EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0747

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

/* COIM/2011/0747 leagan deireanach - 2011/0361 (COD) */

52011PC0747

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa /* COIM/2011/0747 leagan deireanach - 2011/0361 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Rannpháirtithe margaidh tábhachtacha is ea gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus ní mór iad a bheith faoi réir creata dlí iomchuí. Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa[1] (an Rialachán maidir le GRCanna) i bhfeidhm ina iomláine an 7 Nollaig 2010. Ceanglaítear ann nach mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa (GRCanna) dianrialacha iompair a chomhlíonadh chun aon choinbhleachta leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh rátálacha agus an próiseas rátála d'ardchaighdeán agus trédhearcach a ndóthain. Bhí ar GRCanna a bhí ar an bhfód cheana iarratas clárúcháin a chur isteach agus ceanglais an Rialacháin an chomhlíonadh faoin 7 Meán Fómhair 2010.

Tháinig leasú ar an Rialachán maidir le GRCanna (Rialachán Uimh. 513/2011/AE) i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2011, lenar tugadh cumhachtaí maoirseachta eisiacha don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) i leith GRCanna atá cláraithe san AE chun maoirseacht na GRCanna sin a lárú agus a shimpliú ar leibhéal Eorpach[2].

Cé gur chuir sé bunús maith ar fáil, tá roinnt saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus le húsáid rátálacha nach leor mar a chuathas i ngleic leo sa Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa mar atá sé faoi láthair. Baineann na saincheisteanna sin go háirithe leis an mbaol go mbraithfeadh rannpháirtithe margaidh airgeadais an iomarca ar rátálacha creidmheasa, leis an oiread comhchruinnithe atá sa mhargadh rátála, le dliteanas sibhialta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i ndáil le hinfheisteoirí, le coinbhleachtaí leasa maidir leis an tsamhail ina n-íocann an t‑eisitheoir agus struchtúr scairshealbhóra na GRCanna. Sa Rialachán maidir le GRCanna mar atá sé faoi láthair, ní théitear i ngleic le sainiúlachtaí de chuid na rátálacha ceannasacha a tháinig chun solais i rith ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh atá ar siúl faoi láthair.

D'aibhsigh an Coimisiún Eorpach na saincheisteanna reatha sin ina Theachtaireacht an 2 Meitheamh 2010 ("rialáil na seirbhísí airgeadais ar mhaithe le fás inbhuanaithe a spreagadh")[3] agus i bpáipéar comhairliúcháin de chuid sheirbhísí an Choimisiúin an 5 Samhain 2010[4] inar fógraíodh gur gá athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le GRCanna. Tá an t‑athbhreithniú sin ar áireamh sa togra seo.

An 8 Meitheamh 2011, d'eisigh Parlaimint na hEorpa rún neamhreachtach maidir le GRCanna[5]. Léirítear sa tuarascáil sin an gá atá ann an creat rialála le haghaidh gníomhaireachtaí rialála a fheabhsú agus bearta a dhéanamh chun an baol go mbraithfear an iomarca ar rátálacha a laghdú. Go sonrach, tá Parlaimint na hEorpa, agus dreamanna eile, i bhfabhar na ceanglais nochta i gcomhair rátálacha ceannasacha a fheabhsú, Innéacs Rátála Eorpach a bhunú, nochtadh faisnéise a mhéadú maidir le hionstraimí airgeadais struchtúrtha, agus dhliteanas sibhialta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Mheas Parlaimint na hEorpa freisin gur cúram tábhachtach é iomaíocht a spreagadh agus bhí sí den tuairim gur cheart don Choimisiún fiosrú agus measúnú a dhéanamh maidir le Gníomhaireacht Rátála Creidmheasa Eorpach a bheadh neamhspleách a bhunú.

I gcruinniú neamhfhoirmiúil de ECOFIN an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair 2010 d'admhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart iarracht níos mó a dhéanamh dul i ngleic le roinnt saincheisteanna a bhaineann le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n‑áirítear an baol a bhaineann le bheith ag brath an iomarca ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus an baol coinbhleachta leasa a d'fhéadfadh teacht as an tsamhail luacha saothair atá ag na ngníomhaireachtaí rátála. Tháinig an Chomhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2011 ar an gconclúid nach mór dul chun cinn a dhéanamh maidir le gan a bheith ag brath an iomarca ar ghníomhaireachtaí rátála.

Ina theannta sin, phléigh an Coiste Eorpach um Urrúis agus an Coiste Baincéireachta Eorpach, ina bhfuil ionadaithe aireachtaí airgeadais na mBallstát, an gá leis an gcreat rialála le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a neartú tuilleadh, ag a gcruinnithe an 9 Samhain 2010 agus an 19 Meán Fómhair 2011.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, an 20 Deireadh Fómhair 2010 d'eisigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais roinnt prionsabal maidir le laghdú a dhéanamh ar spleáchas údarás agus institiúidí airgeadais do rátálacha na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa[6]. Iarrtar sna prionsabal sin tagairtí do rátálacha den sórt sin a bhaint as an reachtaíocht, nó tagairtí eile a chur ina n-ionad, i gcás ina bhfuil caighdeáin mhalartacha acmhainne creidmheasa ar fáil agus iarrtar iontu ceangal a chur ar infheisteoirí measúnuithe creidmheasa a dhéanamh dóibh féin. Formhuiníodh na prionsabail sin i gcruinniú mullaigh an G20 i Súl i Samhain 2010.

Le déanaí, i gcomhthéacs athchóiriú na reachtaíochta baincéireachta, dhírigh an Coimisiún ar cheist na n‑institiúidí airgeadais a bheith ag brath an iomarca ar rátálacha[7]. Mhol an Coimisiún riail a thabhairt isteach lena gceanglófaí ar bhainc agus ar ghnólachtaí infheistíochta a measúnú féin a dhéanamh ar an riosca creidmheasa a bhaineann leis na heintitis agus leis na hionstraimí airgeadais ina n-infheistíonn siad agus gan a bheith ag brath ar rátálacha seachtracha amháin ina leith sin. Tá foráil atá inchurtha leis sin beartaithe ag an gCoimisiún sa dréachtleasú ar na Treoracha maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) agus maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha[8]. Tá na treoracha sin á mbeartú ag an am céanna leis togra seo le haghaidh Rialacháin.

2.           TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Rinne an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí idir an 5 Samhain 2010 agus an 7 Eanáir 2011 inar cuireadh roghanna éagsúla ós comhair an phobail chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a aithníodh. Fuair an Coimisiún thart ar 100 aighneacht ó gheallsealbhóirí agus cuireadh san áireamh iad agus an togra seo á dhréachtadh. Tá achoimre ar na freagraí ar an bpáipéar comhairliúcháin ag

http://ec.europa.eu/internal_market/securities/docs/agencies/summary-responses‑cra-consultation-20110704_en.pdf.

An 6 Iúil, reáchtáil seirbhísí an Choimisiúin cruinniú comhchéime chun tuilleadh aiseolais a fháil ó gheallsealbhóirí ábhartha maidir leis na saincheisteanna sin. Tá achoimre ar an gcruinniú comhchéime sin ag

http://ec.europa.eu/internal_market/securities/docs/agencies/roundtable_en.pdf.

Rinneadh measúnú tionchair le haghaidh an togra seo. Tá sé ar fáil ag

http://ec.europa.eu/internal_market/securities/agencies/index_en.htm.

Sainaithníodh na fadhbanna a leanas sa mheasúnú tionchair:

– de dheasca na gceanglas sa reachtaíocht rátálacha creidmheasa seachtracha a úsáid, de dheasca na húsáide iomarcaí a bhaineann infheisteoirí as rátálacha seachtracha chun riosca inmheánach a bhainistiú, de dheasca na straitéisí infheistíochta atá nasctha go díreach le rátálacha agus de dheasca na faisnéise neamhleoire faoi ionstraimí airgeadais struchtúrtha, bítear ag brath an iomarca ar rátálacha creidmheasa seachtracha agus dá thoradh sin tarlaíonn comhthimthriallachas agus éifeachtaí "aille"[9] i margaí caipitil;

– de dheasca oibiachtúlachta, críochnúlachta agus trédhearcachta neamhleoire i bpróiseas na rátála ceannasaí, maille lena a bheith ag brath an iomarca ar na rátálacha sin, tarlaíonn éifeachtaí "aille" agus éifeachtaí gabhála mar gheall ar athruithe ar rátálacha ceannasacha;

– de dheasca an chomhchruinnithe iomarcaigh i margadh na rátála creidmheasa, de dheasca bacainní móra ar iontráil i margadh na rátála creidmheasa agus easpa inchomparáideachta idir rátálacha, níl ach rogha theoranta agus iomaíocht theoranta i margadh an rátála creidmheasa;

– ceart neamhleor chun cúitimh d'úsáideoirí rátálacha a mbaineann caillteanas dóibh mar gheall ar rátáil mhíchruinn arna heisiúint ag GRC ar rátáil í a sháraíonn an Rialachán maidir le GRCanna;

– d'fhéadfadh sé go mbainfí bonn de neamhspleáchas GRCanna mar gheall ar choinbhleachtaí leasa a thagann as an tsamhail “íocann an t‑eisitheoir”, as an struchtúr úinéireachta agus as caidreamh fada gnó leis an GRC céanna; agus

– modheolaíochtaí agus próisis rátála creidmheasa nach bhfuil sách slán.

Is é is príomhchuspóir an togra cuidiú le rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a laghdú agus muinín infheisteoirí agus rannpháirtithe eile margaidh as na margaí airgeadais agus as cáilíocht na rátálacha a athbhunú. Breithníodh roghanna beartais éagsúla chun dul i ngleic leis na fadhbanna arna sainaithint agus ar an dóigh sin na cuspóirí sonracha comhfhreagracha a bhaint amach:

– tionchar éifeachtaí "aille" ar institiúidí airgeadais agus margaí a laghdú trí spleáchas ar rátálacha seachtracha a laghdú

– na rioscaí a laghdú maidir le héifeachtaí gabhála ag baint le hathruithe ar rátálacha ceannasacha;

– dálaí an mhargaidh maidir le rátáil chreidmheasa a fheabhsú, ós rud é nach bhfuil ach rogha theoranta agus iomaíocht theoranta i margadh an rátála creidmheasa, d'fhonn cáilíocht rátálacha a fheabhsú;

– ceart chun cúitimh a áirithiú d’infheisteoirí, ós rud é nach leor an ceart chun cúitimh atá ann faoi láthair d'úsáideoir rátálacha a d'fhualaing caillteanas de dheasca rátála creidmheasa arna heisiúint ag GRC a sháraigh an Rialachán maidir le GRCanna; agus

– cáilíocht rátálacha a fheabhsú trí neamhspleáchas GRCanna a neartú agus trí phróisis agus modheolaíochtaí slána maidir le rátáil chreidmheasa a chur chun cinn. Faoi láthair, d'fhéadfadh sé go mbainfí bonn de neamhspleáchas GRCanna mar gheall ar choinbhleachtaí leasa a thagann as an tsamhail “íocann an t‑eisitheoir”, as an struchtúr úinéireachta agus as caidreamh fada gnó leis an GRC ceannann céanna;

Tá na roghanna beartais dá dtugtar tosaíocht leagtha amach i roinn 3.4 thíos agus tá siad léirithe sa togra seo. Táthar ag súil go laghdóidh na roghanna seo róspleáchas na n-institiúidí airgeadais ar rátálacha seachtracha tríd an tábhacht a bhaineann le rátálacha seachtracha i reachtaíocht seirbhísí airgeadais a laghdú. Ina theannta sin, i dtaobh an nochta a dhéanfaidh eisitheoirí maidir leis na linnte sócmhainní atá faoina dtáirgí airgeadais struchtúrtha, meastar go gcabhróidh sé sin le hinfheisteoirí a measúnú riosca féin a dhéanamh, seachas iad a bheith ag brath go hiomlán ar rátálacha seachtracha amháin.

Tiocfaidh feabhas ar thrédhearcacht agus ar cháilíocht rátálacha ceannasacha trí fhíorú na bunfhianaise agus tríd an tuarascáil taighde iomlán a ghabhann leis an rátáil a fhoilsiú.

Le comparáid idir rátálacha ó ghníomhaireachtaí rátála éagsúla, comparáid lena gcabhrófar trí chaighdeáin choiteanna i gcomhair scálaí rátála agus Innéacs Rátála Eorpach (EURIX) a chur chun cinn, meastar go mbeidh tuilleadh rogha ann agus go ndéanfar strúchtúr an tionscail rátála a optamú. Thairis sin, ní amháin go laghdódh uainíocht shainordaitheach GRCanna go mór an baol do spleáchas GRC go n‑éireodh an GRC róthaithíoch ar eisitheoir toisc caidreamh fada gnó a bheith eatarthu, ach bheadh tionchar dearfach suntasach ag an uainíocht sin freisin ar thuilleadh rogha a bheith sa tionscal rátála trí níos mó deiseanna gnó a thabhairt do GRCanna beaga.

Ó thaobh cosaint infheisteoirí de, dá mbunófaí ceart chun cúitimh d'infheisteoirí i gcoinne GRCanna thabharfaí dreasacht mhór do GRCanna a n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus a áirithiú go bhfuil a rátálacha d'ardcháilíocht. Cuirfear feabhas ar neamhspleáchas rátálacha trí cheanglas a thabhairt isteach go mbeidh ar eisitheoirí an GRC a úsáideann siad a athrú go tréimhsiúil agus trí fheabhas a chur ar na ceanglais neamhspleáchais atá ar struchtúr úinéireachta GRCanna. Thairis sin, níor cheart do GRCanna a bheith in ann rátálacha iarrtha a sholáthar d'eisitheoir agus dá tháirgí an tráth céanna.

Ina theannta sin, chuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus cáilíocht rátálacha trí na rialacha maidir le nochtadh modheolaíochtaí rátála a neartú, trí phróiseas a thabhairt isteach maidir le forbairt agus formheas modheolaíochtaí rátála, lena n‑áirítear an ceanglas go gcuirfidh GRCanna in iúl na cúiseanna le modhnuithe a dhéanamh ar a modheolaíochtaí rátála agus go dtabharfaidh siad údar leis na cúiseanna sin agus trí cheangal a chur ar GRCanna eisitheoirí a chur ar an eolas fada go leor sula bhfoilseofar rátáil.

Ó thaobh costas de, bheadh costais bhreise ar ghnólachtaí airgeadais de bharr na gceanglas maidir le bainistíocht riosca inmheánach a fheabhsú agus maidir le húsáid samhlacha rátála inmheánaí chun críocha rialála agus bheadh costais bhreise ar eisitheoirí de bharr na gceanglas feabhsaithe maidir le nochtadh. Tabhóidh GRCanna costais chomhlíonta atriallacha freisin chun an riosca go dtarlóidh éifeachtaí gabhála i ndáil le rátálacha ceannasacha, a mhaolú. Ní mhéadófaí costais GRCanna mórán, áfach, mar gheall ar bhearta chun iomaíocht a fheabhsú. Táthar ag súil go mbeidh costais um chomhlíonadh i gceist leis an rogha beartais a bhaineann le dliteanas sibhialta GRCanna i leith infheisteoirí toisc gur gá an dliteanas sibhialta a árachú nó, in éagmais na hinárachaitheachta, gur gá maolán airgeadais a chruthú chun éilimh fhéideartha ó infheisteoirí a chumhdach. Ar deireadh thiar, ní mheastar go mbeidh aon chostais shuntasacha ag baint leis na roghanna tosaíochta i ndáil le neamhspleáchas GRCanna.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE.

3.2.        Coimhdeacht agus comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5(3) den CFAE), níor cheart beart a dhéanamh ar leibhéal an AE mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus gurbh fhearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a bhaint amach ar leibhéal an AE. Gnó domhanda atá i gceist le gnó na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Úsáideann rannpháirtithe margaidh ar fud an AE rátálacha a eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i mBallstát amháin. D'fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith ag teipeanna nó easpa creat rialúcháin i gcomhair gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i mBallstát ar leith ar rannpháirtithe margaidh agus ar mhargaí airgeadais ar fud an AE. Mar sin, tá gá le rialacha rialála a bheidh infheidhmithe ar fud an AE chun infheisteoirí agus margaí a chosaint ó easnaimh a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Dá bhrí sin, is trí bheart ón AE is fearr a bhainfear aon ghníomhaíochtaí eile maidir le GRCanna amach.

Tá na leasuithe atá beartaithe comhréireach freisin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(4) de CAE. Ní théann na leasuithe thar a bhfuil riachtanach chun a gcuspóirí a bhaint amach. Feabhsófar na coinníollacha a bhaineann le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go háirithe: cuirfear ceangal ar eisitheoirí an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a íocann siad chun rátálacha creidmheasa a eisiúint a athrú agus gníomhaireachtaí rátála creidmheasa difriúla a cheapadh chun rátálacha creidmheasa a eisiúint ina leith agus i leith a n-ionstraimí fiachais. Cé go gcuireann na hoibleagáidí sin teorainn ar shaoirse ghnó, tá siad comhréireach i ndáil leis na cuspóirí atáthar a shaothrú agus cuirtear an timpeallacht rialála i gcuntas leo. Níl feidhm acu ach maidir le seirbhís chun leasa an phobail (rátálacha creidmheasa is féidir a úsáid chun críocha rialála), ar seirbhís í a dhéanann institiúidí rialaithe (gníomhaireachtaí rátála creidmheasa) i ndálaí áirithe (an tsamhail 'íocann an t‑eisitheoir') agus, i gcás uainíochta, tá feidhm shealadach leo. Níl aon chosc, áfach, ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa leanúint de sheirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar sa mhargadh: má tá ar ghníomhaireacht creidmheasa rátála staonadh de sheirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d'eisitheoir ar leith, beidh sí fós in ann rátálacha creidmheasa a sholáthar d'eisitheoirí eile. I gcomhthéacs an mhargaidh agus an riail maidir le huainíocht i bhfeidhm ina hiomláine, tiocfaidh méadú ar dheiseanna gnó ós rud é go mbeadh ar gach eisitheoir a ghníomhaireacht rátála creidmheasa a athrú. Thairis sin, beidh cead i gcónaí ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa gan iarraidh a eisiúint maidir leis an eisitheoir céanna, ag baint tairbhe as a dtaithí.

Foráiltear sna leasuithe freisin maidir le teorainn a chur ar infheisteoirí agus ar ghníomhaireachtaí móra rátálacha creidmheasa i ndáil le roghanna infheistíochtaí áirithe. Beidh cosc ar infheisteoirí a bhfuil rannpháirtíocht in GRC acu, ar fiú ar a laghad 5 % é, breis is 5 % a bheith acu in aon GRC eile. Is gá an srian sin chun a áirithiú gur léir go bhfuil GRCanna neamhspleách, rud nach mbeadh chomh soiléir sin dá mbeadh na scairshealbhóirí céanna nó na baill chéanna ag infheistiú go suntasach i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa éagsúla nach mbaineann leis an ngrúpa céanna de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, fiú mura mbeadh na scairshealbhóirí nó na baill sin i gcumas tionchar ceannasach a imirt ná rialú a fheidhmiú go dleathach. Is mó an baol sin toisc gur cuideachtaí neamhliostaithe iad GRCanna an AE, mar dá bhrí sin is lú a dtrédhearcacht. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhféadfar infheistíocht ar bhonn iomlán eacnamaíoch a dhéanamh i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcónaí, ní bhainfidh an cosc ar infheistiú i mbreis is gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin ag an am céanna le hinfheistíochtaí a théann trí scéimeanna comhinfheistíochta a bhainistíonn tríú páirtithe atá neamhspleách ar an infheisteoir agus nach bhfuil faoi réir a thionchair.

3.3.        Comhlíonadh Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE

An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún tograí le haghaidh Rialachán lenar bunaíodh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (ÚEÁPG) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM). Ina thaobh sin is mian leis an gCoimisiún na Ráitis i ndáil le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den CFAE a lua, ar ráitis iad a rinne sé agus na Rialacháin lenar bunaíodh na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha á nglacadh. De réir na ráiteas sin: "Maidir leis an bpróiseas chun caighdeáin rialála a ghlacadh, tugann an Coimisiún le fios go láidir go bhfuil carachtar uathúil ag earnáil na seirbhísí airgeadais, atá ag eascairt as struchtúr Lamfalussy agus a dtugtar aitheantas dó go sainráite i nDearbhú 39 a ghabhann le CFAE. Mar sin féin, tá an‑amhras go deo ar an gCoimisiún an bhfuil na srianta atá ar a ról, agus gníomhartha tarmligthe agus bearta cur chun feidhme á nglacadh aige, ag teacht le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE."

3.4.        Míniú ar an togra

Leasaítear an Rialachán maidir le GRCanna le hAirteagal 1 den togra seo. Tagraíonn na tagairtí sna foranna a leanas do na hAirteagail nua nó leasaithe sa Rialachán maidir le GRCanna, mura sonraítear a mhalairt.

3.4.1.     Raon feidhme an Rialacháin a shíneadh chun tuartha rátála a chumhdach

Sa bhreis ar rátálacha creidmheasa, foilsíonn GRCanna "tuartha rátála" a thugann tuairim faoin treo inar dealraitheach go rachaidh rátáil chreidmheasa sa todhchaí. Le togra an Choimisiúin, sínfear raon feidhme na rialacha maidir le rátáil chreidmheasa chun "tuartha rátála" a chumhdach, más iomchuí. Iarrtar sa téacs leasaithe, go háirithe, go nochtfaidh GRCanna an tréimhse a mbeifear ag súil le hathrú ar an rátáil chreidmheasa lena linn (cf. Iarscríbhinn I, Roinn D, Cuid II, pointe 2(f)). Déanfar an Rialachán maidir le GRCanna a oiriúnú sna háiteanna a leanas: Airteagail 3, 6(1), 7(5), 8(2), agus 10(1) agus (2); in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointí 1, 3, agus 7; Roinn C, pointí 2, 3 agus 7; Roinn D, Cuid I, pointí 1, 2, 4 agus 5; agus Roinn E, Cuid I, pointe 3. Thairis sin, tá na leasuithe a bhfuil tuairisc orthu thíos curtha in oiriúint freisin, más iomchuí, do thabhairt isteach choincheap an tuair rátála.

3.4.2.     Leasuithe i ndáil le húsáid rátálacha creidmheasa

In Airteagal 5a nua a chuirfear isteach sa Rialachán maidir le GRCanna ceanglaítear ar institiúidí airgeadais áirithe a measúnú féin a dhéanamh ar riosca creidmheasa. Dá bhrí sin, ba cheart go seachnóidís a bheith ag brath go hiomlán nó go meicníoch ar rátálacha creidmheasa seachtracha chun acmhainn chreidmheasa sócmhainní a mheas. Ba cheart d'údaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar phróisis mheasúnaithe creidmheasa na ngnólachtaí airgeadais sin féachaint go bhfuil siad leordhóthanach. Ar áireamh leis sin, bheadh faireachán d'fhonn a chinntiú nach bhfuil gnólachtaí airgeadais ag brath an iomarca ar rátálacha creidmheasa. Eascraíonn an riail sin ó phrionsabail an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais chun spleáchas ar rátálacha GRCanna a laghdú, arna n-eisiúint i nDeireadh Fómhair 2010.

Sa bhreis air sin, i gcomhréir le hAirteagal 5b nua, níor cheart do ÚEUM, ÚBE ná ÚEÁPG tagairt do rátálacha creidmheasa ina dtreoirlínte, ina moltaí ná ina ndréachtchaighdeáin theicniúla i gcás ina bhféadfaidh tagairtí den sórt sin a chur faoi deara d'údaráis inniúla nó do rannpháirtithe margaidh airgeadais a bheith ag brath go meicníoch ar rátálacha creidmheasa. Ina theannta sin, ba cheart dóibh na treoracha agus na moltaí atá acu cheana a oiriúnú dá réir sin, agus faoin 31 Nollaig 2013 ar a dheireanaí.

Is é is aidhm do na leasuithe eile dul i ngleic leis an riosca go mbeadh rannpháirtithe margaidh airgeadais ag brath an iomarca ar rátálacha creidmheasa maidir le hionstraimí airgeadais struchtúrtha, agus cáilíocht rátálacha creidmheasa a fheabhsú i dtaobh ionstraimí den sórt sin:

– Airteagal 8a: leis an Airteagal nua seo ceanglaítear ar eisitheoirí (nó tionscnóirí nó urraitheoirí) faisnéis shonrach a nochtadh maidir le táirgí airgeadais struchtúrtha ar bhonn leanúnach, go háirithe maidir le príomheilimintí na linnte sócmhainní atá faoina dtáirgí airgeadais struchtúrtha, ar faisnéis í a theastaíonn ó infheisteoirí chun a measúnuithe creidmheasa féin a dhéanamh agus ar an dóigh sin a sheachaint go mbeidís ag brath ar rátálacha seachtracha. Tá an fhaisnéis sin le nochtadh trí shuíomh gréasáin láraithe a oibreoidh ÚEUM;

– Airteagal 8b: leis an Airteagal nua seo ceanglaítear ar eisitheoirí (nó ar na tríú páirtithe gaolmhara) a iarrann rátáil dhá ghníomhaireacht rátála a fhruiliú, neamhspleách ar a chéile, chun dhá rátáil chreidmheasa neamhspleácha a eisiúint ag an am céanna i dtaobh na hionstraime airgeadais struchtúrtha céanna.

Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an Coimisiún ag beartú leasuithe ag an am céanna ar Theoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI)[10] agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha chun a áirithiú go gcomhtháthófar isteach sa reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear na treoracha sin chun feidhme an prionsabal go seachnófar róspleáchas ar rátálacha creidmheasa.

3.4.3.     Leasuithe i ndáil le neamhspleáchas GRCanna

Leis an ngrúpa leasuithe seo bunaítear rialacha neamhspleáchais níos déine lena bhfuil sé mar aidhm dul i ngleic le coinbhleachtaí leasa maidir leis an tsamhail 'íocann an t‑eisitheoir' agus maidir le struchtúr scairshealbhóirí GRCanna:

– Airteagal 6a: leis an Airteagal nua seo cuirfear cosc ar bhall nó ar scairshealbhóir ar bith de chuid GRC ag a bhfuil rannpháirtíocht ar fiú ar a laghad 5 % é, 5 % nó níos mó a bheith aige in aon GRC eile, ach amháin más ball den ghrúpa céanna iad na GRCanna i gceist;

– Airteagal 6b: leis an Airteagal nua seo tabharfar riail uainíochta isteach i gcomhair GRCanna arna bhfruiliú ag eisitheoir (i.e. ní bhaineann sí le rátálacha gan iarraidh) chun an t‑eisitheoir féin a rátáil nó chun a ionstraimí fiachais a rátáil. Níor cheart don GRC a bheith fruilithe ar feadh breis is 3 bliana nó ar feadh breis is aon bhliain amháin má rátálann sé breis is deich gcinn d'ionstraimí fiachais rátáilte as a chéile de chuid an eisitheora. Ní ghearrfar an tréimhse fhruilithe atá ceadaithe go tréimhse níos giorra ná bliain mar gheall ar an riail sin, áfach. I gcás ina n-iarrfaidh eisitheoir breis is rátáil amháin dó féin nó dá ionstraim, is cuma má dhéanann sé amhlaidh de bharr oibleagáide dlíthiúla nó dá dheoin féin, ní gá ach do cheann amháin de na gníomhaireachtaí uainíocht a dhéanamh. Mar sin féin, sé bliana a bheidh socraithe mar thréimhse uasta i gcomhair gach ceann de na GRCanna i gceist. Níor cheart cead a bheith ag an iar-GRC (ná ag aon GRC eile ar leis an ngrúpa céanna é nó ag a bhfuil naisc geallsealbhóra leis an iar-GRC) dul ar ais chuig an eisitheoir céanna arís ná chuig a ionstraimí go dtí go mbeidh tréimhse mharana iomchuí istigh. Foráiltear san Airteagal seo freisin go dtabharfaidh an GRC atá ag imeacht comhad aistrithe don GRC nua ina mbeidh faisnéis ábhartha;

A bhuí leis an riail uainíochta sin meastar go maolófar go suntasach na coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an tsamhail "íocann an t‑eisitheoir". Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireacháin ar a iomchuí atá samhlacha luacha saothair de chuid gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus cuirfidh sé tuarascáil faoi sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle an 7 Nollaig 2012, mar a cheanglaítear le hAirteagal 39(1) den Rialachán. Sa chomhthéacs sin, breithneoidh an Coimisiún freisin réitigh a théann níos faide i ndáil leis an tsaincheist sin de réir an mheasúnaithe uirthi i ndlínsí eile faoi láthair, i SAM san áireamh.

Ní bhaineann Airteagal 6b le rátálacha ceannasacha;

– Iarscríbhinn I, Roinn C, pointe 8 i ndáil le hAirteagal 7(4): cuirfear na rialacha maidir le huainíocht inmheánach na foirne laistigh de GRC in oiriúint chun Airteagal 6b nua a thabhairt i gcuntas. Foráiltear sna rialacha nua nár cheart do na príomhanailísithe rátála a bheith bainteach le rátáil aon eintitis ar leith ar feadh breis is 4 bliana, agus ar an dóigh sin cuirfear cosc ar na hanailísithe sin bogadh go GRC eile le comhad cliaint. Foráiltear maidir le rialacha faoi na rialacha uainíochta inmheánaí freisin, i gcás ina soláthróidh GRC rátálacha gan iarraidh nó rátálacha ceannasacha;

– Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3: chuirfeadh an Rialachán cosc ar GRC rátáil creidmheasa a eisiúint (nó chuirfeadh sé ceangal ar an GRC sin a nochtadh go bhféadfaí difear a dhéanamh don rátáil chreidmheasa) i gcás ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith i gceist nó ina mbeadh coinbhleachtaí leasa iarbhír de thoradh duine (sa bhreis ar an GRC agus a fhoireann, atá cumhdaithe ag na rialacha cheana) a bheith bainteach leis ag a bhfuil breis is 10 % de chaipiteal nó de chearta vótála an GRC, nó ar duine é atá i gcumas ar bhealach eile tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó an GRC, in imthosca áirithe, amhail infheistíochtaí san eintiteas rátáilte, é a bheith ina chomhalta de bhord an eintitis rátáilte etc;

– Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 4: daoine ag a bhfuil breis is 5 % de chaipitil nó de chearta vótála an GRC, nó ar daoine iad atá i gcumas ar bhealach eile tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó an GRC, níor cheart cead a bheith acu seirbhísí comhairliúcháin ná seirbhísí comhairleacha a sholáthar d'eintitis rátáilte maidir le struchtúr corparáideach ná dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais ná gníomhaíochtaí an eintitis rátáilte sin.

3.4.4.     Leasuithe i ndáil le nochtadh faisnéise maidir le modheolaíochtaí GRCanna, rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála

Neartóidh grúpa eile leasuithe na rialacha maidir le nochtadh modheolaíochtaí rátála, d'fhonn próisis rátála creidmheasa atá slán a chur chun cinn agus, ar deireadh, rátáil cháilíochta a fheabhsú:

– Airteagail 8(5a), 8(6)(aa) agus 22a(3): sna forálacha seo atá beartaithe leagtar síos nósanna imeachta chun modheolaíochtaí nua rátála a ullmhú nó chun cinn atá ann cheana a mhodhnú. Ceanglaítear leo comhairliúchán le geallsealbhóirí maidir leis na modheolaíochtaí nua nó maidir leis na hathruithe atáthar a bheartú agus an call atá leo. Thairis sin, ba cheart do GRCanna na modheolaíochtaí beartaithe a chur faoi bhráid ÚEUM chun measúnú a dhéanamh go gcomhlíonann siad na ceanglais atá ann cheana. Ní fhéadfar na modheolaíochtaí nua a úsáid ach amháin tar éis do ÚEUM iad a fhormheas. Ceanglaítear sna rialacha sin freisin go bhfoilseofar na modheolaíochtaí nua maille le míniú mionsonraithe;

– Airteagal 8(7): beidh gach GRC faoi oibleagáid earráidí ina mhodheolaíochtaí nó i gcur i bhfeidhm a mhodheolaíochtaí a cheartú, chomh maith le ÚEUM, an t‑eintiteas rátáilte agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas i dtaobh earráidí den sórt sin;

– Iarscríbhinn I, Roinn D, Cuid I, pointe 2a: sínfear an ceanglas Treoir a thabhairt maidir le modheolaíochtaí agus boinn tuisceana taobh thiar de rátálacha sa dóigh nach mbainfidh sé le táirgí airgeadais struchtúrtha amháin ach le gach aicme sócmhainne. Ba cheart an Treoir a thabharfaidh na GRCanna a bheith follasach agus sothuigthe.

Treiseofar oibleagáidí eile ar GRCanna maidir le nochtadh:

– Iarscríbhinn I, Roinn D, Cuid I, pointe 3: déileálann an fhoráil seo leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag GRCanna d'eisitheoirí maidir leis na príomhfhorais a bhfuil rátáil nó tuar bunaithe orthu sula bhfoilseofar an rátáil nó an tuar, chun deis a thabhairt don eintiteas rátáilte aon earráidí sa rátáil a bhrath. Leis an riail atá beartaithe ceanglófar ar GRCanna eisitheoirí a chur ar an eolas le linn uaireanta oibre an eintitis rátáilte agus lá iomlán oibre ar a laghad roimh an bhfoilsiú. Bainfidh an riail sin le gach rátáil, bíodh sé iarrtha nó gan iarraidh, agus le tuartha;

– Iarscríbhinn I, Roinn D, Cuid I, pointe 6: Ba cheart do GRCanna faisnéis a nochtadh maidir leis na heintitis nó na hionstraimí fiachais ar fad a chuirfear faoina mbráid i gcomhair a n-athbhreithnithe tosaigh nó i gcomhair a réamhrátála. Ar an dóigh sin, leis an riail nua sínfear an oibleagáid sin níos faide ná na rátálacha ar tháirgí airgeadais struchtúrtha. Leis an leasú seo, tá sé i gceist pointe 4 i gCuid II de Roinn D d'Iarscríbhinn I a scriosadh.

3.4.5.     Leasuithe i ndáil le rátálacha ceannasacha

Déanfar na rialacha a bhaineann le rátálacha ceannasacha (rátáil Stáit, réigiúin nó údaráis áitiúil de chuid Stáit nó rátáil ionstraime arbh é Stát nó réigiún nó údarás áitiúil Stáit a d'eisigh an fiachas nó an oibleagáid airgeadais di) a threisiú go háirithe, d'fhonn cáilíocht na rátálacha sin a fheabhsú:

– Airteagal 8(5), athrófar an dara fomhír: Ceanglófar ar GRCanna rátálacha ceannasacha a mheasúnú níos minice: gach sé mhí seachas gach dhá mhí déag;

– Iarscríbhinn 1, Roinn D: cuirfear isteach Cuid III nua maidir le hoibleagáidí breise i ndáil le cur i láthair rátálacha ceannasacha. Go háirithe, ní mór do GRCanna tuarascáil taighde iomlán a fhoilsiú nuair a eisíonn agus nuair a leasaíonn siad rátálacha ceannasacha, chun trédhearcacht agus tuiscint úsáideoirí a fheabhsú. Níor cheart rátálacha ceannasach a fhoilsiú ach tar éis ama scoir gnó agus uair a chloig ar a laghad sula n-osclaíonn ionaid trádála san AE;

– Iarscríbhinn I, Roinn E, Cuid III, pointe 3 agus pointe 7: neartófar na rialacha maidir le foilsiú tuarascála trédhearcachta ag GRCanna trí cheangal a chur ar GRCanna a bheith trédhearcach maidir le leithdháileadh foirne ar rátáil aicmí éagsúla sócmhainne (i.e. corparáideach, airgeadas struchtúrtha, rátálacha ceannasacha). Ba cheart do GRCanna sonraí díchomhiomlánaithe a sholáthar maidir lena láimhdeachas, lena n-áirítear sonraí maidir leis na táillí arna ngineadh in aghaidh gach aicme sócmhainne. A bhuí leis an bhfaisnéis sin, ba cheart a bheith in ann a mheas an méad úsáide a bhaineann GRCanna as a n-acmhainní agus rátálacha creidmheasa á n-eisiúint acu.

3.4.6.     Leasuithe i ndáil le hinchomparáideacht rátálacha creidmheasa agus táillí as rátálacha creidmheasa

Cuspóir eile de chuid an togra seo is ea feabhas a chur ar iomaíocht i margadh na rátála creidmheasa agus ar cháilíocht rátálacha. Is leis na leasuithe a leanas go háirithe a shaothraítear an cuspóir sin, ar leasuithe iad a chuireann inchomparáideacht rátálacha creidmheasa chun cinn agus a dhéanann foráil maidir le breis trédhearcachta i dtaobh na dtáillí a ghearrtar as rátálacha creidmheasa:

– Airteagal 11a: leis an Airteagal nua seo ceanglaítear ar GRCanna a rátálacha a chur ar aghaidh go ÚEUM, sa dóigh sin áiritheofar go bhfoilseofar gach rátáil atá ar fáil i gcomhair ionstraime fiachais i bhfoirm Innéacs Rátála Eorpaigh (EURIX) a bheidh ar fáil d'infheisteoirí gan bhac.

– Airteagal 21(4a): leis an mír nua seo tabharfar de chumhacht do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt, lena bhformheas ag an gCoimisiún, maidir le scála rátála comhchuibhithe a úsáidfidh GRCanna. Bheadh ar gach rátáil na caighdeáin scála chéanna a leanúint, ag áirithiú go bhféadfadh infheisteoirí comparáid a dhéanamh do héasca idir rátálacha. B'úsáidí EURIX d'infheisteoirí agus go gheallsealbhóirí eile a bhuí leis an bhforáil seo;

– Iarscríbhinn I, Roinn B pointe 3a: ba cheart na táillí a ghearrann GRCanna ar a gcliaint as rátálacha a sholáthar (agus seirbhísí coimhdeacha) a bheith neamh‑idirdhealaitheach (i.e. bunaithe ar chostais iarbhír agus critéir phraghsála trédhearcacha) agus níor cheart iad a bheith bunaithe ar aon chineál teagmhais (i.e. gan a bheith ag brath ar thoradh na hoibre atá déanta). Is é is aidhm don fhoráil nua seo freisin coinbhleachtaí leasa a sheachaint (e.g. d'fhéadfadh eintitis rátáilte táillí níos airde a íoc i gcomhair rátálacha a bheadh rófhabhracha);

– Iarscríbhinn I, Roinn E, Cuid II, pointe 2(a) agus pointe 2(aa): leis an bpointe leasaithe, pointe 2(a), ceanglaítear ar GRCanna liosta táillí a ghearr siad ar a gcliaint a nochtadh le ÚEUM gach bliain, ar táillí iad a gearradh as rátálacha aonair agus as seirbhísí coimhdeacha. Comhlánófar an nochtadh maidir le táillí trí bhíthin na forála nua i dtaobh phointe 7 de Chuid III de Roinn E d'Iarscríbhinn I a bhfuil tuairisc uirthi thuas. Ceanglaítear ar GRCanna i bpointe 2(aa) freisin a mbeartas praghsála a nochtadh le ÚEUM, lena n-áirítear na critéir phraghsála i ndáil le rátálacha i gcomhair aicmí éagsúla sócmhainne.

Ar deireadh, leis an togra atá beartaithe ceanglófar ar ÚEUM roinnt gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh maidir le comhchruinniú sa mhargadh (cf. Airteagal 21.(5)) agus ceanglófar ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú maidir leis an tsaincheist sin (Airteagal 39(4)).

3.4.7.     Leasuithe i ndáil le dliteanas sibhialta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtaca le hinfheisteoirí

Cé go bhfuil forálacha sa togra seo le haghaidh Rialacháin a bhfuil sé mar aidhm acu an riosca a laghdú go mbeifí ag brath an iomarca ar rátálacha creidmheasa seachtracha (féach roinn 3.4.2 den mheabhrán míniúcháin seo), leanfaidh rátálacha creidmheasa, bíodh siad eisithe chun críocha rialála nó ná bíodh, de thionchar a bheith acu amach anseo ar chinntí infheistíochta. Dá bhrí sin, tá mortabháil nach beag ar GRCanna i leith infheisteoirí a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Rialacháin maidir le GRCanna. Léirítear an méid sin in Airteagal 35a atá beartaithe sa Rialachán maidir le GRCanna, ar Airteagal é a chuirfidh an dliteanas ar GRC i gcás ina sáróidh sé, d'aon ghnó nó de dheasca mórfhaillí, an Rialachán maidir le GRCanna, agus má dhéantar, dá dheasc sin, damáiste d'infheisteoir a bhí ag brath ar rátáil chreidmheasa de chuid an GRC sin, ar chuntar go ndearna an sárú i gceist difear don rátáil chreidmheasa.

3.4.8.     Leasuithe eile

Déanfar téacs an Rialacháin a chur in oiriúint freisin chun roinnt oibleagáidí a shoiléiriú maidir le GRCanna "deimhnithe" atá bunaithe i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, leasófar Airteagail 5(8), 11(2), 19(1) agus 21(4)(e) den Rialachán maidir le GRCanna dá réir sin.

Cuirfear liosta na sáruithe in Iarscríbhinn III agus in Airteagal 36a(2) den Rialachán maidir le GRCanna in oiriúint do na hathruithe eile ar an Rialachán.

Chun an Rialachán maidir le GRCanna a chur i gcomhréir le téarmaíocht Chonradh Liospóin, cuirfear tagairtí don "Aontas" in ionad tagairtí don "Comhphobal".

3.4.9      Ceist na Gníomhaireachta Rátála Eorpaí

Níl sé mar aidhm ag an togra seo gníomhaireacht rátála creidmheasa Eorpach a bhunú.

Mar a d'iarr Parlaimint na hEorpa ina tuarascáil ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa an 8 Meitheamh 2011 rinneadh an rogha sin a mheas go mionsonraithe sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Baineadh de thátal sa mheasúnú tionchair sin, cé go bhféadfadh tairbhe áirithe a bheith le GRC a chisteofaí go poiblí ó thaobh ilghnéitheacht na dtuairimí sa mhargadh rátála a mhéadú de agus ó thaobh rogha mhalartach a chur ar fáil seachas an tsamhail "íocann an t‑eisitheoir" de freisin, go mbeadh sé deacair dul i ngleic le ceisteanna maidir le coinbhleachtaí leasa agus le hinchreidteacht, go háirithe dá soláthródh an GRC sin rátálacha ar fhiachas ceannasach. Níor cheart go ndíspreagfadh na tátail sin gníomhairí eile ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa nua a bhunú, áfach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an méid ilghnéitheachta atá á tabhairt isteach sa mhargadh rátála creidmheasa a bhuí le teacht isteach comhlachtaí príobháideacha nua.

Tá roinnt beart sa togra seo ar cheart go gcuirfidís le tuilleadh ilghnéitheachta agus rogha sa tionscal rátála creidmheasa:

– leis an riail uainíochta atá beartaithe beidh sé ina cheangal gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a athrú go rialta, agus ba cheart go n-osclófaí an margadh rátála creidmheasa do chomhlachtaí nua; agus

– an toirmeasc atá beartaithe ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa móra GRCanna eile a fháil mar éadáil ar feadh tréimhse deich mbliana.

Tá an Coimisiún ag fiosrú freisin i dtaobh cistí an Aontais a úsáid chun líonraí GRCanna beaga a chur chun cinn ionas go mbeidís in ann a n-acmhainní a chomhthiomsú agus barainneacht mhórscála a dhéanamh.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon tionchar ag an togra ón gCoimisiún ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, ní bheadh cistiú breise ón AE i gcomhair ÚEUM ag teastáil de bharr na gcúraimí a shannfaí dó.

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhforáiltear in Airteagal 19 den Rialachán maidir le GRCanna[11] go mbeidh an méid a chaitheann ÚEUM ar chlárú agus ar mhaoirsiú na GRCanna i gcomhréir leis an Rialachán cumhdaithe go hiomlán ag na táillí a ghearrfar ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

2011/0361 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[12],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[13],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Déanann Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa[14] ceangal a chur ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa rialacha iompair a chomhlíonadh d'fhonn aon choinbhleachta leasa a d'fhéadfadh bheith ann a mhaolú agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh rátálacha agus an próiseas rátála d'ardchaighdeán agus trédhearcach a ndóthain. I ndiaidh na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 513/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], tá de chumhacht ag an Údarás Eorpach Urrús agus Margaí (ÚEUM) gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú agus maoirsiú a dhéanamh orthu. Is comhlánú an leasú sin ar an gcreat rialála atá ann faoi láthair le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Roinnt de na saincheisteanna ar tugadh aghaidh orthu (coinbhleachta leasa i ngeall ar an tsamhail 'íocann an t-eisitheoir', agus nochtadh i gcás ionstraimí airgeadais struchtúraithe), bhíothas tar éis iad a shainaithint, ach níor réitigh na rialacha a bhí ann na saincheisteanna sin ina n-iomláine. Chuir géarchéim an fhiachais cheannasaigh chun suntais an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais trédhearcachta agus nós imeachta a bhaineann le rátálacha fiachais cheannasaigh go háirithe.

(2) An 8 Meitheamh 2011 d'eisigh Parlaimint na hEorpa rún maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag éileamh rialáil níos fearr ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa[16]. I gcruinniú neamhfhoirmiúil de ECOFIN an 30 Deireadh Fómhair 2010 d'admhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart iarracht níos mó a dhéanamh dul i ngleic le roinnt ceisteanna a bhaineann le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear an baol a bhaineann le bheith ag brath an iomarca ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus an baol coinbhleachta leasa a d'fhéadfadh teacht as samhail luacha saothair na ngníomhaireachtaí rátála. Tháinig Chomhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2011 ar an gconclúid nach mór dul ar chun cinn a dhéanamh maidir le gan a bheith ag brath an iomarca ar ghníomhaireachtaí rátála.

(3) Ar an leibhéal idirnáisiúnta, an 20 Deireadh Fómhair 2010 d'fhormhuinigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais roinnt prionsabal maidir le laghdú a dhéanamh ar spleáchas údarás agus institiúidí airgeadais do rátálacha na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Formhuiníodh na prionsabail sin i gcruinniú mullaigh an G20 i Súl i Samhain 2010.

(4) An tábhacht atá ag tuartha rátála d'infheisteoirí agus d'eisitheoirí, agus éifeachtaí na dtuartha sin ar na margaí, tá siad inchurtha le tábhacht agus éifeachtaí rátálacha creidmheasa. Dá bhrí sin, ceanglais uile Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 arb é is aidhm leo a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí rátála saor ó choinbhleachta leasa, cruinn agus trédhearcach, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le tuartha rátála freisin. I gcomhréir leis an gcleachtas reatha maoirseachta, tá feidhm ag roinnt ceanglas de chuid an Rialacháin seo maidir le tuartha rátála. Tugann an Rialachán seo isteach sainmhíniú ar thuartha rátála agus soiléiríonn sé cé go díreach na forálacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na tuartha sin. Ba cheart go soiléireodh sé sin na rialacha agus ba cheart deimhneacht dhlíthiúil teacht as. Sa sainmhíniú a dhéantar sa Rialachán seo ar thuartha rátála ba cheart tuairimí a chuimsiú ann maidir le treocht dealraitheach rátála creidmheasa sa ghearrthéarma, rud a dtugtar 'faire creidmheasa' air de ghnáth.

(5) Tá ról tábhachtach ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sna margaí airgeadais. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le neamhspleáchas agus ionracas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus lena ngníomhaíochtaí rátála ó thaobh a inchreidte atá siad dar le rannpháirtithe an mhargaidh, infheisteoirí agus úsáideoirí eile rátálacha go háirithe. Foráiltear le Rialachán 1060/2009 nach mór gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith cláraithe agus maoirsiú a dhéanamh orthu ó tharla go bhfuil mórthionchar ag a gcuid seirbhísí ar leas an phobail. Murab ionann is taighde infheistíochta, is mó ná tuairimí iad rátálacha creidmheasa i dtaca le luach nó praghas ionstraime airgeadais nó oibleagáide airgeadais. agus ní anailísí airgeadais ná comhairleoirí infheistíochta amháin iad gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ach oiread. Tá luach rialála sna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag infheisteoirí rialáilte ar nós institiúidí creidmheasa, comhlachtaí árachais agus infheisteoirí eile institiúideacha. Cé go bhfuil laghdú á dhéanamh ar na dreasachtaí le bheith ag brath an iomarca ar rátála creidmheasa, tá tionchar cinniúnach fós ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar na roghanna infheistíochta a dhéantar, go háirithe i ngeall ar dhíréir faisnéise agus ar mhaithe le héifeachtúlacht. Dá bhrí sin, caithfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith neamhspleách agus caithfidh rannpháirtithe margaí a chreidiúint go bhfuil siad neamhspleách.

(6) Tá foráil déanta cheana i Rialachán (AE) 1060/2009 maidir le babhta beart, an chéad ceann, chun aghaidh a thabhairt ar cheist neamhspleáchas agus ionracas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a ngníomhaíochtaí rátála. Neamhspleáchas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú agus aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint, a bhainistiú agus, a oiread is féidir, a sheachaint, is cuspóirí iad sin ba bhunús le roinnt forálacha de chuid na Rialacháin sin. Ach cé gur bonn fónta atá sna rialacha atá ann faoi láthair, dealraíonn sé nach raibh tionchar mór go leor acu ar na ceisteanna sin. Táthar fós gan a bheith den tuairim gur gníomhairí neamhspleách a ndóthain iad gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Tagann coinbhleachta leasa as an ngníomhaireacht rátála a bheith á roghnú agus as luach saothair a bheith á thabhairt di ag an eintiteas rátáilte (an tsamhail 'íocann an t‑eisitheoir'), dhá ní nach dtéann na rialacha atá ann faoi láthair i ngleic leo. De réir na samhla sin, is le leas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha bogáis a eisiúint d'fhonn caidreamh gnó fadtéarmach a chothú as a dtiocfaidh ioncam seasta nó d'fhonn breis oibre agus ioncaim a ghnóthú. Ina theannta sin, d'fhéadfadh an caidreamh idir scairshealbhóirí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus na heintitis rátáilte bheith faoi deara coinbhleachta leasa nach dtéann na rialacha atá ann faoi láthair i ngleic leo go leormhaith. Dá thoradh sin, d'fhéadfadh sé go measfaí gur rátáil a fheileann don eisitheoir seachas an rátáil a bhfuil gá ag an infheisteoir léi atá i rátálacha creidmheasa a eisítear faoin tsamhail 'íocann an t-eisitheoir'. Gan dochar do chonclúidí na tuarascála maidir leis an tsamhail 'íocann an t-eisitheoir', atá le cur isteach ag an gCoimisiún faoi Nollaig 2012 de bhun Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009, tá sé sár-riachtanach na coinníollacha neamhspleáchais a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a athneartú d'fhonn inchreidteacht rátálacha creidmheasa a eisítear faoin tsamhail sin a mhéadú.

(7) Is gnách, sa mhargadh rátálacha creidmheasa, go mbíonn dlúthchaidreamh fadtéarmach idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus eintitis rátáilte. Tá sé sin contúirteach óir d'fhéadfadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dearcadh róbháúil do chás an eintitis rátáilte a ghlacadh. Dá dtarlódh sé sin, d'fhéadfadh meath a theacht ar neamhchlaontacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa de réir a chéile. Go deimhin, is amhlaidh atá sé le leas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna sainordú agus arna n‑íoc ag eisitheoir corparáideach rátálacha rófhabhrach a eisiúint i leith an eintitis rátáilte sin nó i leith a ionstraimí fiachais d'fhonn an caidreamh gnó leis an eisitheoir a chothú. Bíonn eisitheoirí faoi réir dreasachtaí a chothaíonn caidreamh fadtéarmach freisin, e.g. an 'éifeacht ghlasála'. is é le rá go mb'fhéidir nach n-athródh an t-eisitheoir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar fhaitíos go músclódh sé sin amhras in infheisteoirí maidir lena acmhainneacht creidmheasa. Sainaithníodh an fhadhb sin cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a chuir de cheangal ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa meicníocht uainíochta a chur i bhfeidhm lena n‑athrófaí de réir a chéile foirne anailíse agus coistí rátála creidmheasa sa chaoi is nach gcuirfí i gcontúirt neamhspleáchas anailísithe ná daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa. Ach is amhlaidh a bhí cur i bhfeidhm ceart na rialacha sin ag brath go mór ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa réitigh inmheánacha iompair a chur i bhfeidhm, is é sin le rá neamhspleáchas agus gairmiúlacht fhostaithe na gníomhaireachta ó thaobh leasa tráchtála na gníomhaireachta í féin. Níor ceapadh na rialacha sin chun ráthaíocht leordhóthain a chur ar fáil do thríú páirtithe go maolófaí nó go seachnófaí coinbhleachta leasa a thiocfadh as an gcaidreamh fadtéarmach. Dealraíonn sé gur gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le freagairt struchtúrtha a mbeidh tionchar níos mó aici ar thríú páirtithe. Bealach éifeachtach chun é sin a dhéanamh ab ea teorainn a chur leis an tréimhse ar féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa a sholáthar go leanúnach lena linn i leith aon eisitheora ar leith nó i leith a ionstraimí fiachais. Ba cheart go bhféadfaí deireadh a chur leis an dreasacht chun rátálacha fabhracha a eisiúint i leith eisitheora ach uasteorainn a chur leis an gcaidreamh gnó idir an t‑eisitheoir atá á rátáil, nó a d'eisigh na hionstraimí fiachais rátáilte, agus an ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Ina theannta sin, dá mbeadh sé ina cheangal uainíocht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa mar gnáthchleachtas rialta margaidh, ba cheart go leigheasfaí an éifeacht ghlasála (i.e. nuair nach n-athraíonn an t-eisitheoir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar fhaitíos amhras a mhúscailt in infheisteoirí maidir lena acmhainneacht creidmheasa). Ar deireadh, ba cheart go mbeadh éifeacht dhearfach ag an uainíocht gníomhaireachtaí ar an margadh rátála ós rud é go mbeadh sé ní b'fhusa do ghníomhaireachtaí nua teacht isteach sa mhargadh agus ós rud é go dtabharfadh sé an deis do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a gcuid gnó a leathnú amach chuig réimsí nua.

(8) Ach uainíocht rialta a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a eisíonn rátálacha creidmheasa i leith eisitheora nó a ionstraimí fiachais, ba cheart go bhféadfaí an luacháil a éagsúlú a dhéantar ar acmhainneacht creidmheasa an eisitheora a roghnaíonn agus a íocann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Is é toradh ba cheart a bheith ar iliomad dearcthaí éagsúla rátálacha creidmheasa atá níos ilghnéithí, agus, i ndeireadh thiar thall, feabhas a theacht ar mheasúnuithe ar acmhainneacht creidmheasa na n-eisitheoirí. Ionas go bhféadfaidh tionchar a bheith ag an éagsúlú sin agus ionas nach mbeidh eisitheoirí ná gníomhaireachtaí rátála creidmheasa bogásach, ní mór srian a chur le fad an chaidrimh ghnó idir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus an t‑eisitheoir atá á íoc sa chaoi is nach mbeidh sé níos faide ná an fad a ráthódh go mbreathnófaí go rialta as an nua ar acmhainneacht chreidmheasa na n-eisitheoirí. Is cosúil go mbeadh tréimhse trí bliana iomchuí, dá bhrí sin, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur gá méid áirithe leanúnachais a bheith ag baint le rátálacha creidmheasa. Méadaíonn ar an mbaol coinbhleachta leasa i gcásanna ina n-eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa go minic maidir le hionstraimí eisitheora ar leith laistigh de thréimhse ghearr. Sna cásanna sin ba cheart uasfhad an chaidrimh ghnó a bheith níos giorra d'fhonn toradh comhchosúil a ráthú. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a theacht leis an gcaidreamh gnó tar éis do ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil a dhéanamh ar dheich gcinn d'ionstraimí rátála de chuid aon eisitheora ar leith. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear ualach díréireach ar eisitheoirí ná ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, níor cheart aon cheangal a fhorchur an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a athrú le linn an chéad 12 mhí den chaidreamh gnó. I gcás ina dtugann eisitheoir sainordú do níos mó ná gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin, dá dheoin féin nó toisc go bhfuil oibleagáid air déanamh amhlaidh siocair gur eisitheoir ionstraimí airgeadais struchtúrtha é, ba cheart gur leor na tréimhsí uainíochta dochta a chur i bhfeidhm maidir le ceann amháin de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ach sá chás sin féin, níor cheart an caidreamh gnó idir an t-eisitheoir agus an ghníomhaireacht rátála creidmheasa bhreise bheith níos faide ná sé bliana.

(9) Ní mór an riail maidir le huainíocht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a fhorfheidhmiú ar bhealach inchreidte má tá éifeacht le bheith leis. Ní chomhlíonfaí cuspóir na rialach sin dá mbeadh cead ag an ngníomhaireacht rátála atá ag imeacht seirbhísí a sholáthar don eisitheoir céanna laistigh de thréimhse róghairid. Ar an ábhar sin tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le tréimhse iomchuí nach bhféadfaidh an t-eisitheoir céanna sainordú a thabhairt lena linn don ghníomhaireacht rátála creidmheasa sin seirbhísí rátála a sholáthar. Ba cheart an tréimhse sin a bheith fada a dóthain chun go bhféadfaidh an ghníomhaireachta rátála creidmheasa nua cuid seirbhísí a sholáthar go héifeachtach don eisitheoir, chun go n-áiritheofar gur fíor‑ghrinnscrúdú a dhéanfar ar an eisitheoir, agus sin de réir cur chuige difriúil, agus chun a ráthú go mbeidh leanúnachas ag baint leis an rátáil creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireachta rátála creidmheasa nua. Ba cheart an tréimhse cosc a chur ar an eisitheoir gan de shocruithe a bheith aige ach socruithe compordacha le dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa a ghlacfadh áit a chéile go leanúnach, ó tharla go mbeadh baol ann go n-éireoidís róthaithaithíoch ar a chéile. Dá bhrí sin, ceithre bliana de ghnáth ba cheart a bheith sa tréimhse nár cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí rátála a sholáthar don eisitheoir lena linn.

(10) Nuair a athraítear an ghníomhaireacht rátála creidmheasa méadaíonn ar an mbaol go gcaillfear eolas faoin eintiteas rátáilte a shealbhaigh an ghníomhaireacht atá ag imeacht. D'fhágfadh sé sin go mbeadh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa nua móriarracht a dhéanamh chun an t-eolas a mbeadh gá leis chun a cuid oibre a dhéanamh a shealbhú. Ach d'fhéadfaí aistriú rianúil a áirithiú ach ceanglas a chur ar an ngníomhaireacht rátála atá ag imeacht go ndéanfar aon eolas ábhartha maidir leis an eintiteas rátáilte nó maidir lena ionstraimí a chur chuig an ngníomhaireacht rátála atá ag imeacht.

(11) Tá sé i gcomhréir leis an sprioc atáthar a shaothrú ceangal a chur ar eisitheoirí an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a dtugann siad sainordú di a athrú go tráthrialta. Níl feidhm ag an gceanglas sin ach maidir le hinstitiúdí rialáilte áirithe (gníomhaireachtaí rátála creidmheasa cláraithe) a sholáthraíonn seirbhísí a dhéanann difear do leas an phobail (rátálacha creidmheasa is féidir a úsáid chun críocha rialála) i ndálaí áirithe (an tsamhail 'íocann an t-eisitheoir). An phribhléid atá ag seirbhísí áirithe aitheantas a bheith acu go bhfuil ról tábhacht acu i rialáil mhargadh na seirbhísí airgeadais, agus údarú bheith acu an ról sin a fheidhmiú, gabhann léi an dualgas oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh chun neamhspleáchas a áirithiú agus chun go bhfeicfear go bhfuil an neamhspleáchas sin ann, i ngach uile chás. Aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa a gcuirtear bac uirthi seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d'eisitheoir ar leith, bheadh sí fós in ann rátálacha creidmheasa a sholáthar d'eisitheoirí eile. I margadh ina bhfuil an riail maidir le huainíocht i bhfeidhm maidir le gach gníomhaire, tiocfaidh méadú ar dheiseanna gnó ós rud é go mbeadh ar gach eisitheoir a ghníomhaireacht rátála creidmheasa a athrú. Thairis sin, beidh cead i gcónaí ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa gan iarraidh a eisiúint maidir leis an eisitheoir céanna, ag baint tairbhe as a dtaithí. Ós rud é nach bhfuil rátálacha gan iarraidh faoi réir ag an tsamhail 'íocann an t‑eisitheoir' níl sé chomh dóchúil céanna go mbeidh siad faoi thionchar coinbhleachta leasa. I dtaca le heisitheoirí de, an t‑uasfhad atá leis an gcaidreamh gnó le gníomhaireacht rátála creidmheasa, agus an riail maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin nó níos mó a fhostú, cuireann siad srian ar an tsaoirse atá acu a gcuid gnó a dhéanamh. Mar sin féin, tá gá leis an srian sin ar fhorais a bhaineann le leas an phobail ós rud é go gcuireann an tsamhail 'íocann an t-eisitheoir' isteach ar spleáchas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, spleáchas atá fíor-riachtanach d'fhonn rátálacha creidmheasa neamhspleácha a ráthú a fhéadfaidh infheisteoirí a úsáid chun críocha rialála. San am céanna, ní théann na srianta sin thar a bhfuil riachtanach agus ba cheart a mheas gurb é is feidhm leo acmhainneacht creidmheasa an eisitheora a mhéadú i dtaca le páirtithe eile, agus sa deireadh thiar thall, i dtaca leis an margadh.

(12) Ceann de shaintréithe rátálacha ceannasacha is ea é nach mbíonn feidhm de ghnáth ag an tsamhail 'íocann an t-eisitheoir'. In ionad na samhla sin, is é an chaoi a n‑ullmhaítear formhór na rátálacha mar rátálacha gan iarraidh agus go n-úsáidtear sin mar bhonn do rátálacha iarrtha agus rátálacha gan iarraidh ar aon na tíre lena mbaineann. Ní gá, dá bhrí sin, ceangal a bheith ann uainíocht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a eisíonn rátálacha ceannasacha.

(13) Aon choinbhleacht leasa idir mór-scairshealbhóirí de chuid gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an t-eintiteas rátáilte, d'fhéadfadh sé difear a dhéanamh do neamhspleáchas na gníomhaireachta sin i dtaca leis an eintiteas sin. Mar shampla d'fhéadfadh scarshealbhóir de chuid gníomhaireachta rátála creidmheasa bheith ina bhall de bhord riaracháin nó maoirseachta eintitis rátáilte nó tríú páirtí ghaolmhair. Ní dheachaigh rialacha Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 i ngleic le cásanna den sórt sin ach i dtaca le coinbhleachta leasa a bhain le hanailísithe rátála, daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa nó fostaithe eile de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa. Ní raibh aon trácht sa Rialachán, áfach, ar choinbhleachta leasa a bhaineann le scairshealbhóirí nó baill de ghníomhaireacht rátála creidmheasa. D'fhonn neartú ar an tuiscint go bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa neamhspleách ar eintiteas rátáilte, is iomchuí síneadh a chur leis na rialacha atá ann faoi láthair a bhfuil feidhm acu maidir le coinbhleachta leasa a bhaineann le fostóirí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus le scairshealbhóirí tábhachtacha nó baill thábhachtacha de ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Dá bhrí sin, níor cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa a eisiúint, nó ba cheart dó a nochtadh go bhféadfadh sé go ndéanfaí difear don rátáil chreidmheasa i gcás ina mbeadh scairshealbhóir nó ball a bhfuil 10 % de chearta vótála na gníomhaireachta sin aige ina bhall de bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátáilte freisin, nó i gcás ina mbeadh infheistíocht déanta aige sin san eintiteas rátáilte. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil scairshealbhóir nó ball in ann mórthionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, níor cheart dó seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha ar fáil don eintiteas rátáilte ná don tríú páirtí gaolmhar maidir le struchtúr corparáideach nó dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochta an eintitis rátáilte nó an tríú páirtí sin.

(14) D'fhéadfaí na rialacha maidir le neamhspleáchas agus cosc coinbhleachtaí leasa a chur ó mhaith mura mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa neamhspleách ar a chéile. Ní bheidh na rialacha sin inchurtha chun feidhme gan líon mór go leor gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nach bhfuil aon bhaint acu leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag imeacht (i gcás uainíochta), ná leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag soláthar seirbhísí rátála creidmheasa i san am céanna don eisitheoir céanna. Ó tharla nach bhfuil rogha leathan a dóthain de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag eisitheoirí sa mhargadh faoi láthair, bheadh an chontúirt ann go mbeadh cur chun feidhme na rialacha gan éifeacht. Is iomchuí a cheangal, dá bhrí sin, go mbeidh dealú docht idir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag imeacht agus an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nua (i gcás uainíochta) agus idir an dá ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag soláthar seirbhísí san am céanna don eisitheoir céanna. Níor cheart na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith nasctha lena chéile trí chaidreamh rialaithe, trína bheith sa ghrúpa céanna de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ná trí chead vótála a bheith acu in aon cheann de na gníomhaireachtaí eile, ná trí chead a bheith acu baill de bhoird riaracháin, bhainistíochta, nó mhaoirseachta aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a cheapadh.

(15) Dhéanfaí mórdhíobháil don tuiscint go bhfuil gníomhaireachtaí rátála creidmheasa neamhspleách dá mbeadh scairshealbhóirí nó baill de ghníomhaireachta rátála creidmheasa ag infheistiú i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhaineann le grúpa eile gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar a laghad ar bith sa chás go mbeadh an infheistíocht sin mór a dóthain le go bhféadfaidís tionchar a imirt ar ghnó na gníomhaireachta sin. Dá bhrí sin, d'fhonn neamhspleáchas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus an tuiscint go bhfuil siad neamhspleách, a áirithiú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos déine maidir leis an gcaidreamh idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a gcuid scairshealbhóirí. Ar an ábhar sin níor cheart 5 %, nó níos mó, de scaireanna breis is gníomhaireachta rátála creidmheasa amháin bheith ag duine ar leith san am céanna, ach amháin má bhaineann na gníomhaireachtaí sin leis an ngrúpa céanna.

(16) An sprioc neamhspleáchas leordhóthanach gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú, ciallaíonn sé nár cheart 5 %, nó níos mó, de scaireanna breis is gníomhaireachta rátála creidmheasa amháin bheith ag infheisteoirí san am céanna. Le Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe[17], ceanglaítear ar dhaoine a bhfuil 5 % de chearta vótála cuideachta liostaithe é sin a nochtadh don phobal, ós rud é, inter alia, gur le leas infheisteoirí é eolas a bheith acu ar struchtúr vótála an chuideachta sin. Meastar, dá bhrí sin, gur sciar mór de na cearta vótála é 5 %, lena bhféadfaí tionchar a imirt ar struchtúr vótála na cuideachta. Is iomchuí dá bhrí sin an tairseach 5 % a úsáid chun críocha cosc a chur ar infheistíocht a dhéanamh san am céanna i níos mó ná gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin. Ní féidir a mheas go bhfuil an beart sin díréireach, ó tharla gur gnóthas neamhliostaithe gach gníomhaireacht rátála creidmheasa chláraithe san Aontas agus dá bhrí sin, níl siad faoi réir rialacha trédhearcachta agus nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le cuideachtaí liostaithe san AE. Is minic a bhíonn gnóthais neamhliostaithe á rialú ag prótacail nó comhaontuithe na scairshealbhóirí agus is gnách go mbíonn líon na scairshealbhóirí beag. Dá bhrí sin, fiú amháin sciar mionlaigh i ngníomhaireacht rátála creidmheasa neamhliostaithe, d'fhéadfadh sé tionchar a bheith aige. Mar sin féin, d'fhonn a áirithiú go bhféadfar leanúint d'infheistíocht atá de chineál eacnamaíoch amháin i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ní bhainfidh an cosc ar infheistiú i mbreis is gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin san am céanna le hinfheistíochtaí a chuirtear trí scéimeanna comhinfheistíochta a bhainistíonn tríú páirtithe atá neamhspleách ar an infheisteoir agus nach bhfuil faoi réir a thionchair.

(17) Na rialacha nua a chuireann srian ar fhad an chaidrimh ghnó idir eisitheoir agus an ghníomhaireacht rátála creidmheas, dhéanfaidís claochlú ar an margadh rátálacha creidmheasa san Aontas, margadh atá fós an‑chomhchruinnithe. Thiocfadh deiseanna nua margaidh chun cinn do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa beaga agus meánmhéide agus ba ghá dóibh iad féin a fhorbairt chun na deiseanna sin a thapú sna chéad blianta tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha nua. Is dealraitheach go mbeadh níos mó éagsúlachta sa mhargadh dá bharr sin. Ach is amhlaidh a chuirfí cuspóirí agus éifeachtúlacht na rialacha nua i mórchontúirt, dá mba rud é, le linn na mblianta tosaigh, go gcuirfeadh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa móra seanbhunaithe cosc ar ghníomhaireachtaí eile bheith in iomaíocht leo trí bhíthin iad a cheannach. Is é toradh a bheadh ar na gníomhaireachtaí móra seanbhunaithe an margadh rátálacha creidmheasa a chomhdhlúthú a thuilleadh ná laghdú ar líon na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheadh ar fáil, rud a d'fhágfadh easpa rogha ag eisitheoirí tráth ba ghá dóibh ceann nó dhá cheann de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa nua a cheapadh, agus a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú na rialacha nua. Rud is tábhachtaí ná sin, chuirfeadh an comhdhlúthú sin bac ar éagsúlú an mhargaidh.

(18) Maidir leis na rialacha i leith neamhspleáchais agus cosc a chur ar choinbhleachtaí leasa a chuireann ceangal ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa gan seirbhísí rátálacha creidmheasa a sholáthar d'aon eisitheoir ar leith ar feadh tréimhse fada, d'fhéadfaí an bonn a bhaint díobh dá mbeadh cead ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa bheith ina scairshealbhóirí nó ina mball, ar bhealach díreach nó indíreach, de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

(19) Tá sé tábhachtach a áirithiú nach modheolaíochtaí nach bhfuil comh críochnúil chéanna a bheidh mar thoradh ar aon athrú a dhéanfar ar na modheolaíochtaí rátála. Chun na críocha sin, ba cheart deis a bheith ag eisitheoirí, infheisteoirí agus páirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí a thabhairt uathu maidir le haon athruithe atá beartaithe ar mhodheolaíochtaí rátála. Cuideoidh sé sin leo tuiscint a bheith acu ar na cúiseanna atá leis na modheolaíochtaí nua agus leis an athrú i gceist. D'fhéadfadh tuairimí eisitheoirí agus infheisteoirí i leith na ndréacht‑mhodheolaíochtaí bheith ina mórchuidiú ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheas agus iad ag sainiú modheolaíochtaí. Ina cheann sin, ba cheart don ÚEUM a fhíorú agus a dhearbhú go gcomhlíonann modheolaíochtaí nua rátála Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus an caighdeán teicniúil rialála ábhartha sula gcuirtear na modheolaíochtaí i bhfeidhm. Úsáidfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus a bhíonn faoi réir ag bailíochtú bunaithe ar thaithí stairiúil, lena n-áirítear cúltástáil. Ach níor cheart an próiseas fíoraithe sin aon chumhacht a thabhairt don ÚEUM meastóireacht a dhéanamh ar iomchuibheas na modheolaíochta atá beartaithe ná ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa a eisíodh tar éis chur i bhfeidhm na modheolaíochtaí.

(20) I ngeall ar a chasta atá ionstraimí airgeadais struchtúrtha, ní dheachaigh i gcónaí ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa de chaighdeán ard go leor a ullmhú i leith na n-ionstraimí sin. Laghdú ar mhuinín an mhargaidh sna cineálacha sin rátálacha creidmheasa an toradh atá air sin. D'fhonn muinín an mhargaidh a ghnóthú, b'iomchuí ceangal a chur ar eisitheoirí, nó ar na tríú páirtithe atá gaolmhar leo, dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa a fhostú chun rátálacha creidmheasa i leith ionstraimí airgeadais struchtúrtha a sholáthar, rud as a dtiocfadh, b'fhéidir, measúnuithe éagsúla iomaíocha. B'fhéidir go laghdódh sé sin an cleachtas a bheith róspleách ar aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa amháin.

(21) Le Treoir xxxx/xx/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí[18], tugadh isteach foráil lena gcuirtear ceangal ar bhainc agus ar ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar rioscaí creidmheasa eintitis agus ar ionstraimí airgeadais a ndéanann siad féin infheistíocht iontu agus gan, go díreach, a bheith ag brath ar rátálacha seachtracha ina leith. Ba cheart an riail sin a leathnú d'fhonn gnólachtaí eile airgeadais a rialáiltear faoi dhlí an Aontais, lena n‑áirítear bainisteoirí infheistíochta, a chumhdach. Níor cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rialacha a fhorchur a ligeann do na hinfheisteoirí sin a bheith níos spleáiche ar rátálacha seachtracha.

(22) Ina theannta sin thiocfadh feabhas ar chumas infheisteoirí measúnú eolasach a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúrtha ach faisnéis leordhóthanach maidir leis na hionstraimí sin a bheith ag infheisteoirí. Laghdóidh sé sin spleáchas infheisteoirí ar rátálacha creidmheasa. Ina cheann sin, is dealraitheach gurb é toradh a bheadh ar fhaisnéis ábhartha maidir le hionstraimí airgeadais a nochtadh neartú a dhéanamh ar an iomaíocht idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa de bharr méadú a theacht ar líon na rátálacha gan iarraidh teacht as.

(23) Ba cheart rochtain a bheith ag infheisteoirí, ag eisitheoirí agus ag páirtithe eile leasmhara ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, trí leathanach gréasáin lárnach. Ba cheart go ligfeadh Innéacs Rátála Eorpach (EURIX) arna bhunú ag an ÚEUM d'infheisteoirí Ionas go bhféadfaidh infheisteoirí comparáid a dhéanamh idir rátálacha éagsúla i leith eintitis ar leith a d'eisigh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa éagsúla, caithfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa scála rátála comhchuibhithe a úsáid, scála a ullmhóidh an ÚEUM agus a ghlacfaidh an Coimisiún mar chaighdeán teicniúil. Ní bheadh úsáid an scála chomhchuibhithe sainordaitheach ach i gcás fhoilsiú na rátálacha ar leathanach gréasáin EURIX, ach os a choinne sin ba cheart cead a bheith ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a gcuid scála rátála féin a úsáid nuair a fhoilsíonn siad na rátálacha ar a leathanach gréasáin féin. Níor cheart a bheith de chuspóir ag úsáid scála rátála chomhchuibhithe modheolaíochtaí agus próisis gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chomhchuibhiú, ba cheart a bheith de chuspóir aici na rátálacha deiridh a dhéanamh inchomparáide, agus sin amháin. Tá sé tábhachtach go dtaispeánfar ar leathanach gréasáin EURIX, mar aon le hinnéacs rátála comhiomlánaithe, gach rátáil atá ar fáil i leith gach ionstraime ionas go bhféadfaidh infheisteoirí an raon iomlán tuairimí atá ann a bhreith sula gcinnfidh siad ar infheistíocht a dhéanamh. B'fhéidir go mbeadh an t-innéacs rátála creidmheasa comhiomlán ina chuidiú ag infheisteoirí breacthuairim a fháil ar acmhainneacht creidmheasa eintitis. Ba cheart go mbeadh EURIX ina chuidiú ag gníomhaireachtaí beaga agus ag gníomhaireachtaí nua bheith níos feiceálaí. Bheadh an tInnéacs Rátála Eorpach ina chomhlánú ar an bhfaisnéis maidir le sonraí maidir le feidhmíocht san am a caitheadh atá le foilsiú ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i stór lárnach an ÚEUM. Thacaigh Parlaimint na hEorpa le bunú an Innéacs Rátála Eorpaigh ina rún maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an 8 Meitheamh 2011[19].

(24) Bíonn tionchar mór ag rátálacha creidmheasa ar chinntí infheistíochta, is cuma cé acu chun críocha rialála nó chun críche eile a eisítear iad. Dá bhrí sin, tá freagracht mhór ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i leith infheisteoirí, eadhon féachaint chuige go gcomhlíonann siad Rialacha (CE) Uimh. 1060/2009 sa chaoi is go bhfuil a gcuid rátálacha neamhspleách, oibiachtúil agus de cháilíocht leordhóthanach. De cheal caidrimh chonarthaigh idir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus an t‑infheisteoir, áfach, ní bhíonn sé ar chumas infheisteoirí i gcónaí tabhairt ar an ngníomhaireacht an fhreagracht sin a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le ceart leordhóthanach chun cúitimh a bheith ag infheisteoirí a bhraith ar rátáil creidmheasa a eisíodh de shárú ar rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009. Aon damáiste arbh é sárú ar an Rialachán sin ba chúis leis agus a raibh tionchar aige ar an rátáil deiridh, ba cheart go bhféadfadh an t-infheisteoir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chur faoi dhliteanas. Aon sárú nár imir tionchar ar an rátáil deiridh, amhail sárú ar na hoibleagáidí trédhearcachta, níor cheart go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le héilimh maidir le dliteanas sibhialta.

(25) Níor cheart gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith faoi dhliteanas ach amháin má sháraíonn siad d'aon ghnó nó le mórfhaillí na hoibleagáidí a chuireann Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 orthu. Ciallaíonn an chéim lochta sin nár cheart go bhféadfaí éilimh maidir le dliteanas a dhéanamh i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa má dhéanann siad faillí in oibleagáidí aonair faoin Rialachán ach nach ndéanann siad neamhshuim thromchúiseach dá ndualgais. Tá an chéim lochta sin iomchuí toisc go mbíonn measúnú le déanamh ar thosca casta eacnamaíocha chun rátáil creidmheasa a ullmhú agus d'fhéadfadh torthaí éagsúla bheith ar chur i bhfeidhm modheolaíochtaí éagsúla agus ní féidir a mhaíomh go bhfuil aon cheann acu sin mícheart.

(26) Tá sé tábhachtach ceart éifeachtach cúitimh i gcoinne gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chur ar fáil d'infheisteoirí. Ó tharla nach bhfuil grinnléargas ag infheisteoirí ar nósanna imeachta inmheánacha gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, dealraíonn sé iomchuí freaschur páirteach a dhéanamh ar an dualgas cruthúnais maidir le sárú a bheith ann agus tionchar an tsáraithe ar an rátáil deiridh i gcás ina ndéanann an t‑infheisteoir cás réasúnta ar son shárú den chineál sin a bheith ann. Mar sin féin, maidir leis an dualgas cruthúnais maidir le damáiste a bheith déanta agus an sárú a bheith ina údar leis an damáiste sin, ba cheart é a bheith go hiomlán ar an infheisteoir ó tharla gur mó a bhaineann siad leis-sean.

(27) Maidir le ceisteanna a bhaineann le dliteanas sibhialta gníomhaireachta rátála creidmheasa, ach nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, arna chinneadh le rialacha ábhartha an Dlí Idirnáisiúnta Phríobháidigh. Is trí na rialacha ábhartha maidir le dlínse idirnáisiúnta ba cheart a chinneadh cé an chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir.

(28) An oibleagáid atá ar infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear bainisteoirí infheistíochta, a measúnú féin a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa sócmhainní, níor cheart dó sin cosc a chur ar chúirt cinneadh a dhéanamh go ndearna sárú a rinne gníomhaireacht rátála creidmheasa ar an Rialachán seo díobháil d'infheisteoir agus go bhfuil an ghníomhaireacht sin faoi dhliteanas ina leith. Cé go gcuirfidh an Rialachán seo feabhas ar an tsaoirse atá ag infheisteoirí a measúnú riosca féin a dhéanamh, leanfaidh an rochtain atá acu ar fhaisnéis de bheith níos srianta ná an rochtain atá ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa uirthi. Ina theannta sin, is minic nach mbeidh sé ar chumas infheisteoirí beaga go háirithe measúnú criticiúil a dhéanamh ar rátáil sheachtrach a sholáthar gníomhaireacht rátála creidmheasa.

(29) D'fhonn coinbhleachtaí leasa a mhaolú a thuilleadh, agus iomaíocht chothrom a éascú sa mhargadh rátála creidmheasa, tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil na táillí a mhuirearaíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar a gcustaiméirí idirdhealaitheach. Níor cheart údar a bheith le táillí éagsúla a ghearradh as seirbhísí den sórt céanna ach amháin má tá difear idir an costas atá ar na seirbhísí sin a sholáthar do chustaiméirí éagsúla. Ina cheann sin, níor cheart go mbeadh na táillí a mhuirearaítear as seirbhísí rátála a sholáthar d'eisitheoir ar leith ag brath ar thorthaí na hoibre a dhéantar ná ar sholáthar seirbhísí gaolmhara (coimhdeacha). Ionas go bhféadfar maoirsiú éifeachtach a dhéanamh ar na rialacha sin, ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa na táillí a fuair siad ó gach ceann dá gcliaint agus a mbeartas ginearálta praghsála a nochtadh don ÚEUM.

(30) Ionas go mbeidh sé níos fusa rátálacha ceannasacha atá cothrom le dáta agus inchreidte a eisiúint agus d'fhonn tuiscint úsáideoirí na rátálacha sin a mhéadú, tá sé tábhachtach athbhreithniú rialta a dhéanamh ar rátálacha. Tá sé tábhachtach freisin méadú ar a thrédhearcaí atá an taighde a dhéantar, na baill foirne a leithdháiltear ar ullmhú rátálacha agus na toimhdí is bun leis na rátálacha creidmheasa a ullmhaíonn na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i leith fiachais cheannasaigh.

(31) Tá foráil déanta cheana sna rialacha atá ann faoi láthair maidir le rátálacha a fhógairt don eintiteas rátáilte 12 uair a chloig roimh a bhfoilsiú. Ionas nach dtarlóidh sé go dtabharfar an fógra sin lasmuigh d'uaireanta a chloig oibre agus ionas go mbeidh a ndóthain ama ag an eintiteas rátáilte cruinneas na bunsonraí a fhíorú, ba cheart a shoiléiriú gur cheart fógra a thabhairt lá oibre iomlán roimh fhoilsiú na rátála nó an tuair rátála.

(32) I bhfianaise sainiúlachtaí rátálacha ceannasacha agus d'fhonn an baol luaineachta a laghdú, is iomchuí ceangal a chur ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa gan na rátálacha sin a fhoilsiú go dtí tar éis ama scoir ionad trádála atá bunaithe san Aontas agus ar a dhéanaí uair an chloig roimh dóibh oscailt.

(33) Ba cheart go n-áiritheodh caighdeáin theicniúla maidir le seirbhísí airgeadais cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ó tharla gur comhlacht a bhfuil ard-saineolas aige é an ÚEUM, beart éifeachtach iomchuí a bheadh ann ullmhú dréachtchaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme nach mbaineann le roghanna beartais a chur de chúram air lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(34) Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an ÚEUM a ghlacadh maidir le hinneachar an chomhaid aistrithe nuair a ghabhann gníomhaireacht rátála creidmheasa áit gníomhaireachta eile rátála creidmheasa eile, maidir le hinneachar, minicíocht agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar ag eisitheoirí i leith ionstraimí struchtúrtha airgeadais, maidir le comhchuibhiú an scála rátála caighdeánaigh atá le húsáid ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, maidir le cur i láthair na faisnéise – lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus uainíocht na tuarascála – ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a nochtadh don ÚEUM i leith EURIX agus maidir le hinneachar agus formáid na tuarascála tréimhsiúla ar tháillí a mhuirearaíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun críocha maoirseacht leanúnach a bheith á déanamh ag an ÚEUM. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmlighte de bhun Airteagal 290 den Chonradh agus i gcomhréir le hAirteagail 10–14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(35) Ceadaíonn Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 rátálacha a eisíodh i dtríú tíortha a úsáid chun críocha rialála más rud é gur gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 5 nó atá formhuinithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin a d'eisigh iad. Chun deimhniú a fháil, caithfidh cinneadh coibhéise bheith glactha ag an gCoimisiún maidir le córas rialála na tríú tíre le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus chun formhuiniú a fháil caithfidh iompar gníomhaireachta rátála creidmheasa na tríú tíre ceanglais a chomhlíonadh atá ar a laghad chomh dian céanna le rialacha ábhartha an AE. Níor cheart feidhm a bheith ag roinnt de na forálacha a tugadh isteach leis an Rialachán seo i gcás na measúnuithe coibhéise ná formhuinithe: Is amhlaidh atá i gcás na bhforálacha sin a chuireann oibleagáidí ar eisitheoirí ach nach gcuireann aon oibleagáid ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ina theannta sin, aon Airteagail a bhaineann le struchtúr an mhargaidh rátála laistigh den AE seachas le bunú rialacha iompair do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa níor cheart iad a chur san áireamh sa chomhthéacs seo. D'fhonn a ndóthain ama a thabhairt do thríú tíortha a gcreataí rialála a uasghrádú i bhfianaise na bhforálacha nua substainteacha, níor cheart feidhm a bheith ag an gceann deireanach acu sin ach chun críocha na measúnuithe coibhéise agus formhuinithe amhail ón 1 Meitheamh 2014. Ní mór a mheabhrú ina leith seo nach gá gurb ionann córas rialála tríú tíre agus na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Mar atá mínithe i Rialachán Uimh. 1060/2009, ba cheart gur leor go mbaineann amach córas rialála an tríú tíre na cuspóirí céanna agus go mbíonn na torthaí céanna air le go bhféadfar a mheas go bhfuil sé coibhéiseach nó chomh dian céanna le córas rialála an AE.

(36) Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon neamhspleáchas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a athneartú, próisis agus modheolaíochtaí rátála creidmheasa fónta a chur chun cinn, maolú ar na rioscaí a bhaineann le rátálacha ceannasacha, maolú ar an mbaol go mbeidh rannpháirtithe an mhargaidh róspleách ar rátálacha creidmheasa, agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh ceart chun cúitimh ag infheisteoirí, ós rud é nach féidir iad a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de dhroim struchtúr uile-Eorpach agus thionchar uile‑Eorpach na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa atá le maoirsiú, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(37) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:

(1)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1:

"Airteagal 1

Ábhar

Tugann an Rialachán seo isteach cur chuige rialúcháin coiteann chun feabhas a chur ar shláine, trédhearcacht, freagracht, dea-rialachas agus iontaofacht gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, rud a chuirfidh le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a eisítear san Aontas, a éascóidh feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus a bhainfidh amach ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus infheisteoirí. Leagann sé síos coinníollacha maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa agus rialacha maidir le heagrú agus iompar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a scairshealbhóirí agus a mbaill san áireamh, chun neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí sin a chur chun cinn, chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí.

Ina theannta sin leagann sé síos oibleagáidí d'eisitheoirí, do thionscnóirí, agus d'urraitheoirí atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí airgeadais struchtúrtha."

(2)          sa chéad mhír d'Airteagal 2, cuirtear "Aontas" in ionad "Chomhphobal";

(3)          Leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:

(a)     i bpointe (g), cuirtear "Aontas" in ionad "Comhphobal";

(b)     i bpointe (m), cuirtear "Aontas" in ionad "Comhphobal";

(c)     cuirtear na pointí seo a leanas leis:

'(s)     ciallaíonn "eisitheoir" eisitheoir mar atá sainmhínithe i bpointe (h) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE;

(t)      ciallaíonn "tionscnóir" tionscnóir mar atá sainmhínithe i bpointe (41) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

(u)     ciallaíonn "urraitheoir" tionscnóir mar atá sainmhínithe i bpointe (42) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

(v)     ciallaíonn "rátáil cheannasach":

(i)      rátáil creidmheasa inar stát, nó údarás réigiúnach nó áitiúil de chuid stáit, an t-eintiteas rátála,

(ii)      rátáil creidmheasa inar stát, nó údarás réigiúnach nó áitiúil de chuid stáit, eisitheoir an fhiachais nó na hoibleagáide airgeadais, eisitheoir an urrúis fhiachais nó eisitheoir ionstraime eile airgeadais.

(w)    ciallaíonn "tuar rátála" tuairim i leith treochta dóchúla rátála creidmheasa sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.';

(4)          Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a)     sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear "Aontas" in ionad "Chomhphobal";

(b)     i mír 2, cuirtear "Aontas" in ionad "Comhphobal";

(c)     leasaítear mír 3 mar seo a leanas:

(i)      san abairt tosaigh, cuirtear "Aontas" in ionad "Comhphobal";

(ii)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

'tá sé fíoraithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, agus tá sí in ann é a léiriú ar bhonn leanúnach don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) (ÚEUM), go gcomhlíonann gníomhaíochtaí rátála creidmheasa ghníomhaireacht rátála creidmheasa na tríú tíre, a raibh mar thoradh uirthi eisiúint rátála creidmheasa atá le formhuiniú, ceanglais atá ar a laghad chomh docht céanna leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12, amach ó Airteagail 6a, 8a, 8b agus 11a;

(*)           IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.';

(d)     i mír 4, cuirtear "Aontas" in ionad "Comhphobal";

(5)          Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a)     i mír 1, cuirtear "Aontas" in ionad "Comhphobal";

(b)     i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) den dara fomhír:

'(b)    tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa tríú tír sin faoi réir ag rialacha ceangailteacha dlí atá coibhéiseach leo sin atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus in Iarscríbhinn I, amach ó Airteagail 6a, 8a, 8b agus 11a; agus',

(c)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

Beidh feidhm ag forálacha iomchuí Airteagal 20, 23b agus 24 i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa deimhnithe agus i leith na rátálacha creidmheasa a eisíonn siad.';

(6)          cuirtear Airteagal 5a agus Airteagal 5b a leanas isteach:

"Airteagal 5a

Institiúidí airgeadais a bheith róspleách ar rátálacha creidmheasa

Institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus athárachais, institiúidí um chóir ar scor gairme, cuideachtaí bainistíochta agus infheistíochta, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus contrapháirtithe lárnacha arna sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. xx/201x ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xx xxx 201x maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála[20], déanfaidh siad a measúnú féin ar riosca creidmheasa agus ní bhraithfidh siad go hiomlán ná gan ghrinneas ar rátálacha creidmheasa chun acmhainneacht creidmheasa eintitis nó ionstraime airgeadais a mheasúnú. Na húdaráis inniúla a bhfuil sé de chúram orthu na gnóthais sin a mhaoirsiú, scrúdóidh siad go grinn leordhóthanacht phróisis mheasúnaithe creidmheasa na ngnóthas.

Airteagal 5b

Spleáchas ar rátálacha creidmheasa ón Údarás Maoirseachta Eorpach agus ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

Ní dhéanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) (ÚBE), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) (ÚEÁPG) ná an ÚEUM tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid treoirlínte, moltaí ná dreachtchaighdeán teicniúil i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina údar le húdaráis inniúla nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bheith ag brath gan ghrinneas ar rátálacha creidmheasa. Dá réir sin, faoin 31 Nollaig 2013 ar a dhéanaí, déanfaidh an ÚBE, an ÚEÁPG agus an ÚEUM, athbhreithniú ar gcuid treoirlínte agus moltaí go léir agus, nuair is ábhartha, scriosfaidh siad gach tagairt do rátálacha creidmheasa.

An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir leis an Aontas Eorpach maoirseacht mhicreastuamachta a dhéanamh ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (***), ní dhéanfaidh sé tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid rabhadh ná moltaí i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina údar le bheith ag brath gan ghrinneas ar rátálacha creidmheasa.

* IO L , , p.

** IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

*** IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.';

(7)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(1):

'1.      Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa gach beart is gá lena áirithiú nach ndéanfaidh aon choinbhleacht leasa atá ann cheana nó a d'fhéadfadh bheith ann ná aon chaidreamh gnó a bhaineann leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag eisiúint na rátála creidmheasa, lena gcuid bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe, aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó atá á rialú aici, nó aon duine a bhfuil nasc díreach nó indíreach leis trí rialú, nach ndéanfaidh sin tionchar a imirt ar eisiúint rátála creidmheasa ná ar eisiúint tuair rátála';

(8)          Cuirtear Airteagal 6a agus Airteagal 6 a leanas isteach:

'Airteagal 6a

Coinbhleachta leasa a bhaineann le hinfheistíochtaí i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa

1. Aon scairshealbhóir nó ball de ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag a bhfuil ar a laghad 5 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta sin:

(a)     ní bheidh 5 % nó níos mó de chaipiteal aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile ina sheilbh aige. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, ar chuntar nach bhfágann na sealúchais sin i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe go bhfuil sé ar a chumas mórthionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na scéimeanna sin.

(b)     ní bheidh an ceart ná an chumhacht aige níos mó ná 5 % de na cearta vótála a fheidhmiú in aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa;

(c)     ní bheidh an ceart ná an chumhacht aige baill de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa a cheapadh ná a bhriseadh as a phost;

(d)     ní bheidh sé ina bhall de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile;

(e)     ní bheidh an chumhacht aige tionchar nó smacht ceannasach a fheidhmiú ar aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa eile ná ní fheidhmeoidh sé an chumhacht sin.

2. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le hinfheistíochtaí i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

Airteagal 6b

Uasfhad an caidrimh chonartha le gníomhaireacht rátála creidmheasa

1. I gcás ina ndéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa conradh le heisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora sin, ní eiseoidh sí rátálacha creidmheasa i leith an eisitheora ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana.

2. I gcás ina ndéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa conradh le heisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ionstraimí fiachais an eisitheora sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)     i gcás ina n‑eisítear na rátálacha creidmheasa sin laistigh de thréimhse is faide ná an tréimhse tosaigh dhá mhí dhéag ach is giorra ná trí bliana, ní eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa aon rátálacha creidmheasa i leith na n‑ionstraimí fiachais sin a luaithe atá deich gcinn d'ionstraimí fiachais rátáilte;

(b)     i gcás ina n‑eisítear ar a laghad deich gcinn de rátálacha creidmheasa laistigh de thréimhse tosaigh dhá mhí dhéag, ní eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sin aon rátálacha breise i leith na n-ionstraimí fiachais sin tar éis dheireadh na tréimhse;

(c)     i gcás ina n-eisítear níos lú ná deich gcinn de rátálacha creidmheasa, ní eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa aon rátálacha creidmheasa breise i leith na n-ionstraimí fiachais sin a luaithe atá tréimhse 3 bliana caite.

3. I gcás ina bhfuil conradh déanta ag eisitheoir maidir leis an ábhar céanna le níos mó ná aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa amháin, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha atá leagtha amach i mír 1 agus 2 ach maidir le ceann amháin de na gníomhaireachtaí sin. Mar sin féin, ní bheidh caidreamh conarthach ag aon cheann de na gníomhaireachtaí sin leis an eisitheoir a bheidh níos faide ná sé bliana.

4. Ní dhéanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 go 3 conradh leis an eisitheoir ná lena thríú páirtithe gaolmhara maidir le rátálacha creidmheasa i leith an eisitheora ná a ionstraimí fiachais go ceann tréimhse ceithre bliana ó dheireadh thréimhse uasfhaid an chaidrimh chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1 go 3.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)     gníomhaireacht rátála creidmheasa arb ionann an grúpa a mbaineann sí leis agus an grúpa lena mbaineann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 agus 2;

(b)     gníomhaireacht rátála creidmheasa ar scairshealbhóirí nó ball í den ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír agus 2;

(c)     gníomhaireacht rátála creidmheasa ar scairshealbhóir nó ball dá cuid an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 agus 2.

5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 go 4 maidir le rátálacha ceannasacha.

6. I gcás ina dtarlaíonn sé, tar éis dheireadh thréimhse uasfhaid an chaidrimh chonarthaigh, de bhun na rialacha i mír 1 agus 2, go nglacann gníomhaireacht rátála creidmheasa áit gníomhaireachta rátála creidmheasa eile, soláthróidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ann cheana comhad aistrithe don ghníomhaireacht rátála creidmheasa nua. Beidh sa chomhad sin faisnéis ábhartha a bhaineann leis an eintiteas rátáilte agus leis na hionstraimí fiachais rátáilte a mbeidh gá leo go réasúnach d'fhonn inchomparáideacht a áirithiú leis na rátálacha a rinne an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ann cheana.

Beidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ann cheana in ann a thaispeáint don ÚEUM gur soláthraíodh an fhaisnéis sin don ghníomhaireacht rátála creidmheasa nua.

7. Ullmhóidh an ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais theicniúla a bhaineann le hinneachar an chomhaid aistrithe dá dtagraítear i mír 5 a shonrú.

Cuirfidh an ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2013.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(9)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(5):

'5.      Ní bheidh cúiteamh ná meastóireacht feidhmíochta na n-anailísithe creidmheasa agus na ndaoine a dhéanann na rátálacha creidmheasa nó na tuartha rátála a fhormheas ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ón eintiteas rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.';

(10)        Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.         Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa bearta leormhaithe a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa agus na tuartha rátála a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir na modheolaíochtaí rátála is infheidhme. Glacfaidh sí gach beart is gá d'fhonn a áirithiú gur de cháilíocht ard a dóthain agus gur as foinsí iontaofa í an fhaisnéis a úsáideann sí agus í ag sannadh rátálacha creidmheasa agus tuar rátála.';

(b)     i mír 5, cuirtear fomhír eile isteach:

'Déanfar rátálacha ceannasacha a athbhreithniú ar a laghad uair amháin gach sé mí.';

(c)     cuirtear isteach mír 5a seo a leanas:

'5a. Aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil sé beartaithe aige aon mhodheolaíocht nua rátála, samhlacha nó príomhthoimhdí rátála a úsáid, foilseoidh sí na hathruithe nó na modheolaíochtaí nua atá beartaithe ar a suíomh gréasáin agus iarrfaidh sí ar gheallsealbhóirí barúlacha a chur faoina bráid go ceann tréimhse nach giorra ná aon mhí amháin, agus beidh ag gabháil leis sin míniú mionsonraithe ar na cúiseanna leis na hathruithe agus na modheolaíochtaí nua atá beartaithe agus a n-impleachtaí.

Tar éis dhul in éag na tréimhse comhairliúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa fógra don ÚEUM i leith na n-athruithe nó na modheolaíochtaí nua atá beartaithe.';

(d)     leasaítear mír 6 mar seo a leanas:

(i)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

'6. Nuair a athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhthoimhdí a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa de thoradh cinnidh ón ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 d'Airteagal 22a, déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an méid seo a leanas:

(ii)      cuirtear pointe (aa) a leanas isteach:

'(aa)   foilsíodh sí láithreach ar a suíomh gréasáin na modheolaíochtaí nua mar aon le mionmhíniú orthu.';

(e)     cuirtear mír 7 seo a leanas isteach:

'7. I gcás ina dtugann gníomhaireacht rátála creidmheasa faoi deara botúin ina modheolaíochtaí nó i gcur chun feidhme na modheolaíochtaí, déanfaidh sí an méid seo a leanas láithreach:

(a)     na botúin sin a chur in iúl don ÚEUM agus do gach eintiteas rátáilte a ndéanann sé difear dó;

(b)     na botúin sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;

(c)     na botúin sin a chur ina gceart sna modheolaíochtaí; agus

(d)     na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 6 a chur i bhfeidhm.';

11)         cuirtear Airteagal 8a agus Airteagal 8b a leanas isteach:

'Airteagal 8a

Faisnéis faoi ionstraimí airgeadais struchtúraithe

1. Nochtfaidh eisitheoir, tionscnóir agus urraitheoir ionstraim struchtúraithe airgeadais arna bunú san Aontas, i gcomhréir le mír 4, faisnéis faoi cháilíocht chreidmheasa agus faoi fheidhmíocht bhunsócmhainní aonair na hionstraime struchtúraithe airgeadais, struchtúr na hidirghabhála urrúsaithe, na sreafaí airgid agus aon chomhthaobhacht a thacaíonn le nochtadh urrúsaithe mar aon le haon fhaisnéis is gá chun tástálacha struis cuimsitheacha eolasacha a dhéanamh ar na sreafaí airgid agus ar na luachanna comhthaobhacha eolasacha a thacaíonn leis na bun‑nochtaidh.

2. Ní chuimseoidh an oibleagáid maidir le faisnéis a nochtadh de réir mhír 1 soláthar na faisnéise sin a sháródh forálacha reachtúla a rialaíonn cosaint rúndacht na bhfoinsí faisnéise nó próiseáil sonraí pearsanta.

3. Forbróidh ÚEUM dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)     an fhaisnéis a nochtfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 chun an oibleagáid atá mar thoradh ar mhír 1 a chomhlíonadh;

(b)     cé chomh minic a dhéanfar an fhaisnéis sin a nuashonrú;

(c)     an fhaisnéis sin a thíolacadh trí mheán teimpléid chaighdeánaithe nochta.

Cuirfidh an ÚEUM na dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2013.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4. Bunóidh an ÚEUM leathanach gréasáin chun an fhaisnéis maidir le hionstraimí airgeadais struchtúraithe a fhoilsiú i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 8b

Rátáil dhúbailte chreidmheasa na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe

1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar rátáil chreidmheasa ionstraime airgeadais struchtúraithe a iarraidh, tabharfaidh siad sainordú do dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad. Déanfaidh gach gníomhaireacht rátála creidmheasa a rátáil chreidmheasa féin a sholáthar.

2. Na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a fhaigheann sainordú ó eisitheoir nó óna thríú páirtithe gaolmhara dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     ní bheidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa céanna de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

(b)     ní bheidh aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ina scairshealbhóir ná ina ball d'aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

(c)     ní bheidh sé de cheart ná de chumhacht ag aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa cearta vótála a fheidhmiú in aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

(d)     ní bheidh sé de cheart ná de chumhacht ag aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa baill de chomhlacht riaracháin, bainistíochta ná maoirseachta aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile a cheapadh ná a scor;

(e)     ní bheidh aon bhall den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta i ngníomhaireacht rátála creidmheasa ina bhall de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

(f)      ní bheidh sé de chumhacht ag aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa tionchar nó smacht ceannasach a fheidhmiú, ná ní fheidhmeoidh sé, ar aon cheann eile de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile.';

(12)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(1) agus (2):

'1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil, aon rátáil chreidmheasa nó tuar rátála, chomh maith le haon chinneadh rátáil chreidmheasa a tharraingt siar, a nochtadh. I gcás ina ndéanfar cinneadh rátáil chreidmheasa a tharraingt siar, beidh na cúiseanna ar fad leis an gcinneadh sin san áireamh san fhaisnéis a nochtfar.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír i leith rátálacha creidmheasa a scaiptear trí shuibscríobh.

2. Áiritheoidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go ndéanfar rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a thíolacadh agus a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn I.';

(13)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

'2. Cuirfidh aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe agus deimhnithe faisnéis maidir lena gcuid sonraí feidhmíochta stairiúla, lena n-áirítear minicíocht aistrithe rátálacha, agus faisnéis maidir le rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh agus maidir le hathruithe orthu ar fáil i stór lárnach arna bunú ag an ÚEUM. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis a chur ar fáil don stór sin ar fhoirm chaighdeánaithe dá bhforálann an ÚEUM. Déanfaidh an ÚEUM an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal agus foilseoidh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a tugadh faoi deara ar bhonn bliantúil.';

(14)        cuirtear Airteagal 11a a leanas isteach:

'Airteagal 11a

Innéacs Rátála Eorpach

1. Déanfaidh aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe agus deimhnithe, agus rátáil chreidmheasa á heisiúint nó tuar rátála á eisiúint aici, faisnéis rátála a chur faoi bhráid an ÚEUM, lena n-áirítear rátáil agus tuar na hionstraime rátáilte, faisnéis faoin gcineál rátála, faoin cineál gníomhaíochta rátála agus faoi dháta agus uair an fhoilsithe. Ba cheart an rátáil a chuirfear isteach a bheith bunaithe ar an scála comhchuibhithe rátála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 21(4a).

2. Bunóidh an ÚEUM Innéacs Rátála Eorpach ina n-áireofar na rátálacha creidmheasa ar fad a cuireadh faoi bhráid an ÚEUM de bhun mhír 1 agus innéacs rátála comhiomláin le haghaidh aon ionstraime fiachais rátáilte. Foilseofar an t‑innéacs agus na rátálacha creidmheasa aonair ar láithreán gréasáin an ÚEUM.';

(15)        i mír 1 d'Airteagal 14, cuirtear "san Aontas" in ionad "sa Chomhphobal"

(16)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(2):

"2. Cuirfidh an ÚEUM in iúl don Choimisiún, don ÚBE, don ÚÁPGE, do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla earnála, aon chinneadh a dhéanfar faoi Airteagal 16, Airteagal 17 nó Airteagal 20."

(17)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(1):

'1. Gearrfaidh an ÚEUM táillí ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an rialachán maidir le táillí dá dtagraítear i mír 2. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach an ÚEUM maidir le clárúchán, deimhniúchán agus maoirseacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus aisíocaíocht aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.';

(18)        Leasaítear Airteagal 21 mar seo a leanas:

(a)     leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

(i)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

'Forbróidh an ÚEUM dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:'

(ii)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

'(e)     ábhar agus formáid tuairiscithe thréimhsiúil ar shonraí rátála atá le hiarraidh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe agus deimhnithe chun críche mhaoirseacht leanúnach an ÚEUM.'

(iii)     cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (e):

'Cuirfidh an ÚEUM na dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2012.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.'

(b)     cuirtear isteach mír 4a seo a leanas:

'4a. Forbróidh an ÚEUM dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)     scála rátála comhchuibhithe caighdeánach atá le húsáid, i gcomhréir le hAirteagal 11a, ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe agus deimhnithe, ar scála é a bheidh bunaithe ar an méadrach chun riosca creidmheasa a thomhas agus ar líon na gcatagóirí rátála agus na scoithluachanna do gach catagóir rátála;

(b)     ábhar agus tíolacadh na faisnéise, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus uainiú an tuairiscithe a nochtfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa don ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 11a(1); agus

(c)     ábhar agus formáid tuairiscithe thréimhsiúil ar tháillí arna ngearradh ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá le hiarraidh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun críche mhaoirseacht leanúnach an ÚEUM.

Cuirfidh an ÚEUM na dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2013.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.';

(c)     cuirtear fomhír nua le mír 5:

'Déanfaidh an tuarascáil sin measúnú freisin ar leibhéil chomhchruinnithe sa mhargadh, ar na rioscaí atá mar thoradh ar chomhchruinniú ard, agus ar an tionchar ar chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais.';

(19)        Leasaítear Airteagal 22a mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal an Airteagail:

'Modheolaíochtaí rátála a scrúdú';

(b)     cuirtear mír 3 seo a leanas isteach:

'3. Fíoróidh an ÚEUM freisin go gcomhlíonfaidh aon athrú atá beartaithe ar mhodheolaíochtaí rátála arna chur in iúl ag gníomhaireacht rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8(5a), go gcomhlíonfaidh sé na critéir atá leagtha síos in Airteagal 8(3) mar atá sonraithe sa chaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 21(4). Ní fhéadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an mhodheolaíocht nua rátála a chur i bhfeidhm ach tar éis don ÚEUM a dhearbhú go gcomhlíonann an mhodheolaíocht Airteagal 8(3).

[Beidh an ÚEUM in ann na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú ó dháta theacht i bhfeidhm an chaighdeáin theicniúil rialála dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 21(4) de Rialachán 1060/2009.]

I gcás nach bhfuil an caighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 21(4) i bhfeidhm, ní bheidh an ÚEUM in ann an chumhacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú.';

(20)        Cuirtear Teideal IIIa a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 35:

TEIDEAL IIIa

DLITEANAS SIBHIALTA NA nGNÍOMHAIREACHTAÍ RÁTÁLA CREIDMHEASA

Airteagal 35a

Dliteanas sibhialta

1. I gcás ina bhfuil sárú déanta ag gníomhaireacht rátála creidmheasa d'aon ghnó nó de dheasca mórfhaillí ar sárú é atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus a mbeidh tionchar aige ar rátáil chreidmheasa a raibh infheisteoir ag brath uirthi agus ionstraim rátáilte á ceannach aici, féadfaidh an t‑infheisteoir sin gníomhaíocht a ghlacadh i gcoinne na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin as aon damáiste a rinneadh don infheisteoir.

2. Meastar go bhfuil tionchar ag sárú ar rátáil chreidmheasa má tá an rátáil chreidmheasa a d'eisigh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa éagsúil leis an rátáil a d'eiseofaí mura mbeadh an sárú sin déanta ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa.

3. Déanann gníomhaireacht rátála creidmheasa mórfhaillí mura gcomhlíonann sí na dualgais a chuirtear uirthi leis an Rialachán seo.

4. I gcás ina suíonn infheisteoir fíricí ar féidir a thuiscint uathu go bhfuil ceann de na sáruithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III déanta ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, faoin ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin a bheidh sé a chruthú nach ndearna sí an sárú sin nó nach raibh tionchar ag an sárú sin ar an rátáil chreidmheas a eisíodh.

5. Ní eisiafar an dliteanas sibhialta dá dtagraítear i mír 1 ná ní theorannófar é roimh ré le comhaontú. Beidh aon chlásal sna comhaontuithe sin a eisiann nó a theorannaíonn an dliteanas sibhialta roimh ré ar neamhní.';

(21)        Leasaítear Airteagal 36a mar seo a leanas:

(a)     i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (e):

'(a)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 1 go 5, 11 go 15, 19, 20, 23, 26a go 26d, 28, 30, 32, 33, 35, 41, 43, 50 agus 51 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 500 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 750 000;

(b)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 6 go 8, 16 go 18, 21, 22, 24, 25, 27, 29, 31, 34, 37 go 40, 42, 45 go 49a, 52 agus 54 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 300 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 450 000;

(c)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 9, 10, 26, 26e, 36, 44 agus 53 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 100 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 200 000;

(d)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 1, 6, 7 agus 8 agus 9 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 150 000;

(e)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 2, 3a, 3b, 4, 4a agus 5 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 25 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 75 000;';

(b)     i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) agus phointe (h):

'(g)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 1 go 3a agus i bpointe 11 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 150 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 300 000;

(h)     maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 4, 4a, 4b, 4c, 6, 8 agus 10 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, beidh na fíneálacha ionann le EUR 90 000 ar a laghad agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 200 000;';

(22)        cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 38a:

'1. Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), in Airteagal 19(2), in Airteagal 23e(7), agus in Airteagal 37, tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón 1 Meitheamh 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an gcumhacht tharmligthe sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 38b.';

(23)        cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 38b:

'1. maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), in Airteagal 19(2), in Airteagal 23e(7), agus in Airteagal 37, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith.';

(24)        Leasaítear Airteagal 39 mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'Faoin 7 Nollaig 2012, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar an tslí a bhfuiltear ag brath ar rátálacha creidmheasa san Aontas, an tionchar ar an leibhéal comhchruinnithe sa mhargadh rátála creidmheasa, an costas agus na sochair atá le tionchar an Rialacháin agus oiriúnacht an luacha saothair ón eintiteas rátáilte don ghníomhaireacht rátála creidmheasa (an t‑eisitheoir i gcáil íocóra) agus cuirfidh sé tuarascáil ina thaobh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle';

(b)     cuirtear mír 4 seo a leanas léi:

'4. Faoin 1 Iúil 2015, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás sa mhargadh rátála creidmheasa, go háirithe maidir le rogha leordhóthanach a bheith ar fáil chun na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6b agus in Airteagal 8b a chomhlíonadh. Déanfaidh an t‑athbhreithniú measúnú freisin ar an ngá le raon feidhme na n-oibleagáidí in Airteagal 8a a leathnú chun táirgí airgeadais eile a áireamh, lena n-áirítear bannaí atá faoi chumhdach.';

(25)        Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(26)        Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(27)        Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm, áfach, ag pointí (7), (9), (10), (12), (13) agus (25) d'Airteagal 1 den Rialachán seo ón 1 Meitheamh 2014 chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b) agus i bpointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 5(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 i dtaobh ceanglais tríú tír a bheith chomh dian céanna ar a laghad leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6 go 12 den Rialachán sin.

Beidh feidhm ag pointe (8) d'Airteagal 1 den Rialachán seo maidir le hAirteagal 6a(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, ón [bliain amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm], i ndáil le haon scairshealbhóir nó ball de ghníomhaireacht rátála creidimheasa a raibh 5 % nó níos mó de chaipiteal gníomhaireachta creidmheasa amháin nós níos mó ina sheilbh aige an 15 Samhain 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,             Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:

(1)          Leasaítear Roinn B mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

'1.         Aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar anailís nó ar bhreithiúnas a cuid anailísithe rátála, a cuid fostaithe, nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó faoina rialú, agus a bhfuil páirt dhíreach acu i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, agus aon duine a dhéanann rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a fhormheas, déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa iad a shainaithint agus a dhíbirt nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir feiceálach.';

(b)     leasaítear pointe 3 mar seo a leanas:

(i)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairte tosaigh na chéad fhomhíre:

'3.           Ní dhéanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa nó tuar rátála a eisiúint in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó, i gcás inarb ann do rátáil chreidmheasa nó tuar rátála cheana, nochtfaidh sí láithreach go bhféadfadh tionchar a bheith ar an rátáil chreidmheasa nó ar an tuar rátála ag an méid seo a leanas:'

(ii)      cuirtear pointe (aa) a leanas isteach i ndiaidh phointe (a):

'(aa)   go bhfuil seilbh ag scairshealbhóir nó ball de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil 10 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin ina sheilbh aige go díreach nó go hindíreach nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, go bhfuil seilbh ag an ngeallsealbhóir nó ball sin go díreach nó go hindíreach ar ionstraimí airgeadais an eintitis rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar nó go bhfuil leas úinéireachta díreach nó indíreach eile aige san eintiteas nó sa pháirtí sin, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, nach gcuireann ar a chumas tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na sceime;';

(iii)     cuirtear pointe (ba) a leanas isteach i ndiaidh phointe (b):

'(ba)   go n-eisítear an rátáil creidmheasa i ndáil le heintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar a bhfuil 10 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin ina sheilbh aige go díreach nó go hindíreach;';

(iv)    Cuirtear pointe (ca) a leanas isteach i ndiaidh phointe (c):

'(ca)   gur ball de bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátála nó tríú páirtí gaolmhar an scairshealbhóir nó an ball de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil 10 % nó níos mó de chaipiteal nó de cheart vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin ina sheilbh aige go díreach nó go hindíreach nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa;';

(v)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

'Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa measúnú láithreach freisin d’fhonn a dhéanamh amach an bhfuil forais ann chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar creidmheasa atá ann cheana a athrátáil nó a tharraingt siar.';

(c)     cuirtear pointe 3a a leanas isteach:

'3a.       Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa nach bhfuil na táillí a ghearrann sí ar a cliaint as seirbhísí rátála agus coimhdeacha a sholáthar idirdhealaitheach agus go bhfuil siad bunaithe ar chostais iarbhír. Ní bheidh na táillí a ghearrfar as seirbhísí rátála ag brath ar leibhéal na rátála creidmheasa arna heisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa nó ar aon toradh eile ar an obair atá déanta.';

(d)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre de phointe 4:

'4.         Ní dhéanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ná aon duine a bhfuil 5 % ar a laghad de chaipiteal nó de cheart vótála na gníomhaireachta rátála ina sheilbh aige go díreach nó go hindíreach nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, ní sholáthróidh sé seirbhísí comhairliúcháin ná comhairleacha don eintiteas rátáilte ná do thríú páirtí gaolmhar maidir le struchtúr corparáideach nó dlithiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochtaí an eintitis rátáilte nó an tríú páirtí gaolmhar sin.';

(e)     leasaítear pointe 7 mar seo a leanas:

(i)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

'(a)     i gcás gach cinnidh maidir le rátáil chreidmheasa agus tuar rátála, céannacht na n-anailísithe rátála a bheidh páirteach sa rátáil creidmheasa nó sa tuar rátála a chinneadh, céannacht na ndaoine a d’fhormheas an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála, faisnéis faoi cibé acu a iarradh an rátáil creidmheasa nó nár iarradh agus an dáta a rinneadh an ghníomhaíocht rátála creidmheasa;';

(ii)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

'(d)    na taifid a thugann tuairisc ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí atá bunaithe a úsáideann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a chinneadh;';

(iii)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

'(e)     na taifid agus na comhaid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh a ghlactar maidir le rátáil creidmheasa nó tuar rátála;';

(2)          Leasaítear Roinn C mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh i bpointe 2:

'2.         Ní bheidh aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 páirteach i rátáil chreidmheasa nó i dtuar rátála aon eintitis rátáilte áirithe a chinneadh, ná ní bheidh aon tionchar aige ar an gcinneadh, más rud é, i gcás an duine sin:

(b)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de phointe 3:

'(b)    nach nochtann sé aon fhaisnéis maidir le rátálacha creidmheasa, rátálacha creidmheasa nó tuartha rátála na gníomhaireachta rátála creidmheasa a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ach amháin don eintiteas rátáilte nó dá thríú páirtí gaolmhar;';

(c)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

'7.         Ní ghlacfaidh aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 príomhphost bainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó lena thríú páirtí gaolmhar taobh istigh de sé mhí ón uair a dhéanfar an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála.'

(d)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

'8.         Chun críocha Airteagal 7(4):

(a)     áiritheoidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nach mbeidh na príomh‑anailísithe rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana;

(b)     áiritheoidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa seachas na gníomhaireachtaí sin a fuair sainordú ó eisitheoir nó óna thríú páirtí gaolmhar agus na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar fad a eisíonn rátálacha ceannasacha an méid seo a leanas:

(i)      ní bheidh na hanailísithe rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana;

(ii)      ní bheidh na daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná seacht mbliana.

Ní bheidh na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír bainteach le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó leis na tríú páirtithe gaolmhara dá dtagraítear san pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí atá leagtha amach sna pointí sin.';

(3)          cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal Roinn D:

'Rialacha maidir le rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a thíolacadh;

(4)          Leasaítear Cuid I de Roinn D mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

'1.         Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go sonróidh rátáil chreidmheasa agus tuar rátála, go soiléir feiceálach, ainm agus teideal poist an phríomhanailísí rátála in aon ghníomhaíocht rátála creidmheasa ar leith mar aon le hainm agus post an duine a bhfuil an fhreagracht air den Chuid Is mó as an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a fhormheas.';

(b)     leasaítear pointe 2 mar seo a leanas:

(i)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

'(a)     go léirítear na foinsí ar fad atá ábhartha go substaintiúil a úsáideadh chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a ullmhú, lena n-áirítear an t‑eintiteas rátáilte nó, nuair is iomchuí, tríú páirtí gaolmhar, chomh maith lena léiriú ar nochtadh an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála don eintiteas rátáilte sin nó dá thríú páirtí gaolmhar agus an ndearnadh leasú ar an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála i ndiaidh an nochta sin sular eisíodh í/é;

(ii)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) agus phointe (e):

'(d)    go dtugtar le fios go soiléir feiceálach an dáta ar a scaoileadh an rátáil chreidmheasa den chéad uair lena dáileadh agus an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí air, lena n‑áirítear aon tuar rátála;

(e)     go dtugtar faisnéis i dtaobh an mbaineann an rátáil chreidmheasa le hionstraim airgeadais nua-eisithe agus an bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag rátáil na hionstraime airgeadais den chéad uair; agus',

(iii)     cuirtear pointe (f) a leanas isteach:

'(f)     i gcás tuair rátála, go dtugtar le fios an tréimhse a mbeifear ag súil le hathrú ar an rátáil chreidmheasa lena linn.';

(c)     cuirtear isteach pointe 2a seo a leanas:

'2a.       Nuair a nochtfaidh sí modheolaíochta, samhlacha agus príomhthoimdí rátála, cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa Treoir leis ina mhíneofar na toimhdí, na paraiméadair na teorainneacha agus neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an samhlacha agus na modheolaíochtaí rátála a úsáidtear sna rátálacha creidmheasa, lena n-áirítear ionsamhaltaí de na cásanna struis a rinne an ghníomhaireacht agus iad ag bunú na rátálacha, faisnéis rátála creidmheasa ar anailís sreafa airgid atá déanta aige nó a bhfuil sé ag brath uirthi agus, nuair is infheidhme, léiriú ar aon athrú a bhfuiltear ag súil leis sa rátáil airgid. Beidh an Treoir sin soiléir agus éasca le tuiscint.';

(d)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

'3.         Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an t‑eintiteas rátáilte ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa nó faoin tuar rátála le linn uaireanta oibre an eintitis rátáilte, agus lá iomlán oibre ar a laghad sula bhfoilseofar iad. Áireofar san fhaisnéis sin na príomhfhorais ar a bhfuil an rátáil nó an tuar bunaithe chun deis a thabhairt don eintiteas aird na gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt ar aon earráid sna fíricí.';

(e)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de phointe 4:

'4.         Luafaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go soiléir feiceálach aon tréithe agus teorainneacha a ghabhann leis an rátáil chreidmheasa nó leis an tuar rátála nuair a bheidh na rátálacha creidmheasa nó na tuartha rátála á nochtadh aici. Go háirithe, sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go feiceálach nuair a bheidh aon rátáil chreidmheasa nó tuar rátála á nochtadh aici cibé acu a mheasann sí go bhfuil caighdeán na faisnéise atá ar fáil maidir leis an eintiteas rátáilte sásúil nó nach bhfuil agus a mhéid is d'fhíoraigh sí an fhaisnéis a chuir an t‑eintiteas rátáilte nó a thríú páirtí gaolmhar ar fáil. Más cineál eintitis nó ionstraime airgeadais a bhfuil a shonraí stairiúla nó a sonraí stairiúla teoranta an t‑eintiteas nó an ionstraim a bhaineann le rátáil creidmheasa nó le tuar, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na teorainneacha sin in iúl go soiléir, in áit fheiceálach.';

(f)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de phointe 5:

'5.         Nuair a bheidh rátáil chreidmheasa á fógairt nó tuar rátála á fhógairt, míneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ina cuid preaseisiúintí nó tuarascálacha na príomhghnéithe atá mar bhunús leis an rátáil chreidmheasa nó leis an tuar rátála.';.

(g)     cuirtear pointe 6 seo a leanas isteach:

'6.         Nochtfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ar a láithreán gréasáin, ar bhonn leanúnach, faisnéis faoi na heintitis nó na hionstraimí fiachais ar fad a chuirtear faoina bráid chun athbhreithniú tosaigh nó réamhrátáil a dhéanamh orthu. Déanfar an nochtadh sin is cuma cé acu a shíníonn na heisitheoirí conradh leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa le haghaidh rátáil chríochnaitheach nó nach síníonn.';

(5)          scriostar pointe 3 agus pointe 4 de Chuid II de Roinn D;

(6)          cuirtear Cuid III a leanas isteach i Roinn D:

'III. Breisoibleagáidí i ndáil le rátálacha ceannasacha

1. I gcás ina n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar, beidh ag gabháil leis an rátáil nó leis an tuar rátála tuarascáil mhionsonraithe taighde ina míneofar na toimhdí, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí agus aon ghné eile a chuirfear san áireamh agus an rátáil sin á cinneadh nó an tuar sin á chinneadh. Beidh an tuarascáil sin soiléir agus éasca le tuiscint.

2. Áireofar i dtuarascáil taighde a ghabhann le hathrú ar an rátáil cheannasach a bhí ann roimhe sin nó leis an tuar rátála gaolmhar na gnéithe seo a leanas:

(a)     Meastóireacht mhionsonraithe ar na hathruithe ar an toimhde chainníochtúil atá ina bonn leis an athrú ar rátáil agus le hualú na n-athruithe sin. Ba cheart cur síos ar na gnéithe seo a leanas a bheith san áireamh sa mheastóireacht mhionsonraithe: ioncam per capita, fás ar OTI, boilsciú, iarmhéid fioscach, iarmhéid seachtrach, fiachas seachtrach, táscaire le haghaidh forbartha eacnamaíche, táscaire le haghaidh mainneachtana agus aon toisc ábhartha eile a chuirfear san áireamh. Ba cheart ualú gach toisce a chur san áireamh;

(b)     Meastóireacht mhionsonraithe ar na hathruithe ar an toimhde cháilíochtúil atá ina bonn leis an athrú ar rátáil agus le hualú na n-athruithe sin.

(c)     Cur síos mionsonraithe ar na rioscaí, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an athrú ar rátáil; agus

(d)     Achoimre ar mhiontuairiscí chruinniú an choiste rátála tráth a rinneadh cinneadh maidir leis an athrú ar rátáil.

3. I gcás ina n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha ceannasacha nó tuartha rátála gaolmhara, ní fhoilseoidh sé na rátálacha nó na tuartha sin go dtí go dtí am scoir gnó na n-ionad trádála atá bunaithe san Aontas, agus uair amháin ar a laghad sula n-osclófar iad. Ní dhéanfar difear do phointe 3 de Roinn D.I.';

(7)          leasaítear Cuid I de Roinn E mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

'3.         beartas na gníomhaireachta rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa agus cumarsáidí gaolmhara eile, lena n-áirítear tuartha rátála, a fhoilsiú;';

(b)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

'6.         aon mhodhnú ábhartha ar a córais, acmhainní nó nósanna imeachta;

(8)          leasaítear an chéad fhomhír de phointe 2 de Chuid II de Roinn E mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

'(a)     liosta na dtáillí a ghearrfar ar gach cliant as seirbhísí aonair rátála agus as aon seirbhísí coimhdeacha;';

(b)     cuirtear pointe (aa) a leanas isteach:

'(aa)   a beartas praghsála, lena n-áirítear struchtúr na dtáillí agus na critéir phraghsála i ndáil le rátálacha le haghaidh aicmí sócmhainne éagsúla;';

(9)          leasaítear Cuid III de Roinn E mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

'3.         staidreamh maidir le leithdháileadh na foirne ar rátálacha creidmheasa nua, athbhreithnithe ar rátáil chreidmheasa, modheolaíocht nó meastóireacht ar shamhlacha agus ar bhainistíocht shinsearach, agus ar leithdháileadh na foirne ar gníomhaíochtaí rátála i ndáil leis na haicmí sócmhainne éagsúla (corparáideach – airgeadas struchtúraithe – ceannasach);';

(b)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

'7. faisnéis airgeadais ar ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n‑áirítear an láimhdeachas iomlán, roinnte idir táillí ó rátáil creidmheasa agus seirbhísí coimhdeacha agus cur síos cuimsitheach ar an dá cheann, lena n-áirítear an t‑ioncam a ghintear ó sheirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear do chliaint de sheirbhísí rátála agus leithdháileadh na dtáillí ar rátálacha aicmí sócmhainne éagsúla. Áireofar san fhaisnéis maidir le láimhdeachas iomlán leithdháileadh geografach an láimhdeachais sin ar ioncam a ghintear san Aontas agus ioncam ar fud an domhain;';

IARSCRÍBHINN II

I bpointe 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, cuirtear "den Aontas" in ionad "den Chomhphobal".

IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:

(1)          Leasaítear Cuid I mar seo a leanas:

(a)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 19, 20 agus 21:

'19. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, mura ndéanann sí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar anailís nó ar bhreithiúnas a cuid anailísithe rátála, a cuid fostaithe, nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó faoina rialú, agus a bhfuil páirt dhíreach acu in eisiúint rátála creidmheasa nó aon duine a dhéanann rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a fhormheas, mura ndéanann sí na coinbhleachtaí leasa sin a shainaithint agus a dhíbirt nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir nó go feiceálach.

20. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 3 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa nó tuar rátála a eisiúint sna himthosca atá leagtha amach sa chéad mhír den phointe sin nó, i gcás rátála creidmheasa atá ann cheana, mura nochtann sí láithreach go bhféadfadh na himthosca sin difear a dhéanamh don rátáil chreidmheasa.

21. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 3 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, mura ndéanann sí measúnú láithreach i dtaobh an bhfuil forais ann chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála atá ann cheana a athrátáil nó a tharraingt siar.';

(b)     cuirtear pointí nua 26a go 26f a leanas isteach:

'26a. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shínigh conradh le heisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora, sáraíonn sí Airteagal 6b(1) trí rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora sin ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana.

26b. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shínigh conradh le heisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ionstraimí fiachais an eisitheora, sáraíonn sí Airteagal 6b(2) trí rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith deich n-ionstraim fiachais ar a laghad de chuid an eisitheora céanna le linn tréimhse níos faide ná 12 mhí nó trí rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ionstraimí fiachais an eisitheora ar feadh tréimhse níos faide ná 3 bliana.

26c. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shínigh conradh le heisitheoir in éineacht le gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin eile ar a laghad, sáraíonn sí Airteagal 6b(3) toisc go bhfuil caidreamh conarthach idir é agus an t‑eisitheoir ar feadh tréimhse níos faide ná sé bliana.

26d. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shínigh conradh le heisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora nó i leith ionstraimí fiachais an eisitheora, sáraíonn sí Airteagal 6b(4) toisc nach n-urramaíonn sí an toirmeasc atá ar rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora nó a ionstraimí fiachais ar feadh tréimhse ceithre bliana ó dheireadh uastréimhse an ghaoil chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1 go 3 d'Airteagal 6b.

26e. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shínigh conradh le heisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora nó i leith ionstraimí fiachais an eisitheora, sáraíonn sí Airteagal 6b(6) mura gcuireann sí ar fáil ag deireadh uastréimhse an ghaoil chonarthaigh leis an eisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar, comhad aistrithe ina bhfuil an fhaisnéis is gá le haghaidh gníomhaireachta rátála creidmheasa nua atá ar conradh ag an eisitheoir nó lena thríú páirtí gaolmhar chun rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith an eisitheora sin nó i leith a ionstraimí fiachais.

';

(c)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 33:

'Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 2 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, mura n-áirithíonn sí nach bhfuil duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin páirteach sa rátáil chreidmheasa nó sa tuar rátála dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn sin a chinneadh nó nach n-imríonn sé aon tionchar eile air sin.';

(d)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 36:

'36. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 7 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, mura n-áirithíonn sí nach dtéann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i mbun príomhphoist bhainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó lena thríú páirtí gaolmhar taobh istigh de shé mhí ón uair a dhéantar an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála.';

(e)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 38, 39 agus 40:

'38. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (i) de phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, mura n‑áirithíonn sí, i gcás ina soláthraíonn sí rátálacha creidmheasa gan iarraidh, nach bhfuil baint ag anailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.

39. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (ii) de phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, mura n‑áirithíonn sí, i gcás ina soláthraíonn sí rátálacha creidmheasa gan iarraidh, nach bhfuil baint ag duine a fhormheasann rátálacha creidmheasa leis na gníomhaíochta rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná seacht mbliana.

40. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, mura n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag duine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír den phointe sin le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó leis na tríú páirtithe gaolmhara dá dtagraítear sna pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí a leagtar amach sna pointí sin.';

(f)      cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 42:

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2) mura ndéanann sí bearta leordhóthanacha a ghlacadh, a chur chun feidhme ná a fhorfheidhmiú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa agus na tuartha rátála a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir a cuid modheolaíochtaí rátála.';

(g)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 46:

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 8(5) mura ndéanann sí faireachán ar a rátálacha creidmheasa seachas na rátálacha ceannasacha nó mura ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa seachas na rátálacha ceannasacha nó na modheolaíochtaí ar bhonn leanúnach agus uair amháin sa bhliain ar a laghad.'

(h)     cuirtear isteach pointe 46a seo a leanas:

'46a.     Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d’Airteagal 8(5) i dteannta na chéad abairte den chéad fhomhír d'Airteagal 8(5) mura ndéanann sí faireachán ar a rátálacha ceannasacha nó mura ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha ceannasach ar bhonn leanúnach agus uair amháin gach 6 mhí ar a laghad.';

(i)      cuirtear isteach pointe 49a seo a leanas:

'49a. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d'Airteagal 8(7) i dteannta phointe (c) d'Airteagal 8(6) mura ndéanann sí athrátáil ar rátáil chreidmheasa i gcás ina ndéanann earráidí sna modheolaíochtaí nó ina gcur i bhfeidhm difear d'eisiúint na rátála creidmheasa sin.';

(2)          Leasaítear Cuid II mar seo a leanas:

(a)     cuirtear pointe 3a agus pointe 3b seo a leanas isteach:

'3a. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 8(5a) mura dtugann sí fógra don ÚEUM maidir leis na hathruithe atá beartaithe i ndáil leis na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhthoimhdí rátála nó na modheolaíochtaí nua, na samhlacha nua nó na príomhthoimhdí nua atá beartaithe.

3b. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d'Airteagal 8(7) mura dtugann sí fógra don ÚEUM maidir le hearráidí a fuarthas sna modheolaíochtaí nó ina gcur i bhfeidhm.';

(b)     cuirtear pointe 4a a leanas isteach:

'4a. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11a(1) mura gcuireann sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó mura soláthraíonn sí an fhaisnéis sin san fhormáid a éilítear agus dá dtagraítear sa mhír sin.';

(3)          Leasaítear Cuid III mar seo a leanas:

(a)     cuirtear pointe 3a a leanas isteach:

'3a. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad fhomhír d'Airteagal 8(5a) mura bhfoilsíonn sí ar a láithreán gréasáin na hathruithe atá beartaithe ar na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhthoimhdí rátála nó na modheolaíochtaí nua, na samhlacha nua nó na príomhthoimdí rátála nua atá beartaithe mar aon le míniú mionsonraithe ar na cúiseanna leis na hathruithe beartaithe agus leis na himpleachtaí a bheidh acu.';

(b)     cuirtear pointe 4a, pointe 4b agus pointe 4c a leanas isteach:

'4a. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (aa) d'Airteagal 8(6), i gcás ina bhfuil sé beartaithe aici modheolaíochtaí nua a úsáid, mura bhfoilsíonn sí láithreach ar a láithreán gréasáin na modheolaíochtaí nua mar aon le míniú mionsonraithe fúthu.

4b. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d'Airteagal 8(7) mura dtugann sí fógra do na heintitis rátáilte lena mbaineann maidir le hearráidí ina modheolaíochtaí nó ina gcur i bhfeidhm.

4c. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (b) d'Airteagal 8(7) mura bhfoilsíonn sí ar a láithreán gréasáin earráidí ina modheolaíochtaí nó ina gcur i bhfeidhm.';

(c)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6 agus phointe 7:

'6. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 1 nó phointe 2, 2a, na chéad mhíre de phointe 4 nó phointe 5 nó 6 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I nó i dteannta Chuid II nó Chuid III de Roinn D d'Iarscríbhinn I, mura soláthraíonn sí an fhaisnéis a cheanglaítear leis na forálacha sin agus rátáil chreidmheasa á tíolacadh nó tuar creidmheasa á thíolacadh.

7. Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I, mura gcuireann sí an t‑eintiteas rátáilte ar an eolas le linn uaireanta oibre an eintitis rátáilte, agus lá iomlán oibre a laghad sula bhfoilsítear í/é, faoin rátáil chreidmheasa nó faoin tuar rátála.

[1]               Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, IO L 302, 17.11.2009.

[2]               Rialachán (AE) Uimh. 513/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, IO L 145, 31.5.2011.

[3]               COIM (2010) 301 leagan críochnaitheach.

[4]               Ar fáil ag http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2010/cra_en.htm.

[5]               http://www.europarl.europa.eu/oeil/FindByProcnum.do?lang=en&procnum=INI/2010/2302.

[6]               http://www.financialstabilityboard.org/publications/r_101027.pdf .

[7]               Togra ón gCoimisiún an 20 Iúil 2011 maidir le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais COIM(2011) 453 leagan críochnaitheach. Féach pointe (b) Airteagal 77.

[8]               Togra ón gCoimisiún an 15 Samhain 2011 le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) agus Treoir 2011/61/AE maidir le Bainsiteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha i ndáil le bheith ag brath an iomarca ar rátálacha creidmheasa, COIM (2011) xxxx leagan críochnaitheach.

[9]               Gníomhaíochtaí tobanna is ea "éifeachtaí aille" a eascraíonn ó íosghrádú ar an rátáil chreidmheasa faoi thairseach shonrach, i gcás inar féidir éifeacht neamhréireach chascáidithe a bheith ag íosghrádú ar urrús aonair.

[10]             IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

[11]             “1. Gearrfaidh an ÚEUM táillí ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an rialachán maidir le táillí dá dtagraítear i mír 2.   Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárúchán agus maoirseacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.”

[12]               IO C , , lch.

[13]               IO C , , lch.

[14]               IO L 302, 17.11.2009, lch. 1.

[15]               IO L 145, 31.5.2011, lch. 30.

[16]               2010/2302/INI.

[17]               IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

[18]               OJ C , , p.

[19]               2010/2302 (INI).

[20]               IO L … , p.

Top