Изберете експерименталните функции, които искате да изпробвате

Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.

Документ 52011PC0788

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear “ERASMUS DO CHÁCH”Clár an Aontais um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um an Spórt

    /* COIM/2011/0788 leagan deireanach - 2011/0371 (COD) */

    52011PC0788

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear “ERASMUS DO CHÁCH”Clár an Aontais um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um an Spórt /* COIM/2011/0788 leagan deireanach - 2011/0371 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    I Meitheamh 2010, thacaigh an Chomhairle Eorpach le hEoraip 2020, clár oibre athchóiriúcháin arb é is aidhm dó cuidiú leis an Eoraip teacht slán ón ngéarchéim ina bhfuil sí agus í féin a dhéanamh níos láidre fós dá réir sin, rud a dhéanfar trí straitéis chomhordaithe agus chuimsitheach maidir le fás cliste, uilechuimsitheach agus inbhuanaithe.

    Tá an t‑oideachas agus an oiliúint ag croílár na straitéise Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus tá siad ag croílár na dTreoirlínte comhtháite maidir le beartais eacnamaíocha agus fostaíochta na mBallstát.[1]. D’fhéadfaí a áitiú nach mbainfear amach ceann ar bith de chuspóirí ná de phríomhspriocanna “Eoraip 2020” mura ndéanfar infheistíocht mhór i gcaipiteal daonna. Braitheann cúig cinn de thionscnaimh shuaitheanta “Eoraip 2020” ar an oideachas agus an oiliúint a nuachóiriú: An Óige ag Bogadh, Clár do Phoist agus do Scileanna Nua, chomh maith leis an gClár Oibre Digiteach, an tAontas Nuálaíochta agus an Clár Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta.

    Ina Theachtaireacht “A Budget for Europe” (Buiséad don Eoraip)[2], cuireann an Coimisiún in iúl gur féidir níos mó tacaíochta ón Aontas a thabhairt don oideachas agus don oiliúint d’fhonn scileanna na saoránach a fheabhsú agus d’fhonn dul i ngleic leis na hardleibhéil dífhostaíochta i measc an ógra atá i roinnt mhaith de na Ballstáit. Tá an Coimisiún ar a dhícheall a léiriú go ndíreoidh sé ina ghníomhaíocht sheachtrach ar luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn thar lear, ar chúnamh do phróisis thrasnáisiúnta agus dhaonlathacha a chur chun cinn agus ar an ngné sheachtrach a bhaineann le beartais inmheánacha a réamh‑mheas.

    2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

                  Comhairliúcháin

    Cuireadh comhairliúcháin phoiblí agus comhairliúcháin le geallsealbhóirí leasmhara ar siúl go forleathan idir tús na bliana 2010 agus lár na bliana 2011 chun plé a dhéanamh ar an oideachas, ar an oiliúint, ar an óige agus ar an spórt.

    Maidir leis an oideachas, an oiliúint agus an óige, sonraíodh go raibh go leor de na geallsealbhóirí éagsúla ar aon fhocal fúthu sin, agus seo a leanas achoimre ar ghnéithe coiteanna de na tuairimí a nochtadh:

    · Bhíothas an‑sásta leis na torthaí a baineadh amach leis an gclár Foghlama ar feadh an tSaoil, an clár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta”, agus an clár Erasmus Mundus.

    · An gá le cur chuige níos comhtháite a chuimsíonn na hearnálacha oideachais go léir a fhorbairt i gcomhpháirt le cláir eile a bhaineann leis an óige agus idir na cláir reatha ardoideachais de chuid an Aontais, bídís laistigh den Eoraip (Erasmus), domhanda (Erasmus Mundus), réigiúnach (Tempus, Alfa, Edulink) nó déthaobhach (leis na Stáit Aontaithe nó le Ceanada, mar shampla);

    · An gá le naisc idir forbairtí beartais agus gníomhaíochtaí tacaithe an chláir a dhéanamh níos láidre;

    · An tábhacht a bhaineann le leanúint de bheith ag díriú ar chaighdeán an oideachais, go háirithe san ardoideachas laistigh den Aontas agus lasmuigh de;

    · An tábhacht a bhaineann le hionstraimí an Aontais a choimeád ar bun chun tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil don aos óg, agus gur gá torthaí na foghlama sin a aithint níos fearr;

    · An gá le simpliú a dhéanamh ar an gcóras riaracháin, ar ghníomhaíochtaí agus ar thosaíochtaí;

    · An gá leis an gclár a dhéanamh níos infheicthe.

    Maidir leis an spórt, seo a leanas achoimre ar na pointí is mó ar leag na geallsealbhóirí béim orthu:

    · Go bhfuil easpa gníomhaíochta spóirt agus gníomhaíochta coirp ar fáil ar gach leibhéal oideachais;

    · Nach dtugtar dóthain aitheantais don ghníomhaíocht dheonach sa spórt;

    · Gur baol mór í an dópáil don chothromaíocht i gcomórtais spóirt;

    · Nach dtugtar dóthain aitheantais do luach sóisialta an spóirt i gcomparáid leis na gnéithe tráchtála a bhaineann leis;

    · Go bhfuil an brú a ghabhann leis na gnéithe tráchtála sin ag cur bhunspiorad an spóirt atá bunaithe ar chothrom na Féinne i gcontúirt.

                  Torthaí na measúnuithe tionchair

    Rinneadh ceithre mheasúnú tionchair ar fheidhmiú trí cinn de chláir atá ar bun i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige (eadhon an Clár Foghlama ar feadh an tSaoil, an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus Erasmus Mundus) agus, i gcás an spóirt, ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin a vótáil an tÚdarás Buiséadach.

    Ós rud é gur beag idir na cuspóirí, an bunús dlí agus inniúlachtaí an Aontais sna réimsí sin go léir, measann gach measúnú tionchair roghanna comhchosúla: scoir de na gníomhaíochtaí reatha nó de na cláir reatha; leanúint díobh san fhoirm ina bhfuil siad anois; fócas a mbeartas a neartú go substaintiúil; agus an clár Foghlama ar feadh an tSaoil, an clár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus an clár Erasmus Mundus a thabhairt le chéile in aon Chlár simplithe amháin.

    Is é an rogha tosaíochta a aithníodh i ngach ceann de na ceithre mheasúnú tionchair na cláir a chumasc i gclár aonair, rud atá i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a glacadh an 29 Meitheamh 2011. Bheadh an rogha sin mar an rogha ba chomhtháite agus ba chost‑éifeachtúla, ar na cúiseanna seo a leanas:

    – Tugtar freagra léi ar an ngá atá ann le hinfheistíocht mhéadaithe ón Aontas in Oideachas agus in Oiliúint le linn na ngéarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha seo atá os ár gcomhair faoi láthair, mar braitheann geilleagar atá ag dul i méid ar oibrithe ardoilte a bheith ar fáil agus ar leas a bhaint as scileanna agus as inniúlachtaí daoine atá dífhostaithe;

    – Dírítear inti ar na gníomhaíochtaí sin a aithníodh sna cláir reatha mar na cinn lena mbaineann an breisluach Eorpach is airde agus na héifeachtaí iolraitheora is láidre, agus déantar iad a fhorbairt. Beidh tionchar inbhraite ag an méid sin ar chórais oideachais agus oiliúna na hEorpa agus ar an gcaoi sin gheofar torthaí i bhfad níos fearr ar infheistíocht;

    – Trí iarrachtaí a dhíriú laistigh den ailtireacht cláir cuíchóirithe nua cumasófar sineirgí níos mó i measc na gclár atá ann cheana féin agus ar fud earnálacha éagsúla oideachais, agus ar an gcaoi sin tacaítear leis an gcur chuige um fhoghlaim ar feadh an tsaoil i leith oideachais, méadaítear comhchuibheas agus cuirtear feabhas ar an rochtain do thairbhithe féideartha trí shraith príomhghníomhaíochtaí idirdhisciplíneacha cuíchóirithe;

    – Thar an gcomhar idir na hinstitiúidí oideachais féin, cuirtear béim níos láidre ar ról ríthábhachtach an oideachais agus an chaipitil dhaonna le haghaidh nuálaíochta trí chomhpháirtíochtaí bunaithe ar oideachas a chur chun cinn, ina ndírítear ar bharr feabhais i dteagasc agus i bhfoghlaim, in infhostaitheacht agus i bhfiontraíocht;

    – Ar deireadh, cuimsítear léi freisin cuíchóiriú agus simpliú nósanna imeachta bainistíochta, lena gcuirtear acmhainneacht shuntasach ar fáil chun costais cur chun feidhme a laghdú i gcomparáid le suim na gcostas cur chun feidhme a bhaineann leis na cláir reatha (i.e. Foghlaim ar Feadh an tSaoil, an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus na cláir chomhair maidir leis an Ardoideachas le tríú tíortha)

                  Simpliú

    I gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), tá sé ar cheann de thosaíochtaí an Chláir seo béim a leagan ar chuíchóiriú agus ar shimpliú agus cistí a leithdháileadh de réir na feidhmíochta. Cuirtear an cur chuige seo i bhfeidhm sa Chlár “Erasmus do Chách” trí bhíthin é a bhunú ar rialacha an Rialacháin Airgeadais.

    Laghdófar leis an gClár líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi láthair. Úsáidfear níos mó deontais ráta chomhréidh le feabhas a chur ar éifeachtúlacht; úsáidfear go forleathan samplaí rathúla amhail na deontais chnapshuime a thugtar do mhic léinn Erasmus ar mhaithe le soghluaisteacht. Ní hiad na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a bhainisteoidh soghluaisteacht daoine aonair feasta agus laghdófar an t‑ualach oibre riaracháin dá réir sin.

    Beidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta ina bpríomhphointe iontrála le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama amach anseo, gníomhaíochtaí ina mbeidh an t‑aos óg in ann páirt a ghlacadh, bídís ag glacadh páirte iontu mar mhic léinn, mar dhaoine faoi oiliúint nó mar shaorálaithe. Déanfar an clár níos áisiúla freisin do na hinstitiúidí rannpháirteacha ardoideachais ar leibhéal idirnáisiúnta trí bhíthin comhtháthú a dhéanamh ar na cláir éagsúla atá ann chun an comhar idirnáisiúnta a chothú.

    3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    Tá bonn údair le “Erasmus do Chách”, Clár Aonair an Aontais i réimsí an Oideachais, na hOiliúna, na hÓige agus an Spóirt, ar fhorais na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 165 agus in Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ar fhorais phrionsabal na coimhdeachta.

    Iarrtar in Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar an Aontas Eorpach beart a dhéanamh d’fhonn rannchuidiú “le hoideachas de chaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais agus a n‑éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú aige”.

    Sonraítear in Airteagal 166 go gcuirfidh “an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú aige”.

    Sonraítear sa dá Airteagal go gcothóidh an tAontas agus na Ballstáit an comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil faoi seach maidir leis an oideachas agus an spórt (Airteagal 165(3)) agus maidir leis an ngairmoiliúint (Airteagal 166(3)).

    Faoi mar a sonraíodh sna meastóireachtaí eatramhacha a rinneadh ar an gclár Foghlama ar feadh an tSaoil, ar an gclár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus ar an gclár Erasmus Mundus, tógtar breisluach Eorpach an chláir ó shainghné nuálach agus thrasnáisiúnta na ngníomhaíochtaí a dhéantar agus na dtáirgí agus na gcomhpháirtíochtaí a gcuidíonn sé lena bhforbairt ar fud na hEorpa. Trí chomhar rathúil a spreagadh idir córais oideachais agus oiliúna na mBallstát agus i réimsí na hóige agus an spóirt, chuideofaí le beartais agus le cleachtais rathúla a spreagann an fhoghlaim dá chéile a shainaithint agus a chur chun feidhme.

    Agus bearta cur chun feidhme a nglacadh leis, go háirithe an beart sin a thagraíonn do leithdháileadh cistí, foráiltear leis an Rialachán an nós imeachta scrúdúcháin a chur i bhfeidhm de réir na bhforálacha atá leagtha amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Cuirfear cinntí roghnúcháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiúin mar eolas.

    Tugtar isteach leis an Rialachán freisin na cumhachtaí tarmligin atá bunaithe ar Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá úsáid na hionstraime nua dlí seo teoranta do leasú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann leis na critéir feidhmíochta agus leis na gníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.

    I bhfianaise na gclár a reáchtáladh cheana, d’fhéadfadh sé gur gá athbhreithniú a dhéanamh le linn an chláir ar na forálacha in Airteagal 13(7) agus in Airteagal 22(2) a bhaineann faoi seach leis na critéir feidhmíochta agus leis na gníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Bhí sé d’ábhar cáinte ag na príomhgheallsealbhóirí sna réimsí atá i dtrácht go bhfuil easpa solúbthachta sa chlár Foghlama ar feadh an tSaoil, sa chlár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus sa chlár Erasmus Mundus agus nach bhfuil dóthain uirlisí ann chun an clár a oiriúnú do riachtanais athraitheacha na sochaí ina mairimid.

    Cuirtear tuairim na mBallstát san áireamh trí bhíthin comhairliúchán córasach a dhéanamh le saineolaithe. Leathnófar an comhairliúchán chun saineolaithe arna gceapadh ag Parlaimint na hEorpa a áireamh d’fhonn a áirithiú go mbeidh ardleibhéal ionadaíochta ann. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, más iomchuí, leis na geallsealbhóirí ábhartha atá sna réimsí atá i dtrácht freisin.

    4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Leis an togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014-2020, foráiltear EUR 17 299 000 000 (praghsanna reatha) do Chlár aonair maidir leis an Oideachas, leis an Oiliúint, leis an Óige agus leis an Spórt a reáchtáil, agus tiocfar méid sa bhreis comhionann le EUR 1 812 100 000 (praghsanna reatha) óna bheith ag stiúradh 4 ionstraim.

    Leithdháileadh íosta cistí de réir earnála

    D’fhonn a áirithiú nach laghdófar leibhéil an chistithe arna leithdháileadh ar na príomhchatagóirí geallsealbhóirí agus tairbhithe faoi bhun na méideanna a ráthaíodh faoin gclár Foghlama ar feadh an tSaoil, agus faoin gclár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus faoin gclár Erasmus Mundus le haghaidh na tréimhse 2007-2013, ní thiocfaidh as cur chun feidhme an Chláir leithdháileadh ar na príomhearnálacha oideachais is lú ná na méideanna seo a leanas:

    – Ardoideachas: 25%

    – Gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach: 17%, arna roinnt mar seo - foghlaim aosach: 2%

    – Oideachas scoile: 7%

    – An óige: 7%

    5.           ACHOIMRE AR AN RIALACHÁN

    Tá leagtha amach sa Rialachán na forálacha maidir le clár nua aonair lena gcumhdaítear Oideachas, Oiliúint, an Óige agus an Spórt ar a dtugtar “Erasmus do Chách”. Ag é ag cur leis an aitheantas forleathan a fhaigheann clár earnála Erasmus, is é is aidhm don chlár tacú le gach earnáil oideachais (eadhon Ardoideachas, Gairmoideachas agus Gairmoiliúint agus foghlaim aosach, oideachas scoile agus an Óige) ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil.

    Tá an clár “Erasmus do Chách” dírithe ar thrí chineál príomhghníomhaíochta, eadhon soghluaisteacht thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta foghlama na mac léinn, na ndaoine óga, na múinteoirí agus na bhfoirne; comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais idir na hinstitiúidí oideachais, chomh maith le comhar le comhlachtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus an tacaíocht a thugtar do chláir oibre na mbeartas; agus anuas air sin an tacaíocht a thugtar d’acmhainní a fhorbairt i dtríú tíortha, lena n‑áirítear tíortha ina ndírítear go háirithe ar thíortha comharsanachta agus ar an idirphlé maidir le beartas idirnáisiúnta.

    I gcomhréir leis an Teachtaireacht “A Budget for Europe 2020” (Buiséad don Eoraip 2020), Le Erasmus do chách déanfar cláir idirnáisiúnta reatha (Erasmus Mundus, Tempus, Edulink agus Alfa) agus cláir chomhair le haghaidh tíortha tionsclaithe a lánpháirtiú. Chuige sin, comhlánófar buiséad an Chláir le leithdháiltí airgeadais ó na hionstraimí éagsúla um chomhar seachtrach. Cuirfear cistí ar fáil ar bhonn dhá leithdháileadh ilbhliantúla ina gcuimseofar 4 bliana agus 3 bliana faoi seach d’fhonn cobhsaíocht agus intuarthacht a áirithiú. Ba cheart go léireodh na leithdháiltí sin tosaíochtaí an AE maidir le gníomhaíocht sheachtrach, lena n‑áirítear cuspóirí forbartha de réir mar is iomchuí. Féadfar iad a choigeartú i gcás imthosca gan choinne nó i gcás mórathruithe polaitiúla chun mórathruithe ar thosaíochtaí na mbeartas a léiriú.

    Cuimsítear feabhas sa teagasc agus sa taighde maidir leis an Staidéar Eorpach in alt ar leith faoi “Jean Monnet”. Tá caibidil ar leith ann faoin spórt ina ndírítear ar an gcomhrac i gcoinne na dópála, an fhoréigin agus an chiníochais agus ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta a chothú d’fhonn dea-rialachas ar eagraíochtaí spóirt a chur chun cinn.

    Tugtar isteach ionstraim airgeadais nua – saoráid ráthaíochta iasachta – le cur ar chumas mac léinn céim mháistreachta a bhaint amach i dtír eile de chuid na hEorpa. Faoi láthair is deacair maoiniú a fháil chun staidéar den chineál sin a dhéanamh toisc gur minic nach ceadmhach deontais agus iasachtaí náisiúnta a thabhairt thar theorainneacha náisiúnta, nó toisc nach mbíonn maoiniú ar fáil do mhic léinn mháistreachta, agus bíonn iasachtaí ó bhainc phríobháideacha róchostasach. D’fhonn na fadhbanna seo a réiteach, tabharfaidh an AE ráthaíocht pháirteach d’institiúidí airgeadais (bainc nó gníomhaireachtaí a thugann iasachtaí do mhic léinn) atá sásta iasachtaí a thairiscint do staidéar máistreachta i dtíortha rannpháirteacha eile i dtéarmaí atá fabhrach do na mic léinn.

    Ó thaobh na bainistíochta de, bainisteofar an clár i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta indírí. Roinnfear freagrachtaí an chláir idir na Ballstáit agus an Coimisiún araon. Is iad na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a bheidh i gceannas ar bhunáite na gcistí, agus déanfar an chuid is mó díobh sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta agus ar chomhar. Tarmligfidh an Coimisiún do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin cúram na bainistíochta ar thionscadail mhóra chomhair, ar thacaíocht beartais, ar an Líonra Eurydice, chomh maith le gníomhaíochtaí Jean Monnet agus gníomhaíochtaí spóirt. Dá bhrí sin, ar bhonn anailís chostais is sochair, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an ngníomhaireacht feidhmiúcháin reatha chun an clár “Erasmus do Chách” a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse 2014-2020, faoi mar a fhoráiltear dó i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 [3] 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin.

    2011/0371 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear “ERASMUS DO CHÁCH” Clár an Aontais um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um an Spórt

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 “A Budget for Europe” (Buiséad don Eoraip)[6] éilítear clár aonair i réimsí an Oideachais, na hOiliúna, na hÓige agus an Spóirt, lena n‑áirítear gnéithe idirnáisiúnta an ardoideachais, ina dtabharfar le chéile an clár gníomhaíochta um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006[7], agus an clár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006[8], an clár gníomhaíochta Erasmus Mundus a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008[9], an clár ALFA III a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1905/2006/CE an 18 Nollaig 2006[10], na cláir TEMPUS agus EDULINK chun a áirithiú go mbainfear amach éifeachtúlacht níos mó, fócas straitéiseach níos láidre agus sineirgí a bhainfear leas astu idir na gnéithe éagsúla den chlár aonair. Ina theannta sin tá sé beartaithe an Spórt a chuimsiú mar chuid den chlár aonair seo.

    (2) Sna tuarascálacha eatramhacha measúnaithe ar an gclár Foghlama ar feadh an tSaoil, ar an gclár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus ar an gclár Erasmus Mundus, agus sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh faoi gníomhaíocht an Aontais a dhéanfar amach anseo san oideachas, san oiliúint, san óige agus san ardoideachas, léiríodh go bhfuil gá mór agus, ar bhealach, gá atá ag éirí níos mó, le leanúint den chomhar agus den tsoghluaisteacht sna réimsí sin ar an leibhéal Eorpach. Sna tuarascálacha measúnaithe, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé na naisc idir cláir an Aontais agus forbairtí beartais san oideachas, san oiliúint agus san óige a dhéanamh níos dlúithe, iarradh go ndéanfaí gníomhaíocht an Aontais a struchtúrú sa chaoi is go bhfreagróidh sí níos fearr do pharaidím na foghlama ar feadh an tsaoil, agus éilíodh cur chuige níos simplí, níos áisiúla agus níos solúbtha maidir leis an ngníomhaíocht sin a chur chun feidhme, agus éilíodh deireadh a chur le hilroinnt na gclár um chomhar idirnáisiúnta ardoideachais.

    (3) Toisc go n‑aithnítear an t‑ainm branda “Erasmus” go forleathan i measc an phobail i gcoitinne agus sna tríú tíortha rannpháirteacha mar chlár a chuireann soghluaisteacht foghlaimeoirí chun cinn, ba cheart leas níos mó a bhaint as an mbranda sin trí bhíthin na bpríomhearnálacha oideachais a chuimsítear leis an gClár.

    (4) Sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh maidir le roghanna straitéiseach an Aontais chun inniúlacht nua an AE a chur chun feidhme i réimse an spóirt agus sa tuarascáil mheasúnaithe maidir le Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin i réimse an spóirt, cuireadh táscairí áisiúla ar fáil maidir leis na réimsí tosaíochta le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais, agus léiríodh an breisluach a d’fhéadfadh an tAontas a sholáthar ó thaobh tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar thaithí agus ar eolas faoi cheisteanna éagsúla a bhaineann leis an spórt ar an leibhéal Eorpach a ghiniúint, a chomhroinnt agus a scaipeadh.

    (5) Tá an Straitéis Eorpach maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (Eoraip 2020) ag croílár straitéis fáis an Aontais le haghaidh na ndeich mbliana atá amach romhainn chun fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chothú. Leagtar amach inti cúig chuspóir uaillmhianacha atá le baint amach faoin mbliain 2020, go háirithe i réimse an oideachais, chun rátaí luathfhágála na scoile a laghdú faoi bhun 10% agus le cur ar chumas 40% ar a laghad de dhaoine idir 30 agus 34 bliain d’aois ardoideachas a chríochnú[11]. Áirítear inti freisin a tionscnaimh shuaitheanta, go háirithe “An Óige an Bogadh”[12] agus an Clár do Phoist agus do Scileanna Nua.[13].

    (6) D’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh an 12 Bealtaine 2009 go mbunófaí creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint (ET 2020), lena mbunófaí ceithre chuspóir straitéiseacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann i gcónaí maidir le hEoraip eolasbhunaithe a chruthú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur ar fáil do chách.

    (7) De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú ar an Aontais Eorpaigh agus de bhun Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha, déanfar leis an gclár comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach.

    (8) Ba cheart a áireamh sa chlár gné láidir idirnáisiúnta go háirithe maidir leis an ardoideachas, ní amháin chun caighdeán an ardoideachais Eorpaigh a fheabhsú d’fhonn cuspóirí ET2020 a bhaint amach agus chun an tAontas a dhéanamh níos mealltaí mar cheann scríbe staidéir, ach chun an chomhthuiscint idir daoine a chur chun cinn agus chun cur le forbairt inbhuanaithe an ardoideachais sna tríú tíortha freisin.

    (9) Sa chreat athnuaite um chomhar i réimse na hóige (2010-2018)[14] ba cheart breathnú ar gach duine óg mar acmhainn sa tsochaí agus seasamh lena gceart chun páirt a ghlacadh i bhforbairt na mbeartas a dhéanfaidh difear dóibh trí idirphlé leanúnach struchtúrtha idir cinnteoirí agus daoine óga agus eagraíochtaí óige ar gach leibhéal.

    (10) Chun an tsoghluaisteacht, an cothromas agus barr feabhais sa staidéar a chothú, ba cheart don Aontas saoráid Eorpach a bhunú chun iasachtaí a ráthú, le cur ar chumas mac léinn, beag beann ar a dtosca sóisialta, a gcéim mháistreachta a dhéanamh i dtír rannpháirteach eile. Ba cheart an tsaoráid sin a bheith ar fáil d’institiúidí airgeadais atá sásta iasachtaí a thairiscint chun staidéar máistreachta a dhéanamh i dtíortha rannpháirteacha eile i dtéarmaí atá fabhrach do na mic léinn.

    (11) Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Tá le tuiscint uaidh sin freisin gur cheart víosaí do na rannpháirtithe a thabhairt amach gan mhoill d’fhonn a áirithiú nach gcaillfidh aon rannpháirtí amach ar an staidéar iomlán ná ar chuid den staidéar, de chlár oiliúna ná de chlár malairte, agus d’fhonn cealuithe ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail shoghluaisteachta a sheachaint. I gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí[15], spreagtar na Ballstáit chun nósanna imeachta brostaithe um ligean isteach a bhunú.

    (12) Sa Teachtaireacht Supporting growth and jobs – an agenda for the modernisation of Europe's higher education systems (Ag tacú le fás agus poist – clár oibre chun córais ardoideachais na hEorpa a nuachóiriú), tá creat leagtha amach trína bhféadfaidh an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus na hinstitiúidí ardoideachais comhoibriú le líon na gcéimithe a ardú, caighdeán an oideachais a fheabhsú agus féachaint chuige go rannchuideoidh an t‑ardoideachas agus an taighde a mhéid is féidir chun cabhrú lenár ngeilleagair agus lenár sochaithe teacht slán ón ngéarchéim agus iad níos láidre fós.

    (13) Le Dearbhú Bologna, a shínigh na hAirí Oideachais ó 29 tír Eorpacha an 19 Meitheamh 1999, bunaíodh próiseas idir-rialtasach arb é is aidhm dó “Limistéar Eorpach Ardoideachais” a chruthú óna dteastaíonn tacaíocht ar leibhéal an Aontais.

    (14) Le Próiseas Chóbanhávan (2011-2020) athnuaite, sainíodh fís uaillmhianach agus dhomhanda maidir le Gairmoideachas agus Gairmoiliúint san Eoraip, agus iarradh ar Chláir Oideachais de chuid an Aontais tacaíocht a thabhairt do na tosaíochtaí comhaontaithe, lena n‑áirítear soghluaisteacht idirnáisiúnta agus athchóirithe arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit.

    (15) Is gá an comhar Eorpach idir scoileanna, agus soghluaisteacht na bhfoirne scoile agus na bhfoghlaimeoirí a neartú agus a dhéanamh níos líonmhaire d’fhonn dul i ngleic leis na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Chlár Oibre le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le scoileanna i gcomhair an 21ú haois[16], eadhon feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais scoile san Aontas i réimsí na forbartha inniúlachtaí agus d’fhonn an cothromas agus cuimsiú sna córais agus sna hinstitiúidí scoile a fheabhsú, agus chun gairm na múinteoireachta agus ceannasaíocht na scoileanna a threisiú[17]. Sa chomhthéacs seo, ba cheart béim ar leith a leagan ar na spriocanna straitéiseacha maidir le ráta luathfhágála na scoile a laghdú, le feidhmíocht i mbunscileanna a fheabhsú, le rannpháirtíocht agus le caighdeán an oideachais agus an chúraim luath‑óige a fheabhsú[18], agus ar na spriocanna maidir le hinniúlachtaí gairmiúla na múinteoirí scoile agus na gceannairí scoile a láidriú[19], agus feabhas a chur ar na deiseanna oideachais do leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo agus na leanaí sin atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch [20].

    (16) Is é is aidhm don Chlár Oibre Eorpach athnuaite d’Fhoghlaim Aosach atá ar áireamh i Rún ón gComhairle an [....][21] a chur ar chumas gach aosaigh a gcuid scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú i rith a saoil, agus leagtar béim ar leith ar fheabhas a chur ar an soláthar don líon ard Eorpach atá ar bheagán oiliúna, dream a ndírítear orthu in Eoraip 2020.

    (17) Fóram Eorpach na hÓige, na Lárionaid Náisiúnta um Aitheantas Acadúil (NARIC), na líonraí Eurydice, Euroguidance agus Eurodesk, mar aon leis na Seirbhísí Tacaíochta Náisiúnta um Ríomhnascadh, na Lárionaid Náisiúnta Europass, agus na hOifigí Faisnéise Náisiúnta sna tíortha comharsanachta, is fíor-riachtanach go ndéanfaidh siad siúd gníomhaíocht d’fhonn cuspóirí an chláir a bhaint amach, go háirithe trí fhaisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiúin ar bhonn rialta maidir lena réimsí éagsúla gníomhaíochta agus trí thorthaí an Chláir a scaipeadh san Aontas agus sna tríú tíortha rannpháirteacha.

    (18) Caithfear comhar idir an Clár agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, go háirithe i gcomhpháirt le Comhairle na hEorpa, a neartú.

    (19) Ba cheart don chlár rannchuidiú le barr feabhais a fhorbairt sa staidéar ar an lánpháirtíocht Eorpach ar fud an domhain; ba cheart dó tacú go háirithe le hinstitiúidí a bhfuil struchtúr rialachais Eorpaigh acu, a chuimsíonn speictream iomlán na réimsí beartais is inspéise don Aontas, agus atá ina n‑eagraíochtaí neamhbhrabúis a bhronnann céimeanna aitheanta acadúla.

    (20) Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún Developing the European Dimension in Sport (An Ghné Eorpach den Spórt a Fhorbairt)[22] an 18 Eanáir 2011, tá leagtha amach smaointe an Choimisiúin maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt tar éis don Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, agus moltar ann liosta de ghníomhaíochtaí tairbhiúla don Choimisiún agus do na Ballstáit i dtrí chaibidil leathana: ról an spóirt sa tsochaí, an ghné eacnamaíoch a bhaineann leis an spórt agus eagrúchán an spóirt.

    (21) Trí bhíthin cáilíochtaí agus inniúlachtaí a dhéanamh níos trédhearcaí agus a mhéid a ghlactar le huirlisí an Aontais a leathnú, ba cheart go n‑éascófaí an tsoghluaisteacht tríd an Eoraip chun críocha foghlama ar feadh an tsaoil, rud a chuideoidh chun oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeáin a fhorbairt, agus a éascóidh an tsoghluaisteacht chun críocha gairme, idir thíortha agus thar earnálacha araon. Trí bhíthin rochtain a thabhairt do mhic léinn óga (lena n‑áirítear mic léinn ghairmoideachais agus ghairmoiliúna) ar na modhanna, ar na cleachtais agus ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear i dtíortha eile, cabhrófar le hinfhostaitheacht na mac léinn sa gheilleagar domhanda a fheabhsú; d’fhéadfadh sé cabhrú freisin le poist a bhfuil próifíl idirnáisiúnta acu a dhéanamh níos mealltaí.

    (22) Chuige sin, moltar leathnú a dhéanamh ar úsáid an chreata aonair do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) faoi Chinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004[23], an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí faoi Mholadh ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008[24], an Chórais Creidmheasa Eorpaigh don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint faoi Mholadh ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009[25] agus an Chórais Eorpaigh d’Aistriú Creidmheasa (ECTS).

    (23) D'fhonn an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus d'fhonn treisiú leis na sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin bainteach le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

    (24) Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoi chuimsiú an Chláir a áirithiú, mar aon le comhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát i gcomhlíonadh Airteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú ar Aontais Eorpaigh agus comhlántacht le gníomhaíochtaí eile, go háirithe i réimsí an chultúir, an taighde, an bheartais thionsclaíoch agus chomhtháthaithe, na turasóireachta agus an chaidrimh sheachtraigh.

    (25) D’fhonn an fheidhmíocht a bhainistiú go héifeachtach, lena n‑áirítear meastóireacht agus faireachán a dhéanamh, ní mór táscairí sonracha feidhmíochta a fhorbairt ar féidir iad a thomhas le himeacht ama, táscairí atá réalaíoch agus a léiríonn loighic na hidirghabhála agus a bhaineann le céimiúlacht iomchuí na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí.

    (26) Leagtar síos sa Rialachán seo, ar feadh fhad tréimhse uile an Chláir, imchlúdach airgeadais atá in ionannas leis an bpríomhthagairt, de réir bhrí phointe (17) den Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar um chúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (27) An gá atá le critéir feidhmíochta a bhunú ar cheart leithdháileadh an bhuiséid idir na Ballstáit le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a bheith bunaithe orthu.

    (28) Féadfaidh na tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus tíortha an CSTE ar baill den LEE iad páirt a ghlacadh i gCláir an Aontais ar bhonn Comhaontuithe Réime, Cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe eile dá samhail.

    (29) Féadfaidh Cónaidhm na hEilvéise páirt a ghlacadh i gCláir an Aontais i gcomhréir leis an gcomhaontú atá le síniú idir an tAontas agus an tír sin.

    (30) Ina gComh‑Theachtaireacht maidir le freagairt nua ar chomharsanacht atá ag athrú, leag Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach[26] , amach, inter alia, an aidhm rannpháirtíocht na dTíortha comharsanachta i ngníomhaíochtaí an Aontais maidir le soghluaisteacht agus forbairt acmhainní san ardoideachas a éascú tuilleadh agus an chéad chlár eile oideachais a oscailt do Thíortha comharsanachta.

    (31) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis. Cé go dteastaíonn níos mó maoinithe ó chúnamh seachtrach an Aontais, tá na hacmhainní atá ar fáil don tacaíocht sin teoranta mar gheall ar chás eacnamaíoch agus buiséadach an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, féachaint leis an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, go háirithe trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais a bhfuil éifeacht ghiarála acu.

    (32) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “A Budget for Europe 2020” (Buiséad don Eoraip) an 29 Meitheamh 2011, leagann an Coimisiún béim ar a ghealltanas do chistiú an Aontais a shimpliú. Trí bhíthin clár aonair a chruthú maidir le hOideachas, le hOiliúint, leis an Óige agus leis an Spórt, ba cheart go ndéanfaí foráil do shimpliú mór, do chuíchóiriú agus do shineirgí i mbainistiú an chláir. Ba cheart cur chun feidhme an chláir a shimpliú níos mó fós trí bhíthin cistiú cnapshuime, cistiú de réir costais aonaid nó cistiú ráta chomhréidh a úsáid, chomh maith leis na ceanglais fhoirmiúla atá ar na tairbhithe agus ar na Ballstáit a laghdú.

    (33) D’fhonn a áirithiú go bhféadfar freagairt go sciobtha do riachtanais athraithe le linn fhad tréimhse an Chláir, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le forálacha a bhaineann leis na critéir feidhmíochta agus leis na gníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    (34) Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (35) Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an gclár oibre a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[27].

    (36) Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart leis an gClár, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir le bainistiú an Chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2014 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofar na gníomhaíochtaí nach bhfuil tugtha chun críche faoi na cláir ba réamhtheachtaithe faoi dheireadh na bliana 2013.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Raon Feidhme an Chláir

    1. Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimsí an Oideachais, na hOiliúna, na hÓige agus an Spóirt ar a dtugtar “Erasmus do Chách” (dá ngairtear “an Clár” anseo feasta).

    2. Cuirfear an Clár chun feidhme le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

    3. Cuimsítear faoin gClár oideachas ar gach leibhéal, ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil, go háirithe Ardoideachas, Gairmoideachas agus Gairmoiliúint agus Foghlaim aosach, Oideachas scoile agus an Óige.

    4. Tá gné idirnáisiúnta ann i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chonradh an Aontais Eorpaigh agus cothófar leis gníomhaíochtaí i réimse an spóirt freisin.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    1.           ciallaíonn “foghlaim ar feadh an tsaoil” an t‑oideachas ginearálta, an gairmoideachas nó an ghairmoiliúint, an t‑oideachas neamhfhoirmiúil nó an fhoghlaim neamhfhoirmiúil ar fad a dhéantar i rith an tsaoil, arb é an toradh atá uirthi, scileanna nó inniúlachtaí a fheabhsú ó thaobh cúrsaí pearsanta, cúrsaí sibhialta, cúrsaí sóisialta agus/nó ó thaobh na fostaíochta de, lena n‑áirítear soláthar seirbhísí comhairliúcháin nó treorach;

    2.           ciallaíonn “suíomh neamhfhoirmiúil” comhthéacs foghlama a bhíonn pleanáilte agus eagraithe go minic, ach nach cuid den chóras foirmiúil oideachais agus oiliúna é.

    3.           ciallaíonn “soghluaisteacht foghlama” bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í, d’fhonn staidéar, oiliúint nó foghlaim de chineál eile a ghabháil ar láimh, lena n‑áirítear tréimhsí oiliúna agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, nó teagasc nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht thrasnáisiúnta chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh. D’fhéadfadh sí oiliúint ullmhúcháin sa teanga aíochta a chuimsiú. Cuimsíonn an tsoghluaisteacht foghlama freisin malartuithe ógra agus gníomhaíochtaí trasnáisiúnta chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh a mbíonn oibrithe don ógra páirteach iontu;

    4.           Ciallaíonn “comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais” tionscadail um chomhar trasnáisiúnta a mbíonn eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus/nó na hóige páirteach iontu, agus d’fhéadfadh eagraíochtaí eile a bheith ar áireamh ann.

    5.           Ciallaíonn “tacaíocht d’athchóiriú beartas” aon chineál gníomhaíochta arb é is aidhm di nuachóiriú na gcóras oideachais agus oiliúna a éascú agus a chothú trí bhíthin phróiseas an chomhair bheartais idir na Ballstáit, go háirithe Modhanna Oscailte Comhordúcháin;

    6.           Is ionann “soghluaisteacht fhíorúil” agus tacar gníomhaíochtaí a dtacaíonn teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide leo, arna n‑eagrú ar leibhéal institiúideach, a bhaineann amach nó a éascaíonn taithí chomhoibritheach idirnáisiúnta i gcomhthéacs an teagaisc agus/nó na foghlama;

    7.           ciallaíonn “baill foirne” daoine atá páirteach san oideachas, san oiliúint nó san fhoghlaim neamhfhoirmiúil don aos óg, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach. D’fhéadfadh múinteoirí, oiliúnóirí, ceannairí scoile, oibrithe don ógra agus baill foirne nach mbíonn ag plé go díreach leis an oideachas a bheith ar áireamh inti;

    8.           ciallaíonn “oibrí don ógra” gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim neamhfhoirmiúil;

    9.           ciallaíonn “daoine óga” daoine atá idir trí bliana déag d’aois agus tríocha bliain d’aois;

    10.         ciallaíonn “institiúid ardoideachais”:

    (a) aon sórt institiúide ardoideachais, i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis an gcleachtas náisiúnta, a chuireann céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile tríú leibhéal ar fáil, is cuma cad a ghairtear de na hinstitiúidí sin;

    (b) aon institiúid, i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis an gcleachtas náisiúnta, a chuireann gairmoideachas nó gairmoiliúint tríú leibhéal ar fáil;

    11.         ciallaíonn “scoil” gach cineál institiúide a chuireann oideachas ginearálta (oideachas réamhscoile, bunoideachas nó oideachas meánscoile), gairmoideachas agus oideachas teicniúil ar fáil;

    12.         ciallaíonn “institiúid acadúil” aon institiúid oideachais atá tiomanta don oideachas agus don taighde;

    13.         ciallaíonn “gairmoiliúint” aon fhoirm de ghairmoideachas nó de ghairmoiliúint tosaigh, lena n‑áirítear teagasc teicniúil agus gairme agus printíseachtaí teicniúla agus gairme, a rannchuidíonn le gairmcháilíocht a bhaint amach a aithníonn na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfaightear í, chomh maith le gairmoideachas nó gairmoiliúint leantach a ghabhann duine ar láimh i rith a shaoil oibre;

    14.         ciallaíonn “foghlaim aosach” gach foirm d’fhoghlaim aosach nach foghlaim ghairme í, bíodh sí ina foghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmeálta nó neamhfhoirmiúil;

    15.         ciallaíonn “comhchéimeanna” clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil a bhfuil teastas céime amháin mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha;

    16.         ciallaíonn “céim dhúbailte/ilchéim” clár staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad (céim dhúbailte) nó níos mó institiúidí ardoideachais (ilchéim) ar fáil ina bhfaigheann an mac léinn teastas céime ar leith ó gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha ar an gcéim a bheith críochnaithe;

    17.         ciallaíonn “gníomhaíocht óige” gníomhaíocht a dhéanann daoine óga, ina n‑aonair nó mar chuid de ghrúpa, lasmuigh d’uaireanta scoile (amhail malartuithe ógra nó obair dheonach), arb é a príomhthréith cur chuige neamhfhoirmiúil maidir leis an bhfoghlaim;

    18.         ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhaontú idir grúpa institiúidí nó eagraíochtaí i mBallstáit éagsúla chun comhghníomhaíochtaí Eorpacha a dhéanamh i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige nó chun gréasán neamhfhoirmiúil a bhunú i réimse ábhartha. Ó thaobh an spóirt de, ciallaíonn sí comhaontú le tríú páirtí amháin nó níos mó, amhail eagraíochtaí nó urraitheoirí gairmiúla spóirt i mBallstáit éagsúla, d’fhonn foinsí breise tacaíochta a mhealladh chun cuspóirí inmhianaithe an Chláir a bhaint amach.

    19.         ciallaíonn “fiontar” aon ghnóthas a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, cibé méid é, cibé stádas dlíthiúil atá aige nó cibé earnáil eacnamaíoch ina bhfeidhmíonn sé, lena n‑airítear an geilleagar sóisialta;

    20.         ciallaíonn “scileanna” an cumas eolas a chur i bhfeidhm agus fios gnó a úsáid d’fhonn cúraimí a dhéanamh nó fadhbanna a réiteach;

    21.         ciallaíonn “inniúlacht” an cumas léirithe eolas, scileanna agus meonta a úsáid go freagrach agus go neamhspleách i gcomhthéacsanna foghlama, sóisialta nó gairmiúla.

    22.         ciallaíonn “inniúlachtaí lárnacha” an tacar bunúsach sin d’eolas, de scileanna agus de mheonta a theastaíonn ó gach duine ar mhaithe le féinchomhlíonadh agus féinfhorbairt, saoránacht ghníomhach, cuimsiú sóisialta agus fostaíocht;

    23.         ciallaíonn “torthaí” aon sonraí, eolas agus fhaisnéis, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad nó cén cineál iad, bídís nó ná bídís inchosanta, a ghintear sa ghníomhaíocht chomh maith le haon chearta a ghabhann léi, lena n‑áirítear cearta maoine intleachtúla.

    24.         ciallaíonn “torthaí a scaipeadh” torthaí an Chláir agus a réamhtheachtaithe a nochtadh go poiblí ar aon bhealach is iomchuí, arb éard is aidhm leis a áirithiú go n‑aithnítear na torthaí go hiomchuí, go léirítear iad agus go gcuirtear chun feidhme iad go forleathan;

    25.         ciallaíonn “Modh Oscailte Comhordúcháin” modh idir-rialtasach lena gcuirtear creat ar fáil le haghaidh comhair idir na Ballstáit, ar féidir a mbeartais náisiúnta a dhíriú ar chuspóirí comhchoiteanna áirithe ar an gcaoi sin. Faoi raon feidhme an chláir seo, tá feidhm ag an Modh Oscailte Comhordúcháin (MOC) maidir leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an óige;

    26.         ciallaíonn “uirlisí trédhearcachta an AE” ionstraimí a chuidíonn le geallsealbhóirí torthaí foghlama agus cáilíochtaí a thuiscint, a léirthuiscint agus, más iomchuí, a aithint ar fud an Aontais;

    27.         ciallaíonn “tíortha comharsanachta” na tíortha agus na críocha atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán XX/2012 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an X YY 2012[28] lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht: An Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an tSeoirsia, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Poblacht na Moldóive, Maracó, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, an tSiria, an Túinéis agus an Úcráin. Ina theannta sin, maidir leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo i réimse na hóige, meastar gur tír chomharsanachta í an Rúis;

    28.         ciallaíonn “déghairm” traenáil spóirt ar ardleibhéal a chónascadh le hoideachas ginearálta nó le hobair.

    Airteagal 3

    Breisluach Eorpach

    1.           Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a d’fhéadfadh breisluach Eorpach a chur ar fáil agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhaint amach.

    2.           Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir go háirithe trí na nithe seo a leanas:

    (a) Saintréith thrasnáisiúnta a bheith ag baint leo, go háirithe an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta agus an comhar trasnáisiúnta arb é is aidhm dóibh tionchar sistéamach fadtéarmach a imirt;

    (b) An chomhlántacht agus an tsineirgíocht atá acu le beartais agus le cláir náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus le beartais agus le cláir eile de chuid an Aontais, rud a chuireann barainneachtaí scála agus mais chriticiúil san áireamh;

    (c) An chaoi a rannchuidíonn siad le húsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí an Aontais ar mhaithe le cáilíochtaí a aithint agus leis an trédhearcacht.

    Airteagal 4

    Cuspóir ghinearálta an Chláir

    1.           Is é is aidhm don Chlár rannchuidiú le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 agus an chreata straitéisigh Oideachais agus Oiliúna 2020, lena n‑áirítear na tagarmharcanna comhfhreagracha a bunaíodh sna hionstraimí sin, leis an gcreat athnuaite le haghaidh Comhair Eorpaigh i Réimse na hÓige (2010-2018), le forbairt inbhuanaithe tríú tíortha a fhorbairt ar bhonn inbhuanaithe i réimse an ardoideachais, agus leis an ngné Eorpach den spórt a fhorbairt.

    2.           Tá sé mar aidhm aige go háirithe rannchuidiú leis na príomhspriocanna seo a leanas de chuid Eoraip 2020 a bhaint amach:

    (a) Rátaí luathfhágála na scoile a laghdú;

    (b) Líon na mac léinn idir 30 agus 34 bliain d’aois a bhfuil oideachas tríú leibhéal curtha i gcrích acu a mhéadú.

    CAIBIDIL II

    Oideachas, Oiliúint agus an Óige

    Airteagal 5

    Cuspóirí sonracha

    Saothrófar na cuspóirí sonracha seo a leanas i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige leis an gClár:

    (a) Leibhéal na n‑inniúlachtaí agus na scileanna lárnacha a fheabhsú go háirithe i ndáil le hábharthacht na n‑inniúlachtaí agus na scileanna sin maidir le margadh an tsaothair agus leis an tsochaí, chomh maith le rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach san Eoraip a fheabhsú, go háirithe trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú do dhaoine óga, d’fhoghlaimeoirí, do bhaill foirne agus d’oibrithe don ógra, agus trí chomhar idir oideachas, an óige agus margadh an tsaothair a neartú;

    – Táscairí gaolmhara:

    – % de na rannpháirtithe a d’fheabhsaigh a n‑inniúlachtaí lárnacha agus/nó a scileanna a bhaineann lena n‑infhostaitheacht;

    – % de na rannpháirtithe óga a dhearbhaíonn go bhfuil siad níos réitithe chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus polaitiúil

    (b) Feabhsuithe ar ardchaighdeán, barr feabhais i nuálaíocht agus idirnáisiúnú ar leibhéal na n‑institiúidí oideachais agus in obair don ógra a chothú, go háirithe trí chomhar trasnáisiúnta idir soláthraithe oideachais agus oiliúna nó eagraíochtaí óige agus geallsealbhóirí eile a fheabhsú.

    – Táscaire gaolmhar: % de na heagraíochtaí a ghlac páirt sa Chlár agus a d’fhorbair nó a ghlac modhanna nuálacha

    (c) Teacht chun cinn limistéir Eorpaigh um fhoghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh, athchóirithe beartas a chur faoi deara ar an leibhéal náisiúnta, nuachóiriú ar chórais oideachais agus oiliúna a chothú, lena n‑áirítear foghlaim neamhfhoirmiúil, agus comhar Eorpach i réimse na hóige a chothú, go háirithe trí chomhar maidir le beartas a fheabhsú, trí úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí aitheantais agus trédhearcachta, agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh;

    – Táscaire gaolmhar: Líon na mBallstát a bhaineann úsáid as na torthaí ó na Modhanna Oscailte Comhordúcháin i bhforbairt a mbeartas náisiúnta

    (d) Gné idirnáisiúnta an oideachais, na hoiliúna agus na hóige a fheabhsú, go háirithe san ardoideachas trí bhíthin institiúidí ardoideachais an Aontais a dhéanamh níos mealltaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n‑áirítear a chuid cuspóirí forbartha tríd an tsoghluaisteacht agus comhar idir institiúidí ardoideachais an AE agus tríú tíortha a chur chun cinn agus trí fhorbairt spriocdhírithe acmhainní i dtríú tíortha.

    – Táscaire gaolmhar: Líon na n‑institiúidí ardoideachais nach bhfuil san AE a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair

    (e) Teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú agus éagsúlacht teangacha a chur chun cinn;

    – Táscaire gaolmhar: % de na rannpháirtithe a d’fheabhsaigh a scileanna teanga

    (f) Barr feabhais i ngníomhaíochtaí teagaisc agus taighde maidir leis an lánpháirtíocht Eorpach a chur chun cinn trí bhíthin ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar fud an domhain, faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10.

    – Táscaire gaolmhar: Líon na mac léinn atá ag fáil oiliúna trí ghníomhaíochtaí Jean Monnet.

    Airteagal 6

    Gníomhaíochtaí an Chláir

    1.           I réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an gclár trí bhíthin na dtrí chineál gníomhaíochta seo a leanas:

    (a) Soghluaisteacht foghlama daoine aonair,

    (a) Comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais,

    (b) Tacaíocht d’athchóiriú beartas.

    2.           Déantar cur síos ar ghníomhaíochtaí sonracha Jean Monnet in Airteagal 10.

    Airteagal 7

    Soghluaisteacht foghlama daoine aonair

    1.           Trí ghníomhaíocht soghluaisteacht foghlama daoine aonair cothófar:

    (a)     soghluaisteacht trasnáisiúnta na mac léinn ardoideachais agus gairmoiliúna mar aon le daoine óga a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla idir na tíortha rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 18. D’fhéadfadh staidéar in institiúid chomhpháirtíochta, tréimhsí oiliúna thar lear nó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí óige, go sonrach obair dheonach, a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht seo. Cothófar soghluaisteacht céime ar leibhéal Máistreachta tríd an tsaoráid chun iasachtaí do mhic léinn a ráthú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

    (b)     Soghluaisteacht trasnáisiúnta foirne, laistigh de na tíortha rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 18. D’fhéadfadh teagasc nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha gairmiúla thar lear a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht seo.

    2.           Chomh maith leis sin, leis an ngníomhaíocht seo, cothófar soghluaisteacht trasnáisiúnta mac léinn, daoine óga agus ball foirne chuig tríú tíortha agus ó thríú tíortha maidir le hardoideachas lena n‑áirítear soghluaisteacht atá eagraithe ar bhonn comhchéimeanna, céimeanna dúbailte nó ilchéimeanna glaonna ardchaighdeáin nó comhghlaonna, mar aon le foghlaim neamhfhoirmiúil.

    Airteagal 8

    Comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais

    1.           Trí ghníomhaíocht chomhair maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais cothófar:

    (a) comhpháirtíochtaí straitéiseacha trasnáisiúnta idir eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoideachas, le hoiliúint agus/nó le gníomhaíochtaí óige nó le hearnálacha ábhartha ar bith eile a fhorbraíonn comhthionscnaimh agus a chuireann chun feidhme iad agus a chuireann malartuithe taithí agus fios gnó chun cinn;

    (b) comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir fiontair agus institiúidí oideachais sna foirmeacha seo a leanas:

    – Comhaontais Eolais idir institiúidí ardoideachais agus fiontair a chuireann an chruthaitheacht, an nuálaíocht agus an fhiontraíocht chun cinn trí dheiseanna foghlama ábhartha a thairiscint, lena n‑áirítear curaclaim nua a fhorbairt;

    – Comhaontais Scileanna Earnála idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus fiontair a chuireann infhostaitheacht chun cinn, a chruthaíonn curaclaim nua atá dírithe ar earnálacha ar leith, a fhorbraíonn bealaí nuálacha maidir le teagasc gairme agus gairmoiliúint agus a chuireann uirlisí a aithnítear ar fud an Aontais i bhfeidhm.

    (c) Ardán tacaíochta TF, lena n‑áirítear Ríomhnascadh, ina gcumhdaítear earnálacha oideachais agus an óige lena gcumasaítear piarfhoghlaim, soghluaisteacht fhíorúil agus malartuithe dea-chleachtas agus rochtain a thabhairt do rannpháirtithe ó thíortha comharsanachta.

    2.           Cothófar forbairt, forbairt acmhainní, lánpháirtiú réigiúnach, malartuithe eolais agus próisis nuachóirithe leis an ngníomhaíocht seo chomh maith trí bhíthin comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais an Aontais agus tríú tíortha mar aon le hearnáil na hóige, go sonrach maidir le piarfhoghlaim agus comhthionscadail oideachais, a chuirfidh comhar réigiúnach chun cinn, go háirithe le tíortha comharsanachta.

    Airteagal 9

    Tacaíocht d’athchóiriú beartas

    1.           Áireofar ar ghníomhaíocht maidir le tacaíocht d’athchóiriú beartas gníomhaíochtaí arna dtionscnamh ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a) na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme chlár oibre an Aontais maidir le hoideachas, le hoiliúint agus leis an óige (Modhanna Oscailte Comhordúcháin), agus próisis Bologna agus Chóbanhávan agus an t‑idirphlé struchtúrtha le daoine óga;

    (b) uirlisí trédhearcachta an Aontais a chur chun feidhme i dtíortha rannpháirteacha, go háirithe Europass, an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Córas Eorpach d’Aistriú Creidmheasa (ECTS), an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET) agus tacaíocht do Líonraí ar fud an AE.

    (c) an t‑idirphlé beartais le geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige;

    (d) Fóram Eorpach na hÓige, na Lárionaid Náisiúnta um Aitheantas Acadúil (NARIC), na líonraí Eurydice, Euroguidance agus Eurodesk, mar aon leis na Lárionaid Tacaíochta Náisiúnta um Ríomhnascadh, na Lárionaid Náisiúnta Europass, agus na hOifigí Faisnéise Náisiúnta sna tíortha comharsanachta agus sna tíortha aontacha, sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí nach bhfuil páirt iomlán á glacadh acu sa chlár.

    2.           Cothófar idirphlé beartais le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta leis na ngníomhaíocht seo chomh maith.

    Airteagal 10

    Gníomhaíochtaí Jean Monnet

    Beidh sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí Jean Monnet:

    (a) teagasc agus taighde a chur chun cinn maidir le lánpháirtíocht Eorpach ar fud an domhain i measc sain‑acadóirí, foghlaimeoirí agus saoránach, go sonrach trí bhíthin Chathaoireacha Jean Monnet a chruthú agus gníomhaíochtaí acadúla eile, agus trí chabhair a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha eolais eile in institiúidí ardoideachais;

    (b) tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí institiúidí acadúla nó cumann acadúil atá gníomhach sa réimse staidéir um lánpháirtíocht Eorpach agus tacaíocht a thabhairt do lipéad Jean Monnet maidir le barr feabhais.

    (c) tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí acadúla Eorpacha seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu;

    (i)      Institiúid Ollscoile Eorpach Fhlórans;

    (ii)      Coláiste na hEorpa (campais Bhrugge agus Natolin);

    (d) díospóireacht beartais agus malartuithe idir an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas a chur chun cinn maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais.

    CAIBIDIL III

    An Spórt

    Airteagal 11

    Cuspóirí sonracha

    I gcomhréir leis an gcuspóir ginearálta, saothrófar leis an gClár na cuspóirí sonracha seo a leanas i réimse an spóirt:

    (a) dul i ngleic le bagairtí trasnáisiúnta ar an spórt, amhail dópáil, cluichí a shocrú, foréigean, ciníochas agus éadulaingt;

    – Táscaire gaolmhar: % de na rannpháirtithe a bhaineann úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun bagairtí ar an spórt a chomhrac.

    (b) dea-rialachas i spórt agus déghairmeacha lúthchleasaithe a chothú;

    – Táscaire gaolmhar: % de ba rannpháirtithe a bhaineann úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun dea-rialachas agus déghairmeacha a fheabhsú.

    (c) cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus gníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte a chur chun cinn trí bhíthin rannpháirtíochta méadaithe sa spórt.

    – Táscaire gaolmhar: % de na rannpháirtithe a bhaineann úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus rátaí rannpháirtíochta a fheabhsú.

    Airteagal 12

    Gníomhaíochtaí

    1.           Saothrófar na cuspóirí um chomhar sa spórt trí bhíthin na ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta seo a leanas:

    (a) tacaíocht do thionscadail chomhoibritheacha thrasnáisiúnta;

    (b) tacaíocht d’imeachtaí spóirt Eorpacha neamhthráchtala lena mbaineann roinnt tíortha Eorpacha;

    (c) tacaíocht maidir leis an mbonn fianaise faoi bheartas a cheapadh a neartú;

    (d) tacaíocht maidir le hacmhainní eagraíochtaí spóirt a fhorbairt;

    (e) idirphlé le geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha.

    2.           Leis na gníomhaíochtaí spóirt lena dtacófar, nuair is iomchuí, déanfar cistiú forlíontach a ghiaráil trí bhíthin comhpháirtíochta le tríú páirtithe amhail gnóthais phríobháideacha.

    CAIBIDIL IV

    Forálacha Airgeadais

    Airteagal 13

    Buiséad

    1.           Socrófar gur EUR 17 299 000 000 an t‑imchlúdach airgeadais chun an Clár seo a chur chun feidhme ón 1 Eanáir 2014 i leith.

    Déanfar na méideanna seo a leanas a leithdháileadh ar Ghníomhaíochtaí an Chláir

    a)       EUR 16 741 738 000 le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, dá dtagraítear faoi Airteagal 6(1);

    b)       EUR 318 435 000 le haghaidh ghníomhaíochtaí Jean Monnet, dá dtagraítear faoi Airteagal 10;

    c)       EUR 238 827 000 le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Spórt, dá dtagraítear i gCaibidil III.

    2.           De bhreis ar an imchlúdach airgeadais mar atá léirithe i mír 1, agus d’fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn, déanfar méad táscach EUR 1 812 100 000[29] ó na hionstraimí seachtracha éagsúla (an Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus an Ciste Eorpach Forbraíochta), a leithdháileadh ar ghníomhaíochta maidir le soghluaisteacht foghlama chuig tíortha nó ó thíortha seachas na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus ar idirphlé comhair agus beartais le húdaráis/le hinstitiúidí/le heagraíochtaí ó na tíortha sin. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le húsáid na gcistí sin.

    Cuirfear an cistiú ar fáil trí bhíthin 2 leithdháileadh ilbhliantúla ina gcumhdófar na chéad 4 bliana agus na 3 bliana eile faoi seach agus sin amháin. Léireofar an cistiú sin i gclárú táscach ilbhliantúil na n‑ionstraimí sin, i gcomhréir le riachtanais agus tosaíochtaí sainaitheanta na dtíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórdhálaí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i comhréir le tosaíochtaí seachtracha an AE. Féadfaidh comhar le tíortha nach bhfuil rannpháirteach a bheith bunaithe, nuair is ábhartha, ar leithreasuithe breise ó thíortha comhpháirtíochta a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leis na tíortha seo.

    3.           I gcomhréir leis an mbreisluach ionchais a bhaineann leis na trí chineál gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus i gcomhréir le prionsabail na maise criticiúla, an dírithe, na héifeachtúlachta agus na feidhmíochta, déanfar an méid atá sonraithe in Airteagal 13 (1.a) a leithdháileadh go táscach mar a leanas:

    – déantar [65%] den mhéid sin a leithdháileadh ar shoghluaisteacht foghlama daoine aonair;

    – déantar [26%] den mhéid sin a leithdháileadh ar chomhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais;

    – déantar [4%] den mhéid sin a leithdháileadh ar thacaíocht d’athchóiriú beartas;

    – cumhdófar deontais oibriúcháin do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta le [3%] den mhéid sin.

    – cumhdófar caiteachas riaracháin le [2%] den mhéid sin.

    4.           D’fhéadfadh go gclúdódh an leithdháileadh airgeadais le haghaidh an Chláir costais freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh sa mhéid is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, costais a bhaineann le TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile a thabhóidh an Coimisiún chun an Clár a bhainistiú.

    5.           D’fhéadfadh go gcumhdófaí sa leithdháileadh airgeadais na costais maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin chomh maith a theastaíonn chun an t‑aistriú a áirithiú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1720/2006/CE lena mbunaítear an Clár Foghlama ar feadh an tSaoil, faoi Chinneadh Uimh. 1719/2006/CE lena mbunaítear an clár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus faoi Chinneadh Uimh. 1298/2008/CE lena mbunaítear an Clár Erasmus Mundus. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad i ndiaidh 2020 d’fhonn costais chomhchosúla a chumhdach, ionas go mbeifear ábalta na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

    6.           Déanfar na cistí do shoghluaisteacht foghlama daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 6(1.a) atá le bainistiú ag Gníomhaireacht Náisiúnta a leithdháileadh ar bhonn an daonra agus an chostais mhaireachtála sa Bhallstát, an fhaid idir príomhchathracha na mBallstát agus feidhmíochta. Is ionann paraiméadar na feidhmíochta agus 25% d’iomlán na gcistí de réir na gcritéar dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8.

    7.           Tá feidhm ag leithdháileadh na gcistí bunaithe ar fheidhmíocht d’fhonn úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a chur chun cinn. Beidh na critéir a úsáidfear chun feidhmíocht a thomhas bunaithe ar na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil. Is iad na critéir sin:

    (a) leibhéal na n‑aschur réadaithe bliantúil a bhaineann leis na fothorthaí agus na torthaí comhaontaithe;

    (b) leibhéal na n‑íocaíochtaí bliantúla arna réadú.

    D’fhéadfadh na critéir seo seo a bheith faoi réir a n‑athbhreithnithe le linn fhad tréimhse an Chláir i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28 maidir le gníomhartha tarmligthe.

    8.           Beidh leithdháileadh na gcistí le haghaidh na bliana 2014 bunaithe ar shonraí na n‑aschur is déanaí a bheidh ar fáil agus glacadh an bhuiséid i dtaca leis an gClár Foghlama ar feadh an tSaoil, leis an gClár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus leis an gclár Erasmus Mundus a bheidh curtha chun feidhme go dtí 1 Eanáir 2014.

    9.           Féadfar tacaíocht a chur ar fáil sa Chlár trí bhíthin módúlachtaí cistithe nuálacha sonracha, go háirithe na cinn atá leagtha amach in Airteagal 14(3).

    Airteagal 14

    Módúlachtaí cistithe sonracha

    1.           Is é an Coimisiún a chuirfidh tacaíocht airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán XX/2012 [an Rialachán Airgeadais].

    2.           Féadfaidh an Coimisiún comhghlaonna a sheoladh le tríú tíortha nó lena n‑eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí d’fhonn tionscadail a chómhaoiniú. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus iad a roghnú trí chomhnósanna imeachta meastóireachta agus roghnúcháin atá le comhaontú ag na gníomhaireachtaí cistiúcháin lena mbaineann, i gcomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach i Rialachán XX/2012[30] [an Rialachán Airgeadais].

    3.           Soláthróidh an Coimisiún an cistiú i gcomhair ráthaíochtaí le haghaidh iasachtaí do mhic léinn atá ina gcónaí i dtír rannpháirteach mar atá sainithe in Airteagal 18(1) agus atá ag tabhairt faoi chéim Mháistreachta iomlán i dtír rannpháirteach eile, atá le soláthar trí bhíthin iontaobhaí ag a bhfuil sainordú lena cur chun feidhme ar bhonn comhaontuithe muiníneacha ina leagtar amach na rialacha agus na ceanglais mhionsonraithe lena rialaítear cur chun feidhme na hionstraime airgeadais mar aon le hoibleagáidí faoi seach na gcomhpháirtithe. Comhlíonfaidh an ionstraim airgeadais na forálacha maidir le hionstraimí airgeadais sa Rialachán Airgeadais agus sa Ghníomh Tarmligthe a chuirfear in aonaid na Rialacha Cur Chun Feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 18 (2 ) den Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, ba cheart ioncam agus íocaíochtaí arna nginiúint leis na ráthaíochtaí a shannadh don ionstraim airgeadais. Beidh an ionstraim airgeadais seo, lena n‑áirítear riachtanais agus glacadh an mhargaidh, faoi réir an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

    4.           Comhlachtaí poiblí, mar aon le scoileanna, le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a bhfuil os cionn 50% dá n‑ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an cumas airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an méid sin a léiriú.

    5.           Beidh deontais do shoghluaisteacht foghlama arna ndámhachtain do dhaoine aonair díolmhaithe ó chánacha agus tobhaigh shóisialta. Beidh feidhm ag an díolúine chéanna maidir le comhlachtaí idirmheánacha a dhámhann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann.

    6.           Ní bheidh feidhm ag an méid dá dtagraítear in Airteagal [127(1)] den Rialachán Airgeadais maidir le tacaíocht airgeadais do shoghluaisteacht foghlama arna dámhachtain do dhaoine aonair.

    CAIBIDIL V

    Torthaí feidhmíochta agus scaipeadh

    Airteagal 15

    Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí

    1.           Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán rialta ar fheidhmíocht agus ar thorthaí an Chláir i gcoinne a chuspóirí, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) An breisluach Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 3;

    (a) Dáileadh na gcistí a bhaineann leis na príomhearnálacha oideachais, arb é is aidhm dóibh, faoi dheireadh an Chláir, cistiú a leithdháileadh lena ráthaítear tionchar sistéamach suntasach.

    2.           De bhreis ar an bhfaireachán leanúnach, bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheasúnaithe, tráth nach déanaí ná deireadh a bliana 2017, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Chláir maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus ar éifeachtúlacht agus ar bhreisluacha Eorpaigh an Chláir, i bhfianaise cinnidh maidir leis an gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Díreoidh an mheastóireacht ar dheiseanna simpliúcháin, ar chomhchuibheas inmheánach agus seachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, chomh maith leis an gcaoi ina rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais d'fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na gclár ba réamhtheachtaithe chomh maith (Foghlaim ar feadh an tSaoil, an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta, Erasmus Mundus agus cláir ardoideachais idirnáisiúnta eile).

    3.           Gan dochar do na ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil VII agus d’oibleagáidí na nGníomhaireachtaí Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Márta 2017 agus 30 Meitheamh 2019 faoi seach.

    Airteagal 16

    Cumarsáid agus scaipeadh

    1.           Áiritheoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit scaipeadh faisnéise, poiblíochta agus beart leantach maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár, mar aon le scaipeadh thorthaí an Chláir Foghlama ar feadh an tSaoil, an Chláir Erasmus Mundus agus an Chláir “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” a cuireadh chun feidhme roimhe sin.

    2.           Ba cheart do thairbhithe na dtionscadal tacaithe trí bhíthin na ngníomhartha agus na ngníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 10 agus in Airteagal 12, cumarsáid agus scaipeadh cuí na dtorthaí agus na dtionchar arna bhfáil a áirithiú.

    3.           Forbróidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22 beartas comhsheasmhach ar mhaithe le scaipeadh agus saothrú éifeachtach thorthaí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na gníomhaíochtaí a bhainistíonn siad laistigh den chlár agus cuideoidh siad leis an gCoimisiún sa chúram ginearálta a bhaineann le faisnéis maidir leis an gClár agus a thorthaí a scaipeadh.

    4.           Úsáidfidh na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha laistigh de na príomhearnálacha oideachais a chuimsítear sa Chlár an t‑ainm branda “Erasmus” ar mhaithe le faisnéis a bhaineann leis an gclár a chur in iúl agus a scaipeadh; beidh baint ag an ainm branda leis na príomhearnálacha oideachais mar a leanas:

    – "Erasmus Ardoideachas", a bhaineann le gach cineál ardoideachais, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta

    – “Oiliúint Erasmus”, a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach

    – “Scoileanna Erasmus”, a bhaineann le hoideachas scoile

    – “Rannpháirtíocht Óige Erasmus” a bhaineann le foghlaim neamhfhoirmiúil na hóige.

    5.           Rannchuideoidh gníomhaíochtaí cumarsáide freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ar an gcoinníoll go bhfuil baint acu sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

    CAIBIDIL VI

    Rochtain ar an gClár

    Airteagal 17

    Rochtain

    1.           Féadfaidh comhlacht poiblí nó príobháideach ar bith atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt phobail iarratas a dhéanamh laistigh den Chlár seo.

    2.           Agus an Clár á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar iarrachtaí faoi leith d’fhonn rannpháirtíocht na ndaoine a bhfuil deacrachtaí acu ar chúiseanna oideachais, sóisialta, inscne, fisiciúla, síceolaíocha, geografacha, eacnamaíocha agus cultúrtha a éascú.

    Airteagal 18

    Rannpháirtíocht tíortha

    1.           Is féidir leis na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh sa Chlár (dá ngairtear na ‘tíortha rannpháirteacha’ anseo feasta’):

    (a) na Ballstáit:

    (b) na tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir Aontais arna mbunú sna Comhaontuithe Réime, sna Cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail;

    (c) stáit an CSTE ar páirtithe iad i gComhaontú an LEE, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe sin;

    (d) Cónaidhm na hEilvéise, ar an gcoinníoll go ndéantar comhaontú déthaobhach ina bhforáiltear dá rannpháirtíocht a chur i gcrích leis an tír sin;

    2.           Beidh na tíortha rannpháirteacha atá liostaithe i mír 1 faoi réir na n‑oibleagáidí uile agus comhlíonfaidh siad na cúraimí uile atá leagtha amach sa Rialachán seo maidir le Ballstáit.

    3.           Leis an gClár tabharfar tacaíocht do chomhar le comhpháirtithe ó thríú tíortha, go sonrach comhpháirtithe ó thíortha comharsanachta, i ngníomhaíochtaí agus i ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 10.

    CAIBIDIL VII

    Córas bainistíochta agus iniúchóireachta

    Airteagal 19

    Comhlántacht

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht leis na nithe seo a leanas a áirithiú:

    (a) beartais ábhartha an Aontais, go háirithe na cinn sin i réimsí an chultúir agus na meán, na fostaíochta, na sláinte, an taighde agus na nuálaíochta, na fiontraíochta, an cheartais, na dtomhaltóirí, na forbartha agus an bheartais comhtháthaithe;

    (b) foinsí ábhartha eile de chistiú an Aontais i réimse na mbeartas oideachais, oiliúna agus óige, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa agus na hionstraimí airgeadais eile a bhaineann le fostaíocht agus cuimsiú, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, na Cláir Thaighde agus Nuálaíochta, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais a bhaineann le ceartas agus le saoránacht, sláinte, Cláir um chomhar seachtrach agus na hionstraimí réamhaontachais.

    Airteagal 20

    Comhlachtaí cur chun feidhme

    Cuirfidh na comhlachtaí seo a leanas an Clár chun feidhme:

    (a) An Coimisiún ar leibhéal an Aontais;

    (b) Na Gníomhaireachtaí Náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta a bheidh le cur chur feidhme sna tíortha rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1).

    Airteagal 21

    An tÚdarás Náisiúnta

    1.           Laistigh de mhí amháin i ndiaidh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht an duine (na daoine) atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an “Údarás Náisiúnta” chun críche an Rialacháin seo. I gcás go n‑athraítear an tÚdarás Náisiúnta le linn shaolré an Chláir, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún láithreach de réir an nós imeachta céanna.

    2.           Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir, lena n‑áirítear víosaí a riar.

    3.           Laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ainmneoidh an tÚdarás Náisiúnta comhlacht comhordaithe aonair ar a dtabharfar “an Ghníomhaireacht Náisiúnta” anseo feasta. Soláthróidh an tÚdarás Náisiúnta Measúnú ar Chomhlíonadh ex ante iomchuí don Choimisiún ina mbeidh sé sonraithe go gcomhlíonann an Ghníomhaireacht Náisiúnta forálacha Airteagal 55(1)(b)(vi) agus Airteagal 57(1), (2) agus (3) de Rialachán Uimh. XX/2012, , agus Airteagal X dá Rialachán Tarmligthe Uimh. XX/2012, mar aon le ceanglais an Aontais maidir le caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus rialacha maidir leis an gcaoi ina mbainistíonn siad cistí an Chláir le haghaidh tacaíochta deontais.

    4.           Ainmneoidh an tÚdarás Náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 24.

    5.           Déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiúin ar an eolas i dtráth cuí roimh dó cinneadh ar bith a dhéanamh a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhainistíocht an Chláir agus rachaidh sé i gcomhairle leis ina leith, go háirithe maidir lena Ghníomhaireacht Náisiúnta.

    6.           Bunóidh an tÚdarás Náisiúnta a Mheasúnú ar Chomhlíonadh ex-ante ar a rialuithe agus a iniúchtaí féin, agus/nó ar rialaithe agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 24.

    7.           I gcás gurb í an Ghníomhaireacht Náisiúnta atá ainmnithe don Chlár an Ghníomhaireacht Náisiúnta chéanna a ainmníodh do na cláir réamhtheachtaí eadhon an Clár Foghlama ar feadh an tSaoil nó an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta, d’fhéadfadh raon feidhme na rialuithe agus na n‑iniúchtaí maidir leis an Measúnú ar Chomhlíonadh ex-ante a bheith teoranta do na ceanglais nua a bhaineann go sonrach leis an gClár.

    8.           I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an Ghníomhaireachta Náisiúnta atá ainmnithe bunaithe ar a mheastóireacht ar an Measúnú ar Chomhlíonadh ex-ante, áiritheoidh an tÚdarás Náisiúnta go ndéanfar na bearta leasúcháin is gá ionas go gcomhlíonfaidh an comhlacht atá ainmnithe mar Ghníomhaireacht Náisiúnta na híoscheanglais atá leagtha amach ag an gCoimisiún nó ainmneoidh sé comhlacht eile mar Ghníomhaireacht Náisiúnta.

    9.           Soláthróidh an tÚdarás Náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a Ghníomhaireachta Náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca le rialacha an Aontais is infheidhme.

    10.         Bunaithe ar dhearbhú bliantúil urrúis bhainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht an Údaráis Náisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Náisiúnta a ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta maidir leis na gClár in iúl don Choimisiún faoi 30 Deireadh Fómhair gach bliain.

    11.         Glacfaidh an tÚdarás Náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta chun tacaíocht deontais a dhámhachtain faoin gClár.

    12.         I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na Gníomhaireachta Náisiúnta, agus i gcás easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíocht na Gníomhaireachta Náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh ar an Gníomhaireacht Náisiúnta dá bharr sin, beidh an tÚdarás Náisiúnta faoi dhliteanais i leith an Choimisiúin maidir leis na cistí nár gnóthaíodh.

    13.         Sna teagmhais agus sna cásanna dá dtagraítear i mír 12, féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta an Ghníomhaireacht Náisiúnta a aisghairm ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ón gCoimisiún. I gcás inar mian leis an Údarás Náisiúnta an Ghníomhaireacht Náisiúnta a chúlghairm ar chúiseanna a bhfuil údar maith leo, cuirfidh sé an chúlghairm in iúl don Choimisiún sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na Gníomhaireachta Náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

    14.         I gcás cúlghairme, cuirfidh an tÚdarás Náisiúnta na rialuithe riachtanacha chun feidhme maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an nGníomhaireacht Náisiúnta chúlghairthe agus áiritheoidh sé go n‑aistreofar gan bhacainn go dtí an Ghníomhaireacht Náisiúnta nua na cistí sin chomh maith leis na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú. Soláthróidh an tÚdarás Náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don Ghníomhaireacht Náisiúnta chúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conartha maidir le tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún a chur chun feidhme go dtí go n‑aistreofar na hoibleagáidí sin go dtí Gníomhaireacht Náisiúnta nua.

    Airteagal 22

    An Ghníomhaireacht Náisiúnta

    1.           Maidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta:

    (a) beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d’eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann. Ní fhéadfar aireacht a ainmniú mar Ghníomhaireacht Náisiúnta;

    (a) beidh cumas bainistíochta, foireann agus bonneagar leordhóthanach aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena n‑áiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

    (b) beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

    (c) cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna n‑eisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal na gcistí de chuid an Aontais a iarrfar uirthi a bhainistiú;

    (d) beidh sí ainmnithe d’fhad tréimhse an Chláir.

    2.           Beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta freagrach as gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Chláir arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagail 55(1)(b)(vi) de Rialachán N°XXX/2012 [an Rialachán Airgeadais atá le teacht] agus le hAirteagal X dá Rialachán Tarmligthe N°XXX/2012 [na Rialacha Cur Chun Feidhme atá le teacht]. Is iad na gníomhaíochtaí sin:

    (a) gach gníomhaíocht de chuid an Chláir laistigh den phríomhghníomhaíocht “Foghlaim soghluaisteachta daoine aonair” cé is moite den tsoghluaisteacht arna heagrú ar bhonn comhchéimeanna nó céimeanna dúbailte/ilchéimeanna agus scéim ráthaíochta iasachta an Aontais;

    (b) an ghníomhaíocht de chuid an Chláir “Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha” laistigh den phríomhghníomhaíocht “Comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtas";

    (c) bainistiú gníomhaíochtaí bunúsacha sa phríomhghníomhaíocht “Tacaíocht d’Athchóiriú Beartas”.

    3.           Beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta i gceannas ar bhainistíocht na gcéimeanna uile de thimthriall tionscadail ghníomhaíochtaí an Chláir dá dtagraítear i mír 2, seachas b’fhéidir an cinneadh maidir le roghnú agus dámhachtain i gcás na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha dá dtagraítear sa mhír chéanna.

    4.           Eiseoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta tacaíocht deontais do thairbhithe trí chomhaontú deontais nó trí chinneadh deontais, arna shonrú ag an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann de chuid an Chláir.

    5.           Tuairisceoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta don Choimisiún agus don Údarás Náisiúnta ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 57(5) de Rialacháin Airgeadais Uimh. 2012. Beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú urrúis bhainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

    6.           Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón Údarás Náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an Ghníomhaireacht Náisiúnta agus sise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

    7.           I gcás ina n‑athrófar an Ghníomhaireachta Náisiúnta, beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta chúlghairthe fós freagrach ó thaobh an dlí de as chur chun feidhme a hoibleagáidí conartha maidir le tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún go dtí go n‑aistreofar na hoibleagáidí sin chuig Gníomhaireacht Náisiúnta nua.

    8.           Beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na Cláir réamhtheachtaí eadhon an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta (2007-2013) a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

    Airteagal 23

    An Coimisiún Eorpach

    1.           Laistigh de dhá mhí tar éis dó an Measúnú ar Chomhlíonadh ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a fháil ón Údarás Náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na Gníomhaireachta Náisiúnta, glacfaidh sé leis go coinníollach nó diúltóidh sé é. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an nGníomhaireacht Náisiúnta go dtí go nglacfar leis an Measúnú ar Chomhlíonadh ex-ante. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena gaol chonarthach leis na nGníomhaireacht Náisiúnta.

    2.           Na freagrachtaí dlíthiúla maidir le comhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na Cláir réamhtheachtaí eadhon an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta (2007-2013) agus atá fós oscailte ag tús an Chláir, Cuirfidh an Coimisiún ar bhonn foirmiúil iad nuair a ghlafaidh sé leis an Measúnú ar Chomhlíonadh ex-ante maidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta atá ainmnithe don Chlár.

    3.           Maidir leis an doiciméad lena rialaítear an gaol conarthach idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta:

    (a) leagfar síos ann na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na nGníomhaireachtaí Náisiúnta agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais i gcomhair tacaíochta deontais ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta;

    (a) áireofar ann clár oibre na Gníomhaireachta Náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta dá bhfuil tacaíocht an AE á cur ar fáil;

    (b) sonrófar ann na ceanglais tuairiscithe le haghaidh na Gníomhaireachta Náisiúnta.

    4.           Cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil don Ghníomhaireacht Náisiúnta ar bhonn bliantúil:

    (a) cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát do ghníomhaíochtaí an Chláir a cuireadh de chúram ar an nGníomhaireacht Náisiúnta iad a bhainistiú.

    (b) ranníocaíocht airgeadais chun tacú le cúraimí bainistíochta an Chláir atá curtha ar an nGníomhaireacht Náisiúnta. Cuirfear an ranníocaíocht sin ar fáil i bhfoirm ranníocaíochta ráta chomhréidh le costais oibríochtúla na Gníomhaireachta Náisiúnta. Socrófar í ar bhonn mhéid na gcistí de chuid an Aontais do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na Gníomhaireachta Náisiúnta.

    5.           Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na Gníomhaireachta Náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don Ghníomhaireacht Náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

    6.           Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe, go háirithe tríd an measúnú ar Mheasúnú ar Chomhlíonadh ex-ante an Údaráis Náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil urrúis bhainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón Údarás Náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur san áireamh.

    7.           Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil urrúis bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don Ghníomhaireacht Náisiúnta agus don Údarás Náisiúnta.

    8.           I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh le dearbhú urrúis bhainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta ná leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 57 (4) de Rialachán Airgeadais N°XX/2012

    9.           Eagróidh an Coimisiún cruinnithe rialta le gréasán na nGníomhaireachtaí Náisiúnta d’fhonn cur chun feidhme comhtháite an Chláir a áirithiú ar fud na dtíortha rannpháirteacha uile.

    10.         Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hÚdaráis Náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na n‑institiúidí nó na n‑eagraíochtaí sin, a ainmniú lena bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sonracha de chuid an Chláir ina gcríocha faoi seach.

    Airteagal 24

    An Comhlacht iniúchóireachta

    1.           Eiseoidh an t‑iniúchadh neamhspleách tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil urrúis bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 57(5)(d) agus (e) de Rialachán Airgeadais Uimh. XX/2012.

    2.           Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

    (a) Beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

    (b) Áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta;

    (c) Ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an Ghníomhaireacht Náisiúnta ina chuid de. Beidh sé neamhspleách ó thaobh feidhme maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an Ghníomhaireacht Náisiúnta ina chuid de agus ní chuirfidh sé aon rialuithe ná iniúchtaí i gcrích ar an eintiteas dlíthiúil ná thar a cheann.

    3.           Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil urrúis bhainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta.

    CAIBIDIL VIII

    An Córas rialaithe

    Airteagal 25

    Prionsabail an chórais rialaithe

    1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

    2.           Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir leis na gníomhaíochtaí de chuid an Chláir a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

    3.           Beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta freagrach as rialuithe príomhúla na dtairbhithe deontais i gcomhair na ngníomhaíochtaí de chuid an Chláir, dá dtagraítear in Airteagal 22(2). Tabharfaidh na rialuithe seo urrús réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

    4.           Maidir le cistí an Chláir arna n‑aistriú chuig na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na hÚdaráis Náisiúnta agus leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe OLAF.

    Airteagal 26

    Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint

    1.           Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir, ar gach fochonraitheoir agus tríú páirtithe eile a fuair cistí de chuid an Aontais. Féadfaidh siad iniúchtaí agus rialuithe a dhéanamh ar na Gníomhaireachtaí Náisiúnta freisin.

    2.           Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) rialuithe ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile i ndáil le comhaontú nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

    3.           Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfar cead go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, rialuithe ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

    CAIBIDIL IX

    Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

    Airteagal 27

    Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir le leasú a dhéanamh ar Airteagal 13(7) agus ar Airteagal 22(2) a bhaineann faoi seach leis na critéir feidhmíochta agus leis na forálacha maidir leis na gníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.

    Airteagal 28

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

    2.           Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar feadh ré an Chláir.

    3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 27 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.           A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

    5.           Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 27 i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

    Airteagal 29

    Cur chun feidhme an Chláir

    D’fhonn an clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Leagfar amach iontu na cuspóirí arna saothrú, na torthaí ionchasacha, an modh cur chun feidhme agus a méid iomlán. Cuimseofar ann freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, chomh maith le dáileadh na gcistí idir na Ballstáit i gcomhair na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú trí na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, áireofar sna cláir na tosaíochtaí, na critéir riachtanacha mheastóireachta agus an t‑uasráta cómhaoinithe.

    Airteagal 30

    Nós imeachta coiste

    1.           Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL X

    Forálacha Críochnaitheacha

    Airteagal 31

    Aisghairm - Forálacha idirthréimhseacha

    1.           Déanfar Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE lena mbunaítear an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil, Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE lena mbunaítear an Clár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE lena mbunaítear Clár Erasmus Mundus a aisghairm ón 1 Eanáir 2014.

    2.           Déanfar gníomhaíochtaí a thionscnófar ar an 31 Nollaig 2013 nó roimhe ar bhonn Chinneadh Uimh. 1720/2006/CE, Chinneadh Uimh. 1719/2006/CE agus Chinneadh Uimh 1298/2008/CE a riar, nuair is ábhartha, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

    3.           Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhthéacs na gClár roimhe seo i réimsí na foghlama ar feadh an tsaoil, na hóige agus an chomhair idirnáisiúnta san ardoideachas agus na gníomhaíochtaí sin atá le cur chun feidhme sa Chlár.

    Airteagal 32

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    [gabhann an fhoirm seo le gach aon togra nó tionscnamh a thíolactar don údarás reachtach

    (Airteagal 28 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 22 de na rialacha cur chun feidhme)]

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

                  1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

                  1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

                  1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

                  1.4.    Cuspóirí

                  1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

                  1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

                  1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

                  2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

                  2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

                  2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

                  3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

                  3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

                  3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

                  3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

                  3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

                  3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

                  3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

                  3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear gníomhaíocht Erasmus do Chách, Clár an Aontais i um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um an Spórt.

    1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[31]

    Teideal 15 Oideachas agus Cultúr

    1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

    x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[32]

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

    1.4.        Cuspóirí

    1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Straitéis Eoraip 2020

    Tosaíocht: Fás Cliste agus Uilechuimsitheach, Clár aonair um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um an Spórt

    Spriocanna: Oideachas/Scileanna

    Tionscnaimh shuaitheanta Clár do phoist agus do scileanna nua, an Óige ag bogadh

    1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1:

    Leibhéal na n‑inniúlachtaí agus na scileanna lárnacha a fheabhsú go háirithe i ndáil le hábharthacht na n‑inniúlachtaí agus na scileanna sin maidir le margadh an tsaothair agus leis an tsochaí, chomh maith le rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach san Eoraip a fheabhsú, go háirithe trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú do dhaoine óga, d’fhoghlaimeoirí, do bhaill foirne agus d’oibrithe don ógra, agus trí chomhar idir oideachas, an óige agus margadh an tsaothair a neartú.

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2:

    Feabhsuithe ar ardchaighdeán, barr feabhais i nuálaíocht agus idirnáisiúnú ar leibhéal na n‑institiúidí oideachais agus in obair don ógra a chothú, go háirithe trí chomhar trasnáisiúnta idir soláthraithe oideachais agus oiliúna nó eagraíochtaí óige agus geallsealbhóirí eile a fheabhsú.

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3:

    Teacht chun cinn limistéir Eorpaigh um fhoghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh, athchóirithe beartas a chur faoi deara ar an leibhéal náisiúnta, nuachóiriú ar chórais oideachais agus oiliúna a chothú, lena n‑áirítear foghlaim neamhfhoirmiúil, agus comhar Eorpach i réimse na hóige a chothú, go háirithe trí chomhar maidir le beartas a fheabhsú, trí úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí aitheantais agus trédhearcachta, agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4:

    Gné idirnáisiúnta an oideachais, na hoiliúna agus na hóige a fheabhsú, go háirithe san ardoideachas trí bhíthin institiúidí ardoideachais an Aontais a dhéanamh níos mealltaí agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí forbartha an Aontais tríd an tsoghluaisteacht agus comhar idir institiúidí ardoideachais an AE agus tríú tíortha a chur chun cinn agus trí fhorbairt spriocdhírithe acmhainní i dtríú tíortha

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5:

    Teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú agus éagsúlacht teangacha a chur chun cinn

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6:

    Barr feabhais i ngníomhaíochtaí teagaisc agus taighde maidir leis an lánpháirtíocht Eorpach a chur chun cinn trí bhíthin ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar fud an domhain.

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 7:

    Dul i ngleic le bagairtí trasnáisiúnta ar an spórt, amhail dópáil, cluichí a shocrú, foréigean, ciníochas agus éadulaingt.

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 8:

    Dea-rialachas i spórt agus déghairmeacha lúthchleasaithe a chothú

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 9:

    Cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus gníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte a chur chun cinn trí bhíthin rannpháirtíochta méadaithe sa spórt.

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Gníomhaíochtaí nua ABM/ABB atá beartaithe:

    15.02 Oideachas, Oiliúint, an Óige agus an Spórt

    1.4.3      An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Cabhróidh Erasmus do Chách le ballstáit tionchar sistéamach suntasach a imirt ar a gcórais oideachais, oiliúna agus óige, tríd an tsoghluaisteacht agus comhar foghlama trasnáisiúnta ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur chun cinn laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta. Beidh tionchar ag na leasanna ionchais a rachaidh níos doimhne ná na daoine aonair lena mbaineann; cabhróidh siad le daoine óga na scileanna nua a shealbhú agus a n‑infhostaitheacht a mhéadú; déanfaidh siad institiúidí oideachais níos éifeachtúla, níos oscailte agus níos idirnáisiúnta, agus cuirfidh siad uirlisí, anailís agus taighde ardchaighdeáin ar fáil.

    I réimse na foghlama neamhfhoirmiúla agus na hoibre don óige, meastar gur ar fhorbairt oideachais agus ar fhorbairt ghairmiúil daoine aonair a imreofar an tionchar is láidre, lena n‑áirítear cur chun cinn rannpháirtíocht na hóige sa tsochaí agus sa spórt. Múnlófar tionscnaimh bheartais amhail an tSeirbhís Shaorálach Eorpach leis an gclár freisin, lena bhfeabhsófar comhar i réimse na ngníomhaíochtaí deonacha do dhaoine óga.

    I gcás tíortha is iarrthóirí agus tríú tíortha, méadófar leis an togra a n‑acmhainneacht le haghaidh comhpháirtíochtaí atá dírithe ar chomhar níos dlúithe go háirithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta. Tacófar le forbairt acmhainní agus le nuachóiriú an ardoideachais i dtíortha comhpháirteacha trí chomhar atreisithe agus cuirfear le mealltacht na hEorpa.

    1.4.4      Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh

    Táscairí || Foinsí na sonraí || Sprioc

    – Gnóthachtáil sa tríú leibhéal – Luathfhágálaithe scoile || Eoraip 2020 Tuarascálacha ET2020 Eurostat || Faoin mbliain 2020, ba cheart ar a laghad 40% de dhaoine idir 30-34 bliain d’aois a bheith ina gcéimithe ardoideachais. Faoin mbliain 2020, oideachas meánscoile sóisearach agus sin amháin gan a bheith ag níos mó ná 10% de dhaoine idir 18-24 bliain d’aois nach bhfuil cláraithe in oideachas ná in oiliúint.

    % de na rannpháirtithe a d’fheabhsaigh a n‑inniúlachtaí lárnacha agus/nó a scileanna a bhaineann lena n‑infhostaitheacht || Eurostat Tuarascáil deiridh an tairbhí Suirbhéanna/Eorabharaiméadar || Faoin mbliain 2020, 95% de dhaoine a deir go bhfuil inniúlachtaí lárnacha faighte nó feabhsaithe acu pháirt a ghlacadh i dtionscadal cláir

    % de na rannpháirtithe óga a dhearbhaíonn go bhfuil siad níos réitithe chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus polaitiúil || Tuarascáil deiridh an tairbhí Suirbhéanna/Eorabharaiméadar || Faoin mbliain 2020, 70% de dhaoine óga a deir go bhfuil siad níos réitithe chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus polaitiúil trí pháirt a ghlacadh i dtionscadal cláir

    % d’eagraíochtaí a ghlac páirt sa Chlár agus a d’fhorbair nó a ghlac le modhanna nuálacha || Suirbhéanna/ Eorabharaiméadar Tuarascáil deiridh || Méadú bliantúil

    Líon na mballstát a bhaineann úsáid as na torthaí ón modh Oscailte comhordúcháin i bhforbairt a mbeartas náisiúnta || ET 2020 || Déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis / na torthaí ábhartha atá ar fáil ó Mhodh Oscailte Comhordúcháin (MOC) an oideachais agus na hoiliúna a chur san áireamh go córasach faoin mbliain 2020

    Líon na n‑institiúidí ardoideachais nach bhfuil san Aontas a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair || Tuarascáil deiridh Uirlis faireacháin TF Suirbhéanna /Eorabharaiméadar || Méadú bliantúil

    % de na rannpháirtithe a d’fheabhsaigh a scileanna teanga || || Faoi 2020, dhá theanga eachtracha nó níos mó a bheidh á múineadh do 80% ar a laghad de dhaltaí sóisearacha meánscoile

    % den mhéadú ar líon na dtionscadal Jean Monnet ar fud an domhain || Tuarascáil deiridh Uirlis faireacháin TF Suirbhéanna/ Eorabharaiméadar || Méadú bliantúil

    – % de na rannpháirtithe a bhaineann úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun bagairtí ar an spórt a chomhrac. – % de na rannpháirtithe a bhaineann úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun dea-rialachas agus déghairmeacha a fheabhsú – % de na rannpháirtithe a bhaineann úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus rátaí rannpháirtíochta a fheabhsú || Tuarascáil deiridh Uirlis faireacháin TF Suirbhéanna/ Eorabharaiméadar || Méadú bliantúil

    1.5.        Na forais leis an togra/tionscnamh

    1.5.1      Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    - Níos mó deiseanna foghlama soghluaisteachta a thairiscint do mhic léinn, do dhaoine óga, do mhúinteoirí, d’oiliúnóirí agus d’oibrithe don ógra.

    - Comhar trasnáisiúnta idir eagraíochtaí óige, oiliúna agus oideachais a spreagadh d’fhonn modhanna nuálacha teagaisc agus malartú dea-chleachtais a chur chun cinn.

    - Gné idirnáisiúnta an oideachais a neartú trí chomhar atreisithe le réigiúin áirithe den domhan, go háirithe le comharsana an Aontais.

    - Tacú le hathchóiriú beartas sna Ballstáit

    - Tacú le gníomhaíochtaí spóirt ag díriú ar an gcomhrac i gcoinne na dópála, an fhoréigin agus an chiníochais agus ag cothú gníomhaíochtaí trasnáisiúnta.

    1.5.2      Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

    Faoi mar a tugadh chun suntais in Athbhreithniú Buiséid an Aontais, ba cheart buiséad an Aontais a úsáid chun earraí poiblí an Aontais a mhaoiniú, chomh maith le gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin, nó i gcás ina bhféadfaí torthaí níos fearr a fháil. Tá sé léirithe i meastóireachtaí eatramhacha ar chláir reatha ina ndéileáiltear le hoideachas, le hoiliúint agus leis an óige (an clár Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta den chuid is mó) go dtógtar breisluach Eorpach an chláir ó shainghné thrasnáisiúnta agus nuálach na ngníomhaíochtaí a dhéantar, agus na dtáirgí agus na gcomhpháirtíochtaí a chuidíonn sé lena bhforbairt. Trí bhíthin comhar rathúil a spreagadh idir córais óige, oideachais agus oiliúna na mBallstát, chuideofaí le beartais agus le cleachtais rathúla a spreagann an fhoghlaim dá chéile a shainaithint agus a chur chun feidhme.

    Tugtar urraim sa togra dlí do phrionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil na cúraimí maidir le bearta dreasachta a ghlacadh sa réimse lena mbaineann leagtha amach sa Chonradh (Airteagal 165 agus Airteagal 166 de CAE). Déantar na beartais a chur chun feidhme tríd an bhfreagracht atá ar na Ballstáit a urramú go hiomlán, go háirithe maidir lena bhfuil á theagasc agus le heagrúchán na gcóras oideachais náisiúnta agus maidir le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha, agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta láraithe indírí.

    Beidh ionstraim an Aontais dírithe ar soghluaisteacht mac léinn agus múinteoirí, ar fhorbairt malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas, ar dhul in oiriúint do na hathruithe tionsclaíocha tríd an ngairmoiliúint agus an athoiliúint agus trí rochtain uirthi a éascú.

    1.5.3      Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

    I réimse an oideachais agus an chultúir, forbraíodh an clár Foghlama ar Feadh an tSaoil atá ann faoi láthair mar thoradh ar thrí chlár a bhí ann roimhe sin, eadhon, [33] a chomhtháthú i gclár aonair. Mar a luaitear sa mheastóireacht eatramhach ar an LLP, bhí rath ar chomhtháthú na gclár go príomha ó thaobh bhainistiú foriomlán an chláir de, a bhuí leis an gcaoi inar simplíodh an riarachán go suntasach agus inar scaipeadh an fhaisnéis ar na spriocghrúpaí.

    Táthar ag súil le simpliú de bhreis anois nuair a dhéanfar an LLP, an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus cláir chomhair idirnáisiúnta a chomhtháthú. Go deimhin, tá struchtúir bainistíochta chomhchosúla acu cheana féin (Gníomhaireachtaí náisiúnta, Gníomhaireacht feidhmiúcháin) agus cumhdaíonn siad cineálacha gníomhaíochtaí atá an‑chosúil le chéile (tionscadail soghluaisteachta agus chomhair den chuid is mó).

    Maidir le hinneachar an bheartais, léirítear sna meastóireachtaí go bhfuil tionchar sistéamach suntasach tar éis a bheith ag cláir reatha an Chomhphobail chun an tsoghluaisteacht agus comhar foghlama trasnáisiúnta ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur chun cinn laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta, agus go ndeachaigh an tionchar sin i bhfad níos doimhne ná na buntáistí do na daoine aonair lena mbaineann.

    Léirítear go comhsheasmhach i meastóireachtaí go bhfuil an iomarca castachta i gceist leis an gcaoi ina bhfuil an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil reatha fós á ilroinnt i 6 fhochlár, in os cionn 50 cuspóir agus in os cionn 60 gníomhaíocht; d’fhéadfaí forluí a bheith i gceist leis, cuireann sé isteach ar chur chuige comhtháite maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt, agus cuireann sé teorainn le deiseanna chun ghnóthachain éifeachtúlachta agus éifeachtacht costais a bhaint amach. Uaireanta bíonn an mhais chriticiúil atá riachtanach le haghaidh tionchair fhadtéarmaigh in easnamh i ngníomhaíochtaí reatha. Ina theannta sin, ní mór gach leas a bhaint as na cosúlachtaí idir na cuspóirí ginearálta agus na meicníochta seachadta a bhaineann le fochláir an chláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta”, ar dhá chlár iad atá dírithe ar chomhar agus ar chaipiteal daonna, go háirithe maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an Chláir.

    Tugtar le tuiscint sa mheastóireacht mheántéarma ar an LLP go mbeadh sé d’acmhainn ag Clár aonair an comhchuibheas idir na féidearthachtaí cistithe éagsúla arna dtairiscint do na tairbhithe a mhéadú agus an cur chuige um fhoghlaim ar feadh an tsaoil a neartú trí gach Clár a dhéileálann le foghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ag gach céim den speictream oideachais agus oiliúna a nascadh le chéile. Leathnóidh sé deiseanna do chomhpháirtíochtaí struchtúracha, idir na hearnálacha oideachais éagsúla agus le saol na hoibre agus le gníomhaithe ábhartha eile. Ar leibhéal na bainistíochta, d’fhéadfaí barainneachtaí scála suntasacha a bheith ann, má bhíonn rialacha agus nósanna imeachta comhchosúla cur chun feidhme ag baint le gníomhaíochtaí den chineál céanna, rud a shimplíonn cúrsaí do thairbhithe agus do chomhlachtaí bainistíochta araon ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfear solúbthacht agus dreasachtaí ar fáil leis an gClár freisin, ionas gur fearr a léireofar feidhmíocht agus tionchar féideartha i leithdháileadh an bhuiséid idir gníomhaíochtaí, tairbhithe agus tíortha.

    Baineann an méid sin le comhar idirnáisiúnta san ardoideachas, ina bhfuil ilroinnt ionstraimí an Aontais i gceist freisin, rud a fhágann gur deacair do mhic léinn agus d’institiúidí rochtain a fháil ar na deiseanna éagsúla agus gur deacair don Aontas a bheith feiceálach go hidirnáisiúnta. Bíonn cuspóirí, raon feidhme, módúlachtaí oibríochta agus féilire éagsúla i gceist i gcláir atá cosúil le chéile, agus níl idirghníomhú furasta eatarthu; is deacair d’institiúidí ardoideachais páirt a ghlacadh i gcomhar fadtéarmach mar gheall ar an easpa intuarthachta agus an timthriall bliantúil cistithe ‘stad-gabh’.

    1.5.4      Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

    Ní hé Erasmus do Chách an t‑aon chlár de chuid an Aontais a bhaineann le réimsí an oideachais agus na hóige. Tá Clár Taighde agus Nuálaíochta Horizon 2020 atá le teacht agus na Cistí Struchtúracha tiomanta go láidir freisin do straitéis 2020 an Aontais agus do na príomhspriocanna lena mbaineann, go háirithe maidir leis an ardoideachas agus le luathfhágáil na scoile. Áiritheofar an tsineirgíocht idir na hionstraimí trí idirdhealú soiléir sna cineálacha infheistíochtaí/spriocghrúpaí a dtugtar tacaíocht dóibh: gheobhaidh an bonneagar oideachais tacaíocht ó CFRE, gheobhaidh daoine atá faoi oiliúint mhargadh an tsaothair agus soghluaisteacht d’fhoghlaimeoirí fásta tacaíocht ó CSE, agus gheobhaidh soghluaisteacht taighdeoirí tacaíocht ó Horizon 2020. Ina theannta sin, ní thacaíonn Erasmus do chách ach le tionscadail thrasnáisiúnta, fad is a dhírítear cistí struchtúracha laistigh de ghné náisiúnta nó réigiúnach.

    Is é is aidhm dó a chur ar chumas Bhallstáit uirlisí agus mhodhanna a thástáil agus a thriail a thig ó chomhar trasnáisiúnta trí bhíthin Erasmus do chách agus ansin iad a chur chun feidhme ina gcríocha féin trí chistí struchtúracha.

    Beidh baint mhór ag comhlántacht le Horizon 2020 leis an Ardoideachas, lena n‑áirítear a ghné idirnáisiúnta ina ndéanfar barr feabhais agus taighde in ollscoileanna a atreisiú.

    1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

    x Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

    – x Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 01/01/2014 go 31/12/2020

    – x Tionchar airgeadais ó 2014 go 2025

    ¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

    – Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB,

    – agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

    1.7         Modhanna bainistíochta atá beartaithe[34]

    x Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    x Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    – x gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    – ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[35]

    – x comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    – ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

    ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    x Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (mar a shonraítear thíos)

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Maidir leis an tionscnamh Soghluaisteachta do Chéim Mháistreachta Erasmus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), samhlaíonn an Coimisiún go gcuirfí an córas comhbhainistíochta i bhfeidhm le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Faoi réir na gcaibidlíochtaí mionsonraithe maidir leis na téarmaí conarthacha, is dócha go roghnófaí Grúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta le feidhmiú mar iontaobhaí do chur chun feidhme na ráthaíochta.

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

    Bunófar rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú ar mhaithe le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht costais, bunaithe ar an taithí a fuarthas sna cláir reatha.

    D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, cuirfear roinnt beart simplithe chun feidhme sa phróiseas bainistithe deontas, simplithe a mbeidh sé mar phríomhspriocanna acu an t‑ualach riaracháin agus costais ghaolmhara ar rannpháirtithe an chláir a laghdú, costais faireacháin agus rialaithe ar na comhlachtaí bainistíochta a laghdú, agus caighdeán na sonraí arna mbailiú a fheabhsú agus an ráta earráide a laghdú.

    Chun an simpliú sin a bhaint amach, cuirfear na bearta a leanas chun feidhme:

    -        Cuíchóiriú ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí an chláir: laghdú suntasach ar líon na ngníomhaíochtaí éagsúla a bhfuil rialacha bainistíochta éagsúla acu; ba cheart an chúloifig a aontú agus barr feabhais éifeachtúlachta a chur uirthi ar fud na ngníomhaíochtaí;

    -        Leathnófar amach úsáid deontas cnapshuime agus deontas ráta chomhréidh / deontais atá bunaithe ar chostais aonaid a mhéid agus is féidir. Beidh deontais do dhaoine aonair i leith gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama i bhfoirm deontas cnapshuime gan eisceacht. Dá réir sin, díreofar tuairisciú agus rialú ar réadú na gníomhaíochta a fhaigheann tacaíocht agus ar na torthaí a fuarthas seachas ar incháilitheacht na gcostas a tabhaíodh, rud a laghdóidh an t‑ualach oibre agus an baol earráide a bhaineann le rannpháirtithe an chláir agus leis na chomhlachtaí bainistíochta araon.

    -        I gcás tionscadal comhair agus tacaíochta d’athchóiriú beartas, cuirfear béim níos láidre ar aschuir, agus ceadófar deontais chnapshuime níos mó dá bharr. I gcás ina mbeidh deontais bunaithe ar chostais iarbhír, is le costais dhíreacha go bunúsach a bhainfidh an ranníocaíocht deontais.

    -        Soláthróidh tairbhithe na gclár an fhaisnéis bhainistíochta is gá ina n‑iarratas ar dheontas agus ina dtuarascálacha. Beidh na ceanglais tuairiscithe i gcomhréir le méid an deontais, fad tréimhse agus castacht na gníomhaíochta a fhaigheann tacaíocht. Tá táscairí socraithe sa bhunús dlí d’fhonn bonn cobhsaí a sholáthar chun sonraí a bhailiú agus a dhúshaothrú i bhfianaise an fhaireacháin agus an tuairiscithe.

    -        Tacófar leis an líon níos lú gníomhaíochtaí le foirmeacha leictreonacha lenar féidir le tairbhithe tuairisciú agus iarratas a dhéanamh. Éascófar bailiú agus saothrú sonraí ar mhaithe le faireachán agus tuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais dá bharr.

    2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

    Bíonn na rioscaí a aithníodh le linn na cláir reatha a chur chun feidhme sna catagóirí seo a leanas den chuid is mó:

    -        Earráidí a thig ó chastacht na rialacha; léirítear sna cláir reatha gurb airde na ráta earráidí agus na coigeartuithe airgeadais i gcás gníomhaíochtaí lena mbaineann rialuithe bainistíochta airgeadais níos casta, go háirithe i gcás ina bhfuil an deontas bunaithe ar chostais iarbhír;

    -        Iontaofacht an tslabhra rialaithe agus an rian iniúchóireachta a chothabháil: tá na cláir reatha á mbainistiú ag líon mór idirghabhálaithe, na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, na comhlachtaí iniúchóireachta agus na Ballstáit;

    -        Úsáid neamhéifeachtach acmhainní riaracháin: léiríodh i staidéar a rinneadh maidir le costas rialaithe i leith na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta sna cláir reatha go bhfuil i bhfad níos mó rialuithe agus rialuithe i bhfad níos troime á gcur chun feidhme ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta in go leor tíortha ná mar a cheanglaíonn an Coimisiún orthu a dhéanamh. Ina theannta sin, toisc go bhfuil cuid mhór daoine aonair ag fail deontas atá an‑bheag, ar deontais soghluaisteachta go mór mór iad, cuireadh ualach trom ar rannpháirtithe agus ar Ghníomhaireachtaí Náisiúnta araon. Chomh maith leis sin, bíonn costais bhainistíochta i bhfad níos airde ar Ghníomhaireachtaí Náisiúnta a bhainistíonn méideanna réasúnta beag de chistí an Aontais ná mar a bhíonn ar Ghníomhaireachtaí a bhainistíonn méideanna níos mó;

    -        Spriocphobail shonracha: go háirithe in earnáil na hóige ach go méid áirithe i réimse na foghlama aosach freisin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an daingne airgeadais is gá ná na struchtúir bhainistíochta shofaisticiúla is gá ag rannpháirtithe, e.g. grúpaí daoine óga a cruthaíodh d’aon turas ar mhaithe le tionscadal malartaithe óige a bhainistiú. Is féidir leis an easpa struchtúir fhoirmiúil sin tionchar a imirt ar a gcumas airgeadais agus oibríochta maidir le cistí an Aontais a bhainistiú;

    -        D’fhéadfadh forluí cistí a bheith ann thar ghníomhaíochtaí mar gheall ar a raon feidhme leathan: tá gníomhaíochtaí na gclár reatha á mbainistiú ag gréasán Gníomhaireachtaí Náisiúnta, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin agus ag an gCoimisiún. Tá córais bhainistíochta TF éagsúla in úsáid ag na gníomhaithe sin. Ag an am céanna, tá an sainiú reatha ar ghníomhaíochtaí cláir réasúnta leathan, rud a fhágann i bprionsabal go bhféadfadh forluí áirithe cistithe a bheith i gceist.

    2.2.2      Modhanna rialaithe atá beartaithe

    Bunófar an córas rialaithe don chlár nua ar bhealach a chinnteoidh éifeachtacht agus éifeachtúlacht costais na rialuithe.

    1. Laghdaigh earráidí a thig ó rialacha casta

    Mar atá leagtha síos in 2.1 thuas, is é an príomhshimpliú ina ndéanfar rátaí earráide a thig ó chastacht na rialacha airgeadais a laghdú úsáid fhorleathan a bhaint as deontais i bhfoirm cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus scálaí costas aonaid.

    Tá sé sin i gcomhréir leis an staidéar ar chostas na rialuithe ina ndearnadh anailís ar chostas na rialuithe a bhí ag gabháil le 4 chineál éagsúla ghníomhaíochtaí LLP a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta:

    - Soghluaisteacht Erasmus: deontais mhóra d’ollscoileanna aonair bunaithe ar chnapshuimeanna agus rátaí comhréidh do thairbhithe athfhillteacha; tá na deontais cothrom le 50% de bhuiséad an chláir

    - soghluaisteacht Leonardo agus aistriú tionscadal nuálaíochta: deontais mheánmhéide agus deontais mhóra faoi seach do chomhpháirtíochtaí iltaobhacha bunaithe ar rátaí comhréidh agus ar chostais iarbhír faoi seach

    -Comhpháirtíochtaí: deontais bheaga do scoileanna, d’eagraíochtaí um fhoghlaim aosach agus eagraíochtaí gairmoiliúna agus gairmoideachais bunaithe ar dheontais chnapshuime;

    - Soghluaisteacht aonair: deontais an‑bheag do bhaill foirne teagaisc aonair in oideachas scoile agus in oideachas aosach.

    Tá na torthaí seo a leanas ar an gClár Foghlama ar Feadh an tSaoil le fáil sa staidéar:

    Saghas birt || Gnáthrialú || Rialú deisce || Ex-post

    Soghluaisteacht Erasmus || 0.16 % || 0,32 % || 0,17 %

    Tionscadail Leonardo || 2,55 % || 1,67 % || 1,77 %

    Comhpháirtíochtaí || 0,25 % || 0,36 % || n/b

    Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,66 % || 0,93 % || n/b

    Meán an LLP || 0,81 % || 1,05 % || 0,40 %

    Cé gurb ionann na coigeartuithe airgeadais ar an meán tar éis gnáthrialuithe ar leaganacha deireadh na dtuarascálacha (seiceáladh 100% de na comhaontuithe deontais) agus 0,81%, tá éagsúlachtaí sa ráta sin ó 0,16% i gcás shoghluaisteacht Erasmus agus 2,55% i gcomhair thuarascálacha Leonardo. Ar an dóigh chéanna, i gcás rialuithe deisce ar bhonn doiciméad tacaíochta ar shampla comhaontuithe deontais (tá idir 10 agus 25% den daonra le seiceáil) is é 1,05% an meánráta, ag dul ó 0,32% i gcomhair shoghluaisteacht Erasmus go 1,67% i gcomhair thionscadail Leonardo. Dearbhaíodh an patrún céanna do rialuithe ex-post ar an láthair.

    Mar a léirítear thuas, is é 0,50% a bheag nó a mhór an fíor-ráta earráide. Tá an ráta íseal earráide sin dearbhaithe freisin in iniúchtaí airgeadais neamhspleácha de chuid chomhaontuithe an Choimisiúin - na nGníomhaireachtaí Náisiúnta (0,07% in 2010).

    I gcás an chláir “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta”, is deacra na rátaí earráide a dhéanamh amach. Bunaithe ar iniúchtaí airgeadais chomhaontuithe an Choimisiúin - na nGníomhaireachtaí a rinneadh in 2010, 1,71% a bhí sa ráta earráide, ach chuaigh earráidí córasacha i bpríomhthír amháin i bhfeidhm go mór ar an ráta sin i gcás chomhaontuithe an Choimisiúin - Gníomhaireachta Náisiúnta in 2005 agus in 2007.

    Ba é an meánráta earráide don dá chlár in éineacht 0,3%.

    Ó tharla go ndéanfar timpeall 80% den bhuiséad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gclár nua, agus go mbeidh na deontais do na gníomhaíochtaí sin i bhfoirm cnapshuimeanna agus scálaí costas aonaid, réamh‑mheastar go gcoinneofar an ráta earráide íseal nó go laghdófar tuilleadh é don chlár ar an iomlán.

    Ina theannta sin, meastar go bhfeabhsófar an ráta earráide i dtreo an ráta a bhaineann le soghluaisteacht de chineál Erasmus nuair a athrófar na comhaontuithe deontais soghluaisteachta aonair ina gcomhaontuithe atá á mbainistiú ag eagraíochtaí.

    I gcás na ngníomhaíochtaí a áirítear faoin gComhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtas agus faoin Tacaíocht d’athchóiriú beartas, bunóidh an Coimisiún deontais chnapshuime, deontais ar scála costas aonaid agus deontais ráta chomhréidh i leith na dtorthaí agus na dtáirgí insoláthartha a bhfuiltear ag súil leo nuair is féidir agus go háirithe i gcás Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha (cf. meicníocht chistiúcháin atá inchomparáide le meicníocht na gcomhpháirtithe sa tábla thuas.

    I gcás líon beag gníomhaíochtaí ina bhféadfar deontais a bhunú (go páirteach) ar chostais iarbhír i gcónaí, ba cheart go dtiocfadh simpliú na bainistíochta deontas as na costais incháilithe a athshainiú agus as ranníocaíocht an Aontais a theorannú do chineálacha ar leith costas díreach, i gcomhréir leis na moltaí ó iniúchadh inmheánach de chuid DG EAC ar an ráta earráide a bhaineann le bainistíocht dhíreach. Tá na samhlacha cistiúcháin agus na bearta simpliúcháin maidir le deontais seo a leanas beartaithe:

    -        Aisíoc simplithe na gcostas díreach iarbhír;

    -        Sainiú soiléir ar chostais dhíreacha pearsanra, chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do thairbhithe agus chun earráidí a laghdú;

    -        Deimhneacht dhlíthiúil maidir le taifeadadh ama trí shraith shoiléir agus shimplí coinníollacha íosta a sholáthar sna rialacha maidir le rannpháirtíocht;

    -        Deireadh a chur le hoibleagáidí taifeadta ama do bhaill foirne a oibríonn 100% den am ar thionscadal an Aontais;

    -        An deis costais aonaid phearsanra (meánchostais pearsanra) a úsáid le haghaidh na dtairbhithe arb é a ngnáthmhodh cuntasaíochta;

    -        Ráta comhréidh amháin faoina gcumhdaítear costais indíreacha, nach gcuirtear i bhfeidhm ach maidir le costais indíreacha pearsanra.

    -        I gcás gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin, deimhnithe iniúchóireachta a úsáid i gcás deontas os cionn tairsí áirithe, trína ndearbhóidh iniúchóirí dlíthiúlacht agus comhréireacht na dtuarascálacha airgeadais;

    Mar thoradh ar na bearta sin, ba cheart go mbeadh rátaí earráide níos ísle ann maidir leis na cineálacha tionscadal lena mbaineann rátaí earráide réasúnta ard i láthair na huaire, e.g. aistriú nuálaíochta Leonardo agus go háirithe na gníomhaíochtaí atá á mbainistiú ag an gCoimisiún agus ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin go díreach faoi láthair.

    Torthaí ionchais/ cuspóir rialaithe inmheánaigh

    Tá sé fíor cheana féin faoi na cláir reatha go bhfuil ceanglais rialaithe mionsonraithe socraithe de réir an chineáil ghníomhaíochta bunaithe ar anailís riosca ag féachaint do leibhéal an deontais, do chastacht na gníomhaíochta, do líon na gcomhpháirtithe agus don mhéid a bhíonn an tairbhí céanna ann arís. Glacfar le cur chuige dá shamhail i leith an chláir nua; ach cuirfear san áireamh an riosca laghdaithe mar thoradh ar an simpliú a shamhlaítear. Tá údar ceart leis an laghdú sin freisin de bharr na rátaí earráide atá íseal go seasmhach i gcuid mhór de na cláir reatha. Fágfaidh eolas maith ar na córais rialaithe agus ar na torthaí a bhaineann leo go mbeifear ábalta cuspóirí rialaithe a shocrú bunaithe ar an riosca atá i gceist.

    Bunaithe ar an méid atá thuas, tá na cuspóirí rialaithe táscacha seo a leanas beartaithe i leith na ngníomhaíochtaí atá le bainistiú ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta:

    || Soghluaisteacht foghlama || Tionscadail chomhair

    Rialuithe córais ar an láthair ar thairbhithe athfhillteacha agus ar thairbhithe a fhaigheann roinnt deontas (lena n‑áirítear rialú airgeadais ar an láthair ar an gcomhaontú deiridh a dúnadh más infheidhme) || I gcás tairbhithe nua: Rialú amháin i rith thréimhse an chláir/ tairbhí athfhillteach a fhaigheann deontas bliantúil >250.000€ || Rialú amháin i rith thréimhse an chláir/ tairbhí roinnt deontas a fhaigheann méid bliantúil deontas >1.000.000€

    I gcás tairbhithe a seiceáladh i leith gníomhaíochtaí comhchosúla faoi na cláir roimhe sin, beidh rialuithe córais ag brath ar thorthaí na rialuithe roimhe sin.

    Rialuithe ar an láthair i rith gníomhaíochtaí a dhéanann tairbhithe neamh‑athfhillteachta || 1% ag brath ar leibhéal an deontais agus ar an gcineál tairbhí

    Gnáthrialuithe ar thuarascálacha deiridh || 100%

    Rialuithe deisce ar dhoiciméid tacaíochta || 2-5% ag brath ar leibhéal an deontais agus ar an gcineál tairbhí || 2-10% ag brath ar leibhéal an deontais, ar chineál an deontais agus ar an gcineál tairbhí

    Rialuithe airgeadais ex-post ar an láthair || 0,25-10% ag brath ar leibhéal an deontais, ar chineál an deontais, ar an gcineál tairbhí agus ar thorthaí na rialuithe roimhe sin.

    Féadfar glacadh le cuspóirí rialaithe sonracha i gcás tíortha an‑bheag ina bhfuil líon an‑teoranta rannpháirtithe faoi ghníomhaíocht ar leith, ionas nach gá rialuithe doimhne a dhéanamh ar na tairbhithe céanna ar bhonn bliantúil mar gheall ar na híoscheanglais chainníochtúla.

    Roghnófar rialuithe ar an láthair i rith gníomhaíochtaí go cúramach os rud é nach ndéantar coigeartuithe airgeadais mar thoradh orthu de ghnáth ach go mbíonn costas an‑ard i gceist leo do na Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Féadfaidh siad a bheith teoranta do réimsí ar leith, mar shamplaí réimsí ina bhfuil roinnt mhaith fiontar, comhlachtaí a bhfuil cumas airgeadais níos teoranta acu nó grúpaí neamhfhoirmiúla (go háirithe earnáil na hóige) rannpháirteach agus bunaithe ar rioscaí a bhraitear mar thoradh ar mhianadóireacht sonraí.

    I gcás fadhbanna tromchúiseacha a aimsítear i gcás tairbhí ar leith, féadfar rialuithe córais ar an láthair ar thairbhithe athfhillteacha a mhéadú le linn thréimhse an chláir.

    2. Iontaofacht an tslabhra rialaithe agus an raoin iniúchóireachta

    I gcás na gclár reatha LLP agus “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta”, tá córas rialaithe láidir curtha i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar úsáid chistí an Aontais i gcomhair na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta - arb ionann iad agus ¾ de bhuiséad an chláir - sna Ballstáit. Bunaíodh an córas in 2007 agus tá sé tagtha go mór in aibíocht le blianta beaga anuas. Tá aitheantas faighte aige mar gheall ar a dhaingne atá sé mar thoradh air sin ón gCúirt Iniúchóirí (DAS 2008, 2009 agus 2010) agus ón tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí (iniúchadh 2009-10 ar chóras bainistíochta agus rialaithe LLP NA).

    Tugtar gné nua isteach a bheidh le breithniú sa slabhra rialaithe leis an Rialachán Airgeadais nua atá beartaithe ag an gCoimisiún. Le hAirteagal 57.5(d) ceanglaítear go deimhin ar chomhlachtaí amhail Gníomhaireachtaí Náisiúnta dearbhú urrúis bhainistíocha a chur ar fáil gach bliain “maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil, dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais”. Ina theannta sin ceanglaítear le hAirteagal 57.5(e) go bhfaighfear “tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta i leith an dearbhaithe urrúis bhainistíochta dá dtagraítear i bpointe (d), ar tuairim í a chumhdóidh gach gné den dearbhú”. Déantar foráil leis an Rialachán Airgeadais nua maidir leis an dearbhú bainistíochta a bheidh ar na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra agus maidir leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta a bheidh le cur isteach faoin 15 Márta den bhliain tar éis na bliana faoina bhfuiltear ag tuairisciú.

    Mar thoradh ar an athrú sin ar an Rialachán Airgeadais, glacfar an slabhra rialaithe do ghníomhaíochtaí an Chláir arna mbainistiú ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta, agus leanfar de bheith ag cur leis na dea-chleachtais atá ann cheana chun úsáid fhónta chistí an Aontais a áirithiú.

    Tá an leagan amach seo a leanas beartaithe i gcomhair na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta:

    -        Déanfar rialuithe a eagrú ar thrí leibhéal: ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta, ag comhlachtaí neamhspleácha iniúchóireachta atá ainmnithe ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, trína gcuirfidh an Coimisiún na rialuithe arna ndéanamh ag comhlachtaí eile san áireamh chun éifeachtúlacht costais a áirithiú. Dá réir sin, eagróidh an Coimisiún malartú rialta pleananna rialaithe agus iniúchóireachta idir na gníomhaithe lena mbaineann i gcomhthéacs iniúchóireachta ilbhliantúil.

    -        Cé go mbeidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta i gceannas ar rialuithe príomhúla na dtairbhithe, déanfaidh na Ballstáit faireachán agus maoirsiú ar a gcóras comhlíontachta agus rialaithe inmheánaigh agus déanfaidh comhlacht neamhspleách iniúchóireachta iniúchadh air. Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais maidir leis na rialuithe ar an leibhéal náisiúnta chun comhchuibheas agus iontaofacht a áirithiú agus chun maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialuithe ar leibhéal na mBallstát. Tá an cleachtas sin fadbhunaithe ag an gCoimisiún a eisíonn Treoir gach bliain do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta ina leagtar síos íoscheanglais, cuspóirí rialaithe agus treoirlínte teicniúla do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta maidir le rialuithe príomhúla ar thairbhithe na gclár. Tá baint ag an méid sin leis na Treoirlínte d’Údaráis Náisiúnta freisin, lena gcinntear an raon feidhme íosta do rialuithe tánaisteacha agus ina gcuirtear treoir mhodheolaíochta ar fáil, chun ráthaíocht réasúnta a sholáthar chomh maith le comhchuibheas agus comparáideacht rialuithe a áirithiú. Mar sin féin, tar éis ceanglais nua a bheith tugtha isteach do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta leis an Rialachán Airgeadais (cf. Airt. 57.5 (d) agus (e) go háirithe), cuirfear nósanna imeachta comhaontaithe do chomhlachtaí neamhspleácha iniúchóireachta in ionad na dtreoirlínte i gcomhair údarás náisiúnta sa chlár nua.

    -        Cuirfear córas níos éifeachtúla in ionad an chóras trom reatha ina bhfuil ar na Ballstáit dearbhuithe bliantúla urrúis a chur ar fáil:

    ▪        Ainmneoidh Ballstáit a nGníomhaireacht Náisiúnta agus cuirfidh siad Measúnú ar Chomhlíonadh ex-ante ar fáil chun a a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na híoscheanglais arna leagan síos ag an gCoimisiún maidir le caighdeáin rialaithe inmheánaigh agus rialacha an Aontais chun saolré tionscadail na ngníomhaíochtaí díláraithe a bhainistiú.

    ▪        Tíolacfaidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta don Choimisiún dearbhú bliantúil urrúis bhainistíochta a ghabhann lena tuarascáil bhliantúil maidir le bainistíocht agus cur chun feidhme an chláir, ina gcuimseofar tuairisciú airgeadais agus tuairisciú maidir le rialuithe na dtairbhithe.

    ▪        Beidh dearbhú urrúis bhainistíochta na Gníomhaireachta Náisiúnta faoi réir thuairime ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta, ag a bhfuil an inniúlacht ghairmiúil is gá chun iniúchtaí a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí. Ainmneoidh an Ballstáit comhlacht neamhspleách iniúchóireachta agus áiritheoidh sé go gcomhlíonann sé na híoscheanglais arna leagan síos ag an gCoimisiún.

    ▪        Cé go mbeidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta i gceannas ar rialuithe agus iniúchtaí na Gníomhaireachta Náisiúnta a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais nua, déanfaidh na Ballstáit faireachán agus maoirseacht ar an gcaoi ina gcomhlíonann an Ghníomhaireacht Náisiúnta ceanglais an Choimisiúin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gach bliain faoina gníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta.

    ▪        Déanfaidh an Coimisiún féin maoirsiú ar an gcóras rialaithe iomlán, trí rialuithe agus iniúchtaí (iniúchtaí córais agus airgeadais) a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus na rialuithe agus na hiniúchtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí eile á gcur san áireamh mar is cuí. Ar an gcaoi sin, beidh rialuithe an Choimisiúin ag teacht le neart na gcóras rialaithe náisiúnta. Tarlóidh malartú faisnéise rialta maidir le rialuithe agus iniúchtaí Eorpacha agus náisiúnta chun bearnaí agus forluí a sheachaint.

    Murab ionann agus na cláir reatha, ní bheadh ar na Ballstáit dearbhú bliantúil urrúis a sholáthar a thuilleadh ar mhaithe le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht costais, mar gheall ar na ceanglais sa Rialachán Airgeadais nua le haghaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta (cf. Airteagal 57.5).

    Mar sin féin, tá siad fós i gceannas ar chur chun feidhme an chláir faireacháin agus maoirseachta ar an leibhéal náisiúnta agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina leith ar bhonn bliantúil.

    D’fhonn bonn ardchaighdeáin a sholáthar don dearbhú bliantúil urrúis ón Ard-Stiúrthóir, bunófar córas rialaithe buan ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

    ▪        an dearbhú urrúis bhainistíochta ón nGníomhaireacht Náisiúnta atá le cur isteach faoin 1 Feabhra N+1,

    ▪        an tuairim neamhspleách iniúchóireachta atá le cur isteach faoin 15 Márta N+1,

    ▪        anailís an Choimisiúin ar an dearbhú urrúis bhainistíochta agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta agus aiseolas dá dhroim sin don Ghníomhaireacht Náisiúnta agus don Bhallstát, lena n‑áirítear barúlacha agus moltaí foirmiúla mura bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireacht Náisiúnta nó i gcás tearcfheidhmíochta aici,

    ▪        an fhaisnéis ó na Ballstáit faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain, lena gclúdaítear a ngníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gclár ar an leibhéal náisiúnta.

    I gcomhcheangal leis na rialuithe córais agus leis na hiniúchtaí airgeadais arna ndéanamh ag an gCoimisiún, táthar ag súil go laghdófar costas na rialuithe tuilleadh i dtreo chostais rialaithe an Chláir Foghlama ar Feadh an tSaoil atá níos saoire go comhréireach (is ionann na costais sin agus beagáinín níos lú ná 2% de bhuiséad bliantúil an AONTAIS i leith na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, arna ndeighilt in 0,23% don CE, 0,16% do na Ballstáit agus 1,59% do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta; in aghaidh chostas iomlán 5,75% a bheag nó a mhór i leith “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” arb é atá ann 1,00% don CE, 0,82% do na Ballstáit agus 3,93% do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta).

    Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar chostais na rialuithe go háirithe ar dhá leibhéal: ar leibhéal an CE, toisc go mbainisteoidh an líon céanna oifigeach buiséad atá i bhfad níos mó le líon níos ísle Gníomhaireachtaí Náisiúnta; ar leibhéal na mBallstát, toisc go mbeidh níos lú rialuithe díreacha ag teastáil chun iad a mhaoirsiú de bharr ról an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta. Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar chostais na rialuithe ar na Gníomhaireachtaí Náisiúnta freisin, cé nach mbeidh laghdú chomh mór i gceist: ar thaobh amháin laghdófar céatadáin íosta na dtairbhithe a bheidh le seiceáil ach ar an taobh eile bainisteoidh siad buiséid níos mó, agus níos mó tairbhithe dá bhrí sin.

    Ag brath ar thorthaí rialuithe agus iniúchtaí an Choimisiúin, féadfaidh sé bearta réamhchúraim (amhail gealltanais nó íocaíochtaí a fhionraí) chomh maith le bearta ceartaitheacha (go háirithe ceartuithe airgeadais) a fhorchur ar Ghníomhaireachtaí Náisiúnta. Tá an dá chineál beart á n‑úsáid cheana féin agus is léir go bhfuil siad éifeachtach maidir le dul i ngleic le fadhbanna tromchúiseacha neamhchomhlíontachta agus tearcfheidhmíochta.

    Gníomhaíochtaí a bhainistíonn gníomhaireacht feidhmiúcháin

    Déanfaidh an Coimisiún na bearta rialaithe a cheanglaítear ar ghníomhaireachtaí feidhmíochta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 59 den Rialachán Airgeadais [i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin].

    Ina theannta sin, rialóidh an Coimisiún a mhéid a shaothróidh an ghníomhaireacht feidhmiúcháin cuspóirí iomchuí rialaithe maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfear de chúram uirthi a bhainistiú agus déanfaidh sé faireachán ar an méid sin. Comhtháthófar an mhaoirseacht i dtéarmaí an chomhair idir an mháthair-DG agus an ghníomhaireacht feidhmiúcháin agus i dtuairisciú leathbhliantúil na gníomhaireachta.

    In 2010, chuir an ghníomhaireacht feidhmiúcháin forchoimeádas ag gabháil le bainistíocht an chláir reatha “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” (2007-2013). I gcás an chláir seo, 7,38% a bhí in ábharthacht luach 2010 a bhí i mbaol, méid arb ionann é agus níos lú ná 0,5% de bhuiséad íocaíochta iomlán na gníomhaireachta feidhmiúcháin in 2010, áfach. Ós rud é gur figiúr an‑íseal é seo, coinníodh an t‑urrús foriomlán maidir le dearbhú na Gníomhaireachta. Ba léir ón anailís ar na hearráidí gur bhain siad go príomha leis an deacracht a bhí ag roinnt tairbhithe doiciméid leordhóthanacha cosanta a chruthú agus neamhurramú roinnt rialacha incháilitheachta.

    Dréachtaíodh agus cuireadh chun feidhme plean gníomhaíochta in 2011, i leith na gclár go léir atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht, lena ndírítear ar fheabhas a chur ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil do thairbhithe maidir le hoibleagáidí airgeadais, le hiniúchtaí agus le rialuithe ex-post (trí phacáiste faisnéise a dhréachtú nó trí éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gcuairteanna faireacháin a fheabhsú), rud a fheabhsóidh straitéisí rialaithe deisce agus a chomhdhlúthóidh straitéis iniúchóireachta na gníomhaireachta.

    Táthar ag súil go laghdóidh cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ag an ngníomhaireacht na rátaí earráide faoi dheireadh an CAI reatha. A mhéid a bhaineann le 2011, is féidir baint de thátal as cheana féin gur cheart go mbeadh an ráta earráide measta i leith an chláir “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” cothrom le 1% a bheag nó a mhór. I bhfianaise na treochta meántéarma, ba cheart go mbeadh leibhéal na neamhchomhlíontachta i leith na ngníomhaíochtaí a ndéantar foráil dóibh sa chlár nua i bhfad faoi bhun na huasteorann 2%.

    Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfaí na rioscaí i leith earráidí a laghdú tuilleadh leis na bearta simpliúcháin a ndéantar foráil dóibh sa chlár atá beartaithe.

    Gníomhaíochtaí a bhainistíonn an Coimisiún go díreach

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gan ach íosmhéid deontas agus conarthaí seirbhíse a bhainistiú go díreach.

    In 2009 agus in 2010, d’eisigh DG EAC forchoimeádas ag gabháil le cur chun feidhme gníomhaíochtaí láraithe díreacha. Mar is amhlaidh i gcás na gníomhaireachta feidhmiúcháin, is léir ón anailís ar na hearráidí a tugadh faoi deara go mbaineann siad den chuid is mó le neamhábaltacht na dtairbhithe doiciméid chosanta a chruthú nó baineann siad le caighdeáin na ndoiciméad gan a bheith sásúil.

    Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar na hearráidí a tugadh faoi deara faoi dheireadh an CAI reatha mar gheall ar na gníomhartha ceartaitheacha atá déanta. Áirítear ar na gníomhartha, gníomhartha faisnéise le tairbhithe chun a n‑oibleagáidí a chur ar a súile dóibh, agus béim níos mó á cur ar thionscadail a chur i gcrích bunaithe ar thorthaí nó ar chur chuige cnapshuime, tabhairt isteach nósanna imeachta comhaontaithe go luath in 2010 maidir le hiniúchtaí deimhniúcháin ar chaiteachas dearbhaithe, agus rialuithe bunaithe ar shamplaí ar dhoiciméid chosanta. Ina theannta sin, tá ciorcad airgeadais níos láraithe á chur i bhfeidhm d’fhonn an saineolas airgeadais a chur le chéile chun líon níos na n‑idirbheart a láimhseáil.

    I gcás na n‑idirbheart láraithe díreach freisin, cuideoidh na simplithe a ndéantar foráil dóibh chun an riosca i leith earráidí a laghdú.

    3. Úsáid neamhéifeachtach áiseanna riaracháin

    Léiríodh sa staidéar ar chostas na rialuithe go ndéanann líon suntasach Gníomhaireachtaí Náisiúnta rialuithe breise agus níos troime ná mar a cheanglaíonn an CE orthu a dhéanamh, agus ní bhaintear amach breisluach suntasach mar thoradh orthu i gcónaí. Measann an Coimisiún gurb ionann costais na rialuithe breise sin agus beagnach 20% de chostais iomlána rialuithe na nGníomhaireachtaí Náisiúnta.

    I gcomhthéacs na gciorruithe ar chaiteachas poiblí, ba cheart rialuithe breise a theorannú sa chlár nua do rioscaí agus do chásanna faidhbe sainaitheanta. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún na ceanglais rialaithe a shonrú tuilleadh agus soláthróidh sé uirlisí rialaithe amhail seicliostaí do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na rialacha rialaithe céanna i bhfeidhm i ngach tír maidir leis na gníomhaíochtaí céanna.

    Nuair a dhéanfar comhaontuithe deontais soghluaisteachta aonair a dhíothú, beidh buntáistí breise i gceist ó thaobh acmhainní riaracháin a úsáid. I.e. aistreoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na deontais soghluaisteachta foghlama go léir do dhaoine aonair chuig an gcomhlacht a eagraíonn an tsoghluaisteacht (e.g. ollscoileanna, scoileanna, soláthraithe oiliúna) in ionad iad a bheith faoi chúram na mac léinn agus na múinteoirí aonair. Ba cheart go laghdófaí líon na gcomhaontuithe go mór mar thoradh air sin, agus go mbeadh an laghdú lena mbaineann ar an ualach oibre le sonrú ag gach céim de shaolré an tionscadail ag na rannpháirtithe agus ag na comhlachtaí bainistithe.

    Léiríodh sa staidéar ar chostas na rialuithe go bhfuil costas na rialuithe ag brath go páirteach ar chion an bhuiséid atá á bhainistiú ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Maidir leis an gClár Foghlama ar Feadh an tSaoil, is idir 1,26% i gcomhair na 6 thír is mó agus 3,35% i gcomhair na 6 thír is lú atá an costas sin. Is leithne an raon sin maidir le “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta” (a bhainistíonn thart ar 1/6 den bhuiséad le haghaidh an Chláir Foghlama ar Feadh an tSaoil): ó 3,66% go 12,62%. Agus na neamhréireachtaí sin á gcur san áireamh aige, molann an Coimisiún ina thogra gur cheart Gníomhaireacht Náisiúnta aonair i ngach tír a ainmniú chun mais chriticiúil a mhéadú agus costais bhainistíochta a laghdú.

    4. Aghaidh a thabhairt ar laigí sainghrúpaí sonracha

    De bharr na simplithe atá beartaithe maidir le deontais a bhainistiú, go mór mór úsáid níos leithne a bhaint as deontais chnapshuime agus ráta comhréidh, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an ráta earráide i leith rannpháirtithe ag a bhfuil struchtúr eagraíochta nach bhfuil chomh dlúth agus cumas airgeadais níos lú, go háirithe in earnáil na hóige, ach i bpobal na foghlama aosach freisin.

    Tar éis na mbeart simpliúcháin sin, glacann an Coimisiún go mbeidh riosca iarmharach le glacadh a bhaineann go dlúth leis an rogha pholaitiúil chun tacaíocht an AONTAIS a chur ar fáil do na saghsanna seo rannpháirtithe ag féachaint do chuspóirí an chláir.

    5. Cistiú dúbailte féideartha a chosc

    Féach pointe 2.3 thíos.

    2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár tharla ach líon an‑íseal cásanna calaoise san iomlán faoi na cláir reatha. I gcomhcheangal le rátaí earráide atá an‑íseal, is cúis é sin nach mór do bhearta chun calaois agus neamhrialtachtaí sa chlár nua a chosc a bheith comhréireach agus éifeachtúil ó thaobh costais de.

    Tar éis dóibh moladh inmheánach iniúchóireachta a fháil, rinne an Coimisiún anailís ar réimsí ina bhféadfadh forluí/cistiú dúbailte a bheith i gceist sa Chlár Foghlama ar Feadh an tSaoil agus sa chlár “An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta”. Cé go bhféadfadh sé tarlú go teoiriciúil, tá cistiú dúbailte á chosc go héifeachtúil cheana féin trí rialuithe coisctheacha i gcéim an roghnaithe, ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin araon.

    Bunaithe ar a bhfuil thuas, d’fhonn tuilleadh calaoisí agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú, tá sé beartaithe na bearta seo a leanas a ghlacadh le haghaidh an chláir nua:

    -        Tá cosc calaoise agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann pléite cheana féin ag céim bhunú an chláir. Cé go bhféadfadh forluí áirithe gníomhartha agus rannpháirtithe a bheith ann mar gheall ar an raon leathan gníomhaíochtaí sna cláir reatha, ba cheart é sin a chosc amach anseo trí shocruithe lena leagtar amach línte soiléire deighilte idir gníomhartha agus lena seachnaítear socruithe ina bhféadfaidh na rannpháirtithe céanna gníomhaíochtaí comhchosúla a dhéanamh faoi ghníomhartha difriúla.

    -        Tabharfar isteach clárú rannpháirtithe i gclár lárnach aonair (tairseach reatha do rannpháirtithe an CE, b’fhéidir), rud a éascóidh cros‑seiceáil eagraíochtaí atá rannpháirteach i ngníomhartha éagsúla cláir agus tíortha rannpháirteacha ex-ante. Cuirfidh sé sin cosc ar shiopadóireacht deontas a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud tíortha rannpháirteacha.

    -        Bunófar trádstóras sonraí do na gníomhartha cláir go léir (láraithe nó díláraithe) sa mhéid go leanfar d’úsáid a bhaint as uirlisí éagsúla bainistíochta TF.

    -        Féadfar rannpháirtithe a rialú i soghluaisteacht foghlama trí bhíthin an fheidhmchláir TF ar a dtugtar Uirlis Soghluaisteachta lena ndéantar foráil cheana féin maidir le gach rannpháirtí soghluaisteachta a chlárú i dtionscadail soghluaisteachta Leonardo da Vinci den Chlár Foghlama ar Feadh an tSaoil.

    -        Beidh ar na Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus ar an ngníomhaireacht feidhmiúcháin calaois agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú don Choimisiún ad agus iad a chur san áireamh ina dtuairisciú rialta. Beidh orthu ionchúisimh a thionscnamh chun cistí cláir a chaill tairbhithe nó a d’íoc nó a d’úsáid siad go mícheart a ghnóthú.

    -        Maidir le cásanna calaoise, neamhrialtachta nó faillí is féidir a chur i leith Gníomhaireachta Náisiúnta a bhfuil cailliúint chistí an AONTAIS nach bhféadfaí a aisghabháil mar thoradh orthu, déantar foráil leis an mbunús dlí - mar atá faoi láthair - go bhfuil an Ballstát faoi dhliteanas na caillteanais sin a íoc leis an gCoimisiún.

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

    · Línte buiséid atá ann cheana [36]

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceann‑teideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([37]) || ó thíortha[38] an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[39] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

    5 || 15.01 Caiteachas riaracháin réimse beartais an Oideachais agus an Chultúir, airteagail 1-3 || LN || TÁ || TÁ || TÁ/NÍL || NÍL

    · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceann‑teideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

    1 || 15.01.04.01 “Erasmus do chách” - Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || TÁ || TÁ || TÁ/NÍL || NÍL

    4 || 15.01.04.02 “Erasmus do Chách” - idirnáisiúnta - Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || TÁ || TÁ || TÁ/NÍL || NÍL

    1 || 15.02.01 “Erasmus do chách” || LD || TÁ || TÁ || TÁ/NÍL || NÍL

    4 || 15.02.02 “Erasmus do chách” - idirnáisiúnta || LD || TÁ || TÁ || TÁ/NÍL || NÍL

    3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) - Praghsanna reatha

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Clár Aonair um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um an Spórt “Erasmus do chách”

    DG: EAC || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis - 2020 || IOMLÁN

    Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

    15.02.01 “Erasmus do chách” || Oibleagáidí || (1) || 1.467 || 1.763 || 2.072 || 2.390 || 2.722 || 3.065 || 3.421 || 0 || 16.899

    Íocaíochtaí || (2) || 1.174 || 1.692 || 1.989 || 2.294 || 2.613 || 2.942 || 3.285 || 911 || 16.899

    Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach[40] || || || || || || || || ||

    15.01.04 “Erasmus do chách” - Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin[41] || || (3) || 43,118 || 48,218 || 51,247 || 56,904 || 61,481 || 67,313 || 71,595 || 0 || 400

    IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DGEAC || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 1.510 || 1.811 || 2.123 || 2.447 || 2.783 || 3.132 || 3.493 || 0 || 17.299

    Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 1.217 || 1.740 || 2.040 || 2.351 || 2.674 || 3.009 || 3.356 || 911 || 17.299

    DG: EAC || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis - 2020 || IOMLÁN

    Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí H1 || Oibleagáidí || (4) || 1.467 || 1.763 || 2.072 || 2.390 || 2.722 || 3.065 || 3.421 || 0 || 16.899

    Íocaíochtaí || (5) || 1.174 || 1.692 || 1.989 || 2.294 || 2.613 || 2.942 || 3.285 || 911 || 16.899

    Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || 43,118 || 48,218 || 51,247 || 56,904 || 61,481 || 67,313 || 71,595 || 0 || 400

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || (7) =4+ 6 || 1.510 || 1.811 || 2.123 || 2.447 || 2.783 || 3.132 || 3.493 || 0 || 17.299

    Íocaíochtaí || (8) =5+ 6 || 1.217 || 1.740 || 2.040 || 2.351 || 2.674 || 3.009 || 3.356 || 911 || 17.299

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    Ceannteideal 4 || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis - 2020 || IOMLÁN

    Ÿ 15.02.02 “Erasmus do chách” - idirnáisiúnta IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (1) || 215 || 227 || 236 || 247 || 257 || 272 || 285 || 0 || 1.739

    Íocaíochtaí || (2) || 172 || 218 || 227 || 237 || 247 || 261 || 274 || 104 || 1.739

    Ÿ 15.01.04.02 - IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (3) || 9 || 10 || 10 || 10 || 11 || 11 || 12 || 0 || 73

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || (7) =4+ 6 || 224 || 237 || 246 || 257 || 268 || 283 || 297 || 0 || 1.812

    Íocaíochtaí || (8) =5+ 6 || 181 || 228 || 237 || 247 || 258 || 272 || 286 || 104 || 1.812

                                                                                                                                                           

    || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 20180 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =7+9+11 || 1.734 || 2.048 || 2.369 || 2.704 || 3.051 || 3.415 || 3.790 || 0 || 19.111

    Íocaíochtaí || =8+10+11 || 1.398 || 1.969 || 2.277 || 2.599 || 2.932 || 3.281 || 3.642 || 1.015 || 19.111

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) – praghsanna 2011

    || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

    DG: EAC ||

    Ÿ Acmhainní daonna[42] || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 || 170 * 0.127 +0.064 * 16 + 0.073 * 18 =23.928 ||  167,496

    Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 2,684

    IOMLÁN DG EAC || Leithreasaí || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 170,180

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 170,180

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) - Praghsanna reatha

    || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Tar éis - 2020 || IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 1.758 || 2.072 || 2.393 || 2.729 || 3.076 || 3.439 || 3.814 || 0 || 19.281

    Íocaíochtaí || 1.407 || 1.990 || 2.298 || 2.619 || 2.952 || 3.301 || 3.662 || 1.053 || 19.281

    3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

    – x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) - Praghsanna reatha

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || Bliain ð || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

    ASCHUIR

    Soghluaisteacht foghlama daoine aonair || Saghas aschuir[43] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

    Ball Foirne (Ardoideachas - Gairmoideachas agus Gairmoiliúint - Scoileanna - Aosaigh - Óige) || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,00157 || 80.000 || 117,073 || 103.847 || 155,029 || 125.229 || 190,665 || 146.498 || 227,510 || 170.723 || 270,426 || 194.152 || 313,734 || 221.851 || 365,617 || 1.042.300 || 1.640

    Mic Léinn (Ardoideachas) || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,00238 || 230.000 || 512,530 || 250.767 || 570,048 || 269.387 || 624,549 || 287.908 || 680,843 || 309.004 || 745,321 || 329.407 || 810,541 || 353.527 || 887,181 || 2.030.000 || 4.831

    Mic Léinn (Gairmoideachas agus Gairmoiliúint) || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,00216 || 70.000 || 141,131 || 82.114 || 168,886 || 92.976 || 195,026 || 103.780 || 222,044 || 116.086 || 253,333 || 127.987 || 284,934 || 142.058 || 322,543 || 735.000 || 1.588

    Foghlaimeoirí óga || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,00155 || 75.000 || 109,032 || 75.865 || 112,509 || 76.641 || 115,919 || 77.413 || 119,428 || 78.292 || 123,196 || 79.142 || 127,043 || 80.147 || 131,213 || 542.500 || 838

    || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Soghluaisteacht Mac Léinn agus Ball Foirne Idirnáisiúnta H4[44] || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,00733 || 16.717 || 122,550 || 17.657 || 129,447 || 18.349 || 134,520 || 19.220 || 140,904 || 19.998 || 146,604 || 21.125 || 154,869 || 22.152 || 162,393 || 135.219 || 991,287

    || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Comhchéimeanna[45] || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,03411 || 2.198 || 98,686 || 2.937 || 120,416 || 3.752 || 140,865 || 4.732 || 162,002 || 6.031 || 186,520 || 6.759 || 211,275 || 7.619 || 240,791 || 34.028 || 1.161

    Máistreacht (Ráthaíochtaí iasachta) || Soghluaisteacht Daoine Aonair || 0,00266 || 11.966 || 31,834 || 24.413 || 64,949 || 41.497 || 110,400 || 55.026 || 146,392 || 64.759 || 172,286 || 66.064 || 175,758 || 67.377 || 179,251 || 331.100 || 881

    Fo-iomlán i gcomhair Soghluaisteachta foghlama daoine aonair || 485.880 || 1.133 || 557.600 || 1.321 || 627.831 || 1.512 || 694.576 || 1.699 || 764.892 || 1.898 || 824.637 || 2.078 || 894.730 || 2.289 || 4.850.147 || 11.930

    Comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais || Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

    Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha (cinn bheaga) || Tionscadail thrasnáisiúnta || 0,11389 || 1.550 || 164,476 || 1.838 || 198,958 || 2.141 || 236,369 || 2.442 || 275,043 || 2.786 || 319,970 || 3.228 || 378,213 || 3.510 || 419,447 || 17.495 || 1.992,476

    Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha (meánmhéide) || Tionscadail thrasnáisiúnta || 0,30928 || 325 || 93,115 || 500 || 146,085 || 657 || 195,714 || 813 || 247,037 || 990 || 307,046 || 1.193 || 377,379 || 1.365 || 440,419 || 5.842 || 1.806,795

    Comhaontais eolais/Comhaontais Scileanna Earnála || Tionscadail thrasnáisiúnta || 0,86238 || 14 || 11,142 || 29 || 23,632 || 43 || 35,319 || 56 || 47,407 || 71 || 61,575 || 86 || 75,861 || 104 || 93,097 || 404 || 348,033

    Ardáin Ghréasáin || Ardáin Ghréasáin || 7,27300 || 3 || 22,284 || 3 || 22,732 || 3 || 23,184 || 3 || 23,648 || 3 || 24,120 || 3 || 24,606 || 3 || 26,604 || 3 || 167,179

    Forbairt acmhainní Ardoideachais Idirnáisiúnta || Tionscadail Thrasnáisiúnta || 0,733 || 126 || 92,450 || 133 || 97,653 || 138 || 101,480 || 145 || 106,296 || 151 || 110,596 || 159 || 116,831 || 167 || 122,507 || 1.020 || 747,813

    Fo-iomlán i gcomhair Comhair maidir le nuálaíocht agus dea-chleachtais || 2.015 || 383,467 || 2.500 || 489,061 || 2.978 || 592,067 || 3.456 || 699,431 || 3.998 || 823,307 || 4.666 || 972,889 || 5.146 || 1.102 || 24.760 || 5.062,295

    || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Tacaíocht d’athchóiriú beartas || Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

    - Tacaíocht d’athchóiriú beartas || Iolrach || 102,332 || N/B || 74,014 || N/B || 78,537 || N/B || 84,405 || N/B || 104,727 || N/B || 110,818 || N/B || 123,212 || N/B || 140,610 || N/B || 716,323

    || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Gníomhaíochtaí Jean Monnet || Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

    - Gníomhaíochtaí Jean Monnet || Iolrach || 45,491 || N/B || 36,834 || N/B || 38,475 || N/B || 42,120 || N/B || 46,044 || N/B || 48,943 || N/B || 51,444 || N/B || 54,575 || N/B || 318,435

    || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Gníomhaíochtaí spóirt || Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

    - Gníomhaíochtaí spóirt || Tionscadail thrasnáisiúnta || 34,118 || N/B || 16,978 || N/B || 23,815 || N/B || 32,016 || N/B || 36,035 || N/B || 39,052 || N/B || 44,525 || N/B || 46,406 || N/B || 238,827

    || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Deontas oibriúcháin || Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

    - Deontas oibriúcháin || Bainistíocht Cláir || 63,189 || N/B || 47,751 || N/B || 48,712 || N/B || 55,200 || N/B || 61,935 || N/B || 68,915 || N/B || 76,162 || N/B || 83,650 || N/B || 442,325

    COSTAS IOMLÁN Cheannteideal 1 agus Cheannteideal 4 || || 1.682 || || 1.990 || || 2.308 || || 2.637 || || 2.979 || || 3.336 || || 3.706. || || 18.638

    3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

    3.2.3.1   Achoimre

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

    – x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) – praghsanna 2011

    || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || ||

    Acmhainní daonna ||  23,928 ||  23,928 ||  23,928 ||  23,928 ||  23,928 ||  23,928 ||  23,928 ||  167,496

    Caiteachas riaracháin eile || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 0,3834 || 2,684

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 || 24,311 ||  170,180

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[46] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || ||

    Acmhainní daonna || || || || || || || ||

    Caiteachas eile de chineál riaracháin[47] || 52,118 || 58,218 || 61,247 || 66,904 || 72,481 || 78,313 || 83,595 || 472,877

    Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 52,118 || 58,218 || 61,247 || 66,904 || 72,481 || 78,313 || 83,595 || 472,877

    IOMLÁN || 76,430 || 82,530 || 85,559 || 91,216 || 96,792 || 102,625 || 107,906 || 643,057

    3.2.3.2 Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

    – x Éilíonn an togra/ tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid i gcoibhéis lánaimseartha

    || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

    || Ÿ Poist don Phlean Bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

    15 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 170 || 170 || 170 || 170 || 170 || 170 || 170

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

    10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

    || Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[48] ||

    15 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “ciste iomlánaíoch") || 34 || 34 || 34 || 34 || 34 || 34 || 34

    XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

    XX 01 04 bb [49] || - sa Cheanncheathrú[50] || || || || || || ||

    - i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

    XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || ||

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

    Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

    IOMLÁN || 204 || 204 || 204 || 204 || 204 || 204 || 204

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú ag brath ar thorthaí an phróisis seachtraithe atá beartaithe.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Bainistíocht cláir

    Pearsanra seachtrach || Bainistíocht cláir

    3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    – x Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil 2014–2020, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht COIM(2011)500.

    – ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    […]

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[51].

    Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    […]

    3.2.5      Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    – Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    – Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

    Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Costas

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

    Déantar foráil leis an togra maidir le ranníocaíochtaí tríú tíortha ó thíortha an CSTE, ón Eilvéis agus ón Tuirc, agus maidir le ranníocaíochtaí óna tíortha aontacha, ó na tíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as straitéis réamhaontachais .

    3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    – x Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar an ioncam.

    – ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ¨         ar acmhainní dílse

    ¨         ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim: || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain buiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[52]

    2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

    Airteagal …………. || || || || || || || ||

    I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

    […]

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    […]

    [1]               COIM(2010)2020 críochnaitheach, 3.3.2010

    [2]               COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011

    [3]               IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

    [4]               IO C, , lch. .

    [5]               IO C, , lch. .

    [6]               COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011.

    [7]               IO L 327, 24.11.2006, lch. 45.

    [8]               IO L 327, 24.11.2006, lch. 30.

    [9]               IO L 340, 19.1.2008, lch. 83.

    [10]             IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.

    [11]             COIM(2010)2020, 3.3.2010.

    [12]             COIM (2010)477 críochnaitheach, 15.9.2010.

    [13]             COIM(2010)682 críochnaitheach, 26.11.2010.

    [14]             IO C 311, 19.12.2009, lch. 1. Rún ón gComhairle an 27 Samhain 2009 maidir le creat athnuaite le haghaidh comhair Eorpaigh i réimse na hóige (2010-2018)

    [15]             IO L 375, 23.12.2004, lch. 12.

    [16]             COIM(2008)425 Críochnaitheach, 3.7.2008.

    [17]             IO C 319, 13.12.2008, lch. 20. Conclúidí na Comhairle maidir le scoileanna i gcomhair an 21ú haois.

    [18]             IO C 119, 28.5.2009, lch. 2. Conclúidí na Comhairle maidir le ET2020.

    [19]             IO C 300, 12.12.2007, lch. 6. Conclúidí na Comhairle maidir le caighdeán an oideachais le haghaidh múinteoirí a fheabhsú             IO C 302, 12.12.2009, lch. 6. Conclúidí na Comhairle maidir le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile.

    [20]             IO C 301, 11.12.2009, lch. 5. Conclúidí na Comhairle maidir le hoideachas leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo IO C 135, 26.5.2010, lch. 2. Conclúidí na Comhairle maidir leis an ngné shóisialta a bhaineann le hoideachas agus le hoiliúint.

    [21]             IO C, , lch. .

    [22]             COIM(2011)12 críochnaitheach, 18.11.2011.

    [23]             IO L 390, 31.12.2004, lch. 6.

    [24]             IO C 111, 6.5.2008, lch. 1.

    [25]             IO C 155, 8.7.2009, lch. 11.

    [26]             COIM(2001)303 críochnaitheach, 25.5.2011.

    [27]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

    [28]             IO L , , lch. .

    [29]             Faightear an méid sin as leibhéal caiteachais na tréimhse 2007-2013 arna méadú le fachtóir rátála a léiríonn ráta méadaithe ionstraimí Cheannteideal 4.

    [30]             OJ L, ,lch.

    [31]             ABM: Bainistiú de réir Gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir Gníomhaíochtaí.

    [32]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

    [33]             Socrates, Leonardo da Vinci agus Ríomhfhoghlaim

    [34]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [35]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

    [36]             Línte buiséid don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin a bheidh le sainiú a luaithe a chobhsaítear na figiúirí caiteachais

    [37]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

    [38]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [39]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

    [40]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [41]             D’fhéadfadh an Coimisiún a bheartú cur chun feidhme an chláir Erasmus do Chách a sheachtrú (i bpáirt) go dtí gníomhaireacht feidhmiúcháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá méideanna agus miondealú costas measta a athrú de réir an méid a coinníodh an seachtrú Cuimsítear ann caiteachas riaracháin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin a d’fhéadfaí a chur ar iontaoibh le cur chun feidhme chuid den Chlár de réir próifíle ina bhfuil ualach cúil trom. Bheadh caiteachais riaracháin seasmhach le himeacht ama.

    [42]             Cuimsítear sa líon iomlán 204 TE an méid seo a leanas: bainistíocht na nGníomhaireachtaí Náisiúnta, bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún, maoirseacht agus comhordú leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin agus leis an bhfoireann maidir le tacaíocht agus comhordú a bhaineann leis an gClár.

    [43]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

    [44]             Lena n-áirítear eagrú táillí soghluaisteachta

    [45]                    Faoi “Erasmus do Chách”, leanfar de chistiú na gcomhchéimeanna Máistreachta agus Dochtúireachta a roghnaíodh i gcomhair cúig eagrán faoi ghníomhaíocht 1 de chlár Erasmus Mundus in 2009-13, i leith na n-eagrán atá fágtha faoi réir nós imeachta athbhreithnithe bliantúil bunaithe ar thuairisciú ar dhul chun cinn agus ar an mbuiséad atá ar fáil.

    [46]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [47]             Tá H1 agus H4 ar áireamh ann. Tá sé beartaithe ag DG EAC cur chun feidhme an chláir a sheachtrú (go páirteach) chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin an EACEA agus chuig Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Déanfar na figiúirí agus na línte buiséid thuas a choigeartú más gá i gcomhréir leis an bpróiseas seachtraithe atá beartaithe.

    [48]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire”); JED= "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

    [49]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”).

    [50]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

    [51]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    [52]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

    Нагоре