EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0147

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta chun an costas ar chur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú

/* COM/2013/0147 final - 2013/0080 (COD) */

52013PC0147

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta chun an costas ar chur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú /* COM/2013/0147 final - 2013/0080 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Sa mheabhrán míniúcháin seo déantar cur síos ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú.

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.        Cuspóirí an Togra

Is iad cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe an costas a laghdú agus an éifeachtúlacht a fheabhsú maidir le bonneagar cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid tríd an dea-chleachtas atá ann cheana féin ar fud an AE a mhéadú ó scála, rud a fheabhsóidh na dálaí chun an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú i réimse a thacaíonn le beagnach gach earnáil den gheilleagar.

Go deimhin, tá comhaontú forleathan ann gurb iad oibreacha innealtóireachta sibhialta is mó atá i gceist sna costais fhoriomlána as cur in úsáid líonraí[1], beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear, agus tá meastacháin chomh hard le 80 % ann i dteicneolaíochtaí áirithe.

Is féidir na costais a laghdú go suntasach ach foráil a dhéanamh i leith roinnt ceart a bheadh infheidhme go díreach agus oibleagáidí a bheadh infheidhme thar na céimeanna éagsúla de chur in úsáid an bhonneagair. Is féidir bacainní ar infheistíocht agus ar dhul isteach sa mhargadh a mhaolú trí úsáid níos déine den bhonneagar fisiciúil atá ann cheana féin, trí chomhar feabhsaithe maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe agus trí nósanna imeachta um dheonú ceadanna a shruthlíniú agus trí bhacainní atá roimh bhonneagar foirgnimh atá réidh don ardluas a bhaint.

Mar sin, tugtar aghaidh sa tionscnamh seo ar cheithre phríomhréimse fadhbanna: (1) neamhéifeachtúlachtaí nó baic a bhaineann le bonneagar fisiciúil atá ann cheana féin a úsáid (mar shampla, duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill, caibinéid, cuaillí, crainn, aeróga, túir agus tógálacha tacaíochta eile), (2) baic a bhaineann le comhchur in úsáid, (3) neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann le ceadanna riaracháin a dheonú agus, ar deireadh, (4) baic a bhaineann le cur in úsáid laistigh d'fhoirgneamh.

Toisc go bhfuil nasc ag gach réimse fadhbanna le céim shonrach sa phróiseas sholáthair chéimnigh, is é an toradh a bheadh air dá dtabharfaí aghaidh ar na fadhbanna sin le chéile go gcruthófaí sraith gníomhaíochtaí comhsheashacha a dhéanfadh atreisiú ar a chéile. Dar le staidéar a rinneadh, meastar go mbeadh na coigiltí i leith Capex a d’fhéadfadh a bheith ann d'oibreoirí sa raon idir 20 agus 30 % den chostas iomlán infheistíochta[2], i.e. suas le EUR 63 billiún faoi 2020[3], dá ndéanfaí bearta chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí fadhbanna a aithníodh.

D'fhonn sineirgí a uasmhéadú thar líonraí, ní ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí amháin atá an rialachán seo dírithe ach ar aon úinéir de bhonneagar fisiciúil, amhail seirbhísí leictreachais, gáis, uisce agus camrais, téimh agus iompair, atá oiriúnach chun eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil.

1.2.        Comhthéacs ginearálta

De réir thuarascáil 2010 ar an Margadh Aonair[4], tá seirbhísí agus bonneagar teileachumarsáide san AE thar a bheith ilroinnte de réir teorainneacha náisiúnta fós. Léirigh tuarascáil níos déanaí ar chostas na neamh‑Eorpachta san earnáil cumarsáide leictreonaí [5] gurb ionann agus 0.9 % den OTI sa bhliain, nó 110 billiún euro, acmhainneacht an Mhargaidh Aonair nach bhfuil leas á baint aisti.

Tá bonneagar leathanbhanda ardluais ag croílár an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus ina réamhchoinníoll don iomaíochas domhanda, i.e. i réimse na ríomhthráchtála. Mar a meabhraíodh sa Teachtaireacht maidir le Gníomh um an Margadh Aonair II[6], is féidir méadú 1-1.5 % san OTI bhliantúil agus méadú 1.5 % ar tháirgiúlacht an lucht saothair teacht as ardú 10 % ar an bhfáil ar leathanbhanda[7] . Trí nuálaíocht arna spreagadh ag leathanbhanda i gcuideachtaí cruthaítear fostaíocht, agus d'fhéadfadh seo 2 mhilliún post breise a chruthú faoi 2020.[8]

Tá céatadán suntasach de na féidearthachtaí seo nach bhfuil leas á mbaint astu le fáil ar leibhéal an bhonneagair líonraí: nuair a úsáidtear bealaí difriúla rialála i leith soláthar céimneach líonraí cuirtear leis an gcostas rochtana ar mhargaí náisiúnta, cuirtear cosc ar leas a bhaint as barainneachtaí scála ar leibhéal na seirbhísí agus an trealaimh agus cuirtear bac ar fhorbairt seirbhísí nuálacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn ar líonraí fíor-ardluais a théann thar theorainneacha gan idirbhriseadh. Cé go mbíonn forálacha agus nósanna imeachta arna riar ar an leibhéal áitiúil i gceist go minic le cur in úsáid na líonraí rochtana, féadfaidh bearta den sórt sin, lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach áitiúil, tionchar neamhdhíreach a imirt ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus bonn cirt a thabhairt d'idirghabháil an Aontais[9]. Lena chois sin, bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, rith an tAontas reachtaíocht roimhe seo d'fhonn cur in úsáid bonneagair líonraí logánta a chothú, trí dhíchuachadh na lúibe logánta.[10]

Beidh an tAontas thíos leis má fhágtar saoránaigh agus gnólachtaí lasmuigh de raon an bhonneagair sin agus tá spriocanna uaillmhianacha leathanbhanda leagtha síos sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip: faoi 2013, bunseirbhís leathanbhanda do gach Eorpach, agus faoi 2020, (i) rochtain ar luas os cionn 30 Mbps do gach Eorpach, agus (ii) síntiús le nasc idirlín os cionn 100 Mbps do 50 % nó níos mó de theaghlaigh na hEorpa. Ní bhainfear na spriocanna sin amach ach amháin má íslítear na costais ar chur in úsáid bonneagair ar fud an AE.

1.3.        Cúlra polaitiúil

Is tionscnamh suaitheanta é Clár Oibre Digiteach don Eoraip faoin Straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé mar aidhm léi tairbhí inbhuanaithe eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint as margadh aonair digiteach atá bunaithe ar Idirlíon tapa agus fíorthapa agus ar fheidhmchláir idir-inoibritheacha.

Aithníodh go háirithe an gá na costais ar chur in úsáid leathanbhanda a ísliú ar chríoch iomlán an Aontais, lena n-áirítear pleanáil agus comhordú ceart a dhéanamh agus ualaí riaracháin a laghdú.[11]

Ag an gComhairle Eorpach an 1 agus 2 Márta 2012 iarradh beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun cumhdach leathanbhanda níos fearr a sholáthar, lena n-áirítear an costas ar bhonneagar leathanbhanda ardluais a laghdú.[12]

Aithníodh an tionscnamh sa Teachtaireacht "Gníomh um an Margadh Aonair II: Le chéile ar mhaithe le fás nua" mar cheann de 12 phríomhghníomhaíocht a chuirfidh borradh faoi fhás, faoi fhostaíocht agus faoi mhuinín sa Mhargadh Aonair agus beidh tionchar dáiríre aige ar an láthair[13]. Sa Ghníomh um an Margadh Aonair II, tá foráil maidir leis an togra ón gCoimisiún a ghlacadh sa chéad ráithe de 2013. D'iarr Comhairle Eorpach an 13 agus 14 Nollaig 2012 ar an gCoimisiún gach príomhthogra a chur i láthair faoi earrach na bliana 2013.[14]

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

2.1.        Comhairliúchán poiblí leis na páirtithe leasmhara

D'eagraigh seirbhísí an Choimisiún comhairliúchán poiblí ón 27 Aibreán go dtí an 20 Iúil 2012, agus tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ar chúig shraith ceisteanna, a chumhdaíonn slabhra iomlán cur in úsáid líonraí, ón gcéim phleanála go nascadh na n-úsáideoirí deiridh.[15]

Tháinig os cionn céad freagra i scríbhinn ó gheallsealbhóirí éagsúla in 26 tír ar fud an AE agus ar fud LSE. Ba sholáthraithe cumarsáide leictreonaí (27) agus a gcomhlachais trádála (14) an chatagóir is mó freagróirí, chomh maith le comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear údaráis láir (22, lena n-áirítear 6 Údarás Rialála Náisiúnta (ÚRN)) agus údaráis áitiúla (9). Thug páirtithe eile (7) ionchur uathu trí chomhlachais trádála den chuid is mó. Fuarthas freagraí freisin ó mhonaróirí trealaimh (5) agus comhlachais trádála innealtóireachta agus TFC (6).

Go ginearálta, bhí na freagróirí fabhrach i leith an togra atá beartaithe ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis na costais innealtóireachta sibhialta ar sholáthar céimneach leathanbhanda ar fud an mhargaidh aonair. Dhearbhaigh móramh de na freagróirí go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí agus baic ann agus go bhféadfaí costais a laghdú. D'admhaigh na geallsealbhóirí go soiléir go bhfuil fadhbanna ann agus go bhfuil gá le gníomhaíochtaí. Cuireadh roinnt réiteach chun tosaigh, cuid acu an-uaillmhianach agus cuid eile nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna.

Chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí, bhunaigh seirbhísí an Choimisiún fóram plé ar an Idirlíon chun smaointe na bpáirtithe leasmhara a shluafhoinsiú.[16]

Bhí seirbhísí an Choimisiúin i dteagmháil rialta leis na mór-gheallsealbhóirí, idir gheallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí araon, sna hearnálacha lena mbaineann.

2.2         Staidéir agus foinsí eile faisnéise

Rinne seirbhísí an Choimisiúin dhá staidéar a choimisiúnú, staidéar amháin le Deloitte maidir le cleachtais laghdaithe costas i ndáil le soláthar céimneach bonneagair éighníomhaigh leathanbhanda,[17] agus staidéar eile le Analysys Mason chun tacú le measúnú tionchair a ghabhann leis an togra reatha.[18]

Chomh maith leis sin, d’úsáid seirbhísí an Choimisiúin foinsí eile faisnéise, staidéir agus dea-chleachtais náisiúnta (lena n-áirítear foinsí sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Liotuáin, san Ísiltír, sa Pholainn, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe)[19]. Bhailigh na seirbhísí freagracha sin den Choimisiún faisnéis mhionsonraithe ó na hÚdaráis Rialála Náisiúnta freisin.

2.3         Measúnú ar thionchar an Rialacháin atá beartaithe

Thug seirbhísí an Choimisiúin faoi mheasúnú tionchair.[20] Roghnaíodh ceithre Rogha beartais le cur faoi anailís bhreise:

Rogha 1: Gan aon athrú a dhéanamh: an cur chuige faireacháin, forghníomhaithe agus treoraithe reatha a choinneáil.

Rogha 2: Breis éifeachtúlachta a chur chun cinn laistigh den earnáil teileachumarsáide: moltar bearta chun go gcuirfidh na hÚdaráis Rialála Náisiúnta an creat rialála maidir le cumarsáid leictreonach i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí comhchuibhithe.

Rogha 3: Breis éifeachtúlachta a chumasú thar earnálacha: togra le haghaidh Rialacháin a mbeadh sé mar aidhm leis leas a bhaint as acmhainn iomlán an chomhair thras‑earnála (tá foráil in dhá fhorogha, 3a - Rialachán amháin agus 3b - Rialachán agus Moladh le chéile).

Rogha 4: Breis éifeachtúlachta a shainordú: togra le haghaidh reachtaíochta a chomhlánfaidh an creat rialála reatha chun bearta a shainordú agus a théadh níos faide ná Rogha 3, amhail atlais bhonneagair, rochtain ar bhonneagar bunaithe ar chostais, comhar sainordaithe d'oibreacha innealtóireachta sibhialta fiú nuair nach maoinítear iad le cistí poiblí agus bonneagar atá réidh don ardluas a shuiteáil i seanfhoirgnimh freisin.

Tá anailís na roghanna dírithe go háirithe ar na costais agus ar na tairbhí a bheidh ar gheallsealbhóirí díreacha, an tionchar a bhfuiltear ag súil leis ar infheistíocht sna líonraí agus ar sholáthar céimneach leathanbhanda, agus ar anailís mhaicreacnamaíoch níos leithne ar an tionchar ar leas tomhaltóirí, ar fhás, ar iomaíochas agus ar an Margadh Aonair.

Is é conclúid na Tuarascála ar an Measúnú Tionchair gurb í Rogha 3a an Rogha is fearr atá ar fáil, toisc a éifeachtaí atá sí ó thaobh na nithe a aithníodh, an anailís costais is tairbhe, éifeachtúlacht agus soiléire maidir le leas a bhaint as an acmhainn laghdaithe costas ag úsáid cuspóirí ginearálta bheartais an AE, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta.

Maidir leis an Rogha ionstraime atá beartaithe, féach roinn 3.4 thíos.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Bunús Dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá bonn cirt leis sin bunaithe ar chuspóirí an togra, a bhfuil sé mar aidhm leo na dálaí do bhunú agus d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

Lena chois sin, mar a dhearbhaítear sa chásdlí, tugann an tAirteagal seo discréid do reachtaíocht an Aontais, ag brath ar an gcomhthéacs ginearálta agus dálaí sonracha an ábhair atá le comhchuibhiú, maidir leis an teicníocht comhchuibhithe is iomchuí chun an toradh inmhianaithe a bhaint amach, go háirithe i réimsí a bhfuil gnéithe casta teicniúla mar shaintréith acu.[21]

3.2.        Coimhdeacht

Tugann prionsabal na coimhdeachta bonn cirt don idirghabháil Eorpach atá beartaithe chun an costas ar chur in úsáid bonneagair cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú.

Tá dhá príomhaidhm le prionsabal na coimhdeachta. Ar lámh amháin, cuireann sé ar chumas an Aontais gníomhú mura féidir le Ballstát atá ag gníomhú léi féin fadhb a réiteach go leordhóthanach. Ar an lámh eile, iarrann sé seasamh le húdarás na mBallstát sna réimsí sin nach féidir déileáil leo níos éifeachtaí ach an oiread le gníomhaíocht ón Aontas. Is é an cuspóir an próiseas déanta cinntí laistigh den Aontas a thabhairt chomh gar agus is féidir don saoránach.

Díríonn an Rialachán atá beartaithe ar chearta agus oibleagáidí sonracha is infheidhme go díreach a shainiú d’fhonn pleanáil agus tabhairt i gcrích sholáthar céimneach an bhonneagair fhisiciúil agus na n-oibreacha sibhialta a éascú, lena n-áirítear forálacha coimhdeacha chun trédhearcacht na faisnéise ábhartha agus comhordú na nósanna imeachta riaracháin a áirithiú. Chomh maith leis an méid sin, tá foráil ann maidir le ceanglais don bhonneagar fisiciúil laistigh d’fhoirgneamh le haghaidh gach foirgneamh agus mór-athchóiriú nua.

Tógann na bearta atáthar ag súil leo ar an dea-chleachtas atá ann i roinnt Ballstát, amhail an dea-chleachtas a bhaineann le bonneagar fisiciúil atá ann cheana a athúsáid sa Liotuáin agus sa Phortaingéil, trédhearcacht an bhonneagair atá ann cheana sa Bheilg agus sa Ghearmáin, comhchur in úsáid san Fhionlainn agus sa tSualainn, sruthlíniú ceart slí agus nósanna imeachta riaracháin san Ísiltír agus sa Pholainn agus bonneagar leathanbhanda ardluais i bhfoirgnimh nua sa Spáinn agus sa Fhrainc[22]. Tá bearta tugtha isteach ag Ballstáit áirithe a théann, go feadh méid áirithe, níos faide ná na cinn atá beartaithe, amhail an t‑ionad ilfhreastail sa Ghréig. Tá an Rialachán atá beartaithe gan dochar d’fhorálacha níos mionsonraithe den sórt sin atá leagtha amach sa dlí náisiúnta.

Tá an Rialachán atá beartaithe gan dochar freisin d’aon bheart sonrach rialála, lena n-áirítear leighis a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, arna nglacadh ag na húdaráis rialála náisiúnta faoi chreat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach.

Tá na bearta atá beartaithe riachtanach ar leibhéal an Aontais chun na dálaí do bhunú agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, d’fhonn:

– baic roimh fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a bhaint, baic arna gcruthú ag píosaí difriúla rialacha agus nósanna imeachta ar leibhéil náisiúnta agus fo-náisiúnta, rud a chuireann bac ar fhorbairt agus ar fhás cuideachtaí Eorpacha, a bhfuil tionchar diúltach aige ar iomaíochas Eorpach agus a chruthaíonn baic roimh infheistíocht agus feidhmiú trasteorann, agus a chuireann bac, dá brí sin, ar an tsaoirse seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar mar atá ráthaithe faoi reachtaíocht reatha an Aontais. Mar léiriú ar an méid sin, nuair a bhíonn cineálacha éagsúla cur chuige rialála atá scaipthe agus neamh‑thrédhearcach i bhfeidhm i leith soláthar céimneach líonraí, méadaítear ar an gcostas rochtana ar gach margadh náisiúnta. Tá ilroinnt den sórt sin ina bhac do chuideachtaí ilnáisiúnta chomh maith le cuideachtaí náisiúnta, atá toilteanach barainneachtaí scála a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach agus aghaidh a thabhairt ar iomaíocht dhomhanda atá ag éirí níos géire. Cuireann sé srian freisin ar sheirbhísí nuálacha a fhorbairt, seirbhísí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i líonraí fíor-ardluais a théann thar theorainneacha gan idirbhriseadh.

– clúdach uilíoch leathanbhanda a spreagadh, rud atá ina réamhchoinníoll d’fhorbairt an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, agus a rannchuideoidh, dá bhrí sin, le bac mór a bhaint ó thaobh an Margadh Aonair a thabhairt i gcrích agus a rannchuideoidh le comhtháthú críochach ag an am céanna. Ní bhainfear na spriocanna sin amach mura n-íslítear na costais ar fud an AE maidir le bonneagar a chur in úsáid;

– na féidearthachtaí suntasacha atá ann a bhaint amach i ndáiríre maidir le costais a laghdú agus soláthar céimneach leathanbhanda a éascú, lena n-áirítear méadú ó scála a dhéanamh ar dhea-chleachtais atá ann cheana ar fud an AE aon uair is féidir.

– sruthlíniú a dhéanamh ar phróisis éifeachtacha phleanála agus infheistíochta ar scála mór, rud a éascóidh forbairt oibreoirí pan-Eorpacha.

– a áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go neamh‑idirdhealaithe le gnóthais agus le hinfheisteoirí, i gcomhréir leis “na cuspóirí agus cúraimí sin a bhfuil dlúthbhaint acu leis an ábhar idir lámha”[23] atá i roinnt ionstraimí dá bhforáiltear cheana féin i ndlí an AE, go háirithe maidir leis an earnáil cumarsáide leictreonaí[24] ach freisin a bhaineann le hearnálacha eile (e.g. cuideachtaí fóntais atá ag iarraidh brabús a dhéanamh óna mbonneagar fisiciúil, sineirgí le greillí cliste a bhunú).

Rinneadh roinnt socruithe le go gcomhlíonfaidh an togra seo prionsabal na coimhdeachta.

– Ar an gcéad dul síos, féadfaidh Ballstáit forálacha níos mionsonraithe a choinneáil nó a ghlacadh ina ndéantar sonrú breise nó comhlántach ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán atá beartaithe, e.g. maidir le rochtain ar bhonneagar atá ann cheana, comhordú na n-oibreacha sibhialta agus comhchur in úsáid.

– Thairis sin, cé go ndéantar na cúraimí arna gcruthú ag an Rialachán atá beartaithe a shannadh ar an ÚRN faoin gcreat rialála maidir le cumarsáid leictreonach, mura socraítear a mhalairt, féadfaidh Ballstáit comhlachtaí inniúla difriúla a cheapadh, i bhfianaise shaineolas agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí sin, i gcomhréir leis an gcóras bunreachtúil náisiúnta maidir le hinniúlachtaí agus cumhachtaí a dháileadh[25], ar leibhéal barrfheabhsaithe comhiomlánaithe, áit ar féidir éifeachtúlachtaí luachmhara a áirithiú i bhfianaise na gcúraimí arna sannadh. Baineann sé seo le gach ceann de na cúraimí a fhoráiltear faoin rialachán: an pointe faisnéise maidir le deonú ceadanna, trédhearcacht agus réiteach díospóidí.

– Ar an dara dul síos, maidir le trédhearcacht an bhonneagair fhisiciúil atá ann cheana, cé go bhfuil tionscnaimh mhapála curtha in áit ag roinnt Ballstát, i bhfoirm feidhmchláir CFG (Córais Faisnéise Geografaí), a chumhdaíonn ní amháin an bonneagar cumarsáide leictreonaí, ach bonneagar fisiciúil de chuid fóntas eile, ní cheanglaítear ar Bhallstáit tabhairt faoi fheachtas mapála den sórt sin faoin togra. Ní cheanglaítear faoi ach oiread go ndéanfaí sonraí a chomhiomlánú ná a stóráil ag pointe teagmhála aonair. Is í an oibleagáid a leagtar ar Bhallstáit sonraí den sórt sin ‘a chur ar fáil’ ag pointe faisnéise aonair, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh trí hipearnaisc a chur ar fáil chuig suíomhanna eile. Ar an gcaoi chéanna, ní leagtar síos aon oibleagáid ghinearálta réamh‑fhógra a thabhairt maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe faoin togra. In ionad é sin a dhéanamh, cuireann sé ar chumas soláthraithe cumarsáide leictreonaí an fhaisnéis seo a éileamh ó sholáthraithe líonraí, i bhfianaise líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid.

– Ar an tríú dul síos, maidir le deonú ceadanna, ní dhéanann an togra seo difear do neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nósanna imeachta de inniúlachtaí a shannadh go hinmheánach. Cé go gcaithfear faisnéis maidir le nósanna imeachta difriúla um dheonú ceadanna a bheith ar fáil agus go gcaithfear iarratais a chur isteach tríd an bpointe teagmhála, is ról teoranta atá aige maidir leis na ceadanna difriúla a sheoladh amach agus comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas deonaithe ceadanna. Lena chois sin, ní dhéantar comhchuibhiú ar na spriocdhátaí difriúla ach amháin mura socraítear a mhalairt, agus tá cead ag Ballstáit a gcuid spriocdhátaí sonracha a choinneáil nó a thabhairt isteach, gan dochar do spriocdhátaí nó oibleagáidí sonracha eile, atá leagtha síos chun an nós imeachta a sheoladh mar is iomchuí, is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an AE.

– Ar deireadh, maidir le trealamh laistigh d’fhoirgneamh, tugann an rialachán atá beartaithe cead do Bhallstáit na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán a oiriúnú do chásanna náisiúnta agus áitiúla ar leith, trí chatagóirí foirgneamh, amhail foirgnimh aon theaghais nó foirgnimh athchóirithe, a dhíolmhú óna raon feidhme, i gcomhréir go hiomlán le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

3.3.        Comhréireacht

Tá bonn cirt leis na bearta atá molta ó thaobh na comhréireachta de freisin.

Tá na bearta laghdaithe costais atá beartaithe dírithe ar chomhordú agus trédhearcacht a mhéadú, agus ar na huirlisí íosta a chomhchuibhiú, rud a chuirfidh ar chumas na ngeallsealbhóirí ábhartha leas a bhaint as sineirgí agus neamhéifeachtúlachtaí a laghdú sa soláthar céimneach. Freisin, cé go bhfuil sé mar aidhm ag na bearta atá beartaithe baic ar rochtain ar bhonneagar fisiciúil a laghdú, ní dhéanann siad cearta úinéireachta a lagú go míchuí agus caomhnaíonn siad idirbheartaíocht tráchtála ar an gcéad dul síos.

Ní leagtar síos samhlacha sonracha gnó faoi na bearta atá beartaithe. Fágann siad an fhéidearthacht freisin ag Ballstáit forálacha níos mionsonraithe a ghlacadh, agus dá bhrí sin déanfaidh siad comhlánú ar thionscnaimh náisiúnta atá idir lámha seachas tionchar a bheith acu orthu. Mar mhalairt air sin, cuirfidh siad ar chumas na mBallstát tógáil ar na bearta reatha atá acu agus an modh eagrúcháin is fearr a oireann don chás atá i gceist le haon bheart atá ann cheana nó le haon bheart nua a roghnú, gan costais bhreise a ghearradh le riachtanas.

Cé go ndéanfaidh an rialachán atá beartaithe difear do chearta úinéireachta go feadh méid áirithe, déantar é sin agus prionsabal na comhréireachta á urramú.

Faoin togra, déantar caibidlíochtaí tráchtála a chumasú i ndáil le rochtain ar bhonneagar fisiciúil, gan rochtain a shainordú ar théamaí agus coinníollacha réamhshainithe ná ar théamaí agus coinníollacha atá dírithe ar chostais. Tá foráil ann maidir le cúiseanna táscacha ina bhféadfaí a mheas go bhfuil an diúltú rochtain a dheonú réasúnta, amhail oiriúnacht theicniúil an bhonneagair fhisiciúil ar iarradh rochtain air aon ghné de na líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil, gan spás a bheith ar fail chun na heilimintí a óstáil, nó sláine agus slándáil an líonra.

Cé go bhfuil foráil ann maidir le réiteach díospóidí i gcás ina ndiúltaítear rochtain go míréasúnta, cuirtear roinnt paraiméadar san áireamh agus an praghas rochtana á shocrú, m.sh. an tionchar a bheidh ag an rochtain a iarradh ar an bplean gnó atá mar bhunsraith le hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag oibreoir an líonra, go háirithe i gcás bonneagar fisiciúil a tógadh le déanaí agus a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí ardluais a sholáthar.

Maidir le trédhearcacht an bhonneagair fhisiciúil atá ann cheana, baineann an togra le bonneagar atá oiriúnach do chur in úsáid líonraí ardluais agus ní bhaineann sé le bonneagar fisiciúil ar bith go ginearálta. ugann sé cead freisin do Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ginearálta do bhonneagar ach bhfuil oiriúnach go teicniúil. Lena chois sin, tá sé mar aidhm leis an togra faisnéis a chur ar fáil ag an gcostas is ísle. Ar an gcúis sin, tá oibleagáidí céimnitheacha i gceist leis, lena gceadaítear rochtain ar fhaisnéis atá ar fáil cheana féin a eagrú agus gan dul i muinín suirbhéanna ach amháin i gcásanna nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go héasca ag údaráis phoiblí ná ag na soláthraithe cumarsáide leictreonaí.

Maidir le comhordú ar oibreacha innealtóireachta sibhialta, ní chuirtear teorainn ar shaoirse eacnamaíoch gnóthas faoin togra – go háirithe, níl sainordú ann do pháirtithe nach bhfuil comhchur in úsáid roghnaithe acu mar shamhail tráchtála comhchur in úsáid a dhéanamh, ach amháin má tá an cur in úsáid á mhaoiniú le cistí poiblí. A mhalairt de scéal atá ann, déantar iarracht socruithe comhchur in úsáid tráchtála a chumasú, trí scaipeadh faisnéise níos fear a éascú maidir le hoibreacha innealtóireachta sibhialta amach anseo.

Maidir le bonneagar fisiciúil laistigh d’fhoirgneamh, tá an oibleagáid foirgnimh a fheistiú le bonneagar fisiciúil atá réidh don ardluas teoranta d'fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh a dhéantar mór-athchóiriú orthu. Sin mar gheall gur chostas incriminteach atá i gceist sna cásanna sin, i gcomparáid leis an gcostas ard a bhaineann le foirgnimh neamhfheistithe atá ann cheana a iarfheistiú le bonneagar éighníomhach agus gur dócha go gcúiteoidh an luach níos airde atá ar an tsócmhainn an costas. Lena chois sin, níl an oibleagáid sin infheidhme a thuilleadh faoin togra ach maidir le mór-athchóirithe a dteastaíonn cead tógála dóibh. Foráiltear go dtabharfaidh na Ballstáit díolúintí ginearálta ar chúiseanna comhréireachta freisin.

3.4 Cearta Bunúsacha

Rinneadh anailís ar an tionchar a bheadh ag na bearta atá molta ar chearta bunúsacha.

Cé go bhféadfadh an oibleagáid ar oibreoirí líonraí gach iarraidh réasúnta ar rochtain ar a mbonneagar fisiciúil a chomhlíonadh srian a chur ar a gceart gnó a dhéanamh agus ar a gceart chun maoine chomh maith, maolaítear ar an tionchar diúltach ina leith sin i ngeall ar an bhforáil gur cheart rochtain den sórt sin a dheonú ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, lena n-áirítear ó thaobh praghais de. Lena chois sin, is gá a mheas go bhfuil bonn cirt leis an teorannú seo agus go bhfuil sé comhréireach don aidhm an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú toisc go laghdódh sé an gá le hoibreacha innealtóireachta sibhialta a dhéanamh, ar ionann iad agus beagnach 80 % den chostas ar chur in úsáid líonraí. Maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí líonraí faisnéis íosta a thabhairt faoin mbonneagar atá ann cheana, cuirtear cosaintí maidir leis an gceart ar phríobháideacht agus cosaint rún gnó ar fáil tríd an bhforáil maidir le díolúintí chun críche rún gnó agus oibriúcháin.

Maidir leis an oibleagáid atá ar ghnóthais, a dhéanann oibreacha sibhialta arna maoiniú go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí, aon iarraidh réasúnta ar rochtain a dheonú i bhfianaise eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid, d’fhéadfaí srian a chur ar a gceart gnó a dhéanamh agus ar a gceart chun maoine chomh maith. Ní bheadh feidhm le haon oibleagáid den sórt sin, áfach, ach amháin mura mbeadh aon chostas breise i gceist leis as na hoibreacha sibhialta tosaigh a bhí beartaithe, agus dá ndéanfaí an iarraidh ar chomhordú a chomhdú chomh luath agus is féidir, agus i gcás ar bith aon mhí ar a laghad sula gcuirfí an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcomhair deonú ceadanna. Lena chois sin, is gá a mheas go bhfuil bonn cirt leis an teorannú seo agus go bhfuil sé comhréireach don aidhm an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú toisc nach gcuirfeadh sé ar chumas oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí ach cuid de chostas na n-oibreacha innealtóireachta sibhialta a chumhdach.

D'fhéadfadh an oibleagáid gach foirgneamh nuathógtha a fheistiú le bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas tionchar a imirt ar na cearta chun maoine atá ag úinéirí na maoine lena mbaineann. Is gá a mheas go bhfuil bonn cirt leis an teorannú seo agus go bhfuil sé comhréireach don aidhm an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú toisc go bhfágfaí as an áireamh aon ghá le hiarfheistiú a dhéanamh ar fhoirgnimh ina bhfuil bonneagar fisiciúil.

D'fhéadfadh tionchar ar an gceart chun maoine atá ag úinéirí na maoine príobháidí lena mbaineann a bheith ag ceart soláthraí líonraí cumarsáide poiblí a líonra a fhoirceannadh ag an bpointe comhchruinnithe d'fhonn rochtain a fháil ar bhonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas. Tá srianta den sórt sin teoranta ag an oibleagáid atá ar sholáthraithe líonraí cumarsáide poiblí an tionchar ar an maoin phríobháideach a íoslaghdú agus aon chostais arna dtabhú a chumhdach. Lena chois sin, is gá a mheas go bhfuil bonn cirt leis an teorannú seo agus go bhfuil sé comhréireach don aidhm an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú toisc go gcuirfeadh sé ar chumas oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí barainneachtaí scála a bhaint amach, agus a líonraí á gcur in úsáid acu.

D'fhéadfadh an ceart atá ag soláthraithe líonraí cumarsáide poiblí rochtain a fháil ar aon bhonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas tionchar a imirt ar chearta maoine shealbhóir an chirt an bonneagar fisiciúil foirgnimh a úsáid. Tá an srian sin teoranta áfach toisc go gcaithfí rochtain den sórt sin a dheonú ar théarmaí réasúnta agus toisc nach mbeadh feidhm leis ach i gcásanna ina bhfuil dúbailt dodhéanta ó thaobh na teicneolaíochta de nó neamhéifeachtúil go heacnamaíoch.

Tá an ceart atá ag na páirtithe lena mbaineann na teorainneacha atá léirithe thuas leigheas éifeachtach a fháil ráthaithe leis an bhféidearthacht an cás a atreorú chuig comhlacht náisiúnta inniúil um réitigh díospóidí, agus ba cheart go mbeadh sin gan dochar don cheart atá ag aon cheann de na páirtithe an cás a chur faoi bhráid cúirte.

3.5.        Rogha ionstraime

Tá Rialachán á bheartú ag an gCoimisiún mar go ráthaíonn sé réiteach cuimsitheach, atá infheidhme go díreach, lena n-áirítear do gach cead a theastaíonn le líonraí a sholáthar go céimneach. Áiritheoidh sé go mbeidh uirlisí laghdaithe costais ar fáil go tapa, rud a thagann le móiminteam na spriocanna sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip, spriocanna atá le baint amach faoi 2020.

Murab ionann agus Treoir, lena mbeadh sé intuigthe go mbeadh am breise ar fáil ag na Ballstáit chun trasuíomh a dhéanamh, cuirfidh an rialachán na cearta agus oibleagáidí bunúsacha ar fáil le líonraí a chur in úsáid ar fud an mhargaidh aonair. Lena chois sin, dá nglacfaí treoir, cheadófaí méid suntasach difreála ó thaobh cur chun feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí sin agus leanfaí ar aghaidh leis an éagsúlacht atá ag teacht chun cinn faoi láthair. I gcodarsnacht leis sin, trí ionstraim atá infheidhme go díreach a ghlacadh, laghdófar an ilroinnt atá ann faoi láthair agus cuirfidh sí cosc ar ilroinnt bhreise, trí dhíriú ar bhacainní ar leith a bhaint atá roimh mhargadh aonair a fhorbairt do líonraí cumarsáide leictreonaí, agus trí thógáil ar dhea-chleachtais ach na ceisteanna eagrúcháin a fhágáil go mór faoi dhiscréid na mBallstát. Is gá sraith de chearta atá infheidhme go díreach a chur ar fáil do sholáthraithe maidir le gach céim a bhaineann le líonra a phleanáil agus a sholáthar go céimneach, cearta a mbeidh siad in ann a agairt roimh na cúirteanna náisiúnta, ní amháin i gcoinne Ballstáit, ach i gcoinne páirtithe príobháideacha freisin, amhail úinéirí bonneagair.

Ag coinneáil i gcuimhne go bhfuil sé mar chroílár an togra seo cearta agus oibleagáidí a shainiú atá infheidhme go díreach ar fud an Mhargaidh Aonair, tá an cuma ar an scéal gurb é Rialachán seachas Treoir an ionstraim dlí is fearr toisc go bhfuil buntáistí soiléire ag baint leis ó thaobh éifeachtúlachta agus éifeachtachta de agus soláthraíonn sé cothrom iomaíochta do shaonránaigh agus do ghnóthaí, le féidearthacht níos mó d'fhorghníomhú príobháideach[26]. Dá réir sin, tugann Rialachán atá infheidhme go díreach, murab ionann agus Treoir lena mbíonn trasuíomh náisiúnta i gceist leis, ráthaíocht níos fearr go mbeidh tionchar láithreach aige, rud atá de dhíth chun rannchuidiú le cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh maidir le fáil ar leathanbhanda faoi 2020.

Na buntáistí móra a bhaineann leis na bearta laghdaithe costais, i dtéarmaí leasa eacnamaíoch agus buntáistí ó thaobh na sochaí de, sáróidh siad go mór aon ualach riaracháin.

3.6.        Struchtúr an togra agus na príomhchearta agus oibleagáidí

Airteagal 1 – Cuspóir agus raon feidhme

– Tá cuspóir agus raon feidhme an Rialacháin sonraithe in Airteagal 1.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

– Tugtar san Airteagal seo sainmhínithe sa bhreis orthu sin atá ar fáil i gcreat rialála an AE maidir le cumarsáid leictreonach.

Airteagal 3 – Rochtain ar bhonneagar fisiciúil atá ann cheana

– In Airteagal 3 bunaítear ceart ginearálta na n-oibreoirí líonraí rochtain ar a mbonneagar fisiciúil a thairiscint agus oibleagáid ar oibreoirí líonraí iarratais réasúnta ar rochtain ar a mbonneagar fisiciúil a chomhlíonadh i bhfianaise eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a chur in úsáid faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma.

– Tá foráil déanta maidir le comhlacht um réiteach díospóidí chun súil siar a dhéanamh ar aon diúltú nó ar aon díospóid faoi na téarmaí agus na coinníollacha – d'fhágfaí an fheidhm seo ar iontaoibh an Údaráis Rialála Náisiúnta (ÚRN) mura socrófaí a mhalairt.

Airteagal 4 – Trédhearcacht an bhonneagair fhisiciúil

– Tá foráil in Airteagal 4 maidir le ceart rochtana ar fhaisnéis íosta maidir le bonneagar fisiciúil atá ann cheana féin chomh maith le hoibreacha sibhialta atá beartaithe.

– Tá oibleagáid ar oibreoirí líonraí iarratais réasúnta ar shuirbhéanna ar an láthair ar eilimintí sonracha dá mbonneagar fisiciúil ag gabháil leis seo.

– D'fhágfaí réiteach díospóidí faoi shuirbhéanna ar an láthair nó rochtain ar fhaisnéis ar iontaoibh comhlachta um réiteach díospóidí, an ÚRN mura socrófaí a mhalairt.

Airteagal 5 – Comhordú na n-oibreacha sibhialta

– Tá ceart san Airteagal seo chun comhordú ar oibreacha sibhialta a chaibidliú.

– Chomh maith leis sin, leagtar oibleagáid ar ghnóthais a dhéanann oibreacha sibhialta arna maoiniú le hairgead poiblí iarratais réasúnta ar chomhaontuithe maidir le comhordú oibreacha sibhialta a chomhlíonadh faoi dhálaí trédhearcacha neamh‑idirdhealaitheacha.

Airteagal 6 – Deonú ceadanna

– San Airteagal seo, tá ceart maidir le rochtain, ar mhodhanna leictreonacha agus trí phointe aonair faisnéise, ar aon fhaisnéis a bhaineann leis na dálaí agus na nósanna imeachta is infheidhme i leith oibreacha sibhialta sonracha chomh maith le ceart chun iarratais a chur isteach ar cheadanna le modhanna leictreonacha tríd an bpointe sin. Déanfaidh an pointe faisnéise éascaíocht agus comhordú ar an bpróiseas deonaithe ceadanna agus déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh spriocdhátaí.

– Lena chois sin, leagann sé síos spriocdháta ginearálta uasta mura gcuirtear spriocdháta ar fáil i reachtaíocht náisiúnta ná reachtaíocht an AE chomh maith le ceart chun cinneadh tráthúil a fháil maidir le hiarratais ar cheadanna.

Airteagal 7-8 – Trealamh foirgnimh

– In Airteagal 7, bunaítear oibleagáid chun gach foirgneamh nua, chomh maith le foirgnimh a ndéanfar athchóiriú mór orthu, a fheistiú le bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas, agus oibleagáid chun pointe comhchruinnithe a sholáthar i bhfoirgnimh nua ilteaghaisí, chomh maith le seanfhoirgnimh a ndéanfar athchóiriú mór orthu, a bheidh suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh.

– Is é atá in Airteagal 8 ceart do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a dtrealamh líonraí a fhoirceannadh ag pointe comhchruinnithe foirgneamh, ceart d'oibreoirí cumarsáide leictreonaí rochtain a chaibidliú ar aon bhonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas agus ann cheana féin agus, ceal bonneagar inmheánach atá réidh don ardluas, ceart a dtrealamh líonraí a fhoirceannadh in áitreabh príobháideach an rannpháirtí ar choinníoll go ndeanfar an tionchar ar an maoin phríobháideach a íoslaghdú agus go ndéanfar ar a chostas féin é.

Airteagail 9-11

– Tá forálacha críochnaitheacha sna hAirteagail seo, lena n-áirítear ainmniú na gcomhlachtaí inniúla agus oibleagáid maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán laistigh de trí bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleacht ag an Rialachán atá beartaithe ar bhuiséad an Aontais.

2013/0080 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta chun an costas ar chur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[27],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[28],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ar an Margadh Aonair ag an ngeilleagar digiteach. I ngeall ar an nuálaíocht, luas agus clúdach thar theorainneacha a bhaineann leis, d'fhéadfadh sé leibhéal nua a bhaint amach ó thaobh chomhtháthú an Mhargaidh Aonair de. Tá fís ag an Aontas de gheilleagar digiteach a chuireann leasanna inbhuanaithe eacnamaíocha agus sóisialta ar fáil bunaithe ar sheirbhísí nua-aimseartha ar líne agus naisc thapa Idirlín. Bíonn bonneagar digiteach d'ardchaighdeán mar fhothaca le beagnach gach earnáil de gheilleagar nua-aimseartha nuálach agus tá tábhacht straitéiseach ag baint leis ó thaobh comhtháthú sóisialta agus críochach de. Dá bhrí sin, is gá do gach saoránach agus do gach gnólacht deis a fháil bheith rannpháirteach sa gheilleagar digiteach.

(2)       Agus aitheantas á thabhairt acu don tábhacht a bhaineann le soláthar céimneach leathanbhanda ardluais, thacaigh na Ballstáit leis na spriocanna uaillmhianacha leathanbhanda atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal "Clár Oibre Digiteach don Eoraip - Fás Eorpach a dhreasú go digiteach"[29]("an Clár Oibre Digiteach"): cumhdach leathanbhanda 100 % faoi 2013 agus luas méadaithe 30 Mbps do gach líon tí, agus síntiús Idirlín os cionn 100 Mbps a bheith ag níos mó ná leath de na líonta tí faoi 2020.

(3)       Sa Chlár Oibre Digiteach, aithníodh freisin an gá le beartais chun na costais ar chur in úsáid leathanbhanda a ísliú ar chríoch iomlán an Aontais, lena n-áirítear pleanáil chuí agus comhordú cuí agus ualaí riaracháin a laghdú.

(4)       Mar go dtuigtear an gá le gníomhaíochtaí ar leibhéal an AE chun cumhdach leathanbhanda níos fearr a sholáthar, lena n-áirítear trí chostas an bhonneagair leathanbhanda ardluais a laghdú[30], leagtar béim sa Ghníomh um an Margadh Aonair II[31] ar an ngá le hiarrachtaí breise d’fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip a bhaint amach go tapa, lena n áirítear inter alia dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le hinfheistíocht i líonraí ardluais.

(5)       Beidh infheistíochtaí suntasacha de dhíth chun líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais fosaithe agus gan sreang a sholáthar go céimneach ar fud an Aontais agus is é an costas ar oibreacha innealtóireachta sibhialta cuid shuntasach den infheistíocht sin.

(6)       Is féidir cuid mhór de na costais sin a lua le neamhéifeachtúlachtaí sa phróiseas soláthair chéimnigh nuair a úsáidtear bonneagar éighníomhach atá ann cheana (amhail duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill, caibinéid, cuaillí, crainn, suiteálacha aeróige, túir agus struchtúir tacaíochta eile), le baic a bhaineann le comhordú na n-oibreacha sibhialta, le nósanna imeachta riaracháin um dheonú ceadanna atá ródhian, agus le baic a bhaineann le líonraí a chur in úsáid laistigh d’fhoirgneamh.

(7)       Na bearta sin a bhfuil sé mar aidhm leo cur leis an éifeachtúlacht ó thaobh bonneagar atá ann cheana a úsáid agus costais agus bacainní a laghdú chun oibreacha nua innealtóireachta sibhialta a dhéanamh, rannchuideoidh siad go suntasach chun cur in úsáid tapa forleathan na líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a áirithiú agus iomaíocht éifeachtach a choinneáil ag an am céanna.

(8)       Tá bearta glactha ag roinnt Ballstát a bhfuil sé mar aidhm leo costais an tsoláthair chéimnigh leathanbhanda a laghdú. Dá ndéanfaí na dea-chleachtais sin a mhéadú ó scálú ar fud an Aontais, d’fhéadfadh sé rannchuidiú go mór le margadh aonair digiteach a bhunú. Tá na cleachtais sin tearc scaipthe fós áfach. Thairis sin, uaireanta cuireann difríochtaí sna ceanglais rialála cosc ar chomhar thar fhóntais agus d’fhéadfadh siad bacainní iontrála a chur roimh oibreoirí líonraí nua agus roimh dheiseanna gnó nua, rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt margaidh aonair d’úsáid agus do chur in úsáid bonneagair fhisiciúil i líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais. Ar deireadh, tá an chosúlacht ar an scéal nach tionscnaimh iomlánaíocha a bhíonn sna tionscnaimh sin ar leibhéal na mBallstát i gcónaí, agus tá sé riachtanach beart a dhéanamh thar an bpróiseas iomlán soláthair chéimnigh, agus thar earnálacha, d’fhonn tionchar soiléir suntasach a bhaint amach.

(9)       Tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo roinnt ceart agus oibleagáidí íosta is infheidhme ar fud an Aontais a thabhairt d’fhonn soláthar céimneach líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais agus comhardú tras‑earnála a éascú. Agus cothrom iomaíochta íosta a bheith á áirithiú, ba cheart go mbeadh sé gan dochar do dhea-chleachtais atá ann cheana agus do bhearta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil a bhfuil forálacha agus coinníollacha níos mionsonraithe i gceist leo, ná do bhearta breise a dhéanfadh comhlánú ar na cearta agus na hoibleagáidí sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

(10)     I bhfianaise an phrionsabail lex specialis, más rud é go bhfuil feidhm le bearta rialála níos sonraí i gcomhréir le dlí an AE, bheadh forlámhas ag na bearta sin ar na cearta agus oibleagáidí íosta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an AE agus go háirithe d’aon bheart sonrach rialála, lena n-áirítear leigheasanna a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh, agus go gcuirfí i bhfeidhm é i gcomhréir le creat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach (Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime)[32], Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe)[33], Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana)[34], Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch)[35] agus Treoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht i margaí na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí[36]).

(11)     Féadfaidh sé a bheidh cuid mhaith níos éifeachtaí d’oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí, go háirithe iontrálaithe nua, bonneagar fisiciúil atá ann cheana a athúsáid, lena n-áirítear bonneagar de chuid fóntas eile, d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar go céimneach, go háirithe i limistéir nach bhfuil líonra cumarsáide leictreonaí oiriúnach ar fáil iontu nó ina bhféadfadh sé nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch bonneagar fisiciúil nua a thógáil. Lena chois sin, féadfaidh sineirgí thar earnálacha an gá le hoibreacha sibhialta de thoradh cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí a laghdú go suntasach agus na costais shóisialta agus chomhshaoil atá ag gabháil leo a laghdú freisin, amhail truailliú, núiseanna agus brú tráchta. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo infheidhme ní amháin i leith soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí ach i leith aon úinéara nó aon sealbhóra ceart chun úsáid a bhaint as bonneagar fisiciúil forleathan uileláithreach atá oiriúnach chun eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil, amhail líonraí fisiciúla chun seirbhísí leictreachais, gáis, uisce agus camrais, téimh agus iompair a sholáthar.

(12)     I bhfianaise an méid íseal difreála eatarthu, is minic a fhéadfaidh saoráidí fisiciúla na líonraí sin raon leathan eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil ag aon am amháin, lena n-áirítear eilimintí atá in ann seirbhísí rochtana leathanbhanda a sholáthar ag luas 30 Mbps ar a laghad i gcomhréir le prionsabal neodracht na teicneolaíochta, gan dochar don phríomhsheirbhís arna tarchur agus gan ach na costais oiriúnaithe is lú a bheith i gceist. Dá bhrí sin, i bprionsabal, is féidir bonneagar fisiciúil nach bhfuil beartaithe leis ach eilimintí eile de líonra a óstáil, agus nach bhfuil ina eilimint ghníomhach den líonra í féin, a úsáid le cáblaí nó trealamh cumarsáide leictreonaí nó aon eilimint eile de líonraí cumarsáide leictreonaí a chur ann, beag beann ar an úsáid iarbhír a bhaintear as ná ar a úinéir. Gan dochar don leas ginearálta sonrach a bhaineann le soláthar na príomhsheirbhíse a bhaint amach, ba cheart sineirgí thar oibreoirí líonraí a spreagadh d’fhonn rannchuidiú ag an am céanna le spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh a bhaint amach.

(13)     Cé gur cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar freisin d’aon chosaint shonrach is gá chun slándáil agus sláine na líonraí a áirithiú, agus lena áirithiú nach ndéanfar difear don phríomhsheirbhís atá á soláthar ag an oibreoir líonraí, d’fhéadfadh sé tarlú, mar sin féin, má tá rialacha ginearálta sa reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear d’oibreoirí líonraí dul i mbun caibidlíochta faoi rochtain ar bhonneagar fisiciúil a thabhairt do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí, go gcuirfí cosc ar mhargadh a bhunú don rochtain ar bhonneagar fisiciúil agus ba cheart deireadh a chur leis na rialacha sin dá bhrí sin. Ag an am céanna, tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfadh Ballstáit soláthar na rochtana ar bhonneagar a dhéanamh níos tarraingtí d'oibreoirí fóntas trí fháltais a eascraíonn as an tseirbhís seo a eisiamh ón mbonn a úsáidtear chun taraifí na n-úsáideoirí deiridh as a bpríomhghníomhaíocht nó as a bpríomhghníomhaíochtaí a ríomh, i gcomhréir le dlí an AE is infheidhme.

(14)     Féadfaidh oibreoir líonraí rochtain ar bhonneagar fisiciúil sonrach a dhiúltú ar chúiseanna oibiachtúla. Go háirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bonneagar fisiciúil oiriúnach go teicniúil i bhfianaise dálaí sonracha a bhaineann le bonneagar ar iarradh rochtain air cheana, lena n-áirítear easpa spáis. Ar an gcaoi chéanna, faoi dhálaí sonracha, d’fhéadfadh sé go gcuirfí sláine agus slándáil an líonra i mbaol nó go gcuirfí soláthar na seirbhísí a chuirtear ar fáil go príomha thar an mbonneagar céanna i mbaol dá ndéanfaí é a chomhroinnt. Lena chois sin, i gcás ina bhfuil rochtain mhórdhíola ar bhonneagar fisiciúil líonraí a chomhlíonfadh riachtanais an iarrthóra ar rochtain á cur ar fáil cheana ag an oibreoir líonraí, d’fhéadfadh rochtain ar an mbonneagar fisiciúil foshrathach tionchar diúltach eacnamaíoch a imirt ar a shamhail ghnó agus ar dhreasachtaí infheistíochta, chomh maith le dúbláil neamhéifeachtach ar eilimintí de na líonraí a bheith i gceist freisin. Ag an am céanna, i gcás oibleagáidí rochtana ar bhonneagar fisiciúil arna bhforchur de bhun chreat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, amhail na hoibleagáidí sin atá ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, bheadh an méid sin cumhdaithe cheana féin ag oibleagáidí sonracha rialála nár cheart go ndéanfadh an Rialachán seo aon difear dóibh.

(15)     I gcás ina n-iarrfadh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí rochtain i limistéar sonraithe, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí líonraí tairiscint ar fáil maidir le húsáid chomhroinnte a gcuid saoráidí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma, lena n-áirítear ó thaobh praghais de, ach amháin má dhéantar rochtain a dhiúltú ar chúiseanna oibiachtúla. Ag brath ar na dálaí, d’fhéadfadh eilimintí áirithe tionchar a imirt ar na coinníollacha faoina ndeonaítear rochtain den sórt sin, amhail: aon chostais chothabhála agus oiriúnaithe bhreise; aon chosaint choisctheach atá le glacadh chun tionchar diúltach ar shlándáil agus ar shláine an líonra a theorannú; aon socrú sonrach maidir le dliteanas i gcás damáiste; úsáid a bhaint as aon fhóirdheontas poiblí arna dheonú chun an bonneagar a thógáil, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha sonracha atá ceangailte leis an bhfóirdheontas nó dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; aon sriantaí a eascraíonn as forálacha náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm leo an comhshaol, an tsláinte phoiblí nó an tslándáil phoiblí a chosaint nó chun cuspóirí pleanála bailte agus ceantar tuaithe a chomhlíonadh.

(16)     I gcás easaontais sa chaibidlíocht tráchtála faoi na téarmaí agus na coinníollacha teicniúla agus tráchtála, ba cheart go mbeadh gach páirtí in ann dul ar iontaoibh comhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí chun réiteach a fhorchur ar na páirtithe, d’fhonn a sheachaint go ndiúltófaí margadh a dhéanamh gan bonn cirt nó go bhforchuirfí coinníollacha míréasúnta. Agus praghsanna á gcinneadh maidir le rochtain a dheonú, ba cheart don chomhlacht um réiteach díospóidí na hinfheistíochtaí a rinneadh sa bhonneagar fisiciúil a chur san áireamh. Sa chás sonrach maidir le rochtain ar bhonneagar fisiciúil oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí, d’fhéadfadh na hinfheistíochtaí a rinneadh sa bhonneagar sin a bheith ag rannchuidiú go díreach le cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip agus d’fhéadfadh tionchar iartheachtach a bheith ann de dheasca saorthairbhiú. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh in aon oibleagáid rochtana inmharthanacht eacnamaíoch na n infheistíochtaí sin bunaithe ar aon sceideal ama don toradh ar infheistíocht, aon tionchar a bheadh ag an rochtain ar iomaíochas iartheachtach, aon dímheas ar shócmhainní an líonra tráth na hiarrata ar rochtain, aon chás gnó atá mar fhothaca leis an infheistíocht a rinneadh, go háirithe i gcás bonneagair fhisiciúil a tógadh le déanaí agus a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí ardluais a sholáthar, agus aon deis a chuirtear ar fáil don iarrthóir ar rochtain comhchur in úsáid a dhéanamh.

(17)     D’fhonn pleanáil éifeachtach a dhéanamh maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid agus d’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as an mbonneagar atá ann cheana féin atá oiriúnach chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar go céimneach, ba cheart go mbeadh na gnóthais a bhfuil údarú acu líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar in ann faisnéis íosta a fháil a bhaineann leis an mbonneagar fisiciúil atá ar fáil cheana sa limistéar cur in úsáid. Ba cheart go dtabharfadh faisnéis íosta den sórt sin an deis measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bonneagar atá ann cheana féin i limistéar sonrach a úsáid, chomh maith le damáiste d'aon bhonneagar fisiciúil atá ann cheana a laghdú. I bhfianaise líon na ngeallsealbhóirí lena mbaineann agus d’fhonn rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú, thar earnálacha agus thar theorainneacha freisin, ba cheart faisnéis íosta den sórt sin a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair. Ba cheart go dtabharfadh an pointe faisnéise sin deis rochtana ar fhaisnéis íosta atá ar fáil cheana féin i bhfoirm leictreonach faoi réir teorainneacha chun slándáil agus sláine an líonra a áirithiú nó chun rúin dhlisteanacha oibriúcháin agus ghnó a chosaint.

(18)     Cé nach leagtar aon oibleagáid mapála nua ar Bhallstáit, foráiltear leis an Rialachán seo gur cheart faisnéis íosta a bhailigh comhlachtaí na hearnála poiblí cheana féin agus atá ar fáil i bhfoirm leictreonach de bhun tionscnamh náisiúnta, chomh maith le faoi dhlí an Aontais (amhail Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach  (INSPIRE)[37]), a chur ar fáil, e.g. le hipearnaisc, chuig pointe faisnéise aonair d’fhonn deis ar rochtain chomhordaithe ar fhaisnéis maidir le bonneagar fisiciúil a thabhairt do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus slándáil agus sláine aon fhaisnéise den sórt sin a áirithiú ag an am céanna. Ba cheart soláthar faisnéise den sórt sin a bheith gan dochar do na ceanglais ó thaobh trédhearcachta de is infheidhme cheana féin i leith faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid de bhun Threoir 2003/98/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid[38]. I gcás nach leor an fhaisnéis atá ar fáil don earnáil phoiblí chun eolas leordhóthanach a thabhairt ar an mbonneagar fisiciúil atá ann cheana, i limistéar sonrach nó de chineál ar leith, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí líonraí an fhaisnéis ar fáil don phointe faisnéise aonair má iarrtar sin.

(19)     I gcás nach bhfuil faisnéis íosta ar fáil trí phointe faisnéise aonair, ba cheart a áirithiú, mar sin féin, go mbeadh deis ag na hoibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí faisnéis shonrach den sórt sin a iarraidh díreach ó aon oibreoir líonraí sa limistéar lena mbaineann. Chomh maith leis sin, más iarraidh réasúnta atá ann, agus go háirithe má tá gá leis le go bhféadfaí bonneagar fisiciúil atá ann cheana a chomhroinnt nó oibreacha sibhialta a chomhordú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí líonraí cumarsáide suirbhéanna ar an láthair a dhéanamh agus faisnéis a bhaineann le hoibreacha sibhialta atá beartaithe a iarraidh faoi choinníollacha trédhearcacha comhréireacha neamh‑idirdhealaitheacha agus gan dochar do na cosaintí arna nglacadh d’fhonn slándáil agus sláine líonraí a áirithiú, chomh maith le rúin oibriúcháin agus ghnó a chosaint. Ba cheart go spreagfaí na hoibreoirí líonraí iad féin, nó na pointí faisnéise aonair a bhfuil an chumhacht acu faisnéis den sórt sin a iarraidh, trédhearcacht ardleibhéil a áirithiú i gcás oibreacha sibhialta atá beartaithe, go háirithe maidir leis na limistéir is mó áirgiúlachta, trí oibreoirí údaraithe a atreorú chuig faisnéis den sórt sin aon uair a bhíonn sí ar fáil.

(20)     I gcás ina dtagann díospóidí chun cinn maidir le rochtain ar an bhfaisnéis maidir le bonneagar fisiciúil d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid, ba cheart go mbeadh an pointe faisnéise aonair in ann díospóidí den sórt sin a réiteach trí bhíthin cinneadh ceangailteach, gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a chur faoi bhráid cúirte.

(21)     D’fhéadfaí coigiltí suntasacha a áirithiú agus míchaoithiúlacht a íoslaghdú sa limistéar atá faoi thionchar chur in úsáid na líonraí cumarsáide leictreonaí nua má dhéantar comhordú ar oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar fisiciúil. Ar an gcúis sin, ba cheart toirmeasc a chur ar shriantaí rialála lena gcuirtear cosc, mar riail ghinearálta, ar chaibidlíocht i measc oibreoirí líonraí d’fhonn oibreacha den sórt sin a chomhordú d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid freisin. I gcás oibreacha sibhialta nach maoinítear le cistí poiblí, áfach, níor cheart go ndéanfadh sin dochar don deis atá ag na geallsealbhóirí comhaontuithe um chomhordú oibreacha sibhialta a thabhairt i gcrích i gcomhréir lena bpleananna gnó agus infheistíochta féin agus an tráth a thograíonn siad féin.

(22)     Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibreacha sibhialta a mhaoinítear, go hiomlán nó i bpáirt, le cistí poiblí an toradh dearfach comhchoiteann a uasmhéadú, trí leas a bhaint as gnéithe dearfacha seachtracha na n-oibreacha sin thar earnálacha agus trí chomhdheiseanna a áirithiú chun an bonneagar atá ar fáil agus atá beartaithe a chomhroinnt d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí a chur in úsáid. Cé nár cheart go mbeadh tionchar diúltach ag an méid sin ar phríomhchuspóir na n-oibreacha sibhialta arna maoiniú le cistí poiblí, ba cheart don ghnóthas atá ag tabhairt faoi na hoibreacha sibhialta lena mbaineann iarrataí tráthúla réasúnta ar chur in úsáid eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais, d’fhonn a áirithiú, mar shampla, go gcumhdófaí aon chostas breise nó go ndéanfaí athruithe ar na pleananna bunaidh a íoslaghdú, a chomhlíonadh faoi théarmaí comhréireacha neamh‑idirdhealaitheacha trédhearcacha, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Ba cheart nósanna imeachta sonracha um réiteach a bheith ar fáil d’fhonn a áirithiú go ndéanfar díospóidí a bhaineann le caibidliú na gcomhaontuithe seo um chomhordú a réiteach go tapa faoi théarmaí réasúnta, comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. Ba cheart go mbeadh forálacha den sórt sin gan dochar do cheart na mBallstát acmhainn a fhorchoimeád le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí fiú mura ndéantar iarrataí ar leith, d’fhonn éileamh amach anseo ar bhonneagar fisiciúil a shásamh chun luach na n-oibreacha sibhialta a uasmhéadú, nó chun bearta a ghlacadh lena mbaineann cearta comhchosúla chun oibreacha sibhialta a chomhordú d'oibreoirí cineálacha eile líonraí, amhail gás nó leictreachas.

(23)     Féadfaidh roinnt ceadanna difriúla a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí nó eilimintí nua de líonraí a bheith riachtanach, lena n-áirítear ceadanna tógála, pleanála baile, comhshaoil agus ceadanna eile, d’fhonn leasanna náisiúnta agus leasanna ginearálta an Aontais a chosaint. D’fhéadfadh sé go gcuirfí nósanna imeachta agus coinníollacha éagsúla i bhfeidhm i ngeall ar líon na gceadanna atá riachtanach chun cineálacha difriúla líonraí cumarsáide leictreonaí a chur in úsáid agus chun gné áitiúil an chur in úsáid a áirithiú. Agus cosaint á tabhairt don cheart atá ag gach údarás inniúil bheith rannpháirteach agus a shainchearta cinnteoireachta a choinneáil i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, d’fhéadfaí castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú ach pointe faisnéise aonair a bhunú a chuirfeadh faisnéis ar fáil faoi gach nós imeachta agus gach coinníoll ginearálta is infheidhme i leith oibreacha sibhialta, go háirithe d’iontrálaithe nua nó d’oibreoirí nach bhfuil gníomhach sa réimse. Thairis sin, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag gnóthais a bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí á gcur in úsáid acu a n-iarraidh ar chead a sheoladh isteach chuig pointe teagmhála aonair, pointe a bheadh freagrach as na nósanna imeachta difriúla a chomhordú agus as faireachán a dhéanamh cibé ar glacadh nó nár glacadh cinntí laistigh de na spriocdhátaí dlíthiúla. Ba cheart go bhfeidhmeodh pointe teagmhála den sórt sin mar shiopa ilfhreastail, gan cumhachtaí cinnteoireachta a fheidhmiú ó riachtanas ach amháin má bhronntar na cumhachtaí sin air faoin dlí náisiúnta.

(24)     D’fhonn a áirithiú nach mbeidh nósanna imeachta um dheonú ceadanna ina mbacainní roimh infheistíocht, agus nach mbeidh tionchar diúltach acu ar an margadh aonair, ba cheart cinneadh maidir le iarrataí ar cheadanna a dheonú nó gan a dheonú a bheith ar fáil i gcás ar bith laistigh de shé mhí ar a dhéanaí, gan dochar do spriocdhátaí nó oibleagáidí sonracha eile, atá leagtha síos chun an nós imeachta a sheoladh mar is iomchuí, is infheidhme don nós imeachta um dheonú ceadanna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an AE. Féadfaidh gné intuigthe nó shainráite a bheith ag baint le cinneadh den sórt sin i gcomhréir leis na forálacha dli is infheidhme. Thairis sin, más rud é go gcuirtear moill ar an gcinneadh maidir le deonú ceadanna, ba cheart go dtabharfaí ceart cúitimh do ghnóthais a bhfuil ceadanna den sórt sin iarrtha acu más féidir leo fianaise a thabhairt go bhfuil siad thíos le damáistí de thoradh moille den sórt sin. Ba cheart go bhfeidhmeofaí ceart den sórt sin i gcomhréir leis na cosaintí nós imeachta agus substainteacha dá bhforáiltear faoi dhlíthe náisiúnta.

(25)     D’fhonn a áirithiú go gcuirfear na nósanna imeachta sin um dheonú ceadanna i gcrích laistigh de spriocdhátaí réasúnta, féadfaidh Ballstáit roinnt cosaintí a bhunú, amhail faomhadh intuigthe, nó bearta a ghlacadh chun na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a shimpliú trí líon na gceadanna is gá chun líonraí cumarsáide leictreonaí a chur in úsáid a laghdú nó trí chatagóirí áirithe d’oibreacha sibhialta beaga nó caighdeánaithe a dhíolmhú ó dheonú ceadanna, i measc nithe eile. Ba cheart d’údaráis, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, bonn cirt a thabhairt i leith aon diúltú ceadanna den sórt sin a thagann faoina n-inniúlacht a dheonú, bunaithe ar chritéir agus ar choinníollacha atá trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach, oibiachtúil agus comhréireach. Ba cheart go mbeadh sin gan dochar d’aon bheart arna ghlacadh ag na Ballstáit, d’fhonn eilimintí áirithe de líonraí cumarsáide leictreonaí, bídís ina n-eilimintí gníomhacha nó éighníomhacha, a dhíolmhú ó dheonú ceadanna.

(26)     Chun spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh a bhaint amach, is gá an soláthar céimneach bonneagair a dhéanamh chomh gar agus is féidir do shuíomh na n úsáideoirí deiridh, agus prionsabal na comhréireachta a urramú go hiomlán maidir le haon teorannú ar an gceart chun maoine i bhfianaise an leasa ghinearálta atá á shaothrú. Ba cheart é a éascú líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur ar fáil i gcóngar an úsáideora deiridh agus neodracht theicneolaíoch a áirithiú ag an am céanna, go háirithe le bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas. Ós rud é nach bhfuil ach costas incriminteach teoranta ag baint le mionduchtanna a sholáthar feadh thréimhse tógála an fhoirgnimh agus go bhféadfadh sé gur cuid shuntasach den chostas a bhaineann le líonraí ardluais a chur in úsáid é na foirgnimh a iarfheistiú le bonneagar ardluais, ba cheart gach foirgneamh nua agus gach foirgneamh a ndearnadh mór-athchóiriú air a fheistiú le bonneagar fisiciúil a fhágfaidh go mbeifear in ann úsáideoirí deiridh a nascadh le líonraí ardluais. Thairis sin, chun líonra cumarsáide leictreonaí ardluais a sholáthar go céimneach, ba cheart foirgnimh ilteaghaisí nua, chomh maith le foirgnimh ilteaghaisí a ndearnadh mór-athchóiriú orthu, a fheistiú le pointe rochtana nó comhchruinnithe lena bhféadfaidh an soláthraí rochtain a fháil ar an líonra laistigh den fhoirgneamh. Sa chleachtas, d’fhágfadh sé seo gur cheart d’fhorbróirí tógála féachaint chuige go gcuirtear duchtanna folmha ar fáil lena gceanglófaí gach teaghais le pointe comhchruinnithe, a bheadh suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann amhail teaghais aonair nua nó catagóirí de mhór-oibreacha athchóirithe i limistéir iargúlta ina measfaí, ar fhorais oibiachtúla, go mbeadh nasc ardluais róchianda mar bhonn cirt leis na costais bhreise a bhaineann le bonneagar fisiciúil inmheánach atá réidh don ardluas agus/nó pointe comhchruinnithe a chur in úsáid.

(27)     Nuair a dhéanann soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí líonraí ardluais a chur in úsáid i limistéar ar leith, bíonn barainneachtaí scála suntasacha ann más féidir leo a líonra a fhoirceannadh ag pointe comhchruinnithe an fhoirgnimh, is cuma  ar léirigh nó nár léirigh na húinéirí, an comhthiarnas nó na cónaitheoirí spéis fhollasach sa tseirbhís ag an bpointe ama sin, ach ar choinníoll go ndéantar an tionchar ar mhaoin phríobháideach a íoslaghdú, trí úsáid a bhaint as bonneagar fisiciúil atá ann cheana féin agus an limistéar ina ndéantar na hoibreacha a chur ar ais mar a bhí sé. Tar éis an líonra a fhoirceannadh ag an bpointe comhchruinnithe, is féidir custaiméir breise a nascadh ar chostas cuid mhaith níos ísle, go háirithe trí rochtain a fháil ar phíosa ingearach laistigh den fhoirgneamh, píosa atá réidh don ardluas, sa chás ina bhfuil a leithéid sin de phíosa ann cheana féin.

(28)     I bhfianaise na leasanna sóisialta a eascraíonn as r-chuimsiú agus ag cur san áireamh cúinsí eacnamaíochta ó thaobh líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid, más rud é nach bhfuil bonneagar gníomhach ná bonneagar éighníomhach ann cheana féin atá réidh don ardluas nó nach bhfuil roghanna eile ann chun líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a sholáthar d’úsáideoirí deiridh, ba cheart go mbeadh an ceart ag soláthraí líonraí cumarsáide poiblí a líonra a fhoirceannadh ag áitreabh príobháideach ar a chostas féin, i gcás ina bhfuil comhaontú an tsíntiúsóra faighte aige, agus ar choinníoll go ndéanfaidh sé an tionchar ar mhaoin phríobháideach a íoslaghdú, mar shampla, nuair is féidir, trí bhonneagar fisiciúil atá ar fáil san fhoirgneamh cheana a athúsáid nó trí limistéir na bpointí foircinn a athdheisiú go hiomlán má rinneadh difear dóibh.

(29)     Gan dochar do na cúraimí a chuirtear ar iontaoibh na n-údarás rialála náisiúnta faoi chreat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, mura bhfuil ainmniúcháin shonracha déanta ag Ballstáit, d'fhonn cinntí comhsheasmhacha um réiteach díospóidí a áirithiú, ba bheart na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo a shannadh do na húdaráis a chomhlíonann na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2002/21/CE, agus an saineolas atá ar fáil agus ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a chur san áireamh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, áfach, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar don deis atá ag Ballstáit na cúraimí rialála dá bhforáiltear leis seo a shannadh d’údaráis a bheadh níos oiriúnaí chun iad a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcóras bunreachtúil náisiúnta dáilte inniúlachtaí agus cumhachtaí agus i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(30)     Cibé cén comhlacht a ainmneoidh an Ballstát chun díospóidí a réiteach, ba cheart dó neamhchlaontacht agus neamhspleáchas a áirithiú i leith na bpáirtithe lena mbaineann. Ba cheart acmhainní oiriúnacha  agus cumhachtaí chun pionóis a ghearradh i gcás mainneachtana na cinntí arna nglacadh a chomhlíonadh a bheith ag na húdaráis ainmnithe chomh maith.

(31)     D’fhonn éifeachtacht na bpointí faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do Bhallstáit a chinnfidh comhlachtaí difriúla a cheapadh seachas an t‑údarás náisiúnta rialála a chomhlíonann na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2002/21/CE acmhainní leordhóthanacha a áirithiú, agus a áirithiú freisin go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le limistéar ar leith ar fáil ag pointí faisnéise den sórt sin ar bharrleibhéal comhiomlánaithe sa chaoi go bhféadfaí éifeachtúlachtaí luachmhara a áirithiú i bhfianaise na gcúraimí arna sannadh (amhail an cadastar). Ar an ábhar seo, féadfaidh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na sineirgí agus barainneachtaí scála a d’fhéadfaí a dhéanamh leis na Pointí Teagmhála Aonair de réir bhrí Airteagal 6 de Threoir 2006/123/CE an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (an Treoir um Sheirbhísí), d’fhonn tógáil ar na struchtúir atá ann cheana agus na leasanna is fearr is féidir a bhaint amach do na húsáideoirí deiridh.

(32)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach go sásúil, is é sin bonneagar fisiciúil atá oiriúnach do líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid ar fud an Aontais, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(33)     Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mór mór an ceart chun príobháideachta agus cosaint na rún gnó, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, an ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach. Is gá do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo soláthar céimneach líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a éascú agus a dhreasú trí úsáid chomhpháirteach bonneagair atá ann cheana féin a chur chun cinn agus cur in úsáid níos éifeachtaí bonneagair fhisiciúil nua a chumasú sa chaoi go mbeifear in ann líonraí den sórt sin a sholáthar go céimneach ar chostas níos lú.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith na n-oibreacha sibhialta agus an bhonneagair fhisiciúil uile, mar atá sainmhínithe in Airteagal 2.

3. Tá an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na cinn atá leagtha amach sa Rialachán seo a choinneáil nó a thabhairt isteach i gcomhréir le dlí an Aontais.

4. Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2002/21/CE, do Threoir 2002/20/CE, do Threoir 2002/19/CE, do Threoir 2002/22/CE agus do Threoir 2002/77/CE.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe atá leagtha amach sna Treoracha 2002/21/CE, 2002/20/CE, 2002/19/CE, 2002/22/CE agus 2002/77/CE.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn "oibreoir líonraí" soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí, chomh maith le gnóthas, a sholáthraíonn bonneagar fisiciúil a bhfuil sé mar aidhm leis na nithe seo a leanas a sholáthar: seirbhís táirgthe, iompair nó dáilte gáis, leictreachais, lena n-áirítear soilsiú poiblí, téamh, uisce, lena n-áirítear diúscairt nó cóireáil ar  fhuíolluisce agus ar chamras; seirbhísí iompair, lena n-áirítear iarnróid, bóithre, calafoirt agus aerfoirt;

(2) ciallaíonn "bonneagar fisiciúil" aon ghné de líonra nach bhfuil gníomhach amhail píobáin, crainn, duchtanna, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, caibinéid, foirgnimh nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, suiteálacha aeróige, túir agus cuaillí agus na saoráidí a ghabhann leo;

(3) ciallaíonn "líonra cumarsáide leictreonaí ardluais" líonra cumarsáide leictreonaí atá in ann seirbhísí rochtana leathanbhanda a sholáthar ag luas 30 Mbps ar a laghad.

(4) ciallaíonn "oibreacha sibhialta" gach toradh ar oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta, glactha ina iomláine, ar leor é ann féin chun feidhm eacnamaíoch nó theicniúil a chomhlíonadh agus a bhfuil eilimint amháin nó níos mó de bhonneagar fisiciúil i gceist leis;

(5) ciallaíonn "comhlacht de chuid na hearnála poiblí" údarás Stáit, réigiúnach nó áitiúil, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas arna dhéanamh ag údarás amháin nó roinnt údarás den sórt sin nó comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;

(6) ciallaíonn "comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí" aon chomhlacht:

(a) a bhunaítear leis an gcuspóir sonrach riachtanais ghinearálta a chomhlíonadh, nach bhfuil gné thionsclaíoch ná thráchtála ag baint dó;

(b) a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige;

(c) atá á mhaoiniú, go hiomlán nó den chuid is mó, ag an Stát nó ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla, nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí; nó atá faoi réir faireacháin bainistíochta ag údaráis nó ag comhlachtaí den sórt sin; nó a bhfuil bord riaracháin, bainistíochta nó faireacháin aige, a bhfuil níos mó ná leath dá chomhaltaí ceaptha ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí;

(7) ciallaíonn "bonneagar fisiciúil foirgnimh" bonneagar fisiciúil ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, a bhfuil sé mar aidhm leo líonraí rochtana le sreang agus/nó gan sreang a óstáil, i gcás ina bhfuil líonraí rochtana den sórt sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe comhchruinnithe an fhoirgnimh a nascadh le pointe foircinn an líonra;

(8) ciallaíonn "bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas" bonneagar fisiciúil foirgnimh a bhfuil sé i gceist leis eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a óstáil;

(9) ciallaíonn "mór-oibreacha athchóirithe" oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta ag suíomh an úsáideora deiridh lena gcuimsítear modhnuithe struchtúracha ar an mbonneagar fisiciúil foirgnimh agus a bhfuil cead tógála de dhíth ina leith;

(10) ciallaíonn "cead" cinneadh foirmiúil nó intuigthe de chuid údaráis inniúil tar éis aon nós imeachta faoina gceanglaítear ar dhuine céimeanna a ghlacadh d'fhonn oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta a chur i gcrích go dlíthiúil.

Airteagal 3 Rochtain ar bhonneagar fisiciúil atá ann cheana

1. Beidh sé de cheart ag gach oibreoir líonraí rochtain a thairiscint ar a bhonneagar fisiciúil d’fhonn eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid.

2. Má iarrann gnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar é go sonrach i scríbhinn, beidh sé d'oibleagáid ar aon oibreoir líonraí gach iarraidh réasúnta ar rochtain ar a bhonneagar fisiciúil a chomhlíonadh faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma, lena n-áirítear ó thaobh praghais de, d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid.

3. Beidh gach diúltú rochtana bunaithe ar chritéir oibiachtúla, a bhféadfadh baint a bheith acu go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(a) oiriúnacht theicniúil an bhonneagair fhisiciúil ar iarradh rochtain air chun aon eilimint de na líonraí cumarsáide leictreonaí dá dtagraítear i mír 2 a óstáil;

(b) spás a bheith ar fáil chun na heilimintí dá dtagraítear i bpointe (a) a óstáil;

(c) sláine agus slándáil aon líonra atá curtha in úsáid cheana féin;

(d) an riosca go gcuirfí isteach go tromchúiseach ar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá pleanáilte dá ndéanfaí seirbhísí eile a sholáthar ar an mbonneagar fisiciúil céanna;

(e) fáil a bheith ar mhodhanna malartacha rochtana mórdhíola ar bhonneagar fisiciúil arna soláthar ag an oibreoir líonra agus oiriúnach chun líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a sholáthar.

Sonróidh an t‑oibreoir líonraí na cúiseanna le haon diúltú laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh i scríbhinn ar rochtain a dhéanamh.

4. I gcás ina ndiúltófar rochtain nó nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena n-áirítear ó thaobh praghais de, laistigh de dhá mhí ón iarraidh i scríbhinn ar rochtain a dhéanamh, beidh aon cheann de na páirtithe i dteideal an cás a chur faoi bhráid an chomhlachta náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí.

5. Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear i mír 4 cinneadh ceangailteach chun an díospóid a tionscnaíodh de bhun mhír 4 a réiteach, lena n-áirítear téarmaí, coinníollacha agus praghsanna cothroma a chinneadh más iomchuí, laistigh den achar ama is lú is féidir agus laistigh de cheithre mhí i gcás ar bith, gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a chur faoi bhráid cúirte. Cuirfear san áireamh in aon phraghas arna shocrú ag an gcomhlacht um réiteach díospóidí an tionchar a bheidh ag an rochtain a iarradh ar an bplean gnó atá mar fhothaca le hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag oibreoir an líonra a iarradh rochtain air, go háirithe i gcás bonneagar fisiciúil a tógadh le déanaí agus a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí ardluais a sholáthar.

Airteagal 4 Trédhearcacht an bhonneagair fhisiciúil

1. D'fhonn iarratas ar rochtain a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 3, beidh sé de cheart ag gach gnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar rochtain a fháil, arna iarraidh sin dóibh, trí phointe faisnéise aonair, ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas a bhaineann le bonneagar fisiciúil atá ag aon oibreoir líonraí cheana féin:

(a) suíomh, bealach agus comhordanáidí geoshuite;

(b) méid, cineál agus úsáid reatha an bhonneagair;

(c) ainm an úinéara nó ainm shealbhóir chearta úsáide an bhonneagair fhisiciúil agus pointe teagmhála.

Sonróidh an gnóthas a iarrann rochtain an limistéar lena mbaineann d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid.

Déanfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta maidir leis an limistéar sonraithe a thabhairt láithreach bonn i bhfoirm leictreonach faoi théarmaí comhréireacha neamh‑idirdhealaitheacha trédhearcacha. Ní fhéadfaidh an pointe faisnéise aonair rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú ach amháin má mheastar go bhfuil sé riachtanach i bhfianaise shlándáil na líonraí agus a sláine nó i bhfianaise rún oibriúcháin agus gnó.

Áiritheoidh an pointe faisnéise aonair go gcuirfear rochtain ar an bhfaisnéis íosta de bhun na míre seo ar fáil faoin [Publications Office: please insert the exact date: entry into force of this Regulation + 12 months] ar a dhéanaí.

2. Gach comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le bonneagar fisiciúil de chuid oibreora líonraí ina sheilbh aige i bhformáid leictreonach, de thoradh a chúraimí, cuirfidh sé ar fáil í don phointe faisnéise aonair ar mhodhanna leictreonacha roimh an [Publications Office: please insert the exact date: entry into force of this Regulation + 6 months]. Aon nuashonrú ar an bhfaisnéis seo agus aon fhaisnéis íosta nua dá dtagraítear i mír 1 a gheobhaidh an comhlacht de chuid na hearnála poiblí, cuirfear ar fáil é don phointe faisnéise aonair laistigh de mhí amháin tar éis é a fháil.

3. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 i seilbh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí i gcomhréir le mír 2, déanfaidh aon oibreoir líonraí, ar iarraidh shonrach a fháil ón bpointe faisnéise aonair, an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 maidir lena bhonneagar fisiciúil a chur ar fáil dó i bhformáid leictreonach laistigh de mhí amháin tar éis í a iarraidh. Déanfaidh an t‑oibreoir líonraí aon nuashonrú ar an bhfaisnéis íosta a cuireadh ar fáil, a chur ar fáil don phointe faisnéise aonair laistigh de mhí amháin ón modhnú iarbhír ar an líonra fisiciúil arb é is cúis leis an athrú ar an bhfaisnéis íosta sin.

4. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil tríd an bpointe faisnéise aonair, cuirfidh oibreoirí líonraí rochtain ar fhaisnéis den sórt sin ar fáil má iarrann gnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar é go sonrach i scríbhinn. Sonrófar san iarraidh sin an limistéar lena mbaineann d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid. Déanfar an rochtain ar fhaisnéis a dheonú faoi théarmaí comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha laistigh de mhí amháin ón iarraidh i scríbhinn a fháil, gan dochar do na teorainneacha de bhun mhír 1.

5. Ar iarraidh shonrach i scríbhinn a fháil ó ghnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, comhlíonfaidh oibreoirí líonraí iarrataí réasúnta ar shuirbhéanna ar an láthair ar eilimintí sonracha dá mbonneagair fhisiciúil. Sonrófar san iarraidh na heilimintí sin den líonra lena mbaineann d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid. Déanfar suirbhéanna ar an láthair ar na heilimintí sonracha den líonra a dheonú faoi théarmaí comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil i scríbhinn, gan dochar do na teorainneacha de bhun mhír 1.

6. Ar iarraidh shonrach i scríbhinn a fháil ó ghnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, déanfaidh aon oibreoir líonraí an fhaisnéis íosta seo a leanas a chur ar fáil, faisnéis a bhaineann le hoibreacha sibhialta atá idir lámha nó atá beartaithe maidir le bonneagar fisiciúil ar deonaíodh cead ina leith, a bhfuil nós imeachta um dheonú ceadanna ina leith ar feitheamh nó a bhfuil sé beartaithe an chéad iarratas ar chead ina leith a chur chuig na húdaráis inniúla laistigh de shé mhí:

(a) suíomh agus cineál na n-oibreacha;

(b) na heilimintí den líonra atá i gceist;

(c) an dáta a mheastar go dtosóidh na hoibreacha agus a bhfad;

(d) pointe teagmhála.

Sonrófar san iarraidh ó ghnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar an limistéar lena mbaineann d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid. Laistigh de dhá sheachtain ón iarraidh i scríbhinn a chur isteach, cuirfidh oibreoirí líonraí an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi théarmaí comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha, gan dochar do na teorainneacha de bhun mhír 1.

7. Féadfaidh an t‑oibreoir líonraí an iarraidh de bhun mhír 6 a dhiúltú:

- má tá an fhaisnéis a iarradh curtha ar fáil go poiblí aige i bhformáid leictreonach nó

- má tá rochtain ar fhaisnéis den sórt sin áirithithe trí phointe faisnéise aonair.

8. Ar iarraidh shonrach a fháil ó phointe faisnéise aonair, cuirfidh aon oibreoir líonraí an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 6 ar fáil dó.

9. I gcás díospóide a thagann chun cinn maidir leis na cearta agus oibleagáidí dá bhforáiltear i mír 4 go mír 7, beidh aon cheann de na páirtithe i dteideal í a chur faoi bhráid comhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí. Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht atá i gceannas ar réiteach díospóidí cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach laistigh den achar ama is lú is féidir agus laistigh de dhá mhí i gcás ar bith, gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a chur faoi bhráid cúirte.

10. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1 go mír 5 i gcás bonneagair fhisiciúil atá ann cheana féin a mheastar nach bhfuil sé oiriúnach go teicniúil chun líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid. Beidh bearta den sórt sin cuí-réasúnaithe ar an ábhar sin. Tabharfar deis do na páirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar na dréachtbhearta laistigh de thréimhse réasúnta. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon bheart den sórt sin.

Airteagal 5 Comhordú na n-oibreacha sibhialta

1. Beidh sé de cheart ag gach oibreoir líonraí comhaontuithe maidir le comhordú oibreacha sibhialta a chaibidliú le gnóthais atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar d’fhonn líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid.

2. Gach gnóthas a dhéanann oibreacha sibhialta a mhaoinítear, go hiomlán nó i bpáirt, le cistí poiblí, déanfaidh sé aon iarraidh réasúnta ar chomhaontú maidir le comhordú oibreacha sibhialta a fhaightear ó ghnóthais atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar d’fhonn eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid a chomhlíonadh faoi théarmaí trédhearcacha neamh‑idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach bhfuil aon chostais bhreise i gceist leis do na hoibreacha sibhialta a bhí beartaithe i dtosach agus go ndéantar an iarraidh ar chomhordú a chomhdú chomh luath agus is féidir, agus i gcás ar bith aon mhí ar a laghad sula gcuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás atá inniúil maidir le deonú ceadanna.

3. I gcás nach féidir teacht ar chomhaontú maidir le comhordú oibreacha sibhialta de bhun mhír 2 laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh fhoirmiúil ar chaibidlíocht a chur isteach, beidh aon cheann de na páirtithe i dteideal an cás a chur faoi bhráid an chomhlachta náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí.

4. Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear i mír 3 cinneadh ceangailteach chun an díospóid a tionscnaíodh de bhun mhír 3 a réiteach, lena n-áirítear téarmaí, coinníollacha agus muirir atá cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach a chinneadh más iomchuí, laistigh den achar ama is lú is féidir agus laistigh de dhá mhí i gcás ar bith, gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a chur faoi bhráid cúirte.

5. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear san Airteagal seo i gcás oibreacha sibhialta a mbaineann luach neamhshuntasach leo. Beidh bearta den sórt sin cuí-réasúnaithe ar an ábhar sin. Tabharfar deis do na páirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar na dréachtbhearta laistigh de thréimhse réasúnta. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon bheart den sórt sin.

Airteagal 6 Deonú ceadanna

1. Beidh sé de cheart ag gach gnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar rochtain leictreonach a fháil, arna iarraidh sin dó agus trí phointe faisnéise aonair, ar aon fhaisnéis a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme maidir le ceadanna a dheonú ar oibreacha sibhialta is gá d’fhonn eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid, lena n-áirítear aon díolúintí is infheidhme i leith eilimintí den sórt sin maidir le roinnt de na ceadanna nó gach cead is gá faoin dlí náisiúnta.

2. Beidh sé de cheart ag gach gnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar iarratais a chur isteach, ar mhodhanna leictreonacha tríd an bpointe faisnéise aonair, ar cheadanna is gá le haghaidh oibreacha sibhialta d’fhonn eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a chur in úsáid. Déanfaidh an pointe faisnéise aonair an próiseas um dheonú ceadanna a éascú agus a chomhordú. Áiritheoidh sé go háirithe go seolfar na hiarratais ar aghaidh chuig aon údarás inniúil a bhfuil baint aige le deonú na gceadanna is infheidhme i leith na n-oibreacha sibhialta atá i gceist agus déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na spriocdhátaí is infheidhme i gcomhréir le mír 3.

3. Déanfaidh na húdaráis inniúla ceadanna a dheonú nó a dhiúltú laistigh de shé mhí tar éis iarraidh a fháil, gan dochar do spriocdhátaí nó oibleagáidí sonracha eile, atá leagtha síos chun an nós imeachta a sheoladh mar is iomchuí, is infheidhme don nós imeachta um dheonú ceadanna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an AE. Beidh bonn cirt cuí le gach diúltú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus chomhréireacha.

4. Gach gnóthas atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus atá thíos le damáistí de thoradh neamhchomhlíonadh na spriocdhátaí is infheidhme faoi mhír 3, beidh sé de cheart aige cúiteamh a fháil ón údaráis inniúil as an damáiste a rinneadh dó, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 7 Trealamh foirgnimh

1. Déanfar gach foirgneamh nuathógtha ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, ar cuireadh iarratais ar cheadanna tógála isteach ina leith tar éis an [Publications Office: please insert the exact date of the entry into force of this Regulation], a fheistiú le bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas, go dtí pointí foircinn an líonra. Tá feidhm leis an oibleagáid chéanna i gcás mór-oibreacha athchóirithe ar cuireadh iarratais ar cheadanna tógála isteach ina leith tar éis an [Publications Office: please insert the exact date of the entry into force of this Regulation].

2. Déanfar gach foirgneamh ilteaghaisí nuathógtha, ar cuireadh iarratais ar cheadanna tógála isteach ina leith tar éis an [Publications Office: please insert the exact date of the entry into force of this Regulation], a fheistiú le pointe comhchruinnithe, a bheidh suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh, agus a mbeidh rochtain ag soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí air, ina gcuirfear nasc chuig an mbonneagar foirgnimh atá réidh don ardluas ar fáil. Tá feidhm leis an oibleagáid chéanna i gcás mór-oibreacha athchóirithe a bhaineann le foirgnimh ilteaghaisí ar cuireadh iarratais ar cheadanna tógála isteach ina leith tar éis an [Publications Office: please insert the exact date of the entry into force of this Regulation].

3. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 do chatagóirí foirgneamh, go háirithe teaghaisí aonair, nó do mhór-oibreacha athchóirithe, i gcás ina mbeidh costas díréireach i gceist chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Beidh bearta den sórt sin cuí-réasúnaithe. Tabharfar deis do na páirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar na dréachtbhearta laistigh de thréimhse réasúnta. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon bheart den sórt sin.

Airteagal 8

Rochtain ar threalamh foirgnimh

1. Beidh sé de cheart ag gach soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí a líonra a fhoirceannadh ag an bpointe comhchruinnithe, ar choinníoll go ndéanfaidh sé an tionchar ar mhaoin phríobháideach a íoslaghdú agus go ndéanfaidh sé ar a chostas féin é, d’fhonn rochtain a fháil ar an mbonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas.

2. Beidh sé de cheart ag gach soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí rochtain a fháil faoi théarmaí réasúnta ar aon bhonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas atá ann cheana féin más rud é go mbeadh dúbailt dodhéanta ó thaobh na teicneolaíochta de nó neamhéifeachtúil go heacnamaíoch. Déanfaidh sealbhóir cirt chun an bonneagar fisiciúil foirgnimh a úsáid rochtain a dheonú faoi théarmaí agus coinníollacha neamh‑idirdhealaitheacha.

3. I gcás nach féidir teacht ar chomhaontú maidir le rochtain de bhun mhír 1 nó mhír 2 laistigh de dhá mhí tar éis an rochtain a iarraidh go foirmiúil, beidh sé de cheart ag gach páirtí an cás a chur faoi bhráid an chomhlachta náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí d'fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sna míreanna sin. Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach laistigh den achar ama is lú is féidir, agus laistigh de cheithre mhí i gcás ar bith, gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a chur faoi bhráid cúirte.

4. Mura bhfuil bonneagar foirgnimh atá réidh don ardluas ar fáil, beidh sé de cheart ag gach soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí a threalamh líonra a fhoirceannadh in áitreabh síntiúsóra seirbhíse cumarsáide leictreonaí ardluais, faoi réir chomhaontú an tsíntiúsóra, agus ar choinníoll go ndéanfaidh sé an tionchar ar mhaoin phríobháideach a íoslaghdú agus go ndéanfaidh sé ar a chostas féin é.

Airteagal 9 Comhlachtaí inniúla

1. An t‑údarás rialála náisiúnta a chomhlíonann na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2002/21/CE, feidhmeoidh sé feidhmeanna an chomhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 4(9), Airteagal 5(4) agus Airteagal 8(3), ach amháin má cheapann an Ballstát comhlachtaí inniúla eile.

2. Beidh aon chomhlacht eile náisiúnta um réiteach díospóidí arna cheapadh ag na Ballstáit de bhun mhír 1 leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách ó thaobh feidhmeanna de ar gach oibreoir líonraí. Beidh sé de chumhacht aige smachtbhannaí oiriúnacha, éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar oibreoirí líonraí i gcás sárú ar na hoibleagáidí a eascraíonn ó na cinntí arna nglacadh agus an díospóid á réiteach.

3. An t‑údarás rialála náisiúnta a chomhlíonann na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2002/21/CE, comhlíonfaidh sé feidhmeanna an phointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 6, ach amháin má cheapann an Ballstát comhlachtaí inniúla eile.

4. Beidh sé de chumhacht ag aon phointe faisnéise aonair eile a cheapfaidh Ballstáit de bhun mhír 3 smachtbhannaí oiriúnacha, éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar oibreoirí líonraí i gcás sárú ar na hoibleagáidí a eascraíonn ó Airteagal 4(3) agus (8).

5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le céannacht gach comhlachta inniúil arna ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal seo chun cúram a dhéanamh faoin Rialachán seo faoin [Publications Office: please insert the exact date: entry into force of this Regulation] agus faoi aon mhodhnú air, roimh d'ainmniú nó do mhodhnú den sórt sin teacht i bhfeidhm.

6. Beidh aon chinneadh a dhéanfaidh aon chomhlacht inniúil dá dtagraítear san Airteagal seo faoi réir achomhairc os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 10 Athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin [Publications Office: please insert the exact date: entry into force of this Regulation + 3 years] ar a dhéanaí. Beidh achoimre ar thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo san áireamh sa tuarascáil chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn maidir lena chuspóirí a bhaint amach.

Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an dara lá déag tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Analysys Mason, 2008, Analysys Mason 2012, WIK, 2008

[2]               Analysys Mason, 2012, Tá an meastachán sin bunaithe ar na toimhdí seo a leanas: Baineann 25 % den chur in úsáid le duchtanna atá ann cheana féin, sin coigilt 75 % i leith Capex don chuid seo, tá 10 % de chur in úsáid an líonra nasctha le forbairtí nua tithíochta, agus baintear úsáid as comhchur in úsáid le hoibreoirí/cuideachtaí fóntais eile, sin coigilt 15-60 %, agus tá 5 % de chur in úsáid an líonra nasctha le haonaid ilteaghaisí réamh‑shreangaithe, sin coigilt 20 - 60 %. Chomh maith leis sin, beidh tairbhí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha i gceist.

[3]               Tá an meastachán bunaithe ar chás infheistíochta a ríomhadh mar chuid de staidéar forleathan le Analysys Mason agus Tech4i2 (The socio-economic impact of bandwidth ["Tionchar socheacnamaíoch leathanbhanda"], 2013). Sa staidéar seo, réamh‑mheastar nach mbainfí amach spriocanna leathanbhanda DAE dá ndéanfaí mór-idirghabháil, sé sin infheistíocht NGA de EUR 211 billiún. Chun na coigiltí féideartha a fháil, cuireadh na céatadáin a luadh i bhfeidhm ar an méid sin.

[4]               A new Strategy for the Single Market ["Straitéis nua don Mhargadh Aonair"], tuarascáil le Mario Monti chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 9 Bealtaine 2010

[5]               Steps towards a truly Internal Market for e-communications in the run-up to 2020 ["Céimeanna i dtreo fíor-Mhargadh Inmheánach do r-chumarsáid agus muid ag tarraingt ar 2020"], Ecorys, TU Delft agus TNO, arna eisiúint i bhFeabhra 2012

[6]               (COM (2012) 573)

[7]               Booz and Company, Maximising the impact of Digitalisation ["Tionchar an Digitithe a Uasmhéadú"], 2012

[8]               Meastachán ón gCoimisiún bunaithe ar staidéir náisiúnta (Liebenau, J., Atkinson, R., Karrberg, P., Castro, D. agus Ezell, S., 2009, The UK Digital Road to Recovery ["Bóthar Digiteach na Ríochta Aontaithe i dtreo Téarnaimh"]; Katz R.L. et al , 2009, The Impact of Broadband on Jobs and the German Economy ["Tionchar an Leathanbhanda ar Jabanna agus ar Gheilleagar na Géarmáine"]).

[9]               Mheabhraigh an Chúirt Bhreithiúnais in De Coster (C-17/00, [2001] Rec. lch. I-9445, UImh. 37) gur ghá d'aon reachtaíocht thánaisteach áitiúil a imríonn tionchar ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. Sa chás céanna maidir le miasa satailíte, mheabhraigh an Coimisiún ina Theachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm ginearálta phrionsabail shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí – Airteagal 28 agus Airteagal 49 – maidir le miasa satailíte a úsáid (COM(2001) 351 final), cé go bhfuil gach Ballstát freagrach as na coinníollacha is gá a chomhlíonadh laistigh dá chóras dlíthiúil inmheánach chun miasa satailíte a shuiteáil agus a úsáid, féadfaidh roinnt rialachán náisiúnta tionchar a imirt ar an méid is féidir a fháil mar sin féin. Dá bhrí sin, imríonn siad tionchar neamhdhíreach ar dháileadh an raoin leathan seirbhísí arna dtarchur le satailít – seirbhísí a théann thar theorainneacha  i ngeall ar a nádúr – amhail craoladh teilifíse agus raidió, chomh maith le seirbhísí idirghníomhacha ("seirbhísí shochaí na faisnéise"). Is gá do bhearta náisiúnta den sórt sin bunphrionsabail an Chonartha a chomhlionadh, amhail saorghluaiseacht earraí agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Mhargadh Aonair.

[10]             Rialachán (CE) UImh. 2887/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le rochtain dhíchuachta ar an lúb logánta, IO 30.12.2000, L336/4.

[11]             Clár Oibre Digiteach don Eoraip, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2010)245 an 19.5.2010, go háirithe roinn 2.4.1.

[12]             Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 1/2 Márta 2012, EUCO 4/2/12, http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/12/st00/st00004-re02.en12.pdf, mír 15.

[13]             Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2012)573 an 3.10.2012, Príomhghníomhaíocht 9.

[14]             Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 13/14 Nollaig 2012, EUCO 205/12, http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_Data/docs/pressdata/en/ec/134353.pdf, mír 17.

[15]             Tá tuarascáil ar an toradh ón gcomhairliúchán poiblí sin mar chuid den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair atá ceangailte leis an togra seo (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Tuarascáil).

[16]             Féach http://daa.ec.europa.eu/content/special/crowdsourcing.

[17]             Tá tuarascáil a thógann ar an staidéar a d'ullmhaigh Deloitte, agus a cros‑seiceáladh le foinsí eile, mar chuid den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair atá ceangailte leis an togra seo (Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Tuarascáil).

[18]             Tá an tuarascáil sin mar chuid den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair atá ceangailte leis an togra seo (Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Tuarascáil).

[19]             Tá liosta iomlán de na foinsí sin ar fáil sa leabharliosta sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair

[20]             Tá an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ceangailte leis an togra seo.

[21]             Féach Cás C-66/04, mír 45, agus Cás C-217/04, mír 43.

[22]             Féach Analysys Mason, Tuarascáil deiridh d’Ard‑Stiúrthóireacht  na Sochaí Faisnéise agus na Meán Cumarsáide, European Commission Support for the preparation of an impact assessment to accompany an EU initiative on reducing the costs of high‑speed broadband infrastructure deployment ["Tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh chun measúnú tionchair a ullmhú a bheidh ag gabháil le tionscnamh an AE chun na costais ar chur in úsáid bonneagair leathanbhanda ardluais a laghdú"] (SMART 2012/2013)

[23]             Féach Cás C-217 /04, mír 47.

[24]             Féach mar shampla Aithris 8 den Rialachán maidir le Rialáil Níos Fearr 2009/140/CE, Aithris 22 den Treoir Réime, Aithris 1 agus Aithris 4 de Rialachán 2887/200/CE.

[25]             Féach Cás 272/83, mír 25 agus mír 27.

[26]             Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2012 maidir le "Gníomh um an Margadh Aonair II: Na Chéad Chéimeanna i dtreo an Fháis" (2012/2663(RSP)), pointe 10.

[27]             IO C , , lch.

[28]             IO C , , lch.

[29]             COM (2010)245; féach freisin an tAthbhreithniú ar an gClár Oibre Digiteach, COM (2012) 784 final.

[30]             Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 13/14 Nollaig 2012, EUCO 205/12, mír 17.

[31]             COM(2012) 573 final.

[32]             IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

[33]             IO L 108, 24.4.2002, lch. 21.

[34]             IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.

[35]             IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

[36]             IO L 249, 17.9.2002, lch. 21.

[37]             IO L 108, 25.4.2007, lch. 1.

[38]             IO L 345, 31.12.2003, lch. 90.

Top