Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013SC0160

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe

/* SWD/2013/0160 final */

52013SC0160

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe /* SWD/2013/0160 final */


1.     Fadhbanna a aithníodh

Cúlra

1. Ar fud an AE, is í earnáil na feirmeoireachta an t-úsáideoir is mó d’ainmhithe ina bhfuil ar a laghad dhá bhilliún éan (sicíní, béaróga, turcaithe, srl.) agus 334 milliún mamach (muca, caoirigh, gabhair, eallach, ainmhithe fionnaidh, srl.). Tá 13.7 milliún gabháltas ainmhithe san AE. Is é €149 billiún sa bhliain luach an aschuir feirmeoireachta beostoic san AE. Bíonn ainmhithe freisin sa dobharshaothrú, ina n-ainmhithe coimhdeachta, á saothrú le haghaidh fionnaidh, agus úsáidtear iad, nó bíonn siad páirteach, i ngníomhaíochtaí éagsúla eile, m.sh. turgnaimh, zúnna, sorcais, siamsaíocht, caitheamh aimsire agus spórt.

2. Tá idirghabháil an AE dírithe faoi láthair go príomha ar chosc agus ar rialú galar tógálach a mbíonn tionchar suntasach sláinte agus eacnamaíoch acu. Is iomaí cineál tionchair a bhíonn ag ráigeanna galar ainmhithe, agus is gnách gur riosca díreach do shláinte ainmhithe agus sláinte an phobail iad. Mar sin féin, bíonn tionchar indíreach diúltach eile ann, amhail iarmhairtí eacnamaíocha nó sóisialta, lena n-áirítear costais d'fheirmeoirí beostoic agus do thionscail ghaolmhara nuair a bhíonn orthu déileáil le galair agus nuair a chuirtear isteach ar ghnó, costais san earnáil phoiblí le galair a dhíothú agus faireachán a dhéanamh, agus athruithe i bpatrúin tomhaltais. Is minic a bhíonn tionchar suntasach ag ráigeanna galair freisin ar thrádáil idirnáisiúnta ainmhithe agus táirgí ainmhithe.

3. I gcreat reatha reachtaíochta sláinte ainmhithe an AE tá beagnach 50 treoir agus rialachán den reachtaíocht phríomha, ar glacadh cuid acu chomh fada siar le 1964. In acquis communautaire na tréidliachta anois tá breis is 400 gníomh. Tá ceangal gníomhach ag an reachtaíocht seo i ndáil le sláinte ainmhithe leis an gcreat dlíthiúil reatha maidir le leas ainmhithe, sábháilteacht bia, sláinte phoiblí, cothú ainmhithe, táirgí íocshláinte tréidliachta, cosaint an chomhshaoil, rialuithe oifigiúla agus an Comhbheartas Talmhaíochta.

Breithniú ar an mbeartas reatha agus fadhbanna a aithníodh

4. In 2004, sheol an Coimisiún meastóireacht neamhspleách chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht Bheartas Sláinte Ainmhithe an Chomhphobail (CAHP) le deich mbliana roimhe sin. Forbraíodh Straitéis an AE um Shláinte Ainmhithe 2007-2013 (AHS) mar thoradh ar an mbeart sin. Iarradh ar pháirtithe leasmhara agus údaráis inniúla na mBallstát fadhbanna a bhaineann leis an reachtaíocht reatha i ndáil le sláinte ainmhithe a aithint, mar chuid den Ghrúpa Stiúrtha um an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe. Bhí an Mheastóireacht ar CAHP agus comhairliúchán na ngeallsealbhóirí ag teacht, a bheag nó a mhór, leis go raibh an córas reatha ag feidhmiú go maith, ach aithníodh, áfach, gur gá roinnt saincheisteanna a fheabhsú.

5. Ar na príomhfhadhbanna a d'aithin na páirtithe leasmhara le linn na meastóireachta ar CAHP bhí: ardchastacht an CAHP reatha; straitéis fhoriomlán sláinte ainmhithe a bheith in easnamh; agus nach leor an fócas ar chosc galar (agus go háirithe an fócas ar an ngá le breis bithshlándála). Aithníodh saincheist beartais freisin a bhaineann le trádáil ainmhithe beo laistigh den AE. Mínítear gach ceann acu sin ar shlí níos mionsonraithe thíos.

6. D'aithin na páirtithe leasmhara an gá atá le simpliú agus an gá le hathruithe sa bheartas a cuireadh chun cinn sa chomhairliúchán seo agus chuir siad béim orthu. Ardchastacht an bheartais reatha

7. Tá an CAHP atá ann faoi láthair thar a bheith casta ar roinnt bealaí. Ar dtús, fágann líon mór na bpíosaí reachtaíochta ar shláinte ainmhithe gur deacair dóibh siúd lena mbaineann sé go díreach (amhail feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile) a gcuid freagrachtaí a thuiscint gan dul i gcomhairle le saineolaithe dlí. Sa dara háit, ní bhíonn freagrachtaí agus oibleagáidí na gcoimeádaithe ainmhithe soiléir i gcónaí. Níl roinnt freagrachtaí atá orthu cheana comhsheasmhach ar fud píosaí éagsúla reachtaíochta, agus ní hionann mar a léirmhínítear cuid acu i mBallstáit éagsúla. D'fhéadfadh sé sin fadhbanna a chruthú mura léiríonn an reachtaíocht ról agus riachtanais na gcoimeádaithe ainmhithe go sásúil. Ina theannta sin, is féidir le difríochtaí ar fud na mBallstát míchothroime a chruthú do choimeádaithe ainmhithe agus a ndualgais dhlíthiúla á gcomhlíonadh acu. Sa tríú háit, ní bhíonn na rialacha maidir le feirmeoireacht tráchtála i bhfeidhm i gcónaí ar bhealach comhréireach maidir le coimeád ainmhithe ar bhonn neamhthráchtála. Ní hionann, de ghnáth, na rioscaí galair a bhaineann le coimeád ainmhithe ar bhonn neamhthráchtála (mar chaitheamh aimsire nó ar chúl an tí) i gcomparáid le feirmeoireacht thionsclaíoch agus ní i gcónaí a bhíonn an t-ualach riaracháin a chuirtear ar choimeádaithe neamhthráchtála ainmhithe i gcomhréir le leibhéal na rioscaí galair. Sa cheathrú háit, tá roinnt gnéithe éiginnteachta dlí ag an sainmhíniú ar ról na seirbhísí tréidliachta agus is gá iad a cheartú lena áirithiú go mbeidh a ndualgais dhlíthiúla soiléir do thréidlianna, le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, agus le forbairt líonraí tréidliachta feabhsaithe a spreagadh. Sa chúigiú háit, tá easpa rialacha faoi láthair maidir le cáilíochtaí gairmiúla agus oiliúint do thréidlianna oifigiúla agus formheasta, rud is cúis le difríochtaí idir leibhéil chosanta sláinte ar fud na mBallstát agus laistigh den mhargadh aonair. Sa séú háit, bíonn coinníollacha sláinte ainmhithe ar leith a bhaineann le hallmhairí deacair a thuiscint agus a chur i bhfeidhm. Cruthaíonn sé sin castacht agus ualach riaracháin do na húdaráis inniúla, d'allmhaireoirí agus do thríú tíortha ar deacair dóibh a gcuid dualgas dlíthiúil a thuiscint, b'fhéidir.

Straitéis iomlán amháin um shláinte ainmhithe in easnamh

8. Tá straitéis iomlán amháin um shláinte ainmhithe in easnamh. Chuir tuarascáil deiridh na meastóireachta ar CAHP béim ar an easpa cur chuige ginearálta amháin a bheadh taobh thiar den CAHP. Ina áit sin, braitear go bhfuil an CAHP breac le bearta agus gníomhartha éagsúla, agus cuspóirí neamh-chomhsheasmhacha agus treo neamhshoiléir tríd is tríd aici. Tá claonadh ann go leanann acmhainní, pearsanra agus aird na bainistíochta na géarchéimeanna sláinte ainmhithe, rud a laghdaíonn an fócas ar shainmhíniú cuspóirí straitéiseacha fadtéarmacha agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin. Tá ceithre phríomhfhadhb anseo. Ar dtús, easpa aicmithe agus oird tosaíochta i mbearta an bheartais um ghalair ainmhithe. Is minic gur cur chuige oirbheartaíochta seachas cur chuige straitéiseach a bhíonn mar thoradh air sin agus, dá bhrí sin, (go fadtéarmach) ní leithdháileadh barrmhaith a rinneadh ar acmhainní rialaithe galar. Sa dara háit, tá an comhordú a dhéantar ar fhaireachas galair ainmhithe fós lag agus ní bhíonn na córais faireachais agus na gníomhaithe éagsúla ag obair le chéile ar na bealaí is éifeachtaí is féidir. D'fhéadfadh comhordú níos fearr rioscaí agus tionchar na ráigeanna galar a laghdú. Sa tríú háit, ní leor an comhchuibhiú idir reachtaíocht an AE agus na caighdeáin idirnáisiúnta a aontaíodh (OIE, an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe). Thabharfadh cóineasú níos fearr breis iomaíochais sna margaí idirnáisiúnta agus sheachnódh sé aighnis trádála (agus d'urramódh sé an gá leis na hardchaighdeáin sláinte a bhfuil súil leo san AE a choinneáil). Sa cheathrú háit, ní leor mar a chuirtear san áireamh i reachtaíocht reatha an AE an dearcadh fadtéarmach faoi ghalair éiritheacha, ath-éiritheacha agus galair andúchasacha. Is gá dearcadh níos straitéisí a chur chun cinn chun freagra a thabhairt ar bhagairtí galar, iad a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Cosc seachas leigheas

9. Ar deireadh, ní leor an fócas i gcreat reatha an AE maidir le galair a chosc seachas iad a leigheas. Meastar go forleathan gur leas poiblí domhanda í an tsaoirse ó ghalair ainmhithe, mar cosnaíonn sí sláinte ainmhithe agus sláinte an phobail, mar a sonraíodh sa choincheap 'Domhan Amháin – Sláinte Amháin' a d'fhorbair an EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte), an OIE (an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe) agus an FAO (an Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta). Níl a thábhacht teoranta do gheilleagar na tuaithe ach tá tionchar aige ar an tsochaí ina hiomláine. Cé go mbeidh géarchéimeanna sláinte ainmhithe a tharlóidh i gcónaí, chuir an meastóireacht ar CAHP béim ar an ngá atá ann díriú níos mó ar ghalair a chosc agus na rioscaí galar a bhainistiú go tapa agus go héifeachtach chun minicíocht agus scála na ráigeanna de ghalair ainmhithe a laghdú. Léirítear an t-easnamh sin i ndroch-chomhordú faireachais agus faireacháin ar ghalair ainmhithe, mar a luadh thuas, an easpa cur chun cinn ar leibhéal an AE de bhearta bithshlándála ar an bhfeirm le ráigeanna galar a chosc, an easpa straitéise vacsaínithe chun galair ainmhithe a chosc agus a rialú níos fearr, agus forálacha neamhréireacha oiliúna i sláinte ainmhithe dóibh siúd a bhíonn ag plé le hainmhithe.

Trádáil laistigh den AE in ainmhithe beo

10. Cé go dtiteann na fadhbanna a ndearnadh cur síos orthu thuas faoi na ceannteidil théamacha, chuir grúpa stiúrtha na meastóireachta ar CAHP agus an comhairliúchán fairsing poiblí araon béim ar fhadhbanna a bhaineann le trádáil laistigh den AE a thagann faoi roinnt de na catagóirí éagsúla sin. Ar an gcéad dul síos, ní i gcónaí a bhíonn na rialacha reatha sláinte ainmhithe i ndáil le trádáil laistigh den AE ag teacht leis na rioscaí a bhaineann le gluaiseachtaí do shláinte ainmhithe. Go háirithe, bíonn ar roinnt gluaiseachtaí a mbaineann riosca íseal leo cloí le ceanglais níos déine ná mar is gá. Ar an dara dul síos, tá dúbailt á dhéanamh ar nósanna imeachta i mórán cásanna, rud a chuireann leis an ualach riaracháin a bhaineann le gluaiseachtaí. Ar an tríú dul síos, tá ag éirí leo i roinnt réimsí coincheap an deighleogaithe a úsáid, ach níor leathnaíodh fós é chuig codanna eile de dhlí an AE i ndáil le sláinte ainmhithe, agus d'fhéadfaí é sin a dhéanamh amach anseo.

2.     Anailís ar Choimhdeacht: an bhfuil bonn cirt le gníomhaíocht an AE ar fhorais coimhdeachta?

11. Is iad Airteagail 43, 114 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá ina mbunús dlí le bearta reachtacha an AE i ndáil le sláinte ainmhithe, mar gur cuid riachtanach de bheartais an AE um thalmhaíocht, sláinte phoiblí agus cosaint tomhaltóirí, trádáil agus an margadh aonair iad.

12. Léiríodh sa 'tástáil riachtanais' agus sa 'tástáil ar luach breise' go bhfuil gá beart a dhéanamh. Ní féidir le Ballstáit atá ag gníomhú ina n-aonar cuspóirí an bheartais sláinte ainmhithe a bhaint amach, agus is fearr is féidir iad a bhaint amach má ghníomhaíonn Ballstáit an AE le chéile. I dtéarmaí an-ghinearálta, ní hamháin go dtugann sláinte mhaith ainmhithe sochair phríobháideacha don choimeádaí nó don úinéir áirithe sin, ach is leas poiblí é freisin, a thugann sochair ghinearálta don tsochaí. Ciallaíonn tógálacht a lán galar ainmhithe gur dócha gur mó an tairbhe fhoriomlán a bhaineann le cur chuige coiteann, seachas le sraith gníomhaíochtaí aonair. Dá bhrí sin, is cuma ráig a bheith ann nó nach bhfuil, is mó i bhfad an costas a d'fhéadfadh easpa gníomhaíochta ar leibhéal an AE a tharraingt ná a bheith ag obair le chéile.

13. Buntáistí na rialacha comhchuibhithe le galair ainmhithe ar leibhéal an AE a chosc, a rialú, a fhógairt, agus a dhíothú, léiríodh iad le linn ráigeanna galair ainmhithe le blianta beaga anuas. Thaispeáin an fhreagairt ar na géarchéimeanna sin cumas an AE freagairt thapa a thabhairt, le leathadh na ngalar a theorannú agus a dtionchar a íoslaghdú. An cur chuige comhchuibhithe le galair a rialú is mó faoi deara é sin. Fairis sin, tríd an gcóras reatha is féidir cláir faireacháin agus faireachais inbhuanaithe a fhorbairt trí chómhaoiniú ag leibhéal an AE. San am atá caite, chuir cur chuige comhchuibhithe an AE i leith rialú galar ar chumas an Aontais leasanna a chuid Ballstát a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta.

14. Bagairt bhuan do choimeádaithe beostoic agus do na Ballstáit is ea leathadh trasteorann galar ainmhithe agus d'fhéadfadh sé go mbeadh impleachtaí eacnamaíocha móra aige sin do na hearnálacha príobháideacha agus poiblí. Is furasta do ghalar scaipeadh ó thír go tír agus ní fada go mbriseann paindéim amach. Is féidir le hainmhithe fiáine ról tábhachtach eipidéimeolaíochta a imirt chun galair ainmhithe a tharchur agus bíonn a ngluaiseachtaí an-deacair a rialú nó a shrianadh idir Bhallstáit (mar shampla, fiabhras clasaiceach muc i dtoirc fhiáine mar bhagairt fhéideartha do mhuca saothraithe). Dá bhrí sin, teastaíonn bearta rialaithe agus córas faireacháin comhchuibhithe ag leibhéal an AE.

15. I bhfianaise an mhéid sin thuas, ba chóir don reachtaíocht feasta an leibhéal ard inniúlachta atá ag an AE cheana sa réimse seo le fiche nó tríocha bliain anuas a dheimhniú, óir tá glacadh maith ag na Ballstáit agus na geallsealbhóirí araon leis sin.

3.     Cuspóirí thionscnamh an AE: Cad iad na príomhchuspóirí beartais?

16. Tá an AE ina iomláine ag obair i dtreo chuspóirí na straitéise Eoraip 2020[1] . Ba chóir do chuspóirí sláinte ainmhithe tacú leis na cuspóirí uileghabhálacha ríthábhachtacha sin tríd an mbaol a bhaineann le tionchar diúltach eacnamaíoch, sóisialta (lena n-áirítear an tsláinte phoiblí) agus comhshaoil ó ráigeanna de ghalair ainmhithe nó ó dhrochshláinte ainmhithe a laghdú agus, dá bhrí sin, tacú le slándáil eacnamaíoch agus rath na gcoimeádaithe ainmhithe, go háirithe feirmeoirí agus cur le fás cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe ag an am céanna.

17. Is fiú a athlua anseo nach ina n-aonar a bhíonn cuspóirí sláinte ainmhithe. Fachtóir ríthábhachtach is ea dea-shláinte ainmhithe chun inmharthanacht agus inbhuanaitheacht an mhargaidh inmheánaigh agus, go háirithe, na hearnála bia, arb í an earnáil eacnamaíoch is mó san AE í, a áirithiú. Is dosheachanta go mbeadh forluí agus idirghníomhú le réimsí eile beartais, amhail leas ainmhithe, sábháilteacht bia, cothú ainmhithe, táirgí míochaine tréidliachta, agus rialuithe oifigiúla, ach freisin saincheisteanna ginearálta talmhaíochta agus comhshaoil, mar shampla speicis choimhthíocha ionracha.

18. Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta bheartas an AE i leith sláinte ainmhithe mar a leagtar amach i Straitéis an AE um Shláinte Ainmhithe 2007-2013 iad:

Sprioc 1

- leibhéal ard sláinte poiblí agus sábháilteachta bia a áirithiú trí mhinicíocht na rioscaí bitheolaíochta agus ceimiceacha don duine a íoslaghdú;

- sláinte ainmhithe a chur chun cinn trí mhinicíocht na ngalar ainmhithe a chosc/a laghdú, agus tacú le feirmeoireacht agus le geilleagar na tuaithe.

- feabhas a chur ar fhás eacnamaíoch/comhtháthú/iomaíochas trí shaorchúrsaíocht earraí agus gluaiseachtaí comhréireacha ainmhithe a áirithiú;

- cleachtais feirmeoireachta agus leas ainmhithe a chur chun cinn lena gcoisctear ​​ bagairtí a bhaineann le sláinte ainmhithe agus lena laghdaítear an tionchar ar an gcomhshaol, rud a thacaíonn le Straitéis an AE um Fhorbairt Inbhuanaithe.

19. Tá dlúthnasc go háirithe idir leas ainmhithe agus sláinte ainmhithe agus ní mór d'aon chuspóirí a bhaineann le sláinte ainmhithe lánaird a thabhairt ar cheanglais leasa na n-ainmhithe, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

20. Léiríonn na cuspóirí ginearálta sin gur leithne an bonn le haghaidh ghníomhaíocht an AE ná díreach fadhbanna sláinte poiblí nó sláinte ainmhithe a chosc nó chun slándáil eacnamaíoch na bhfeirmeoirí a áirithiú. Beidh ar raon feidhme aon bhearta nua cuimsiú a dhéanamh ar ainmhithe coinnithe (lena n-áirítear ainmhithe táirgthe, ainmhithe a úsáidtear chun oibre, spóirt, caitheamh aimsire nó a chuirtear ar taispeáint, ainmhithe coimhdeachta agus ainmhithe a úsáidtear i dtaighde), ach freisin, go méid áirithe, ainmhithe fiáine, nuair a d'fhéadfadh a ndrochshláinte aon cheann de na cuspóirí sin a chur i mbaol.

21. Is é raon feidhme an chúraim seo creat reachtaíochta níos simplí agus níos comhtháite i leith sláinte ainmhithe a chruthú, agus a bheidh bunaithe ar dhea-rialachas agus a chomhlíonfaidh caighdeáin idirnáisiúnta (e.g. caighdeáin OIE).

22. Déanann an tuarascáil cur síos níos mine ar chuspóirí sonracha agus oibríochtúla an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe.

4.     Roghanna beartais

23. D'fhonn na fadhbanna a aithníodh a réiteach agus na cuspóirí oibriúcháin thuasluaite a bhaint amach, rinneamar na 5 rogha beartais thíos a mheas.

24. Rogha 1: Gan athrú (.i.: leanúint ar aghaidh leis an mbeartas reatha). Ní athródh na rialacha sláinte ainmhithe atá ann faoi láthair, agus dhéanfaí nuashonruithe agus oiriúnuithe teicniúla de réir mar is gá, ach ní chruthófaí creat cothrománach lena mbunófaí cuspóirí straitéiseacha foriomlána. Nuair is féidir, d'úsáidfí na huirlisí rialála atá ann cheana féin le dul i ngleic leis na fadhbanna a aithníodh.

25. Rogha 2: Simpliú ar an reachtaíocht atá ann cheana agus gan aon athruithe móra inneachair ná beartais a dhéanamh. Faoin rogha seo, bhaileofaí le chéile an reachtaíocht go léir atá ann cheana féin i ndáil le Sláinte Ainmhithe in aon phíosa mór reachtaíochta, ach ní bheadh aon athruithe suntasacha ar inneachar na reachtaíochta féin. Ní dhéanfaí athruithe ach amháin mar a d'éileodh cúinsí sin, agus d'fhonn cloí le Conradh Liospóin.

26. Rogha 3: An creat dlíthiúil atá ann cheana féin a choinneáil, ach níos mó féinrialála a dhéanamh. Bheadh an rogha seo ina comhlánú ar an mbeartas reatha sláinte ainmhithe agus ar an reachtaíocht atá ann cheana, agus dhéanfaí tionscnaimh bhreise de chineál neamhrialála (is é sainmhíniú an Choimisiúin ar fhéinrialáil "comhaontuithe deonacha idir comhlachtaí príobháideacha chun fadhbanna a réiteach trí ghealltanais eatarthu féin").

27. Rogha 4: Creat nua simplithe solúbtha ginearálta reachtaíochta ar shaincheisteanna sláinte ainmhithe, bunaithe ar bhaint amach torthaí ar leith maidir le sláinte ainmhithe. Faoin rogha seo, leagfadh creat nua simplithe dlíthiúil amach na prionsabail agus na cuspóirí maidir leis an mbeartas sláinte ainmhithe a theastódh chun na torthaí atá ag teastáil a bhaint amach. Is ar leibhéal an AE a d’aontófaí na torthaí, amhail caighdeáin áirithe sláinte ainmhithe agus caighdeáin ghaolmhara sláinte poiblí. Mar sin féin, bheadh an creat solúbtha a dhóthain lena chur ar chumas na mBallstát rialacha an AE a chur i bhfeidhm mar is cuí de réir na ndálaí áitiúla chun na torthaí atá ag teastáil a bhaint amach.

28. Rogha 5: Creat nua reachtaíochta saintreorach maidir le saincheisteanna sláinte ainmhithe, bunaithe ar phróisis agus ar chaighdeáin shonracha a shocrú maidir le beartas sláinte ainmhithe. Faoin rogha seo, leagfaí amach prionsabail agus cuspóirí na sláinte ainmhithe i gcreat nua dlíthiúil cuimsitheach. Shocródh an creat seo caighdeáin shonracha maidir le rialacha sláinte ainmhithe agus nósanna imeachta a bheadh ag teastáil ar fud na mBallstát, gan mórán solúbthachta ag na Ballstáit leis na rialacha a chur in oiriúint dá gcúinsí éagsúla.

5.     Measúnú tionchair

Rogha 1 - Gan Athrú

29. Chun go bhféadfar comparáid chuí a dhéanamh idir na roghanna, tá Rogha 1, is é sin leanúint leis an mbeartas sláinte ainmhithe atá ann faoi láthair, á húsáid mar bhonnlíne agus déanfar tionchar na roghanna eile a mheas dá réir.

30. Rinneadh an rogha – gan athrú ar bith a dhéanamh – a dhiúltú cheana sa mheasúnú tionchair don Straitéis um Shláinte Ainmhithe agus sa mheastóireacht ar CAHP araon, agus dá bhrí sin bheadh sé thar a bheith deacair bonn cirt a thabhairt léi. Mura ndéanfaí aon athrú leanfaí leis an gcur chuige reatha ag leibhéal an AE chun dul i ngleic le saincheisteanna sláinte ainmhithe agus leis na fadhbanna a aithníodh sa tuarascáil.

Rogha 2  An creat dlíthiúil atá ann cheana féin a shimpliú gan aon athrú beartais suntasach a dhéanamh

31. Glactar leis sa rogha seo go ndéanfaí simpliú ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, sin go dtabharfaí le chéile na píosaí éagsúla reachtaíochta atá ann cheana in aon phíosa reachtaíochta amháin, ach ní thabharfaí aghaidh ar chuspóirí beartais agus ar fhorbairtí atá leagtha amach sa Straitéis um Shláinte Ainmhithe.

32. Ní dhéanfaí aon athrú ábhartha ar an mbeartas sláinte ainmhithe; níl de bhuntáistí leis an rogha seo ach amháin iad siúd a thagann as simpliú na reachtaíochta. Tríd an reachtaíocht uile atá ann a thabhairt le chéile in aon áit amháin, dhéanfaí simpliú áirithe agus sheachnófaí roinnt dúblaithe.

33. Níl aon sraith prionsabal de chomhleanúnachas uileghabhálach sa reachtaíocht atá ann cheana agus mar sin má chuirtear gach rud i bpíosa amháin reachtaíochta bheadh liosta fada den acquis atá ann cheana féin le fáil, agus is beag simpliú a bhainfí amach, dáiríre, agus ní chomhlíonfaí na cuspóirí atá leagtha amach sa Straitéis um Shláinte Ainmhithe.

Rogha 2 – An creat dlíthiúil atá ann cheana féin a choinneáil agus níos mó féinrialála

34. Tá an rogha seo comhdhéanta den chuid is mó de ghníomhaíochtaí neamhrialála a chuirfí i gcrích ag úsáid na n-acmhainní atá ar fáil agus nach gcruthódh ualaí riaracháin breise. De réir na ngníomhaíochtaí seo, d'fhorbródh an Coimisiún agus / nó na Ballstáit comhairle agus dea-chleachtas chun feabhas a chur ar bhearta sláinte ainmhithe nó spreagfaí páirtithe leasmhara chun é sin a dhéanamh. Bheidís sin ina gcomhlánú ar an gcreat dlíthiúil i leith sláinte ainmhithe atá ann cheana agus bheadh sé mar aidhm leo cosc níos fearr a dhéanamh ar ghalair ainmhithe. Thabharfaí an reachtaíocht cothrom le dáta, giota ar ghiota, de réir mar is gá chun cloí leis na ceanglais nua (mar shampla na próisis chinnteoireachta nua tar éis Conradh Liospóin a thabhairt isteach), nó le forbairtí teicneolaíochta.

35. I dtéarmaí ginearálta, dá dtairgfí comhairle agus dá gcothófaí na cleachtais is fearr maidir le bearta sláinte ainmhithe ba mhó a bheadh coimeádaithe ainmhithe agus gníomhaithe eile sa slabhra bia ar an eolas faoi bhearta sláinte ainmhithe agus faoi rioscaí galair ainmhithe agus na freagrachtaí a bhainfeadh lena gcuid gníomhaíochtaí. Más mó feasacht na gcoimeádaithe ainmhithe faoi na dea-chleachtais chun galair a chosc, is mó an seans go gcuirfeadh siad bearta, amhail bearta bithshlándála agus faireachais, a bheadh fiúntach dóibh chun feidhme ar mhaithe le minicíocht agus tionchar na ngalar ainmhithe a laghdú.

36. Ní bheadh na gníomhaíochtaí sin éigeantach, ámh. Braitheann siad ar thoilteanas na bpáirtithe leasmhara comhairle a fhorbairt sa chéad áit, agus ar an gcomhar idir na coimeádaithe ainmhithe an chomhairle sin a leanúint ar bhonn deonach, i gcúinsí nuair nach é i gcónaí a leas díreach é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, is mór is neamhchinnte na héifeachtaí iarbhír má chuirtear an rogha seo i bhfeidhm, is iad sin gan aon athrú in aon chor ag ceann amháin den mheá agus tionchar cuibheasach dearfach ar an taobh eile.

Rogha 4 – creat ginearálta solúbtha reachtaíochta do cheisteanna sláinte ainmhithe

37. Meastar gur dearfach den chuid is mó a bheadh tionchar rogha 4 ar an tsláinte phoiblí agus ar an ngeilleagar. Ar dtús, tá na buntáistí a mbeadh súil leo ón laghdú ar mhinicíocht na ngalar. Tríd is tríd, is fearr a spriocdhíreofaí acmhainní de réir riosca, rud a choigleodh am agus airgead. D’fhorbrófaí straitéis leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as vacsaíní agus d'fhéadfadh tionchar dearfach eacnamaíoch a bheith i gceist leis an rogha seo maidir le minicíocht na ngalar ainmhithe a laghdú agus na himpleachtaí dearfacha uile a bhaineann leis sin.

38. Gan amhras bheadh tionchar áirithe i dtosach báire ag an ngá teacht i dtaithí ar an gcreat nua reachtaíochta i gcás feirmeoirí agus coimeádaithe eile ainmhithe, chomh maith le húdaráis inniúla. Mar sin féin, is é is aidhm don tionscnamh seo an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú, agus meastar go mbeadh aon ualach a chruthófaí an-teoranta, agus go dtabharfaí isteach maoluithe nuair is cuí. I gcás bearta nua a thabhairt isteach, mar shampla le haghaidh bithshlándála, bheadh siad bunaithe ar fhéidearthachtaí agus dreasachtaí chun feabhsú a thabhairt, agus ní ar bhearta éigeantacha. Ciallaíonn sé seo mar shampla gur rogha an fheirmeora nó an oibreora a bheadh ann buntáistí dearfacha (sláinte eacnamaíoch agus ainmhithe) a chruthú ach teacht i dtaithí ar an gcreat agus é a chur chun feidhme. Mar gheall ar nádúr na ngalar ainmhithe féin, is nós imeachta caighdeánach cheana féin é uasdátú rialta ar na rialacha bailí; dá bhrí sin, is dócha go ndéanfaí na costais aonuaire as teacht i dtaithí ar an gcreat a chomhtháthú sna gnáthchostais ghnó. San fhadtéarma, ba cheart go rachadh creat atá níos simplithe, níos straitéisí agus níos comhtháite chun tairbhe do chách, agus go háirithe, dóibh siúd a bheidh ag cur eolais ar a n-oibleagáidí den chéad uair (mar shampla feirmeoirí nuabhunaithe).

39. Tríd is tríd agus san fhadtéarma, is cothrom glacadh leis gur lú an t-ualach riaracháin a chuirfeadh creat simplithe, solúbtha, toradhbhunaithe ar earnáil na feirmeoireachta, ar thionscail ghaolmhara agus ar choimeádaithe ainmhithe ná creat saintreorach rogha 5. Sin toisc go bhfágann a sholúbthacht bhunúsach go bhféadfaí oibleagáidí agus ceanglais a chur in oiriúint do chúinsí náisiúnta nó réigiúnacha, maoluithe a thabhairt isteach le haghaidh cásanna ísealriosca nuair is cuí, agus a chur ar chumas na mBallstát aon oibleagáidí riaracháin atá ann a chur in oiriúint dá bhfuil dianriachtanach de réir measúnaithe réasúnta riosca.

40. Tá trí shampla ann a rabhthas den tuairim gur cheart anailís níos mine a dhéanamh orthu: bithshlándáil, trádáil agus vacsaíniú, atá leagtha amach i dtéacs na tuarascála agus níos mine fós sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an tuarascáil seo. I dTábla 5.2 den phríomhthuarascáil tugtar sampla den tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar an ualach riaracháin.

41. Mar a luadh thuas, ba chóir go mbeadh tionchar sóisialta cuibheasach dearfach le sonrú i dtaobh sholúbthacht an mhargaidh saothair tréidliachta agus go háirithe, bheadh roinnt buntáistí le fáil ón gcaighdeán céanna sábháilteachta ainmhithe agus táirgí ainmhithe a bhaint amach.

42. Ag glacadh leis go dtiocfadh laghdú ar ráigeanna galair ainmhithe, is féidir linn roinnt tionchair dhearfaigh eile ó thaobh an chomhshaoil de a eachtarshuíomh. Bíonn tionchar diúltach ar fhiadhúlra ag galair ainmhithe a fhaightear in ainmhithe coinnithe (mar shampla an fliú éanúil – ní éin fhiáine amháin a scaipeann an galar seo i measc éanlaithe clóis, ach scaipeann éanlaith chlóis é freisin). Dá bhrí sin, dá laghdófaí a minicíocht, ba cheart go mbeadh tionchar dearfach le sonrú ar fhiadhúlra.

Rogha 5 – creat ginearálta saintreorach reachtaíochta do cheisteanna sláinte ainmhithe

43. Is dócha go gcruthódh rogha 5 laghdú suntasach ar ghalair ainmhithe san AE, maille leis na buntáistí uile eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a ndearnadh mionanailís orthu sa tuarascáil. Is dócha go mbeadh ualach suntasach riaracháin le rogha 5, ámh. Ina theannta sin, is dócha gur thapa i bhfad a rachadh rialacha saintreoracha i léig i ngeall ar athruithe comhshaoil agus teicneolaíochta.

44. Ba chóir go gcruthódh rogha 5 laghdú ar ghalair ainmhithe, ach is deacair a dhearbhú le haon mhuinín gur fearr nó gur measa an éifeacht má cheanglaítear na caighdeáin chéanna gach áit, mar atá i rogha 5, ná le cur chuige dea-chomhlíonta bunaithe ar riosca, mar atá i rogha 4. Braitheann sé ar leibhéal na n-acmhainní a chuirfear i bhfeidhm agus na gcaighdeán a leagfar síos. D'fhéadfaí a dhearbhú gur mó an tairbhe a bheadh ag dea-chur i bhfeidhm acmhainní, bunaithe ar rioscaí (ag glacadh leis gurb ionann leibhéal na n-acmhainní a chuirfí ar fáil do gach rogha) ná caighdeán aonfhoirmeach a chuirfí i bhfeidhm gach áit.

45. D'fhéadfadh an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a bheith an-mhór leis an rogha seo. Bhraithfeadh méid an ualaigh ar an tslí a chuirfí i bhfeidhm é, ach dá mbeadh ceanglais ar na Ballstáit oiliúint a chur ar choimeádaithe ainmhithe, chomh maith le bearta nua sláinte ainmhithe a fhorbairt, a riaradh agus a fhorfheidhmiú i réimsí na bithshlándála agus an fhaireachais, bheadh na hualaí an-suntasach ar fad.

46. Leagfaidh an creat reachtach saintreorach amach an t-eolas agus na scileanna nach mór a bhaint amach i gcáilíochtaí gairmiúla agus in oiliúint do thréidlianna oifigiúla agus formheasta ag leibhéal an AE. Má chinntítear go mbeidh an t-eolas agus na scileanna céanna ag tréidlianna ar fud an AE, is fusa a bheidh sé do thréidlianna oifigiúla agus formheasta a bheith ag obair i mBallstáit eile gan cur isteach ar chaighdeáin sláinte.

47. Ba chóir gur tionchar dearfach ar an gcomhshaol den chuid is mó a leanfadh cur chun feidhme rogha 5, tionchar an-chosúil lena bhfuil leagtha amach i rogha 4. Ar thaobh amháin, d'fhéadfaí bheith ag súil leis gur tionchar níos dearfaí ar an gcomhshaol, den chineál atá leagtha amach i rogha 4, a leanfadh de na gníomhaíochtaí saintreoracha. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go gciallódh dolúbthacht bhreise rogha 5 gur lú a d’fhéadfaí bearta a chur in oiriúint do chúinsí timpeallachta ar leith, rud a chruthódh tionchar diúltach ar an gcomhshaol, agus ar leasanna, b'fhéidir. Tá sé an-deacair an chaoi a n-athródh an cás amach anseo a mheas, gan trácht ar an tionchar a mbeadh súil leis a chainníochtú.

6.     Comparáid idir na Roghanna

48. Tríd is tríd, is cosúil gurb í rogha 4 an rogha is dóichí a thabharfadh leibhéal maith éifeachtachta, éifeachtúlachta agus comhsheasmhachta le cuspóirí an AE. Ba chóir go mbainfeadh sí amach na príomhchuspóirí maidir le soiléire agus comhchuibheas na straitéise agus an chreata fhoriomláin, ach go bhfágfadh sí solúbthacht áirithe do dhálaí éagsúla na mBallstát nó limistéar áirithe, agus le dul in oiriúint do chúinsí a athraíonn go tapa. Dá bhrí sin, ise chomh maith an rogha is fearr a urramaíonn prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Roghanna 2 nó 3, bíodh go dtabharfadh siad breis leanúnachais leis an gomhthéacs reatha, níl aon ráthaíocht ar thorthaí dearfacha iontu, agus ní thiocfadh deireadh leis an mearbhall reachtaíochta atá ann cheana. Chloífeadh rogha 5 le cuspóir na simplíochta trí straitéis agus creat uileghabhálach a chruthú, ach is dócha í a bheith ródhocht le go bhféadfaí an creat a chur in oiriúint do chúinsí éagsúla ar fud an Aontais, agus d'fhéadfadh an rogha sin an bonn a bhaint dá cuspóirí féin.

49. Is í an tsolúbthacht an tairbhe is mó i rogha 4. Mar a luadh cheana, ciallaíonn nádúr an chreata uileghabhálaigh gur féidir le bearta áirithe sonracha beartais na huirlisí atá mínithe go ginearálta i roghanna 3 nó 5 a úsáid. D'fhéadfaí uirlisí rogha 3 (roinnt scéimeanna nó gnéithe féinrialála) a thabhairt isteach nó a spreagadh dá mba rud é go measfaí é a bheith neamhriachtanach nó neamhchuí ceist ar leith a chumhdach sa reachtaíocht. An creat saintreorach reachtaíochta a bhfuil cur síos air i rogha 5, d'fhéadfaí é a thabhairt isteach do cheisteanna, do speicis nó do galair áirithe faoi reachtaíocht tharmligthe nó cur chun feidhme faoin gcreat solúbtha reachtaíochta dá mba ghá nó dá mba chuí bearta níos mionsonraithe a thabhairt isteach.

Tábla 6.1: Comparáid idir Roghanna 3-5

Cuspóirí || Rogha 3 || Rogha 4 || Rogha 5

Éifeachtacht || Tá raon éagsúil torthaí ag rogha 3: ó gan aon athrú i gcomparáid leis an mbonnlíne, go córas féinrialála réasúnta suntasach. Dá bhrí sin, is dóichí gur dearfach seachas diúltach a bheadh a héifeachtacht leis na cuspóirí a bhaint amach. + || Is dócha go mbeadh rogha 4 éifeachtach leis na cuspóirí sin a bhaint amach nó oibriú ina dtreo. + || Is dócha go mbeadh rogha 5 éifeachtach leis na cuspóirí sin a bhaint amach nó oibriú ina dtreo, ach b'fhéidir gur lú an seans an éifeachtacht sin a choimeád san fhadtéarma i ngeall ar an easpa solúbthachta. +

Éifeachtúlacht || Braitheann a héifeachtacht ar mhéid na n-acmhainní a dhíreofar ar chóras féinrialála a chur ar bun agus a reáchtáil. Mar sin féin, ní bheadh athrú rialála, a ghlacann am, de dhíth. +/- || Is teoranta iad na costais as teacht i dtaithí a theastódh ón gcreat solúbtha seo, mar is laistigh de líonraí oiliúna atá ann cheana féin (m.sh. BTSF, srl.) is mó a dhéanfaí sin. Is dócha gur shothuisceana agus gurbh éifeachtaí a bheadh sí san fhadtéarma do pháirtithe leasmhara, coimeádaithe ainmhithe agus Ballstáit araon. ++ || Is dócha go mbeadh ualach riaracháin níos mó le teacht i dtaithí ar an gcreat agus é a chur chun feidhme. Bíodh go dtabharfadh sé breis comhleanúnachais sa reachtaíocht agus b'fhéidir tairbhe fhoriomlán, is mó na hacmhainní a theastódh leis an reachtaíocht a athrú de réir mar a d’athródh imthosca de bharr na heaspa solúbthachta. +

Comhsheasmhacht le cuspóirí an AE || Ní chomhlíonfadh sí na cuspóirí a leagadh amach sa Straitéis um Shláinte Ainmhithe, sin an reachtaíocht uile faoi shláinte ainmhithe a thabhairt le chéile faoi chreat amháin. || Chomhlíonfadh sí na cuspóirí a leagadh amach sa Straitéis um Shláinte Ainmhithe, sin leis an reachtaíocht uile faoi shláinte ainmhithe a thabhairt le chéile i gcreat comhtháite, solúbtha amháin. Tá sí ar aon dul leis an gcur chuige solúbtha a glacadh in áiteanna eile agus is dócha go mbainfeadh sí amach na cuspóirí oibriúcháin i roinn 3. ++ || Bhainfeadh sí amach sprioc na Straitéise um Shláinte Ainmhithe, sin creat reachtach amháin, ach ciallaíonn a heaspa solúbthachta gur lú an seans go mbainfeadh sí amach roinnt de na cuspóirí oibriúcháin mar gur lú is féidir í a chur in oiriúint do chúinsí a bheidh ag athrú amach anseo. +

7.     Faireachán agus Meastóireacht

50. Cabhróidh táscairí feidhmíochta simplí iontaofa leis an dul chun cinn a thomhas. Ba chóir go gcuimseofaí idir tháscairí crua sláinte ainmhithe agus táscairí níos boige a rianaíonn muinín, ionchais agus tuiscintí na saoránach Eorpach, araon.

51. Is fíordheacair sraith táscairí beachta a leagan síos anseo, sraith a thaispeánfaidh go cinntitheach gur éirigh lena leithéid de thionscnamh fairsing amhail an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe a chuid cuspóirí a bhaint amach. Mar sin féin, ba chóir go dtabharfadh sraith tomhas thar thréimhse ama cuibheasach flaithiúil léiriú ar an treo ginearálta ina bhfuil cúrsaí ag dul.

52. Samplaí de tháscairí crua den dul chun cinn:

- an cion de chaiteachas tréidliachta an AE ar bhearta díothaithe agus faireacháin vs. bearta éigeandála;

- srianta (líon na réimsí x fad na srianta) de bharr ráigeanna galar infhógartha rialaithe;

- líon na ráigeanna galar ar scála mór agus na n-ainmhithe dealaithe de bharr bearta díothaithe;

- costais fhoriomlána agus caillteanais don AE, na Ballstáit agus feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile mar gheall ar ráigeanna galar ainmhithe;

- lastais ainmhithe a bogadh thar theorainneacha faoin gcóras simplithe;

- líon na seisiún oiliúna ar fhreastail coimeádaithe ainmhithe, go háirithe feirmeoirí, orthu.

53. Mar a luadh thuas, léargas an-ghinearálta is gá a bheith sa mheasúnú tionchair seo. Nuair a thabharfar isteach bearta sonracha reachtacha tánaisteacha, is dócha go mbeidh gá measúnuithe tionchair níos sainiúla a dhéanamh, agus mar chuid de sin, táscairí i bhfad níos sainiúla do gach beart. Meastar gur chóir go ndéanfaí meastóireacht thart ar chúig bliana tar éis an dlí i ndáil le sláinte ainmhithe a chur chun feidhme, agus cuirfear na torthaí ar fáil le cinntí a dhéanamh amach anseo.

[1]       http://ec.europa.eu/justice/index_ga.htm.

Top