This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011XG0708(02)
Council conclusions on childhood immunisation: successes and challenges of European childhood immunisation and the way forward
Conclúidí ón gComhairle maidir le leanaí a imdhíonadh: rath agus dúshláin a bhaineann le leanaí a imdhíonadh san Eoraip agus an bealach chun cinn
Conclúidí ón gComhairle maidir le leanaí a imdhíonadh: rath agus dúshláin a bhaineann le leanaí a imdhíonadh san Eoraip agus an bealach chun cinn
IO C 202, 8.7.2011, p. 4–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/4 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le leanaí a imdhíonadh: rath agus dúshláin a bhaineann le leanaí a imdhíonadh san Eoraip agus an bealach chun cinn
2011/C 202/02
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
1. |
MEABHRAÍONN SÍ go gcomhlánófar, faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beartais náisiúnta le gníomhaíocht an Aontais a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar shláinte phoiblí tríd an gcomhrac i gcoinne na móraicídí go háirithe a chumhdach; spreagfar leis an ngníomhaíocht sin freisin comhar idir na Ballstáit i réimse na sláinte poiblí agus, más gá, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí na mBallstát, agus urramófar a bhfreagrachtaí maidir le seirbhísí sláinte agus cúram míochaine a eagrú agus a sheachadadh; |
2. |
MEABHRAÍONN SÍ go ndéanfaidh na Ballstáit, faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhordú ar a mbeartas agus ar a gclár eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún; |
3. |
MEABHRAÍONN SÍ Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear líonra le haghaidh faireachais agus rialaithe eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal (1), lena n-éilítear anailís eolaíoch thráthúil le go gcuirfí gníomhaíocht Chomhphobail éifeachtúil i gcrích; |
4. |
MEABHRAÍONN SÍ Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (2), a thacaíonn le gníomhaíochtaí atá ann cheana féin amhail cláir ábhartha ghníomhaíochta Chomhphobail in earnáil na sláinte poiblí, maidir le galair theagmhálacha a chosc agus a rialú, faireachas eipidéimeolaíoch, cláir oiliúna agus sásraí réamhrabhaidh agus freagartha, agus ba cheart go gcothófar malartú dea-chleachtais agus taithí i ndáil le cláir vacsaínithe leis; |
5. |
AITHNÍONN SÍ gur in ainneoin go bhfuil na Ballstáit aonair freagrach as leanaí a imdhíonadh agus go bhfuil scéimeanna vacsaínithe éagsúla san AE, maidir leis an ábhar gairmiúil a bhaineann leo, leis an nádúr éigeantach nó saorálach atá acu nó le cúrsaí maoinithe ina dtaobh, go gcuideofar tuilleadh leo trí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar an leibhéal Eorpach; |
6. |
AITHNÍONN SÍ go bhféadfaidh sineirgí níos fearr le réimsí beartais eile an AE dul chun sochair na n-iarrachtaí comhpháirteacha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar vacsaíniú leanaí, agus aird faoi leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, mar shampla na Romaigh i mBallstáit áirithe; |
7. |
FEARANN SÍ FÁILTE ROIMH na torthaí ó chomhdháil saineolaithe dar teideal “Chun go mbeidh Todhchaí Sláintiúil ag ár Leanaí — Leanaí a Imdhíonadh”, a tionóladh i mBúdaipeist an 3-4 Márta 2011, inar scrúdaigh na rannpháirtithe an méid atá bainte amach san Aontas Eorpach i ndáil le leanaí a imdhíonadh agus na dúshláin atá os a chomhair amach, agus inar cuireadh béim ar an ngá atá ann a lán leanaí a imdhíonadh go tráthúil i bpobail ghinearálta agus i bpobail tearc-vacsaínithe araon agus cothabháil a dhéanamh ar an méid sin; i ndáil le sonraí ardchaighdeáin a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar chuimsiú galar atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus ar fhaireachas ar na galair sin ar an leibhéal fo-náisiúnta, an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE; agus i ndáil le straitéisí cumarsáide á gcomhordú agus á mbeachtú chun díriú ar ghrúpaí ó phobail thearc-vacsaínithe nó orthu siúd atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú; |
8. |
TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil an-chuid dúshlán fós ann in ainneoin go raibh cláir chun leanaí a imdhíonadh ríthábhachtach i ndáil le galair thógálacha a rialú san Eoraip; |
9. |
MEABHRAÍONN SÍ DI gurb é vacsaíniú an bealach is éifeachtúla agus is tíosaí le galair thógálacha a chosc, i gcás ina bhfuil vacsaíniú ar fáil; |
10. |
TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar shoghluaisteacht agus ar imirce go bhfuil roinnt ceisteanna i dtaca le cúrsaí sláinte ag teacht chun cinn, ar ceisteanna iad a bhfuil baint acu le leanaí a imdhíonadh freisin; |
11. |
CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil galair san Eoraip á rialú le vaicsíní, go bhfuil laghdú tagtha ar ráta tarlaithe na ngalar leo agus fiú go bhfuil deireadh curtha le galair áirithe a bhíodh ina chúis bháis agus mhíchumais san am a chuaigh thart mar gheall orthu, agus go bhféadfar breathnú ar dhíothú na bolgaí ar fud na cruinne agus ar dhíothú polaimiailítís i dtromlach na dtíortha mar shamplaí iontacha de chláir vacsaínithe rathúla; |
12. |
TUGANN SÍ DÁ hAIRE go dtarlaíonn eipidéimí bruitíní agus rubella i dtíortha áirithe de chuid na hEorpa agus CUIREANN SÍ IN IÚL GO LÁIDIR nár éirigh leis an Eoraip an sprioc a bhaint amach i leith deireadh a chur leis an mbruitíneach agus le rubella faoi 2010, toisc nár cuimsíodh an oiread sin vacsaínithe agus a bhí riachtanach ar an leibhéal fo-náisiúnta, agus mar sin MEABHRAÍONN SÍ DI rún an 16 Meán Fómhair 2010 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) maidir le tiomantas athnuaite chun deireadh a chur leis an mbruitíneach agus le rubella agus do shiondróm rubella ó bhroinn a chosc faoi 2015 agus do thacaíocht leanúnach do stádas saor ó pholaimiailíteas i Réigiún Eorpach WHO; |
13. |
CUIREANN SÍ BÉIM ar an tábhacht a bhaineann le grúpaí sa phobal a shainaithint, ar grúpaí iad atá go mór i mbaol ó ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus ar an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na grúpaí sin, agus ag an am céanna TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur díol suntais é go bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir pobail sho-ghabhálacha de réir tíre agus de réir réigiúin; |
14. |
IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
15. |
IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
16. |
IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(1) IO L 268, 3.10.1998, lch. 1.
(2) IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.