EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0643

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe

/* COM/2012/0643 final - 2012/0305 (COD) */

52012PC0643

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe /* COM/2012/0643 final - 2012/0305 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tuairisc ar an bhfadhb agus cuspóirí

Iarrtar leis an gcomhdhearcadh eolaíoch idirnáisiúnta méadú teochta domhanda a theorannú go dtí 2˚C chun tionchar aeráide neamh-inmhianaithe a sheachaint[1]. Maidir leis an gcuspóir sin, tá iarrtha ag an gComhairle Eorpach astaíochtaí gás ceaptha teasa san AE a laghdú 80‑95 % faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 1990 i gcomhthéacs gníomhaíochta comhchosúla i dtíortha forbartha. Léirítear i dTreochlár um Gheilleagar Ísealcharbóin an AE[2], chun an cuspóir sin a bhaint amach ar an gcostas is ísle, nach mór do gach earnáil agus gach gás ceaptha teasa bheith san áireamh, lena n-áirítear gáis cheaptha teasa fhluairínithe (gáis-F) arbh fhéidir lena bpoitéinseal téimh bheith 23000 oiread níos cumhachtaí ná dé-ocsaíd charbóin (CO2).

I Meán Fómhair 2011 d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil[3] maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 842/2006[4]. Is é an conclúid a bhí air go bhféadfadh laghdú suntasach astaíochtaí teacht as an Rialachán dá mba rud é go ndéanfaí tuilleadh leasaithe air agus go gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán é. Luadh fosta gur ghá tuilleadh a dhéanamh chun laghdú breise a dhéanamh ar astaíochtaí gáis-F san AE. Trína áirithiú go gcuirtear roghanna malartacha slána isteach in ionad gás‑F nach mbíonn aon tionchar acu nó nach mbíonn ach tionchar laghdaithe acu ar an aeráid, d'fhéadfaí astaíochtaí bliantúla a áirítear de réir a gcoibhéise i CO2 a ghearradh faoi dhá thrian faoi 2030 ar chostas measartha íseal[5].

I gcás luathghníomhaíochta chun feidhm a bhaint as roghanna lacáiste atá réasúnta saor le haghaidh Gás‑F, is léir go ndéanfadh sí costais níos airde a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil le laghdú ar gháis cheaptha teasa eile a sheachaint[6]. Tá luaite ag roinnt páirtithe leasmhara[7], áfach, go bhfuil sé deacair teicneolaíochtaí malartacha atá "níos glaise" a thabhairt chun margaidh faoi ghnáthdhálaí margaidh. Sa Danmhairg, ar an taobh eile, áit a bhfuil rialacha náisiúnta níos déine ar gháis‑F i bhfeidhm, d'éirigh le gnólachtaí nuathionscanta agus le FBManna teicneolaíochtaí nua glasa a nuáil agus a thabhairt chun margaidh, rud a rinne ceannairí margaidh díobh.

Sa chomhthéacs sin, tá sé mar aidhm ag an togra seo:

(1) Ionad Rialachán (EC) Uimh. 842/2006 a ghabháil maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe chun rannchuidiú níos éifeachtaí ó thaobh costais de a áirithiú chun cuspóirí aeráide an AE a bhaint amach trí úsáid gás‑F a bhfuil tionchar mór acu ar an aeráid a dhíspreagadh agus roghanna malartacha slána atá tíosach ar fhuinneamh a spreagadh, agus tuilleadh leasaithe a dhéanamh ar shrianadh agus ar chóireáil táirgí agus trealaimh a bhfuil a ré caite agus ina bhfuil gáis-F;

(2) Cur le fás inbhuanaithe, nuálaíocht a spreagadh agus teicneolaíochtaí glasa a fhorbairt trí dheiseanna margaidh a fheabhsú do theicneolaíochtaí malartacha agus do gháis a bhfuil tionchar íseal acu ar an aeráid;

(3) An AE a chur i gcomhréir leis na torthaí eolaíochta is déanaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, de réir mar a thuairiscítear sa Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe ó IPCC na NA, m.sh. maidir leis na substaintí a chumhdaítear sa Rialachán seo agus lena bpoitéinseal téimh dhomhanda a ríomh;

(4) Cuidiú le teacht ar chomhdhearcadh ar chomhaontú idirnáisiúnta chun hidreafluaracarbóin (HFCanna), an grúpa gás‑F is ábhartha, a laghdú go céimseach faoi Phrótacal Montréal;

(5) Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a shimpliú agus a shoiléiriú chun an t-ualach riaracháin a laghdú de réir ghealltanas an Choimisiúin i ndáil le rialáil níos fearr.

Cúlra

De réir an bhealaigh chost-éifeachtúil chun geilleagar an AE a dhícharbónú, ba cheart astaíochtaí gás‑F a laghdú tuairim is 70-78 % faoi 2050 agus 72-73 % faoi 2030 ar imeallchostas lacáiste isteach agus amach le 50 EUR in aghaidh an tona de choibhéis CO2.2 San iomlán, is ionann gáis-F agus 2 % de na gáis cheaptha teasa ar fad san AE inniu ach tá poitéinseal téite atmaisféir i bhfad níos láidre acu ná CO2. Úsáidtear iad i réimse trealaimh chuisniúcháin agus aerchóiriúcháin, i gcúrinslithe agus i dtrealamh leictreach, spraeanna aerasóil, mar thuaslagóirí nó i gcórais chosanta ar dhóiteáin. Tarlaíonn astaíochtaí go príomha le linn úsáidí astaithe (spraeanna aerasóil nó tuaslagóirí mar shampla) nó de bharr sceite le linn oibriú agus diúscartha táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis-F.

D'fhorbair an earnáil tionsclaíochta gáis-F mar ionadaithe ar shubstaintí a ídíonn an t-ózón atáthar a laghdú go céimseach faoi Phrótacal Montréal. De bharr tuilleadh rachmais agus fáis ar an daonra, díoltar níos mó táirgí agus trealaimh a bhíonn ag brath ar gháis‑F nó ar shubstaintí a ídíonn an t-ózón. Dá thoradh sin, tá méadú géar tagtha ar fud an domhain ar tháirgeadh agus ar úsáid gás‑F ó 1990 i leith agus beidh, mura dtugtar aghaidh air, astaíochtaí nach beag ann san atmaisféar dá bharr. Ó tharla gur minic a bhíonn saol fada ag táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis-F, i gcás nach dtugtar faoi ghníomhaíocht inniu, leanfar d'astaíochtaí arda a d'fheadfaí a chosc, go ceann blianta fada romhainn.

Díríonn an Rialachán reatha maidir le gás‑F isteach go príomha ar shrianadh agus ar phróiseáil deiridh ré táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis-F. Táthar ag dréim le go ndéanfaidh beartais reatha an AE maidir le gás‑F astaíochtaí gáis-F a chobhsú, má chuirtear easnaimh i gcur i bhfeidhm beart áirithe ina gceart. Ní cosúil, áfach, go mbeidh laghdú ar astaíochtaí ann i ndearbhthéarmaí murab é go gcuirtear tuilleadh bearta chun feidhme.

Níl ach roinnt beart i bhfeidhm chun úsáid gás‑F a sheachaint faoi láthair. Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, i mbeagnach gach earnáil ina n-úsáidtear gáis-F, is féidir roghanna malartacha atá slán agus ar a laghad chomh tíosach céanna ar fhuinneamh a chur isteach go hiomlán nó go páirteach ina n-ionad. Ní mór do bhearta beartais, áfach, tabhairt san áireamh go mbaineann sé seo le hiliomad cineálacha táirgí agus trealaimh agus is féidir go mbraithfidh an indéantacht theicniúil agus costais agus sochair gáis-F a mhalartú ar mhéid an táirge nó an trealaimh agus ar an áit ina n‑úsáidfear é.

Go hidirnáisiúnta, táthar ag tabhairt aghaidh ar fhadhb mhéadaitheach na n-astaíochtaí gás‑F. In 2009, 2010, 2011 agus 2012 chuir roinnt rannpháirtithe i bPrótacal Montréal tograí isteach maidir le soláthar agus tomhaltas HFCanna a laghdú go céimseach ar fud an domhain. Bheifí ag dréim go mbeadh laghdú céimseach domhanda de bharr na mbeart dá bhforáiltear faoin Rialachán seo de réir na dtograí reatha faoi Phrótacal Montréal agus go mbeadh an AE, dá bhrí sin, ullamh d'oibleagáidí dá sórt amach anseo. Tá tacaíocht tugtha ag an AE do na tograí sin mar chomhlánú ar ghníomhaíocht chun athrú aeráide a mhaolú faoi Chreat‑Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (CCNAAA)[8]. Is beag dul chun cinn atá déanta san idirbheartaíocht go dtí seo mar gur dhiúltaigh an tSín, an India, an Bhrasaíl agus tíortha eile an t-ábhar a phlé faoi Phrótacal Montréal. Mar sin féin, thug Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe (Rio+20) a tacaíocht le fios le déanaí do laghdú céimseach ar thomhaltas agus ar tháirgeadh HFCanna[9].

Lena chois sin, bunaíodh an Chomhghuaillíocht um Aeráid Ghlan agus Aer Glan chun Truailleáin Aeráide Ghearrbheatha a Laghdú in 2012. Chuaigh an G8, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (CTNA), an Banc Domhanda, agus an Coimisiún Eorpach isteach ann. Tosaíocht le haghaidh gníomhaíochta is ea astaíochtaí HFCanna [10]. D'iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile ar ghníomhaíocht uaillmhianach ar gháis‑F, go háirithe ar HFCanna[11].

Baineann reachtaíocht reatha an AE maidir le gáis-F le dhá phríomhghníomh reachtúla:

(1) Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ina ndírítear ar sceitheadh a chosc le linn úsáide (srianadh) agus ag deireadh ré (go príomha) trealaimh do-aistrithe agus ar líon teoranta toirmeasc ar ghás-F a bhaineann le feidhmeanna nideoige a bhfuil míniú cúng orthu (an Rialachán maidir le gás‑F).

(2) Treoir 2006/40/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach srianta ar úsáid gás‑F a bhfuil potéinseal téimh dhomhanda iontu atá níos mó ná 150 i gcórais aerchóiriúcháin mótarfheithiclí nua (an Treoir CAM).

Comhlánaítear Rialachán (EC) Uimh. 842/2006 le deich Rialachán ón gCoimisiún lena mbunaítear formáid na dtuarascálacha[12], cineál na lipéad agus ceanglais bhreise maidir le lipéadú[13], gnáthcheanglais maidir le maoirseacht ar sceitheadh[14], [15],ceanglais maidir le cláir oiliúna agus deimhniúcháin[16], [17], [18], [19], [20]agus an fhormáid lena dtuairisciú[21].

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Leagtar amach ceart an Aontais Eorpaigh gníomhú sa réimse seo in Airteagal 191 agus Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tagraítear go sonrach in Airteagal 191 don chuspóir athrú aeráide a chomhrac mar chuid de bheartas comhshaoil an AE. Urramaíonn gníomhaíocht sa réimse sin prionsabal na coimhdeachta go hiomlán. Is saincheist trasteorann í athrú aeráide a éilíonn gníomhaíocht ar bhonn an AE uile, go háirithe ó tharla go bhfuil sprioc comhchoiteann maidir le laghdú astaíochtaí ag an AE.

Tá na laghduithe cost-éifeachtúla ar astaíochtaí atá beartaithe ag teacht leis an mbealach atá leagtha amach i dTreochlár Ísealcharbóin 2050 an AE. Cabhrófar le hiomaíocht sa gheilleagar Eorpach le tacaíocht do roghanna malartacha nua agus tacófar le fás glas go háirithe, ar aon dul le tosaíocht AE 2020 maidir le fás inbhuanaithe[22]. Tugtar isteach bearta chun leasanna FBManna a chosaint amhail 'Smaoinigh go beag ar dtús'[23], agus san am céanna tugtar aird ar leith ar thionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an obair atá déanta ag an AE chun dearadh éiceolaíoch[24] agus éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh[25]. Ar deireadh, tá sé mar aidhm ag an togra an reachtaíocht a shimpliú agus an t-ualach riaracháin d'údaráis phoiblí (san AE nó go náisiúnta) agus do chuideachtaí a choinneáil chomh beag agus is féidir.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus bailiú agus úsáid saineolais

Tá comhairle fhairsing theicniúil bailithe ag an gCoimisiún ó roinnt staidéar saineolaithe[26], [27], [28], [29] lena n-áirítear staidéar cuimsitheach ullmhúcháin5 le haghaidh athbhreithniú Rialachán (CE) Uimh. 842/2006. Iarradh ar ghrúpa saineolaithe de 47 ball ó earnálacha éagsúla tionsclaíochta, ó na Ballstáit agus ó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Treoir agus cabhair theicniúil a thabhairt chun an staidéar seo a dhéanamh. Rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde anailís mhaicreacnamaíoch ar na roghanna beartais freisin.

Thug an Coimisiún faoi chomhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí ar líne a mhair trí mhí ó 26 Meán Fómhair go 19 Nollaig 2011, agus éisteacht oscailte sa Bhruiséil an 13 Feabhra 2012. Is as earnáil na tionsclaíochta a tháinig trí cheathrú cuid den 261 páirtí leasmhara a d'fhreagair an comhairliúchán ar líne. Maidir leis na modhanna beartais is fónta in éagmais laghdaithe chéimsigh dhomhanda HFCanna, thug níos lú ná 2 % de na páirtithe leasmhara 'gan gníomhaíocht bhreise' mar fhreagra. Áirítear ar na trí rogha beartais is minice a roghnaíodh bearta maidir le srianadh agus aisghabháil, comhaontuithe deonacha, agus teorainneacha cainníochtúla ar HFCanna a chur ar mhargadh an AE (laghdú céimseach). Mheas cuid mhór freagróirí cuid mhór beart beartais a bheith cuí.

Nochtaíodh in éisteacht na bpáirtithe leasmhara, ar ar fhreastal breis agus 130 páirtí leasmhara, gurbh fhearr le tromlach mór na hearnála tionsclaíochta laghdú céimseach ar sholáthar gás‑F, nó thiocfadh leo maireachtáil leis. Chuirfeadh sé sin solúbthacht éigin faoi i gcásanna nach measfaí teicneolaíochtaí malartacha a bheith oiriúnach fós. I gcodarsnacht leis sin, measadh toirmisc ar threalamh nua a bheith rórighin nó go mbeadh tacar casta díolúintí de dhíth orthu. Maidir le húsáideoirí tráchtála trealaimh gáis-F, ba den tábhacht é nach n-éireodh trealamh atá in úsáid faoi láthair iomarcach. Mheas Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus páirtithe leasmhara ón earnáil tionsclaíochta a oibríonn le teicneolaíochtaí malartacha go raibh sé ríthábhachtach toirmisc a bheith ann a mbeadh miondíolúintí ag gabháil leo. Mheas siad laghdú céimseach a bheith mar chomhlánú ar thoirmisc. Bhí cuid de na páirtithe leasmhara nach raibh ag iarraidh ach díriú isteach ar chur i bhfeidhm níos fearr an Rialacháin. Ag an staid sin, ní raibh seasamh oifigiúil ag na Ballstáit ach léirigh siad tacaíocht do laghdú céimseach. Mhol gréasán na nGníomhaireachtaí um Chaomhnú Comhshaoil[30] sásra laghdaithe chéimsigh a chomhcheangal le toirmisc chun an laghdú céimseach a threisiú.

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar bheartais mhalartacha i dtaca lena n-éifeachtúlacht maidir le cuspóirí na mbeartas a bhaint amach agus maidir lena dtionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar pháirtithe leasmhara. Tugadh réimse leathan beartas chun bearta reatha a chomhlánú faoi mheas. Ní raibh sna roghanna deiridh ach na bearta sin amháin a léirigh coigilt mhór astaíochtaí ar chostas íseal lacáiste agus iad a bheith i gcomhréir le beartais eile an AE.

Leagadh síos cur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin maidir le gás‑F mar rogha bhunlíne. Rinneadh measúnú go mion ar cheithre rogha beartais eile:

(a) Comhaontuithe deonacha;

(b) Raon feidhme leabhraithe le haghaidh beart maidir le srianadh agus aisghabháil;

(c) Teorainneacha cainníochtúla ar sholáthar HFCanna (laghdú céimseach);

(d) Toirmeasc ar tháirgí agus ar threalamh áirithe ina bhfuil gáis-F a chur ar mhargadh an AE.

Is é an bonn modheolaíochta a bhain leis an measúnú tionchair mionanailís ar fhéidearthacht roghanna malartacha slána agus tíosach ar fhuinneamh a thabhairt isteach sna 28 príomhearnáil ina n-úsáidtear gáis-F. Ó tharla nár cuireadh teicneolaíochtaí malartacha san áireamh ach i gcás inar measadh iad a bheith ar a laghad chomh tíosach céanna ar fhuinneamh le teicneolaíochtaí traidisiúnta gáis-F, tugadh aghaidh ar astaíochtaí indíreacha ó thomhaltas leictreachais ón tús.

Tugadh tionchar ag staideanna éagsúla sa slabhra táirgthe agus ag staideanna éagsúla úsáide faoi mheas, i.e. tionchar ar tháirgeoirí ceimiceán, ar tháirgeoirí táirgí agus trealaimh, ar mhórdhíoltóirí, ar úsáideoirí tionsclaíochta táirgí agus trealaimh, ar chuideachtaí a dhéanann seirbhísiú ar threalamh agus ar thomhaltóirí deiridh.

Léiríodh sa mheasúnú tionchair go dtabharfadh laghdú céimseach HFCanna a dtabharfadh teorainneacha laghdaithe isteach de réir a chéile go dtí 2030 do mhéid na ngás‑F sin atá le cur ar an margadh, an méid is mó coigilte ar astaíochtaí, rud a laghdódh astaíochtaí an lae inniu dhá thrian faoi 2030 (70 milliún tona de choibhéis CO2, a bheag nó a mhór). Is cuí roinnt srianta a chur ar úsáid gás‑F, go háirithe chun iontaofacht an laghdaithe chéimsigh a chosaint agus chun spriocdhíriú ar gháis‑F nach n‑áirítear sa laghdú céimseach. Ba cheart bearta maidir le srianadh agus aisghabháil a leabhrú chun modhanna áirithe iompair a chur san áireamh. Dá gcuirfí iad sin i gcomhar a chéile, is mó a dhéanfadh na roghanna sin nuálaíocht agus teicneolaíochtaí glasa a spreagadh. Bheadh costas íseal ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne (-0.006 % an éifeacht is mó ar OTI), agus thabharfaidís solúbacht don earnáil tionsclaíochta. Bheadh laghdú dhá thrian ar astaíochtaí i gcomhréir leis na tograí reatha faoi Phrótacal Montréal agus d'ullmhódh siad tionscal an AE do laghdú céimseach. Bheadh mar thoradh air laghdú ar chostais de bharr dhul i bhfód níos mó ar an margadh agus de bharr barraineachta scála le haghaidh teicneolaíochtaí malartacha, rud a chabhródh, dá bhrí sin, le comhaontú a bhaint amach maidir leis na tograí faoi Phrótacal Montréal.

Is féidir costais riaracháin a choinneáil go réasúnta íseal (foriomlán costas riaracháin de thart ar 2 mhilliún euro in aghaidh na bliana le haghaigh laghdaithe chéimsigh). Is é is cúis leis sin go gcuireann an scéim tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 bunús na sonraí is gá ar fáil cheana féin chun roghanna beartais a chur chun feidhme amach anseo.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Coinníonn an togra forálacha reatha an Rialacháin maidir le gás‑F, agus mionathraithe air chun a áitithiú go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta an reachtaíocht a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar dhóigh níos fearr. Rinneadh cuid beart maidir le srianadh a leathnú chun trucailí agus leantóirí cuisneacháin a chuimsiú. Tugtar forbhreathnú i dtábla comhghaoil atá in iarscríbhinn IX ar an mbealach a rinneadh na forálacha atá ann cheana a chomhtháthú sa rialachán atá beartaithe.

Is é an beart nua is tábhachtaí teorainneacha cainníochtúla ar sholáthar bulcshubstaintí HFC a thabhairt isteach san AE, agus na teorainneacha sin a ísliú le himeacht ama. Comhlánaítear an laghdú céimseach sin trí bhearta a áirithíonn go gcuimsítear na cainníochtaí a úsáidtear i dtáirgí agus i dtrealamh sa sásra seo.

Déanfaidh an sásra laghdaithe chéimsigh an uasteorainn ar iomlán na mbulcHFCanna (i dtonaí de choibhéis CO2) a chuirtear ar an margadh san AE a laghdú, agus calcfar air in 2015. Beidh an chéad laghdú ina dhiaidh sin in 2016 agus bainfear amach 21 % de na leibhéil díolacháin a baineadh amach in 2008-11 faoi 2030. Iompóidh táirgeoirí táirgí agus trealaimh a bhfuil soláthar teoranta os a gcomhar amach ar theicneolaíochtaí malartacha más gá.

Bunaítear an sásra laghdaithe chéimsigh ar an iomlán ar an taithí arna gnóthú trí laghdú céimseach ar thomhaltas substaintí a ídíonn an t-ózón. Ní mór cearta a bheith ag cuideachtaí a chuireann bulcHFCanna ar mhargadh an AE bulcshubstaintí a chur ar mhargadh an AE den chéad uair. Leithroinneann an Coimisiún cuótaí saora ar chuideachtaí de bhonn sonraí a tuairiscíodh roimhe, agus cuirtear forchoimeádas ar fáil d'iontrálaithe nua. Ní mór do chuideachtaí a chinntiú go bhfuil go leor ceart acu chun soláthar iarbhír táirgí agus trealamh ar an margadh a chumhdach. Is féidir leo cuóta a aistriú eatarthu féin. Déanann an Coimisiún an comhlíonadh a dheimhniú an bhliain dár gcionn, agus déantar fíorú neamhspleách ar thuairiscí. Táthar ag dréim le go nglacfaidh thart ar 100 cuideachta páirt agus áirithítear le tairseach go mbeidh díolúine ag cuideachtaí nach gcuireann ach cainníochtaí beaga ar an margadh.

Ba cheart HFCanna a allmhairítear i dtrealamh réamhlochtaithe a áireamh freisin faoin laghdú céimseach agus mar sin tá bearta comhlántacha fíor-riachtanach chun dul i ngleic leis na gáis sin chun iontaofacht chomhshaoil[31] an laghdaithe chéimsigh agus cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh. Mar sin de, d'fhéadfaí fearais HFC nach bhfuil séalaithe go heirméiteach a tháirgiú san AE nó a allmhairiú san AE ach níor mhór iad a líonadh san áit a shuiteálfaí iad[32]. Mar an gcéanna, cuirfear toirmeasc ar aerchóiriúchán sobhogtha ina bhfuil HFCanna a chur ar an margadh ó 2020 amach. Tugtar roinnt toirmeasc eile isteach chun tacú leis an sásra laghdaithe chéimsigh agus chun srian a chur ar gháis‑F eile nach gcuimsítear sa sásra, ar toirmisc iad a bhfuarthas iad a bheith cost-éifeachtúil maidir leis an laghdú iomlán is gá ar an leibhéal astaíochta. Féach tábla 1 le haghaidh forbhreathnú

Tábla 1: Achoimre ar fhorbhreathnú ar shrianta ar threalamh nua

Táirgí agus trealamh || Dáta toirmisc

Úsáid HFC-23 i gcórais chosanta dóiteáin agus múchtóirí tine || 1 Eanáir 2015

Cuisneoirí agus reoiteoirí baile ina bhfuil HFCanna ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda de 150 nó níos mó || 1 Eanáir 2015

Cuisneoirí agus reoiteoirí le haghaidh úsáide tráchtála (córais shéalaithe go heirméiticeach) || 1 Eanáir 2017 le haghaidh HFCanna ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda de 2500 nó níos mó 1 Eanáir 2020 le haghaidh HFCanna ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda de 150 nó níos mó

Fearais aerchóiriúcháin inaistrithe do sheomraí (séalaithe go heirméiticeach) ina bhfuil HFCanna le CTD de 150 nó níos mó || 1 Eanáir 2020

Lena chois sin, ní cheadófar trealamh cuisniúcháin atá ann cheana ina bhfuil méid lochtaithe níos mó ná 5 thona de choibhéis CO2 a athlochtú le HFC ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda an-ard (>2500) ó 2020 amach mar tá cuisneáin intiteáin níos oiriúnaí agus níos tíosaí ar fhuinneamh ar fáil go leitheadach ar an margadh cheana ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda níos lú.

Leathnaítear sriantaí ar úsáid SF6 i dteilgean dísle maignéisiam chun saoráidí a úsáideann níos lú ná 850kg in aghaidh na bliana a chuimsiú, mar chuir dul chun cinn teicneolaíochta úsáid den sórt sin as feidhm.

Ba cheart go bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar gháis‑F nach gcumhdaítear sa reachtaíocht reatha de bharr oibleagáidí breise tuairiscithe.

Bunús dlí

Is é príomhchuspóir an Rialacháin ardleibhéal cosanta a thabhairt don chomhshaol, go háirithe trí athrú aeráide a chomhrac. Bunaítear an togra seo mar sin ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach. Is fearr a bhainfidh an AE na cuspóirí amach ar na fáthanna seo a leanas.

Is saincheist trasteorann í an córas aeráide a chosaint. Ní féidir leis na Ballstáit na fadhbanna a réiteach leo féin. Éilítear gníomhaíocht trasna an AE chomh maith le gníomhaíocht ar fud an domhain de bharr mhéid na faidhbe. Tá sé mar chuspóir ag an togra freisin creat dlí a chruthú chun comhaontú idirnáisiúnta a chur chun feidhme ar laghdú céimseach HFCanna, ina mbeidh an AE rannpháirteach. Táthar ag plé an chomhaontaithe san am atá i láthair ar leibhéal idirnáisiúnta.

Foráiltear leis an Rialachán táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis-F a thoirmeasc ó chur ar an margadh ná óna n-úsáid. Tá sé ábharach, dá bhrí sin, maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Díríonn an togra ar leasú agus comhlánú a dhéanamh ar reachtaíocht an AE agus ar chuid forálacha a neartú chun a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú a fheabhsú ag na Ballstáit.

Comhlíonann sé mar sin prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Déantar na bearta de bhonn measúnaithe chuimsithigh ar a gcost-éifeachtúlacht. Tá na tairseacha le haghaidh costais lacáiste inghlactha ag teacht leis an Treochlár Ísealcharbóin i[33]na leagtar amach an straitéis iomlán chun athrú aeráide a chomhrac. Ligeann tréimhsí aistrithe atá fada go leor do na hearnálacha lena mbaineann iad féin a chur in oiriúint ar bhealach éifeachtach ó thaobh an gheilleagair de.

I gcás ina ndéantar foráil maidir le srianta a bheith ar fheidhmeanna áirithe gáis-F, áirithiú an togra go bhfuil roghanna malartacha ar fáil atá infheidhme go teicniúil agus go heacnamaíoch. I gcás nach amhlaidh is fíor, ceadaítear maolú a thabhairt.

Ní bheartaítear forálacha mionsonraithe i gcásanna inarbh fhearr a d'fhéadfaí na cuspóirí a bhaint amach trí ghníomhaíocht i réimsí eile beartais, mar shampla trí bhíthin reachtaíocht maidir le dramhaíl nó dearadh éiceolaíoch. Déantar é sin chun forluí a sheachaint a d'fhéadfadh leithroinnt doiléir freagrachtaí a bheith mar thoradh air, rud a chruthódh ualach breise d' údaráis phoiblí agus do chuideachtaí.

Rogha na n-ionstraimí

Is é Rialachán an ionstraim a roghnaítear mar tá sé mar aidhm ag an togra ionad an Rialacháin atá ann faoi láthair a ghlacadh agus é a fheabhsú, agus as siocair gur cheart don sásra laghdaithe chéimsigh tógáil ar an gcóras arna bhunú ag leibhéal na hEorpa le haghaidh laghdaithe chéimsigh ar shubstaintí a ídíonn ózón. Cruthaíodh go bhfeidhmíonn an córas sin go héifeachtach. Chuirfeadh aon athrú ar an gcóras ualach míchuí ar na Ballstáit agus ar na cuideachtaí atá gníomhach san earnáil sin.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleacht bhreise ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

2012/0305 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[34],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[35],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Sa Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide ("IPCC") de chuid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ("UNFCCC"), ar páirtí é an tAontas ann[36], sonraíodh, ar bhonn sonraí eolaíocha atá ann cheana, go mbeadh ar thíortha forbartha astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80 % go 95 % faoi bhun astaíochtaí 1990 faoi 2050 chun teorainn a chur leis an athrú aeráide domhanda go dtí ardú teochta 2 ˚C agus tionchar aeráide neamh‑inmhianaithe a chosc dá bharr[37].

(2)       Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá bealach costéifeachtach leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach i dTreochlár um Gheilleagar Ísealcharbóin chun na laghduithe astúcháin foriomlána is gá a bhaint amach san Aontas faoi 2050[38]. Bunaítear leis an treochlár sin na rannchuidithe earnála is gá i sé réimse. Ba cheart astaíochtaí neamh‑CO2 (lena n‑áirítear gáis cheaptha teasa fhluairínithe ach gan astaíochtaí neamh‑CO2 ó thalmhaíocht a áireamh) a laghdú 72 % go dtí 73 % faoi 2030 agus 70 % go dtí 78 % faoi 2050, i gcomparáid le leibhéil 1990. Má bhunaítear iad ar an mbliain tagartha 2005, is gá laghdú 60 % go dtí 61 % ar astaíochtaí neamh‑CO2, seachas i gcás astaíochtaí ó thalmhaíocht, faoi 2030. Measadh go raibh 90 milliún tona astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe de choibhéis CO2 ann in 2005. Ciallaíonn laghdú 60 % nár mhór astaíochtaí a laghdú go dtí timpeall 35 tona de choibhéis CO2 faoi 2030. Nuair a chuirtear san áireamh 104 tona astaíochtaí measta de choibhéis CO2 in 2030 bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta reatha, is gá laghdú breise 70 tona de choibhéis CO2.

(3)       Ba é an chonclúid ar thuarascáil ón gCoimisiún[39] maidir le cur i bhfeidhm, éifeachtaí agus leordhóthanacht Rialachán (CE) Uimh. 842/2006[40] go bhféadfadh na bearta reatha maidir le coimeád, má chuirtear i bhfeidhm ina n‑iomláine iad, astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a laghdú. Ba cheart na bearta sin a choinneáil agus a shoiléiriú, dá bharr, ar bhonn na taithí a fuarthas agus iad á gcur chun feidhme. Ba cheart bearta áirithe a chur i bhfeidhm ar fhearais eile ina n‑úsáidtear cainníochtaí substaintiúla gás ceaptha teasa fluairínithe, amhail trucailí agus leantóirí cuisniúcháin. San oibleagáid chun taifid a bhunú agus a choinneáil ar threalaimh ina bhfuil gáis den chineál sin ba cheart go gcumhdófaí freisin lascthrealamh leictreach.

(4)       Ba é an chonclúid ar thuarascáil an Choimisiúin freisin gur féidir níos mó a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a laghdú san Aontas, go háirithe trí úsáid na ngás sin a sheachaint i gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí eile ann atá sábháilte agus tíosach ar fhuinneamh nach bhfuil aon tionchar acu nó nach bhfuil ach tionchar beag acu ar an aeráid. Tá laghdú suas le dhá thrian d'astaíochtaí 2010 faoi 2030 costéifeachtach mar tá malairtí atá cruthaithe agus tástáilte le fáil i go leor earnálacha.

(5)       Chun úsáid teicneolaíochtaí den chineál sin a spreagadh, ba cheart go gcumhdófaí in oiliúint daoine a chuireann gníomhaíochtaí i gcrích ina n‑úsáidtear gáis cheaptha teasa fhluairínithe teicneolaíochtaí a bhfuil d'aidhm acu úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a ionadú agus a laghdú. Ba cheart bailíocht theoranta a bheith ag deimhnithe agus níor cheart tréimhse tosaigh na bailíochta a shíneadh ach amháin ar bhonn oiliúna tréimhsiúla éigeantaí, chun a áirithiú go gcoinnítear na daoine sin ar an eolas maidir le forbairtí teicniúla nua.

(6)       Chun comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais faireacháin agus thuairiscithe faoin UNFCCC agus le Cinneadh 4/CMP.7 ó Chomhdháil na bPáirtithe atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe do Phrótacal Kyoto, ba cheart poitéinseal téimh dhomhanda a ríomh i dtéarmaí an phoitéinsil téimh dhomhanda 100 bliain i dtaca le cileagram amháin gáis i gcoibhneas chileagram amháin CO2. Ba cheart go mbeadh an ríomh, nuair is féidir, bunaithe ar an gceathrú tuarascáil mheasúnaithe arna glacadh ag an IPCC.

(7)       Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil roghanna oiriúnacha ann, ba cheart an toirmeasc reatha ar heicseafluairíd sulfair a úsáid i dteilgean dísle maignéisiam agus athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam a leathnú go saoráidí a úsáideann níos lú ná 850 kg in aghaidh na bliana. Ar an gcuma chéanna, i gcás tréimhse oiriúnaí idirthréimhsí, ba cheart go mbeadh toirmeasc ar chuisneáin ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda ard (GWP) a úsáid chun trealamh cuisniúcháin ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 5 thona CO2 nó níos mó a sheirbhísiú nó a chothabháil.

(8)       Ba cheart toirmisc bhreise a thabhairt isteach maidir le trealamh nua a chur ar an margadh le haghaidh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus cosanta ar dhóiteáin a fheidhmítear trí úsáid a bhaint as gáis cheaptha teasa fhluairínithe shonracha i gcás ina bhfuil malairtí oiriúnacha ar úsáid na substaintí sin le fáil. I bhfianaise forbairtí teicniúla amach anseo agus infhaighteachta roghanna costéifeachtacha ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún táirgí agus trealamh eile a chur san áireamh nó gan catagóirí áirithe táirgí nó trealaimh a chur san áireamh, ar bhonn sealadach freisin, nach bhfuil substaintí malartacha atá faoi theorainn poitéinsil téimh dhomhanda shonraithe ar fáil dóibh ar chúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha, lena n‑áirítear soláthar neamhleor substaintí malartacha ar an margadh chun an t‑éileamh a shásamh, nó i ngeall ar chaighdeáin sábháilteachta is infheidhme gan úsáid roghanna ábhartha a chur san áireamh.

(9)       Níor cheart na toirmisc sin a thabhairt isteach ach amháin i gcás ina mbeidh astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána atá níos ísle mar thoradh ar na toirmisc sin, go háirithe ó sceitheadh aon ghás ceaptha teasa fluairínithe agus ó na hastaíochtaí CO2 atá mar thoradh ar a n‑ídiú fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart go gceadófaí trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcás ina bhfuil a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána níos lú ná na hastaíochtaí sin a bheadh mar thoradh ar threalamh coibhéiseach gan gháis cheaptha teasa fhluairínithe, a bhfuil an t‑uasídiú fuinnimh atá ceadaithe leagtha amach i mbearta ábhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE (Ecodesign)[41].

(10)     Chun a áirithiú nach suiteálfaidh ach daoine atá deimhnithe mar is cuí cuisniúchán nach bhfuil séalaithe go heirméiteach, aerchóiriú agus trealamh teaschaidéil, ba cheart go mbeadh toirmeasc ar an trealamh sin atá réamhlíonta le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis an mbeart sin freisin go bhfuil na cainníochtaí ar fad arna n‑úsáid don chéadlíonadh i ndáil le trealamh den chineál sin faoi réir ag na bearta laghdaithe.

(11)     Aithnítear gurb é an bealach is éifeachtaí agus is costéifeachtaí chun astaíochtaí na substaintí sin a laghdú san fhadtéarma líon na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh a laghdú de réir a chéile.

(12)     Chun laghdú de réir a chéile ar líon na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún cuótaí a leithdháileadh ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí aonair as iad a chur ar an margadh sa chaoi is nach sárófar an teorainn chainníochtúil fhoriomlán maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh san Aontas.

(13)     Ba cheart go mbeadh an leithdháileadh cuótaí ar chuideachtaí aonair bunaithe ar chainníochtaí na hidreafluaracarbón atá táirgthe nó allmhairithe acu le linn na tréimhse tagartha ó 2008 go 2011. Sa chaoi is nach gcuirfear oibreoirí beaga as an áireamh, áfach, ba cheart cúig faoin gcéad den teorainn chainníochtúil fhoriomlán a fhorchoimeád le haghaidh allmhaireoirí agus táirgeoirí nach bhfuil níos mó ná 1 tona gás ceaptha teasa fluairínithe allmhairithe ná táirgthe acu sa tréimhse thagartha.

(14)     Tríd na cuótaí a athríomh go rialta ba cheart go n‑áiritheodh an Coimisiún gur féidir le hoibreoirí nua leanúint dá ngníomhaíochtaí ar bhonn na meánmhéideanna a chuir siad ar an margadh le blianta beaga anuas.

(15)     Ba cheart go n‑áiritheodh an Coimisiún go bhfuil lárchlárlann leictreonach ar bun chun na cuótaí a bhainistiú, bunaithe ar an gcóras do thrádáil cheadúnúcháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin[42].

(16)     Chun solúbthacht an mhargaidh i mbulc‑hidreafluaracarbóin a choinneáil, ba cheart go gceadófaí cuótaí a aistriú, chuig táirgeoirí agus allmhaireoirí freisin nach raibh gníomhach san earnáil cheana.

(17)     Le gur féidir faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin, ba cheart go leathnófaí raon feidhme na n‑oibleagáidí tuairiscithe reatha le go gcumhdófaí substaintí fluairínithe eile a bhfuil GWP suntasach acu nó ar dócha go dtiocfaidh siad in ionad na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I chomh maith. Ar an gcúis chéanna, ba cheart go dtuairisceofaí scrios gás ceaptha teasa fluairínithe agus allmhairiú na ngás sin nuair atá siad le fáil i dtáirgí agus i dtrealamh. Ba cheart tairseacha de minimis a shocrú chun ualach riaracháin díréireach a sheachaint, go háirithe maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus micreafhiontair.

(18)     Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faireachán leanúnach ar na héifeachtaí a bheadh ag laghdú ar líon na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh, lena n‑áirítear an éifeacht a bheadh ag laghdú ar an soláthar d'fhearais ina mbeadh astaíochtaí ag a bhfuil saolré níos ísle mar thoradh orthu ná mar a bheadh dá n‑úsáidfí teicneolaíocht mhalartach. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis an bhfaireachán freisin aimsiú luath ceisteanna sláinte nó sábháilteachta, de dheasca an tionchair dhiúltaigh ar infhaighteacht táirgí íocshláinte. Ba cheart athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích roimh 2030 agus in am chun forálacha an Rialacháin seo a oiriúnú i bhfianaise a chur chun feidhme agus forbairtí nua agus, más iomchuí, chun bearta laghdaithe breise a ghlacadh.

(19)     Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun leagan amach taifead atá le coinneáil maidir le trealamh arna shuiteáil, arna sheirbhísiú, arna chothabháil, arna dheisiú nó arna dhíchoimisiúnú, leagan amach an fhógra maidir le cláir oiliúna agus dheimhniúcháin agus leagan amach lipéad do tháirgí agus do threalamh a chinneadh; chun luachanna tagartha a chinneadh d'allmhaireoirí agus do tháirgeoirí bunaithe ar chainníochtaí na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh san Aontas agus chun an leagan amach agus na modhanna chun tuarascálacha a chur isteach a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[43].

(20)     Chun dul chun cinn teicneolaíoch agus forbairt na margaí a ndéanann an Rialachán seo difear dóibh a chur san áireamh, agus chun comhlíonadh comhaontuithe idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas: ceanglais a shonrú le haghaidh scrúduithe sceite caighdeánacha; an liosta de threalamh a leathnú faoi réir ag aisghabháil shainordaitheach gás ceaptha teasa fluairínithe; na híoscheanglais agus na coinníollacha a shonrú chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir oiliúna do dhaoine a shuiteálann, a chothabhálann, a dheisíonn nó a dhíchoimisiúnaíonn an trealamh agus a scrúdaíonn sceitheadh agus a aisghabhann gáis cheaptha teasa fhluairínithe, agus chun na daoine sin agus na cuideachtaí a chuireann tascanna den chineál sin i gcrích a dheimhniú. na ceanglais lipéadaithe a leasú; toirmeasc ar thuilleadh táirgí agus trealaimh a chur ar an margadh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó atá ag brath orthu; uaschainníochtaí hidreafluaracarbón is féidir a chur ar an margadh a leasú agus soláthar hidreafluaracarbón le haghaidh úsáidí sonracha criticiúla a dhíolúnú ón gceanglas cuóta ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta; na rialacha a chinneadh chun luachanna tagartha a athríomh le haghaidh hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh ag gnóthais aonair agus an sásra maidir le leithdháileadh cuótaí a leasú nó a fhorlíonadh; na tairseacha maidir le ceanglais thuairiscithe a athbhreithniú; ceanglais a bhunú do na córais thuairiscithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe agus úsáid na sonraí maidir le hastaíochtaí arna mbailiú ag na Ballstáit; lena n‑áirítear substaintí eile a bhfuil poitéinseal suntasach téimh dhomhanda acu i liostaí na substaintí arna gcumhdach ag an Rialachán seo agus na liostaí a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn fionnachtana eolaíocha nua, go háirithe poitéinseal téimh dhomhanda na substaintí atá liostaithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán.

(21)     Tá tábhacht ar leith leis go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéantar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(22)     Leasaítear agus comhlánaítear leis an Rialachán seo Rialachán (CE) Uimh. 842/2006, agus ba cheart é a chur ina ionad dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha Ginearálta

Airteagal 1 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'gáis cheaptha teasa fhluairínithe' na hidreafluaracarbóin (HFCanna), sárfhluaracarbóin (PFCanna), heicseafluairíd sulfair (SF6) agus gáis cheaptha teasa eile ina bhfuil fluairín, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, bídís ina n‑aonar nó i meascán;

(2) ciallaíonn 'poitéinseal téimh dhomhanda' poitéinseal téimh aeráide gáis cheaptha teasa i gcoibhneas poitéinsil téimh aeráide dé-ocsaíd-charbóin (CO2), arna ríomh i dtéarmaí poitéinsil téimh 100 bliain cileagraim amháin gáis i gcomórtas le cileagram amháin CO2, mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III;

(3) ciallaíonn 'tona(í) de choibhéis CO2' cainníocht gás ceaptha teasa, nó cainníocht meascáin ina bhfuil na gáis sin, curtha in iúl mar thoradh mheáchan na ngás ceaptha teasa i dtonaí méadracha agus a bpoitéinseal téimh dhomhanda;

(4) ciallaíonn 'oibreoir' an duine nádúrtha nó dlíthiúil a bhfuil an trealamh agus na córais arna gcumhdach ag an Rialachán seo ina sheilbh aige agus a fheidhmíonn cumhacht iarbhír ar a bhfeidhmiú teicniúil;

(5) ciallaíonn 'úsáid' úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe i dtáirgeadh, i gcothabháil nó i seirbhísiú, lena n‑áirítear athlíonadh, táirgí agus trealaimh, nó i bpróisis eile;

(6) ciallaíonn 'cur ar an margadh' rud a sholáthar nó a chur ar fáil do pháirtí eile san Aontas den chéad uair, ar íocaíocht nó saor in aisce, nó é a úsáid thar a cheann féin i gcás táirgeora, nó é a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais faoi nós imeachta custaim lena gceadaítear úsáid nó oibriú na n‑earraí allmhairithe san Aontas;

(7) ciallaíonn 'córas atá séalaithe go heirméiteach' córas ina séalaítear na codanna ar fad ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe go heirméiteach le linn a mhonaraithe trína dtáthú, trína bprásáil nó trína dteannadh trína nascadh buan agus sa chás sin, ní gá an ciorcad cuisneáin a oscailt chun an córas a oibriú;

(8) ciallaíonn 'coimeádán nach féidir a athlíonadh' coimeádán a ceapadh go sonrach chun gáis cheaptha teasa fhluairínithe a iompar nó a stóráil agus nach féidir a athlíonadh gan é a leasú chun na críche sin nó a chuirtear ar an margadh gan aon fhoráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais é le haghaidh athlíonta.

(9) ciallaíonn 'aisghabháil' bailiú agus stóráil gás ceaptha teasa fluairínithe ó tháirgí, ó threalamh nó ó choimeádáin le linn cothabhála nó seirbhísiú nó roimh dhiúscairt táirgí, trealaimh nó coimeádán;

(10) ciallaíonn 'athchúrsáil' athúsáid gáis cheaptha teasa fhluairínithe aisghafa tar éis próisis glantacháin bhunúsaigh;

(11) ciallaíonn 'athshlánú' athphróiseáil gáis cheaptha teasa fhluairínithe aisghafa chun feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht substainte íne a bhaint amach, agus an úsáid atá beartaithe di á cur san áireamh;

(12) ciallaíonn 'scrios' an próiseas ina gclaochlaítear nó ina ndianscaoiltear go buan gach cuid de ghás ceaptha teasa fluairínithe nó cuid de ina substaint nó ina substaintí cobhsaí nach gáis cheaptha teasa fhluairínithe iad;

(13) ciallaíonn 'do‑aistrithe' gan a bheith ag gluaiseacht le linn oibrithe;

(14) ciallaíonn 'cúr aon ábhair' comhdhéanamh cúir atá i gcoimeádán aerasóil aonair i bhfoirm leachtach neamh‑imoibrithe nó páirt‑imoibrithe agus a leathnaíonn agus a chruann nuair a fhágann sé an coimeádán;

(15) ciallaíonn 'trucail chuisniúcháin' mótarfheithicil a bhfuil uasmhais atá níos mó ná 3.5 tona aici a ceapadh agus a tógadh go príomha chun earraí a iompar agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

(16) ciallaíonn 'leantóir cuisniúcháin' feithicil a ceapadh agus a tógadh le tarraingt ag trucail nó tarracóir, go príomha chun earraí a iompar agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

Caibidil II Coimeád

Airteagal 2 Astaíochtaí a chosc

1.           Beidh toirmeasc ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe a scaoileadh san atmaisféar d'aon turas i gcás nach bhfuil gá leis an scaoileadh go teicniúil don úsáid atá beartaithe dó.

2.           Glacfaidh oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe réamhchúraimí chun scaoileadh neamhbheartaithe na ngás sin a chosc (dá ngairtear "sceitheadh" anseo feasta).

3.           I gcás ina n‑aimsítear sceitheadh na ngás sin, áiritheoidh na hoibreoirí go ndeiseofar an trealamh gan mhoill mhíchuí.

I gcás ina bhfuil sceitheadh sa trealamh deisithe, áiritheoidh na hoibreoirí go seiceálann daoine deimhnithe an trealamh laistigh de mhí amháin tar éis an deisithe chun a fhíorú go raibh an deisiú éifeachtach.

4.           Deimhneofar na daoine agus na gnóthais a chuireann na tascanna seo a leanas i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8:

(a) trealamh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú;

(b) trealamh aerchóirithe soghluaiste ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú;

(c) lascthrealamh leictreach ina bhfuil SF6 a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú;

(d) gáis cheaptha teasa fhluairínithe a sheachadadh nó a fháil do na tascanna atá liostaithe i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c).

Agus na tascanna sin á gcur i gcrích acu, glacfaidh na daoine agus na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc.

5.           Aon duine a shannann an tasc i dtaca le lascthrealamh leictreach ina bhfuil SF6 nó an trealamh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú do pháirtí eile, fionnfaidh sé go bhfuil na deimhnithe is gá de bhun Airteagal 8 ag an bpáirtí eile do na tascanna riachtanacha.

Airteagal 3 Sceitheadh a lorg

1.           Trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus 5 thona CO2 nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh oibreoirí an trealaimh sin go scrúdófar an trealamh le haghaidh sceite. Trealamh a bhfuil córais atá séalaithe go heirméiteach aige agus a bhfuil amhlaidh tugtha le fios ar an lipéad, agus a bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ann a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus níos lú ná 10 dtona CO2, ní bheidh an trealamh sin faoi réir scrúduithe sceite faoin Airteagal seo, áfach.

Cuirfidh daoine atá deimhnithe i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 8 na scrúduithe i gcrích.

Baineann an mhír seo le hoibreoirí an trealaimh seo a leanas ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe:

(a) trealamh cuisniúcháin do‑aistrithe;

(b) trealamh aerchóiriúcháin do‑aistrithe;

(c) teaschaidéil dho‑aistrithe;

(d) córais dho‑aistrithe chosanta ar dhóiteáin ;

(e) trucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin.

2.           Cuirfear na scrúduithe de bhun mhír 1 i gcrích mar seo a leanas:

(a) trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus 5 thona CO2 nó níos mó, ach níos lú ná 50 tona CO2, déanfar é a scrúdú le haghaidh sceite uair gach 12 mhí ar a laghad.

(b) trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus 50 tona CO2 nó níos mó, ach níos lú ná 500 tona CO2, déanfar é a scrúdú le haghaidh sceite uair gach sé mhí ar a laghad.

(c) trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus 500 tona CO2 nó níos mó, déanfar é a scrúdú le haghaidh sceite uair gach trí mhí ar a laghad.

3.           Maidir leis na córais chosanta ar dhóiteáin dá dtagraítear i mír 1(d), i gcás ina bhfuil córas cigireachta ann cheana a chomhlíonann caighdeáin ISO 14520 nó EN 15004, agus ina ndéantar cigireacht ar an gcóras cosanta ar dhóiteáin a mhinice is gá i gcomhréir le mír 2, measfar go gcomhlíonann na cigireachtaí sin oibleagáidí mhír 1.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena sonraítear na ceanglais do na scrúduithe sceite atá le cur i gcrích i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo maidir le gach cineál trealaimh dá dtagraítear sa mhír sin, lena sainaithnítear na codanna sin den trealamh is dóichí a sceithfidh, agus lena leasaítear an liosta trealaimh i mír 1 den Airteagal seo chun cineálacha eile trealaimh a áireamh i bhfianaise threochtaí an mhargaidh agus dul chun cinn teicneolaíoch.

Airteagal 4 Córais aimsithe sceite

1.           Oibreoirí an trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus 500 tona CO2 nó níos mó, áiritheoidh siad go gcuirtear an trealamh ar fáil le córas aimsithe sceite lena gcuirtear an t‑oibreoir ar an airdeall maidir le haon sceitheadh.

              Scrúdófar na córais aimsithe sceite uair gach 12 mhí ar a laghad chun a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú i gceart.

2.           De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 3(2), i gcás ina gcuirtear córas aimsithe sceite ar fáil do threalamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu arb ionann é agus 50 tona CO2 nó níos mó, ach níos lú ná 500 tona CO2, scrúdófar an trealamh le haghaidh sceite uair gach 12 mhí ar a laghad.

Airteagal 5 Taifid a choinneáil

1.           Oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nach bhfuil i gcúir, bunóidh agus cothabhálfaidh siad, maidir le gach píosa trealaimh, taifid ar an eolas seo a leanas lena sainaithnítear an trealamh:

(a) cainníocht agus cineál na ngás ceaptha teasa fluairínithe arna suiteáil;

(b) cainníochtaí na ngás ceaptha teasa fluairínithe arna gcur leis agus na fáthanna le hiad a chur leis;

(c) cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe arna n‑aisghabháil;

(d) na rátaí sceite breathnaithe;

(e) sainaithint an ghnóthais agus an duine a shuiteáil, a sheirbhísigh, a chothabháil agus, más infheidhme, a dheisigh nó a dhíchoimisiúnaigh an trealamh;

(f) dátaí agus torthaí na scrúduithe arna gcur i gcrích faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal (3);

(g) más rud é gur díchoimisiúnaíodh an trealamh, na bearta arna nglacadh chun na gáis cheaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil agus a dhiúscairt.

Beidh feidhm ag an mír seo ar oibreoirí lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil SF6 agus oibreoirí an trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

2.           I gcás na dtaifead dá dtagraítear i mír 1, seachas má chláraítear iad i mbunachar arna bhunú ag údaráis inniúla na mBallstát, coinneoidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 na taifid go dtí dhá bhliain ar a laghad tar éis an trealamh a dhíchoimisiúnú.

I gcás na dtaifead dá dtagraítear i mír 1, seachas má chláraítear iad i mbunachar arna bhunú ag údaráis inniúla na mBallstát, coinneoidh na daoine nó na gnóthais atá ag cur na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(e) i gcrích d'oibreoirí cóipeanna de na taifid ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Cuirfear na taifid ar fáil arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don Choimisiún.

3.           Féadfaidh an Coimisiún leagan amach na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh agus an bealach ar cheart iad a bhunú agus a chothabháil i ngníomh tarmligthe a shonrú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 6 Astaíochtaí ó tháirgeadh

Glacfaidh táirgeoirí comhábhar fluairínithe na réamhchúraimí ar fad is gá chun astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc, a oiread is féidir, le linn táirgthe, iompair agus stórála.

Áiritheoidh na táirgeoirí sin go scriosfar aon trífhluaraimeatán (HFC-23) arna tháirgeadh ina sheachtháirge i gcainníochtaí suntasacha mar chuid den phróiseas monaraíochta.

Airteagal 7 Aisghabháil

1.           Oibreoirí trealaimh, lena n‑áirítear trealamh soghluaiste, ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nach bhfuil i gcúir, cuirfidh siad socruithe i bhfeidhm d'aisghabháil na ngás sin ag daoine agus ag gnóthais a bhfuil na deimhnithe ábhartha acu dá bhforáiltear in Airteagal 8, chun a áirithiú go n‑athchúrsálfar, go n‑athshlánófar nó go scriosfar na gáis sin.

Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir le hoibreoirí an trealaimh seo a leanas:

(a) ciorcaid fhuaraithe trealaimh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus teaschaidéil;

(b) trealamh ina bhfuil tuaslagóirí bunaithe ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe;

(c) córais chosanta ar dhóiteáin agus múchtóirí dóiteáin;

(d) lascthrealamh leictreach.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear an liosta trealaimh i mír 1 chun cineálacha eile trealaimh a áireamh i bhfianaise a n‑ábharthachta atá ag dul i méid i ngeall ar an bhforbairt tráchtála nó theicneolaíoch.

3.           Roimh choimeádán gáis cheaptha teasa fhluairínithe a dhiúscairt, socróidh an duine a d'úsáid an coimeádán le haghaidh iompair nó stórála aisghabháil aon ghás iarmharach chun a chinntiú go n‑athchúrsálfar, go n‑athshlánófar nó go scriosfar iad.

4.           Úsáideoirí táirgí agus oibreoirí trealaimh nach bhfuil liostaithe i mír 1 ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, socróidh siad aisghabháil na ngás, a oiread is infheidhme, ag daoine atá cáilithe go hiomchuí, chun a chinntiú go n‑athchúrsálfar, go n‑athshlánófar nó go scriosfar iad nó socróidh siad a scrios gan réamh‑aisghabháil.

Airteagal 8 Oiliúint agus deimhniú

1.           Bunóidh na Ballstáit cláir oiliúna agus dheimhniúcháin do na daoine seo a leanas:

(a)     daoine a shuiteálann, a sheirbhísíonn, a chothabhálann, a dheisíonn nó a dhíchoimisiúnaíonn an trealamh atá liostaithe sa tríú fomhír d'Airteagal 3(1);

(b)     daoine a shuiteálann, a sheirbhísíonn, a chothabhálann, a dheisíonn nó a dhíchoimisiúnaíonn lascthrealamh leictreach ina bhfuil SF6;

(c)     daoine a chuireann na scrúduithe sceite dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) i gcrích;

(d)     daoine a aisghabhann gáis cheaptha teasa fhluairínithe dá bhforáiltear in Airteagal 7.

2.           Cumhdófar sna cláir oiliúna dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)     rialacháin is infheidhme agus caighdeáin theicniúla;

(b)     astaíochtaí a chosc;

(c)     gáis cheaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil;

(d)     trealamh de chineál agus de mhéid arna chumhdach ag an deimhniú a láimhsiú go sábháilte;

(e)     teicneolaíochtaí chun úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a ionadú nó a laghdú agus a láimhsiú go sábháilte.

3.           Deimhnithe faoi na cláir dheimhniúcháin dá bhforáiltear i mír 1, eiseofar iad ar an gcoinníoll go bhfuil clár oiliúna arna bhunú i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 curtha i gcrích ag an iarratasóir.

4.           Bunóidh na Ballstáit cláir dheimhniúcháin do ghnóthais atá ag cur na ngníomhaíochtaí atá luaite i bpointe (a) go pointe (d) de i mhír 1 i gcrích do pháirtithe eile.

5.           Beidh na deimhnithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 3 bailí ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Féadfaidh na Ballstáit fad a chur le bailíocht na ndeimhnithe dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina bhfuil an duine lena mbaineann ag dul faoi oiliúint thréimhsiúil éigeantach gach cúig bliana chun an t‑eolas ar na hábhair dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt cothrom le dáta.

6.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcláir oiliúna agus dheimhniúcháin faoin [1 Eanáir 2015]. Aithneoidh siad deimhnithe arna n‑eisiúint i mBallstát eile. Ní chuirfidh siad srian leis an tsaoirse maidir le seirbhísí a chur ar fáil nó leis an tsaoirse bhunaíochta de bhrí gur eisíodh deimhniú i mBallstát eile.

7.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena sonraítear na híoscheanglais don oiliúint agus don deimhniú dá bhforáiltear i mír 1 agus lena sonraítear na coinníollacha d'aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe.

Féadfaidh an Coimisiún leagan amach an fhógra dá dtagraítear i mír 6 a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Caibidil III Cur ar an margadh agus úsáid a rialú

Airteagal 9 Srianta le cur ar an margadh

1.           Cuirfear toirmeasc ar tháirgí sonracha agus ar threalamh sonracha atá liostaithe in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh ón dáta atá sonraithe san Iarscríbhinn sin, agus déanfar difreáil i gcás inarb infheidhme de réir cineáil nó de réir poitéinsil téimh dhomhanda an gháis cheaptha teasa fhluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh.

Chun ríomh a dhéanamh ar phoitéinseal téimh dhomhanda meascán de gháis cheaptha teasa fhluairínithe atá sna táirgí agus sa trealamh sin cuirfear i bhfeidhm an modh atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

2.           Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir le trealamh ar socraíodh ina leith sna ceanglais éicidhearthóireachta arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE[44] go mbeadh na hastaíochtaí saolré CO2 ón trealamh sin ní b’ísle ná óna choibhéis de threalamh a chomhlíonann na ceanglais éicidhearthóireachta agus nach bhfuil hidreafluaracarbóin ann, de bharr éifeachtúlachta fuinnimh níos airde le linn a úsáidte.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear an liosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III chun táirgí eile agus trealamh eile a áireamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda 150 nó níos mó, nó a bhfuil a n‑oibríocht ag brath orthu, má tá sé léirithe go bhfuil malairtí ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe nó ar úsáid cineálacha sonracha gás ceaptha teasa fluairínithe le fáil, agus gur lú a bheadh astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa de bharr a n‑úsáidte, agus chun catagóirí áirithe táirgí nó trealaimh a eisiamh, i gcás inarb iomchuí agus ar feadh tréimhse sonraí ama, nach bhfuil substaintí malartacha a thagann faoi bhun na teorann sonraithe do phoitéinseal téimh dhomhanda le fáil ar chúiseanna teicniúla, eacnamaíocha nó sábháilteachta.

Airteagal 10 Lipéadú agus faisnéis ar an táirge

1.           Ní chuirfear táirgí ná trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ar an margadh gan bheith lipéadaithe.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na cineálacha trealaimh seo a leanas:

(a) trealamh cuisniúcháin;

(b) trealamh aerchóiriúcháin;

(c) teaschaidéil

(d) córais chosanta dóiteán;

(e) lascthrealamh leictreach;

(f) cannaí aerasóil ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe;

(g) na coimeádáin gháis cheaptha teasa fhluairínithe uile;

2.           Ar an lipéad a cheanglaítear a bheith ann i gcomhréir le mír 1, léireofar an fhaisnéis seo a leanas:

(a) Go bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe sa táirge nó sa trealamh;

(b) Ainm na ngás ceaptha teasa fluairínithe de réir an chórais ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis, nó mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t‑ainm ceimiceach;

(c) Ón 1 Eanáir 2017 amach, cainníocht na ngás ceaptha teasa atá sa táirge nó sa trealamh de réir meáchain agus choibhéis CO2.

I gcás ina bhfuil na gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcóras atá séalaithe go heirméiteach, beidh sin léirithe i ráiteas ar an lipéad.

3.           Beidh an lipéad soléite doscriosta agus cuirfear é gar do na poirt seirbhíse le haghaidh luchtú nó aisghabháil an gháis cheaptha teasa fhluairínithe, nó ar an gcuid sin den táirge nó den trealamh ina bhfuil an gás ceaptha teasa fluairínithe.

4.           Ní chuirfear cúir ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ar an margadh gan lipéad lena sainítear iad de réir an chórais ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis, nó mura mbeidh an córas sin ar fáil, leis an ainm ceimiceach; Beidh sé léirithe go soiléir ar an lipéad go bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe sa chúr sin.

I gcás cúrchlár, beidh an fhaisnéis sin go soiléir doscriosta ar na cláir.

5.           Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 sna lámhleabhair treoracha a ghabhann leis na táirgí agus leis an trealamh sin. I gcás táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda 150 nó níos mó, beidh an fhaisnéis sin sna tuairiscí a úsáidtear le haghaidh fógraíochta.

6.           Féadfaidh an Coimisiún formáid na lipéad dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

7.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear na ceanglais lipéadaithe atá leagtha amach i mír 1 agus i mír 3 agus lena leasaítear liosta na dtáirgí agus an trealaimh atá i mír 1 chun go n‑áireofar ann táirgí eile agus trealamh eile más iomchuí i bhfianaise na forbartha tráchtála agus teicneolaíche.

Airteagal 11 Úsáid a rialú

1.           Beidh toirmeasc ar úsáid SF6 i dteilgean dísle agus in athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam. Maidir le gléasraí ina n‑úsáidtear níos lú ná 850 kg SF6 in aghaidh na bliana, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin ach ón 1 Eanáir 2015 amach.

2.           Beidh toirmeasc ar SF6 a úsáid chun boinn feithiclí a líonadh.

3.           Beidh toirmeasc ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, nó meascáin ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda 2 500 nó níos mó, a úsáid chun trealamh cuisniúcháin ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 5 thona de CO2 nó níos mó a sheirbhísiú nó a chothabháil ón 1 Eanáir 2020 amach.

Chun críche na forála seo, ríomhfar poitéinseal téimh dhomhanda meascán ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe de bhun Iarscríbhinn IV.

Airteagal 12 Réamhluchtú trealaimh

1.           Ón [ll/mm/bbbb][cuir isteach an dáta trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin seo] amach, ní luchtófar trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin ná teaschaidéil le hidreafluaracarbóin sula gcuirfear é ar an margadh nó sula gcuirfear ar fáil é don úsáideoir deiridh le haghaidh a chéad shuiteála.

Luchtófar an trealamh san áit a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, agus daoine atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 8 a luchtóidh é.

2.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le trealamh atá séalaithe go heirméiteach ná trealamh ina bhfuil cainníocht hidreafluaracarbón arb ionann é agus níos lú ná 2 % den toilleadh iomlán a mheastar a bheidh ag an trealamh.

Caibidil IV An méid hidreafluaracarbón a chuirtear ar an margadh a laghdú

Airteagal 13 An méid hidreafluaracarbón a chuirtear ar an margadh a laghdú

1.           Áiritheoidh an Coimisiún nach mó an chainníocht hidreafluaracarbón atá táirgeoirí agus allmhaireoirí i dteideal a chur ar an margadh san Aontas gach bliain ná an uaschainníocht don bhliain atá i gceist arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Áiritheoidh gach táirgeoir agus gach allmhaireoir nach mó an chainníocht hidreafluaracarbón arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V a chuirfidh sé ar an margadh ná an cuóta arna leithdháileadh air de bhun Airteagal 14(5) nó arna aistriú chuige de bhun Airteagal 16.

2.           Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ar hidreafluaracarbóin a allmhairítear isteach san Aontas lena scriosadh.

Ní bheidh feidhm aige maidir le táirgeoirí nó allmhaireoirí níos lú ná 1 000 tona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin in aghaidh na bliana.

3.           Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 14, 16,17 agus 22 maidir le hidreafluaracarbóin atá i gcumaisc polól.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20

(a) lena leasaítear na huaschainníochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn V i bhfianaise forbairtí ar mhargadh na hidreafluaracarbón agus na n‑astaíochtaí lena mbaineann; agus

(b) lena ndíolmhaítear cur ar an margadh i gcás úsáidí sonracha ón gceanglas cuótaí atá leagtha amach i mír 1 i gcás ina bhfuil gá le húsáid hidreafluaracarbón ar chúiseanna sláinte nó sábháilteachta agus nach n‑áiritheofaí leorsholáthar ina éagmais.

Airteagal 14 Cuótaí a leithdháileadh maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh

1.           Faoin 31 Meán Fómhair 2014 cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin cinntí cur chun feidhme, do gach táirgeoir nó allmhaireoir a thuairiscigh sonraí faoi réir Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006, luach tagartha ar bhonn mheán bliantúil na gcainníochtaí hidreafluaracarbón a thuairiscigh an táirgeoir nó an t‑allmhaireoir a tháirg sé nó a d’allmhairigh sé idir 2008 agus 2011. Chun críocha an luach tagartha a chinneadh, ní chuirfear san áireamh in aon chor na cainníochtaí a tuairiscíodh ar mó iad ná an cuóta. Ríomhfar na luachanna tagartha i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

2.           Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí nár thuairiscigh táirgeadh nó allmhairí faoi réir Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 don tréimhse thagartha dá dtagraítear i mír 1 a dhearbhú go bhfuil rún acu hidreafluaracarbóin a tháirgeadh nó a allmhairiú an bhliain ina dhiaidh sin.

Déanfar an dearbhú sin don Choimisiún, agus sonrófar ann na cineálacha hidreafluaracarbón agus na cainníochtaí a mheastar a chuirfear ar an margadh.

Eiseoidh an Coimisiún fógra maidir leis an teorainn ama ar chur isteach na ndearbhuithe sin. Sula gcuirfear isteach dearbhú de bhun mhír 2 agus mhír 3, cláróidh gnóthais sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 15.

3.           Faoin 31 Meán Fómhair 2017 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin, athríomhfaidh an Coimisiún na luachanna tagartha do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar bhonn mheán bliantúil na gcainníochtaí hidreafluaracarbón a táirgeadh nó a allmhairíodh i ndiaidh 1 Eanáir 2015, mar a tuairiscíodh faoi réir Airteagal 17. Cinnfidh sé na luachanna tagartha sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

4.           Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dár cinneadh luachanna tagartha a dhearbhú go measfar go mbeidh cainníochtaí breise ann i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2.

5.           Leithdháilfidh an Coimisiún cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh ar gach táirgeoir agus ar gach allmhaireoir le haghaidh gach bliana ón mbliain 2015 amach, agus an sásra leithdháilte atá leagtha síos in Iarscríbhinn VI á chur i bhfeidhm aige.

6.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena gcinntear an sásra le haghaidh na luachanna tagartha a athríomh de bhun mhír 3 agus lena leasaítear nó lena bhforlíontar an sásra le haghaidh cuótaí a leithdháileadh atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 15 Clár cuótaí

1.           Bunófar clár leictreonach le haghaidh cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh. Glacfaidh an Coimisiún bearta chun an clár leictreonach sin a chur ar bun agus chun a áirithiú go n‑oibreoidh sé mar is ceart.

Clárófar na nithe seo a leanas sa chlár leictreonach sin:

(a) táirgeoirí agus allmhaireoirí ar ar leithdháileadh cuóta maidir le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 14(5);

(b) táirgeoirí agus allmhaireoirí a n‑aistrítear cuóta chucu i gcomhréir le hAirteagal 16;

(c) táirgeoirí agus allmhaireoirí atá a dhearbhú go bhfuil rún acu dearbhú a chur isteach de bhun Airteagal 14(2).

2.           Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí agus údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas tríd an gclár faoin gcuóta a leithdháileadh agus faoi aon athruithe air le linn na tréimhse leithdháilte.

Airteagal 16 Cuótaí a aistriú

Féadfaidh aon táirgeoir nó aon allmhaireoir dár cinneadh luach tagartha de bhun Airteagal 14(1) nó (3) agus ar ar leithdháileadh cuóta i gcomhréir le hAirteagal 14(5) an cuóta sin a aistriú i gcás na gcainníochtaí uile nó aon chainníochta chuig gnóthas eile san Aontas atá cláraithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 15(1). Tabharfar fógra don Choimisiún roimh ré maidir le haon aistriú den chineál sin.

Caibidil V

Tuairisciú

Airteagal 17 Tuairisciú ar tháirgeadh, ar allmhairiú, ar onnmhairiú agus ar scriosadh

1.           Faoin 31 Márta 2014 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh gach táirgeoir, gach allmhaireoir agus gach onnmhaireoir a tháirg, a d’allmhairigh nó a d’onnmhairigh níos mó ná aon tona méadrach nó 1 000 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus de na gáis atá liostaithe in Iarscríbhinn II le linn na bliana féilire roimhe sin, tuairisc don Choimisiún ar na sonraí atá sonraithe in Iarscríbhinn VII i dáil le gach ceann de na substaintí sin an bhliain féilire sin.

2.           Faoin 31 Márta 2014 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh gach gnóthas a scrios níos mó ná aon tona méadrach nó 1 000 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus de na gáis atá liostaithe in Iarscríbhinn II le linn na bliana féilire roimhe sin, tuairisc don Choimisiún ar na sonraí atá sonraithe in Iarscríbhinn VII i dáil le gach ceann de na substaintí sin an bhliain féilire sin.

3.           Faoin 31 Márta 2014 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh gach gnóthas a chuir ar an margadh níos mó ná aon tona méadrach nó 10 000 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus de na gáis atá liostaithe in Iarscríbhinn II a bhí i dtáirgí nó i dtrealamh a bhí ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, tuairisc don Choimisiún ar na sonraí atá sonraithe in Iarscríbhinn VII i dáil le gach ceann de na substaintí sin an bhliain féilire sin.

4.           Gach gnóthas atá, faoi réir mhír 1 agus mhír 3, le tuairisciú maidir le níos mó ná 10 000 tona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, déanfaidh sé, sula gcuirfear an tuairisc isteach, a áirithiú go bhfíoraíonn iniúchóir neamhspleách beachtas na sonraí, iniúchóir arna chreidiúnú de bhun Threoir 2003/87/CE[45] nó arna chreidiúnú chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Coinneoidh an gnóthas an tuairisc fíoraithe go ceann cúig bliana ar a laghad. Cuirfear an tuairisc fhíoraithe ar fáil don údarás inniúil agus don Choimisiún arna iarraidh sin dóibh.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear na tairseacha maidir leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 más iomchuí, i bhfianaise fhorbairt an mhargaidh, chun an fhéidearthacht a chosc nach ndéanfar faireachán ar chainníochtaí móra gás ceaptha teasa fluairínithe arna dtáirgeadh, arna n‑allmhairiú nó arna n‑onnmhairiú nó chun ualaigh riaracháin a laghdú i gcásanna inar beag le rá na cainníochtaí arna dtuairisciú.

6.           Féadfaidh an Coimisiún an fhormáid agus an modh ina gcuirfear isteach na tuairiscí dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

7.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise a chuirfear faoina bhráid a chosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 18 Sonraí astaíochtaí a bhailiú

1.           Baileoidh na Ballstáit sonraí i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe.

Chun na críche sin, bunóidh siad ceann de na córais seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)     córas lena gcoinnítear bunachar sonraí ar leibhéal náisiúnta chun na sonraí arna dtaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 5(1) a bhailiú;

(b)     córas lena ndéantar suirbhéanna ar astaíochtaí ó shampla ionadaíoch oibreoirí faoi chlúdach fhorálacha Airteagal 5(1), agus lena n‑eacharshuítear torthaí ó na suirbhéanna sin.

2.           Cuirfear na sonraí arna mbailiú i gcomhréir le mír 1 ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó. Féadfaidh an Coimisiún na sonraí sin a chraobhscaoileadh chuig na Ballstáit eile.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena mbunaítear ceanglais maidir leis na córais bhailithe sonraí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus lena leagtar síos cé acu a mbunófar nó nach mbunófar, i gcás earnálacha sonracha, córas i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) den dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 19 Athbhreithniú

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear Iarscríbhinn I sa dóigh go n‑áireofar ar an liosta substaintí ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda mór agus a úsáidtear in ionad substaintí atá liostaithe cheana san Iarscríbhinn sin agus a allmhairítear, a onnmhairítear, a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh i gcainníochtaí suntasacha.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena dtugtar cothrom le dáta Iarscríbhinní I, II agus IV ar bhonn fionnachtana nua eolaíocha, maidir le poitéinseal téimh dhomhanda na substaintí atá liostaithe go háirithe.

3.           Ar bhonn faisnéise maidir leis an gcur ar an margadh arna cur i dtuairisc i gcomhréir le hAirteagal 17 agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe arna gcur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2), déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtaí an Rialacháin seo.

Ar dháta nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhfáil atá ar hidreafluaracarbóin ar mhargadh an Aontais, agus ar hidreafluaracarbóin le haghaidh feidhmeanna liachta go háirithe.

Ar dháta nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, foilseoidh sé tuarascáil chuimsitheach ar éifeachtaí an Rialacháin seo, lena n‑áirítear réamhaisnéis maidir leis an éileamh leantach ar hidreafluaracarbóin ó 2030 amach.

Airteagal 20 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.           Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(4), 7(2), 8(7), 9(3), 10(7), 13(5), 14(6), 17(5), 18(3) agus 19(1) agus (2) ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó [ll/mm/bbbb][cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(4), 7(2), 8(7), 9(3), 10(7), 13(5), 14(6), 17(5), 18(3), 19(1) agus (2) a chúlghairm tráth ar bith. Maidir leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta arna shonrú sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagail 3(4), 7(2), 8(7), 9(3), 10(7), 13(5), 14(6), 17(5), 18(3) agus 19(1) agus (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ón tráth a dtabharfar fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21 Nós imeachta coiste

1.           Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22 Pionóis

1.           Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [ll/mm/bbb][dáta teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar acu orthu.

2.           I dteannta na bpionós dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfar ach leithdháileadh cuóta laghdaithe a leithdháileadh ar ghnóthais a sháraigh a gcuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, cuóta arna leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 14(5) nó arna aistriú chucu i gcomhréir le hAirteagal 16, don tréimhse leithdháilte i ndiaidh an sárú a bhrath.

200 % den mhéid a sáraíodh an cuóta a bheidh i méid an laghdaithe. Má tá méid an laghdaithe níos mó ná an méid atá le leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 14(5) mar chuóta don tréimhse leithdháilte i ndiaidh an sárú a bhrath, ní leithdháilfear aon chuóta don tréimhse leithdháilte sin agus laghdófar an cuóta do na tréimhsí leithdháilte ina dhiaidh sin mar an gcéanna go dtí go mbeidh an méid iomlán bainte.

Airteagal 23 Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 24 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

              Gáis cheaptha teasa fhluairínithe dá dtagraítear in Airteagal 1 pointe (1)

 Substaint || Poitéinseal téimh dhomhanda[46]

Ainmniú tionsclaíoch || Ainm ceimiceach Ainm Coiteann || Foirmle cheimiceach

Roinn 1:              Hidreafluaracarbóin (HFCanna)

HFC-23 || trífhluaraimeatán (fluarafoirm) || CHF3 || 14800

HFC-32 || défhluaraimeatán || CH2F2 || 675

HFC-41 || fluaraimeatán (fluairíd meitile) || CH3F || 92

HFC-125 || peinteafhluaraimeatán || CHF2CF3 || 3 500

HFC-134 || 1,1,2,2-teitreafhluaraimeatán || CHF2CHF2 || 1 100

HFC-134a || 1,1,1,2-teitreafhluaraimeatán || CH2FCF3 || 1 430

HFC-143 || 1,1,2-trífhluaraimeatán || CH2FCHF2 || 353

HFC-143a || 1,1,1-trífhluaraimeatán || CH3CF3 || 4 470

HFC-152 || 1.2-défhluaraimeatán || CH2FCH2F || 53

HFC-152a || 1,2-défhluaraimeatán || CH3CHF2 || 124

HFC-161 || fluaraimeatán (fluairíd eitile) || CH3CH2F || 12

HFC-227ea || 1,1,1,2,3,3,3-heipteafhluaraprópán || CF3CHFCF3 || 3 220

HFC-236cb || 1,1,1,2,2,3- heicseafhluaraprópán || CH2FCF2CF3 || 1 340

HFC-236cb || 1,1,1,2,3,3- heicseafhluaraprópán || CHF2CHFCF3 || 1 370

HFC-236cb || 1,1,1,3,3,3- heicseafhluaraprópán || CF3CH2CF3 || 9 810

HFC-245ca || 1,1,2,2,3- peinteafhluaraprópán || CH2FCF2CHF2 || 693

HFC-245ca || 1,1,1,3,3- peinteafhluaraprópán || CHF2CH2CF3 || 1030

HFC-365 mfc || 1,1,1,3,3- peinteafhluarabútán || CF3CH2CF2CH3 || 794

HFC-43-10 mee || 1,1,1,2,2,3,4.5.5.5- deacafhluarapeantán || CF3CHFCHFCF2CF3 || 1 640

Roinn 2:              Sárfhluaracarbóin (SFCanna)

 PFC-14 || sárfhluarameatán (teitreafluairíd charbóin) || CF4 || 7 390

 PFC-116 || heicseafhluara‑eatán (sárfhluara‑eatán) || C2F6 || 12 200

 PFC-218 || ochtafhluaraprópán (sárfhluaraprópán) || C3F8 || 8 830

 PFC-3-1-10 (R-31-10) || deacafhluarabútán (sárfhluarabútán) || C4F10 || 8 860

 PFC-4-1-12 (R-41-12) || dóideacafhluarapeantán (sárfhluarapeantán) || C5F12 || 9 160

 PFC-5-1-14 (R-51-14) || teitridheacafhluaraheacsán (sárfhluaraheacsán) || C6F14 || 9 300

 PFC-c-318 || ochtafhluaracioglabhútán              (sárfhluaracioglabhútán) || c-C4F8 || 10 300

Roinn 3:              Comhdhúileanna sárfhluairínithe eile

|| sulfarheacsafhluairíd || SF6 || 22 800

IARSCRÍBHINN II

Gáis fhluairínithe eile atá faoi réir tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 17

Substaint || Poitéinseal téimh dhomhanda[47]

Ainm coiteann / ainm tionsclaíoch || Foirmle cheimiceach

Roinn 1:              Hidreafhluaracarbóin neamhsháithithe

HFC-1234yf || CF3CF=CH2 || 4 Fn [48]

HFC-1234yf || tras — CHF=CHCF3 || 7 Fn 48

Roinn 2:              Éitir fhluairínithe

HFE-125 || CHF2OCF3 || 14 900

HFE-134 || CHF2OCHF2 || 6 320

HFE-143a || CH3OCF3 || 756

HCFE-235da2 || CHF2OCHClCF3 || 350

HFE-245cb2 || CH3OCF2CF3 || 708

HFE-245fa2 || CHF2OCH2CF3 || 659

HFE-254cb2 || CH3OCF2CHF2 || 359

HFE-347 mcc3 || CH3OCF2CF2CF3 || 575

HFE-347pcf2 || CHF2CF2OCH2CF3 || 580

HFE-356pcc3 || CH3OCF2CF2CHF2 || 110

HFE-449sl (HFE-7100) || C4F9OCH3 || 297

HFE-569sf2 (HFE-7200) || C4F9OC2:5 || 59

HFE-43-10pccc124 (H-Galden 1040x) || CHF2OCF2OC2F4OCHF2 || 1 870

HFE-236ca12 (HG-10) || CHF2OCF2OCHF2 || 2 800

HFE-338pcc13 (HG-01) || CHF2OCF2CF2OCHF2 || 1 500

|| (CF3)2CFOCH3 || 343

|| CF3CF2CH2OH || 42

|| (CF3)2CHOH || 195

HFE-227ea || CF3CHFOCF3 || 1 540

HFE-236ea2 || CHF2OCHFCF3 || 989

HFE-236fa || CF3CH2OCF3 || 487

HFE-245fa1 || CHF2CH2OCF3 || 286

HFE 263fb2 || CF3CH2OCH3 || 11

HFE-329 mcc2 || CHF2CF2OCF2CF3 || 919

HFE-338 mcf2 || CF3CH2OCF2CF3 || 552

HFE-347 mcf2 || CHF2CH2OCF2CF3 || 374

HFE-356 mec3 || CH3OCF2CHFCF3 || 101

HFE-356pcf2 || CHF2CH2OCF2CHF2 || 265

HFE-356pcf3 || CHF2OCH2CF2CHF2 || 502

HFE 365 mcf3 || CF3CF2CH2OCH3 || 11

HFE-374pc2 || CHF2CF2OCH2CH3 || 557

|| - (CF2)4CH (OH) - || 73

|| (CF3)2CHOCHF2 || 380

|| (CF3)2CHOCH3 || 27

Roinn 3:              Comhdhúileanna sárfhluairínithe eile

PFPMIE || CF3OCF(CF3)CF2OCF2OCF3 || 10 300

trífhluairíd de nitrigín || NF3 || 17 200

trífhluarameitil peantafhluairíd de shulfar || SF5CF3 || 17 700

sárfhluaracioglaphrópán || c-C3F6 || 17,340 Fn [49]

IARSCRÍBHINN III

Toirmisc maidir le cur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 9(1)

Táirgí agus trealamh I gcás inarb ábhartha, ríomhfar poitéinseal téimh dhomhanda meascán ina bhfuil gáis fhluairínithe téimh dhomhanda i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, dá bhforáiltear i bhfomhír 2 d'Airteagal 9(1). || Dáta an toirmisc

1.      Coimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis cheaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear chun trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin nó teaschaidéil, córais chosanta ar dhóiteán nó lascthrealamh a sheirbhísiú a chothabháil nó a líonadh nó lena n‑úsáid mar thuaslagóir || 4 Iúil 2007

2.      Córais neamhghaibhnithe galaithe neamhdhírigh a bhfuil HCFanna agus SFCanna ina gcuisneáin iontu || 4 Iúil 2007

3.      Córais chosanta ar dhóiteán agus múchtóirí dóiteáin || ina bhfuil SFCanna || 4 Iúil 2007

ina bhfuil HCF‑23 || 1 Eanáir 2015

4.      Fuinneoga tí ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe || 4 Iúil 2007

5.      Fuinneoga eile ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe || 4 Iúil 2008

6.      Coisbhearta ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe || 4 Iúil 2006

7.      Boinn ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe || 4 Iúil 2007

8.      Cúir aon ábhair, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach, ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomanda || 4 Iúil 2008

9.      Ginteoirí aerasóil arna margú agus arna mbeartú lena ndíol don phobal i gcoitinne chun críocha siamsaíochta agus maisithe, mar atá liostaithe i bpointe 40 d’Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006[50], agus adharca fógartha ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomanda || 4 Iúil 2009

10.    Cuisneoirí agus reoiteoirí tí ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a a bpoitéinseal téimh dhomanda || 1 Eanáir 2015

11.    Cuisneoirí agus reoiteoirí le haghaidh táirgí i seirbhísí miondíola agus bia a stóráil, a thaispeáint nó a dháileadh ("úsáid chun críocha tráchtála") - córais atá séalaithe go heirméiteach || ina bhfuil HFCanna ar 2500 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomanda || 1 Eanáir 2017

ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomanda || 1 Eanáir 2020

12.              Fearais aerchóiriúcháin shoghluaiste (trealamh atá séalaithe go heirméiteach agus is féidir leis an úsáideoir deiridh a aistriú ó sheomra go seomra) ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomanda || 1 Eanáir 2020

IARSCRÍBHINN IV

Modh ríofa poitéinsil téimh dhomhanda meascáin dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 11(3)

Ríomhfar an poitéinseal téimh dhomhanda (PTD) atá ag meascán ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe mar mheán ualaithe, arna dhíorthú ó shuim chodáin mheáchain na substaintí ar leith iolraithe faoina PTD féin, mura sonrófar a mhalairt, lena n‑áirítear substaintí nach gáis cheaptha teasa fhluairínithe iad.

Σ (Substaint X % x PTD) + (Substaint Y % x PTD) + … (Substaint N % x PTD),

más é % an cion de réir meáchain arb é a lamháltas meáchain +/- 1 %.

Mar shampla: má chuirtear an fhoirmle i bhfeidhm ar chumasc gás ar 60 % de éitear démheitile, 10 % de HFC‑152a agus 30 % de iseabútán:

Σ (60 % x 1) + (10 % x 125) + (30 % x 4)

→ PTD iomlán = 14.3

Úsáidtear PTD na substaintí neamhfhluairínithe seo a leanas chun PTD meascán a ríomh. I gcás substaintí eile nach bhfuil liostaithe san iarscríbhinn seo, tugtar luach réamhshocraithe 0 dóibh.

Substaint || Poitéinseal téimh dhomhanda[51]

Ainm Coiteann || Ainmniú tionsclaíoch || Foirmle cheimiceach

Meatán || || CH4 || 25

Ocsaíd nítriúil || || N2O || 298

Éitear démheitile || || CH3OCH3 || 1

Clóiríd mheitiléin || || CH2Cl2 || 9

Clóiríd mheitile || || CH3Cl || 13

Clóraform || || CHCl3 || 31

Eatán || R-170 || CH3CH3 || 6

Própán || R-290 || CH3CH2CH3 || 3

Bútán || R-600 || CH3CH2CH2CH3 || 4

Iseabútán || R-600a || CH(CH3)2CH3 || 3

Peantán || R-601 || CH3CH2CH2CH2CH3 || 20

Iseapeantán || R-601a || (CH3)2CHCH2CH3 || 4

Eatocsa-eitéin (éitear dé-eitile) || R-610 || CH3CH2OCH2CH3 || 4

Formáit mheitile || R-611 || HCOOCH3 || 25

Hidrigin || R-702 || H2 || 6

Amóinia || R-717 || NH3 || 0

Eitiléin || R-1150 || C2H5 || 4

Próipiléin || R-1270 || C3H6 || 2

IARSCRÍBHINN V

An uaschainníocht, na luachanna tagartha agus na cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh a ríomh

Ríomhfar an uaschainníocht dá dtagraítear in Airteagal 13(1) trí na céatadáin seo a leanas a chur i bhfeidhm ar mheán bliantúil na cainníochta iomláine a táirgeadh san Aontas agus a allmhairíodh isteach san Aontas le linn na tréimhse 2008-2011:

Blianta ||

2015 || 100 %

2016–17 || 93 %

2018–20 || 63 %

2021–23 || 45 %

2024–26 || 31 %

2027–29 || 24 %

2030 || 21 %

Ríomhfar an uaschainníocht, na luachanna tagartha agus na cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 mar chainníochtaí comhiomlánaithe gach cineáil hidreafluaracarbón, curtha in iúl i dtona(í) de choibhéis CO2.

Beidh ríomh luachanna tagartha agus cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 bunaithe ar na cainníochtaí hidreafluaracarbón a chuir táirgeoirí agus allmhaireoirí ar an margadh san Aontas le linn tréimhse leithdháilte.

Ní chuirfear san áireamh cainníochtaí atá le hallmhairiú le linn na tréimhse céanna leithdháilte arna n‑aistriú chuig gnóthas agus cuóta á ríomh nó comhréireacht le hAirteagal 13(2) á meas, ar choinníoll go ndéantar an t‑allmhairiú le linn na tréimhse céanna agus go dtuairiscíonn an t‑allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagal 17(1) é. Ní mór an t‑idirbheart a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 17(4) is cuma cé na cainníochtaí atá i gceist.

IARSCRÍBHINN VI

An sásra leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 14

1.           An chainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais dár socraíodh luach tagartha faoi réir Airteagal 14(1) agus (3) a chinneadh

Gheobhaidh gach gnóthas dár socraíodh luach tagartha, cuóta ar comhréir le 95 % den luach tagartha iolraithe faoin gcéatadán atá léirithe in Iarscríbhinn V don bhliain ábhartha.

2.           An chainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú faoi réir Airteagal 14(2) a chinneadh

Bainfear suim na gcuótaí arna leithdháileadh faoi réir phointe 1 ó uaschainníocht na bliana ar leith sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn V chun an chainníocht a ríomh atá le leithdháileadh ar ghnóthais nár socraíodh aon luach tagartha dóibh agus a chuir isteach dearbhú faoi réir Airteagal 14(3) (cainníocht le leithdháileadh i gcéim 1 den ríomh).

2.1.        Céim 1 den ríomh

Faigheann gach gnóthas leithdháileadh ar comhréir leis an gcainníocht a iarradh ina dhearbhú, ach ní fhaigheann sé níos mó ná sciar pro rata den chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 1.

Ríomhtar an sciar pro rata trí 100 a roinnt ar líon na ngnóthas a chuir isteach dearbhú. Baintear suim na gcuótaí a leithdháileadh i gcéim 1 ón gcainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 1 chun an chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 2 a chinneadh.

2.2.        Céim 2 den ríomh

Faigheann gach gnóthas nach bhfuair 100 % den chainníocht a iarradh ina dhearbhú i gcéim 1 leithdháileadh breise ar comhréir leis an difríocht idir an chainníocht a iarradh agus an chainníocht a fuarthas i gcéim 1. Ní mór, áfach, an chainníocht sin a bheith níos lú ná an sciar pro rata nó ar aon mhéid leis den chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 2.

Ríomhtar an sciar pro rata trí 100 a roinnt ar líon na ngnóthas atá incháilithe do leithdháileadh i gcéim 2. Baintear suim na gcuótaí a leithdháileadh i gcéim 2 ón gcainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 2 chun an chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 3 a chinneadh.

2.3.        Céim 3 den ríomh

Athdhéantar céim 2 go dtí gur lú an chainníocht atá fágtha atá le leithdháileadh sa chéad chéim eile ná 1 000 tona de choibhéis CO2.

3.           An chainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú faoi réir Airteagal 13(4) a chinneadh

Bainfear suim na gcuótaí arna leithdháileadh faoi réir phointe 1 agus phointe 2 ó uaschainníocht na bliana ar leith sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn V chun an chainníocht a ríomh atá le leithdháileadh ar ghnóthais dár socraíodh luach tagartha agus a chuir isteach dearbhú faoi réir Airteagal 14(4).

Beidh feidhm ag an sásra leithdháilte atá leagtha amach faoi phointe 2.1 agus faoi phointe 2.2.

IARSCRÍBHINN VII

Sonraí le tuairisciú de bhun Airteagal 17

1.           Tuairisceoidh gach táirgeoir dá dtagraítear in Airteagal 17(1) na nithe seo a leanas:

(a) táirgeadh iomlán gach substainte san Aontas, agus na príomhchatagóirí cur i bhfeidhm ina n‑úsáidtear an tsubstaint á sainiú;

(b) cainníochtaí gach substainte a chuir sé ar an margadh san Aontas;

(c) cainníochtaí gach substainte a athchúrsáladh, a athshlánaíodh agus a scriosadh, san ord sin;

(d) aon stoic atá acu ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

2.           Tuairisceoidh gach allmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 17(1) na nithe seo a leanas:

(a) cainníocht gach substainte a d’allmhairigh sé isteach san Aontas, lena sainítear na príomhchatagóirí cur i bhfeidhm ina n‑úsáidtear an tsubstaint;

(b) cainníochtaí gach substainte a athchúrsáladh, a athshlánaíodh agus a scriosadh, san ord sin.

3.           Tuairisceoidh gach onnmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 17(1) na nithe seo a leanas:

(a) cainníochtaí gach substainte a d’onnmhairigh sé as an AE seachas substaintí atá le hathchúrsáil, le hathshlánú nó le scriosadh,

(b) cainníochtaí gach substainte a d’onnmhairigh sé atá le hathchúrsáil, le hathshlánú nó le scriosadh, san ord sin.

4.           Tuairisceoidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 17(2) na nithe seo a leanas:

(a) cainníochtaí gach substainte a scriosadh, lena n‑áirítear cainníochtaí atá i dtáirgí nó i dtrealamh,

(b) stoic gach substainte nár scriosadh ach atá le scriosadh, lena n‑áirítear cainníochtaí atá i dtáirgí nó i dtrealamh;

(c) an teicneolaíocht lena scriostar.

5.           Tuairisceoidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 17(3) na nithe seo a leanas:

(a) catagóirí na dtáirgí nó an trealaimh;

(b) líon na n‑aonad;

(c) cainníochtaí gach substainte atá i dtáirgí nó i dtrealamh.

IARSCRÍBHINN VIII

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 1

Airteagal 3(1) || Airteagal 2(2)

an chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) || Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2), an dara fomhír || an dara fomhír d’Airteagal 2(3)

Airteagal 3(2), an tríú fomhír || an chéad fhomhír d’Airteagal 3(1)

Airteagal 3(3) || Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4) || Airteagal 3(4)

Airteagal 3(5) || Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6) || Airteagal 4(1)

Airteagal 3(7) || Airteagal 3(6)

Airteagal 4(1) || Airteagal 6(1)

Airteagal 4(2) || Airteagal 6(3)

Airteagal 4(3) || Airteagal 6(4)

Airteagal 4(4) || Airteagal 6(5)

Airteagal 5(1) || Airteagal 8(7)

an chéad abairt d’Airteagal 5(2) || Airteagal 8(1) agus (4)

Airteagal 5(2) an dara habairt || an chéad abairt d’Airteagal 8(6)

Airteagal 5(2) an tríú habairt || an dara habairt d’Airteagal 8(6)

Airteagal 5(3) || Airteagal 2(5)

Airteagal 5(4) || Airteagal 2(4), pointe (d)

Airteagal 5(5) || Airteagal 8(8)

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír || an chéad fhomhír d’Airteagal 17(1)

Airteagal 6(1) || Airteagal 17(1) agus Iarscríbhinn VII

Airteagal 6(2) || Airteagal 17(5)

Airteagal 6(3) || Airteagal 17(6)

Airteagal 6(4) || Airteagal 18(1)

Airteagal 7(1)        an chéad fhomhír, an chéad              abairt || Airteagal 10(1)

Airteagal 7(1)        an dara fomhír,      an dara agus an tríú habairt || Airteagal 10(2) agus (3)

Airteagal 7(2) || an chéad fhomhír d’Airteagal 10(1),

Airteagal 7(3) an chéad abairt || Airteagal 10(6)

Airteagal 7(3) an dara habairt || Airteagal 10(7)

Airteagal 8(1) || Airteagal 11(1)

Airteagal 8(2) || Airteagal 11(2)

Airteagal 9(1) || Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2) || -

Airteagal 9(3) || -

Airteagal 10 || 19(3)

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || Airteagal 21

Airteagal 13(1) || an chéad fhomhír d’Airteagal 22(2)

Airteagal 13(2) || an dara fomhír d’Airteagal 22(2)

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || Airteagal 24

Iarscríbhinn I — Cuid 1 || Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I — Cuid 2 || Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn III

[1]               An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), 'Contribution of Working Group III to the Fourth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change, 2007 (Rannchuidiú Mheitheal III leis an gCeathrú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir-rialtasach ar an Athrú Aeráide, 2007)' www.ipcc.ch/publications_and_data/ar4/wg3/en/contents.html.

[2]               'Treochlár um gheilleagar iomaíoch ísealcharbóin roimh 2050', COM (2011)112.

                eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:52011DC0112:EN:NOT

[3]               Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, éifeachtaí agus leordhóthanacht an Rialacháin maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (Rialachán (CE) Uimh. 842/2006), COM(2011) final.

[4]               Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe, IO L 161, 14.6.2006, lch.1.

[5]               Schwarz et al., 2011, 'Preparatory study for a review of Regulation (EC) No 842/2006 on certain florinated greenhouse gasses' (Staidéar ullmhúcháin le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe), Öko-Recherche et al.

[6]               Ar mhaithe le peirspictíocht, freagraíonn na laghduithe cost-éifeachtacha bliantúla ar astaíochtaí gáis-F a d'fhéadfadh a bheith ann faoi 2030 a bheag nó a mhór don laghdú is gá do na tionscail atá cumhdaithe faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an AE a chur i bhfeidhm thar dhá bhliain.

[7]               "How to bring natural refrigerants faster to market" ("Conas cuisneáin nádúrtha a thabhairt níos sciobtha chun margaidh"), Summary report of ATMOsphere 2010 (Tuarascáil achoimreach ar ATMOsphere 2010), Ceardlann Idirnáisiúnta ar chuisneáin nádúrtha.

[8]               Conclúidí na Comhairle an 10 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hUllmhúcháin don 17ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP 17) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus an 7ú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto in Durban.

[9]               http://www.uncsd2012.org/thefuturewewant.html.

[10]             http://www.unep.org/CCAC/.

[11]             Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2011, 'A comprehensive approach to non-CO2 climate-relevant anthropogenic emmissions' ('Cur chuige cuimsitheach maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha neamh-CO2 a bhaineann le haeráid') , P7_TA-PROV(2011)0384 agus Rún ó Pharlaimint n hEorpa an 15 Márta 2012, 'Competitive low carbon economy in 2050 – EP resolution on a roadmap for moving to a competitive low carbon economy in 2050' (Geilleagar iomaíoch ísealcharbóin roimh 2050 – rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le treochlár um gheilleagar íomaíoch ísealcharbóin roimh 2050'), P7_TA-PROV(2012)0086.

[12]             Rialachán (CE) Uimh. 1493/2007 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2007, IO L 332, 18.12.2007, lch. 7.

[13]             Rialachán (CE) Uimh. 1494/2007 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2007, IO L 332, 18.12.2007, lch. 25.

[14]             Rialachán (CE) Uimh. 1516/2007 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2007, IO L 335, 20.12.2007, lch. 10.

[15]             Rialachán (CE) Uimh. 497/2007 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2007, IO L 333, 19.12.2007, lch. 4.

[16]             Rialachán (CE) Uimh. 303/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008, IO L 92, 3.4.2008, lch. 3.

[17]             Rialachán (CE) Uimh. 304/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008, IO L 92, 3.4.2008, lch. 12.

[18]             Rialachán (CE) Uimh. 305/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008, IO L 92, 3.4.2008, lch. 17.

[19]             Rialachán (CE) Uimh. 306/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008, IO L 92, 3.4.2008, lch. 21.

[20]             Rialachán (CE) Uimh. 307/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008, IO L 92, 3.4.2008, lch. 25.

[21]             Rialachán (CE) Uimh. 308/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008, IO L 92, 3.4.2008, lch. 28.

[22]             http://ec.europa.eu/europe2020/priorities/sustainable-growth/index_en.htm.

[23]             http://ec.europa.eu/enterprise/policies/sme/small-business-act/index_en.htm.

[24]             http://ec.europa.eu/enterprise/policies/sustainable-business/ecodesign/index_en.htm.

[25]             http://ec.europa.eu/energy/efficiency/index_en.htm.

[26]             SKM Enviros,2012, 'Further assessment of Policy Options for the Management and Destruction of Banks of ODS and F-Gases in the EU.'('Measúnú Breise ar Roghanna Beartais le haghaidh Bainistiú agus Scrios Bhainc na Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin agus na ngás‑F san AE.') http://ec.europa.eu/clima/policies/ozone/research/docs/ods_f-gas_destruction_report_2012_en.pdf.

[27]             Becken et al., 2010 'Avoiding Florinated Greenhouse Gases – Prospects for Phasing Out' (Gáis Cheaptha Teasa Fhluairínithe a Sheachaint - Ionchas le haghaidh Laghdú Céimseach'), Umweltbundesesamp, Dessau, an Ghearmáin. http://www.umweltbundesamt.de/uba-info-medien-e/3977.html.

[28]             Painéal Measúnaithe ar Theicneolaíocht agus Geilleagar (TEAP Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP)), Nairobi, 2009. 'Assessment of Alternatives to HCFCs and HFCs and Update of the TEAP 2005 Supplement Report Data' (Measúnú ar Roghanna Malartacha ar HCFCanna agus HFCanna agus Nuashonrú ar Fhorlíonadh ar Shonraí Thuarascáil TEAP 2005'), Prótacal Montréal, Tuarascáil Painéal Measúnaithe ar Theicneolaíocht agus Geilleagar UNE.

                http://ozone.unep.org/teap/Reports/TEAP_Reports/teap-may-2009-decisionXX-8-task-force-report.pdf.

[29]             Clodic et al., 2011, '1990 to 2010 Refrigerant Inventories for Europe – Provisions ón banks and emmissions from 2006 to 2030 for the European Union' ('Fardail Cuisneán don Eoraip 1990 go dtí 2010– Forálacha maidir le bainc agus astaíochtaí ó 2006 go dtí 2030 don Aontas Eorpach'), Armines/ERIE

                http://www.epeeglobal.org/refrigerants/F-Gas-review/.

[30]             Litir ó Ghréasán Eorpach Cheannairí Gníomhaireachtaí Cosanta Comhshaoil chuig na Coimisinéir Potočnik, Hedegaard, Tajani and Oettinger, 15 Bealtaine 2012.

[31]             In 2030, meastar go mbeidh beagnach 20 % de chainníochtaí hídreafluaracharbóin a chuirfear ar an margadh i dtrealamh a allmhaireofar. Mura bhfuil ar threalamh a allmhairítear dul i ngleic leis na srianta céanna soláthair atá ar gháis‑F le trealamh a tháirgtear san AE, is dócha go mbeadh an sciar trealaimh a allmhairítear agus, dá bhrí sin, soláthar neamhrialaithe gás‑F, níos airde fós.

[32]             Dhéanfadh líonadh trealaimh HFC le linn suiteála ar an láthair imní an tionscail seirbhíse (go príomha FBManna) a mhaolú. Is é an t-imní atá orthu faoi láthair, nach suiteáltar trealamh mar is ceart, agus nach n-úsáidtear saineolaithe deimhnithe mar is gá de réir an Rialacháin maidir le gás‑F. Astaíochtaí breise a bhíonn ann dá thoradh sin. AREA, 2010, 'Position paper: Review of regulation (EC) No 842/2006 on certain florinated greenhouse gases - pre-charged non-monobloc air conditioning equipment.' (Paipéar seasaimh: Athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe – trealamh aerchóiriúcháin réamhlochtaithe neamh-aonbhloc') www.area-eur.be.

[33]             Treochlár chun bogadh i dtreo geilleagair iomaíoch ísealcharbóin faoi 2050, COM(2011) 112 final.

[34]             IO C …, lch .

[35]             IO C …, lch .

[36]             Cinneadh ón gComhairle an 15 Nollaig 1993 maidir le conclúid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, IO L 33, 7.2.1994, lch. 11.

[37]             An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), 'Contribution of Working Group III to the Fourth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change, 2007 (Rannchuidiú Mheitheal III leis an gCeathrú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide, 2007)', Maolú maidir le hAthrú Aeráide, Caibidil 13.3.3.

[38]             Treochlár um gheilleagar iomaíoch ísealcharbóin roimh 2050, COM(2011) 112 final.

[39]             Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, éifeachtaí agus leordhóthanacht an Rialacháin i ndáil le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (Rialachán (CE) Uimh. 842/2006), COM(2011) 581 final.

[40]             Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe, IO L 161, 14.6.2006, lch. 1.

[41]             Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Mean Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, IO L 285, 285, 31.10.2009, lch. 10

[42]             IO L 286, 31.10.2009, lch. 1.

[43]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[44]             Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Mean Fómhair 2009 lena creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a úsáideann fuinneamh , IO L 285, 285, 31.10.2009, lch. 10

[45]             Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim le haghaidh thrádáil na lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal, IO L275, 25.10.2003, lch. 32.

[46]             Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

[47]             Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

[48]             Poitéinseal Téimh Dhomhanda de réir na Tuarascála Measúnaithe 2010 ó Phainéal Measúnaithe Eolaíoch Phrótacal Montréal (PME), Táblaí 1‑11, ina luaitear dhá thagairt eolaíoch phiarmheasúnaithe.

                http://ozone.unep.org/Assessment_Panels/SAP/Scientific_Assessment_2010/index.shtml.

[49]             Íosluach de réir Iarrata ar Réamhghníomhaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide

[50]             Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 396, 30.12.2006).

[51]             Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

Top