EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0015

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle maidir le scéim cheadúnúcháin FLEGT a bhunú le haghaidh allmhairithe adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach

/* COM/2013/015 final - 2013/0010 (COD) */

52013PC0015

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle maidir le scéim cheadúnúcháin FLEGT a bhunú le haghaidh allmhairithe adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach /* COM/2013/015 final - 2013/0010 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Déantar dealú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) idir, ar thaobh, cumhachtaí a tharmligtear chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh a bhfuil feidhm ghinearálta acu chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a fhorlíonadh nó a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 290(1) den CFAE (gníomhartha tarmligthe), agus ar an taobh eile, cumhachtaí a thugtar don Choimisiún chun ceanglais aonfhoirmeacha a ghlacadh chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de a chur chun feidhme mar atá leagtha síos in Airteagal 291(2) den CFAE (gníomhartha cur chun feidhme).

I gcomhthéacs ailíniú Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005[1] le rialacha nua an CFAE, tá cumhachtaí a thugtar faoi láthair don Choimisiún faoin Rialachán sin athaicmithe i mbearta de chineál tarmligthe agus i mbearta de chineál cur chun feidhme.

I ndiaidh na hoibre sin ullmhaíodh dréacht‑togra le haghaidh leasú Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005.

De bhun Airteagal 290 den Chonradh, cuireann an Reachtóir de chúram ar an gCoimisiún gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán sin a chomhlánú nó a mhionathrú.

Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine maidir le táirgí adhmaid a de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A, Iarscríbhinn B agus in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fhiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú[2]. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún ceanglais mhionsonraithe a ghlacadh chun Airteagal 5 a chur i bhfeidhm. Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh freisin ar an liosta de na dtíortha comhpháirtíochta agus dá n‑údarás ceadúnúcháin ainmnithe arna leagan amach in Iarscríbhinn I; liosta na dtáirgí adhmaid atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a bhfuil feidhm ag scéim cheadúnúcháin FLEGT (Forghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) maidir leo beag beann ar an tír chomhpháirtíochta, chomh maith le liosta na dtáirgí adhmaid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III nach bhfuil feidhm ag scéim cheadúnúcháin FLEGT maidir leo ach amháin i dtaca leis an tír chomhpháirtíochta chomhfhreagrach.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh gá le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

· Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Cumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin i Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle a shainaithint agus an nós imeachta comhfhreagrach a bhunú chun na gníomhartha sin a ghlacadh.

· Bunús Dlí

Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

· Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

· Prionsabal na comhréireachta

Tá an togra ag leasú beart atá ann cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle agus ní ceist prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

· Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4.           IMPLEACHT BUISÉADACH

Ní chuireann an beart seo aon chaiteachas breise ar bhuiséad an Aontas.

2013/0010 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle maidir le scéim cheadúnúcháin FLEGT a bhunú le haghaidh allmhairithe adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005[3] tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme.

(2)       Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is gá na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den CFAE.

(3)       Chun cuid d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún a fhad a bhaineann leis an athbhreithniú ar an díolúine maidir le táirgí adhmaid de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A, Iarscríbhinn B agus Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fhiáine a chosaint[4]; rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a chur i bhfeidhm, agus na leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe. Agus é ag ullmhú agus ag tarraingt suas gníomhartha tarmligthe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear na doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach tráthúil iomchuí.

(4)       Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun scéimeanna atá ann cheana a mheasúnú agus a fhormheas lena ndeimhnítear dlíthiúlacht agus rianú iontaofa táirgí adhmaid arna n‑onnmhairiú ó thíortha comhpháirtíochta d'fhonn iad a bheith ina mbonn ag ceadúnas FLEGT. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[5].

(5)       Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

"2. Chun an dearbhú is gá maidir le dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid lena mbaineann a chur ar fáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na scéimeanna atá ann cheana lena ndeimhnítear dlíthiúlacht agus rianú iontaofa táirgí adhmaid arna n‑onnmhairiú ó thíortha comhpháirtíochta, agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe chun iad a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Féadfaidh na scéimeanna arna bhformheas ag an gCoimisiún a bheith ina mbonn ag ceadúnas FLEGT.

3. Táirgí adhmaid de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A, Iarscríbhinn B agus Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fhiáine a chosaint trína dtrádáil a rialú[6], beidh siad díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun an díolúine sin a athbhreithniú."

(2) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

"9. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun ceanglais mhionsonraithe a ghlacadh maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun leasú a dhéanamh ar an liosta de na tíortha comhpháirtíochta agus dá n‑údarás ceadúnúcháin ainmnithe arna leagan amach in Iarscríbhinn I .

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun an liosta táirgí adhmaid arna leagan amach in Iarscríbhinn II a bhfuil feidhm ag scéim cheadúnúcháin FLEGT maidir leo a leasú. Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe sin agus cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta FLEGT á chur san áireamh. Sna leasuithe sin beidh cóid tráchtearraí, ar leibhéal ceannteidil ceithre dhigit nó ar leibhéal fo‑cheannteidil sé dhigit de leagan reatha Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun an liosta táirgí adhmaid arna leagan amach in Iarscríbhinn III a bhfuil feidhm ag scéim cheadúnúcháin FLEGT maidir leo a leasú. Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe sin agus cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta FLEGT á chur san áireamh. Sna leasuithe sin beidh cóid tráchtearraí, ar leibhéal ceannteidil ceithre dhigit nó ar leibhéal fo‑cheannteidil sé dhigit de leagan reatha Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus ní bheidh feidhm acu ach i dtaca leis na tíortha comhpháirtíochta comhfhreagracha arna leagan amach in Iarscríbhinn III."

(4) Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Tabharfaidh an Coiste um Fhorghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”

(b) scriostar mír 2.

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011."

(d) scriostar mír 4.

(5) Cuirtear Airteagal 11a a leanas isteach:

"Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. I gcás tharmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(9) agus i mír 1, mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 10, tabharfar iad go ceann tréimhse neamhchinnte ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3. Maidir le tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(9) agus i mír 1, mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 10, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(9) agus de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

[2]               IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

[3]               IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

[4]               IO L 61, 03.03.1997, lch. 1.

[5]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[6]               IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

Top