EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0374

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú (códú)

/* COM/2014/0374 final - 2014/0190 (COD) */

52014PC0374

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú (códú) /* COM/2014/0374 final - 2014/0190 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.

Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.           Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987[1], treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.           Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992)[2], agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar data an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4.           Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile[3], a fheidhmiú. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh.

5.           Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, i 22 teanga oifigiúil, ar Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 agus ar an ionstraim lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

2014/0190 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú (códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe Airteagal Ö 207(2) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

ê

(1)       Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 140/2008[6] a leasú go substaintiúil[7]. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

ê 140/2008 aithris 1 (oiriúnaithe)

(2)       An 15 Deireadh Fómhair 2007, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile ('an CCC') Ö agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010 Õ.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

(3)       Is gá na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid an CCC a leagan síos.

(4)       Ö Ordaítear Õ sa CCC go bhféadfar táirgí iascaigh de thionscnamh Mhontainéagró a allmhairiú isteach san Ö Aontas Õ ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na dtaraif‑chuótaí. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialáiltear bainistiú na dtaraif‑chuótaí Ö sin Õ.

(5)       I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[8], Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle[9], Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle[10] nó, Rialachán (AE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle[11] de réir mar a bheidh.

(6)       I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Ö Aontais Õ, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle[12].

(7)       Chun na forálacha iomchuí den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013[13] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15 (oiriúnaithe)

(8)       Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an Ö CCC Õ a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14].

(9)       Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 41(5)(b) agus Airteagal 42(4) den Ö CCC Õ, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile ('an CCC').

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15(1) (oiriúnaithe)

Airteagal 2

Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 29 den CCC, maidir leis na taraif‑chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1. Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2. Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)          1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)          EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i Ö gcás Õ dleachtanna sonracha.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15(2) (oiriúnaithe)

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as Comhaontuithe, Prótacail, Malartuithe Litreacha nó Gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Montainéagró, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 41 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 41 den CCC.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 42 den CCC, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcásanna ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 41(5)(b) agus Airteagal 42(4) den CCC, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 41 agus Airteagal 42 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15(3) (oiriúnaithe)

Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo. I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 9(4) Ö den Rialachán seo Õ.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1. D'ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Ö Aontas Õ beart cosanta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 41 den CCC maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)          laistigh de thrí lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 den CCC; nó

(b)          laistigh de thrí lá roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 41(5)(a) den CCC, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 den CCC.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta a cinneadh in iúl do na Ballstáit.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15(4) (oiriúnaithe)

2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 9(4).

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15(5) (oiriúnaithe)

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1. Chun críocha Airteagal 4, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2. Chun críocha Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8, déanfaidh an Coiste Ö um Choimircí Õ a bunaíodh le Ö hAirteagal 4(1) de Õ Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Ö Aontas Õ na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) den CCC a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus/nó i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 Ö faoi seach Õ.

Airteagal 11

Iomaíocht

1. I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 73 den CCC ag an Ö Aontas Õ, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leisan Ö CCC Õ.

Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 73(10) den CCC, glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus i gcásanna eile nach iad i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal Ö 207 Õ den Chonradh.

2. I gcás cleachtais lena bhféadfadh Montainéagró bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Ö Aontas Õ ar bhonn Airteagal 73 den CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa CCC. I gcás inar gá, déanfaidh an Ö Coimisiún Õ na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 46 den CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)          an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)          fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

Aon rud a fhoilseofar faoi Airteagal 46(5) den CCC, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 15(6) (oiriúnaithe)

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 46(4) den CCC, a chur ar fionraí go sealadach.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

Airteagal 13

Fógra a thabhairt

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Ö Aontais Õ, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar a cheanglaítear faoin CCC.

ê

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 140/2008.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

ê 140/2008 (oiriúnaithe)

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               COM(87) 868 miontuairiscí.

[2]               Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.

[3]               Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014.

[4]               Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo.

[5]               IO […], […], lch. […].

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhontainéagró a fheidhmiú (IO L 43, 19.2.2008, lch. 1).

[7]               Féach Iarscríbhinn I.

[8]               Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 291, 7.11.2009, lch. 1).

[10]             Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

[11]             Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

[12]             Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

[13]             Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch.1).

[14]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

é

IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle (IO L 43, 19.2.2008, lch. 1) || ||

|| Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1) || Iarscríbhinn, pointe 15 amháin

_____________

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 || An Rialachán seo

Airteagal 1 go hAirteagal 8 || Airteagal 1 go hAirteagal 8

Airteagal 8a || Airteagal 9

Airteagal 9 || Airteagal 10

Airteagal 10 || Airteagal 11

Airteagal 11 || Airteagal 12

Airteagal 13 || Airteagal 13

- || Airteagal 14

Airteagal 14 || Airteagal 15

- || Iarscríbhinn I

- || Iarscríbhinn II

_____________

Top