EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0001

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasófar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

/* COM/2014/01 final - 2014/0005 (COD) */

52014PC0001

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasófar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach /* COM/2014/01 final - 2014/0005 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Meitheamh 2005, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Tháinig an Rialachán i bhfeidhm an 30 Iúil 2006.

Tá feidhm ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ceangailteach ó thaobh dlí ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm Nollaig 2009, maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, mar aon leis na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu.

Leasaigh an Coimisiún Eorpach Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1352/2011 a tháinig i bhfeidhm an 21 Nollaig 2011, go príomha d'fhonn rialuithe ar onnmhairiú a leagan síos i ndáil le táirgí míochaine áirithe chun úsáid táirgí den sórt sin le haghaidh phionós an bháis a chosc (cur chun báis le hinstealladh marfach). Ag gabháil leis an leasú seo bhí treoir do chur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, mar atá leagtha amach i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, SEC(2011)1624 an 20 Nollaig 2011.

Thug an Coimisiún faoi phróiseas freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ina iomláine, mar fhreagairt go háirithe ar Rún an 17 Meitheamh 2010 ó Pharlaimint na hEorpa[1]. Earrach 2012, d'eisigh an Coimisiún glao ar iarratais d'fhonn Grúpa Saineolaithe a chur ar bun chun cabhrú leis an athbhreithniú seo a dhéanamh. Le linn na tréimhse ó mhí Iúil 2012 go dtí mí Iúil 2013, bhí cruinniú ag an nGrúpa Saineolaithe le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin sé huaire sa Bhruiséil.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tar éis fhoilsiú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2011 ón gCoimisiún, léirigh roinnt monaróirí táirgí míochaine de chuid an AE go raibh siad i gcoinne úsáid a bhaint as a gcuid táirgí le haghaidh phionós an bháis. Tá monaróirí Eorpacha aon táirge amháin míochaine ar táirge é nach bhfuil faoi réir na rialuithe ar onnmhairiú ach a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh instealltaí marfacha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tar éis a chur in iúl don Choimisiún Eorpach cad iad na bearta atá glactha acu lena áirithiú go gcuirfidh a ndáileoirí i dtríú tíortha cosc le húsáid soláthairtí den táirge seo le haghaidh phionós an bháis. Tá sé léirithe ag na monaróirí a onnmhairíonn agus ag na húdaráis inniúla go bhfuil an córas atá ann faoi láthair le haghaidh onnmhairiú táirgí míochaine a rialú, ar líon mór idirbheart onnmhairithe iad in aghaidh na bliana, níos liopasta ná mar is gá.

Ba mhaith an t‑inchur a tháinig ón nGrúpa Saineolaithe sa phróiseas athbhreithnithe, go háirithe maidir le cásdlí ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus maidir le hearraí a cuireadh ar an margadh mar earraí a bheadh oiriúnach d'fhorfheidhmiú an dlí ach a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Bhí na saineolaithe i bhfabhar beart breise a bheadh ina gcabhair agus cosc á chur le sáruithe ar chearta an duine, ach ghlac siad leis freisin nach mór srianta trádála a mheas ar bhonn eile seachas díreach mar thoirmeasc ar threalamh a úsáid chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Rialuithe ar onnmhairiú lena spriocdhírítear ar phionós an bháis

Ón 21 Nollaig 2011 ar aghaidh beidh roinn in Iarscríbhinn III dár teideal ‘Táirgí a d'fhéadfaí a úsáid chun daoine a chur chun báis le hinstealladh marfach’. Ba cheart na rialuithe gaolmhara ar onnmhairiú a chur i bhfeidhm chun cosc a chur le húsáid táirgí den sórt sin le haghaidh phionós an bháis i dtríú tíortha. Le téacs Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 mar atá, bunaítear córas rialaithe ar onnmhairithe a bhfuil sé mar aidhm aige cosc a chur le húsáid earraí a onnmhairíodh ón AE le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Ba cheart caibidil shonrach ina bpléifí na rialuithe ar onnmhairiú ba cheart a chur i bhfeidhm d'fhonn a áirithiú go gcuirfear cosc le húsáid earraí rialaithe le haghaidh phionós an bháis mar aon le liosta d'earraí atá rialaithe, dá dtagrófar as seo amach mar Iarscríbhinn IIIa, a chur isteach sa Rialachán ar mhaithe le soiléireacht i ndáil le cuspóir agus mionsonraíí na rialuithe sin.

De ghnáth bíonn céastóireacht agus saghsanna eile íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach neamhdhleathach agus ní minic a tharlaíonn siad ar fud tíre, go háirithe toisc go bhfuil toirmeasc iomlán curtha ag ionstraimí idirnáisiúnta ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Ina choinne sin, déantar foráil sa dlí do phionós an bháis i gcás tíortha nár cuireadh deireadh leis iontu. Is iomchuí mar sin aghaidh a thabhairt ar an gceist ar cheart aon tír a bheith saor ó na rialuithe sin a bhfuil sé mar aidhm acu cosc a chur le pionós an bháis.

Sa bhliain 1983, cuireadh Prótacal Uimh. 6, lena gcuirtear toirmeasc ar phionós an bháis, leis an Aontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (dá ngairtear 'an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine' anseo feasta). Leis an bPrótacal sin bhí Stáit in ann foráil reachtúil a dhéanamh maidir le pionós an bháis i leith gníomhartha a rinneadh le linn cogaidh nó tráth a raibh baol cogaidh ann atá ag bagairt. Sa bhliain 2003, cuireadh toirmeasc ar phionós an bháis i ngach aon chúinse le Prótacal Uimh. 13. Dhaingnigh na Ballstáit an AE agus roinnt eile Stát ar baill iad de Chomhairle na hEorpa na Prótacail sin . Dhaingnigh An Albáin, Andóra, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, an Moldóiv, Montainéagró, an Iorua, San Maríne, an tSeirbia, an Eilbhéis, an Tuirc, agus an Úcráin na Prótacail sin agus chuir siad deireadh le pionós an bháis i ngach aon chúinse. Níor dhaingnigh an Airméin ná an Asarbaiseáin ach Prótacal Uimh. 6 amháin.

Sa bhliain 1989, ghlac agus d'fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Dara Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur le pionós an bháis. Geallann na Stáit is páirtithe sa Phrótacal seo deireadh a chur le pionós an bháis, ach le hAirteagal 2 ceadaítear dóibh forchoimeádas a dhéanamh, tráth an daingnithe nó an aontachais, lena bhforálfar d'iarratas ar phionós an bháis de bhun ciontú i leith coire fíorthromchúisí de shaghas míleata a rinneadh le linn cogaidh. I dteannta na mBallstát san AE agus roinnt stát Eorpacha eile, tá na tíortha seo a leanas ina bPáirtithe gan fhorchoimeádas don Phrótacal, an Airgintín, an Astráil, Beinin, an Bholaiv, Ceanada, Rinn Verde, an Cholóim, Cósta Ríce, Djibouti, Eacuadór, Guine Bissau, Hondúras, an Chirgeastáin, an Libéir, Madagascar, Meicsiceo, an Mhongóil, Mósaimbíc, Neipeal, an Nua Shéalainn, Nicearuaga, Panama, Paragua, na hOileáin Fhilipíneacha, Ruanda, São Tomé agus Príncipe, Na Séiséil, an Afraic Theas, Tíomór Thoir, an Tuircméanastáin, Uragua, an Úisbéiceastáin agus Veiniséala. Tá an Asarbaiseáin, an Bhrasáil agus an tSile rannpháirteach freisin ach forchoimeádas Airteagal 2 déanta acu.

Agus na gealltanais dhaingne idirnáisiúnta seo tugtha faoi Phrótacal Uimh 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nó, gan forchoimeádas a bheith déanta de réir Airteagail 2, gealltanas a bheith tugtha faoin Dara Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, ní gá onnmhairithe go dtí na Stáit, ar páirtithe iad i gceann acu a bheith faoi réir údaraithe shonraigh chun cosc a chur le húsáid na n‑earraí ábhartha le haghaidh phionós an bháis agus féadfar iad a chumhdach le húdarú ginearálta onnmhairithe. Ba cheart údarú den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha iomchuí ionas go seachnófaí atreo na n‑earraí, gan réamh-mhionscrúdú ag na húdaráis inniúla, go tír nach bhfuil deireadh curtha inti le pionós an bháis. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheithag an údarú ginearálta ach amháin sa chás ina bhfuil úsáideoir deiridh na n‑earraí suite sa tír chinn scríbe agus nach ndéantar aon athonnmhairiú go haon tír eile. Mura gcomhlíonfar na coinníollacha sin, ba cheart údarú sonrach nó údarú domhanda a iarraidh ar na húdaráis inniúla.

3.2.        Bearta breise maidir le hearraí atá liostaithe

Maidir leis na rialuithe ar onnmhairiú a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair d'fhonn cosc a chur le húsáid earraí, ar earraí iad a onnmhairíodh ón AE, le haghaidh céastóireachta nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, moladh gur cheart cur leis na srianta trádála atá ann cheana trí bhíthin srianta ar sheirbhísí bróicéireachta, ar chúnamh teicniúil agus ar idirthurais. Ar an ábhar sin, tagann saincheisteanna mar iad chun cinn agus scrúdú á dhéanamh féachaint an gá srianta den sórt sin atá riachtanach agus comhréireach chun cosc a chur le húsáid earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa le aghaidh phíonós an bháis, ar thaobh amháin, nó maidir le cosc a chur le húsáid earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III le haghaidh céastóireachta nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an taobh eile. Dá bhrí sin is féidir aon mheasúnú amháin a dhéanamh, cé nárbh ionann an chríoch agus na díolúintí a bheadh ann, má cheaptar srianta breise a bheith riachtanach agus comhréireach.

3.2.1      Seirbhísí bróicéireachta maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II

Maidir le trealamh nó earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II, cumhdaítear leis na forálacha atá ann cheana (Airteagail 3 agus Airteagal 4) soláthar cúnaimh theicniúil, agus leis na sainmhínithe ar onnmhairiú agus ar allmhairiú áirithítear go dtagann teacht agus imeacht trealaimh nó earraí ar idirthuras faoi réir na dtoirmeasc. Níl aon toirmeasc ar sholáthar seirbhísí bróicéireachta maidir le trealamh nó earraí den sórt sin. D'fhéadfaí toirmeasc a chur ar bhróicéireacht trealaimh agus earraí nach bhfuil suite san AE de réir an tsainmhínithe ar sheirbhísí bróicéireachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, lena mbunaítear córas an AE maidir le rialú ar onnmhairithe, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras earraí dé-úsáide. Chuirfeadh sé gné fónta leis an srian atá ann faoi láthair nach gcumhdaíonn ach trealamh nó earraí atá suite san AE. Ós rud é go bhfuil toirmeasc ar an aon úsáid amháin is féidir a bhaint as trealamh nó earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II, is beart riachtanach comhréireach é an toirmeasc ar sholáthar seirbhísí bróicéireachta maidir leis an mhoráltacht phoiblí a chosaint.

3.2.2      Seirbhísí bróicéireachta maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa agus idirthurais na n‑earraí sin

Tá onnmhairithe trealaimh nó earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa faoi réir rialuithe. Tá úsáidí dlistineacha agus neamhdhlisteanacha ag trealamh agus ag earraí den sórt sin, tréith atá ag earraí dé-úsáíde freisin a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009. De réir an Rialacháin sin ní chuirtear soláthar seirbhísí bróicéireachta faoi réir rialuithe cuimsitheacha, ná ní rialaítear gach earra idirthurais ar shlí chuimsitheach. I gcás sonrach féadfaidh na húdaráis inniúla a chur in iúl don bhróicéir go bhfuil, nó go bhféadfadh sé bheith beartaithe, na hearraí i gceist, a úsáid ina n‑iomláine nó i bpáirt, chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha, nó feistí pléascáin núicléacha eile, a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil, nó a stóráil, ar diúracáin iad ar féidir airm den chineál sin a sheachadadh leo. Ar na forais chéanna féadfaidh siad idirthuras earraí sonracha a thoirmeasc.

Cé go bhfuil na toirmisc ar chéastóireacht nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus ar phíonós an bháis bunaithe sa dlí idirnáisiúnta, níl na srianta comhfhreagracha ar thrádáil á rialú le haon norm idirnáisiúnta. Is mar sin a dhéantar idirdhealú idir Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, a thugann éifeacht do roinnt córas idirnáisiúnta rialaithe ar onnmhairiú. Ó bhaineann Rialachán 2009 le slándáil idirnáisiúnta, tá tiomsú faisnéise ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha forbartha go maith maidir le hairm cheimiceacha, bhitheolaíocha agus núicléacha, agus a gcóras seachadta. Maidir le trealamh nó earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, céastóireachta nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, ní móide go ndéantar a leithéid de thiomsú faisnéise agus is dócha nach bhfuil an fhaisnéis sin ag na húdaráis inniúla a bheadh uathu chun an úsáid deiridh atá beartaithe a chur in iúl d'onnmhaireoir.

I gcás ina gcuirtear srianta trádála i bhfeidhm, níor cheart go rachaidís thar a bhfuil comhréireach. Meastar an ceanglas sin a bheith ina bhacainn ar rialuithe cuimsitheacha a chur i bhfeidhm maidir le hidirthurais agus soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le trealamh nó earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa, toisc úsáidí dlisteanacha a bheith ag a bhfuil liostaithe in Iarscríbhin IIIa ach go bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh céastóireachta nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach nó le haghaidh phionós an bháis faoi seach. Ós rud é go bhfuil gníomhartha den sórt sin i gcoinne na moráltachta poiblí, níor cheart bróicéirí atá suite san AE aon tairbhe a fháil as aon trádáil a bheadh á gcur chun cinn nó á n‑éascú. Dá bharr sin, ba cheart toirmeasc a bheith ar sholáthar seirbhísí gaolmhara bróicéireachta ó aon bhróicéir a bhfuil a fhios aige go bhfuil trealamh nó earraí rialaithe le seachadadh go dtí tríú tír nach bhfuil san AE, nó go bhfuil, nó go bhféadfadh sé bheith beartaithe iad a úsáid chun na gcríoch sin. Chuirfí an toirmeasc sin i bhfeidhm freisin, i gcás eisceachtúil, dá mbeadh a ndóthain faisnéise ag na húdaráis inniúla chun an bróicéir a chur ar an eolas faoin úsáid deiridh atá beartaithe.

Is éard atá i gceist le hearraí idirthurais earraí a fhágann críoch chustaim an AE chun dul go ceann scríbe i dtríú tír agus a seoladh ó thríú tír eile. I gcás onnmhairiú earraí den sórt sin go dtí tríú tír a dhéanann oibreoir eacnamaíoch a bhfuil a fhios aige go bhfuil, nó go bhféadfadh sé bheith beartaithe na hearraí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, ceastóireachta nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chuirfí toirmeasc i bhfeidhm de ghnáth ar oibreoir eacnamaíoch nach bhfuil suite san AE agus dá dheasca sin chaithfí an toirmeasc a chur i bhfeidhm i dtríú tír. Toisc gan faisnéis ar an úsáideoir deiridh a bheith ar fáil de ghnáth ag oibreoirí eacnamaíocha a iompraíonn na hearraí idirthurais laistigh de chríoch chustaim an AE, ní mheastar é a bheith comhréireach toirmeasc a chur ar an iompróir. Dá réir sin, níorbh iomchuí toirmeasc a bheadh bunaithe ar eolas an oibreora eacnamaíoch i ndáil leis an úsáid a bhí beartaithe d'earraí idirthurais a bhí liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa.

3.2.3      Cúnamh teicniúil maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa

I ndáil le cúnamh teicniúil maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa, ní ann faoi láthair d'aon rialuithe maidir le cúnamh den sórt sin a sholáthar do thríú tíortha. Níl aon fhoráil shonrach maidir le cúnamh teicniúil i Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, ach áirítear sa sainmhíniú ar onnmhairí ann tarchur earraí teicneolaíocha agus bogearraí (liostaithe). Cé go bhféadfadh brí níos leithne a bheith ag 'cúnamh teicniúil' seachas tarchur teicneolaíoch, bheadh an tarchur sin faoi réir rialuithe cuimsitheacha. Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 tugtar éifeacht do roinnt córas idirnáisiúnta rialaithe ar onnmhairiú agus baineann an Rialachán sin le slándáil idirnáisiúnta. Tá sé i gceist leis leathadh arm ceimiceach, bitheolaíoch agus núicléach, agus a gcóras seachadta a chosc. Rialaítear tarchur teicneolaíochta agus bogearraí mar sin chun cosc a chur ar thír a hinniúlacht féin a fhorbairt chun earraí a mhonarú ar earraí iad a rialaíonn an AE agus nach n‑onnmhaireodh an AE chuici iad.

Tá sé mar aidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 cosc a chur ar sholáthairtí d'úsáideoirí deiridh áirithe a d'úsáidfeadh trealamh nó earraí ábhartha ón AE le haghaidh ceastóireachta nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, nó le haghaidh phionós an bháis, ní chun cosc a chur le fáil tríú tír ar theicneolaíocht maidir le trealamh nó earraí den sórt sin. Ní mheastar rialuithe cuimsitheacha ar sholáthar cúnaimh theicniúil maidir leis an trealamh nó na hearraí atá liostaithe a bheith comhréireach. Agus pionós an bháis, céastóireacht agus cineálacha eile íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach a bheith i gcoinne na moráltachta poiblí, níor cheart soláthróirí cúnaimh theicniúil atá suite san AE aon tairbhe a bhaint as aon trádáil a bheadh á gcur chun cinn nó á n‑éascú. Dá bharr sin, ba cheart toirmeasc a bheith ar sholáthar cúnaimh theicniúil ó éinne a bhfuil a fhios aige go bhfuil, nó go bhféadfadh sé bheith beartaithe trealamh nó earraí rialaithe lenar bhain an cúnamh a tugadh go dtí tríú tír, a úsáid chun na gcríoch sin. Chuirfí an toirmeasc sin i bhfeidhm freisin, i gcás eisceachtúil, dá mbeadh a ndóthain faisnéise ag na húdaráis inniúla chun an soláthróir cúnaimh theicniúil a chur ar an eolas faoin úsáid deiridh atá beartaithe do na hearraí lenar bhain an cúnamh.

3.3.        Sainmhíniú ar chéastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

An sainmhíniú ar cheastóireacht atá i Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 fuarthas é sa Choinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach ó na Náisiúin Aontaithe, 1984. Cé go bhfuil sé bunaithe ar an ionstraim idirnáisiúnta sin, níl aon sainmhíniú ar 'íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach' sa Choinbhinsiún ó na Náisiúin Aontaithe. Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú i Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005. Mar a fhoráiltear in Airteagal 52(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a mhéid atá cearta sa Chairt a chomhfhreagraíonn do na cearta a ráthaítear sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, beidh sainmhíniú agus raon feidhme na gceart sin ar aon dul leis na cearta a leagtar síos sa Choinbhinsiún.

De réir an tsainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 faoi láthair, cumhdaítear gníomhartha lena ngabhann 'mórphian nó mórfhulaingt', ach is í 'pian léanmhar nó fulaingt léanmhar' a dtagraítear di sa sainmhíniú ar chéastóireacht. Seachas an sainmhíniú a bheith bunaithe ar leibhéil éagsúla péine nó fulaingthe, ba cheart ceann a thógáil don intinn a bhí ann nó nach raibh ann pian nó fulaingt a chur ar dhuine nó úsáid a bhaint as pian nó fulaingt chun críche a áirítear sa sainmhíniú ar chéastóireacht. Sa bhreithiúnas uaithi an 13 Nollaig 2012, Khaled El-Masri v. FYROM (Iarratas Uimh. 39630/09), maidir le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus ag tagairt do chásdlí a chuaigh roimhe, mheas an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine:

‘196. Ionas go dtiocfaidh drochíde faoi raon feidhme Airteagail 3 ní foláir íosleibhéal léin a bheith i gceist. Braitheann measúnú an íosleibhéil sin ar chúinsí uile an cháis, amhail fad na híde, an tionchar ar an gcolainn nó ar an intinn, agus i gcásanna áirithe, gnéas, aois agus sláinte an íospartaigh … . Gnéithe breise is iad an chríoch a bhí i gceist agus an íde á tabhairt don duine mar aon leis an intinn nó an spreagadh a ghabh léi … .

197. Chun aon chineál ar leith drochíde a aicmiú mar chéastóireacht, ní mór don Chúirt aird a thabhairt ar an idirdhealú a rinneadh in Airteagal 3 idir an nóisean sin agus íde atá mídhaonna nó táireach. Dealraíonn sé gur cuireadh an t‑idirdhealú sin sa Choinbhinsiún ionas nach ngabhfadh an smál speisialta ''céastóireachta'' ach amháin le híde mhídhaonna tháireach a rinneadh d'aon ghnó a ghin fulaingt thromchúiseach chruálach... I dteannta léan na híde, tá gné a bhaineann le cuspóir na híde, mar a aithníodh sa Choinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach ó na Náisiúin Aontaithe a tháinig i bhfeidhm an 26 Meitheamh 1987, ina sainmhínítear céastóireacht mar chéastóireacht a rinneadh d'aon ghnó chun pian léanmhar nó fulaingt léanmhar a chur ar dhuine agus é mar aidhm aici, inter alia, faisnéis a fháil, pionós a chur ar dhuine nó imeagla a chur air (Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe) … .’

Maidir leis an tslí ar fágadh ar lár, san dá sainmhíniú, aon phian nó aon fhulaingt a thiocfadh as pionóis dhleathacha, b'iomchuí soiléiriú a dhéanamh. Cé gur pionós dleathach é cailliúint saoirse, i bprionsabal, measann an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur faoin Stát ábhartha atá sé a áirithiú go mbeidh dálaí na coinneála ag teacht le meas ar dhínit an duine, nach gcuirfidh an tslí nó an modh a gcuirtear an beart i bhfeidhm anacair nó anró ar an duine a bheadh níos déine ná an leibhéal dosheachanta lena mbeifí ag súil agus duine faoi choinneáil, agus chomh maith leis sin, agus aird á tabhairt ar éilimh phraiticiúla príosúnachta, go ndeimhneofar sláinte agus folláine an duine go sásúil. Is léir ón gcásdlí go bhféadfadh sárú ar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine teacht as éifeachtaí carnacha dhálaí na coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil na cillíní plódaithe agus dálaí míshláintíocha ann. Tá roinnt samplaí de sháruithe den sórt sin i mbreithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine:

15 Iúil 2002, V. Kalashnikov v. an Rúis (Iarratas Uimh. 47095/99),

4 Feabhra 2003, F. Van der Ven v. an Ísiltír (Iarratas Uimh. 50901/99),

11 Márta 2004, P. Igorov v. an Bhulgáir (Iarratas Uimh. 40653/98),

8 Iúil 2004, I. Ilaşcu agus páirtithe eile v. an Mholdóiv agus an Rúis (Iarratas Uimh. 48787/99),

20 Samhain 2008, A. Işyar v. an Bhulgáir (Iarratas Uimh. 391/03),

2 Iúil 2009, M. Kochetkov v. an Eastóin (Iarratas Uimh. 41653/05),

16 Iúil 2009, I. Sulejmanovic v. an Iodáil (Iarratas Uimh. 22635/03),

10 Eanáir 2012, S. Ananyev agus páirtithe eile v. an Rúis (Iarratais Uimh. 42525/07 agus 60800/08),

22 Bealtaine 2012, T. Idalov v. an Rúis (Iarratas Uimh. 5826/03).

3.4.        Cumhachtaí cur chun feidhme nó cumhachtaí tarmligthe

Le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 tugtar de chumhacht don Choimisiún Eorpach na hIarscríbhinní a leasú. Ach amháin i gcás Iarscríbhinn I, tugann Coiste ar a bhfuil ionadaithe de na Ballstáit cúnamh don Choimisiún. Is é an nós imeachta scrúdúcháin mar a léirítear i Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 a chuirfear i bhfeidhm ( de bhun Airteagal 13(1)(c) an Rialacháin).

Tá tograí déanta ag an gCoimisiún maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme i réimse an chomhbheartais tráchtála (COM(2011) 82 agus COM(2011) 349). I Meitheamh 2013 tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le tograí seo an Choimisiúin amach anseo: ceaptar go nglacfaidh siad Rialachán i dtrátha dheireadh 2013 a leasóidh, inter alia, Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle chun foráil a dhéanamh maidir le cumhachtaí tarmligthe.

Níor tugadh aghaidh, áfach, ar an gceist ar cheart nós imeachta práinne a chur i bhfeidhm i gcás leasuithe ar Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle. Measann an Coimisiún gurb iomchuí nós imeachta den sórt sin i gcás ina ndéanfar leasuithe ar liostaí na n‑earraí toirmiscthe agus na n‑earraí atá rialaithe, go háirithe má thagann trealamh nó earraí nua ar an margadh agus go bhfuil sé práinneach go gcuirfear an beart ábhartha i bhfeidhm láithreach chun cosc a chur le cnuasach stoc le linn na tréimhse dhá mhí (ag glacadh leis nach gcuirfear síneadh leis) atá tugtha do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun aon agóid a dhéanamh a d'fhéadfadh a bheith acu i gcoinne an bhirt.

2014/0005 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasófar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Faomhadh Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle[2] in 2005 agus tháinig sé i bhfeidhm an an 30 Iúil 2006. Mar fhreagra ar éilimh ó Pharlaimint na hEorpa in 2010 agus ar chomharthaí gur úsáideadh cógais a onnmhairíodh as an Aontas le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír, leasaíodh na liostaí d'earraí toirmiscthe agus d'earraí atá rialaithe in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin trí bhíthin Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2011 ón gCoimisiún.[3] Rinne an Coimisiún, agus Grúpa Saineolaithe de chúnamh aige, measúnú ar an ngá le tuilleadh  leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

(2)       Tá Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ceangailteach ó thaobh dlí de ó tháinig Conradh Liospón i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.[4] Is as Coinbhinsiún 1984 na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach a tógadh an sainmhíniú ar cheastóireacht atá i Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, agus tá an sainmhíniú sin bailí fós. An sainmhíniú ar 'íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach', nach bhfuil le fáil sa Choinbhinsiún, ba cheart é a leasú chun é a chur in oiriúint do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Lena chois sin, is iomchuí brí an téarma 'pionóis dhleathacha' atá sna sainmhínithe ar 'cheastóireacht' agus ar 'íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach' a shoiléiriú, agus an cásdlí sin agus beartas an Aontais maidir le pionós an bháis á gcur san áireamh.

(3)       Le hAirteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, bunaítear córas creidiúnaithe onnmhairiúcháin atá ceaptha lena chosc go n‑úsáidfear na hearraí lena mbaineann le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

(4)       Níor cheart na bearta sin dul thar a bhfuil comhréireach. Níor cheart, dá bhrí sin, cosc a bheith iontu ar onnmhairiú tairgí míochaine a úsáidtear chun críocha dlisteanach teiripe.

(5)       Ós rud é go bhfuil difríocht idir saintréithe phionós an bháis, ar thaobh amháin, agus saintréithe ceastóireachta agus íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an taobh eile, is iomchuí córas creidiúnaithe onnmhairiúcháin a bhunú d'fhonn cosc a chur ar úsáid earraí áirithe le haghaidh phionós an bháis. Ba cheart a chur san áireamh sa chóras sin gur chuir roinnt tíortha deireadh le pionós an bháis i gcás gach coire agus gur thug siad gealltanas ar an leibhéal idirnáisiúnta i leith na saincheiste sin. Ó tá baol ann go n‑ath-onnmhaireofar earraí chuig tíortha nár chuir deireadh leis an bpionós sin, ba cheart coinníollacha áirithe agus ceanglais áirithe a bheith leagtha síos i gcás ina n‑údaraítear onnmhairí chuig tíortha a chuir deireadh le pionós an bháis. Is iomchuí, ar an ábhar sin, údarú onnmhairiúcháin ginearálta a thabhairt i leith onnmhairí go dtí na tíortha sin a chuir deireadh le pionós an bháis i gcás gach coire.

(6)       I gcás tíre nár chuir deireadh le pionós an bháis ar an dóigh sin, ba cheart do na húdaráis inniúla, agus iad ag scrúdú iarrata ar údarú onnmhairiúcháin, a sheiceáil an bhfuil baol ann go n‑úsáidfidh an t‑úsáideoir deiridh na hearraí a onnmhairíodh le haghaidh an phionóis sin. Ba cheart coinníollacha iomchuí agus ceanglais chuí a leagan síos chun díolacháin do thríú páirtithe nó aistrithe chucu a dhéanann an t‑úsáideoir deiridh a rialú. Má sheoltar ana iomad lastas idir an t‑onnmhaireoir agus an t‑úsáideoir deiridh céanna, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla stádas an úsáideora deiridh a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil, e.g. gach sé mhí, seachas gach uair a thabharfar údarú, gan dochar don cheart atá acu údarú onnmhairiúcháin a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán Uimh. 1236/2005 má tá údar leis sin.

(7)       Chun go mbeidh teorainn leis an ualach riaracháin ar onnmhaireoirí, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla údarú foriomlán a thabhairt d'onnmhaireoir i leith na lastas tairgí míochaine uile a sheoltar ón onnmhaireoir chuig úsáideoir deiridh sonrach le linn tréimhse socraithe, údarú ina bhfuil cainníocht sonraithe a fhreagraíonn don ghnáthúsáid a bhaineann an t‑úsáideoir deiridh as na hearraí, má mheastar gur gá sin. I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, bheadh an t‑údarás sin bailí go ceann dhá mhí dhéag ar a mhéad, agus an fhéidearthacht ann síneadh dhá mhí dhéag ar a mhéad a chur leis.

(8)       Lena chois sin, ba chuí údarú foriomlán a thabhairt i gcás ina dteastódh ón monaróir tairgí míochaine atá faoi rialú Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a onnmhairiú chuig dáileoir i dtír nár chuir deireadh le pionós an bháis, ar choinníoll go bhfuil comhaontú  atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích idir an t‑onnmhaireoir agus an dáileoir ina bhfuil sé ceangailte go gcuirfidh an dáileoir tacar beart iomchuí i bhfeidhm lena n‑airitheofar nach n‑úsáidfear na tairgí míochaine sin le haghaidh phionós an bháis.

(9)       D'fhéadfadh na tairgí míochaine atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a bheith faoi réir rialuithe i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, amhail Coibhinsiún 1971 maidir le Substaintí Síceatrópacha. Ós rud é nach gcuirtear na rialuithe sin i bhfeidhm chun cosc a chur ar úsáid na dtairgí míochaine ábhartha le haghaidh phionós an bháis ach chun gáinneáil aindleathach drugaí a chosc, ba cheart na rialuithe ar onnmhairiú atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a chur i bhfeidhm chomh maith leis na rialuithe idirnáisiúnta. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh, áfach, nós imeachta aonair a úsáid chun an dá chóras rialaithe a chur i bhfeidhm.

(10)     Chun go mbeidh teorainn leis an ualach riaracháin ar onnmhaireoirí, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúlla údarú foriomlán a thabhairt d'onnmhaireoir i leith earraí atá faoi rialú chun úsáid na n‑earraí ábhartha le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc.

(11)     Níor cheart feidhm a bheith ag na rialuithe ar onnmhairithe a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2005 maidir le hearraí a rialaítear a n‑onnmhairiú i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CFSP ón gComhairle[5], Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle[6] agus Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7].

(12)     Is gá toirmeasc a chur ar bhróicéirí seirbhísí bróicéireachta a sholáthar i ndáil le hearraí a bhfuil toirmeasc ar a n‑onnmhairiú agus ar a n‑allmhairiú ós rud é nach bhfuil aon úsáid phraicticiúil leis na hearraí sin seachas úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Cosaint ar an moráltacht phoiblí is ea toirmeasc ar sholáthar na seirbhísí sin.

(13)     I gcás ina gcuirtear rialuithe maidir le honnmhairithe i bhfeidhm, ba cheart toirmeasc a bheith ar sheirbhísí bróicéireachta a sholáthar agus ar chúnamh teicniúil a thabhairt i ndáil le haon cheann de na hearraí atá liostaithe, más eol do bhróicéir nó do sholáthróir an chúnaimh theicniúil go bhfuil nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe na hearraí i gceist a úsáid le haghaidh phionós an bháis má chuirtear rialuithe i bhfeidhm chun cosc a chur ar úsáid le haghaidh an phionóis sin, nó le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Beidh údar ag oibreoir eacnamaíoch amhras a bheith air go bhfuil nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe na hearraí a úsáid le haghaidh na húsáide mídhlisteanaí sin, inter alia, má chuir údarás inniúil in iúl dó go bhfuil nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe an úsáid mhídhlisteanach sin a bhaint as na hearraí.

(14)     Chun go mbeidh achar ama ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag údaráis forfheidhmithe chun na hathruithe is gá a chur ar a nósanna imeachta chun na toirmisc sin a urramú agus a fhorfheidhmiú, ba cheart tréimhse ghairid eatramhach a shainiú.

(15)     Is iomchuí é a chur d'iallach ar údaráis chustaim faisnéis áirithe a roinnt le húdaráis chustaim eile agus, i gcás ina mbraitheann siad onnmhairiú nó allmhairiú earraí ar a bhfuil toirmeasc nó onnmhairí earraí nár tugadh an t‑údarás ina leith atá ceangailte, na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas faoi sin chun go ngearrfar pionóis ar an oibreoir eacnamaíoch a rinne an sárú.

(16)     Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart, a mhéid is a bhaineann sé le sonraí pearsanta, próiseáil agus malartú faisnéise a dhéanamh de réir na rialacha is infheidhme maidir le sonraí pearsanta i gcomhreir leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa[8] agus ón gComhairle agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[9].

(17)     Chun go nglacfaí na forálacha is gá chun Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinní I, II, III, IIIa, IIIb, IV agus V a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúchán lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(18)     Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an ngníomh ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm gan mhoill, má tá, i gcás leasú ar Iarscríbhinní I, II nó IIIa a ghabhann le Rialachán (CE Uimh. 1236/2005), mórfhoras práinne ann an leasú sin a dhéanamh.

(19)     Ní sholáthraíonn an Coimisiún trealamh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ós rud é nach bhfuil sé freagrach as an ord poiblí a chaomhnú, as cúrsaí coireachta ná as cinntí breithiúnacha maidir le cúrsaí coireachta. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta a bhunú chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún faisnéis faoi threalamh forfheidhmithe dlí nach bhfuil liostaithe agus faoi tháirgí a chuirtear ar an margadh san Aontas chun a áirithiú go nuashonrófar na liostaí d'earraí toirmiscthe agus d'earraí atá rialaithe chun cora nua a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi aon iarraidh chuí-réasúnaithe a fhaigheann sé ó Bhallstát ar earraí a chur isteach in Iarscríbhinn II, III nó IIIa sula ndéanfaidh sé cinneadh an Iarscríbhinn i gceist a leasú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle mar a leanas:

(1)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

'Airteagal 1

Ábhar

Tá leagtha síos sa Rialachán seo rialacha de chuid an Aontais maidir le trádáil earraí le tríú tíortha a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus maidir le soláthar seirbhísí bróicéireachta agus cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí sin.'

(2)          Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

'(a) ciallaíonn 'ceastóireacht' aon bheart lena gcuirtear pian léanmhar nó fulaingt léanmhar, baineadh sé leis an gcolainn nó leis an intinn, ar dhuine d'aon turas chun críoch amhail faisnéis nó admháil a bhaint as an duine sin nó as duine eile, pionós a chur ar an duine sin mar gheall ar ghníomh a rinne sé nó a rinne duine eile nó a bhfuil amhras go ndearna an duine sin nó duine eile é, nó imeaglú nó comhéigniú a dhéanamh ar an duine sin nó ar dhuine eile, nó ar aon chúis atá bunaithe ar idirdhealú d'aon chineál, nuair is oifigeach poiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil a chuireann an phian sin nó an fhulaingt sin ar dhuine, nó faoi deara é a dhéanamh, nó má dhéantar le cead nó le toiliú oifigigh phoiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil é. Ní áirítear pian ná fulaingt a bhfuil pionóis dhleathacha amháin mar chúis leo, nó ar gné dhílis de phionóis dhleathacha iad nó a ghabhann le pionóis dhleathacha, ach áirítear pian nó fulaingt arb iad éifeachtaí carnacha na n‑easnamh ar na dálaí coinneála is cúis leo, amhail cúngach cóiríochta, easpa sláinteachais nó easpa cúraim agus cúnaimh leighis, diúltú teagmhála leis an saol lasmuigh, nó córas coinneála bocht, is cuma mura bhfuil rún, sonrach nó dearfa, ag na daoine atá i gceannas an phríosúin nó ionaid choinneála eile, pian nó fulaingt a chur ar dhuine, fiú más i gcomhréir leis an dlí atá a shaoirse bainte de dhuine nádúrtha. Ní mheastar pionós an bháis a bheith dleathach in imthosca ar bith;

(b) ciallaíonn 'íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach' aon bheart lena gcuirtear pian léanmhar nó fulaingt léanmhar , baineadh sé leis an gcolainn nó leis an intinn, ar dhuine  nuair is oifigeach poiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil a chuireann an phian sin nó an fhulaingt sin ar dhuine. Ní áirítear pian ná fulaingt a bhfuil pionóis dhleathacha amháin mar chúis leo, nó ar gné dhílis de phionóis dhleathacha iad ach áirítear pian nó fulaingt arb iad éifeachtaí carnacha easnamh atá ar na dálaí coinneála is cúis leo, amhail cúngach cóiríochta, easpa sláinteachais nó cúraim agus cúnaimh leighis, diúltú teagmhála leis an saol lasmuigh, nó droch-chóras coinneála is cuma mura bhfuil aon rún, sonrach nó dearfa, ag na daoine atá i gceannas an phríosúin nó aon ionaid choinneála eile, pian nó fulaingt a chur ar dhuine, fiú más i gcomhréir leis an dlí atá a shaoirse bainte de dhuine nádúrtha. Ní mheastar pionós an bháis a bheith dleathach in imthosca ar bith;

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

'(h) ciallaíonn 'údarás inniúil' údarás de chuid ceann de na Ballstáit, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, atá i dteideal, i gcomhréir le hAirteagal 8, cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar údarú.'

(c) Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (i):

'(j) ciallaíonn 'críoch chustaim an Aontais' an chríoch de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle *;

(k) ciallaíonn 'bróicéireacht seirbhísí':

(a) idirbheartú nó socrú idirbheart chun earraí ábhartha a cheannach, a dhíol nó a sholáthar ó thríú tír go haon tríú tír eile, nó

(b) earraí ábhartha atá suite i dtríú tír a dhíol nó a cheannach chun iad a aistriú go tríú tír eile.

Chun críocha an Rialacháin seo, níl soláthar seirbhísí coimhdeacha amháin san áireamh sa sainmhíniú seo. Is iad is seirbhísí coimhdeacha ann: iompar, seirbhísí airgeadais, árachas nó ath-árachas, nó fógraíocht ghinearálta nó cur chun cinn;

(l) ciallaíon 'bróicéir' aon duine nádúrtha nó dlíthiúil nó aon pháirtnéireacht atá suite nó bunaithe i mBallstát den Aontas a dhéanann seirbhísí atá sainmhínithe i bpointe (k) ón Aontas isteach i gcríoch tríú tír;

(l) ciallaíon 'soláthróir cúnaimh theicniúil' aon duine nádúrtha nó dlíthiúil nó aon pháirtnéireacht atá suite nó bunaithe i mBallstát den Aontas a dhéanann seirbhísí atá sainmhínithe i bpointe (f) ón Aontas isteach i gcríoch tríú tír;

(n) ciallaíonn 'onnmhaireoir' duine nádúrtha nó dlíthiúil nó páirtnéireacht a ndéantar dearbhú onnmhairiúcháin thar a cheann, is é sin le rá an duine a bhfuil an conradh aige leis an gcoinsíní sa tríú tír lena mbaineann an tráth a ghlactar leis an dearbhú, agus a bhfuil sé an chumhacht is gá aige chun cinneadh a dhéanamh go seolfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais. Murar tugadh aon chonradh onnmhairiúcháin i gcrích nó mura ngníomhaíonn sealbhóir an chonartha thar a cheann féin, ciallaíonn an t‑onnmhaireoir an duine a bhfuil an chumhacht is gá aige chun cinneadh a dhéanamh go seolfar an t‑earra amach as críoch chustaim an Aontais. An ceart na hearraí a dhiúscairt, i gcás inar le duine atá bunaithe lasmuigh den Aontas é de bhun an chonartha ar a bhfuil an t‑onnmhairiú bunaithe, measfar gurb é an páirtí conarthach atá bunaithe san Aontas an t‑onnmhaireoir.

(o) ciallaíonn 'Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas' údarú onnmhairiúcháin maidir le honnmhairiú go tíortha cinn scríbe áirithe atá ar fáil ag na honnmhaireoirí uile a chomhlíonann na coinníollacha agus na ceanglais atá ann maidir le húsáid de réir mar atá liostaithe in Iarscríbhinní IIIb;

(p) ciallaíonn 'údarú aonair onnmhairiúcháin' údarú a thugtar d'aon onnmhaireoir sonrach amháin maidir le honnmhairiú chuig aon úsáideoir deiridh amháin nó chuig aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear aon earra amháin nó níos mó.

(q) ciallaíonn 'údarú foriomlán onnmhairiúcháin' údarú a thugtar d'aon onnmhaireoir sonrach amháin i leith earraí de chineál atá bailí lena onnmhairiú chuig aon úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó, nó, más monaróir earraí atá luaite in Iarscríbhinn IIIa an t‑onnmhaireoir, chuig dáileoir.

(r) ciallaíonn 'dáileoir' oibreoir eacnamaíoch a dhéanann gníomhaíochtaí mórdhíola i ndáil le táirgí míochaine nó substaintí gníomhacha, amhail táirgí míochaine nó substaintí gníomhacha a fháil ó mhonaróirí, nó táirgí den sórt sin a choinneáil, a sholáthar nó a onnmhairiú; ní áirítear ar ghníomhaíochtaí mórdhíola soláthar a dhéanann ospidéal, cógaiseoir nó duine gairmiúil chun táirgí míochaine a chur ar fáil don phobal agus chun na críche sin amháin.

* Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail, IO L 301, 19.10.1992, lch. 1.'

(3)          Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 4:

'Airteagal 4a

Toirmeasc ar sheirbhísí bróicéireachta

Beidh toirmeasc ar bhróicéir seirbhísí bróicéireachta a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin.'

(4)          In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.           I gcás aon onnmhairiú earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III, beidh údarú ag teastáil, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin. Os a choinne sin, ní bheidh aon údarú ag teastáil i gcás earraí nach ndéantar ach iad a chur trí chríoch chustaim an Aontais, mar atá na hearraí siúd nach bhfuil cóireáil ná úsáid atá formheasta ó thaobh custaim de sannta dóibh seachas an nós imeachta idirthurais sheachtraigh faoi Airteagal 91 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92, lena n‑áirítear stóráil earraí nach as an Aontas dóibh i limistéar saor de chineál rialaithe I nó stóras saor.

Is éard a bheidh in Iarscríbhinn III na hearraí seo a leanas a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach:

(a) earraí a úsáidtear go príomha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí; agus

(b) earraí a bhfuil baol ábhartha ann, agus a ndearadh agus a saintréithe teicniúil á gcur san áireamh, go n‑úsáidfear iad le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Ní bheidh na hearraí seo a leanas in Iarscríbhinn III:

(a) Airm thine atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(b) Earraí dé-úsáide atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 428/2009; agus

(c) earraí atá faoi réir Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle.'

(5)          in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.           Déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí maidir le hiarratais ar údaruithe i leith earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa de réir an cháis, agus cuirfidh siad san áireamh na cúinsí uile atá ábhartha, lena n‑áirítear an cheist ar dhíbh Ballstát eile le trí bliana anuas iarratas maidir le honnmhaire arbh ionann é, go bunúsach, agus an t‑onnmhaire atá i gceist, agus cuirfidh siad san áireamh freisin cúinsí maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus an baol go n‑atreorófar an t‑earra.'

(6)          Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 7:

'Airteagal 7 a

Toirmeasc ar sheirbhísí áirithe

1.           Beidh toirmeasc ar bhróicéir seirbhísí bróiceireachta a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin, más eol don bhróicéir nó má tá foras amhrais aige go bhfuil sé, nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe aon chuid den lastas earraí sin a úsáid le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach i dtír atá lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

2.           Beidh toirmeasc ar sholáthróir cúnaimh theicniúil cúnamh teicniúil  a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí atá liostaithe in |Iarscríbhinn III, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin, más eol do sholáthróir an chúnaimh sin nó má tá foras amhrais aige go bhfuil sé, nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe aon chuid den lastas earraí sin a úsáid le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach i dtír atá lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.'

(7)          Cuirfear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 7a:

'Caibidil IIIa

Earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis

Airteagal 7b

An ceanglas maidir le húdarú onnmhairiúcháin:

3.           Teastóidh údarú chun aon earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIa a onnmhairiú, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin. Os a choinne sin, ní bheidh aon údarú ag teastáil i gcás earraí nach ndéantar ach iad a chur trí chríoch chustaim an Aontais, mar atá na hearraí siúd nach bhfuil cóireáil ná úsáid atá formheasta ó thaobh custaim de sannta dóibh seachas an nós imeachta idirthurais sheachtraigh faoi Airteagal 91 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92, lena n‑áirítear stóráil earraí nach as an Aontas dóibh i limistéar saor de chineál rialaithe I nó stóras saor..

Is éard a bheidh in Iarscríbhinn IIIa, earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis agus atá faofa nó in úsáid féin do phionós an bháis ag tríú tír amháin nó níos mó nach bhfuil deireadh curtha acu le pionós an bháis. Ní bheidh na hearraí seo a leanas inti:

(a) airm thine atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(b) Earraí dé-úsáide atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 agus

(c) earraí atá rialaithe i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle.

4.           I gcás ina bhfuil sé ceangailte gur gá údarú onnmhairiúcháin de bhun an Rialacháin seo chun táirgí míochaine a onnmhairiú agus ina bhfuil an t‑onnmhairiú, lena chois sin, faoi réir ceanglas údarúcháin i gcomhréir le coinbhinsiún idirnáisiúnta lena rialaítear drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, amhail Coibhinsiún 1971 maidir le Substaintí Síceatrópacha, féadfaidh na Ballstáit aon nós imeachta amháin a úsáid chun na hoibleagáidí atá curtha orthu leis an Rialachán seo agus leis an gcoinbhinsiún ábhartha a chomhlíonadh.

Airteagal 7c

Critéir maidir le húdaruithe onnmhairiúcháin a thabhairt

1.           Déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí maidir le hiarratais ar údaruithe i leith earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa de réir an cháis, agus cuirfidh siad san áireamh na cúinsí uile atá ábhartha, lena n‑áirítear an cheist ar dhíbh Ballstát eile le trí bliana anuas iarratas maidir le honnmhaire arbh ionann é, go bunúsach, agus an t‑onnmhaire atá i gceist, agus cuirfidh siad san áireamh freisin cúinsí maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus an baol go n‑atreorófar an t‑earra.

2.           Ní thabharfaidh an t‑údarás inniúil aon údarú má tá foras réasúnta ann a chreidiúint go bhféadfadh sé go n‑úsáidfí na hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIa le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír.

3.           Beidh feidhm ag na treoracha seo a leanas maidir le fíorú na húsáide deiridh atá beartaithe agus an bhaoil atreoraithe:

3.1.        Má dhéanann monaróir táirge míochaine ina bhfuil aon substaint ghníomhach atá liostaithe in Iarscríbhinn III údarú a iarraidh leis an táirge sin a onnmhairiú chuig dáileoir i dtríú tír, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar na socruithe conarthacha a rinne an t‑onnmhaireoir agus an dáileoir agus ar na bearta atá siad a dhéanamh chun a áirithiú nach n‑úsáidfear na táirgí míochaine le haghaidh phionós an bháis.

3.2.        Má iarrtar údarú le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh i dtríú tír, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an mbaol atreoraithe ag cur san áireamh na socruithe conarthacha atá i bhfeidhm agus an ráitis maidir le húsáid deiridh arna shíniú ag an úsáideoir deiridh, má tá ráiteas den sórt sin tugtha. Mura dtabharfar aon ráiteas maidir le húsáid deiridh, is faoin onnmhaireoir a bheidh sé a léiriú cén úsáideoir deiridh a bheidh ann agus cén úsáid a bhainfear as na hearraí. Mura dtabharfaidh an t‑onnmhaireoir go leor faisnéise chun an baol atreoraithe a mheas, measfar go bhfuil foras réasúnta ag an údarás inniúil a chreidiúint go bhféadfadh sé go n‑úsáidfí na hearraí le haghaidh phionós an bháis.

Airteagal 7d

Toirmeasc ar sheirbhísí áirithe

1.           Beidh toirmeasc ar bhróicéir seirbhísí bróiceireachta a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí atá liostaithe in |Iarscríbhinn IIIa, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin, más eol don bhróicéir nó má tá foras amhrais aige go bhfuil sé, nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe aon chuid den lastas earraí sin a úsáid le haghaidh phionós an bháis i dtír atá lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

2.           Beidh toirmeasc ar sholáthróir cúnaimh theicniúil a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III, gan beann ar áit tionscnaimh na n‑earraí sin, más eol don soláthróir cúnaimh theicniúil sin, nó má tá foras amhrais aige go bhfuil sé, nó go bhféadfadh sé a bheith beartaithe na hearraí sin uile nó cuid de na hearraí sin a úsáid le haghaidh phionós an bháis i dtír atá lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

(8)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8

'Airteagal 8

Cinéalacha údaruithe agus údarás eisiúna

1.           Leis an Rialachán seo, bunaítear Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairí áirithe mar atá leagtha amach in Iarscríbhinní IIIb.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑onnmhaireoir bunaithe toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir an t‑údarú sin a úsáid má tá amhras réasúnta ann i leith chumas an onnmhaireora téarmaí an údaraithe sin  a chomhlíonadh nó foráil de chuid na reachtaíochta maidir le rialú ar onnmhairiú a chomhlíonadh.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis faoi na honnmhaireoirí uile ar baineadh an ceart an tÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin a úsáid díobh a mhalartú, ach amháin má chinneann siad nach ndéanfaidh onnmhaireoir sonrach iarracht earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a onnmhairiú trí Bhallstát eile. Is córas i gcomhair malartaithe faisnéise atá slán agus criptithe a úsáidfear chun na críche sin.

2.           Is údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑onnmhaireoir bunaithe a thabharfaidh údarú i leith onnmhairí nach onnmhairí dá dtagraítear i mír 1 iad agus a bhfuil údarú ceangailte ina leith faoin Rialachán seo, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Féadfaidh an t‑údarú sin a bheith ina údarú aonair nó ina údarú foriomlán má bhaineann sé le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa. Údarú aonair a bheidh in údarú i leith earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

3.           Is údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an iarsmalann bunaithe a thabharfaidh údarú i leith allmhairí a bhfuil údarú ceangailte ina leith faoin Rialachán seo, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Údarú aonair a bheidh in údarú i leith earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

4.           Is iad seo na húdaráis a thabharfaidh údarú i ndáil le cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II:

(a) údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir seirbhísí bunaithe, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, má tá an cúnamh sin le soláthar d'iarsmalann i dtríú tír; nó

(b) údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an iarsmalann bunaithe, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, má tá an cúnamh sin le soláthar d'iarsmalann san Aontas.

5.           Cuirfidh iarratasóirí an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil a theastaíonn i gcomhair a n‑iarratas ar údarú onnmhairiúcháin aonair nó foriomlán nó ar údarú alllmhairiúcháin aonair chun go mbeidh an fhaisnéis iomlán faoin úsáideoir deiridh, faoin tír chinn scríbe agus faoi úsáid deiridh na n‑earraí go háirithe ag na húdaráis inniúla. Féadfaidh an t‑údarú a bheith faoi réir ráitis úsáide deiridh, más iomchuí sin.

6.           De mhaolú ar mhír 5, má bhíonn táirgí míochaine le honnmhairiú ag monaróir chuig dáileoir, cuirfidh an monaróir faisnéis ar fáil faoi na socruithe agus na bearta a rinneadh chun cosc a chur le húsáid na dtáirgí sin le haghaidh phionós an bháis, faoin tír chinn scríbe agus, má tá sí ar fáil, faisnéis faoin úsáid deiridh agus faoi úsáideoirí deiridh na n‑earraí.

7.           Próiseálfaidh na Ballstáit iarrataí ar údaruithe aonair nó foriomlána faoi cheann tréimhse ama atá le socrú ag an dlí náisiúnta nó ag an gcleachtas náisiúnta.'

(9)          In Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'5.           Déanfar na fógraí uile atá ceangailte faoin Airteagal seo trí chóras i gcomhair malartaithe faisnéise atá slán agus criptithe.'

(10)        Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 11:

'Airteagal 11 a

Malartú faisnéise ag údaráis chustaim

1.           Chun críocha bainistíochta riosca, roinnfidh na húdaráis chustaim faisnéis ábhartha le chéile i gcomhréir le hAirteagal 4g de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún. *

2.           Cuirfidh na húdaráis chustaim údaráis inniúla na mBallstát ábhartha ar an eolas nuair a dhéanfar onnmhairiú nó allmhairiú ar earraí a bhfuil toirmeasc orthu de réir Airteagal 3 nó Airteagal 4. Lena chois sin, cuirfidh na húdaráis chustaim na húdaráis inniúla sin ar an eolas má dhéantar onnmhairiú gan údarú dá dtagraítear in Airteagal 5 nó in Airteagal 7b.

* Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail, IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.'

(11)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

'Airteagal 12

Na hIarscríbhinní a leasú

Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 15a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinní I, II, III, IIIa, IIIb, IV agus V a leasú. Déanfar na sonraí in Iarscríbhinn I maidir leis na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát a leasú ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

Más rud é, i gcás leasú ar Iarscríbhinní II, III nó IIIa, gur gá sin a dhéanamh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.'

(12)        Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 12:

'Airteagal 12 a

Iarrataí ar earraí a chur le ceann de na liostaí earraí

1.           Féadfaidh gach Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún earraí atá ceaptha nó a chuirtear ar an margadh le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, a chur isteach in Iarscríbhinn II, III nó IIIa. San iarraidh sin beidh

(a) faisnéis faoi dhearadh agus saintréithe na n‑earraí;

(b) faisnéis faoi na críocha uile ar féidir iad a úsáid chucu; agus

(c) faisnéis faoi na rialacha idirnáisiúnta nó intíre a shárófaí dá n‑úsáidfí na hearraí sin le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí.

2.           Féadfaidh an Coimisiún, faoi cheann trí mhí, iarraidh ar an mBallstát is iarrthóir faisnéis bhreise a chur ar fáil, má mheasann sé nach bhfuil aghaidh tugtha san iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na pointí ábhartha nó go dteastaíonn faisnéis bhreise faoi cheann amháin nó níos mó de na pointí ábhartha. Cuirfidh sé in iúl cé na pointí ar gá faisnéis bhreise a chur ar fáil fúthu.

3.           Má mheasann sé nach gá faisnéis bhreise a iarraidh nó, más infheidhme, ar fháil na faisnéise breise a d'iarr sé dó, tosóidh an Coimisiún laistigh de shé mhí ar an nós imeachta chun an leasú a iarradh a ghlacadh nó cuirfidh sé in iúl do na Ballstáit is iarrthóirí cé na fáthanna nach bhfuil sé á dhéanamh sin.'

(13)        Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 13:

'Airteagal 13 a

Sonraí pearsanta a phróiseáil

Próiseálfar agus malartófar sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle **.

* Rialachán (CE) Uimh. 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

** Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(14)        Scriostar Airteagal 15.

(15)        Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 15:

'Airteagal 15 a

Tarmligean a fheidhmiú

1.           Is faoi réir na gcoinníollacha leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.           Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón …. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle faoin ngníomh sin nó má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon, sula dtéann an tréimhse sin in éag, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15b

An nós imeachta práinne

1.           Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach léirítear aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15 a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.'

(15)        Leasaítear na hIarscríbhinní mar seo a leanas:

(a) In Iarscríbhinn III, scriostar roinn 4

(b) Cuirtear isteach iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn IIIa, a bhfuil a téacs leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(c) Cuirtear isteach iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn  IIIb, a bhfuila téacs leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Pointe 6 d'Airteagal 1 agus, a mhéid is a chuireann sé Airteagal 7d isteach, pointe 7 d'Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Rún P7_TA (2010) 0236, IO C 236 E, 12.8.2011, lch 107.

[2]               Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, IO L 200, 30.7.2005, lch. 1.

[3]               Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2011 ón gComhairle an 20 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, IO L 338, 21.12.2011, lch. 31.

[4]               IO C 303, 14.12.2007, lch. 1.

[5]               Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata, IO L 335, 13.12.2008, lch. 99.

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras, IO L 134, 29.5.2009, lch 1.

[7]               Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus a n‑armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear údarú onnmhairiúcháin agus bearta allmhairiúcháin agus gluaiseachta idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus a n‑armlóin IO L 94, 30.3.2012, lch. 1.

[8]               Rialachán (CE) Uimh. 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

Top