This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0838
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the Instrument for Pre-accession Assistance (IPA II)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)
/* COIM/2011/0838 leagan deireanach - 2011/0404 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) /* COIM/2011/0838 leagan deireanach - 2011/0404 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Ba cheart breathnú ar an togra seo i
gcomhthéacs na n‑ionstraimí airgeadais go léir arna mbeartú le haghaidh na
peirspictíochta airgeadais 2014‑2020 mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht A
Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020)[1]. Leagann an Coimisiún síos an
creat buiséadach maidir le hionstraimí gníomhaíochta seachtraí an AE faoi
Cheannteideal 4 (An Eoraip Dhomhanda), lena n‑áirítear an Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais (IPA). Ar a bhonn sin, tá an Coimisiún ag tíolacadh dréacht‑rialacháin
lena leagfar síos an creat rialaitheach i gcomhair na hIonstraime nua um
Chúnamh Réamhaontachais, maille le measúnú ar thionchar na gcásanna malartacha
a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis an ionstraim. Déantar foráil in Airteagal 49 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn
luachanna an AE dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh agus atá
tiomanta iad a chur chun cinn go comhpháirteach iarratas a dhéanamh chun bheith
ina chomhalta den Aontas. Le 50 bliain anuas, tá an AE ag saothrú go
comhuaineach lánpháirtiú agus méadú, ag méadú ó 6 Bhallstát go 27 Ballstát, mar
atá ann faoi láthair, agus ó dhaonra ar ionann é agus níos lú ná 200 milliún
duine go breis agus 500 milliún duine. Le hathbhreithniú[2]a rinneadh cúig bliana tar éis
an cúigiú méadaithe den AE in 2004, thángthas ar na conclúidí seo a leanas: gur
soláthraíodh leis na méaduithe is déanaí rathúnas ní b’fhearr do gach saoránach
de chuid an AE agus go ndearnadh gníomhaí ní ba láidre den Eoraip i ngeilleagar
an domhain; go raibh páirt lárnach ag creataí institiúideacha agus dlí an AE
maidir leis an rath a áirithiú; gur bhain fiontraithe agus saoránaigh leas as
sochair shoiléire; agus go raibh an AE méadaithe ní ba chumasaí chun dul i
ngleic leis na dúshláin reatha agus sa todhchaí. Ina conclúidí an 14 Nollaig 2010 is
déanaí a dhearbhaigh an Chomhairle athuair an réasúnaíocht ba bhun le méadú an
AE: ‘Atreisítear leis an méadú an tsíocháin, an daonlathas agus an
chobhsaíocht san Eoraip, fóintear do leasanna straitéiseacha an AE, agus
cuidítear leis an AE le gur fearr a bhainfidh sé a chuspóirí beartais amach i
réimsí atá ríthábhachtach maidir leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an
bhfás inbhuanaithe’. Dearbhaíodh in athuair i i
gconclúidí na Comhairle go bhféadfadh an AE, agus an Conradh Liospóin á theacht
i bhfeidhm, a chlár oibre um méadú a shaothrú agus spreagadh an lánpháirtithe
ní ba dhoimhne a choinneáil. Tá an AE ag déileáil faoi
láthair le 5 thír is iarrthóirí[3] agus le 4 iarrthóir ionchasacha[4].
Faoin mbliain 2014, is é an Chróit amháin a bheidh ina Ballstát. Léirítear leis
na táscairí socheacnamaíocha go bhfuil tíortha an mhéadaithe, cé is moite den
Íoslainn, go fóill i bhfad faoi mheán an AE, agus fiú faoi leibhéal na
mBallstát is laige. Mar thoradh ar an leibhéal íseal seo d’fhorbairt
shocheacnamaíoch beidh infheistíochtaí móra de dhíth chun na tíortha sin a
thabhairt níos gaire do chaighdeáin an AE agus chun cur ar a gcumas na
hoibleagáidí ballraíochta a ghlacadh agus brúnna iomaíocha an mhargaidh aonair
a sheasamh. Ina theannta sin, is gá do na tíortha sin
a bheith ullmhaithe chun dúshláin fhoriomlána amhail an t‑athrú aeráide a
sheasamh agus a bheith ar chomhréim le hiarrachtaí an AE chun dul i ngleic leis
an tsaincheist chasta sin. I measc 5 phríomhchuspóir Straitéis 2020 an AE
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, áirítear dul i
ngleic le spriocanna athraithe aeráide agus spriocanna maidir le fuinnimh in‑athnuaite.
Tá muinín ag an AE as an tsamhail fáis ísealcharbóin agus is gá í seo a
fhortheilgean go seachtrach, agus sa phróiseas um méadú freisin. Ina theannta sin, is stáit
measartha óg iad tíortha na mBalcán Thiar a cruthaíodh tar éis dhíscaoileadh na
hIar‑Iúgslaive. Ní mór cobhsaíocht pholaitiúil, bunú iomlán phrionsabail an
daonlathais agus meas ar chearta an duine agus ar dhea‑rialachas ‑ ar luachanna
bunúsacha an AE iad ‑ a neartú go fóill. Ní fhéadann na tíortha
sin gach iarracht agus costas a bhaineann le critéir chun dul isteach san AE a
chothú ina n‑aonar. Níl an cumas ag an gcuid is mó acu na hathchóirithe
institiúideacha agus na hinfheistíochtaí poiblí a mhaoiniú ina n‑aonar atá
riachtanach d’fhonn a gcuid sochaithe agus a
ngeilleagair a chobhsú agus d’fhonn iad a chur i dtreo forbartha inbhuanaithe. Soláthraítear cúnamh teicniúil agus
airgeadais do thíortha an Mhéadaithe faoi láthair trí bhíthin na hIonstraime um
Chúnamh Réamhaontachais (IPA)[5].
Rachaidh an ionstraim seo as feidhm ag deireadh 2013. I bhfianaise aontachas sa
todhchaí, ba cheart don AE cúnamh teicniúil agus airgeadais a thairiscint do
thíortha is iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha d’fhonn a gcás deacair a
shárú agus d’fhonn forbairt go hinbhuanaithe. Ba cheart leis an ionstraim réamhaontachais
nua leanúint ag díriú ar an mBeartas um Méadú a bhaint amach, beartas ar
ceann de phríomhthosaíochtaí Ghníomhaíocht Sheachtrach an AE é, lena gcuideofar
leis an gcobhsaíocht, leis an tslándáil agus leis an rathúnas a chur chun cinn
san Eoraip. Chuige sin, ba cheart leis an ionstraim
nua an cuspóir foriomlán a shaothrú, is é sin tacú leis na tíortha is
iarrthóirí agus na hiarrthóirí ionchasacha agus iad á n‑ullmhú féin le bheith
ina mball den AE, agus cabhrú leo a gcórais/a ngeilleagar náisiúnta a chur i
gcomhréir diaidh ar ndiaidh le caighdeáin agus beartais an Aontais Eorpaigh, de
réir a riachtanas sonrach agus an chláir oibre ar leith atá acu maidir leis an
méadú. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart an
comhchuibheas idir an cúnamh airgeadais agus an dul chun cinn foriomlán arna
dhéanamh maidir le cur chun feidhme na straitéise réamhaontachais a neartú. Ina theannta sin, ní mór cúnamh
réamhaontachais sa todhchaí a bheith níos straitéisí, níos éifeachtúla agus
níos sonraithe ná mar a bhí sé go dtí seo, ag díriú ar thorthaí níos
inbhuanaithe a bhaint amach maidir le feabhas a chur ar ullmhacht na dtíortha
sin le haghaidh a mballraíochta. Ní mór an ionstraim
nua a fheidhmiú ar bhealach atá níos solúbtha agus tuilleadh cistí a ghiaráil ó
dheontóirí eile nó ón earnáil phríobháideach trí bhíthin ionstraimí nuálacha
maoinithe a úsáid, agus tabhairt ag an am céanna faoi shimpliú agus laghdú an
ualaigh riaracháin atá bainteach le bainistiú an chúnaimh airgeadais. Comhleanúnachas le
beartais eile Leathnaítear beartais
inmheánacha an AE go dtí na tíortha tairbhíocha leis an bpróiseas um méadú.
Rannchuidítear leis le leathnú an mhargaidh inmheánaigh, an Limistéir Eorpaigh
Cheartais agus Saoirse, na líonraí tras‑Eorpacha fuinnimh agus iompair, le
feabhsú na ndeiseanna fostaíochta, na forbartha scileanna, an oideachais agus
an chuimsithe shóisialta, le laghdú na bochtaineachta, le cosaint ar an
gcomhshaol agus le laghdú an truaillithe trasteorann aeir agus uisce, le
comhfhogasú leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an gComhbheartas
Iascaigh, leis na hiarrachtaí ar fhoinsí fuinnimh a éagsúlú[6], le héifeachtúlacht acmhainní a bhaint amach, le hathléimneacht
anachaine agus le cosaint agus bainistiú riosca a fheabhsú, agus le cur chuige
a shaothrú atá níos comhtháite agus níos straitéisí maidir le beartais mhuirí,
le feabhas eolaíoch agus leis an gclár oibre digiteach, i measc nithe eile. Ina theannta sin, le cóineasú le reachtaíocht agus beartas
aeráide an AE soláthrófar sochair mhóra do na tíortha tairbhíocha trí bhíthin
forbartha ísealcharbóin agus post níos glaise i réigiún atá fíorleochaileach do
thionchar an athraithe aeráide. Trí bhíthin a Chomhaontuithe Cobhsaíochta agus
Comhlachais agus a chomhaontuithe eile le tíortha is iarrthóirí agus le
hiarrthóirí ionchasacha, spreagann an AE tíortha an mhéadaithe go gníomhach
córais iomaíochta a bhunú. Díreofar cúnamh réamhaontachais sa todhchaí freisin
ar chumas taighde agus nuálaíochta agus ar theicneolaíochtaí faisnéise agus
cumarsáide (TFCanna) a neartú, rud lena n‑éascófar réadú an Aontais Nuálaíochta
ar a uain, lena dtabharfar buntaca do chuspóirí eile den Straitéis Eoraip 2020
agus lena dtacófar le comhlíonadh riachtanais agus chaighdeáin theicniúla an AE
i mórán beartas eile (e.g. sláinte an phobail, sábháilteacht an tsoláthair bia,
gníomhaíocht aeráide agus an comhshaol, lena n‑áirítear an bhithéagsúlacht agus
éiceachórais). Ceann de na haidhmeanna is mó ar chlár oibre
an AE is ea áit níos sábháilte a dhéanamh den Eoraip, mar atá sainithe i gClár
Stócólm. Cuideoidh treoshuíomh straitéiseach feabhsaithe an chúnaimh airgeadais
i leith réamhaontachais le tacaíocht a thabhairt do thíortha an mhéadaithe chun
dul i ngleic le coireacht eagraithe agus le héilliú agus iad a chosc, agus a
gcumas a neartú maidir le forghníomhú an dlí, le bainistiú teorann agus le
rialú imirce. Tugann tionchar breise don AE leis an méadú
agus neartaítear a thionchar i bhfóraim idirnáisiúnta. Le teacht i bhfeidhm
Chonradh Liospóin, tá na hacmhainní ag an AE anois a chion féin a dhéanamh ar
an ardán domhanda. Is sampla den chumas sin é ról an AE i Rún Chomhthionól
Ginearálta an AE maidir leis an gCosaiv a ghlacadh. Leis an gcúigiú méadú
tugadh spreagadh nua do chaidreamh an AE lena chomharsana san oirthear agus sa
deisceart agus treoraíodh é chun dóigheanna a phlé maidir le tionscnaimh a
fhorbairt sa réigiún Baltach agus i réigiún na Mara Duibhe. Le próiseas an
aontachais le tíortha sna Balcáin Thiar agus leis an Tuirc tugtar leas agus
tionchar níos mó fós don AE i réigiún na Meánmhara agus na Mara Duibhe agus in
imchuach na Danóibe. Ar an gcoinníoll go bhforbrófar ról na Tuirce ina réigiún
féin mar chomhlánú ar a phróisis aontachais agus i gcomhordú leis an AE,
féadfar cur le tionchar an dá pháirtí i ngnóthaí an domhain, go háirithe sa
Mheánoirthear agus sa Chugas Theas. Ag gníomhú dóibh le chéile, féadfaidh an AE
agus an Tuirc slándáil fuinnimh a neartú, dul i ngleic le coimhlintí
réigiúnacha, agus forbairt deighiltí ar bhealaí eitneacha nó reiligiúnacha a
chosc, agus comhar ar shaincheisteanna muirí a fheabhsú, go háirithe sa Mhuir
Dhubh. Féadfaidh an Íoslainn agus an AE le chéile ról tábhachtach a imirt
maidir le dul i ngleic le saincheisteanna fuinnimh, comhshaoil, athraithe
aeráide, muirí agus slándála san Artach. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán leis na Páirtithe Leasmhara
ar chúnamh réamhaontachais sa todhchaí Tá an togra le haghaidh na hIonstraime nua um
Chúnamh Réamhaontachais bunaithe ar chomhairliúchán fairsing le páirtithe
leasmhara ar cuireadh tús leis ag an gcomhdháil maidir le IPA; sustainable
results and impact (Ionstraim um Réamhaontachais; torthaí inbhuanaithe agus
tionchar, arna heagrú ag an gCoimisiún sa Bhruiséil an 6 agus an 7 Nollaig 2010.
Reáchtáladh sraith comhairliúchán le páirtithe leasmhara
tar éis sin sa chéad chuid den bhliain 2011, lenar cuireadh ionchur ar fáil do
mheastóireacht ex‑ante mar ullmhúchán i gcomhair ionstraime um chúnamh
réamhaontachais sa todhchaí. Áiríodh leis na comhairliúcháin sin: ·
Suirbhé ar líne, a
fuarthas 338 freagra air uathu seo a leanas: ionadaithe
na mBallstát; riaracháin phoiblí agus páirtithe leasmhara neamhphoiblí na
dtíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as
cúnamh na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais; baill foirne an Choimisiúin;
deontóirí agus institiúidí maoinithe idirnáisiúnta; eagraíochtaí idirnáisiúnta
eile, eagraíochtaí neamhrialtasacha, taighdeoirí, saineolaithe agus grúpaí
sainleasa. ·
Sraith fócasghrúpaí, agus go háirithe: grúpa
oibre ard‑leibhéil amháin, ceithre ghrúpa mheasctha a bhfuil oifigigh an
Choimisiúin agus páirtithe leasmhara seachtracha iontu; trí fhócasghrúpa
speisialta ar chúnamh na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais le haghaidh
comhair trasteorann, forbartha réigiúnaí, forbartha acmhainní daonna agus
forbartha tuaithe; dhá chruinniú le hionadaithe Ballstáit sa choiste teicniúil
a chuidíonn leis an gCoimisiún i gcúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme;
agus cruinniú le húdaráis na mBalcán Thiar ina ndíríodh ar chomhar trasteorann
ag teorainneacha laistigh de na Balcáin Thiar. ·
Comhairliúcháin leo seo
a leanas: oifigigh aonair an Choimisiúin sa cheanncheathrú agus toscaireachtaí
an AE i dtíortha is tairbhithe; struchtúir lena soláthraítear cúnamh teicniúil
nó tacaíocht beartais do na tíortha tairbhíocha; oifigí Chomhordaitheoirí
Náisiúnta na dtíortha is tairbhithe den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais;
deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha; eagraíochtaí idirnáisiúnta agus
réigiúnacha (gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, an Chomhairle um Chomhar
Réigiúnach, an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip, etc); agus,
Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (an Tionscnamh Eorpach um Chobhsaíocht, an Grúpa
Éigeandála Idirnáisiúnta, Fondúireacht na Sochaí Oscailte, etc) ar leibhéal an
Aontais Eorpaigh. ·
Cruinniú an leibhéil oibre arna eagrú ag an gCoimisiún i gcomhar le hUachtaránacht na hUngáire ar
an AE i Ságrab an 10‑11 Bealtaine, inar tíolacadh réamhthorthaí an
chomhairliúcháin agus inar pléadh iad le gach páirtí leasmhar de chuid na
hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais. Léiríodh in anailís a rinneadh ar na
suíomhanna ó chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go raibh tacaíocht ann
do na nithe seo a leanas: –
Leanúint den ionstraim
le leibhéil chosúla acmhainní ina gcuimsítear forbairt institiúideach agus
forbairt shocheacnamaíoch araon; –
Cúnamh a oiriúnú do
riachtanais agus do shaintréithe gach tíre; –
An cur chuige earnála a neartú, le próiseas pleanála atá níos comhtháite agus níos fadtéarmaí a
mbeidh ionstraim straitéiseach um chomhordú deontóirí agus um infheistíocht
earnála príobháidí a stiúradh mar thoradh air; –
Pleanáil ilbhliantúil a thabhairt isteach chun fad tréimhse an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile a
chumhdach, le hathbhreithniú lár téarma, agus clárú ilbhliantúil breise
a fhorbairt le haghaidh gníomhaíochtaí cúnaimh trasdula agus forbartha
institiúidí freisin, maille le rannpháirtíocht níos fearr tairbhithe i
gclárú, arna treorú ag údaráis náisiúnta níos láidre i gceannas chomhordú
na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais; –
Luaíocht a thabhairt do dhea‑fheidhmíocht,
bunaithe ar ionsú agus ar spriocanna straitéiseacha a bhaint amach; lena
mbaintear úsáid as coinníollachtaí ar bhealach níos déine agus níos córasaí ar
leibhéal na tíre, na straitéise earnála agus an tionscadail; –
Deireadh a chur le rochtain ar chineálacha
éagsúla cúnaimh a bheith faoi réir stádais mar iarrthóir/iarrthóir
ionchasach, ach an rochtain sin a bheith ag brath ar ullmhacht chun cur chun
feidhme, maille le cur chuige céimnithe maidir le dílárú an bhainistithe
cúnaimh; –
An struchtúr comhpháirte reatha a athscrúdú, lena n‑áirítear comhordú níos fearr idir réimsí beartais; –
Comhar leantach le hInstitiúidí Idirnáisiúnta
Airgeadais agus cistí Institiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais agus deontóirí eile a
ghiaráil; –
Cur chuige trí chiseal maidir le faireachán
agus meastóireacht a glacadh, lena ndéantar measúnú ar dhul chun cinn i ndáil
i) leis an mbealach i dtreo an aontachais; ii) le straitéisí náisiúnta agus
iii) le torthaí a bhaint amach ar leibhéal na gclár, na n‑earnálacha agus na
mbeart. Comhairliúchán Inmheánach ar chúnamh
réamhaontachais sa todhchaí Laistigh den Choimisiún, ba é a bhí in
ullmhúcháin don IPA nua tar éis 2013 díospóireachtaí fairsinge laistigh de na
ceithre sheirbhís a bhfuil baint acu leis an gcúnamh a bhainistiú agus
eatarthu, i.e. na hArd‑Stiúrthóireachtaí a leanas: Méadú; Beartas Réigiúnach;
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú; agus Talmhaíocht agus Forbairt
Tuaithe, agus le Toscaireachtaí nó le hOifig Idirchaidrimh an AE san Íoslainn,
sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc freisin. Comhairliúchán Poiblí
maidir leis na hionstraimí gníomhaíochta seachtraí uile Ba é todhchaí an chúnaimh
réamhaontachais ábhar an chomhairliúcháin phoiblí ní ba leithne ar chistiú
amach anseo do ghníomhaíocht sheachtrach an AE idir an 26 Samhain 2010
agus an 31 Eanáir 2011. Bhí an comhairliúchán bunaithe ar
cheistiúchán ar líne ag gabháil le páipéar cúlra "What funding for EU
external action after 2013?" (Cén cistiú le haghaidh ghníomhaíocht
sheachtrach an AE tar éis 2013?’) arna ullmhú ag an gCoimisiún agus ag
seirbhísí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) lena mbaineann.
Léirítear sna 220 rannchuidiú struchtúir leathana agus éagsúla agus thuairimí
an phobail ghníomhaíochta seachtraí. Ar na freagairtí a
chumhdaigh cúnamh forbartha go sonrach, bhí na nithe seo a leanas ábhartha
maidir le cúnamh réamhaontachais: ·
Dhearbhaigh formhór na bhfreagróirí go soláthraíonn
idirghabháil an AE breisluach mór sna príomhréimsí beartais arna dtacú
trí bhíthin ionstraimí airgeadais i leith gníomhaíochta seachtraí[7]. Luaigh go leor freagróirí
breisluach an AE mar an príomhspreagthóir don todhchaí: ba cheart don AE leas a
bhaint as a bhuntáiste comparáideach atá bainteach lena láithreacht san ardán
domhanda, lena shaineolas fadréimseach, lena nádúr ilnáisiúnta, lena ról mar
éascaitheoir comhordaithe, agus le barainneachtaí scála. ·
Thacaigh beagnach gach freagróir le cur chuige
níos difreálaithe, arna oiriúnú do chás na dtíortha tairbhíocha, bunaithe
ar chritéir fhónta agus ar bhailiú éifeachtúil sonraí, mar mhodh chun tionchar
ionstraimí airgeadais an AE a mhéadú. ·
Maidir le simpliú na n‑ionstraimí, i ndáil leis an
gcothromaíocht idir ionstraimí geografacha agus téamacha, bhí tuairimí éagsúla
maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chláir théamacha an AE agus le laghdú a
d’fhéadfadh a bheith ann ar líon. Thacaigh formhór mór na bhfreagróirí le solúbthacht
gheografach ionstraimí an AE a mhéadú mar mhodh chun freagairt do dhúshláin
idir‑réigiúnacha. Úsáid
saineolais Choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht
an Mhéadaithe dhá staidéar saineolaí ex ante chun measúnú a dhéanamh ar an
loighic idirghabhála agus chun tarraingt ar cheachtanna ó chlár reatha na
hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais (meitimheastóireacht IPA), agus le
hullmhú do mheastóireacht ex‑ante ar chúnamh todhchaíoch réamhaontachais tar
éis 2013 freisin. Tá an dá staidéar ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht
an Mhéadaithe ag an seoladh seo a leanas: http://ec.europa.eu/enlargement/how‑does‑it‑work/financial‑assistance/phare/evaluation/interim_en.htm
Measúnú iarmharta Mar chuid d’ullmhúcháin an togra i ndáil leis
an ionstraim nua um réamhaontachas, rinne an Coimisiún measúnú iarmharta, agus
na roghanna seo a leanas á bplé: Rogha 1 ‑ ‘Gan
athrú’. Rogha 2 ‑ ‘An Rialachán
reatha a leasú’, leis na roghanna
seo a leanas: –
Forogha 2.1 ‑ ‘An raon feidhme a laghdú agus na
socruithe cur chun feidhme a choimeád’, ag díriú ar na
hathruithe dlí agus institiúideacha is gá le go gcomhlíonfar na critéir
aontachais, gan aon chistí suntasacha a chur in áirithe do chómhaoiniú na
hinfheistíochta poiblí ar mhaithe leis an bhforbairt shocheacnamaíoch. –
Forogha 2.2 ‑ ‘Struchtúr na n‑eilimintí a
choimeád agus díriú a thuilleadh ar na hinfheistíochtaí’ d’fhonn cur leis an tionchar socheacnamaíoch sna tíortha tairbhíocha
agus dlús a chur faoina n‑ullmhúchán d’fhonn cistí struchtúracha,
comhtháthaithe agus forbartha tuaithe a bhainistiú. –
Forogha 2.3: ‘An raon feidhme a choimeád agus na socruithe cur chun
feidhme a oiriúnú’, lena n‑áirítear
comhlíonadh na gcritéar aontachais agus an tacaíocht leis an bhforbairt
shocheacnamaíoch. Ina theannta sin, gnéithe den leagan amach IPA agus de na
módúlachtaí cur chun feidhme reatha a oiriúnú. Rogha 3: ‘Ionstraim nua a dhearadh’. Ní dhearnadh aon anailís mhionchruinn ar an rogha sin. Rinneadh measúnú ar iarmhairt eacnamaíoch
na roghanna éagsúla i dtéarmaí na dóchúlachta go mbeadh na torthaí a leanas
orthu: i) moill a chur ar an méadú, nó dlús a chur leis agus dá bhrí sin
iarmhairt dhearfach eacnamaíochta mhéadú an mhargaidh inmheánaigh; ii) costais
an AE agus na mBallstát a choinneáil gan athrú nó a laghdú i dtéarmaí beart
agus rioscaí slándála, rialaithe teorann agus imirce neamhrialta; iii) na
féidearthachtaí a shrianadh nó a fheabhsú maidir le lánpháirtiú eacnamaíoch
níos fearr a bhaint amach, e.g. trí bhíthin lánpháirtíochta feabhsaithe leis na
Líonraí Tras‑Eorpacha; iv) tionchar dearfach nó diúltach ar mhuinín na
ndeontóirí agus na n‑infheisteoirí as na tíortha tairbhíocha. Rinneadh measúnú ar iarmhairt
shóisialta na roghanna éagsúla i dtéarmaí na hiarmharta dóchúla ar an
mbochtaineacht agus ar an eisiamh i dtíortha an mhéadaithe i gcomhthéacs na
gluaiseachta i dtreo an aontachais agus i dtéarmaí na gcoinníollacha a chruthú
lena gcuirfí feabhas ar an bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus na mbeart polasaí
lena bhféadfaí dul i ngleic leis na saincheisteanna sin. Cuireadh san áireamh
freisin an baol go bhféadfaí na cearta i réimse an cheartais agus an smachta
reachta a chur i mbaol sna tíortha tairbhíocha i ngeall ar aon mhoill ar an
aontachas nó ar na rioscaí nach gcuirfí i gcrích é. Rinneadh measúnú ar iarmhairt
chomhshaoil na roghanna i dtéarmaí na dóchúlachta go méadófaí ar na costais
chomhshaoil dá gcuirfí moill ar an méadú nó dá gcuirfí i gcontúirt é, i ngeall
ar chaighdeáin chomhshaoil níos ísle á gcur i bhfeidhm d’fhonn buntáiste
iomaíochta a ghnóthú sna tíortha tairbhíocha agus/nó i ngeall ar mhoill a
chuirfí ar chur chun feidhme na n‑ionstraimí daora a theastaíonn a chur ar
chomhréim le acquis comhshaoil an AE. Measúnaíodh Rogha 2.1
agus ceapadh gur dócha go mbeadh iarmhairtí diúltacha ar gach gné mar
thoradh air. Bhíothas ag súil le hiarmhairtí dearfacha ar rogha 2.2
agus rogha 2.3 i gcomparáid le rogha 1, le scóir dhifriúla ann maidir leis
na gnéithe aonair. Rinneadh measúnú ar na módúlachtaí feabhsaithe maidir leis
an gcúnamh a sholáthar de réir rogha 2.3, trí bhíthin méadaithe ar a
fhócas, ar a éifeachtúlacht, ar a éifeachtacht, ar a ghiaráil agus ar a
iarmhairt ‑ agus ceapadh gur dóchúil gur mó na hiarmhairtí dearfacha foriomlána
a bheadh acu ná mar a bheadh ag na hinfheistíochtaí breise isteach san
fhorbairt shocheacnamaíocht de réir rogha 2.2. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Tá an beartas um méadú bunaithe ar Airteagal 21
den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina bhforáiltear go mbeidh ‘gníomhaíocht an
Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar na prionsabail a spreag a
chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé
lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta,
uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an
meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na
dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe
agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta’. Is é Airteagal 212(2)
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an chúnaimh airgeadais
le haghaidh réamhaontachais. Tá an togra le haghaidh na
hIonstraime nua um Chúnamh Réamhaontachais i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta
agus na comhréireachta de réir Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. I dtéarmaí coimhdeachta,
tugann gníomhaíocht ar leibhéal an AE breisluach ríthábhachtach, ceangailte le
roinnt tosca: –
De réir a nádúir féin is tasc i bpáirt é
méadú leantach an AE nach féidir a chur chun cinn ach ar leibhéal an AE. Is iad na Ballstáit amháin agus iad ag gníomhú le chéile ar
féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais ar aontachas ó iarrthóirí
nua. Is éard is aidhm don chúnamh réamhaontachais a chuirtear ar fáil trí
bhuiséad an AE cabhrú le tíortha is iarrthóirí agus le hiarrthóirí ionchasacha
iad féin a ullmhú le bheith ina mball amach anseo: tá an Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais ceaptha le go bhfaighidh na tíortha seo “rith tástála” maidir le
hoibleagáidí na ballraíochta roimh aontú dóibh (amhail institiúidí a bhunú le
haghaidh cistí iar‑aontachais an AE a bhainistiú, agus/nó an acquis agus
caighdeáin an AE a ghlacadh). Níl aon ionstraim iltaobhach nó dhéthaobhach eile
atá chomh hildánach céanna, agus, i gcás ar bith, is é an AE amháin atá i
riocht na cineálacha cúnaimh a shainiú atá riachtanach le gur féidir leis na
tíortha seo an acquis a ghlacadh chucu. –
Toisc go bhfuil 27 Ballstát ag gníomhú i gcomhréir
le beartais agus le straitéisí i gcomhpháirt, is ag an AE amháin atá an
chumhacht chriticiúil le gur féidir freagairt do dhúshláin dhomhanda.
D’fhéadfadh go mbeadh gníomhartha na mBallstát aonair teoranta nó bloghta, agus
na tionscadail róbheag go minic le haon difríocht inbhuanaithe a dhéanamh sa
réimse atá i gceist. Is fearrde an comhordú agus is éifeachtaí obair an AE de
bharr obair na mBallstát a chuíchóiriú agus a luathú tríd an AE. –
Le blianta beaga anuas tá Ballstáit an AE ag laghdú
leibhéal a gcúnaimh dhéthaobhaigh leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na
hiarrthóirí ionchasacha, mar go n‑admhaíonn siad go bhfuil an ghníomhaíocht
chomhordaithe ar leibhéal an AE níos éifeachtaí. Tháinig timpeall ar leathchuid
de chúnamh airgeadais iomlán an AE le tíortha an mhéadaithe in 2009 ó bhuiséad
an AE. Tríd is tríd tá na heagraíochtaí deonta iltaobhacha tar éis deireadh a
chur lena dtacaíocht agus iad siúd nach bhfuil tá siad tar éis a gcuid clár a
chur ar chomhréim le tosaíochtaí an AE. Is saoire a dhéanfar an obair tríd an
AE freisin. Is lú na costais riaracháin ná meánchostais riaracháin na
bpríomhdheontóirí cúnaimh dhéthaobhaigh. –
Is infheistíocht i dtodhchaí an AE cúnamh
réamhaontachais, lena dtacaítear le cobhsaíocht agus le rathúnas na dtíortha
comharsanachta agus lena n‑áirithítear acmhainn éifeachtach na dtíortha is
iarrthóirí an acquis a chur chun feidhme ar aontachas, lena n‑áirítear an
acmhainn chun cistí agus beartais struchtúracha, comhtháthaithe, forbartha
talmhaíochta agus tuaithe, muirí agus iascaigh an Aontais a bhainistiú. Cuirtear dlús leis an bpróiseas ullmhaithe le cúnamh
teicniúil agus airgeadais agus cruthaítear dreasachtaí le haghaidh athrú
riachtanach na sochaí, an chórais dlí agus an gheilleagair. Cuidítear leis an
gcúnamh sin le cuspóirí bheartais inmheánacha an AE a chomhlíonadh, cruthaítear
deiseanna do ghnóthais an AE agus soláthraítear toradh inláimhsithe ar
infheistíocht. In éagmais na rannpháirtíochta déine agus na comhpháirtíochta
dlúithe a chorpraítear i gcúnamh réamhaontachais, is cinnte go mbeadh ar an AE
níos mó a chaitheamh ar imirce neamhdhlíthiúil a chomhrac, ar theorainneacha
seachtracha an AE a dhaingniú, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus
allmhairí bia atá sábháilte agus sláinteach a áirithiú dá shaoránaigh, agus ar
athrú aeráide agus truailliú a chomhrac. I gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán beartaithe thar a bhfuil
riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ina Theachtaireacht i Meitheamh 2011 "A
Budget for Europe 2020" (Buiséad don Eoraip 2020), bheartaigh an
Coimisiún Eorpach suim EUR 14 110 100 000 (de réir praghsanna
reatha) a leithdháileadh le haghaidh na hIonstraime nua um Chúnamh
Réamhaontachais don tréimhse 2014‑2020. Tá tionchar measta mionsonraithe airgeadais an
togra léirithe sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá iniata leis an togra seo.
Tugtar na gealltanais bhuiséid bhliantúla tháscacha* sa tábla thíos. Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2014‑2020 1898.0 || 1935.9 || 1974.6 || 2014.1 || 20544 || 2095.5 || 2137.4 || 14110.1 * Praghsanna
reatha in EUR milliúin D’fhonn a intuarthacht a áirithiú, soláthrófar
cistiú i leith gníomhaíochtaí ardoideachais i dtríú tíortha i gcomhthéacs an
chláir "Erasmus for All" (Erasmus do Chách), i gcomhréir le
cuspóirí an AE i dtaobh gníomhaíochta seachtraí, trí bhíthin dhá leithdháileadh
ilbhliantúla nach gcuimseoidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana
ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh an
cistiú sin léirithe i bpáipéir straitéise tháscacha ilbhliantúla an IPA, i
gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena
mbaineann. D'fhéadfaí na leithdháiltí
a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha
polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí seachtracha an AE. Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. [‑‑‑] ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear "Erasmus do Chách"[8] maidir le húsáid na gcistí sin. Déanfar cúnamh
airgeadais a sholáthar do phobal Turcach na Cipire go dtí go ndéanfar an
coigeartú atá beartaithe sa dara mír d'Airteagal 11 den Rialachán ón
gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta
2014‑2020. Is iad forálacha Rialachán
(CE) Uimh. 389/2006 an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim
tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a
spreagadh a rialóidh an cúnamh airgeadais sin. Cumhdófar na riachtanais airgeadais maidir le tacaíocht do phobal
Turcach na Cipire ó chlúdach foriomlán a leithdháilfear ar an Ionstraim um
Chúnamh Réamhaontachais. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA Simpliú Tosaíocht don Choimisiún sa Rialachán nua seo,
mar atá i gcláir eile faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (an CAI), is ea an
timpeallacht rialála a shimpliú agus cúnamh an Aontais do thíortha tairbhíocha
agus do réigiúin thairbhíocha, d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, do Ghnóthais
Bheaga agus Mheánmhéide, etc. a éascú. Saothraítear an cuíchóiriú leis an togra seo
go príomha tríd an struchtúr comhpháirte i ndáil le príomhréimsí beartais a
chuíchóiriú. Tá cuíchóiriú an chreata reachtaigh mar thoradh air sin maidir
leis an ionstraim agus maidir le rialacha cur chun feidhme sa todhchaí, le
forálacha simplithe. Nasctha le cuíchóiriú an struchtúir chomhpháirteanna,
ciallaíonn rochtain neamhdhifreálaithe ar chúnamh faoi gach réimse
beartais nár ghá a thuilleadh tíortha tairbhíocha a shainaithint ar leithligh i
mbunús dlí na hionstraime. Mar thoradh air seo, ní
bheidh sé riachtanach a thuilleadh dul trí nós imeachta anásta chun athrú
stádais an tairbhí a léiriú, agus laghdófar an bhearna idir na cinntí
polaitiúla maidir le cúnamh airgeadais agus cur chun feidhme iarbhír. Mar an
gcéanna, i gcás ina n‑éireoidh tír nua ina hiarrthóir ionchasach le haghaidh
aontachas an AE, shimpleofaí go mór na ceanglais nós imeachta maidir leis an
tír sin a chur san áireamh i measc na dtairbhithe cúnaimh. Beidh seirbhísí éagsúla an Choimisiúin
freagrach go fóill as an gcúnamh a bhainistiú agus as a chur chun feidhme sna
réimsí beartais éagsúla. Mar sin féin, cuirfear feabhas breise ar chomhordú, ar
chumarsáid agus ar chur chun feidhme iarbhír trí roinnt gnéithe a shimpliú,
lena n‑áirítear comhfhaireachán níos dlúithe ar dhul chun cinn an chur
chun feidhme sna tíortha tairbhíocha agus níos lú próiseas maidir le
creidiúnú agus maidir le cumhachtaí bainistíochta a thabhairt. Ba cheart go
laghdófaí go mór costas agus ualach an chomhordaithe arna dtabhú ag tíortha
tairbhíocha le méadú ar chomhchuibheas na gníomhaíochta ag an gCoimisiún, i
ngeall ar na bealaí éagsúla cumarsáide agus ar na nósanna imeachta éagsúla arna
n‑úsáid ag an gCoimisiún. Beartaítear sa togra freisin go ndéanfar
cinntí straitéiseacha ar an leithdháileadh cúnaimh trí bhíthin páipéir
straitéise chuimsitheacha tíre agus iltíre trína gcumhdófar tréimhse iomlán an
chreata airgeadais nua (2014‑2020) agus a ndéanfar athbhreithniú orthu uair
amháin ag lár téarma, córas a thiocfaidh isteach in ionad an chórais reatha um
dhoiciméid phleanála tháscacha rollacha trí bliana a ndéantar athbhreithniú
orthu gach bliain. Laghdóidh sé seo, i leith na bpáirtithe leasmhara go léir
lena mbaineann, an t‑ualach riaracháin a bhaineann leis an athbhreithniú
bliantúil ar gach doiciméad agus le hathbhreithnithe a d’fhéadfadh leanúint as.
Mar an gcéanna, leanfaidh níos lú riaracháin do chách agus soláthar níos tapa
cúnaimh as clárú ilbhliantúil um thrasdul agus um chúnamh forbartha acmhainní a
thabhairt isteach. Ba cheart do shimpliú breise teacht as cur
chuige earnáil‑bhunaithe a thabhairt isteach, nuair is ann do na coinníollacha
ábhartha, maidir le leithdháileadh cúnaimh le haghaidh na n‑earnálacha sin. De
bhreis ar éifeachtúlacht agus iarmhairt an chúnaimh a fheabhsú, d’fhéadfadh an
cur chuige seo líon níos lú tionscadal/conarthaí a shaothrú, rud a laghdódh an t‑ualach
riaracháin a bhaineann le bainistiú tionscadail/conartha. Más féidir sna
cúinsí, d’fhéadfadh go mbeadh i gceist sa chur chuige earnála úsáid na
tacaíochta buiséadaí, rud a laghdódh an t‑ualach riaracháin arís i gcomparáid
le tacaíocht tionscadail. Leagfar forálacha mionsonraithe maidir le
comhfhaireachán agus leis na próisis chreidiúnaithe amach i rialacha ar leith
um chur chun feidhme. Sna rialacha sin, saothrófar simpliú breise i gcomhar
trasteorann idir tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, trí bhíthin
clárú agus cur chun feidhme a chur ar chomhréim tuilleadh le cur chuige na
gCistí Struchtúracha. Éascóidh simpliú
agus nósanna imeachta solúbtha i gcur chun feidhme an Rialacháin nua glacadh
níos tapa beartas cur chun feidhme agus soláthar chúnamh an AE. Ina theannta
sin, trí athbhreithniú an Rialacháin Airgeadais, agus an fhoráil speisialta le
haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha go háirithe, cuideofar le rannpháirtíocht
eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gnóthas beag i gcláir chistithe a éascú,
mar shampla trí rialacha a shimpliú, trí chostais na rannpháirtíochta a laghdú
agus trí nósanna imeachta deonaithe a luathú. Agus an Rialachán seo á chur chun
feidhme ag an gCoimisiún, bainfidh sé úsáid as na nósanna imeachta simplithe dá
bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais nua. Míniú
mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra Ar an iomlán, beartaítear sa togra reatha agus
sna rialacha cur chun feidhme sa todhchaí na hathbhreithnithe seo a leanas
maidir le dearadh na hionstraime agus lena módúlachtaí cur chun feidhme (i
dteannta an tsimplithe atá luaite cheana thuas): 1.
Déanfar an soláthar cúnaimh níos comhchuibhithe,
níos straitéisí agus níos dírithe ar thorthaí trí bhíthin na nithe seo a
leanas: ·
Díriú ar réimsí beartais trí páipéir
straitéise chuimsitheacha ilbhliantúla tíre (agus iltairbhí) lena léirítear
tosaíochtaí polaitiúla na Straitéise um Méadú agus lena gcumhdaítear gach
forbairt riachtanach institiúide, comhlíonadh acquis agus gníomhaíochtaí
infheistíochta is gá maidir le gach réimse beartais. Beidh
an raon feidhme bunaithe ar mheasúnú riachtanas agus beidh sé á oiriúnú do
chomhthéacs na tíre. ·
Cómhaoiniú nó maoiniú na straitéisí earnála
comhaontaithe a threisiú a rannchuidíonn leis na cuspóirí beartais, in
ionad tionscadal aonair, ag bogadh siar ó thionscadail atá deontas‑mhaoinithe
amháin agus ag méadú sciar an chúnaimh a
chistítear trí thacaíocht ar leibhéal na hearnála (lena n‑áirítear tacaíocht
bhuiséadach earnála maidir le réimsí beartais roghnaithe bunaithe ar
choinníollachtaí atá dírithe go héifeachtach). Dá ainneoin sin, leanfaidh
tacaíocht do chomhlíonadh acquis de bheith ar fáil trí bhíthin
tacaíochta tionscadail nó módúlachtaí eile cur chun feidhme amhail saoráidí
tiomanta, i gcás nach bhfuil sí á clúdach ag straitéisí uileghabhálacha
earnála. ·
Clárú ilbhliantúil níos
córasaí i ndáil le cuspóirí beartais freisin arna saothrú ag cúnamh trasdula
agus forbartha institiúide (e.g. athchóiriú an riaracháin phoiblí, athchóiriú
córas ceartais, etc.), lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach na
straitéisí earnála ábhartha agus le baint amach na gcuspóirí ábhartha faoi
dheoidh. ·
Cúnamh airgeadais a
chur de choinníoll níos dírí ar rialachas feabhsaithe agus ar úinéireacht mhéadaitheach
na dtíortha tairbhíocha. Tabharfar gnéithe solúbthachta isteach chun freastal
ar riachtanais éiritheacha agus chun dreasachtaí a thabhairt d’fhonn feidhmíocht
a fheabhsú. 2.
Déanfar an soláthar cúnaimh níos solúbtha
agus oiriúnófar é chun tabhairt faoi riachtanais trí bhíthin na nithe seo a
leanas: ·
Rochtain neamhdhifreálaithe ar chúnamh a cheadú (gan spleáchas do stádas an iarrthóra nó an iarrthóra
ionchasaigh), ach le raon feidhme nó déine atá difriúil, ar bhonn na riachtanas
agus an chumais theicniúil agus riaracháin. Is iad
riachtanais na dtíortha tairbhíocha a bheadh mar pointe tosaigh chun na
hearnálacha/réimsí beartais a chinneadh le haghaidh cúnaimh. ·
Cur chuige céimnitheach agus níos forásaí maidir
le bainistiú an chúnaimh airgeadais a bheartú, trína
ndéanfadh an Coimisiún nó an tír thairbhíoch bainistiú, le nó gan rialuithe ex‑ante
ag an gCoimisiún, ag brath ar
stádas/pheirspictíocht aontachais, ar earnáil/réimse beartais cúnaimh,
agus ar chumas riaracháin, teicniúil agus
bainistíochta. Ba é ab aidhm d’earnálacha ábhartha agus ullmhú á
dhéanamh maidir le haontachas struchtúr agus nósanna imeachta bainistíochta a
chruthú atá ar aon dul leo siúd nach mór dóibh a bheith i bhfeidhm tar éis
aontachais. ·
Dul chun cinn ar chéimeanna éagsúla
bainistíochta a cheangal le tosaíochtaí polaitiúla,
mar atá léirithe i dtuarascálacha ar dhul chun cinn, i mbaint amach na
dtagarmharcanna idirbheartaíochta nó sa chuntas teiste maidir leis na
Comhaontuithe Comhlachais a chur chun feidhme. ·
Solúbthacht a fheabhsú idir tosaíochtaí ar mhaithe
le soláthar an chúnaimh atá níos dírithe ar thorthaí, lena gceadófar aistriú
leithdháiltí idir réimsí beartais, agus lena bhféadfar cistí a thabhairt
ar aghaidh ó bhliain amháin go dtí an bhliain ina diaidh, i gcás ina mbeidh
sé sin ceadaithe ag an Rialachán Airgeadais nua. 3.
Déanfar úsáid an chúnaimh níos éifeachtúla
agus níos éifeachtaí trí bhíthin na nithe seo a leanas; ·
Tuilleadh saothraithe a dhéanamh ar shainaithint
agus úsáid na n‑ionstraimí airgeadais nuálacha faoina bhféadfaí cistí
príobháideacha breise a ghiaráil, agus an fhéidearthacht a bhreathnú chun leas
a bhaint as sineirgí le hionstraimí airgeadais nuálacha arna bhforbairt do
bheartais inmheánacha, ar bhonn cur chuige chomhordaithe maidir le buiséad an
AE a úsáid in ionstraimí den sórt sin, agus agus ar bhonn rialacha comhordaithe
lena aghaidh sin. ·
Mar chuid de bhaint amach na tacaíochta níos mó ar
leibhéal na hearnála freisin, comhar le deontóirí eile agus le hinstitiúidí
Idirnáisiúnta airgeadais agus institiúidí eile airgeadais ar an leibhéal
straitéiseach a mhéadú, ag déanamh comhaontaithe ar thosaíochtaí beartais
agus ar chomhroinnt níos soiléire saothair; ·
Leanúint de thacú le cláir/tionscadail
réigiúnacha trína soláthraítear breisluach trí chomhroinnt eolais agus
taithí, comhchuibhiú beartas, comhaontú ar chomhthosaíochtaí agus forbairt
muiníne frithpháirtí a spreagadh. Tá an cumas ag
cláir réigiúnacha éifeachtúlacht beartas a fheabhsú, e.g. maidir le hiompar, le
fuinneamh, leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide, le staidreamh, leis an
gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus le saincheisteanna imirce. ·
Na rialacha maidir le soláthar cúnaimh nasctha a
chuíchóiriú agus meicníochtaí a thabhairt isteach chun
oiriúnacht na saineolaithe a earcaítear a áirithiú, agus féidearthacht á cur
leo ionas go bhféadfar cistí a tharraingt ó shaoráid thiomanta d’fhonn
freagairt do riachtanais mar a thagann siad chun cinn. Gníomhartha tarmligthe De bhrí gur
cheart cinntí lánroghnacha beartais ar stádas na dtíortha is iarrthóirí a
dhéanamh ar leibhéal eile, na leasuithe arna ndéanamh ar liosta na dtíortha
tairbhíocha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán beartaithe chun na
cinntí sin a léiriú, tá sé beartaithe gur cheart iad a ghlacadh trí bhíthin
gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach rachadh na leasuithe sin i bhfeidhm ar ghné
bhunúsach de chuid an Rialacháin. Tá sé beartaithe
freisin gur cheart cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún chun
rialacha mionsonraithe a ghlacadh lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha
d'fhonn an Rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme, go háirithe i dtaca le
struchtúir bhainistíochta agus le nósanna imeachta bainistíochta. Tá gá leis an rialacha sin mar chomhlánú ar na
rialacha agus na nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme
ionstraimí an Aontais a chur chun feidhme maidir le gníomhaíocht sheachtrach
arna mbunú leis an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme. Ba cheart do na rialacha sin aird a thabhairt ar na ceachtanna a
foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme an chúnaimh réamhaontachais
roimhe sin agus ba cheart iad a oiriúnú d’fhorás an cháis sna tíortha
tairbhíocha. 2011/0404 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais (IPA II) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[9],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na
hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
agus chuig Coiste na Réigiún maidir le A Budget for Europe 2020 (Buiséad
don Eoraip 2020)[11],
leagann an Coimisiún síos an creat buiséadach maidir le hionstraimí
gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n‑áirítear an Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais (IPA). (2)
Ós rud é go rachaidh Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006
ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais (IPA)[12]
in éag an 31 Nollaig 2013 agus d’fhonn gníomhaíocht sheachtrach an
Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí, ba cheart creat um pleanáil agus sholáthar
cúnaimh sheachtraigh a chothabháil don tréimhse 2014‑2020. Ba cheart leanúint
den tacú le beartas um méadú an Aontais ag ionstraim airgeadais sonrach. Ba
cheart an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) a athnuachan, dá bhrí sin. (3)
Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar
an Aontas Eorpach go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a thacaíonn le luachanna an
mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an
gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine iarratas
a dhéanamh ar bheith ina bhall den Aontas. (4)
Ní fhéadann Stát Eorpach a chuir iarratas isteach
ar dhul isteach san Aontas a bheith ina bhall ach amháin nuair atá sé
deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta arna gcomhaontú sa
Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 agus ar an gcoinníoll nach
síneoidh aontachas barraíocht cumas an Aontais chun an ball nua a lánpháirtiú.
Baineann na critéir seo le cobhsaíocht na n‑institiúidí a ráthaíonn an
daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar na mionlaigh agus
cosaint na mionlach, forbairt an gheilleagair ar gá dó a bheith imleor chun brú
iomaíoch a sheasamh sa mhargadh intíre, agus an cumas chun na cearta chomh
maith leis na hoibleagáidí faoi na Conarthaí a ghlacadh. (5)
Tá an t‑aontachas bunaithe ar chritéir oibiachtúla
agus ar chur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne ó gach tír is
iarrthóir. Braitheann an ghluaiseacht i dtreo an aontachais ar chumas na tíre
is iarrthóir maidir leis na hathchóirithe riachtanacha a ghabháil ar láimh
d’fhonn a córais pholaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin agus
eacnamaíocha a chur ar chomhréim le rialacha, caighdeáin, beartais agus
cleachtais an Aontais. (6)
Dheonaigh an Chomhairle Eorpach an stádas mar thír
is iarrthóir don Íoslainn, do Mhontainéagró, do Poblacht iar‑Iúgslavach na
Macadóine agus don Tuirc. Dhearbhaigh sí an pheirspictíocht Eorpach maidir leis
an Albáin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, agus leis an tSeirbia chomh
maith leis an gCosaiv[13],
a mheastar a bheidh ina n‑iarrthóirí ionchasacha. (7)
Ba cheart cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a
dheonú do thíortha is iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha (‘na tíortha
tairbhíocha’) araon atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an
Rialachán seo, gan spleáchas dá stádas. (8)
Ba cheart cúnamh faoin Rialachán seo a sholáthar i
gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú arna shainiú ag an Aontas maidir le
gach tír thairbhíoch arna léiriú i bpacáiste bliantúil an Choimisiúin um méadú,
ina bhfolaítear na Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn agus an Straitéis um Méadú,
sna comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus sna Comhpháirtíochtaí
Eorpacha nó Aontachais. Ba cheart don chúnamh a bheith dírithe go príomha ar
líon teoranta réimsí beartais a chuideoidh le tíortha tairbhíocha institiúidí
daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an
riarachán poiblí a athchóiriú, meas a bheith acu ar chearta bunúsacha agus
comhionannas inscne agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn. Ba cheart dó
freisin a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta a fheabhsú, rud a thabharfaidh
buntaca do chlár oibre maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
i gcomhréir leis an straitéis Eoraip 2020 agus chun cur ar chomhréim go
forásach le critéir Chóbanhávan. Ba cheart an
comhchuibheas idir an cúnamh airgeadais agus an dul chun cinn foriomlán arna
dhéanamh maidir le cur chun feidhme na straitéise réamhaontachais a neartú. (9)
Ní mór do thíortha is iarrthóirí agus d’iarrthóirí
ionchasacha a bheith ullmhaithe níos fearr chun dúshláin dhomhanda a sheasamh,
amhail forbairt inbhuanaithe agus an t‑athrú aeráide, agus chun cur ar
chomhréim le hiarrachtaí an AE le tabhairt faoi na saincheisteanna seo. Ba
cheart do chúnamh an Aontais faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc
chun céatadán bhuiséad an Aontais a bhaineann le haeráid a ardú go 20% ar a
laghad. (10)
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit
comhlíonadh, comhchuibheas, agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go
háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le
linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. (11)
D’fhonn comhchuibheas a áirithiú idir an próiseas
aontachais agus an cúnamh airgeadais agus teicniúil a sholáthraítear faoin
Rialachán seo agus cuspóirí an chláir oibre aontachais a bhaint amach, ba
cheart don Choimisiún comhchreat straitéiseach a bhunú maidir leis an Ionstraim
um Chúnamh Réamhaontachais a úsáid. Ba cheart don
chreat seo, inter alia, an liosta gníomhartha tábhachtacha a shainiú a
bhféadfar tacú leo faoin Rialachán seo agus na critéir maidir leis an
leithdháileadh cistí. Ba cheart don chreat tagartha maidir le páipéir
straitéise tíre agus iltíre a bheith sa chomhchreat straitéiseach. (12)
Ba cheart cuspóirí an chúnaimh a shainiú i bpáipéir
straitéise tháscacha tíre agus iltíre arna mbunú ag an gCoimisiún do ré Chreat
Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais i gcomhar leis na tíortha tairbhíocha,
bunaithe ar a riachtanais shonracha agus ar a gclár oibre um méadú. Ba cheart
do na páipéir straitéise na réimsí beartais le haghaidh cúnaimh a shainaithint
agus, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, na leithdháiltí
táscacha cistí in aghaidh réimse beartais a leagan síos, arna miondealú in
aghaidh na bliana, lena n‑áirítear meastachán ar chaiteachas a bhaineann le
haeráid. Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a chur san áireamh iontu chun
freastal ar riachtanais éiritheacha agus chun dreasachtaí a thabhairt d’fhonn
feidhmíocht a fheabhsú. Ba cheart do na páipéir straitéise comhchuibheas agus
comhsheasmhacht le hiarrachtaí na dtíortha tairbhíocha a áirithiú mar a
léirítear iad ina mbuiséid náisiúnta, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar
an tacaíocht arna cur ar fáil ag deontóirí eile. D’fhonn aird a thabhairt ar
fhorbairtí inmheánacha agus seachtracha, ba cheart na páipéir straitéise
tháscacha ilbhliantúla a athbhreithniú de réir mar is cuí. (13)
Is é leas an Aontais é cuidiú le tíortha
tairbhíocha ina n‑iarrachtaí maidir lena gcórais a athchóiriú d’fhonn iad a
chur ar chomhréim le córais an Aontais. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit
cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar
é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh
i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De réir phrionsabal na
comhréireachta, mar atá sé leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir seo a bhaint amach. (14)
D’fhonn a bheith ábalta, leis an Rialachán seo,
seasamh go tapa do thorthaí na gcinntí polaitiúla arna ndéanamh ag an
gComhairle, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
chun liosta na dtíortha tairbhíocha a thabhairt chun dáta san Iarscríbhinn a
ghabhann leis an Rialachán seo. (15)
Cé go mbunaítear i Rialachán (AE) Uimh. .../...
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14]
("an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme" anseo feasta) rialacha agus
nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais
i leith gníomhaíochta seachtraí, ba cheart cumhachtaí tarmligthe a thabhairt
don Choimisiún freisin chun rialacha níos mionsonraithe a ghlacadh lena
mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha don Rialachán seo a chur chun feidhme,
go háirithe i dtaca le struchtúir bhainistíochta agus le nósanna imeachta
bainistíochta. Ba cheart do na rialacha sin aird a
thabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme
an chúnaimh réamhaontachais roimhe sin agus ba cheart iad a oiriúnú d’fhorás an
cháis sna tíortha tairbhíocha. (16)
I dtaca leis na gníomhartha tarmligthe seo, tá sé
tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí
mar chuid dá obair ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na
saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin, agus gníomhartha
tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid
ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (17)
Ba cheart don chúnamh feidhm a bhaint as na
struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh siad fiúntach sa
phróiseas réamhaontachais. Ba cheart don trasdul ó bhainistiú díreach na gcistí
réamhaontachais ag an gCoimisiún go bainistiú díláraithe arna dtarmligean chuig
na tíortha tairbhíocha a bheith forásach agus i gcomhréir le cumas gach tíre
tairbhíche. (18)
Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a
bhaineann le comhchreat straitéiseach na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais
agus leis na páipéir straitéise a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus
na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiúin[15]. Agus
aird á tabhairt ar chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe an
treo a bhfuil a mbeartas ag dul nó a n‑impleachtaí airgeadais, ba cheart, go
ginearálta, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach
amháin le haghaidh beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais. (19)
Ba cheart do na coistí arna mbunú faoin Rialachán
seo a bheith inniúil i leith gníomhartha a bhaineann le cur chun feidhme na
hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais roimhe sin, agus le cur chun feidhme an
chúnaimh airgeadais do phobal Turcach na Cipire. (20)
I gcás ina sáraíonn tír thairbhíoch na prionsabail
ar a bhfuil an tAontas bunaithe, nó ina mainníonn sí meas a bheith aici ar na
gealltanais atá sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas, nó
ina ndéanann sí dul chun cinn neamhleor i ndáil leis na critéir aontachais, ba
cheart don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, a bheith ábalta na bearta
iomchuí a dhéanamh chun an cor a cheartú. (21)
Mar gheall ar chuspóirí agus raon feidhme an
chúnaimh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, ba cheart dul i gcomhairle le
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún sula
nglacfaí é, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: TEIDEAL
I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Cuspóir ginearálta Is é is aidhm don Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais (‘IPA’) tacú le tíortha is iarrthóirí agus le hiarrthóirí
ionchasacha (‘tíortha tairbhíocha’) atá liostáilte san Iarscríbhinn i gcur chun
feidhme na n‑athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta
agus eacnamaíocha a theastaíonn chun na tíortha a thabhairt níos gaire do
luachanna an Aontais agus chun cur ar chomhréim go forásach le rialacha,
caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh
san Aontas. Airteagal 2
Cuspóirí sonracha 1.
Déanfaidh cúnamh faoin Rialachán seo na cuspóirí
sonracha seo a leanas a shaothrú, de réir riachtanais gach tíre tairbhíche agus
de réir a gclár oibre ar leith um méadú: (a)
Tacaíocht i gcomhair athchóirithe polaitiúla, inter
alia: (i). institiúidí daonlathacha agus an smacht
reachta, lena n‑áirítear a chur chun feidhme, a neartú; (ii). cearta an duine agus saoirsí bunúsacha
a chur chun cinn agus a chosaint, urraim fheabhsaithe ar chearta na mionlach,
comhionannas inscne a chur chun cinn, neamh‑idirdhealú agus saoirse an phreasa,
agus caidreamh maith idir comharsana a chur chun cinn; (iii). an comhrac in aghaidh an éillithe agus
na coireachta eagraithe; (iv). riarachán poiblí a athchóiriú agus an
dea‑rialachas; (v). sochaí shibhialta agus comhphlé sóisialta
a fhorbairt; (vi). athmhuintearas, bearta chun síocháin
agus muinín a chothú. (b)
Tacaíocht d'fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus
chríochach, d'fhonn go mbeidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ann, inter
alia, trí na nithe seo a leanas: (i). caighdeáin an Aontais a bhaint amach sa
gheilleagar agus sa rialachas eacnamaíoch; (ii) athchóirithe eacnamaíocha is gá chun
déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus
spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á saothrú ag an am céanna; (iii). fostaíocht a chothú agus caipiteal
daonna a fhorbairt; (iv). cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch, go
háirithe cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch na mionlach agus na ngrúpaí
leochaileacha; (v). caipiteal fisiciúil a fhorbairt, feabhas
a chur ar na naisc le líonraí an Aontais agus le gréasáin réigiúnacha. (c)
Neartú a dhéanamh ar chumas na dtíortha tairbhíocha
maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn ó bhallraíocht a chomhlíonadh trí
thacaíocht a thabhairt d’ailíniú forásach leis an acquis communautaire
agus le cistí agus beartais struchtúracha, lánpháirtíochta, talmhaíochta agus
forbartha tuaithe de chuid an Aontais, agus dá nglacadh, dá gcur chun feidhme
agus dá bhforfheidhmiú. (d)
Lánpháirtíocht réigiúnach agus
comhar críche a bhaineann le tíortha tairbhíocha, le Ballstáit agus, nuair is
cuí, le tríú tíortha faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. [...] lena
mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht[16]. 2.
Déanfar dul chun cinn i dtreo bhaint amach na
gcuspóirí sonracha atá leagtha amach i mír 1 a mheas trí tháscairí lena
gclúdaítear, inter alia, an méid seo a leanas: –
Dul chun cinn maidir le réimsí an daonlathas, an
smachta reachta, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an chórais
cheartais agus leibhéal na n‑acmhainní riaracháin; –
Dul chun cinn maidir le hathchóirithe eacnamaíocha;
fóntacht agus éifeachtacht na straitéisí forbartha sóisialta agus eacnamaíche,
dul chun cinn i dtreo fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh, lena n‑áirítear
trí infheistíochtaí poiblí arna dtacú ag IPA; –
An corpas reachtaíochta atá ailínithe leis an acquis;
dul chun cinn maidir le hathchóiriú institiúideach a bhaineann leis an Aontas,
lena n‑áirítear an cúnamh dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a aistriú chuig
bainistíocht dhíláraithe; –
Ábharthacht na dtionscnamh um chomhar réigiúnach
agus críche agus forás na sreabh trádála. Úsáidfear na
táscairí le haghaidh faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar
fheidhmíocht, de réir mar is cuí. Airteagal 3
Réimsí beartais 1.
Tabharfaidh cúnamh faoin Rialachán seo aghaidh ar
na réimsí beartais seo a leanas go háirithe: (a)
an próiseas trasdula i dtreo ballraíochta san
Aontas agus forbartha acmhainní; (b)
forbairt réigiúnach; (c)
fostaíocht, beartais shóisialta agus forbairt
acmhainní daonna; (d)
talmhaíocht agus forbairt tuaithe; (e)
comhar réigiúnach agus críche. 2.
Leis an gcúnamh faoi na réimsí beartais dá
dtagraítear i mír 1, tabharfar tacaíocht do na tíortha tairbhíocha maidir leis
na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá leagtha amach in Airteagal 1 agus
in Airteagal 2 a bhaint amach. 3.
D’fhéadfaí go n‑áireofaí leis an gcúnamh faoi na
réimsí beartais dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (d) de mhír 1inter
alia maoiniú ar an gcineál oibríochtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE)
XXXX/201X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an LL/MM/BBBB maidir le
forálacha sonracha maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sprioc
na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post[17],
Rialachán (AE) XXXX/201X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an LL/MM/BBBB
maidir leis an gCiste Comhtháthaithe[18],
Rialachán (AE) XXXX/201X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
LL/MM/BBBB maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa[19],
Rialachán (AE) XXXX/201X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
LL/MM/BBBB maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste
Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh[20] agus Rialachán (AE) XXXX/201X
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an LL/MM/BBBB maidir le tacaíocht
d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)[21]. 4.
Féadfaidh cúnamh faoin réimse beartais dá
dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
iltíre nó cothrománacha go háirithe, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair thrasteorann,
thrasnáisiúnta agus idir‑réigiúnacha. Airteagal 4
Comhlíonadh, comhchuibheas agus comhlántacht 1.
Beidh cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo
comhsheasmhach le beartais an Aontais. Comhlíonfaidh sé comhaontuithe arna
dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tíortha tairbhíocha agus tabharfaidh sé
urraim do cheangaltais faoi chomhaontuithe iltaobhacha a bhfuil an tAontas ina
pháirtí iontu. 2.
Áiritheoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Banc
Eorpach Infheistíochta comhchuibheas idir cúnamh arna chur ar fáil faoin
Rialachán seo agus cúnamh eile arna chur ar fáil ag an Aontas, ag na Ballstáit
agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta. 3.
Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú
ar a gcláir chúnaimh faoi seach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú
maidir le seachadadh an chúnaimh agus chun cistiú dúbailte a chosc i gcomhréir
leis na prionsabail sheanbhunaithe maidir le comhordú oibríochtúil a neartú i
réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus maidir le beartais agus nósanna imeachta
a chomhchuibhiú. Is éard a bheidh i gceist le comhordú comhairliúcháin rialta
agus malartuithe minice faisnéise le linn na gcéimeanna éagsúla de thimthriall
an chúnaimh, go háirithe ar an mbunleibhéal agus beidh na comhairliúcháin sin
ina gcéim thábhachtach maidir leis na próisis chlárúcháin de chuid na mBallstát
agus an Aontais. 4.
D'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a
mhéadú maidir le seachadadh an chúnaimh agus d'fhonn cistiú dúbailte a chosc,
déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na bearta is gá chun
comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le heagraíochtaí agus aonáin
iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais,
gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, cistí agus cláir, agus deontóirí neamh‑Aontais.
5.
Agus cúnamh faoin
Rialachán seo á ullmhú, á chur chun feidhme agus á fhaireachán aige, gníomhóidh
an Coimisiún i bprionsabal i gcomhpháirtíocht leis na tíortha tairbhíocha.
Beidh baint, de réir mar is iomchuí, ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus
áitiúla, ag comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ag gníomhaithe
neamhstáit leis an gcomhpháirtíocht. TEIDEAL
II
PLEANÁIL STRAITÉISEACH Airteagal 5
Comhchreat Straitéiseach IPA 1.
Bunóidh an Coimisiún Comhchreat Straitéiseach don
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. Déanfaidh Comhchreat Straitéiseach IPA
príomhghníomhaíochtaí a fhéadann cúnamh a fháil faoin Rialachán seo de
thosaíochtaí polaitiúla an bheartais um méadú. 2.
Áireofar le Comhchreat Straitéiseach IPA na nithe
seo a leanas, inter alia: (a)
na critéir a bheidh le húsáid maidir le cistí a
leithdháileadh ar thíortha tairbhíocha agus ar ghníomhaíochtaí comhair iltíre
agus chríche; (b)
na cineálacha gníomhaíochtaí is féidir leis an IPA
a mhaoiniú; (c)
na treoirlínte coiteanna um bainistíocht agus cur
chun feidhme an IPA. 3.
Formheasfaidh an Coimisiún Comhchreat Straitéiseach
an IPA agus aon leasú air i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 15(3) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme. Airteagal 6
Páipéir Straitéise 1.
Cuirfidh an Coimisiún cúnamh faoin Rialachán seo ar
fáil, i gcomhpháirtíocht leis an tír thairbhíoch nó leis na tíortha tairbhíocha
lena mbaineann, ar bhonn páipéar straitéise táscach tíre nó iltíre
("páipéir straitéise" anseo feasta), bunaithe ar feadh ré Chreat
Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais. 2.
Sonrófar sna páipeir straitéise an meascán cuí de
réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 3 a gheobhaidh cúnamh
airgeadais faoin Rialachán seo chun riachtanais agus tosaíochtaí a léiriú i
gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2, le Comhchreat
Straitéiseach an IPA dá dtagraítear in Airteagal 5, agus leis na
straitéisí náisiúnta, de réir mar is cuí. 3.
Áireofar leis na páipéir straitéise leithdháileadh
táscach chistí an Aontais de réir réimse beartais, mar is infheidhme, agus iad
miondealaithe de réir bliana, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos i
gComhchreat Straitéiseach an IPA dá dtagraítear in Airteagal 5. Cuirfear
san áireamh go cuí i leithdháileadh táscach na gcistí riachtanais, acmhainn
ionsúcháin agus acmhainn riaracháin na dtíortha tairbhíocha. A bhuí leis sin,
beifear in ann aghaidh a thabhairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus
áireofar leis dreasachtaí chun feabhas a chur le feidhmíocht na dtíortha
tairbhíocha maidir leis na cuspóirí atá leagtha síos sna straitéisí
ilbhliantúla táscacha. 4.
Déanfar athbhreithniú ar na
páipéir straitéise ag an meántéarma agus déanfar iad a leasú mar is cuí.
Féadfar iad a leasú tráth ar bith ar thionscnamh ón gCoimisiún. 5.
Glacfaidh an Coimisiún na
páipéir straitéise agus aon leasú orthu i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Rialachán Coiteann Cur
Chun Feidhme. TEIDEAL III
CUR CHUN FEIDHME Airteagal 7
An Réim Ghinearálta Déanfar cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo
a chur chun feidhme trí chláir agus trí bhearta mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 2
agus in Airteagal 3 den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme agus i
gcomhréir le rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha
maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le
struchtúir bhainistíochta agus nósanna imeachta bainistíochta, a ghlacfaidh an
Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11 den
Rialachán seo. Déanfar cur chun feidhme, de ghnáth, i
bhfoirm clár bliantúil nó clár ilbhliantúil, ar cláir shaintíre nó clár iltíre
iad, arna mbunú i gcomhréir leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6
agus arna ndréachtú ag na tíortha tairbhíocha nó ag an gCoimisiún, de réir mar
is cuí. Airteagal 8
Comhaontuithe réime agus fo‑chomhaontuithe 1.
Déanfaidh an Coimisiún agus na tíortha tairbhíocha
comhaontuithe réime maidir le cur chun feidhme an chúnaimh a thabhairt i
gcrích. 2.
Féadfar fo‑chomhaontuithe a bhaineann le cur chun
feidhme an chúnaimh a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an tír
thairbhíoch nó a údaráis chur chun feidhme, mar is gá. Airteagal 9
Forálacha trasionstraime 1.
I gcúinsí ina bhfuil údar cuí leis agus d'fhonn
comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar
réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar
incháilitheacht na gclár agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7 a
leathnú chuig tíortha, críocha agus réigiúin nach mbeadh incháilithe do
mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 1, sa chás ina bhfuil an clár nó
an beart a bheidh le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach nó
trasteorann. 2.
Rannchuideoidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa le cláir nó le bearta arna mbunú faoin rialachán seo le haghaidh comhair
thrasteorann idir tíortha tairbhíocha agus na Ballstáit. Cinnfear méid na
ranníocaíochta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa de bhun Airteagal 4
de Rialachán (AE) Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
... maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta
Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le
húsáid na ranníocaíochta sin. 3.
Nuair is iomchuí, féadfaidh an
IPA rannchuidiú le cláir chomhair thrasnáisiúnta nó le bearta comhair idir‑réigiúnacha
arna mbunú agus arna gcur chun feidhme faoi fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. ...
[maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta
Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh] agus ina
nglacann tíortha tairbhíocha an IPA páirt. 4.
Nuair is iomchuí, féadfaidh an
IPA rannchuidiú le cláir chomhair thrasteorann nó le bearta comhair
thrasteorann arna mbunú agus arna gcur chun feidhme faoin Rialachán lena
mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus ina nglacann tíortha
tairbhíocha IPA páirt. TEIDEAL
IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 10
Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus an Rialachán
Coiteann Cur Chun Feidhme a chomhlánú le rialacha sonracha lena mbunaítear
coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Airteagal 11
Feidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig an
gCoimisiún 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2.
Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a thabhairt don
Choimisiún ar feadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun
cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a
shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear
do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5.
Ní thiocfaidh na gníomhartha
tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint
na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin
ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más
rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa
agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh
siad aon agóid. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear
2 mhí leis an tréimhse sin. Airteagal 12
Coiste 1.
Tabharfaidh Coiste an IPA cúnamh don Choimisiún. Is
é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.
I gcás clár lena dtugtar aghaidh ar na réimsí
beartais dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3
agus arna gcur chun feidhme go hindíreach ag na tíortha tairbhíocha, gheobhaidh
an Coimisiún cúnamh ó Choiste Comhordaithe na gCistí dá dtagraítear in Airteagal 143
de Rialachán (AE) Uimh. [....] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an ... lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta
Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste
Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin
gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa
agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006[22].
I gcás clár lena dtugtar aghaidh ar an réimse beartais dá dtagraítear i bpointe
(d) d'Airteagal 3 agus arna gcur chun feidhme go hindíreach ag na tíortha
tairbhíocha, gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Forbartha Tuaithe dá
dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) Uimh. [....] ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le tacaíocht d'fhorbairt
tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)[23]. I gcásanna den sórt sin,
cuirfear coiste IPA ar an eolas gan mhoill faoin tuairim a thug an coiste nó na
coistí eile. 3.
Beidh na coistí dá dtagraítear
faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 inniúil i leith gníomhartha dlíthiúla agus
ceangaltas dlíthiúil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 an 17 Iúil 2006
lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais[24]. Ina theannta sin,
beidh coiste an IPA inniúil freisin i leith chur chun feidhme Airteagal 3
de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 an 27 Feabhra 2006 lena
mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt
eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach
um Athfhoirgníocht[25]. Airteagal 13
Tacaíocht an Aontais a chur ar fionraí Gan dochar do na
forálacha maidir le cúnamh a chur ar fionraí i gcomhaontuithe comhpháirtíochta
agus comhair le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta, i
gcás ina mainníonn tír thairbhíoch urraim a thabhairt do phrionsabail an
daonlathais, an smacht reachta, cearta an duine, cearta na mionlach agus do na
saoirsí bunúsacha, nó do na ceangaltais atá sna comhaontuithe ábhartha arna
dtabhairt i gcrích leis an Aontas, nó i gcás nach leor an dul chun cinn i dtreo
chomhlíonadh na gcritéar um aontachas ann, tabharfaidh an tAontas cuireadh don
tír thairbhíoch comhairliúcháin a thionól d'fhonn teacht ar réiteach is
inghlactha ag an dá pháirtí, ach amháin i gcásanna práinne speisialta. I gcás
nach ann do réiteach is inghlactha ag an dá pháirtí mar thoradh ar
chomhairliúcháin leis an tír thairbhíoch, nó más rud é go ndiúltaítear
comhairliúcháin nó i gcásanna práinne speisialta, féadfaidh an Chomhairle
bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 215(1) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, bearta a d'fhéadfadh fionraí iomlán nó páirteach
chúnamh an Aontais a bheith i gceist leo. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an
eolas go hiomlán agus go láithreach faoi aon chinntí a rinneadh maidir leis
sin. Airteagal 14
Méid tagartha airgeadais 1. Is EUR
14 110 100 000 (praghsanna reatha) a bheidh sa mhéid tagartha
airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go
2020. Leithdháilfear suas le 3% den
mhéid tagartha airgeadais ar chláir chomhair thrasteorann idir tíortha
tairbhíocha agus Ballstáit an AE. 2. Údaróidh
an t‑údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha
Chreat Ilbhliantúil Airgeadais an Aontais. 3. Mar a
thagraítear dó i mír 2 d'Airteagal 13 den Rialachán "Erasmus do
Chách", d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn,
déanfar méid táscach EUR 1 812 100 000 ó na hionstraimí
seachtracha éagsúla (an Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach
um Chomharsanacht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim um
Chomhpháirtíocht agus an Ciste Eorpach Forbraíochta) ar ghníomhaíochtai
soghluaiseachta foghlama go dtí tíortha neamh‑AE agus uathu, agus ar chomhar
agus idirphlé beartais le húdaráis/institiúidí/eagraíochtaí sna tíortha sin. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin
"Erasmus do Chách" maidir le húsáid na gcistí sin. Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh
ilbhliantúla nach gcuimseoidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana
ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh an cistiú sin léirithe i gclárú táscach
ilbhliantúil na n‑ionstraimí sin, i gcomhréir leis na riachtanais agus na
tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. D'fhéadfaí na leithdháiltí
a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha
polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí seachtracha an AE. Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014
ar aghaidh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN –
An Albáin –
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin –
An Íoslainn –
An Chosaiv* –
Montainéagró –
Poblacht na Seirbia –
An Tuirc –
Poblacht iar‑Iúgslavach na Macadóine
*Faoi Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na
Náisiún Aontaithe RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
An
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[26]
Méadú
1.3.
An cineál togra/tionscnaimh
x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht
nua ¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht
nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[27] ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht
a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Is é cuspóir
ginearálta an bheartais um méadú Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach a chur chun feidhme, rud a thugann dearcadh Eorpach do gach tír Eorpach
a urramaíonn luachanna bunúsacha an AE agus atá tiomanta do na luachanna sin a
chothú. Leis an
mbeartas um méadú, cuirtear cobhsaíocht, slándáil agus rathúnas san Eoraip chun
cinn agus méadaítear neart an AE ar an ardán idirnáisiúnta. Cuidíonn an
beartas um méadú leis an daonlathas agus an smacht reachta san Eoraip a
chomhdhlúthú. Feabhsaítear deiseanna eacnamaíocha leis, agus méadaítear neart
an AE maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda amhail an t‑athrú
aeráide, iomaíochas agus rialú agus maoirseacht na margaí airgeadais, agus
cuidítear, leis an mbeartas, lena bheith réidh don chomhiarracht chun aghaidh a
thabhairt ar spriocanna Eoraip 2020. Tugann an próiseas aontachais
spreagadh láidir d'athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch. Tríd an
bpróiseas um méadú, cuidíonn lánpháirtíocht níos gaire leis an AE freisin
maidir lena chuid cuspóirí a bhaint amach i roinnt réimsí atá ríthábhachtach
maidir le hathchóiriú sóisialta agus eacnamaíoch i gcomhair fáis chliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsithigh, lena n‑áirítear fuinneamh, iompar, cosaint
an chomhshaoil, athléimneacht ó thubaistí agus iarrachtaí chun aghaidh a
thabhairt ar an athrú aeráide. Na hiarratais nua ar bhallraíocht, léirítear leo
cumhacht tarraingthe an AE agus an ról atá aige maidir leis an gcobhsaíocht, an
t‑slándáil agus an rathúnas a chothú. A bhuí le
beartas um méadú an AE, féadfar próiseas a bhunú a bhainistítear go cúramach
ina dtagann iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha chuig an AE i gcomhréir le
luas a gcuid athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha chomh maith lena gcuid
acmhainne chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh i
gcomhréir le critéir Chóbanhávan. Sna Balcáin Thiar, tá comhar réigiúnach fós
ríthábhachtach agus tá sé ina ghné lárnach den Phróiseas Cobhsaíochta agus
Comhlachais. A luaithe a
chinneann an Chomhairle tús a chur le hidirbheartaíochtaí aontachais le tír
iarrthach, léirítear dul chun cinn na tíre iarrthaí i dtreo chaighdeáin
Eorpacha a chomhlíonadh sna caibidlí oscailte agus dúnta den acquis. Thar na cúig bliana anuas, léirigh an tAontas Eorpach
méadaithe a acmhainn chun obair le chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin
thábhachtacha atá os a chomhair. A bhuí le dul chun cinn maidir le
hathchóirithe i dtíortha an mhéadaithe thar an tréimhse sin, d’fhéad siad bogadh
trí chéimeanna i ndiaidh a chéile sa phróiseas aontachais. Tá próiseas um méadú an AE ag bogadh ar aghaidh ag luas
arna chinneadh, den chuid is mó, ag acmhainn na dtíortha iarrthacha chun na
hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh. Éilíonn sé seo athchóirithe
buana chomh maith le hoiriúnaithe reachtacha agus institiúideacha atá
inchreidte agus diongbháilte. De réir mar a chomhlíonann na tíortha lena
mbaineann na caighdeáin a leagadh síos, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann
leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta agus saoirí bunúsacha
go háirithe, tá an AE tiomanta dona bheith ag obair leo chun dul ar aghaidh
chuig na chéad chéimeanna eile sa phróiseas. Tá ionstraim lánpháirtithe réamhaontachais amháin
beartaithe mar chrann taca airgeadais den Straitéis um Méadú, ionstraim lena
gcuimseofar na gnéithe go léir de bheartais inmheánacha agus de
shaincheisteanna téamacha. Is é an aidhm a áirithiú go mbeidh tíortha is iarrthóirí
agus iarrthóirí ionchasacha ullmhaithe go hiomlán d'aontachas faoi dheireadh.
Cuirfear béim ar an dea‑rialachas, ar acmhainn riaracháin, ar fhorbairt
shocheacnamaíoch, ar chomhar réigiúnach, ar an acquis a ghlacadh agus a
chur chun feidhme, agus ar ullmhú do bheartais inmheánacha a bhainistiú tar éis
an aontachais. Déanfar í a chur chun feidhme trí chláir náisiúnta/iltairbhithe
arna gcomhaontú leis na tairbhithe agus léireofar léi na Cistí Struchtúracha,
an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
(CETFT), lena n‑áirítear a n‑athdhíriú ar earraí poiblí a sheachadadh. Ina theannta sin, leanfaidh ionstraimí a bhaineann le
géarchéimeanna polaitiúla agus airgeadais (Cúnamh Macra‑Airgeadais, an
Ionstraim um Chobhsaíocht) de bheith ar fáil le haghaidh úsáide i dtíortha an
mhéadaithe, nuair is gá.
1.4.2.
Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na
gníomhaíochtaí ABM/ABB a bhaineann leis an tionscnamh
Cuspóir
sonrach Uimh. (a)
Tacaíocht d’athchóirithe polaitiúla (b)
Tacú leis na hathchóirithe agus leis an bhforás sa
gheilleagar, sa tsochaí agus sa chríoch, ar mhaithe le fás a bheidh
inbhuanaithe, cliste agus uilechuimsitheach (c)
Neartú a dhéanamh ar chumas na
dtíortha tairbhíocha an oibleagáid a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh trí
thacaíocht a thabhairt d’ailíniú forásach leis an acquis communautaire
agus do ghlacadh, cur chun feidhme agus forfheidhmiú an acquis communautaire,
lena n‑áirítear ullmhúchán do chur chun feidhme agus bainistíocht chistí
struchtúracha, lánpháirtíochta, talmhaíochta agus forbartha tuaithe an AE. (d)
Lánpháirtíocht réigiúnach agus
comhar críche Gníomhaíochtaí
ABM/ABB lena mbaineann 04.06 An
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) ‑ Forbairt ar acmhainní daonna 05.05 Bearta réamhaontachais i réimse na talmhaíochta agus
na forbartha tuaithe 13.05 Oibríochtaí réamhaontachais a bhaineann leis na
beartais struchtúracha 22.02 An próiseas um méadú agus an straitéis um méadú 22.04.02 Cláir faisnéise agus chumarsáide le haghaidh
tíortha nach Ballstáit iad
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh
ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Leis an
ionstraim réamhaontachais nua, leanfar de bheith ag díriú ar an mBeartas um
Méadú a bhaint amach atá ar cheann amháin de phríomhthosaíochtaí
Ghníomhaíocht Sheachtrach an AE, agus rannchuideofar le cobhsaíocht, slándáil
agus rathúnas a chur chun cinn san Eoraip ar an gcaoi sin. Chuige sin, saothrófar leis an ionstraim nua an cuspóir
beartais ginearálta a bhaineann le tacú le tíortha is iarrthóirí agus le
hiarrthóirí ionchasacha ina n‑ullmhúcháin do bhallraíocht an AE agus ailíniú
forásach a gcóras náisiúnta agus a ngeilleagar le caighdeáin agus le beartais
an Aontais Eorpaigh, de réir a riachtanas sonrach agus arna n‑oiriúnú dá gclár
oibre ar leith um méadú. I dtéarmaí na dtorthaí agus na dtionchar a bheidh le
baint amach, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas san ionstraim nua:
i) an bhearna forbartha/dúshláin sna tíortha tairbhíocha, ii) an acmhainn
theoranta chun iad siúd a shárú trína n‑acmhainní dílse agus na hinstitiúidí
laga poiblí nó an acmhainn riaracháin sna tíortha tairbhíocha, agus iii)
éagothromaíochtaí a laghdú i measc tíortha tairbhíocha, tríd an méid seo a
leanas a bhaint amach: (i) institiúidí daonlathacha a oibríonn ar bhealach níos fearr, go háirithe
maidir leis an urraim ar an smacht reachta, ar chearta an duine, agus ar
chuimsiú na mionlach a áirithiú; éillitheacht agus an choireacht eagraithe a
laghdú; riarachán poiblí athchóirithe agus nua‑aimseartha; (ii) caighdeáin
an AE sa gheilleagar agus sa rialachas eacnamaíoch; acmhainn níos fearr chun
dul in iomaíocht laistigh d'fhórsaí an mhargaidh san Aontas; rátaí fostaíochta
níos fearr, acmhainní daonna níos oilte agus éagothromaíochtaí sóisialta
laghdaithe; acmhainn taighde agus nuálaíochta mhéadaithe (iii) dlíthe
glactha agus forfheidhmithe atá ailínithe go forásach le hacquis an AE;
acmhainn níos fearr chun cistí struchtúracha, talmhaíochta agus forbartha
tuaithe an AE a chur chun feidhme agus a bhainistiú; rannpháirtíocht mhéadaithe
i gcláir agus gníomhaireachtaí roghnaithe an AE. (iv) lánpháirtíocht eacnamaíoch mhéadaithe sa
réigiún, lena n‑áirítear trí bhonneagar trasteorann fuinnimh agus iompair,
caidreamh níos gaire agus atreisithe idir comharsana i measc na dtíortha
tairbhíocha agus leis an AE. Leis an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí beartais
shonracha sin, rannchuideofar le cur chun feidhme chreataí beartais níos
leithne an AE amhail an straitéis Eoraip 2020, Pacáiste an AE um
Fhuinneamh agus Athrú Aeráide agus an tAontas Nuálaíochta.
1.4.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na
táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh Is féidir dul
chun cinn i dtreo chuspóirí sonracha na hionstraime nua a mheasúnú trí thrí
phríomh‑mhacratháscaire: ·
Dul chun cinn i dtreo na tagarmharcanna aontachais
(caibidlí oscailte/dúnta) a chomhlíonadh nó cuntas teiste dearfach maidir leis
na Comhaontuithe Comhlachais a chur chun feidhme mar a léirítear, inter alia,
le Tuarascálacha dearfacha ar Dhul Chun Cinn, innéacsanna suirbhé‑bhunaithe
arna gcur le chéile ag eagraíochtaí creidiúnacha idirnáisiúnta a bhaineann le
réimsí amhail éifeachtacht an rialtais; an chobhsaíocht pholaitiúil agus
asláithreacht an fhoréigin; an smacht reachta; ·
Forás socheacnamaíoch, mar
atá tomhaiste le táscairí tionchair amhail innéacs forbartha daonna Chlár
Forbartha na Náisiún Aontaithe mar aonad tomhais ginearálta maidir le rathúnas;
rátaí dífhostaíochta; insreabha infheistíochta dírí eachtrannaí; comharduithe
trádála; ·
Comhar agus lánpháirtíocht réigiúnach, mar atá tomhaiste le hinnéacsanna suirbhé‑bhunaithe ina léirítear
dearcthaí ar leibhéal (treocht) na slándála agus na cobhsaíochta;
idirghníomhartha polaitiúla, eacnamaíocha agus cultúrtha. I measc na
spriocanna agus na ngarspriocanna ábhartha a d'fhéadfadh a bheith bainteach
leis na macratháscairí sin, tá na nithe seo a leanas, inter alia: an t‑iarratas
ar bhallraíocht an AE a fháil, tuairim dhearfach a ghlacadh ag an gCoimisiún ar
an iarratas nó ar an moladh maidir le stádas a dheonú don tír is iarrthóir,
moltaí i ndáil le hidirbheartaíochtaí a oscailt maidir leis an aontachas,
caibidlí idirbheartaíochta a oscailt nó a dhúnadh go sealadach,
idirbheartaíochtaí maidir le haontachas a dhúnadh go foriomlán, céim
chomhlíonta chritéir Chóbanhávan, teacht i bhfeidhm an léirscaoilte víosa agus
an chomhaontaithe athiontrála, cumhachtaí bainistíochta chúnamh IPA a
tharmligean, rialuithe ex‑ante maidir le bainistíocht chúnamh IPA a
tharscaoileadh, teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe custaim/trádála agus
constaicí/bacainní teicniúla ar thrádáil a bhaint, rannpháirtíocht i
dtionscnaimh réigiúnacha, saincheisteanna déthaobhacha a réiteach, dul chun
cinn maidir le lánpháirtíocht na Líonraí Tras‑Eorpacha. Ar an leibhéal
oibríochtúil, d'fhéadfaí dul chun cinn a thomhas i ndáil le cuspóirí
oibríochtúla a fhreagraíonn do chuspóirí sonracha i. go iv. a aithníodh don
ionstraim réamhaontachais amach anseo. I measc na
gcuspóirí oibríochtúla, tá: (e)
feabhas a chur ar dhearcthaí ar an daonlathas agus
ar an gcóras ceartais agus maidir le cearta an duine agus an neamh‑idirdhealú;
laghdú a dhéanamh ar ualach cásanna cúirte amuigh agus ar líon na sáruithe ar
chearta bunúsacha; méadú a dhéanamh ar acmhainní maidir le forfheidhmiú an dlí
agus ar acmhainn riaracháin i gcoitinne, laghdú a dhéanamh ar iomlaoid foirne. (f)
straitéisí fónta éifeachtacha forbartha sóisialta
agus eacnamaíche a fhorbairt; feabhas a chur ar scileanna agus ar leibhéil
cháilíochta agus seirbhísí mhargadh an tsaothair a neartú; tacú le
hinfheistíocht phoiblí; struchtúir bhainistíochta a bhunú le haghaidh chistí
struchtúracha, lánpháirtíochta agus forbartha tuaithe an AE ar aontachas,
creidiúnú agus bronnadh na bainistíochta a bhaint amach; (g)
feabhas a chur ar an gcreat reachtach; reachtaíocht
a ailíniú leis an acquis, institiúidí agus struchtúir forfheidhmithe a
chruthú agus a neartú; dul isteach i gcláir an AE agus an rannpháirtíocht sna
cláir sin a dhoimhniú; (h)
comhar níos doimhne a
spreagadh. Beidh gá le
cuspóirí oibríochtúla a oiriúnú do na cúinsí i ngach tairbhí agus leagfaí síos
iad sna doiciméid chlárúcháin atá bunaithe ar na dúshláin a aithníodh. Leagadh béim
sa mheastóireacht ex‑ante freisin ar an ngá atá le treoir mhionsonraithe a chur
ar fáil agus le hacmhainní a fhorbairt sna tíortha tairbhíocha chun bailiú
córasach a dhéanamh ar na sonraí riachtanacha a bheidh ag teastáil chun dul
chun cinn a mheas ar an leibhéal oibríochtúil. Bhí méaduithe roimhe seo ina
gcúis le tosaíocht níos mó a thabhairt d'fhaireachán agus do mheastóireacht ar
leibhéal an chláir agus do cheapadh beartais atá 'bunaithe ar fhianaise' i
mBallstáit nua. Ba cheart d'athruithe i dtreo leithdháiltí acmhainní atá
bunaithe ar fheidhmíocht agus ar choinníollacha agus riachtanais a chomhlíonadh
claonadh den chineál céanna a spreagadh i measc tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí
ionchasacha. Maidir leis an
bpríomhshruthaithe aeráide, cuirfear córas rianaithe i bhfeidhm chun a
shainaithint cén áit a gcothaíonn cláir gníomh aeráide nó éifeachtacht fuinnimh
ionas go mbeadh an AE in ann an méid dá chaiteachas a bhaineann le
saincheisteanna den sórt sin a leagan amach go soiléir. Déanfar tagarmharcanna
soiléire agus rialacha soiléire faireacháin agus tuairiscithe a bhunú. Déanfar
rianú ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid de réir mhodheolaíocht
sheanbhunaithe na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
(‘marcóirí Rio') I gcomhréir le ceangaltas níos leithne an Choimisiúin i leith
an phríomhshruthaithe, cuirfear marcóir na hEagraíochta um Chomhar agus
Fhorbairt Eacnamaíochta/an Choiste Cúnaimh Forbartha chun feidhme chun rianú a
dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis an mbithéagsúlacht agus le príomhshruthú
fásaithe. Ní mór a chur
san áireamh i bhfaireachán agus i meastóireachtaí amach anseo go mbeidh torthaí
agus tionchair éagsúil ar fud tíortha tairbhíocha, mar gheall ar a gcuid
difríochtaí agus ar na riachtanais agus na seasaimh éagsúla ar an gcosán i
dtreo an aontachais. Ós rud é go leanfaidh an ionstraim de bheith ag oibriú
in éineacht leis an bpróiseas idirbheartaíochta polaitiúla agus le
hidirghabhálacha eile a bhfuil tionchar acu ar an aontachas, beidh sé deacair
dul chun cinn a eascraíonn go heisiach ón ionstraim a aithint, ach amháin ar
leibhéal na ngníomhaíochtaí sonracha. Beidh cuid mhór
de 'thorthaí' an chláir amach anseo ‑ amhail dul chun cinn maidir leis
na critéir pholaitiúla um aontachas a chomhlíonadh ‑ deacair a thomhas i
ngeall ar a gcineáil: go pointe áirithe, d'fhéadfaí cuspóirí na hionstraime
a bhaint amach tríd an stádas a thugtar ar an tairbhí a oiread agus a
d'fhéadfaí iad a bhaint amach trí thorthaí idirghabhálacha airgeadais an AE.
1.5.
Na forais leis an togra/tionscnamh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Is ionann
tairbhithe an chúnaimh agus tíortha iarrthacha agus iarrthóirí ionchasacha ar
bhallraíocht an AE sna Balcáin Thiar, san Íoslainn agus sa Tuirc. Sa bhliain
1999, leag an CE fís amach maidir le caidreamh idir an AE agus na Balcáin
Thiar, ag bogadh ar aghaidh ón gCur Chuige Réigiúnach chuig uirlis nua dá
chuid, an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais. Ní
amháin gur díríodh leis ar chobhsaíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch agus ar
chomhar réigiúnach, corpraíodh ionstraimí um méadú leis an bPróiseas
Cobhsaíochta agus Comhlachais de réir a chéile chun tíortha an réigiúin a
thabhairt níos gaire do luachanna agus do chaighdeáin an AE. D'admhaigh an Chomhairle Eorpach in Feira i mí an Mheithimh
2000 go raibh tíortha na mBalcán Thiar a bhí rannpháirteach sa Phróiseas
Cobhsaíochta agus Comhlachais ina 'n‑iarrthóirí ionchasacha' ar bhallraíocht an
AE. Dheimhnigh an Chomhairle Eorpach dearcadh Eorpach na dtíortha sin arís eile
in Thessaloniki i mí an Mheithimh 2003 agus thacaigh sí leis an Thessaloniki
Agenda for the Western Balkans” (Clár Oibre Thessaloniki do na Balcáin
Thiar). Is ionann an clár oibre seo agus bunchloch bheartas an AE don réigiún
go fóill. Ag an gcruinniú aireachta idir an AE agus na Balcáin Thiar i Sairéavó
ar an 2 Meitheamh 2010, d'athdhearbhaigh an AE a thiomantas do
dhearcadh Eorpach na mBalcán Thiar agus chuir sé béim go luíonn todhchaí na dtíortha
sin san AE. De na tíortha siúd a tháinig faoin bPróiseas Cobhsaíochta
agus Comhlachais ar dtús, fuair an Chróit, Poblacht iar‑Iúgslavach na Macadóine
agus Montainéagró (le déanaí) stádas iarrthóra, agus tá an Albáin, an Bhoisnia
agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv[28] agus an
tSeirbia ina n‑iarrthóirí ionchasacha. I measc tíortha eile ar tugadh dearcadh
aontachais an AE dóibh, tá an Tuirc, a chuir iarratas isteach cheana féin sa
bhliain 1987 agus a deonaíodh stádas iarrthóra di sa bhliain 1999; agus an Íoslainn,
a chuir iarratas isteach sa bhliain 2009 agus a deonaíodh stádas iarrthóra di
sa bhliain 2010. Tá na trí
eochaircheanglas le haghaidh aontachais leagtha amach i gconclúidí na Comhairle
Eorpaí i gCóbanhávan sa bhliain 1993 (ar a dtugtar "Critéir Chóbanhávan").
Is iad sin: (i)
Cobhsaíocht na n‑institiúidí a ráthaíonn an daonlathas, an smacht reachta,
cearta an duine agus urraim ar na mionlaigh agus cosaint na mionlach; (ii)
Geilleagar margaidh feidhmeach a bheith ann, chomh maith leis an acmhainn chun
déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas; agus (iii) An cumas
chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh, lena n‑áirítear
cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta Chomh maith
leis sin, thagair an Chomhairle Eorpach i Maidrid i mí na Nollag 1995 don ghá
atá leis na coinníollacha a chruthú do lánpháirtíocht chomhleanúnach
chomhchuibhiúil na dtíortha [iarrthacha], go háirithe tríd an ngeilleagar
margaidh a fhorbairt, trína gcuid struchtúr riaracháin a oiriúnú agus trí
thimpeallacht chobhsaí eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chruthú. Ní mór do
bhaill ionchasacha critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh sular féidir tús a chur
le hidirbheartaíochtaí ballraíochta. Éilíonn ailíniú na dtairbhithe le critéir
aontachais iarrachtaí suntasacha ó thaobh infheistíochta poiblí de agus
rochtain ar eolas agus saineolas domhain. Tá tacaíocht an AE ceaptha chun
cabhrú le hiarrthóirí d'fhonn cuidiú leo chun na critéir sin a chomhlíonadh.
1.5.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Is cuid é an
beartas um méadú den gníomhaíocht sheachtrach agus is cabhair é le gur féidir
na comhchuspóirí maidir leis na dúshláin fhoriomlána, leis an bhfreagairt
fhoriomlán agus leis an gceannaireacht fhoriomlán a bhaint amach. De réir a
nádúir féin is tasc i bpáirt é méadú leantach an AE nach féidir a chur
chun cinn ach ar leibhéal an AE. Is iad na Ballstáit
amháin agus iad ag gníomhú le chéile ar féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir
le hiarratais ar aontachas ó iarrthóirí nua. Is éard is aidhm don chúnamh
réamhaontachais a chuirtear ar fáil trí bhuiséad an AE cabhrú le tíortha is
iarrthóirí/ iarrthóirí ionchasacha iad féin a ullmhú le bheith ina mball amach
anseo: Tá an IPA ceaptha le go bhfaighidh na tíortha seo “rith tástála” maidir
le hoibleagáidí na ballraíochta roimh aontú dóibh (amhail institiúidí a bhunú
le haghaidh cistí iar‑aontachais an AE a bhainistiú, agus/nó an acquis agus
caighdeáin an AE a ghlacadh). Níl aon ionstraim iltaobhach nó dhéthaobhach eile
atá chomh hildánach céanna, agus, i gcás ar bith, is é an AE amháin atá i
riocht na cineálacha cúnaimh a shainiú atá riachtanach le gur féidir leis na
tíortha seo an acquis a ghlacadh chucu. Tá cúnamh réamhaontachais ina infheistíocht i dtodhchaí an
AE, agus tacaítear leis le cobhsaíocht agus rathúnas na dtíortha comharsanachta
agus áirithítear acmhainn éifeachtach na dtíortha is iarrthóirí maidir leis an acquis
a chur chun feidhme tar éis an aontachais. Le cúnamh teicniúil agus
airgeadais, brostaítear an próiseas ullmhúcháin agus cruthaítear dreasachtaí le
haghaidh athrú riachtanach na sochaí, na gcóras dlí agus an gheilleagair.
Cuidítear leis an gcúnamh sin le cuspóirí bheartais inmheánacha an AE a
chomhlíonadh, cruthaítear deiseanna do ghnóthais an AE agus soláthraítear
toradh inláimhsithe ar infheistíocht. Gan an bhaint dhian agus gan an
chomhpháirtíocht níos dlúithe arna gcorprú i gcúnamh réamhaontachais, tá sé
cinnte go mbeadh ar an AE níos mó airgid a chaitheamh ar imirce neamhdhleathach
a chomhrac, ar theorainneacha seachtracha an AE a dhaingniú, ar shlándáil an
tsoláthair fuinnimh agus allmhairí bia sábháilte agus sláintiúla a áirithiú dá
chuid saoránach go léir, ar athrú aeráide agus truailliú a chomhrac, ar aghaidh
a thabhairt ar éifeachtaí trasteorann tubaistí agus ar dhlúthpháirtíocht an AE
a chur ar fáil do thíortha ina bhfuil leibhéal íseal athléimneachta ó
thubaistí. Le blianta beaga anuas tá Ballstáit an AE ag laghdú
leibhéal a gcúnaimh dhéthaobhaigh leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na hiarrthóirí
ionchasacha, mar go n‑admhaíonn siad go bhfuil an ghníomhaíocht chomhordaithe
ar leibhéal an AE níos éifeachtaí. Tháinig timpeall ar leathchuid de chúnamh
airgeadais iomlán an AE le tíortha an mhéadaithe in 2009 ó bhuiséad an AE. Tríd
is tríd, tá na heagraíochtaí deonta iltaobhacha tar éis deireadh a chur lena
dtacaíocht agus tá na heagraíochtaí eile tar éis a gcuid clár a ailíniú le
tosaíochtaí an AE. Ba cheart tabhairt faoi deara, mar gheall ar a chuid
cuspóirí forbartha sonracha agus a chuid tionchair shonraigh, go gcaitear le
cúnamh réamhaontachais mar chúnamh forbartha oifigiúil de chuid an AE freisin.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
I meitimheastóireacht
meántéarma ar IPA, a cuireadh i gcrích i mí Feabhra 2011 agus inar
díríodh go príomha ar chreat straitéiseach IPA (Doiciméid um Pleanáil
Ilbhliantúil Tháscach) agus ar chlárú (cúnamh teicniúil agus comhpháirt um
institiúidí a fhorbairt go príomha), rinneadh measúnú ar loighic idirghabhála
agus feidhmíocht (iarbhír nó ionchasach) an chúnaimh, go háirithe maidir lena
chuid ábharthachta, éifeachtúlachta, éifeachtachta, tionchair agus
inbhuanaitheachta. I gcás na loighice idirghabhála (i.e. an dóigh a ndéantar
cúnamh a phleanáil agus a chlárú), cinneadh sa mheastóireacht go bhfuil na
Doiciméid um Pleanáil Ilbhliantúil Tháscach ina ndoiciméid chlárúcháin
thábhachtacha ina gcuirtear treoir agus fócas riachtanach ar fáil don phróiseas
cláraithe agus go bhfuil sé soiléir go bhfuil siad níos fearr ná na doiciméid
chlárúcháin choibhéiseacha do na cláir chúnaimh réamhaontachais roimhe seo.
Fuarthas amach sa mheastóireacht freisin gur tháinig feabhas le himeacht ama ar
chaighdeán na gcuspóirí agus na dtáscairí sna Doiciméid um Pleanáil
Ilbhliantúil Tháscach agus sna doiciméid chlárúcháin. Mar sin féin, moladh
feabhsuithe eile. Fuarthas amach sa mheastóireacht gur tháirg IPA torthaí
maithe fiúntacha. Fuarthas amach go bhfuil an éifeachtacht is láidre i réimsí a
bhaineann le hacquis, cé go bhfuarthas amach go raibh roinnt réimsí cothrománacha,
amhail athchóiriú riaracháin phoiblí, go háirithe dúshlánach. Bhí riachtanais
airgeadais na dtíortha tairbhíocha, go háirithe maidir le bonneagar, níos mó go
soiléir ná maoiniú IPA (agus maoiniú deontóirí eile) a bhí ar fáil. Dá bhrí
sin, bhí sé ina dhúshlán mór don todhchaí úsáid éifeachtúil a bhaint as cistí
IPA agus leanúint ar aghaidh le ról giarála a imirt ar mhaithe le foinsí
maoinithe eile. Fuarthas amach freisin go raibh tionscadail dírithe go maith ar
cheanglais aontachais an AE go ginearálta, ach go bhféadfaí feabhas breise a
chur ar an éifeachtacht agus ar an tionchar ach an cúnamh um fhorbairt
institiúidí a dhíriú ar líon níos teoranta d'earnálacha tosaíochta. Fuarthas
amach sa mheastóireacht gur seanbhunaithe a bhí na meicníochtaí maidir le
comhordú deontóirí agus le comhchuibhiú an chúnaimh agus go raibh úinéireacht
an chláir oibre de chuid na dtíortha tairbhíocha agus a n‑acmhainn riaracháin,
rudaí ar gá iad a neartú, ina dtoisc chinntitheach maidir le tionchar agus
inbhuanaitheacht a bhaint amach. Cinneadh sa mheastóireacht gur cheart go ndéanfaí éascú a
dhéanamh ar chúnamh a chur in ord tosaíochta agus a chur in ord, ar chomhordú
deontóirí agus ar fheabhas a chur ar úinéireacht tíortha tairbhíocha trí Chur
Chuige Earnáilbhunaithe (CCE)/ilbhliantúil[29] maidir le pleanáil agus clárú a ghlacadh. Cuireadh meastóireacht
eatramhach dhá chéim ar na chéad ocht gclár Comhair Thrasteorann
ag teorainneacha in‑Thiar na mBalcán de chuid IPA i gcrích i mí na Bealtaine
2011. Cinneadh sa mheastóireacht go mbraitheann páirtithe leasmhara feabhas ar
chaidreamh idir comharsana mar thoradh ar an gclár agus go measann siad go
bhfuil sé tábhachtach maidir le comhar amach anseo agus go bhfuil coinníollacha
aibí ann le haghaidh comhair mhéadaithe. Moladh sa mheastóireacht gur cheart
anailís shocheacnamaíoch a neartú le bonn staidrimh níos nuashonraithe, le
míniú níos fearr ar na critéir a úsáidtear chomh maith le hailíniú níos fearr
le réimsí staidrimh. Moladh inti freisin gur cheart an pacáiste iarratais agus
an nós imeachta meastóireachta a chuíchóiriú agus a shimpliú. Rinneadh meastóireachtaí ex‑ante ar chláir oibríochta maidir le
forbairt réigiúnach, le forbairt acmhainní daonna agus le forbairt tuaithe chun
tacú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cláraithe. Is coiteann do gach
cláir a bhí moltaí chun neartú a dhéanamh ar an anailís lena mbuntacaítear le
treosuíomh na gclár agus chun an t‑aschur, na torthaí agus na táscairí
tionchair a fheabhsú arís eile. Tá meastóireachtaí eatramhacha ar siúl. Cinneadh i meastóireacht
ex‑ante ar na hionstraimí airgeadais réamhaontachais iar‑2013 go bhfuil
réasúnaíocht láidir maidir le leanúint ar aghaidh le cúnamh airgeadais ar
leibhéal an AE chun tacú leis an bpróiseas um méadú. Tháinig an gá atá le leanúnachas
a áirithiú leis an ionstraim atá ann faoi láthair chun cinn go soiléir, ós
rud é go bhfuil struchtúir agus córais is gá chun cúnamh an AE a bhainistiú á
mbunú cheana féin. Mar sin féin, i bhfianaise na
ndifríochtaí i measc tíortha tairbhíocha (i dtéarmaí socheacnamaíocha, i dtaca
le forbairt a gcuid institiúidí agus a gcuid riaracháin phoiblí agus lena gcuid
dearcaidh ar an aontachas), moladh sa chomhairliúchán cur chuige níos
oiriúnaí, rialacha simplithe cur chun feidhme, níos mó solúbthachta agus
treoshuíomh straitéiseach feabhsaithe maidir le leithdháileadh an chúnaimh,
agus úsáid níos córasaí clárúcháin ilbhliantúil.
1.5.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Leis an togra,
coinnítear ionstraim thiomanta lánpháirtithe maidir le cúnamh réamhaontachais
mar chrann taca airgeadais den Straitéis um Méadú lena gcuimsítear na gnéithe
go léir de bheartais inmheánacha agus de shaincheisteanna téamacha. Tá sé seo
amhlaidh toisc gurb é atá i gceist go príomha leis an mbeartas um Méadú cuidiú
a thabhairt do chomhpháirtithe chun a bheith freagrach as an acquis,
agus clúdaítear le caidreamh an AE leis na tíortha is iarrthóirí agus le
hiarrthóirí ionchasacha beagnach gach saincheist théamach (rathúnas, slándáil,
trádáil, cearta an duine, srl.). Ar mhaithe le
comhchuibheas, le héifeachtúlacht, le héifeachtacht agus le tionchar, ba
cheart, dá bhrí sin, beartais inmheánacha agus saincheisteanna téamacha a
phríomhshruthú i straitéisí comhchuibhithe tíre agus ba cheart iad a bhaint amach
trí chláir thíre, iltairbhithe nó thrasteorann arna gcomhaontú leis na tíortha
tairbhíocha. Ar aon dul le clár oibre an AE um Chomhchuibheas Beartais le
haghaidh Forbartha, ós rud é go gclúdaítear le IPA na beartais inmheánacha go
léir, is féidir na tionchair sheachtracha atá ag na beartais inmheánacha ar
thíortha réamhaontachais a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, i gcásanna
ina bhfuil cuspóirí forbartha an AE i gceist. Baineann tábhacht ar leith leis
sin i réimsí amhail trádáil, an t‑athrú aeráide nó fuinneamh. Mar sin féin, i gcás ina n‑éilíonn nádúr na gníomhaíochta
(i.e. teicniúil, aimsiú domhanda, seachas díriú go príomha ar an aontachas), i
gcás nach gcomhlíonann tír thairbhíoch luachanna bunúsacha Eorpacha (mar
shampla, urraim ar chearta an duine), nó i gcás ina bhfuil gné sheachtrach an‑tábhachtach
ag an ionstraim bheartais inmheánaigh, d’fhéadfaí idirghabháil a dhéanamh faoi
ionstraimí eile i réigiún an mhéadaithe (e.g. Ionstraim Eorpach i gcomhair
Daonlathais agus Chearta an Duine, an Ionstraim um Chomhar maidir le
Sábháilteacht Núicléach, an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta agus Cúnaimh
Mhacra‑airgeadais, an tSaoráid "Connecting Europe" , ...).
1.6.
Fad agus tionchar airgeadais
x Togra/tionscnamh d'fhad teoranta x Togra/tionscnamh in éifeacht ón 01/01/2014 x Tionchar airgeadais ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2020 ¨ Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB
agus BBBB, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[30]
ý Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ý Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
ý gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[31] –
ý comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil
misean de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a
chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ý Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit: cuirfidh údaráis
bhainistíochta ó Bhallstáit an AE cláir um chomhar trasteorann idir Ballstáit
an AE agus tíortha tairbhíocha an IPA chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach ý Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ý Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta: is iad a bheidh páirteach go bunúsach i
gcomhbhainistíocht institiúidí idirnáisiúnta airgeadais (amhail an Banc Eorpach
Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc
Domhanda, Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa) chomh maith le gníomhaireachtaí
speisialaithe na Náisiún Aontaithe, faoi mar a bheidh. I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí Is í aidhm
dheiridh an rialacháin go ndéanfar cúnamh a bhainistiú faoi fhreagracht iomlán
na dtíortha tairbhíocha, faoi bhainistíocht dhíláraithe. Mar sin féin, cuirfear
an cuspóir seo chun feidhme go forásach, de réir mar a fhorbraíonn acmhainn
riaracháin na dtíortha tairbhíocha, agus de réir mar a chomhlíontar na
coinníollacha um chumhachtaí bainistíochta a thabhairt. Le linn na gcéimeanna
tosaigh, coinneoidh an Coimisiún rialú bainistíochta, nó cuirfidh sé an cur
chun feidhme ar iontaoibh comhlachtaí speisialaithe faoi bhainistíocht
indíreach nó faoi chomhbhainistíocht, faoi mar a bheidh. Beidh bainistíocht
láraithe ar an modh príomhúil maidir le cláir iltíre. Úsáidfear
comhbhainistíocht freisin ar mhaithe le gníomhaíochtaí le hinstitiúidí
airgeadais idirnáisiúnta agus le hinstitiúidí airgeadais na hEorpa, d'fhonn
cistiú breise a ghiaráil, go bunúsach ar mhaithe le hinfheistíocht sa
bhonneagar sóisialta nó eacnamaíoch is gá. Ar deireadh,
leanfar le bainistíocht chomhpháirteach a úsáid ar mhaithe le cuspóirí comhair
chríche a bhaineann le ballstáit an AE.
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Socruithe faireacháin agus meastóireachta
Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha. Treiseofar na
socruithe faireacháin agus meastóireachta i gcomparáid leis an gcás reatha,
agus béim fheabhsaithe ar thorthaí. Forálfar leo le haghaidh cuspóirí sonracha,
intomhaiste, inghnóthaithe a shainiú, mar aon le táscairí iomchuí. Tá córais
Faireacháin agus Meastóireachta an Choimisiúin Eorpaigh dírithe ar thorthaí ar
bhonn níos mó cheana féin. Baineann siad le foireann inmheánach mar aon le
saineolas seachtrach. Déanann bainisteoirí cúraimí i dToscaireachtaí AE agus sa
Cheanncheathrú faireachán leanúnach ar chur chun feidhme tionscadal agus clár i
roinnt slite éagsúla, lena n‑áirítear, nuair is féidir, trí chuairteanna
allamuigh. Baintear faisnéis luachmhar maidir le dul chun cinn trí fhaireachán,
agus tugtar cúnamh do bhainisteoirí baic idir iarbhír agus fhéideartha a
shainaithint agus gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil a ghlacadh nuair is
iomchuí. Ina theannta
sin, déantar saineolaithe seachtracha, neamhspleácha a chonrú chun feidhmíocht
ghníomhaíochtaí seachtracha an AE a mheasúnú trí bhíthin córas comhlántach
éagsúil. Cuireann na measúnuithe seo le cuntasacht agus le feabhsú ar
idirghabhálacha leanúnacha; baineann siad leas as ceachtanna chomh maith ó
thaithí roimhe seo maidir le beartais agus gníomhaíochtaí amach anseo. Baintear
úsáid as uirlisí i gcomhréir le critéir meastóireachta ECFE‑CCF lena n‑áirítear
tionchar (féideartha). Tacaíonn an
Coimisiún le tíortha tairbhíocha chomh maith chun a n‑acmhainní féin a
fhorbairt chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas. Faoin
ionstraim nua, déanfar freagracht maidir le faireachán agus meastóireacht a
tharmligean a thuilleadh chuig tíortha tairbhíocha. Go háirithe, sa chás ina
mbainistíonn an Coimisiún an cúnamh thar ceann an tairbhí, is ar an gCoimisiún
an fhanfaidh an phríomhfhreagracht maidir le faireachán agus meastóireacht. Ar
an láimh eile, sa chás ina mbainistíonn tíortha tairbhíocha an cúnamh faoina
bhfreagracht féin (bainistíocht díláraithe) ní bheidh ach ról maoirseachta den
chuid is mó ag an gCoimisiún (seachas meastóireachtaí ex‑ante agus ex‑post),
agus is ar an tairbhí a bheidh an phríomhfhreagracht. Tuairiscítear
i bhfaireachán ar leibhéal tionscadail ar dhul chun cinn de réir
pleananna, go háirithe maidir le: (i) dámhachtainí conarthacha/deontais agus
(ii) seachadadh aschur. Tacaítear le bainisteoirí cúraim ag an gcóras Faireacháin
atá Dírithe ar Thorthaí (Results Oriented Monitoring ‑ ROM) lena gcuirtear
roghbhlúire fócasaithe ar fáil maidir le cáilíocht sampla idirghabhálacha. Ag
baint úsáide as modheolaíocht chaighdeánaithe, ardstruchtúrtha, tugann
saineolaithe neamhspleácha ROM gráid lena léirítear láidreachtaí agus laigí an
tionscadail agus tugann siad moltaí faoin gcaoi is fearr éifeachtacht a
fheabhsú. I dteannta le faireachán, is féidir meastóireachtaí ar
leibhéal tionscadail a dhéanamh faoi bhainistíocht Thoscaireacht an AE nó
faoi na seirbhísí oibríochtúla i gceannas ar an tionscadal. Tá meastóireachtaí
ar leibhéal tionscadail beartaithe chun na córais faireacháin atá ann cheana a
chomhlánú agus ba cheart anailís dhomhain níos mionsonraithe ar fáil iontu. Ba
cheart go mbeidh siad ina chúnamh do bhainisteoirí tionscadail maidir le
hidirghabhálacha leanúnacha a fheabhsú nó a dtorthaí agus a n‑inbhuanaitheacht
a dhearbhú. Ar leibhéal na hearnála agus an chláir, cuireann coistí faireacháin a bhfuil
tíortha tairbhíocha agus an Coimisiún ina gcomhchathaoirleach orthu an
struchtúr ar fáil chun dul chun cinn a mheasúnú de réir pleananna. Tacaítear
leis na coistí sin trí bhíthin chinntí na dtuarascálacha faireacháin agus na
meastóireachtaí. Faoin ionstraim nua, déanfar ról na gcoistí faireacháin a
neartú do na tíortha is iarrthóirí agus do na hiarrthóirí ionchasacha araon,
d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh cur chun feidhme an chúnaimh airgeadais go cuí
leis an idirphlé beartais agus go ndéanfar conclúidí agus moltaí na gcoistí a
chomhlíonadh agus a athleanúint ar bhonn níos córasaí. Déanann seirbhísí an Choimisiúin meastóireachtaí atá ar
leibhéal níos airde ná tionscadal (earnáil, clár, straitéiseach, téamach,
srl) a bhainistiú den chuid is mó. Déantar roinnt meastóireachtaí, go háirithe
meastóireachtaí eatramhacha a cheaptar chun tacú leis an bpróiseas
cinnteoireachta a tharmligean diaidh ar ndiaidh chuig tíortha tairbhíocha chun
críocha úinéireachta agus forbartha acmhainne. Déantar torthaí na meastóireachtaí nó cinntí na hachoimre a
chur in iúl ar bhonn rialta don Choiste IPA, don Chomhairle agus do Pharlaimint
na hEorpa mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil IPA, agus déantar iad a fhoilsiú
ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
Na rioscaí a aithníodh
Tá na rioscaí
seo a leanas maidir le cuspóirí na hionstraime a bhaint amach ina saintréithe
de thimpeallacht oibríochtúil IPA: –
Tá IPA ceaptha go príomha ionas go reáchtálfaí í
faoi mhodh bainistithe díláraithe, mar chuid lárnach d’ullmhúcháin roimh
bhallraíocht san AE. Tuigtear riosca bunúsach níos airde ón méid sin ós rud é
nach bhfuil údarás díreach ag an mbunbhainisteoir (an Coimisiún) thar struchtúr
cur chun feidhme an bhainisteora díláraithe; –
cuireann athruithe rialta ar an timpeallacht cur
chun feidhme atá bunúsach do phróisis aontachais, m.sh. athrú ó bhainistiú
láraithe go bainistiú díláraithe, ansin tarscaoileadh ar rialuithe ex ante,
ardéileamh as an ngnáth ar chomhordú eagrúcháin, agus ar inoiriúnaitheacht, ar
oiliúint agus ar bhreithiúnas na foirne, agus bíonn athruithe rialta dá réir
sin de dhíth orthu maidir le rialú inmheánach agus socrú eagrúcháin ó thaobh an
Choimisiúin de; –
is féidir le héagsúlacht na dtairbhithe ionchasacha
a bhfuil struchtúir agus cumais rialaithe inmheánaigh éagsúla acu na hacmhainní
atá ar fáil don Choimisiún chun cur chun feidhme a thacú agus faireachán a
dhéanamh air a scoilteadh agus a laghdú dá bhrí sin; –
d’fhéadfadh go mbeadh próisis dhíláraithe
fhadálacha ann trína gcuirfí isteach ar úsáid thráthúil cistí agus / nó trína
gcruthófaí deacrachtaí agus moilleanna maidir le ceapadh agus cur chun feidhme
na n‑idirghabhálacha aonair de bharr easnamh ar an gcumas institiúideach agus
riaracháin i dtíortha tairbhíocha; –
d’fhéadfadh bac a bheith ar chumas an Choimisiúin
torthaí a thuairisciú agus a bheith cuntasach ina leith mar gheall ar dhroch‑chaighdeán
agus ar chainníocht ghann sonraí atá ar fáil maidir le torthaí agus tionchar an
chúnaimh réamhaontachais i dtíortha tairbhíocha; –
d’fhéadfadh go mbeadh moilleanna ann i gceapadh
agus i gcur chun feidhme idirghabhálacha de bharr deacrachtaí
eacnamaíocha/polaitiúla, go háirithe i dtíortha tairbhíocha ina bhfuil na
hinstitiúidí úrnua agus leochaileach go fóill; –
d’fhéadfadh saincheisteanna bunreachtúla,
institiúideacha agus teorann nach bhfuil réitithe laistigh de thíortha
tairbhíocha agus eatarthu bac a chur ar chur chun feidhme na bpríomhthionscadal
cúnaimh agus d’fhéadfaí méid suntasach cistí a chailliúint dá bharr; –
d’fhéadfadh nach mbeadh acmhainní imleora ann chun
bainistiú cuí a dhéanamh ar an ionstraim de bharr easpa creidmheasanna
riaracháin.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Tá próiseas
rialaithe / bainistithe inmheánaigh na nArd‑Stiúrthóireachtaí ceaptha chun
urrús réasúnach a sholáthar ó thaobh cuspóirí a bhaint amach maidir le
héifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht a gcuid oibríochtaí,
iontaofacht a gcuid tuairiscithe airgeadais agus comhlíonadh an chreata
ábhartha reachtúil agus nós imeachta. D’fhonn
éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht a oibríochtaí a áirithiú (agus
chun an t‑ardleibhéal riosca ina thimpeallacht réamhaontachais a mhaolú), anuas
ar ghnéithe uile phróiseas an Bheartais Straitéisigh agus na Pleanála a
bhaineann leis an gCoimisiún ar fad, na timpeallachta iniúchta inmheánaigh agus
riachtanais eile Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, beidh creat
bainistíochta cúnaimh airgeadais oiriúnaithe i bhfeidhm faoina ionstraimí go
léir i gcónaí ag Ard‑Stiúrthóireacht an Mhéadaithe (baineann Ard‑Stiúrthóireachtaí
IPA eile leas as socruithe comhchosúla nó mionathraithe atá barrfheabhsaithe le
haghaidh na trasdula go dtí an creat rialaithe maidir le cistí struchtúracha
agus talmhaíochta an AE), rud atá cumhdaithe i ndoiciméad straitéise um Rialú
Inmheánach a ndéantar é a nuashonrú ar bhonn rialta. Áireofar leis an méid seo
a leanas: –
Bainistíocht dhíláraithe ag gníomhaireachtaí
náisiúnta cur chun feidhme a ndéanann an Coimisiún cumhachtaí bainistíochta a
thabhairt dóibh tar éis próisis chúramaigh ina ndéantar caighdeáin
bhainistíochta dhochta a shocrú agus iad a mheasúnú trí inter alia
iniúchtaí córas cuimsitheacha. –
Rialuithe ex ante toscaireachtaí AE allamuigh
maidir le gach comhad cúnaimh arna fhaomhadh ag na córais náisiúnta cur chun
feidhme go dtí go meastar go bhfuil na córais sin réidh agus aibí go pointe
inar féidir rialuithe ex ante dá leithéid a tharscaoileadh go sábháilte.
Baineann an measúnú ar chuntas teiste na gcóras náisiúnta le inter alia
treochtaí sa ráta diúltaithe comhad. –
Línte soiléire cuntasachta maidir le hairgeadas
agus le torthaí ó chórais náisiúnta um chur chun feidhme chuig Oifigeach um
Údarú (Stiúrthóir) an Choimisiúin arna fho‑tharmligean ag an AOD, lena n‑áirítear
tuairisciú neamhrialtachta, ráiteas bliantúil deimhniúcháin ó oifigigh um údarú
náisiúnta agus tuairimí iniúchta na n‑údarás iniúchta náisiúnta; –
Clár d’iniúchtaí fo‑chórais arna dtabhairt chun
críche ag iniúchóirí an Choimisiúin chun seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh
leanúnach i gcaighdeáin bainistíochta i ndiaidh do thabhairt bainistíochta; –
Imréiteach sainithe ar nósanna imeachta cuntas lena
n‑áirítear fíoruithe breise agus beartas struchtúrtha le haghaidh ceartú
airgeadais ar earráidí idirbhirt agus earráidí córasacha arna mbrath ag
iniúchóirí náisiúnta agus an Choimisiúin; –
Bainistiú díláraithe ar thromlach an chúnaimh
réamhaontachais ó thoscaireachtaí an AE sa réimse go dtí gur féidir cumhachtaí
bainistíochta a thabhairt do ghníomhaireachtaí náisiúnta cur chun feidhme. –
Línte soiléire cuntasachta airgeadais le haghaidh
bainistíochta arna tarmligean do thoscaireachtaí an AE trí fho‑tharmligean ón
Oifigeach um Údarú (Stiúrthóir) fo‑tharmligthe ag an gCeanncheathrú chuig Ceann
na Toscaireachta; –
Straitéisí dearbhaithe arna mbunú ag Toscaireachtaí
AE agus nuashonrú bliantúil ina leith le haghaidh a n‑oifigigh trí fho‑tharmligean
(Stiúrthóirí) lena n‑áirítear pleananna mionsonraithe, pleananna rialaithe arna
measúnú de réir riosca agus pleananna iniúchta; –
Tuairisciú rialta ó Thoscaireachtaí AE chuig
ceanncheathrú (AOSD / Tuarascálacha Bainistíochta) maidir le cur chun feidhme
an chúnaimh agus na straitéisí dearbhaithe, lena n‑áireofar Ráiteas Dearbhaithe
bliantúil ó na AOSDanna fo‑tharmligthe / ó na Cinn Toscaireachta; –
Iniúchtaí inmheánacha rialta ar thoscaireachtaí,
idir thoscaireachtaí a dhéanann maoirsiú ar chur chun feidhme díláraithe agus
agus thoscaireachtaí tarmligthe; –
Rialuithe ex post ar chláir chríochnaithe chun
deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh gach leibhéal de chuid na gcóras
bainistíochta agus rialaithe na caighdeáin atá riachtanach; –
Clár suntasach oiliúna a chur ar fáil don fhoireann
ag an gceanncheathrú agus ag toscaireachtaí araon, –
Tacaíocht agus treoir shuntasach
Ceanncheathrúna/Toscaireachta (tríd an Idirlín san áireamh); –
Modheolaíocht bainistíochta ar thimthriall
tionscadail agus cláir lena n‑áirítear: –
Uirlisí tacaíochta cáilíochta le haghaidh an
idirghabháil agus an modh seachadta lena mbaineann a cheapadh, an mheicníocht
cistiúcháin, an córas bainistíochta, aon chomhpháirtí cur chun feidhme a
mheasúnú agus a roghnú etc. –
Bainistíocht cláir agus tionscadail, uirlisí
faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach lena n‑áirítear
faireachán seachtrach rialta ar an bpointe ar thionscadail. –
Comhpháirteanna meastóireachta agus iniúchta
suntasacha. Leanfaidh DG
ELARG ar aghaidh le saothrú na gcaighdeán is airde maidir le tuairisciú
cuntasaíochta reatha agus airgeadais d’fhonn tuairim leanúnach gan agús óna
hiniúchóirí seachtracha (Cúirt Iniúchóirí na hEorpa) a áirithiú trí úsáid a
bhaint as córas cuntasaíochta bunaithe ar fhabhruithe (ABAC) an Choimisiúin
chomh maith le huirlisí sonracha cabhrach seachtraí amhail Comhchóras Faisnéise
Relex (CRIS). Maidir leis an
reachtaíocht ábhartha agus an creat nós imeachta a chomhlíonadh, tá modhanna
rialaithe leagtha amach in gcuid 1.3 (bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí
a chosc)
2.2.3.
Na costais agus na tairbhí a bhaineann le Rialuithe
atá Beartaithe:
2.2.3.1.
Costais Rialaithe
Níl mórán
difir idir an socrú rialaithe atá molta i leith an IPA nua agus an ceann a
bhaineann leis an ionstraim reatha. Beidh an struchtúr costais lena mbaineann
comhchosúil dá bhrí sin. Mar sin féin, táthar ag súil go ndéanfaidh athdhearadh
na hionstraime dóchúlacht earráidí comhlíonta a laghdú faoi mhéid inbhraite. Ba
cheart go gcuirfidh gnéithe ar nós clárú níos solúbtha, ina ndéanfar foráil do
roghnú tionscadail barrfheabhsaithe agus d’úsáid níos leithne ionstraimí
maoiniúcháin nuálacha (e.g. giaráil Institiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais agus
deontóirí eile), leis sin. Tá costais
ionchais na rialuithe atá léirithe thíos bunaithe ar phraghas reatha agus ar na
toimhdí seo a leanas: –
Tá leibhéil reatha soláthar foirne sna hArd‑Stiúrthóireachtaí
IPA cobhsaí i rith na tréimhse –
Meánchostas státseirbhísigh = EUR 127,000 (dhá
oiread le haghaidh post i dToscaireacht AE) –
Meánchostas gníomhaire conartha = EUR 64,000 Níl costais
arna dtabhú ag córais náisiúnta i dtíortha a bhfuil IPA á cur chun feidhme acu
faoi bhainistíocht díláraithe san áireamh. Ba cheart é a thabhairt faoi deara
gur trí chaiteachas oibríochtúil IPA a mhaoinítear scair shuntasach de na
costais infheistíochta agus oiliúna a dtabhaítear chun córais dá leithéid a
chur ar bun. Costais bainistíochta agus rialaithe IPA fhoriomlána in aghaidh na bliana (An fhoireann: arna leithdháileadh ar Chlár nó ar Bhainistíocht bhuiséadach agus ar fhrith‑chalaois) Costais seasta (ar leibhéil reatha agus phleanáilte de chaiteachas oibríochtúil) Oifigigh i gCeanncheathrú DG ELARG Gníomhairí Conartha i gCeanncheathrú DG ELARG Oifigigh i dToscaireachtaí an AE Gníomhairí Conartha i dToscaireachtaí an AE Costais Gníomhairí Áitiúla, costais áitiúla le haghaidh Gníomhairí Conartha, agus costais eile a bhaineann le riar Toscaireachtaí Oifigigh agus Gníomhairí Conartha in Ard‑Stiúrthóireachtaí IPA eile An fhoireann sheachtrach ó Ard‑Stiúrthóireachtaí IPA eile i dToscaireachtaí an AE Costais athraitheacha (meastachán ar an gcostas bliantúil foriomlán reatha) Costais rialaithe iniúchóireachta agus ex post arna gconrú Costais mheastóireachta arna gconrú Costais mheastóireachta arna gconrú (ROM) Deimhnuithe iniúchóireachta (arna gconrú ag tairbhithe) Rialuithe ar an láthair agus rialuithe breise conraithe eile atá mar chuid de sheiceálacha ciorcaid airgeadais Costais rialaithe iomlána (IPA) in aghaidh na bliana || M EUR 11.2 7.3 9.4 6.5 28.5 2.0 6.0 1.0 3.0 2.0 2.0 0.8 79.7 Is costais
bainistíochta agus rialaithe iad na costais atá léirithe sa tábla, agus is
ionann iad agus tuairim agus EUR 80 milliún, nó tuairim agus 4% den chaiteachas
bliantúil atá beartaithe le haghaidh 2014‑2020. Cuimsítear leo an struchtúr
bainistíochta iomlán le haghaidh na hionstraime, ó phleanáil go clárú go cur
chun feidhme. D’fhéadfaí costais iomlána a laghdú faoi thuairim agus EUR 30
milliún, i.e. bheadh tuairim agus EUR 50 milliún i gceist (tuairim agus 2.5%
den chaiteachas bliantúil atá beartaithe le haghaidh 2014‑2020) trí shainiú
níos cúinge ar rialú lena n‑áirítear costas seiceálacha lena mbaineann tionchar
ar rialtacht idirbheartaíochtaí, agus an costas sin amháin. Is costais
athraitheacha iad na cúig shraith dheireanacha. Braithfidh a luach bliantúil ar
dhéine na rialuithe arna socrú ag AOSDanna ina gcuid straitéisí deimhnithe. Tá
an déine sin bunaithe ar mheasúnú riosca críochnúil i leith na gconarthaí go
léir atá ann fós, ag tabhairt na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil san
áireamh. Tá na luachanna bliantúla atá léirithe sa tábla bunaithe ar an
gcleachtas reatha. Maidir le
costais athraitheacha, beidh na meánchostais aonadacha ar ghníomhaíochtaí
rialaithe aonair arna gconrú infheidhme: Deimhnithe
iniúchta: Garluach
an mheánchostais iniúchóireachta in aghaidh an deontais: 0.2% de luach an
chonartha Garluach
an mheánchostais iniúchóireachta in aghaidh an chonartha seirbhíse: 0.1% de
luach an chonartha Rialuithe Ex
Post: Meánchostas
rialaithe ex post lena gcuimsítear EUR 22 milliún ar an meán d’idirbhearta
bunúsacha (EUR 17 milliún arna mhaoiniú ag an AE): EUR 50,000 (= EUR 2,300 /
EUR 3,000 in aghaidh an mhilliúin iniúchta) Rialuithe ar
an Láthair: Meánchostas
conartha ar chumhdach idirbheart bunúsach dar luach EUR 175 milliún: EUR 75,000
(EUR 430 in aghaidh an mhilliúin sheiceáilte).
2.2.3.2.
Na tairbhí a bhaineann le Rialú
Ní bhaineann
ach ráta earráide faoi bhun 2% de chaiteachas leis an socrú rialaithe a
úsáidtear le haghaidh clár réamh‑IPA agus IPA. Faoi dheireadh 2010, b’ionann
aisghabhálacha carntha ó chláir chríochnaithe faoi bhainistiú díláraithe agus
EUR 29 milliún as méid iomlán arna iniúchadh arbh fhiú EUR 3,500 milliún
(0.82%). Modh
féideartha amháin atá ann chun tairbhe a mheas maidir leis an socrú rialaithe a
bhíonn i bhfeidhm i gcás bainistithe dhíláraithe is ea leas a bhaint as
luachanna agus treochtaí tháscaire an ráta diúltaithe. Ba cheart go laghdóidh
ráta na gcomhad arna ndiúltú ag Toscaireacht an AE i rialuithe ex ante dá
leithéid go leibhéal thar a bheith íseal de réir mar a thagann forbairt ar
chórais náisiúnta agus breithniú déanta orthu le haghaidh tarscaoilte maidir le
rialuithe ex ante ar chomhaid soláthair. Tá laghdú
tagtha in 2010 ar rátaí diúltaithe i dtír atá gar anois d’aontachas (an
Chróit), go leibhéil idir 14% agus 20% (ag brath ar an gcineál comhaid). I dtír
ina bhfuil neart le déanamh sula bhféadfar rialuithe ex ante a
tharscaoileadh (an Tuirc), bíonn na rátaí idir 19% agus os cionn 60%. Is féidir
comhaid a dhiúltú ar roinnt bonn, go minic, ach ní i gcónaí, maidir le
saincheisteanna dlíthiúlachta agus rialtachta. Ag toimhdiú go bhfuil leath de
na diúltuithe bunaithe ar rialtacht, is féidir tátal réasúnta a bhaint as
taithí gur féidir an leibhéal earráide a laghdú ó leibhéal idir 10% agus 30% go
leibhéal faoi bhun 2% de bhun an rialaithe ex ante lena mbaineann socrú
bunaithe ar sholáthar. Ní thugtar éagsúlachtaí san áireamh a thiocfadh chun
cinn dá mbainfí úsáid as luachanna comhaid seachas uimhreacha comhaid san
anailís. Dá ainneoin sin, is féidir é a thabhairt slán go bhfuil an socrú
rialaithe reatha i mbainistiú díláraithe cothromaithe i gceart a bheag nó a
mhór ionas nach mbeidh earráidí laistigh de chuspóir rialú inmheánach an
Choimisiúin níos mó ná earráid 2%. Cé go bhfuil
IPA ceaptha chun forbairt i dtreo na bainistithe díláraithe a luaithe is
féidir, féadfaidh gur ionann bainistiú láraithe agus scair shuntasach de
chaiteachas iomlán IPA má chuirtear moill chomhuaineach ar thabhairt
bainistíochta i roinnt tíortha. B’amhlaidh an scéal in 2010/11, agus is cosúil
gur amhlaidh a bheidh go dtí 2013. Rinneadh 350
ceartúchán (asbhaintí nó aisghabhálacha) ar íocaíochtaí i mbainistíocht
láraithe agus i gcomhbhainistíocht in DG ELARG arbh fhiú tuairim agus EUR 6
mhilliún iad in 2010. Is ionann an luach sin agus 1% de na híocaíochtaí iomlána
láraithe in 2010, agus is féidir é a úsáid mar tháscaire garbh ar an tairbhe
arna fhabhrú ó sheiceálacha breise laistigh de na seiceálacha bunúsacha
ciorcaid airgeadais agus anuas orthu. Ar an dóigh
chéanna le bainistiú díláraithe, tá sé seo comhsheasmhach leis an tuairim go
bhfuil an socrú rialaithe ata á úsáid le haghaidh IPA i láthair na huaire
cothromaithe a bheag nó a mhór do chuspóir an rialaithe inmheánaigh atá
socraithe.
2.2.3.3.
Leibhéal ionchais maidir le Neamh‑chomhlíonadh
Rialacha Infheidhme
Go dtí 2006,
bhí sé de thuairim chomhsheasmhach Chúirt na nIniúchóirí nach raibh idirbhearta
réamhaontachais faoi thionchar earráide ábhartha (faoi bhun 2%), ar aon dul le
tuairimí na bainistíochta maidir le héifeachtacht an tsocraithe rialaithe arna
úsáid. Ó 2007 i
leith, ní dhéanann an Chúirt iniúchadh ar idirbhearta réamhaontachais ach ar
shampla lán‑ionadaíoch faoi seach. Tá cónascadh déanta ar mheasúnú na Cúirte
idir an pobal réamhaontachais agus pobal na n‑ionstraimí cabhrach seachtraí
eile go léir. Níorbh fhéidir eachtarshuíomh staitistiúil ar bith a dhéanamh ó
shin dá réir sin a bheadh sonrach do réimse an bheartais réamhaontachais ná don
socrú rialaithe. Tá earráidí
idir 2 agus 5% ar an iomlán aimsithe ag an gCúirt maidir le hionstraimí
cabhrach seachtraí sna blianta atá caite ó shin. Agus na
gnéithe arna dtuairisciú in 2.2.3.2 thuas á gcur san áireamh, is réasúnta go
mbeifí ag súil go mbeadh cothromaíocht cheart idir costais agus tairbhí na
rialuithe sa socrú rialaithe arna úsáid le haghaidh na hionstraime
réamhaontachais agus go n‑áiritheofaí leis go gcomhlíonfaí ar bhonn
comhsheasmhach amach anseo cuspóir an rialaithe inmheánaigh maidir le hearráidí
dar mhéid níos lú ná 2% ar an gcaiteachas foriomlán. Ina theannta sin,
ba cheart go neartódh gnéithe an tsimplithe agus na solúbthachta breisithe atá
molta le haghaidh na hionstraime nua an toimhde seo, ós rud é go laghdaíonn
siad an dóchúlacht i leith earráidí comhlíontachta. Ina mhalairt
de chás, tiocfaidh rioscaí nua chun cinn de réir mar a thagann tíortha lena
mbaineann acmhainní riaracháin atá measartha lag i líne le haghaidh na
tabhartha bainistíochta sna blianta amach romhainn. Fiú más
deacair é tionchar iomlán na bhfeabhsuithe ar cheapadh na hionstraime agus ar na
rioscaí breisithe a chainníochtú, is féidir toimhdiú a dhéanamh go bhfuil raon
sprioctha chuspóir foriomlán an rialaithe inmheánaigh cosúil leis na torthaí
reatha. Mar thátal, is
cosúil go bhfuil an socrú rialaithe mínchothromaithe. Trí phleananna rialaithe
mionchoigeartaithe arna sloinneadh i straitéisí deimhniúcháin bliantúla riosca‑bhunaithe
na mbainisteoirí, déantar foráil ann do mhéaduithe nó do laghduithe ar chostais
athraitheacha faoi mar a bhíonn de dhíth i dtimpeallacht ina dtagann athrú ar
rioscaí, agus cothromaíocht chobhsaí costais is tairbhe a áirithiú dá réir. Ach is cosúil
go mbeidh an socrú rialaithe foriomlán thar a bheith íogair d’éagsúlachtaí
diúltacha ar an costais rialaithe sheasta, go háirithe ós rud é nach moltar go
dtiocfaidh méadú orthu sin i gcomhréir le caiteachas foriomlán.
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá
ann cheana nó atá beartaithe. I bhfianaise
na timpeallachta riosca ina bhfeidhmíonn DG ELARG, ní foláir nó go ndéanfaí
teagmhas earráide comhlíontachta féideartha in idirbhearta a réamh‑mheas lena
cuid córas agus go gcuirfí rialuithe coisctheacha, braiteacha agus
ceartaitheacha san áireamh iontu chomh luath agus is féidir sa phróiseas
soláthair agus íocaíochta. Ciallaíonn
sé sin i gcleachtas go mbraithfidh rialuithe comhlíontachta DG ELARG ar
sheiceálacha suntasacha ex‑ante den chuid is mó, arna ndéanamh ag
foireann an Choimisiúin maidir le hidirbhearta soláthair, agus ar iniúchtaí córas córasacha ar
chórais íocaíochta dhíláraithe (agus roinnt seiceálacha agus
iniúchtaí ex‑post fós á ndéanamh), ag dul i bhfad thar na coimircí airgeadais a
cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais. Tá na comhpháirteanna suntasacha
seo a leanas i gcreat comhlíontachta DG ELARG: ‑ Bearta
coisctheacha ‑
Oiliúint lárnach éigeantach ina gcuimsítear saincheisteanna calaoise i gcomhair
foirne bainistíochta cabhrach; ‑ Treoir a sholáthar (lena n‑áirítear treoir ar
an Idirlíon) lena n‑áirítear an Treoir Phraiticiúil i leith Conarthaí (Practical
Guide to Contracts) agus na treoirlínte bainistíochta atá ar fáil faoi
chreat na Straitéise um Rialú de chuid DG ELARG; ‑ Iniúchadh ex‑ante ar údaráis náisiúnta cur
chun feidhme roimh thabhairt na bainistíochta, lena n‑áireofar measúnú d’fhonn
a áirithiú go bhfuil bearta iomchuí frithchalaoise chun calaois i mbainistiú
cistí an AE a chosc agus a bhrath ar bun ag na húdaráis a bhainistíonn na cistí
ábhartha, ‑ Scagadh ex‑ante ar na meicníochtaí
frithchalaoise atá ar fáil sa tír thairbhíoch mar chuid den mheasúnú ar
chritéir cháilitheachta na bainistíochta airgeadais phoiblí maidir le tacaíocht
bhuiséadach a fháil (i.e. tiomantas gníomhach chun dul i ngleic le calaois agus
éilliú, údaráis iniúchta leormhaithe, cumas breithiúnach leordhóthanach agus
meicníochtaí éifeachtúla freagartha agus smachtbhanna), ‑ Rialuithe ex‑ante ar na conarthaí go léir a
sholáthraítear go náisiúnta; arna dtarscaoileadh i ndiaidh do chórais náisiúnta
tagarmharcálacha bainistíochta agus rialaithe déine a chomhlíonadh; ‑ Bearta braiteacha agus ceartaitheacha ‑ Seiceálacha idirbhirt ex‑ante arna bhfeidhmiú
ag foireann an Choimisiúin; ‑ Fíoruithe agus iniúchtaí inmheánacha agus
seachtracha, lena n‑áirítear ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa; ‑ Seiceálacha cúlghabhálacha agus aisghabhálacha. Ina theannta sin sa chás ina gceaptar go dtarlaíonn
neamhrialtacht d’aon ghnó (calaois) tá bearta eile ar fáil do DG ELARG lena n‑áirítear: ‑ Teorainn ama le haghaidh íocaíochtaí a chur
ar fionraí agus fógra a thabhairt don aonán; ‑ Iniúchóireachtaí sonracha (iniúchóireacht ad
hoc/fhóiréinseach); ‑ Córas Réamhrabhaidh & faireachán
atreisithe ar chonarthaí; ‑ Conradh a chur ar fionraí/a fhoirceannadh; ‑ Nós imeachta eisiaimh. ‑ Iarratais seirbhísithe le haghaidh cistí ó
chistí náisiúnta a chur ar fionraí; ‑ Tabhairt bainistíochta a chur ar fionraí nó a
bhaint Ceapfaidh DG ELARG a straitéis frithchalaoise i gcomhréir
le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) arna glacadh an 24 Meitheamh 2011.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus
na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
– Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Cur síos] || LD/LN ([32]) || ó thíortha[33] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[34] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais Ceannteideal 4 || 04 01 04 13 An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) ‑ an Chomhpháirt Acmhainní Daonna ‑ Caiteachas maidir le bainistiú riaracháin || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 04 06 01 An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) ‑ Forbairt ar acmhainní daonna || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 05 01 04 03 Cúnamh réamhaontachais i réimse na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (IPARD) — Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 05 05 02 Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais d’Fhorbairt Tuaithe (IPARD) || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 13 01 04 02 An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) ‑ an Chomhpháirt forbartha réigiúnaí ‑ Caiteachas maidir le bainistiú riaracháin || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 13 05 02 An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) ‑ an Chomhpháirt forbartha réigiúnaí || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 13 05 03 01 Comhar trasteorann (CTT) ‑ Ranníocaíocht ó cheannteideal 1‑b || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 13 05 03 02 Comhar trasteorann (CTT) agus rannpháirtíocht na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha i gcláir chomhair thrasnáisiúnta agus idir‑réigiúnacha na gCistí Struchtúracha — Ranníocaíocht ó Cheannteideal 4 || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 01 04 01 Cúnamh réamhaontachais — Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 01 04 04 Saoráid Malartaithe Cúnaimh Theicniúil agus Faisnéise (TAIEX) le haghaidh réamhaontachais — Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 01 04 30 An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Clos‑Amhairc agus Cultúir — Ranníocaíocht ó chláir faoi cheannteideal 4 sa réimse beartais um Méadú || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 01 Cúnamh trasdula agus forbartha institiúide do thíortha is iarrthóirí || LN || NÍL || NÍL || NÍL || TÁ Ceannteideal 4 || 22 02 02 Cúnamh trasdula agus forbartha institiúide do thíortha is iarrthóirí ionchasacha || LN || NÍL || NÍL || NÍL || TÁ Ceannteideal 4 || 22 02 03 Údaráis shibhialtacha eatramhacha sna Balcáin thiar || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 04 01 Comhar trasteorann (CTT) idir tíortha IPA agus rannpháirtíocht i gcláir thrasnáisiúnta/idir‑réigiúnacha CFRE agus cláir imchuach farraige ENPI || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 04 02 Comhar trasteorann (CTT) leis na Ballstáit || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 06 Saoráid Malartaithe Cúnaimh Theicniúil agus Faisnéise (TAIEX) le haghaidh réamhaontachais || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 07 01 Cláir réigiúnacha agus chothrománacha || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 07 02 Meastóireacht ar thorthaí na cabhrach Aontais, bearta athleanúna agus iniúchta || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 10 02 Faisnéis agus cumarsáid le haghaidh tríú tíortha || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 22 02 07 03 Tacaíocht airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Ceannteideal 4 || 32 04 11 Comhphobal Fuinnimh || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord
cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Eagrófar an buiséad le
haghaidh IPA II i gcomhréir le hAirteagal 41 den Rialachán Airgeadais. Cé
go bhfreastalaíonn an chionroinnt iomlán le haghaidh na hionstraim dlí seo ar
an mbeartas um méadú, roinntear bainistiú na ngníomhaíochtaí ábhartha idir an
DG ELARG, DG REGIO, DG EMPL agus DG AGRI. Is éard atá i gceist le gach ceann de
na seirbhísí seo freagracht maidir lena réimse/réimsí beartais faoi seach a
ghlacadh, gan dochar do ról comhordaithe foriomlán DG ELARG. Chun na críche sin,
déanfar cionrannta iomlána IPA II a roinnt idir na réimsí beartais, d’fhonn
meascán beartais iomchuí a áirithiú, i gcomhréir le riachtanais na dtíortha
tairbhíocha agus de réir comhaontaithe idir na ceithre Ard‑Stiúrthóireacht. Sa
chás ina bhfuil sé riachtanach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach na
ndoiciméad straitéiseach agus an bhuiséid a áirithiú, beidh aistrithe idir
réimsí beartais indéanta, i gcomhaontú leis an seirbhís nó seirbhísí atá
freagrach as an réimse nó na réimsí beartais lena mbaineann. Áiritheofar go ndéanfar
trasdul leanúnach ó IPA go IPA II ionas go ndéanfar an cúnamh faoin IPA a
thabhairt chun críche go héifeachtach agus go héifeachtúil. Déanfar sonraí maidir le struchtúr an bhuiséid
a bheartú sa dréachtbhuiséad 2014 d'fhonn comhsheasmhacht le prionsabail an
bhuiséadaithe agus na bainistíocht de réir gníomhaíochtaí a áirithiú.
3.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR
milliún (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 4 || An Eoraip Dhomhanda DG: AGRI/ELARG/EMPL/REGIO || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 22 02 Cúnamh airgeadais do thíortha is iarrthóirí/d’iarrthóirí ionchasacha 04 06 01 Acmhainní daonna 05 05 02 Forbairt tuaithe 13 05 02 Forbairt réigiúnach 13 05 03 CTT 32 04 11 An Comhphobal Fuinnimh || Oibleagáidí || (1) || 1842,5 || 1879,4 || 1917,0 || 1955,3 || 1994,4 || 2034,3 || 2075,6 || 13698,6 Íocaíochtaí[35] || (2) || 368,5 || 1112,9 || 1872,2 || 1909,6 || 1947,8 || 1986,8 || 2026,6 || 11224,4 22 02 07 03 Tacaíocht airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh[36] || Oibleagáidí || (1a) || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || Íocaíochtaí || (2a) || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[37] || || || || || || || || 22 01 04 01/04/30 04 01 04 13 05 01 04 03 13 01 04 02 || || (3) || 55,4 || 56,5 || 57,7 || 58,8 || 60,0 || 61,2 || 61,8 || 411,4 IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DG ELARG/AGRI/EMPL/REGIO || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 1898,0 || 1935,9 || 1974,6 || 2014,1 || 2054,4 || 2095,5 || 2137,4 || 14110,1 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 423,9 || 1169,4 || 1929,8 || 1968,4 || 2007,8 || 2048,0 || 2088,5 || 11635,8 IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 1842,5 || 1879,4 || 1917,0 || 1955,3 || 1994,4 || 2034,3 || 2075,6 || 13698,6 Íocaíochtaí || (5) || 368,5 || 1112,9 || 1872,2 || 1909,6 || 1947,8 || 1986,8 || 2026,6 || 11224,4 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || 55,4 || 56,5 || 57,7 || 58,8 || 60,0 || 61,2 || 61,8 || 411,4 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 1898,0 || 1935,9 || 1974,6 || 2014,1 || 2054,4 || 2095,5 || 2137,4 || 14110,1 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 423,9 || 1169,4 || 1929,8 || 1968,4 || 2007,8 || 2048,0 || 2088,5 || 11635,8 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || Caiteachas riaracháin EUR
milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN DG: AGRI/ELARG/EMPL/REGIO || Acmhainní daonna || 27,0 || 26,1 || 25,7 || 25,7 || 25,7 || 25,7 || 25,7 || 181,5 Caiteachas riaracháin eile || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 5,3 IOMLÁN DG ELARG/ AGRI/REGIO/EMPL || || 27,7 || 26,8 || 26,5 || 26,4 || 26,4 || 26,4 || 26,4 || 186,8 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 27,7 || 26,8 || 26,5 || 26,4 || 26,4 || 26,4 || 26,4 || 186,8 EUR
milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 1925,7 || 1962,7 || 2001,1 || 2040,6 || 2080,9 || 2122,0 || 2163,9 || 14296,8 Íocaíochtaí || 451,7 || 1196,2 || 1956,3 || 1994,9 || 2034,2 || 2074,4 || 2114,9 || 11822,6
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
Ag an bpointe seo is éiginnte nó athraitheach
iad na costais, mar gheall ar chéim an chláraithe a bheidh ar siúl go luath,
nach féidir linn a torthaí a thomhas roimh ré. Dá bhrí sin, ní féidir
meastachán ar chostais aonaid a chur ar fáil ag an gcéim seo. Ní féidir aschuir
a chainníochtú i dtéarmaí uimhriúla amháin, ós rud é go ndéantar dul chun cinn
a thomhas de réir dhul chun cinn na dtíortha maidir le haontachas AE. Déanfar
meastacháin ar chostais agus ar chostais aonaid a chur ar fáil bunaithe ar mheasúnú
riachtanas nuair a bheidh doiciméid straitéise tíre agus iltíre ullmhaithe agus
faofa. ¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí ý Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí riaracháin
mar a mhínítear thíos: Nóta: Áirítear leis na figiúirí le haghaidh
Cheannteideal 5 sonraí maidir le DG ELARG agus Toscaireachtaí AE agus DG
AGRI/REGIO/EMPL. Figiúirí le haghaidh Cheannteideal 4
lena n‑áirítear sonraí maidir le DG ELARG/EMPL/AGRI/REGIO. EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 27,0 || 26,1 || 25,7 || 25,7 || 25,7 || 25,7 || 25,7 || 181,5 Caiteachas riaracháin eile || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 5,3 Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 27,7 || 26,8 || 26,5 || 26,4 || 26,4 || 26,4 || 26,4 || 186,8 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[38] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 49,9 || 50,9 || 52,0 || 53,0 || 54,1 || 55,1 || 55,7 || 370,6 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 5,5 || 5,6 || 5,7 || 5,8 || 5,9 || 6,1 || 6,2 || 40,8 Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 55,4 || 56,5 || 57,7 || 58,8 || 60,0 || 61,2 || 61,8 || 411,4 IOMLÁN || 83,2 || 83,3 || 84,1 || 85,3 || 86,4 || 87,6 || 88,3 || 598,2
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna ý Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
mar a mhínítear thíos: Nóta: Líon fhoireann Cheannteideal 5 lena n‑áirítear
sonraí maidir le DG ELARG agus Toscaireachtaí an AE, ceanncheathrúna DG
AGRI/EMPL/REGIO agus lena n‑áirítear freisin laghdú ar líon na bpost a
bhaineann le Céimniú amach thoscaireachtaí na Cróite.] Líon fhoireann Cheannteideal 4 lena n‑áirítear
sonraí maidir le DG ELARG/EMPL/AGRI/REGIO Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil
ar a mhéad) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || 22 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) || 108,0 || 107,0 || 105,0 || 105,0 || 105,0 || 105,0 || 105,0 04 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 10,9 || 10,9 || 10,5 || 10,5 || 10,5 || 10,5 || 10,5 05 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) || 9 || 9 || 9 || 9 || 9 || 9 || 9 13 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin)[39] || 13 || 13 || 13 || 13 || 13 || 13 || 13 22 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 46,0 || 40,0 || 40,0 || 40,0 || 40,0 || 40,0 || 40,0 22 01 05 01 (Taighde indíreach) || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh 10 01 05 01 (Taighde díreach) || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh Pearsanra seachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: CLA)[40] || 22 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “clúdach iomlánaíoch") || 18,6 || 18,5 || 18,3 || 18,1 || 18,1 || 18,1 || 18,1 04 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “clúdach iomlánaíoch") || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ 05 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “clúdach iomlánaíoch") || 2,9 || 2,9 || 2,9 || 2,9 || 2,9 || 2,9 || 2,9 13 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “clúdach iomlánaíoch") || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 22 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 17,7 || 17,5 || 17,3 || 17,2 || 17,2 || 17,2 || 17,2 22 01 04 01/04 [41] || - sa Cheanncheathrú[42] || 102,3 || 100,1 || 98 || 96 || 93,9 || 91,9 || 90 - i dtoscaireachtaí || 399,5 || 400,6 || 401,7 || 402,8 || 403,9 || 404,9 || 405,9 04 01 04 13 i dtoscaireachtaí || 13,2 || 13,3 || 13,3 || 13,3 || 13,4 || 13,4 || 13,4 05 01 04 03 i dtoscaireachtaí || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 13 01 04 02 i dtoscaireachtaí || 39,7 || 39,8 || 39,9 || 40,0 || 40,1 || 40,2 || 40,3 22 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh 10 01 05 02 (CA, INT, SNE ‑ Taighde díreach) || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh Línte buiséid eile (sonraigh) || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh || n/bh IOMLÁN || 789,3 || 781 || 777,3 || 776,2 || 775,3 || 774,5 || 773,7 Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna
trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana
agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh
breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoin nós
imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta
buiséadacha. Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Pleanáil, clárú, bainistíocht agus faireachán ar chúnamh airgeadais Pearsanra seachtrach || Pleanáil, clárú, bainistíocht agus faireachán ar chúnamh airgeadais
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha 2014‑2020
ý Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil
2014‑2020. ¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an
togra/tionscnamh seo sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Mínigh
an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena
mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. ¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim
sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais
ilbhliantúil[43]. Mínigh
a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena
mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
ý Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh do chómhaoiniú le tríú
páirtithe ¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh‑mheasta
thíos: Leithreasaí
in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
ý Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar
ioncam. ¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse ¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR
milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim: || Leithreasaí atá ar fáil don chleachtadh buiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[44] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na
línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a
ríomh. [1] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na
hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
agus chuig Coiste na Réigiún, A Budget for Europe 2020 (Buiséad don
Eoraip 2020), COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011 [2] Five years of an enlarged EU – economic
achievements and challenges (Cúig Bliana den AE méadaithe ‑ mórghníomhartha
agus dúshláin eacnamaíochta) ‑ Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an
gComhairle, chuig an bParlaimint, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an BCE, an 20 Feabhra 2009 [3] an Chróit, Poblacht iar‑Iúgslavach na Macadóine, an
Íoslainn, Montainéagró agus an Tuirc [4] an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an
tSeirbia chomh maith leis an gCosaiv faoi Rún 1244/99 ó Chomhairle Slándála na
Náisiún Aontaithe [5] Rialachán 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 [6] Maidir le slándáil soláthair fuinnimh agus comhar
idirnáisiúnta ‑ The EU Energy Policy: Engaging with Partners beyond
Our Borders (Beartas Fuinnimh an AE: I mBun Oibre lenár gComhpháirtithe
thar Ár dTeorainneacha). COIM(2011) 539 an 7.09.2011 [7] i.e. síocháin agus slándáil, laghdú na
bochtaineachta, cabhair dhaonnúil, infheistiú i gcobhsaíocht agus i bhfás i
dtíortha an mhéadaithe agus i dtíortha comharsanachta, dul i ngleic le dúshláin
fhoriomlána, caighdeáin agus luachanna idirnáisiúnta agus an AE a chur chun
cinn, agus tacú le fás agus le hiomaíochas thar lear [8] IO L … [9] IO C, , lch. . [10] IO C, , lch. . [11] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na
hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
agus chuig Coiste na Réigiún, Buiséad don Eoraip 2020 (Buiséad don
Eoraip 2020), COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011. [12] IO L 210, 31.7.2006, lch. 82. [13] Faoi Rún Uimh. 1244/1999 ó Chomhairle Slándála
na Náisiún Aontaithe [14] IO L ..... [15] IO L 55, 28.2.2011, lch 13. [16] IO L … [17] IO L … [18] IO L … [19] IO L … [20] IO L … [21] IO L … [22] IO L … [23] IO L … [24] IO L 210, 31.7.2006, lch. 82‑93 [25] IO L 65, 7.3.2006, lch. 5 [26] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [27] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b)
den Rialachán Airgeadais. [28] Faoi Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún
Aontaithe [29] Tá cur chuige earnála maidir le pleanáil agus clárú an
chúnaimh bunaithe ar straitéisí tír‑earnála, cuirtear acmhainní le chéile ó
dheontóirí éagsúla faoi agus tá sé mar aidhm leis cuspóirí beartais níos
leithne a bhaint amach [30] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin BudgWeb:http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [31] Mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 185 den
Rialachán Airgeadais. [32] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí
neamhdhifreáilte [33] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [34] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha
is iarrthóirí ionchasacha ó na Balcáin Thiar. [35] Íocaíochtaí a bhaineann leis an
ionstraim IPA nua amháin [36] Déanfar na riachtanais airgeadais
maidir le tacaíocht do phobal Turcach na Cipire a chumhdach ón gclúdach
foriomlán arna leithdháileadh ar an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais go dtí
go ndéanfar an coigeartú atá beartaithe sa dara mír d'Airteagal 11 den
Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhlianúil do na
blianta 2014-2020 [37] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme [38] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme [39] 5 FTE ina measc, chun cúnamh IPA a
chur i gcrích sa Chróit in 2014 agus chun faireachán a dhéanamh ar an gcúnamh
sin. [40] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann
ghníomhaireachta ("Intérimaire”); JED= "Jeune Expert en
Délégation" (saineolaí óg i dToscaireachta); LA= Gníomhaire Áitiúil; SNE=
Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; [41] Faoin uasteorainn do phearsanra
seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte
"BA").
Áirítear sa líne buiséid seo freisin foráil maidir le 22
FTE chun an cúnamh do phobal Turcach na Cipire a chur chun feidhme, chun
faireachán a dhéanamh air agus chun deireadh a chur leis de réir a chéile. Cuirfear deireadh leis an bhforáil sin agus
aistreorfar é chuig an teideal ábhartha den teideal a luaithe is a dhéanfar an
coigeartú atá beartaithe sa dara mír d'Airteagal 11 den Rialachán ón
gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta
2014-2020. [42] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [43] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú
Idirinstitiúideach. [44] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a
bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais
bhailiúcháin a bheith bainte astu.