This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0296
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL establishing a framework on market access to port services and financial transparency of ports
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat maidir le rochtain ar an margadh seirbhísí calafoirt agus trédhearcacht airgeadais calafort
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat maidir le rochtain ar an margadh seirbhísí calafoirt agus trédhearcacht airgeadais calafort
/* COM/2013/0296 final - 2013/0157 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat maidir le rochtain ar an margadh seirbhísí calafoirt agus trédhearcacht airgeadais calafort /* COM/2013/0296 final - 2013/0157 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1 Cúlra Is ceann de na réigiúin is mó calafort ar
domhan í an Eoraip. Ag an am céanna, tá an earnáil calafort ilchineálach agus
ar ceann de phríomhthréithe na hearnála tá an éagsúlacht i gcineálacha agus i
modhanna eagrúcháin. Urramaítear an éagsúlacht sin sa Rialachán seo agus ní
fhéachann sé le samhail aonfhoirmeach a leagan síos do na calafoirt. Tá breis
is 1200 calafort ag feidhmiú feadh tuairim is 70 000 km de chóstaí an
Aontais. Sa bhliain 2011, chuaigh tuairim is 3.7 billiún tonaí lastais
(níos mó ná 60 000 cuairt calafoirt ag longa trádála) trí chalafoirt
Eorpacha. Cé go bhfuil an AE ag brath go mór ar a chuid
calafort chun trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, tá na calafoirt
fíorthábhachtach freisin mar gheall ar a margadh inmheánach féin. Dá réir sin,
is ionann an loingseoireacht gearrthurais agus 60 % de na tonaí a
láimhseáiltear i gcalafoirt an AE. Is príomhmhoil iad na calafoirt do shlabhraí
iompair idirmhódúla an AE a úsáideann an loingseoireacht gearrthurais mar rogha
ar na bealaí iompair ar tír atá sáithithe agus mar shlí chun nasc a chruthú le
limistéir fhorimeallacha agus oileáin. Ó thaobh iompar paisinéirí de, láimhseáladh
385 milliún paisinéir mara i n2011 i gcalafoirt an AE. Cuireann gníomhaíochtaí calafoirt go díreach
le fostaíocht, infheistíocht isteach agus fás Olltáirgeachta Intíre (OTI). Faoi
láthair fostaíonn 2 200 oibreoir calafoirt tuairim is 110 000
dugaire. Tríd is tríd, cuireann na calafoirt suas ar 3 mhilliún post (díreach
agus indíreach) ar fáil sna 22 Ballstát muirí agus is príomhfhoinse
ioncaim chánaigh iad do rialtais áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta. Téann 96 % den lasta ar fad agus
93 % de phaisinéirí ar fad trí chalafoirt an AE trí na 319 gcalafort
a sainíodh sa togra ón gCoimisiún i gcomhair Treoracha maidir leis an ngréasán
tras-Eorpach iompair (TEN‑T)[1].
1.2 Na Dúshláin Cé go bhfuil an gá le forbairt ar naisc
chúlchríche sainaitheanta go maith mar phríomhdhúshlán agus aghaidh tugtha air
cheana féin tríd an mbeartas TEN‑T, tá príomhdhúshláin eile chalafort TEN‑T
fós le réiteach. Ar an gcéad dul síos, is fíor a rá nach bhfuil an t‑ardleibhéal
céanna seirbhíse á thairiscint ag gach calafort TEN‑T faoi láthair. Ar
an dara dul síos, níl an creat rialachais calafoirt atá ann faoi láthair
tarraingteach go leor i ngach cás d'infheisteoirí. Baineann an méid sin go léir
le cúig chuspóir sonrach: 1.2.1 Seirbhísí agus oibríochtaí
nach bhfuil barrmhaith i roinnt calafort TEN‑T. Tá seirbhísí éifeachtúla calafoirt ríthábhachtach
d’fheidhmíocht na gcalafort TEN‑T. Tá an Coimisiún, i dteannta na
hearnála féin, tar éis trí shaincheist a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ag
cur coisc le heagrú na seirbhísí calafoirt ar shlí bharrmhaith: (1) tá roinnt
mhaith de na seirbhísí calafoirt faoi réir brú lag iomaíoch i ngeall ar
shrianta ar rochtain ar an margadh; (2) monaplacht nó olagaplacht, cé go bhfuil
bonn cirt leo i roinnt cásanna, d’fhéadfadh drochúsáid mhargaidh teacht astu
agus (3) i roinnt calafort tá an t-ualach riaracháin rómhór ar a lucht úsáidte
i ngeall ar easpa comhordaithe sna calafoirt. 1.2.2 Creataí i ndáil le rialachas
calafoirt nach bhfuil tarraingteach go leor chun infheistíocht a spreagadh i
ngach calafort TEN‑T. Ní féidir na
hinfheistíochtaí atá riachtanach chun toilleadh calafoirt a chur in oiriúint do
na riachtanais athraitheacha a dhéanamh ach creat rialála agus beartais cobhsaí
a bheith ann lena laghdófar neamhchinnteachtaí eacnamaíocha agus lena n‑áiritheofar
cothrom iomaíochta. Ní hamhlaidh atá, áfach, i ngach calafort TEN‑T. Tá
go leor cúiseanna leis: a) na neamhchinnteachtaí dlíthiúla arna gcruthú ag na
srianta margaidh mar a léiríodh thuas agus b) an gá le pleanáil bonneagair níos
fearr ar féidir a dhéanamh le rialacha níos déine TEN‑T. Ach tá dhá shaincheist bhunúsacha eile ann chun
ná cúinsí neamhtharraingteacha ginearálta atá i roinnt mhaith calafort TEN‑T
faoi láthair a mhíniú: (4) caidrimh airgeadais dhoiléire idir udaráis phoiblí,
údaráis chalafoirt agus soláthraithe seirbhísí calafoirt agus (5) uathriail lag
na gcalafort muirir bhonneagair a shocrú agus an nasc le costais a bhaineann le
rochtain ar bhonneagar calafort gan a bheith trédhearcach . 1.3 Cuspóir Is é an cuspóir atá ann cur leis an sprioc
d’fheidhmiú an TEN‑T a bheadh níos éifeachtúla, idirnasctha agus
inbhuanaithí trí chreat a chruthú lena gcuirfi feabhas ar fheidhmíocht gach
calafort agus a chabhródh leo dul i ngleic leis na hathruithe sna riachtanais
iompair agus lóistíochta. Ní mór do chalafoirt TEN‑T cabhrú chun an
trácht loingseoireachta gearrthurais a fhorbairt mar chuid de bhealaí
idirmhódúla, ag cur dá réir sin le hiompar inbhuanaithe, ceann de
phríomhspriocanna an Pháipéir Bháin maidir le hIompar, agus cur le straitéis
2020 an AE maidir le fás a bheadh tíosach ar acmhainní a spreagfaidh fás
trádála agus lastais. Áirithítear leis an tionscnamh sin go mbeidh cur
chuige cothrom idir beart reachtach agus cur chuige bog, arna léiriú leis an
Idirphlé Sóisialta. Toradh is ea é seo ar chomhairliúchán dian agus ábhartha
leis na páirtithe leasmhara a raibh deis lena linn an Rialachán a dhíriú ar
bhearta lena ngabhann breisluach ard AE. Leis an Rialachán spárálfar ualach
breise ar na calafoirt sin atá ag feidhmiú go maith agus cruthófar na dálaí do
chalafoirt eile chun dul i ngleic lena ndúshláin struchtúracha. 1.4 Comhchuibheas le beartais
agus cuspóirí eile an AE Luíonn an togra leis an mbeartas a d'fhógair
an Coimisiún sa Pháipéar Bán maidir le hIompar (2011) agus a fógraíodh go
sainráite faoin gceannteideal Limistéar Eorpach Iompair Aonair agus rochtain ar
chalafoirt. Léirítear go soiléir sa Pháipéar Bán rún an Choimisiúin
athbhreithniú a dhéanamh ar shrianta ar sholáthairtí seirbhísí calafoirt agus
trédhearcacht mhaoiniú na gcalafort a fheabhsú, ag soiléiriú cheann scríbe an
chistiúcháin phoiblí do na gníomhaíochtaí éagsúla calafoirt, d’fhonn aon
saobhadh ar iomaíocht a sheachaint. Sainíodh an togra mar cheann de
phríomhghníomhaíochtaí an Ghnímh um an Margadh Aonair II freisin, agus
cuirfidh sé le comhlánú Mhargadh Aonair na hEorpa. Leis an togra comhlánaítear agus forlíontar
beartais atá i bhfeidhm faoi láthair nó tograí a rinneadh cheana: na tograí i
ndáil leis na treoirlínte maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair agus an
Áis um Nascadh na hEorpa lena bhforáiltear creat chun tacú le forbairt nasc
cúlchríche le calafoirt, an togra le haghaidh Treorach maidir le conarthaí
lamháltais a dheonú a bhaineann le conarthaí lamháltais i gcalafoirt agus an
obair ullmhucháin ar thionscnamh Chreas Gorm a dhíríonn ar shimpliú a dhéanamh
ar na nósanna imeachta custaim a chuirtear i bhfeidhm ar earraí an AE arna
n-iompar ag soithigh a thagann isteach i gcalafoirt an AE. Baineann an togra le gach calafort TEN‑T
toisc, mar chalafoirt, go bhfuil ról suntasach acu go léir sa chóras Eorpach
iompair bíodh sin ag éascú na malartuithe idir na Ballstáit nó ag feabhsú na
hinrochtaineachta réigiúnaí do limistéir forimeallacha agus oileáin. Ní foláir
a dhearbhú, áfach, go mbaineann na prionsabail maidir le neamh-idirdhealú agus
saoirse bunaíochta an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na
rialacha iomaíochta leis na calafoirt eile freisin, agus cé nach bhfuil siad sa
ghréasán tras‑Eorpach d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith acu ar an
leibhéal áitiúil nó d’earnálacha eile seachas iompar, amhail iascaireacht nó
turasóireacht. Féadfaidh na Ballstáit an cinneadh a dhéanamh freisin foráil an
Rialacháin seo atá beartaithe a chur i bhfeidhm ar na calafoirt sin. 2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE
LEASMHARA agus measúnuithe tionchair 2.1 Comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara Chothaigh DG MOVE idirphlé leis na húdaráis
náisiúnta atá i bhfeighil bheartas na gcalafort (Aireachtaí Iompair).
Reachtáladh cruinnithe leis na príomhchomhlachais tionscail san earnáil
calafoirt, inter alia: údaráis chalafoirt (ESPO), oibreoirí
príobháideacha críochfort (FEPORT), calafoirt intíre (EFIP), úinéirí longa
(ECSA), píolótaí (EMPA), úinéirí agus oibreoirí tugaí (ETA), oibreoirí múrála
(EBA), gníomhairí long (ECASBA), lastóirí (ESC), dreidirí (EuDA) agus oibreoirí
lóistíochta (CLECAT). Reachtáil DG MOVE cruinnithe leis an dá
phríomh-Cheardchumann d'oibreoirí calafoirt freisin: Comhairle Idirnáisiúnta na
nDugairí (IDC) agus rannóg na ndugairí de Chónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa
(ETF). Níor féadadh dul i gcomhairle le coiste earnálach idirphlé sóisialta
toisc go bhfuil sé sin fós á chur ar bun. Tacaíodh leis an obair ullmhúcháin le staidéar
eacnamaíoch maidir le caighdeán agus éifeachtúlacht na gcalafort Eorpach (PwC).
Tugadh aird san obair ar thaighde forleathan a rinneadh ar gheilleagair
iompair, calafoirt agus lóistíocht agus bhí roinnt mhaith pléití le
saineolaithe tionscail agus taighde i gceist. Chuathas i gcomhairle go forleathan le
páirtithe leasmhara trí bhíthin dhá shuirbhé ar líne agus comhdháil oscailte páirtithe
leasmhara a reachtáladh thar dhá lá sa Bhruiséil (25 agus 26 Meán Fómhair
2012). Ar an 18 Eanáir 2013, reachtáladh éisteacht phoiblí spriocdhírithe
dheireanach, áit ar cuireadh na príomhfhadhbanna i láthair agus ar pléadh
roghanna beartais agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu. Is féidir
achoimre a dhéanamh ar phríomhthorthaí an phróisis chomhairliúcháin (2012‑2013)
mar seo a leanas: –
Leag gach páirtí leasmhar béim ar an ngá atá le
cobhsaíocht agus le cothrom iomaíochta san AE idir calafoirt (iomaíocht idir
calafoirt) agus laistigh de chalafort (iomaíocht idir soláthraithe na seirbhíse
calafoirt céanna laistigh de chalafort). Tá an gá le deimhneacht dhlíthiúil
agus timpeallacht chairdiúil gnó lena laghad ualaigh riaracháin agus is féidir
mar thosaíocht ag gach páirtí leasmhar. –
Is mór an chúis imní atá ann maidir le hiomaíocht
éagórach idir calafoirt atá nasctha le cleachtais chistiúcháin phoiblí i ndáil
le bonneagair calafoirt. Iarrann na Ballstáit agus údaráis chalafort an-smacht
ar chabhair stáit . –
Measann líon suntasach de lucht úsáidte seirbhísí
calafoirt, cuideachtaí loingseoireachta agus tionscail
onnmhairithe-allmhairithe nach bhfuil na seirbhísí calafoirt sásúil i roinnt
mhaith calafort san AE ó thaobh praghais, cáilíochta nó ualaigh riaracháin de. –
Measann 30 % d'údaráis Eorpacha
chalafort nach bhfuil cúrsaí mar atá faoi láthair sásúil. Mar sin féin,
cuireann a bhformhór i gcoinne nósanna imeachta an AE a thabhairt isteach lena
gcuirfí teorainn le hinniúlachtaí údarás poiblí conarthaí agus ceadanna a
dheonú ar oibreoirí seirbhísí calafoirt trí dhámhachtain dhíreach. Tá sé thar a
bheith conspóideach i mBallstáit áirithe rialacha lamháltais an AE a chur i
bhfeidhm ar chonarthaí áirithe a deonaíodh i gcalafoirt. –
Cuireann ceardchumainn na n-oibreoirí calafoirt go
láidir i gcoinne fhoráil ar bith de chuid an AE a chuirfeadh isteach ar chórais
lucht oibre na gcalafort atá ann cheana i mBallstáit áirithe. Áitíonn
ionadaithe na seirbhísí píolótaíochta nach seirbhís eacnamaíoch í an
phíolótaíocht, cé go ndéantar í i gcomhair luacha saothair, agus gur cheart í a
eisiamh ón mbrú iomaíoch. –
Tá an chuid is mó de na páirtithe leasmhara ar aon
fhocal i leith mar a chaithfidh córas calafoirt an AE athrú agus forbairt i
ngeall ar na dúshláin shuntasacha atá ann i ndáil le hacmhainní cistiúcháin a
bheith gann, iomaíochas vis à vis calafoirt i dtríú tíortha comharsanacha agus
i réigiúin eile ar fud an domhain, cruthú breisluacha agus post chomh maith le
déileáil le tionchar ar an gcomhshaol. Tá siad ar aon fhocal ar a thábhachtaí
is atá sé caiteachas cistiúcháin an AE a áirithiú, agus a mhéadú más féidir,
mar thaca le calafoirt agus muiriompar. 2.2 Measúnú tionchair Aithníodh cúig chuspóir oibriúcháin sa
Mheasúnú Tionchair maidir leis an dá phríomhdhúshlán a sainaithníodh thuas. 2.2.1 Seirbhísí agus oibríochtaí
calafoirt a nuachóiriú: Ar an gcéad dul síos, trí sheirbhísí agus
oibríochtaí calafoirt a bharrfheabhsú, ba cheart go bhféadfadh roinnt calafort TEN‑T
níos mó lastais agus paisinéirí a láimhseáil nó a mhealladh leis an mbonneagar
atá ann cheana. Is féidir trí chuspóir oibriúcháin a bhaint as an méid sin: (1)
Rochtain ar an margadh seirbhísí calafoirt a
shoiléiriú agus a éascú: Ba cheart go laghdódh sé sin na srianta ar
rochtain ar an margadh seirbhísí calafoirt agus na neamhchinnteachtaí dlíthiúla
atá ann faoi láthair a eascraíonn ó rialacha cothrománacha ón gConradh agus
maidir le soláthar poiblí á soiléiriú agus á gcosc ag an am céanna . (2)
Drochúsáid mhargaidh ag soláthraithe ainmnithe
seirbhísí calafoirt a chosc: Ba cheart go n-áiritheodh sé sin go bhféadfadh
na soláthraithe ainmnithe seirbhísí a seirbhísí a thairiscint ar shlí a bheadh
éifeachtúil ó thaobh costais de agus iad ag leanúint orthu a ról a chomhlíonadh
agus a misean seirbhíse poiblí más féidir, go háirithe sna réimsí
sábháilteachta, slándála agus comhshaoil. (3)
Sásraí comhordaithe i gcalafoirt a fheabhsú: Ba cheart go n-éascódh sé sin oibríochtaí
rianúla do ghníomhairí long, oibreoirí lóistíochta agus úinéirí lastais, ag
laghdú an méid ama agus airgid a bheadh ag teastáil agus an calafort á úsáid.
Ba cheart go rachadh an iarracht chomhordaithe chun leas na n-oibreoirí atá
bunaithe sa chalafort, ag éascú sineirgíochtaí agus ag seachaint dúbailte ar na
hiarrachtaí chun freastal ar na custaiméirí céanna. 2.2.2 Dálaí a chruthú chun
infheistíochtaí sna calafoirt a mhealladh: Ar an dara dul síos, le níos mó trédhearcachta
airgeadais agus uathrialach calafort ba cheart go gcruthófaí cothrom
iomaíochta, go spreagfaí muirearú níos éifeachtúla, agus ar deireadh go
meallfaí tuilleadh infheistíochtaí. Is féidir dhá chuspóir bhreise oibriúcháin
a bhaint as sin : (4)
Na caidrimh airgeadais idir udaráis phoiblí,
údaráis chalafoirt agus soláthraithe seirbhísí calafoirt a bheith trédhearcach:
Ba cheart go n-áiritheodh sé sin trédhearcacht
airgeadais idir feidhmeanna údarás poiblí agus oibríochtaí tráchtála chun cosc
a chur ar chalafoirt agus soláthraithe seirbhísí aon leas a bhaint as buntáistí
iomaíocha éagóracha. (5)
A áirithiú go socraítear muirir ar bhonneagair
calafoirt ar bhealach trédhearcach agus go huathrialaitheach: Ba cheart go mbainfeadh sé sin úsáid níos
éifeachtúla bonneagair amach agus réasúntacht eacnamaíoch níos fearr ó thaobh
pleanála, infheistíochta, cothabhála, agus oibriú na mbonneagar calafoirt, agus
comharthaí praghais sochaíocha agus timpeallachta á gcumasú ag an am céanna. Ar an mbonn sin rinneadh 4 rogha beartais a
mheas: (6)
Pacáiste Beartais 1: “Trédhearcacht” Baineann Pacáiste Beartais 1 (PB1) le beart bog
(teachtaireacht neamhcheangailteach) chun rochtain ar mhargadh na seirbhísí
calafoirt a shoiléiriú agus a éascú. Tugtar isteach forálacha ceangailteacha,
áfach, i gcúinsí monaplacha nó olagaplacha: sna cásanna sin ba cheart go
mbeadh na seirbhísí faoi réir maoirseachta praghais chun muirearú iomarcach nó
idirdhealaitheach a sheachaint. Fágtar maoiniú agus socrú na muirear calafoirt
faoi na húdaráis inniúla ach trédhearcacht bhunúsach mar choinníoll ann.
Ráthaíonn coiste úsáideoirí calafoirt comhordú na seirbhísí laistigh den
chalafort. (7)
Pacáiste Beartais 2: “Iomaíocht rialáilte’’ Le Pacáiste Beartais 2 (PB2) tugtar isteach
prionsabal na saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil faoi scéim i ndáil le
rochtain rialáilte ar an margadh. Faoin rochtain rialáilte sin ar an margadh,
is féidir srian a chur leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nuair a
dhlíonn easpa spáis i limistéar an chalafoirt nó hoibleagáidí seirbhíse poiblí
( infhaighteacht, inrochtaineacht, etc.) é. I gcásanna den sórt sin, cuirtear
seirbhísí atá nuasannaithe agus nua-ainmnithe faoi réir iarratais phoiblí ar
thairiscint agus i gcás oibriúchán inmheánach, ní mór go mbeadh an tseirbhís
fós teoranta. Tá seirbhísí i gcúinse monaplach nó olagaplach faoi réir
maoirseachta praghais. Déantar freastal ar thrédhearcacht na gcaidreamh airgeadais
idir údaráis phoiblí, údaráis chalafoirt agus soláthraithe seirbhísí calafoirt
trí bhíthin cuntas scartha agus tá rialacha ann lena nasctar socrú na muirear
ar bhonneagar calafoirt le fíorchostais. Coiste úsáideoirí calafoirt a dhéanann
comhordú ar na seirbhísí laistigh den chalafort. (8)
Pacáiste Beartais 2a: “Iomaíocht rialáilte
agus uathriail calafoirt’’ Is éard atá i PB2a ná PB2 leis na héagsúlachtaí
seo a leanas: I gcás na hoibleagáide rochtain a bheith ar fáil
ar iarratas poiblí ar thairiscint i gcás srianta spáis nó oibleagáidí i ndáil
le seirbhís phoiblí, baineann an oibleagáid sin ní amháin le conarthaí nua ach
le hathruithe substaintiúla ar chonarthaí atá ann cheana féin chomh maith. Tá
an mhaoirseacht rialála ar sholáthraithe seirbhíse i gcás monaplachta níos
teoranta ó thaobh raon feidhme de: ní bhaineann sé ach le margaí nach féidir
dul san iomaíocht leo, i.e. na margaí sin nach n‑eagraítear aon iarratas
oscailte ar thairiscint dóibh. Tugtar uathriail níos mó do chalafoirt: maidir
le muirearú ar bhonneagar, seachas muirir a bheadh nasctha le costais iarbhír a
fhorchur, tugtar an ceart do gach calafort féin struchtúr agus leibhéal na
dtáillí calafoirt a shocrú, ar choinníoll go mbeidh an beartas muirearaithe
trédhearcach. Spreagann an tionscnamh difreáil freisin de réir feidhmíochta
comhshaoil na long nó na mbreoslaí. (9)
Pacáiste Beartais 3: “Iomaíocht iomlán agus
uathriail calafoirt’’ Tógann PB3 ar PB2 trína cheangal go mbeidh dhá
oibreoir iomaíocha neamhspleácha breise ar a laghad do gach seirbhís calafoirt
i gcás ina bhfuil teorainn le líon na n‑oibreoirí ceal spáis. Bheadh
scaradh feidhmiúil/dlíthiúil ann freisin. Méadú ar líon na ngníomhairí
calafoirt a bheadh mar thoradh ar an scaradh sin: lena áirithiú go leanfaidh an
calafort ar aghaidh ag feidhmiú, bheadh sé riachtanach príomhról comhordúcháin
na n-údarás calafoirt a neartú. Amhail PB2a, bheadh ar chumas gach údarás
calafoirt struchtúr agus leibhéal na dtáillí bonneagair a chinneadh i gcomhréir
lena gcleachtas tráchtála féin. Tar éis anailísiú a dhéanamh ar na roghanna
difriúla agus ar an tionchar féideartha, bhain an Coimisiún de thátal as gurb í
rogha PB2a ab fhearr le hathróg i ndáil le seirbhísí láimhseála lastais agus
seirbhísí paisinéirí. Níl aon ghá le forálacha dlíthiúla nua a bheartú maidir
le bearta a bhaineann le rochtain ar mhargadh na láimhseála lastais agus
seirbhísí paisinéirí. Déanfar soiléiriú ar rialacha agus ceanglais atá ann
cheana i dTeachtaireacht. Bheadh na rialacha ar mhaoirseacht rialála ar
phraghas na soláthraithe seirbhíse i gcás monaplachta nó olagaplachta, agus ar
thrédhearcacht cuntas i bhfeidhm, áfach, ar sheirbhísí láimhseála lastais agus
ar sheirbhísí paisinéirí. Cuirtear béim ar na leasanna féideartha sa
mheasúnú tionchair i dtéarmaí coigiltis ar chostais (EUR 10 billiún
go dtí 2030), forbartha na loingseoireachta gearrthurais agus brú tráchta ar na
bóithre a laghdú agus poist a chruthú. Tugtar le fios sa mheasúnú tionchair
nach dtagann athruithe suntasacha díreacha de thoradh athraithe ar ualaí
riaracháin i gcalafoirt. Laghdófar na costais riaracháin ar chalafoirt nuair a
bheidh saoirse acu seirbhísí a sholáthar, cé go bhféadfadh dua nua riaracháin
bheith de dhíth de thoradh maoirseachta ar phraghsanna agus comhairliúcháin
úsáideoirí i gcásanna áirithe. Ach is ceart a lua go gcuirfidh an togra seo go
hindíreach leis an simpliúchán nuair a chuirfear deireadh le srianta. Molfar a
thuilleadh iarrachtaí simpliúcháin freisin sa tionscnamh dar teideal an Crios
Gorm a bheidh le teacht amach anseo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1 Achoimre ar na bearta atá
beartaithe Tá na príomheilimintí seo a leanas sa togra: –
Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le gach
calafort arna sainiú sa togra ón gCoimisiúin maidir le Treoirlínte Aontais
maidir le gréasán tras-Eorpach iompair. –
Beidh saoirse chun seirbhísí a sholáthar infheidhme
i ndáil le seirbhísí calafoirt. Féadfaidh comhlachtaí bainistíochta calafoirt
íoscheanglais a fhorchur ar sholáthraithe sainseirbhísí calafoirt. Nuair a
bheidh na ceanglais sin i bhfeidhm, le cáilíochtaí gairmiúla amháin a bhainfidh
siad, leis an trealamh riachtanach nó le sábháilteacht mhuirí, sábháilteacht
ghinearálta agus slándáil sa chalafort agus le ceanglais chomhshaoil ábhartha.
Níor cheart na ceanglais s a úsáid chun bacainní intuigthe margaidh a thabhairt
isteach agus dá bhrí sin ba cheart do na critéir a bheith oibiachtúil agus
comhréireach lena n-áiritheofaí go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir, idir
oibreoirí atá ann cheana agus oibreoirí féideartha. Ba cheart rochtain a bheith
ag oibreoirí féideartha ar oiliúint chun saineolas áitiúil ábhartha a fháil. –
Ní chuirfear an fhoráil thuasluaite i bhfeidhm ar
sheirbhísí láimhseála lastais ná ar chríochfoirt paisinéirí. Is minic a
eagraítear na seirbhísí seo trí bhíthin conarthaí lamháltais a thagann faoi
raon feidhme na Treorach atá le teacht maidir le conarthaí lamháltais a
thabhairt arna beartú ag an gCoimisiún[2].
Thairis sin, d'fhéadfaí an bonn a bhaint de na hiarrachtaí atá á ndéanamh
maidir le hIdirphlé Sóisialta a bhunú ar leibhéal an Aontais. Ní hionann agus
seirbhísí píolótaíochta ag dul isteach agus ag imeacht amach ó chalafoirt, níl
tionchar díreach ag seirbhísí píolótaíochta a dhéantar amuigh ar an bhfarraige
mhór ar éifeachtúlacht an chalafoirt agus dá bhrí sin ní gá iad a áireamh sa
Rialachán seo. –
Nuair is ábhartha, d'fhéadfaí an tsaoirse a luadh
maidir le seirbhísí a sholáthar a theorannú ó thaobh líon na soláthraithe
seirbhíse de. Ba cheart an teorannú sin a bheith bunaithe ar dhá ghné: i gcás
srianta spáis nó áirithinte lena bhféadfaí bonn cirt a thabhairt le teorannú a
dhéanamh ar líon na n‑oibreoirí atá gníomhach laistigh den chalafort má
tá doiciméadú déanta go soiléir orthu i bplean foirmiúil forbartha calafoirt,
nó i gcás oibleagáide seirbhíse poiblí arna forchur ar oibreoir agus ar ceart
a aidhm a bheith soiléir agus ar fáil go poiblí. –
Ba cheart go mbeadh sé ar chumas Ballstáit údaráis
inniúla a ainmniú chun oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur, i gcomhréir leis
na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Ní mór oibleagáidí seirbhísí
poiblí a bheith sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus
infhíoraithe agus ní mór dóibh bheith bainteach le hinfhaighteacht (gan
bhriseadh), le hinrochtaineacht (do gach úsáideoir) nó le hinacmhainneacht
(catagóirí áirithe úsáideoirí) na seirbhíse calafoirt. –
I gcás ina bhforchuireann údarás inniúil
oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcalafort nó i roinnt chalafort beidh an deis ag
an údarás sin sainseirbhísí calafoirt a eagrú agus saothrú tráchtála a dhéanamh
orthu é féin ar choinníoll go ndéantar a ghníomhaíocht a theorannú don
chalafort nó do na calafoirt ina bhforchuireann sé oibleagáidí seirbhíse
poiblí. –
Ba cheart cearta fostaithe a chosaint agus ba
cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit na cearta sin a threisiú i gcás
aistriú gnóthas agus na foirne lena mbaineann a bhí ag obair don seanghnóthas. –
I gcás ina mbíonn comhlachtaí bainistíochta an
chalafoirt á maoiniú ag cistí poiblí, déanfar cuntasaíocht thrédhearcach chun
úsáid éifeachtach agus oiriúnach na gcistí poiblí sin a léiriú. –
I gcás nach bhfuil soláthraithe seirbhísí calafoirt
ainmnithe faoi réir nós imeachta tairisceana oscailte poiblí agus i gcás
oibreoirí inmheánacha, ba cheart a áirithiú go mbíonn praghas na seirbhíse
trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus go leagtar síos é i gcomhréir le
gnáthchoinníollacha an mhargaidh, go háirithe ar bhealach a áirithíonn nach
dtéann na muirir iomláin thar iomlán na gcostas a tabhaíodh móide brabús
réasúnta. –
Saineoidh comhlachtaí bainistíochta an chalafoirt
muirir ar bhonneagar calafoirt ar bhealach uathrialach i gcomhréir lena
straitéis tráchtála agus infheistíochta féin. –
Is féidir éagsúlacht a bheith i gceist le muirir ar
bhonneagar calafoirt i gcomhréir le cleachtais tráchtála a bhaineann le húsáid
rialta an chalafoirt, nó chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as bonneagar an
chalafoirt, loingseoireacht ghearrthurais nó ardleibhéal feidhmíochta
comhshaoil, éifeachtúlacht ó thaobh fuinnimh nó carbóin d'oibríochtaí iompair a
chur chun cinn. –
Bunófar coiste comhairleach úsáideoirí calafoirt i
ngach calafort. Tabharfaidh an coiste seo le chéile ionadaithe na n-oibreoirí
soithí uisce iompartha, úinéirí lastais nó úsáideoirí calafort eile a n-iarrtar
orthu muirear ar bhonneagar nó muirear ar sheirbhís chalafoirt a íoc. Rachfar i
gcomhairle leis an gcoiste seo i ndáil le struchtúr agus leibhéal na muirear
calafort agus i gcásanna áirithe i ndáil leis na muirir ar sheirbhísí
calafoirt. –
Rachaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt i
gcomhairle le páirtithe leasmhara amhail gnóthais atá bunaithe sna calafoirt,
soláthraithe seirbhísí calafort, agus le húsáideoirí calafoirt ar cheisteanna
amhail comhordú seirbhísí calafoirt, naisc chúlchríche nó nósanna imeachta
riaracháin. –
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlacht
maoirseachta neamhspleách faireachán agus maoirseacht ar chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo. Is féidir le comhlacht atá ann cheana a bheith ina chomhlacht
maoirseachta. Malartóidh na comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha náisiúnta
éagsúla faisnéis faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail agus cleachtais
cinnteoireachta agus beidh dlúthchomhar eatarthu chun críocha cúnaimh
fhrithpháirtigh lena gcúraimí. 3.2 Bunús dlí Is é Airteagal 100 (2) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. 3.3 Prionsabal na coimhdeachta Le hAirteagail 58, 90 agus 100 de Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tugtar do na calafoirt na cuspóirí a bhaineann
le fíormhargadh inmheánach i gcomhthéacs an Chomhbheartais Iompair. Is de thoradh trádála idir na Ballstáit nó ar
leibhéal idirnáisiúnta a thagann an sciar is mó ar fad den trádáil ar muir a
láimhseáiltear i gcalafoirt TEN‑T. Tá feidhm shoiléir ag calafoirt san
Eoraip: tagann nó imíonn, ar muir nó ar tír, tona amháin as gach dá thona, go
neasach, den lastas a láimhseáiltear i gcalafoirt ó Bhallstát nach ionann é
agus an Ballstát ina raibh an calafort trínar ghabh na hearraí ar idirthurais[3]. Ní leor bearta ó na Ballstáit
amháin cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh de mhargadh inmheánach an AE, ná
ní féidir leo ach oiread gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feidhmíocht na
gcalafort atá lonnaithe ar an gConair tras-Eorpach céanna, ach i mBallstát
eile, a fheabhsú. Dá bhrí sin, in ainneoin chineál sonrach na
hearnála calafoirt agus a staire agus a cultúir sheanbhunaithe, de thoradh
cúiseanna margaidh inmheánaigh, tionchar an ghréasáin agus gné idirnáisiúnta na
hearnála calafoirt, tá an togra atá beartaithe i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta. 3.4 Prionsabal na comhréireachta Calafoirt de chuid TEN‑T amháin a chumhdaítear
leis an Rialachán seo. Áiritheofar comhréireacht leis seo sa mhéid is go
seachnófar leis aon rialacha nach bhfuil gá leo a fhorchur ar chalafoirt bheaga
nach bhfuil ról suntasach acu sa chóras iompar Eorpach. Ar an taobh eile de, is
sna calafoirt TEN‑T a bhíonn tromlach mór na tráchta agus dá bhrí sin tá
ríthábhacht leo don mhalartú trádála idirnáisiúnta agus laistigh den Eoraip,
agus dá bhrí sin do mhargadh inmheánach na hEorpa, agus/nó comhtháthú laistigh
den AE. Thairis sin, tá calafoirt TEN‑T incháilithe do mhaoiniú ón AE. Níl an raon feidhme teoranta do na
príomhchalafoirt amháin ionas go seachnófaí an baol saobhadh iomaíochta a
chruthú idir na príomhchalafoirt agus calafoirt TEN‑T eile. Thairis sin,
le feidhmiú éifeachtúil an ghréasáin a bhaint amach teastaíonn gréasán de
príomhchalafoirt (mol de ghnáth) agus calafoirt TEN‑T nach
príomhchalafoirt iad don daileadh réigiúnach. 3.5 Rogha ionstraime Cé gurb iad na Ballstáit, agus na húdaráis
phoiblí áitiúla agus réigiúnacha na príomhghníomhairí de ghnáth i bhforbairt
agus i mbainistiú an bhonneagair calafoirt, tá athrú ag teacht ar an staid seo
de réir a chéile. Tá oibreoirí iompair, comhlachtaí agus eintitis phoiblí
uathrialacha chomh maith le heintitis phoiblí agus phríobháideacha eile ina bpríomhghníomhairí
anois i bhforbairt, i mbainistiú agus in eagrú calafort. Dá bhrí sin, tá sé
tábhachtach a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht seo maidir le rochtain ar an
margadh seirbhísí calafoirt agus trédhearcacht airgeadais calafort infheidhme
go ginearálta. Ina dteannta sin, chun cur chun feidhme aonfhoirmeach,
forfheidhmiú agus cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú ba
cheart an reachtaíocht a bheith ina cheangal go huile agus go hiomlán. Dá bhrí
sin, tá an Coimisiún tar éis Rialachán a roghnú mar an ionstraim dlí oiriúnach
don togra seo. Seachnófar leis seo chomh maith ualach breise riaracháin ar na
Ballstáit agus ar an gCoimisiún. 3.6 An Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch Baineann an Rialachán atá beartaithe le hábhar
de chuid LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart go gcuimseofaí an Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch leis. 2013/0157 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat maidir le rochtain ar
an margadh seirbhísí calafoirt agus trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[4], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá gá le comhtháthú calafort
i slabhraí lóistíochta agus iompair gan uaim chun cur le fás agus le húsáid
agus feidhmiú níos éifeachtúla an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh agus
an mhargaidh inmheánaigh. Éilítear leis sin seirbhísí calafoirt nua‑aimseartha
lena gcuirtear le húsáid éifeachtúil calafort agus timpeallacht atá oiriúnach
d'infheistíochtaí chun calafoirt a fhorbairt i gcomhréir leis na riachtanais
iompair agus lóistíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. (2) Sa Teachtaireacht maidir leis
an nGníomh um an Margadh Aonair II – Le chéile ar mhaithe le fás nua[6], mheabhraigh an Coimisiún go
bhfuil tarraingteacht iompair mhuirí ag brath ar infhaighteacht, éifeachtúlacht
agus iontaofacht seirbhísí calafoirt agus ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt
ar cheisteanna maidir le trédhearcacht cistithe phoiblí agus muirear calafoirt,
iarrachtaí ar shimpliú riaracháin i gcalafoirt agus athbhreithniú ar shrianta
maidir le soláthar seirbhísí ag calafoirt. (3) Le héascú rochtana ar an
margadh seirbhísí calafoirt ar leibhéal an Aontais agus le tabhairt isteach
trédhearcachta airgeadais agus uathrialach calafort feabhsófar cáilíocht agus
éifeachtúlacht na seirbhíse arna cur ar fáil d'úsáideoirí an chalafoirt agus
cuirfear le timpeallacht atá níos oiriúnaí d'infheistíochtaí i gcalafoirt, agus
ar an gcaoi sin laghdófar na costais ar úsáideoirí iompair agus beifear in ann
loingseoireacht ghearrthurais a chur chun cinn agus iompair mhuirí a
chomhtháthú níos fearr le hiompar iarnróid, uiscebhealaí intíre agus bóthair. (4) Téann tromlach mór
mhuirthrácht an Aontais trí chalafoirt an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh.
Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhealach comhréireach gan aon
ualach nach gá a chur ar chalafoirt eile, ba cheart go mbeadh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le calafoirt an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh; tá
ról tábhachtach ag gach calafort acu sin i ndáil leis an gcóras iompair Eorpach
mar bíonn sé ag plé le níos mó ná 0.1 % de lastas iomlán an AE nó de
líon iomlán na bpaisinéirí, nó feabhsaíonn sé an inrochtaineacht réigiúnach ar
cheantair oileán nó imeallacha, gan dochar, áfach, don fhéidearthacht go
gcinnfeadh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le calafoirt eile
freisin. Ní bhíonn tionchar díreach ag seirbhísí píolótaíochta arna ndéanamh sa
domhainfharraige ar éifeachtúlacht calafort mar ní úsáidtear iad le teacht
isteach go díreach sna calafoirt ná le himeacht go díreach uathu agus, dá bhrí
sin, ní gá iad a chur san áireamh sa Rialachán seo. (5) Is é cuspóir
Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh deireadh a chur
leis na srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil san Aontas. I
gcomhréir le hAirteagal 58 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
ba cheart é sin a bhaint amach faoi chuimsiú chreat fhorálacha an Teidil a
bhaineann le hiompar, Airteagal 100(2) go háirithe. (6) Rialáiltear i roinnt Ballstát
ar chúiseanna sábháilteachta nó sóisialta an féinsoláthar seirbhíse ina bhfostaíonn
cuideachtaí loingseoireachta nó soláthraithe seirbhísí calafoirt foireann dá
rogha féin agus ina soláthraíonn siad seirbhísí calafoirt dóibh féin. Maidir le
hallúntas ginearálaithe an fhéinsoláthair seirbhíse ar leibhéal an Aontais a
fhorchur, thug na páirtithe leasmhara lena ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle
agus é ag ullmhú an togra chun suntais go mbeadh gá le tuilleadh rialacha
maidir le ceisteanna sábháilteachta agus sóisialta chun tionchair dhiúltacha a
d'fhéadfadh a bheith ann sna réimsí sin a sheachaint. Dá bhrí sin, is cosúil
gurb iomchuí ag an bpointe seo gan an cheist sin a rialáil ar leibhéal an
Aontais agus é a fhágáil faoi na Ballstáit féinsoláthar seirbhísí calafoirt a
rialáil nó gan é a rialáil. Dá bhrí sin, níor cheart go gcumhdófaí sa Rialachán
seo ach soláthar seirbhísí calafoirt le haghaidh luacha saothair. (7) Ar mhaithe le bainistíocht
chalafoirt a bheadh éifeachtúil, sábháilte agus slán ó thaobh an chomhshaoil
de, ba cheart go mbeadh comhlacht bainistíochta an chalafoirt in ann a chur de
cheangal ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt a thaispeáint go gcomhlíonann
siad na híoscheanglais chun an tseirbhís a dhéanamh mar is iomchuí. Ba cheart
go mbeadh na híoscheanglais sin teoranta do shraith coinníollacha atá sainithe
go soiléir maidir le cáilíochtaí gairmiúla na n‑oibreoirí, lena n‑áirítear
ó thaobh oiliúna de, agus an trealamh is gá sa mhéid go bhfuil na ceanglais sin
trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach, oibiachtúil agus ábhartha i ndáil
le soláthar na seirbhíse calafoirt. (8) Agus an trealamh is gá ag
soláthraí seirbhíse calafoirt, ba cheart go mbeadh sé intuigthe gur leis an
soláthraí sin é, nó go bhfuil sé ar cíos aige nó go bhfuil sé ar léas aige
agus, ar aon chuma, go bhfuil smacht díreach agus doshéanta aige ar an trealamh,
chun a áirithiú gur féidir leis an trealamh sin a úsáid nuair is gá. (9) Maidir leis an nós imeachta
chun an ceart a thabhairt seirbhísí calafoirt a sholáthar i gcás ina
gceanglaítear comhlíonadh íoscheanglas, ba cheart go mbeadh an nós imeachta sin
trédhearcach, oibiachtúil agus neamh‑idirdhealaitheach agus faoin nós
imeachta sin ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí calafoirt in ann tús a
chur le seirbhísí calafoirt go tráthúil. (10) Ós rud é go mbíonn calafoirt
comhdhéanta de limistéir theoranta gheografacha, d'fhéadfadh an rochtain ar an
margadh, i gcásanna áirithe, a bheith faoi réir teorainneacha a bhaineann le
ganntanas talún nó i gcás ina bhfuil an talamh curtha ar leataobh le haghaidh
cineáil áirithe gníomhaíochtaí i gcomhréir le plean forbartha foirmiúil ina
bpleanáiltear ar bhealach trédhearcach úsáid na talún agus le reachtaíocht
ábhartha náisiúnta amhail reachtaíocht a bhaineann le cuspóirí pleanála bailte
agus tíortha. (11) Ba cheart don údarás inniúil
aon rún chun líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú a fhoilsiú
roimh ré agus ba cheart go mbeadh bonn cirt iomlán leis, chun an deis a
thabhairt do pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt. Ba cheart go mbeadh na
critéir le haghaidh aon teorann oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach.
(12) Chun a bheith oscailte agus
trédhearcach, ba cheart an nós imeachta chun soláthraithe seirbhísí calafoirt a
roghnú agus torthaí an nós imeachta sin a chur ar fáil go poiblí agus ba cheart
an doiciméadú iomlán a chur in iúl do na páirtithe leasmhara. (13) Ba cheart go mbeadh an nós
imeachta roghnúcháin do sholáthraithe seirbhísí calafoirt, i gcás ina bhfuil
líon na soláthraithe sin teoranta, ag cloí leis na prionsabail agus leis an
gcur chuige a cinneadh i dTreoir ../../… [lamháltas][7], lena n‑áirítear an
tairseach agus an modh chun luach na gconarthaí a chinneadh chomh maith leis an
sainmhíniú ar mhodhnuithe substaintiúla agus na gnéithe a bhaineann le fad an
chonartha. (14) Níor cheart go mbeadh bonn
cirt le dul ar iontaoibh oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil teorainn le líon
soláthraithe seirbhíse calafoirt mar thoradh orthu ach ar chúiseanna leas an
phobail chun rochtain gach úsáideora ar an tseirbhís chalafoirt, infhaighteacht
na seirbhíse calafoirt ar feadh na bliana nó inacmhainneacht na seirbhíse
calafoirt do chatagóir áirithe úsáideoirí a áirithiú. (15) I gcás inar gá teorainn a chur
le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt, d'fhéadfadh an Ballstát an
cinneadh maidir leis an teorainn sin a thabhairt d'údarás eile chun iomaíocht a
chosaint. Ba cheart go mbeadh aon teorainn le líon na soláthraithe seirbhísí
calafoirt ag cloí le nós imeachta atá oscailte, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach.
Níor cheart go mbeadh sé sin amhlaidh, áfach, i gcás ina gcuirfear oibleagáidí
seirbhíse poiblí go díreach ar údarás inniúil nó oibreoir inmheánach. (16) Ní chuirtear bac sa Rialachán
seo ar údaráis inniúla cúiteamh a thabhairt as na hoibleagáidí seirbhíse poiblí
a chur i gcrích ar choinníoll go gcomhlíontar na rialacha is infheidhme maidir
le Státchabhair. I gcás ina gcáilíonn oibleagáidí seirbhíse poiblí mar
sheirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne ba cheart comhlíonadh
a áirithiú i ndáil le Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Samhain 2011
maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a chur i bhfeidhm i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna thabhairt do
ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas
eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú[8],
Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012
maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna
tabhairt do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch
i gcoitinne[9]
agus creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh
seirbhíse poiblí[10]. (17) Níor cheart go ndéanfadh
comhlacht bainistíochta an chalafoirt idirdhealú idir soláthraithe seirbhísí
calafoirt, go háirithe i bhfabhar gnóthais nó comhlachta ar leas leis é. (18) Ba cheart an rogha a bheith ag
údaráis inniúla atá ainmnithe i mBallstát an cinneadh a dhéanamh maidir le
seirbhísí calafoirt le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a sholáthar iad féin nó
soláthar na seirbhísí sin a chur go díreach de chúram ar oibreoir inmheánach. I
gcás ina gcinneann údarás inniúil an tseirbhís a sholáthar é féin, d'fhéadfadh
sé sin soláthar seirbhísí ag gníomhairí arna bhfostú ag an údarás inniúil nó
arna gcoimisiúnú ag an údarás inniúil a chumhdach. I gcás ina gcuirtear
teorainn den chineál sin i bhfeidhm san calafoirt TEN‑T ar fad i gcríoch
Ballstáit, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas. Nuair is iad na húdaráis
inniúla i mBallstát a dhéanann an rogha sin, níor cheart soláthar na seirbhísí
calafoirt ag na hoibreoirí inmheánacha a bheith teoranta ach don chalafort nó
do na calafoirt dár ainmníodh na hoibreoirí inmheánacha sin. Anuas air sin, i
gcásanna mar sin, ba cheart na muirir ar sheirbhísí calafoirt arna gcur i
bhfeidhm ag oibreoir den chineál sin a bheith faoi réir maoirseachta ó
chomhlacht maoirseachta neamhspleách. (19) Ba cheart do na Ballstáit an
chumhacht a choinneáil chun leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta a
áirithiú i gcomhair foirne gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt. Ní
bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar chur i bhfeidhm rialacha sóisialta agus
saothair na mBallstát. I gcás ina bhfuil teorainn le líon na soláthraithe
seirbhísí calafoirt agus i gcás ina bhféadfadh athrú ar an oibreoir seirbhísí
calafoirt a bheith i gceist le conradh seirbhísí calafoirt a thabhairt i
gcrích, ba cheart go bhféadfadh údaráis inniúla iarraidh ar an oibreoir
seirbhísí roghnaithe forálacha Threoir 2001/23/CE ón gComhairle maidir le
comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe
i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí[11] a chur i bhfeidhm. (20) I gcás go leor calafort,
tugtar an rochtain ar an margadh do sholáthraithe seirbhísí láimhseála lastais
agus seirbhísí paisinéirí i gcríochfoirt trí bhíthin conarthaí lamháltais
poiblí. Cumhdófar an cineál sin conarthaí i dTreoir ..../…[lamháltais]. Dá
bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Caibidil II den Rialachán seo
maidir le soláthar seirbhísí láimhseála lastais agus seirbhísí paisinéirí, ach
ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit fós an cinneadh a dhéanamh rialacha na
Caibidle sin a chur i bhfeidhm mar sin féin ar an dá sheirbhís sin. I dtaca le
cineálacha eile conarthaí arna n‑úsáid ag na húdaráis phoiblí chun
rochtain ar an margadh seirbhísí láimhseála lastais agus margadh seirbhísí
paisinéirí i gcríochfoirt a thabhairt, tá sé deimhnithe ag Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh go bhfuil na húdaráis inniúla faoi cheangal ag na
prionsabail maidir le trédhearcacht agus neamh‑idirdhealú agus na
conarthaí sin á dtabhairt i gcrích. Tá na prionsabail sin infheidhme ina n‑iomláine
maidir le soláthar aon seirbhíse calafoirt. (21) Ba cheart an caidreamh
airgeadais idir calafoirt a fhaigheann cistí poiblí agus soláthraithe seirbhísí
calafoirt ar thaobh amháin, agus údaráis phoiblí ar an taobh eile a bheith
trédhearcach chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun saobhadh an mhargaidh
a sheachaint. Chuige sin, baineann an Rialachán seo le catagóirí eile ina
dtugtar aghaidh ar na prionsabail maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais
mar atá leagtha amach i dTreoir 2006/111/CE ón gCoimisiún maidir le
trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus
chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais
áirithe[12]
gan dochar dá raon feidhme. (22) Is gá oibleagáid a chur ar
chomhlacht bainistíochta an chalafoirt a fhaigheann cistí poiblí, agus é ag
feidhmiú mar sholáthraí seirbhíse freisin, maidir le cuntais a choinneáil do na
gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina gcáil mar chomhlacht bainistíochta an
chalafoirt neamhspleách ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn iomaíoch
chun cothrom iomaíochta, trédhearcacht sa leithdháileadh agus úsáid cistí
poiblí a áirithiú agus chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint. Ar aon chuma,
ba cheart comhlíonadh na rialacha maidir le Státchabhair a áirithiú. (23) Maidir le muirir ar sheirbhísí
calafoirt arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí calafoirt nach bhfuil
ainmnithe i gcomhréir le nós imeachta atá oscailte, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach,
tá riosca níos airde maidir le mí‑úsáid praghsanna i gceist leis na
muirir sin i bhfianaise na gcúinsí monaplacha nó olagaplacha faoina bhfuil na
soláthraithe sin agus nach féidir dul san iomaíocht lena margadh. Is amhlaidh
atá do mhuirir a thoibhíonn oibreoirí inmheánacha de réir bhrí an Rialacháin
seo. I dtaca leis na seirbhísí sin, de cheal sásraí le haghaidh margaidh
chothroim, ba cheart socruithe a dhéanamh chun a áirithiú gur léiriú iad na
muirir ar ghnáthdhálaí an mhargaidh ábhartha agus go socraítear iad ar bhealach
trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach. (24) Chun críche éifeachtúlachta,
ba cheart na muirir ar bhonneagar calafoirt i ndáil le gach aon chalafort a
shocrú ar bhealach trédhearcach agus uathrialach i gcomhréir le straitéis
tráchtála agus infheistíochta an chalafoirt féin. (25) Ba cheart an éagsúlacht i
muirir ar bhonneagar calafoirt a cheadú chun loingseoireacht ghearrthurais a
chur chun cinn agus chun soithí uisce‑iompartha a mhealladh a bhfuil
feidhmíocht chomhshaoil nó éifeachtúlacht fuinnimh agus carbóin oibríochtaí
iompair acu, go háirithe i gcás na n-oibríochtaí iompair mhuirí amach ón gcósta
nó ar an mórthír, atá níos fearr ná an meán. Ba cheart go mbeadh sé sin ina
chúnamh chun cur leis na beartais i ndáil leis an gcomhshaol agus athrú aeráide
agus forbairt inbhuanaithe an chalafoirt agus thimpeallacht an chalafoirt go
háirithe trí lorg comhshaoil na soithí uisce‑iompartha a thagann go dtí
an calafort agus a fhanann ann a laghdú. (26) Ba cheart saoráidí
leordhóthanacha a bheith ann chun a áirithiú go dtéitear i gcomhairle go rialta
le húsáideoirí na gcalafort a n‑iarrtar orthu muirear ar bhonneagar
calafoirt a íoc agus/nó muirear ar sheirbhísí calafoirt nuair atá an muirear ar
bhonneagar calafoirt agus an muirear ar sheirbhísí calafoirt á shainiú agus á
athrú. Ba cheart do chomhlachtaí bainistíochta na gcalafort dul i gcomhairle le
páirtithe leasmhara eile go rialta freisin maidir leis na príomhcheisteanna a
bhaineann le forbairt shlán an chalafoirt, feidhmíocht an chalafoirt agus cumas
an chalafoirt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhealladh agus a ghiniúint amhail
an comhordú ar sheirbhísí calafoirt laistigh de limistéar an chalafoirt agus
éifeachtúlacht na nasc leis an gcúlchríoch agus na nósanna imeachta riaracháin
sna calafoirt. (27) Chun cur i bhfeidhm cuí agus
éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart comhlacht maoirseachta
neamhspleách, a d'fhéadfadh a bheith ina chomhlacht cheana féin, a ainmniú i
ngach Ballstát. (28) Ba cheart
do na comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha éagsúla faisnéis a mhalartú maidir
lena gcuid oibre agus ba cheart dóibh comhoibriú chun cur i bhfeidhm
aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú. (29) Chun gnéithe áirithe
neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú agus go háirithe
chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach muirear comhshaoil a chur chun cinn, chun
comhtháthú na muirear comhshaoil ar fud an Aontais a threisiú agus chun
prionsabail choiteanna i leith muirear a áirithiú maidir le loingseoireacht
ghearrthurais a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le haicmiú coiteann soithí,
breoslaí agus cineálacha oibríochtaí ar a mbraitheann na muirir ar bhonneagar
agus na prionsabail choiteanna i leith muirear maidir le muirir ar bhonneagar
calafoirt. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán
iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le
saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas
aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid
ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (30) Chun dálaí aonfhoirmeacha a
áirithiú d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur
chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le socruithe iomchuí le haghaidh
malartú faisnéise idir comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun
feidhme ag an gCoimisiún[13]. (31) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon nuachóiriú seirbhísí calafoirt
agus an creat iomchuí chun na hinfheistíochtaí is gá a mhealladh sna calafoirt
ar fad sa ghréasán iompair tras‑Eorpach a áirithiú, a chur i gcrích go
leordhóthanach i ngeall ar ghné Eorpach, idirnáisiúnta agus thrasteorann na
hearnála calafoirt agus na hearnála muirí lena mbaineann agus dá bhrí sin, i
ngeall ar an ngá atá le cothrom iomaíochta san earnáil Eorpach, is féidir iad a
chur i gcrích níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a
ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in
Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán
seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (32) Urramaíonn an Rialachán seo na
cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I ‑ Ábhar, raon feidhme agus
sainmhínithe Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1. Bunaítear leis an Rialachán
seo: (a)
creat soiléir maidir le rochtain ar an margadh
seirbhísí calafoirt; (b)
rialacha comhchoiteanna maidir leis an
trédhearcacht airgeadais agus na muirir atá le cur i bhfeidhm ag comhlachtaí
bainistíochta nó soláthraithe seirbhísí calafoirt. 2. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo maidir le soláthar na gcatagóirí seo a leanas de sheirbhísí calafoirt,
bídís laistigh de limistéar an chalafoirt nó ar an rochtain uiscebhealaí ar na
calafoirt agus ó na calafoirt. (a)
buncaeireacht (b)
láimhseáil lastais; (c)
dreidireacht; (d)
múráil; (e)
seirbhísí paisinéirí; (f)
saoráidí glactha calafoirt; (g)
píolótaíocht agus; (h)
tuáil. 3. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo maidir le calafoirt uile an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh, mar atá
sainmhínithe in Iarscríbhinn I de Rialachán XXX [rialachán maidir le
Treoirlínte TEN‑T]. 4. Féadfaidh na Ballstáit an
Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar chalafoirt eile freisin. Nuair a chinneann
na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar chalafoirt eile cuirfidh
siad a gCinneadh in iúl don Choimisiún. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an
Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: 1. ciallaíonn 'buncaeireacht'
breosla soladach, leachtach nó gásach nó aon fhoinse fuinnimh eile a sholáthar
a úsáidtear chun an soitheach uisce‑iompartha a thiomáint agus le
haghaidh soláthair ghinearálta agus shonraigh fuinnimh ar bord an tsoithigh
uisce‑iompartha fad is atá sé calaithe i gcalafort; 2. ciallaíonn 'seirbhísí
láimhseála lastais' lastas a eagrú agus a láimhseáil idir an soitheach uisce‑iompartha
iomprach agus an cladach chun críche allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras an
lastais, lena n‑áirítear próiseáil, iompar agus stóráil shealadach an
lastais sa chríochfort ábhartha láimhseála lastais agus a bhaineann go díreach
le hiompar an lastais, ach ní áirítear trádstóráil, díluchtú, athphacáistiú nó
aon seirbhísí breisluacha a bhaineann leis an lastas láimhseáilte; 3. ciallaíonn 'dreidireacht'
gaineamh, dríodar nó substaintí eile a bhaint ó ghrinneall bhealach isteach na
n‑uiscebhealaí ar an gcalafort le go mbeidh soithí uisce‑iompartha
in ann rochtain a fháil ar an gcalafort agus ina gcuimsítear an bhaint tosaigh
(dreidireacht chaipitiúil) agus an dreidireacht chothabhála araon chun rochtain
ar an uiscebhealach a áirithiú i gcónaí; 4. ciallaíonn 'saoráid
riachtanach calafoirt' saoráid nach féidir déanamh dá huireasa chun seirbhís
chalafoirt a dhéanamh agus nach féidir a mhacasamhlú faoi ghnáthdhálaí an
mhargaidh; 5. ciallaíonn 'comhlacht
bainistíochta an chalafoirt' aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil sé
mar chuspóir aige faoin dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí náisiúnta riarachán
agus bainistíocht a dhéanamh ar bhonneagair an chalafoirt agus trácht an
chalafoirt, agus gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena
mbaineann a chomhordú agus, nuair is iomchuí, a rialú bíodh sin i gcomhcheangal
le gníomhaíochtaí eile nó ná bíodh; 6. ciallaíonn 'múráil' na
seirbhísí calaithe agus díchalaithe is gá le haghaidh soithigh uisce‑iompartha
á chur ar ancaire nó á fheistiú don chladach nó i rochtain uiscebhealaí ar an
gcalafort ar bhealach eile; 7. ciallaíonn 'seirbhísí
paisinéirí' eagrú agus láimhseáil paisinéirí idir an soitheach uisce‑iompartha
agus an cladach agus san áireamh freisin tá sonraí pearsanta a phróiseáil agus
na paisinéirí a iompar laistigh den chríochfort ábhartha paisinéirí; 8. ciallaíonn 'píolótaíocht'
seirbhís treoraíochta soithigh uisce‑iompartha ó phíolóta nó ó stáisiún
píolótaíochta chun teacht isteach agus dul amach sábháilte an tsoithigh i
mbealach isteach uiscebhealaí ar an gcalafort a áirithiú; 9. ciallaíonn 'muirear ar
bhonneagar calafoirt' táille arna bailiú chun tairbhe dírí nó indírí chomhlacht
bainistíochta an chalafoirt agus arna híoc ag oibreoirí soithí uisce‑iompartha
nó úinéirí lastais as saoráidí agus seirbhísí a úsáid le gur féidir le soithí
teacht isteach sa chalafort agus dul amach as, lena n‑áirítear na
huiscebhealaí a thugann rochtain ar na calafoirt sin, chomh maith le rochtain
ar phróiseáil na bpaisinéirí agus an lastais; 10. ciallaíonn 'saoráid glactha
calafoirt' aon saoráid atá seasta, ar snámh nó soghluaiste agus inar féidir
dramhaíl long‑ghinte nó iarmhair lastais a fháil mar atá sainmhínithe i
dTreoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola long-ghinte agus iarmhar
lastais[14]; 11. ciallaíonn 'muirear ar
sheirbhísí calafoirt' táille arna bailiú chun tairbhe sholáthraí na seirbhísí
calafoirt agus arna híoc ag úsáideoirí na seirbhíse ábhartha; 12. ciallaíonn 'conradh seirbhísí
calafoirt' comhaontú foirmiúil lena ngabhann ceangal dlí idir soláthraí
seirbhíse calafoirt agus údarás inniúil faoina n–ainmníonn an comhlacht sin
soláthraí seirbhíse calafoirt chun seirbhísí calafoirt a sholáthar de réir nós
imeachta chun teorainn a chur le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt. 13. ciallaíonn 'soláthraí
seirbhísí calafoirt' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn, ar
luach saothair, ceann amháin nó níos mó de chatagóirí seirbhísí calafoirt atá
liostaithe in Airteagal 1(2), nó ar mian leis iad a sholáthar. 14. ciallaíonn 'oibleagáid
seirbhíse poiblí' ceanglas arna shainmhíniú nó arna chinneadh chun soláthar na
seirbhísí calafoirt sin a áirithiú ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nach
nglacfadh oibreoir air féin, dá mbeadh sé ag féachaint dá leasanna tráchtála
féin, nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna nó faoi na coinníollacha
céanna; 15. ciallaíonn 'loingseoireacht
ghearrthurais' gluaiseacht lastais agus paisinéirí ar an bhfarraige idir
calafoirt atá lonnaithe go geografach san Eoraip nó idir na calafoirt sin agus
calafoirt atá lonnaithe i dtíortha lasmuigh den Eoraip a bhfuil imeallbhord acu
leis na mara intíre ar an teorainn leis an Eoraip. 16. ciallaíonn 'calafort'
limistéar talún agus uisce atá comhdhéanta d'oibreacha agus de threalamh den
chineál sin a cheadaíonn, go príomha, glacadh le longa, iad a luchtú agus a
dhíluchtú, earraí a stóráil, na hearraí sin a ghlacadh agus a sheachadadh agus
paisinéirí a bhordáil agus a dhíbhordáil; agus aon bhonneagar eile is gá
d'oibreoirí iompair laistigh de limistéar an chalafoirt; 17. ciallaíonn 'tuáil' an chabhair
arna tabhairt do shoitheach uisce‑iompartha le tuga le gur féidir teacht
isteach sa chalafort agus dul amach as go sábháilte trí chabhrú le hainliú an
tsoithigh uisce‑iompartha; 18. ciallaíonn 'rochtain
uiscebhealaí ar chalafort' rochtain uisce ar an gcalafort ón bhfarraige
oscailte, amhail ascnaimh chalafoirt, seolbhealaí, aibhneacha, canálacha mara
agus fiordanna. CAIBIDIL II – Rochtain ar an margadh Airteagal 3
Saoirse chun seirbhísí a
sholáthar 1. Beidh feidhm ag an tsaoirse
chun seirbhísí a sholáthar i gcalafoirt arna gcumhdach faoin Rialachán seo
maidir le soláthraithe seirbhísí calafoirt atá bunaithe san Aontas faoi na
coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo. 2. Beidh rochtain ag
soláthraithe seirbhísí calafoirt ar shaoráidí riachtanacha calafoirt a mhéid is
gá le gur féidir leo a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích. Beidh téarmaí na
rochtana cothrom, réasúnach agus neamh‑idirdhealaitheach. Airteagal 4
Na híoscheanglais maidir le
seirbhísí calafoirt a sholáthar 1. Féadfaidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt na
híoscheanglais a chomhlíonadh chun an tseirbhís chalafoirt chomhfhreagrach a
dhéanamh. 2. Ní fhéadfaidh na
híoscheanglais dá bhforáiltear i mír 1 a bheith bainteach, más infheidhme,
ach le: (a)
cáilíochtaí gairmiúla an tsoláthraí seirbhíse
calafoirt, a phearsanra nó na daoine nádúrtha a bhainistíonn gníomhaíochtaí an
tsoláthraí seirbhíse calafoirt go héifeachtach agus go leanúnach; (b)
an trealamh is gá chun an tseirbhís ábhartha
chalafoirt a sholáthar faoi ghnáthdhálaí agus dálaí sábháilte agus an cumas
chun an trealamh sin a chothabháil ar an leibhéal iomchuí; (c)
comhlíonadh ceanglas maidir le sábháilteacht mhuirí
nó sábháilteacht agus slándáil an chalafoirt nó na rochtana air, na fearais, an
trealamh agus na daoine; (d)
comhlíonadh ceanglas comhshaoil ar leibhéal
áitiúil, náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus go hidirnáisiúnta. 3. Beidh na híoscheanglais
trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach, oibiachtúil agus ábhartha maidir
le catagóir agus nádúr na seirbhísí calafoirt lena mbaineann. 4. I gcás ina n‑áirítear
sna híoscheanglais eolas sonrach áitiúil nó eolas ar choinníollacha áitiúla,
áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt go bhfuil rochtain
leordhóthanach ar oiliúint ábhartha, faoi choinníollacha trédhearcacha agus
neamh‑idirdhealaitheacha, seachas i gcás ina n‑áirithíonn an
Ballstát rochtain leordhóthanach ar oiliúint den chineál sin. 5. Sna cásanna dá bhforáiltear i
mír 1, beidh na híoscheanglais dá dtagraítear i mír 2 agus an nós
imeachta maidir leis an gceart a thabhairt seirbhísí calafoirt a sholáthar faoi
na ceanglais sin foilsithe ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt faoin
1 Iúil 2015 nó i gcás íoscheanglas a bheidh infheidhme tar éis an
dáta sin, foilseofar iad trí mhí ar a laghad roimh an dáta ar a mbeadh na
ceanglais sin infheidhme. Cuirfear soláthraithe seirbhísí calafoirt ar an eolas
roimh ré maidir le haon athrú ar na critéir agus ar an nós imeachta. Airteagal 5
An nós imeachta chun
comhlíonadh íoscheanglas a áirithiú 1. Caithfidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt go cothrom le soláthraithe seirbhísí calafoirt agus
gníomhóidh sé ar bhealach trédhearcach. 2. Tabharfaidh nó diúltóidh
comhlacht bainistíochta an chalafoirt an ceart chun seirbhísí calafoirt a
sholáthar ar bhonn na n‑íoscheanglas a bhunaítear i gcomhréir le
hAirteagal 4 laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh ar an gceart sin a
thabhairt a fháil. Beidh bonn cirt cuí le gach diúltú, bunaithe ar chritéir
oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus
chomhréireacha. 3. Ní fhéadfar bonn cirt a chur
le haon teorainn le tréimhse an chinnidh arna éisiúint i gcomhréir le
mír 2 ach i gcás forais a bhaineann le cineál agus nádúr na seirbhíse
calafoirt. Airteagal 6
Teorainneacha le líon na
soláthraithe seirbhísí calafoirt 1. De mhaolú ar
Airteagal 3, féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt teorainn a
chur le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt do chalafort faoi leith ar
cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas: (a)
ganntanas nó úsáid fhorchoimeádta na talún ar
choinníoll gur féidir leis an gcomhlacht bainistíochta a thaispeáint gur
saoráid riachtanach calafoirt é an talamh chun an tseirbhís chalafoirt a
sholáthar agus go bhfuil an teorainn i gcomhréir le plean forbartha foirmiúil
an chalafoirt mar atá comhaontaithe ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt
agus, más iomchuí, ag aon údaráis inniúla phoiblí eile de réir na reachtaíochta
náisiúnta; (b)
na hoibleagáidí seirbhíse poiblí dá bhforáiltear in
Airteagal 8, a mhéid is féidir le heasnamh teorann bac a chur ar fheidhmiú
na n‑oibleagáidí arna sannadh do na soláthraithe seirbhísí calafoirt. 2. Foilseoidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt aon togra maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm ar
a laghad sé mhí roimh ré chomh maith leis an bhforas, ina dtugtar an deis d’aon
pháirtí leasmhar barúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta. 3. Foilseoidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt an cinneadh a ghlacfar. 4. I gcás ina soláthraíonn
comhlacht bainistíochta calafoirt seirbhísí calafoirt é féin nó trí eintiteas
dlíthiúil ar leith a rialaíonn sé go díreach nó go hindíreach, féadfaidh an
Ballstát glacadh an chinnidh lena gcuirtear teorainn le líon na soláthraithe
seirbhísí calafoirt a chur de chúram ar údarás atá neamhspleách ar chomhlacht
bainistíochta an chalafoirt. Mura gcuirfidh an Ballstát glacadh an chinnidh
lena gcuirtear teorainn le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt de chúram ar
údarás den chineál sin, ní bheidh líon na soláthraithe níos lú ná dhá cheann. Airteagal 7
An nós imeachta maidir le
teorainn a chur le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt 1. Beidh nós imeachta
roghnúcháin i gceist le haon teorainn a chuirfear le líon na soláthraithe
seirbhísí calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 6 agus beidh sé ar oscailt do na
páirtithe leasmhara ar fad, atá neamh‑idirdhealaitheach agus
trédhearcach. 2. Má sháraíonn luach measta na
seirbhíse calafoirt an tairseach atá sainmhínithe i mír 3, beidh feidhm ag
na rialacha maidir leis an nós imeachta deonúcháin, na ráthaíochtaí nós
imeachta agus uastréimhse na lamháltas mar atá leagtha amach i
dTreoir …./…. [lamháltas]. 3. Beidh an tairseach agus an
modh chun luach na seirbhíse calafoirt a chinneadh mar atá i bhforálacha
ábhartha agus infheidhme Threoir .…/…. [lamháltas]. 4. Tabharfaidh an soláthraí nó
na soláthraithe roghnaithe agus comhlacht bainistíochta an chalafoirt conradh
seirbhísí calafoirt i gcrích. 5. Chun críocha an Rialacháin
seo, measfar gur conradh nua seirbhísí calafoirt é modhnú substaintiúil de réir
bhrí Threoir …./… [lamháltas] ar na forálacha maidir le conradh seirbhísí
calafoirt le linn a théarma agus éileofar leis nós imeachta nua dá dtagraítear
i mír 2. 6. Ní bheidh feidhm ag
míreanna 1 go 5 den Airteagal seo sna cásanna dá dtagraítear in
Airteagal 9. 7. Tá an Rialachán seo gan
dochar do Threoir …/… [lamháltas] [15],
Treoir .…/….[fóntais phoiblí][16]
agus Treoir …/… [soláthar poiblí][17] Airteagal 8
Oibleagáidí seirbhíse poiblí 1. Féadfaidh na Ballstáit a
chinneadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le seirbhísí calafoirt a
fhorchur ar sholáthraithe chun na nithe seo a leanas a áirithiú: (a)
infhaighteacht na seirbhíse gan bhriseadh i rith an
lae, na hoíche, na seachtaine agus na bliana; (b)
infhaighteacht na seirbhíse le haghaidh gach
úsáideora; (c)
inacmhainneacht na seirbhíse do chatagóirí áirithe
úsáideoirí. 2. Beidh na hoibleagáidí dá
dtagraítear i mír 1 sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach,
infhíoraithe agus tabharfar ráthaíocht leo maidir le cothrom rochtana do gach
soláthraí seirbhísí calafoirt atá bunaithe san Aontas. 3. Ainmneoidh na Ballstáit na
húdaráis inniúla laistigh dá gcríoch a fhorchuirfidh oibleagáidí seirbhíse
poiblí den chineál sin. Féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt a
bheith mar an údarás inniúil. 4. I gcás nach mar a chéile an t‑údarás
inniúil arna ainmniú i gcomhréir le mír 3 agus comhlacht bainistíochta an
chalafoirt, feidhmeoidh an t‑údarás inniúil sin na cumhachtaí dá bhforáiltear
in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 maidir leis an teorainn le líon na
soláthraithe seirbhísí calafoirt bunaithe ar oibleagáidí seirbhíse poiblí. 5. Má chinneann an t‑údarás
inniúil oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur sna calafoirt ar fad arna
gcumhdach faoin Rialachán seo i mBallstát, cuirfidh sé na hoibleagáidí sin in
iúl don Choimisiún. 6. I gcás briste i seirbhísí
calafoirt dá bhforchuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí nó i gcás ina mbíonn
riosca láithreach maidir lena leithéid, féadfaidh an t‑údarás inniúil
beart éigeandála a dhéanamh. Féadfaidh an beart éigeandála a bheith i bhfoirm
deonaithe dhírigh chun an tseirbhís a shannadh do sholáthraí eile ar feadh
tréimhse nach faide ná bliain. Le linn na tréimhse sin, seolfaidh an t‑údarás
inniúil nós imeachta nua chun soláthraí seirbhísí calafoirt a roghnú i
gcomhréir le hAirteagal 7 nó cuirfidh sé Airteagal 9 i bhfeidhm. Airteagal 9
Oibreoir inmheánach 1. Sna cásanna dá bhforáiltear
in Airteagal 6(1)(b), féadfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh
seirbhís chalafoirt a sholáthar é féin faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó
oibleagáidí den chineál sin a fhorchur go díreach ar eintiteas dlíthiúil ar
leith a rialaíonn sé amhail mar a rialaíonn sé a ranna féin. I gcás mar sin,
measfar gur oibreoir inmheánach é an soláthraí seirbhíse calafoirt chun críche
an Rialacháin seo. 2. Measfar nach bhfuil an t‑údarás
inniúil ag rialú eintitis dhlíthiúil ar leith amhail mar a rialaíonn sé a ranna
féin ach amháin má bhíonn tionchar cinntitheach aige ar chuspóirí
straitéiseacha agus ar chinntí suntasacha an eintitis dhlíthiúil rialaithe
araon. 3. Ní dhéanfaidh an t-oibreoir
inmheánach an tseirbhís chalafoirt atá sannta dó ach amháin sna calafoirt inar
sannadh dó an tseirbhís chalafoirt a sholáthar. 4. Má chinneann an t‑údarás
inniúil mír 1 a chur i bhfeidhm sna calafoirt ar fad arna gcumhdach faoin
Rialachán seo i mBallstát, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún. 5. Tá an tAirteagal seo gan
dochar do Threoir .…/….[lamháltas]. Airteagal 10
Cearta fostaithe a chosaint 1. Ní bheidh tionchar ag an
Rialachán seo ar chur i bhfeidhm rialacha sóisialta agus saothair na mBallstát.
2. Gan dochar don dlí náisiúnta
agus do dhlí an Aontais lena n‑áirítear comhaontuithe comhchoiteanna idir
comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh comhlachtaí bainistíochta an chalafoirt
ceanglas a chur ar sholáthraí ainmnithe seirbhísí calafoirt arna cheapadh i
gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 7, i gcás nach
mar a chéile an soláthraí sin agus an soláthraí seirbhísí calafoirt atá ann
faoi láthair, cearta a thabhairt don fhoireann a d'fhostaigh an soláthraí
seirbhísí calafoirt atá ann faoi láthair roimhe sin, ar cearta iad a mbeidís
ina dteideal dá mbeadh aistriú déanta de réir bhrí Threoir 2001/23/CE. 3. I gcás ina gcuireann
comhlachtaí bainistíochta an chalafoirt ceanglas ar sholáthraithe seirbhísí
calafoirt caighdeáin shóisialta áirithe a chomhlíonadh maidir le seirbhísí
ábhartha calafoirt a sholáthar, sna doiciméid tairisceana agus conarthaí
seirbhísí calafoirt beidh liosta den fhoireann lena mbaineann agus tabharfar
sonraí trédhearcacha maidir lena gcearta conarthacha agus na coinníollacha
faoina meastar fostaithe a bheith nasctha leis na seirbhísí calafoirt. Airteagal 11
Díolúine Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo agus
forálacha idirthréimhseacha Airteagal 24 maidir le seirbhísí láimhseála
lastais agus seirbhísí paisinéara. CAIBIDIL III – Trédhearcacht
airgeadais agus uathriail Airteagal 12
Trédhearcacht caidrimh
airgeadais 1. Léireofar an caidreamh
airgeadais idir údaráis phoiblí agus comhlacht bainistíochta an chalafoirt a
fhaigheann cistí poiblí ar bhealach trédhearcach sna cuntais chun na nithe seo
a leanas a thaispeáint go soiléir: (a)
na cistí poiblí arna gcur ar fáil go díreach ag
údaráis phoiblí do chomhlachtaí bainistíochta an chalafoirt lena mbaineann; (b)
na cistí poiblí arna gcur ar fáil ag údaráis
phoiblí trí idirghabhálaí gnóthas poiblí nó institiúidí poiblí airgeadais; agus (c)
an úsáid dár sannadh na cistí poiblí sin. 2. I gcás ina soláthraíonn
comhlacht bainistíochta an chalafoirt a fhaigheann cistí poiblí na seirbhísí
calafoirt é féin, coinneoidh sé cuntais gach gníomhaíochta seirbhíse calafoirt
amach ó chuntais a chuid gníomhaíochtaí eile, sa chaoi: (a)
go sannfar agus go leithdháilfear na costais agus
an t‑ioncam ar fad ar bhonn na bprionsabal costchuntasaíochta arna gcur i
bhfeidhm go comhsheasmhach agus atá inchosanta go hoibiachtúil. agus (b)
go suífear go soiléir na prionsabail
costchuntasaíochta a gcoinnítear cuntais ar leith dá réir. 3. Áireofar sna cistí poiblí dá
dtagraítear i mír 1 cistí scairchaipitil nó cuasachaipitiúla, deontais
neamh‑in‑aisíoctha, deontais nach bhfuil aisíoctha ach i gcúinsí
áirithe, iasachtaí arna dtabhairt lena n‑áirítear rótharraingtí agus
réamhíocaíochtaí insteallta caipitil, ráthaíochtaí arna dtabhairt do chomhlacht
bainistíochta an chalafoirt ag údaráis phoiblí, díbhinní arna n‑íoc amach
agus brabúis arna gcoinneáil nó aon chineál tacaíochta airgeadais poiblí eile. 4. Coinneoidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt an fhaisnéis maidir leis an gcaidreamh airgeadais
dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo ar fáil don
Choimisiún agus don chomhlacht maoirseachta neamhspleách inniúil dá dtagraítear
i Airteagal 17 ar feadh cúig bliana ó dheireadh na bliana fioscaí dá
dtagraítear san fhaisnéis. 5. Cuirfidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt ar fáil don Choimisiún agus don chomhlacht
maoirseachta neamhspleách inniúil, arna iarraidh sin air, aon fhaisnéis bhreise
a mheasann siad a bhfuil gá léi chun measúnú críochnúil a dhéanamh ar na sonraí
arna gcur isteach agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin
seo. Seolfar an fhaisnéis laistigh de dhá mhí ó dháta na hiarrata. 6. Maidir le comhlachtaí
bainistíochta an chalafoirt nach bhfuair cistí poiblí i mblianta cuntasaíochta
roimhe sin ach atá tosaithe ag baint tairbhe as cistí poiblí, cuirfidh siad
mír 1 agus mír 2 ón mbliain chuntasaíochta i ndiaidh aistriú na
gcistí poiblí i bhfeidhm. 7. I gcás ina n‑íoctar
cistí poiblí mar chúiteamh ar oibleagáid seirbhíse poiblí, taispeánfar ar
leithligh iad sna cuntais ábhartha agus ní fhéadfar iad a aistriú chuig aon
seirbhís nó gníomhaíocht ghnó eile. Airteagal 13
Muirir ar sheirbhísí
calafoirt 1. Maidir leis na muirir ar
sheirbhísí arna soláthar ag oibreoir inmheánach dá dtagraítear in
Airteagal 9 agus na muirir arna dtobhach ag soláthraithe seirbhísí
calafoirt, i gcásanna ina bhfuil teorainn le líon na soláthraithe nach bhfuil
ainmnithe ar bhonn nósanna imeachta atá oscailte, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach,
socrófar iad ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach. Beidh
na muirir mar léiriú ar na dálaí ar mhargadh ábhartha iomaíoch agus ní bheidh
siad díréireach le luach eacnamaíoch na seirbhíse arna soláthar. 2. Féadfar íocaíocht na muirear
ar sheirbhísí calafoirt a chomhtháthú in íocaíochtaí eile, amhail íocaíocht na
muirear ar bhonneagar calafoirt. Sa chás sin, áiritheoidh soláthraí na
seirbhíse calafoirt agus, más iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt
gur féidir le húsáideoir na seirbhíse calafoirt méid an mhuirir ar sheirbhísí
calafoirt a shainaithint go héasca. 3. Cuirfidh soláthraí na
seirbhíse calafoirt ar fáil don chomhlacht maoirseachta neamhspleách inniúil dá
dtagraítear in Airteagal 17, arna iarraidh sin air, faisnéis maidir leis
na gnéithe atá mar bhonn le struchtúr agus leibhéal na muirear ar sheirbhísí
calafoirt a chinneadh a thagann faoi chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal
seo. Áireofar san fhaisnéis sin an mhodheolaíocht arna húsáid chun na muirir
chalafoirt a shocrú maidir leis na saoráidí agus na seirbhísí lena mbaineann na
muirir sin ar sheirbhísí calafoirt. Airteagal 14
Muirir ar bhonneagar
calafoirt 1. Toibheoidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt muirear ar bhonneagar calafoirt. Ní chuirfidh sé
sin bac ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt a úsáideann bonneagair calafort
muirir ar sheirbhísí calafoirt a thobhach. 2. Féadfar íocaíocht na muirear
ar bhonneagar calafoirt a chomhtháthú in íocaíochtaí eile, amhail íocaíocht na
muirear ar sheirbhísí calafoirt. Sa chás sin, áiritheoidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt gur féidir le húsáideoir an bhonneagair chalafoirt
méid an mhuirir ar bhonneagar calafoirt a shainaithint go héasca. 3. Chun cur le córas éifeachtach
muirearaithe ar bhonneagar, saineoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt
struchtúr agus leibhéal na muirear ar bhonneagar calafoirt ar bhealach
uathrialaitheach de réir a straitéise tráchtála agus a phlean infheistíochta
féin lena léireofar dálaí iomaíocha an mhargaidh ábhartha agus i gcomhréir le
rialacha maidir le Státchabhair. 4. Gan dochar do mhír 3, is
féidir éagsúlacht a bheith idir muirir ar bhonneagar calafoirt i gcomhréir le
cleachtais tráchtála a bhaineann le húsáideoirí rialta, nó chun úsáid níos
éifeachtúla an bhonneagair chalafoirt, loingseoireacht ghearrthurais nó
feidhmíocht ard chomhshaoil, éifeachtúlacht fuinnimh nó éifeachtúlacht carbóin
oibríochtaí iompair a chur chun cinn. Beidh na critéir a úsáidfear d'éagsúlacht
den chineál sin ábhartha, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach
agus tabharfaidh siad aird chuí ar na rialacha iomaíochta. Beidh an éagsúlacht
a thiocfaidh as le fáil go háirithe d'úsáideoirí ábhartha ar fad seirbhísí
calafoirt ar choinníollacha comhionanna. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
dá dtagraítear in Airteagal 21 maidir le haicmithe coiteanna soithí,
breoslaí agus cineálacha oibríochtaí a mbíonn muirir éagsúla ar bhonneagar
orthu agus na prionsabail choiteanna muirearaithe do mhuirir ar bhonneagar
calafoirt. 6. Cuirfidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt úsáideoirí calafort agus ionadaithe nó comhlachais
úsáideoirí calafort ar an eolas maidir leis an struchtúr agus na critéir arna n‑úsáid
chun méid na muirear ar bhonneagar calafoirt a chinneadh, lena n‑áirítear
costais iomlána agus ioncam iomlán atá mar bhonn chun struchtúr agus leibhéal
na muirear ar bhonneagar calafoirt a chinneadh. Cuirfidh sé úsáideoirí na
mbonneagar calafoirt ar an eolas maidir le haon athruithe ar mhéid na muirear
ar bhonneagar calafoirt nó ar an struchtúr nó na critéir arna n‑úsáid
chun athruithe den chineál sin a chinneadh ar a laghad trí mhí roimh ré. 7. Cuirfidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt ar fáil don chomhlacht maoirseachta neamhspleách
inniúil agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis dá dtagraítear
i mír 4 agus na costais mhionsonraithe agus an t‑ioncam
mionsonraithe atá mar bhonn chun cinneadh a dhéanamh i ndáil le struchtúr agus
leibhéal na muirear ar bhonneagar calafoirt agus an mhodheolaíocht arna húsáid
chun na muirir ar bhonneagar calafoirt a shocrú maidir leis na saoráidí agus na
seirbhísí lena mbaineann na muirir chalafoirt sin. CAIBIDIL IV
‑ Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha Airteagal 15
Dul i gcomhairle le
húsáideoirí calafort 1. Bunóidh comhlacht
bainistíocht an chalafoirt coiste ionadaithe ar a mbeidh oibreoirí soithí uisce‑iompartha,
úinéirí lastais nó úsáideoirí calafort eile a n‑iarrtar orthu muirear ar
bhonneagar nó muirear ar sheirbhís chalafoirt nó an dá cheann acu a íoc.
Tabharfar 'coiste comhairleach na n‑úsáideoirí calafort' ar an gcoiste
seo. 2. Rachaidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt i gcomhairle ar bhonn bliantúil roimh shocrú na
muirear ar bhonneagar calafoirt le coiste comhairleach na n‑úsáideoirí
calafort maidir le struchtúr agus leibhéal na muirear sin. Rachaidh na
soláthraithe seirbhísí calafoirt dá dtagraítear in Airteagal 6 agus
Airteagal 9 i gcomhairle ar bhonn bliantúil roimh shocrú na muirear ar
sheirbhísí calafoirt le coiste comhairleach na n‑úsáideoirí calafort
maidir le struchtúr agus leibhéal na muirear sin. Soláthróidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt saoráidí leordhóthanacha le haghaidh
comhairliúcháin den chineál sin agus cuirfidh na soláthraithe seirbhísí
calafoirt torthaí an chomhairliúcháin in iúl dó. Airteagal 16
Comhairliúchán le páirtithe
leasmhara eile 1. Rachaidh comhlacht
bainistíochta an chalafoirt i gcomhairle go rialta le páirtithe leasmhara
amhail gnóthais atá bunaithe sa chalafort, soláthraithe seirbhísí calafoirt,
oibreoirí soithí uisce‑iompartha, úinéirí lastais, oibreoirí iompair de
thalamh agus lucht riaracháin phoiblí a fheidhmíonn i limistéar an chalafoirt
maidir leis an méid seo a leanas: (a)
comhordú cuí na seirbhísí calafoirt laistigh de
limistéar an chalafoirt; (b)
bearta chun na naisc leis an gcúlchríoch a fheabhsú
agus, más iomchuí, bearta chun éifeachtúlacht na nasc uiscebhealaí inmheánacha
agus na nasc iarnróid a fhorbairt agus a fheabhsú; (c)
éifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin sa
chalafort agus, más iomchuí, bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh chun iad a
shimpliú. Airteagal 17
Comhlacht maoirseachta
neamhspleách 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
ndéanfaidh comhlacht maoirseachta neamhspleách faireachán agus maoirseacht ar
chur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna calafoirt ar fad arna gcumhdach faoin
Rialachán seo i gcríoch gach Ballstáit. 2. Beidh an comhlacht
maoirseachta neamhspleách leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách go
feidhmiúil ó aon chomhlacht bainistíochta sa chalafort nó ó sholáthraithe
seirbhísí calafoirt. Áiritheoidh na Ballstáit a mbeidh seilbh acu ar chalafoirt
nó a dhéanfaidh iad a rialú nó comhlachtaí bainistíochta calafort deighilt
struchtúrach éifeachtach idir na feidhmeanna a bhaineann le maoirseacht agus
faireachán a dhéanamh ar an Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bhaineann
leis an tseilbh nó an rialú sin. Feidhmeoidh comhlacht maoirseachta
neamhspleách a gcumhachtaí go neamhchlaonta agus go trédhearcach agus le haird
chuí ar an gceart chun gnó a dhéanamh go neamhshrianta. 3. Láimhseálfaidh an comhlacht
maoirseachta neamhspleách na gearáin arna ndéanamh ag aon pháirtí a bhfuil leas
dlisteanach aige agus na díospóidí a thabharfar os a chomhair a bhaineann le
cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. 4. I gcás ina n‑eascróidh
an díospóid idir páirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh inniúlacht
ag comhlacht maoirseachta neamhspleách an Bhallstáit ina bhfuil an calafort a
mheastar gurb ann a thosaigh an díospóid chun an díospóid a réiteach. 5. Beidh an ceart ag an
gcomhlacht maoirseachta neamhspleách a chur de cheangal ar chomhlachtaí
bainistíochta na gcalafort, soláthraithe seirbhísí calafoirt agus úsáideoirí
calafort faisnéis a chur isteach a bhfuil gá léi chun faireachán agus
maoirseacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú. 6. Féadfaidh an comhlacht
maoirseachta neamhspleách tuairimí a eisiúint arna iarraidh sin d'údarás
inniúil sa Bhallstát maidir le haon cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm
an Rialacháin seo. 7. Féadfaidh an comhlacht
maoirseachta neamhspleách dul i gcomhairle le coiste comhairleach na n‑úsáideoirí
calafort sa chalafort lena mbaineann agus é ag plé leis na gearáin nó
díospóidí. 8. Beidh na cinntí a dhéanfaidh
an comhlacht maoirseachta neamhspleách ina gceangal, gan dochar d'athbhreithniú
breithiúnach. 9. Cuirfidh na Ballstáit
céannacht na gcomhlachtaí maoirseachta neamhspleácha in iúl don Choimisiún
faoin 1 Iúil 2015 ar a dhéanaí agus cuirfidh siad aon mhodhnú a
dhéanfar uirthi ina dhiaidh sin in iúl dó freisin. Foilseoidh an Coimisiún agus
tabharfaidh sé cothrom le dáta liosta na gcomhlachtaí maoirseachta
neamhspleácha ar a láithreán gréasáin. Airteagal 18
Comhar idir comhlachtaí
maoirseachta neamhspleácha 1. Malartóidh comhlachtaí
maoirseachta neamhspleácha faisnéis faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail
agus cleachtais cinnteoireachta chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an
Rialacháin seo a éascú. Chun na críche sin, beidh siad rannpháirteach agus
oibreoidh siad le chéile i líonra a thagann le chéile ar bhonn rialta agus ar a
laghad uair sa bhliain. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in obair an líonra,
déanfaidh sé í a chomhordú agus tacóidh sé léi. 2. Beidh dlúthchomhar idir
comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha chun críocha cúnaimh fhrithpháirtigh ina
gcúraimí, lena n‑áirítear imscrúduithe a dhéanamh is gá chun déileáil le
gearáin agus díospóidí i gcásanna a bhaineann le calafoirt i mBallstáit
éagsúla. Chun na críche sin, cuirfidh comhlacht maoirseachta neamhspleách ar
fáil do chomhlacht eile den chineál sin, tar éis iarraidh chuí‑réasúnaithe
a fháil, an fhaisnéis is gá le gur féidir leis an gcomhlacht sin a
fhreagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go
gcuirfidh na comhlachtaí maoirseachta, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, an
fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún le gur féidir leis a chúraimí a chur i
gcrích. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le
feidhmiú na gcúraimí sin. 4. I gcás ina measann an
comhlacht maoirseachta neamhspleách go bhfuil an fhaisnéis faoi rún i gcomhréir
le rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta maidir le rúndacht ghnó,
áiritheoidh an comhlacht maoirseachta náisiúnta eile agus an Coimisiún rúndacht
den chineál sin. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach chun na críche dár
iarradh í. 5. Bunaithe ar thaithí na gcomhlachtaí
maoirseachta neamhspleácha agus ar ghníomhaíochtaí an líonra dá dtagraítear i
mír 1, agus chun comhar éifeachtúil a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún
prionsabail choiteanna a ghlacadh maidir leis na socruithe iomchuí le haghaidh
malartú faisnéise idir comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha. Glacfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 22(2). Airteagal 19
Achomhairc 1. Beidh an ceart ag aon pháirtí
leasmhar chun achomharc a dhéanamh in aghaidh na gcinntí nó na mbeart aonair
arna ndéanamh faoin Rialachán seo ag na húdaráis inniúla, ag comhlacht
bainistíochta an chalafoirt nó ag an gcomhlacht maoirseachta neamhspleách le
comhlacht achomhairc atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann. Féadfaidh
cúirt a bheith ina comhlacht achomhairc. 2. I gcás nach bhfuil an
comhlacht achomhairc dá dtagraítear i mír 1 de chineál breithiúnach,
tabharfaidh sé fáthanna i scríbhinn lena chinntí. Beidh a chinntí faoi réir
athbhreithnithe ag cúirt náisiúnta freisin. Airteagal 20
Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir
leis na pionóis a bheidh infheidhmithe i leith sáruithe ar fhorálacha an
Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go
gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith
éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra
faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Iúil 2015 ar a dhéanaí agus
tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin
a dhéanfadh difear dóibh. Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún
go ceann tréimhse neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14
a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin.
Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh
sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura
mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle
laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na
tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a
chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear
síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa
nó ón gComhairle. Airteagal 22
Nós imeachta coiste 1. Beidh coiste de chúnamh ag an
gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. Airteagal 23
Tuarascáil Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi
bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú agus éifeacht
an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, tograí ábhartha. Airteagal 24
Bearta idirthréimhseacha 1. Na conarthaí seirbhísí
calafoirt a tugadh i gcrích roimh [an dáta a nglacfar an Rialachán] agus ar
cuireadh de chúram orthu soláthraithe seirbhísí calafoirt a roghnú bunaithe ar
nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach nó a
chomhlíonann rialacha an Rialacháin seo ar bhealach eile, leanfaidh siad de
bheith bailí go rachaidh siad in éag. 2. Na conarthaí a tugadh i
gcrích roimh [an dáta a nglacfar an Rialachán] agus nach gcomhlíonann na
coinníollacha atá tugtha i mír 1, leanfaidh siad de bheith bailí go
rachaidh siad in éag ach ní tar éis 1 Iúil 2025. Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige le
héifeacht ón 1 Iúil 2015. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] COM(2011) 650 final/2. Braithfidh uimhir dheireanach líon na
gcalafort TEN‑T ar an toradh a bheidh ar an nós imeachta reachtach atá ar
siúl faoi láthair. [2] COM (2011) 897 final. [3] Mar thoradh ar thrádáil idir na
Ballstáit agus trádáil idir Ballstát agus tír nach bhfuil san AE trí Bhallstát
eile. [4] IO C , , lch. . [5] IO C , , lch. . [6] COM(2012) 573 final (3.10.2012) [7] Togra le haghaidh Treorach maidir
le conarthaí lamháltais a thabhairt (COM 2011) 897 final [8] IO L 7, 11.01.2012, lch. 3. [9] IO L 114, 26.4.2012, lch. 8. [10] IO C 8, 11.01.2012 [11] IO L 82, 22.3.2001, lch. 16. [12] IO L 318, 17.11.2006, lch. 17. [13] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [14] IO L 332, 28.12.2000, lch. 81-90. [15] Togra le haghaidh Treorach maidir le conarthaí lamháltais
a thabhairt (COM 2011) 897 final [16] Togra le haghaidh Treorach maidir le soláthar ag eintitis
atá ag oibriú in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na
seirbhísí poist (COM/2011/0895 final) [17] Togra le haghaidh Treorach maidir le soláthar poiblí
(COM/2011/0896 final)