lasmuigh den raon
feidhme atá ann faoi láthair, mar atá amhlaidh go dtí seo, ach amháin dá gcinnfeadh
na Ballstáit bearta a dhéanamh ar a gconlán féin. Rogha 2: Ailíniú le caighdeáin na Stát
Aontaithe maidir le raon feidhme agus teorainnluachanna Leis an athbhreithniú dhéanfaí iarracht ailíniú a
dhéanamh le caighdeáin na Stát Aontaithe‑EPA. Ós rud é go bhfuil
caighdeáin SA‑EPA na linne seo níos déine ar an iomlán ná caighdeáin AE
faoi láthair, bheadh mar thoradh ar an gcur chuige sin go leathnófaí raon
feidhme na n‑inneall atá á rialú cheana agus go dtabharfaí isteach
teorainnluachanna astaíochtaí níos déine san am céanna. Maidir leis na
catagóirí innill nach bhfuiltear in ann comhfhreagairt fhónta idir
teorainneacha AE agus teorainneacha na Stát Aontaithe a bhunú ina leith nó i
gcásanna a bhfuil caighdeáin níos scaoilte i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe ná
mar atá in AE, go háirithe maidir le carranna iarnróid nach gcuimsíonn catagóir
ar leith sna Stáit Aontaithe, níor cheart iarracht a dhéanamh aon ailíniú a
dhéanamh. Ina ionad sin, dhéanfaí iarracht iomchuí comhsheasmhacht gach
catagóire innill a áirithiú. Lena chois sin, tá sé tábhachtach go ndíreodh an
rogha seo ar theorainneacha le mais na gcáithníní seachas ar
theorainneacha le líon na gcáithníní. Rogha 3: Dul i dtreo leibhéil
uaillmhianacha na hearnála bóithre, maidir leis na foinsí astaíochtaí is
ábhartha. D’úsáidfí an caighdeán Euro VI
d’fheithiclí tromshaothair (i.e. trucailí agus busanna) mar phríomhphointe
tagartha. Ar an gcaoi sin, go háirithe, chuirfí teorainneacha le líon na
gcáithníní, teorainneacha nach bhfuil le fáil faoi láthair sa reachtaíocht
maidir le hInnealra Soghluaiste Neamhbhóthair. Chuirfí na difríochtaí teicniúla
agus rialála idir feithiclí tromshaothair agus innealra soghluaiste
neamhbhóthair san áireamh, áfach, agus na teorainnluachanna á sainiú. Maidir le
sainiú na dteorainnluachanna, is rogha níos uaillmhianaí é sin ná
Rogha 2 agus bheifí ag iarraidh laghdú comparáideach comhleanúnach a
bhaint amach sna catagóirí innill is ábhartha. Ar an gcaoi sin bheadh difreáil
theoranta ann idir na haicmí cumhachta éagsúla de réir thorthaí na n‑anailísí
costais/sochair. Maidir le hinnill d’earnáil an iompair soithí
uiscebhealaí intíre, rinneadh staidéar ar dhá rogha: Rogha 3A atá bunaithe
ar an ailíniú a dhéanfar le caighdeáin na Stát Aontaithe amach anseo maidir le
NOx agus HC agus lena dtabharfaí teorainneacha astaíochtaí le líon na
gcáithníní isteach; Rogha 3B ina bhfuil spriocanna an‑uaillmhianach
leagtha síos maidir le NOx agus HC de bhreis ar an méid sin. Ar an gcaoi
chéanna, tá staidéar á dhéanamh ar dhá rogha maidir le hiompar iarnróid,
i.e. teorainneacha astaíochtaí le líon na gcáithníní amháin a thabhairt isteach
(Rogha 3A) nó teorainneacha astaíochtaí le líon na gcáithníní mar aon le
teorainneacha NOx/HC níos déine (Rogha 3B). Rogha 4: Leibhéal breise uaillmhéine trí
fhorálacha faireacháin breisithe Faoin rogha seo d’fhéachfadh an t‑athbhreithniú
leis an dá theorainn astaíochtaí atá níos déine a thiocfadh as Rogha 2
agus/nó Rogha 3 a chomhcheangal le forálacha feabhsaithe maidir le
faireachán. Bheadh na forálacha sin dírithe go mór mór ar
fhaireachán a dhéanamh ar chomhréireacht inseirbhíse na n‑inneall in
innealra soghluaiste neamhbhóthair. Is é is brí le comhréireacht inseirbhíse go
gcomhlíonann an t‑inneall na ceanglais maidir le cineálcheadú le linn
‘tréimhse ghnáthshaoil’ an táirge. Ar an ábhar sin ceapadh reachtaíocht san
earnáil tromshaothair atá dírithe ar fhaireachán a dhéanamh, trí shampláil
theoranta, ar fheidhmíocht astaíochtaí inneall nuair a bhíonn siad suiteáilte i
bhfeithiclí agus i mbun seirbhíse. Thabharfaí nósanna imeachta den sórt céanna
isteach don earnáil neamhbhóthair. D’fhéadfaí an méid sin a úsáid mar chéad
chéim i dtreo astaíochtaí fíorshaoil (astaíochtaí lasmuigh den timthriall) a
rialú. Lena chois sin, d’fhonn tuiscint níos fearr a
fháil ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar ídiú breosla inneall in
innealra soghluaiste neamhbhóthair, d’fhéadfaí faisnéis faoi na hastaíochtaí
sin a úsáid chun innill a lipéadú ar bhealach níos fearr, rud a thabharfaidh
eolas níos fearr do cheannaitheoirí agus úsáideoirí. I gcás ina meastar gur gá
a leithéid a dhéanamh tráth níos déanaí, d’fhéadfaí leas a bhaint as torthaí an
fhaireacháin agus an tuairiscithe ar astaíochtaí sonracha gás ceaptha teasa ó
innill chun tuilleadh beart a dhéanamh amach anseo. 5. Measúnú Tionchair Ós rud é go bhfuil éagsúlacht shuntasach ag baint
leis na hinnill agus na feidhmeanna in earnáil an innealra shoghluaiste
neamhbhóthair, is é an rogha is fearr comhcheangal de na gnéithe ó na
ceithre rogha beartais a ndearnadh staidéar orthu. Is é a leanfaidh as na
roghanna is fearr a sainaithníodh laghdú suntasach ar astaíochtaí truailleán a
imríonn éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine. Tá béim ar leith ar
astaíochtaí cáithníní díosail a laghdú. Lena chois sin, déanfar laghduithe
suntasacha ar astaíochtaí NOx agus HC. Meastar go mbeidh sochar idir EUR 26 100
agus EUR 33 300 milliún go dtí an bhliain 2040 i gceist leis na
roghanna is fearr. Beidh na costais a bhaineann leis an rogha is
fearr ar na monaróirí innill agus innealra den chuid is mó (costais forbartha,
athcheaptha agus táirgthe), ach beidh siad ar úsáideoirí deiridh an innealra
freisin (costais oibríochta maidir le hídiú breosla breise, costais
chothabhála). Meastar go mbeidh costas idir EUR 5 200
agus EUR 5 800 milliún go dtí an bhliain 2040 ar na roghanna is
fearr i dteannta a chéile. Cé go léiríonn na hanailísí costais/sochair an
glansochar foriomlán, ní mór a chur in iúl gur gá infheistíocht shuntasach a
dhéanamh i dtaobh roinnt catagóirí innill agus/nó i dtaobh earnálacha áirithe a
gcaithfear measúnú cúramach a dhéanamh orthu i bhfianaise chumas airgeadaíochta
na bpríomhghníomhaithe lena mbaineann. Aithnítear go mbaineann na costais
infheistíochta is suntasaí leis na catagóirí a bhaineann leas as caighdeáin
astaíochtaí níos ísle cheana féin, i.e. innill díosail bheaga (19‑37 kW)
agus innill a úsáidtear in earnáil an iompair uiscebhealaí intíre. 6. Comparáid Idir na Roghanna Má ghlactar leis go mbaineann an tábhacht chéanna
le gach critéar le haghaidh comparáide, is é Rogha 2 (ailíniú le
caighdeáin na Stát Aontaithe) an rogha is fearr do gach inneall
spréachadhainte agus do na hinnill adhainte comhbhrú is lú agus is mó. Bheadh
Rogha 3 (ailíniú níos cóngaraí le leibhéal uaillmhéine na hearnála
bóithre) i gceist d’innill adhainte comhbhrú i lár an speictrim cumhachta, ina
bhfuil formhór na n‑inneall adhainte comhbhrú. Bheadh Rogha 3
oiriúnach do charranna iarnróid freisin. Ag díriú ar fho‑rogha 3A a
bheadh na pointí anailíse sa chás sin. Ní bheidh toradh sásúil ar Rogha 1
(gan aon athrú beartais) ach amháin maidir le hinnill fhéinghluaiste díosail,
cuid de mhargadh an innealra shoghluaiste neamhbhóthair a bheidh imithe, nó
geall leis, faoi 2050. Maidir le soithí uiscebhealaí intíre, taispeánann
an anailís go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag gabháil le Rogha 2
agus le Rogha 3A agus Rogha 3B. Fágann sé sin nach éasca rogha a
dhéanamh. Má chuirtear san áireamh, áfach, nach dtugann Rogha 2 aghaidh ar
shaincheist atá fíorthábhachtach d’AE (i.e. tionchar díobhálach ar an tsláinte
de dheasca mhéid na gcáithníní), ní choinnítear ach Rogha 3A agus
Rogha 3B mar na roghanna is fearr ag an bpointe seo. Mar fhocal scoir, cuireann an anailís in iúl gur
cheart na bearta feabhsúcháin a ghabhann le Rogha 4 a chur i bhfeidhm tríd
síos. De bharr go bhfuil éagsúlacht shuntasach ag baint
leis na hinnill agus na feidhmeanna in earnáil an innealra shoghluaiste
neamhbhóthair, bhíothas ag súil cheana féin go mbeadh comhcheangal de na
gnéithe as na ceithre rogha beartais ar an rogha ab fhearr. Sin é an toradh
freisin mar tá difríochtaí móra idir na catagóirí innill in innealra
soghluaiste neamhbhóthair i ndáil leis an tábhacht a bheidh leo amach anseo mar
fhoinse astaíochtaí, an fhéidearthacht theicniúil tuilleadh laghduithe
astaíochtaí a dhéanamh agus an leibhéal nó an déine rialála atá i bhfeidhm
maidir leo cheana féin. Leis an gcomhcheangal is fearr d’áiritheofaí go
léireofaí na dálaí sin go hiomchuí sa reachtaíocht maidir le hastaíochtaí
inneall in innealra soghluaiste neamhbhóthair amach anseo agus, san am céanna,
chuirfí le héifeachtacht agus le comhtháiteacht an chreata rialála. 7. Faireachán agus
Meastóireacht Tá roinnt uirlisí ar fáil don Choimisiún Eorpach
chun faireachán a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cuspóirí an
tionscnaimh faoi thrácht á mbaint amach go héifeachtach. Is é an ceann is
tábhachtaí faireachas margaidh a bheith á dhéanamh ag údaráis na mBallstát lena
mbaineann. Aimseofar neamhchomhlíonadh freisin, mar thoradh ar ghearáin a
sheolfar chuig an gCoimisiún. Beidh na sonraí astaíochtaí a thiocfaidh as an
nós imeachta cineálcheadaithe innill úsáideach freisin, chun críocha
faireacháin agus meastóireachta. Go háirithe, má bhunaítear an bunachar sonraí
a dtugtar tuairisc air i mír 6.4.3. Rinneadh athbhreithniú teicniúil ar an reachtaíocht
maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair in 2008. Mar thoradh air sin,
cuireadh tús le forbairt an tionscnaimh reatha seo. D’fhéadfaí athbhreithniú
den sórt sin a dhéanamh arís roinnt blianta tar éis theacht i bhfeidhm na
reachtaíochta leasaithe maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair, a
luaithe a bheidh dóthain fianaise ar fáil faoi éifeachtaí an tionscnaimh
reatha. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh 5 bliana tar éis theacht i
bhfeidhm na gceanglas nua astaíochtaí.