EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0464

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

/* COM/2012/0464 final - 2011/0341/a (COD) */

52012PC0464

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE /* COM/2012/0464 final - 2011/0341/a (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Ar an 29 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020[1]: i.e. buiséad chun an straitéis Eoraip 2020 a chur i gcrích, ina mbeartaítear, inter alia, clár nua custaim a chur ar bun. Rannchuideoidh clár Custam 2020 leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe, uilechuimsitheach[2], trí fheidhmiú an aontais chustaim a neartú.

Cosnaíonn an t‑aontas custaim leasanna airgeadais an Aontais agus a Bhallstát trí dhleachtanna, táillí agus cánacha a bhailiú[3]. Cuireann rialacha an aontais chustaim ceangal ar earraí atá de thionscnamh tríú tíortha reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh sula bhféadfar iad a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas. Is é an toradh atá ar an gceangal sin nach mór méid mór tráchtála – seacht gcinn de dhearbhuithe custaim gach soicind – a bhainistiú gach lá, rud a fhágann nach mór do na húdaráis chustaim cothromaíocht a bhaint amach idir trádáil a éascú do ghnólachtaí agus sábháilteacht agus slándáil na saoránach a chosaint. Níl ach aon bhealach amháin chun é sin a dhéanamh, eadhon dlúthchomhar oibríochtúil idir riaracháin chustaim na mBallstát, idir na riaracháin sin agus údaráis eile, le húdaráis trádála agus tríú páirtithe eile.

Tacóidh an clár atá beartaithe le comhar idir na húdaráis chustaim go háirithe, ach tacóidh sé freisin le comhar leis na páirtithe eile lena mbaineann. Comharba an chláir Custam 2013, a dtiocfaidh deireadh leis an 31 Nollaig 2013, is ea an clár seo. Tacóidh an clár atá beartaithe le comhar custaim san Aontas ar dhá bhealach, mar atá trí ghréasáin agus scileanna daoine agus acmhainní teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt. Ligfidh an chéad cheann acu sin do na Ballstáit agus do thíortha eile atá rannpháirteach sa chlár dea-chleachtais agus eolas oibríochtúil a mhalartú lena chéile. Fágfaidh an dara ceann acu go bhféadfar maoiniú a thabhairt ón gclár do bhonneagar agus do chláir teicneolaíochta faisnéise iomchuí a ligfidh do riaracháin chustaim san Aontas a bheith ina riaracháin atá in ann iomlán a gcuid gnó a dhéanamh ar líne. An breisluach príomha a thiocfaidh as an gclár is ea go méadófar ar chumas na mBallstát ioncam a chruinniú agus sreabha trádála atá ag dul chun castachta a bhainistiú, agus san am céanna na costais atá ar fhorbairt uirlisí chuige sin a laghdú.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.        Comhairliúchán agus saineolas

I gcomhthéacs na meastóireachta lár téarma ar an gclár Custam 2013[4], rinne conraitheoir anailís ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus ar bhreisluach an chláir. Baineadh úsáid as sonraí faireacháin a fuarthas ó na gníomhaíochtaí éagsúla agus chuathas i gcomhairle le hionadaithe trádála.

Rinne conraitheoir eile staidéar ar chreat féideartha don chlár custaim amach anseo[5]: na dúshláin, na cuspóirí agus na roghanna beartais féideartha, lena n‑áirítear anailís chuimsitheach ar dhúshláin a bheidh roimhe sa todhchaí, fadhbanna struchtúracha agus feabhas a d'fhéadfaí a chur ar fheidhmiú an aontais chustaim. Don cheann deireanach acu sin chuathas i gcomhairle le saineolaithe custaim ar leibhéil éagsúla. Pléadh conclúidí an staidéir sin le hionadaithe de chuid na dtíortha rannpháirteacha i gceardlann a bhí ar siúl i mí Iúil 2011. Chun an cheardlann sin a ullmhú, reáchtáladh cruinniú comhchéime in earrach 2011 mar chuid de chruinniú ábhartha choiste an chláir[6] agus iarradh ar na tíortha rannpháirteacha príomhláidreachtaí an chláir a aithint agus a rá cén chaoi a bhféadfaí éifeachtúlacht an chláir a fheabhsú.

I ngeall ar an tábhacht atá le gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise, rinneadh staidéar ar leith ar an straitéis cur chun feidhme a bheidh ann amach anseo do mhalartú faisnéise. Tíolacadh an staidéar sin i gceardlann do Phríomhoifigigh Faisnéise riarachán custaim a bhí ar siúl i mí an Mheithimh 2011.

Ullmhaíodh measúnú tionchair lena ndearnadh anailís ar bhuanú an chláir Custam 2013, agus rinne an Bord um Measúnú Tionchair an measúnú tionchair sin a fhormheas an 22 Meán Fómhair 2011.

Cuireadh moltaí maidir le ceapadh an chláir agus maidir le tuilleadh feabhais a chur ar an gclár san áireamh agus an togra maidir leis an gclár todhchaí á fhorbairt. Sa togra maidir leis an gclár áirítear uirlisí nua, go háirithe uirlisí i ndáil le comhar ar thascanna oibríochtúla ar leith. Rinneadh bearta chun leithdháileadh thorthaí ghníomhaíochtaí an chláir a fheabhsú trí mhodhanna comhoibre ar líne a úsáid agus chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar thorthaí an chláir.

2.2.        Measúnú tionchair

I bhfianaise an chomhthéacs ghinearálta beartais agus na bhfadhbanna atá i ndán do chúrsaí custaim sa tréimhse deich mbliana seo chugainn, rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais agus cuireadh i gcomparáid iad sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an gclár reatha.

(1) An cás bunlíne: an clár, a struchtúr agus na cuspóirí atá aige faoi láthair a choinneáil ar bun.

(2) Gan an clár a choinneáil ar bun: chuirfí deireadh leis an gclár agus ní chuirfeadh an AE maoiniú ar fáil níos mó d'uirlisí teicneolaíochta faisnéise, do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha ná do ghníomhaíochtaí oiliúna um chomhar i réimse an chustaim.

(3) Tacaíocht d’oibleagáidí dlí an AE, amhail an Cód Custaim Nuachóirithe, a neartú: Leathnú ar an gcás bunlíne a bheadh sa rogha beartais seo a chuirfeadh an clár in oiriúint do na riachtanais nua a thiocfadh as athruithe ar an aontas custaim, lena n‑áirítear Cód Custaim an Aontais[7]. Is éard a bheadh i gceist leis an rogha seo feidhm a bhaint as córais nua teicneolaíochta faisnéise arna sainmhíniú i reachtaíocht an AE maidir le custam, samhail forbraíochta chomhroinnte do na córais sin a thabhairt isteach de réir a chéile, agus nuachóiriú a dhéanamh ar an mbunrialachas, ar an mbunstruchtúr agus ar an mbunteicneolaíocht.

(4) Tacaíocht d’oibleagáidí dlí an AE a neartú agus tacaíocht airgeadais a thabhairt chun acmhainní teicniúla a fhorbairt: Sa bhreis ar an méid atá luaite leis an rogha thuas, is éard a bheadh i gceist leis an rogha seo scéim tacaíochta airgeadais a ligfeadh do na Ballstáit tacaíocht a iarraidh chun trealamh a fháil le teorainneacha talún, muirí nó aeir a rialú, e.g. scanóirí, nó trealamh saotharlainne. Chuideodh sé sin leis na Ballstáit an gá atá le rialuithe níos tapa agus níos cuíchóirithe a chomhlíonadh, i gcomhthéacs ina bhfuil an teicneolaíocht ag athrú.

(5) Tacaíocht d’oibleagáidí dlí an AE a neartú agus teicneolaíocht na faisnéise a roinnt a oiread is féidir: Sa bhreis ar an méid atá luaite le rogha 3, chuideodh an rogha seo le lucht custaim an AE leas a bhaint as córais faisnéise teicneolaíochta Eorpacha a bheith forbartha agus oibrithe i gcomhpháirt d'fhonn reachtaíocht an AE maidir le custam a chur chun feidhme, e.g. an Cód Custaim Nuachóirithe agus reachtaíocht eile a bhaineann le cúrsaí custaim. Chinnteodh an rogha seo go mbeadh tacaíocht fheabhsaithe ar fáil do na húdaráis phoiblí chun gach córas is gá le haghaidh struchtúir leictreonaigh custaim uile-Eorpach a fhorbairt agus a chur in úsáid, agus go mbeadh tacaíocht fheabhsatihe ar fáil do ghnólachtaí le nascadh leis na córais sin.

Is í rogha 3, i.e. “Tacaíocht mhéadaithe i ndáil le hoibleagáidí dlí an AE, amhail an Cód Custaim Nuachóirithe”, a sainaithníodh mar rogha na tosaíochta sa mheasúnú tionchair. Tá an rogha beartais sin ag teacht leis an togra maidir le buiséad nua don straitéis Eoraip 2020 agus is í is mó a bhfuil glactha ag na Ballstáit léi. Cuireadh as an áireamh an rogha “Tacaíocht d’oibleagáidí dlí an AE a neartú agus tacaíocht airgeadais a thabhairt chun acmhainní teicniúla a fhorbairt” ó tharla go bhféadfaí an soláthar trealaimh atá luaite ('acmhainní teicniúla a fhorbairt') a chómhaoiniú ó chláir eile, lena n‑áirítear Cistí Struchtúracha Réigiúnacha, agus san am céanna, dhéanfaí comhleanúnachas le cuspóirí an chláir Custam 2020 a áirithiú.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Bunús Dlí

Tá an togra maidir leis an gclár Custam 2020 bunaithe ar Airteagal 33 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ina n‑iarrtar ar an Aontas Eorpach gníomhú i leith comhair chustaim agus i leith aontas custaim an AE.

3.2.        Coimhdeacht agus Comhréireacht

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta ar na cúiseanna seo a leanas:

· Inniúlacht eisiach de chuid an Aontais is ea an t‑aontas custaim. Ar aistriú a gcuid cumhachtaí chuig an Aontas dóibh, ghlac na Ballstáit leis, ipso facto, gur ar leibhéal an Aontais is fearr a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí i réimse an chustaim. Mar sin féin, ní áiritheoidh creat dlí an AE ann féin dea-fheidhmiú an aontais chustaim. Ba cheart é a chomhlánú le bearta tacaíochta dá bhforáiltear sa chlár custaim d'fhonn a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht an AE maidir le custam a chur i bhfeidhm ar bhealach cóineasaithe comhchuibhithe.

· Is de chineál trasteorann iad go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an 27 Ballstát agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Tá gá le gníomhaíocht de chuid an AE chun buntaca a thabhairt don ghné Eorpach de chúrsaí custaim, chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun tacú le cosaint éifeachtach theorainneacha seachtracha an AE.

· Óna thaobh sin de, tá údar le gníomhaíocht de chuid an AE d'fhonn dea-fheidhmiú an aontais chustaim agus comhchreat rialála an aontais sin a áirithiú, agus d'fhonn iad a fhorbairt a thuilleadh, óir tá sé cruthaithe go bhfuil sé ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí ag an AE dul i ngleic leis na heasnaimh agus leis na deacrachtaí a bhaineann le haontas custaim an AE agus comhar custaim a chur chun feidhme.

· Ó thaobh na heacnamaíochta de, tá gníomhaíocht ar leibhéal an AE i bhfad níos éifeachtúla. Líonra ardslándála tiomnaithe cumarsáide atá ina bhunchloch ag an gcomhar custaim. Déanann sé riaracháin náisiúnta chustaim a idirnascadh ag tuairim is 5 000 pointe nasctha[8]. Tríd an líonra TF coiteann seo áirithítear nach gá do gach riarachán náisiúnta ach é féin a nascadh uair amháin leis an mbonneagar coiteann seo chun a bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Murach an bonneagar sin a bheith ar fáil, bheadh ar na Ballstáit iad féin a nascadh 26 uair le córais náisiúnta na mBallstát eile.

De réir Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, feidhmeoidh an Coimisiún, chun críocha an clár a chur chun feidhme, feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bain0istíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Dá bhrí sin, tá an clár Custam 2020 i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le prionsabal na comhréireachta (arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach).

3.3.        Ionstraim

I gcomhréir le conclúid na measúnuithe tionchair ábhartha, is iomchuí don AE idirghábháil a dhéanamh trí bhíthin clár maoiniúcháin. I ngeall ar an aiseolas dearfach a fuarthas ón meastóireacht lár téarma ar an gclár Custam 2013, tá clár comharba ‘Custam 2020’ beartaithe ag an gCoimisiún.

I gcomhréir le beartas reachtach an Choimisiúin a glacadh faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil, tá sé beartaithe gur Rialachán a bheidh sa chlár comharba maoiniúcháin.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Tá uainiú athbhreithniú chláir mhaoiniúcháin an AE nasctha leis an togra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil nua, arna leasú an 6 Iúil 2012[9]. I gcomhréir leis an togra sin, tá creat buiséadach EUR 548 080 000 (i bpraghsanna reatha) don tréimhse 2014–2020 ag an Rialachán maidir leis an gclár Custam 2020.

Déanfar an clár Custam 2020 a chur chun feidhme trí mhodh bainistíochta lárnaí dírí agus ar bhonn tosaíochtaí. Déantar cláir oibre a bhunú – i gcomhpháirt leis na geallsealbhóirí – lena ndéantar tosaíochtaí tréimhse áirithe a shonrú.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

5.1.        Nótaí maidir le forálacha dlí áirithe

5.1.1.     Caibidil I: Forálacha ginearálta

Tá raon feidhme an chláir dírithe go sonrach ar fheidhmiú aontas custaim an AE. Féadfaidh na Ballstáit, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha bheith rannpháirteach sa chlár. I gcomhréir le beartas ginearálta an Aontais ina leith seo, féadfaidh tíortha a thagann faoi réir Bheartas Comharsanachta na hEorpa bheith rannpháirteach sa chlár freisin, má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Ar deireadh, d'fhéadfadh 'saineolaithe seachtracha' bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí áirithe freisin (e.g. ionadaithe údarás eile, eagraíochtaí trádála, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus saineolaithe eile, b'fhéidir), más gá sin chun cuspóirí an chláir a bhaint amach.

Tugann cuspóirí an chláir Custam 2020 aghaidh ar na fadhbanna agus na dúshláin aitheanta a bhfuiltear ag tnúth leo ó thaobh cúrsaí custaim de sna deich mbliana amach romhainn. Is é cuspóir ginearálta an chláir an margadh inmheánach a neartú trí bhíthin aontais chustaim atá éifeachtúil agus éifeachtach.

D'fhonn dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo i réimse an chustaim san Aontas, leagadh síos an cuspóir sonrach seo a leanas don chlár: tacú le feidhmiú an aontais chustaim, go háirithe trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n‑údaráis chustaim, údaráis inniúla eile, a n‑oifigigh agus saineolaithe seachtracha. Is iad seo a leanas tosaíochtaí an chláir:

· tacú le dlí an Aontais a ullmhú, a chur i bhfeidhm go comhleanúnach agus a chur chun feidhme go héifeachtach, d'fhonn an t‑aontas custaim a neartú i dtéarmaí éifeachtúlachta, éifeachtachta agus aonfhoirmeachta,

· iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a neartú trí thrádáil dhlisteanach a éascú, trí chostais chomhlíonta agus an t‑ualach riaracháin a laghdú, agus trí chosaint i gcoinne iomaíochais éagóraigh,

· tacú leis na húdaráis chustaim sábháilteacht agus slándáil na saoránach a chosaint, agus tacú leo an comhshaol a chosaint,

· cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát a áirithiú,

· rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na n‑údarás custaim trína n‑acmhainní riaracháin a fheabhsú,

· calaois a chomhrac agus feabhas a chur ar chúrsaí iomaíochais, sábháilteachta agus slándála trí chomhar a bhunú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tríú tíortha, údaráis eile rialtasacha, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na n‑oibreoirí sin,

5.1.2.     Caibidil II: Gníomhaíochtaí incháilithe

Na cineálacha gníomhaíochtaí a mheastar a bheith incháilithe maoiniú a fháil faoin gclár, tá siad cosúil leis na gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gclár reatha, eadhon:

· gníomhaíochtaí comhpháirteacha atá ceaptha eolas agus dea-chleachtas a mhalartú idir oifigigh chustaim na dtíortha rannpháirteacha;

· córais Eorpacha faisnéise[10] a éascaíonn malartú faisnéise agus rochtain ar shonraí coiteanna;

· gníomhaíochtaí oiliúna atá ceaptha scileanna oifigeach custaim a fhorbairt ar fud na hEorpa.

Rinneadh coigeartú ar roinnt catagóirí gníomhaíochtaí.

· Beidh roinnt uirlisí nua a bhaineann le gníomhaíochtaí comhpháirteacha sa chlár Custam 2020:

· Is éard atá i bhfoirne saineolaithe foirmeacha struchtúrtha le dul i mbun comhair, le saineolas a chomhthiomsú agus/nó le dul i gceann gníomhaíochtaí oibríochtúla sonracha. D'fhéadfaí foirne buana nó neamhbhuana a bhunú agus d'fhéadfaidís tacaíocht a fháil, amhail seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin, agus saoráidí bonneagair agus trealaimh, chun buntaca a thabhairt chun go bhféadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus chun go n‑éireoidh leis na gníomhaíochtaí sin.

· Beidh gníomhaíochtaí atá ceaptha acmhainní riarachán poiblí a fhorbairt ina gcuidiú ag údaráis chustaim a bhfuil deacrachtaí ar leith acu, e.g. easpa eolais, easpa saineolais, easnamh eagraíochtúil nó easnamh de chineál ar bith eile is féidir a shárú le gníomhaíochtaí tacaíochta saincheaptha arna soláthar ag Ballstáit eile nó ag oifigigh de chuid an Choimisiúin.

· Ní luaitear gníomhaíochtaí tagarmharcála ná grúpaí stiúrtha go sainráite i liosta na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a thuilleadh ós rud é gur féidir amharc orthu sin mar ghrúpaí tionscadal a bhfuil cuspóir ar leith acu, is é sin sainaithint dea‑chleachtas chun deiseanna feabhsaithe a léiriú nó comhordú agus stiúradh gníomhaíochtaí an chláir i réimse ar leith.

· Maidir leis na córais Eorpacha faisnéise, sainítear 'comhpháirteanna de chuid an Aontais' sa chlár nua mar shócmhainní teicneolaíochta faisnéise agus mar sheirbhísí a bhaineann leis na Ballstáit go léir nó le roinnt acu agus ar leis an gCoimisiún iad. Tá tuairisc ar na comhpháirteanna sin de chuid an Aontais i bpointe 2 den Iarscríbhinn den ghníomh dlí atá beartaithe. Is éard is 'comhpháirteanna náisiúnta' ann na comhpháirteanna go léir nach 'comhpháirteanna de chuid an Aontais' iad. Is iad na Ballstáit a dhéanann iad a fhorbairt, a shuiteáil agus a oibriú, agus, dá bhrí sin, tá siad faoi réir mhaoiniú agus fhreagracht na mBallstát.

Ba cheart an sainmhíniú nua atá tugtha ar chomhpháirteanna de chuid an Aontais a thuiscint i bhfianaise cleachtais nua atá tagtha chun cinn i bhforbairt córas teicneolaíochta faisnéise. I láthair na huaire tá gach Ballstát freagrach as cur chun feidhme a gcóras náisiúnta de réir sonraíochtaí coiteanna, rud a bhfuil mar thoradh air go bhfuil 27 cineál ar leith forbartha ann do gach córas, 27 comhéadan do thrádálaithe, 27 sceideal forbartha, 27 cineál ar leith deacrachtaí oibríochtúla nó tionscadail, etc. Measann an Coimisiún, as los na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais go háirithe, gur cheart tabhairt faoi fhorbairt córas faisnéise teicneolaíochta ar bhealach níos éifeachtúla.

Is éard is aidhm don fhorbairt sin feabhas a chur ar chomhsheasmhacht sonraí agus cur i bhfeidhm rialacha trí theicneolaíocht faisnéise (eolas, sonraí, comhpháirteanna TF) a fhorbairt i gcomhpháirt níos minice. Fágfaidh sé sin go gcuirfí feabhas ar mhodhanna oibre, de bharr samhaltú próiseas gnó agus sonraíochtaí cáilíochta níos fearr, cuir i gcás, ach ina cheann sin tiocfaidh níos mó caighdeánaithe as, e.g. comhchuibhiú na gcomhéadan a úsáideann trádálaithe. Cuirfidh an cur chuige nua maidir le comhpháirteanna de chuid an Aontais srian ar an mbaol go mbeidh pleananna forbartha agus úsáide ann nach bhfuil ag teacht le chéile. Cruthaíonn an cur chuige nua modhanna breise freisin chun cur i gcrích an tionscadail a stiúradh, is é sin le rá go bhfuil pleananna coiteanna ann atá ceaptha féachaint chuige nach bhféadfaidh an ball is moille sa slabhra forbartha moill a chur ar theacht i bhfeidhm an tionscadail ina iomláine.

5.1.3.     Caibidil IV: Cur chun feidhme

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. As a los sin, glacfar clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún[11].

5.2.        Simpliú

5.2.1.     Cén chaoi ar chuir an togra le simpliú?

(a) Comhleanúnachas leis an Rialachán Airgeadais

Tá an clár atá beartaithe ag teacht go hiomlán leis an Rialachán Airgeadais agus lena fhorálacha cur chun feidhme. Deontais agus soláthar na príomhionstraimí airgeadais a úsáidtear chun an clár a chur chun feidhme. Tá ionchorpraithe sa chlár na bearta simpliúcháin a mholtar sa togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an rialachán airgeadais, go háirithe maidir le dul i muinín cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costais aonaid. I ngeall ar a thábhachtaí atá próiseáil costas cothaithe agus taistil a íoctar faoin gclár, tabharfar isteach leis an gclár bearta simpliúcháin a chuireann an Rialachán nua Airgeadais ar fáil sa réimse seo.

(b) Comhleanúnachas idir an clár Custam 2013 agus an clár Fiscalis 2013.

Rinneadh bainistiú na gclár custaim agus Fiscalis a bhí ann roimhe seo a chur i lán‑chomhthreo le chéile trí bhíthin rialacha soláthair agus samhlacha deontas comhionanna a úsáid, mar aon le treoracha bainistíochta coiteanna agus córais ríomhaireachta choiteanna. Tá nósanna imeachta simplí ina gcuid den tsamhail bhainistíochta maidir le gníomhaíochtaí an chláir a eagrú. Tá de chúnamh ag foireann clárbhainistíochta an Choimisiúin foirne clárbhainistíochta na riarachán éagsúil custaim agus cánach, agus bíonn sí ag gníomhú mar áisitheoir agus mar chéad phointe teagmhála d'oifigigh chustaim agus chánach, faoi seach, sna Ballstáit. De bharr na samhla bainistíochta is féidir tús a chur le gníomhaíochtaí laistigh d'achar gearr agus dul i ngleic go tapa le riachtanais nua a thagann chun cinn, agus san am céanna gan an comhleanúnachas atá idir na gníomhaíochtaí éagsúla a chur ar ceal. Chuir na Ballstáit in iúl sa mheastóireacht lár téarma go bhfuil siad sásta le samhail bhainistíochta an chláir.

I ngeall ar an dá chlár a bheith i neas‑chomhthreo le chéile agus i ngeall ar chuspóir an tsimplithe mar atá sa togra do chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 ‑2020[12], mhol an Coimisiún ar dtús clár FISCUS aonair le teacht i gcomharba na gclár Custam 2013 agus Fiscalis 2013[13]. Toisc go raibh na Ballstáit d’aon tuairim gur cheart an clár aonair sin a moladh a roinnt, mhol an Coimisiún togra leasaithe, cé go raibh sé féin i gcoinne na roinnte sin, le dhá théacs reachtacha don chlár Custam 2020 agus don chlár Fiscalis 2020 faoi seach. In ainneoin thabhairt isteach an dá théacs reachtacha ar leith sin, beidh sé ina thosaíocht ag an gCoimisiún comhréireacht idir an dá chlár a chinntiú i gcónaí agus, nuair is iomchuí, tabharfar aghaidh ar an gceist sin arís agus na cláir Custam 2020 agus Fiscalis 2020 á gcur chun feidhme.

(c) Ar cuireadh seachtrú san áireamh sa chlár?

Breithníodh an fhéidearthacht an clár todhchaí a chur chun feidhme trí ghníomhaireacht feidhmiúcháin. D’fhéadfaí cumhacht a thabhairt do ghníomhaireacht tascanna a chur i gcrích amhail roghnú na ngníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chláir, an réamhobair riaracháin do na gníomhaíochtaí agus an obair leantach ina ndiaidh a dhéanamh, faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí, ar dheontais, agus ar sholáthar córas faisnéise teicneolaíochta. Ach is amhlaidh gur sraith eile sa struchtúr rialachais a bheadh i ngníomhaireacht feidhmiúcháin dá leithéid a mhéadódh an costas atá ar chomhordú agus ar sheiceálacha agus a chuirfeadh le castacht agus le fad an phróisis chinnteoireachta i ngeall ar na nósanna imeachta nua riaracháin a thiocfadh as. Ina theannta sin, d'imreodh sé drochthionchar ar leibhéal saineolais an Choimisiúin agus mhéadódh sé an baol go mbeadh deighilt idir inneachar an chláir agus gnéithe riaracháin an chláir. Ní thiocfadh na sochair ghnó a bhfuiltear ag súil leo as an rogha seo agus, dá bhrí sin, cuireadh as an áireamh í.

Rogha mhalartach ab ea na gníomhaíochtaí uile teicneolaíochta faisnéise ábhartha a aistriú chuig na riaracháin náisiúnta, amach ó líonra CCN/CSI agus a sheirbhísí gaolmhara. Bheadh baol mór sa chás sin go dtiocfadh chun cinn, de réir a chéile, gá le struchtúir rialachais níos lárnaí a chur ar bun. Bheadh an tionchar a bheadh aige sin cosúil leis an tionchar a bheadh ag cur ar ceal na gclár, i.e. chuirfí éifeachtúlacht agus éifeachtacht riarachán custaim i mbaol, chuirfí i gcoinne aonfhoirmeacht an aontais custaim agus dá bhrí sin chuirfí i gcoinne na córa comhionainne do thrádálaithe. Cuireadh an rogha sin as an áireamh freisin i ngeall ar an drochthionchar a bheadh aici ar thorthaí agus ar fheidhmíocht.

(d) An mbaintear úsáid sa chlár as uirlisí coiteanna teicneolaíochta faisnéise chun an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe agus ar chonraitheoirí a laghdú?

Tá uirlisí in úsáid cheana sna cláir Custam 2013 agus Fiscalis 2013 a éascaíonn bainistiú ghníomhaíochtaí na gclár agus caiteachas gaolmhar trí Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta. Leanfar leo sin a úsáid.

5.2.2.     Feidhmíocht an togra a thomhas

Déanfar feidhmíocht an chláir a thomhas trí úsáid a bhaint as sraith chomhleanúnach táscairí feidhmíochta, iarmharta, toraidh agus táirgeachta atá nasctha le cuspóirí agus tosaíochtaí ginearálta agus sonracha an chláir agus ag cur leis an nasc le Plean Bainistíochta an Choimisiúin. Tá an liosta mionsonraithe de tháscairí iarmharta, toraidh agus táirgeachta ar fáil sa Mheasúnú Tionchair. Tá spriocanna sainaitheanta ag an gCoimisiún i gcás roinnt torthaí de chuid an chláir agus sainaithneofar roinnt eile acu trí ghníomhaíochtaí a dhéanfar faoi chuimsiú an chláir Custam 2013. Déanfaidh an Coimisiún spriocanna gach toraidh a shainaithint roimh thús an chláir Custam 2020 agus chuirfear iad faoi bhráid choiste an chláir.

5.2.3.     An bhfuil an clár atá beartaithe ag teacht le beartas ginearálta an Choimisiúin?

Rannchuideoidh an clár le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 tríd an margadh aonair a neartú, trí tháirgiúlacht na hearnála poiblí a fheabhsú, trí dhul chun cinn teicniúil agus nuálaíocht a choinneáil ag gabháil i riaracháin agus trí fhostaíocht a chur chun cinn. Tacóidh sé le tionscadail shuaitheanta maidir leis an gclár oibre digiteach don Eoraip[14] agus leis an tionscadal suaitheanta maidir leis an gclár oibre do scileanna nua agus do phoist[15]. Tacóidh an clár leis an nGníomh um an Margadh Aonair[16] freisin, agus cuirfidh sé chun cinn fás agus nuálaíocht trí chearta maoine intleachtúla a neartú ag teorannacha i gcomhréir leis an straitéis chuimsitheach nua maidir leis na cearta sin[17]. Maidir le leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, tacóidh an clár le bailiú dleachtanna agus táillí éagsúla ar thrádáil, agus le hiarrachtaí comhpháirteacha an chalaois a chomhrac[18]. Eite oibríochtúil de bheartas trádála an AE is ea an t‑aontas custaim agus, dá bhrí sin, beidh an clár ina chuidiú maidir le comhaontuithe trádála déthaobhacha agus iltaobhacha a chur chun feidhme, dleachtanna a bhailiú, agus bearta trádála (e.g. rialacha tionscnaimh), trádbhaic agus srianta eile a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le straitéis trádála an AE[19]. Ar na mallaibh, cuireadh cúram na húdaráis chustaim an comhshaol a chosaint agus baineann sé sin, inter alia, le honnmhairiú dramhaíola neamhdhleathaí, le ceimiceáin, substaintí a ídíonn ózón, lománaíocht neamhdhleathach, agus an Coinbhinsiún CITES. Ar deireadh, tá ag dul i méadaíocht mar a rannchuidíonn gníomhaíochtaí custaim agus an comhar idir údaráis chustaim, póilíní agus údaráis eile forfheidhmiúcháin le slándáil inmheánach an AE, mar atá léirithe i bplean gníomhaíochta na Straitéise Slándála Inmheánaí[20] agus i bPlean Gníomhaíochta Chlár Stócólm[21].

2011/0341/a (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Custam 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tá éascaíocht mhór déanta ag an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil um chustaim a bhí i bhfeidhm roimh 2014 ar chomhar idir údaráis chustaim laistigh den Aontas agus tá feabhas mór curtha aige ar an gcomhar sin. Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an 27 Ballstát agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Leis an gclár Custam 2020, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtaí ná gach Ballstát a bheith ag bunú a chreata comhair aonair ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den clár seo trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna.

(2)       Maidir le gníomhaíochtaí an chláir, mar atá na Córais Eorpacha Faisnéise, na gníomhaíochtaí comhpháirteacha le haghaidh oifigeach custaim agus na tionscnaimh oiliúna coitinne, meastar go mbeidh siad ina gcuidiú leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste inbhuanaithe uilechuimsitheach[22] a chur i gcrích. Ó tharla go mbeidh an clár ina chreat ag gníomhaíochtaí atá ceaptha údaráis chustaim a dhéanamh níos éifeachtúla, iomaíochas gnólachtaí a neartú, fostaíocht a chur chun cinn agus cuidiú le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint, gníomhóidh sé chun feidhmiú an aontais chustaim a neartú.

(3)       D'fhonn próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart don chlár a bheith oscailte do thíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa[23] ar chuntar go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla an gheilleagair dhomhanda á gcomhshnaidhmeadh le chéile diaidh ar ndiaidh, leanann an clár d’fhoráil a dhéanamh maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe. D’fhéadfadh cur ar bun an SEGS faoi údarás an Ardionadaí/Leas‑Uachtaráin comhar agus comhleanúnachas maidir le cúrsaí beartais a éascú i réimse atá ina ghné ábhartha de straitéisí agus gníomhaíochtaí seachtracha an AE, ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach araon.

(4)       Cuirtear san áireamh i gcuspóirí an chláir na fadhbanna agus na dúshláin atá sainaitheanta ó thaobh cúrsaí custaim de sna deich mbliana amach romhainn. Ba cheart go leanfadh an clár de ról a bheith aige i réimsí sár-thábhachtacha amhail cur chun feidhme comhleanúnach dhlí custaim an Aontais agus dlí gaolmhar eile. Ina theannta sin, beidh an clár dírithe ar leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint, ar shábháilteacht agus slándáil a chosaint agus ar thrádáil a éascú, agus déanfar sin ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear trí iarrachtaí comhpháirteacha calaois a chomhrac agus trí acmhainn riaracháin na n‑údarás custaim a mhéadú.

(5)       Tá sé léirithe go bhfuil na huirlisí cláir a bhí i bhfeidhm roimh 2014 leordhóthanach agus, dá bhrí sin, coinníodh iad. I bhfianaise an ghá atá le comhar oibríochtúil níos struchtúrtha, cuireadh uirlisí breise leis an gclár, eadhon, foirne saineolaithe atá comhdhéanta de shaineolaithe de chuid an Aontais agus saineolaithe náisiúnta chun tascanna i réimsí ar leith a chur i gcrích i gcomhar lena chéile, agus gníomhaíochtaí chun acmhainní riarachán poiblí a fhorbairt lenar cheart cúnamh speisialaithe a chur ar fáil do na tíortha rannpháirteacha sin a bhfuil forbairt ar a n‑acmhainní riaracháin de dhíth orthu.

(6)       Tá ról sár-riachtanach ag na córais Eorpacha faisnéise ó thaobh córais chustaim san Aontas a neartú agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith á maoiniú faoin gclár. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí córais faisnéise nua a bhaineann le cúrsaí custaim agus a bhunaítear faoi reachtaíocht an Aontais a chur leis an gclár. Ba cheart córais Eorpacha faisnéise, nuair is iomchuí, a bhunú ar shamhlacha forbraíochta comhroinnte agus ar struchtúir teicneolaíochta faisnéise.

(7)       Ba cheart, leis, inniúlachtaí an duine a fhorbairt trí oiliúint choiteann a chur ar fáil faoin gclár. Ní mór d'oifigigh chustaim a gcuid eolais agus scileanna a mhéadú agus a choinneáil cothrom le dáta chun riachtanais an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gclár i bhforbairt scileanna daoine trí thacaíocht a thabhairt chun oiliúint níos fearr a chur ar oifigigh chustaim agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Chun na críche sin, ba cheart clár tacaíochta ilghnéitheach do chúrsaí oiliúna san Aontas a fhorbairt as an gcur chuige um oiliúint choiteann atá san Aontas faoi láthair, atá bunaithe den chuid is mó ar ríomhfhoghlaim lárnach a fhorbairt.

(8)       Ba cheart don chlár tréimhse seacht mbliana a chumhdach chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. xxx an xxx ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020[24].

(9)       Ó thús deireadh an chláir, ba cheart clúdach airgeadais a leagan síos a bheidh ina phríomhthagairt, de réir bhrí phointe [17] den Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, ag an údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(10)     I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht maidir le hAthbhreithniú Buiséid 2010[25] cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh. Ba cheart go n‑áiritheodh na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gclár seo comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais chun tacú le feidhmiú an aontais chustaim.

(11)     Glacfar na bearta is gá chun gnéithe airgeadais an Rialacháin seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. xxx/20xx ón gComhairle an xxx maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, agus i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. xxx/20xx ón gCoimisiún an xxx lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. xxx/20xx ón gComhairle an xxx (tá na tagairtí don Rialachán Airgeadais nua agus don ghníomh cur chun feidhme le cur isteach).

(12)     Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis a chur i bhfeidhm.

(13)     Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cláir oibre bhliantúla a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[26].

(14)     Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil in ann an comhar agus an comhordú is gá a dhéanamh go héifeachtúil chun an clár a chur i gcrích, ó tharla nach féidir leo cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, eadhon clár ilbhliantúil a bhunú chun feabhas a chur ar fheidhmiú an aontais chustaim, a bhaint amach go leordhóthanach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(15)     Ba cheart a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste an chláir Custam 2020 chun an clár a chur chun feidhme.

(16)     Le Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha arna n‑ainmniú ag na Ballstáit. Le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an AE agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, rialaítear an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann údaráis inniúla a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún a bheith i gcomhréir leis na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(17)     Ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Chinneadh Uimh. 624/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam sa Chomhphobal (Custam 2013)[27]. Ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha ginearálta

Airteagal 1 Ábhar

1.           Bunaítear clár ilbhliantúil 'Custam 2020' ('an clár') leis seo chun tacú le feidhmiú an aontais chustaim.

2.           Cumhdóidh an clár an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'údaráis chustaim' na húdaráis atá freagrach as rialacha maidir le cúrsaí custaim a chur i bhfeidhm;

(2) ciallaíonn 'saineolaithe seachtracha':

(a) ionadaithe de chuid údarás rialtasach, lena n‑áirítear údaráis rialtasacha tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa chlár de réir Airteagal 3(2)1 agus 3(2)2,

(b) oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na n‑oibreoirí sin;

(c) ionadaithe de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile;

Airteagal 3 Rannpháirtíocht sa chlár

1.           Is na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 na tíortha rannpháirteacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2.

2.           Féadfaidh aon cheann de na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa chlár:

(1) tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha atá ag tairbhiú de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat‑chomhaontuithe lena mbaineann, sna cinntí lena mbaineann ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla;

(2) tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais. Beidh na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann rannpháirteach sa chlár i gcomhréir leis na forálacha a chinnfear leis na tíortha sin tar éis creat‑chomhaontuithe a bhunú maidir lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais.

Airteagal 4 Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an chláir

Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí áirithe a reáchtálfar faoin gclár aon uair atá sé sin úsáideach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhaint amach. Is ar bhonn scileanna, taithí agus eolais atá ábhartha do na gníomhaíochtaí i gceist a roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe sin.

Airteagal 5 Cuspóir ginearálta agus cuspóir sonrach

1.           Is é cuspóir ginearálta an chláir an margadh inmheánach a neartú trí bhíthin aontais chustaim atá éifeachtach agus éifeachtúil.

2.           Is é cuspóir sonrach an chláir tacaíocht a thabhairt d'fheidhmiú an aontais chustaim, go háirithe trí chomhar idir na tíortha rannpháirteacha, a n‑údaráis chustaim, a n‑oifigigh agus saineolaithe seachtracha.

3.           Déanfar baint amach an chuspóra sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas:

(1) an fháil ar an líonra cumarsáide coiteann le haghaidh na gcóras Eorpach faisnéise;

(2) an t‑aiseolas a fhaighfear ó rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an chláir agus ó úsáideoirí an chláir.

Airteagal 6 Tosaíochtaí

Is iad seo a leanas tosaíochtaí an chláir:

(1) tacú le dlí an Aontais a ullmhú, a chur i bhfeidhm go comhleanúnach agus a chur chun feidhme go héifeachtach, d'fhonn an t‑aontas custaim a neartú i dtéarmaí éifeachtúlachta, éifeachtachta agus aonfhoirmeachta;

(2) iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a neartú trí thrádáil dhlisteanach a éascú, trí chostais chomhlíonta agus ualach riaracháin a laghdú, agus trí chosaint i gcoinne iomaíochais éagóraigh;

(3) tacú leis na húdaráis chustaim sábháilteacht agus slándáil na saoránach a chosaint, agus tacú leo an comhshaol a chosaint;

(4) cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát a áirithiú;

(5) rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na n‑údarás custaim trína n‑acmhainn riaracháin a fheabhsú;

(6) calaois a chomhrac agus feabhas a chur ar chúrsaí iomaíochais, sábháilteachta agus slándála tríd an gcomhar a bhíonn ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tríú tíortha, údaráis eile rialtasacha, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na n‑oibreoirí sin a fheabhsú.

Caibidil II Gníomhaíochtaí incháilithe

Airteagal 7 Gníomhaíochtaí incháilithe

Soláthróidh an clár, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14, tacaíocht airgeadais do na cineálacha seo a leanas gníomhaíochta:

(1) Gníomhaíochtaí comhpháirteacha:

(a) seimineáir agus ceardlanna;

(b) grúpaí tionscadal, comhdhéanta go ginearálta de líon teoranta tíortha, a bheidh ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, a shaothrú;

(c) turais oibre arna reáchtáil ag na tíortha rannpháirteacha nó ag tríú tír chun cur ar a gcumas d'oifigigh a gcuid saineolais nó tuisceana ar chúrsaí custaim a leathnú, nó chun an saineolas nó an tuiscint sin a shealbhú; i gcás turas oibre arna reáchtáil laistigh de thríú tíortha, ní bheidh incháilithe faoin gclár ach costais taistil agus chothaithe (lóistín agus liúntas laethúil);

(d) gníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus oifigigh de chuid na dtíortha rannpháirteacha chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, chun aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint, agus, nuair is iomchuí, chun moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;

(e) foirne saineolaithe, ar saghsanna comhair struchtúrtha iad, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a gcuid saineolais chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus a bhfuil, b'fhéidir, seirbhísí tacaíochta comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh acu;

(f) forbairt ar acmhainní riarachán poiblí agus gníomhaíochtaí chun tacú leis sin;

(g) staidéir;

(h) tionscadail chumarsáide;

(i) aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí sonracha atá leagtha amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6.

(2) Acmhainní teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt: forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar chomhpháirteanna an Aontais de na córais Eorpacha faisnéise atá leagtha amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn agus ar chórais Eorpacha faisnéise nua arna mbunú faoi reachtaíocht an Aontais

(3) Scileanna daoine a fhorbairt: gníomhaíochtaí oiliúna coitinne a dhéanamh chun na scileanna gairmiúla riachtanacha agus an t‑eolas riachtanach ar chúrsaí custaim a neartú.

Airteagal 8 Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.           Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil an phróifíl agus na cáilíochtaí oiriúnacha acu a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

2.           Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha na bearta is gá chun na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme, go háirithe trí fheasacht a ardú maidir leis na gníomhaíochtaí sin agus trí fhéachaint chuige go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as torthaí na ngníomhaíochtaí.

Airteagal 9 Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir leis na córais Eorpacha faisnéise

1.           Áiritheoidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha go ndéanfar na córais Eorpacha faisnéise dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil mar is iomchuí.

2.           I gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, comhordóidh an Coimisiún na gnéithe sin a bhaineann le bunú agus le feidhmiú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais, agus na gcomhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad, de na córais agus den bhonneagar dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn, a bhfuil gá leo d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhais orthu i dtólamh.

Airteagal 10 Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le hoiliúint choiteann

1.           Nuair is iomchuí, déanfaidh na tíortha rannpháirteacha ábhar oiliúna a forbraíodh i gcomhpháirt a ionchorprú ina gcuid clár oiliúna náisiúnta, lena n‑áirítear modúil ríomhfhoghlama, cláir oiliúna agus caighdeáin oiliúna ar comhaontaíodh orthu.

2.           Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha go gcuirfear ar a gcuid oifigeach an oiliúint tosaigh agus an oiliúint leanúnach is gá chun scileanna coiteanna gairmiúla agus eolas a shealbhú i gcomhréir leis na cláir oiliúna.

3.           Cuirfidh na tíortha rannpháirteacha an oiliúint teanga is gá ar a gcuid oifigeach chun go bhféadfaidh siad leibhéal cumais a bhaint amach atá leordhóthanach le bheith rannpháirteach sa chlár.

Caibidil III Creat Airgeadais

Airteagal 11 Creat airgeadais

1.           Is é EUR 548 080 000 (i bpraghsanna reatha) an clúdach airgeadais chun an clár a chur chun feidhme.

2.           Sa leithdháileadh airgeadais don chlár féadtar a chumhdach freisin speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá de dhíth chun an clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear cumarsáid a dhéanamh ar leibhéal na n‑institiúidí faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar fhaisnéis a phróiseáil agus a mhalartú, mar aon leis na speansais do gach cineál cúnaimh theicniúil agus riaracháin eile arna dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistiú an chláir.

Airteagal 12 Cineálacha idirghabhála

1.           Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.           Beidh tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 7 sna foirmeacha seo a leanas:

(1) deontais;

(2) conarthaí soláthair phoiblí;

(3) aisíocaíocht costas arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.           Is é a bheidh sa ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas le 100 % de na costais incháilithe i gcás inar costais taistil agus chóiríochta, costais atá nasctha le himeachtaí agus liúntais laethúla iad na costais sin. Beidh feidhm ag an ráta sin maidir le gach gníomhaíocht incháilithe cé is moite d'fhoirne saineolaithe. I gcás na catagóra seo gníomhaíochtaí incháilithe, sonrófar sna cláir oibre bhliantúla an ráta cómhaoinithe is infheidhme nuair a éileoidh na gníomhaíochtaí sin go mbronnfar deontais.

Airteagal 13 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.           Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair maoiniú ón Aontas faoin gclár seo.

3.           Féadfaidh an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile[28] d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maidir le maoiniú ón Aontas.

Caibidil IV Cumhachtaí cur chun feidhme

Airteagal 14 Clár oibre

1.           Chun críche an clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla, ina leagfar amach na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus a méid iomlán. Beidh iontu freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, léiriú ar an tsuim arna leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, áireofar sna cláir oibre na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta riachtanacha agus an ráta uasta cómhaoinithe. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

2.           Agus an clár oibre bliantúil á ullmhú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an cur chuige coiteann maidir leis an mbeartas custaim san áireamh. Déanfar an cur chuige sin a athbhreithniú go rialta agus a bhunú i gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus na Ballstáit faoi chuimsiú an Ghrúpa um Bheartas Custaim, atá comhdhéanta de cheannairí riarachán custaim ó na Ballstáit nó a n‑ionadaithe agus an Coimisiún.

Coinneoidh an Coimisiún an Grúpa um Beartas Custaim ar an eolas faoi bhearta maidir le cur chun feidhme an chláir.

Airteagal 15 Nós imeachta coiste

1.           Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Caibidil V Faireachán agus Meastóireacht

Airteagal 16 Faireachán ar ghníomhaíochtaí an chláir

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, faireachán ar an gclár agus ar a ghníomhaíochtaí chun súil a choimeád ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

Airteagal 17 Meastóireacht

1.           Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht lár téarma agus meastóireacht chríochnaitheach ar an gclár, maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Déanfar na torthaí a chomhtháthú i gcinntí maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fheadfaí a dhéanamh ar chláir iardain. Is meastóir seachtrach neamhspleách a dhéanfaidh na meastóireachtaí sin.

2.           Bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lár téarma faoi bhaint amach cuspóirí ghníomhaíochtaí an chláir, faoi éifeachtúlacht úsáid na n‑acmhainní agus faoi bhreisluach Eorpach an chláir tráth nach déanaí ná lár 2018. Díreofar sa tuarascáil sin freisin ar shimpliú, ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí, agus ar rannchuidiú an chláir le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith.

3.           Bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 agus faoin iarmhairt fhadtéarmach agus faoi inbhuanaitheacht éifeachtaí an chláir tráth nach déanaí ná deireadh 2021.

4.           Tabharfaidh na tíortha rannpháirteacha, arna iarraidh sin don Choimisiún, na sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha chun rannchuidiú le tuarascálacha meastóireachta lár téarma agus críochnaitheacha an Choimisiúin.

Caibidil VI Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 18 Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 624/2007/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoin gcinneadh seo, de bheith faoi réir an Chinnidh go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

Airteagal 19 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [dáta]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Córais Eorpacha Faisnéise agus a gcomhpháirteanna Aontais

1.           Is iad seo a leanas na córais Eorpacha faisnéise:

(1) an líonra cumarsáide coiteann/comheadán coiteann na gcóras (CCN/CSI – CCN2), CCN mail3, an droichead CSI, an droichead http, CCN LDAP agus uirlisí gaolmhara, tairseach gréasáin CCN, faireachán CCN;

(2) córais chúltaca, go háirithe an uirlis chumraíochta feidhmchláir do CCN, an uirlis tuairiscithe gníomhaíochta (ART2), bainistíocht leictreonach Taxud na dtionscadal ar líne (TEMPO), uirlis bhainistíochta seirbhíse (SMT), an córas bainistíochta úsáideoirí (UM), an córas BPM, an deais infhaighteachta agus AvDB, tairseach do bhainistíocht seirbhíse TF, bainistíocht eolairí agus rochtana úsáideoirí;

(3) Spás faisnéise agus cumarsáide an chláir (PICS);

(4) na córais ghluaiseachta custaim, go háirithe an Córas (Nua) Ríomhchuidithe Idirthurais (N(C)TS), NCTS TIR don Rúis, an Córas Rialaithe Onnmhairí (ECS) agus an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS). Tacaíonn na feidhmchláir/comhpháirteanna seo a leanas leis na córais sin: an córas um malartú faisnéise le tríú tíortha (droichead SPEED), Nód Tiontaire Edifact SPEED (SPEED‑ECN), Feidhmchlár Tástála Caighdeánach SPEED (SSTA), An Feidhmchlár Tástála Idirthurais Caighdeánach (SSTA), an Feidhmchlár Tástála Idirthurais (TTA), na Seirbhísí Lárnacha/Sonraí Tagartha (CSRD2), na Seirbhísí Lárnacha/Córas Bainistíochta Faisnéise (CS/MIS);

(5) Córas Bainistíochta Riosca don Chomhphobal (CRMS) lena gcumhdaítear na Foirmeacha Faisnéise faoi Rioscaí agus fearainn fheidhmiúla CPCA do na Próifílí Coiteanna;

(6) Córas na n‑Oibreoirí Eacnamaíocha (EOS) lena gcumhdaítear Clárú agus Sainaithint Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI), Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO), Seirbhísí Rialta Loingseoireachta (RSS) agus aithint fhrithpháirteach le fearainn fheidhmiúla na dtíortha comhpháirtíochta. Is ionann an tSeirbhís Aonchineálach Gréasáin agus comhpháirt don chóras seo;

(7) an córas cuótaí (TARIC3) arb ionann é agus córas sonraí tagartha le haghaidh feidhmchlár eile amhail an córas bainistíochta cuótaí (QUOTA2), an córas bainistíochta agus faireacháin um fhaireachas (SURV2), an Córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha (EBTI3), agus an Fardal Eorpach Custaim maidir le Substaintí Ceimiceacha (ECICS2). Tá na feidhmchláir a bhaineann leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus le fionraíochtaí (Fionraíochtaí) ag bainistiú faisnéis dhlíthiúil a bhfuil nasc díreach aici leis an gcóras taraifí;

(8) na feidhmchláir chun críocha rialaithe, go háirithe an Córas Bainistíochta Eiseamal (SMS) agus an Córas Faisnéise um Nósanna Imeachta a Phróiseáil (ISPP);

(9) an córas frith‑ghóchumtha agus frith‑phíoráideachta (COPIS);

(10) an Córas Scaipthe Sonraí (DDS2) lena mbainistítear an fhaisnéis uile a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi tríd an Idirlíon;

(11) an Córas Faisnéise Frith‑Chalaoise (AFIS).

2.           Is iad comhpháirteanna Aontais na gcóras Eorpach faisnéise:

(1) sócmhainní TF amhail crua-earraí, bogearraí agus naisc líonra na gcóras lena n‑áirítear an bonneagar sonraí gaolmhar;

(2) seirbhísí TF is gá chun tacú leis na córais a fhorbairt, a chothabháil, a fheabhsú agus a oibriú;

(3) agus aon eilimintí eile atá, ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe, sainaitheanta ag an gCoimisiún mar comheilimintí ag na tíortha rannpháirteacha.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Custam 2020) agus lena n‑aisghairtear Treoir Uimh. 624/2007/CE.

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[29]

1404 Beartas Custaim

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[30]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Rannchuideoidh an clár atá beartaithe leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach[31] trí: (1) feidhmiú an Mhargaidh Aonair a neartú, (2) creat a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann le táirgiúlacht na hearnála poiblí agus (3) ascnamh teicniúil agus nuálaíocht theicniúil a bhrú ar aghaidh sna riaracháin chustaim náisiúnta agus Eorpacha.

Is cuid bhunúsach den mhargadh inmheánach é an t‑aontas custaim. I ngeall ar an margadh inmheánach gan teorainneacha do tháirgí ceanglaítear ar tháirgí de thionscnamh tríú tíortha cloí le foirmiúlachtaí agus le ceanglais eile agus iad ag teacht isteach nó á gcur i gcúrsaíocht; tar éis an méid sin, is féidir leo gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de theorainneacha seachtracha an AE. Tacaíonn an t‑aontas custaim le forbairt coinníollacha don mhargadh inmheánach atá cóir agus iomaíoch trí rialacha coiteanna agus rialacháin chioteanna a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Tacaíonn sé le fás agus nuálaíocht laistigh den mhargadh inmheánach mar shampla trí chearta maoine intleachtúla (CMI) a fhorghníomhú ag an teorainn (féach freisin an Plean Eorpach um fhrith‑ghóchumadh agus um fhrith‑phíoráideacht[32] agus an straitéis nua um CMI sa Mhargadh Aonair mar a ghlac an Coimisiún le déanaí). Tugtar le tuiscint sna freagairtí ar chomhairliúchán poiblí le déanaí[33] maidir le todhchaí an mhargaidh inmheánaigh go bhfuil coinne láidir ag conaidhmeanna tionscail le tuilleadh gníomhaíochta AE in aghaidh góchumtha agus píoráideachta. Tá ról bunúsach ag an aontas custaim i bhforghníomhú éifeachtach CMI, rud atá deimhnithe le staidreamh ó ghníomhaíochtaí custaim CMI[34].Ina theannta sin, tacóidh an clár le réimse leathan beart beartais faoi chuimsiú an aontais chustaim. Mar shampla, leasanna airgeadais an AE agus na mBallstát a chosaint trí dhleachtanna agus táillí agus cánacha éagsúla ar thrádáil a bhailiú, agus trí iarrachtaí comhpháirteacha chun calaois a chomhrac. In 2010, d’fhreagair tuairim is 12.3 % (EUR 15.7 billiún) de bhuiséad an AE d'acmhainní dílse traidisiúnta[35]. Is é an t‑aontas custaim eite oibríochtúil Bheartas Trádála an AE, lena gcuirtear chun feidhme comhaontuithe trádála déthaobhacha agus iltaobhacha, lena mbailítear dleachtanna, agus lena gcuirtear i bhfeidhm bearta trádála (amhail rialacha tionscnaimh), trádbhaic agus srianta eile. Sa phlépháipéar Trade, Growth and World Affairs: Trade policy as a core component of the EU’s 2020 Strategy (Trádáil, Fás agus Gnóthaí Domhanda: Beartas trádála mar ghné chroílárnach den straitéis AE 2020)[36] arna fhoilsiú i Samhain 2010, aibhsítear an clár oibre do chomhar custaim idirnáisiúnta faoi chuimsiú comhaontuithe déthaobhacha agus na Comhairle um Chomhar Custaim. Léirítear ann freisin go laghdaíonn nósanna imeachta éifeachtúla custaim na costais chomhlíonta do thrádálaithe, go n‑éascaíonn siad trádáil dhlisteanach, agus go gcuidíonn siad le dul i ngleic le rioscaí slándála, sábháilteachta agus CMI.

Tá ról an aontais chustaim níos tábhachtaí ná riamh maidir le slándáil inmheánach an AE a áirithiú, agus leanfaidh an ról sin de bheith ag fás, mar atá léirithe sa phlean gníomhaíochta don Straitéis Slándála Inmheánaí[37] agus i bPlean Gníomhaíochta Chlár Stócólm[38]. Ina theannta sin, rannchuidíonn gníomhaíocht chustaim agus comhar idir lucht custaim, póilíní agus údaráis forghníomhaithe eile le cuspóirí slándála domhanda a bhaint amach amhail an comhrac in aghaidh sciúradh airgid, coireachta eagraithe ar bhonn trasteorann, agus sceimhlitheoireachta.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Is é an Beartas Custaim (1404) an ghníomhaíocht ABB lena mbaineann. Is é seo a leanas cuspóir sonrach an chláir:

tacú le feidhmiú an aontais chustaim, go háirithe trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n‑údaráis chustaim, údaráis inniúla eile, a n‑oifigigh agus saineolaithe seachtracha.

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Inniúlacht eisiach de chuid an AE is ea an t‑aontas custaim agus óna thaobh sin de, nuair a d’aistrigh na Ballstáit a gcumhachtaí chuig an AE chomhaontaigh siad, ipso facto, gur fearr gníomhaíochtaí maidir le cúrsaí custaim a chur i bhfeidhm ar leibhéal an AE. Mar sin féin, ní áiritheofar le creat dlí an AE amháin dea-fheidhmiú an aontais chustaim. Tá gá leis na bearta tacaíochta tionlacain dá bhforáiltear sa chlár custaim chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht chustaim an AE i bhfeidhm ar bhealach cóineasaithe agus comhchuibhithe, ionas nach bhfuil éagsúlacht i gceist leis an bealach ina gcaitear le trádálaithe, le cosc calaoise, ná le hoibleagáidí dlíthiúla.

Thairis sin, is de chineál trasteorann iad go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an 27 Ballstát agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstát aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Tá gá le gníomhaíocht de chuid an AE chun buntaca a thabhairt don ghné Eorpach de chúrsaí custaim, chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun tacú le cosaint éifeachtach theorainneacha an AE.

Is iad dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta na prionsabail atá taobh thiar de mhaoiniú an aontais chustaim. Cásanna inar mó an gá le bearta éifeachtacha ná cumas Ballstát áirithe iad a sholáthar, tá siad díobhálach don aontas ina iomlán. Ní foláir idirghabháil ón AE chun leas poiblí an AE a chosaint i gcás nach féidir éileamh an AE (mar shampla ar shlándáil) a shásamh go leordhóthanach trí sholáthar Ballstát áirithe. Sna cásanna sin, is ionann gníomhaíocht de chuid an AE agus forbairt acmhainní teicniúla a mhaoiniú go comhpháirteach chun an t‑éileamh ar rialú éifeachtach a shásamh d'ainneoin cumais soláthair theoranta Ballstát áirithe.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí an chláir chun a áirithiú go ndearnadh na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an chláir a chur i bhfeidhm go cuí agus chun a fhíorú an éiríonn leis an gclár a chuspóirí a bhaint amach. Cuirfear creat faireacháin ar bun, lena n‑áirítear: loighic idirghabhála, sraith chuimsitheach táscairí, modhanna tomhais, plean bailiúcháin sonraí, próiseas soiléir agus struchtúrtha tuairiscithe agus faireacháin agus meastóireachtaí lár téarma agus críochnaitheacha.

Déanfar feidhmíocht an chláir a thomhas trí úsáid a bhaint as sraith chomhleanúnach táscairí feidhmíochta, iarmharta, toraidh agus táirgeachta atá nasctha le cuspóirí agus tosaíochtaí ginearálta agus sonracha an chláir agus ag cur leis an nasc le Plean Bainistíochta an Choimisiúin. Tá an liosta mionsonraithe de tháscairí iarmharta, toraidh agus táirgeachta ar fáil sa Mheasúnú Tionchair. Tá spriocanna le haghaidh roinnt torthaí den chlár sainaitheanta ag DG TAXUD. I gcás roinnt eile, níl an méid sin indéanta ag an bpointe seo. Déanfaidh DG TAXUD spriocanna na dtorthaí sin a shainaithint roimh thús an chláir Custam 2020 agus cuirfidh sé faoi bhráid Coiste an Chláir iad lena bhformhuiniú faoi chuimsiú nós imeachta an chláir oibre bhliantúil.

Déanfar na cuspóirí ginearálta agus sonracha a thomhas, i measc cuspóirí eile, de réir na fála atá ag na córais Eorpacha faisnéise ar an Líonra Cumarsáide Coiteann, agus beidh mar sprioc go mbeidh fáil ag 97 % de na córais air.

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Rannchuidíonn an togra leis an straitéis Eoraip 2020 agus le cur chun feidhme reachtaíochtaí éagsúla eile de chuid an Aontais mar atá leagtha amach faoi chaibidil 1.4.1

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá sé níos tairbhiúla gníomhaíocht a thionscnamh ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal an 27 Ballstát mar a thuairiscítear go mionsonraithe i gcaibidil 3.2 den mheabhrán míniúcháin.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Ó thaobh na heacnamaíochta de, tá gníomhaíocht ar leibhéal an AE i bhfad níos éifeachtúla. Is é bunchloch an chomhair chustaim líonra ardslándála tiomnaithe cumarsáide atá oibríochtúil ó na chéad chláir um chomhar custaim sna nóchaidí luatha. Déanann sé riaracháin náisiúnta chustaim a idirnascadh ag tuairim is 5 000[39] pointe nasctha. Tríd an líonra TF coiteann seo áirithítear nach gá do gach riarachán náisiúnta ach é féin a nascadh uair amháin leis an mbonneagar coiteann sin chun a bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Murach an bonneagar sin a bheith ar fáil, bheadh ar riaracháin chustaim sna Ballstáit iad féin a nascadh 26 uair le córais náisiúnta na mBallstát eile.

Ar bhunchlocha eile an chláir tá gníomhaíochtaí lena dtugtar oifigigh chustaim le chéile chun dea-chleachtais a mhalartú, chun foghlaim óna chéile, chun fadhb a anailísiú nó treoirleabhar a dhréachtú, mar shampla. Dá mbeadh ar na Ballstáit foghlaim óna chéile trína ngníomhaíochtaí féin a fhorbairt lasmuigh de scáth an chláir, bheadh a sraith uirlisí agus modhanna oibre féin forbartha acu go léir. Bheadh sineirgíochtaí idir gníomhaíochtaí caillte agus ní bheadh gníomhaíochtaí comhpháirteacha curtha chun feidhme go córasach ar leibhéal an 27 Ballstát. Tá sé i bhfad níos éifeachtúla, trí thacaíocht ón gclár, an Coimisiún a bheith ag gníomhú mar bhróicéir gníomhaíochta idir na tíortha rannpháirteacha.

Is de chineál doláimhsithe breisluach tábhachtach eile. Bhí an clár ina siocair le braistint leasa choitinn a chruthú, le muinín fhrithpháirteach a spreagadh agus le meon an chomhair a ghiniúint idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún i réimse an chustaim.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Déanfar bainistiú an chláir Fiscalis 2020 agus an chláir Custam 2020 a ailíniú nuair is féidir. Tá líonra coiteann ag na cláir maidir le córais TF Eorpacha a chur chun feidhme, tá ardán coiteann acu maidir le comhoibriú ar líne (PICS) agus tá uirlis choiteann acu maidir le tuairisciú gníomhaíochta (ART2). Déantar modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun inniúlachtaí an duine a fhorbairt a roinnt idir an dá chlár freisin.

I gceann de na cásanna beartais a leagadh amach do réimse an chustaim déantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais a thabhairt d'údaráis chustaim na mBallstát chun trealamh a fháil agus chun a n‑acmhainní teicniúla a fhorbairt. Seachas scéim maoiniúcháin a leagan amach chun na críche seo faoin gclár Custam 2020, féadfaidh na Ballstáit glao a chur ar chláir eile, lena n‑áirítear Cistí Struchtúracha Réigiúnacha chun tacú leis an riachtanas seo.

Sa mheastóireacht lár téarma ar chláir DG HOME maidir le coireacht a chosc agus a chomhrac (ISEC), agus maidir le sceimhlitheoireacht agus rioscaí eile a bhaineann le cúrsaí slándála a chosc, ullmhacht ina leith agus a n‑iarmhairtí a bhainistiú (CIPS)[40], léirítear go meastar go dtugann samhail bhainistíochta na gclár Custam 2013 agus Fiscalis 2013 na deiseanna is fearr chun bainistíocht ISEC/CIPS a fheabhsú mar gur féidir freagairt go tapa solúbtha do riachtanais oibríochtúla tríthi.

Is é an líonra CCN/CSI bunchloch na gcóras TF tras‑Eorpach, agus tá sé in úsáid freisin ag OLAF chun faisnéis faoi neamhrialtachtaí agus calaois a mhalartú (agus a stóráil). Chun na críche sin tairbhíonn an dá Ard‑Stiúrthóireacht de bharainneachtaí scála.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 1.1.2014 go dtí an 31.12.2020

– X  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 (ó 2021 go 2023 do leithreasuithe faoi chomhar íocaíochta amháin)

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[41]

X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

¨         gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

¨         comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[42]

¨         comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

¨         daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

/

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí an chláir chun a áirithiú go ndearnadh na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an chláir a chur i bhfeidhm go cuí (feidhm iniúchta). Déantar faireachán ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar bhonn buan tríd an mbunachar sonraí ar líne, Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta (ART2), ina bhfuil na tograí agus a ngníomhaíochtaí comhfhreagracha. Leis an uirlis chéanna is féidir le tairbhithe na ndeontas arna n‑eisiúint faoin gclár, eadhon riaracháin chustaim na mBallstát, na speansais arna maoiniú ón deontas chun a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha a thuairisciú ar líne. Ní foláir do na Ballstáit tuarascáil airgeadais a chur chuig an gCoimisiún gach bliain agus an Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta á húsáid acu.

I gcás gníomhaíochtaí TF agus gníomhaíochtaí maidir le Forbairt Acmhainní Oiliúna a mhaoinítear trí sholáthar, tá feidhm ag na rialacha caighdeánacha maidir le tuairisciú agus faireachán.

Déanfar meastóireacht ar an gclár seo faoi dhó. Beidh torthaí na meastóireachta lár téarma ar fáil faoi lár 2018 agus beidh torthaí na meastóireachta críochnaithí ar an gclár ar fáil ag tarraingt ar dheireadh 2021. Mar phríomhthairbhithe an chláir, déanfaidh na Ballstáit sciar nach beag den bhailiú sonraí trí fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal na n‑uirlisí indibhidiúla (trí ART2 go príomha ) nó faisnéis ar iarmhairt níos leithne an chláir (trí bheith rannpháirteach i gcleachtaí tomhaiste aireachtála nó trí thuarascálacha a eisiúint).

Go dtí seo, bhí cleachtaí meastóireachta na gclár a bhí ann dírithe go príomha ar phríomh‑gheallsealbhóirí an chláir, eadhon údaráis chustaim agus a saineolaithe, ar sprioc-lucht úsáide an chláir iad. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le geallsealbhóirí atá lasmuigh den chlár (i.e. oibreoirí eacnamaíocha) maidir le hiarmhairtí an chláir orthu agus a mhéid is a thairbhíonn siad, mar shampla, de chomhar níos fearr idir riaracháin chustaim, áireofar an ghné sin de na hiarmhairtí indíreacha sna meastóireachtaí cláir sa todhchaí.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Baineann na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chur chun feidhme na ndeontas le:

– Cur chun feidhme mícheart an chomhaontaithe deontais arna shíniú le cuibhreannas na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí. Meastar go bhfuil an leibhéal riosca íseal, ós rud é gur riaracháin phoiblí na dtíortha rannpháirteacha iad na tairbhithe

– Speansais do ghníomhaíocht nach bhfuil formheasta faoin gclár a bheith dearbhaithe ag Ballstáit

– Na speansais chéanna a bheith dearbhaithe faoi dhó ag Ballstáit

Baineann na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chur chun feidhme conarthaí soláthair arna gcur i gcrích faoi scáth an chláir le:

– Neamhchomhlíonadh na rialacha soláthair

– Sonrasc a íoc as táirge insoláthartha nach bhfuil ann ar chor ar bith

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:

1. Rialuithe airgeadais a bhaineann leis na réimsí caiteachais ar fad:

Fíorú ex-ante na ngealltanas:

Déanann ceann Aonad na nAcmhainní Daonna agus Airgeadais na gealltanais uile in DG TAXUD a fhíorú. Dá thoradh sin, tá 100 % de na méideanna geallta cumhdaithe ag fíorú ex-ante. Tríd an nós imeachta seo tugtar leibhéal ard ráthaíochta maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.

Fíorú ex-ante na n‑íocaíochtaí:

Déantar fíorú ex-ante ar gach íocaíocht de réir na rialachán airgeadais agus na nósanna imeachta atá bunaithe. Fíoraitheoir airgeadais agus oifigeach údarúcháin a dhéanann an mionrialú sin.

Sa bhreis air sin, déantar íocaíocht amháin ar a laghad (ó na catagóirí caiteachais uile) in aghaidh na seachtaine a roghnú go randamach do mhionfhíorú ex-ante a dhéanann ceann Aonad na nAcmhainní Daonna agus Airgeadais. Níl aon sprioc maidir le cumhdach, mar gurb é aidhm an fhíoraithe seo íocaíochtaí a sheiceáil 'go randamach' chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe na nOifigeach Údarúcháin Fho-Tharmligthe (AOSD):

Déanann na hOifigigh Údarúcháin Fho-Tharmlighte dearbhuithe a shíniú ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil don bhliain lena mbaineann. Sna dearbhuithe sin cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn na AOSD go bhfuil na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid curtha i gcrích i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go dtugann na córais bhainistíochta agus rialaithe atá curtha ar bun ráthaíocht shásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndearnadh na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go ndearnadh gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun feidhme.

2. Rialuithe breise le haghaidh conarthaí soláthair:

Cuirtear na nósanna imeachta maidir le soláthar arna sainiú sa Rialachán Airgeadais i bhfeidhm. Déantar aon chonradh soláthair a bhunú tar éis an nós imeachta fíorúcháin arna mbunú ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, ag cur san áireamh oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna gcur i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TAXUD TEMPO: déantar táirgí insoláthartha a athbhreithniú, a leasú más gá agus a ghlacadh (nó a dhiúltiú) go sainráite faoi dheireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan 'litir inghlacthachta'.

Cumhdaíonn an nós imeachta maidir le táirgí insoláthartha a ordú agus a ghlacadh bainistíocht sócmhainní freisin. Déantar gach sócmhainn a ordú agus ina dhiaidh sin a ghlacadh agus a ionchódú isteach in uirlis chorparáideach TF an Choimisiúin Eorpaigh (sócmhainní ABAC) ina luach gnóthúcháin. Tá an dímheas uathoibríoch, bunaithe ar rialacha cuntasaíochta an Choimisiúin.

Fíorú teicniúil le haghaidh soláthair

Déanann DG TAXUD rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseoireacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí ar bhonn rialta freisin. Trí iniúchtaí cáilíochta déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú i bhfianaise na rialacha agus na nósanna imeachta atá sainithe ina bpleananna cáilíochta. Cuirtear béim sna hiniúchtaí slándála ar na próisis, ar na nósanna imeachta agus ar an gcur ar bun ar leith.

Rialú riaracháin ex-post ar an taobh oibríochtúil agus airgeadais

Ag deireadh gach conartha, déanann an t‑aonad oibríochtúil agus an t‑aonad airgeadais an comhad iomlán a fhíorú sula ndúntar go foirmiúil é.

3. Rialuithe breise le haghaidh deontas

Sa chomhaontú deontais arna shíniú ag tairbhithe an chláir (riaracháin chustaim sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí) sainítear coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le maoiniú gníomhaíochtaí a thairbhíonn den deontas, lena n‑áirítear caibidil maidir le modhanna rialaithe. Tugann na riaracháin rannpháirteacha uile faoi rialacha airgeadais agus riaracháin maidir le speansais an Choimisiúin a chomhlíonadh.

Déantar na gníomhaíochtaí ar féidir le tairbhithe an deontais rannpháirteachas a mhaoiniú ina leith ó na deontais a shainiú i mbunachar sonraí ar líne (ART2 – Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta). Tuairiscíonn na Ballstáit faoina gcaiteachas sa bhunachar sonraí céanna a bhfuil líon áirithe rialuithe ionsuite ann chun earráidí a laghdú. Mar shampla, ní féidir leis na Ballstáit speansais a thuairisciú ach amháin do ghníomhaíochtaí ar tugadh cuireadh dóibh ina leith agus ní féidir leo na speansais sin a thuairisciú ach uair amháin.

Sa bhreis ar na rialuithe atá ionsuite sa chóras tuairiscithe, déanann DG TAXUD rialuithe i bhfoirm páipéir agus seiceálacha ar an láthair ar bhonn samplach. Déantar na rialuithe sin ar bhonn ex-post agus tá siad bunaithe ar shampláil rioscabhunaithe.

Tríd an straitéis rialaithe seo is féidir an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe an deontais a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus comhréireach leis an mbuiséad arna leithdháileadh agus na rioscaí arna sonrú.

Is dócha nach mbeidh ach éifeacht bheag ag na bearta simpliúcháin, amhail cnapshuimeanna a chur in ionad costas iarbhír, i dtéarmaí gnóthachán buiséadach. Bainfidh príomhshocar na mbeart sin le gnóthacháin éifeachtúlachta agus le laghdú an ualaigh riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún.

4. Costais agus sochair na rialuithe

De bharr na rialuithe a bunaíodh, beidh ráthaíocht leordhóthanach ag DG TAXUD maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus laghdófar an riosca neamhchomhlíonta. Tá críochnúlacht an mheasúnaithe ar leibhéal a trí[43] i gcás Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus leibhéal a ceathair[44] i gcás conarthaí soláthair. Is é an buntáiste a bhaineann leis na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, go laghdófar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann go dtí faoi bhun 2% den bhuiséad formiomlán, agus go mbeidh tionchar aige ar na tairbhithe go léir. Dá ndéanfaí aon bhearta breise chun rioscaí a laghdú ní bheadh de thoradh air ach costais arda as compás agus ní bheartaítear amhlaidh ar an ábhar sin. Measann DG TAXUD nach bhfuil aon athruithe idir an clár atá beartaithe agus an clár atá ann faoi láthair ó thaobh rialaithe de agus cuirfidh sé an straitéis rialaithe chéanna i bhfeidhm do chlár 2020. Tá na costais arna dtabhú chun an straitéis rialaithe thuas a chur chun feidhme teoranta do 2.60 %[45] den bhuiséad agus táthar ag súil go bhfanfaidh siad ag an gcóimheas céanna.

Meastar go bhfuil straitéis rialaithe an chláir éifeachtúil chun an riosca neamhchomhlíonta a theorannú go dtí faoi bhun 2 % agus go bhfuil sí comhréireach leis na rioscaí lena mbaineann.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Sa bhreis ar na sásraí rialaithe rialála a chur i bhfeidhm, ceapfaidh an DG straitéis frithchalaoise i gcomhréir le straitéis nua frithchalaoise an Choimisiúin (SFCC) a glacadh an 24 Meitheamh 2011 chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha maidir le frithchalaois ag luí go hiomlán le SFCC agus go bhfuil a chur chuige maidir le bainistiú riosca calaoise dírithe ar réimsí ina bhfuil riosca calaoise a aithint agus ar fhreagairtí leormhaithe. Más gá, bunófar grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe atá tiomanta d’anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann leis an gclár Custam 2020.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas  caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN[46] || ó thíortha CSTE[47] || ó thíortha is iarrthóirí[48] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| || || || || ||

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir   [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1 || 14.04.03 – Custam 2020 || LD || NÍL || TÁ || NÍL || NÍL

|| || || || || ||

1 || 14.01.04.05 Custam 2020 – Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || Neamhdhifreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas[49]

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Fás Cliste agus Uilechuimsitheach

DG: TAXUD || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021-2023 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || ||

14.0403 – Custam 2020 || Gealltanais || (1) || 71.740 || 73.860 || 75.970 || 78.080 || 80.300 || 82.610 || 84.820 || || 547.380

Íocaíochtaí || (2) || 14.348 || 47.055 || 62.779 || 68.162 || 70.083 || 72.072 || 74.103 || 138.778 || 547.380

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chlúdach na gclár sonrach[50] || ||

14.010405 || || (3) || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || || 0.700

IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG TAXUD || Gealltanais || =1+1(a)+3 || 71.840 || 73.960 || 76.070 || 78.180 || 80.400 || 82.710 || 84.920 || || 548.080

Íocaíochtaí || =2+2(a)+3 || 14.448 || 47.155 || 62.879 || 68.262 || 70.183 || 72.172 || 74.203 || 138.778 || 548.080

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 71.740 || 73.860 || 75.970 || 78.080 || 80.300 || 82.610 || 84.820 || || 547.380

Íocaíochtaí || (5) || 14.348 || 47.055 || 62.779 || 68.162 || 70.083 || 72.072 || 74.103 || 138.778 || 547.380

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || || 0.700

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 71.840 || 73.960 || 76.070 || 78.180 || 80.400 || 82.710 || 84.920 || || 548.080

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 14.448 || 47.155 || 62.879 || 68.262 || 70.183 || 72.172 || 74.203 || 138.778 || 548.080

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: TAXUD ||

Ÿ Acmhainní daonna || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 70.672

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 2.730

IOMLÁN DG TAXUD || || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 73.402

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 73.402

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021-2023 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 82.326 || 84.446 || 86.556 || 88.666 || 90.886 || 93.196 || 95.406 || || 621.482

Íocaíochtaí || 24.934 || 57.641 || 73.365 || 78.748 || 80.669 || 82.658 || 84.689 || 138.778 || 621.482

An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 ||  2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir[51] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

Cuspóir Sonrach: Tacú le feidhmiú an aontais chustaim, go háirithe trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n‑údaráis chustaim, a n‑oifigigh agus saineolaithe seachtracha.

|| || || || || || || || || || || || || || || ||

Acmhainní TF a fhorbairt || Líon Conarthaí TF || || Tuairim is 30 ||  57.360 || || 59.470 || || 61.580 || || 63.700 || || 65.910 || || 68.220 || || 70.440 || ||  446.680

Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha || Líon imeachtaí arna n‑eagrú || || Tuairim is 450 ||  11.570 || || 11.570 || || 11.570 || || 11.570 || || 11.570 || || 11.570 || || 11.570 || ||  80.990

Inniúlachtaí an duine a fhorbairt || Líon na seisiún oiliúna || || le cinneadh || 2.810 || ||  2.820 || ||  2.820 || ||  2.810 || ||  2.820 || ||  2.820 || ||  2.810 || ||  19.710

|| || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || ||  71.740 104.400 || || 73.860 || || 75.970 || || 78.080 || || 80.300 || || 82.610 || || 84.820 || || 547.380

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.2.1.  Achoimre

– Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 10.096 || 70.672

Caiteachas riaracháin eile || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 0.390 || 2.730

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 73.402

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[52] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Caiteachas eile de chineál riaracháin || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

IOMLÁN || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 10.486 || 73.402

3.2.2.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– Éilíonn an togra go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

14 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 65 || 65 || 65 || 65 || 65 || 65 || 65

14 01 01 02 (Toscaireachtaí) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

14 01 05 01 (Taighde indíreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

10 01 05 01 (Taighde díreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[53]

14 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || 17 || 17 || 17 || 17 || 17 || 17 || 17

14 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

14 01 04 05 [54] || - sa Cheanncheathrú[55] || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

- i dtoscaireachtaí || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

14 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Línte buiséid eile (sonraigh) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

IOMLÁN || 82 || 82 || 82 || 82 || 82 || 82 || 82

Is é 14 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna le foireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Gníomhaíochtaí bainistíochta cláir, stricto senso[56], agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme cláir amhail staidéir, forbairt, cothabháil agus oibriú córas TF Eorpach.

Pearsanra seachtrach || Cúnamh do ghníomhaíochtaí cur chun feidhme cláir amhail staidéir, forbairt, cothabháil agus oibriú córas TF Eorpach

3.2.3.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– Tá an togra comhoiriúnach do chreat airgeadais ilbhliantúil 2020.

3.2.4.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

3.2.5.     An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– D’fhéadfadh tionchar airgeadais a bheith ag an togra ar ioncam:

· D’fhéadfadh tionchar an chláir dul i bhfeidhm go hindíreach ar ioncam an AE toisc go bhfuiltear ag tnúth go mbaileofar níos mó dleachtanna custaim mar gheall ar chustam feabhsaithe agus níos éifeachtúla a bheith ann. Ní féidir an tionchar sin a chainníochtú, áfach.

· I gcás ina gcuirtear na pionóis (dá dtagraítear in Airteagal 13) i bhfeidhm, áireofar iad mar ioncam ginearálta do bhuiséad an AE.

[1]               COM(2011)500 final, an 29 Meitheamh 2011, Buiséad don straitéis Eoraip 2020.

[2]               COM(2010) 2020 final, an 3 Márta 2010: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

[3]               In 2010, tháinig tuairim is 12.3% (EUR 15.7 billiún) de bhuiséad an AE as acmhainní dílse traidisiúnta. Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid, Thematic Report on the customs control strategy in the Member States — Control of traditional own resources (Tuarascáil Théamach ar an straitéis um rialú custaim sna Ballstáit – Rialú acmhainní dílse traidisiúnta), lch. 3.

[4]               Meastóireacht lár téarma ar chlár Custam 2013: http://ec.europa.eu/taxation_customs/resources/documents/common/publications/studies/customs2013_mid_term_report_en.pdf

[5]               The future business architecture for the Customs Union and Cooperative Model in the Taxation Area in Europe, le Deloitte.

[6]               Miontuairiscí an 9ú cruinniú den Choiste Custaim, an 11 Aibreán 2011.

[7]               Togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, COM(2012)64 an 20 Feabhra 2012.

[8]               Pointí nasctha custaim agus cánachais le chéile

[9]               COM(2012) 388 final

[10]             Corais teicneolaíochta faisnéise tras‑Eorpacha a thugtaí orthu seo.

[11]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13

[12]             COM(2011) 398 Final, an 29 Meitheamh 2011.

[13]             COM(2011) 706 Final, an 9 Samhain 2011.

[14]             COM(2010) 245 Final/2, Clár Oibre Digiteach don Eoraip.

[15]             COM(2010) 682, an 23 Samhain 2010, Clár Oibre do Scileanna nua agus do Phoist nua.

[16]             COM(2011) 0206 final.

[17]             COM (2011) 287, Margadh Aonair le haghaidh Ceart Maoine Intleachtúla – Cruthaitheacht agus nuálaíocht a neartú chun fás eacnamaíoch, poist ardcháilíochta agus táirgí agus seirbhísí den scoth a spreagadh san Eoraip.

[18]             Beidh an clár seo ina chomhlánú leis an gclár Hercule III (2014-2020) (COM(2011)914 final), clár atá tiománta go sonrach do chalaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc.

[19]             COM(2010) 612. Trádáil, Fás agus Cúrsaí Domhanda: an Beartas Trádála ina ghné lárnach de straitéis 2020 an AE.

[20]             COM(2010) 673 final, an Bhruiséil, 22.11.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — the EU Internal Security Strategy in Action: Five steps to a more secure Europe (Straitéis Inmheánach Slándála an AE i mbun Gníomhaíochta: Cúig chéim i dtreo Eoraip níos sláine).

[21]             COM(2010) 171 final, an Bhruiséil, 20.4.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Delivering an area of freedom, security and justice for Europe's citizens — Action Plan Implementing the Stockholm Programme (Lena mbunaítear limistéar saoirse, slándála agus ceartais do shaoránaiagh na hEorpa – Plean Gníomhaíochta lena ndéantar Chlár Stócólm a chur chun feidhme).

[22]             COM(2010) 2020.

[23]             COM(2004) 373.

[24]             Le cur i gcrích.

[25]             COM(2010) 700.

[26]             IO 28.2.2011 L 55-13

[27]             IO L 154, 14.6.2007, lch. 25.

[28]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[29]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[30]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[31]             COM(2010) 2020 final, an 3 Márta 2010: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

[32]             Arna ghlacadh ag an gComhairle in 2008 (2008/C 253/01).

[33]             COM(2011) 467 final, 13.4.2011. Forbhreithniú ar fhreagairtí do chomhairliúchán poiblí maidir leis an Teachtaireacht Towards a Single Market Act (I dtreo Gnímh um an Margadh Aonair)

[34]             http://ec.europa.eu/taxation_customs/resources/documents/customs/customs_controls/counterfeit_piracy/ statistics/statistics_2010.pdf.

[35]             Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid, Thematic Report on the customs control strategy in the Member States — Control of traditional own resources (Tuarascáil Théamach ar straitéis um rialú custaim sna Ballstáit – Rialú acmhainní dílse traidisiúnta), lch. 3.

[36]             COM (2010)612, Trade, Growth and World Affairs (Trádáil, Fás agus Gnóthaí Domhanda), lch. 12.

[37]             COM(2010) 673 final, an Bhruiséil, 22.11.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — The EU Internal Security Strategy in Action: Five steps towards a more secure Europe (Straitéis Inmheánach Slándála an AE i mbun Gníomhaíochta: Cúig chéim chun an Eoraip a dhéanamh níos sláine).

[38]             COM(2010) 171 final, an Bhruiséil, 20.4.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Delivering an area of freedom, security and justice for Europe's citizens — Action Plan Implementing the Stockholm Programme (Lena mbunaítear limistéar saoirse, slándála agus ceartais do shaoránaiagh na hEorpa – Plean Gníomhaíochta lena ndéantar Clár Stócólm a chur chun feidhme).

[39]             Pointí nasctha custaim agus cánachais le chéile.

[40]             Maidir le COM(2005) 124, an 6 Aibreán 2005, tá buiséad de EUR 745 milliún aige i gcreat airgeadais bliantúil 2007-2013.

[41]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[42]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

[43]             Críochnúlacht na rialuithe – leibhéal a trí: rialú ina bhfuil tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíochta atá iomlán neamhspleách

[44]             Críochnúlacht na rialuithe – leibhéal a ceathair: rialú ina bhfuil tagairt don bhundoiciméadacht atá ar fáil ag céim an phróisis i dtrácht, agus lenar n‑áirítear rochtain uirthi.

[45]             Is ionann an costas agus líon na FTE atá i mbun na rialuithe méadaithe faoin meánchostas atá ar bhall foirne; caitheachas a bhaineann le hiniúchtaí seachtracha, caiteachas a bhaineann le córas ART a chothabháil.

[46]             LD – Leithreasuithe difreáilte / LN – Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[47]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[48]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[49]             Sloinntear an caiteachas i bpraghsanna reatha.

[50]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[51]             Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[52]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[53]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED= "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[54]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[55]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[56]             Tá líon na bpost a bhaineann le gníomhaíochtaí bainistíochta cláir stricto senso teoranta go 18.

Top