EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0655

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le hionstraimí roinnte rioscaí do Bhallstáit a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

/* COIM/2011/0655 leagan deireanach - 2011/0283 (COD) */

52011PC0655




MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Cúlra an togra

- Cúiseanna agus cuspóirí an togra

An ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch atá fós gan ligean fúithi, tá sí ag méadú ar an mbrú atá ar acmhainní airgeadais na mBallstát de réir mar atá siad ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ar leith ag baint le féachaint chuige go gcuirfear cláir chomhtháthaithe chun feidhme go rianúil ionas go bhféadfar cistí a chur isteach sa gheilleagar.

Chun na cláir sin a chur chun feidhme, tá maoiniú mór de dhíth ó gheallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, ach is é an chaoi nach bhfuil na geallsealbhóirí sin in ann maoiniú a sholáthar i ngeall ar na deacrachtaí leachtachta atá ag institiúidí airgeadais. Is amhlaidh an scéal go mór mór sna Ballstáit is measa buailte ag an ngéarchéim agus a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár de chuid an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM), sna tíortha a bhfuil an euro acu, nó, i gcás tíortha nach bhfuil an euro acu, faoi chlár de chuid Shásra Chomhardú na nÍocaíochtaí. Tá cúnamh airgeadais faoi na sásraí sin iarrtha ag sé thír go nuige seo – an Ghréig san áireamh, tír a fuair cúnamh airgeadais sular bunaíodh an EFSM – agus tá clár de choigeartuithe maicreacnamaíocha aontaithe acu leis an gCoimisiún. Is iad sin an Ungáir, an Rómáin, an Laitvia, an Phortaingéil, an Ghréig agus Éire, dá ngairtear "tíortha cláir" ina dhiaidh seo. Chuaigh an Ungáir isteach i sásra Chomhardú na nÍocaíochtaí in 2008 ach d'imigh sí aisti in 2010.

D'fhonn a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin (nó aon Bhallstát eile a d'fhéadfadh gá a bheith aige le cláir chúnaimh dá leithéidí amach anseo) de bheith ag gabháil do chur chun feidhme praiticiúil chláir na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháite agus de bheith ag dáileadh cistí ar thionscadail, cuireadh forálacha sa togra seo a d'fhágfadh go bhféadfaí ionstraim roinnte rioscaí a chruthú. D'fhonn an ionstraim sin a chur chun feidhme, cheadófaí cuid den leithdháileadh airgeadais atá ar fáil do na Ballstáit sin a aistriú ar ais chuig an gCoimisiún. Is éard a bheadh d'aidhm leis sin ranníocaíochtaí caipitil a sholáthar chun caillteanais iasachtaí agus ráthaíochtaí a bhfuil coinne leo agus nach bhfuil coinne leo a chumhdach, rud a leathnófaí amach faoi chomhpháirtíocht roinnte rioscaí leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus/nó le hinstitiúidí eile airgeadais a bhfuil misean beartas poiblí acu agus atá toilteanach leanúint de bheith ag tabhairt iasachtaí d'urraitheoirí tionscadal agus do bhainc chun cistiú meaitseála príobháideach a sholáthar do thionscadail a chuirtear chun feidhme le ranníocaíochtaí ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Chomhtháite. Ní athrófaí, dá bhrí sin, an leithdháileadh foriomlán faoin mbeartas comhtháite don tréimhse 2007–2013. Cuirfidh sé sin leachtacht bhreise ar fáil chun infheistíochtaí bonneagair agus táirgiúla a chur chun feidhme sna Ballstáit a bhfuil géarghá acu léi agus éascóidh sé chur i bhfeidhm praiticiúil na gclár. Nuair nach n-úsáidtear na leithdháiltí airgeadais a cuireadh ar fáil don ionstraim roinnte rioscaí chun caillteanais a chumhdach, leanfaidh sé de bheith ar fáil don Bhallstát don tsaoráid roinnte rioscaí nó don chistiú le haghaidh clár oibríochtúil. Ar deireadh, chuirfí dianteorainn leis na leithdháiltí airgeadais ar an ionstraim roinnte rioscaí agus ní thiocfadh dliteanais theagmhasacha as do bhuiséad an Aontais ná don Bhallstát lena mbaineann.

.

- Comhthéacs ginearálta

Níl aon amhras ach go bhfuil díobháil nach beag á déanamh don fhíorgheilleagar de réir mar a théann an ghéarchéim in olcas i roinnt Ballstát. Méid na bhfiach agus na deacrachtaí atá ag rialtais iasachtaí airgid a fháil ón margadh is cúis leis an díobháil sin.

Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais agus lena hiarmhairtí socheacnamaíocha tá an Coimisiún tar éis roinnt tograí a ullmhú. Mar chuid dá phacáiste téarnaimh, bheartaigh an Coimisiún i mí na Nollag 2008 líon athruithe rialaitheacha a bhfuil sé de chuspóir acu rialacha cur chun feidhme an Bheartais Chomhtháthaithe a shimpliú agus réamh-mhaoiniú breise a chur ar fáil trí réamhíocaíochtaí a dhéanamh le cláir Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Chiste Sóisialta na hEorpa. Chuir na réamhíocaíochtaí breise a íocadh leis na Ballstáit in 2009 instealladh airgid EUR 6.25 billiún ar fáil faoin gclúdach airgeadais a comhaontaíodh le haghaidh gach Ballstáit don tréimhse 2007–2013. Nuair a chuirtear sin san áireamh is é EUR 29.38 billiún iomlán na réamhíocaíochtaí atá déanta. I dtogra a thíolaic an Coimisiún i mí Iúil 2009, rinneadh foráil maidir le bearta breise chun cur chun feidhme na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe a shimpliú. Glacadh na bearta sin i mí an Mheithimh 2010, rud a chuir go mór le simpliú chur chun feidhme na gclár agus a threisigh úsáid na gcistí, agus san am céanna a laghdaigh an t-ualach riaracháin atá ar thairbhithe. Ina theannta sin ghlac an Coimisiún i Lúnasa 2011 togra maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 d'fhonn méadú suas le 10 bpointe céatadáin os cionn na dteorannacha reatha (COIM(2011)482 críochnaitheach an 1.8.2011) a chur le ranníocaíocht an chomhphobail a aisíoctar le híocaíochtaí eatramhacha agus le híocaíochtaí an iarmhéid dheiridh. Nuair a ghlacfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint an togra sin cuirfear leachtacht bhreise ar fáil do na Ballstáit i gceist chun an chuid de na tionscadail agus de na cláir nach bhfuil incháilithe do ranníocaíochtaí ó na Cistí Struchtúracha ná ón gCiste Comhtháite a chómhaoiniú. Ina cheann sin, is féidir tacaíocht a thabhairt, má mheastar go bhfuil sé iomchuí, do thionscadail bhonneagair a bhrostódh téarnamh eacnamaíoch an Bhallstáit i gceist.

- Forálacha atá i bhfeidhm i réimse beartais an togra

In Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (an 'Rialachán Ginearálta' anseo feasta) foráiltear go bhféadfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta, arna iarraidh é do na Ballstáit, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú tionscadal, mórthionscadail go háirithe, le maoiniú a shocrú agus le comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí. Foráiltear freisin go bhféadfaidh an Ballstát, i gcomhaontú leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, na hiasachtaí arna ndeonú a dhíriú ar thosaíocht amháin nó níos mó de chuid cláir oibríochtúil. Beidh mar thoradh ar an togra seo go mbeidh sé níos fusa ag mBanc Eorpach Infheistíochta, nó ag institiúidí eile airgeadais idirnáisiúnta, iasachtaí den sórt sin a cheadú, tráth nach mbeadh na hiasachtaí sin ar fáil i ngeall ar fhiacha poiblí agus príobháideacha an Stáit agus a institiúidí airgeadais a bheith íosghrádaithe.

- Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS ANAILÍS AR AN TIONCHAR

- Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le geallsealbhóirí seachtracha.

- Bailiú agus úsáid saineolais

Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

- Anailís ar an tionchar

Chuirfeadh an togra seo ar chumas an Choimisiúin ionstraim roinnte rioscaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach láraithe chun rioscaí a chumhdach a bhaineann le hiasachtaí agus ráthaíochtaí atá le tabhairt do thionscnóirí tionscadail agus do pháirtithe poiblí nó príobháideacha eile. Is é is cuspóir dó cur chun feidhme gasta chláir an bheartais chomhtháthaithe a éascú trí infheistíochtaí bonneagair agus infheistíochtaí táirgiúla eile a dhéanamh a mbeidh fíorthionchar acu láithreach ar an ngeilleagar agus a chuideoidh le cruthú fostaíochta.

Ní chuirfidh sé sin ceanglais bhreise airgeadais ar an mbuiséad foriomlán ós rud é nach dtiocfaidh athrú ar an leithdháileadh iomlán airgeadais don tréimhse sin ó na Cistí ar na Ballstáit i gceist.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

- Achoimre ar na bearta atá beartaithe

Tá sé beartaithe Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a mhodhnú d'fhonn bainistiú ionstraime roinnte rioscaí a cheadú faoi bhainistíocht indíreach láraithe. Tá sé beartaithe freisin Airteagal 36(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú d'fhonn a chur ar chumas Ballstát, a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, cuid dá leithdháiltí faoi na cuspóirí de chuid an bheartais chomhtháthaithe dar teideal "Cóineasú" agus "Iomaíochas réigiúnach agus fostaíocht" a ranníoc chun iasachtaí nó ráthaíochtaí arna eisiúint ag an BEI nó ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile a thabhairt do thionscnóirí tionscadail agus do pháirtithe poiblí nó príobháideacha eile go díreach nó go hindíreach.

Ba cheart don Choimisiún na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh a mbeadh feidhm acu maidir le hionstraim roinnte rioscaí den sórt sin, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, ba cheart don Choimisiún cinntí ad hoc a ghlacadh chun na téarmaí agus coinníollacha a bheadh infheidhme maidir le hionstraim den sórt sin a shocrú, ar bhonn na leithdháiltí atá le haistriú ó leithdháiltí na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe ón mBallstát lena mbaineann.

- Bunús dlí

I Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999, sainítear na comhrialacha is infheidhme maidir leis na trí ciste. Ar bhonn phrionsabal na bainistíochta comhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit, tá forálacha sa Rialachán seo maidir leis an bpróiseas cláraithe chomh maith le socruithe maidir le bainistiú clár (lena n-áirítear cláir airgeadais), faireachán, rialú airgeadais agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail.

- Prionsabal na coimhdeachta

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta a mhéid a dhéantar iarracht ann tacaíocht do Bhallstáit áirithe a éascú, trí na Cistí Struchtúracha agus tríd an gCiste Comhtháthaithe, ar Bhallstáit iad a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu, go háirithe maidir le fadhbanna le fás eacnamaíoch agus le cobhsaíocht airgeadais agus maidir le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais. Sa chomhthéacs sin, is gá sásra a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh ionstraimí roinnte rioscaí a chur ar bun a fhágann go bhfuil sé níos éasca iasachtaí nó ráthaíochtaí a thabhairt atá dírithe ar ranníocaíochtaí príobháideacha le tionscadail a chómhaoiniú, ar tionscadail iad a cuireadh chun feidhme le tacaíocht phoiblí faoi na Cistí Struchtúracha agus faoin gCiste Comhtháthaithe.

- Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta:

Níl aon dabht ach go bhfuil an togra seo comhréireach ós rud é go dtugann sé tacaíocht mhéadaithe ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe do na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhfuil géardheacrachtaí ag bagairt orthu de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu agus a thig faoi choinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (lena mbunaítear an sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais), nó do Ballstáit a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt orthu maidir le comhardú a n-íocaíochtaí agus a thig faoi choinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle, agus don Ghréig freisin a fuair cúnamh airgeadais lasmuigh den EFSM faoin gComhaontú idir Chreidiúnaithe agus faoin nGníomh um Shaoráid Iasachtaí an Limistéir Euro.

- Rogha na n-ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: rialachán.

Ní bheadh ionstraimí eile iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas:

Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann bearta a dhéanamh faoin gcreat dlí atá ann faoi láthair agus measann sé, i bhfianaise na taithí atá faighte go dtí seo, gur gá modhnuithe ar an Rialachán Ginearálta a mholadh. Is é is cuspóir don athbhreithniú sin cómhaoiniú tionscadal a éascú a thuilleadh agus sa dóigh sin luas a chur faoi chur chun feidhme na dtionscadal sin agus faoin tionchar a bheidh ag infheistíochtaí den sórt sin ar an bhfíorgheilleagar.

4. TIONCHAR BUISÉADACH

Níl aon tionchar ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí ós rud é nach bhfuil aon mhodhnú beartaithe ar na suimeanna uasta maoiniúcháin ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe dá bhforáiltear sna cláir oibríochtúla i gcomhair na tréimhse cláraithe 2007-2013.

Is é toradh a d'fhéadfadh a bheith ag an togra seo go gcuirfí dlús le híocaíochtaí a dhéanfar a chúiteamh faoi dheireadh na tréimhse cláraithe. Dá bhrí sin, ní dhéantar aon athrú ar iomlán na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don tréimhse cláraithe iomlán.

Ós rud é gur iarr an Ballstát sochar a bhaint as an mbeart agus i bhfianaise an athraithe ar an nós imeachta maidir le híocaíochtaí eatramhacha a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2012 ar an ngá atá le creidmheasanna íocaíochta breise agus molfaidh sé, más gá, na bearta riachtanacha don Údarás Buiséadach.

Léiríonn an togra go bhfuil an Coimisiún toilteanach cuidiú le hiarrachtaí na mBallstát dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais. Soláthróidh an leasú na cistí is gá do na Ballstáit lena mbaineann chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail chun téarnamh an gheilleagair a bhrostú.

2011/0283 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le hionstraimí roinnte rioscaí do Bhallstáit a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. I ngeall ar an ngéarchéim domhanda airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meath mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát.

2. Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, ar mhaithe le héifeachtaí diúltacha na géarchéime a mhaolú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an bhfíorgheilleagar, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le sonrú go forleathan.

3. Le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais[3] bunaíodh sásra d'fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú, rud a bunaíodh ar Airteagal 122(2) den Chonradh lena ndéantar foráil go bhféadfaidh an tAontas cúnamh airgeadais a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacracht aige nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu.

4. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE[4] ón gComhairle agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE[5] ón gComhairle deonaíodh cúnaimh airgeadais den sórt sin d'Éirinn agus don Phortaingéil.

5. Bhí géardeacrachtaí ag an nGréig ó thaobh cobhsaíochta airgeadais sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm. Níorbh fhéidir, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais don Ghréig a bhunú ar an Rialachán sin.

6. An Comhaontú idir Chreidiúnaithe agus an Comhaontú maidir le Saoráid Iasachta a tugadh i gcrích don Ghréig an 8 Bealtaine 2010, tháinig sé i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Foráiltear leis go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gComhaontú idir Chreidiúnaithe go ceann clárthréimhse trí bliana fad is a bheidh suimeanna gan íoc faoin gComhaontú maidir le Saoráid Iasachta.

7. Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid d'fhonn cúnamh meántéarmach a sholáthar i leith chomhardú na n-íocaíochtaí Ballstát[6], bunaíodh ionstraim lena bhforáiltear go ndeonóidh an Chomhairle cúnamh frithpháirteach i gcás ina mbeidh deacrachtaí ag Ballstát nár ghlac an euro nó ina mbeidh deacrachtaí i ndáil le comhardú a íocaíochtaí ag dianbhagairt air.

8. Le Cinntí 2009/102/CE[7], 2009/290/CE[8], agus 2009/459/CE[9] ón gComhairle deonaíodh cúnamh airgeadais den sórt sin don Ungáir, don Laitvia agus don Rómáin.

9. An 11 Iúil 2011, shínigh airí airgeadais 17 mBallstát limistéar an euro an Conradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht (ESM). Foráiltear go nglacfaidh an ESM, faoi 2013, na tascanna a chomhlíonann an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, an sásra sin a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh sa Rialachán seo.

10. I gconclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2011 ón gComhairle Eorpach cuireadh in iúl gur chúis sásaimh rún an Choimisiúin feabhas a chur ar an tsineirgíocht idir an clár iasachtaí don Ghréig agus cistí an Aontais, agus ar an gcaoi sin cuidiú leis an nGréig cistí an Aontais a ionsú chun fás agus fostaíocht a spreagadh trí bhéim a chur ar fheabhas a chur ar iomaíochas agus ar chruthú fostaíochta. Thairis sin, dhearbhaigh an Chomhairle sna conclúidí sin a sásamh agus a tacaíocht maidir leis an gCoimisiún a bheith i mbun ullmhúcháin, in éineacht leis na Ballstáit, ar chlár cuimsitheach um chúnamh teicniúil don Ghréig.

11. Sa ráiteas arna eisiúint ag Cinn Stáit nó Cinn Rialtais thíortha limistéar an Euro agus ag Institiúidí an AE an 21 Iúil 2011, iarradh ar an gCoimisiún agus ar an mBanc Eorpach Infheistíochta feabhas a chur ar an tsineirgíocht idir cláir iasachtaí agus cistí de chuid an Aontais i ngach tír atá ag fáil cúnaimh ón Aontas nó ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Cuireann an Rialachán seo leis an gcuspóir sin.

12. Tá mórdheacrachtaí ag baint le cur i bhfeidhm na gclár agus na dtionscadal oibríochtúil i réimse an bhonneagair agus na hinfheistíochta táirgiúla sa Ghréig de bhrí go bhfuil athruithe as cuimse tar éis teacht ar na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, an earnáil airgeadais go háirithe, mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais.

13. D'fhonn na deacrachtaí sin a mhaolú agus dlús a chur faoi chur chun feidhme na gclár agus na dtionscadal oibríochtúil agus d'fhonn an téarnamh eacnamaíoch a neartú, is iomchuí go dtabharfaidh na Ballstáit sin a raibh mórdheacrachtaí acu le cobhsaíocht airgeadais agus ar tugadh cúnamh airgeadais dóibh i gcomhréir le ceann de na sásraí um chúnamh airgeadais thuasluaite, is iomchuí go dtabharfaidh siad acmhainní airgeadais ó chláir oibríochtúla ar mhaithe le bunú ionstraimí roinnte rioscaí a thugann iasachtaí nó ráthaíochtaí nó saoráidí eile airgeadais agus a thacaíonn le tionscadail agus oibríochtaí atá beartaithe faoi chlár oibríochtúil.

14. I bhfianaise na seantaithí atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta mar mhórairgeadaí tionscadal bonneagair agus i bhfianaise a thiomanta atá sé an téarnamh eacnamaíoch a bhrostú, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún ionstraimí roinnte rioscaí a chruthú i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta. Ba cheart téarmaí agus coinníollacha sonracha an chomhair a leagan síos i gcomhaontú idir an Coimisiún agus Banc Eorpach Infheistíochta.

15. Ó tharla gur gá méadú ar na deiseanna infheistíochta a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún ionstraimí roinnte rioscaí a bhunú freisin le comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta agus idirnáisiúnta nó le comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu agus ar féidir leo ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil, dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(C) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[10], faoi choinníollacha agus téarmaí cosúil le coinníollacha agus téarmaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

16. D'fhonn gníomhú go gasta i gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, ba cheart don Choimisiún ionstraim roinnte rioscaí den chineál thuasluaite a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

17. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 14 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfar an buiséad de chuid an Aontais Eorpaigh a leithdháiltear ar na Cistí a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí idir na Ballstáit agus an Coimisiún, de réir Airteagal 53(1)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach,* amach ó na hionstraimí roinnte rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 36(2a) agus ón gcúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 45.

Déanfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

_________________

* IO L 248, 16.9.2002, lch. 1."

(2) In Airteagal 36, cuirtear mír 2a seo a leanas isteach:

"2a. Ballstáit a chomhlíonann ceann de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 77(2), féadfaidh siad cuid de na leithdháiltí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19 agus in Airteagal 20 a ranníoc le hionstraim roinnte rioscaí a bhunóidh an Coimisiún i gcomhaontú leis an mBanc Eorpach Infheistíochta nó i gcomhaontú le comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta agus idirnáisiúnta nó le comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu agus ar féidir leo ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil, dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(C) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 faoi choinníollacha agus téarmaí cosúil leis na coinníollacha agus téarmaí a dhéanann an Banc Eorpach Infheistíochta a chur i bhfeidhm agus a chuirtear i bhfeidhm maidir leis, chun soláthar agus leithdháileadh caipitil ráthaíochtaí agus iasachtaí, agus saoráidí eile airgeadais a dheonaítear faoin ionstraim roinnte rioscaí, a chumhdach.

Is le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí amháin a úsáidfear ionstraimí roinnte rioscaí den sórt sin, i dteannta saoráidí airgeadais eile, chun oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ag an gCiste Comhtháthaithe, maidir le caiteachas nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 56.

Is é an Coimisiún a chuirfidh chun feidhme an ionstraim roinnte rioscaí faoi chuimsiú na bainistíochta indírí láraithe i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

I dtráinsí a dhéanfar íocaíochtaí leis an ionstraim roinnte rioscaí, i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe don ionstraim roinnte rioscaí i dtaca le hiasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt chun oibríochtaí sonracha a mhaoiniú.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gnímh tharmligthe, gníomh ina mbeidh cur síos ar an gcóras atá ar bun lena ráthú go n-úsáidfear an méid atá ar fáil chun sochair don Bhallstát atá á sholáthar , agus chun sochair don Bhallstát sin amháin, laistigh dá leithdháileadh airgeadais ón mbeartas comhtháite de bhun Airteagal 18(2), mar aon leis na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraim roinnte rioscaí dá leithéid. Díreofar ar na nithe seo a leanas, ar a laghad, sna coinníollacha agus téarmaí sin:

(a) inrianaitheacht agus cuntasaíocht, faisnéis maidir le húsáid cistí, agus córais faireacháin agus rialaithe; agus

(b) struchtúr na dtáillí agus na gcostas eile riaracháin agus bainistíochta.

Cuirfear dianteorainn leis na leithdháiltí airgeadais ar an ionstraim roinnte rioscaí agus ní thiocfaidh dliteanais theagmhasacha as do bhuiséad an Aontais ná don Bhallstát lena mbaineann.

Aon mhéid atá fanta tar éis chur i gcrích na hoibríochta atá cumhdaithe ag an ionstraim roinnte rioscaí, féadfar é a athúsáid, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, faoi chuimsiú na hionstraime roinnte rioscaí, má tá ceann amháin de na coinníollacha atá sonraithe in Airteagal 77(2) fós á chomhlíonadh ag an mBallstát. Mura bhfuil aon cheann de na coinníollacha sin fós á chomhlíonadh ag an mBallstát, measfar gur ioncam sannta atá sa mhéid atá fanta, de réir bhrí Airteagal 18 den Rialachán Airgeadais. Arna iarraidh é don Bhallstát lena mbaineann, déanfar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí breise a thagann as an ioncam sannta sin a chur le leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit sin ón mbeartas comhtháite."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann hionstraimí roinnte rioscaí i gcomhair Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

2. CREAT ABM/ABB

Réimsí beartais lena mbaineann agus gníomhaíochtaí gaolmhara:

An beartas réigiúnach; Gníomhaíocht ABB 13.03

Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta; Gníomhaíocht ABB 04.02

An Ciste Comhtháthaithe, ABB 13.04

3. LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A.)):

Cuirfear an ghníomhaíocht nua atá beartaithe chun feidhme de réir na línte buiséid seo a leanas:

- 13.031600 Cóineasú (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa - CFRE)

- 13.031800 Fostaíocht agus iomaíocht réigiúnach (CFRE)

- 13.04.02 An Ciste Comhtháthaithe

- 13.03.xx [Líne nua] Ionstraim roinnte rioscaí arna maoiniú ó CFRE

- 13.04.xx [Líne nua] Ionstraim roinnte rioscaí arna maoiniú ón CC (an Ciste Comhtháthaithe)

- 04.02.xx [Líne nua] Ionstraim roinnte rioscaí arna maoiniú ó CSE (Ciste Sóisialta na hEorpa)

3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus fad an tionchair airgeadais:

3.3. Saintréithe buiséadacha:

Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

13.031600 | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

13.031800 | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

13.03xx | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

04.0217 | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

04.02xx | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

13.04.02 | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

13.04.xx | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

04.0219 | Neamhéigeantach | LD | Níl | Níl | Níl | Uimh. 1b |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

Ós rud é nach bhfuil aon acmhainní nua airgeadais beartaithe le haghaidh leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí, níor cuireadh aon fhigiúirí isteach sna táblaí ach cuireadh N/B (neamhbhainteach) isteach. Dá bhrí sin, luíonn an togra leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2007-2013.

Is é toradh a d'fhéadfadh a bheith ag an togra seo go gcuirfí dlús le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (2012-2013) a dhéanfar a chúiteamh faoi dheireadh na tréimhse cláraithe. Dá bhrí sin, ní dhéantar aon athrú ar iomlán na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don tréimhse cláraithe iomlán.

Na leithdháiltí airgeadais ar an ionstraim roinnte rioscaí lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais incháilithe eile, beidh siad teoranta go docht do mhéid an leithdháilte airgeadais ar an ionstraim roinnte rioscaí agus ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais ná ar bhuiséad an Bhallstáit lena mbaineann.

.

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. na coda | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[11] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1 | a | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | N/B | … | N/B | N/B | ….. | N/B | 0. |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[12] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4 | c | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | 0,000 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[13] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5 | d | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6 | e | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Costas táscach iomlán ar an idirghabháil i dtéarmaí airgeadais

IOMLÁN LO agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

IOMLÁN LÍ agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Sonraí an Chómhaoinithe

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

IOMLÁN LO lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

4.1.2. Comhoiriúnacht don Chlárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa pheirspictíocht airgeadais ag gabháil leis an togra seo.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[14] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Tionchar airgeadais ar Ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá tionchar airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliúin (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh ghníomhaíocht [Bliain n-1] | Staid tar éis na gníomhaíochta |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá an ghéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch ag cur leis an mbrú atá ar acmhainní airgeadais náisiúnta de réir mar atá na Ballstáit ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin is fíorthábhachtach a áirithiú go gcuirfear cláir beartais chomhtháthaithe chun feidhme go rianúil chun cistí a chur isteach sa gheilleagar. Chun a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin de chláir na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil agus de chistí a eisíoc le tionscadail, tá forálacha sa togra a fhágann go bhféadfadh an Coimisiún ionstraim roinnte rioscaí a chur chun feidhme.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Fágann an togra seo go bhféadfaidh siad leanúint de na cláir a chur chun feidhme, rud a chuirfidh airgead breise ón BEI agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile isteach sa gheilleagar.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí (ABM)

Is é an cuspóir atá ann cuidiú leis na Ballstáit sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim airgeadais le go bhféadfaidh siad leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil, agus ar an dóigh sin cistí a chur isteach sa gheilleagar.

5.4. Modh don Chur Chun Feidhme (táscach)

Léirigh thíos na modhanna a roghnaíodh do chur chun feidhme na gníomhaíochta: bainistíocht indíreach láraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

Ar iarratas ó na Ballstáit, déanfar clárú roinnt clár oibríochtúil a athbhreithniú anuas chun leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chur ar fáil laistigh de leithdháileadh airgeadais na mBallstát. Cuirfear na leithreasaí sin ar líne buiséid atá tiomnaithe do chur chun feidhme na gníomhaíochta. Nuair a bheidh an ghníomhaíocht tugtha i gcrích agus nuair nach mbeidh gá a thuilleadh le méideanna chun cistí a sholáthar do shaoráidí roinnte rioscaí, cuirfear ar ais mar ioncam sannta iad ar na línte buiséid a sholáthair an cistiú tosaigh nó ar línte buiséid cóibhéiseacha a thugann tacaíocht do mhaoiniú clár oibríochtúil.

6. FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe, bainistíocht agus rialú

Is é an BEI a bhainisteoidh oibríochtaí maoinithe an BEI i gcomhréir le rialacha agus le nósanna imeachta an BEI féin, lena n-áirítear bearta iomchuí iniúchóireachta, rialaithe agus faireacháin. Faoi mar a fhoráiltear i Reacht an BEI, is é Coiste Iniúchóireachta an BEI, a bhfuil iniúchóirí seachtracha mar thacaíocht leis, atá freagrach as rialtacht oibríochtaí agus chuntais an BEI a chinntiú. Déanann Bord Gobharnóirí an BEI cuntais an BEI a fhormheas gach bliain.

Ina theannta sin, déanann Bord Stiúrthóirí an BEI, ar a bhfeidhmíonn Stiúrthóir agus Stiúrthóir ionaid ar son an Choimisiúin, gach oibríocht maoinithe de chuid an BEI a fhormheas agus cinntíonn sé go bhfuil an BEI á bhainistiú i gcomhréir lena reacht agus leis na treoracha ginearálta arna leagan síos ag an mBord Gobharnóirí.

Sa chomhaontú tríthaobhach idir an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an BEI, a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2003 agus a rinneadh athnuachan air go ceann ceithre bliana eile in 2007, sonraítear na rialacha faoina bhfuil ar an gCúirt Iniúchóirí a hiniúchtaí a dhéanamh ar na hoibríochtaí maoinithe sin de chuid an BEI atá faoi ráthaíocht an AE. Tabharfaidh an BEI sonraí staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta don Choimisiún maidir le gach oibríocht dá chuid de réir mar is gá chun a dhualgas tuairiscithe a chomhlíonadh nó chun iarrataí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a fhreagairt agus tabharfaidh sé deimhniú an iniúchóra dó freisin maidir le méideanna gan íoc d'oibríochtaí maoinithe an BEI.

Áireofar san fhaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais go dtarraingeofar suas tuarascálacha rialta maidir le haon dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme an tionscnaimh trí chur chun feidhme airgeadais.

Nuair a ghlacann institiúidí airgeadais eile páirt san ionstraim roinnte rioscaí beidh feidhm ag a rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha, lena n-áirítear na comhaontuithe atá sínithe acu leis an gCoimisiún, maidir le bainistiú, tuairisciú agus rialú dá réir sin.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Ullmhaíodh an togra seo ar iarraidh ó Oifig Uachtarán an Choimisiúin.

6.2.2. Bearta a rinneadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo)

Neamhbhainteach

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Neamhbhainteach

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Is é an BEI go príomha atá freagrach as bearta frith-chalaoise a ghlacadh, go háirithe trí fheidhmiú Bheartas an BEI maidir le héilliú, calaois, claonpháirteachas, comhéigean, sciúradh airgid, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a dhíspreagadh i ngníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, arna ghlacadh i mí Aibreáin 2008, maidir le hoibríochtaí maoinithe.

Áirítear i rialacha agus nósanna imeachta an BEI, i measc na socruithe mionsonraithe chun calaois agus éilliú a chomhrac, inniúlacht OLAF maidir le himscrúduithe inmheánacha a dhéanamh. Go háirithe, i mí Iúil 2004, d'fhormheas Bord Gobharnóirí an BEI cinneadh "maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha i gcomhair imscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach a dhéanann dochar do leasanna na gComhphobal a chosc".

8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach (XX 01 01) | A*/AD | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

B*, C*/AST | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Foireann eile arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 04/05 | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

IOMLÁN | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht

Neamhbhainteach

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

(Nuair a luaitear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

( Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a ath-imlonnófar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bhainistíochta (ath-imlonnú inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

- intra muros | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

- extra muros | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Ríomh - Oifigigh agus gníomhairí sealadacha

Is ceart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más infheidhme

Neamhbhainteach

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02

Is ceart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más infheidhme

Neamhbhainteach

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) |

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

XX 01 02 11 03 - Coistí | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

2 Caiteachas iomlán eile bainistíochta (XX 01 02 11) | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Iomlán an chaiteachais riaracháin, cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B | N/B |

Ríomh - Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

Neamhbhainteach

[1] IO L , , lch. .

[2] IO L , , lch. .

[3] IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

[4] IO L 30, 4.2.2011, lch. 34.

[5] IO L 159, 17.6.2011, lch. 88.

[6] IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.

[7] IO L 37, 6.2.2009, lch. 5.

[8] IO L 79, 25.3.2009, lch. 39.

[9] IO L 150, 13.6.2009, lch. 8.

[10] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

[11] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann

[12] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[13] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagal xx 01 04 nó Airteagal xx 01 05.

[14] Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[15] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá, i.e. má mhaireann an ghníomhaíocht níos faide ná 6 bliana

Top