EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013SC0034

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad PACÁISTE UM SHÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ AGUS UM FHAIREACHAS MARGAIDH Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí

/* SWD/2013/034 final */

52013SC0034

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad PACÁISTE UM SHÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ AGUS UM FHAIREACHAS MARGAIDH Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí /* SWD/2013/034 final */


DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

PACÁISTE UM SHÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ AGUS UM FHAIREACHAS MARGAIDH Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí

1.           Achoimre ar an tuairisc ar an bhfadhb, coimhdeacht agus na cuspóirí

1.1.        Comhthéacs an bheartais

Tá saorghluaiseacht táirgí sábháilte agus comhlíontacha ar cheann de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Tá an prionsabal seo ina cholún tábhachtach den mhargadh aonair agus ligeann sé do thomhaltóirí agus gnóthais táirgí a cheannach nó a dhíol i mBallstát eile.

Baineann an measúnú tionchair le táirgí neamhbhia monaraithe atá faoi réir rialacha comhchuibhithe de chuid an AE maidir le catagóirí áirithe táirgí, nó atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 95/2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, (an ''Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí''), agus is infheidhme maidir le táirgí tomhaltais. Tá an tsraith seo de rialacha de chuid an AE tar éis ceanglais sábháilteachta táirgí a leagan síos i leith cuid mhaith táirgí; rialaítear na catagóirí eile táirgí le forálacha saorghluaiseachta an Chonartha agus le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Le faireachas éifeachtach margaidh ba cheart go bhféadfaí táirgí atá neamhshábháilte nó díobhálach a aithint agus a choimeád siar nó a bhaint den mhargadh, agus pionós a ghearradh ar oibreoirí a bheadh gan scrupall nó coiriúil fiú. Ba cheart go mbeadh an faireachas sin ina bhac láidir freisin. I margadh aonair ina bhfuil saorghluaiseacht táirgí, caithfidh an faireachas margaidh a bheith sárchomhordaithe agus caithfidh sé a fhágáil gur féidir freagairt go mear thar limistéar ollmhór.

Níl faireachas margaidh bord ar bhord leis na hathruithe atá tagtha ar chreat rialála an Aontais, áfach. Le deich mbliana anuas tá dul chun cinn déanta le cur chun feidhme na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, Treoir a bhí le trasuí faoin 15 Eanáir 2004, agus le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh. Tá na hionstraimí dlí sin, i dteannta na rialacha um fhaireachas margaidh a bhaineann le reachtaíocht earnáil‑shonrach an Aontais um chomhchuibhiú, tá siad ina mbunús dlí ag an AE chun faireachas margaidh a dhéanamh ar gach táirge tomhaltais (comhchuibhithe agus neamh‑chomhchuibhithe) agus ar gach táirge comhchuibhithe (do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí gairmiúla). Tá na rialacha um fhaireachas margaidh ilroinnte, áfach, agus scaipthe thar ghníomhartha éagsúla de reachtaíocht an Aontais (Rialachán (CE) Uimh.765/2008, an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí agus reachtaíocht earnáil‑shonrach an Aontais um chomhchuibhiú) rud a chuireann mearbhall ar oibreoirí agus ar údaráis náisiúnta araon de.

Leagan amach rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht ghinearálta comhlíontacht táirgí

Táirgí || Táirgí tomhaltais || Táirgí gairmiúla

Comhchuibhithe || Treoracha agus na Rialacháin earnáil‑shonracha agus An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí || Na Treoracha agus na Rialacháin earnáil-sonracha

Neamh‑chomhchuibhithe || An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí || Rialacha náisiúnta maidir le sábháilteacht táirgí atá faoi réir 'Rialacháin an Aitheantais Fhrithpháirtigh' Airteagail 34-36 CFAE

Tá an tionscnamh seo ar cheann de mhórghníomhaíochtaí an Chláir Oibre um Thomhaltóirí[1] an Ghnímh um an Margadh Aonair II[2], ar ghlac an Coimisiún leo in 2012.

1.2.        Sainiú na faidhbe – táirgí neamhshábháilte agus neamh-chomhlíontacha sa mhargadh aonair

Tá an margadh inmheánach do tháirgí ollmhór. In 2010, sa trádáil laistigh den AE, b'fhiú geall le EUR 1 trilliún táirgí tomhaltais, idir chomhchuibhithe agus neamh‑chomhchuibhithe. Meastar gur fiú EUR 2 100 billiún ar a laghad luach na n‑earnálacha comhchuibhithe san AE-27 (lena n-áirítear táirgí tomhaltais agus táirgí gairmiúla araon).

Ba cheart margadh inmheánach an AE a bheith ina mhargadh sábháilte ina bhfuil táirgí sábháilte ag saorghluaiseacht. D'fhonn prionsabal na saorghluaiseachta i réimse na sábháilteachta táirgí a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ní foláir an measúnú ar shábháilteacht an táirge a dhéanamh sa tslí chéanna i ngach Ballstát lena chinneadh an bhfanfaidh sé ar an margadh nó nach bhfanfaidh. Ba cheart saorghluaiseacht táirgí sábháilte a chur chun cinn agus táirgí neamhshábhailte a aimsiú go héifeachtach agus a bhaint de mhargadh aonair an AE.

1.2.1.     Fadhb 1: Deacrachtaí i ndáil le ceanglais sábháilteachta táirgí an AE a chomhlíonadh

Is minic a bhíonn sé deacair d'oibreoirí eacnamaíocha ceanglais sábháilteachta tháirgí an AE a chomhlíonadh toisc nach mbíonn, de ghnáth, na ceanglais a bhaineann le táirgí 'neamh‑chomhchuibhithe', mar a thugtar orthu, ag teacht le ceanglais na dtáirgí comhchuibhithe. Ina theannta sin, sa réimse neamh‑chomhchuibhithe, is minic a bhíonn ceanglais sábháilteachta an AE débhríoch agus nach mbíonn tagarmharcanna mionsonraithe le haghaidh meastóireachta sábháilteachta ann ina leith, agus ar an taobh eile de, sa réimse comhchuibhithe, déanann sraitheanna éagsúla forluiteacha de shábháilteacht táirgí an bonn a bhaint den deimhneacht dhlíthiúil.

Ní amháin go gcuireann táirgí neamhshábháilte agus neamh-chomhlíontacha tomhaltóirí agus úsáideoirí eile i mbaol, baineann iarmhairtí tábhachtacha eacnamaíocha leo freisin: leanann iomaíocht éagórach iad. Is féidir le hoibreoirí nach gcloíonn leis na rialacha airgead nach beag a shábháil ar na costais a bhaineann le comhlíonadh. Dá bharr sin is féidir leo a dtáirgí a thairiscint ar phraghas níos ísle ná an praghas a bheadh ag a n-iomaitheoirí a chloíonn leis an dlí. Sna hearnálacha sin ina bhfuil géariomaíocht ó tháirgí ar phraghas íseal a allmhairítear, tá an Eoraip faoi mhíbhuntáiste. Ciallaíonn sin go ngearrtar píonós ar an monaróir atá géilliúil don dlí toisc go mbíonn sé ina mhíbhuntáiste iomaíochta cloí leis na rialacha. Agus domhandú na trádála ag éirí níos géire, tá an imní a bhaineann le fadhb na dtáirgí neamhshábháilte neamh‑chomhlíontacha ag dul i méid maidir leis na tairgí sin a allmhairítear ó thríú tíortha (ach ní na táirgí sin amháin).

1.2.2.     Fadhb 2: Tá faireachas margaidh maidir le táirgí atá laistigh den mhargadh aonair ilroinnte

In ainneoin caighdeáin sábháilteachta agus ceanglais eile a bhaineann le táirgí (e.g. iad sin a bhaineann leis an gcomhshaol) a bheith comhchuibhithe ar fud an Aontais, agus in ainneoin go leor táirgí a bheith á margú go rialta i níos mó na aon Bhallstát amháin, is amhlaidh a rialaítear an Margadh Aonair trí 27 córas forghníomhaithe ar leith.

An faireachas margaidh gan a bheith ag feidhmiú go héifeachtach laistigh den Aontas Eorpach, sin ceann de na príomhchúiseanna le líon mór táirgí neamh‑chomhlíontacha a bheith ar an margadh. Is iad seo a leanas na príomhchúiseanna leis an bhfaireachas sábháilteachta i margaidh aonair an AE a bheith neamhéifeachtach neamhéifeachtúil: comhordú lag ag údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát éagsúla; drochfheidhmiú nósanna imeachta an AE i dtaca le malartú eolais faoi chontúirtí a bhaineann le táirgí; agus gníomhaíocht um shábháilteacht táirgí a bheith á bhforghníomhú go míréireach ar fud an AE.

Nuair a bhíonn gníomhaíocht ag teastáil thar an teorainn, ní foláir do na húdaráis brath ar a gcomhghleacaithe sna Ballstáit eile. Murab ionann is réimsí eile, áfach, cuir i gcás an Rialachán maidir le Comhar um Chosaint Tomhaltóirí nó an Rialachán maidir le Seirbhísí, sa réimse sábháilteachta táirgí, ní fhaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh aon leas as na nósanna imeachta i dtaca le bhforghníomhú trasteorann éifeachtach. Dá bhrí sin, cuirtear go leor acmhainní amú agus cailltear sineirgíochtaí tábhachtacha.

1.3.        Ceart gníomhaithe an AE

Is éacht de chuid Aontas na hEorpa é an margadh aonair do tháirgí. Ach le deireadh na dteorainneacha náisiúnta i ndáil le táirgí tomhaltais agus táirgí eile cruthaítear go leor deiseanna do thrádálaithe ar bheagán scrupall nach gcuireann na rialacha maidir le sábháilteacht tomhaltóirí i bhfeidhm nó a dhiúltaíonn reachtaíocht an AE maidir le táirgí a chur chun feidhme. Tá sé de cheart mar sin ag an AE gníomhú de bhun Airteagal 114 den CFAE chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair do tháirgí tomhaltais a áirithiú agus chun éifeachtúlacht an fhaireachais mhargaidh trasteorann a mhéadú. Cuireann Airteagal 168(1) agus Airteagal 169(1) den CFAE leis an gceart gníomhaithe sin. Sonraítear sa chéad Airteagal acu sin go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus gach beart agus gach gníomhaíocht de chuid an Aontais á sainiú agus fhorghníomhú; sa dara hAirteagal, foráiltear, d'fhonn leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta a áirithiú dóibh, go rannchuideoidh an tAontas, chomh maith le gníomhaithe eile, le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint.

In ainneoin margadh aonair an AE a bheith ann, is faoi na Ballstáit atá sé ceanglais sábháilteachta táirgí a fhorghníomhú. De réir phrionsabal na coimhdeachta is faoi na Ballstáit atá sé caingne a thionscnamh i gcoinne táirgí contúirteacha. Mar sin féin, tá éagsúlacht mhór sa tslí a oibrítear agus eagraítear an faireachas margaidh ó Bhallstát go chéile.

I gcomhthéacs ina bhfuil deireadh ar fad, geall leis, le rialuithe ar theorainneacha náisiúnta, tagann fadhbanna as faireachas margaidh a bheith á dhéanamh ar shlite difriúla ar an leibhéal náisiúnta. Lena áirithiú nach mbíonn ach táirgí sábháilte agus comhlíontacha ar an margadh, bíonn gach Ballstát ag brath ar fhaireachas margaidh a chomharsan. Fágann sin gur féidir laigí sa tslí a ndéantar faireachas margaidh i mBallstát amháin an bonn a bhaint de na hiarrachtaí a dhéantar i mBallstáit eile. Tugann sin údar don AE aghaidh a thabhairt ar an gceist seo.

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí ginearálta beartais

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí eile trí líon na dtáirgí neamhshábháilte nó neamh-chomhlíontacha atá ar an margadh a laghdú.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha beartais

· Ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí an AE a chomhdhlúthú agus a athneartú;

· Feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh i margadh aonair an AE do tháirgí agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú;

· Creat reachtach an AE a shimpliú.

1.4.3.     Cuspóirí beartais oibríochtúla

· Comhchuibheas cheanglais an AE maidir le sábháilteacht táirgí a áirithiú;

· Laghdú ar an débhríocht a bhaineann le ceanglais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe;

· Sásraí comhair an AE a atreisiú;

· Nósanna imeachta sábháilteachta táirgí an AE a dhéanamh níos comhleanúnaí;

· Gníomhaíocht níos éifeachtaí um shábháilteacht táirgí ar fud an AE.

2.           Roghanna Beartais

D'ullmhaigh an Coimisiún na roghanna beartas sin i ndlúthchomhar leis na grúpaí geallsealbhóirí uile. Scriosadh roinnt roghanna beartas go luath, áfach, lena n‑áirítear sábháilteacht seirbhísí a rialú, ceanglais maidir le sábháilteachta táirgí gairmiúla neamh‑chomhchuibhithe a ghlacadh[3], rialacha sonracha a ghlacadh maidir le táirgí a mhargaítear tríd an idirlíon agus an ceanglas ginearálta nach foláir gach táirge tomhaltais a bheith sábháilte a scrios.

2.1 Cuspóir beartais sonrach 1: Rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a atreisiú

2.1.1.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Comhleanúnachas cheanglais an AE maidir le sábháilteacht táirgí a áirithiú;

Rogha 1.A – An Cás Bunlíne: Na difríochtaí idir na ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais agus na ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí comhchuibhithe a chaomhnú

Rogha 1.B – Na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí tomhaltais agus na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí comhchuibhithe a ailíniú

Rogha1.C – Na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí tomhaltais gan a bheith sainithe chomh beacht céanna leis na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí comhchuibhithe.

Rogha1.D – Na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí tomhaltais a bheith sainithe níos beaichte ná na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí céanna.

2.1.2.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Laghdú ar an débhríocht a bhaineann le ceanglais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe

Rogha 2.A – An Cás Bunlíne: Nósanna imeachta réamhchaighdeánaithe i ndáil le táirgí neamh‑chomhchuibhithe tomhaltais a bheith ann nach bhfuil ailínithe leis an gcóras Eorpach nua caighdeánaithe

Rogha 2.B – Infheidhmeacht dhíreach ceanglas sábháilteachta ad hoc

Rogha 2.C – Deireadh a chur le glacadh foirmiúil ceanglas sábháilteachta neamhcheangailteacha ad hoc (ailíniú leis an gcóras Eorpach nua caighdeánaithe)

Rogha 2.D – Nós imeachta mear chun caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a ghlacadh, gan sainorduithe

2.2.        Cuspóir beartais sonrach 2: Feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh i margadh aonair an AE do tháirgí agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú

2.2.1.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Sásraí comhair an AE a dhaingniú

Rogha 3.A – An Cás Bunlíne: an status quo a chaomhnú go príomha trí fhaireachas margaidh a chomhordú go deonach

Rogha 3.B - Forghníomhú beart trasteorann a chomhordú a bhí mar thoradh ar fhaireachas margaidh a rinneadh go praiticiúil.

Rogha 3.C – Cuíchóiriú iomlán a dhéanamh ar chomhordú gníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh

Rogha 3.D – Faireachas margaidh an AE i réimse na dtáirgí neamhbhia a lárú (gníomhaireacht an AE um fhaireachas margaidh)

2.2.2.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Nósanna imeachta sábháilteachta táirgí an AE a dhéanamh níos comhleanúnaí

Rogha 4.A – An Cás Bunlíne: Na fógraí comhthreomhara a thugtar faoin nós imeachta RAPEX agus faoin nós imeachta sábháilteachta a chaomhnú

Rogha 4.B – Nós imeachta RAPEX a shimpliú

Rogha 4.C – Nós imeachta RAPEX a shimpliú agus é a chuíchóiriú i leith an nós imeachta sábháilteachta

2.2.3.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Gníomhaíochtaí níos éifeachtaí um shábháilteacht táirgí ar fud an AE

Rogha 5.A – An Cás Bunlíne: Gníomhaíocht um shábháilteacht táirgí ar fud na hEorpa a leanúint de bheith infheidhme go hindíreach go ceann aon bhliain amháin

Rogha 5.B – Raon feidhme na gníomhaíochta um shábháilteacht táirgí ar fud na hEorpa a leathnú chun táirgí comhchuibhithe nach táirgí tomhaltais iad a chumhdach.

Rogha 5.C – Gníomhaíocht um shábháilteacht táirgí ar fud na hEorpa a bheith infheidhme go díreach

Rogha 5.D – Deireadh a chur le bailíocht theoranta beart um shábháilteacht táirgí ar fud na hEorpa

Rogha 5.E – Meascán de roghanna 5.B, 5.C agus 5.D

2.3.        Cuspóir beartais sonrach 3: Creat reachtach an AE a shimpliú

Cuireann an cuspóir an creat reachtach maidir le sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh a shimpliú, cuireann sé leis an dá shainchuspóir beartais eile. Áirítear sa simpliú (1) na rialacha um fhaireachas margaidh ó ghníomhartha éagsúla reachtaíochta a thabhairt le chéile in aon rialachán cothrománach amháin um fhaireachas margaidh, (2) rialachán a dhéanamh den Treoir athbhreithnithe maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí agus (3) Treoir 87/357/CEE a aisghairm agus an coincheap a ghabhann leis, i.e. nach féidir le táirgí nach fíorbhia iad, sláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí a chur i mbaol, a aistriú go dtí an Rialachán nua maidir le Sábháilteacht Táirgí Tomhaltais a chuirfear in ionad na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí.

3.           Anailís ar iarmhairtí agus comparáid idir na roghanna beartas atÁ beartaithe

Toisc easpa staidrimh iontaofa nó fiú meastúcháin a bheith ann maidir leis an líon de tháirgí tomhaltais neamhshábháilte agus neamh-chomhchuibhithe, agus toisc líon na dtáirgí neamh-chomhlíontacha comhchuibhithe, is measúnú cáilíochtúil, go príomha, an measúnú ar na roghanna.

3.1.        Cuspóir beartais sonrach 1: Comhdhlúthú agus atreisiú rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí

3.1.1.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Féachaint chuige go bhfuil rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí comhleanúnach

Chun an t-ardleibhéal cosanta céanna ar tháirgí neamhshábháilte ar fud an AE a thabhairt do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí eile, agus chun bacainní ar mhargadh inmheánach an AE a chosc, ní foláir rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí a bheith soiléir agus comhoiriúnach i ngach earnáil táirgí.

Comparáid idir na roghanna agus an cás bunlíne

Roghanna Saincheisteanna || Rogha 1.B || Rogha 1.C || Rogha 1.D

Sábháilteacht tomhaltóirí || ++ || - || ++

Soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil || ++ || + || -

Éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhaireachais margaidh || ++ || -- || +

Comparáid idir an t-athrú ar chostais na n-oibreoirí eacnamaíocha agus an cás bunlíne

Roghanna Cineálacha costais || Rogha 1.B || Rogha 1.C || Rogha 1.D

Costais taighde faisnéise/ costais dlí || Laghdú || Mionlaghdú || 0

Costais táirgeachta || 0* || 0 || Méadú

*mionmhéadú ach amháin i gcás grúpa an-bheag táirgeoirí

Rogha na tosaíochta: Rogha 1.B – Na ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais agus na ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí comhchuibhithe a ailíniú

3.1.2.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Laghdú ar an débhríocht a bhaineann le ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe

Roghanna beartas arb é is aidhm leo an débhríocht a bhaineann le ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe a laghdú, rinneadh measúnú orthu ar bhonn na héascaíochta a dhéanfaidís d'fhorbairt caighdeán Eorpach faoi na rialacha ginearálta maidir le sábháilteacht táirgí, ar bhonn chomhleanúnachas na nósanna imeachta leis an gcóras ginearálta de réir Rialachán um Chaighdeánú (AE) Uimh. 1025/2012 nua agus ar bhonn na gcostas a chuirfidís ar an riarachán poiblí.

I ndáil le tráthúlacht agus ualach riaracháin níos lú, meastar go bhfuil Roghanna 2.C agus 2.D chun tosaigh ar Rogha 2.B. Ó thaobh Rogha 2.C agus Rogha 2.D, maidir le critéar chomhleanúnachas na nósanna imeachta chun caighdeáin a iarraidh, tá Rogha 2.C chun tosaigh ar Rogha 2.D.

Comparáid idir na roghanna agus na critéir réamhshainithe

Roghanna Critéir || Rogha 2.B || Rogha 2.C || Rogha 2.D

Luas || - || + || ++

Comhleanúnachas || - || + || -

Costais ar údaráis (lena n‑áirítear údaráis agus an AE) || Gan athrú || Laghdú || Laghdú

Rogha na tosaíochta: Rogha 2.C – Deireadh a chur le glacadh foirmiúil na gceanglas sábháilteachta neamhcheangailteacha ad hoc (ailíniú leis an gcóras Eorpach nua caighdeánaithe)

3.2.        Cuspóir beartais sonrach 2: Feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh i margadh aonair an AE do tháirgí agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú

3.2.1.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Sásraí comhair an AE a athneartú

Rinneadh measúnú ar thionchar na roghanna beartas éagsúla agus comparáid eatarthu ar bhonn éifeachtacht agus le héifeachtúlacht an fhaireachais margaidh a thiocfadh astu, i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil agus an aidhm faireachas margaidh réidh do mhargadh aonair an AE a áirithiú.

Murab ionann is Rogha 3.B agus Rogha 3.C, a bhfuil sé d'aidhm acu níos mó a bhaint amach leis na hacmhainní céanna, is dócha go dtiocfadh níos mó buntáistí do mhargadh aonair an AE agus do shábháilteacht tomhaltóirí as Rogha 3.D, ach bheadh gá le hinfheistíocht shubstaintiúil chun creat láraithe de chuid an AE a thógáil le haghaidh an fhaireachais mhargaidh i réimse na dtáirgí neamhbhia. Mar sin féin, fiú faoi Rogha 3.D, ní fhéadfaí ach roinnt gníomhaíochtaí a aistriú go leibhéal láir an AE (e.g. na hiniúchtaí ar chórais, athbhreithnithe piaraí ar chomh maith is atá na húdaráis faireachais sna Ballstáit ag feidhmiú, monatóireacht ar an gcomhardú idir údaráis forghníomhaithe agus pointí teagmhála náisiúnta RAPEX). Os a choinne sin, níorbh fholáir bunghníomhíochtaí an fhaireachais mhargaidh a fhágáil ar an leibhéal náisiúnta, bunghníomhaíochtaí amhail iniúchadh ar an láthair ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí, táirgí a thástáil, measúnú tionchair agus bainistiú riosca.

Dealraíonn sé mar sin gurb í Rogha 3.C an rogha is iomchuí chun an cuspóir a chomhlíonadh, is é sin creat comhleanúnach réidh le haghaidh an fhaireachais mhargaidh díláraithe do mhargadh aonair an AE a chur ar bun. Ó thaobh na mbuntáistí de, is fearr go mór Rogha 3.B, cé go bhféadfadh sé bheith níos laige ná Rogha 3.D; ó thaobh costas de is ionann í agus Rogha 3.B, ach is fearr í na Rogha 3.D.

Comparáid idir na roghanna agus an cás bunlíne

Roghanna Saincheisteanna || Rogha 3.B || Rogha 3.C || Rogha 3.D

Sábháilteacht tomhaltóirí || + || ++ || ++

Iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha comhlíontacha || + || ++ || ++

Éifeachtacht faireachais mhargaidh || + || ++ || +++

Éifeachtúileacht faireachais mhargaidh || + || ++ || +

Ionchas an chomhchuibhis ar cur chuige forghníomhaithe ar an margadh inmheánach || + || ++ || +++

Comparáid idir an t-athrú ar chostais na n-oibreoirí eacnamaíocha agus an cás bunlíne

Roghanna Cineálacha costais || Rogha 3.B || Rogha 3.C || Rogha 3.D

Costais ar na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh || Mionmhéadú || Mionmhéadú || Méadú

Costais ar an AE || Mionmhéadú || Mionmhéadú || Mórmhéadú

Rogha na tosaíochta: Rogha 3.C – Cuíchóiriú ó bhun a dhéanamh ar chomhordú an fhaireachais margaidh díláraithe ar mhargadh aonair an AE.

3.2.2.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Nósanna imeachta sábháilteachta táirgí an AE a dhéanamh níos chomhleanúnaí

Rinneadh measúnú ar na roghanna agus comparáid eatarthu ar bhonn éifeachtachta chun táirgí contúirteacha a lorg agus ar bhonn éifeachtúlachta chun nósanna imeachta fógra an AE do Bhallstáit agus don Choimisiún a bhainistiú.

Ní dhíothódh ná ní mhaolódh Rogha 4.A aon easnamh atá ar na nósanna imeachta fógra atá ann cheana agus ní iomchuí é dá bhrí sin chun an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú. Bheadh Rogha 4.B agus le Rogha 4.C araon ina slí éifeachtúil chun táirgí neamhshábháilte a lorg ar mhargadh inmheánach an AE toisc go bhfágfaidís go simpleofaí an nós imeachta fógra RAPEX agus go ngnóthófaí an cuspóir feabhas a chur ar fheidhmiú na nósanna imeachta foláirimh i dtaca le táirgí neamhbhia contúirteacha. Dealraíonn Rogha 4.C a bheith níos fearr ná Rogha 4.B toisc go mbeadh an de bhuntáiste breise aici go gcuíchóireodh sí nósanna imeachta éagsúla agus go mbeadh a gcur i bhfeidhm níos fusa dá bharr.

Comparáid idir an t-athrú agus an cás bunlíne, maidir le húdaráis phoiblí

Roghanna Critéir || Rogha 4.B || Rogha 4.C

Éifeachtacht chun táirgí neamhshábháilte a lorg || Méadú || Méadú

Costais ar údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh || Mionlaghdú || Laghdú

Costais ar an AE || 0 || Laghdú

Rogha na tosaíochta: Rogha 4.C – Nós imeachta RAPEX a shimpliú agus é a chuíchóiriú i leith an nós imeachta sábháilteachta

3.2.3.     Cuspóir beartais oibríochtúil: Gníomhaíocht níos éifeachtaí um shábháilteacht táirgí ar fud an AE

D'fhonn an cuspóir gníomhaíocht ar leibhéal an AE in aghaidh táirgí lena ngabhann priacal a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe i gcásanna ina dteipeann ar bheart aonair ag Ballstát freagairt chomhtháite a thabhairt, ní foláir bearta an AE i dtaca le sábháilteacht táirgí a bheith tráthúil, intuartha agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh.

Is í an tslí is fearr freagairt thráthúil a thabhairt ar shaincheisteanna sábháilteachta ar bhealach éifeachtach intuartha chun bearta an AE i dtaca le sábháilteacht táirgí a bheith infheidhme go díreach agus na bearta sin a ghlacadh ar feadh tréimhse a bheadh sonraithe ar bhonn gach cáis ar leith nó gan teorainn a bheith lena mbailíocht. D'fhéadfaí bearta an AE i dtaca le sábháilteacht táirgí a bheith infheidhme go díreach ionas go bhféadfadh údaráis um fhaireachas margaidh bearta forghníomhúcháin a ghlacadh gan a thuilleadh moille ná neamhchinnteachta a bhainfeadh le trasuí sa reachtaíocht náisiúnta i ngach Ballstát ar leith.

Comparáid idir Rogha 5.B, Rogha 5.C agus Rogha 5.D in aghaidh critéar réamhshainithe

Roghanna Critéir || Rogha 5.B || Rogha 5.C || Rogha 5.D || Rogha 5.E

Luas || 0 || + || + || ++

Intuarthacht || 0 || 0 || + || ++

Cur i bhfeidhm éifeachtach || + || ++ || 0 || +++

Rogha na tosaíochta: Rogha 5.E – Meascán de roghanna 5.B, 5.C agus 5.D

4.           Foirm na nIONSTRAIMÍ REACHTACHA

Moltar na roghanna tofa a chur i bhfeidhm le dhá ionstraim reachtach ar leith:

D'fhéadfaí Fadhb 1 a réiteach ach Rialachán maidir le Sábháilteacht Táirgí Tomhaltais a ghlacadh a chuirfear in ionad na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, rud a choinneodh an ceanglas ginearálta nach foláir gach táirge tomhaltais a bheith sábháilte agus, i ndáil le hoibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, a ailíniú le forálacha Iarscríbhinn 1 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE[4] D'fhéadfaí Fadhb 2 a réiteach le Rialachán nua maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a bheadh ina phríomhionstraim le haghaidh faireachais margaidh sa réimse táirgí neamhbhia. Na forálacha maidir le faireachas margaidh atá sa reachtaíocht maidir le margadh inmheánach an AE, agus atá scaipthe thar go leor reachtaíochta earnáil-shonrach an AE, i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus sa Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, chuirfí ina n‑ionad forálacha an Rialacháin nua.

Le Rialachán a bheadh infheidhme go díreach i ngach Ballstát ghnóthófaí ardleibhéal comhchuibhithe ar na rialacha maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus faireachas margaidh. Leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí Tomhaltais leagfaí síos oibleagáidí a bheadh infhorghníomhaithe go díreach ar oibreoirí eacnamaíocha (rud a chruthódh cothroime iomaíochta do gach oibreoir) agus a thabharfadh de chumhacht d'údaráis um fhaireachas margaidh gníomhú láithreach i gcás táirgí tomhaltais neamhshábhailte nó neamh‑chomhlíontachta agus gan aon ghá a bheith ann na rialacha seo a thrasuí i ndlíthe na mBallstát.

5.           Faireachán agus meastóireacht

Anuas ar an meastóireacht ar ionstraimí reachtacha cúig bliana tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, déanfar an mhonatóireacht ar chur i bhfeidhm rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí tríd an eolas iomchuí a bhailiú (i) ó shuirbhéanna Eorabharaiméadair maidir le sábháilteacht tomhaltóirí, (ii) ón gcóras faisnéise GRAS-RAPEX, (iii) ón gcóras tacaíochta faisnéise ginearálta (ICSMS) agus (iv) ó mhonatóireacht na dTáscairí Forgníomhaithe a dhéanann suirbhé ar pharaiméadar áirithe den bhfaireachas margaidh a dhéantar sna Ballstáit.

Le suirbhéanna Eorabharaiméadair is féidir tuiscint tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha i leith sábháilteachta táirgí ar an margadh a thomhas. Tá an tuiscint sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a d'ardaigh nó nár ardaigh an tionscnamh leibhéal sábháilteachta táirgí tomhaltais nó muinín tomhaltóirí sa mhargadh agus sa chreat rialála.

Maidir le costais chomhlíonta ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú agus gnóthachain sochair de bharr iomaíochta níos cothroime agus díothú na ngníomhairí margaidh neamh-chomhlíontacha, d'fhéadfaí staidéir ad‑hoc a dhéanamh, go háirithe, ag an tionscal, chun an tionchar a bheidh orthu ag an reachtaíocht amach anseo a mheas.

Ar deireadh, le gníomhaíocht monatóireachta na dTáscairí Forghníomhaithe agus na sonraí arna bhfógairt agus arna malartú trí na córais TF a fhorbrófar a thuilleadh leis an reachtaíocht nua, d'fhéadfaí a léiriú go bhfuil feabhas ar chomhordú agus éifeachtacht gníomhaíochtaí faireachais sa mhargadh aonair.

[1]               COM(2012)225 final.

[2]               COM(2012)573 final.

[3]               Is éard atá i gceist le táirgí gairmiúla na táirgí sin a úsáideann gairmithe amháin seachas tomhaltóirí, amhail innill thionsclaíocha, amhábhair nó táirgí leathchríochnaithe.

[4]               Airteagail R1–R7.

Top