EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0776
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on occurrence reporting in civil aviation amending Regulation (EU) No 996/2010 and repealing Directive No 2003/42/EC, Commission Regulation (EC) No 1321/2007 and Commission Regulation (EC) No 1330/2007
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus lena n_aisghairtear Treoir Uimh. 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus lena n_aisghairtear Treoir Uimh. 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún
/* COM/2012/0776 final - 2012/0361 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus lena n_aisghairtear Treoir Uimh. 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún /* COM/2012/0776 final - 2012/0361 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Cúlra ginearálta an togra San Aontas Eorpach, tá meánráta bliantúil na
dtionóiscí marfacha in oibríochtaí sceidealaithe do phaisinéirí cobhsaí a bheag
nó a mhór le blianta beaga anuas. De réir an fháis atáthar a thuar a thiocfaidh
ar aerthrácht sna deicheanna blianta amach romhainn meastar go dtiocfaidh méadú
beagnach faoi dhó ar líon na n‑eitiltí faoi 2030. Dá bhrí sin, toisc go
bhfuil an ráta tionóiscí marfacha cobhsaí, is cosúil go dtiocfaidh méadú ar líon
na dtionóiscí mar thoradh ar an méadú seasta atá ag teacht ar an méid
aerthráchta. Is córas frithghníomhach go príomha é an córas
sábháltachta eitlíochta atá ann faoi láthair agus braitheann sé ar dhul chun
cinn teicneolaíoch, ar reachtaíocht fhónta bunaithe ar mhaoirseacht rialála
éifeachtúil, agus ar imscrúduithe mionsonraithe ar thionóiscí a mbíonn moltaí
le haghaidh feabhsuithe sábháltachta mar thoradh orthu. Mar sin féin, cé gur
den tábhacht é bheith in ann ceachtanna a fhoghlaim ó thionóiscí, is léir anois
go bhfuil teorainn le cumas córas atá go hiomlán frithghníomhach feabhsuithe a
thabhairt chun cinn. Sa chomhthéacs sin, thaobhaigh an Eagraíocht Eitlíochta
Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) leis an aistriú i dtreo cur chuige sábháltachta
a bheadh níos onnghníomhaí agus bunaithe ar fhianaise. Braitheann
éifeachtúlacht córais onnghníomhaigh den sórt sin go mór ar an gcumas anailís a
dhéanamh go córasach ar an bhfaisnéis shábháltachta ar fad atá ar fáil, lena n‑áirítear
faisnéis faoi tharluithe eitlíochta sibhialta. Go deimhin, tá sonraí
ríthábhachtach chun guaiseacha sábháilteachta a shainaithint, mar gan faisnéis
fhónta a bheith ann ní bheadh in iarracht ar bith na guaiseacha a shainaithint
ach tomhas. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá an t‑aistriú
i dtreo córais bhainistíochta sábháilteachta eitlíochta atá níos onnghníomhaí
agus bunaithe ar fhianaise tosaithe cheana féin i ngeall ar gur glacadh Treoir 2003/42/CE[1]
lena gceanglaítear ar na Ballstáit uile córas éigeantach tuairiscithe tarluithe
a chur ar bun. Faoin reachtaíocht sin éilítear ar na Ballstáit faisnéis a
bhailiú, a stóráil a chosaint agus a scaipeadh ar a chéile maidir le tarluithe
eitlíochta sibhialta áirithe agus tá gairmithe eitlíochta faoi iallach
tarluithe ina a gcuid oibríochtaí laethúla a thuairisciú. Críochnaíodh an
reachtaíocht sin in 2007 le dhá rialachán cur chun feidhme[2].
Bhunaigh an chéad cheann Stór Lárnach Eorpach inar athghrúpáladh na tarluithe
eitlíochta sibhialta uile a bhailigh na Ballstáit, agus leag an dara ceann
rialacha síos maidir le scaipeadh na faisnéise a bhí sa Stór Lárnach EorpachTá
amach agus isteach le 600,000 tarlú stóráilte sa Stór Lárnach Eorpach faoi
láthair agus tá méadú ag teacht ar an uimhir seo in aghaidh an lae. 1.2. Na fáthanna is bonn leis an
togra Le Treoir 2003/42/CE leagadh síos an bonn le
haghaidh córais bhainistíochta sábháilteachta eitlíochta a bheadh onnghníomhach
agus bunaithe ar fhianaise san Aontas Eorpach trí thuairisciú ar tharluithe a
dhéanamh éigeantach. Mar sin féin ní féidir leis an Aontas Eorpach agus lena
Bhallstáit an t‑aiseolas a fhaightear ó thaithí a úsáid go leordhóthanach
faoi láthair chun tionóiscí a chosc agus ní leor an reachtaíocht atá ann faoi
láthair chun cosc a chur ar an méadú ar líon na dtionóiscí agus na mbásanna
gaolmhara a bheidh ann mar thoradh ar an bhfás atá tuartha. Is féidir an staid seo a mhíniú le roinnt fáthanna
a bhaineann leis an reachtaíocht Eorpach atá ann faoi láthair. Ar an gcéad dul síos, dealraíonn sé, cé go bhfuil
sonraí ríthábhachtach chun guaiseacha sábháilteachta a shainaithint, nach
bhfuil feasacht leordhóthanach ann faoi tharluithe sábháilteachta. Is amhlaidh
atá toisc, i bpáirt, neamhréiteach a bheith ann idir na Ballstáit maidir le
raon na dtarluithe a thuairiscítear. Ina theannta sin bíonn eagla ar dhaoine
aonair tuairisciú (saincheist an “Chultúir Chóir”). Go deimhin le go mbeifí in
ann an sprioc le haghaidh tuairisciú a bhaint amach, mar atá tuairisciú iomlán,
ní mór lánmhuinín a bheith ag daoine aonair sa chóras, mar go n‑iarrtar
orthu go háirithe tuairisciú a dhéanamh ar bhotúin a d’fhéadfadh a bheith
déanta acu féin nó ar chuir siad leo. Mar sin féin, ní thugtar an chosaint
chéanna do dhaoine aonair sna Ballstáit éagsúla agus is eagal leo go ngearrfadh
a gceannasaithe pionós orthu nó go n‑ionchúiseofaí iad. Ina theannta sin,
ní leor mar a thiomsaítear tarluithe de dheasca tosca eile freisin, amhail
easpa oibleagáide, ar leibhéal an AE, scéim thuairiscithe dheonach a bhunú chun
na scéimeanna éigeantacha a chomhlánadh, agus easpa soiléireachta maidir le
hoibleagáidí tuairiscithe tarluithe agus maidir leis an sreabhadh faisnéise. Ar an dara dul síos, ní dhéantar sonraí tarluithe
a chomhtháthú ar bhealach comhchuibhithe agus struchtúrtha, rud a fhágann go
mbíonn an fhaisnéis ar chaighdeán íseal agus go mbíonn na sonraí neamhiomlán.
Cuireann sé sin isteach ar chomhsheasmhacht agus ar fhónamh na faisnéise agus
cuireann sé teorainn lena húsáid chun críocha sábháilteachta. Ar an tríú dul síos, tá constaicí dlí agus
eagrúcháin ar rochtain leordhóthanach a áirithiú ar fhaisnéis atá sa Stór
Lárnach Eorpach. Go deimhin, de réir na reachtaíochta Eorpaí ní mór faisnéis
áirithe a chur ó aithint. Cé gurb é cuspóir forálacha den sórt sin faisnéis
shábháilteachta íogair a chosaint, is é an iarmhairt phraiticiúil air nach
mbíonn fíricí tábhachtacha maidir le sábháilteacht, amhail an tuairisc iarbhír
ar an tarluithe, ar fáil do na húdaráis. Ar deireadh, níl forálacha sa reachtaíocht atá ann
faoi láthair a léireodh conas ba cheart do na Ballstáit na sonraí a bhailítear
a úsáid. Mar sin féin, maidir le prionsabail a bhaineann le hanailís agus le
hobair leantach ar fhaisnéis arna bailiú trí chórais tuairiscithe tarluithe, ó
ghlacadh na Treorach i leith, aontaíodh iad ag leibhéal idirnáisiúnta ach níor
trasuíodh go fóill sa reachtaíocht Eorpach iad. Dá thoradh sin tá an‑eagsúlacht
idir na Ballstáit ó thaobh a gcur chuige de’. 1.3. Cuspóirí an togra Ba é príomhchuspóir an tionscnaimh tacú leis an
laghdú ar líon na dtionóiscí aerárthaigh agus na mbásanna gaolmhara, trí na
córais atá ann faoi láthair a fheabhsú, ar an leibhéal náisiúnta agus ar
leibhéal na hEorpa araon, agus tarluithe eitlíochta sibhialta a úsáid le
haghaidh easnaimh shábháilteachta a cheartú agus cosc a chur orthu tarlú an athuair.
Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: (1)
A áirithiú go mbailítear gach tarlú a chuireann
sábháilteacht eitlíochta i mbaol nó a chuirfeadh i mbaol í agus go dtugann siad
pictiúr críochnúil soiléir maidir le rioscaí sábháilteachta san Aontas Eorpach
agus ina Bhallstáit; (2)
A áirithiú maidir le sonraí a eascraíonn as
tarluithe tuairiscithe agus a stóráiltear sna bunachair shonraí agus sa Stór
Lárnach Eorpach go bhfuil siad críochnúil agus d’ardchaighdeán. (3)
A áirithiú go bhfuil teacht leordhóthanach ag na
húdaráis chuí ar an bhfaisnéis shábháilteachta ar fad arna stóráil sa Stór
Lárnach Eorpach agus go n‑úsáidtear chun críocha feabhsú sábháilteachta
amháin í. (4)
A áirithiú go ndéantar anailís éifeachtúil ar
tharluithe, go sainaithnítear guaiseacha sábháilteachta agus go dtugtar aghaidh
orthu más ábhartha agus go ndéantar faireachán ar éifeachtacht shábháilteachta
na ngníomhaíochtaí a dtugtar fúthu. 1.4. Forálacha atá ann cheana i
réimse an togra Baineann an togra le rialachán a ghlacadh maidir
le tuairisciú tarluithe in eitlíocht shibhialta. Tá sé beartaithe an Rialachán
nua seo a chur in ionad Threoir 2003/42/CE, a rialacha cur chun feidhme,
Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007
ón gCoimisiún, agus tá sé beartaithe Rialachán (AE) Uimh. 996/2010[3]
a leasú leis. Ní théitear i ngleic le creat ginearálta a bhunú le haghaidh
tarluithe a thuairisciú san Aontas Eorpach go díreach trí fhorálacha ar bith
eile. 1.5. Comhsheasmhacht le beartais
eile agus le cuspóirí an Aontais Eorpaigh Tá an tionscnamh seo ar cheann de na
gníomhaíochtaí is gá le haghaidh an Limistéir Iompair Eorpaigh Aonair mar a
thuairiscítear sa Pháipéar Bán a d’eisigh an Coimisiún in 2011 dar teideal “Roadmap
to a Single EuropeanTransport Area – Towards a competitive and resource
efficient transport system” (“Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach
Aonair – i dtreo córas iompair atá iomaíocht agus tíosach ar acmhainní”)[4].
Aibhsíodh é freisin mar phointe do ghníomhaíocht sa Teachtaireacht ón
gCoimisiún maidir le “Setting up a Safety Management System for Europe”
(“Córas Bainistithe Sabháilteachta don Eoraip a bhunú”)[5]. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara agus úsáid saineolais Le linn na céime ullmhúcháin rinneadh
comhairliúcháin chuimsitheacha maidir leis na prionsabail ghinearálta agus leis
na caighdeáin íosta le haghaidh comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ag
an gCoimisiún. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na 27 Ballstát
trí cheistneoir a cuireadh amach an 7 Aibreán 2011. Fuair an
Coimisiún freagraí ó na Ballstáit uile diomaite de cheann amháin. Rinne an
Coimisiún roinnt cuairteanna ar an láthair freisin sna Ballstáit. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe
leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne trí chomhairliúchán poiblí a
thionscnaíodh ón 24 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair 2011 ar
an suíomh gréasáin “Your Voice in Europe” (“Do Ghuthsa san Eoraip”). San
iomlán, tugadh 61 freagra[6] Agus Treoir 98/500/CE[7]
ón gCoimisiún á cur i bhfeidhm iarradh ar Choiste Idirphlé Shóisialta na
hEitlíochta Sibhialta seasamh foirmiúil a ghlacadh maidir leis an athbhreithniú
de réir mar is gá. Ina theannta sin, iarradh tuairim ar Líonra Eorpach na
nÚdarás um Imscrúdú Sabháilteachta san Eitlíocht Shibhialta (ENCASIA) i
gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. Tugadh cuireadh do na comhpháirtithe leasmhara
agus do na húdaráis go léir chuig ceardlann a d’eagraigh an Coimisiún a dhírigh
isteach ar shaincheist “”an “Chultúir chóir” agus a tharla an 19 Aibreán 2012[8].
D’iarr an Coimisiún tuairim freisin ar an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Ar deireadh, tá staidéar curtha i gcrích
maidir le haicmiú rioscaí comhchoitinn ar tharluithe shibhialta a bhunú. D’úsáid an Coimisiún an t‑eolas seo uile
chun an Measúnú Tionchair agus an togra a dhréachtú. 2.2. Measúnú Tionchair Tugann an Measúnú Tionchair forbhreathnú ar na
roghanna éagsúla a pléadh. Pléadh trí phacáiste beartas, le cois na rogha gan
aon athrú a thabhairt isteach ar an staid reatha, chun measúnú a dhéanamh ar an
dóigh ina bhféadfadh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2003/42/CE. Tá sé mar aidhm ag pacáiste beartas 1 an córas
reatha a fheabhsú trí na buneilimintí le haghaidh córais thuairiscithe
tarluithe iomlán agus a thionchar ar fheabhsú sábháilteachta eitlíochta a bhunú
tríd an leasú íosta is gá a dhéanamh agus sin amháin ar an reachtaíocht agus
moltaí agus treoracha a ghlacadh más féidir. Is ann atá na bearta beartais is
lú déine dar sainaithníodh. Is é atá i bpacáiste beartais 2 pacáiste beart
beartais níos uaillmhianaí ina bhfuil athbhreithniú suntasach ar reachtaíocht
an AE maidir le tuairisciú tarluithe. Féachann sé leis an gcóras reatha a
fheabhsú trí na ceanglais reachtacha is gá a bhunú chun córas tuairiscithe
tarluithe éifeachtúil a áirithiú ag gach leibhéal agus tacú le tionóiscí
aerárthaí a laghdú trí phróisis a bhunú chun anailís a dhéanamh ar shonraí arna
mbailiú, chun bearta iomchuí a ghlacadh agus chun faireachán a dhéanamh ar
éifeachtacht an chórais i dtéarmaí feabhsúcháin shábháilteachta. Tá sé mar aidhm ag pacáiste 3 an córas atá ann
faoi láthair a fheabhsú trí inniúlachtaí na mBallstát maidir le tuairisciú
tarluithe a aistriú chuig leibhéal an AE agus, mar a leagtar amach i bpacáiste
beartais 2, ceanglais a bhunú maidir le hanailís ar tharluithe mar aon le
glacadh na ngníomhaíochtaí sábháilteachta is gá agus faireachán a dhéanamh ar
fheabhsúchán. Faoin bpacáiste seo, aistrítear an fhreagracht scéimeanna
tuairiscithe tarluithe a bhunú agus a bhainistiú chuig an nGníomhaireacht
Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA). I bhfianaise an mheasúnaithe a rinneadh ar na
pacáistí beart éagsúla ar bhonn critéar éifeachtúlachta, éifeachtachta agus
comhsheasmhachta, moltar pacáiste beartais 2 a chur chun feidhme as siocair gur
mó an sochar a thiocfadh as ná an costas a bheadh air. Is é an t‑aon
rogha amháin a chomhlíonann na cuspóirí sainaitheanta, mar is léir ón Measúnú
Tionchair. Mar sin is é an pacáiste beartais sin is bonn leis an togra seo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Achoimre ar an togra 3.1.1. Tarluithe a bhailiú níos fearr
Bunaítear leis an togra an timpeallacht chuí chun
a áirithiú go dtuairiscítear gach tarlú a chuireann sábháilteacht eitlíochta i
mbaol nó a d’fhéadfadh é a chur i mbaol. Ar an gcéad dul síos, coinníonn an togra an
oibleagáid córais thuairiscithe tarluithe éigeantacha a bhunú agus liostaíonn
sé na daoine a mbeidh orthu tuairisciú chomh maith leis na tarluithe a bheidh
le tuairisciú faoi chuimsiú na gcóras sin. Le taobh an chórais éigeantaigh,
ceanglaítear sa togra córais dheonacha a bhunú a mbeidh sé mar aidhm acu
tarluithe a bhailiú nár tuairiscíodh faoi chuimsiú na gcóras éigeantach. Tá forálacha sa togra freisin a áirithíonn go
bhfuil an timpeallacht chuí ann chun gairmithe eitlíochta a spreagadh chun
faisnéis a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú trína gcosaint ó phionós
ach amháin i gcásanna mórfhaillí. 3.1.2. An sreabhadh faisnéise a
shoiléiriú Forchuirtear leis an Treoir reatha ar dhaoine
aonair tarluithe a thuairisciú go díreach le hÚdaráis na mBallstát ach, i
ndáiríre, faigheann Údaráis na mBallstát an chuid is mó de thuarascálacha
tarluithe ó eagraíochtaí a ndéanann iad a bhailiú ó dhaoine aonaracha mar chuid
dá bpróisis bhainistithe sábháilteachta. Cuirtear an éabhlóid sin san áireamh
sa togra agus tugtar ceanglais ar eagraíochtaí isteach. Ní mór d’eagraíochtaí
agus do na Ballstáit córais thuairiscithe tarluithe a bhunú a chuirfidh ar a
gcumas guaiseacha sábháilteachta a shainaithint. Tarchurfar na tarluithe a
bhailíonn eagraíochtaí chuig údaráis inniúla na mBallstát nó chuig
Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteachta Eitlíochta (EASA) más ábhartha. Comhiomlánófar
gach tarlú a bhailíonn na Ballstáit, eagraíochtaí agus EASA isteach sa Stór
Lárnach Eorpach. 3.1.3. Cáilíocht fheabhsaithe agus
iomláine sonraí Áirítear leis an togra roinnt forálacha a bhfuil
sé mar chuspóir acu cáilíocht agus iomláine na dtuarascálacha tarluithe a
fheabhsú agus a mbeifear in ann na príomhréimsí rioscaí agus an gá le
gníomhaíocht a shainaithint ar shlí níos fearr mar gheall orthu. Ní mór faisnéis íosta a bheith sna tuarascálacha
tarluithe agus saineofar réimsí sonraí éigeantacha amhail dáta an tarlaithe,
catagóir an tarlaithe nó insint an tarlaithe. Áirítear ar an togra freisin an
oibleagáid tarluithe a aicmiú i dtéarmaí riosca de réir comhscéime aicmiúcháin
riosca Eorpaí. Ina theannta sin, ba cheart próisis a chur chun feidhme chun
comhsheasmhacht a áirithiú idir tuarascáil tarlaithe agus an fhaisnéis thosaigh
arna bailiú ón tuairisceoir. Ar deireadh tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit
cáilíocht sonraí níos airde agus caighdeáin iomaíochta níos airde a bhaint
amach trí thacú le forbairt ábhair threoraigh agus trí úsáid ceardlann. Ba
cheart go ndíreoidh sé sin ar chomhtháthú seasmhach aonfhoirmeach sonraí sna
bunachair shonraí a áirithiú. 3.1.4. Malartú faisnéise níos fearr Tugann an togra aghaidh ar an ngá le malartú
faisnéise níos fearr trí na rialacha atá ann a neartú. Dá réir sin, leis an rochtain atá ag na Ballstáit
agus ag an EASA ar an Stór Lárnach Eorpach, ina bhfuil gach tarlú a bhailigh na
Ballstáit chomh maith leis an EASA, cuirtear rochtain ar na sonraí agus ar an
bhfaisnéis ar fad atá sa bhunachar sonraí. Tugtar go háirithe leis na forálacha
sin cead do na Ballstáit rochtain a bheith acu ar shonraí sábháilteachta maidir
le tarluithe a tharla ina n‑aerspás ach a thuairiscigh agus a mheasúnaigh
Údarás Ballstáit eile. Ina theannta sin, nuair a shainaithníonn údarás
cúrsaí sábháilteachta a meastar leas a bheith ag údarás eile iontu, i measúnú
sonraí arna mbailiú trí chórais thuairiscithe tarluithe, cuirfidh sé an
fhaisnéis ar aghaidh go tráthúil. Ar deireadh, chun malartú sonraí agus faisnéise a
éascú, iarrtar sa téacs gach tuarascáil tarlaithe a bheith comhoiriúnach le
bogearraí ECCAIRS (úsáideann gach Ballstát na bogearraí sin agus úsáidtear le
haghaidh an Stóir Lárnaigh Eorpaigh iad) agus leis an tacsanomaíocht ANDREP (an
tacsanomaíocht a úsáidtear freisin i mbogearraí ECCAIRS). 3.1.5. Cosaint níos fearr ar úsáid
mhíchuí faisnéis shábháilteachta Má tá rochtain níos leithne ar shonraí agus ar
fhaisnéis sábháilteachta sa Stór Lárnach Eorpach, is gá a áirithiú gur chun
críocha iomchuí a úsáidtear iad. Ó thaobh sin de, neartaíonn an togra na rialacha a
áirithíonn nach féidir iad a chur ar fáil ná iad a úsáid ach chun sábháilteacht
eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú, sa bhreis ar an oibleagáid rúndacht na
sonraí arna mbailiú a ráthú. Féachann an téacs le maolú a dhéanamh ar an
éifeacht dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith ann do shábháilteacht eitlíochta
nuair a d’úsáidfeadh údaráis bhreithiúnacha na sonraí sin, trína leagan síos
nach mór réamhshocruithe a ghlacadh chun forálacha a bhunú lena n‑aimseofar
an chothromaíocht cheart idir an dá leas phoiblí atá i dtreis (ceartas agus
sábháilteacht eitlíochta). 3.1.6. Cosaint níos fearr don
tuairisceoir chun fáil leantach ar fhaisnéis a áirithiú Neartaítear leis an togra na rialacha maidir le
cosaint an tuairisceora tarluithe chun a áirithiú go bhfuil muinín ag daoine as
an gcóras agus go dtuairiscítear faisnéis shábháilteachta iomchuí. Dá réir sin, deimhnítear sa téacs an oibleagáid
tuarascálacha tarluithe a chur ó aithint agus ní thugann sé cead rochtana ach
do dhaoine áirithe ar shonraí atá sainaitheanta go hiomlán. Ina theannta sin,
iarrtar ar na Ballstáit gan imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcásanna
mórfhaillí. Déantar an riail faoina mbeidh fostaithe saor ó
réamhchlaonadh óna bhfostóir a threisiú, ach amháin i gcásanna mórfhaillí, ar
bhonn na faisnéise arna tuairisciú de réir na rialacha a fhoráiltear leis an
rialacháin seo. Iarrtar ar eagraíochtaí freisin beartas a ghlacadh ina
léirítear conas a ráthaítear cosaint na bhfostaithe. Ar deireadh, bunaítear comhlachtaí náisiúnta, rud
a ligeann d’fhostaithe sáruithe ar na rialacha lena ráthaítear a gcosaint a
thuairisciú agus ba cheart pionóis a ghlacadh más iomchuí. 3.1.7. Ceanglas a thabhairt isteach
maidir le hanailís faisnéise agus gníomhaíochtaí leantacha a ghlacadh ar an
leibhéal náisiúnta Cuireann an togra an t‑aistriú i dtreo
córais shábháilteachta níos onnghníomhaí agus bunaithe ar fhianaise chun cinn
san Eoraip ar an ábhar go bhforchuirtear ceanglais nua ann lena dtrasuítear na
rialacha a bhaineann le hanailís agus leanúint na dtarluithe arna mbailiú, a
comhaontaíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta, isteach i ndlí an AE. Tá ceangal ar eagraíochtaí agus ar na Ballstáit
anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna bailiú trí chórais thuairiscithe
tarluithe chun rioscaí sábháilteachta a shainaithint agus gníomhaíochtaí a
ghlacadh chun aon easnamh sábháilteachta arna shainaithint a leigheas. Déanfar
faireachán ar éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí sin ó thaobh feabhsúcháin ar
shábháilteacht de agus tabharfar faoi thuilleadh gníomhaíochta más gá. 3.1.8. Anailís níos láidre ar
leibhéal an AE Tá bunaithe cheana le hAirteagal 19 de
Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 an prionsabal go ndéanfaidh EASA agus na
Ballstáit anailís ar an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach. Déantar an
prionsabal sin a threisiú agus an comhoibriú leanúnach a chur ar bhonn foirmiúil
laistigh de Líonra d’Anailísithe Sábháilteachta Eitlíochta ar a bhfuil EASA ina
chathaoirleach. Comhlánóidh anailís ar leibhéal an AE an méid a
dhéantar ar an leibhéal náisiúnta go háirithe trí fhadhbanna is féidir a bheith
ann agus príomhréimsí rioscaí a shainaithint ar an leibhéal Eorpach. Tacóidh
comhscéim aicmiúcháin riosca an AE leis an tasc sin trí gach tarlú a bhailigh
na Ballstáit a aicmiú ar bhonn comhchuibhithe. Bainfidh an Clár Eorpach um Shábháilteacht
Eitlíochta agus an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta leas araon as an
anailís agus as na gníomhaíochtaí a chuireann an Líonra d’Anailísithe
Sábháilteachta Eitlíochta i gcrích. 3.1.9. Trédhearcacht fheabhsaithe don
phobal i gcoitinne Cé go n‑urramaítear sa togra an rúndacht is
gá maidir le faisnéis áirithe, tugann sé tuilleadh trédhearcachta isteach
maidir le cúrsaí sábháilteachta eitlíochta don phobal i gcoitinne toisc go
bhfoilseofar athbhreithnithe sábháilteachta bliantúla ina mbeidh faisnéis faoi
ghníomhaíochtaí arna nglacadh i gcur i bhfeidhm an rialacháin seo, treochtaí
agus sonraí chomhiomlánaithe. 3.2. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100(2) den
CFAE. 3.3. Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid
is nach bhfuil an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Ní
féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach ar bhonn aonraic. Is
fearr is féidir do ghníomhú an AE cuspóirí an togra seo a bhaint amach. Is fearr a éireoidh le gníomhaíocht Eorpach
cuspóirí an togra a ghnóthú ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos,
is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar tharluithe agus ar na rialacha a bhaineann le
húsáid agus le cosaint faisnéise agus le cosaint an tuairisceora; agus ar an
dara dul síos, is gá ar bhonn sábháilteachta an córas malartaithe faisnéise
idir na Ballstáit a neartú agus a áirithiú go ndéantar anailís ar an bhfaisnéis
sin agus go nglactar gníomhaíochtaí leantacha sna Ballstáit uile. Ina theannta
sin ní féidir saincheisteanna amhail rochtain ar shonraí sa Stór Lárnach
Eorpach agus próisis agus uirlisí a bhunú chun anailís a dhéanamh ar shonraí sa
Stór Lárnach Eorpach a ghnóthú ar an leibhéal náisiúnta ar an ábhar go
mbaineann sé le bunachar sonraí Eorpach ar cheart gníomhú ina leith ar leibhéal
an AE. Tá gníomhú ar an leibhéal náisiúnta go hiomlán riachtanach ach ní leor é
chun dea‑fheidhmiú an chórais ina iomláine a áirithiú agus chun cur le
feabhsú aershábháilteachta. Go deimhin, ní féidir leis na Ballstáit feabhsú
aershábháilteachta a ghnóthú go leordhóthanach ar an ábhar nach bhfuil na
córais thuairiscithe a úsáideann na Ballstáit ar leithlí chomh héifeachtúil
céanna le gréasán comhordaithe ina malartaítear faisnéis agus a bhfuil sé de
chumas aige fadhbanna sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus príomhréimsí
rioscaí a shainaithint ar an leibhéal Eorpach. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na
coimhdeachta. 3.4. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.
Tá na hualaí breise atá ann don tionscal agus do na húdaráis náisiúnta teoranta
dá bhfuil riachtanach chun éifeachtúlacht agus cáilíocht iomlán an chórais a
fheabhsú. Cé go mbaineann costais leis an togra ó thaobh cur chun feidhme
forálacha a bhaineann le hanailís agus leanúint tarluithe, táthar ag dréim le
go ndéanfar iad a fhritháireamh in aghaidh na leasuithe eacnamaíocha arna
ngnóthú trí líon laghdaithe tionóiscí agus básanna gaolmhara. 3.5. Rogha na hionstraime dlí Ba cheart feidhm ghinearálta a bheith ag an
ionstraim dlí. Rialachán an ionstraim atá beartaithe. Ní bheadh modhanna eile leormhaith go háirithe ar
na cúiseanna seo a leanas: ·
bunaítear leis an togra cearta agus oibleagáidí le
haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Eitlíochta, rud a
chuireann cosc ar úsáid treorach; ·
is le cur chun feidhme dibhéirseach i measc na
mBallstát a bhaineann a lán de na heasnaimh agus de na réimsí ina bhfuil
fadhbanna a shainaithnítear sa chreat dlí atá ann faoi láthair. Léirítear leis
an éagsúlacht i gcleachtais a eascraíonn as an Treoir atá ann faoi láthair
nach é Treoir an ionstraim iomchuí chun cur i bhfeidhm dlí comhsheasmhach
agus d’aon ghuth a ghnóthú i réimse ina bhfuil gá leis ar chúiseanna
sábháilteachta. Ar an ábhar sin, Rialachán is fearr a oireann mar
ionstraim dlí, ó nár leor roghanna eile leis na cuspóirí a bhfuiltear ag díriú
orthu a bhaint amach. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Tá na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann le
comhscéim aicmiúcháin rioscaí an AE a bhunú agus leis an mbuiséad arna
leithdháileadh ar fhorbairt ECCAIRS agus le bainistiú an Stóir Lárnaigh
Eorpaigh cumhdaithe cheana sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil. Tá baint ag impleacht bhuiséadach an togra seo le
hacmhainní breise daonna don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht
Eitlíochta (don Líonra d’Anailísithe) agus le buiséad breise le haghaidh misean
agus gníomhaíochtaí for‑rochtana. Déanfar acmhainní daonna breise (2 phost a
mheastar ag €300,000 in aghaidh na bliana) agus buiséad breise (gníomhaíochtaí
for-rochtana a mheastar ag €65,000 in aghaidh na bliana) a chumhdach le hath‑imlonnú
laistigh de na hacmhainní atá ag an nGníomhaireacht cheana, agus mar sin de
beidh tionchar neodrach ann maidir le buiséad an AE. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA 5.1. Simpliú Foráiltear leis an togra maidir le simpliú na
reachtaíochta, ó tharla go ngabhann sé ionad Treorach agus dhá Rialachán ón
gCoimisiún le gníomh amháin, Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle, agus ní bheidh bearta cur chun feidhme náisiúnta de dhíth. 5.2. Aisghairm na reachtaíochta
atá ann cheana Beidh mar thoradh ar ghlacadh an togra go ndéanfar
Treoir 2003/42/EC, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus
Rialachán (CE) Uimh.1330/2007 ón gCoimisiún a aisghairm agus Rialachán (AE) Uimh. 996/2010
a leasú. 5.3. An Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá
beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a
chuimsiú leis. 2012/0361 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht
shibhialta lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus lena n‑aisghairtear
Treoir Uimh. 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón
gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10],
Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí[11] Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Ba cheart leibhéal ginearálta
sábháilteachta atá ard agus aonfhoirmeach a áirithiú san eitlíocht shibhialta
san Aontas agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh líon na dtionóiscí agus na
dteagmhas a laghdú chun muinín an phobail as an iompar eitlíochta a
áirithiú. (2) Tá ráta na dtionóiscí
marfacha san eitlíocht shibhialta tar éis fanacht seasmhach go leor ar an
iomlán le deich mbliana anuas; mar sin féin is údar imní é go bhféadfadh méadú
ar líon na dtionóiscí a bheith mar thoradh ar an méadú ar thrácht atá tuartha
sna deicheanna blianta atá amach romhainn agus ina dhaidh sin. (3) Is é aidhm Rialachán (AE) Uimh. 996/2010
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais
eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc[12] cosc a chur ar
thionóiscí trí sheoladh imscrúduithe sábháilteachta atá tapa, éifeachtúil agus
cáilíochtúil a éascú. Faoin Rialachán seo níor cheart go gcuirfí isteach ar
phróiseas na n‑imscrúduithe tionóiscí agus teagmhas a bhainistíonn
údaráis náisiúnta um imscrúdú sábháilteachta mar atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. (4) De réir na taithí roimhe seo,
sula dtarlaíonn tionóisc, is minic go léiríonn roinnt teagmhas agus go leor
easnamh eile go bhfuil guaiseanna sábháilteachta ann. Ina theannta sin, cé gur
den tábhacht é bheith in ann ceachtanna a fhoghlaim ó thionóiscí, is léir anois
go bhfuil teorainn le cumas córas atá go hiomlán frithghníomhach feabhsuithe a
thabhairt chun cinn. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit bogadh i dtreo
próiseas sábháilteachta atá níos onnghníomhaí agus bunaithe ar fhianaise agus
ina ndírítear ar thionóisc a chosc trí anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis
sábháilteachta ar fad atá le fáil, lena n‑áirítear faisnéis faoi
tharluithe eitlíochta sibhialta. (5) Le sábháilteacht eitlíochta
sibhialta a fheabhsú ní mór faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht
eitlíochta sibhialta a thuairisciú, a bhailiú, a stóráil, a chosaint, a
mhalartú agus a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi agus ní mór bearta
sábháilteachta iomchuí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna bailiú. Ba cheart
d'údaráis sábháilteachta eitlíochta ábhartha na mBallstát, d'eagraíochtaí mar
chuid dá gcóras bainistíochta sábháilteachta agus don Ghníomhaireacht Eorpach
um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) an cur chuige onnghníomhach agus bunaithe
ar fhianaise a chur chun feidhme. (6) Ba cheart córais tuairiscithe
éigeantacha agus deonacha a bhunú trína bhféadfaidh daoine aonair sonraí a
thuairisciú maidir le tarluithe agus ba cheart an fhaisnéis a bhaileofar a
aistriú chuig an údarás atá inniúil ar bheart a dhéanamh ar bhonn na dtarluithe
arna mbailiú chun sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú. (7) Tá catagóirí éagsúla
pearsanra a oibríonn san eitlíocht shibhialta a fheiceann teagmhais a bhfuil
leas le baint astu chun tionóiscí a chosc agus ba cheart dóibh iad a
thuairisciú dá bharr sin. (8) Ba cheart modhanna eile a
spreagadh chun faisnéis sábháilteachta a bhailiú le taobh na gcóras a
cheanglaítear leis an reachtaíocht seo chun an fhaisnéis ar fad a fháil a
d'fhéadfadh cur le feabhsú na sábháilteachta eitlíochta. (9) Ba cheart rochtain iomlán a
thabhairt d'údaráis um imscrúdú sábháilteachta ar shonraí a bailíodh maidir le
tarluithe nó ar thuarascálacha tarluithe atá stóráilte ag a mBallstát chun a
chinneadh cé na teagmhais óna dteastaíonn imscrúdú sábháilteachta agus óna
dtiocfaidh ceachtanna sábháilteachta ar mhaithe le sábháilteacht eitlíochta. (10) Tá sé ríthábhachtach sonraí a
fháil atá iomlán agus de dhea‑cháilíocht mar i gcás anailíse agus
treochtaí atá bunaithe ar shonraí míchruinne d'fhéadfadh torthaí míthreoracha a
bheith i gceist agus d'fhéadfadh sé go ndíreofaí iarrachtaí ar áit ina bhfuil
sé iomchuí gan gníomhú. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé a bheith de thoradh ar
shonraí míchruinne den sórt sin go gcaillfí muinín san fhaisnéis arna heisiúint
ó scéimeanna tuairiscithe tarluithe. Chun cáilíocht agus iomláine na
dtuarascálacha tarluithe a áirithiú, ba cheart buneolas a bheith iontu a d'fhéadfadh
bheith éagsúil ag brath ar chatagóir an teagmhais. Ina theannta sin, ba cheart
próisis a chur chun feidhme chun cáilíocht na faisnéise a sheiceáil agus chun
an chomhsheasmhacht a áirithiú idir an tuarascáil tarlaithe agus na sonraí
tosaigh faoin tarlú atá bailithe. Ina theannta sin, le tacaíocht ón gCoimisiún,
ba cheart ábhar treorach leordhóthanach a fhorbairt, go háirithe chun cáilíocht
agus iomláine sonraí chomh maith le comhtháthú sonraí sna bunachair sonraí atá
comhsheasmhach agus comhionann a áirithiú. Ba cheart, don Choimisiún go
háirithe, ceardlanna a eagrú chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil. (11) Ba cheart comhscéim
aicmiúcháin riosca Eorpach a fhorbairt le go mbeidh tacaíocht ann chun an
ghníomhaíocht thapa is gá a shainaithint i gcás tarluithe sábháilteachta aonair
ardriosca. Ba cheart a bheith in ann príomhréimsí riosca a shainaithint i gcás
faisnéise comhiomlánaithe, de bharr na scéime sin freisin. Le scéim den sórt
sin ba cheart go dtacófaí leis na Ballstáit agus iad ag déanamh measúnú ar
tharluithe agus ag Cinneadh cén áit ar fearr a n‑iarrachtaí a dhíriú
air. Ba cheart a bheith in ann freisin, i gcás faisnéise comhiomlánaithe ó
pheirspicíocht Eorpach, príomhréimsí riosca san Aontas a shainaithint agus tacú
leis an obair atá déanta i réimse an Chláir Eorpaigh um Shábháilteacht
Eitlíochta agus an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta, de bharr na
scéime sin. Ba cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt chun aicmiú riosca atá
comhsheasmhach agus comhionann sna Ballstáit ar fad a áirithiú. (12) Ba cheart tuarascálacha
tarluithe a stóráil i mbunachair sonraí ar córas é ba cheart bheith
comhoiriúnach le ECCAIRS (na bogearraí atá in úsáid ag na Ballstáit ar fad agus
ag an Stór Lárnach Eorpach chun tuarascálacha tarluithe a stóráil) agus le
tacsanomaíocht ADREP (tacsanomaíocht EESI, in úsáid do bhogearraí ECCAIRS
freisin) chun malartú faisnéise a éascú. (13) Ba cheart tarluithe lena
bhfuil baint ag aerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag
eagraíocht atá bunaithe i mBallstát a thuairisciú fiú i gcás inar tharla sé
lasmuigh de chríoch na mBallstát. (14) Ba cheart faisnéis maidir le
tarluithe a mhalartú laistigh den Aontas. Ba cheart go háirithe go gcuirfeadh
sé sin go mór le guaiseanna iarbhír nó guaiseanna a d'fhéadfadh bheith ann a
bhrath. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas na mBallstát an
fhaisnéis ar fad is gá a fháil maidir le tarluithe a tharlaíonn ina gcríoch
féin ach a thuairiscítear do Bhallstát eile. (15) Agus faisnéis faoi tharluithe
á malartú ba cheart cloí leis an gcuspóir tionóiscí agus teagmhais eitlíochta a
chosc, gan é a bheith i gceist leis an milleán ná dliteanas a shannadh, ná
feidhmíocht sábháilteachta a thagarmharcáil. (16) Is é an Stór Lárnach Eorpach
an bealach is éifeachtúla chun malartú méid mór faisnéise a áirithiú idir na
Ballstáit ar fad, an Coimisiún agus EASA. (17) Ba cheart an fhaisnéis ar fad
a bhaineann le sábháilteacht arna heisiúint ó thuarascálacha tarluithe arna
mbailiú san Aontas a aistriú sa Stór Lárnach Eorpach go tráthúil. Ba cheart
bailiú teagmhas a áireamh leis sin ach chomh maith leis sin faisnéis a
fhaightear ó thionóiscí agus ó theagmhais thromchúiseacha arna n‑imscrúdú
i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 966/2010. (18) Ba cheart go mbeadh faisnéis a
bhaineann le tarluithe náisiúnta, atá stóráilte sna bunachair sonraí náisiúnta,
a bheith faoi réir ag an Rialachán reatha. (19) Ba cheart an fhaisnéis
sábháilteachta atá sa Stór Lárnach Eorpach a bheith ar fáil ina hiomláine
d'eintitis a bhfuil an cúram orthu sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialú,
lena n‑áirítear EASA, agus do na húdaráis atá i gceannas ar thionóiscí
agus ar theagmhais laistigh den Aontas a imscrúdú. (20) Féadfaidh páirtithe leasmhara
rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach. (21) Ós rud é gur ag na pointí
náisiúnta teagmhála atá an t‑eolas is fearr ar pháirtithe leasmhara atá
bunaithe ina mBallstát féin, ba cheart do gach pointe náisiúnta teagmhála
déileáil leis na hiarrataí ó pháirtithe leasmhara atá bunaithe i gcríoch an
Bhallstáit sin agus ba cheart don Choimisiún déileáil leis na hiarrataí ó
pháirtithe leasmhara ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. (22) Ba cheart anailís a dhéanamh
ar an bhfaisnéis sna tuarascálacha tarluithe agus rioscaí sábháilteachta a shainaithint.
Mar thoradh air sin, ba cheart bearta iomchuí chun sábháilteacht eitlíochta a
fheabhsú a thuilleadh a chinneadh agus a chur chun feidhme go tráthúil. Ba
cheart faisnéis a scaipeadh laistigh d'eagraíochtaí agus d'údaráis na mBallstát
maidir leis an anailís a dhéantar ar tharluithe agus maidir leis na bearta
leantacha a dhéantar ina leith mar is dreasú maith é do dhaoine aonair chun
tarluithe a thuairisciú má sholáthraítear aiseolas maidir leis na tarluithe a
thuairiscítear. (23) Ba cheart faireachán a
dhéanamh ar éifeachtacht beart sábháilteachta agus, más gá, ba cheart bearta
breise a ghlacadh chun a áirithiú gur tugadh aghaidh mar is ceart ar na
heasnaimh sábháilteachta. Ba cheart faisnéis atá sna tuarascálacha tarluithe a
úsáid i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe chun treochtaí a bhrath. (24) Agus na Ballstáit ag Cinneadh ar
na bearta atá le háireamh ina gClár Sábháilteachta Stáit agus chun a áirithiú
go bhfuil na bearta bunaithe ar fhianaise, ba cheart do na Ballstáit an
fhaisnéis a thagann ó na tuarascálacha tarluithe arna mbailiú agus an anailís
orthu a úsáid. (25) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an fheabhsaithe ar aershábháilteacht a bhaint amach go
leordhóthanach mar níl na córais tuairiscithe arna n‑oibriú ag na
Ballstáit ar leithligh chomh héifeachtúil céanna le líonra comhordaithe ina
mbeadh malartú faisnéise le go bhféadfaí fadhbanna sábháilteachta féideartha
agus príomhréimsí riosca ar leibhéal an Aontais a shainaithint, ba cheart an
anailís ar leibhéal náisiúnta a chomhlánú le hanailís agus le bearta leantacha
ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú gur fearr mar a dhéantar tionóiscí agus
teagmhais eitlíochta a chosc. Ba cheart do Líonra d'Anailísithe Sábháilteachta
Eitlíochta an tasc sin ar leibhéal an Aontais a chur i gcrích. (26) Ba cheart an Clár Eorpach um
Shábháilteacht Eitlíochta agus an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta go
háirithe leas a bhaint as obair an líonra d'Anailísithe Sábháilteachta
Eitlíochta chun na bearta atá le cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a
chinneadh i bpeirspictíocht atá bunaithe ar fhianaise. (27) Ba cheart faisnéis
chomhiomlánaithe ghinearálta maidir le leibhéal na sábháilteachta eitlíochta
sna Ballstáit agus san Aontas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. Ba cheart
a chumhdach san fhaisnéis sin go háirithe treochtaí agus anailís mar thoradh ar
chur chun feidhme an Rialacháin seo ag na Ballstáit, chomh maith le faisnéis
maidir lena bhfuil sa Stór Lárnach Eorpach i bhfoirm chomhiomlánaithe. (28) Tá córas sábháilteachta na
heitlíochta sibhialta bunaithe ar aiseolas agus ar na ceachtanna arna
bhfoghlaim ó thionóiscí agus ó theagmhais. Tá tuairisciú ar tharluithe agus
úsáid tarluithe ar mhaithe le sábháilteacht bunaithe ar chaidreamh muiníne idir
an tuairisceoir ar an tarlú agus an t‑eintiteas atá i gceannas ar an
tarlú a bhailiú agus a mheasúnú. Chuige sin ní mór na rialacha maidir le
rúndacht a chur i bhfeidhm go docht. Maidir le faisnéis sábháilteachta a
chosaint ar úsáid mhíchuí agus maidir leis an rochtain theoranta ar an Stór Lárnach
Eorpach do pháirtithe leasmhara amháin atá rannpháirteach i bhfeabhsú
sábháilteachta eitlíochta sibhialta, is é an cuspóir atá leo a áirithiú go
mbeidh faisnéis sábháilteachta le fáil go leanúnach le gur féidir bearta
coisctheacha cuí a ghlacadh in am trátha agus sábháilteacht eitlíochta a
fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart faisnéis sábháilteachta íogair a
chosaint mar is iomchuí agus ba cheart bailiú na fianaise sin a áirithiú trína
rúndacht agus trína fhoinse a ráthú mar aon le muinín an phearsanra atá ag
obair san eitlíocht shibhialta. Ba cheart bearta iomchuí a bhunú le go mbeidh
an fhaisnéis arna bailiú trí scéimeanna tuairiscithe tarluithe faoi rún agus ba
cheart an rochtain ar an Stór Lárnach Eorpach a bheith teoranta. Ba cheart an
rúndacht is gá i dtaca le faisnéis den chineál sin a chur san áireamh in
achtanna náisiúnta um shaoráil faisnéise. Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear a
chosaint go leordhóthanach ar úsáid neamhúdaraithe nó ar nochtadh
neamhúdaraithe. Ba cheart í a úsáid chun sábháilteacht eitlíochta a choinneáil
nó a fheabhsú amháin agus níor cheart í a úsáid chun milleán ná dliteanas a
shannadh. (29) Ba cheart cosaint
leordhóthanach a thabhairt don duine a bhfuil tarlú tuairiscithe aige i
gcomhréir leis an Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tuarascálacha
tarluithe a chur ó aithint agus níor cheart na sonraí a bhaineann leis an
tuairisceoir a chlárú sna bunachair sonraí. (30) Ina theannta sin, ba cheart
timpeallacht neamhphionósach a chur chun cinn sa chóras eitlíochta sibhialta,
ar timpeallacht í trína n‑éascófaí tuairisciú spontáineach tarluithe
agus, ar an gcaoi sin, trína ndéanfaí prionsabal an "chultúir chóir"
a chur ar aghaidh. Le timpeallacht neamhphionósach níor cheart cosc a chur ar
ghníomhartha a ghlacadh atá riachtanach chun leibhéal na sábháilteachta
eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú. (31) Le timpeallacht an 'chultúir
chóir' ba cheart go spreagfaí daoine aonair chun faisnéis a bhaineann le cúrsaí
sábháilteachta a thuairisciú. Ach níor cheart daoine aonair a scaoileadh óna
ngnáthfhreagrachtaí. Sa chomhthéacs sin, níor cheart pionós a chur ar
fhostaithe ar bhonn na faisnéise atá curtha ar fáil acu i gcur i bhfeidhm an
Rialacháin seo, seachas i gcás mórfhaillí. (32) Tá sé tábhachtach an líne a
shocrú go soiléir lena gcosnaítear an tuairisceoir ó chlaontacht nó
ionchúiseamh trí thuiscint chomónta a chur ar fáil ar an téarma mórfhaillí. (33) Ba cheart do dhaoine ainmnithe
atá ag obair go neamhspleách ar ranna eile tarluithe a thuairiscítear a
láimhseáil chun cur le cur chun feidhme an 'chultúir chóir' agus chun muinín na
ndaoine aonair as an gcóras a fheabhsú. (34) Ba cheart an deis a bheith ag
fostaithe sáruithe a thuairisciú ar na prionsabail lena sainítear a gcosaint
mar atá sí bunaithe leis an reachtaíocht seo. Ba cheart do na Ballstáit na
hiarmhairtí a shainiú dóibh siúd a bhfuil prionsabail chosaint an tuairisceora
sáraithe acu agus pionóis a ghlacadh nuair is ábhartha. (35) D'fhéadfadh an eagla go n‑ionchoireoidís
iad féin agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann dóibh i dtéarmaí
ionchúisimh os comhair na n‑údarás breithiúnach daoine a choinneáil ó
tharluithe a thuairisciú. Sa chomhthéacs sin, níor cheart do na Ballstáit
imeacht a thionscnamh in aghaidh tuairisceora ar bhonn a thuarascála, seachas i
gcás mórfhaillí. Ina theannta sin, ba cheart an comhar idir na húdaráis
sábháilteachta agus bhreithiúnacha a fheabhsú agus a dhéanamh foirmiúil trí
bhíthin réamhshocruithe lenar cheart leasanna éagsúla an phobail atá i gceist a
urramú agus rochtain ar thuarascálacha tarluithe atá sna bunachair sonraí
náisiúnta agus a n‑úsáid a chumhdach go háirithe. (36) Chun solúbthacht agus tabhairt
cothrom le dáta iomchuí na faisnéise atá sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an
Rialachán seo a áirithiú agus chun an chomhscéim aicmiúcháin riosca Eorpach a
shainiú, chun na bearta maidir le comhtháthú sa Stór Lárnach Eorpach a
thabhairt cothrom le dáta agus chun fad a chur le scaipeadh faisnéise atá sa
Stór Lárnach Eorpach nó é a shrianadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé fíorthábhachtach go
gcuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích le linn a chuid oibre
ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún,
le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú
go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an
gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (37) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann
leis an gcomhscéim aicmiúcháin riosca Eorpach a chur chun feidhme agus leis an
Stór Lárnach Eorpach a bhainistiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha
agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[13]. (38) Na rialacha maidir le
próiseáil sonraí agus cosaint daoine aonair mar a shainítear iad i dTreoir 95/46
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995
maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin[14]
agus i Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca
le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an AE agus maidir
le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin[15], ba cheart iad a
urramú go hiomlán i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na rialacha
maidir le rochtain ar shonraí mar a shainítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001
maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle
agus an Choimisiúin[16] a urramú go hiomlán i
gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo seachas i gcás ina mbaineann sé le scaipeadh
sonraí agus faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach atá faoi chosaint rialacha
rochtana níos déine atá leagtha síos sa Rialachán seo. (39) Go háirithe, ba cheart go
bhféadfaí, trí phionóis a ghearradh, smachtbhanna a chur ar aon duine nó aon
eintiteas a bhaineann mí‑úsáid as faisnéis a chosnaítear leis an
Rialachán seo de shárú ar an Rialachán seo; a dhéanann dochar do thuairisceoir
aon tarlaithe seachas i gcás mórfhaillí; nach mbunaíonn timpeallacht atá
iomchuí chun sonraí a bhailiú i dtaca le tarluithe; nach ndéanann anailís ar an
bhfaisnéis a bhailítear agus nach ngníomhaíonn chun aghaidh a thabhairt air
nuair a bhraitear easnaimh sábháilteachta nó easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh
bheith ann; nach roinneann an fhaisnéis arna bailiú i gcur i bhfeidhm an
Rialacháin seo. (40) Ó tharla nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú i
réimse an tuairiscithe tarluithe san eitlíocht shibhialta, a bhaint amach go
leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a
iarmhairtí uile‑Eorpacha, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an
Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha
amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach
chun an cuspóir sin a bhaint amach. (41) Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 996/2010
a leasú. (42) Maidir le Treoir 2003/42/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003
maidir le tuairisciú ar tharluithe in eitlíocht shibhialta[17],
Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007
lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le
tarluithe eitlíochta sibhialta a chomhtháthú i stór lárnach[18],
Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún an
24 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme
chun faisnéis maidir le tarluithe eitlíochta sibhialta a scaipeadh ar
pháirtithe leasmhara[19], ba cheart iad a
aisghairm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar 1. Tá sé d'aidhm ag an Rialachán
seo sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú trína áirithiú go
dtuairiscítear, go mbailítear, go stóráiltear, go gcosnaítear, go malartaítear
agus go scaiptear faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht eitlíochta
sibhialta agus go ndéantar anailís uirthi agus go ndéantar bearta
sábháilteachta ar bhonn na faisnéise arna bailiú más iomchuí sin. Déantar
foráil freisin maidir le rialacha i ndáil leis an bhfaisnéis arna bailiú a
chomhtháthú i Stór Lárnach Eorpach agus i ndáil lena scaipeadh ar pháirtithe
leasmhara chun críche na faisnéise a theastaíonn ó pháirtithe den chineál sin
chun sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú a chur ar fáil dóibh. 2. An t‑aon chuspóir atá
le tuairisciú ar tharluithe tionóiscí agus teagmhais a chosc seachas milleán ná
dliteanas a shannadh. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
Ciallaíonn ‘a chur ó aithint’ na sonraí pearsanta
ar fad a bhaineann leis an tuairisceoir agus na sonraí teicniúla a thugann
céannacht an tuairisceora nó céannacht tríú páirtithe le fios a bhaint ó
thuarascálacha tarluithe arna gcur isteach. (2)
Ciallaíonn an 'Clár Eorpach um Shábháilteacht
Eitlíochta' an tsraith chomhtháite rialachán ar leibhéal an Aontais, in
éineacht leis na gníomhaíochtaí agus na próisis a úsáidtear chun an tsábháilteacht
ar an leibhéal Eorpach a bhainistiú i gcomhpháirt; (3)
Ciallaíonn an 'Plean Eorpach um Shábháilteacht
Eitlíochta' measúnú ar shaincheisteanna sábháilteachta ar an leibhéal Eorpach
agus an plean gníomhaíochta a bhaineann leis; (4)
Ciallaíonn 'mórfhaillí' sárú follasach agus
toiliúil ar an dualgas cúraim a bhfuil de thoradh díreach air damáiste
intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó lena n‑íslítear go mór leibhéal na
sábháilteachta eitlíochta; (5)
Ciallaíonn ‘teagmhas’ tarlú, nach tionóisc é, a
bhaineann le hoibríocht aerárthaigh agus a bhfuil tionchar aige nó a
d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar shábháilteacht na hoibríochta; (6)
Ciallaíonn ‘páirtí leasmhar’ aon duine nádúrtha,
aon duine dlítheanach nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht
dhlítheanach féin aige nó ná bíodh, is féidir bheith rannpháirteach i bhfeabhsú
na sábháilteachta eitlíochta sibhialta trí rochtain a bheith aige ar fhaisnéis
maidir le tarluithe arna malartú ag na Ballstáit agus atá san áireamh i gceann
de na catagóirí de pháirtithe leasmhara a bhunaítear leis an Rialachán seo; (7)
Ciallaíonn an ‘Cultúr Cóir’ an cultúr atá ann nuair
nach gcuirtear pionós ar oibreoirí túslíne nó ar dhaoine eile as gníomhartha,
easnaimh nó cinntí arna ndéanamh acu atá i gcomhréir lena dtaithí agus lena n‑oiliúint,
ach nuair nach nglactar le mórfhaillí, sáruithe toiliúla agus gníomhartha
scriosacha; (8)
Ciallaíonn 'tarlú' aon eachtra atá suntasach nó a
d'fhéadfadh bheith suntasach i gcomhthéacs na sábháilteachta eitlíochta agus
lena n‑áirítear tionóiscí tromchúiseacha agus teagmhais thromchúiseacha
go háirithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal (16)
de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, agus teagmhais; (9)
Ciallaíonn 'eagraíocht' aon eagraíocht a chuireann
táirgí agus/nó seirbhísí eitlíochta ar fáil agus a chuimsíonn go háirithe
oibreoirí aerárthach, eagraíochtaí cothabhála formheasta, eagraíochtaí atá
freagrach as dearadh cineáil agus/nó monarú aerárthach, soláthraithe seirbhísí
aerloingseoireachta agus aeradróim dheimhnithe; (10)
Ciallaíonn ‘pointe teagmhála’ an t‑údarás
inniúil arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6(2) nuair
a iarrann páirtí leasmhar atá bunaithe i mBallstát faisnéis agus an Coimisiún
nuair a iarrann páirtí leasmhar nach bhfuil bunaithe san Aontas í; (11)
Ciallaíonn 'údarás um imscrúdú sábháilteachta' an t‑údarás
náisiúnta buan um imscrúdú sábháilteachta eitlíochta sibhialta atá i mbun
imscrúduithe sábháilteachta nó i mbun maoirseachta orthu mar a shainmhínítear
in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010; (12)
Ciallaíonn 'córas bainistíochta sábháilteachta' cur
chuige córasach chun sábháilteacht a bhainistiú lena n‑áirítear na
struchtúir, freagrachtaí, beartais agus nósanna imeachta eagraíochtúla is gá; (13)
Ciallaíonn an 'Clár Sábháilteachta Stáit' sraith
chomhtháite reachtaíochta agus gníomhaíochtaí arna bhforbairt ag Ballstát chun
sábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú. Airteagal 3 Raon
feidhme Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
tarluithe a chuireann an t‑aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine
eile i mbaol nó tarluithe a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí iad. Tá
mionsonraí faoi liosta de theagmhais atá le tuairisciú le fáil in
Iarscríbhinn I. Airteagal 4 Tuairisciú
éigeantach 1. Bunóidh gach eagraíocht atá
bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun bailiú sonraí maidir
le tarluithe a éascú. 2. Bunóidh gach Ballstát córas
tuairiscithe éigeantaigh chun bailiú sonraí maidir le tarluithe a éascú lena n‑áirítear
bailiú sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú ag eagraíochtaí i gcur i
bhfeidhm mhír 1. 3. Tuairisceoidh na daoine seo a
leanas tarluithe tríd an gcóras arna bhunú ag an eagraíocht a fhostaíonn an
duine sin i gcomhréir le mír 1 nó tríd an gcóras arna bhunú ag na
Ballstáit i gcomhréir le mír 2: (a)
an píolóta atá i gceannas ar aerárthach atá
cláraithe i mBallstát nó aerárthach atá cláraithe lasmuigh den Aontas ach atá
in úsáid ag oibreoir dá n‑áirithíonn Ballstát maoirseacht ar oibríochtaí
nó oibreoir atá bunaithe san Aontas; (b)
duine a dhéanann aerárthach faoi thiomáint tuirbín
nó aerárthach iompair phoiblí, nó aon trealamh nó cuid de, a dhearadh, a
mhonarú, a chothabháil nó a mhodhnú, faoi mhaoirseacht Ballstáit nó faoi
mhaoirseacht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA); (c)
duine a shíníonn deimhniú ar athbhreithniú cothabhála,
nó ar scaoileadh chun seirbhíse i ndáil le haerárthach faoi thiomáint tuirbín
nó aerárthach arna úsáid le haghaidh iompair phoiblí, nó aon trealamh nó cuid
de, faoi mhaoirseacht Ballstáit nó faoi mhaoirseacht EASA; (d)
duine a chomhlíonann feidhm faoina gceanglaítear
air bheith údaraithe ag Ballstát mar rialtóir aerthráchta nó mar oifigeach
faisnéise eitilte; (e)
bainisteoir ar aerfort a bhfuil feidhm ag Rialachán
(CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20]
maidir leis; (f)
duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le saoráidí
aerloingseoireachta a nglacann Ballstát freagracht astu a shuiteáil, a mhodhnú,
a chothabháil, a dheisiú, a imchóiriú, a sheiceáil le linn eitilte nó
cigireacht a dhéanamh orthu; (g)
duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le seirbhís
ar an talamh ar aerárthaí, lena n‑áirítear breoslú, seirbhísiú, ullmhú
bileoige lóid, luchtú, dí‑oighriú agus tarraingt ag aerfort atá
cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. 4. Tuairisceoidh gach duine atá
liostaithe i mír 3 tarluithe laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir
leis na ceanglais atá sonraithe i bpointe 1 d'Iarscríbhinn II. 5. Tuairisceoidh gach eagraíocht
atá deimhnithe nó formheasta ag Ballstát na sonraí maidir le tarluithe arna
mbailiú i gcomhréir le mír 1 d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, dá
dtagraítear in Airteagal 6(2). 6. Tuairisceoidh gach eagraíocht
atá deimhnithe nó formheasta ag EASA na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú
i gcomhréir le mír 1 do EASA. Airteagal 5 Tuairisciú
deonach 1. Bunóidh gach eagraíocht atá
bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe dheonaigh chun bailiú sonraí a éascú
maidir le tarluithe a d'fhéadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe
éigeantaigh iad ach ar léir don tuairisceoir iad a bheith ina nguais iarbhír nó
go bhféadfaidís a bheith ina nguais. 2. Bunóidh gach Ballstát córas
tuairiscithe dheonaigh chun bailiú sonraí a éascú maidir le tarluithe a
d'fhéadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad ach ar léir
don tuairisceoir iad a bheith ina nguais iarbhír nó go bhféadfaidís a bheith
ina nguais lena n‑áirítear bailiú sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú
ag eagraíochtaí i gcur i bhfeidhm mhír 1. 3. Faoi na córais tuairiscithe
dheonaigh féadfar sonraí a bhailiú maidir le tarluithe nach bhfuil sé
éigeantach iad a thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus
tuairisciú ar tharluithe ag daoine nach bhfuil liostaithe in Airteagal 4(3). 4. Tuairisceoidh gach eagraíocht
atá deimhnithe nó formheasta ag Ballstát na sonraí maidir le tarluithe arna
mbailiú i gcomhréir le mír 1 d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, dá
dtagraítear in Airteagal 6(2). 5. Tuairisceoidh gach eagraíocht
atá deimhnithe nó formheasta ag EASA na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú
i gcomhréir le mír 1 do EASA. 6. Féadfaidh na Ballstáit agus
eagraíochtaí córais eile a bhunú maidir le bailiú agus próiseáil faisnéise
sábháilteachta chun sonraí a bhailiú maidir le tarluithe a d'fhéadfadh sé nach
ngabhfadh na córais tuairiscithe atá luaite in Airteagal 4 agus i
mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo iad. D'fhéadfadh an tuairisciú
d'eintitis eile seachas na cinn a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 6(2)
a bheith ar áireamh sna córais sin agus d'fhéadfadh rannpháirtíocht ghníomhach
an tionscail a bheith ag roinnt leis. Airteagal 6 Faisnéis
a bhailiú agus a stóráil 1. Maidir le sonraí i dtaca le
tarluithe arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5,
ainmneoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát duine amháin nó níos mó
chun bailiú, próiseáil agus stóráil na sonraí sin agus an mheastóireacht agus
anailís orthu a láimhseáil. Oibreoidh na daoine ainmnithe sin ar leithligh ó
ranna eile na heagraíochta agus go neamhspleách orthu. 2. Ainmneoidh gach Ballstát
údarás inniúil amháin nó níos mó chun sásra a chur ar bun chun sonraí maidir le
tarluithe arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5
a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a
dhéanamh orthu. Oibreoidh na húdaráis inniúla ainmnithe ar leithligh ó ranna
eile agus go neamhspleách orthu agus iad ag láimhseáil na faisnéise arna
tuairisciú. Is iad seo a leanas na húdaráis a bhféadfaí an
fhreagracht sin a chur orthu, le chéile nó ina n‑aonar: (a)
an t‑údarás náisiúnta um eitlíocht
shibhialta; agus/nó (b)
an t‑údarás um imscrúdú sábháilteachta;
agus/nó (c)
aon chomhlacht nó eintiteas neamhspleách eile ar
tugadh an fheidhm sin dó. I gcás ina n‑ainmníonn an Ballstát níos mó
ná comhlacht nó eintiteas amháin, ainmneoidh sé ceann acu sin mar phointe
teagmhála le haghaidh an aistrithe faisnéise atá luaite in Airteagal 8(2). 3. Stórálfaidh eagraíochtaí
tuarascálacha tarluithe a thagann as sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i
gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 i mbunachar sonraí. 4. Stórálfaidh na húdaráis
inniúla dá dtagraítear i mír 2 tuarascálacha tarluithe a thagann as sonraí
maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5
i mbunachar sonraí náisiúnta. 5. Stórálfar tionóiscí agus
teagmhais thromchúiseacha sa bhunachar sonraí náisiúnta sin freisin. 6. Beidh rochtain iomlán ag
údaráis na mBallstát atá freagrach as an gClár Sábháilteachta Stáit ar an
mbunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 chun tacú lena
bhfreagrachtaí sábháilteachta. 7. Beidh rochtain iomlán ag na
húdaráis um imscrúdú sábháilteachta ar an mbunachar sonraí náisiúnta dá
dtagraítear i mír 4 chun na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 5(4)
de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 a chomhlíonadh. Airteagal 7 Cáilíocht
agus iomláine tuarascálacha tarluithe 1. Beidh an fhaisnéis atá
liostaithe i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II ar a laghad sna
tuarascálacha tarluithe dá dtagraítear in Airteagal 6. 2. Beidh aicmiú riosca
sábháilteachta an tarlaithe arna bhailiú i ngach tuarascáil tarlaithe dá
dtagraítear i mír 4 d'Airteagal 6. Cinnfear an t‑aicmiú i
gcomhréir leis an gcomhscéim aicmiúcháin riosca Eorpach atá leagtha síos i
mír 5. 3. Bunóidh eagraíochtaí agus na
Ballstáit próisis seiceála cáilíochta sonraí go háirithe chun comhsheasmhacht a
áirithiú idir na sonraí éagsúla a bhíonn i dtuarascáil tarlaithe agus na sonraí
tosaigh maidir le tarlú arna dtuairisciú ag an tuairisceoir. 4. Úsáidfidh na bunachair sonraí
atá luaite i mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 6 formáidí
caighdeánaithe chun malartú faisnéise a éascú agus córas comhoiriúnach ECCAIRS
agus ADREP a bheidh iontu. 5. Forbróidh an Coimisiún
comhscéim aicmiúcháin riosca Eorpach chun tarluithe a aicmiú i dtéarmaí riosca
sábháilteachta. Ar an gcaoi sin cuirfidh an Coimisiún an gá atá le
comhoiriúnacht maidir leis na scéimeanna aicmiúcháin riosca atá ann cheana san
áireamh. 6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, más gá, i gcomhréir le hAirteagal 18
chun an chomhscéim aicmiúcháin riosca Eorpach a shainiú. 7. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe, na socruithe chun an chomhscéim aicmiúcháin
riosca Eorpach a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin
i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2). 8. Tacóidh an Coimisiún le
húdaráis inniúla na mBallstát leis an gcúram atá orthu sonraí a chomhtháthú, go
háirithe le comhtháthú na faisnéise íosta dá dtagraítear i mír 1, le
haicmiú riosca tarluithe dá dtagraítear i mír 2 agus le bunú próiseas
seiceála cáilíochta sonraí dá dtagraítear i mír 3, ach gan a bheith
teoranta dóibh sin amháin. Cuirfidh an tacaíocht sin ón gCoimisiún, arna cur ar
fáil i bhfoirm ábhair treorach agus ceardlann go háirithe, le comhchuibhiú an
phróisis iontrála sonraí ar fud na mBallstát. Airteagal 8 An
Stór Lárnach Eorpach 1. Bainisteoidh an Coimisiún
Stór Lárnach Eorpach chun na tuarascálacha tarluithe ar fad arna mbailiú san
Aontas a stóráil. 2. Aontóidh gach Ballstát na
prótacail theicniúla leis an gCoimisiún chun an Stór Lárnach Eorpach a
thabhairt cothrom le dáta tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le
sábháilteacht atá sna bunachair sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(4)
a aistriú chuige. 3. Aontóidh EASA na prótacail
theicniúla leis an gCoimisiún chun na tuarascálacha tarluithe ar fad a aistriú
chuig an Stór Lárnach Eorpach, tuarascálacha tarluithe arna mbailiú faoi
Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21]
agus a rialacha cur chun feidhme chomh maith leis an bhfaisnéis arna bailiú i
gcur i bhfeidhm Airteagal 4(6) agus Airteagal 5(5). 4. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe, na socruithe chun an Stór Lárnach Eorpach a
bhainistiú dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2). 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, más gá, i gcomhréir le hAirteagal 18
chun na bearta maidir leis an gcomhtháthú sa Stór Lárnach Eorpach dá
dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a thabhairt cothrom le dáta. Airteagal 9 Malartú
faisnéise 1. Glacfaidh na Ballstáit agus
EASA páirt i malartú faisnéise tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le
sábháilteacht atá stóráilte ina mbunachair sonraí féin a chur ar fáil d'údaráis
inniúla na mBallstát eile, do EASA agus don Choimisiún trí bhíthin an Stóir
Lárnaigh Eorpaigh. Aistreofar tuarascálacha tarluithe chuig an Stór Lárnach
Eorpach laistigh de 30 lá tar éis an chéad bhailithe sonraí maidir leis an
tarlú. Tabharfar tuarascálacha tarluithe cothrom le dáta le faisnéis bhreise a
bhaineann le sábháilteacht nuair is gá sin. 2. Aistreofar faisnéis a
bhaineann le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha chuig an Stór Lárnach
Eorpach freisin. Aistreofar an bhunfhaisnéis fhíorasach maidir le tionóiscí
agus teagmhais thromchúiseacha le linn don imscrúdú ina dtaobh a bheith ar
siúl. Agus an t‑imscrúdú curtha i gcrích, cuirfear an fhaisnéis ar fad
leis lena n‑áirítear, agus í le fáil, achoimre i mBéarla ar an tuarascáil
imscrúdaithe deiridh. 3. Má shainaithníonn Ballstát nó
EASA, i gcás bhailiú na sonraí maidir le tarluithe nó stóráil tuarascálacha
tarluithe, cúrsaí sábháilteachta a mheastar a bheith ina n‑ábhar spéise
ag Ballstáit eile nó EASA, agus ina bhféadfadh gníomhaíocht sábháilteachta a
bheith ag teastáil, cuirfidh an Ballstát sin nó EASA an fhaisnéis
sábháilteachta ábhartha ar fad ar aghaidh chuig údaráis ábhartha na mBallstát
nó EASA a luaithe is féidir. Airteagal 10 Faisnéis
a scaipeadh 1. Aon eintiteas ar cuireadh an
cúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil nó chun tionóiscí agus
teagmhais eitlíochta sibhialta laistigh den Aontas a imscrúdú, beidh rochtain
ar líne aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe atá sa Stór Lárnach Eorpach. 2. Féadfaidh páirtithe leasmhara
atá liostaithe in Iarscríbhinn III rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe
atá sa Stór Lárnach Eorpach. Díreoidh páirtithe leasmhara atá bunaithe san
Aontas iarrataí ar fhaisnéis ar phointe teagmhála an Bhallstáit ina bhfuil siad
bunaithe. Díreoidh páirtithe leasmhara nach bhfuil bunaithe san Aontas a n‑iarrataí
ar an gCoimisiún. 3. Chun críche cúiseanna
slándála, ní thabharfar rochtain dhíreach ar an Stór Lárnach Eorpach do
pháirtithe leasmhara. Airteagal 11 Iarrataí
a phróiseáil agus cinntí 1. Cuirfear iarrataí isteach ag
úsáid na bhfoirmeacha atá formheasta ag an bpointe teagmhála. Áireofar sna
foirmeacha sin na míreanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV ar a
laghad. 2. Seiceálfaidh pointe teagmhála
a fhaigheann iarraidh gur páirtí leasmhar atá ag déanamh an iarratais agus go
bhfuil an pointe teagmhála inniúil chun déileáil leis an iarraidh sin. 3. Déanfaidh pointe teagmhála a
fhaigheann iarraidh meastóireacht de réir an cháis ar an údar atá leis an
iarraidh agus ar a praiticiúlacht. Féadfaidh na pointí teagmhála faisnéis a
sholáthar do pháirtithe leasmhara i scríbhinn nó trí úsáid a bhaint as modhanna
leictreonacha cumarsáide atá slán. 4. Má ghlactar le hiarraidh,
cinnfidh an pointe teagmhála an méid faisnéise atá le soláthar agus a leibhéal.
Beidh an fhaisnéis teoranta do na nithe a bhfuil fíorghá leo chun críche na
hiarrata, gan dochar d'Airteagal 15 agus Airteagal 16. Ní
sholáthrófar faisnéis nach mbaineann le trealamh, le hoibríochtaí ná le réimse
gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin ach i bhfoirm chomhiomlánaithe nó
curtha ó aithint. Féadfar faisnéis i bhfoirm neamh‑chomhiomlánaithe a
chur ar fáil don pháirtí leasmhar má léiríonn sé go mionsonraithe an t‑údar
atá leis. 5. Ní fhéadfar ach faisnéis a
bhaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí
leasmhair féin a sholáthar do na páirtithe leasmhara atá liostaithe i
bpointe (b) d'Iarscríbhinn III. 6. Féadfaidh pointe teagmhála a
fhaigheann iarraiadh ó pháirtí leasmhar atá liostaithe i bpointe (a)
d'Iarscríbhinn III Cinneadh de chineál ginearálta a dhéanamh chun
faisnéis a sholáthar don pháirtí leasmhar sin ar bhonn rialta. Beidh an
fhaisnéis a iarrfar bainteach le trealamh, le hoibríochtaí agus le réimse
gníomhaíochta an pháirtí féin. Le Cinneadh de chineál ginearálta ní féidir
rochtain a thabhairt ar ábhar iomlán an bhunachair sonraí agus ní chumhdófar
ach rochtain ar fhaisnéis atá curtha ó aithint. 7. Ní úsáidfidh an páirtí
leasmhar an fhaisnéis arna fáil ach chun na críche atá sonraithe san fhoirm
iarrata, críoch ba cheart a bheith comhoiriúnach maidir le cuspóir an
Rialacháin seo mar atá luaite in Airteagal 1. Ní nochtfaidh an páirtí
leasmhar an fhaisnéis arna fáil gan toiliú i scríbhinn ón soláthraí agus
glacfaidh sé na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na faisnéise arna fáil a
áirithiú. 8. Beidh an Cinneadh chun
faisnéis a scaipeadh faoin Airteagal seo teoranta do na nithe a bhfuil fíorghá
leo chun críche a úsáideora. 9. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, más gá, i gcomhréir le hAirteagal 18
chun na rialacha maidir le scaipeadh faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach a
thabhairt cothrom le dáta chun scaipeadh faisnéise a leathnú nó a shrianadh. Airteagal 12 Taifead
ar iarrataí agus faisnéis a mhalartú 1. Déanfaidh gach pointe
teagmhála taifead ar gach iarraidh arna fháil agus an beart arna dhéanamh.
Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún aon uair a fhaightear
iarraidh agus/nó a dhéantar beart. 2. Cuirfidh an Coimisiún liosta
cothrom le dáta de na hiarrataí arna bhfáil agus an ghníomhaíocht arna déanamh
ag na pointí teagmhála éagsúla agus ag an gCoimisiún féin ar fáil do na pointí
teagmhála ar fad. Airteagal 13 Anailís
ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal náisiúnta 1. Forbróidh gach eagraíocht atá
bunaithe i mBallstát próiseas chun anailís a dhéanamh ar na sonraí maidir le
tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5
chun guaiseanna sábháilteachta a bhaineann le tarluithe aitheanta a
shainaithint. Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh sí aon bhearta
ceartaitheacha nó coisctheacha ábhartha a bhfuil gá leo chun sábháilteacht a
fheabhsú. 2. Gach eagraíocht atá bunaithe
i mBallstát, tar éis na bearta a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar
easnaimh sábháilteachta iarbhír nó easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh bheith
ann a shainaithint, cuirfidh sí na bearta sin chun feidhme go tráthúil agus
bunóidh sí próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus
éifeachtacht na bhfreagairtí. 3. Tuairisceoidh gach eagraíocht
atá deimhnithe nó formheasta ag Ballstát toradh na hanailíse arna déanamh i
gcomhréir le mír 1 agus na bearta is gá i gcomhréir le mír 2,
d'údarás inniúil an Bhallstáit, dá dtagraítear in Airteagal 6(2), más gá,
laistigh de 30 lá. 4. Forbróidh gach Ballstát
próiseas chun anailís a dhéanamh ar na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú
i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 chun guaiseanna
sábháilteachta a bhaineann le tarluithe aitheanta a shainaithint. Bunaithe ar
an anailís sin, cinnfidh sé aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha ábhartha
a bhfuil gá leo chun sábháilteacht a fheabhsú. 5. Gach Ballstát, tar éis na
bearta a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta
iarbhír nó easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann a shainaithint,
cuirfidh sé na bearta sin chun feidhme go tráthúil agus bunóidh sé próiseas
chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na
bhfreagairtí. 6. Déanfaidh gach Ballstát
faireachán freisin ar chur chun feidhme agus éifeachtacht fhreagairtí na n‑eagraíochtaí
de bhun mhír 2. I gcás ina measann an Ballstát nach bhfuil na freagairtí
iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sábháilteachta nó na heasnaimh
sábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann, áiritheoidh sé go ndéanfar bearta
iomchuí breise agus go gcuirfidh an eagraíocht ábhartha chun feidhme iad. 7. Déanfar an fhaisnéis a
bhaineann leis an anailís ar tharluithe aonair agus leis na bearta leantacha a
ghabhann leo, agus ar faisnéis í a bhfuil tuairisc uirthi san Airteagal seo, a
stóráil go tráthúil, agus nach déanaí ná dhá mhí tar éis a stórála sa bhunachar
sonraí náisiúnta, sa Stór Lárnach Eorpach. 8. Úsáidfidh na Ballstáit an
fhaisnéis arna fáil ón anailís ar thuarascálacha tarluithe chun na bearta
feabhais atá le déanamh laistigh den Chlár Sábháilteachta Stáit a chinneadh. 9. Foilseoidh na Ballstáit, ar
bhonn bliantúil ar a laghad, athbhreithniú ar shábháilteacht ina bhfuil
faisnéis maidir le cineál na dtarluithe arna mbailiú ag a gcórais tuairiscithe
náisiúnta éigeantacha agus deonacha chun an pobal i gcoitinne a chur ar an
eolas maidir leis an leibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta agus na
bearta atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist sábháilteachta sa
chomhthéacs sin. 10. Féadfaidh na Ballstáit
tuarascálacha tarluithe curtha ó aithint a fhoilsiú freisin. Airteagal 14 Anailís
ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh 1. Glacfaidh an Coimisiún, EASA
agus údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhar lena chéile, páirt go tráthrialta
i malartú agus in anailísiú na faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach. 2. Cuirfidh Líonra d'Anailísithe
Sábháilteachta Eitlíochta an comhar i gcrích. 3. Tacóidh EASA le
gníomhaíochtaí an Líonra d'Anailísithe Sábháilteachta Eitlíochta lena n‑áirítear
cúnamh chun a gcruinnithe a ullmhú agus a eagrú, ach gan a bheith teoranta dó sin
amháin. 4. Cuirfidh an Líonra
d'Anailísithe Sábháilteachta Eitlíochta le feabhsú ar shábháilteacht eitlíochta
san Aontas, go háirithe trí ghníomhaíocht anailíse sábháilteachta a dhéanamh
chun tacú leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an
bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. 5. Áireoidh EASA faisnéis faoi
thoradh na hanailíse faisnéise dá dtagraítear i mír 1 san athbhreithniú
bliantúil ar shábháilteacht atá luaite in Airteagal 15(4) de Rialachán
(CE) Uimh. 216/2008. Airteagal 15 An
fhaisnéis a chosaint agus a úsáid go hiomchuí 1. Glacfaidh na Ballstáit agus
eagraíochtaí na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na sonraí maidir le
tarluithe arna bhfáil acu de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 10
a áirithiú. 2. Ní úsáidfear na sonraí maidir
le tarluithe ach chun na críche dar bailíodh iad. Ní chuirfidh na Ballstáit
agus eagraíochtaí an fhaisnéis ar fáil agus ní úsáidfidh siad í chun críche
eile nach coinneáil ná feabhsú sábháilteachta eitlíochta í. Níor cheart an fhaisnéis
a úsáid chun milleán ná dliteanas a shannadh. 3. Áiritheoidh an Coimisiún,
EASA agus údaráis inniúla na mBallstát, agus iad ag comhlíonadh a gcuid
oibleagáidí dá dtagraítear i mír 14, rúndacht na faisnéise atá sa Stór Lárnach
Eorpach, agus cuirfidh siad teorainn lena húsáid ionas nach n‑úsáidfear í
ach amháin le haghaidh nithe atá fíor-riachtanach chun a gcuid oibleagáidí a
bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh. Ina leith sin, úsáidfear an
fhaisnéis sin go háirithe chun anailís a dhéanamh ar threochtaí sábháilteachta
a d'fhéadfadh a bheith mar bhonn do mholtaí sábháilteachta anaithnide nó do
threoracha aeracmhainneachta gan milleán ná dliteanas a shannadh. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh comhar, trí réamhshocruithe, idir a n‑údaráis inniúla dá dtagraítear
in Airteagal 6(2) agus a n‑údaráis inniúla um riaradh ceartais.
Beidh sé mar aidhm ag na réamhshocruithe sin an chothromaíocht cheart a
áirithiú idir an gá atá le riaradh cuí ceartais ar lámh amháin, agus an gá atá
le faisnéis sábháilteachta a bheith le fáil go leanúnach ar an lámh eile. Airteagal 16 Foinse
na faisnéise a chosaint 1. Áiritheoidh gach eagraíocht
atá bunaithe i mBallstát nach mbeidh fáil ach ag na daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
ar aon sonraí pearsanta amhail ainmneacha agus seoltaí daoine aonair. Scaipfear
faisnéis atá curtha ó aithint laistigh den eagraíocht mar is iomchuí. Ní
phróiseálfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát sonraí pearsanta ach a
mhéid is gá chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar don reachtaíocht
náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme. 2. Áiritheoidh gach Ballstát
nach ndéanfar taifead choíche ar aon sonraí pearsanta amhail ainmneacha nó
seoltaí daoine aonair sna bunachair sonraí náisiúnta atá luaite in Airteagal 6(4).
Cuirfear faisnéis atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad
ionas go bhféadfaidh siad a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú
sábháilteachta eitlíochta. Ní phróiseálfaidh gach Ballstát sonraí pearsanta ach
a mhéid is gá chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar don reachtaíocht
náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme. 3. Staonfaidh na Ballstáit ó
imeachtaí a thionscnamh i ndáil le sárú gan réamhbheartú nó neamhaireach ar an
dlí a thagann ar a n‑aire de bharr a dtuairiscithe i gcur i bhfeidhm Airteagal 4
agus Airteagal 5 amháin. Ní bheidh feidhm ag an riail seo i gcásanna
mórfhaillí. 4. Ní bheidh fostaithe a
thuairisceoidh teagmhais i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5
faoi réir aon dochair óna bhfostóir ar bhonn na faisnéise atá tuairiscithe acu,
seachas i gcás mórfhaillí. 5. Glacfaidh gach eagraíocht atá
bunaithe i mBallstát rialacha inmheánacha ina dtugtar tuairisc ar an gcaoi a n‑urramaítear
prionsabail an 'chultúir chóir' agus ar an gcaoi a gcuirtear chun feidhme iad
laistigh dá n‑eagraíocht, go háirithe an prionsabal dá dtagraítear i
mír 4. 6. Bunóidh gach Ballstát
comhlacht atá freagrach as an Airteagal seo a chur chun feidhme. Féadfaidh
fostaithe sáruithe ar na rialacha a bhunaítear leis an Airteagal seo a
thuairisciú don chomhlacht sin. Más iomchuí, molfaidh an comhlacht ainmnithe dá
Bhallstát go nglacfaí pionóis i leith an fhostóra dá dtagraítear in Airteagal 21. Airteagal 17 Na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir leis
na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo chun na hIarscríbhinní a
chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, chun na hIarscríbhinní a ailíniú
leis an tacsanomaíocht ADREP atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, le
reachtaíocht eile arna glacadh ag an Aontas agus le comhaontuithe
idirnáisiúnta, chun an liosta de pháirtithe leasmhara agus an iarraidh ar
fhoirm faisnéise an Stóir Lárnaigh Eorpaigh a thabhairt cothrom le dáta, agus
chun a áirithiú go mbeidh raon na dteagmhas atá le tuairisciú faoin scéim
éigeantach iomchuí fós. Airteagal 18 An
tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht chun
gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(6), Airteagal 8(5),
Airteagal 11(9) agus Airteagal 17 a ghlacadh don Choimisiún ar feadh
tréimhse éiginnte ama. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
Airteagail 7(6), 8(5), 11(9) agus 17 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gCinneadh chun
cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí
arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 7(6), 8(5), 11(9) agus 17 i
bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa
ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh
sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é,
roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad
agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh
Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 19 An
nós imeachta coiste 1. Beidh cúnamh ag an gCoimisiún
ón gcoiste a bhunaítear le hAirteagal 65 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina dtagraítear don
mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 20 Rochtain
ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta 1. Cé is moite d'Airteagal 10
agus Airteagal 11 lena mbunaítear rialacha rochtana níos déine ar na
sonraí agus ar an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, beidh feidhm ag an Rialachán
seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. 2. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE
chun feidhme agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Airteagal 21 Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir
le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na
pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas i gcás ina nglactar pionóis i
gcur i bhfeidhm an Airteagail seo. Airteagal 22 Leasú ar
Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 Scriostar Airteagal 19. Airteagal 23 Aisghairmeacha Aisghairtear Treoir 2003/42/CE, Rialachán
(CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007
ón gCoimisiún. Airteagal 24 Teacht
i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I: LIOSTA NA dTEAGMHAS
ATÁ LE TUAIRISCIÚ FAOIN SCÉIM um THUAIRISCiú sainordaitheach TEAGMHAS Cuid A: Liosta d’oibríochtaí cothabhála, deisithe agus teagmhas
monaraithe a bhaineann le haerárthaí atá le tuairisciú Nóta 1: Cé go
bhfuil formhór na dteagmhas nach mór a thuairisciú liostaithe sa Chuid seo, ní
féidir dó bheith go hiomlán cuimsitheach. Aon teagmhas eile, a chomhlíonann na
critéir, dar leo siúd lena mbaineann, ba cheart iad a thuairisciú. Nóta 2: Ní
áirítear sa Chuid seo tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha mar atá
sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. Sa bhreis ar cheanglais
eile a chumhdaíonn fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus faoi thionóiscí
tromchúiseacha mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010,
tuairisceofar tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha trí na córais um
thuairisciú sainordaitheach tarluithe. Nóta 3: Sa
Chuid seo tá samplaí de na ceanglais tuairiscithe a chumhdaíonn oibríochtaí,
cothabháil, deisiú agus monarú aerárthaí. Nóta 4: Is
iad na tarluithe atá le tuairisciú na tarluithe ar cuireadh i mbaol nó arbh
fhéidir gur cuireadh i mbaol lena linn sábháilteacht oibrithe nó arbh fhéidir
bail bhaolach a theacht astu. Má tá an tuairisceoir faoin tuairim nár chuir
teagmhas sábháilteacht na hoibríochta i mbaol ach go dtiocfadh guais as dá
dtarlódh sé arís i gcúinsí a bheadh éagsúil ach dóchúil, ba cheart tuairisc a
thabhairt sa chás sin. An rud a meastar go bhfuil sé ina theagmhas nach mór a
thuairisciú i gcás aicme amháin tairgí, comhpháirteanna nó fearas, ní gá go
measfar é a bheith mar an gcéanna i gcás aicme eile agus is féidir teagmhas
éirí ina thionóisc nó ina theagmhas tromchúiseach mar gheall ar fhachtóir
aonair a bheith ann nó as, bíodh an fachtóir sin daonna nó teicniúil.. Nóta 5: Is
féidir go mbainfidh na teagmhais atá le tuairisciú le haerárthaí ag a bhfuil
foireann agus le haerárthaí ag a bhfuil Aerchóras Cianstiúrtha. AN
CLÁR 1: OIBRÍOCHTAÍ EITILTE AERÁRTHAÍ 2: SAINCHEISTEANNA TEICNIÚLA AERÁRTHAÍ 3: COTHABHÁIL AGUS DEISIÚ AERÁRTHAÍ 4: SEIRBHÍSÍ AGUS SAORÁIDÍ AERLOINGSEOIREACHTA
AGUS SEIRBHÍSÍ TALÚN 1. OIBRÍOCHTAÍ EITILTE AERÁRTHAÍ 1.1. Oibriú an aerárthaigh (d)
inlíochtaí seachanta; –
riosca imbhuailte le haerárthach eile, leis an
talamh nó le rud eile nó cúinsí baolacha i gcás inarbh iomchuí beart seachanta
a dhéanamh; –
inlíocht seachanta is gá chun imbhualadh a
sheachaint le haerárthach, le talamh nó le rud eile; –
inlíocht seachanta a dhéantar chun cúinsí baolacha
a sheachaint. (e)
Teagmhais éirithe de thalamh nó tuirlingthe, lena n‑áirítear
éirithe de thalamh réamhchúramacha nó tuirlingí éigeandála. Teagmhais amhail
gan an rúidbhealach a aimsiú trí eitilt rófhada thairis nó gan é a shroicheadh
in aon chor, nó imeacht de thaobh an rúidbhealaigh. Éirithe de thalamh, éirithe
de thalamh diúltaithe, tuirlingtí nó iarrachtaí ar thuirlingtí ar rúidbhealach
dúnta, gafa nó mícheart. Ionraí ar an rúidbhealach gan chead. (f)
Gan bheith in ann an fheidhmíocht a bhí tuartha a
bhaint amach le linn éirí de thalamh nó le linn an dreaptha tosaigh. (g)
Cainníocht na breosla a bheith ar leibhéal íseal
criticiúil nó gan bheith in ann breosla a aistriú nó cainníocht iomlán na
breosla inúsáidte a úsáid. (h)
Cailleadh rialaithe (lena n‑áirítear
cailleadh páirteach nó sealadach) is cuma cad is cúis leis. (i)
Teagmhais gar do V1 nó os a chionn de thoradh
cúinsí baolacha nó cúinsí is féidir a bheith baolach nó teagmhais a dtagann na
cúinsí sin astu (e.g. éirí de thalamh diúltaithe, imbhualadh deiridh, cailleadh
ineallchumhachta). (j)
Dul timpeall as a dtagann cúinsí baolacha nó cúinsí
is féidir a bheith baolach. (k)
Mórchlaonadh neamhbheartaithe ó thaobh an aerluais,
an riain bheartaithe nó na hairde (is mó ná 300 troigh) is cuma cad is cúis
leis. (l)
Tuirlingt faoi bhun na hairde a Cinneadh nó
faoi bhun na híosairde a Cinneadh gan an amharcthagairt is gá. (m)
Cailleadh eolais ar shuíomh i dtaca leis an
bhfíorshuíomh nó i dtaca le haerárthaí eile. (n)
Cliseadh cumarsáide idir an fhoireann eitilte
(Bainistíocht Acmhainne Foirne) nó idir an fhoireann eitilte agus daoine eile
(an fhoireann chábáin, Lucht Rialaithe Aerthráchta, an fhoireann
innealtóireachta). (o)
Tromthuirlingt — tuirlingt a mheastar ‘seiceáil
tromtuirlingthe’ a bheith de dhíth uirthi. (p)
Sárú ar na dteorainneacha neamhchothroime breosla. (q)
Socrú mícheart cóid SSR nó foscála airdemhéadair. (r)
Ríomhchlárú mícheart trealaimh a úsáidtear le
haghaidh ríomhanna loingseoireachta nó feidhmíochta, nó iontrálacha
earráideacha sa trealamh sin, nó úsáid sonraí míchearta. (s)
Glacadh mícheart teachtaireachtaí
radaitheileafónaíochta nó míthuiscint a bhaint astu. (t)
Mífheidhmeanna nó lochtanna a bhaineann leis an
gcóras breosla, a rinne dochar don soláthar agus/nó don dáileadh breosla. (u)
Aerárthach a imeacht go neamhbheartaithe de
dhromchla pábháilte. (v)
Imbhualadh idir aerárthach agus aon aerárthach,
feithicil nó rud ar talamh eile. (w)
Oibriú neamhaireach nó mícheart aon cheann de na
rialtáin. (x)
Gan bheith in ann an chumraíocht bheartaithe
aerárthaigh a bhaint amach in aon chéim eitilte (e.g. fearas tuirlingthe agus
doras an fhearais tuirlingthe, plapaí, cobhsaitheoirí, lataí). (y)
Guais nó guais is féidir a bheith ann de thoradh
aon ionsamhlú a dhéantar d’aon ghnó de chúinsí teipe chun críocha oiliúna nó
seiceálacha córais. (z)
Creathadh mínormalach. (aa)
Oibriú aon phríomhchórais rabhaidh a bhaineann le
hinlíocht an árthaigh, e.g. rabhadh cumraíochta, rabhadh loicthe (croiteoir
maide), rabhadh róluathaithe, mura rud é: (1)
gur shuigh an fhoireann go cinntitheach gur tásc
bréige a bhí sa tásc agus ar choinníoll nár tháinig deacracht ná guais as an
tásc bréige mar gheall ar fhreagra na foirne ar an rabhadh; nó (2)
gur chun críocha oiliúna nó tástála a cuireadh an
rabhadh ar obair. (bb)
‘rabhadh’ GPWS/TAWS nuair: (1)
a thagann an t‑aerárthach níos gaire don
talamh ná mar a bhí beartaithe nó tuartha; nó (2)
a bhíonn an rabhadh ann i gcúinsí meitéareolaíocha
inar gá bheith i muinín ionstraimí nó istoíche agus é suite gur ráta ard
tuirlingthe ba chúis leis (modh 1); nó (3)
is é is cúis leis an rabhadh gan an fearas
tuirlingthe nó na plapaí ciumhais deiridh a chur ar obair ag an bpointe iomchuí
le linn an teacht isteach (modh 4); nó (4)
a bhíonn nó nuair ab fhéidir go raibh aon deacracht
nó guais ann de dheasca fhreagairt na foirne ar an ‘rabhadh’ e.g. giorrú an
achair ó aerárthaí eile. D’fhéadfadh rabhadh ar aon modh nó d’aon chineál
bheith ar an áireamh sin, i.e fíor‑rabhadh, rabhadh núise nó rabhadh
bréige. (cc)
‘foráileamh’ GPWS/TAWS nuair a bhíonn nó nuair ab
fhéidir go raibh aon deacracht nó guais ann de dheasca fhreagairt na foirne ar
an ‘bhforáileamh’. (dd)
Córas Seachanta Imbhuailtí ar Eite Táscanna Réitigh
(RAanna). (ee)
Teagmhais pléasctha scairdeáin nó liáin as a
dtagann damáiste mór nó loiteadh tromchúiseach. 1.2. Éigeandálaí (a)
Dóiteán, pléascadh, toit nó múch atá nimhiúil nó
díobhálach, boladh mínormalach, cé gur múchadh na dóiteáin. (b)
An fhoireann eitilte nó cábáin aon nós imeachta
neamhchaighdeánach a úsáid chun déileáil le héigeandáil más rud é: (1)
gurb ann don nós imeachta ach nach n‑úsáidtear
é; (2)
nach ann don nós imeachta; (3)
gurb ann don nós imeachta ach go bhfuil sé
neamhiomhlán nó míchuí; (4)
go bhfuil an nós imeachta mícheart; (5)
go n‑úsáidtear an nós imeachta mícheart. (c)
Neamhleordhóthanacht aon nósanna imeachta atá
beartaithe lena n‑úsáid in éigeandáil, lena n‑áirítear cásanna ina n‑úsáidtear
iad chun críocha cothabhála, oiliúna nó tástála. (d)
Teagmhas as a dtagann aslonnú éigeandála. (e)
Dí‑bhrúchóiriú. (f)
Úsáid aon trealaimh éigeandála nó nósanna imeachta
éigeandála forordaithe chun déileáil le staid ar leith. (g)
Tarlú as a dtagann dearbhú éigeandála (‘Mayday’ nó
‘panne’). (h)
Feidhmiú neamhshásúil aon chórais nó trealaimh
éigeandála, na doirse éalaithe go léir agus an soilsiú go léir san áireamh, fiú
nuair a úsáidtear iad chun críocha cothabhála, oiliúna nó tástála. (i)
Tarluithe inar gá d’aon duine foirne ocsaigin
éigeandála a úsáid. 1.3. An fhoireann a bheith ar
éagumas (a)
Éagumasú aon duine den fhoireann eitilte a, lena n‑áirítear
éagumasú roimh imeacht don aerárthach má mheastar gurbh fhéidir go dtiocfadh
éagumasú as sin i ndiaidh don eitleán éirí den talamh. (b)
Éagumasú aon duine den fhoireann chábáin a fhágann
nach bhfuil sé ar a chumas dualgais riachtanacha éigeandála a dhéanamh. 1.4. Gortú (a)
Teagmhais ar tháinig astu nó arbh fhéidir teacht
astu mórghortú do phaisinéirí nó don fhoireann ach nach meastar a bheith ina
dtionóisc nach mór a thuairisciú. (b)
Tarlú sláinte tromchúiseach a théann i bhfeidhm ar
bhaill foirne nó ar phaisinéirí 1.5. Meitéareolaíocht (a)
Buille tintrí as ar tháinig damáiste don aerárthach
nó cailleadh nó mífheidhmiú aon seirbhíse riachtanaí. (b)
Buille cloch sneachta as ar tháinig damáiste don
aerárthach nó cailleadh nó mífheidhmiú aon seirbhíse riachtanaí. (c)
Diansuaiteacht as a dtagann gortú áititheoirí nó a
meastar ‘seiceáil suaiteachta’ ar an aerárthach a bheith ag teastáil mar gheall
air. (d)
Fiaradh gaoithe. (e)
Oighriú as a dtagann deacrachtaí láimhseála,
damáiste don aerárthach nó cailleadh nó mífheidhmiú aon seirbhíse riachtanaí. 1.6. Slándáil (a)
Cur isteach mídhleathach ar an aerárthach lena n‑áirítear
bagairt bhuama agus fuadach. (b)
Deacrachtaí paisinéirí ar meisce, foréigneach nó
ainrianta a cheansú. (c)
Teacht ar fholachánaí. 1.7. Teagmhais eile (a)
Atarlú cineáil ar leith teagmhais nach measfaí a
bheith, leis féin, ina theagmhas nach mór a thuairisciú, ach ar guais
fhéideartha é de dheasca a mhinice a tharlaíonn sé. (b)
Imbhualadh éan as ar tháinig damáiste don
aerárthach nó cailleadh nó mífheidhmiú aon seirbhíse riachtanaí. (c)
Suaiteacht stáide. (d)
Tuirse ar an bhfoireann a mheastar a chuir an t‑aerárthach
nó a áititheoirí i mbaol nó a dfhéadfadh iad a chur i mbaol? (e)
Aon teagmhas eile d’aon chineál a mheastar a chuir
i mbaol nó ab fhéidir a chuir i mbaol an t‑aerárthach nó a áititheoirí,
ar bord an aerárthaigh nó ar an talamh. 2. SAINCHEISTEANNA TEICNIÚLA AERÁRTHAÍ 2.1. Saincheisteanna maidir le
struchtúr Ní gá gach cliseadh struchtúrtha a thuairisciú. Tá
gaois innealtóireachta de dhíth chun a chinneadh an bhfuil cliseadh
tromchúiseach go leor le tuairisciú. Seo roinnt samplaí: (a)
damáiste do phríomheilimint struchtúrach nár
ainmníodh ina heilimint dhamáiste-fhulangach (eilimint a bhfuil teorainn lena
shaolré). is iad na príomheilimintí struchtúracha na heilimintí sin a bhfuil
ról tábhachtach acu in iompar lastaí eitilte, talún agus brúchóirithe agus arbh
fhéidir cliseadh tubaisteach an aerárthaigh a theacht as a gcliseadh. (b)
locht nó damáiste os cionn an léibhéil damáiste is
inghlactha do phríomheilimint struchtúrach a ainmníodh ina príomheilimint
struchtúrach dhamáiste-fhulangach; (c)
damáiste d'eilimint struchtúrach nó locht uirthi os
cionn na lamháltas damáiste is inghlactha, eilimint a bhféadfadh a cliseadh an
righneas struchtúrach a laghdú a oiread sin nach mbainfí amach níos mó na
corrlaigh eitligh, eisréimneachta nó aisiompaithe rialtáin a cheanglaítear; (d)
damáiste d'eilimint struchtúrach nó locht uirthi, a
bhféadfadh scaoileadh míreanna maise teacht as a d’fhéadfadh áititheoirí an
aerárthaigh a ghortú; (e)
damáiste d'eilimint struchtúrach nó locht uirthi, a
d’fhéadfadh feidhmiú ceart córas a chur i mbaol. Féach (2) thíos; (f)
cailleadh aon pháirt de struchtúr an aerárthaigh le
linn eitilt. 2.2. Córais Moltar na critéir ghinearálta a leanas, agus iad
infheidhme maidir le gach córas : (a)
aon chóras, fochóras nó tacar trealaimh a
chailleadh, nó mórfheidhmiú nó locht a bheith air sa chaoi is nach rabhthas in
ann gnáthnósanna imeachta oibriúcháin, druileanna etc. a dhéanamh i gceart; (b)
an fhoireann gan bheith in ann an córas a stiúradh,
mar shampla: (1)
gníomhaíochtaí nár ordaíodh, (2)
freagairt mhícheart agus/nó neamhiomlán, lena n‑áirítear
teorainn le gluaiseacht nó righneas, (3)
oibriú ó smacht, (4)
díscor nó cliseadh meicníoch; (c)
cliseadh nó mífheidhmiú fheidhmíocht
eisiach/fheidhmíochtaí eisiacha an chórais (b’fhéidir go mbeadh roinnt
feidhmíochtaí ag an aon chóras amháin) (d)
trasnaíocht laistigh de chórais nó idir chórais; (e)
cliseadh nó mífheidhmiú an fhearais chosanta nó an
chórais éigeandála a bhaineann leis an gcóras; (f)
Cailleadh iomarcaíochta an chórais. (g)
Aon teagmhas a thagann as iompraíocht neamhthuartha
córais. (h)
I gcás cineálacha aerárthaí a bhfuil príomhchóras,
fo‑phríomhchóras nó tacar trealaimh aonair acu: cailleadh, mífheidhmiú
suntasach nó locht aon phríomhchórais, aon fhochóras nó aon tacair trealaimh. (i)
I gcás cineálacha aerárthaí a bhfuil príomhchórais,
fo‑phríomhchórais nó tacair threalaimh neamhspleácha iomadúla acu: aon
chóras, fochóras nó tacar trealaimh a chailleadh, nó mórfheidhmiú nó locht a
bheith air.. (j)
Oibriú aon phríomhchórais rabhaidh a bhaineann le
córais nó trealamh aerárthaigh murar shuigh an fhoireann go cinntitheach gur
tásc bréige a bhí sa tásc agus ar choinníoll nár tháinig deacracht ná guais as
an tásc bréige mar gheall ar fhreagra na foirne ar an rabhadh. (k)
Sceitheadh sreabhán hiodrálach, breosla, ola nó
sreabhán eile as ar tháinig guais dóiteáin nó éilliúchán guaiseach féideartha
struchtúir, córas nó ar trealaimh aerárthaigh, nó baol d’áititheoirí. (l)
Mífheidhmiú nó locht ar aon chóras léirithe a
bhféadfadh míthreoir don fhoireann teacht as. (m)
Aon chliseadh, aon mhífheidhmiú nó aon locht má
tharlaíonn sé ag céim chriticiúil den eitilt agus má tá sé ábhartha d’oibriú an
chórais. (n)
Móreasnamh san fhíorfheidhmíocht i gcomparáid leis
an bhfeidhmíocht arna formheas as ar tháinig staid ghuaiseach (agus cruinneas
mhodh ríofa na feidhmíochta á chur san áireamh) lena n‑áirítear oibriú
coscánaithe, ídiú breosla etc. (o)
Neamhshiméadracht rialtán eitilte; e.g. plapaí,
lataí, bacóirí etc. San Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn
seo tá liosta de shamplaí de theagmhais nach mór a thuairisciú de bharr chur i
bhfeidhm na gcritéar ginearálta seo ar chórais áirithe. 2.3. Tiomáint (lena n‑airítear
innill, liáin agus córais rótair) agus aonaid chumhachta chúnta (APUanna) (a)
Múchadh bladhaire, múchadh nó mífheidhmiú aon
innill. (b)
Róluathú, nó gan bheith in ann aon chomhpháirt
rothlach ardluais a rialú (mar shampla: APU, dúisire aeir, meaisín
aerthimthrialla, mótar aerthuirbín, lián nó rótar). (c)
Cliseadh nó mífheidhmiú aon pháirt d’inneall nó de
chóras tiomána as a dtagann ceann amháin nó níos mó de na fadhbanna seo a
leanas: (1)
neamhchoimeád comhpháirteanna/smionagair; (2)
dóiteán inmheánach nó seachtrach neamhrialaithe, nó
éalú gáis the; (3)
sá i dtreo seachas an treo a d'ordaigh an píolóta; (4)
an córas aisiompaithe sá gan bheith ag feidhmiú nó
a bheith ag feidhmiú go neamhaireach; (5)
gan bheith in ann an chumhacht, an sá nó rpm a
rialú; (6)
cliseadh an struchtúir suite innill; (7)
cailleadh páirteach nó iomlán príomhpháirt den
chóras cumhachta; (8)
múch dhlúth infheicthe nó tiúchan de tháirgí
tocsaineacha ba leor chun foireann nó paisinéirí a éagumasú; (9)
gan bheith ann , inneall a mhúchadh de réir na
ngnáthdhóigheanna; (10)
gan bheith in ann inneall fóinteach a athlasadh. (d)
Cailleadh sá nó cumhachta, athrú nó ascalú nár
ordaíodh agus atá aicmithe mar chailleadh sá nó rialaithe cumhachta : (1)
i gcás aerárthach aon innill; nó (2)
i gcás ina meastar go bhfuil sé iomarcach maidir
leis an bhfeidhm i gceist; nó (3)
i gcás ina rachadh sin i bhfeidhm ar níos mó ná
inneall amháin in aerárthach ilinneallach, go háirithe i gcás aerárthach dé‑inneallach;
nó (4)
i gcás aerárthaigh ilinneallaigh ina n‑úsáidtear
aon chineál innill amháin, nó cineálacha atá cosúil le chéile i bhfeidhm ina
measfaí go raibh an tarlú guaiseach nó criticiúil. (e)
Aon locht ar pháirt a bhfuil teorainn lena saolré
is cúis le haistarraingt na páirte sin roimh dheireadh a shaolré. (f)
Lochtanna d’aon tionscnamh amháin a d'fhéadfadh
bheith ina gcúis le ráta múchta le linn eitilt atá chomh hard sin go bhféadfaí
go múchfaí níos mó ná inneall amháin le linn aon eitilt amháin. (g)
Teorantóir nó fearas rialaithe innill gan bheith ag
obair nuair is gá nó a oibríonn go neamhaireach. (h)
Sárú pharaiméadair an innill. (i)
Damáiste de bharr ábhar coimhthíoch as a dtagann
damáiste. Liáin agus tras‑seoladh (j)
Cliseadh nó mífheidhmiú aon pháirte de lián nó de
gléasra cumhachta as a dtagann ceann amháin nó níos mó de na fadhbanna seo a
leanas: (1)
róluas a bheith faoin lián; (2)
róchúltarraingt a theacht de réir a chéile; (3)
sá i dtreo in éadan na treo a d'ordaigh an píolóta; (4)
scaoileadh liáin nó aon chuid mhór den lián; (5)
cliseadh as a dtagann neamhchothroime iomarcach; (6)
gluaiseacht gan iarraidh lanna an liáin faoi bhun
na híosuillinne arna socrú d’ísealchlaonadh le linn eitilt; (7)
gan bheith ann an lián a shliosadh; (8)
gan bheith ann airde gluaiseachta an liáin a athrú; (9)
athrú airde gluaiseachta nár ordaíodh; (10)
casmhóimint nó luaineacht luais dhorialaithe nó (11)
scaoileadh páirteanna lagfhuinnimh. Rótair agus tras‑seoladh (k)
Damáiste don phríomh‑ghiarbhosca/phríomh‑fhorbhaill
rótair as a bhféadfadh scaradh cómála rótair agus/nó mífheidhmithe an rialaithe
rótair teacht. (l)
Damáiste don an rótar deiridh, don tras‑seoladh
agus do chórais choibhéiseacha. APUanna (m)
Múchadh nó cliseadh nuair is gá an APU a bheith ar
fáil le haghaidh riachtanas oibríochta, e.g. ETOPS, MEL. (n)
Gan bheith in ann an APU a mhúchadh. (o)
Róluas. (p)
Gan bheith in ann an APU a dhúisiú nuair is gá é ar
chúiseanna oibríochta. 2.4. Fachtóirí daonna Aon teagmhas inarbh fhéidir aon ghné nó aon
neamhleordhóthanacht de chuid dhearadh an aerárthaigh a bheith ina cúis le
hearráid úsáide as a bhféadfadh éifeacht bhaolach nó thubaisteach teacht. 2.5. Teagmhais eile (a)
Aon teagmhas inarbh fhéidir aon ghné nó aon
neamhleordhóthanacht de chuid dhearadh an aerárthaigh a bheith ina cúis le
hearráid úsáide as a bhféadfadh éifeacht bhaolach nó thubaisteach teacht. (b)
Teagmhas nach meastar, de ghnáth, gur teagmhas é
nach mór a thuairisciú (e.g. fearastú agus trealamh cábáin, córais uisce),
nuair a chuir na cúinsí an t‑aerárthach nó a áititheoirí i mbaol. (c)
Dóiteán, pléascadh, toit nó múch tocsaineach nó
díobhálach. (d)
Aon tarlú eile a d’fhéadfadh an t‑aerárthach
a chur i mbaol nó difear a dhéanamh do shábháilteacht na n‑áititheoirí,
nó do shábháilteacht daoine nó maoine cóngarach don aerárthach nó ar an talamh. (e)
An córas fógartha paisinéirí a chliseadh nó locht a
bheith air, as ar tháinig cailleadh an chórais sin nó a rinne dochloiste é. (f)
Cliseadh chóras rialaithe shuíochán an phíolóta le
linn eitilt. 3. COTHABHÁIL AGUS DEISIÚ AERÁRTHAÍ (a)
Cóimeáil mhícheart páirteanna nó comhpháirteanna de
chuid an aerárthaigh a fhionntar le linn cigireachta nó nós imeachta tástála
nach bhfuil ceaptha chun na críche sonraí sin. (b)
Sileadh aeir sceite the as a dtagann damáiste struchtúrach. (c)
Aon locht ar pháirt a bhfuil teorainn lena saolré
is cúis le haistarraingt na páirte sin roimh dheireadh a shaolré. (d)
Aon damáiste nó meath (e.g. bristeacha,
scoilteanna, meilt, dílannú, dínascadh), a thagann as aon chúis (e.g. eitleach,
cailleadh righnis nó cliseadh struchtúrach), orthu seo: (1)
príomhstruchtúr nó PSE (mar a shainmhínítear i
lámhleabhar deisiúcháin an mhonaróra) i gcás ina bhfuil an damáiste sin nó an
meath sin ná os cionn na dteorainneacha incheadaithe atá sonraithe sa
lámhleabhar deisiúcháin agus ina bhfuil deisiú nó ionadú iomlán nó páirteach de
dhíth mar gheall air. (2)
struchtúr tánaisteach a chuir, nó is féidir a
chuir, an t‑aerárthach i mbaol; (3)
an t‑inneall, an lián nó an córas rótar
rótarárthach. (e)
Aon chliseadh, mífheidhmiú nó locht ar aon chóras
nó ar aon trealamh, nó damáiste nó meath air a fionnadh de thoradh treorach
aeracmhainneachta nó treorach sainordaithí eile arna heisiúint ag údarás
rialála a chomhlíonadh, nuair: (1)
is í an eagraíocht tuairiscithe atá ag cur chun
feidhme an chomhlíonta a bhraitheann é den chéad uair (2)
le linn aon chomhlíonta eile ina dhiaidh sin, atá
sé os cionn na dteorainneacha incheadaithe atá luaite sa Treoir agus/nó
nach bhfuil nósanna imeachta deisiúcháin/ceartúcháin le fáil. (f)
Feidhmiú neamhshásúil aon chórais nó trealaimh
éigeandála, na doirse éalaithe agus an soilsiú go léir san áireamh, fiú nuair a
úsáidtear iad chun críocha cothabhála nó tástála . (g)
Neamhchomhlíonadh nó mórearráidí a bhaineann le
comhlíonadh nósanna imeachta cothabhála a cheanglaítear. (h)
Táirgí, páirteanna, fearais agus ábhair de
thionscnamh anaithnid nó amhrasach. (i)
Sonraí nó nósanna imeachta cothabhála atá
míthreorach nó neamhleordhóthanach as a bhféadfaí earráidí cothabhála a
theacht. (j)
Aon chliseadh, mífheidhmiú nó locht ar threalamh
talún a úsáidtear chun tástáil nó seiceáil a dhéanamh ar chórais agus ar
threalamh aerárthaí i gcás nár sainaithníodh leis an ngnáthchigireacht ná leis
na nósanna imeachta tástála arna gceangal an fhadhb agus gur tháinig cúinsí
baolacha as sin. 4. SEIRBHÍSÍ AGUS SAORÁIDÍ
AERLOINGSEOIREACHTA AGUS SEIRBHÍSÍ TALÚN 4.1. Seirbhísí Aerloingseoireachta Féach Iarscríbhinn IB, liosta de tharluithe
intuairiscithe a bhaineann le Seirbhísí Aerloingseoireachta. 4.2. Aeradróm agus saoráidí
aeradróim. (a)
cailleadh cumarsáide raidió idir an fhoireann talún
agus an tseirbhís aerthráchta. (b)
cailleadh córais rabhaidh stáisiúin dóiteáin. (c)
na seirbhísí tarrthála agus comhraic dóiteáin gan a
bheith ar fáil ar an dóigh a gceanglaítear. (d)
mórathrú ar chúinsí oibríochta aeradróim as a
bhféadfadh cúinsí baolacha a theacht, agus é gan bheith tuairiscithe don
tseirbhís aerthráchta. 4.3. Láimhseáil paisinéirí,
bagáiste agus lasta (a)
Mór‑éilliú strúchtúir, córas agus trealaimh
aerárthaigh de dheasca carraeireachta bagáiste nó lasta. (b)
Luchtú mícheart paisinéirí, bagáiste nó lasta, ar
dóigh a dhéanfaidh difear mór do mhais agus/nó do chothromaíocht aerárthaigh. (c)
Stuáil mhícheart bagáiste nó lasta (lena n‑áirítear
bagáiste láimhe) is dóigh a chuirfidh an t‑aerárthach, a threalamh nó a
áititheoirí nó i mbaol nó a chuirfidh bac ar aslonnú éigeandála. (d)
Stuáil mhíchuí coimeádán lasta nó earraí
substaintiúla lasta. (e)
Carraeireacht nó iarracht ar charraeireacht earraí
contúirteacha a sháraíonn na rialacháin is infheidhme, lena n‑áirítear
lipéadú pacáistíocht mhícheart earraí contúirteacha. 4.4. Láimhseáil agus seirbhísiú
aerárthaí ar an talamh (a)
Doirteadh mór le linn oibríochtaí breoslaithe. (b)
Luchtú cainníochtaí míchearta breosla is dóigh a
dhéanfaidh difear mór do sheasmhacht, feidhmíocht, cothromaíocht nó do dhaingne
struchtúrach. (c)
Cliseadh, mífheidhm nó locht ar threalamh talún a
úsáidtear chun córais agus threalamh aerárthaí a sheiceáil nó a thástáil i gcás
nár sainaithníodh leis an ngnáthchigireacht ná leis na nósanna imeachta tástála
arna gceangal an fhadhb agus gur tháinig cúinsí baolacha as sin. (d)
Neamhchomhlíonadh nó mórearráidí a bhaineann le
comhlíonadh nósanna imeachta seirbhísithe a cheanglaítear. (e)
Luchtú breosla nó leachtanna riachtanacha eile
(lena n‑áirítear ocsaigin agus uisce inólta) atá éillithe nó den chineál
mícheart. Foscríbhinn
le Cuid A d’IARSCRÍBHINN I Sna fomhíreanna seo a leanas tá samplaí de
tharluithe intuairiscithe a thagann as cur i bhfeidhm na gcritéar ginearálta
maidir le córais shonracha atá liostaithe i mír 2.2 de Chuid A
d’Iarscríbhinn I. 1. Aerchóiriú/aeráil (a)
cailleadh iomlán an fhuaraithe eitleonaigh (b)
díbhrúchóiriú. 2. Córas uatheitilte (a)
an córas uatheitilte gan bheith in ann an oibríocht
a iarradh a dhéanamh agus é ar obair (b)
mórdheacrachtaí arna dtuairisciú a bhaineann le
feidhmiú an chórais uatheitilte, a bheith ag an bhfoireann an t‑aerárthach
a rialú (c)
cliseadh aon fhearais dínasctha de chuid an chórais
uatheitilte (d)
athrú nár ordaíodh ar an modh uatheitilte 3. Cumarsáid (a)
cliseadh nó locht ar an gcóras fógartha paisinéirí
as a dtagann cailleadh an chórais sin nó a dhéanann dochloiste é. (b)
cailleadh iomlán cumarsáide le linn eitilte. 4. Córas leictreach (a)
cailleadh córais amháin dáilte leictreachais
(AC/DC) (b)
lánchailleadh córais amháin ginte leictreachais nó
cailleadh níos mó ná ceann amháin den chineál sin córas (c)
cliseadh chórais (éigeandála) chúltaca ginte
leictreachais. 5. Cró an phíolóta/Cábán/Lasta (a)
cailleadh rialaithe ar shuíochán píolóta le linn
eitilt. (b)
cliseadh aon chórais nó aon trealaimh éigeandála,
lena n‑áirítear córas comharthaíochta iomlonnaithe éigeandála, gach doras
éalaithe, (c)
soilsiú éigeandála, etc. (d)
cailleadh acmhainne coinneála an chórais luchtaithe
lasta. 6. Córas cosanta ar dhóiteán (a)
rabhaidh dhóiteáin, seachas iad siúd a
dhearbhaítear láithreach bheith bréagach (b)
cliseadh neamhbhraite an chórais um bhraith nó
chosc dóiteáin nó toite, nó locht neamhbhraite sa chóras sin, as a bhféadfadh
laghdú ar an gcumas braite nó coisc nó cailleadh an chumais sin teacht (c)
gan rabhadh a bheith ann i gcás dóiteáin nó toite
iarbhír. 7. Rialtáin eitilte (a)
neamhshiméadracht plapaí, lataí, bacóirí etc. (b)
gluaiseacht theoranta, drochfhreagrairt nó
freagairt righin nó mall ag baint le hoibriú na bpríomhchóras rialaithe eitilte
nó na gcóras gaolmhar liopaí agus glasála (c)
oibriú ó smacht ar dromchla an rialtáin eitilte (d)
creathú ar dromchla an rialtáin eitilte a
mhothaíonn an fhoireann (e)
dínascadh nó cliseadh an rialtáin mheicníoch
eitilte (f)
trasnaíocht mhór ar ghnáthrialú an aerárthaigh nó
meath ar na cáilíochtaí eitilte 8. Córas breosla (a)
mífheidhm ar an gcóras léirithe cainníochta breosla,
rud as a dtagann lánchailleadh an léirithe cainníochta breosla ar bord nó
léiriú mícheart di (b)
sileadh breosla as ar tháinig cailleadh mór, guais
dóiteáin, éilliú mór (c)
mífheidhm nó lochtanna ar an gcóras caite breosla
thar bord as ar tháinig cailleadh neamhaireach mórchainníochta, guais dóiteáin,
éilliú guaiseach trealaimh aerárthaigh nó gan a bheith in ann breosla a
chaitheamh thar bord (d)
mífheidhmeanna nó lochtanna ar an gcóras breosla, a
rinne difear mór do sholáthar agus/nó do dháileadh breosla. (e)
gan bheith in ann an chainníocht iomlán breosla a
aistriú ná a úsáid 9. Hiodrálaic (a)
cailleadh córais hiodrálaigh amháin (ETOPS amháin) (b)
cliseadh an chórais aonraithe (c)
cailleadh níos mó ná ciorcad hiodrálach amháin (d)
cliseadh an chórais chúltaca hiodrálaigh (e)
síneadh neamhaireach aerthuirbín reithe. 10. Córas braite oighir/cosanta ar
oighear (a)
cailleadh neamhbhraite an chórais
frithoighir/dí-oighrithe nó laghdú ar a fheidhmíocht (b)
cailleadh níos mó na ceann amháin de na córais
téite tóireadóra (c)
gan bheith in ann dí‑oighriú sciatháin
siméadrach a fháil (d)
carnú oighir mínormalach as a dtagann éifeachtaí
suntasacha ar fheidhmíocht nó ar cháilíochtaí láimhseála (e)
difear beag do léargas na foirne. 11. Córais
léirithe/rabhaidh/taifeadta (a)
mífheidhm nó locht ar aon chóras léirithe nuair a
d'fhéadfaí a bheith de thoradh air go léifeadh an fhoireann táscanna mór‑mhíthreoracha
agus go dtiocfadh gníomhaíocht foirne mhíchuí ar chóras riachtanach (b)
cailleadh feidhme rabhaidh dheirg i gcóras (c)
i gcás cróite píolóta gloine: níos mó ná aonad
taispeána amháin nó ríomhaire amháin a bhaineann leis an bhfeidhm
thaispeána/rabhaidh a chailleadh nó mífheidhm a bheith air. 12. Córas/coscáin/boinn na gcos
tuirlingthe (a)
dóiteán coscán (b)
mórchailleadh oibrithe coscánaithe (c)
oibriú coscánaithe neamhshiméadrach as a dtagann
mórchlaonadh ón gconair (d)
cliseadh ar an gcóras sínte cos tuirlingthe le linn
saorthitim (lena n‑áirítear cliseadh le linn tastálacha sceidealaithe) (e)
síneadh/aistarraingt gan iarraidh na gcos
tuirlingthe nó dhoras na gcos tuirlingthe (f)
pléascadh roinnt bonn. 13. Córais loingseoireachta (lena n‑áirítear
córais ascnaimh bheachtais) agus córais sonraí aeir (a)
lánchailleadh nó ilchliseadh trealaimh
loingseoireachta (b)
lánchliseadh nó ilchliseadh trealaimh sonraí aeir (c)
táscanna míthreoracha móra (d)
mórearráidí loingseoireachta a mheastar sonraí
míchearta nó earráid chódúcháin bunachair shonraí a bheith ina gcúis leo (e)
claonta nach raibh súil leo sa chonair thaobhach nó
ingearach nach é ionchur a phíolóta ba chúis leo (f)
fadhbanna ag baint leis saoráidí loingseoireachta
ar an talamh as a dtagann mórearráidí loingseoireachta nach mbaineann le
haistrithe ón modh loingseoireachta tamhúla go dtí an modh loingseoireachta
raidió. 14. Oscsaigin le haghaidh
aerárthaí bhrúchóirithe (a)
cailleadh an tsoláthair ocsaigin i gcró an phíolóta (b)
cailleadh an tsoláthair ocsaigin ag líon mór
paisinéirí (níos mó ná 10 %), lena n‑áirítear cailleadh a fhionntar
le linn gníomhaíochtaí a atá ar siúl ar chúiseanna cothabhála, oiliúna nó
tástála. 15. Córas aeir sceite (a)
sileadh aeir sceite the as a dtagann rabhadh
dóiteáin nó damáiste struchtúrach. (b)
cailleadh na gcóras aeir sceite uile (c)
cliseadh ar an gcóras braite silidh aeir sceite. Cuid B: Liosta de teagmhais a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireacha
atá le tuairisciú Nóta 1: Cé go
bhfuil formhór na dteagmhas nach mór a thuairisciú liostaithe sa Chuid seo, ní
féidir an liosta sin a bheith go hiomlán cuimsitheach. Ní mór aon teagmhais
eile a thuairisciú a chomhlíonann na critéir dar leo siúd atá bainteach leo. Nóta 2: Ní
áirítear sa Chuid seo tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha mar atá
sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. Sa bhreis ar cheanglais
eile a chumhdaíonn fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus faoi thionóiscí
tromchúiseacha mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010,
tuairisceofar tionóiscí agus teagmhais atá tromchúiseach freisin trí na córais
thuairiscithe éigeantaigh teagmhas. Nóta 3: Áirítear
sa chuid seo teagmhais Seirbhísí Aerloingseoireachta a chuireann i mbaol
sábháilteacht eitilte nó ar féidir dóibh í a chur i mbaol, nó ar féidir dóibh
soláthar Seirbhísí Aerloingseoireachta sábháilte a lagú. Nóta 4: Ní
chuirfidh a bhfuil sa Chuid seo bac ar thuairisciú aon teagmhais, aon chúinsí
ná aon bhaile ab fhéidir a dtiocfadh guais astu maidir le sábháilteacht
aerárthaigh dá dtarlódh sé arís i gcúinsí a bheadh éagsúil ach dóchúil nó dá
bhfágfaí gan cheartú iad. (1)
Teagmhais neas‑imbhuailte (lena n‑áirítear
cúinsí sonracha ina mbraitear go bhfuil aerárthach amháin agus aerárthach
eile/an talamh/feithicil/duine/rud ró‑ghar dá chéile. (a)
sárú ar íosfhad scartha; (b)
scaradh nach leor; (c)
eitilt neasrialaithe isteach sa limistéar (gar do
CFIT); (d)
rud nó duine a bheith ar an rúidbhealach gan chead
agus gá le gníomhaíocht seachanta dá dheasca. (2)
Féidearthacht go mbeidh imbhualadh nó neas‑imbhualadh
ann (lena n‑áirítear cúinsí inar féidir go mbeidh imbhualadh nó neas‑imbhualadh,
agus aerárthach eile i gcóngar); (a)
rud nó duine a bheith ar an rúidbhealach gan chead
agus gan gá le gníomhaíocht seachanta; (b)
rud nó duine a bheith ar an rúidbhealach; (c)
claonadh aerárthaigh ó ghlanspás ATC; (d)
an t‑aerárthach gan bheith i gcomhréir leis
an rialachán maidir le bainistíocht aerthráchta (ATM) is infheidhme: (1)
claonadh aerárthaigh ó nósanna imeachta ATM
foilsithe is infheidhme; (2)
teacht isteach neamhúdaraithe in aerspás; (3)
claonadh aerárthaigh ó charraeireacht agus ó
oibríochtaí trealaimh, a údaraítear le rialachán/rialacháin is infheidhme. (3)
Teagmhais a bhaineann go sonrach le ATM (lena n‑áirítear
na cúinsí sin ina ndéantar difear don acmhainn seirbhísí sábháilte ATM a
sholáthar, lena n‑áirítear cúinsí inar cuireadh i mbaol oibriú sábháilte
an aerárthaigh de thaisme). Áireofar ann sin na teagmhais
seo a leanas: (a)
gan bheith in ann seirbhísí ATM a sholáthar: (1)
gan bheith in ann seirbhísí aerthráchta a
sholáthar; (2)
gan bheith in ann seirbhísí bainistíochta aerspáis
a sholáthar; (3)
gan bheith in ann seirbhísí bainistíochta
tráchtsreibhe a sholáthar; (b)
cliseadh ar fheidhm Cumarsáide; (c)
cliseadh ar fheidhm Faireachais; (d)
cliseadh ar fheidhm Próiseála agus Dáilte Sonraí; (e)
cliseadh ar fheidhm Loingseoireachta; (f)
slándáil córais ATM. Foscríbhinn
le Cuid A d’IARSCRÍBHINN I Sna pointí seo a leanas tá samplaí de
tharluithe ATM intuairiscithe a thagann as cur i bhfeidhm na gcritéar
ginearálta maidir le hoibríochtaí aerárthaigh atá liostaithe i mír 3 de
Chuid B d’Iarscríbhinn I. 1. Soláthar faisnéise atá go mór
mícheart, neamhleordhóthanach nó míthreorach ag aon fhoinsí talún, e.g.
seirbhís aerthráchta (ATS), seirbhís uathoibríoch faisnéise críochfoirt,
seirbhísí meitéareolaíocha, bunachair sonraí loingseoireachta, léarscáileanna,
cairteacha, seirbhís faisnéise aerloingseoireachta (AIS), lámhleabhair. 2. Soláthar glanspáis talún is
lú ná an méid a forordaíodh. 3. Soláthar sonraí míchearta i
ndáil le tagairtí brú (i.e. socrú airdemhéadair). 4. Tras‑seoladh, fáil nó
léirmhíniú mórtheachtaireachtaí atá mícheart i gcás ina dtagann cúinsí
guaiseacha as. 5. Sárú an íosfhaid scartha; 6. Teacht isteach neamhúdaraithe
in aerspás; 7. Tarchur raidióchumarsáide
neamhdhleathach. 8. Cliseadh ar shaoráidí
Seirbhísí Aerloingseoireachta talún nó satailíte. 9. Cliseadh mór ar ATC/ATM nó
meath suntasach ar bhonneagar aeradróim. 10. Aerárthaí, feithiclí,
ainmhithe, daoine nó réada coimhthíocha ina mbac ar limistéir ghluaiseachta
aeradróim agus/nó ar áiseanna loingseoireachta, as a dtagann cúinsí guaiseacha
nó cúinsí is féidir a bheith guaiseach. 11. Earráidí nó easpaí maidir le
marcáil bac ar limistéir ghluaiseachta aeradróim agus/nó ar áiseanna
loingseoireachta, as a dtagann cúinsí guaiseacha nó cúinsí is féidir a bheith
guaiseach. 12. Cliseadh nó mífheidhm
shuntasach ar shoilse aeradróim nó gan iad a bheith ar fáil. Iarscríbhinn
II: Liosta spriocamanna agus ceanglas is infheidhme MAIDIR LEIS an scéim UM
tHuairisciÚ SAINORDAITHEACH tarluithe 1. Spriocam tuairiscithe 1.1. Riail ghinearálta Is í an uastréimhse a bhfuil tarlú le tuairisciú
laistigh di i gcomhreir le hAirteagal 4 72 uair an chloig. 1.2. Cásanna sonracha (a)
I gcás "neas‑imbhualadh le fearas eile
eitilte ; nósanna imeachta aerthráchta fabhtacha nó na seirbhísí aerthráchta nó
an fhoireann eitilte gan a bheith ag comhlíonadh nósanna imeachta is
infheidhme; cliseadh ar shaoráidí aerthráchta" de réir Rialachán Uimh. 859/2008[22]
(AE‑OPS) 1.420 (d) 1, déanfar an tuairisc gan mhoill. (b)
I gcás guaise éan féideartha, de réir
Rialachán Uimh. 859/2008 (AE‑OPS) 1.420 (d) 3, déanfar an
tuairisc gan mhoill. (c)
I gcás imbhuailte éan as a dtagann mórdhamáiste don
aerárthach nó cailleadh nó mífheidhm aon seirbhíse riachtanaí, de réir
Rialachán Uimh. 859/2008 (AE‑OPS) 1.420 (d) 3, déanfar an
tuairisc gan mhoill. (d)
I gcás cur isteach neamhdhleathaigh ar bord
aerárthaigh, de réir Rialachán Uimh. 859/2008 (AE‑OPS) 1.420
d) 5, déanfar an tuairisc gan mhoill. (e)
I gcás baile a d'fhéadfadh bheith guaiseach amhail
míréireacht i saoráid talún nó loingseoireachta, Rialachán Uimh. 859/2008
(AE‑OPS) 1.420 (d) 6, déanfar an tuairisc a luaithe is féidir é. 2. Réimsí sonraí sainordaitheacha 2.1. Réimsí sonraí coiteanna I ngach tuairisc tarlaithe a bhaileofar chun Airteagal 4
agus Airteagal 5 a chur i bhfeidhm beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a
laghad: (1)
Teideal ·
Teideal (2)
Faisnéis Chomhdúcháin ·
Eintiteas Fhreagrach ·
Uimhir Chomhaid ·
Stádas an Tarlaithe (3)
Am ·
Dáta Áitiúil ·
Am Áitiúil ·
Dáta UTC ·
Am UTC (Mura roghnaítear ach dáta/am
amháin, roghnaítear dáta/am UTC) (4)
Áit ·
Staid/Limistéir an Tarlaithe ·
Áit an Tarlaithe (5)
Aicmiú ·
Aicme an Tarlaithe ·
Catagóir an Tarlaithe (6)
Déine ·
Damáiste Is Mó ·
Leibhéal Gortaithe ·
Damáiste Tríú Páirtí – (Réimse a mholtar – Níl sin
ábhartha i ngach cás) ·
Damáiste don Aeradróm – (Réimse a mholtar – Níl sin
ábhartha i ngach cás) (7)
Baint le ATM (más ábhartha) ·
Difear a rinne ATM (8)
Aimsir (más ábhartha) ·
A Bhaineann le hAimsir Más ea ·
Cúinsí Aimsire ·
Cúinsí Solais ·
Luas Gaoithe ·
Infheictheacht ·
Teocht Aeir (9)
Insint ·
Teanga na hInsinte ·
Insint (10)
Tarluithe ·
Cineál an Tarlaithe ·
Céim an Tarlaithe (11)
Aicmiú riosca 2.2. Réimsí sonraí sonracha I gcás ina mbaineann an tarlú le
haerárthach, saineofar an fhaisnéis seo a leanas: (1)
Aitheantas an aerárthaigh ·
Stát a Chláraithe ·
Deantús/Samhail/Sraith ·
Uimhir sraithe an aerárthaigh ·
Clárúchán an Aerárthaigh (2)
Oibriú an aerárthaigh ·
An tOibreoir ·
An Cineál Oibreora (3)
Tuairisc an Aerárthaigh ·
Catagóir an Aerárthaigh ·
Cineál Tiomána ·
Líon Inneall ·
Grúpa Maise (4)
Stair Eitilte ·
Pointe Imeachta Deireanach ·
Ceann Scríbe Beartaithe ·
Céim na hEitilte ·
Tarlú ar an Talamh ·
Cineál Tuirlingthe – (Réimse a mholtar – Níl sin
ábhartha i ngach cás) ·
Áit Tuirlingthe – (Réimse a mholtar – Níl sin
ábhartha i ngach cás) (5)
ATS ·
Rialacha Eitilte Comhaimseartha ·
Cineál Comhaimseartha Tráchta Iarscríbhinn
III: liosta DE na páirtithe leasmhara (a)
Liosta de na páirtithe leasmhara a
fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le cás ar leith i
gcomhréir le hAirteagal 11(4) nó ar bhonn cinnidh ghinearálta faoi Airteagal 11(6) 1. Monaróirí: dearthóirí
agus monaróirí aerárthaí, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaigh
dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna Bainistíochta Aerthráchta
(ATM) dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna Bainistíochta
Aerthráchta (ATM) dearthóirí agus monaróirí córas agus cineálacha trealaimh a
úsáidtear ar thaobh an aeir d’aeradróim 2. Cothabháil: eagraíochtaí lena
mbaineann cothabháil nó imchóiriú aerárthaí, inneall, lián agus páirteanna agus
fearas aerárthaí; lena mbaineann suiteáil, modhnú, cothabháil, deisiú,
imchóiriú, seiceáil eitiltí nó cigireacht ar shaoráidí aerloingseoireachta; nó
lena mbaineann cothabháil nó imchóiriú córas thaobh an aeir, comhpháirteanna
agus trealamh aeradróim 3. Oibreoirí: aerlínte agus
oibreoirí aerárthaí agus comhlachais aerlínte agus oibreoirí; oibreoirí
aeradróm agus comhlachais oibreoirí aeradróm 4. Soláthróirí seirbhísí
aerloingseoireachta agus soláthróirí feidhmeanna a bhaineann go sonrach le ATM 5. Soláthróirí seirbhísí
aeradróim: eagraíochtaí a bhfuil láimhseáil aerárthaí ar an talamh de chúram
orthu, lena n‑áirítear breoslú, seirbhísiú, ullmhú bileog lóid, luchtú
agus tarraingt ag aerfort, maille le tarrtháil agus comhrac dóiteán, nó
seirbhísí éigeandála eile 6. Eagraíochtaí oiliúna
eitlíochta 7. Eagraíochtaí tríú tíortha:
údaráis eitlíochta rialtais agus údarás fiosraithe tionóiscí ó thríú tíortha 8. Eagraíochtaí idirnáisiúnta
eitlíochta 9. Taighde: saotharlanna,
lárionaid nó eintitis taighde poiblí agus príobháideacha; nó ollscoileanna atá
ag déanamh taighde nó staidéar ar an tsábháilteacht eitlíochta (b)
Liosta de na páirtithe leasmhara a
fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le cás ar leith i
gcomhréir le hAirteagal 11(4) agus Airteagal 11(5) 1. Píolótaí 2. Rialaitheoirí aerthráchta (ar
bhonn pearsanta) agus comhaltaí foirne ATM/SEIRBHÍSÍ AERLOINGSEOIREACHTA eile
atá ag déanamh cúraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht 3. Innealtóirí/teicneoirí/foireann
leictreonaice sábháilteachta aerthráchta/bainisteoirí eitlíochta nó aeradróim
(ar bhonn pearsanta) 4. Comhlachtaí
ionadaíochta gairmiúla d'fhoireann a mbíonn cúraimí sábháilteachta orthu IARSCRÍBHINN
IV: Iarraidh ar fhaisnéis ón stór lárnach Eorpach 1. Ainm: Feidhm/post Cuideachta: Seoladh: Teileafón: Seoladh ríomhphoist: Dáta: Cineál an Ghnó: An catagóir páirtí leasmhara lena
mbaineann tú (féach Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. …/… ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar thuairisciú tarluithe i réimse na
heitlíochta sibhialta): 2. An fhaisnéis atá á
hiarraidh (más é do thoil é, bí chomh sonrach agus is féidir san iarraidh
agus luaigh an dáta/tréimhse ábhartha atá uait): 3. Fáth na hiarrata: 4. Mínigh cad chuige na
faisnéise: 5. An dáta a bhfuil an fhaisnéis
de dhíth roimhe: 6. Ba cheart an fhoirm, agus í
líonta, a sheoladh, trí ríomhphost, chuig: (pointe teagmhála) 7. Rochtain ar fhaisnéis Ní cheanglaítear ar an bpointe teagmhála aon
fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an pointe teagmhála sin a
dhéanamh ach amháin má tá sé deimhneach go bhfuil an iarraidh i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir
le tuairisciú tarluithe i réimse na heitlíochta sibhialta. Geallann t‑iarrthóir
nach n‑úsáidfidh sé ná a eagraíocht an fhaisnéis ach chun na críche a
ndearna sé tuairisc air faoi phointe 4. Meabhraítear freisin nach
gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn na hiarrata seo ar fáil ach
chun críocha sábháilteachta eitilte dá bhforáiltear in Rialachán (AE) Uimh. …/…
agus ní chun críocha eile amhail milleán nó dliteanas a shannadh nó chun
críocha tráchtála. Níl cead ag an iarrthóir an fhaisnéis a
sholáthraítear a nochtadh d'aon duine gan toiliú scríofa an tsoláthróra Mura gcomhlíonfar na ceanglais thuasluaite,
féadfar rochtain ar fhaisnéis bhreise ón Stór Lárnach Eorpacha a dhiúltú agus,
más infheidhme, aon smachtbhannaí a ghearradh ar an iarrthóir. 8. Dáta, áit agus síniú: RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. CREAT AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
tuairisciú ar tharluithe lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010
agus lena n‑aisghairtear Treoir Uimh. 2003/42/CE, Rialachán ón
gCoimisiún (CE) Uimh. 1321/2007 agus Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1330/2007 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[23] 0602
: Iompar intíre, aeriompar, agus iompar ar muir 1.3. Cineál an
togra Baineann
an togra/tionscnamh le beart nua Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann
treoirthionscadal/réamhbheart[24] Baineann an togra/tionscnamh le síneadh
ar ghníomhaíocht atá ann cheana Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo
gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra dírithe "Iompar
atá sábháilte agus slán a chur chun cinn" (Cuspóir sonrach 2 de chuid
Phlean Bainistíochta 2012 DG MOVE, iompar intíre, aeriompar agus iompar ar
muir). Tá
sé de chuspóir ag beartais DG MOVE seirbhísí iompair a sholáthar do shaoránaigh
na hEorpa atá iomaíoch, inbhuanaithe, slán agus sábháilte. Is príomheilimint í
earnáil an iompair de straitéis 2020 an Choimisiúin. Faoin
gcuspóir ginearálta seirbhísí iomaíocha iompair a sholáthar do shaoránaigh na
hEorpa chun go gcuirfear le fás agus le poist, tá an togra le haghaidh
Rialacháin maidir le tuairisciú ar tharluithe laistigh den ghníomhaíocht ABB
"iompar intíre, aeriompar agus iompar ar muir" ina cuidiú díreach an
cuspóir sainiúil iompar atá slán sábháilte a chur chun cinn. 1.4.2. Cuspóir sonrach agus
gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Na
gníomhaíochtaí ar leibhéal an AE a bhaineann le tuairisciú ar tharluithe a
neartú agus a chur ar bhonn foirmiúil, go háirithe an anailís ar fhaisnéis
sábháilteachta atá sa Stór Lárnach Eorpach chun a chinneadh, go speisialta, cé
na príomhréimsí riosca san Aontas. Is
í Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na Eorpa a chomhordóidh na
gníomhaíochtaí. Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann: Caibidil 0602:
Iompar intíre, aeriompar, agus iompar ar muir 1.4.3. Torthaí agus tionchar a
bhfuiltear ag súil leo Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Dá
ndéanfaí anailís ar na sonraí atá sa Stór Lárnach Eorpach ar leibhéal an
Aontais agus dá gcuirfí Líonra na nAnailíseoirí ar bhonn foirmiúil, ghnóthófaí
na sochair seo a leanas: -
Shainaithneofaí fadhbanna sábháilteachta eitlíochta is féidir a bheith ann agus
na príomhréimsí riosca ar leibhéal an Aontais; -
D’fhéadfadh an tAontas Eorpach a chuid iarrachtaí a bhunú ar shonraí; -
Thabharfaí tacaíocht don Chlár Sábháilteachta Eitlíochta Eorpach (EASP) agus
don Phlean Sábháilteachta Eitlíochta Eorpach (EASp); Chuideofaí
leis na Ballstáit a n‑oibleagáidí féin a chomhlíonadh, go háirithe trí
rochtain a thabhairt dóibh ar thacar níos leithne sonraí. 1.4.4. Táscairí torthaí agus
tionchair Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Neamhbhainteach 1.5. An foras atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Rannchuidiú
leibhéal níos airde sábháilteachta eitlíochta sibhialta a bhaint amach. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Comhordaíonn
agus comhlánann gníomhaíocht an AE gníomhaíochtaí na mBallstát. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Neamhbhainteach 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Neamhbhainteach 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bhfuil fad teoranta
leis –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB Togra/tionscnamh a bheidh i
bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta –
cuirfear tús lena chur i bhfeidhm le linn na
tréimhse tosaigh 2014 go BBBB –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[25] ¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún Bainistíocht
indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin – comhlachtaí a chur na Comhphobail[26]
ar bun (an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta) –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
seirbhíse poiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha
¨ (Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa
Roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí Chun cuspóir
sonrach Uimh. 1 a bhaint amach, is gá go háirithe acmhainní breise daonna
a thabhairt do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa agus meastar
gur beirt a bheidh de dhíth (EUR 300,000 in aghaidh na bliana lena n‑áirítear
2 x EUR 130 000 ar an líne buiséid “caiteachas ar fhoireann”
agus 2 x EUR 20 000 ar an líne buiséid “caiteachas ar bhonneagar agus
caiteachas oibriúcháin”). Úsáidfear buiséad misin breise EUR 40 000
chun tacú leis na Ballstáit ar an láthair agus úsáidfear €25 000 chun tacú
le gníomhaíochtaí for‑rochtana amhail saotharlanna agus seimineáir ar fud
na hEorpa. Dá bhrí sin,
EUR 365 000 san iomlán a bheidh sna costais bhreise bhuiséid a
mheastar a bheith leis an EASA, agus cumhdóidh athlonnadh laistigh de na
hacmhainní atá ag an ngníomhaireacht faoi láthair an tsuim sin go hiomlán. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Gach
bliain, déantar faireachán ar obair an EASA agus déantar meastóireacht ar an
obair sin sa tuarascáil ghinearálta bhliantúil (don bhliain roimhe sin) agus sa
chlár oibre (don chéad bhliain eile). Is é Bord Bainistíochta na
Gníomhaireachta a ghlacann an dá dhoiciméad seo agus cuirtear iad chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt
Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit. Déantar
meastóireacht sheachtrach neamhspleách gach cúig bliana chun a mheas cé chomh
maith agus atá a cúraimí á gcomhlíonadh ag an EASA agus chun meastóireacht a
dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag rialacha coiteanna agus ag obair na
Gníomhaireachta ar an leibhéal ginearálta sábháilteachta san eitlíocht. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Neamhbhainteach 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Gach
bliain, déanfar faireachán agus meastóireacht ar obair an EASA sa tuarascáil
ghinearálta bhliantúil (don bhliain roimhe sin) agus sa chlár oibre (don chéad
bhliain eile). Is é Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta a ghlacfaidh an dá
dhoiciméad seo agus cuirfear iad chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an
gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na
Ballstáit. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Is
é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta i ngníomh.
Tíolacfaidh sé don Choimisiún, don Chúirt Bhreithiúnais agus do Bhord
Bainistíochta na Gníomhaireachta, uair sa bhliain, cuntais mhionsonraithe don
bhliain roimhe sin ina léireofar ioncam agus caiteachas. Lena chois sin, beidh
na téarmaí tagartha céanna in úsáid ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin agus
é ag déanamh iniúchta ar an EASA agus ar ranna an Choimisiúin, agus beidh córas
iniúchta inmheánaigh ag an nGníomhaireacht cosúil leis an gcóras atá ag an
gCoimisiún. Beidh
feidhm gan srian maidir leis an EASA ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir
le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)[27],
agus ag an gcomhaontú idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir
le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag OLAF. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceanteidteal/Ceannteidil an
chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a n‑imreofar
tionchar (creat airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020) · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil (2014-2020). Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál caiteora || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([28]) || ó thíortha CSTE[29] || ó thíortha is iarrthóirí[30] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1 || (Nua) 06.02.02 fóirdheontais an EASA || LD/LN || IS FÉIDIR || NÍL[31] || NÍL || NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas[32] EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Fás cliste agus cuimsitheach Ard‑Stiúrthacht: MOVE || || || Bliain 2014 N[33] || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || Bliain N + 4 agus ina dhiaidh sin (neamhchinntithe) || IOMLÁN Leithreasuithe oibríochtúla || || || || || || Líne Buiséid: new 06.02.02 || Ceangaltais || (1) || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || Íocaíochtaí || (2) || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || || Leithreasuithe de chineál riaracháin arma maoiniú ó chlúdach clár sonrach[34] || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe do DG MOVE || Ceangaltais || =1+1a +3 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Ceangaltais || (4) || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || Íocaíochtaí || (5) || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe faoi THEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Ceangaltais || =4+ 6 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || 0.365 || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin "[35] EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2014 N || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || cuir isteach an méid blianta agus is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6) || IOMLÁN DG: <…….> || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG <….> || Leithreasuithe || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe faoi THEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán na nceangaltas = Iomlán na n‑íocaíochtaí) || || || || || || || || EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2014 N[36] || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || cuir isteach an méid blianta agus is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6) || IOMLÁN IOMLÁN na leithreasuithe faoi THEIDIL 1 go dtí 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Ceangaltais || || || || || || || || Íocaíochtaí || || || || || || || || 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe
faoi chomhair oibríochtaí – Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair ceangaltas in EUR
milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N[37] || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || Bliain N + 4 agus ina dhiaidh sin (neamhchinntithe) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[38] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑ascur || Costas || Líon na n‑ascur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Iomlán iomlán CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[39]… || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || Féach || 0.365 || || 0.365 || || 0.365 || || 0.365 || || 0.365 || 0.365 || || COSTAS IOMLÁN || || 0.365 || || 0.365 || || 0.365 || || 0.365 || 0.365 || || * Tá an t‑aschur dochainníochtaithe agus
sainítear é mar "an méid a chuirtear le feabhsú sábháilteachta
eitlíochta". 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
Ní
éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál
riaracháin –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain 2014 N [40] || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || cuir isteach an méid blianta agus is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6) || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo‑iomlán CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais bliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riarthach || || || || || || || || Fo‑iomlán Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[41] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || || 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach –
Ní
éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar
a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || Bliain 2014 N || Bliain 2014 N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || cuir isteach an méid blianta agus is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6) Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[42] XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 yy[43] || - sa Cheanncheathrú[44] || || || || || || || i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || Is é XX an réimse beartais nó an
ceannteideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna le foireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe
laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun na
bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil
i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha atá le bheith ann –
Tá
an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil nua
2014-2020[45]. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[46]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2014 N || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || cuir isteach an méid blianta agus is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLáN na leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra
ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[47] Bliain 2014 N || Bliain 2014 N+1 || Bliain 2014 N+2 || Bliain 2014 N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar
orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. [1] Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú ar tharluithe in
eitlíocht shibhialta; IO L 167, 4.7.2003, Lch. 23. [2] Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1321/2007
an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis
a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta a chomhtháthú i stór lárnach, IO
L 294 an 13.11.2007, Lch. 3; agus Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1330/2007
an 24 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme
maidir le faisnéis ar tharluithe eitlíochta sibhialta a scaipeadh ar pháirtithe
leasmhara, IO L 295 an 14.11.2007, Lch. 7. Treoir 2003/42/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir
le tuairisciú ar tharluithe in eitlíocht shibhialta; IO L 167, 4.7.2003,
Lch. 23. [2] Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1321/2007 an 12 Samhain 2007
lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le
tarluithe eitlíochta sibhialta a chomhtháthú i stór lárnach, IO L 294 an
13.11.2007, Lch. 3 agus Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1330/2007
an 24 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme
maidir le faisnéis ar tharluithe eitlíochta sibhialta a scaipeadh ar pháirtithe [3] Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí
agus teagmhais in eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n‑aisghairtear
Treoir 94/56/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE; IO L 295,
12.11.2010, Lch. 35. [4] COM/2011/0144 final. [5] COM/2011/0670 final. [6] Tá achoimre an gcomhairliúchán ar fáil ar an leathanach
gréasáin: http://ec.europa.eu/transport/air/consultations/2011_01_09_occurence_en.htm. [7] Cinneadh ón gCoimisiún an
20 Bealtaine 1998 maidir le bunú Cistí Earnála Idirphlé lena gcuirtear
Idirphlé chun cinn idir na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach; IO L 225,
12.8.1998, Lch. 27. [8] Tá achoimre an chruinnithe agus na conclúidí arna
nglacadh ar fáil ar an leathanach gréasáin a leanas: http://ec.europa.eu/transport/modes/air/events/2012-04-19-seminar-aviation‑safety_en.htm.
[9] IO C , , Lch. . [10] IO C , , Lch. . [11] IO C , […], Lch. […]. [12] IO L 295, 12.11.2010, Lch. 35. [13] IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13. [14] IO L 281, 23.11.1995, Lch. 31. [15] IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1. [16] IO L 145, 31.5.2001, Lch. 43. [17] IO L 167, 4.7.2003, Lch. 23. [18] IO L 294, 13.11.2007, Lch. 3. [19] IO L 295, 14.11.2007, Lch. 7. [20] Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le
rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
(Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE); IO L 293, 31.10.2008, Lch. 3. [21] Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha
comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear
Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, agus lena n‑aisghairtear
Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE); IO L 79, 19.3.2008, Lch. 1. [22] Rialachán (CE) Uimh. 859/2008 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2008
lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh 3922/91 ón gComhairle maidir le
ceanglais teicniúla agus nósanna imeachta coiteanna is infheidhme maidir le
iompar tráchtála le heitleán; IO L 254, 20.9.2008, lch 1. [23] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [24] Dá dtagraítear dó in Airteagal 49(6)(a)
nó (b) den Rialachán Airgeadais. [25] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [26] Dá dtagraítear in Airteagal 185
den Rialachán Airgeadais. [27] IO L 136, 31.5.1999, Lch. 1. [28] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN =
Leithreasuithe neamhdhifreáilte [29] Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [30] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na
Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí [31] Rannpháirtíocht tríú tíortha Eorpacha
a bhfuil baint acu leis an nGníomhaireacht (an Eilvéis, an Iorua agus an
Íoslainn). [32] Cumhdóidh athlonnú na suimeanna seo. [33] Má ghlactar leis gurb í bliain N
2014, an bhliain a d'fhéadfaí é a ghlacadh [34] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [35] Níl aon chaiteachas riaracháin ann do
DG MOVE. [36] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear
tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [37] Má ghlactar leis gurb í bliain N
2014, an bhliain a d'fhéadfaí é a ghlacadh. [38] Is iad na haschuir táirgí agus seirbhísí
atá le soláthar (e.g.: líon
malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon km de bhóithre arna dtógáil). [39] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí
sonracha…" [40] Is í bliain N an bhliain a chuirtear
tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [41] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [42] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta
("Intérimaire"); JED =
"Jeune Expert en Délégation" (Saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [43] Faoi bhun na huasteorann do
phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte
"BA"). [44] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha,
an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste
Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [45] Tá plé ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (2014-2020) ar
siúl fós. [46] Féach pointí 19 agus 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach [47] A fhad a bhaineann le hacmhainní
dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na
méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus
25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.