Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0798

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí

/* COIM/2011/0798 leagan deireanach - 2011/0364 (COD) */

52011PC0798

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí /* COIM/2011/0798 leagan deireanach - 2011/0364 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Ábhar an togra

Le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí[1], bunaítear toirmeasc ginearálta ar eití a bhaint de shiorcanna, cleachtas trína mbaintear na heití de shiorcanna, agus go n-aischuirtear fuílleach an tsiorca san fharraige.

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003, féadfaidh Ballstáit ceadanna speisialta iascaireachta a eisiúint lena gceadaítear próiseáil a dhéanamh ar bord, agus lenar féidir eití an tsiorca a bhaint dá chorp. Lena áirithiú go bhfeagraíonn meáchan na n-eití do mheachán na gcorp, bunaítear cóimheas idir eití agus conablach. Mar sin féin, ós rud é gur ar bord soithí a dhéantar an phróiseáil sin, is féidir na heití agus na coirp a chur i dtír i gcalafoirt dhifriúla. Bíonn na cigirí ag brath ar iontrálacha sa logleabhar lena chinneadh ar urramaíodh an lamháltas eití. I gcásanna den sórt sin, agus i bhfianaise na leibhéal éagsúil de rialú agus d’fhorfheidhmiú a dhéantar i gcalafoirt ar fud an domhain ina gcuirtear gabhálacha den sórt sin i dtír, féadfaidh sé tarlú, agus tarlaíonn sé, go mbaintear na heití de shiorcanna, agus is minic is deacair é a bhrath, gan trácht ar é a chruthú in imeachtaí dlíthiúla. Sna dálaí sin, cuirtear isteach ar bhailiú sonraí (e.g. aithint speiceas, stuchtúr pobal siorcanna) atá mar bhuntaca le comhairle eolaíoch chun bearta caomhnaithe agus bainistithe iascaigh a bhunú.

Tá roinnt gealltanas idirnáisiúnta tugtha ag an AE chun siorcanna a chosaint, i gcomhréir leis an gCód Iompair maidir le hIascach Freagrach de chuid FAO na Náisiún Aontaithe, agus go háirithe leis an bPlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Siorcanna (IPOA-Sharks) a ghlac FAO in 1999. Ba é an IPOA an bunús a bhí le Teachtaireacht 2009 ón gCoimisiún faoi Phlean Gníomhaíochta don Chomhphobal Eorpach maidir le siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú[2], lenar thug an tAontas gealltanas na bearta uile is gá a ghlacadh chun siorcanna a chaomhnú agus fuílleach agus ábhar muirí aischurtha ó ghabhálacha de shiorcanna a íoslaghdú. D’fhormhuinigh an Chomhairle an cur chuige ginearálta agus cuspóirí sonracha an Aontais mar a leagtar síos sa Teachtaireacht sin[3]. Tá roinnt eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh, e.g. an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha (ICCAT) agus an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) ag tabhairt aghaidh freisin ar an bhfadhb agus meastar go bhfuil fadhbanna rialaithe agus éifeachtúlachta ag baint leis na cóimheasa a úsáidtear mar uirlis chun cruthúnas a thabhairt nach mbaintear na heití de shiorcanna. Is léir go bhfuil go leor eolaithe sna heagraíochtaí sin go mór i bhfabhar na siorcanna a chur i dtír agus a n-eití orthu ó nádúr.

Admhaíonn an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) go bhfuil fadhb ann i dtaobh eití a bheith á mbaint de shiorcanna agus tá sé molta aige gur cheart gach speiceas Elasmobranchii a chur i dtír agus na heití orthu.

Dá bhrí sin, d’fhonn bainistiú agus caomhnú cuí na stoc de shiorcanna a áirithiú, is iomchuí an Rialachán seo a leasú.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

D’eagraigh an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne, idir an 15.11.2010 agus an 21.2.2011, chun faisnéis a bhailiú faoin tslí is oiriúnaí inar cheart Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle a leasú. Léiríonn torthaí an chomhairliúcháin sin gurb é rogha na tosaíochta gan na heití a bhaint de na siorcanna. Ní dhearnadh measúnú tionchair.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é an príomhbheart atá le déanamh Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle a leasú agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith mar bhunús dlí leis an leasú sin.

Tagann an togra faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh agus urramaítear prionsabal na comhréireachta.

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim atá beartaithe ar an ábhar nach mbeadh aon mhodh eile oiriúnach ar an mbonn gur le Rialachán a leasaítear Rialachán.

4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.

2011/0364 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí[4], bunaítear toirmeasc ginearálta ar eití a bhaint de shiorcanna, cleachtas trína mbaintear na heití de shiorcanna, agus go n-aischuirtear fuílleach an tsiorca san fharraige.

(2) Bíonn iasc a bhaineann leis an tacsón Elasmobranchii, lena n-áirítear siorcanna, sciataí agus roic, an-leochaileach i gcoitinne ó thaobh róshaothrú de i ngeall ar a saintréithe saolré ar a bhfuil fás mall, aibíocht mhall agus líon beag iasc óg. Le blianta beaga anuas, táthar ag díriú go mór ar roinnt pobal siorcanna agus tá siad faoi bhagairt thromchúiseach de bharr méadú tobann ar an éileamh atá ar tháirgí siorca, go háirithe na heití.

(3) I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003, féadfaidh Ballstáit ceadanna speisialta iascaireachta a eisiúint lena gceadaítear próiseáil a dhéanamh ar bord, agus lenar féidir eití an tsiorca a bhaint dá chorp. Lena áirithiú go bhfreagraíonn meáchan na n-eití do mheachán na gcorp, bunaítear cóimheas idir eití agus conablach, ach is féidir, mar sin féin, tar éis na n-oibríochtaí próiseála, na heití agus na coirp a chur i dtír i gcalafoirt dhifriúla. I gcásanna den sórt sin, ní féidir úsáid éifeachtach a bhaint as an gcóimheas agus féadfaidh sé tarlú go mbainfear eití de shiorcanna. Sna dálaí sin, cuirtear isteach ar bhailiú sonraí, e.g. aithint speiceas nó stuchtúr pobal siorcanna, atá mar bhuntaca le comhairle eolaíoch chun bearta caomhnaithe iascaigh a bhunú.

(4) In 1999, ghlac Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) an Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú; bhí an Plean sin mar bhunús le Teachtaireacht 2009 ón gCoimisiún faoi Phlean Gníomhaíochta don Chomhphobal Eorpach maidir le siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú[5], lenar thug sé gealltanas na bearta uile is gá a ghlacadh chun siorcanna a chaomhnú agus fuílleach agus ábhar muirí aischurtha ó ghabhálacha de shiorcanna a íoslaghdú. D’fhormhuinigh an Chomhairle an cur chuige ginearálta agus cuspóirí sonracha an Aontais mar a leagtar síos sa Teachtaireacht sin[6].

(5) Admhaíonn an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) go bhfuil fadhb ann i dtaobh eití a bheith á mbaint de shiorcanna agus tá sé iarrtha aige an fhadhb sin a dhíothú gan eisceacht, agus tá sé molta aige gur cheart gach speiceas Elasmobranchii a chur i dtír agus na heití orthu.

(6) Is minice anois a thugann eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh aghaidh ar an tsaincheist na heití a bheith á mbaint de shiorcanna agus is léir go bhfuil a gcomhlachtaí eolaíochta i bhfabhar na siorcanna a chur i dtír agus a n-eití orthu ó nádúr.

(7)             In 2010-2011, mar chuid den mheasúnú tionchair is gá a dhéanamh, d’eagraigh an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí chun faisnéis a bhailiú faoin tslí is oiriúnaí inar cheart Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 a leasú. Is í an chonclúid a bhí ar an measúnú tionchair sin gur cheart an Rialachán a leasú le go gcaithfear na siorcanna uile a chur i dtír agus a n-eití orthu. Is gá agus is iomchuí le go mbainfear amach an bunchuspóir stoic siorcanna a chaomhnú, agus i bhfianaise an chomhairliúcháin phoiblí, Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 mar a leanas:

(1) Scriostar pointe 3 d’Airteagal 2.

(2) Cuirtear mír 1a a leanas i ndiaidh mhír 1 d’Airteagal 3:

"1a. Gan dochar do mhír 1, agus d’fhonn stóráil ar bord a éascú, féadfar eití an tsiorca a shliseadh gan iad a scoitheadh agus iad a fhilleadh le hais an chonablaigh.”

(3) Scriostar Airteagal 4.

(4) Scriostar Airteagal 5.

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6 Tuarascálacha

1. I gcás ina ndéanfaidh soithí iascaireachta faoi bhratach Ballstáit siorcanna a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a chur i dtír, cuirfidh Ballstát na brataí tuarascáil bhliantúil chuimsitheach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Bealtaine ar a dhéanaí. Beidh tuairisc tugtha sa tuarascáil ar an bhfaireachán a rinneadh ar an tslí ar chomhlíon na soithí an Rialachán seo, agus ar na bearta forfheidhmithe a rinne Ballstáit i gcás neamhchomhlíonta. Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:

– Líon na ngabhálacha de shiorcanna a cuireadh i dtír;

– Líon na gcigireachtaí a rinneadh;

– Líon agus cineál na gcásanna de neamhchomhlíonadh a aimsíodh, lena n-áirítear sainaithint iomlán an tsoithigh nó na soithí lena mbaineann.

2. Tar éis an dara tuarascáil bhliantúil a bheith curtha isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2016, tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar oibriú an Rialacháin seo agus ar na forbairtí idirnáisiúnta atá déanta sa réimse seo.”

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 167, 4.7.2003, lch. 2.

[2]               COIM(2009)40

[3]               AE CO 7723/09, 17 Márta 2009.

[4]               IO L 167, 4.7.2003, lch. 2.

[5]               COIM(2009)40

[6]               AE CO 7723/09, 17 Márta 2009.

Top