Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012XG1219(03)

    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le Rialachas Cultúir

    IO C 393, 19.12.2012, p. 8–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.12.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C NaN/8


    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le Rialachas Cultúir

    2012/C 393/03

    DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS,

    AG AITHINT DI:

    1.

    gur luach ann féin é an cultúr leis na cáilíochtaí cruthaitheachta agus nuálaíochta intreacha a bhaineann leis. Tá luach poiblí suntasach aige agus cuidíonn sé le fás cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach a leagtar amach i stratéis An Eoraip 2020 agus ina cuid tionscnamh suaitheantais (1);

    2.

    na cuspóirí a shanntar don Aontas Eorpach i réimse an chultúir le hAirteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

    3.

    gur de chineál cothrománach é an beartas cultúrtha, dá dteastaíonn, dá réir sin, comhoibriú trasearnálach agus idir na leibhéil dhifriúla rialachais;

    4.

    gur gá na dúshláin uile atá ós comhair earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear dúshlán na timpeallachta athraithí arbh ann di a bhuí leis an réabhlóid dhigiteach agus leis an domhandú, a thiontú ina ndeiseanna nua fáis agus fostaíochta, agus chuige sin go gcaithfear gníomhú ar leibhéil dhifriúla rialachais;

    5.

    gur cumasach í an dinimic atá ann ar líne na teorann idir earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus go dtagann tairbhe nach beag as naisc agus comhpháirtíochtaí a bhunú trasna na n-earnálacha difriúla; agus dá bharr sin gur gá cur chuige iomlánaíoch a fheidhmiú do rialachas cultúir;

    6.

    gur chóir “rialachas cultúir” a thuiscint mar mhodh chun beartais chultúir a sholáthar agus freisin mar uirlis chun an cultúr a chomhtháthú níos doimhne i gclár oibre an bheartais phoiblí trí bheartais chultúir a chomhordú le beartais earnálacha eile;

    7.

    a thábhachtaí atá modh an chomhair oscailte a úsáidtear chun Plean Oibre na Comhairle maidir leis an gCultúr a chur chun feidhme (2), ar ceann de na bealaí é leis an gcultúr a rialú ar an leibhéal Eorpach;

    MOLANN SÍ GO bhFORBRÓFAR AN CUR CHUIGE DÉRIAIN SEO A LEANAS I dTACA LE RIALACHAS CULTÚIR:

    I.   CEAPADH BEARTAS AR BHONN FIANAISE A CHUR CHUN CINN.

    DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS:

    MEASANN SÍ go bhfuil sé fíorthábhachtach do na Ballstáit go gcuirfí ceapadh beartais ar bhonn fianaise chun cinn agus go ndéanfaí na naisc idir an cultúr, an geilleagar, an t-oideachas, an taighde agus an nuálaíocht a neartú, go háirithe le linn lagtrá eacnamaíoch inar cheart gurbh éifeachtaí, gurbh éifeachtúla agus gurbh inbhuanaithe fós a bheadh na beartais chultúir;

    IS DÍOL SÁSAIMH DI torthaí na sainoibre a rinneadh ar an staidreamh cultúir, lena n-áirítear obair an tionscadail Cultúr-ESSnet (3), a cuireadh i gcrích i bpáirt le Eurostat agus grúpa de chúig cinn de Ballstáit, lena leagtar síos creat chun feabhas suntasach a chur ar staidreamh maidir le rannchuidiú an chultúir trí choigeartuithe atá réasúnta beag agus tíosach ar acmhainní a dhéanamh sna córais náisiúnta staidrimh;

    IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

    tacú le cur chuige ar bhonn fianaise maidir le ceapadh beartas cultúir ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí úsáid a bhaint, nuair is iomchuí sin, as ionstraimí meastóireachta agus ionstraimí measúnaithe tionchair lena gcuirfí ní hamháin táscairí cainníochtúla san áireamh ach táscairí cailíochtúla chomh maith;

    gnéithe a bhfuil baint acu leis na beartais chultúir a chur chun cinn i reimsí beartas eile;

    an obair le chéile agus an líonrú a chur chun cinn idir institiúidí cultúir agus oideachais, lárionaid taighde agus fiontair maidir le cultúr agus cruthaitheacht d'fhonn torthaí taighde a bhailiú agus a phróiseáil agus a scaipeadh ar lucht ceaptha beartas;

    agus an úsáid is fearr á baint as na struchtúir atá ann cheana, go bhféachfaí chuige freisin go gcuirfeadh ranna rialtais agus na comhlachtaí ábhartha riaracháin phoiblí na torthaí sin maidir le taighde san áireamh, tráth a mbeadh a dtaighde á cheapadh acu agus a gcuid beartas earnálach á bhfoirmliú acu;

    IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ gCUID INNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:

    an malartú taithí a spreagadh, scaipeadh an dea-chleachtais i réimse an bheartais cultúir a chothú agus sineirgí a chur chun cinn idir na Ballstáit ó thaobh taighde acadúil i ndáil leis an gcultúr agus le rialachas cultúir;

    pointí teagmhála a ainmniú a mbeadh an fhreagracht orthu as staidéir ionchasacha agus taighde ionchasach a chomhthiomsú agus a chomhordú sna hAireachtaí Cultúir nó i gcomhlachtaí poiblí eile a bhfuil na beartais chultúir faoina gcúram agus freisin sa Choimisiún, agus líonrú a spreagadh idir na grúpaí sin ar an leibhéal Eorpach;

    an creat coiteann staidrimh agus an mhodheolaíocht a d'fhorbair Cultúr-ESSnet a fheidhmiú a luaithe is féidir, d’fhonn faisnéis iontaofa, inchomparáide, cothrom le dáta a chur ar fáil faoi na himpleachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an gcultúr, agus leanúint de bheith ag obair ar thosaíochtaí don am amach anseo ar bhonn na moltaí a eisíonn Cultúr-ESSnet (4);

    forbairt an staidrimh inchomparáide maidir le cultúr a chur chun cinn trí Eurostat, i gcomhar le hinstitiúidí náisiúnta staidrimh (5) agus na hAirí atá freagrach as an gCultúr nó comhlachtaí poiblí eile atá i mbun staidreamh maidir le cultúr;

    an malartú taithí a chur chun cinn agus obair a thosú, le rannpháirtíocht ó Eurostat, archuntais satailíte (6) maidir leis an gcultúr, rud a chuideoidh linn rannchuidiú an chultúir leis an ngeilleagar a mheas, agus aird ar leith á díriú ar fhostaíocht in earnáil an chultúir;

    II.   SINEIRGÍ A CHUR CHUN CINN AGUS STRAITÉISÍ COMHTHÁITE A FHORBAIRT DO CHUR CHUIGE DON CHULTÚR A BHEADH NÍOS IOMLÁNAÍCHE

    DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS,

    MEASANN SÍ go gcaithfidh gach leibhéal den rialachas, agus ról ar leith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, oibriú le chéile sa chaoi go mbeifear in ann tarraingt go hiomlán ar acmhainní eacnamaíocha agus sóisialta in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; sa chomhthéacs sin, TUGANN SÍ DÁ hAIRE an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn ar mhaithe leis an bhfás agus poist san AE” (7), a glacadh an 26 Meán Fómhair 2012, agus inar leagadh amach straitéis chuimsitheach chuige sin;

    TUGANN SÍ DÁ hAIRE a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí an cultúr a phríomhshruthú i réimsí eile den bheartas poiblí agus de na próisis chinnteoireachta ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

    LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé go neartófaí rannpháirtíocht ghníomhaithe ábhartha na sochaí sibhialta le go mbeadh an rialachas cultúir níos oscailte, níos rannpháirtí, níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí;

    IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

    an comhar trasearnálach agus idir-aireachta maidir le hábhair a bhaineann leis an gCultúr a neartú agus freisin straitéisí comhtháite ilsrathacha ina mbeadh gach leibhéal den rialachas páirteach;

    údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh, maidir le beartais forbartha áitiúla agus réigiúnacha, chun earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta a lánpháirtiú ina gcuid straitéisí don speisialtóireacht chliste  (8) agus comhpháirtíocht éifeachtúil a bhunú chuige sin idir an tsochaí shibhialta, earnáil an ghnó agus údaráis phoiblí;

    gnóthais chomhpháirteacha a spreagadh ina mbeadh geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha páirteach le go mbeadh na hinfheistíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta inbhuanaithe, agus le go mbeadh meascán níos fearr ann d'infheistíochtaí crua (bonneagar) agus d'infheistíochtaí boga (an caipiteal daonna);

    cur chuige na rannpháirtíochta a chur chun cinn don cheapadh beartas i réimse an chultúir trí fheabhas a chur ar na comhpháirtíochtaí idir institiúidí cultúrtha poiblí agus an tsochaí shibhialta agus trí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a spreagadh trí mheán an idirphlé iomchuí agus an chomhairliúcháin iomchuí;

    IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN:

    leanúint de bheith ag tacú leis an gcomhar agus le malartú an dea-chleachtais idir saineolaithe ó na Ballstáit, lena n áirítear trí mhodh an chomhair oscailte agus trí idirphlé struchtúraithe a spreagadh le grúpaí ábhartha na ngeallsealbhóirí;

    leanúint den chomhar tras-earnálach a fhorbairt laistigh den Choimisiún chun leas iomlán a bhaint as an gcumas atá in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta fás cliste a chur chun cinn san Eoraip agus leas iomlán a bhaint as na nósanna imeachta measúnaithe tionchair atá ann cheana chun an cultúr a phríomhshruthú i ngach beartas ábhartha agus i ngach beartas gníomhaíocht ábhartha de chuid an AE;

    IARANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN, NA BALLSTÁIT AGUS NA hUACHTARÁNACHTAÍ A BHEIDH ANN AMACH ANSEO, AGUS LAISTIGH DÁ gCUID RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    úsáid iomlán a bhaint, uair ar bith is iomchuí, as cláir mhaoinithe ar leibhéal an AE, idir iad siúd atá ann anois agus iad siúd a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear i réimse an taighde agus na nuálaíochta (9);

    oibriú i gcomhpháirt lena chéile ar athbhreithniú meántréimhseach agus ar thuarascáil dheiridh ar an bPlean Oibre don Chultúr 2011-2014 agus modhanna faireacháin a fhorbairt ar mhaithe le cur chun feidhme an phlean a thomhas;

    faisnéis a roinnt, go luath agus go rialta, faoi bheartais agus gníomhaíochtaí an AE a mbeadh tionchar díreach nó indíreach acu ar cheisteanna cultúir agus ar bheartais chultúir, d'fhonn a áirithiú go ndéanfaí comhordú éifeachtach, idir Eorpach agus náisiúnta; chuige sin, iarrann sí ar an gCOIMISIÚN tuairisc a thabhairt faoi thionscnaimh ábhartha, lena n-áirítear iad sin atá ina chláir bhliantúil oibre do Choiste na gCeisteanna Cultúir, agus iarrtar ar na hUACHTARÁNACHTAÍ A BHEIDH ANN AMACH ANSEO tuairisc a thabhairt faoin obair a dhéantar i gcomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle;

    pointí teagmhála a ainmniú faoi dheireadh 2013 a mbeidh an fhreagracht orthu as staidéir ionchasacha agus as taighde ionchasach a chomhthiomsú agus a chomhordú;

    oibriú i gcomhar lena chéile lena áirithiú go gcuirfear na conclúidí seo i ngníomh;

    COMHAONTAÍONN SÍ:

    cur chun feidhme na gconclúidí seo a mheas in 2015  (10).


    (1)  I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Bealtaine 2011 maidir leis an méid a chuireann an cultúr le cur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020 (IO C 175, 15.6.2011, lch. 1).

    (2)  Na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2011-2014 (IO C 325, 2.12.2010, lch. 1).

    (3)  Tuarascáil dheiridh Cultúr-ESSnet:

    http://ec.europa.eu/culture/news/20121026-ess-net_en.htm

    (4)  Mar a leagadh amach i gConclúidí ón gComhairle an 19 Bealtaine 2011.

    (5)  Gan dochar don chaibidlíocht maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-2017 (COM (2011) 928 final - 5089/12) agus don chaibidlíocht maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020.

    (6)  Le cuntais satailíte, tugtar creat a bhfuil baint aige leis na cuntais lárnacha agus lenar féidir aird a dhíriú ar réimse áirithe nó ar ghné áirithe den saol eacnamaíoch nó sóisialta i gcomhthéacs na gcuntas náisiúnta (http://stats.oecd.org/glossary/detail.asp?ID=2385).

    (7)  14256/12 (COM(2012) 537 final).

    (8)  Is uirlis iad straitéisí na speisialtóireachta cliste ina leagtar amach na sócmhainní atá ag réigiúin agus cathracha dar leo agus ina bhforbraítear straitéisí, maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus leis an gcuimsitheacht shóisialta, bunaithe ar na próifílí ar leith atá acu. Is cuid den choinníollacht ex-ante iad atá san áireamh sa chreat rialála atá beartaithe don bheartas comhtháite 2014-2020. (Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Beartas Réigiúnach a chuireann le Fás Cliste san Eoraip 2020 - COM (2010) 553 final 14679/10).

    (9)  Ní dochar na Conclúidí seo don chaibidlíocht a dhéanfar maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020.

    (10)  Féadfar an méid a leanas a bheith san áireamh sa mheastóireacht: dul chun cinn ar staidreamh inchomparáide maidir le cultúir, líonrú na bpointí teagmhála le hainmniú faoi 2013, agus feidhmiú na comhroinnte faisnéise maidir le beartais agus gníomhaíochtaí an AE a mbeadh tionchar acu ar an gcultúr. Níl an liosta seo uileghabhálach.


    Top