This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0521
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Council Regulation (EC) No 111/2005 laying down rules for the monitoring of trade between the Community and third countries in drug precursors
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha
/* COM/2012/0521 final - 2012/0250 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha /* COM/2012/0521 final - 2012/0250 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Cúlra Is substaintí ceimiceacha iad
réamhtheachtaithe drugaí a bhfuil réimse leathan úsáidí dleathacha acu, amhail
sintéis plaisteach, cógas, cosmaidí, cumhrán, glantach, nó dea‑bholaithe.
Déantar iad a thrádáil chun críocha dlisteanacha ar mhargaí réigiúnacha agus
domhanda, ach d'fhéadfaí cuid acu a atreorú ó na bealaí dáileacháin dleathacha
le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha freisin. Dá bhrí sin, is comhpháirt lárnach é rialú
réamhtheachtaithe drugaí den chomhrac in aghaidh drugaí támhshuanacha. I
bhfianaise réimse úsáidí dlisteanacha réamhtheachtaithe drugaí, ní féidir a
dtrádáil a thoirmeasc. Tá creat rialála sonrach, ar leibhéal idirnáisiúnta agus
ar leibhéal an AE araon, curtha i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar
thrádáil dhleathach i réamhtheachtaithe drugaí agus chun idirbhearta amhrasacha
a shainaithint, lena gcoisctear a n‑atreorú le haghaidh úsáid aindleathach. Is substaintí ceimiceacha iad eifidrín agus
súideifidrín a úsáidtear i monarú cógas slaghdáin nó ailléirge. Is iad an dá
shubstaint sin na príomh‑réamhtheachtaithe freisin le haghaidh monarú
meitiolamfataimín[1].
Cé go ndéantar eifidrín agus súideifidrín a rialú ar leibhéal idirnáisiúnta
agus ar leibhéal an AE, ní dhéantar na táirgí íocshláinte ina bhfuil siad a
rialú nuair a onnmhairítear iad ó chríoch chustaim an Aontais nó nuair atá siad
faoi bhealach tríthi. Díríonn gáinneálaithe drugaí orthu dá bharr mar fhoinse
réamhtheachtaithe le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín mar is
féidir an eifidrín nó an súideifidrín atá sna táirgí sin a bhaint amach go
héasca (trí threalamh baile saor a úsáid agus trí phróiseas ceimiceach simplí). Bíodh is go bhfágtar táirgí íocshláinte lena n‑úsáid
ag an duine ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín as an áireamh ó fhorálacha
Rialachán (CE) 111/2005, a bhfuil feidhm aige maidir le trádáil i
réamhtheachtaithe drugaí idir an AE agus tríú tíortha, tharla nárbh fhéidir le
húdaráis inniúla na mBallstát na táirgí sin a stopadh nó a urghabháil nuair a
onnmhairíodh na táirgí sin ó chríoch chustaim an Aontais nó nuair a bhí siad
faoi bhealach tríd, cé go raibh seans mór ann go mbainfí mí‑úsáid astu le
haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín ina dtír chinn scríbe. Déantar an AE a cháineadh go hidirnáisiúnta
toisc nár ghlac sé bearta rialaithe leordhóthanacha sna Ballstáit uile chun dul
i ngleic leis an laige sin. Dá bhrí sin, táthar ag súil go réiteoidh an AE an
locht atá sa reachtaíocht reatha maidir leis na cumhachtaí arna dtabhairt d'údaráis
chustaim agus do na póilíní faoinar féidir leo eifidrín nó súideifidrín a
stopadh agus a urghabháil ach nach féidir leo táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín nó súideifidrín a stopadh nó a urghabháil. Sna conclúidí ón gComhairle an
25 Bealtaine 2010, thug sí cuireadh don Choimsiún togra reachtach a
thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. 1.2. Scála na faidhbe
(meitiolamfataimín agus a réamhtheachtaithe) In 2009 tuairiscíodh beagnach 7400 urghabháil
meitiolamfataimín, méid arb ionann agus 600 kg den druga, san Eoraip. Chuaigh
líon na n‑urghabhálacha agus líon na gcainníochtaí i méid le linn na mblianta
2004‑2009. In 2009, urghabhadh saotharlanna meitiolamfataimín aindleathacha den
chéad uair i roinnt tíortha Eorpacha. Tugann sé sin le fios go bhféadfadh na
margaí meitiolamfataimín a bheith ag leathnú san Eoraip. Ar leibhéal domhanda, in 2009, ba i Meiriceá
Thuaidh a tharla beagnach a leath d'urghabhálacha meitiolamfataimín Tháinig
ardú de bhreis is trian ar urghabhálacha in Oirthear agus Oirdheisceart na
hÁise agus tá comharthaí ann go bhfuil meitiolamfataimín á thabhairt isteach sa
réigiún ón Afraic agus ó Phoblacht Ioslamach na hIaráine. Tá an Afraic Thiar ag
teacht chun cinn mar fhoinse nua meitiolamfataimín do mhargaí aindleathacha na
hÁise freisin. Is iad eifidrín agus súideifidrín na príomh‑réamhtheachtaithe
do mheitiolamfataimín. Bhí luainiú mór ar urghabhálacha na réamhtheachtaithe
meitiolamfataimín atá i dtáirgí íocshláinte idir 2007 agus 2010. Ar an leibhéal
Eorpach, cé gur bheag ullmhóidí a taifeadadh as measc na gcainníochtaí iomlána
a urghabhadh in 2007, in 2008 agus in 2009 tháinig méadú mór ar mhéid na n‑ullmhóidí
as measc na gcainníochtaí iomlána a urghabhadh agus tháinig laghdú mór orthu
arís in 2010[2]. Tar éis méadú leanúnach ar urghabhálacha
táirgí íocshláinte ó 2007 go 2009, mar thoradh ar rialuithe treisithe a
cuireadh i bhfeidhm i roinnt tíortha, i Meicsiceo agus i dtíortha i Meiriceá
Láir go háirithe, i dtaca le táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín agus
súideifidrín, tháinig laghdú ar mhéid iomlán na dtáirgí íocshláinte a
urghabhadh ar fud an domhain in 2010. Níl i leibhéal na n‑urghabhálacha atá dul i
méid nó ag dul i laghad ach táscaire amháin lena léirítear go bhfuil monarú
aindleathach ag titim amach in áit faoi leith ar domhan. Is údar imní é go
fóill ar an leibhéal Eorpach agus domhanda araon nach bhfuil sásra rialaithe
ann le haghaidh táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín. Trí rialú an AE a fhorchur ar na táirgí
íocshláinte sin, tá sé mar aidhm againn é a dhéanamh níos deacra, níos costasaí
agus níos contúirtí do choirpigh na ceimiceáin atá uathu chun drugaí a mhonarú
a fhoinsiú. Ba cheart go mbeadh an togra seo ina bhac: díríonn sé ar atreorú
réamhtheachtaithe a chosc. Díríonn sé ar sholáthar na gceimiceán a úsáidtear
chun drugaí a dhéanamh a laghdú seachas ar sholáthar na ndrugaí do na
tomhaltóirí. 1.3. Comhsheasmhacht le beartais
eile an AE Is é is aidhm do chosc éifeachtach a chur le
hatreorú réamhtheachtaithe drugaí go dtí táirgeadh drugaí aindleathacha an
soláthar drugaí aindleathacha a laghdú. Tá sé i gcomhréir, mar sin, leis an
mbeartas drugaí a ndéantar cur síos air i Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012, ina
ndéantar foráil madir le beart chun soláthar réamhtheachtaithe a laghdú, agus
táirgeadh drugaí a laghdú dá bharr. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo trádáil
sheachtrach i dtáirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín a
rialú. Tá na táirgí sin arna rialú ag Treoir 2001/83/CE. Tá an cuspóir
arna shaothrú ag an Treoir sin de chineál eile, áfach, i.e. sláinte an phobail
a chosaint trí tháirgeadh, leithdháileadh agus úsáid táirgí íocshláinte a rialú
chun a gcaighdeán, a sábháilteacht agus a n‑éifeachtúlacht a áirithiú. Leis sin
tugtar míniú ar cén fáth a bhfuil na sásraí rialaithe dá bhforáiltear i
Rialachán 2001/83/CE agus i Rialachán (CE) 111/2005 difriúil. Leasaíodh reachtaíocht na dtáirgí íocshláinte
le déanaí le Treoir 2011/62/AE a bhaineann le tabhairt isteach táirgí
íocshláinte falsaithe i slabhra dleathach an tsoláthair a chosc. Faoin
Treoir tugtar aghaidh, i measc nithe eile, ar an slabhra dáileacháin le
haghaidh cógas laistigh den AE, allmhairiú substaintí gníomhacha, agus
'tabhairt isteach' cógas, i.e. cógais a thugtar isteach sa chríoch chustaim gan
rún iad a chur ar an margadh. Dírítear leis na forálacha sin ar tháirgí a
thagann faoi shainiú táirgí íocshláinte falsaithe a chosc ó theacht
isteach i slabhra dleathach an tsoláthair. Nuair a chuirtear san áireamh
gurb í an phríomhfhadhb i dtaca le réamhtheachtaí drugaí na táirgí a táirgeadh
go dlisteanach a bheith ag fágáil shlabhra dleathach an
tsoláthair, ní dócha go mbeidh na forálacha nua sin ina gcúnamh suntasach i
dtaca le dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le rialú táirgí íocshláinte ina
bhfuil eifidrín nó súideifidrín atá á n‑onnmhairiú nó faoi bhealach tríd an AE. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara Tionóladh comhairliúchán le geallsealbhóirí.
Ní comhairliúchán poiblí a bhí ann, mar gheall ar íogaireacht agus ar thréithe
faoi leith an ábhair i dtrácht[3].
Mar sin, ní dheachthas i gcomhairle ach leis na geallsealbhóirí is mó a bhí
bainteach, is iad sin na húdaráis inniúla náisiúnta (na húdaráis chustaim, na
póilíní agus na húdaráis sláinte) agus tionscal na cógaisíochta. Sa chaoi is
nach gcuirfí faisnéis íogair ar fáil do gháinneálaithe, coinníodh freagairtí na
ngeallsealbhóirí faoi rún. Fuair an Coimisiún 31 barúil mar fhreagairt ar
an gcomhairliúchán seo. As na barúlacha sin, tháinig 22 barúil ó údaráis
náisiúnta (a raibh 3 cinn acu ina bhfreagairtí neamhiomlána) agus tháinig 8
mbarúil ó lucht tionscail (6 chuideachta monaraíochta agus 2 chumann
cógaisíochta). Tríd is tríd, tá lucht tionscail sásta leis an
staid reatha ach níor mhiste leis í a fheabhsú sa mhéid is nach gcuirfí ualach
riaracháin níos troime ar chuideachtaí onnmhairiúcháin. Tá dhá thrian d'údaráis
inniúla na mBallstát ag iarraidh go ndéanfaí leasú ar an reachtaíocht, ach go
pointí éagsúla, fad is atá aon trian i bhfabhar an staid reatha a choinneáil,
agus nach ndéanfaí leasú ar an reachtaíocht dá bharr. 2.2. Measúnú Tionchair Faoin tuarascáil ar an measúnú tionchair
sainaithníodh agus rinneadh measúnú ar na roghanna beartais a bhfuil d'aidhm
acu atreorú táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín go dtí
monarú aindleathach meitiolamfataimín a chosc trí bhearta rialaithe a thabhairt
isteach i dtaca leis na táirgí sin nuair a dhéantar iad a thrádáil idir an
tAontas agus tríú tíortha fad is a choinnítear iad ag saorghluaiseacht. Tá cúig rogha beartais sa tuarascáil ar an
measúnú tionchair. Déantar foráil sa chéad rogha maidir le 'cás bunlíne', mar a
thugtar air. Faoin rogha sin, ní dhéanfadh an Coimisiún aon bheart agus
choinneofaí an status quo. Faoi rogha 2 féachtar leis an staid a
fheabhsú trí bhearta deonacha arna ndéanamh ag na Ballstáit, fad is a fhéachtar
lena réiteach trí bhearta rialaithe éigeantacha faoi roghanna 3, 4 agus 5.
Cuireadh na trí rogha dheireanacha sin le chéile diaidh ar ndiaidh de réir líon
agus neart na mbeart rialaithe arna mbeartú. Rinneadh rogha beartais eile a
mheas faoina moltar cosc trádála ar na táirgí sin ach caitheadh i dtraipisí í
gan anailís níos grinne a dhéanamh ar a tionchar. Chuirfí rogha 1 as an áireamh dá dtabharfadh
an Coimisiún freagairt leordhóthanach ar iarraidh na Comhairle aghaidh a
thabhairt ar na laigí atá sainaitheanta i gcóras rialaithe na reachtaíochta
maidir le réamhtheachtaithe drugaí agus ar an imní atá léirithe ag an
gcomhphobal idirnáisiúnta. Ní rachadh Rogha 2 i gceann na faidhbe
sainaitheanta ina hiomláine. Faoin rogha seo moltar bearta deonacha nach mbeadh
éifeachtach seachas má ghlactar iad sna Ballstáit uile. Ní féidir feidhmiú
éigeantach na mbeart sin a fhorfheidhmiú faoin ionstraim a ndéantar foráil di
faoin rogha seo. Chuirfeadh Roghanna 3, 4 agus 5 bunús dlí
soiléir ar fáil d'údaráis inniúla le táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó
súideifidrín a stopadh agus/nó a urghabháil le linn onnmhairithe ó chríoch
chustaim an Aontais nó faoi bhealach tríthi. Faoi na roghanna sin ar fad
laghdófaí an cáineadh a rinne Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach na
Náisiún Aontaithe maidir le heaspa gníomhaíochta líomhainte an AE i ndáil leis
na táirgí sin a rialú. Faoi na roghanna sin ar fad ba mhó seans a bheadh ann
atreorú na dtáirgí sin a chosc, agus dá bharr sin laghdófaí an soláthar
eifidríne agus súideifidrín le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín,
go pointí éagsúla áfach. Nuair a dhéantar comparáid idir na trí rogha
sin a d'éileodh leasuithe reachtacha, faoi rogha 3 (deis do na húdaráis lastais
amhrasacha a stopadh) ní chruthófaí ach mionualach riaracháin. D'fhéadfaí a
bheith ag súil leis an méid céanna ó rogha 4 (deis do na húdaráis lastais
amhrasacha a stopadh agus fógra réamh‑onnmhairiúcháin maidir le lastais
dhleathacha), cé go gcuirfeadh rogha 5 (lánrialú i dtaca le trádáil i dtáirgí
íocshláinte ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín) an t‑ualach riaracháin is mó
ar na húdaráis inniúla agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha araon. Cé go
bhféadfaí a mheas gurb í rogha 5 an rogha is éifeachtaí sa mhéid is go gcuirfí
na rialuithe is déine i bhfeidhm fúithi, bheadh na riachtanais díréireach leis
an gcuspóir arna shaothrú ag an tionscnamh seo. An breisluach a chuirfí ar fáil
faoi rogha 4 dá gcuirfí é i gcomparáid le rogha 3 is ea, faoin rogha sin, go
méadófaí éifeachtacht gach birt aonair de thoradh sineirge dhá bheart a bheith
comhcheangailte, agus bheadh ualach breise teoranta i gceist ó tharla go bhfuil
an córas fógra réamh‑onnmhairiúcháin ag feidhmiú agus go bhfuil líon na bhfógra
réamh‑onnmhairiúcháin a d'fhéadfadh údaráis inniúla na mBallstát a sheoladh in
aghaidh na bliana beag go leor, is cosúil. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil
fógraí réamh‑onnmhairiúcháin éigeantach cheana féin le haghaidh substaintí
sceidealaithe chatagóir 1, bheadh sé loighiciúil de réir dealraimh iad a
dhéanamh éigeantach freisin le haghaidh táirgí ina bhfuil siad, amhail táirgí
íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín. Ba é conclúid an mheasúnaithe tionchair gurbh
í rogha 4 an rogha ab oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb
shainaitheanta, mar faoin rogha sin dhéanfaí foráil maidir le bunús dlí, ní
fhorchuirfí ach riachtanas rialaithe amháin breise agus b'fhíorbheag an t‑ualach
breise riaracháin a chruthófaí. 3. BUNÚS DLÍ AGUS COIMHDEACHT Is é Airteagal 207 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. Tugtar sainmhíniú
in Airteagal 207 ar chomhbheartas tráchtála an AE. Ina theannta sin,
foráiltear in Airteagal 3(1) den CFAE inniúlacht eisiach an Aontais
Eorpaigh i réimse an chomhbheartais tráchtála. Le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón
gComhairle leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i
réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha, agus tagann sé
faoin gcomhbheartas tráchtála dá bhrí sin. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Ní bheidh aon tionchar ag an togra ar
acmhainní daonna ná ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, ní
bheidh an ráiteas airgeadais dá bhforáiltear le hAirteagal 28 den
Rialachán Airgeadais ag gabháil leis (Rialachán (CE, Euratom)
Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis
an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na
gComhphobal Eorpach). 5. FAISNÉIS BHREISE Tá leasuithe eile sa togra a bhfuil d'aidhm
acu cur chun feidhme an Rialacháin a éascú agus a éifeachtacht a mhéadú. Sa togra tá: - an deis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an
Rialachán a leasú chun freagairt níos tapa do threochtaí nua atá ag teacht chun
cinn in atreorú réamhtheachtaithe; - tagairt don bhunachar sonraí, arna chruthú
le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 arna leasú, chun tuairisciú údaráis na
mBallstát a shimpliú i gcomhréir le hAirteagal 12(12) de Choinbhinsiún na
Náisiún Aontaithe; - clásal athbhreithnithe le measúnú a dhéanamh
ar éifeachtacht an Rialacháin leasaithe i ndáil le hatreorú táirgí íocshláinte
ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a chosc. - forálacha Rialachán (CE) Uimh. 111/2005
a oiriúnú i gcomhréir leis na rialacha maidir le gníomhartha tarmligthe agus
gníomhartha cur chun feidhme faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(CFAE). Tugadh cumhachtaí cur chun feidhme don
Choimisiún faoin Rialachán reatha i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le
hAirteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE. Toisc go bhfuil an Rialachán
sin á leasú, ní mór na cumhachtaí sin a ailíniú i gcomhréir le
hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den CFAE. Rinneadh an t‑ailíniú
sa togra i gcomhréir le forálacha na Comhthuisceana maidir le Gníomhartha
Tarmligthe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún agus
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta i dtaca le sásraí le haghaidh rialú ag na Ballstát ar
fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Tá an togra faoi réir Chomhaontú EDT‑BTT
(Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Bacainní Teicniúla
ar an Trádáil) agus dá bhrí sin caithfear fógra a thabhairt don EDT faoi. 2012/0250 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005
ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an
trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí[4], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) De bhun Airteagal 32 de
Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004
lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i
réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha[5], chuir an Coimisiún tuarascáil
faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an 7 Eanáir 2010
maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail i dtaca
le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí[6]. (2) Cuireadh in iúl i dtuarascáil
an Choimisiúin, gur tharla sé sa chóras rialaithe atá ann cheana san Aontas le
haghaidh réamhtheachtaithe drugaí gur atreoraíodh táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín agus súideifidrín, agus nár rialaíodh a dtrádáil, chuig monarú
aindleathach drugaí lasmuigh den Aontas, mar ionadach ar eifidrín agus
súideifidrín a rialaítear go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún go
neartófaí rialú ar thrádáil idirnáisiúnta i dtáirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín nó súideifidrín a onnmhairítear ó chríoch chustaim an Aontais nó atá
faoi bhealach tríthi a atreoraítear le haghaidh monarú aindleathach drugaí. (3) Ina conclúidí maidir le
feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le
réamhtheachtaithe drugaí an 25 Bealtaine 2010, d'iarr Comhairle an
Aontais Eorpaigh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005 ón gComhairle a leasú dá réir sin. (4) Tá sé tábhachtach soiléiriú a
dhéanamh ar shainmhíniú substaintí sceidealaithe: ba cheart téarmaíocht chuí
reachtaíocht an Aontais, 'táirgí íocshláinte', a chur in ionad an téarma
'ullmhóid chógaisíochta' a thagann as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i
gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí
Síceatrópacha a glacadh i Vín an 19 Nollaig 1988 (dá ngairtear
'Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe' anseo feasta), agus ba cheart an téarma
'ullmhóidí eile' a scriosadh mar is ionann é agus an téarma 'meascáin' atá in
úsáid sa sainmhíniú cheana féin. (5) Ba cheart rialacha maidir le
clárúchán a fhionraí nó a chúlghairm a thabhairt isteach a bheidh ag teacht
leis na rialacha atá ann cheana maidir le ceadúnas a fhionraí nó a chúlghairm. (6) Dá bhrí sin, ba cheart táirgí
íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a rialú gan bac a chur ar a
dtrádáil dhlisteanach. (7) Chuige sin, sula ndéanfar aon
táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a onnmhairiú, ba cheart
d'údaráis inniúla san Aontas fógra réamh‑onnmhairiúcháin a sheoladh chuig
údaráis inniúla na tíre cinn scríbe. (8) Ba cheart go dtabharfaí de
chumhacht d'údaráis inniúla na mBallstát na táirgí sin a stopadh nó a urghabháil
i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann gur le haghaidh monarú
aindleathach drugaí atá siad ceaptha, nuair a onnmhairítear iad, nuair a
allmhairítear iad nó nuair atá siad faoi bhealach. (9) D'fhonn a chur ar chumas na
mBallstát freagairt níos tapa a thabhairt i ndáil le treochtaí nua atá ag
teacht chun cinn in atreorú réamhtheachtaithe drugaí, ba cheart soiléirú a
dhéanamh ar na deiseanna atá acu chun gníomhú i gcásanna idirbhearta amhrasacha
lena mbaineann substaintí neamhsceidealaithe. (10) Ba cheart an Bunachar Sonraí
Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a úsáid chun an tuairisciú ag na
Ballstáit a shimpliú i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop
leo, chun clár Eorpach a bhunú d'oibreoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán acu,
lena n‑éascófar fíorú dhlisteanacht a n‑idirbheart lena mbaineann substaintí
sceidealaithe agus chun a chur ar chumas oibreoirí faisnéis a sholáthar do na
húdaráis inniúla faoina ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin, allmhairiúcháin nó
idirmheánacha lena mbaineann substaintí sceidealaithe. (11) Le Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005 beartaítear sonraí a phróiseáil. D'fhéadfaí sonraí
pearsanta a chuimsiú leis an bpróiseáil sonraí sin agus ba cheart é sin a
dhéanamh i gcomhréir le Dlí an Aontais. (12) Faoi Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005 tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid dá fhorálacha a
chur chun feidhme, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na
nósanna imeachta a leagadh síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an
28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le
feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[7] arna leasú le
Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle[8]. (13) Mar thoradh ar theacht i
bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí sin a ailíniú le
hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh (an Conradh). (14) Chun cuspóirí Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht maidir le
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun forálacha
a leagan síos lena gcinntear cé na cásanna nach n‑éilíonn ceadúnas agus chun
coinníollacha breise a leagan amach maidir le ceadúnais a dheonú, chun na
coinníollacha a bhunú maidir le díolúintí ó rialuithe catagóirí áirithe
oibreoirí agus oibreoirí atá ag gabháil d'onnmhairiú cainníochtaí beaga
substaintí sceidealaithe arna liostú i gCatagóir 3, chun na critéir a
bhunú chun a chinneadh conas is féidir cuspóirí dleathacha an idirbhirt a
thaispeáint, chun an fhaisnéis atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus
idirmheánacha oibreoirí a chinneadh, chun a chinneadh cé na tíortha atá ina
gcinn scríbe d'onnmhairithe substaintí sceidealaithe de chuid Chatagóir 2
agus Chatagóir 3 den Iarscríbhinn ar cheart fógra réamh‑onnmhairiúcháin a thabhairt dóibh, chun nósanna imeachta simplithe réamh‑onnmhairiúcháin
a chinneadh agus chun na comhchritéir a bhaineann leo a bhunú, chun na tíortha
cinn scríbe ar cheart bheith faoi réir údarú onnmhairiúcháin i dtaca le
honnmhairithe substaintí sceidealaithe arna liostú i gCatagóir 3 den
Iarscríbhinn a chinneadh, chun nósanna imeachta simplithe maidir le húdarú
onnmhairiúcháin a chinneadh agus chun na comhchritéir a bhaineann leo a bhunú,
agus chun substaintí breise a thabhairt isteach san Iarscríbhinn a ghabhann
leis an Rialachán seo, chomh maith le leasuithe eile is gá chun freagairt do
threochtaí nua maidir le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí. Tá sé
ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn
a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal an tsaineolaí. (15) Ba cheart don Choimisiún, le
linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go
ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an
gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (16) Chun dálaí aonfhoirmeacha a
áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 a chur chun feidhme,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún,
eadhon chun samhail a bhunú le haghaidh ceadúnas. Ba cheart na cumhachtaí sin a
fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na
rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le
rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an
gCoimisiún.[9] (17) Toisc go bhfuil an Rialachán
seo bunaithe ar an gcomhbheartas tráchtála, ba cheart an nós imeachta
scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. (18) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005
mar a leanas: (1)
Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas: (a) cuirtear an méid seo a leanas in
ionad phointe (a): "(a) ciallaíonn 'substaint
sceidealaithe' aon substaint a úsáidtear le haghaidh monarú aindleathach drugaí
támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha arna liostú san Iarscríbhinn, lena n‑áirítear
meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil na substaintí sin. Ní áirítear leis
seo táirgí agus meascáin nádúrtha ina bhfuil substaintí sceidealaithe agus a
chomhshuitear ar bhealach nach féidir na substaintí sceidealaithe a úsáid go
héasca nó a eastóscadh trí mhodhanna is infheidhme go héasca nó trí mhodhanna
inmharthana ó thaobh eacnamaíochta de ná táirgí íocshláinte de réir bhrí
Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[10];" (b) scriostar pointe (j). (2)
Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas: (a) i mír 1, cuirtear an méid seo
a leanas in ionad an tríú fomhír: "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30b, chun
forálacha a leagan síos chun na cásanna nach n‑éilíonn ceadúnas a chinneadh
agus chun coinníollacha breise a leagan amach maidir le ceadúnais a
dheonú." (b) cuirtear mír 3 agus mír 4
isteach mar a leanas: "3. Bunóidh an Coimisiún samhail
le haghaidh ceadúnas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 30(2). 4. Leis na gníomhartha tarmligthe dá
dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1 agus leis na gníomhartha cur
chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, ráthófar rialú agus faireachán córasach
agus comhsheasmhach ar oibreoirí." (3)
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas: (a) cuirtear an fhomhír seo a
leanas le mír 1: "Le linn a bhreithniú cé acu a dhenófar
nó nach ndeonófar clárúchán, cuirfidh an t‑údarás inniúil inniúlacht agus
ionracas an iarratasóra san áireamh." (b) cuirtear an méid seo a leanas in
ionad mhír 2: "2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 30b, chun na coinníollacha a bhunú maidir le díolúintí ó
rialuithe catagóirí áirithe oibreoirí agus oibreoirí atá ag gabháil
d'onnmhairiú cainníochtaí beaga substaintí sceidealaithe arna liostú i
gCatagóir 3, lena n‑áirithítear go n‑íoslaghdaítear baol atreoraithe
substaintí sceidealaithe." (c) Cuirtear isteach mír 3 seo a
leanas: "3. D'fhéadfadh na húdaráis
inniúla an clárúchán a fhionraí nó a chúlghairm aon uair nach gcomhlíontar na
coinníollacha faoinar eisíodh an clárúchán nó sa chás go bhfuil forais
réasúnacha amhrais ann go bhfuil baol ann maidir le hatreorú substaintí
sceidealaithe." (4)
In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2: "2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 30b, chun na critéir a bhunú chun a chinneadh conas is féidir
cuspóirí dleathacha an idirbhirt a thaispeáint, chun a áirithiú gur féidir leis
na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí uile substaintí
sceidealaithe laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus chun a áirithiú gur
féidir an baol atreoraithe a íoslaghdú." (5)
In Airteagal 9, (a) Cuirtear an méid seo a leanas isteach ag
deireadh mhír 1: "Chuige sin,
soláthróidh na hoibreoirí aon fhaisnéis atá le fáil lena bhféadfaidh na
húdaráis inniúla dlisteanacht an ordaithe nó an idirbhirt ábhartha a fhíorú,
amhail: - ainm na
substainte sceidealaithe; - méid agus
meáchan na substainte sceidealaithe; agus - ainmneacha agus
seoltaí an onnmhaireora, an allmhaireora, an choinsíní deiridh agus, más
infheidhme, an duine a bhfuil baint aige leis na gníomhartha idirmheánacha. Ní úsáidfear an
fhaisnéis sin ach chun críocha atreorú substaintí sceidealaithe a chosc." (b) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad mhír 2: "2. Soláthróidh
na hoibreoirí faisnéis go hachomair do na húdaráis inniúla faoina
ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin, allmhairiúcháin nó idirmheánacha. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30b, chun an
fhaisnéis a chinneadh atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla le go bhféadfaidh
siad faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin, lena n‑áirítear rialacha
maidir leis an tslí chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach
do bhunachar sonraí Eorpach, nuair is iomchuí." (6)
Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas: (a) i mír 1, cuirtear an méid seo
a leanas in ionad na chéad fomhíre: "1. Maidir le honnmhairithe uile
substaintí sceidealaithe atá liostaithe i gCatagóir 1 den Iarscríbhinn,
onnmhairithe substaintí sceidealaithe atá liostaithe i gCatagóir 2 agus i
gCatagóir 3 den Iarscríbhinn go tíortha cinn scríbe áirithe agus
onnmhairithe uile táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín,
seolfar fógra réamh‑onnmhairiúcháin ó na húdaráis inniúla san Aontas chuig
údaráis inniúla na tíre cinn scríbe, i gcomhréir le hAirteagal 12(10) de
Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30b, chun
liosta na dtíortha cinn scríbe a chinneadh chun an baol a íoslaghdú maidir le
hatreorú substaintí sceidealaithe agus maidir le hatreorú táirgí íocshláinte
ina bhfuil aifidrín nó súideifidrín, trí fhaireachán córasach agus
comhsheasmhach a áirithiú ar onnmhairithe na substaintí agus na dtáirgí sin go
dtí na tíortha sin." (b) cuirtear an méid seo a leanas in
ionad mhír 3: "3. D'fhéadfadh na húdaráis
inniúla nósanna imeachta maidir le fógraí réamh‑onnmhairiúcháin a chur i
bhfeidhm i gcás ina bhfuil siad sásta nach mbeidh aon bhaol ann mar thoradh air
sin maidir le hatreorú substaintí sceidealaithe agus maidir le hatreorú táirgí
íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30b, chun na nósanna imeachta sin a
shocrú agus chun na comhchritéir atá le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla a
bhunú." (7)
In Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad an tríú fomhír: "Ní bheidh onnmhairithe substaintí
sceidealaithe atá liostaithe i gCatagóir 3 den Iarscríbhinn faoi réir
údarú onnmhairiúcháin, áfach, ach amháin i gcás inar gá fógraí réamh‑onnmhairiúcháin,
nó i gcás ina n‑onnmhairítear na substaintí sin go tíortha cinn scríbe áirithe. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30b, chun
liosta na dtíortha cinn scríbe sin a chinneadh chun leibhéal iomchuí rialaithe
a áirithiú." (8)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 19: "Airteagal 19 Féadfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta
simplithe a chur i bhfeidhm chun údarú onnmhairiúcháin a dheonú i gcás ina
bhfuil siad sásta nach mbeidh aon bhaol ann maidir le hatreorú substaintí
sceidealaithe dá thoradh sin. Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 30b, chun na nósanna imeachta sin a chinneadh agus chun na
comhchritéir atá le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla a bhunú." (9)
Leasaítear Airteagal 26 mar seo a leanas: (a) cuirtear an méid seo a leanas in
ionad mhír 1: "1. Gan dochar d'fhorálacha Airteagail 11
go 25 agus do mhír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh údaráis
inniúla gach Ballstáit toirmeasc ar shubstaintí sceidealaithe agus ar tháirgí
íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a thabhairt isteach i gcríoch
chustaim an Aontais nó a n‑imeacht uaithi, má tá forais réasúnacha amhrais ann
gur le haghaidh monarú aindleathach drugaí tamhshuanacha nó substaintí
síceatrópacha iad." (b) cuirtear an mhír 3a seo a
leanas leis: "3a. Féadfaidh gach Ballstát na
bearta is gá a ghlacadh chun a chur ar chumas a n‑údaráis inniúla idirbhearta
amhrasacha le substaintí neamhsceidealaithe a rialú agus faireachán a dhéanamh
orthu, go háirithe: (a) chun faisnéis a fháil maidir le
haon orduithe le haghaidh substaintí neamhsceidealaithe nó maidir le haon
oibríochtaí a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe; (b) dul isteach in áitribh ghnó
oibreoirí chun fianaise a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha le substaintí
neamhsceidealaithe." (10)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: "Airteagal 28 I dteannta na mbeart dá dtagraítear in
Airteagal 26, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta a leagan síos,
nuair is gá, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun a áirithiú go ndéantar
faireachán éifeachtach ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas
agus tríú tíortha chun atreorú na substaintí sin a chosc, go háirithe maidir le
dearadh agus úsáid foirmeacha údaraithe onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2)." (11)
Scriostar Airteagal 29 (12)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 30: "Airteagal 30 1. Beidh an Coiste um
Réamhtheachtaithe Drugaí (dá ngairtear 'an Coiste' anseo feasta) de chúnamh ag
an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don
mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011." (13)
Cuirtear isteach Airteagal 30a agus
Airteagal 30b mar seo a leanas: "Airteagal 30a Tabharfar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 30b chun an Iarscríbhinn a oiriúnú do threochtaí nua maidir le
hatreorú réamhtheachtaithe drugaí, go háirithe substaintí gur féidir a
chlaochlú go héasca ina substaintí sceidealaithe, agus chun cloí le leasú ar na
táblaí san Iarscríbhinn chuig Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe. Airteagal 30b 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos
san Airteagal seo. 2. Tabharfar an tarmligean cumhachta
dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 6(3) agus in Airteagail 7(2),
8(2), 9(2), 11(1) agus (3), 12(1), 19, 28 agus 30a ar feadh tréimhse
neamhchinntithe ó [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin leasaithe seo] 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó
an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa tríú
fomhír d'Airteagal 6(3) agus in Airteagail 7(2), 8(2), 9(2),
11(1) agus (3), 12(1), (19), 28 agus 30a a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh
cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a
shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na
gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun an tríú fomhír d'Airteagal 6(3) agus de bhun Airteagail 7(2),
8(2), 9(2), 11(1) agus (3), 12(1), (19), 28 agus 30a i bhfeidhm ach amháin más
rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de
thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha
in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach
gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." (14)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú
fomhír d'Airteagal 32: "Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar
chur chun feidhme agus ar fheidhmiú Airteagal 11 agus Airteagal 26 sa
mhéid go mbaineann siad le táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó
súideifidrín agus Airteagal 30a faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir
isteach dáta 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh
seo]" (15)
Cuirtear an tAirteagal 32a a leanas isteach: "Airteagal 32a Bunachar sonraí Bainfidh
an Coimisiún úsáid as bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe
drugaí, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[11],
leis na feidhmeanna seo a leanas: (a)
cur in iúl faisnéise de bhun na chéad
fhomhíre d'Airteagal 32 a éascú, chomh maith le tuairisc a thabhairt
don Bhord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach de bhun an dara
fomhír d'Airteagal 32; (b)
clár Eorpach d'oibreoirí a bhainistiú, ar deonaíodh
ceadúnas orthu de bhun Airteagal 6(1) nó ar deonaíodh clárúchán orthu de
bhun Airteagal 7(1); (c)
oibreoirí a chumasú le faisnéis a chur ar fáil do
na húdaráis inniúla maidir lena ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin,
allmhairiúcháin nó idirmheánacha de réir Airteagal 9(2)." (16)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 33: "Forálacha cosanta sonraí 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna
Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE
agus faoi mhaoirseacht údarás neamhspleách poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear
in Airteagal 28 den Treoir seo. 2. Déanfaidh an Coimisiún sonraí
pearsanta a phróiseáil, lena n‑áirítear chun críche an Bhunachair Sonraí
Eorpaigh dá dtagraítear faoi Airteagal 32a, i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi mhaoirseacht an
Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Is druga sintéiseach é
meitiolamfataimín atá ina chuid de ghrúpa na n‑amfataimíní. Déanann an druga
seo mí‑ionramháil ar lárphointí pléisiúir na hinchinne agus is féidir leis
bheith níos láidre ná cócaon agus bíonn éifeacht níos fadtréimhsí aige de
ghnáth. Tógtar é i bhfoirm piollaí, caitear é, ionanálaítear é nó déantar é a
instealladh. Tá sé tarraingteach do dhaoine óga go háirithe mar cruthaíonn sé
braistint ardfhuinnimh, fuascailt ar chosc sóisialta agus braistintí
clisteachta, inniúlachta agus cumhachta. Téann na héifeachtaí fisiciúla agus
síceolaíocha (braistintí imní, forspreagtha agus paranóia) i bhfeidhm go tapa. [2] In 2007, urghabhadh 8 dtonna mhéadracha de na
réamhtheachtaithe sin agus bhí beagnach 4 % acu i bhfoirm táirgí íocshláinte; in 2008 3.5 tonna méadrach a
urghabhadh a raibh 51 % acu i bhfoirm táirgí íocshláinte; in 2009 1.4 tonna méadrach a urghabhadh a raibh 43 % acu i
bhfoirm táirgí íocshláinte; in 2010
2.9 tonna méadrach a raibh 3 % acu i bhfoirm táirgí íocshláinte. Rinneadh na hurghabhálacha sin ar bhonn reachtaíochta náisiúnta. [3] Ar láimh amháin, níl eolas forleathan ar an ábhar seo,
réamhtheachtaithe drugaí, agus is é is dóchaí ná go bhfaighfí freagairtí i
dtaca le cúrsaí drugaí i gcoitinne, rud nach mbeadh ag baint le hábhar sa chás
seo. Ar an láimh eile, ní dhéanfaidh an fhadhb seo agus na roghanna atá
beartaithe difear ach do ghné an‑sonrach de rialú réamhtheachtaithe drugaí. [4] IO C , , lch. [5] IO L 22, 26.1.2005, lch. 1. [6] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig
Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE)
Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
11 Feabhra 2004 agus de bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú
reachtaíocht an Chomhphobail maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar
thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí, COM(2009)709 final. [7] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [8] IO L 200, 22.7.2006, lch. 11. [9] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13. [10] IO L 311, 28.11.2001,
lch. 67. [11] IO
L 86, 24.3.2004, Lch. 21