EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0626R(02)

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair)

/* COM/2011/0626 final/3 - 2011/0281 (COD) */

52011PC0626R(02)

/* COM/2011/0626 final/3 - 2011/0281 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair)


(...PICT...)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Is i dtogra an Choimisiúin le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2014-2020 (an togra le haghaidh an CAI) [1] a leagtar síos an creat buiséadach agus na príomhthreochtaí don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT). Ar a bhonn sin, tá an Coimisiún ag tíolacadh sraithe rialachán lena leagfar síos an creat rialaitheach i gcomhair an CBT le linn na tréimhse 2014-2020, maille le measúnú tionchair ar chásanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith i gceist le héabhlóid an bheartais.

Tá na hathchóirithe atáthar á moladh faoi láthair bunaithe ar an Teachtaireacht maidir leis an CBT as seo go 2020 [2] ina raibh breac-chuntas ar roghanna ginearálta beartais chun dul i ngleic leis na dúshláin a bheidh le sárú amach anseo ag lucht talmhaíochta agus ag limistéir thuaithe agus chun na cuspóirí a leagadh síos don CBT a bhaint amach, mar atá 1) táirgeadh inmharthana bia; 2) bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht ar son na haeráide; agus 3) forbairt chothrom críoch. Fuair na moltaí maidir le hathchóiriú atá sa Teachtaireacht tacaíocht ghinearálta le linn na díospóireachta idirinstitiúidí [3] agus sa chomhairliúchán le geallsealbhóirí a rinneadh faoi chuimsiú an mheasúnaithe tionchair.

Téama coitianta a tháinig chun cinn go minic le linn an phróisis seo is ea an gá éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn d'fhonn fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach i gcomhair thalmhaíocht an AE agus i gcomhair limistéar tuaithe i gcomhréir leis an straitéis Eoraip 2020, agus struchtúr an CBT á choinneáil roinnte ar dhá cholún a úsáideann ionstraimí comhlántacha chun na cuspóirí céanna a bhaint amach. Le Colún I cumhdaítear íocaíochtaí díreacha agus bearta margaidh lena dtugtar tacaíocht bhunúsach bhliantúil d'ioncam fheirmeoirí an AE agus tacaíocht i gcás ina dtarlóidh suaitheadh áirithe ar an margadh. Le Colún II cumhdaítear forbairt tuaithe i gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit cláir ilbhliantúla a tharraingt suas agus a chómhaoiniú faoi chomhchreat [4].

Trí athchóirithe leanúnacha mhéadaigh an CBT treocht mhargaidh na talmhaíochta agus thug tacaíocht ioncaim do tháirgeoirí, d'fheabhsaigh sé an chaoi ar comhtháthaíodh ceanglais chomhshaoil agus threisigh tacaíocht d'fhorbairt tuaithe mar bheartas comhtháthaithe chun limistéir thuaithe a fhorbairt ar fud an AE. De bharr an phróisis athchóirithe sin, áfach, tháinig éilimh chun cinn go ndáilfí an tacaíocht ar bhealach níos fearr i measc na mBallstát agus laistigh díobh, agus gur fearr mar a spriocdhíreofaí bearta a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus dul i ngleic le luaineacht an mhargaidh ar bhealach níos fearr.

San am a chuaigh thart, rinneadh athchóirithe chun freagairt a thabhairt ar dhúshláin de thionscnamh inmheánach, barrachais ollmhóra agus géarchéimeanna maidir le sabháilteacht bia mar shampla; agus rinne siad leas an AE laistigh dá theorainneacha agus go hidirnáisiúnta mar aon. Sa lá atá inniu ann, áfach, is tosca seachtracha is cúis le formhór na ndúshlán atá ag an tionscal talmhaíochta agus dá bhrí sin tá beartas níos ginearálta de dhíth chun freagairt a thabhairt orthu.

Meastar go leanfaidh ioncam ó thalmhaíocht de bheith faoi bhrú amach anseo ó tharla go mbeidh breis rioscaí ann d'fheirmeoirí, go bhfuil an táirgiúlacht ag moilliú agus go mbeidh corrlaigh níos lú de dheasca méaduithe ar phraghsanna ionchuir; dá bhrí sin is gá tacaíocht ioncaim a choinneáil agus ionstraimí a threisiú chun rioscaí a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus freagairt níos fearr a thabhairt i gcás géarchéimeanna. Tá sé sár-riachtanach go mbeadh an talmhaíocht láidir ar mhaithe le tionscal an bhia san AE agus le slándáil dhomhanda bia.

Ag an am céanna, táthar ag iarraidh ar thionscal na talmhaíochta agus ar limistéir thuaithe breis iarrachta a dhéanamh chun na spriocanna teanntásacha maidir leis an gcomhshaol agus le fuinneamh agus an straitéis bhithéagsúlachta, ar cuid de clár oibre Eoraip 2020 iad, a bhaint amach. Is gá tacú le feirmeoirí, arb iad na príomhbhainisteoirí talún iad maille le foraoiseoirí, chun córais agus cleachtais feirmeoireachta a ghlacadh agus a chothabháil a fhabhróidh go mór cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ó tharla nach bhfuil aon léiriú i bpraghsanna margaidh ar leasanna den sórt sin don phobal. Tá sé sár-riachtanach freisin an tairbhe is optamaí a bhaint as an acmhainn atá i limistéir éagsúla thuaithe agus sa dóigh sin cur le fás uilechuimsitheach agus comhtháthú.

Dá bhrí sin, amach anseo ní bheidh an CBT ina bheartas nach bhfreastalóidh ach ar chuid bheag, bíodh go bhfuil sé sár-riachtanach, de gheilleagar an AE, ach beartas lena mbaineann tábhacht straitéiseach i gcomhair slándála bia, an chomhshaoil agus cothroime idir críocha a bheidh ann freisin. Is ansin atá an breisluach don AE a thiocfaidh ó bheartas, ar comhbheartas i bhfírinne é, lena mbainfear an úsáid is éifeachtúla as acmhainní teoranta an bhuiséid chun earnáil talmhaíochta inmharthana a chothabháil ar fud an AE, agus a rachaidh i ngleic le saincheisteanna tábhachtacha trasteorainn amhail athrú aeráide agus treisiú dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, agus fairis sin, a cheadóidh solúbthacht sa chur chun feidhme chun freastal ar riachtanais áitiúla.

Foráiltear sa chreat atá leagtha amach sa togra le haghaidh an CAI gur cheart a struchtúr décholúnach a fhágáil ag an CBT agus an buiséad le haghaidh gach colúin acu a choinneáil, i dtéarmaí ainmniúla, ar a leibhéal le haghaidh 2013 agus gur cheart é a bheith dírithe ar thorthaí de réir phríomhthosaíochtaí an AE. Ba cheart táirgeadh inbhuanaithe a chur chun cinn le híocaíochtaí díreacha trí 30 % dá gclúdach buiséadach a shannadh do bhearta sainordaitheacha a dhéanann leas na haeráide agus an chomhshaoil. Ba cheart na leibhéil íocaíochta a chóineasú go forchéimnitheach agus ba cheart uasteorannú forchéimnitheach a chur i bhfeidhm ar íocaíochtaí le tairbhithe móra. Ba cheart forbairt tuaithe a áireamh i gComhchreat Straitéiseach le cistí comhbhainistíochta eile de chuid an AE, an cur chuige ina taobh a threisiú agus a dhíriú ar na torthaí agus coinníollachtaí ex-ante feabhsaithe follasacha a chur i bhfeidhm. Ar deireadh thiar, ó thaobh beart margaidh de ba cheart maoiniú an CBT a threisiú le dhá ionstraim atá lasmuigh den CAI: 1) cúltaisce éigeandála chun gníomhú i ngéarchéimeanna; agus 2) raon feidhme Chiste na hEorpa um Choigeartú don Domhandú a shíneadh.

Ar a bhonn sin, tá príomheilimintí chreat reachtach an CBT le linn na tréimhse 2014-2020 leagtha amach sna rialacháin seo a leanas:

– Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi choimsiú an chomhbheartais talmhaíochta ('an Rialachán maidir le híocaíochtaí díreacha');

– Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair);

– Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ('an Rialachán maidir le forbairt tuaithe');

– Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air ('an Rialachán cothrománach');

– Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta;

– Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 maidir le cur i bhfeidhm íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí i leith na bliana 2013;

– Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir le córas na scéime aoníocaíochta agus tacaíocht do shaothraithe fíniúnacha.

Forbairt é an Rialachán maidir le forbairt tuaithe ar an togra arna thíolacadh ag an gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2011 ina leagtar amach comhrialacha le haghaidh gach ciste a oibríonn faoi Chomhchreat Straitéiseach [5]. Tiocfaidh rialachán ina dhiaidh seo maidir leis an scéim le haghaidh na ndaoine is díothaí. Cuirtear an cistiú don scéim sin faoi cheannteideal éagsúil de chuid CAI anois.

Ina theanta sin, táthar ag ullmhú rialacha nua maidir le foilsiú faisnéise i dtaobh tairbhithe ag cur san áireamh agóidí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh d'fhonn an bealach is iomchuí a aimsiú chun réiteach a fháil idir ceart na dtairbhithe chun cosanta ar a sonraí pearsanta agus prionsabal na trédhearcachta.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Ar bhonn na meastóireachta ar an gcreat beartais atá ann faoi láthair agus ar bhonn anailíse ar dhúshláin agus riachtanais a bheidh ann amach anseo, déantar measúnú agus comparáid idir tionchar trí chás mhalartacha sa mheasúnú tionchair. Toradh is ea é ar phróiseas fada a thosaigh in Aibreán 2010 agus a bhí faoi stiúir grúpa idirsheirbhíse a thug anailís fhairsing chainníochtúil agus cháilíochtúil le chéile, lena n-áirítear bonnlíne a bhunú i bhfoirm réamh-mheastachán meántéarmach le haghaidh margaí talmhaíochta agus ioncaim go dtí 2020 agus tionchar na gcásanna éagsúla beartais a shamhaltú de réir eacnamaíocht na hearnála.

Is iad seo a leanas na trí chás a léirítear sa mheasúnú tionchair: 1) cás an choigeartaithe, ina leantar leis an gcreat beartais atá ann faoi láthair ach ina dtéitear i ngleic leis na lochtanna is tábhachtaí atá air, amhail dáileadh na n-íocaíochtaí díreacha; 2) cás an chomhtháthaithe, ina n-athraítear an beartas go mór trí fheabhas a chur ar spriocdhíriú agus ar ghlasú íocaíochtaí díreacha agus trí threisiú a dhéanamh ar spriocdhíriú straitéiseach i gcomhair beartas forbartha tuaithe a bheidh níos comhordaithe le beartais eile an AE, agus tríd an mbunús dlí a shíneadh chomh maith chun scóip níos fairsinge a thabhairt do chomhar táirgeoirí; agus 3) cás an athdhírithe, ina gcuirtear an beartas i dtreo nua sa chaoi go mbeidh sé dírithe go heisiach ar an gcomhshaol agus go gcuirfear deireadh le híocaíochtaí díreacha go forchéimnitheach, cás é ina dtoimhdítear go bhféadfar an acmhainneacht táirgeachta a choinneáil gan tacaíocht a thabhairt agus go bhféadfar freastal ar riachtanais shocheacnamaíocha limistéar tuaithe le beartais eile.

I bhfianaise na géarchéime eacnamaíche agus an bhrú ar an airgeadas poiblí, ar saincheisteanna iad ar ar thug an AE freagra tríd an straitéis Eoraip 2020 agus an togra le haghaidh CAI, tugann gach aon de na trí chás méid éagsúil tábhachta do gach ceann de na trí chuspóir beartais a bheidh ag an CBT a bheidh ann amach anseo agus a bhfuil sé d'aidhm aige an talmhaíocht a chur faoi bhonn níos iomaíche agus níos inbhuanaithe agus na limistéir thuaithe a dhéanamh bríomhar. D'fhonn an beartas a ailíniú níos fearr leis an straitéis Eoraip 2020, go háirithe ó thaobh éifeachtúlachta acmhainní de, beidh sé níos riachtanaí fós amach anseo táirgiúlacht na talmhaíochta a fheabhsú trí thaighde, aistriú eolais agus cur chun cinn comhair agus nuálaíochta (lena n-áirítear tríd an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht na talmhaíochta). Cé nach bhfuil beartas talmhaíochta an AE ag feidhmiú a thuilleadh i dtimpeallacht ina bhfuil beartais a shaobhann trádáil, táthar ag tnúth le breis brú ar an earnáil áirithe seo ó thuilleadh léirscaoilte, go háirithe faoi chuimsiú Chlár Oibre Forbartha Doha nó an Chomhaontaithe Saorthrádála le Mercosur.

Tarraingíodh na trí chás beartais suas ag cur san áireamh na bpríomhroghanna a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin a rinneadh mar chuid den mheasúnú tionchair. Iarradh ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a chur isteach idir 23.11.2010 agus 25.1.2011 agus reáchtáladh coiste comhairleach an 12.1.2011. Seo thíos achoimre ar na príomhphointí [6]:

– Tá geallsealbhóirí d'aon tuairm go ginearálta gur gá CBT láidir a bheith ann atá bunaithe ar struchtúr décholúnach chun dul i ngleic le dúshláin na slándála bia, na bainistíochta oiriúnaí ar acmhainní nádúrtha agus na forbartha críochaí.

– Measann formhór na bhfreagróirí gur cheart ról a bheith ag an CBT i gcobhsú margaí agus praghsanna.

– Tá tuairimí éagsúla ag geallsealbhóirí i dtaobh na nithe ar cóir tacaíocht a dhíriú orthu (go háirithe athdháileadh cabhrach dírí agus uasteorannú íocaíochtaí).

– Táthar d'aon tuairim gur féidir leis an dá cholún a bheith tábhachtach chun gníomhaíocht ar son na haeráide a ghéarú agus chun feidhmíocht i dtaobh an chomhshaoil a mhéadú ar mhaithe le sochaí an AE. Cé go gcreideann cuid mhaith feirmeoirí go bhfuiltear á dhéanamh cheana féin, dar leis an bpobal i gcoitinne d'fhéadfaí úsáid ní b'éifeachtúla a bhaint as íocaíochtaí faoi Cholún I.

– Is mian leis na freagróirí go mbeadh gach cuid den AE, limistéir mhídheisiúla san áireamh, páirteach i bhfás agus i bhforbairt amach anseo.

– D'aibhsigh go leor freagróirí comhtháthú an CBT le beartais eile, amhail beartais comhshaoil, sláinte, trádála agus forbartha.

– Amharctar ar nuálaíocht, forbairt gnóthas iomaíoch agus soláthar earraí poiblí do shaoránaigh an AE mar bhealaí chun an CBT a ailíniú leis an straitéis Eoraip 2020.

Seo thíos an chomparáid a rinneadh sa mheasúnú tionchair idir na trí chás mhalartacha beartais:

Chuirfeadh cás an athdhírithe luas faoin gcoigeartú struchtúrach in earnáil na talmhaíochta, tríd an táirgeadh a bhogadh go dtí na limistéir ab éifeachtúla ó thaobh costais de agus go dtí na hearnálacha ba mhó brabús. Cé go méadódh sé cistiú ar son an chomhshaoil go mór, nochtfadh sé an earnáil do bhreis rioscaí de dheasca an raoin feidhme theoranta a bheadh ag idirghabháil mhargaidh. Thairis sin, bheadh costas mór sóisialta agus don chomhshaol ag baint leis ó tharla go gcaillfeadh na limistéir ba lú iomaíochas cuid mhaith ioncaim agus go ndéanfaí cuid mhaith díghrádú comhshaoil iontu, ós rud é go gcaillfeadh an beartas a éifeacht mar luamhán a thagann ó íocaíochtaí díreacha a nascadh leis na ceanglais maidir le tras-chomhlíonadh.

Ag ceann eile an speictrim, is le cás an athdhírithe a bheadh an comhleanúnachas beartais ab fhearr ann maille le feabhsuithe teoranta inbhraite maidir le hiomaíochas na talmhaíochta agus le feidhmíocht i dtaobh an chomhshaoil araon. Tá amhras tromchúiseach ann, áfach, go bhféadfadh an cás áirithe seo dul i ngleic ar bhealach leordhóthanach leis na dúshláin mhóra a bheidh ann amach anseo maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, ar dúshláin iad a mbeidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach na talmhaíochta i dtreis leo.

Cur chuige úrnua atá i gceist le cás an chomhtháthaithe lena gcuirfí feabhas ar spriocdhíriú agus ar ghlasú íocaíochtaí díreacha. Léiríonn an anailís gur féidir glasú a chur i gcrích ar chostas réasúnta d'fheirmeoirí cé nach bhféadtar ualach riaracháin éigin a sheachaint. Ar an dul céanna, is féidir spreagadh nua a thabhairt d'fhorbairt tuaithe ar chuntar go mbainfidh na Ballstáit agus na réigiúin úsáid éifeachtúil as na deiseanna nua agus nach ndéanfaidh an comhchreat straitéiseach le cistí eile an AE an tsineirgíocht le Colún I a laghdú ná láidreachtaí sainiúla na forbartha tuaithe a lagú. Má fhaightear an chothromaíocht cheart, is é seo an cás is fearr a rachadh i ngleic le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na talmhaíochta agus na limistéar tuaithe.

Ar a bhonn sin, baintear de thátal sa mheasúnú tionchair gurb é an cás comhtháthaithe an cás is cothroime maidir le hailíniú forchéimnitheach a dhéanamh idir an CBT agus cuspóirí straitéiseacha an AE agus tá an chothromaíocht sin le fáil freisin i gcur chun feidhme na n-eilimintí éagsúla sna tograí reachtacha. Beidh sé sár-riachtanach freisin creat meastóireachta a fhorbairt chun feidhmíocht an CBT a thomhas le sraith choitinn táscairí a bheidh nasctha le cuspóirí beartais.

Leagadh béim nach beag ar an simpliúchán feadh an phróisis agus ba cheart cur leis ar bhealaí éagsúla, mar shampla trí chuíchóiriú a dhéanamh ar thras-chomhlíonadh agus ionstraimí margaidh, nó an leagan amach atá ar scéim na bhfeirmeoirí beaga. Thairis sin, ba cheart glasú na n-íocaíochtaí díreacha a dhéanamh ar bhealach a íoslaghdóidh an t-ualach riaracháin, costais na rialuithe san áireamh.

3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Tá sé beartaithe an struchtúr atá ag an CBT faoi láthair a choinneáil, mar atá dhá cholún le bearta bliantúla sainordaitheacha a chuirfear i bhfeidhm go ginearálta faoi chuimsiú Cholún I maille le bearta deonacha atá oiriúnaithe do shainiúlachtaí tíortha agus réigiún faoi chur chuige an chláraithe ilbhliantúil faoi chuimsiú Cholún II. Leis an leagan amach nua atá ar íocaíochtaí díreacha, áfach, táthar ag iarraidh breis leasa a bhaint as na sineirgíochtaí le Colún II, agus ag an am céanna táthar ag cur an cholúin sin faoi Chomhchreat Straitéiseach chun an comhordú idir é agus cistí comhbhainistíochta eile de chuid an AE a fheabhsú.

Ar a bhonn sin, coinneofar an struchtúr atá ann faoi láthair mar atá ceithre bunionstraimí dhlíthiúla, cé go méadófar raon feidhme an rialacháin mhaoinithe chun forálacha coiteanna a thabhairt le chéile faoi chuimsiú an rialacháin chothrománaigh, mar a thugtar air anois.

Comhlíonann na tograí prionsabal na coimhdeachta. Comhbheartas i bhfírinne is ea an CBT: réimse is ea é ina roinntear inniúlacht idir an AE agus na Ballstáit agus a bhainistítear ar leibhéal an AE d'fhonn earnáil na talmhaíochta a choinneáil ar bhonn inbhuanaithe agus ilghnéitheach ar fud an AE, agus chun dul i ngleic le saincheisteanna móra trasteorainn amhail athrú aeráide agus treisiú na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit. I bhfianaise thromchúis na ndúshlán a bheidh ann amach anseo maidir le slándáil bia, an comhshaol agus cothroime idir críocha, is beartas é an CBT fós lena mbaineann tábhacht straitéiseach chun a áirithiú go dtabharfar an fhreagairt is éifeachtaí ar na dúshláin bheartais agus go mbainfear an úsáid is éifeachtúla as acmhainní buiséadacha. Thairis sin, tá sé beartaithe struchtúr na n-ionstraimí a choinneáil mar atá sé faoi láthair, i.e. in dhá cholún, agus níos mó saoirse ag na Ballstáit réitigh a chur in oiriúint dá sainiúlachtaí áitiúla faoi Cholún II, ar colún é a chómhaoiníonn siad. Cuirfear an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht atá nua agus an tsraith straitéisí um bainistiú rioscaí faoi chuimsiú Cholún II. Ag an am céanna ba cheart an beartas a ailíniú níos fearr leis an straitéis Eoraip 2020 (lena n-áirítear comhchreat le cistí eile de chuid an AE) agus ba cheart roinnt feabhsuithe agus eilimintí simpliúcháin a thabhairt isteach. Ar deireadh thiar, léiríonn an anailís a rinneadh faoi chuimsiú an mheasúnaithe thionchair go follasach an costas a bheadh ann i dtéarmaí iarmhairtí don gheilleagar, don chomhshaol agus don tsochaí mura ndéanfar gníomhaíocht éigin.

Sa Rialachán maidir le CEM Aonair leagtar síos rialacha maidir le comheagraíocht na margaí talmhaíochta, agus cuirtear an scéim chabhrach i gcomhair na ndaoine is díothaí faoi ionstraim eile.

Léiríodh le linn na géarchéime déiríochta a bhí ann 2008-2009 gur gá sásra sabháilteachta a choinneáil agus na huirlisí atá ar fáil a chuíchóiriú chomh maith. Sa phlé a rinne an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Bainne ina dhiaidh sin aibhsíodh an gá feabhas a chur ar fheidhmiú an tslabhra bia. Ar an dóigh sin, is é is aidhm don rialachán forálacha a chuíchóiriú, a shíneadh agus a shimpliú ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo le hidirghabháil phoiblí, stóráil phríobháideach, bearta eisceachtúla/éigeandála agus cabhair d'earnálacha sonracha agus chun comhar a éascú idir eagraíochtaí táirgeoirí agus idirchraoibhe chomh maith.

Cuirfear deireadh le cabhair áirithe earnála (e.g. bainne bearrtha, leannlusanna agus seiriceáin). Rachaidh córas na gcuótaí bainne agus an cosc ar phlandáil fíona in éag faoi reachtaíocht atá ann faoi láthair agus dá bhrí sin ní dhéanfar aon athrú orthu ina leith sin. Rachaidh na cuótaí siúcra in éag faoin 30 Meán Fómhair 2016. Beidh foráil amháin ann maidir le galar ainmhí/cailleadh mhuinín an tomhaltóra agus clásál ginearálta maidir le suaitheadh an mhargaidh, agus leathnófar an clásál sin chun gach earnáil sa CEM Aonair atá ann faoi láthair a chumhdach.

Déanfar an cumhdach táirgí i gcomhair aitheantais eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachas chomh maith le heagraíochtaí idirchraoibhe ag Ballstáit a leathnú chuig gach earnáil sa CEM Aonair atá ann faoi láthair. Athrófar an tacaíocht a thugtar do bhunú grúpaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí chuig forbairt tuaithe.

Is léiriú é an rialachán ar an togra a rinneadh cheana le haghaidh earnáil an bhainne inar leagadh amach bunchoinníollacha má chuireann Ballstáit conarthaí scríofa ar bhonn éigeantach d'fhonn cumas margála táirgeoirí bainne a neartú sa slabhra bia. Léiriú é freisin ar an togra a rinneadh cheana maidir le caighdeáin mhargaíochta i gcomhthéacs pacáiste na cáilíochta.

Ó thaobh an tsimpliúcháin de, beidh tionchar dearfach ann ó thaobh an ualaigh ar na Ballstáit de agus ó thaobh rómhaorlathais d'oibreoirí de a bhuí le deireadh a chur le cabhair áirithe earnála, an scéim chabhrach in earnáil na seiriceán a dhíchúpláil, deireadh a chur le córas an chuóta siúcra agus deireadh a chur leis na ceanglais maidir le conarthaí soláthair a chlárú agus maidir le fianú coibhéise in earnáil na leannlusanna. Ní bheidh se riachtanach a thuilleadh a bheith in ann na scéimeanna cabhrach earnála a chur chun feidhme ná acmhainní a leithdháileadh chun iad a rialú.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Foráiltear sa togra le haghaidh CAI gur cheart leanúint de chuid shuntasach de bhuiséad an AE a thiomnú don talmhaíocht, ó tharla go mbaineann tábhacht straitéiseach leis an gcomhbheartas talmhaíochta. Dá bhrí sin, agus de réir praghsanna reatha, tá sé beartaithe go ndíreoidh an CBT ar a chroíghníomhaíochtaí le EUR 317.2 billiún leithdháilte ar Cholún I agus EUR 101.2 billiún ar Cholún II feadh na tréimhse 2014-2020.

Tá EUR 17.1 billiún de chistiú breise mar chomhlánadh ar chistiú Cholún I agus Cholún II. Is éard atá i gceist leis an gcistiú breise sin EUR 5.1 billiún i gcomhair taighde agus nuálaíochta, EUR 2.5 billiún i gcomhair sabháilteachta bia agus EUR 2.8 billiún i gcomhair tacaíocht bia do na daoine is díothaí faoi cheannteidil eile de chuid an CAI, chomh maith le EUR 3.9 billiún mar chúltaisce nua i gcomhair géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta agus suas le EUR 2.8 billiún sa Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú lasmuigh den CAI. Dá bhrí sin is ionann an buiséad iomlán agus EUR 435.6 billiún feadh na tréimhse 2014-2020.

Maidir le dáileadh tacaíochta i measc na mBallstát, tá sé beartaithe i gcás gach Ballstáit a fhaigheann íocaíochtaí díreacha atá faoi bhun 90 % de mheán an AE, go laghdófar an bhearna sin aon trian. Ríomhtar na huasmhéideanna náisiúnta sa rialachán maidir le híocaíochtaí díreacha ar an mbonn sin.

Tá dáileadh tacaíochta ar fhorbairt tuaithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla atá nasctha leis na cuspóirí beartais agus an dáileadh reatha á chur san áireamh. Amhail an cás faoi láthair, ba cheart rátaí cómhaoinithe ní b'airde a bheith ann chun leasa na réigiún lagfhorbartha, ar rátaí iad a bheidh feidhm acu maidir le bearta áirithe eile amhail aistriú eolais, grúpaí táirgeoirí, comhar agus Leader.

Tabharfar roinnt solúbthachta isteach i gcás aistrithe idir colúin (suas le 5% d'íocaíochta díreacha): ó cholún I go colún II lena chur ar chumas na mBallstát a mbeartas forbartha tuaithe a threisiú, agus ó cholún II go colún I i gcás na mBallstát sin ina bhfuil leibhéal na n-íocaíochtaí díreacha fós faoi bhun 90% den mheán don AE.

Tá mionsonraí an tionchair airgeadais a thiocfaidh as na tograí le haghaidh athchóiriú an CBT leagtha amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis na tograí.

2011/0281 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus d'Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach [7],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [8],

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí [9]

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach [10],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le 'CBT as seo go 2020: Déileáil leis na dúshláin bhia, acmhainní nádúrtha agus chríche a bheidh ann amach anseo' [11] leagtar amach na dúshlain, na cuspóirí agus na treoshuímh a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2013. I bhfianaise na díospóireachta i dtaobh na Teachtaireachta sin, ba cheart an CBT a athchóiriú le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Ba cheart príomhionstraimí uile an Chomhbheartais Talmhaíochta a chumhdach leis an athchóiriú, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] an [...] lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM aonair). I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] a aisghairm agus Rialachán nua maidir le CEM Aonair [12] a chur ina ionad. Ba cheart na forálacha, a oiread is féidir, a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shimpliú leis an athchóiriú, go háirithe na forálacha sin a chumhdaíonn níos mó ná earnáil amháin talmhaíochta, lena n-áirítear trína áirithiú go bhféadfaidh an Coimisiún eilimintí neamhriachtanacha de bhearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2) Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúchain, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(3) De bhun Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh), glacfaidh an Chomhairle bearta maidir le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú. Ar mhaithe le soiléireacht, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 43(3) den Chonradh, ba cheart a mhaíomh go sainráite sa Rialachán seo gur ar an mbonn sin a ghlacfaidh an Chomhairle bearta.

(4) Ba cheart eilimintí bunúsacha uile an CEM Aonair a bheith sa Rialachán seo. Tá dlúthbhaint idir na heilimintí bunúsacha sin agus socrú praghsanna, tobhach, cabhrach agus srianta cainníochtúla i gcásanna áirithe.

(5) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach táirge talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh chun a áirithiú gurb ann do chomheagraíocht mhargaidh i gcás gach táirge den sórt sin, de réir mar atá ceangailte in Airteagal 40(1) den Chonradh.

(6) Ba cheart a shoiléiriú gur cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. [...] [Rialachán cothrománach maidir leis an CBT] [13] agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Go háirithe, tá forálacha leagtha síos i [Rialachán cothrománach an CBT] chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá leagtha síos i bhforálacha an CBT, lena n-áirítear seiceálacha agus cur i bhfeidhm beart riaracháin agus pionós riaracháin i gcás neamhchomhlíonta, agus rialacha a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus a urscaoileadh agus le híocaíocht neamhdhlite a aisghabháil.

(7) Sa Rialachán seo agus i ngníomhartha eile arna nglacadh faoi Airteagal 43 den Chonradh déantar tagairt do thuairisc táirgí agus do thagairtí do cheannteidil nó d'fhocheannteidil na hainmníochta comhcheangailte. De bharr leasuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim, d'fhéadfadh gá a bheith le coigeartuithe teicniúla ar Rialacháin den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun na coigeartuithe sin a dhéanamh. Ar mhaithe le soiléireacht agus simplíocht, Rialachán (CE) Uimh. 234/79 an 5 Feabhra 1979 maidir leis an nós imeachta lena gcoigeartaítear ainmníocht na Comhtharaife Custaim a úsáidtear i gcás táirgí talmhaíochta [14] lena bhforáiltear faoi láthair maidir le cumhacht den sórt sin, ba cheart é a aisghairm agus an chumhacht a chomhtháthú leis an Rialachán seo.

(8) Chun sainiúlachtaí earnáil na ríse a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse atá leagtha amach i gCuid I d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a thabhairt cothrom le dáta.

(9) Chun a áirithiú go mbeidh an táirgeadh dírithe ar chineálacha áirithe ríse gan scilligeadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann bearta cur chun feidhme a ghlacadh maidir le méaduithe agus laghduithe ar an bpraghas idirghabhála poiblí a shocrú.

(10) Ba cheart blianta margaíochta a shocrú do ghránaigh, rís, siúcra, farae triomaithe, síolta, ola olóige agus ológa boird, líon agus cnáib, torthaí agus glasraí, bananaí, bainne agus táirgí bainne agus seiriceáin, agus a chur in oiriúint a oiread is féidir do thimthriallta táirgthe bitheolaíocha gach ceann de na táirgí sin.

(11) Chun sainiúlachtaí earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na blianta margaíochta a shocrú i gcás na dtáirgí sin.

(12) Chun na margaí a chobhsú agus chun caighdeán maireachtála cothrom a áirithiú don phobal talmhaíochta, forbraíodh córas difreáilte maidir le tacaíocht do phraghsanna sna hearnálacha éagsúla agus tugadh scéimeanna tacaíochta díreacha isteach, lena gcuirtear san áireamh na riachtanais éagsúla atá ag gach ceann de na hearnálacha sin ar thaobh amháin agus idirthuilleamaíocht na n-earnálacha éagsúla ar an taobh eile. Déantar na bearta sin i bhfoirm idirghabhála poiblí nó, de réir mar a bheidh, i bhfoirm cabhair a íoc i gcomhair stórála príobháidí. Is gá ann i gcónaí bearta tacaíochta praghsanna a choimeád ach iad a chuíchóiriú agus a shimpliú.

(13) Ba cheart na forálacha a chur faoi réir struchtúir choitinn, ar mhaithe le soiléireacht agus le trédhearcacht, ach ba cheart an beartas atá á chur i bhfeidhm i ngach earnáil a choinneáil. Chun na críche sin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir praghsanna tagartha agus praghsanna idirghabhála agus is iomchuí praghsanna idirghabhála a shainmhíniú chun a shoiléiriú nach gcomhfhreagraíonn ach praghsanna idirghabhála i gcomhair idirghabhála poiblí do na riarphraghsanna feidhmithe dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 8 d'Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Comhaontú maidir le Talmhaíocht na hEagraíochta Trádála Domhanda (i.e. tacaíocht maidir le bearna i bpraghsanna). Sa chomhthéacs seo ba cheart a thuiscint go bhféadtar idirghabháil mhargaidh a dhéanamh i bhfoirm idirghábhála poiblí chomh maith le foirmeacha eile idirghabhála nach n-úsáideann táscairí praghais a bunaíodh ex-ante.

(14) De réir mar is iomchuí do gach earnáil i bhfianaise an chleachtais agus na taithí ó CEManna roimhe seo, ba cheart an córas idirghabhála a bheith ar fáil le linn tréimhsí áirithe den bhliain agus ba cheart é a bheith ar oscailt le linn na tréimhse sin ar bhonn buan nó ba cheart é a oscailt ag brath ar phraghsanna margaidh.

(15) Leibhéal na bpraghsanna ar ar cheart ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí, i.e. tacaíocht maidir le bearna i bpraghsanna, ar phraghas socraithe i gcomhair cainníochtaí áirithe i gcás táirgí áirithe agus i gcásanna eile ag brath ar thairscint, agus an cleachtas agus an taithí ó CEManna roimhe seo á léiriú.

(16) Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an deis táirgí arna gceannach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt. Ba cheart bearta mar sin a dhéanamh ar bhealach nach suaitheann an margadh agus a áirithíonn go mbeidh rochtain chothrom ar earraí agus go gcaithfear go cothrom le ceannaitheoirí.

(17) Chun trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh sé a chinneadh cabhair a dheonú i gcomhair stórála príobháidí chun na críche an margadh a chothromú agus praghsanna an mhargaidh a chobhsú, agus staid an mhargaidh á cur san áireamh.

(18) Chun sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na ceanglais agus na coinníollacha a ghlacadh atá le comhlíonadh ag táirgí atá le ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí agus le stóráil faoi chóras na cabhrach i gcomhair stórála príobháidí, sa bhreis ar na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, agus i ndáil leis na méaduithe nó laghduithe praghais is infheidhme a ghlacadh chomh maith chun críche cáilíochta maidir le ceannach isteach agus díolacháin araon, agus i ndáil leis na forálacha a ghlacadh a bhaineann leis an oibleagáid ar na gníomhaireachtaí íocaíochta a chur faoi deara go ndíchnámhaítear an mhairteoil ar fad tar éis a glactha agus sula stórálfar í.

(19) Chun éagsúlacht na staideanna a bhaineann le stoic idirgabhála a stóráil san Aontas a chur san áireamh agus chun rochtain leordhothanach ar idirghábháil phoiblí a áirithiú le haghaidh oibreoirí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na ceanglais atá le comhlíonadh ag áiteanna stórála idirghabhála i gcomhair táirgí atá le ceannach isteach faoin gcóras, forálacha a bhaineann le cainníochtaí beaga a fhanann i stóras sna Ballstáit; agus rialacha le haghaidh cainníochtaí díola dhírigh nach féidir a athphacáistiú níos mó nó atá meathlaithe; agus rialacha áirithe maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as a gcóireáil maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoin CBT.

(20) Chun a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag stóráil phríobháideach ar an margadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le bearta chun an méid cabhrach atá le híoc a laghdú i gcás inar lú an chainníocht arna stóráil ná an chainníocht atá ar conradh; agus coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht.

(21) Chun cearta agus oibleagáidí oibreoirí a ghlacann páirt i mbearta idirghabhála poiblí nó stórála príobháidí a chosaint, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le forálacha a bhaineann le húsáid nósanna imeachta tairsceana; incháilitheacht oibreoirí; agus oibleagáid urrús a thaisceadh mar ráthaíocht.

(22) Chun cur i láthair na dtáirgí éagsúla a chaighdeánú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na socruithe idirghabhála margaidh i bhfoirm idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le scálaí an Aontais le haghaidh conablaigh a aicmiú in earnálacha na mairteola agus na laofheola, na muiceola agus na caoireola agus na feola gabhair.

(23) Chun cruinneas agus iontaofacht aicmiú conablach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm aicmiú na gconablach i mBallstáit ag Coiste de chuid an Aontais.

(24) An scéim atá ann faoi láthair chun bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas, scéim a glacadh faoin gcomhbheartas talmhaíochta, ba cheart rialachán ar leith a bheith ann di a ghlacfaí chun cuspóirí comhtháthaithe sóisialta na scéime a léiriú. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo ionas gur féidir táirgí, ar táirgí iad atá á gcoinneáil trí idirghabháil phoiblí, a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim.

(25) Ba cheart páistí a spreagadh torthaí agus glasraí agus táirgí bainne a ithe, trí mhéadú a dhéanamh go marthanach ar chion na dtáirgí sin i gcothú páistí nuair atá a nósanna itheacháin á bhfoirmiú. Ba cheart cabhair ón Aontas a chur chun cinn dá bhrí sin chun soláthar táirgí den sórt sin do pháistí i bhforais oideachais a mhaoiniú nó a chómhaoiniú.

(26) Chun bainistíocht bhuiséadach fhónta a áirithiú ar an scéim, ba cheart forálacha comhchuibhithe a bhunú. Níor cheart cabhair ón Aontas a úsáid in ionad chistiú aon scéime náisiúnta atá ann cheana. I bhfianaise na srianta buiséadacha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a úsáid in ionad a ranníocaíochtaí airgeadais féin do na scéimeanna. Ionas go mbeidh a scéim éifeachtach, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta tionlacain agus ba cheart na Ballstáit a údarú le cabhair náisiúnta a dheonú ina leith.

(27) Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn i measc páistí, chun a áirithiú go n-úsáidfear Cistí Eorpacha ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe agus chun feasacht faoin scéim a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis an scéim torthaí scoile maidir leis an méid seo a leanas: na táirgí nach bhfuil incháilithe don scéim sin; spriocghrúpa na scéime; na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha nach foláir do Bhallstáit a tharraingt suas chun leas a bhaint as an gcabhair, lena n-airítear na bearta tionlacain; roghnú agus formheas na n-iarratasóirí ar chabhair; critéir oibiachtúla le haghaidh leithdháileadh cabhrach i measc na mBallstát, leithdháileadh táscach cabhrach i measc na mBallstát agus an modh chun cabhair a ath-leithdháileadh i measc na mBallstát bunaithe ar iarratais a fuarthas; na costais atá incháilithe do chabhair, lena n-áirítear an deis uasteorainn fhoriomlán a leagan síos i gcomhair costas den sórt sin; agus a cheangal ar Bhallstáit atá páirteach inti poibliú a dhéanamh ar ról fóirdheonaithe na scéime.

(28) Chun an éabhlóid i bpatrúin tomhaltais táirgí déiríochta a chur san áireamh mar aon leis na nuálaíochtaí agus na forbairtí i margadh na dtáirgí déiríochta, chun a áirithiú go gcáilíonn na tairbhithe agus na hiarratasóirí iomchuí le haghaidh na cabhrach agus chun feasacht an phobail a ardú i leith na scéime cabhrach, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis an scéim bainne scoile maidir leis an méid seo a leanas: na táirgí atá incháilithe le haghaidh na scéime; na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha nach foláir do Bhallstáit a tharraingt suas chun leas a bhaint as an gcabhair agus spriocghrúpa na scéime; na coinníollacha maidir le cabhair a dheonú; urrús a thaisceadh lena ráthaítear an cur i gcrích i gcás ina réamhíoctar cabhair; faireachán agus meastóireacht; agus a cheangal ar fhorais oideachais ról fóirdheonaithe na scéime a phoibliú.

(29) Ní úsáidtear an scéim chabhrach le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí leannlusannna ach in aon Bhallstát amháin. Chun solúbthacht a chruthú agus chun an cur chuige san earnáil sin a chomhchuibhiú leis na hearnálacha eile, ba cheart deireadh a chur leis an scéim chabhrach, agus an deis a bheith ann tacaíocht a thabhairt do na heagraíochtaí táirgeoirí faoi bhearta forbartha tuaithe.

(30) Tá gá le maoiniú ón Aontas chun oibreoirí formheasta a spreagadh cláir oibre a tharraingt suas chun na críche cáilíocht táirgthe ola olóige agus ológ boird a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a fhoráil sa Rialachán seo go leithdháilfí tacaíocht ón Aontas de réir na dtosaíochtaí a thugtar do na gníomhaíochtaí a ghabhtar ar láimh laistigh de na cláir oibre faoi seach. Ba cheart gan tacaíocht a thabhairt ach do na gníomhaíochtaí is úsáidí áfach, agus ba cheart cómhaoiniú a thabhairt isteach chun cáilíocht clár den sórt sin a fheabhsú.

(31) Chun a áirithiú go mbainfidh an chabhair a sholáthraítear le haghaidh táirgeoirí ola olóige agus ológ boird a cuspóir amach, mar atá cáilíocht táirgthe ola olóige agus ólóg boird a fheabhsú, agus chun a áirithiú go n-urramóidh eagraíochtaí oibreoirí ola olóige agus ológ boird a n-oibleagáidí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na coinníollacha a bhaineann le heagraíochtaí oibreoirí a fhormheas chun críocha na scéime cabhrach, agus le formheas den sórt sin a chur ar fionraí nó a aistarraingt; na bearta atá incháilithe i gcomhair maoiniú ón Aontas; maoiniú ón Aontas a leithdháileadh ar bhearta áirithe; na gníomhaíochtaí agus costais nach bhfuil incháilithe i gcomhair maoiniú ón Aontas; agus cláir oibre a roghnú agus a fhormheas agus maidir le taisceadh urrús a bheith ina cheangal.

(32) Sa Rialachán seo déantar idirdhealú idir torthaí agus glasraí, lena n-áirítear torthaí agus glasraí atá beartaithe lena margú agus torthaí agus glasraí atá beartaithe lena bpróiseáil, ar thaobh amháin, agus torthaí agus glasraí próiseáilte, ar an taobh eile. Níl feidhm ag rialacha i dtaca le heagraíochtaí táirgeoirí, cláir oibriúcháin agus cúnamh airgeadais an Aontais ach amháin maidir le torthaí agus glasraí agus maidir le torthaí agus glasraí atá beartaithe le haghaidh próiseáil amháin.

(33) Tá sé deacair táirgeadh torthaí agus glasraí a thuar agus tá na táirgí meatach. Féadann barrachais theoranta fiú amháin an margadh a shuaitheadh go suntasach. Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhunú i gcomhair bainistiú géarchéimeanna agus ba cheart leanúint de na bearta sin a chomhtháthú le cláir oibriúcháin.

(34) Agus torthaí agus glasraí á dtáirgeadh agus á margú, ba cheart saincheisteanna comhshaoil a chur san áireamh ina n-iomláine, lena n-áirítear cleachtais saothraithe, bainistiú ábhar dramhaíola agus diúscairt táirgí a tharraingítear siar ón margadh, go háirithe maidir le cosaint cháilíocht an uisce agus cothabháil na bithéagsúlachta agus na tuaithe.

(35) Ba cheart tacaíocht i gcomhair bunú grúpaí táirgeoirí a thabhairt do gach earnáil i ngach Ballstát faoi bheartas forbartha tuaithe, mar sin de ba cheart deireadh a chur leis an tacaíocht shonrach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(36) Chun breis freagrachta a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí as a gcinntí airgeadais agus chun na hacmhainní poiblí a shanntar dóibh a dhíriú ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, ba cheart téarmaí a leagan amach maidir le húsáid na n-acmhainní sin. Is réiteach iomchuí é cómhaoiniú cistí oibriúcháin arna mbunú ag eagraíochtaí táirgeoirí. Ba cheart scóip bhreise a údarú do mhaoiniú i gcásanna áirithe. Níor cheart cistí oibriúcháin a úsáid ach amháin chun cláir oibriúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mhaoiniú. Chun caiteachas an Aontais a rialú, ba cheart uasteorainn a bheith ar chúnamh a dheonaítear d'eagraíochtaí táirgeoirí a bhunaíonn cistí oibriúcháin.

(37) I réigiúin inar lag eagrúchán an táirgthe in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ba cheart cead a thabhairt ranníocaíochtaí náisiúnta breise a dheonú. I gcás Ballstát atá faoi mhíbhuntáiste ar leith maidir le struchtúir, ba cheart don Aontas na ranníocaíochtaí sin a aisíoc.

(38) Chun tacaíocht éifeachtúil, spriocdhírithe agus inbhuanaithe a áirithiú do ghrúpaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, struchtúr agus ábhar creata náisiúnta agus straitéise náisiúnta; cúnamh airgeadais ón Aontas; bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú; agus cúnamh airgeadais náisiúnta.

(39) Tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta in earnáil an fhíona ar dóigh go neartóidh siad struchtúir iomaíocha. Cé gur cheart don Aontas na bearta sin a shainiú agus a mhaoiniú, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit an tsraith beart iomchuí a roghnú chun riachtanais a gcomhlachtaí réigiúnacha a shásamh, ag cur a dtréithe ar leith san áireamh, más gá, agus iad a chomhtháthú ina gcláir náisiúnta thacaíochta freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as na cláir sin a chur chun feidhme.

(40) Ba cheart cur chun cinn agus margú fhíonta an Aontais i dtríú tíortha a bheith ina eochairbheart ar leith atá incháilithe le haghaidh clár náisiúnta tacaíochta. Ba cheart leanúint de ghníomhaíochtaí athstruchtúraithe agus athchóirithe a chumhdach i ngeall ar a dtionchair struchtúracha dhearfacha ar earnáil an fhíona. Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil freisin d'infheistíochtaí in earnáil an fhíona ar infheistíochtaí iad atá dírithe ar fheidhmíocht eacnamaíoch na ngnóthas féin a fheabhsú. Ba cheart beart maidir le tacaíocht do dhriogadh fotháirgí a bheith ar fáil do Bhallstáit ar mian leo a leithéid d'ionstraim a úsáid chun cáilíocht an fhíona a áirithiú, agus an comhshaol a chaomhnú ag an am céanna.

(41) Ba cheart ionstraimí coisctheacha a bheith ann amhail árachas buainte, cistí frithpháirteacha agus glasbhuaint incháilithe chun tacaíocht a fháil faoi na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona chun cur chuige freagrach a spreagadh i gcás géarchéimeanna.

(42) Rinneadh foralácha cinntitheacha de na foralácha a chinn na Ballstáit maidir le tacaíocht do shaothraithe fíniúnacha trí theidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh. Dá bhrí sin, ní féidir aon tacaíocht den sórt sin a sholáthar ach amháin an tacaíocht chinneann Ballstáit faoin 1 Nollaig 2013 faoi Airteagal 137 de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach san fhoráil sin.

(43) Chun a áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na gclár tacaíochta fíona agus go n-úsáidtear cistí Eorpacha ar bhealach spriocdhírithe, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le: rialacha maidir leis an bhfreagracht as caiteachas idir an dáta a bhfaightear na cláir thacaíochta, agus a ndéantar leasuithe ar na cláir agus dáta a n-infheidhmeachta; rialacha maidir le critéir incháilitheachta beart tacaíochta, an saghas caiteachais agus na saghsanna oibríochtaí atá incháilithe chun tacaíocht a fháil; rialacha maidir le bearta nach bhfuil incháilithe chun tacaíocht a fháil agus an t-uasmhéid tacaíochta do gach beart; rialacha maidir le hathruithe ar chláir thacaíochta tar éis dóibh a bheith curtha i bhfeidhm; rialacha maidir le ceanglais agus tairseacha le haghaidh réamhíocaíochtaí, lena n-áirítear an ceanglas maidir le hurrús i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht; rialacha ina bhfuil forálacha agus sainmhínithe ginearálta chun críocha clár tacaíochta; rialacha chun mí-úsáid na mbeart tacaíochta agus cistiú dúbailte tionscadal a sheachaint; rialacha faoina n-aistarraingeoidh táirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta, eisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus forálacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí; rialacha lena leagtar síos na ceanglais ar na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na mbeart tacaíochta, chomh maith le srianta chun comhsheasmhacht le raon feidhme na mbeart tacaíochta a áirithiú; rialacha maidir le híocaíochtaí le tairbhithe, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéantar trí idirghabhálaithe árachais.

(44) Saintréith de chuid na beachaireachta is ea an éagsúlacht a bhaineann lena dálaí táirgthe agus leis an táirgeacht a fhaightear uaithi agus a scaipthe agus a éagsúla atá na hoibreoirí eacnamaíocha ag na céimeanna táirgthe agus margaíochta araon. Ina theannta sin, i bhfianaise leathadh na varróise i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas agus na bhfadhbanna a bhaineann do tháirgeadh meala de bharr an ghalair sin, tá sé fós riachtanach go ndéanfadh an tAontas gníomh ós rud é nach féidir an varróis a dhíothú ina hiomláine agus toisc nach mór táirgí formheasta a úsáid chun í a chóireáil. I bhfianaise na n-imthosca sin agus chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargaíocht táirgí beachadóireachta san Aontas, ba cheart cláir náisiúnta don earnáil a tharraingt suas gach trí bliana d'fhonn feabhas a chur ar na dálaí ginearálta a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht táirgí beachadóireachta. Ba cheart don Aontas na cláir náisiúnta sin a mhaoiniú i bpáirt.

(45) Lena áirithiú go n-úsáidfear cistí beachadóireachta an Aontais ar bhealach spriocdhírithe, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, maidir leis an méid seo a leanas: na bearta is féidir a áireamh i gcláir bheachadóireachta, rialacha maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le hábhar na gclár náisiúnta, a dtarraingt suas agus staidéir a bhaineann leo; agus na coinníollacha maidir le leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais ar gach Ballstát rannpháirteach.

(46) Ba cheart cabhair ón Aontas do thógáil seiriceán a dhíchúpláil isteach i gcóras na n-íocaíochtaí díreacha de réir an chur chuige a leanadh maidir le cúnamh in earnálacha eile.

(47) An cúnamh le haghaidh bainne bhearrtha agus púdair bhainne bhearrtha a táirgeadh san Aontas lena n-úsáid mar ábhar beatha agus le próiseáil chun cáiséin agus cáiséanáití a dhéanamh de, ní raibh sé éifeachtach mar thacaíocht don mhargadh agus ba cheart deireadh a chur leis dá bhrí sin, maille leis na rialacha maidir le húsáid cáiséine agus cáiséanáití i monarú cáise.

(48) Nuair a chuirtear caighdeáin i bhfeidhm maidir le margaíocht táirgí talmhaíochta féadfaidh siad cuidiú na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú don táirgeadh agus don mhargaíocht chomh maith le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú. Dá bhrí sin, bheadh sé chun leasa na dtáirgeoirí, na dtrádálaithe agus na dtomhaltóirí a leithéid de chaighdeáin a chur i bhfeidhm.

(49) Tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta [15] agus díospóireachtaí ina dhiaidh sin, meastar gurb iomchuí caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha nó táirgí a choimeád, chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun cuidiú na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta, chomh maith lena gcáilíocht.

(50) Chun a ráthú go bhfuil gach táirge de cháilíocht shlán chóir agus indíolta, agus gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia [16], ba cheart bunchaighdeán ginearálta margaíochta, mar atá beartaithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dá dtagraítear thuas, a bheith iomchuí do tháirgí nach bhfuil cumhdaithe ag caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge. Nuair a chomhlíonann na táirgí sin caighdeán idirnáisiúnta infheidhme, de réir mar is iomchuí, ba cheart glacadh leis na táirgí sin mar tháirgí a chomhlíonann an caighdeán ginearálta margaíochta.

(51) I gcás roinnt earnálacha agus/nó táirgí, eilimintí tábhachtacha is ea sainmhínithe, sonrúcháin agus/nó tuairiscí díolacháin chun dálaí iomaíochta a chinneadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin a leagan síos d'earnálacha áirithe agus/nó táirgí, nár cheart iad a úsáid ach amháin san Aontas chun táirgí a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha a mhargú.

(52) Ba cheart forálacha de chineál cothrománach a bhunú maidir le caighdeáin mhargaíochta.

(53) Ba cheart caighdeáin mhargaíochta a bheith infheidhme ionas gur féidir táirgí de cháilíocht chaighdeánaithe shásúil a sholáthar don mhargadh agus ba cheart iad a bheith ag baint go háirithe, le sainmhínithe, grádú in aicmí, cur i láthair agus lipéadú, pacáistiú, modh táirgthe, leasú, iompar, faisnéis faoi tháirgeoirí, ábhar substaintí áirithe, doiciméid ghaolmhara riaracháin, stóráil, deimhniúcháin agus teorainneacha ama.

(54) Ag cur san áireamh leas na dtomhaltóir i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, ba cheart a bheith in ann an áit feirmeoireachta a chinneadh, ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, ach sainiúlachtaí earnálacha áirithe a chur san áireamh, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte.

(55) Ba cheart feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta maidir leis na táirgí talmhaíochta uile a chuirtear ar an margadh san Aontas.

(56) Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha speisialta i ndáil le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha má tá forálacha i bhfeidhm i dtríú tíortha a thugann údar le maoluithe ó chaighdeáin mhargaíochta agus má thugtar ráthaíocht go bhfuil siad comhionann le reachtaíocht an Aontais.

(57) Is iomchuí an deis a thabhairt isteach i gcomhair na mBallstát rialacha náisiúnta áirithe a choimeád nó a ghlacadh maidir le leibhéil cháilíochta i ndáil le saillte inleata.

(58) Chun aghaidh a thabhairt ar athruithe i staid an mhargaidh, agus sainiúlacht gach earnála á cur san áireamh aige, ba cheart an chumhacht gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith gníomhartha chun ceanglais a bhaineann leis an gcaighdeán margaíochta ginearálta, agus rialacha a bhaineann le comhlíonadh an chaighdeáin sin, a ghlacadh, a mhodhnú agus a mhaolú.

(59) Chun ionchais tomhaltóirí a chur san áireamh agus chun cuidiú le dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú agus chun iad a chur in oiriúint do na dálaí margaidh atá ag síorathrú agus do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, chun forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh agus chun ascnamh teicniúil a chur san áireamh agus ionas nach gcruthófar constaicí i nuálaíocht táirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le caighdeáin mhargaíochta a ghlacadh de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim den mhargaíocht, chomh maith le maoluithe agus díolúintí i dtaobh chur i bhfeidhm na gcaighdeán sin agus maidir le leasú, maolú nó díolúine is gá i leith sainmhínithe agus tuairiscí díolacháin.

(60) Chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme i gceart agus go trédhearcach rialacha náisiúnta le haghaidh táirgí agus/nó earnálacha áirithe maidir le caighdeáin mhargaíochta, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le coinníollacha a bhunú le haghaidh caighdeáin mhargaíochta den sórt sin a chur i bhfeidhm chomh maith leis na coinníollacha le haghaidh na táirgí arna bhfáil ó na cleachtais thurgnamhacha a choimeád, a chur i gcursaíocht agus a úsáid.

(61) Chun na sainiúlachtaí i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe, cineál speisialta roinnt táirgí talmhaíochta agus sainiúlacht gach earnála a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le lamháltas le haghaidh gach caighdeáin mhargaíochta agus os cionn an lamháltais sin ba cheart a mheas nach n-urramaíonn baisc na dtáirgí ina hiomláine an caighdeán agus i ndáil le rialacha lena sainítear na coinníollacha faoina measfar go comhlíonann táirgí allmhairithe, go leibhéal coibhéiseach, na ceanglais de chuid an Aontais a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta agus lena n-údarófar bearta a dhéanfaidh maolú ó na rialacha nach margófaí táirgí san Aontas ach amháin i gcomhréir le caighdeáin den sórt sin agus na rialacha a chinneadh a bhaineann leis na caighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

(62) Tá coincheap na bhfíonta d'ardchaighdeán san Aontas bunaithe ar, inter alia, na saintréithe sonracha inchurtha i leith thionscnamh geografach an fhíona sin. Aithnítear na fíonta sin do na tomhaltóirí trí shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint. Ionas go mbeidh creat trédhearcach agus níos mionléirithe mar chranntaca don cháilíocht a mhaíonn na táirgí lena mbaineann, ba cheart córas a bhunú ina ndéantar iarratais ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach a scrúdú i gcomhréir leis an gcur chuige a leantar de réir bheartas cáilíochta cothrománach an Aontais, ar beartas é is infheidhme maidir le bia-ábhair nach fíon nó biotáillí iad i Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chosaint i gcomhair táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar [17].

(63) Chun na tréithe cáilíochta ar leith a chaomhnú atá ag fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach, ba cheart Ballstáit a údarú rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ina leith sin.

(64) Chun cáiliú do chosaint san Aontas, ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair fíona a aithint agus a chlárú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le rialacha nós imeachta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

(65) Ba cheart cosaint a bheith ar fáil do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha tríú tíortha i gcás ina bhfuil siad faoi chosaint ina dtír thionscnaimh.

(66) Ba cheart, de bharr an nós imeachta clárúcháin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige i mBallstát nó i dtríú tír a bheith in ann a chearta a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt i dtaobh a agóidí.

(67) Ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá cláraithe a chosaint ar úsáidí a bhaineann leas míchuí as clú na dtáirgí a chomhlíonann na coinníollacha. Chun iomaíocht chothrom a chur chun cinn agus ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart an chosaint sin a bheith ag táirgí agus ag seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, lena n-áirítear na cinn nach bhfuil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

(68) Chun cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil lena cheadú ainm cineáil fíonchaor a úsáid cé gur sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint é nó cé go bhfuil sonrúchán nó tásc den sórt sin mar chuid de.

(69) Chun sainiúlachtaí an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, chun cáilíocht agus inrianaitheacht táirgí a áirithiú agus chun cearta nó leasanna dlisteanacha táirgeoirí nó oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na prionsabail a bhaineann le críochú an limistéir gheografaigh, agus sainmhínithe, srianta agus maoluithe a bhaineann leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe; i ndáil leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh ceanglais bhreise a bheith ar áireamh i sonraíochtaí táirgí; agus i ndáil le heilimintí na sonraíochta táirge; an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh; na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó taisc gheografaigh, lena n-áirítear maidir le réamh-nósanna imeachta náisiúnta, grinnscrúdú ag an gCoimisiún, nósanna imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint; na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann; nósanna imeachta i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír; an dáta a dtosóidh an chosaint; na nósanna imeachta a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí; agus an dáta a dtiocfaidh leasú i bhfeidhm.

(70) Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú agus chun a áirithiú nach ndéantar dochar d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla de dheasca chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le srianta ar an ainm faoi chosaint a ghlacadh agus maidir le forálacha idirthréimhseacha i ndáil le: ainmneacha fíonta atá aitheanta ag Ballstáit mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha faoin 1 Lúnasa 2009; réamh-nós imeachta náisiúnta; fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadadh roimh dháta sonrach; agus leasuithe ar na sonraíochtaí táirgí.

(71) Úsáidtear téarmaí áirithe go traidisiúnta san Aontas agus tugann siad faisnéis do na tomhaltóirí faoi thréithe ar leith agus faoi cháilíocht na bhfíonta lena gcomhlánaítear an fhaisnéis a thugtar sna sonrúcháin tionscnaimh agus sna tásca geografacha. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíocht chothrom a áirithiú agus ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart na téarmaí traidisiúnta sin a bheith incháilithe chun cosaint a fháil san Aontas.

(72) Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, chun cearta nó leasanna dlisteanacha táirgeoirí nó oibreoirí a áirithiú agus chun na sainiúlachtaí i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le forálacha maidir le teanga agus litriú téarma traidisiúnta atá le cosaint; maidir le sainiú an chineáil iarratasóirí a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta; na coinníollacha bailíochta a bhaineann le hiarratas ar aitheantas do théarma traidisiúnta; na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais atá beartaithe do théarma traidisiúnta; raon feidhme na cosanta, lena n-áirítear an gaol le trádmhairc, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor; na forais le téarma traidisiúnta a chur ar ceal; an dáta a gcuirfear iarratas nó iarraidh isteach; na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma thraidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú ag an gCoimisiún, nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú agus i ndáil leis na coinníollacha faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus foráil a dhéanamh maidir le maoluithe gaolmhara.

(73) Is féidir le tuairisc, sonrúchán agus cur i láthair táirgí de chuid earnáil an fhíona, atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, tionchar suntasach a imirt ar indíoltacht na dtáirgí sin. D'fhéadfadh difríochtaí idir dlíthe na mBallstát maidir le lipéadú táirgí fíona bac a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart dá bhrí sin rialacha a leagan síos ina gcuirtear san áireamh leasa dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí. Ar an ábhar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha de chuid an Aontais i dtaca le lipéadú.

(74) Chun a a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana agus rialacha cothrománacha maidir le lipéadú agus cur i láthair, agus chun sainiúlachtaí earnáil an fhíona a chur san áireamh; chun éifeachtúlacht a áirithiú i dtaobh na nósanna imeachta maidir le deimhniú, formheas agus fíorú, agus chun a áirithiú nach ndéanfar dochar do leasanna dlisteancha oibreoirí agus oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le tosca eisceachtúla ina bhfuil údar leis gan tagairt a dhéanamh do na téarmaí 'sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint' nó 'tásc geografach faoi chosaint'; i ndáil le cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo; sonraí éigeantacha áirithe; sonraí roghnacha; agus cur i láthair ; i ndáil leis na bearta is gá maidir le lipéadú agus cur i láthair fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, ar fíonta iad a gcomhlíonann a sonrúcháin tionscnaimh nó a dtásca geografacha na ceanglais is gá; i ndáil le fíon a cuireadh ar an margadh agus a lipéadaíodh roimh 1 Lúnasa 2009; agus i ndáil le maoluithe ar lipéadú agus ar chur i láthair.

(75) Ba cheart forálacha maidir le fíon a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích faoi Airteagal 218 den Chonradh.

(76) Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le haicmiú cineálacha fíonchaor, agus de réir na rialacha sin leanfaidh Ballstáit a tháirgeann níos mó ná 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana de bheith freagrach as aicmiú na gcineálacha fíonchaor ónar féidir fíon a dhéanamh ina gcríocha. Ba cheart cineálacha áirithe fíonchaor a eisiamh.

(77) Is iomchuí cleachtais fhíoneolaíocha áirithe agus srianta áirithe a chinneadh i gcás táirgthe fíona, lena n-áirítear go háirithe i ndáil le cumasc agus úsáid cineálacha áirithe úrfhíona fíonchaor, sú fíonchaor agus fíonchaor úr de thionscnamh tríú tíortha. Chun na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, i gcás cleachtas fíoneolaíochta breise, ba cheart, mar riail ghinearálta, na cleachtais fíoneolaíochta atá molta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV) a bheith mar bhonn ag an gCoimisiún.

(78) I gcás earnáil an fhíona, ba cheart na Ballstáit a údarú teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíochta áirithe nó iad a eisiamh agus srianta níos déine a choimeád i gcás fíonta a tháirgtear ina gcríocha, chomh maith lena ceadú go n-úsáidfear ar bhonn turgnamhach cleachtais fíoneolaíochta neamhúdaraithe faoi choinníollacha atá le sainiú.

(79) Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal sásúil inrianaitheachta do na tairgí lena mbaineann, go háirithe ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ba cheart a fhoráil go mbeidh doiciméad tionlacain ag gabháil le táirgí uile earnáil an fhíona atá cumhdaithe ag an Rialachán seo agus iad ag cúrsáil laistigh den Aontas.

(80) Chun na deiseanna fíonsaothrúcháin a bhainistiú níos fearr ba cheart do na Ballstáit fardal a n-acmhainneachta táirgthe, bunaithe ar an gclár fíonghort, a chur i bhfios don Choimisiún. Chun na Ballstáit a spreagadh chun an fardal a chur in iúl, tá an tacaíocht d'athstruchtúrú agus d'athchóiriú teoranta do na Ballstáit sin a chuir an fardal in iúl.

(81) Chun a éascú do Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgthe agus í a fhíorú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le raon feidhme agus ábhar an chláir fíonghort agus i ndáil le díolúintí.

(82) Chun iompar táirgí fíona agus fíorú an iompair sin ag Ballstáit a éascú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh, úsáid an doiciméid agus díolúintí ón oibleagáid doiciméad den sórt sin a úsáid; na coinníollacha a leagan síos faoina measfar go bhfuil sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha faoi chosaint deimhnithe ag doiciméad faoi iamh; oibleagáid a leagan síos clár a choimeád; a shonrú cé a choimeádfaidh clár agus díolúintí ón oibleagáid clár a choimeád; na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár a shonrú; agus rialacha a leagan síos maidir le húsáid doiciméad faoi iamh agus clár.

(83) Beidh ionstraimí sonracha ag teastáil fós agus deireadh tagtha leis an gcóras cuóta chun cothroime ceart agus oibleagáidí a áirithiú idir gnóthais siúcra agus saothraithe biatais siúcra. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha caighdeánacha lena rialaítear comhaontuithe eatarthu a bhunú.

(84) Chun sainiúlachtaí earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus chun a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le comhaontuithe den sórt sin, go háirithe maidir leis na coinníollacha lena rialaítear ceannach biatais, a sheachadadh, a ghabháil ar láimh agus íocaíocht as.

(85) Is féidir ról fónta a bheith ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag a gcomhlachais maidir leis an soláthar a chomhchruinniú agus dea-chleachtais a chur chun cinn. Féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe ról tábhachtach a bheith acu maidir le hidirphlé a cheadú gníomhairí i slabhra soláthair agus i ndea-chleachtais agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn. Dá bhrí sin, na rialacha atá ann faoi láthair maidir le sainiú agus aitheantas eagraíochtaí den sórt sin agus a gcomhlachas lena gcumhdaítear earnálacha áirithe, ba cheart iad a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shíneadh chun foráil a dhéanamh maidir le haitheantas arna iarraidh sin faoi reachtanna atá leagtha amach i ndlí an AE i ngach earnáil.

(86) Na forálacha atá ann faoi láthair in earnálacha éagsúla, ar forálacha iad lena méadaítear tionchar eagraíochtaí táirgeoirí, a gcomhlachas agus eagraíochtaí idirchraoibhe trína cheadú do Bhallstáit, i ndálaí áirithe, rialacha áirithe d'eagraíochtaí den sórt sin a shíneadh go hoibreoirí nach baill iad, is léir go bhfuil siad éifeachtach agus ba cheart iad a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shíneadh go gach earnáil.

(87) Maidir le plandaí beo, mairteoil agus laofheoil, muiceoil, caoireoil agus feoil ghabhair, uibheacha agus feoil éanlaithe clóis, ba cheart a fhoráil go bhféadfaí bearta áirithe a ghlacadh chun oiriúnú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chuidiú chun na margaí a chobhsú agus caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta lena mbaineann.

(88) Chun eagraíochtaí táirgeoirí, a gcomhlachais agus eagraíochtaí idirchraoibhe a spreagadh chun gníomhaíochta maidir leis an soláthar a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh, amach ó ghníomhaíocht a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, maidir le bearta a bhaineann le hearnálacha na bplandaí beo, na mairteola agus na laofheola, na muiceola, na caoireola agus na feola gabhair, na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis chun cáilíocht a fheabhsú; chun eagrú feabhsaithe an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta a chothú; chun taifeadadh treochtaí i bpraghsanna an mhargaidh a éascú; agus chun a cheadú réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bhunú ar bhonn na modhanna táirgthe a úsáideadh.

(89) Chun feidhmiú an fhíonmhargaidh a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a bheith ábalta cinntí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirchraoibhe a chur chun feidhme. Ba cheart cleachtais a d'fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh go mór a bheith ar eisiamh ó raon feidhme na gcinntí sin, áfach.

(90) In éagmais reachtaíochta de chuid an Aontais maidir le conarthaí scríofa agus curtha ar bhonn foirmiúil, féadfaidh Ballstáit, laistigh dá gcoráis dlí féin i leith conarthaí, a cheangal go mbeidh úsáid na gconarthaí sin éigeantach ar choinníoll go n-urramofaí dlí an Aontais leo agus go háirithe go n-urramofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht an mhargaidh. I bhfianaise éagsúlacht na gcásanna ar fud an Aontais, agus chun leasa na coimhdeachta, ba cheart an cinneadh sin a bheith faoi na Ballstáit. Chun íoschaighdeáin iomchuí a áirithiú do na conarthaí sin in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, áfach, mar aon le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí, ba cheart roinnt coinníollacha bunúsacha a leagan síos ar leibhéal an AE maidir le húsáid na gconarthaí sin. Ós rud é go bhféadfadh sé go bhfuil rialacha leis an éifeacht chéanna ag comharchumainn déiríochta áirithe ina reachtanna, ba cheart iad a dhíolmhú ón gceanglas maidir le conarthaí ar mhaithe le simplíocht. Chun a áirithiú go mbeidh aon chóras den sórt sin éifeachtach, ba cheart é a bheith infheidhme mar an gcéanna i gcás ina mbailíonn páirtithe idirmheánacha bainne ó fheirmeoirí lena sheachadadh chuig lucht próiseála.

(91) Chun a áirithiú go ndéanfar táirgeadh a fhorbairt ar bhealach réasúnach agus sa dóigh sin caighdeán réasúnta maireachtála a áirithiú d'fheirmeoirí déiríochta, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh próiseálaithe a neartú agus ba cheart leithdháileadh níos cothroime ar an mbreisluach feadh an tslabhra soláthair a bheith mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, chun na cuspoirí sin de chuid an CBT a bhaint amach, ba cheart foráil a ghlacadh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh chun a cheadú d'eagraíochtaí táirgeoirí comhdhéanta d'fheirmeoirí déiríochta nó dá gcomhlachais, téarmaí conartha, lena n-áirítear praghas, a chaibidil go comhpháirteach i gcomhair tháirgeadh a mball ar fad nó cuid díobh le déirí. Chun iomaíocht éifeachtach sa mhargadh déiríochta a choimeád, ba cheart an deis seo a bheith faoi réir srianta iomchuí cainníochtúla.

(92) Beart dian is ea clárú gach conartha soláthair a bhaineann le leannlusanna arna dtáirgeadh san Aontas agus ba cheart deireadh a chur leis.

(93) Chun a áirithiú go bhfuil cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe agus eagraíochtaí oibreoirí sainithe go soiléir chun cur le héifeachtacht a ngníomhaíochtaí, chun sainiúlachtaí gach earnála a chur san áireamh, agus chun a áirithiú go n-urramaítear iomaíocht agus go bhfeidhmíonn an eagraíocht chómhargaidh go maith, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le rialacha maidir leis an méid seo a leanas: na cuspóirí sonracha a fhéadfaidh eagraíochtaí agus comhlachais dá leithéidí a shaothrú, na cuspóirí a shaothróidh siad nó na cuspóirí nach saothróidh siad, lena n-áirítear maoluithe orthu sin atá liostaithe sa Rialachán seo; rialacha comhlachais, aitheantas, struchtúr, pearsantacht dhlítheanach, ballraíocht, méid, cuntasacht agus gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachais dá leithéidí, agus na héifeachtaí a thagann as aitheantas, tarraingt siar aitheantas agus cumaisc; eagraíochtaí agus comhlachais thrasnáisiúnta; an seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus soláthar acmhainní teicniúla a dhéanann eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí; an méid nó luach íosta de tháirgeacht indíolta eagraíochta táirgeoirí; rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí a shíneadh go táirgeoirí nach baill iad agus íocaíocht éigeantach síntiús ag táirgeoirí nach baill iad, lena n-áirítear liosta de rialacha táirgthe atá níos déine is féidir a shíneadh, tuilleadh ceanglas maidir le hionadaíochas, na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear grinnscrúdú ar a sainiú ag an gCoimisiún, tréimhsí íosta lenar cheart na rialacha bheith i bhfeidhm sula sínfí iad, na daoine nó na heagraíochtaí is féidir na rialacha nó na ranníocaíochtaí a chur i bhfeidhm orthu, agus na himthosca inar féidir leis an gCoimisiún a éileamh go ndéanfaí síneadh na rialacha nó na ranníocaíochtaí éigeantacha a shéanadh nó a aistarraingt.

(94) Ós rud é go bhfuil margadh aonair ann ní mór córas trádála a bheith ann ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin agus aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a bheith ina gcuid den chóras trádála sin agus ba cheart, i bprionsabal, go gcobhsódh sé margadh an Aontais. Ba cheart an córas trádála a bheith bunaithe ar na gealltanais ar glacadh leo faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála agus i gcomhaontuithe déthaobhacha.

(95) Is é an rud is tábhachtaí maidir le faireachán sreabha tráchtála bainistiú a dhéanamh ar bhealach solúbtha. Ba cheart an cinneadh a dhéanamh faoi cheanglais cheadúnaithe a thabhairt isteach ag cur san áireamh an gá atá le ceadúnais ó thaobh bhainistiú na margaí lena mbaineann agus, go háirithe, chun faireachán a dhéanamh ar allmhairiú nó ar onnmhairiú na dtáirgí atá i gceist.

(96) Chun forás na trádála agus forbairtí an mhargaidh agus riachtanais na margaí lena mbaineann a chur san áireamh agus nuair is gá sin chun faireachán a dhéanamh ar allmhairiú agus onnmhairiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis an liosta de tháirgí earnálacha atá faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh; agus na cásanna agus na staideanna nach bhfuil sé de cheangal iontu ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh.

(97) Chun eilimintí chóras na gceadúnas a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le gníomhartha chun an méid seo a leanas a dhéanamh: na cearta agus na hoibleagáidí a thagann ón gceadúnas agus éifeachtaí dlíthiúla an cheadúnais a shainiú, lena n-áirítear an deis lamháltas a bheith ann maidir leis an oibleagáid allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a urramú, agus sonrú an tionscnaimh agus na foinse nuair is éigeantach sin; foráil a dhéanamh go mbeidh eisiúint ceadúnais allmhairiúcháin nó scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta faoi réir tíolacadh doiciméid arna eisiúint ag tríú tír nó ag eintiteas lena ndeimhnítear, inter alia, tionscnamh, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí; na rialacha is infheidhme a ghlacadh maidir le haistriú an cheadúnais nó, nuair is gá, na srianta ar an aistriú sin; na rialacha is gá a ghlacadh i gcomhair iontaofacht agus éifeachtúlacht chóras na gceadúnas agus i gcomhair na gcásanna inar gá cúnamh sonrach riaracháin idir Bhallstáit chun calaois nó neamhrialtachtaí a chosc nó chun déileáil leo; agus na cásanna agus na himthosca a chinneadh a bhfuil sé de cheangal iontu nó nach bhfuil sé de cheangal iontu urrús a thaisceadh lena ráthaítear go ndéanfar na táirgí a allmhairiú nó a onnmhairiú laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais.

(98) Tá eilimintí riachtanacha na ndleachtanna custaim is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, lena léirítear comhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála, leagtha síos sa Chomhtharaif Chustaim. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún bearta a ghlacadh chun dleachtanna allmhairiúcháin a ríomh go mionsonraithe de bhun na n-eilimintí riachtanacha sin.

(99) Ba cheart dleacht bhreise a bheith iníoctha i gcás allmhairiú táirgí áirithe talmhaíochta, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, chun cosc a chur ar na tionchair dhíobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí de na táirgí dá leithéid ar mhargadh an Aontais nó le dul i ngleic leis na tionchair sin.

(100) Chun éifeachtúlacht chóras an phraghais iontrála a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le foráil a dhéanamh maidir leis an luach custaim a sheiceáil i gcoinne luacha eile seachas an praghas aonaid.

(101) Is iomchuí, faoi choinníollacha áirithe, cuótaí taraifí allmhairiúcháin a oscailt agus a riar, ar cuótaí taraifí iad a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir leis an gConradh nó ó ghníomhartha eile.

(102) Chun rochtain chothrom a áirithiú ar na cainníochtaí atá ar fáil, ar chur i bhfeidhm na gcomhaontuithe, ar ghealltanais agus ar chearta an Aontais, agus chun cóir chomhionann d'oibreoirí a áirithiú laistigh den chuóta taraife allmhairiúcháin, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le gníomhartha chun an méid seo a leanas a dhéanamh: na coinníollacha agus na ceanglais cháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den chuóta taraife allmhairiúcháin; forálacha a ghlacadh maidir le cearta a aistriú idir oibreoirí agus nuair is gá na teorainneacha le haistriú laistigh de bhainistiú an chuóta taraife allmhairiúcháin; rannpháirtíocht sa chuóta taraife allmhairiúcháin a chur faoi réir urrús a thaisceadh; na forálacha go léir is gá a ghlacadh i dtaca le haon saintréithe, riachtanais nó srianta is infheidhme maidir leis an gcuóta taraife arna leagan amach sa chomhaontú idirnáisiúnta nó i ngníomh eile lena mbaineann.

(103) I gcásanna áirithe féadfar leas a bhaint as cóireáil speisialta allmhairiúcháin do tháirgí talmhaíochta i dtríú tíortha má chomhlíonann na táirgí sonraíochtaí áirithe agus/nó coinníollacha maidir le praghsanna. Ní mór comhar riaracháin a bheith ann idir údaráis na tríú tíre allmhairiúcháin agus an tAontas lena áirithiú go gcuirfear an córas sin i bhfeidhm i gceart. Chuige sin, ba cheart deimhniú arna eisiúint san Aontas a bheith in éineacht leis na táirgí.

(104) Chun a áirithiú go bhféadfadh táirgí onnmhairithe tairbhiú de chóir speisialta ar a n-allmhairiú isteach i dtríú tír má urramaítear coinníollacha áirithe, i gcomhréir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil lena cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin agus tar éis seiceálacha iomchuí, doiciméad a eisiúint lena ndeimhnítear go bhfuil na coinníollacha comhlíonta.

(105) Is féidir gach beart cosanta eile ag teorainneacha seachtracha an Aontais a ligean thar ceal de bharr an chórais dleachta custaim atá ann anois. D’fhéadfadh sé tarlú in imthosca eisceachtúla nár leormhaith an margadh inmheánach agus an mheicníocht dleachta. Ba cheart é a bheith ar chumas an Aontais gach beart atá riachtanach a chur i bhfeidhm go tapa sna cásanna sin i dtreo is nach mbeadh margadh an Aontais gan cosaint in aghaidh suaitheadh a d'fheadfadh a leanúint astu. Ba cheart do na bearta sin gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh.

(106) Ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí cosc a chur le socruithe próiseála isteach agus amach. B’iomchuí, dá bhrí sin, go mbeifí ábalta úsáid socruithe próiseála amach agus isteach a chur ar fionraí sna cásanna sin.

(107) Forálacha maidir le haisíocaíochtaí a thabhairt ar onnmhairithe do thríú tíortha, ar forálacha iad atá bunaithe ar an difríocht idir praghsanna laistigh den Aontas agus ar mhargadh an domhain, agus a thagann faoi réim na dteorainneacha atá leagtha síos sna gealltanais a tugadh san EDT, ba cheart dóibh rannpháirteachas an Aontais a chosaint i dtrádáil idirnáisiúnta i dtáirgí áirithe a thagann faoi réim an Rialacháin seo. Ba cheart onnmhairithe a dtugtar fóirdheontais dóibh a bheith faoi réir teorainneacha ó thaobh luacha agus cainníochta de.

(108) Ba cheart comhlíonadh na dteorainneacha luacha a áirithiú nuair atá na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin á socrú trí fhaireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí faoi na rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta. Is féidir an faireachán a éascú trí na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a shocrú go héigeantach roimh ré, agus an deis a cheadú fós, i gcás aisíocaíochtaí difreáilte, an ceann scríbe sonraithe a athrú laistigh de limistéar geografach áirithe a bhfuil feidhm ag ráta aisíocaíochta onnmhairiúcháin aonair maidir leis. Ba cheart an aisíocaíocht onnmhairiúcháin is infheidhme maidir leis an gceann scríbe iarbhír a íoc nuair a athraítear ceann scríbe, agus an uasteorainn don mhéid is infheidhme maidir leis an gceann scríbe a shocrú roimh ré.

(109) Ba cheart córas faireacháin atá iontaofa agus éifeachtach a úsáid lena áirithiú go gcomhlíontar na teorainneacha cainníochta. Chuige sin ba cheart ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith tugtha sula ndeonaítear aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin. Ba cheart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú suas go dtí na teorainneacha atá ar fáil ag brath ar chás faoi leith gach táirge atá i gceist. Ní ceart eisceachtaí a dhéanamh maidir leis an riail sin ach amháin i gcás táirgí próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, agus nach bhfuil feidhm ag teorainneacha méide maidir leo. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar chomhlíonadh docht na rialacha bainistithe i gcás nach dócha go sáróidh na honnmhairithe sin a bhfuil aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ag dul leo an chainníocht atá leagtha síos.

(110) I gcás onnmhairiú bó-ainmhithe beo, ba cheart foráil a dhéanamh nach ndéanfar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú agus a íoc ach amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar forálacha reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe agus go háirithe na forálacha sin a bhaineann le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar.

(111) Chun comhionannas rochtana a áirithiú ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin d'onnmhaireoirí táirgí talmhaíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le rialacha áirithe le haghaidh táirgí talmhaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgí arna n-onnmhairiú i bhfoirm earraí próiseáilte.

(112) Chun onnmhaireoirí a spreagadh chun dálaí leasa ainmhithe a urramú agus na húdaráis inniúla a chumasú chun caiteachas ceart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fhíorú i gcás ina bhfuil sé sin ag brath ar cheanglais maidir le leas ainmhithe a urramú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le ceanglais leasa ainmhithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear tríú páirtithe neamhspleácha a úsáid.

(113) Chun a áirithiú go n-urramóidh oibreoirí a n-oibleagáidí agus iad ag glacadh páirte i nósanna imeachta tairsceana, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le sannú an phríomhcheanglais maidir le hurrúis ceadúnais a scaoileadh i gcás aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar cuireadh tairiscintí isteach ina leith.

(114) Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis a laghdú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le gníomhartha chun tairsí a shocrú nach mbeidh gá leis an oibleagáid ceadúnas onnmhairiúcháin a sholáthar faoina mbun, chun cinn scríbe nó oibríochtaí a ainmniú inar féidir údar maith a thabhairt maidir le díolúine ón oibleagáid ceadúnas onnmhairiúcháin a thíolacadh agus chun deonú ex-post ceadúnas onnmhairiúcháin a cheadú i staideanna ina bhfuil údar maith leis.

(115) Chun déileáil le cásanna praiticiúla ina bhfuil údar maith le cáilitheacht iomlán nó pháirteach chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil, agus chun cuidiú le hoibreoirí dul tríd an tréimhse idir an t-iarratas ar aisíocaíocht onnmhairiúcháin agus íocaíocht dheireanach na haisíocaíochta onnmhairiúcháin, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas: dáta eile don aisíocaíocht; na hiarmhairtí maidir le híocaíocht na haisíocaíochta onnmhairiúcháin nuair nach bhfuil an cód táirge nó an ceann scríbe luaite ar cheadúnas ag teacht leis an táirge nó an ceann scríbe iarbhír; réamhíocaíocht aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin lena n-áirítear na coinníollacha maidir le hurrús a thaisceadh agus a scaoileadh; seiceálacha agus cruthúnas i gcás amhras faoi cheann scríbe fírinneach táirgí, lena n-áirítear an deis na táirgí a ath-allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais; cinn scríbe a ndéileáiltear leo mar onnmhairithe ón Aontas, agus cinn scríbe laistigh de chríoch chustaim an Aontais a áireamh atá cáilithe chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil.

(116) Chun a áirithiú go n-onnmhairítear táirgí a bhfuil aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ag dul leo ó chríoch chustaim an Aontais agus chun a áirithiú nach dtagann siad ar ais go dtí an chríoch sin, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú d'oibreoirí trí chruthúnas a ghiniúint agus a chur isteach gur shroich táirgí aisíocaíochta tír chinn scríbe le haghaidh aisíocaíochtaí difreáilte, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas: an teorainn ama nach mór an imeacht ó chríoch chustaim an Aontais a thabhairt chun críche fúithi, lena n-áirítear an t-am i gcomhair athiontrála sealadaí; an phróiseáil a fhéadfar a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ag dul leo i rith na tréimhse sin; an cruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe le haghaidh aisíocaíochtaí difreáilte; na tairsí agus na coinníollacha aisíocaíochta faoina bhféadfar díolúine ón gcruthúnas sin a thabhairt d'onnmhaireoirí; agus coinníollacha maidir le formheas an chruthúnais gur scroicheadh ceann scríbe le haghaidh aisíocaíochtaí difreáilte ag tríú páirtithe neamhspleácha.

(117) Chun sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le ceanglais shonracha agus coinníollacha sonracha le haghaidh oibreoirí agus na dtáirgí atá incháilithe d'aisíocaíocht onnmhairiúcháin lena n-áirítear, go háirithe, sainmhíniú agus saintréithe na dtáirgí, agus bunú comhéifeachtaí chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh.

(118) Chun cosc a chur ar an suaitheadh a d’fhéadfadh barra mídhleathacha a dhéanamh ar an margadh i gcomhair cnáibe le haghaidh snáithín, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán maidir le seiceáil a dhéanamh ar allmhairí cnáibe agus síl chnáibe lena áirithiú go dtabharfar ráthaíochtaí faoin gcion de theitrihidreacannaibionól atá sna táirgí sin. Ina theannta sin ba cheart leanúint de chóras rialaithe a chur i bhfeidhm i gcás allmhairí síl chnáibe a bhfuiltear ag súil iad a úsáid i gcomhair cuspóirí eile seachas iad a chur, ar córas rialaithe é ina bhforáiltear maidir le húdarú na n-allmhaireoirí lena mbaineann.

(119) Níl íosphraghsanna onnmhairiúcháin do bhleibíní bláthanna úsáideach a thuilleadh agus ba cheart iad a dhíothú.

(120) I gcomhréir le hAirteagal 42 den Chonradh ní bheidh feidhm ag na forálacha de chuid an Chonartha a bhaineann le hiomaíocht maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin sa mhéid a chinnfidh reachtaíocht an Aontais faoi chuimsiú Airteagal 43(2) agus (3) den Chonradh agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos iontu.

(121) Ba cheart na rialacha maidir le hiomaíocht a bhaineann leis na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101 den Chonradh, agus le mí-úsáid ceannasachta a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, fad is nach gcuireann siad baint amach chuspóirí an CBT i gcontúirt.

(122) Ba cheart cur chuige speisialta a cheadú i gcás eagraíochtaí feirmeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí nó a gcomhlachas arb é an aidhm atá acu comhtháirgeadh nó comhmhargú táirgí talmhaíochta, nó leas a bhaint as saoráidí comhchoiteanna, ach amháin má eisiann na comhghníomhaíochtaí sin iomaíocht nó má chuireann siad baint amach chuspóirí Airteagal 39 den Chonradh i gcontúirt.

(123) Ba cheart cur chuige speisialta a cheadú maidir le gníomhaíochtaí áirithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe ar choinníoll nach mbeidh idir-roinnt margaí mar thoradh orthu, nach gcuirfidh siad isteach ar fheidhmiú fónta an CEM, nach ndéanfaidh siad iomaíocht a shaobhadh ná a dhíothú, nach mbeidh socrú praghsanna i gceist leo, agus nach gcruthóidh siad idirdhealú.

(124) Chuirfí feidhmiú ceart an mhargaidh aonair i gcontúirt dá gcuirfí cabhair náisiúnta ar fáil. Dá bhrí sin ba cheart, mar riail ghinearálta, forálacha an Chonartha a rialaíonn Státchabhair a bheith infheidhme maidir le tairgí talmhaíochta. Ba cheart eisceachtaí a cheadú i gcásanna áirithe. I gcás ina bhfuil feidhm ag na heisceachtaí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann liosta a tharraingt suas den chabhair náisiúnta atá ann, atá nua nó atá molta, agus barúlacha iomchuí a thabhairt do na Ballstáit agus bearta oiriúnacha a mholadh.

(125) De barr na staide eacnamaíche sonraí ina bhfuil táirgeadh agus margaíocht réinfhianna agus táirgí réinfhianna, ba cheart don Fhionlainn agus don tSualainn leanúint d'íocaíochtaí náisiúnta a dheonú ina leith sin.

(126) Chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime a tugadh údar maith leo, fiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, in 2012, le haghaidh driogtha éigeandála dá bhforáiltear faoi na cláir thacaíochta, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh maidir le driogadh éigeandála laistigh de theorainn bhuiséadach iomlán 15% de luach bhuiséad bliantúil ábhartha an Bhallstáit le haghaidh a chláir náisiúnta thacaíochta. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi íocaíochtaí náisiúnta den sórt sin agus iad a fhormheas faoin Rialachán seo sula ndeonaítear iad.

(127) Níor cheart do na forálacha maidir leis an bpréimh grafa ná bearta áirithe faoi chláir thacaíochta in earnáil an fhíona bac a chur iad féin ar íocaíochtaí náisiúnta a dhéantar chun na críocha céanna.

(128) Baineann dálaí geografacha agus aeráide faoi leith le saothrú biatais siúcra san Fhionlainn a mbeidh tionchar níos díobhálaí acu ar an earnáil thar thionchar ginearálta an leasaithe siúcra. Ba cheart, dá bhrí sin, an Ballstát sin a údarú, ar bhonn buan, le híocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh lena shaothraithe biatais siúcra.

(129) Ba cheart a cheadú do Bhallstáit leanúint d'íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh i gcomhair cnónna dá bhforáiltear faoi láthair faoi Airteagal 120 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 chun na héifeachtaí a mhaolú a thagann ó dhíchúpláil na scéimeanna cabhrach de chuid an Aontais a bhí ann i gcomhair cnónna. Ar mhaithe le soiléireacht, ós rud é go bhfuil an Rialachán le haisghairm, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na híocaíochtaí náisiúnta sa Rialachán seo.

(130) D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann sa mhargadh i mBallstát amháin nó níos mó de thoradh laincisí a bheith curtha ar shaorghluaiseacht de bharr bearta chun cosc a chur ar leathadh galar ainmhithe a chosc. Is léir ón taithí atá faighte gur féidir suaitheadh mór ar an margadh, amhail laghdú suntasach ar thomhaltas nó ar phraghsanna, a chur i leith chailleadh a muiníne ag tomhaltóirí de dheasca rioscaí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe nó plandaí. I bhfianaise na taithí a fuarthas, ba cheart bearta a bhaineann le tomhaltóirí ag cailleadh muiníne a shíneadh chuig táirgí plandaí.

(131) Ba cheart baint dhíreach a bheith ag na bearta eisceachtúla um thacaíocht mhargaidh do mhairteoil agus laofheoil, bainne agus táirgí bainne, muiceoil, caoireoil agus feoil ghabhair, uibheacha agus feoil éanlaithe clóis le bearta tréidliachta nó sláinte a ghlacfar chun leathadh galar a chomhrac. Ba cheart na bearta sin a dhéanamh arna iarraidh sin do Bhallstáit chun míshocracht mhór na margaí a sheachaint.

(132) Ba cheart a fhoráil maidir le bearta idirghabhála speisialta chun bagairtí go suaithfí an margadh a fhreagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach. Ba cheart raon feidhme na mbeart sin a shainiú.

(133) Chun bagairtí go suaithfí an margadh a fhreagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach, bagairtí arb é ardú suntasach nó titim shuntasach i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó toisc ar bith eile a dhéanann difear don mhargadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na bearta is gá le haghaidh na hearnála lena mbaineann lena n-áirítear, más gá, bearta chun raon feidhme, fad nó gnéithe eile de bhearta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nó chun dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt lena n-áirítear le haghaidh cainníochtaí agus/nó tréimhsí áirithe.

(134) Ba cheart an Coimisiún a údarú leis na bearta is gá a ghlacadh chun fadhbanna sonracha a réiteach i gcás éigeandála.

(135) Féadfar a cheangal ar ghnóthais, ar Bhallstáit agus/nó ar thríú tíortha teachtaireachtaí a chur isteach chun críocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, an margadh i dtáirgí talmhaíochta a anailisiú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta an CBT a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta seiceála, rialaitheacha, faireacháin, meastóireachta agus iniúchta an CBT a áirithiú, agus comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceanglais faoi na comhaontuithe sin maidir le fógra a thabhairt. Chun cur chuige comhchuibhithe, cuíchóirithe agus simplithe a áirithiú, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na bearta ar fad is gá a ghlacadh maidir le teachtaireachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart dó na riachtanais sonraí agus na sineirgí idir foinsí ionchasacha sonraí a thabhairt i gcuntas.

(136) Chun go mbeidh teachtaireachtaí tapa, éifeachtúil, cruinn, agus cost-éifeachtach, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis an gcineál agus an sórt faisnéise atá le tabhairt san fhógra; na modhanna chun fógra a thabhairt; na rialacha a bhaineann leis na cearta rochtana chun na faisnéise nó chun na gcóras faisnéise a chuirfear ar fáil; agus na coinníollacha agus na modhanna a bhaineann le foilsiú na faisnéise.

(137) Tá feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna ndéanamh ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

(138) Ba cheart cistí a aistriú ón gCúltaisce le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta faoi na coinníollacha agus an nós imeachta dá dtagraítear i mír 14 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhair in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht airgeadais [18], agus ba cheart a shoiléiriú gurb é Rialachán seo an bunghníomh is infheidhme.

(139) Chun aistriú rianúil a áirithiú idir na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] agus na socruithe atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil leis na bearta is gá, go háirithe na bearta sin is gá chun cearta faighte agus ionchais dhlisteanacha gnóthas a chosaint.

(140) Ba cheart úsáid nós imeachta práinne a fhorchoimeád do chásanna eisceachtúla nuair is gá sin chun bagairtí go suaithfí an margadh a fhreagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach nó i gcás ina bhfuil suaitheadh ar an margadh cheana. Ní foláir údar maith a bheith le rogha nós imeachta práinne agus ba cheart na cásanna inar ceart an nós imeachta práinne a úsáid a shonrú.

(141) Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le meicníochtaí rialaithe do na Ballstáit maidir le feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin [19].

(142) Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha a ghlacadh lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme ó tharla go mbaineann na gníomhartha sin leis an CBT dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 2(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid, áfach, chun na gníomhartha lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme a ghlacadh, ar gníomhartha iad a bhaineann le hábhair iomaíochta, ó tharla go n-úsáidtear an nós imeachta comhairliúcháin go ginearálta chun gníomhartha lena gcuirtear dlí iomaíochta chun feidhme a ghlacadh.

(143) Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme infheidhme a ghlacadh gan mhoill más gá sin ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna ina bhfuil údar maith iomchuí leis agus mórchúiseanna práinne, a bhaineann le bearta cosanta de chuid an Aontais a ghlacadh, a leasú nó a chúlghairm, le húsáid socruithe próiseála nó próiseála isteach nó amach a chur ar fionraí, más gá chun freagairt láithreach ar staid an mhargaidh, agus le fadhbanna sonracha a réiteachi gcás éigeandála, más gá gníomhaíocht laithréach den sórt sin chun déileáil leis na fadhbanna.

(144) Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, i gcás beart ar leith faoin Rialachán seo a bhfuil gníomh tapa riachtanach ina leith nó nach bhfuil i gceist leo ach forálacha ginearálta a chur i bhfeidhm maidir le staideanna sonracha gan rogha a bheith i gceist leo.

(145) Ba cheart tuilleadh cumhachta a thabhairt don Choimisiún cúraimí áirithe riaracháin nó bainistíochta a chur i gcrích nach bhfuil glacadh gníomhartha tarmligthe ná gníomhartha cur chun feidhme i gceist leo.

(146) De bhun Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] rachaidh roinnt beart earnála, lena n-áirítear bearta maidir le cuótaí bainne, cuótaí siúcra agus bearta eile siúcra agus na srianta ar fhíniúnacha a chur, chomh maith le státchabhair áirithe, in éag laistigh de thréimhse réasúnta tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] a aisghairm, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith ag na forálacha ábhartha go dtí deireadh na scéimeanna lena mbaineann. Maidir le hearnáil an tsiúcra áfach, ba cheart feidhm a bheith ag na foralacha ábhartha go dtí an 30 Meán Fómhair 2016 chun tréimhse réasúnta coigeartaithe a thabhairt d'oibreoirí na hearnála sin.

(147) Chun aistriú rianúil a áirithiú idir na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] agus forálacha an Rialacháin seo, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún bearta idirthréimhseacha a ghlacadh.

(148) Beart sealadach is ea Rialachán (CE) Uimh. 1601/96 ón gComhairle an 30 Iúil 1996 lena leagtar síos, maidir le leannlusanna, méid na cabhrach do tháirgeoirí le haghaidh bhuaint 1995 [20], agus de réir chineál an bhirt féin, tá sé imithe i léig anois. Tá Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena n-údaraítear fíonta áirithe arna n-allmhairiú a thairiscint agus a sheachadadh lena gcaitheamh go díreach ag daoine ar fíonta iad a bhféadfadh próisis fhíoneolaíocha nach bhforáiltear maidir leo i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 [21] a bheith déanta orthu, imithe i léig de bhrí gur cuireadh forálacha an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mhéiriceá maidir le trádáil i bhfíon arna ghlacadh le Cinneadh 2006/232/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 [22] ina ionad. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1601/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 a aisghairm.

(149) Maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, tá údar maith leis na bearta atá leagtha amach sa Rialachán seo, i ngeall ar dhálaí eacnamaíocha reatha an mhargaidh dhéiríochta agus struchtúr an tslabhra sholáthair. Ba cheart iad a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, ar feadh tréimhse atá fada go leor (sula ndíothaítear cuótaí bainne agus ina dhiaidh sin) le go mbeidh éifeacht iomlán acu. Ó tharla go bhfuil siad de chineál cuimsitheach, áfach, ba cheart iad a bheith de chineál sealadach, agus faoi réir athbhreithniú. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt an mhargaidh bhainne, lena gcumhdaítear go háirithe dreasachtaí a d'fhéadfaí a thabhairt d'fheirmeoirí chun iad a spreagadh chun comhaontuithe comhtháirgthe a dhéanamh, ar tuarascálacha iad sin atá le tíolacadh faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CLÁR NA nÁBHAR

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 2

1. COMHTHÉACS AN TOGRA 2

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR 5

3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA 7

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH 8

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) 10

CUID I FORÁLACHA TOSAIGH 40

CUID II AN MARGADH INMHEÁNACH 45

TEIDEAL I IDIRGHABHÁIL MHARGAIDH 45

CAIBIDIL I Idirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí 45

Roinn 1 forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí 45

Roinn 2 Idirghabháil phoiblí 46

Roinn 3 Cabhair le haghaidh stórála príobháidí 49

Roinn 4 forálacha coiteanna maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála phríobháidí 50

CAIBIDIL II Scéimeanna cabhrach 54

Roinn 1 Scéimeanna chun rochtain ar bhia a fheabhsú 54

Foroinn 1 Scéim Torthaí Scoile 54

Foroinn 2 Scéim bainne scoile 56

Roinn 2 Cabhair in earnáil na hola olóige agus na nológ boird 58

Roinn 3 Cabhair in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí 60

Roinn 4 Cláir thacaíochta in earnáil an fhíona 67

Foroinn 1 Forálacha ginearálta agus bearta incháilithe 67

Foroinn 2 Bearta sonracha tacaíochta 69

Foroinn 3 Forálacha maidir le nósanna imeachta 73

Roinn 5 Cabhair in earnáil na beachadóireachta 75

TEIDEAL II RIALACHA MAIDIR LE MARGAÍOCHT AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ 76

CAIBIDIL I Rialacha maidir le margaíocht 76

Roinn 1 Caighdeáin mhargaíochta 76

Foroinn 1 Forálacha tosaigh 76

Foroinn 2 an caighdeán ginearálta margaíochta 76

Foroinn 3 Caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge 77

Foroinn 4 Caighdeáin mhargaíochta maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú 83

Foroinn 5 Forálacha coiteanna 84

Roinn 2 Sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona 85

Foroinn 1 Forálacha tosaigh 85

Foroinn 2 Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha 85

Foroinn 3 Téarmaí traidisiúnta 95

Roinn 3 Lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona 97

CAIBIDIL II FORÁLACHA SONRACHA D'EARNÁLACHA INDIBHIDIÚLA 102

Roinn 1 Siúcra 102

Roinn 2 Fíon 102

Roinn 3 Bainne agus táirgí bainne 104

CAIBIDIL III Eagraíochtaí agus comlachais táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe, eagraíochtaí oibreoirí 106

Roinn 1 sainiú agus aitheantas 106

Roinn 2 Síneadh na rialacha agus ranníocaíochtaí éigeantacha 109

Roinn 3 Oiriúnú an tsoláthair 111

Roinn 4 Rialacha nós imeachta 112

CUID III: TRÁDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA 114

CAIBIDIL I Ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin 114

Caibidil II Dleachtanna allmhairiúcháin 116

Caibidil III Bainistiú cuótaí taraife agus tríú tíortha a bheith ag tabhairt cóir speisialta d'allmhairí 118

Caibidil IV Forálacha speisialta allmhairiúcháin i gcás táirgí áirithe 121

Caibidil V Cosaint agus próiseáil isteach 122

Caibidil VI Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin 124

Caibidil VII Próiseáil amach 129

CUID IV RIALACHA IOMAÍOCHTA 130

CAIBIDIL I Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais 130

CAIBIDIL II Rialacha maidir le Státchabhair 133

CUID V FORÁLACHA GINEARÁLTA 137

CAIBIDIL I Bearta Eisceachtúla 137

Roinn 1 Suaitheadh sa mhargadh 137

Roinn 2 Bearta um thacaíocht mhargaidh a bhaineann le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe nó do phlandaí 138

Roinn 3 Fadhbanna sonracha 139

CAIBIDIL II Cumarsáid agus tuairisciú 139

Caibidil III Cúltaisce i gcomhair géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta 141

CUID VI TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH 142

CAIBIDIL I Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme 142

CAIBIDIL II Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha deiridh 143

IARSCRÍBHINN I LIOSTA DE NA TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2) Cuid I: Gránaigh 146

Cuid II: Rís 148

Cuid III: Siúcra 149

Cuid IV: Farae triomaithe 149

Cuid V: Síolta 150

Cuid VI: Leannlusanna 151

Cuid VII: Ola olóige agus ológa boird 151

Cuid VIII: Líon agus cnáib 151

Cuid IX: Torthaí agus glasraí 152

Cuid X: Táirgí arna bpróiseáil ó thorthaí agus ó ghlasraí 152

Cuid XI: Bananaí 155

Cuid XII: Fíon 155

Cuid XIII: Crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach 156

Cuid XIV: Tobac 156

Cuid XV: Mairteoil agus laofheoil 156

Cuid XVI: Bainne agus táirgí bainne 157

Cuid XVII: Muiceoil 157

Cuid XVIII: Caoireoil agus feoil ghabhair 158

Cuid XIX: Uibheacha 158

Cuid XX: Feoil éanlaithe clóis 159

Cuid XXI: Alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta 159

Cuid XXII: Táirgí beachadóireachta 160

Cuid XXIII: Seiriceáin 160

Cuid XXIV: Táirgí eile 161

IARSCRÍBHINN II SAINMHÍNITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1) Cuid I: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse 170

Cuid II: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na leannlusanna 173

Cuid III: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil an fhíona 173

Cuid IV: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na mairteola agus na laofheola 175

Cuid V: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne 175

Cuid VI: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na n-uibheacha 175

Cuid VII: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na feola éanlaithe clóis 176

Cuid VIII: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta 177

IARSCRÍBHINN III CÁILÍOCHT CHAIGHDEÁNACH RÍSE AGUS SIÚCRA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7 178

IARSCRÍBHINN IV BUISÉAD I gCOMHAIR CLÁR TACAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRGEAGAL 41(1) 180

IARSCRÍBHINN V EAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 56(3) 181

IARSCRÍBHINN VI SAINMHÍNITHE, SONRÚCHÁIN AGUS TUAIRISCÍ DÍOLACHÁIN TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 60 182

Cuid I. Feoil bó-ainmhithe atá faoi bhun 12 mhí d'aois 182

I. Sainmhíniú 182

II. Tuairiscí díolacháin 182

Cuid II.Táirgí fíniúna 185

Cuid III.Bainne agus táirgí bainne 192

Cuid IV. Bainne lena chaitheamh ag an duine a thagann faoi chuimsiú chód AC 0401 194

Cuid V.Táirgí earnáil na feola éanlaithe clóis 197

Cuid VI.Saillte inleata 199

Cuid VII.Tuairiscí agus sainmhínithe ar ola olóige agus ar olaí prabhaite olóige 202

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VI (dá dtagraítear i gCuid II) Criosanna fíonsaothrúcháin 203

IARSCRÍBHINN VII CLEACHTAIS FÍONEOLAÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 62 Cuid I Saibhriú, aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin áirithe 208

Cuid II Srianta 211

IARSCRÍBHINN VIII TÁBLAÍ COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 163 214

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 230

CUID I

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Raon feidhme

1. Bunaítear leis an Rialachán seo comheagraíocht na margaí i gcás táirgí talmhaíochta, lena gcuimseofar na táirgí ar fad atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an CFAE cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2011)416] maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

2. Déanfar táirgí talmhaíochta mar atá sainithe i mír 1 a roinnt idir na hearnálacha a leanas mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I:

(a) gránaigh, Cuid I d'Iarscríbhinn I;

(b) rís, Cuid II d'Iarscríbhinn I;

(c) siúcra, Cuid III d'Iarscríbhinn I;

(d) farae triomaithe, Cuid IV d'Iarscríbhinn I;

(e) síolta, Cuid V d'Iarscríbhinn I;

(f) leannlusanna, Cuid VI d'Iarscríbhinn I;

(g) ola olóige agus ológa boird, Cuid VII d’Iarscríbhinn I;

(h) líon agus cnáib, Cuid VIII d'Iarscríbhinn I;

(i) torthaí agus glasraí, Cuid IX d'Iarscríbhinn I;

(j) torthaí agus glasraí próiseáilte, Cuid X d'Iarscríbhinn I;

(k) bananaí, Cuid XI d’Iarscríbhinn I;

(l) fíon, Cuid XII d’Iarscríbhinn I;

(m) plandaí beo, Cuid XIII d'Iarscríbhinn I;

(n) tobac, Cuid XIV d’Iarscríbhinn I;

(o) mairteoil agus laofheoil, Cuid XV d’Iarscríbhinn I;

(p) bainne agus táirgí bainne, Cuid XVI d'Iarscríbhinn I;

(q) muiceoil, Cuid XVII d'Iarscríbhinn I;

(r) caoireoil agus feoil ghabhair, Cuid XVIII d'Iarscríbhinn I;

(s) uibheacha, Cuid XIX d'Iarscríbhinn I;

(t) feoil éanlaithe clóis, Cuid XX d'Iarscríbhinn I;

(u) alcól eitile, Cuid XXI d'Iarscríbhinn I.

(v) beachadóireacht, Cuid XXII d'Iarscríbhinn I;

(w) seiriceáin, Cuid XXIII d’Iarscríbhinn I;

(x) táirgí eile, Cuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta atá leagtha amach sa Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe maidir le hearnálacha áirithe mar atá siad leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2. Beidh feidhm, más iomchuí chun críocha an Rialacháin seo, ag na sainmhínithe atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta, i Rialachán (AE) Uimh. [...] lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi choimsiú an chcomhbheartais talmhaíochta agus i Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)

3. Agus sainiúlachtaí earnáil na ríse á gcur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse atá leagtha amach i gCuid I d'Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta.

4. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh "réigiúin lagfhorbartha" na réigiúin sin atá sainithe amhlaidh in Airteagal 82(2)(a) de Rialachán (AE) [COIM(2011)615] lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 [23].

Airteagal 4

Coigeartuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim a úsáidtear i gcás táirgí talmhaíochta

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nuair is gá de bharr leasuithe ar an ainmníocht chomhcheangailte, coigeartú a dhéanamh ar thuairisc táirgí agus ar thagairtí do cheannteidil nó d'fho-cheannteidil na hainmníochta comhcheangailte sa Rialachán seo nó i ngníomhartha eile arna nglacadh faoi Airteagal 43 den Chonradh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 164 (2).

Airteagal 5

Rátaí comhshó i gcomhair ríse

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) na rátaí comhshó a shocrú i gcomhair ríse ag céimeanna éagsúla próiseála, chomh maith leis na costais phróiseála agus luach na bhfotháirgí;

(b) na bearta uile is gá a ghlacadh maidir le rátaí comhshó a chur i bhfeidhm i gcomhair ríse.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 6

Blianta margaíochta

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

(a) ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na mbananaí;

(b) ón 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i) earnáil an fharae thriomaithe;

(ii) earnáil na seiriceán;

(c) ón 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i) earnáil na ngránach;

(ii) earnáil na síolta;

(iii) earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird;

(iv) earnáil an lín agus na cnáibe;

(v) earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(d) ón 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(e) ón 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse;

(f) ón 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra.

Agus sainiúlachtaí earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte á gcur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na blianta margaíochta a shocrú i gcomhair na dtáirgí sin.

Airteagal 7

Praghsanna tagartha

Tá na praghsanna tagartha seo a leanas socraithe:

(a) maidir le hearnáil na ngránach, EUR 101,31 in aghaidh an tonna, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(b) maidir le rís gan scilligeadh, EUR 150 in aghaidh an tonna i gcás na cáilíochta caighdeánaí atá sainithe i bpointe A d'Iarscríbhinn III, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(c) maidir le siúcra de cháilíocht chaighdeánach atá sainithe i bpointe B d'Iarscríbhinn IV, i ndáil le siúcra nach bhfuil pacáilte, ón monarcha:

(i) i gcás siúcra bháin: EUR 404,4 in aghaidh an tona;

(ii) i gcás siúcra amh: EUR 335,2 in aghaidh an tona.

(d) maidir le hearnáil na mairteola agus na laofheola, EUR 2 224 in aghaidh an tona i gcomhair conablach bó-ainmhithe fireanna de ghrád R3 mar atá leagtha síos i scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe fásta de bhun Airteagal 18(8);

(e) maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne:

(i) EUR 246,39 in aghaidh an 100 cileagram i gcomhair ime;

(ii) EUR 169,80 in aghaidh an 100 cileagram i gcomhair púdair bhainne bhearrtha;

(f) maidir le muiceoil, EUR 1 509,39 in aghaidh an tona i gcomhair conablach muc de cháilíocht chaighdeánach arna sainiú i dtéarmaí meáchain agus cion feola trua mar atá leagtha síos i scála an Aontais um aicmiú conablach muc de bhun Airteagal 18(8), mar seo a leanas:

(i) conablaigh a bhfuil idir 60 agus níos lú ná 120 cileagram iontu: grád E;

(ii) conablaigh a bhfuil idir 120 agus 180 cileagram iontu: grád R.

CUID II

AN MARGADH INMHEÁNACH

TEIDEAL I

IDIRGHABHÁIL MHARGAIDH

CAIBIDIL I

Idirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Roinn 1

forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 8

Raon feidhme

Leagtar síos sa Chaibidil seo rialacha maidir le hidirghabháil mhargaidh i dtaobh an méid seo a leanas:

(a) idirghabháil phoiblí, i gcás ina gceannaíonn údaráis inniúla na mBallstát táirgí isteach agus stórálann siad iad go dtí go ndiúscraítear iad, agus

(b) deonú cabhrach le haghaidh stórála táirgí ag oibreoirí príobháideacha.

Airteagal 9

Áit tionscnaimh táirgí incháilithe

Táirgí atá incháilithe i gcomhair a gceannaithe isteach faoi idirghabháil phoiblí nó i gcomhair deonú cabhrach le haghaidh stórála príobháidí, beidh siad de thionscnamh an Aontais. Ina theannta sin, má thagann siad ó bharra, beidh na barra sin arna mbuaineadh agus má thagann siad ó bhainne, beidh an bainne sin arna tháirgeadh san Aontas.

Roinn 2

Idirghabháil phoiblí

Airteagal 10

Táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí

Beidh feidhm ag idirghabháil phoiblí maidir leis na táirgí seo a leanas faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus faoi réir ceanglas agus coinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus/nó trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19:

(a) gnáthchruithneacht, eorna agus arbhar indiach;

(b) rís gan scilligeadh;

(c) feoil úr nó fuaraithe ó earnáil na mairteola agus na laofheola a thagann faoi réim chóid AC 0201 10 00 agus 0201 20 20 go 0201 20 50;

(d) im a táirgeadh go díreach ó uachtar paistéartha agus uaidh sin amháin a fuarthas go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion saille ime íosta 82 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain inti;

(e) púdar bainne bhearrtha den chaighdeán is airde a táirgeadh trí spraephróiseas ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion próitéine íosta 34,0 % de réir meáchain ann san ábhar tirim saor ó shaill.

Airteagal 11

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Beidh idirghabháil phoiblí le fáil i gcomhair an méid seo a leanas:

(a) gnáthchruithneacht, eorna agus arbhar indiach, ón 1 Samhain go dtí an 31 Bealtaine;

(b) rís gan scilligeadh, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil;

(c) mairteoil agus laofheoil, ar feadh na bliana margaíochta;

(d) im agus bainne bearrtha triomaithe, ón 1 Márta go 31 Lúnasa.

Airteagal 12

Idirghabháil phoiblí a oscailt agus a dhúnadh

1. Maidir le hidirghabháil phoiblí, i gcaitheamh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 11:

(a) beidh sí ar oscailt i gcomhair gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha;

(b) féadfaidh an Coimisiún í a oscailt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhair eorna, arbhair indigh agus ríse gan scilleagadh (lena n-áirítear cineálacha nó tíopaí sonracha ríse gan scilleagadh), más gá de bharr staid an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2);

(c) féadfaidh an Coimisiún í a oscailt i gcomhair mairteola agus laofheola, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme eile, más rud é gur lú ná EUR 1 560 in aghaidh an tona meánphraghas an mhargaidh in imeacht tréimhse ionadaíche arna glacadh de bhun Airteagal 19(a) i mBallstát nó i réigiún i mBallstát agus arna thaifeadadh ar bhonn scála an Aontais um aicmiú conablach a glacadh de bhun Airteagal 18(8).

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, idirghabháil phoiblí a dhúnadh i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh, thar tréimhse ionadaíoch arna glacadh de bhun Airteagal 19(a), na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1.

Airteagal 13

Ceannach isteach ar phraghas socruithe nó trí thairiscintí

1. I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun phointe (a) d'Airteagal 12(1), déanfar an ceannach isteach ar phraghas socruithe laistigh de na teorainneacha seo a leanas le haghaidh gach tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11:

(a) i gcás gnáthchruithneachta, 3 mhilliún tona;

(b) i gcás ime, 30 000 tona;

(c) i gcás púdair bhainne bhearrtha, 109 000 tona.

2. I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun Airteagal 12(1), déanfar an ceannach isteach trí nós imeachta tairisceana chun an praghas ceannaigh isteach uasta a chinneadh:

(a) i gcás gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha thar na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1,

(b) i gcás eorna, arbhair indigh, ríse gan scilleagadh agus mairteola agus laofheola.

In imthosca speisialta cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta tairisceana a shrianadh do Bhallstát nó do réigiún i mBallstát, nó na praghsanna ceannaithe isteach i gcomhair idirghabhála poiblí, faoi réir Airteagal 14(2), a chinneadh de réir Ballstáit nó réigiúin i mBallstát ar bhonn meánphraghsanna taifeadta an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 14

Praghsanna idirghabhála poiblí

1. Ciallóidh praghas idirghabhála poiblí an méid seo a leanas:

(a) an praghas ar a gceannófar táirgí isteach faoi idirghabháil phoiblí i gcás ina ndéanfar sin ar phraghas socruithe, nó

(b) an t-uasphraghas ar ar féidir táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí a cheannach isteach i gcás ina ndéanfar sin trí thairiscintí.

2. Leibhéal an phraghais idirghabhála poiblí:

(a) I gcás gnáthchruithneachta, eorna, arbhair indigh, ríse gan scilleagadh agus púdair bhainne bhearrtha, beidh sé cothrom leis na praghsanna tagartha faoi seach atá socraithe in Airteagal 5 i gcás a gceannaithe isteach ar phraghas socraithe agus ní bheidh siad níos mó ná na praghsanna tagartha faoi seach i gcás a gceannaithe isteach trí thairscintí.

(b) I gcás ime, beidh sé cothrom le 90% den phraghas tagartha atá socruithe in Airteagal 5 i gcás a cheannaithe isteach ar phraghas socraithe agus ní bheidh sé níos mó ná 90% den phraghas tagartha i gcás a cheannaithe isteach trí thairiscintí;

(c) I gcás mairteola agus laofheola, ní bheidh sé níos airde ná an praghas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 12(1).

3. Beidh an praghas idirghabhála poiblí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 gan dochar do mhéaduithe nó laghduithe ar phraghsanna arbh í an cháilíocht is cúis leo i gcás gnáthchruithneachta, eorna, arbhair indigh agus ríse gan scilleagadh. Thairis sin, á chur san áireamh gur gá a áirithiú go ndírítear an táirgeadh i dtreo cineálacha áirithe ríse gan scilleagadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun méaduithe agus laghduithe an phraghais idirghabhála poiblí a shocrú.

Airteagal 15

Prionsabail ghinearálta maidir le diúscairt ó idirghabháil phoiblí

Déanfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt ar bhealach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a) aon suaitheadh sa mhargadh a sheachaint,

(b) rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann ceannaitheoirí a áirithiú agus

(c) na gealltanais a chomlíonadh a thig as comhaontuithe a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh.

Féadfar táirgí a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. [...] má forálann an scéim sin amhlaidh. Sa chás sin, beidh luach cuntasaíochta na dtáirgí sin ar an leibhéal céanna leis an bpraghas socraithe idirghabhála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Roinn 3

Cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 16

Táirgí incháilithe

Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh stórála príobháidí i gcás na dtáirgí seo a leanas faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus faoi réir tuilleadh ceanglas agus coinníollacha atá le glacadh ag an gCoimsiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus/nó trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, de bhun Airteagal 17 go hAirteagal 19:

(a) siúcra bán;

(b) ola olóige;

(c) snáithín lín;

(d) feoil úr nó fhuaraithe ó bhó-ainmhithe fásta;

(e) im a táirgeadh go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin;

(f) púdar bainne bhearrtha a rinneadh as bainne bó;

(g) muiceoil;

(h) caoireoil agus feoil ghabhair.

Airteagal 17

Coinníollacha maidir le cabhair a dheonú

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160, más gá chun trédhearcacht sa mhargadh a sholáthar, chun na coinníollacha a leagan síos faoinar féidir leis cinneadh a dhéanamh cabhair stórála príobháidí a dheonú le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 16, ag cur san áireamh meánphraghsanna taifeadta an mhargaidh san Aontas agus na praghsanna tagartha le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann nó an gá freagairt a thabhairt ar staid an-achrannach sa mhargadh nó ar dhálaí eacnamaíocha san earnáil sin i mBallstát amháin nó níos mó.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh cabhair stórála príobháidí a dheonú le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 16, ag cur na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san áireamh. Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an chabhair le haghaidh stórála príobháidí dá bhforáiltear in Airteagal 16 a shocrú roimh ré nó trí bhíthin nósanna imeachta tairisceana. Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, srian a chur ar chabhair stórála príobháidí a dheonú nó an chabhair stórála príobháidí a shocrú de réir an Bhallstáit nó an réigiúin i mBallstát ar bhonn meánphraghsanna taifeadta an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 4

forálacha coiteanna maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála phríobháidí

Airteagal 18

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go mír 9 den Airteagal seo.

2. Ag cur sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na ceanglais agus na coinníollacha a ghlacadh atá le comhlíonadh ag táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí agus atá arna stóráil faoin gcóras lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stórála príobháidí, anuas ar na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo. Leis na ceanglais agus na coinníollacha sin díreofar ar cháilitheacht agus ar cháilíocht na dtáirgí a cheannaítear isteach agus a stóráiltear a ráthú, i ndáil le grúpaí cáilíochta, gráid cháilíochta, catagóirí, cainníochtaí, pacáistiú, lipéadú, aoiseanna uasta, leasú, céim na dtáirgí lena mbaineann na praghsanna idirghabhála poiblí agus an chabhair le haghaidh stórála príobháidí.

3. Ag cur sainiúlachtaí earnálacha na ngránach agus na ríse gan scilligeadh san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na méaduithe nó na laghduithe ar phraghsanna arbh í an cháilíocht is cúis leo dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a ghlacadh maidir le gnáthchruithneacht, eorna, arbhar indiach agus rís gan scilleagadh a cheannach isteach agus a dhíol araon.

4. Ag cur sainiúlachtaí earnáil na mairteola agus na laofheola san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha maidir leis an oibleagáid atá ar ghníomhaireachtaí íocaíochta an mhairteoil go léir a dhíchnámhú tar éis a gabhála ar láimh agus sula gcuirtear i stóráil í.

5. Ag cur éagsúlacht na ndálaí a bhaineann le stóráil stoc idirghabhála san Aontas san áireamh agus ag áirithiú rochtana leormhaithe d'oibreoirí ar idirghabháil phoiblí, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:

(a) na ceanglais atá le comhlíonadh ag na háiteanna stórála idirghabhála do na táirgí arna gceannach isteach faoin gcóras, rialacha maidir le híostoilleadh stórála do na háiteanna stórála agus ceanglais theicniúla maidir le táirgí arna ngabháil ar láimh a choimeád i ndea-bhail agus maidir lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála;

(b) rialacha maidir le cainníochtaí beaga atá fágtha i stórail sna Ballstáit a dhíol, rud atá le déanamh faoina bhfreagracht féin, trí na nósanna imeachta céanna a chur i bhfeidhm is a chuireann an tAontas i bhfeidhm; agus rialacha maidir le cainníochtaí nach féidir a athphacáistiú níos mó nó atá meathlaithe a dhíol go díreach;

(c) rialacha maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as cóireáil na dtáirgí sin maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoin CBT.

6. Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ar an margadh ag cabhair le haghaidh stórála príobháidí, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:

(a) glacfaidh an Coimisiún bearta chun an méid cabhrach atá le híoc a laghdú i gcás inar lú an chainníocht arna stóráil ná an chainníocht atá ar conradh;

(b) féadfaidh an Coimisiún coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht a leagan síos.

7. Ag cur ceart agus oibleagáidí oibreoirí atá páirteach in idirghabháil phoiblí nó i stóráil phríobháideach san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a) úsáid nósanna imeachta tairisceanna lena ráthaítear rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann d'oibreoirí;

(b) incháilitheacht oibreoirí;

(c) an oibleagáid urrús a thaisceadh lena ráthaítear go gcuirfear oibleagáidí oibreoirí i gcrích.

8. Ag cur san áireamh gur gá cur i láthair na dtáirgí éagsúla a chaighdeánú chun na críocha feabhas a chur ar thrédhearcacht sa mhargadh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na socruithe idirghabhála margaidh i bhfoirm idirghabhála poiblí agus cabhrach le haghaidh stórála príobháidí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, scálaí de chuid an Aontais a ghlacadh chun conablaigh a aicmiú sna hearnálacha seo a leanas:

(a) mairteoil agus laofheoil;

(b) muiceoil;

(c) caoireoil agus feoil ghabhair.

9. Ag cur san áireamh gur gá cruinneas agus iontaofacht aicmiú conablach a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm aicmiú na gconablach i mBallstáit ag coiste de chuid an Aontais a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit. Féadfar foráil a dhéanamh sna forálacha sin gur ar an Aontas a bheidh na costais a thig ón athbhreithniú.

Airteagal 19

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta a bhfuil gá leo a ghlacadh chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Féadtar baint a bheith ag na rialacha sin leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a) na tréimhsí, margaí agus praghsanna margaí ionadaíocha is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm;

(b) na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le seachadadh na dtáirgí atá le ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí, maidir leis na costais iompair atá le híoc ag an tairgeoir, maidir le gabháil ar láimh na dtáirgí ag na gníomhaireachtaí íocaíochta agus maidir leis an íocaíocht;

(c) na hoibríochtaí éagsúla a bhaineann leis an bpróiseas díchnámhaithe i gcás earnáil na mairteola agus na laofheola;

(d) aon údarú ar stóráil lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina ndearnadh na táirgí a cheannach isteach agus a stóráil;

(e) na coinníollacha maidir le díol nó diúscairt táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí, go háirithe, maidir le praghsanna díolta, na coinníollacha maidir leis na táirgí a bhaint ó stóras, úsáid nó ceann scríbe iardain na dtáirgí a scaoiltear, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le táirgí arna gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas, lena n-áirítear aistrithe idir Ballstáit;

(f) cur i gcrích agus ábhar conarthaí idir údarás inniúil an Bhallstáit agus na hiarratasóirí;

(g) táirgí a chur agus a choimeád i stóráil phríobháideach agus iad a bhaint amach ó stóras;

(h) fad na tréimhse stórála príobháidí agus na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí den sórt sin, arna sonrú sna conarthaí, a chiorrú nó a fhadú;

(i) na coinníollacha faoina bhféadfar cinneadh a dhéanamh go bhféadfar táirgí atá cumhdaithe ag conarthaí príobháideacha stórála a athmhargú nó a dhiúscairt;

(j) na rialacha maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint chun ceannach isteach ar phraghas socraithe nó chun cabhair a dheonú i gcomhair stórála príobháidí ar phraghas socraithe;

(k) úsáid nósanna imeachta tairisceana, i gcomhair idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i) forthairiscintí nó tairiscintí a chur isteach, agus an t-íosmhéid i gcomhair iarratais nó tíolactha agus

(ii) tairiscintí a roghnú á áirithiú go dtabhfar tús áite do na cinn sin is fabhraí ó thaobh an Aontais de, ach a cheadú nach gá go mbronnfar conradh dá bharr.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 20

Gníomhartha cur chun feidhme eile

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil gá leo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) na teorainneacha idirghabhála atá leagtha amach in Airteagal 13(1) a urramú; agus

(b) an nós imeachta tairisceana a chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 13(2) i gcás gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha thar na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

CAIBIDIL II

Scéimeanna cabhrach

Roinn 1

Scéimeanna chun rochtain ar bhia a fheabhsú

Foroinn 1

Scéim Torthaí Scoile

Airteagal 21

Cabhair chun táirgí ó thorthaí agus ghlasraí, ó thorthaí agus ghlasraí próiseáilte agus ó bhananaí a sholáthar do leanaí

1. Faoi choinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 23, deonófar cabhair ón Aontas i leith an mhéid seo a leanas:

(a) táirgí earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí, na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus na mbananaí a sholáthar do leanaí i bhforais oideachais, lena n-áirítear naíonraí agus forais eile réamhscolaíochta, bunscoileanna agus meánscoileanna; agus

(b) costais ghaolmhara áirithe a bhaineann le cúrsaí lóistíochta agus dáileacháin, le trealamh, le poiblíocht, le faireachán, le meastóireacht agus le bearta tionlacain.

2. Déanfaidh Ballstáit ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim straitéis a tharraingt suas, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, roimh ré leis an scéim cur chun feidhme. Déanfaidh siad foráil freisin maidir leis na bearta tionlacain chun go mbeidh an scéim éifeachtach.

3. Agus a straitéisí á dtarraingt suas acu, tarraingeoidh na Ballstáit suas liosta de tháirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus in earnáil na mbananaí a bheidh incháilithe faoina scéimeanna faoi seach. Ní chuirfear san áireamh, áfach, ar an liosta sin táirgí a eisíodh trí bhearta arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomharhta tarmligthe de bhun phointe (a) Airteagal 22(2). Roghnóidh na Ballstát na táirgí ar bhonn critéar oibiachtúil a bhféadfaidh séasúracht, fáil a bheith ar an táirge nó saincheisteanna comhshaoil a bheith ar áireamh iontu. I dtaca leis sin, féadfaidh Ballstáit tús áite a thabhairt do tháirgí de thionscnamh an Aontais.

4. Ní dhéanfaidh an chabhair ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a) ní sháróidh sí EUR 150 milliún in aghaidh na scoilbhliana; agus

(b) ní sháróidh sí 75% de na costais soláthair agus de chostais ghaolmhara dá dtagraítear i mír 1, nó 90% de chostais den sórt sin i réigiúin lagfhorbartha agus sna reigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 439 den Chonradh; agus

(c) ní chumhdóidh sí aon chostais seachas costais soláthair agus costais ghaolmhara dá dtagraítear i mír 1.

5 Ní úsáidfear cabhair ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 in ionad cistiú le haghaidh aon cheann de na scéimeanna náisiúnta torthaí scoile atá ann cheana nó in ionad aon scéimeanna dáileacháin eile i gcomhair scoileanna a bhfuil torthaí ar áireamh iontu. Má tá scéim á reáchtáil ag Ballstát cheana féin, áfach, a bheadh cáilithe chun cabhair a fháil ón Aontas faoin Airteagal seo agus má tá sé ar intinn aige é a shíneadh nó é a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear níos éifeachtaí ó thaobh spriocghrúpa na scéime de, nó athruithe a dhéanamh maidir le fad a tréimhse nó leis na táirgí atá incháilithe, féadfar cabhair ón Aontas a dheonú ar choinníoll go gcloítear le teorainneacha phointe (b) de mhír 4 ó thaobh coibhneas idir cabhair ón Aontas agus an ranníocaíocht náisiúnta iomlán. Sa chás sin léireoidh an Ballstát ina straitéis cur chun feidhme conas atá sé ar intinn aige an scéim a shíneadh nó í a dhéanamh níos éifeachtaí.

6. Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar chabhair ón Aontas dá bhforáiltear i mír 1, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 152.

7. Beidh Scéim Torthaí Scoile an Aontais gan dochar d'aon scéimeanna náisiúnta torthaí scoile ar leithligh atá ag luí le dlí an Aontais.

8. Féadfaidh an tAontas, faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. [...] maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta, maoiniú a thabhairt freisin do bhearta faisnéise, faireacháin agus meastóireachta a bhaineann leis an Scéim Torthaí Scoile, lena n-áirítear feasacht an phobail ina leith a ardú, agus bearta líonraithe gaolmhara.

Airteagal 22

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo.

2. Ag cur san áireamh gur gá nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn i measc leanaí, féadfaidh an Coimisiún rialacha maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:

(a) na táirgí nach bhfuil incháilithe le haghaidh na scéime, ag cur gnéithe cothaitheacha san áireamh;

(b) spriocghrúpa na scéime;

(c) na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha nach foláir do Bhallstáit a tharraingt suas chun leas a bhaint as an gcabhair, lena n-áirítear na bearta tionlacain;

(d) roghnú agus formheas na n-iarratasóirí ar chabhair.

3. Ag cur san áireamh gur gá úsáid éifeachtúil agus spriocdhírithe cistí Eorpacha a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a) critéir oibiachtúla le haghaidh leithdháileadh cabhrach i measc na mBallstát, leithdháileadh táscach na cabhrach i measc na mBallstát agus an modh chun cabhair a ath-leithdháileadh i measc na mBallstát bunaithe ar iarratais a fuarthas;

(b) na costais atá incháilithe le haghaidh cabhrach, lena n-áirítear an deis go bhféadfaí uasteorainn fhoriomlán a shocrú ar na costais sin.

(c) faireachán agus meastóireacht.

4. Ag cur san áireamh gur gá feasacht an phobail a ardú i leith na scéimeanna, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, a chur de cheangal ar Bhallstáit atá rannpháirteach ról fóirdheonaithe na scéime a phoibliú.

Airteagal 23

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na bearta ar fad a bhfuil gá leo a ghlacadh i ndáil leis an bhForoinn seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) leithdháileadh críochnaitheach cabhrach i measc na mBallstát rannpháirteach laistigh de na leithreasaí a bheidh ar fáil sa bhuiséad;

(b) na harratais ar chabhair agus íocaíochtaí;

(c) modhanna poiblithe agus bearta líonraithe i leith na scéime.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Foroinn 2

Scéim bainne scoile

Airteagal 24

Táirgí bainne a sholáthar do leanaí

1. Deonófar cabhair an Aontais chun táirgí áirithe d'earnáil an bhainne agus tháirgí an bhainne a sholáthar do pháistí i bhforais oideachais.

2. Déanfaidh Ballstáit, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim straitéis a tharraingt suas roimh ré lena cur chun feidhme.

3. Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 152.

4. Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir le cabhair an Aontais i gcomhair an bhainne ar fad a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) den Chonradh.

5. Deonófar an chabhair ón Aontas dá bhforáiltear i mír 1 ar chainníocht uasta 0,25 lítear de choibhéis bainne i gcomhair an pháiste in aghaidh an lae scoile.

Airteagal 25

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo.

2. Ag cur san áireamh na héabhlóide i bpatrúin tomhaltais táirgí déiríochta mar aon leis na nuálaíochtaí agus na forbairtí i margadh na dtáirgí déiríochta, agus ag cur gnéithe cothaitheacha san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na táirgí atá incháilithe don scéim a chinneadh agus rialacha a ghlacadh maidir leis na straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha nach mór do Bhallstáit a tharraingt suas chun tairbhe a bhaint as an gcabhair agus spriocghrúpa na scéime.

3. Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcáilíonn na tairbhithe agus na hiarratasóirí iomchuí le haghaidh na cabhrach, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na coinníollacha chun an chabhair a dheonú.

Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go n-urramóidh iarratasóirí a n-oibleagáidí, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta maidir le hurrús a thaisceadh lena ráthaítear an cur i gcrích i gcás ina réamhíoctar cabhair.

4. Ag cur san áireamh gur gá feasacht an phobail a ardú i leith na scéime cabhrach, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, a chur de cheangal ar fhorais oideachais ról fóirdheonaithe na scéime a chur in iúl.

Airteagal 26

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na bearta ar fad is gá a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) nósanna imeachta chun a áirithiú go n-urramófar an uaschainníocht atá incháilithe don chabhair;

(b) iarratasóirí, iarratais ar chabhair agus íocaíochtaí a fhormheas;

(c) na modhanna chun an scéim a phoibliú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 2

Cabhair in earnáil na hola olóige agus na nológ boird

Airteagal 27

Cabhair d’eagraíochtaí oibreoirí

1. Maoineoidh an tAontas cláir oibre trí bliana atá le tarraingt suas ag na heagraíochtaí oibreoirí mar a shainítear iad in Airteagal 109 i gceann amháin de na réimsí seo a leanas nó níos mó:

(a) feabhas a chur ar an tionchar atá ag saothrú ológ ar an gcomhshaol;

(b) cáilíocht táirgthe na hola olóige agus na n-ológ boird a fheabhsú;

(c) an córas inrianaitheachta, deimhniúchán agus cosaint cáilíochta ola olóige agus ológ boird, faoi údarás na riarachán náisiúnta, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar cháilíocht olaí olóige a dhíoltar chuig na tomhaltóirí deireanacha.

2. Is mar seo a leanas a bheidh maoiniú an Aontais do na cláir oibre dá dtagraítear i mír 1:

(a) EUR 11 098 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Gréige;

(b) EUR 576 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Fraince; agus

(c) EUR 35 991 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na hIodáile.

3. Beidh uasmhéid an chistithe ón Aontas i gcomhair na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 cothrom leis na méideanna a choinníonn na Ballstáit siar. Is iad seo a leanas uasmhéideanna an chistithe don chostas incháilithe:

(a) 75 % i gcomhair gníomhaíochtaí sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b) 75 % i gcomhair infheistíochtaí i sócmhainní seasta agus 50 % i gcomhair gníomhaíochtaí eile sa réimse dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(c) 75 % i gcomhair clár oibre a dhéanann eagraíochtaí formheasta oibreoirí ó dhá Bhallstát ar táirgeoirí iad ar a laghad a chur i gcrích i dtrí thríú tír ar a laghad nó i mBallstáit nach dtáirgeann na hearraí sin, agus an obair sin sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (c) de mhír 1, agus 50 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí eile sna réimsí sin.

Áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear maoiniú comhlántach ar fáil suas le 50 % de na costais nach bhfuil cumhdaithe ag cistiú ón Aontas.

Airteagal 28

Cumhachtaí tarmligthe

1. Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go mbainfidh an chabhair dá bhforáiltear in Airteagal 27 a cuspóirí amach mar atá cáilíocht táirgthe ola olóige agus ológ boird a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) na coinníollacha maidir le heagraíochtaí oibreoirí a fhormheas chun críocha na scéime cabhrach, agus maidir leis an bhformheas sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(b) bearta atá incháilithe i gcomhair maoiniú ón Aontas;

(c) maoiniú ón Aontas a leithdháileadh ar bhearta áirithe;

(d) gníomhaíochtaí agus costais nach bhfuil incháilithe i gcomhair maoiniú ón Aontas;

(e) roghnú agus formheas na gclár oibre.

2. Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go n-urramóidh oibreoirí a n-oibleagáidí faoi seach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun a cheangal go dtaiscfear urrús i gcás ina réamhíocfar cabhair.

Airteagal 29

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, bearta a bhfuil gá leo a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cláir oibre a chur chun feidhme agus leasuithe ar na cláir sin;

(b) cabhair a íoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí cabhrach;

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 3

Cabhair in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Airteagal 30

Cistí oibriúcháin

1. Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí ciste oibriúcháin a bhunú. Cuirfear maoiniú ar fáil don chiste:

(a) trí ranníocaíochtaí na gcomhaltaí nó na heagraíochta táirgeoirí féin;

(b) trí chúnamh airgeadais ón Aontas a fhéadfar a dheonú d'eagraíochtaí táirgeoirí, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan amach i ngníomhartha tarmligthe agus i ngníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 35 agus Airteagal 36.

2. Ní úsáidfear cistí oibriúcháin ach amháin chun cláir oibriúcháin a cuireadh faoi bhráid Ballstát agus a d'fhormheas siad a mhaoiniú.

Airteagal 31

Cláir oibriúcháin

1. Maidir le cláir oibriúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí beidh dhá cheann ar a laghad de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 106(c) nó na cuspóirí seo a leanas ag baint leo:

(a) táirgeadh a phleanáil;

(b) cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú;

(c) luach tráchtála na dtáirgí a mhéadú;

(d) cur chun cinn na dtáirgí, bíodh siad úr nó próiseáilte;

(e) bearta comhshaoil agus modhanna táirgthe a chosnaíonn an comhshaol, lena n-áirítear feirmeoireacht orgánach;

(f) géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú.

Cuirfear cláir oibríochta faoi bhráid na mBallstát lena bhformheas.

2. Bainfidh cosc agus bainistiú géarchéimeanna, dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1, le géarchéimeanna i margaí na dtorthaí agus na nglasraí a sheachaint agus déileáil leo má tharlaíonn siad, agus sa chomhthéacs sin beidh an méid seo a leanas cumhdaithe:

(a) tarraingt siar ón margadh;

(b) glasbhuaint torthaí agus glasraí nó gan iad a bhuaint in aon chor;

(c) cur chun cinn agus cumarsáid;

(d) bearta oiliúna;

(e) árachas buainte;

(f) tacaíocht maidir leis na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha.

Ní chosnóidh bearta um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna, lena n-áirítear aon aisíocaíocht caipitil agus úis dá dtagraítear sa tríú fomhír, níos mó ná aon trian den chaiteachas faoin gclár oibriúcháin.

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iasachtaí a fháil ar théarmaí tráchtála chun bearta um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna a mhaoiniú. Féadfaidh aisíocaíocht ar chaipiteal agus ús na n-iasachtaí sin a bheith mar chuid den chlár oibriúcháin sa chás sin agus féadfaidh sé a bheith cáilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoi Airteagal 32. Féadfar aon bheart sonrach um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna a mhaoiniú trí na hiasachtaí sin nó go díreach ach ní féidir iad a mhaoiniú ar an dá bhealach.

3. Áiritheoidh Ballstáit:

(a) go mbeidh dhá bheart comhshaoil nó níos mó ar áireamh sna cláir oibriúcháin; nó

(b) go mbainfidh 10 % ar a laghad den chaiteachas faoi na cláir oibriúcháin le bearta comhshaoil.

Urramóidh bearta comhshaoil na ceanglais maidir le híocaíochtaí agra-chomhshaoil atá leagtha síos in Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

I gcás ina bhfuil 80 % ar a laghad de na comhaltaí ar táirgeoirí iad in eagraíocht táirgeoirí faoi réir gealltanais agra-chomhshaoil amháin nó níos mó dá bhforáiltear in Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), sa chás sin glacfar le gach ceann de na gealltanais sin mar bheart comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.

Cumhdóidh tacaíocht i gcomhair na mbeart comhshaoil dá dtagraítear sa chéad fhomhír costais bhreise agus ioncam tarscaoilte de thoradh an bhirt.

4. Áiritheoidh na Ballstáit na gceadófar infheistithe a chuireann brú breise ar an gcomhshaol ach amháin sna cásanna sin ina gcuirtear cosaintí éifeachtacha i bhfeidhm chun an comhshaol a chosaint ó na brúnna sin.

Airteagal 32

Cúnamh airgeadais ón Aontas

1. Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas cothrom le méid na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1) mar a íoctar go hiarbhír iad agus ní bheidh sé níos mó ná 50 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.

2. Cuirfear teorainn uasmhéid ar chúnamh airgeadais ón Aontas i dtreo nach sáróidh sé 4,1 % de luach na táirgthe arna mhargú de chuid gach eagraíochta táirgeoirí.

Féadfar, áfach, an céatadán sin a mhéadú go 4,6 % de luach an táirgthe arna mhargú ar choinníoll go mbaintear leas as an méid os cionn 4,1 % de luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh beart um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna agus lena n-aghaidh sin amháin.

3. Arna iarraidh sin d’eagraíocht táirgeoirí, méadófar an 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 60 % i gcomhair cláir oibriúcháin nó i gcomhair cuid de chlár oibriúcháin nuair a chomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) thíolaic roinnt eagraíochtaí táirgeoirí de chuid an Aontais é, ar eagraíochtaí iad a oibríonn i mBallstáit éagsúla ar scéimeanna trasnáisiúnta;

(b) thíolaic eagraíocht táirgeoirí amháin nó níos mó é, ar eagraíocht í nó ar eagraíochtaí iad a oibríonn ar scéimeanna a chuirtear i gcrích ar bhonn idirchraoibhe;

(c) ní chumhdaíonn sé ach tacaíocht shonrach chun táirgí orgánacha atá cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 [24] a tháirgeadh;

(d) is é an chéad cheann é a thíolaic eagraíocht aitheanta táirgeoirí atá cumaiscthe le heagraíocht aitheanta eile táirgeoirí;

(e) is é an chéad cheann é a thíolaic comhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí;

(f) thíolaic eagraíochtaí táirgeoirí é, ar eagraíochtaí táirgeoirí iad i mBallstáit ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí níos lú ná 20 % den táirgeadh torthaí agus glasraí ar an margadh;

(g) thíolaic eagraíocht táirgeoirí i gceann de na réigiúin is forimeallaí san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh;

(h) ní chumhdaíonn sé ach tacaíocht shonrach i gcomhair beart chun tomhaltas torthaí agus glasraí a chur chun cinn agus é dírithe ar leanaí i bhforais oideachais.

4. Méadófar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 100 % i gcásanna ina dtarraingeofar siar torthaí agus glasraí ón margadh, ar tarraingt siar í sin nach sáróidh 5 % de mhéid an táirgthe arna mhargú de chuid gach eagraíochta táirgeoirí, agus ina ndéanfar iad a dhiúscairt:

(a) trína ndáileadh saor in aisce ar eagraíochtaí agus fondúireachtaí carthanúla, arna bhformheas chuige sin ag na Ballstáit, lena n-úsáid ina ngníomhaíochtaí le cabhrú le daoine a aithnítear sa dlí náisiúnta go bhfuil siad i dteideal cúnamh poiblí a fháil, go háirithe toisc nach bhfuil an chóir mhaireachtála riachtanach acu.

(b) trína ndáileadh saor in aisce ar fhorais phionóis, ar scoileanna agus ar institiúidí oideachais phoiblí, agus ar champaí saoire leanaí chomh maith le hospidéil agus árais seanóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá lena áirithiú i gcás na gcainníochtaí a dháiltear gur cainníochtaí sa bhreis iad ar na cainníochtaí a dhéanann na forais sin a cheannach isteach de ghnáth.

Airteagal 33

Cúnamh airgeadais náisiúnta

1. I réigiúin de Bhallstáit nach bhfuil na táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí eagraithe iontu ach ar éigin, féadfaidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2), trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a údarú do Bhallstáit, ar iarraidh chuí-réasúnaithe uathu, cúnamh airgeadais náisiúnta a íoc le heagraíochtaí arb ionann é agus 80 % ar a mhéid de na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(a). Beidh an cúnamh seo sa bhreis ar an gciste oibriúcháin.

2. I réigiúin na mBallstát ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus na grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) níos lú ná 15 % de luach an táirgthe torthaí agus glasraí ar an margadh agus inarb ionann a dtáirgeadh torthaí agus glasraí agus 15 % ar a laghad dá n-aschur iomlán talmhaíochta, féadfaidh an tAontas an cúnamh airgeadais náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aisíoc arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhithín gníomhartha tarmligthe, maidir leis an aisíocaíocht sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 34

Creat náisiúnta agus straitéis náisiúnta i gcomhair clár oibriúcháin

1. Déanfaidh na Ballstáit creat náisiúnta a bhunú chun coinníollacha ginearálta a tharraingt suas a bhainfidh leis na bearta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 31(3). Beidh foráil sa chreat sin go háirithe go gcomhlíonfaidh na bearta sin na ceanglais iomchuí i Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) go háirithe iad siúd atá in Airteagal 6 maidir le comhchuibheas.

Cuirfidh Ballstáit a gcreat beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin, a fhéadfaidh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhnuithe a éileamh laistigh de thrí mhí má chinneann sé nach gcuirfeadh an togra le saothrú na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 191 den Chonradh agus sa seachtú clár beart comhshaoil de chuid an Aontais. Déanfaidh infheistíochtaí ar ghabháltais indibhidiúla a bhfuil tacaíocht ó chláir oibriúcháin acu na cuspóirí sin a urramú freisin.

2. Bunóidh gach Ballstát straitéis náisiúnta i gcomhair clár oibriúcháin inbhuanaithe i margadh na dtorthaí agus na nglasraí. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh i straitéis den sórt sin:

(a) anailís ar an staid ina bhfuil cúrsaí ó thaobh láidreachtaí agus laigí agus ó thaobh acmhainneachta forbartha;

(b) fírinniú maidir leis na tosaíochtaí a roghnaíodh;

(c) cuspóirí na gclár oibriúcháin agus ionstraimí, táscairí feidhmíochta;

(d) measúnú ar chláir oibriúcháin;

(e) oibleagáidí tuairiscithe i gcomhair eagraíochtaí táirgeoirí.

Lena chois sin déanfaidh an straitéis náisiúnta an creat náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chomhtháthú.

3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le Ballstáit nach bhfuil aon eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iontu.

Airteagal 35

Cumhachtaí tarmligthe

Ag cur san áireamh gur gá tacaíocht éifeachtúil, spriocdhírithe agus inbhuanaithe a áirithiú d'eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun rialacha a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) na méideanna, an maoiniú agus an úsáid cistí oibriúcháin a mheastar;

(ii) ábhar, fad, formheas agus modhnú clár oibriúcháin;

(iii) incháilitheacht beart, gníomhaíochtaí nó caiteachais faoi chlár oibriúcháin agus rialacha náisiúnta comhlántacha faoi seach;

(iv) an gaol idir cláir oibriúcháin agus cláir forbartha tuaithe;

(v) cláir oibriúcháin comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(b) struchtúr agus ábhar creata náisiúnta agus straitéise náisiúnta;

(c) cúnamh airgeadais ón Aontas, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) an bonn ar a ríomhfar cúnamh airgeadais ón Aontas, go háirithe luach an táirgthe a margaíodh de chuid eagraíochta táirgeoirí;

(ii) tréimhsí tagartha atá infheidhme maidir le ríomh na cabhrach;

(iii) laghduithe ar theidlíochtaí ar chúnamh airgeadais i gcás inar tíolacadh iarratais ar chabhair go déanach;

(iv) réamhíocaíochtaí a sholáthar agus urrúis a thaisceadh agus a fhorghéilleadh i gcás réamhíocaíochtaí;

(d) bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, maidir leis an méid seo a leanas;

(i) roghnú beart chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú;

(ii) sainmhíniú ar tharraingt siar ón margadh;

(iii) cinnscríbe do tháirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(iv) an t-uasmhéid tacaíochta do tháirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(v) fógraí roimh ré i gcás táirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(vi) méid an táirgthe a margaíodh a ríomh i gcás táirgí a tarraingíodh siar;

(vii) an suaitheantas Eorpach a thaispeáint ar phacáistí táirgí le dáileadh saor in aisce;

(viii) na coinníollacha d'fhaighteoirí táirgí a tarraingíodh siar;

(ix) na sainmhínithe ar ghlasbhuaint agus ar gan bhuaint;

(x) na coinníollacha maidir le glasbhuaint agus gan buaint a chur i bhfeidhm;

(xi) cuspóirí árachais bhuainte;

(xii) sainmhíniú ar theagmhas díobhálach aeráide;

(xiii) na coinníollacha maidir le tacaíocht le haghaidh na gcostas riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha;

(e) cúnamh airgeadais náisiúnta, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí;

(ii) modhnuithe ar chláir oibriúcháin;

(iii) laghduithe ar theidlíochtaí ar chúnamh airgeadais i gcás inar tíolacadh iarratais ar chúnamh airgeadais go déanach;

(iv) urrúis a thaisceadh, a scaoileadh agus a fhorghéilleadh i gcás réamhíocaíochtaí;

(v) an t-uaschion aisíocaíochta ón Aontas den chúnamh airgeadais náisiúnta.

Airteagal 36

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, bearta a bhfuil gá leo a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) bainistiú na gclár oibriúcháin;

(b) formáid na gclár oibriúcháin;

(c) iarratais ar chabhair agus íocaíochtaí cabhrach, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí agus íocaíochtaí páirteacha cabhrach;

(d) iasachtaí chun bearta um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna a mhaoiniú;

(e) urramú na gcaighdeán margaíochta i gcás táirgí a tarraingíodh siar;

(f) costais iompair, sórtála agus pacáistithe i gcás dáileadh saor in aisce;

(g) bearta cur chun cinn, cumarsáide agus oiliúna i gcás chosc agus bhainistiú géarchéimeanna;

(h) bearta árachais bhuainte a bhainistiú;

(i) forálacha maidir le Státchabhair le haghaidh beart um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna;

(j) an t-údarú le cúnamh airgeadais náisiúnta a íoc;

(k) iarratas ar chúnamh airgeadais náisiúnta agus an cúnamh sin a íoc;

(l) cúnamh airgeadais náisiúnta a aisíoc.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 4

Cláir thacaíochta in earnáil an fhíona

Foroinn 1

Forálacha ginearálta agus bearta incháilithe

Airteagal 37

Raon feidhme

Leagtar síos na rialacha sa Roinn seo a rialaíonn leithdháileadh chistí an Aontais ar Bhallstáit agus úsáid na gcistí sin ag Ballstáit trí chláir náisiúnta thacaíochta cúig bliana ("cláir thacaíochta") chun bearta sonracha tacaíochta a mhaoiniú chun cabhrú le hearnáil an fhíona.

Airteagal 38

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1. Luífidh na cláir thacaíochta le dlí an Aontais agus beidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí an Aontais.

2. Beidh na Ballstáit freagrach as cláir thacaíochta agus áiritheoidh siad go bhfuil siad comhsheasmhach iontu féin agus go ndréachtófar iad agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach oibiachtúil, ag cur san áireamh staid eacnamaíoch na dtáirgeoirí lena mbaineann agus an ghá atá ann gan caitheamh go míchothrom le táirgeoirí éagsúla mura bhfuil údar leis.

3. Ní dheonófar aon tacaíocht maidir leis an méid seo a leanas:

(a) tionscadail taighde agus bearta chun tacú le tionscadail taighde gan dochar do phointe (d) ná do phointe (e) d'Airteagal 43(3);

(b) bearta atá ina gcuid de chláir forbartha tuaithe na mBallstát faoi Rialachán (CE) Uimh. [...] maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

Airteagal 39

Cláir thacaíochta a thíolacadh

1. Cuirfidh gach Ballstát ar táirgeoir é agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IV dréacht-chlár tacaíochta cúig bliana faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na bearta incháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 40.

2. Tiocfaidh cláir thacaíochta chun a bheith infheidhme trí mhí tar éis dóibh a bheith tíolactha don Choimisiún.

Má shuíonn an Coimisiún, áfach, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, nach gcomhlíonann an clár tacaíochta arna thíolacadh na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas ina leith sin. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát clár tacaíochta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin. Tiocfaidh an clár tacaíochta athbhreithnithe chun a bheith infheidhme dhá mhí tar éis a thíolactha mura bhfuil neamhluí fós ann agus sa chás sin beidh feidhm ag an bhfomhír seo.

3. Beidh feidhm ag mír 2 mutatis mutandis maidir le hathruithe ar na cláir thacaíochta a thíolacfaidh Ballstáit.

Airteagal 40

Bearta incháilithe

Ní fhéadfaidh ach ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sna cláir thacaíochta:

(a) tacaíocht ó Scéim na hAoníocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 42;

(b) cur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 43;

(c) athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort i gcomhréir le hAirteagal 44;

(d) glasbhuaint i gcomhréir le hAirteagal 45;

(e) cistí frithpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 46;

(f) árachas buainte i gcomhréir le hAirteagal 47;

(g) infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 48;

(h) driogadh fotháirgí i gcomhréir le hAirteagal 49.

Airteagal 41

Rialacha ginearálta maidir le cláir thacaíochta

1. Leithdháilfear na cistí atá ar fáil ón Aontas laistigh de na teorainneacha búiséadacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV.

2. Ní dheonófar tacaíocht ón Aontas ach do chaiteachas incháilithe arna thabhú tar éis thíolacadh an chláir tacaíochta ábhartha.

3. Ní rannchuideoidh Ballstáit le costais na mbeart arna maoiniú ag an Aontas faoi na cláir thacaíochta.

Foroinn 2

Bearta sonracha tacaíochta

Airteagal 42

Scéim na hAoníocaíochta agus tacaíocht do shaothraithe fíniúnacha

Ní fhéadfaidh a bheith ar áireamh i cláir thacaíochta ach tacaíocht do shaothraithe fíniúnacha trí theidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh a chinn na Ballstáit an 1 Nollaig 2012 faoi Airteagal 137 de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] agus faoi na coinníollacha arna leagan amach san Airteagal sin.

Airteagal 43

Cur chun cinn i dtríú tíortha

1. Cumhdóidh tacaíocht faoin Airteagal seo bearta faisnéise nó bearta cur chun cinn maidir le fíonta de chuid an Aontais i dtríú tíortha, agus ar an gcaoi sin cuirfear feabhas ar a n-iomaíochas sna tíortha sin.

2. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 maidir le fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu nó fíonta a bhfuil tásc faoin gcineál fíonchaor acu.

3. Ní fhéadfaidh ach an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na bearta dá dtagraítear i mír 1:

(a) bearta caidrimh phoiblí, bearta cur chun cinn nó bearta fógraíochta, go háirithe bearta a leagann béim ar na buntáistí a bhaineann le táirgí an Aontais, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta bia de nó ar an ábhar gur táirgí iad atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(b) páirt a ghlacadh in imeachtaí, in aontaí nó i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo;

(c) feachtais faisnéise, go háirithe faoi chórais de chuid an Aontais lena gcumhdaítear sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus táirgeadh orgánach;

(d) staidéir ar mhargaí nua, atá riachtanach chun asraonta margaidh a leathnú;

(e) staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na mbeart faisnéise agus na mbeart cur chun cinn.

4. Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1 50 % den chaiteachas incháilithe.

Airteagal 44

Athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort

1. Is é an cuspóir a bheidh ag bearta a bhaineann le hathstruchtúrú agus le hathchóiriú fíonghort cur le hiomaíochas táirgeoirí fíona.

2. Tabharfar tacaíocht d'athstruchtúrú agus d'athchóiriú fíonghort má thíolacann Ballstáit fardal a gcumais táirgthe i gcomhréir le hAirteagal 102(3).

3. Ní fhéadfaidh tacaíocht i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort ach ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a chumhdach:

(a) athchóiriú cineálacha, lena n-áirítear athchóiriú trí bheangú;

(b) athlonnú fíonghort;

(c) feabhsú teicnící bainistithe fíonghort.

Ní thabharfar aon tacaíocht maidir le gnáth-athnuachan fíonghort a bhfuil deireadh tagtha lena saolré nádúrtha.

4. Ní fhéadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort ach amháin ar na bealaí seo a leanas:

(a) cúiteamh a thabhairt do na táirgeoirí maidir le caillteanas ioncaim de bharr chur chun feidhme an bhirt;

(b) ranníocaíocht a dhéanamh i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe.

5. Féadfaidh an cúiteamh do tháirgeoirí de bharr caillteanais ioncaim dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 suas le 100 % den chaillteanas ábhartha a chumhdach agus féadfar é a dhéanamh ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:

(a) d’ainneoin Fhoroinn II de Roinn V de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] a leagann síos an córas idirthréimhseach do chearta um plandú, cead fíniúnacha nua agus seanfhíniúnacha a fhás le chéile go dtí go mbeidh deireadh leis an gcóras idirthréimhseach ar feadh tréimhse uasta nach sáróidh trí bliana;

(b) cúiteamh airgeadais.

6. Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais 50 %, arb í ranníocaíocht an Aontais i leith na gcostas iarbhír le haghaidh athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort. I réigiúin lagfhorbartha, ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe 75%.

Airteagal 45

Glasbhuaint

1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh glasbhuaint scriosadh iomlán nó asbhaint triopall fíonchaor fad is atá siad fós neamhaibí, ar an mbealach sin ag scriosadh tháirgeacht iomlán an limistéir sin.

2. Cuideoidh an tacaíocht a thabharfar i gcomhair glasbhuainte le hathchothromú a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh i margadh fíona an Aontais chun géarchéimeanna sa mhargadh a chosc.

3. Féadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair glasbhuainte mar chúiteamh i bhfoirm íocaíochta ar ráta comhréidh in aghaidh an heicteáir atá le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

Ní sháróidh an íocaíocht sin 50 % de shuim na gcostas díreach maidir le scriosadh nó baint na dtriopall fíonchaor agus an chaillteanais ioncaim de bharr an scriosta nó na bainte sin.

4. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann córas ar bun a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla lena áirithiú nach dtabharfar cúiteamh níos airde ná an uasteorainn dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 do tháirgeoirí fíona indibhidiúla de thoradh an bhirt maidir le glasbhuaint.

Airteagal 46

Cistí frithpháirteacha

1. Cuirfidh an tacaíocht i gcomhair bunú cistí frithpháirteacha cúnamh ar fáil do tháirgeoirí ar mian leo árachas a fháil dóibh féin i gcoinne luaineachta margaidh.

2. Féadfar tacaíocht i gcomhair bunú cistí frithpháirteacha a dheonú i bhfoirm cabhrach sealadaí agus cabhrach ar bhonn céimlaghdaitheach chun costais riaracháin na gcistí a chumhdach.

Airteagal 47

Árachas buainte

1. Cabhróidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a théann tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair nó inmhíolú lotnaidí i gcion ar a n-ioncam.

2. Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair árachais bhuainte i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais ón Aontas nach mbeidh níos airde ná:

(a) 80 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh caillteanas de bharr teagmhas díobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.

(b) 50 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh:

(i) caillteanas dá dtagraítear i bpointe (a) agus in aghaidh caillteanas eile de bharr drochaimsire;

(ii) caillteanas de bharr ainmhithe, galar plandaí nó inmhíolú lotnaidí.

3. Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair árachais bhuainte mura dtugann na híocaíochtaí árachais cúiteamh do tháirgeoirí i gcomhair breis agus 100 % den chaillteanas ioncaim arna fhulaingt ag cur san áireamh aon chúitimh a d'fhéadfadh a bheith faighte ag na táirgeoirí ó scéimeanna tacaíochta eile a bhaineann leis an riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh.

4. Ní dhéanfaidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh árachais.

Airteagal 48

Infheistíochtaí

1. Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair infheistíochtaí inláimhsithe agus doláimhsithe i saoráidí próiseála, i mbonneagar fíonghort agus i margaíocht fíona a chuireann feabhas ar fheidhmíocht fhoriomlán an ghnóthais agus a bhaineann le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) táirgeadh nó margaíocht táirgí dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VI;

(b) forbairt táirgí, próiseas agus teicneolaíochtaí nua a bhaineann leis na táirgí dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VI.

2. Ní bhainfidh an tacaíocht faoi mhír 1 ar a ráta is airde ach amháin le micreaghnóthais, le fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicreaghnóthais agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide [25].

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfaidh feidhm a bheith ag an ráta is airde maidir le gach fiontar i gcás na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh agus na n-oileán Aeigéach beag de réir mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 [26]. Ní thabharfar ach leath den mhéid uasta cabhrach i gcás fiontar nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 2(1) de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE a bhfuil níos lú ná 750 fostaí acu nó a bhfuil láimhdeachas níos lú ná EUR 200 milliún acu.

Ní dheonófar cabhair d'fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí threoirlínte an Chomhphobail faoi Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu [27].

3. Ní áireofar sa chaiteachas incháilithe na costais nach bhfuil incháilithe dá dtagraítear i mír 3 d'Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2011)615].

4. Beidh feidhm ag na rátaí uasta cabhrach seo a leanas maidir le ranníocaíocht an Aontais do na costais infheistíochta incháilithe:

(a) 50 % i reigiúin lagfhorbartha;

(b) 40 % i réigiúin eile seachas réigiúin lagfhorbartha;

(c) 75 % sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh;

(d) 65 % sna hoileáin Aeigéacha bheaga mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

5. Beidh feidhm ag Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2011)615] mutatis mutandis maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 49

Driogadh fotháirgí

1. Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair driogadh deonach nó éigeantach fotháirgí fíona arna dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Roinn D de Chuid II d'Iarscríbhinn VII.

Déanfar méid na cabhrach a shocrú de réir % de thoirt agus in aghaidh an heictilítir alcóil arna tháirgeadh. Ní íocfar aon chabhair i gcomhair mhéid an alcóil sna fotháirgí atá le driogadh a sháraíonn 10 % de mhéid an alcóil atá san fhíon arna tháirgeadh.

2. Socróidh an Coimisiún na leibhéil uasta atá infheidhme i gcomhair cabhrach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 51 agus beidh siad bunaithe ar chostais bhailithe agus phróiseála.

3. Úsáidfear an t-alcól a thagann ón driogadh a fhaigheann tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh cuspóirí tionsclaíocha nó fuinnimh agus chucu sin amháin chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint.

Foroinn 3

Forálacha maidir le nósanna imeachta

Airteagal 50

Cumhachtaí tarmligthe

Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go mbainfidh cláir thacaíochta a gcuspóirí amach agus go n-úsáidfear cistí Eorpacha ar bhealach spriocdhírithe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160, chun an méid seo a leanas a bhunú:

(a) rialacha maidir leis an bhfreagracht as caiteachas idir an dáta a bhfaightear na cláir thacaíochta, agus a ndéantar leasuithe ar na cláir agus dáta a n-infheidhmeachta;

(b) rialacha maidir le critéir incháilitheachta beart tacaíochta, an saghas caiteachais agus na saghsanna oibríochtaí atá incháilithe chun tacaíocht a fháil, bearta nach bhfuil incháilithe chun tacaíocht a fháil agus an t-uasmhéid tacaíochta do gach beart;

(c) rialacha maidir le hathruithe ar chláir thacaíochta tar éis dóibh a bheith curtha i bhfeidhm;

(d) rialacha maidir le ceanglais agus tairseacha le haghaidh réamhíocaíochtaí, lena n-áirítear an ceanglas maidir le hurrús i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht;

(e) rialacha ina bhfuil forálacha agus sainmhínithe ginearálta chun críocha na Roinne seo;

(f) rialacha chun mí-úsáid na mbeart tacaíochta agus cistiú dúbailte tionscadal a sheachaint;

(g) rialacha faoina n-aistarraingeoidh táirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta agus eisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí;

(h) rialacha lena leagtar síos ceanglais ar na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na mbeart tacaíochta, chomh maith le srianta chun comhsheasmhacht le raon feidhme na mbeart tacaíochta a áirithiú;

(i) rialacha maidir le híocaíochtaí le tairbhithe agus maidir le híocaíochtaí a dhéantar trí idirghabhálaithe árachais i gcás tacaíochta i gcomhair árachais bhuainte dá bhforáiltear in Airteagal 47.

Airteagal 51

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a bhfuil gá leo a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) tíolacadh na gclár tacaíochta, an phleanáil airgeadais chomhfhreagrach agus athbhreithniú ar chláir thacaíochta;

(b) nósanna imeachta cur i bhfeidhm agus roghnúcháin;

(c) meastóireacht na mbeart a dtugtar tacaíocht ina leith;

(d) ríomh agus íocaíocht na cabhrach le haghaidh glasbhuainte agus driogtha fotháirgí;

(e) ceanglais maidir le bainistíocht airgeadais ar na bearta tacaíochta ag na Ballstáit;

(f) rialacha maidir le comhsheasmhacht na mbeart.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 5

Cabhair in earnáil na beachadóireachta

Airteagal 52

Cláir náisúnta agus maoiniú

1. Féadfaidh Ballstáit cláir náisiúnta a tharraingt suas i gcomhair earnáil na beachadóireachta lena gcumhdófar tréimhse trí bliana.

2. Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais leis na cláir bheachadóireachta 50 % den chaiteachas a íocann na Ballstáit as.

3. Chun a bheith incháilithe i gcomhair na ranníocaíochta ón Aontas dá bhforáiltear i mír 2, déanfaidh Ballstáit staidéar ar an struchtúr táirgthe agus margaíochta in earnáil na beachaireachta ina gcríocha féin.

Airteagal 53

Cumhachtaí tarmligthe

Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach spriocdhírithe i gcomhair na beachadóireachta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 162 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) na bearta is féidir a áireamh i gcláir bheachadóireachta,

(b) rialacha maidir le cláir naisiúnta a tharraingt suas agus maidir le hábhar na gclár sin agus na staidéir dá dtagraítear in Airteagal 52(3); agus

(c) na coinníollacha maidir le leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais ar gach Ballstát rannpháirteach bunaithe ar, inter alia, an méid iomlán coirceog san Aontas.

Airteagal 54

Cumhachtaí cur chun feidhme Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) rialacha a ghlacadh lena áirithiú nach bhfuil bearta atá maoinithe faoi na cláir bheachadóireachta maoinithe ag an am céanna faoi scéim eile de chuid an Aontais, agus rialacha maidir le cistí nár úsáideadh a ath-leithdháileadh;

(b) na cláir bheachadóireachta arna gcur isteach ag Ballstáit a fhormheas, lena n-áirítear leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2)

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE MARGAÍOCHT AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ

CAIBIDIL I

Rialacha maidir le margaíocht

Roinn 1

Caighdeáin mhargaíochta

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 55

Raon feidhme

Gan dochar d’aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, agus gan dochar do na forálacha a glacadh in earnáil na tréidliachta, san earnáil fíteashláintíochta agus in earnáil an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe, plandaí agus daoine a chosaint, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir leis an gcaighdeán ginearálta margaíochta agus caighdeáin mhargaíochta de réir earnála agus/nó táirge i gcás táirgí talmhaíochta.

Foroinn 2

an caighdeán ginearálta margaíochta

Airteagal 56

Comhlíonadh an chaighdeáin ghinearálta mhargaíochta

1. Chun críocha an Rialacháin seo comhlíonann táirge an "caighdeán ginearálta margaíochta" má tá sé de cháilíocht shlán chóir agus indíolta.

2. I gcás nár leagadh síos aon chaighdeáin mhargaíochta mar a thagraítear dóibh i bhForoinn III agus i dTreoracha 2000/36/CE [28], 2001/112/CE [29], 2001/113/CE [30], 2001/114/CE [31], 2001/110/CE [32], 2001/111/CE [33] ón gComhairle, táirgí atá réidh lena ndíol nó lena seachadadh ar an tomhaltóir deiridh sa mhiondíol mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(7) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh ach amháin má chomhlíonann siad an caighdeán ginearálta margaíochta.

3. Measfar go gcomhlíonann táirge an caighdeán ginearálta margaíochta i gcás ina bhfuil an táirge atá beartaithe a mhargú i gcomhréir le caighdeán is infheidhme, ar caighdeán é a ghlac aon cheann de na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn V.

Airteagal 57

Cumhachtaí tarmligthe

Agus an gá atá ann le díriú ar athruithe i staid an mhargaidh agus sainiúlacht gach earnála á chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na ceanglais maidir leis an gcaighdeán ginearálta margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 56(1) a ghlacadh nó a leasú nó maolú ar na ceanglais sin, agus chun rialacha maidir le comhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 56(3) a ghlacadh nó a leasú nó maolú ar na rialacha sin.

Foroinn 3

Caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge

Airteagal 58

Prionsabal ginearálta

Ní fhéadfar na táirgí a bhfuil caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha agus/nó táirgí leagtha síos ina leith a chur ar an margadh san Aontas ach i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 59

Bunú agus ábhar

1. Ag cur san áireamh ionchas tomhaltóirí agus an gá atá ann leis na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 55, ag gach céim sa mhargaíocht, chomh maith le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun iad a chur in oiriúint do na dálaí margaidh atá ag síorathrú, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d’fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí i nuálaíocht táirgí.

2. Féadfaidh na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas a chuimsiú:

(a) an sainmhíniú, an sonrúchán agus/nó na tuairiscí díolacháin seachas na cinn atá leagtha amach sa Rialachán seo agus liostaí conablach agus codanna díobh a bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn VI maidir leo;

(b) critéir aicmithe amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí;

(c) cineál an phlanda nó cine an ainmhí nó an cineál tráchtála;

(d) an cur i láthair, tuairiscí díolacháin, lipéadú a bhaineann le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, cumhdach, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha;

(e) critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge;

(f) substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhpháirteanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a n-aitheantas;

(g) an cineál feirmeoireachta agus an modh táirgthe lena n-áirítear cleachtais fíoneolaíochta agus rialacha gaolmhara riaracháin, agus ciorcad oibriúcháin;

(h) cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe air sin, meascadh agus srianta air sin;

(i) an modh leasaithe agus teocht;

(j) an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh;

(k) minicíocht an bhailiúcháin, an tseachadta, an leasaithe agus na láimhseála;

(l) aitheantas nó clárú an táirgeora agus/nó na saoráidí tionsclaíocha inar ullmhaíodh nó inar próiseáladh an táirge;

(m) céatadán an chion uisce;

(n) srianta maidir le húsáid substaintí agus/nó cleachtas áirithe;

(o) úsáid shonrach;

(p) doiciméid tráchtála, doiciméid a ghabhann leo agus cláir atá le coinneáil;

(q) stóráil, iompar;

(r) an nós imeachta deimhniúcháin;

(s) na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, coimeád, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 agus/nó na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin mar a thagraítear in Airteagal 60, chomh maith le diúscairt fotháirgí;

(t) teorainneacha ama.

3. Déanfar na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 a leagan síos gan dochar do Theideal IV de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)733] maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(a) sainiúlachtaí an táirge lena mbaineann;

(b) an gá lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha ann chun go gcuirfear na táirgí sin ar an margadh go rianúil;

(c) leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le cinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí;

(d) na modhanna a úsáideadh chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí a chinneadh;

(e) na moltaí caighdeánacha a ghlac comhlachtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 60

Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin i gcomhair earnálacha agus táirgí áirithe

1. Beidh feidhm ag na sainmhínithe, na sonrúcháin agus/nó na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI maidir leis na hearnálacha nó táirgí seo a leanas:

(a) ola olóige agus ológa boird;

(b) fíon;

(c) mairteoil agus laofheoil;

(d) bainne agus táirgí bainne atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(e) feoil éanlaithe clóis;

(f) saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.

2. Ní fhéadfar sainmhínithe, sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI a úsáid san Aontas ach amháin le haghaidh margaíocht táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.

3. Agus an gá atá ann le freastal ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, agus ar ascnamh teicniúil á chur san áireamh agus ionas nach gcruthófar constaicí i nuálaíocht táirgí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le leasuithe ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI nó maoluithe orthu nó díolúintí uathu.

Airteagal 61

Lamháltas

Ag cur sainiúlacht gach earnála san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le lamháltas maidir le gach caighdeán agus measfar nach n-urramaíonn baisc iomlán na dtáirgí an caighdeán má sháraíonn sí an lamháltas sin.

Airteagal 62

Cleachtais fhíoneolaíocha agus modhanna anailíse

1. Ní úsáidfear ach cleachtais fíoneolaíocha atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VII agus dá bhforáiltear i bpointe (g) d'Airteagal 59(2) agus i mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 65 i dtáirgeadh agus i gcaomhnú na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VI san Aontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a) sú fíonchaor agus sú fíonchaor tiubhaithe;

(b) úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe atá beartaithe le haghaidh sú fíonchaor a ullmhú.

Ní úsáidfear cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe ach amháin chun fíonóireacht cheart, leasú ceart nó míníneacht cheart an táirge a áirithiú.

Déanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VI a tháirgeadh san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VII.

Ní dhéanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d’Iarscríbhinn VI a mhargú san Aontas i gcás:

(a) inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe Aontais i bhfeidhm orthu nó

(b) inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe náisiúnta i bhfeidhm orthu nó

(c) nach gcomhlíonann siad na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VII.

3. Agus cleachtais fhíoneolaíocha i gcomhair fíona dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 59(2) á n-údarú aige, déanfaidh an Coimisiún mar seo a leanas:

(a) bunóidh sé a thuairim ar na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse molta agus foilsithe ag an OIV agus ar thorthaí úsáide turgnamhaí cleachtas fíoneolaíoch atá fós gan údarú;

(b) cuirfidh sé cosaint shláinte an duine san áireamh;

(c) cuirfidh sé san áireamh an baol go bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú toisc na n-ionchas agus na mbarúlacha atá acu, ag féachaint d'infhaighteacht agus indéantacht modhanna faisnéise chun a leithéid de bhaol a eisiamh;

(d) ceadóidh sé go gcaomhnófar saintréithe nádúrtha bunúsacha an fhíona agus ní bheidh sé ina chúis go ndéanfar athrú substaintiúil ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann;

(e) áiritheoidh sé leibhéal inghlactha íosta cúraim don chomhshaol;

(f) urramóidh sé na rialacha ginearálta i dtaobh cleachtas fíoneolaíoch agus na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VII.

3. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún modhanna dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 59(3) do tháirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VI trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Beidh na modhanna sin bunaithe ar aon mhodhanna ábhartha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an OIV, mura mbeadh siad neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra dhlisteanaigh arna shaothrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Go dtí go nglacfar na rialacha sin, is iad na modhanna a bheidh le húsáid na modhanna a cheadaíonn an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 63

Cineálacha fíonchaor

1. I gcás na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VI agus a tháirgtear san Aontas is de chineálacha fíonchaor ar féidir iad a aicmiú de réir mhír 2 den Airteagal seo a dhéanfar iad.

2. Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun fíon a tháirgeadh.

Ní fhéadfaidh Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú:

(a) is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis;

(b) ní ceann de na cineálacha seo a leanas iad: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh laistigh de 15 bliana ó thráth a scriosta.

3. Tabharfar díolúine ón oibleagáid aicmithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 do na Ballstáit sin nach sáraíonn a dtáirgeadh fíona 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana fíona arna ríomh ar bhonn mheántáirgeadh na gcúig bliana fíona roimhe sin.

Mar sin féin, sna Ballstáit freisin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní cheadófar ach cineálacha fíonchaor a chomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 a phlandú, a athphlandú nó a bheangú chun fíon a tháirgeadh.

4. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an tríú fomhír de mhír 2 agus ar an dara fomhír de mhír 3 ceadóidh na Ballstáit plandú, athphlandú nó beangú na gcineálacha fíonchaor a leanas ar mhaithe le taighde eolaíoch agus chun críoch turgnamhach:

(a) cineálacha fíonchaor nach n-aicmítear fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3;

(b) cineálacha fíonchaor nach gcomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3.

5. Maidir le limistéir ina bhfuil cineálacha fíonchaor curtha iontu chun fíon a tháirgeadh, agus sin ag sárú mhír 2 go mír 4, déanfar na limistéir sin a ghrafadh.

Mar sin féin, ní bheidh aon dualgas na limistéir sin a ghrafadh nuair atá an táirgeadh ábhartha beartaithe lena thomhailt ag teaghlaigh na dtáirgeoirí fíona féin amháin.

Airteagal 64

Úsáid shonrach fíona nach gcomhlíonann na catagóirí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VI

Seachas fíon buidéalaithe a bhfuil fianaise ann gur cuireadh i mbuidéal é roimh an 1 Meán Fómhair 1971, ní úsáidfear fíon a táirgeadh ó na cineálacha fíonchaor atá liostaithe san aicmiú arna tharraingt suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 63(2) ach nach gcomhlíonann ceann de na catagóirí atá leagtha síos i gCuid II d'Iarscríbhinn VI ach amháin lena chaitheamh ag teaghlaigh táirgeoirí fíona indibhidiúla, nó chun fínéagar fíona a tháirgeadh nó lena dhriogadh.

Airteagal 65

Rialacha náisiúnta i gcomhair táirgí agus/nó earnálacha áirithe

1. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 59(1), féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena leagtar síos leibhéil éagsúla cháilíochta i gcomhair saillte inleata. Leis na rialacha sin féadfar na leibhéil cháilíochta sin a mheasúnú ar bhonn critéar a bhaineann go háirithe leis na hamhábhair a úsáidtear, saintréithe orgánaileipteacha na dtáirgí agus a gcobhsaíocht fhisiciúil agus mhicreabhitheolaíoch.

Maidir le Ballstáit atá ag baint úsáide as an rogha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad gur féidir le táirgí Ballstát eile a chomhlíonann na critéir a leagtar síos leis na rialacha náisiúnta sin, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, úsáid a bhaint as téarmaí a shonraíonn go gcloítear leis na critéir sin.

2. Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíoch áirithe nó na cleachtais sin a thoirmeasc agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos déine i gcás fíonta atá údaraithe faoi dhlí an Aontais agus a tháirgtear ina gcríocha chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint agus chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta súilíneacha agus fíonta licéir.

3. Féadfaidh Ballstáit úsáid thurgnamhach cleachtas fíoneolaíoch neamhúdaraithe a cheadú i gcomhréir leis na coinníollacha a shonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 4.

4. Ag cur san áireamh an gá atá ann le cur i bhfeidhm ceart agus trédhearcach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160, lena sonrófar na coinníollacha faoina gcuirfear míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i bhfeidhm, chomh maith leis na coinníollacha maidir le coimeád, cúrsaíocht agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó na cleachtais thurgnamhacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Foroinn 4

Caighdeáin mhargaíochta maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú

Airteagal 66

Forálacha ginearálta

Agus na sainiúlachtaí i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus nádúr speisialta roinnt táirgí talmhaíochta á gcur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na coinníollacha a shainiú faoina measfar go bhfuil leibhéal coibhéiseach comhlíonta le caighdeáin mhargaíochta an Aontais ag baint le táirgí allmhairithe agus na coinníollacha a shainiú lena gceadófar maolú ar Airteagal 58 agus féadfaidh sé na rialacha a chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán margaíochta ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

Airteagal 67

Forálacha speisialta i gcás allmhairí fíona

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh, beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh sonrúchán tionscnaimh agus tásca geografacha agus lipéadú fíona atá leagtha amach i Roinn II den Chaibidil seo agus sna sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 60 den Rialachán seo, maidir le táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2009 61, 2009 69 agus 2204 agus a allmhairítear isteach san Aontas.

2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh, déanfar táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá molta agus foilsithe ag an OIV nó atá údaraithe ag an Aontas de bhun an Rialacháin seo.

3. Beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an méid seo a leanas a thíolacadh:

(a) deimhniú lena léirítear go gcomhlíontar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar deimhniú é arna tharraingt suas ag comhlacht inniúil a bheidh san áireamh ar liosta a phoibleoidh an Coimisiún, i dtír thionscnaimh an táirge;

(b) tuarascáil anailíse arna tarraingt suas ag comhlacht arna cheapadh nó roinn arna ceapadh ag tír thionscnaimh an táirge, a mhéid is atá an táirge ceaptha lena chaitheamh go díreach ag an duine.

Foroinn 5

Forálacha coiteanna

Airteagal 68

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh maidir leis an Roinn seo agus go háirithe:

(a) bearta do chur chun feidhme na gcaighdeán ginearálta margaíochta;

(b) bearta do chur chun feidhme na sainmhínithe agus na dtuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI;

(c) bearta chun liosta an bhainne agus na dtáirgí bainne dá dtagraítear sa dara mír de phointe 5 de Chuid III d’Iarscríbhinn VI agus na saillte inleata dá dtagraítear i bpointe (a) den séú mír de Chuid VI d'Iarscríbhinn VI a tharraingt suas, ar bhonn liostaí táscacha táirgí a measann Ballstáit go gcomhfhreagraíonn siad ina gcríocha do na forálacha sin agus ar liostaí iad a sheolfaidh Ballstáit chuig an gCoimisiún;

(d) bearta do chur chun feidhme na gcaighdeán margaíochta de réir earnála nó táirge, lena n-áirítear na rialacha mionsonraithe maidir le samplaí a thógáil agus na modhanna anailíse le comhdhéanamh táirgí a chinneadh;

(e) bearta chun a chinneadh ar cuireadh próisis a sháraíonn na cleachtais údaraithe fhíoneolaíocha i bhfeidhm ar tháirgí;

(f) bearta do shocrú an leibhéil lamháltais;

(g) bearta do chur chun feidhme Airteagal 66.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 69

Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d’Iarscríbhinn VI.

2. Bunófar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 ar na nithe seo a leanas:

(a) leasanna dlisteanacha tomhaltóirí agus táirgeoirí a chosaint;

(b) feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh sna táirgí i gceist a áirithiú; agus

(c) táirgeadh táirgí ardchaighdeáin a chur chun cinn agus bearta maidir le beartais náisiúnta cháilíochta a cheadú ag an am céanna.

Foroinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

Airteagal 70

Sainmhínithe

1. Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallóidh “sonrúchán tionscnaimh” ainm réigiúin, ainm áite faoi leith nó i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo, ainm tíre, a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 69(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i) timpeallacht gheografach ar leith agus gnéithe dúchasacha nádúrtha agus daonna na timpeallachta sin is cúis, go bunúsach nó go heisiach, le cáilíocht agus saintréithe an táirge;

(ii) is ón limistéar geografach sin amháin a thagann na fíonchaora óna dtáirgtear é;

(iii) táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(iv) faightear é ó chineálacha fíniúna Vitis vinifera;

(b) ciallóidh “tásc geografach” tásc a dhéanann tagairt do réigiún, d'áit faoi leith, nó i gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo, do thír, a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 69(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i) tá cáilíocht faoi leith, cáil nó saintréithe eile aige is féidir a chur i leith an tionscnaimh gheografaigh sin;

(ii) is ón limistéar geografach sin amháin a thagann 85% ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

(iii) táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(iv) faightear é ó fhíniúna den chineál Vitis vinifera nó ó fhíniúna a fhaightear nuair a chrosáiltear fíniúna den speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

2. Beidh logainmneacha áirithe a úsáidtear go traidisiúnta ina sonrúchán tionscnaimh:

(a) má shonraíonn siad fíon;

(b) má thagraíonn siad d’ainm geografach;

(c) má chomhlíonann siad na ceanglais dá dtagraítear i mír 1(a)(i) go (iv); agus

(d) má chuirtear an nós imeachta i bhfeidhm orthu lena dtugtar cosaint do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

3. Beidh sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, lena n-áirítear cinn a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tíortha, cáilithe chun cosaint a fháil san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

Airteagal 71

Iarratais ar chosaint

1. Ní mór comhad teicniúil ina mbeidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais ar chosaint ainmneacha mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha:

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(b) ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c) sonraíocht táirge mar a thagraítear di i mír 2; agus

(d) doiciméad aonair ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2. Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh a fhíorú.

3. I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, i dteannta na nithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2, beidh cruthúnas ann go bhfuil an t-ainm lena mbaineann faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

Airteagal 72

Iarratasóirí

1. Féadfaidh aon ghrúpa leasmhar táirgeoirí, nó táirgeoir aonair i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh san iarratas.

2. Féadfaidh táirgeoirí cur isteach ar chosaint i gcomhair na bhfíonta a tháirgeann siad féin agus ina gcomhair siúd amháin.

3. Féadfar comhiarratas a thíolacadh i gcás ainm a shonraíonn limistéar geografach trasteorann nó ainm traidisiúnta a bhaineann le limistéar geografach trasteorann.

Airteagal 73

Réamh-nós imeachta náisiúnta

1. Iarratais ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh dá dtagraítear in Airteagal 71, ar iarratais iad a bhaineann le fíona a thionscnaítear san Aontas, beidh siad faoi réir réamh-nós imeachta náisiúnta.

2. Má mheasann an Ballstát nach gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach na ceanglais nó nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais, diúltóidh sé an t-iarratas.

3. Má mheasann an Ballstát go gcomhlíontar na ceanglais, leanfaidh sé nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an tsonraíocht táirge go leordhóthanach ar a laghad ar an Idirlíon.

Airteagal 74

Grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún

1. Fógróidh an Coimisiún don phobal an dáta do chur isteach an iarratais ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh.

2. Scrúdóidh an Coimisiún na hiarratais ar chosaint dá dtagraítear in Airteagal 71 le féachaint an gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

3. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo, cinnfidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 71(1)(d) agus an tagairt d'fhoilsiú na sonraíochta táirge arna déanamh le linn an réamh-nós imeachta náisiunta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo, cinnfidh sé, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, an t-iarratas a dhiúltú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 75

Nós imeachta agóide

Laistigh de dhá mhí ó dháta fhoilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 71(1)(d), féadfaidh Ballstát nó tríú tír ar bith, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige, atá ina chónaí nó bunaithe i mBallstát eile seachas an ceann atá ag déanamh iarratais ar chosaint nó i dtríú tír, agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe maidir leis na coinníollacha cáilitheachta mar atá siad leagtha síos san Fhoroinn seo a thíolacadh don Choimisiún.

I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tíortha, tíolacfar an ráiteas sin, go díreach nó trí údaráis na tríú tíre lena mbaineann, laistigh den teorainn ama dhá mhí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 76

Cinneadh faoi chosaint

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó ag deireadh an nós imeachta agóide dá dtagraítear in Airteagal 75, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cosaint a thabhairt don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo agus atá ag luí le dlí an Aontais, nó an t-iarratas a dhiúltú i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 77

Comhainmneacha

1. I gcás ainm a dtíolactar iarratas ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon riosca mearbhaill.

Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreideann sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

Beidh úsáid ainm chomhainmnigh chláraithe faoi réir dóthain difríochta a bheith ann i gcleachtas idir an t-ainm atá sa chlár cheana féin agus an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.

2. Beidh feidhm ag mír 1 mutatis mutandis má tá ainm a bhfuil iarratas tíolactha ina leith, comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint faoi reachtaíocht Bhallstát.

3. I gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint in ainm cineáil fíonchaor nó inarb é sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint atá san ainm sin, ní úsáidfear an t-ainm sin chun táirgí talmhaíochta a lipéadú. Féadfaidh an Coimisiún a mhalairt a chinneadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 160, ag cur san áireamh na cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

4. Beidh cosaint sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí atá cumhdaithe ag Airteagal 70 gan dochar do na tásca geografacha faoi chosaint a bhfuil feidhm acu maidir le deochanna biotáileacha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [34].

Airteagal 78

Forais maidir le diúltú cosanta

1. Ní dhéanfar ainm a tháinig chun bheith cineálach a chosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach.

Chun críocha na Roinne seo, ciallóidh “ainm a tháinig chun bheith cineálach” ainm fíona, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit nó an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge sin ar dtús, is ainm coitianta fíona anois é san Aontas.

Le suíomh cibé atá ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil cuirfear na tosca ábhartha san áireamh, go háirithe:

(a) an staid faoi mar atá san Aontas ag an am, go mór mór i réimsí tomhaltais;

(b) reachtaíocht ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2. Ní dhéanfar ainm a chosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint sin an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an fhíona.

Airteagal 79

An gaol le trádmharcanna

1. I gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach faoi chosaint faoin Rialachán seo, diúltófar clárú trádmharc a dtig a úsáid faoi Airteagal 80(2) agus a bhaineann le táirge a thig faoi cheann amháin de na catagóirí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VI má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc i ndiaidh an dáta ar cuireadh isteach iarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún agus ina gcosnaítear an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach ina dhiaidh sin.

Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír neamhbhailí.

2. Gan dochar d’Airteagal 78(2), maidir le trádmharc a dtig a úsáid faoi Airteagal 80(2), agus a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid, agus má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann i gcríoch an Aontais roimh an dáta a gcuirtear isteach an t-iarratas ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan d’ainneoin cosanta sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go n-aisghairfí é faoi Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna [35] nó i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail [36].

Sna cásanna sin féadfar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach a úsáid taobh leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 80

Cosaint

1. Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú fíona sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an fíon i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2. Déanfar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus an fíon a úsáideann an t-ainm sin faoi chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge a chosaint in aghaidh:

(a) aon úsáide tráchtála dírí nó indírí an ainm sin faoi chosaint:

(i) arna baint ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(ii) a mhéid is a bhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach;

(b) aon mhí-úsáide, aithrise nó tabhartha chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má aistrítear, má thrascríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn mar “stíl”, “cineál”, “modh”, “mar a tháirgtear i”, “aithris”, “blas”, “cosúil” nó nath éigin dá samhail leis;

(c) aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d) aon chleachtais eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3. Ní thiocfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 78(1).

Airteagal 81

An Clár

Bunóidh agus coimeádfaidh an Coimisiún clár leictreonach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint i gcomhair fíona agus beidh rochtain ag an bpobal air. Féadfar sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár. Clárófar ainmneacha den sórt sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 82

Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos de bhun Airteagal 86(4)(b) cur isteach ar fhormheas leasú ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach lena mbaineann a athshainiú. Tabharfar tuairisc ar na leasuithe sin agus na cúiseanna leo le fios sna hiarratais.

Airteagal 83

Cealú

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, cinneadh a dhéanamh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chealú mura n-áirithítear go gcomhlíontar an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a thuilleadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 84

Ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin

1. Beidh ainmneacha fíonta cosanta go huathoibríoch faoin Rialachán seo, ar ainmneacha iad atá cosanta i gcomhréir le hAirteagal 51 agus Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle [37] agus le hAirteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 753/2002 ón gCoimisiún [38]. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81 den Rialachán seo.

2. Déanfaidh an Coimisiún an beart comhfhreagrach foirmeálta, eadhon ainmneacha fíonta a bhfuil feidhm ag Airteagal 191(3) de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] maidir leo a bhaint den chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

3. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 83 maidir le hainmneacha cosanta fíonta atá ann cheana agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Go dtí an 31 Nollaig 2014 féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cosaint ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chealú mura gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 70.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 85

Táillí

Féadfaidh Ballstáit táillí a ghearradh chun a gcostais a chlúdach, lena n-áirítear na cinn a thabhaíonn siad ag scrúdú iarratas um chosaint, ráiteas agóide, iarratas ar leasuithe agus iarrataí ar chealuithe faoin bhForoinn seo.

Airteagal 86

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

2. Agus sainiúlachtaí an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:

(a) na prionsabail maidir le críochú an limistéir gheografaigh a ghlacadh, agus

(b) sainmhínithe, srianta agus maoluithe maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe a ghlacadh.

3. Ag cur san áireamh an gá atá ann le cáilíocht agus inrianaitheacht táirgí a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh ceanglais bhreise a bheith ar áireamh i sonraíochtaí táirgí.

4. Ag cur san áireamh an gá atá ann le cearta agus leasanna dlisteanacha táirgeoirí nó oibreoirí a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha maidir leis na nithe seo a leanas a ghlacadh:

(a) eilimintí na sonraíochta táirge;

(b) an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh;

(c) na coinníollacha atá le comhlíonadh i ndáil le hiarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, réamh-nósanna imeachta náisiúnta, grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún, an nós imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint;

(d) na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann;

(e) na coinníollacha i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír;

(f) an dáta óna mbeidh feidhm ag cosaint nó ag leasú ar chosaint;

(g) na coinníollacha a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí.

5. Ag cur san áireamh an gá atá ann le cosaint leordhóthanach a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, srianta a ghlacadh maidir leis an ainm cosanta.

6. Ag cur san áireamh an gá atá ann a áirithiú nach ndéanann cur i bhfeidhm na Foroinne seo dochar d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla a mhéid is a bhaineann le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009 nó a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, forálacha idirthréimhseacha a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) ainmneacha fíonta a d’aithnigh Ballstáit mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha faoin 1 Lúnasa 2009 agus ainmneacha fíonta a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin;

(b) réamh-nós imeachta náisiúnta;

(c) fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh dháta sonrach; agus

(d) leasuithe ar na sonraíochtaí táirgí.

Airteagal 87

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) an fhaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge maidir leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh;

(b) cinntí maidir le cosaint nó diúltú a chur ar fáil don phobal;

(c) an clár dá dtagraítear in Airteagal 81 a bhunú agus a choimeád;

(d) an tiontú ó shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint go tásc geografach faoi chosaint;

(e) iarratais trasteorann a chur isteach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh maidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a chur isteach a bhaineann le hainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin, go háirithe maidir le:

(a) teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina gcuirfear ar aghaidh iad;

(b) teorainneacha ama;

(c) mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú le hiarratas nó le hiarraidh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 88

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

I gcás ina measfar nach bhfuil agóid inghlactha, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme , an t-iarratas nó an iarraidh a dhiúltú toisc gan é nó í a bheith inghlactha.

Foroinn 3

Téarmaí traidisiúnta

Airteagal 89

Sainmhíniú

Ciallóidh “téarma traidisiúnta” téarma a úsáidtear go traidisiúnta i mBallstáit i gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 69(1):

(a) le sonrú go bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag an táirge sin faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta; nó

(b) leis an modh táirgthe nó an modh aosaithe, nó cáilíocht nó dath an táirge, nó cineál áite nó imeacht faoi leith a bhfuil baint aici le stair an táirge a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige a shonrú.

Airteagal 90

Cosaint

1. Ní fhéadfar téarma traidisiúnta faoi chosaint a úsáid ach amháin i gcomhair táirge a táirgeadh i gcomhréir leis an sainmhíniú dá dtagraítear in Airteagal 89.

Cosnófar téarmaí traidisiúnta in aghaidh úsáide neamhdhleathaí.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach téarmaí traidisiúnta atá faoi chosaint.

2. Ní thiocfaidh téarmaí traidisiúnta chun bheith cineálach san Aontas.

Airteagal 91

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go 4 den Airteagal seo.

2. Ag cur san áireamh an gá atá ann cosaint leordhóthanach a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, forálacha a ghlacadh maidir le teanga agus litriú an téarma atá le cosaint.

3. Ag cur san áireamh an gá atá ann le cearta agus leasanna dlisteanacha táirgeoirí nó oibreoirí a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na nithe seo a leanas a leagan síos:

(a) na hiarratasóirí a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta;

(b) coinníollacha bailíochta iarratais ar aitheantas téarma traidisiúnta;

(c) na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais bheartaithe le haghaidh téarma traidisiúnta;

(d) raon feidhme na cosanta, an gaol le trádmharcanna, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor;

(e) na forais le cealú téarma traidisiúnta;

(f) an dáta a gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh;

(g) na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú atá le déanamh ag an gCoimisiún, nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú.

4. Ag cur na sainiúlachtaí i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na coinníollacha a ghlacadh faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus a fhoráil go mbeidh maoluithe ar Airteagal 89.

Airteagal 92

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh maidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh modhnú ar théarma traidisiúnta a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid nó ar chealú, go háirithe maidir le:

(a) teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina gcuirfear ar aghaidh iad;

(b) teorainneacha ama;

(c) mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú leis an iarratas nó an iarraidh;

(d) rialacha mionsonraithe maidir le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint a chur ar fáil don phobal.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh glacadh le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta nó an t-iarratas a dhiúltú nó glacadh le hiarraidh ar mhodhnú an téarma faoi chosaint nó ar chosaint téarma traidisiúnta a chealú nó an iarraidh sin a dhiúltú.

3. Forálfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go gcosnófar téarmaí traidisiúnta ar glacadh leis an iarratas ar chosaint ina leith, go háirithe trína n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 89 agus trí shainmhíniú agus/nó na coinníollacha úsáide a fhoilsiú.

4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 93

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

I gcás ina measfar nach bhfuil agóid inghlactha, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, í a dhiúltú toisc í a bheith inghlactha.

Roinn 3

Lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona

Airteagal 94

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo:

(a) ciallóidh “lipéadú” aon fhocail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a chuirtear ar aon phacáistiú, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge faoi leith nó a thagraíonn dó;

(b) ciallóidh “cur i láthair” aon fhaisnéis a chuirtear in iúl do thomhaltóirí de bhua phacáistiú an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear cruth agus cineál na mbuidéal.

Airteagal 95

Infheidhmeacht rialacha cothrománacha

Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 2008/95/CE, Treoir 89/396/CEE ón gComhairle [39], Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [40] agus Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [41] maidir leis an lipéadú agus an cur i láthair.

Airteagal 96

Sonraí éigeantacha

1. Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VI agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:

(a) an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le Cuid II d'Iarscríbhinn VI;

(b) i gcomhair fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu:

(i) an téarma “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint”; agus

(ii) ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c) an neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(d) tásc maidir le foinse;

(e) tásc maidir leis an mbuidéalaí nó, i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, ainm an táirgeora nó an díoltóra;

(f) tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe; agus

(g) i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, tásc maidir leis an gcion siúcra.

2. De mhaolú ar mhír 1(a) féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografach faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.

3. De mhaolú ar mhír 1(b) féadfar an tagairt do na téarmaí “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina léirítear téarma traidisiúnta mar a thagraítear dó in Airteagal 89 (a) ar an lipéad;

(b) in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 ag cur san áireamh an gá atá ann lena áirithiú go gcomhlíontar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

Airteagal 97

Sonraí roghnacha

1. Féadfaidh na sonraí roghnacha seo a leanas a bheith ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VI:

(a) bliain fhómhar an fhíona;

(b) ainm chineál fíonchaoire amháin nó níos mó;

(c) i gcás fíonta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 96(1)(g), téarmaí lena léirítear an cion siúcra;

(d) i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, téarmaí traidisiúnta mar a thagraítear dóibh in Airteagal 89(b);

(e) siombail an Aontais lena léirítear an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint;

(f) téarmaí lena dtagraítear do mhodhanna áirithe táirgthe;

(g) i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, ainm aonaid gheografaigh eile atá níos lú nó níos mó ná an limistéar atá i gceist leis an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach.

2. Gan dochar d’Airteagal 77(3), maidir le húsáid na sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) den Airteagal seo i gcás fíonta gan sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint:

(a) tabharfaidh Ballstáit isteach dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin lena áirithiú go mbeidh nósanna imeachta maidir le deimhniú, formheas agus fíorú ann lena ráthú gur fíor an fhaisnéis lena mbaineann;

(b) féadfaidh Ballstáit, ar bhonn critéar neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil agus aird chuí á tabhairt ar iomaíocht dhílis, liostaí de na cineálacha sin fíonchaor a eisiatar a tharraingt suas i gcomhair fíona a tháirgtear ó chineálacha fíonchaor ina gcríocha, sna cásanna seo a leanas go háirithe:

(i) má tá riosca ann go gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí maidir le fíorthionscnamh an fhíona toisc go bhfuil an cineál fíonchaoire sin ina dhlúthchuid de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint atá ann cheana;

(ii) más rud é nach mbeadh seiceálacha éifeachtach ó thaobh costais de toisc gur cuid an-bheag d’fhíonghort an Bhallstáit an cineál fíonchaoire sin;

(c) ní chuirfear ainm an chineáil fíonchaoire ar an lipéad má mheasctar fíonta ó Bhallstáit éagsúla ach amháin má aontaíonn na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt agus má áirithíonn siad go bhfuil na nósanna imeachta ábhartha maidir le deimhniú, formheas agus fíorú indéanta.

Airteagal 98

Teangacha

1. Beidh na sonraí éigeantacha agus na sonraí roghnacha dá dtagraítear in Airteagal 96 agus Airteagal 97 le feiceáil i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó níos mó i gcás ina gcuirtear in iúl i bhfocail iad.

2. D’ainneoin mhír 1 beidh ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó téarma traidisiúnta mar a thagraítear dóibh in Airteagal 89(b) le feiceáil ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha lena mbaineann an chosaint.

I gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sonrúcháin shonraigh náisiúnta scríofa in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar an t-ainm a thaispeáint freisin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 99

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo.

2. Ag cur san áireamh an gá atá ann le comhlíonadh rialacha cothrománacha maidir le lipéadú agus cur i láthair a áirithiú agus chun sainiúlachtaí earnáil an fhíona a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, sainmhínithe, rialacha agus srianta a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Roinn seo;

(b) sonraí éigeantacha maidir le:

(i) téarmaí atá le húsáid chun na sonraí éigeantacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii) téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus coinníollacha úsáide na dtéarmaí sin;

(iii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí éigeantacha a leagan síos;

(iv) forálacha lena n-údaraítear maoluithe breise i dteannta na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 96(2) maidir leis an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár; agus

(v) forálacha ar úsáid teangacha;

(c) sonraí roghnacha maidir le:

(i) téarmaí atá le húsáid chun na sonraí roghnacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí roghnacha a leagan síos;

(d) an cur i láthair:

(i) coinníollacha úsáide cruthanna áirithe buidéal, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;

(ii) coinníollacha úsáide buidéal agus iamh den chineál a úsáidtear i gcomhair fíona shúilínigh;

(iii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le cur i láthair a leagan síos;

(iv) forálacha ar úsáid teangacha.

3. Ag cur san áireamh an gá atá ann le héifeachtúlacht na nósanna imeachta maidir le deimhniú, formheas agus fíorú dá bhforáiltear sa Roinn seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na bearta is gá a ghlacadh.

4. Ag cur san áireamh an gá atá ann le leasanna dlisteanacha oibreoirí a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a ghlacadh maidir le lipéadú agus cur i láthair sealadach fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

5. Ag cur san áireamh an gá atá ann lena áirithiú nach ndéantar dochar d'oibreoirí eacnamaíocha, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, forálacha idirthréimhseacha a ghlacadh maidir le fíon arna chur ar an margadh agus arna lipéadú roimh an 1 Lúnasa 2009.

6. Ag cur san áireamh an gá atá ann le sainiúlachtaí i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, maoluithe ar an Roinn seo a ghlacadh maidir le trádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe.

Airteagal 100

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh maidir le nósanna imeachta agus critéir theicniúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA D'EARNÁLACHA INDIBHIDIÚLA

Roinn 1

Siúcra

Airteagal 101

Comhaontuithe in earnáil an tsiúcra

1. Is iad na comhaontuithe scríofa a dhéanfar laistigh den earnáil idir saothraithe Aontais biatais siúcra agus siúcra cána agus gnóthais siúcra an Aontais a rialóidh na téarmaí maidir le ceannach biatais siúcra agus siúcra cána, lena n-áirítear comhaontuithe réamhchurtha seachadta.

2. Ag cur sainiúlachtaí earnáil an tsiúcra san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le coinníollacha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 2

Fíon

Airteagal 102

Clár agus fardal fíonghort

1. Coimeádfaidh Ballstáit clár fíonghort ina mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an acmhainneacht táirgthe.

2. Ní bheidh Ballstáit ina bhfuil an limistéar iomlán ina bhfuil fíniúnacha de chineálacha fíonchaor plandaithe atá aicmithe de réir Airteagal 63(2) níos lú ná 500 heicteár faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

3. Déanfaidh Ballstáit, a dhéanann foráil maidir le hathstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort ina gcláir thacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 44, ar bhonn an chláir fíonghort, fardal uasdátaithe dá n-acmhainneacht táirgthe, a thíolacadh don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain.

4. Ag cur san áireamh an gá atá ann le faireachán ar an acmhainneacht táirgthe agus fíorú na hacmhainneachta sin ag Ballstáit a éascú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le rialacha maidir le raon feidhme agus ábhar an chláir fíonghort agus maidir le díolúintí.

5. Tar éis an 1 Eanáir 2016, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag mír 1 go mír 3 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 103

Doiciméid faoi iamh agus clár

1. Cuirfear táirgí earnáil an fhíona i gcúrsaíocht laistigh den Aontas agus doiciméad atá údaraithe go hoifigiúil ag gabháil leo.

2. Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó grúpaí daoine a bhfuil táirgí acu atá cumhdaithe ag earnáil an fhíona i bhfeidhmiú a gcuid trádála, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe agus próiseálaithe, chomh maith le ceannaithe, coimeádfaidh siad cláir isteach agus cláir amach i dtaobh na dtáirgí sin.

3. Agus an gá atá ann le hiompar táirgí fíona agus fíorú na dtáirgí sin ag Ballstáit a éascú san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh agus a úsáid;

(b) na coinníollacha faoina measfar go ndeimhnítear sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha faoi chosaint le doiciméad faoi iamh;

(c) oibleagáid clár a choimeád agus úsáid an chláir sin;

(d) cé a choimeádfaidh clár agus díolúintí ón oibleagáid clár a choimeád;

(e) na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nithe seo a leanas a ghlacadh:

(a) rialacha maidir le comhdhéanamh an chláir, na táirgí atá le bheith sa chlár, spriocanna d'iontrálacha i gcláir agus clabhsúr clár;

(b) bearta lena gcuirtear de cheangal ar Bhallstáit na céatadáin uasta is inghlactha i gcomhair caillteanas a chinneadh;

(c) forálacha ginearálta agus idirthréimhseacha do choimeád clár;

(d) rialacha lena gcinntear cá fhad a dhéanfar doiciméid faoi iamh agus cláir a choimeád.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 3

Bainne agus táirgí bainne

Airteagal 104

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1. Má chinneann Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéanann feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a bheith cumhdaithe ag conradh scríofa idir na páirtithe, comhlíonfaidh an conradh sin na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2.

Sa chás a gcuirtear síos air sa chéad fhomhír, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann freisin má tá baint ag bailitheoir amháin nó níos mó leis an seachadadh bainne amh, nach mór gach céim den seachadadh a bheith cumhdaithe ag a leithéid de chonradh idir na páirtithe. Chuige sin, ciallaíonn "bailitheoir" gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

2. Maidir leis an gconradh:

(a) cuirfear i gcrích é roimh an seachadadh,

(b) déanfar i scríbhinn é, agus

(c) áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i) an praghas is iníoctha don seachadadh, ar praghas é:

– a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

– nach mbeidh athrú air ach de bharr tosca a bheidh leagtha amach sa chonradh, go háirithe forbairt ar staid an mhargaidh bunaithe ar tháscairí margaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhdhéanamh an bhainne amh arna sheachadadh,

(ii) an toirt a fhéadfar a sheachadadh agus/nó a sheachadófar agus uainiú na seachadtaí, agus

(iii) fad an chonartha, a bhféadfaidh fad éiginnte le clásail fhoircinn a bheith i gceist leis.

3. De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh conradh ag teastáil i gcás ina seachadann feirmeoir bainne amh ar phróiseálaí bainne amh i gcás inarb é atá sa phróiseálaí comharchumann a bhfuil an feirmeoir ina chomhalta de má tá forálacha i reachtanna an chomharchumainn a bhfuil éifeachtaí acu atá cosúil leo siúd atá leagtha amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2.

4. Caibidleofar go neamhshrianta idir na páirtithe eilimintí ar fad na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh arna chur i gcrích ag feirmeoirí, ag bailitheoirí nó ag próiseálaithe bainne amh, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c).

5. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a ráthú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 105

Caibidlíochtaí conarthacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1. Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í atá aitheanta faoi Airteagal 106, caibidlíocht maidir le conarthaí maidir le seachadadh bainne amh a dhéanann feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 104(1), a dhéanamh thar ceann a comhaltaí is feirmeoirí i gcomhair a gcomhtháirgthe go léir nó cuid de.

2. Féadfaidh an eagraíocht táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a) cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí,

(b) cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad,

(c) ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an bhainne amh atá cumhdaithe ag na caibidlíochtaí sin a dhéanann eagraíocht táirgeoirí ar leith:

(i) 3.5% de tháirgeadh iomlán an Aontais, agus

(ii) 33% de tháirgeadh iomlán náisiúnta aon Bhallstáit ar leith atá cumhdaithe ag na caibidlíochtaí sin a dhéanann an eagraíocht táirgeoirí sin, agus

(iii) 33% de tháirgeadh iomlán náisiúnta comhcheangailte na mBallstát ar fad atá cumhdaithe ag na caibidlíochtaí sin a dhéanann an eagraíocht táirgeoirí sin, agus

(d) ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'aon eagraíocht táirgeoirí eile a dhéanann caibidlíocht freisin maidir leis na conarthaí sin thar a gceann, agus

(e) ar choinníoll go dtugann an eagraíocht táirgeoirí fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina n-oibríonn sí.

3. Chun críocha an Airteagail seo, cumhdófar le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith. Ag cur an gá atá ann lena áirithiú go bhféadfar faireachán iomchuí a dhéanamh ar na comhlachais sin san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir leis na coinníollacha a bhaineann le haitheantas na gcomhlachas sin.

4. De mhaolú ar mhír 2(c)(ii) agus (iii), fiú nuair nach sáraítear an tairseach 33 %, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír cinneadh a dhéanamh i gcás aonair nach bhféadfaidh caibidlíocht na heagraíochta táirgeoirí tarlú má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun dochar tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 le haghaidh caibidlíochtaí lena gcumhdaítear táirgeadh breis is Ballstáit amháin. I gcásanna eile is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit a gcumhdaíonn na caibidlíochtaí a tháirgeadh a dhéanfaidh an cinneadh.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

5. Chun críocha an Airteagail seo:

(a) is é an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a bheidh in “údarás náisiúnta iomaíochta”;

(b) ciallóidh “FBM” micreafhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún

CAIBIDIL III

Eagraíochtaí agus comlachais táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe, eagraíochtaí oibreoirí

Roinn 1

sainiú agus aitheantas

Airteagal 106

Eagraíochtaí táirgeoirí

Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas d’eagraíochtaí táirgeoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar eagraíochtaí iad:

(a) atá comhdhéanta de tháirgeoirí de chuid aon cheann de na hearnálacha atá liostaithe in Airteagal 1(2);

(b) arna mbunú ar thionscnamh na dtáirgeoirí;

(c) aidhm shonrach a shaothrú, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh ann:

(i) féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú ag brath ar an éileamh go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii) soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a lárú agus na táirgí sin a chur ar an margadh;

(iii) costais táirgthe a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;

(iv) taighde a dhéanamh ar mhodhanna inbhuanaithe táirgthe agus ar fhorbairtí an mhargaidh;

(v) cúnamh teicniúil maidir le húsáid cleachtas saothraithe agus teicníochtaí táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil, a chur chun cinn agus a sholáthar;

(vi) bainistiú fotháirgí agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach agus an tírdhreacha a chosaint agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú; agus

(vii) úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus maolú ar an athrú aeráid a chur chun cinn.

(d) nach bhfuil ceannasacht acu ar mhargadh ar leith ach amháin má tá sé sin riachtanach chun cuspóirí Airteagal 39 den Chonradh a shaothrú.

Airteagal 107

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí

Déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí de chuid aon cheann de na hearnálacha atá liostaithe in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta.

Faoi réir na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d'feidhmeanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh.

Airteagal 108

Eagraíochtaí idirchraoibhe

1. Déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe de chuid aon cheann de na hearnálacha atá liostaithe in Airteagal 1(2), ar eagraíochtaí iad:

(a) atá comhdhéanta d’ionadaithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le táirgeadh, trádáil, agus/nó próiseáil táirgí in earnáil amháin nó níos mó:

(b) a bunaíodh ar thionscnamh cuid de na heagraíochtaí nó de na cumainn as a bhfuil siad comhdhéanta nó ar thionscnamh na n-eagraíochtaí nó na gcumann sin ar fad;

(c) aidhm shonrach a shaothrú, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ina chuid di:

(i) feabhas a chur ar an margadh agus ar chúrsaí táirgthe ó thaobh eolais agus trédhearcachta, trí bhíthin, inter alia, foilsiú sonraí staitistiúla maidir le praghsanna, méideanna agus fad conarthaí a tugadh i gcrích cheana, agus trí bhíthin anailís a chur ar fáil ar fhorbairtí a d'fhéadfadh tarlú sa mhargadh ag leibhéal réigiúnach nó náisiúnta;

(ii) cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go háirithe trí thaighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh;

(iii) leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh ag luí le rialacha an Aontais;

(iv) níos mó leasa a bhaint as acmhainneacht na dtáirgí;

(v) an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a chuíchóiriú, a fheabhsú agus a choigeartú féachaint táirgí a sholáthar a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus cosaint an chomhshaoil;

(vi) bealaí a lorg le srian a chur ar úsáid táirgí sláinte ainmhithe nó táirgí cosanta plandaí agus le hionchuir eile agus le cáilíocht na dtáirgí a áirithiú agus ithir agus uisce a chaomhnú;

(vii) modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht;

(viii) leas a bhaint as acmhainneacht na feirmeoireachta orgánaí agus a leithéid d’fheirmeoireacht agus sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint agus a chur chun cinn;

(ix) táirgeadh comhtháite inbhuanaithe nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn agus taighde a dhéanamh ar na modhanna sin;

(x) tomhailt shláintiúil na dtáirgí a spreagadh agus daoine a chur ar an eolas ar an díobháil a thagann as patrúin tomhaltais ghuaiseacha;

(xi) gníomhaíochtaí cur chun cinn a dhéanamh, go háirithe i dtríú tíortha.

2. I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe san earnáil ola olóige, san earnáil ológ boird agus san earnáil tobac, féadfaidh ar a laghad ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh san aidhm shonrach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1:

(a) soláthar agus margaíocht tháirgí a mball a chomhchruinniú agus a chomhordú;

(b) oibriú i gcomhar le chéile chun an táirgeadh agus an próiseáil a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh agus d'fheabhsú an táirge;

(c) cuíchóiriú agus feabhsú an táirgthe agus na próiseála a chur chun cinn.

Airteagal 109

Eagraíochtaí oibreoirí

Chun críocha an Rialacháin seo is éard a bheidh in eagraíochtaí oibreoirí earnáil na hola olóige agus ológ boird eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta nó eagraíochtaí oibreoirí eile aitheanta nó a gcomhlachais.

Roinn 2

Síneadh na rialacha agus ranníocaíochtaí éigeantacha

Airteagal 110

Rialacha a shíneadh

1. I gcásanna ina meastar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí aitheanta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó eagraíocht idirchraoibhe aitheanta atá ag oibriú i limistéar sonrach eacnamaíoch nó limistéir shonracha eacnamaíocha de Bhallstát, go bhfuil sí ionadaíoch do tháirgeadh, do thrádáil nó do phróiseáil táirge ar leith, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh é don eagraíocht sin, roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh den eagraíocht sin a chur de cheangal go ceann tréimhse teoranta ar oibreoirí eile atá ag oibriú sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha sin, is cuma cé acu daoine aonair nó grúpaí iad nó baill den eagraíocht nó den chomhlachas nó nach baill den eagraíocht nó comhlachas iad.

2. Ciallóidh "limistéar eacnamaíoch" crios geografach arb é atá ann réigiúin táirgthe tadhlacha nó comharsanacha ina bhfuil na dálaí táirgthe agus margaíochta aonchineálach.

3. Measfar go bhfuil eagraíocht nó comhlachais ionadaíoch más rud é, sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha den Bhallstát:

(a) gurb ionann é, mar chion de mhéid táirgthe nó trádála nó próiseála an táirge nó na dtáirgí i gceist agus:

(i) i gcás eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ar a laghad 60%, nó

(ii) i gcásanna eile, ar a laghad dhá thrian, agus

(b) gurb ionann é, i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, níos mó ná 50% de na táirgí lena mbaineann.

Maidir leis an iarraidh ar rialacha a shíneadh chuig oibreoirí eile, má bhaineann sí le níos mó ná réigiún amháin, taispeánfaidh an eagraíocht nó an comhlachas go bhfuil an t-íosleibhéal ionadaíochta acu arna shainiú sa chéad fhomhír i gcás gach ceann de chraobhacha a ghrúpálann sé i ngach ceann de na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann.

4. Na rialacha faoina bhféadfar síneadh chuig oibreoirí eile a iarraidh dá bhforáiltear i mír 1, beidh ceann amháin de na haidhmeanna seo a leanas acu:

(a) tuairisciú táirgthe agus tuairisciú margaidh;

(b) rialacha táirgthe atá níos déine ná na rialacha atá leagtha síos i rialacha an Aontais nó i rialacha náisiúnta;

(c) conarthaí caighdeánacha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(d) rialacha maidir le margaíocht;

(e) rialacha maidir le cosaint an chomhshaoil;

(f) bearta chun acmhainneacht táirgí a chur chun cinn agus leas a bhaint as an acmhainneacht sin;

(g) bearta chun feirmeoireacht orgánach chomh maith le sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint;

(h) taighde chun breisluach a thabhairt do na táirgí, go háirithe trí úsáidí nua nach baol don tsláinte phoiblí iad a bhaint astu;

(i) staidéir ar conas cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú;

(j) taighde, go háirithe taighde ar mhodhanna saothraithe a d'fhágfadh nár ghá a oiread céanna táirgí cosanta plandaí agus táirgí sláinte ainmhithe a úsáid agus a ráthódh go gcaomhnófaí an ithir agus an comhshaol.

(k) sainiú íoschaighdeán agus sainiú íoschaighdeán maidir le pacáistiú agus cur i láthair;

(l) úsáid síolta deimhnithe agus faireachán ar cháilíocht na dtáirgí.

Ní dhéanfaidh na rialacha sin aon dochar d'oibreoirí eile sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas agus ní bheidh mar thoradh orthu aon cheann de na héifeachtaí atá liostaithe in Airteagal 145(4) ná ní bheidh siad ar neamhréir ar shlí eile le rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

Airteagal 111

Ranníocaíochtaí airgeadais ó dhaoine aonair nó grúpaí nach comhaltaí iad

I gcásanna ina síntear faoi Airteagal 110 rialacha de chuid eagraíochta táirgeoirí aitheanta, de chuid comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, nó de chuid eagraíochta idirchraoibhe aitheanta agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaíonn na rialacha sin le leas ginearálta daoine a mbaineann a ngníomhaíochtaí leis na táirgí i gceist, féadfaidh an Ballstát a thug an t-aitheantas cinneadh a dhéanamh go n-íocfaidh daoine aonair nó grúpaí nach baill den eagraíocht iad, go n-íocfaidh siad leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí go léir nó cuid díobh a íocann baill na heagraíochta sin a mhéid atá na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin.

Roinn 3

Oiriúnú an tsoláthair

Airteagal 112

Bearta chun oiriúnú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú

Agus an gá á chur san áireamh atá leis na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 106 go 108 a spreagadh chun gníomhaíochta d'fhonn an soláthar a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh, amach ó ghníomhaíocht a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160, maidir le hearnálacha na bplandaí beo, na mairteola agus na laofheola, na muiceola, na caoireola agus na feola gabhair, na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis a fhad a bhaineann le:

(a) bearta chun cáilíocht a fheabhsú;

(b) bearta chun eagrú an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta a fheabhsú;

(c) bearta chun taifeadadh treochtaí i bpraghsanna an mhargaidh a éascú;

(d) bearta chun go bhféadfar réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bhunú ar bhonn na modhanna táirgthe a úsáideadh.

Airteagal 113

Rialacha margaíochta chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta a fheabhsú agus a chobhsú

Chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta, lena n-áirítear fíonchaora, úrfhíonta agus na fíonta óna ndéantar iad, a chobhsú agus a fheabhsú, féadfaidh Ballstáit ar táirgeoirí iad rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú, go háirithe trí chinntí arna ndéanamh ag na heagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 108.

Beidh na rialacha sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá á saothrú agus:

(a) ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(b) ní cheadóidh siad socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(c) ní áiritheoidh siad nach mbeidh fáil ar sciar rómhór d’fhómhar an fhíona a bheadh ar fáil murach iad;

(d) ní chuirfidh siad deis ar fáil chun go ndiúltófar deimhnithe náisiúnta agus Aontais a eisiúint a bhfuil gá leo i gcomhair cúrsaíochta agus margaíochta fíonta i gcás ina bhfuil an mhargaíocht sin i gcomhréir leis na rialacha sin.

Roinn 4

Rialacha nós imeachta

Airteagal 114

Cumhachtaí tarmligthe

Ag cur san áireamh dó gur gá a áirithiú go ndéanfar cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí oibreoirí in earnáil na hola olóige agus ológ boird agus eagraíochtaí idirchraoibhe a shainiú go soiléir chun cur lena éifeachtaí atá gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe agus eagraíochtaí oibreoirí a fhad a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) na cuspóirí sonracha a fhéadfaidh eagraíochtaí agus comhlachais dá leithéidí a shaothrú, na cuspóirí a shaothróidh siad nó na cuspóirí nach saothróidh siad, lena n-áirítear maoluithe orthu sin atá leagtha síos in Airteagail 106 go 109.

(b) rialacha comhlachais, aitheantas, struchtúr, pearsantacht dhlítheanach, ballraíocht, méid, cuntasacht agus gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachais dá leithéidí, an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 106 maidir le haitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí nach bhfuil ceannasacht acu ar mhargadh ar leith ach amháin má tá sé sin riachtanach chun cuspóirí Airteagal 39 den Chonradh a shaothrú, na héifeachtaí a thagann as an aitheantas sin, as an tarraingt siar aitheantais agus as cumaisc;

(c) eagraíochtaí agus comhlachais thrasnáisiúnacha lena n-áirítear na rialacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den Airteagal seo;

(d) an seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus soláthar acmhainní teicniúla a dhéanann eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

(e) íosmhéid nó íosluach de tháirgeadh indíolta eagraíochtaí agus comhlachas;

(f) síneadh rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 110 chuig eagraíochtaí nach baill iad agus an íocaíocht éigeantach suibscríbhinní ó eagraíochtaí nach baill iad dá dtagraítear in Airteagal 111, lena n-áirítear liosta de na rialacha níos déine táirgthe a fhéadfar a shíneadh faoi phointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 110(4); breis ceanglas maidir le hionadaíocht; na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear scrúdú a bheith á dhéanamh ag an gCoimisiún ar sainithe na limistéar sin; íostréimhsí a mbeidh feidhm ag na rialacha lena linn sula gcuirfear síneadh leo; na daoine nó na heagraíochtaí a bhféadfar na rialacha nó na ranníocaíochtaí a chur i bhfeidhm maidir leo; agus na himthosca ina bhféadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndiúltófar nó go dtarraingeofar síneadh na rialacha nó na ranníocaíochtaí éigeantacha.

Airteagal 115

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a bhaineann leis an gCaibidil seo a ghlacadh, go háirithe i dtaca leis na nósanna imeachta agus na dálaí teicniúla a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 110 agus 112. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 116

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí aonair a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí atá i mbun gníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin, de bhun na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 114(c);

(b) diúltú aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe nó aisghairm an aitheantais sin, síneadh rialacha nó ranníocaíochtaí éigeantacha a aisghairm, agus limistéir eacnamaíocha a dtugann na Ballstáit fógra ina leith de bhun na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 114(f) a fhaomhadh nó cinntí maidir le leasú na limistéar sin.

CUID III:

TRÁDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA

CAIBIDIL I

Ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin

Airteagal 117

Rialacha ginearálta

1. Gan dochar do chásanna ina bhfuil ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin ceangailte i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar allmhairiú táirge talmhaíochta amháin nó níos mó isteach san Aontas lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta nó onnmhairiú táirge talmhaíochta amháin nó níos mó as an Aontas, féadfar é a chur faoi réir tíolacadh ceadúnais, á chur san áireamh an gá atá le ceadúnais chun na margaí i gceist a bhainistiú agus, go háirithe, chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil sna hearraí i gceist.

2. Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais d’aon iarratasóir, is cuma cá bhfuil a áit bhunaíochta san Aontas, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i ngníomh a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh, agus é sin gan dochar do bhearta a ghlactar chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme.

3. Beidh na ceadúnais bailí ar fud an Aontais.

Airteagal 118

Cumhachtaí tarmligthe

1. Agus forás cúrsaí trádála, forbairtí sa mhargadh, riachtanais na margaí lena mbaineann, agus an faireachán ar allmhairí agus onnmhairí na dtáirgí lena mbaineann á chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na nithe seo a leanas a chinneadh :

(a) an liosta de tháirgí talmhaíochta atá faoi réir tíolacadh ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin;

(b) na cásanna agus na himthosca nach bhfuil sé de cheangal iontu ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh, é sin bunaithe go háirithe ar stádas custaim na dtáirgí lena mbaineann, na socruithe trádála atá le comhlíonadh, cuspóirí na n-oibríochtaí, stádas dlíthiúil an iarratasóra agus na cainníochtaí i gceist.

2. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá le sainiú a dhéanamh ar phríomheilimintí an chórais cheadúnais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) sainiú a dhéanamh arna cearta agus na hoibleagáidí a thagann ón gceadúnas agus ar a éifeachtaí dlíthiúla an cheadúnais a shainiú, ar lamháltas maidir le hurramú na hoibleagáide allmhairiú nó onnmhairiú a dhéanamh, agus ar shonrú an tionscnaimh agus na foinse nuair tá sé sin éigeantach sin;

(b) foráil a dhéanamh go mbeidh eisiúint ceadúnais allmhairiúcháin nó scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta faoi réir tíolacadh doiciméid arna eisiúint ag tríú tír nó ag eintiteas a dheimhníonn, inter alia, tionscnamh, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí;

(c) na rialacha is infheidhme a bhunú maidir le haistriú an cheadúnais nó maidir le srianta ar an aistriú sin;

(d) na rialacha is gá a bhunú i gcomhair iontaofacht agus éifeachtúlacht chóras na gceadúnas agus i gcomhair na gcásanna ina bhfuil gá le cúnamh sonrach riaracháin idir Ballstáit chun calaois nó neamhrialtachtaí a chosc nó chun déileáil leo;

(e) na cásanna agus na himthosca a chinneadh ina gceanglaítear nó nach gceanglaítear iontu urrús a thaisceadh lena ráthaítear go ndéanfar na táirgí a allmhairiú nó a onnmhairiú laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais.

Airteagal 119

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta is gá a bhaineann leis an Roinn seo a ghlacadh, lena n-áirítear rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) cur isteach iarratas, eisiúint ceadúnas agus úsáid ceadúnas;

(b) tréimhse bhailíochta an cheadúnais agus méid an urrúis atá le cur isteach;

(c) an cruthúnas gur comhlíonadh na ceanglais maidir le húsáid ceadúnas;

(d) eisiúint ceadúnas athsholáthair agus ceadúnas dúblach;

(e) próiseáil ceadúnas ag Ballstáit agus an malartú faisnéise is gá chun an córas a bhainistiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 120

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) teorainn a chur ar na cainníochtaí a bhféadfar ceadúnais a eisiúint lena n-aghaidh;

(b) na cainníochtaí ar cuireadh iarratas isteach orthu a dhiúltú; agus

(c) cur isteach iarratas a chur ar fionraí d'fhonn an margadh a bhainistiú i gcás ina gcuirtear iarratais isteach ar lear mór cainníochtaí;

Caibidil II

Dleachtanna allmhairiúcháin

Airteagal 121

Cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh chun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích faoi Airteagal 218 den Chonradh, faoi aon ghníomh eile arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh, nó faoin gComhtharaif Chustaim a chur chun feidhme maidir le dleachtanna allmhairiúcháin i leith táirgí talmhaíochta a ríomh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 122

Córas an phraghais iontrála i gcás táirgí áirithe de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na bhfíonta

1. Maidir le ríomh ráta dleachta na Comhtharaife Custaim i leith táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus i leith sú fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor, beidh praghas iontrála coinsíneachta comhionann lena luach custaim arna ríomh i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2913/1992 an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail [42] (an Cód Comhphobail) agus Rialachán (CE) Uimh. 2454/93 an 2 Iúil 1993 ag leagan síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail [43] (CCIP) a chur chun feidhme.

2. Chun chríocha chur i bhfeidhm Airteagal 248 den CCIP, beidh ar cheann de na seiceálacha atá le déanamh ag na húdarais chustaim d'fhonn a chinneadh ar cheart nó nár cheart urrús a thaisceadh, an luach custaim a chur i gcomparáid leis an luach aonaid i gcás na dtáirgí lena mbaineann agus dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 30(2) den Chód Custaim.

3. Agus an gá atá le héifeachtúlacht an chórais a áirithiú á chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh go mbeidh ar cheann de na seiceálacha atá le déanamh ag na húdaráis chustaim dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo an luach custaim a chur i gcomparáid le luach eile, agus go ndéanfar sin sa bhreis ar an gcomparáid idir an luach custaim agus an luach aonaid, nó mar mhalairt uirthi.

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha maidir le ríomh an luacha eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 123

Dleachtanna allmhairiúcháin breise

1. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na táirgí sin de chuid earnáil na ngránach, earnáil na ríse, earnáil an tsiúcra, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, earnáil na mairteola agus na laofheola, earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, earnáil na muiceola, earnáil na caoireola agus na feola gabhair, earnáil na n-uibheacha, earnáil na feola éanlaithe clóis agus na mbananaí, chomh maith le táirgí sú fíonchaor agus táirgí úrfhíona fíonchaor, a ndéanfar, i gcás ina n-allmhairítear iad faoi réir an ráta dleachta atá leagtha síos in Airteagail 240 go hAirteagal 246, dleacht bhreise allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm maidir leo, chun cosc a chur ar éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh an Aontais a d'fhéadfadh teacht as na hallmhairí sin nó chun na héifeachtaí sin a chealú, más rud é:

(a) go ndéantar na hallmhairithe ar phraghas níos ísle ná an leibhéal a chuir an tAontas in iúl don Eagraíocht Dhomhanda Trádála EDT (an truicearphraghas); nó

(b) go sáraíonn méid na n-allmhairí leibhéal áirithe (an truicearmhéid) i mbliain ar bith.

Bunófar an triucearmhéid ar dheiseanna rochtana ar an margadh arna sainiú mar allmhairí i bhfoirm céatadán den tomhaltas comhfhreagrach intíre ar feadh na dtrí bliana roimhe sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

2. Ní fhorchuirfear dleachtanna breise allmhairiúcháin nuair nach dócha go suaithfidh na hallmhairí margadh an Aontais, nó i gcás ina mbeadh na héifeachtaí díréireach i gcomparáid leis an gcuspóir beartaithe.

3. Chun críocha phointe (a) de mhír 1, cinnfear praghsanna allmhairiúcháin ar bhonn phraghsanna chostas, árachas agus last-táille allmhairiúcháin (CAL) na coinsíneachta atá á meas.

Déanfar praghsanna chostas, árachas agus last-táille allmhairiúcháin a sheiceáil in aghaidh phraghsanna ionadaíocha an táirge sin ar an margadh domhanda nó phraghsanna ionadaíocha an táirge ar mhargadh allmhairiúcháin an Aontais.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 124

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) leibhéal an dleachta allmhairiúcháin arna chur i bhfeidhm a shocrú i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i gcomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích faoi Airteagal 218 den Chonradh, sa Chomhtharaif Chustaim agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 121 den Rialachán seo;

(b) na praghsanna ionadaíocha agus na truicearmhéideanna a shocrú chun críocha breis dleachtanna allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú na rialacha arna nglacadh de bhun an chéad fhomhír d'Airteagal 123(1).

Caibidil III

Bainistiú cuótaí taraife agus tríú tíortha a bheith ag tabhairt cóir speisialta d'allmhairí

Airteagal 125

Cuótaí taraife

1. Cuótaí taraife ar allmhairithe táirgí talmhaíochta atá ceaptha lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas (nó i gcuid de), nó cuótaí taraife ar allmhairithe táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais isteach i dtríú tíortha atá le riar ina n-iomláine nó i bpáirt ag an Aontas, ar cuótaí taraife iad a tháinig as comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh nó as aon ghníomh eile arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh, déanfaidh an Coimisiún iad a oscailt nó a riar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 126 go128.

2. Riarfar na cuótaí taraife i slí is go seachnófar gach dealú idir na hoibreoirí lena mbaineann, trí cheann de na modhanna seo a leanas nó teaglaim díobh nó modh oiriúnach eile a chur i bhfeidhm:

(a) modh atá bunaithe ar an ord croineolaíoch inar cuireadh iarratais isteach (prionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’);

(b) modh dáileacháin atá comhréireach leis na cainníochtaí arna n-iarraidh nuair a cuireadh isteach na hiarratais (‘modh an scrúdaithe chomhuainigh’);

(c) modh atá bunaithe ar phatrúin trádála thraidisiúnta a chur san áireamh (ag baint úsáide as an ‘modh traidisiúnta/núíosach’).

3. Déanfaidh an modh riaracháin a ghlacfar an méid seo a leanas:

(a) i gcás cuótaí taraifí allmhairiúcháin, tabharfaidh sé an aird is cuí ar riachtanais soláthair mhargadh an Aontais agus ar an ngá atá le cothromaíocht an mhargaidh sin a chosaint, nó

(b) i gcás cuótaí taraifí onnmhairiúcháin, fágfaidh sé go bhféadfar an úsáid is mó is féidir a bhaint as an gcuóta lena mbaineann.

Airteagal 126

Cumhachtaí tarmligthe

1. Agus an gá atá lena áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar na cainníochtaí atá ar fáil agus go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí laistigh den chóras cuótaí taraife á chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) na coinníollacha agus na ceanglais cháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den chuóta taraife allmhairiúcháin; d'fhéadfadh sé go gceanglódh na forálacha i gceist íosmhéid taithí ar thrádáil le tríú tíortha agus le críocha asamhlaithe, nó ar ghníomhaíocht phróiseála, taithí arna sloinneadh in íosmhéid ama agus i dtréimhse íosta in earnáil ar leith den mhargadh; féadfaidh rialacha sonracha a bheith ar áireamh sna forálacha sin chun freastal ar riachtanais agus ar chleachtais earnála áirithe, agus ar úsáidí agus riachtanais tionscal próiseála;

(b) forálacha a ghlacadh maidir le cearta a aistriú idir oibreoirí agus, nuair is gá, maidir leis na teorainneacha ar an aistriú sin i gcomhthéacs bhainistiú an chuóta taraife allmhairiúcháin;

(c) rannpháirtíocht sa chuóta taraife allmhairiúcháin a chur faoi réir taisceadh urrúis;

(d) na forálacha go léir is gá a ghlacadh i dtaca le haon saintréithe, riachtanais nó srianta is infheidhme maidir leis an gcuóta taraife arna leagan amach sa chomhaontú idirnáisiúnta nó sa ghníomh eile dá dtagraítear in Airteagal 125(1).

2. Agus é á chur san áireamh gur gá a áirithiú go bhféadfadh táirgí allmhairithe tairbhiú de chóir speisialta ar a n-allmhairiú isteach i dtríú tír in imthosca áirithe, i gcomhréir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 den Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát doiciméad a eisiúint, arna iarraidh sin dóibh agus tar éis do na seiceálacha cuí a bheith déanta,

Airteagal 127

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) na cuótaí taraife bliantúla, agus, más ga, iad céimnithe ar bhealach oiriúnach feadh na bliana; ina theannta sin cinnfidh sé an modh riaracháin atá le húsáid;

(b) rialacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sonracha atá leagtha síos sa chomhaontú nó sa ghníomh lena nglactar na socruithe allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i) ráthaíochtaí a chumhdaíonn nádúr, foinse agus tionscnamh an táirge;

(ii) aitheantas an doiciméid a úsáideadh chun na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) a fhíorú;

(iii) tíolacadh doiciméid a d'eisigh an tír is onnmhaireoir;

(iv) ceann scríbe agus úsáid na dtáirgí;

(c) tréimhse bhailíochta na gceadúnas nó na n-údaruithe;

(d) méideanna an urrúis;

(e) go n-úsáidfear ceadúnais agus, nuair is gá sin, na rialacha sonracha maidir le, go háirithe, na coinníollacha faoina gcuirfear isteach iarratais ar allmhairiú agus faoina ndeonófar údarú laistigh den chuóta taraife;

(f) na bearta riachtanacha a bhaineann leis an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 126(2);

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 128

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha a ghlacadh chun bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas lena ráthaítear nach sárófar na cainníochtaí atá ar fáil laistigh den chuóta taraife, go háirithe trí chomhéifeacht leithdháilte a shocrú le haghaidh gach iarratais nuair a shroichtear na cainníochtaí atá ar fáil, trí iarratais ar feitheamh a dhiúltú agus, nuair is gá é, trí chur isteach iarratas a chur ar fionraí.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha a ghlacadh maidir le cainníochtaí neamhúsáidte a athleithdháileadh:

Caibidil IV

Forálacha speisialta allmhairiúcháin i gcás táirgí áirithe

Airteagal 129

Allmhairithe cnáibe

1. Féadfar na táirgí seo a leanas a allmhairiú isteach san Aontas má chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) fíorchnáib amh atá faoi chuimsiú chód AC 5302 10 00 agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 28(h) de Rialachán (AE) Uimh. [...] lena mbunaítear rialacha do scéimeanna íocaíochta dírí d’fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta;

(b) síolta de chineálacha cnáibe atá faoi chuimsiú chód AC ex 1207 99 15, ar síolta iad atá le cur, agus cruthúnas ag gabháil leo nach sáraíonn leibhéal teitrihidreacannaibionóil an chineáil i gceist an leibhéal atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 25(3) agus Airteagal 28(h) de Rialachán (AE) Uimh. [...] lena mbunaítear rialacha do scéimeanna íocaíochta dírí d’fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta;

(c) síolta cnáibe nach bhfuil le cur, faoi chuimsiú chód AC 1207 99 91 a allmhairítear ag allmhaireoirí a bhfuil údarú acu ón mBallstát agus acu sin amháin chun a áirithiú nach bhfuil sé beartaithe na síolta sin a chur.

2. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do rialacha níos sriantaí arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh agus leis na hoibleagáidí faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht.

Airteagal 130

Maoluithe maidir le táirgí arna n-allmhairiú agus urrús speisialta in earnáil an fhíona

Féadfar maoluithe a ghlacadh ó phointe 5 de Roinn B de Chuid II d'Iarscríbhinn VII, nó ó Roinn C de Chuid II d'Iarscríbhinn VI maidir le táirgí arna n-allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh, de bhun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

I gcás maoluithe ar phointe de Roinn B de Chuid II d'Iarscríbhinn VII, déanfaidh allmhaireoirí urrús i leith na dtáirgí sin a thaisceadh leis na húdaráis chustaim ainmnithe tráth a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta iad. Scaoilfear an t-urrús nuair a sholáthróidh an t-allmhaireoir cruthúnas a shásóidh údaráis chustaim an Bhallstáit ina scaoilfear na táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta:

(a) nár thairbhigh na táirgí de na maoluithe; nó

(b) i gcás inar thairbhigh siad de na maoluithe, nach ndearnadh fíonta díobh, nó i gcás ina ndearnadh fíonta díobh, gur cuireadh an lipéadú iomchuí orthu.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos d'fhonn chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, lena n-áirítear méideanna an urrúis agus céard is lipéadú iomchuí ann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Caibidil V

Cosaint agus próiseáil isteach

Airteagal 131

Bearta cosanta

1. Déanfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcoinne allmhairithe isteach san Aontas, faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe [44] agus le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe ó thríú tíortha áirithe [45].

2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt de bhun aon ghnímh eile ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus aon ghnímh eile ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcoinne allmhairithe isteach san Aontas, ar bearta iad dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát déanfaidh sé cinneadh ina leith, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás foras práinne a bhfuil údar cuí tugtha leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 162(3).

Cuirfear na bearta arna nglacadh in iúl láithreach do na Ballstáit agus beidh éifeacht acu láithreach.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta cosanta de chuid an Aontais arna nglacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo a chúlghairm nó a leasú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás foras práinne a bhfuil údar cuí tugtha leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 162(3).

Airteagal 132

Socruithe próiseála agus próiseála isteach a chur ar fionraí

1. I gcás ina gcuirtear isteach ar mhargadh an Aontais nó inar dóigh go gcuirfear isteach air de thoradh socruithe próiseála nó próiseála isteach, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, úsáid na socruithe próiseála nó próiseála isteach a chur ar fionraí i bpáirt nó go hiomlán, i gcás táirgí earnálacha na ngránach, na ríse, an tsiúcra, na hola olóige agus na n-ológ boird, na dtorthaí agus na nglasraí, na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, an fhíona, na mairteola agus na laofheola, an bhainne agus na dtáirgí bainne, na muiceola, na caoireola agus na feola gabhair, na n-uibheacha, na feola éanlaithe clóis agus an alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát déanfaidh sé cinneadh ina leith, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás foras práinne a bhfuil údar cuí tugtha leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 162(3).

Na bearta a ghlacfar, cuirfear in iúl iad láithreach do na Ballstáit agus beidh éifeacht acu láithreach.

2. A mhéid is gá le haghaidh fheidhmiú ceart an CEM, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 43(2) den Chonradh, úsáid socruithe próiseála isteach i gcomhair na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 a thoirmeasc i bpáirt nó go hiomlán.

Caibidil VI

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

Airteagal 133

Raon feidhme

1. A mhéid is gá chun onnmhairí a dhéanamh ar bhonn luachanna nó praghsanna an mhargaidh dhomhanda agus laistigh de na teorainneacha arb iad comhaontuithe a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh is bunús leo, féadfaidh an difríocht idir na luachanna sin agus praghsanna san Aontas a bheith cumhdaithe ag aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin do na nithe seo a leanas:

(a) táirgí na n-earnálacha seo a leanas atá le honnmhairiú gan tuilleadh próiseála:

(i) earnáil na ngránach;

(ii) earnáil na ríse;

(iii) earnáil an tsiúcra, maidir leis na táirgí atá liostaithe i bpointí (b) go (d) agus (g) de Chuid III d’Iarscríbhinn I;

(iv) earnáil na mairteola agus laofheola;

(v) earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(vi) muiceoil;

(vii) earnáil na n-uibheacha;

(viii) earnáil na feola éanlaithe clóis;

(b) na táirgí atá liostaithe i bpointí (i) go (ii), (v) agus (vii) de phointe (a) den mhír seo ar táirgí iad atá le honnmhairiú i bhfoirm earraí próiseáilte i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad [46], agus i bhfoirm táirgí ina bhfuil siúcra arna liostú i bpointe (b) de Chuid X d'Iarscríbhinn I.

2. Ní bheidh na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin do tháirgí a onnmhairíodh i bhfoirm earraí próiseáilte níos mó ná na haisíocaíochtaí is infheidhme maidir leis na táirgí céanna a onnmhairíodh gan breis próiseála.

3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 134

Dáileadh na n-aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

Déanfar na cainníochtaí is féidir a onnmhairiú le haisíocaíocht onnmhairiúcháin a leithdháileadh de réir an mhodha:

(a) is oiriúnaí do chineál an táirge agus don staid ina bhfuil an margadh ábhartha, agus a fhágfaidh gur féidir an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar éifeachtúlacht agus ar struchtúr onnmhairí an Aontais gan idirdhealú a dhéanamh idir na hoibreoirí lena mbaineann agus go háirithe idir oibreoirí móra agus oibreoirí beaga;

(b) is éasca d'oibreoirí ó thaobh riaracháin, agus aird á tabhairt ar na riachtanais riaracháin;

Airteagal 135

Socrú na n-aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

1. Beidh feidhm ag na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin céanna maidir leis na táirgí céanna ar fud an Aontais. D’fhéadfaidís a bheith éagsúil de réir cinn scríbe, go háirithe i gcásanna inar gá sin de bharr staid an mhargaidh dhomhanda, de bharr shainriachtanas margaí áirithe, nó de bharr oibleagáidí de thoradh comhaontuithe a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh.

2. Déanfaidh an Chomhairle bearta maidir le haisíocaíochtaí a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) den Chonradh.

Airteagal 136

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú

1. Ní dheonófar aisíocaíochtaí ar tháirgí atá liostaithe i bpointe (a) d'Airteagal 133(1) a onnmhairítear mar sin gan breis próiseála ach amháin ar iarratas agus ar thíolacadh ceadúnais onnmhairiúcháin.

2. Is éard a bheidh san aisíocaíocht is infheidhme maidir le táirgí atá liostaithe in Airteagal 133(1) an aisíocaíocht is infheidhme an lá a chuirtear iarratas isteach ar an gceadúnas, nó an aisíocaíocht a thagann as an nós imeachta tairisceana lena mbaineann agus, i gcás aisíocaíochta difreáilte, an aisíocaíocht is infheidhme an lá céanna:

(a) maidir leis an gceann scríbe atá sonraithe ar an gceadúnas; nó

(b) maidir leis an gceann scríbe iarbhír má tá sé sin éagsúil leis an gceann scríbe atá sonraithe ar an gceadúnas, agus sa chás sin ní sháróidh an méid is infheidhme an méid is infheidhme maidir leis an gceann scríbe atá sonraithe ar an gceadúnas.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta iomchuí a dhéanamh chun mí-úsáid na solúbthachta dá bhforáiltear sa mhír seo a chosc. Féadfaidh baint a bheith ag na rialacha sin, go háirithe, leis an nós imeachta chun iarratas a chur isteach.

3. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá le rochtain chomhionann a bheith ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ag onnmhaireoirí táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, agus ag onnmhaireoirí táirgí a phróiseáiltear as na táirgí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 den Rialachán seo d'fhonn mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 133(1) den Rialachán seo.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta is gá a ghlacadh chun an mhír seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

4. Íocfar an aisíocaíocht nuair a chuirfear cruthúnas isteach:

(a) gur imigh na táirgí ó chríoch chustaim an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 161 den Chód Custaim;

(b) i gcás aisíocaíochta difreáilte, go bhfuil na táirgí tar éis a n-allmhairiú isteach ag an gceann scríbe atá sonraithe ar an gceadúnas nó ag ceann scríbe eile a raibh aisíocaíocht socraithe maidir leis, gan dochar do phointe (b) de mhír 2.

Airteagal 137

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar ainmhithe beo in earnáil na mairteola agus na laofheola

1. Maidir le táirgí earnáil na mairteola agus na laofheola, beidh deonú agus íocaíocht na haisíocaíochta d'onnmhairí ainmhithe beo faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le leas ainmhithe atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais agus, go háirithe, cosaint ainmhithe le linn iompair.

2. Agus aird á tabhairt ar na ngá atá le honnmhaireoirí a spreagadh le dálaí leasa ainmhithe a urramú agus na húdaráis inniúla a chumasú chun ceartchaiteachas aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fhíorú i gcás ina bhfuil sé sin ag brath ar cheanglais maidir le leas ainmhithe a urramú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmlighte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 i ndáil le ceanglais leasa ainmhithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear tríú páirtithe neamhspleácha a úsáid.

3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 138

Teorainneacha le honnmhairithe

Déanfar na gealltanais mhéide a tháinig as na comhaontuithe a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh a urramú ar bhonn ceadúnas onnmhairiúcháin a eisíodh do na tréimhsí tagartha a bhfuil feidhm acu maidir leis na táirgí lena mbaineann.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhfuil gá leo chun na gealltanais mhéide a urramú, lena n-áirítear scor de cheadúnais onnmhairiúcháin a eisiúint nó srian a chur lena n-eisiúint nuair a sháraítear na méideanna gealltanais nó nuair a fhéadfar iad a shárú. Maidir le hoibleagáidí faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht a chomhlíonadh, ní dhéanfar deireadh a chur le tréimhse thagartha difear do bhailíocht ceadúnas onnmhairiúcháin.

Airteagal 139

Cumhachtaí tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun foráil a dhéanamh maidir le bearta atá liostaithe i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo.

2. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá lena áirithiú go n-urramóidh oibreoirí a n-oibleagáidí nuair a ghlacann siad páirt i nósanna imeachta tairisceana, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an príomhcheanglas maidir le scaoileadh urrús a bhaineann le ceadúnais i gcás aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar cuireadh tairiscintí isteach ina leith.

3. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá leis an ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar na húdaráis a laghdú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tairsí a shocrú a bhféadfaidh sé gan a bheith ceangailteach faoina mbun ceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint nó a thíolacadh, cinn scríbe agus oibríochtaí ina bhféadfaidh údar a bheith le díolúine ó cheadúnas a thíolacadh agus cead a thabhairt ceadúnais a dheonú ex-post i gcásanna a bhfuil údar tugtha leo.

4. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá le déileáil le cásanna ina bhfuil údar maith le cáilitheacht iomlán nó pháirteach chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil, agus chun cuidiú le hoibreoirí an tréimhse idir an t-iarratas ar aisíocaíocht onnmhairiúcháin agus íocaíocht dheireanach na haisíocaíochta sin a chur tharstu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a) dáta eile don aisíocaíocht;

(b) na hiarmhairtí maidir le híocaíocht na haisíocaíochta onnmhairiúcháin nuair nach bhfuil an cód táirge nó an ceann scríbe luaite ar cheadúnas ag teacht leis an táirge nó an ceann scríbe iarbhír;

(c) réamhíocaíocht aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin lena n-áirítear na coinníollacha maidir le hurrús a thaisceadh agus a scaoileadh;

(d) seiceálacha agus cruthúnas i gcás amhrais faoi cheann scríbe fíreannach táirgí agus an deis na táirgí a athallmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(e) cinn scríbe a ndéileáiltear leo mar onnmhairí ón Aontas, agus áireamh ceann scríbe laistigh de chríoch chustaim an Aontais atá cáilithe chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil.

5. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá lena áirithiú go ndéanfar táirgí atá ag tairbhiú d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a onnmhairiú ó chríoch chustaim an Aontais agus chun a áirithiú nach bhfillfidh siad ar an gcríoch sin, agus d'fhonn an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a laghdú i leith cruthúnas a ghiniúint agus a chur isteach gur shroich táirgí aisíocaíochta tír chinn scríbe chun haisíocaíochtaí difreáilte a fháil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, forálacha maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a) an teorainn ama nach mór an imeacht ó chríoch chustaim an Aontais a thabhairt chun críche fúithi, lena n-áirítear an t-am i gcomhair athiontrála sealadaí;

(b) an phróiseáil a fhéadfar a dhéanamh i rith na tréimhse sin ar tháirgí atá ag tairbhiú d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin;

(c) an cruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe chun aisíocaíochtaí difreáilte a fháil;

(d) na tairsí agus na coinníollacha aisíocaíochta faoina bhféadfar díolúine ón gcruthúnas sin a thabhairt d'onnmhaireoirí;

(e) coinníollacha maidir le formheas, ó thríú páirtithe neamhspleácha, ar an gcruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe chun aisíocaíochtaí difreáilte a fháil.

6. Agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ceanglais shonracha agus coinníollacha sonracha a ghlacadh maidir le hoibreoirí agus maidir leis na táirgí atá cáilithe d'aisíocaíocht onnmhairiúcháin, maidir le sainiú agus saintréithe na dtáirgí, agus maidir le bunú comhéifeachtaí chun críocha aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh.

Airteagal 140

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

(a) maidir le hathdháileadh na gcainníochtaí in-onnmhairithe nár leithdháileadh ná nár úsáideadh;

(b) maidir le táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 133(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 141

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, comhéifeachtaí a shocrú lena gcoigeartaítear aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 139(6).

Caibidil VII

Próiseáil amach

Airteagal 142

Socruithe próiseála amach a chur ar fionraí

1. I gcás ina gcuirtear isteach ar mhargadh an Aontais nó inar dóigh go gcuirfear isteach air de thoradh socruithe próiseála amach, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, úsáid na socruithe próiseála amach a chur ar fionraí i bpáirt nó go hiomlán, i gcás táirgí earnáil na ngránach, earnáil na ríse, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, earnáil an fhíona, earnáil na mairteola agus na laofheola, earnáil na muiceola, earnáil na caoireola agus na feola gabhair agus earnáil na feola éanlaithe clóis. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát déanfaidh sé cinneadh ina leith, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

I gcás foras práinne a bhfuil údar cuí tugtha leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 162(3).

Cuirfear na bearta arna nglacadh in iúl láithreach do na Ballstáit agus beidh éifeacht acu láithreach.

2. A mhéid is gá chun go bhfeidhmeoidh CEM mar is ceart, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 43(2) den Chonradh, úsáid socruithe próiseála amach i gcomhair na dtáirgí atá liostaithe i mír 1 a thoirmeasc i bpáirt nó go hiomlán.

CUID IV

RIALACHA IOMAÍOCHTA

CAIBIDIL I

Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais

Airteagal 143

Airteagail 101 go 106 den Chonradh a chur i bhfeidhm

Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 101 go hAirteagal 106 den Chonradh agus ag a fhorálacha cur chun feidhme, faoi réir Airteagal 144 go hAirteagal 145 den Rialachán seo, maidir le gach comhaontú, cinneadh agus cleachtas dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 den Chonradh a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta.

Airteagal 144

Eisceachtaí: cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus feirmeoirí agus a gcomhlachais

1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 143 den Rialachán seo agus atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 den Chonradh a bhaint amach.

Go háirithe, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais de chuid feirmeoirí, comhlachas feirmeoirí, nó comhlachas na gcomhlachas sin, eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta faoi Airteagal 106 den Rialachán seo, ná comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta faoi Airteagal 107 den Rialachán seo, ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais iad a bhaineann le táirgeadh nó díol táirgí talmhaíochta nó úsáid comháiseanna chun táirgí talmhaíochta a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil, agus nach bhfuil aon oibleagáid fúthu praghsanna comhionanna a mhuirearú, ach amháin má chuireann sé sin srian ar an iomaíocht nó má chuireann sé cuspóirí Airteagal 39 den Chonradh i gcontúirt.

2. Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus éisteacht leis na gnóthais nó le comhlachais na ngnóthas lena mbaineann agus le duine nádúrtha nó dlítheanach ar bith eile a mheasann sé a bheith iomchuí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún, agus aige amháin, faoi réir athbhreithniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cinneadh, trí bhíthin Cinneadh a ghlacadh, le gníomh tarmligthe, ar Cinneadh é a fhoilseofar, cé na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais a chomhlíonann na coinníollacha atá sonraithe i mír 1.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó údarás inniúil Ballstáit nó ó ghnóthas leasmhar nó ó chomhlachas gnóthas leasmhar.

3. Nuair a fhoilseofar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 sonrófar ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh. Tabharfaidh aird ann ar leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint.

Airteagal 145

Comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe

1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le cinntí, comhaontuithe ná cleachtais chomhbheartaithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 108 den Rialachán seo a bhfuil d'aidhm acu gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (c) d'Airteagal 108(1) den Rialachán seo a dhéanamh, agus i gcás earnáil na hola olóige agus na na n-ológ boird agus earnáil an tobac, Airteagal 108(2) den Rialachán seo.

2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin:

(a) más rud é gur tugadh fógra don Choimisiún maidir leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhaontuithe;

(b) más rud é nár chinn an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis dó na sonraí ar fad is gá a fháil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nach luíonn na comhaontuithe, na cinntí nó na cleachtais chomhbheartaithe le rialacha an Aontais.

3. Ní fhéadfar na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe a chur i bhfeidhm roimh éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2(b).

4. Dearbhófar go bhfuil gach comhaontú, cinneadh, agus cleachtas comhaontaithe gan a bheith ag luí le rialacha an Aontais más rud é:

(a) go bhféadfadh idir-roinnt margaí de chineál ar bith laistigh den Aontas a bheith mar thoradh orthu;

(b) go bhféadfaidís cur isteach ar dhea-fheidhmiú eagraíocht an mhargaidh;

(c) go bhféadfaidís a bheith faoi deara saobhadh iomaíochta nach bhfuil fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a bhaint amach atá á saothrú ag gníomhaíocht na heagraíochta idirchraoibhe;

(d) go socraíonn siad praghsanna nó cuótaí;

(e) go bhféadfaidís a bheith faoi deara idirdhealú nó díothú iomaíochta i dtaca le cion substaintiúil de na táirgí atá i gceist.

5. Má mheasann an Coimisiún, tar éis dhul in éag na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i mír 2(b), nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé Cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena ndearbhófar go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gcleachtas comhbheartaithe i gceist.

Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh sin ón gCoimisiún roimh an data a thugtar fógra ina leith don eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann, ach amháin má thug an eagraíocht idirchraoibhe sin faisnéis mhíchruinn nó má bhain sí mí-úsáid as an díolúine dá bhforáiltear i mír 1.

6. I gcás comhaontuithe ilbhliantúla, beidh fógra na céad bliana bailí do bhlianta eile an chomhaontaithe. Mar sin féin, sa chás sin féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát eile cinneadh a eisiúint maidir le neamhluí tráth ar bith.

CAIBIDIL II

Rialacha maidir le Státchabhair

Airteagal 146

Airteagail 107 go 109 den Chonradh a chur i bhfeidhm

1. Faoi réir mhír 2, beidh feidhm ag Airteagal 107 go hAirteagal 109 den Chonradh maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta.

2. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 107 go hAirteagal 109 den Chonradh maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag Ballstáit de bhun na nithe seo a leanas agus i gcomhréir leo:

(a) na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mhaoiníonn an tAontas E ina n-iomláine nó i bpáirt, nó

(b) forálacha Airteagal 147 go 153 den Rialachán seo.

Airteagal 147

Íocaíochtaí náisiúnta a bhaineann le cláir thacaíochta in earnáil an fhíona

De mhaolú ar mhír 41(3), féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dheonú i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 43, 47 agus 48.

Beidh feidhm ag an ráta uasta cabhrach arna leagan síos i rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair maidir le maoiniú poiblí foriomlán, lena n-áirítear cistí an Aontais agus cistí náisiúnta.

Airteagal 148

Íocaíochtaí náisiúnta do réinfhianna san Fhionlainn agus sa tSualainn

Faoi réir údarú an Choimisiúin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Fhionlainn agus an tSualainn íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh le haghaidh táirgeadh agus margú réinfhianna agus táirgí réinfhia (AC ex 0208 agus ex 0210) a mhéid nach bhfuil siad faoi deara méadú ar na leibhéil táirgthe thraidisiúnta.

Airteagal 149

Íocaíochtaí náisiúnta d'earnáil an tsiúcra san Fhionlainn

Féadfaidh an Fhionlainn íocaíochtaí náisiúnta suas le EUR 350 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana margaíochta a dhéanamh do shaothraithe biatais siúcra.

Airteagal 150

Íocaíochtaí náisiúnta don bheachadóireacht

Féadfaidh Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta faoi leith a dhéanamh i gcomhair cosaint beachlann atá faoi mhíbhuntáiste de dhroim dálaí struchtúracha nó nádúrtha nó íocaíochtaí a dhéanamh faoi phleananna forbartha eacnamaíocha, ach amháin i gcás iad sin atá leithdháilte ar chúrsaí táirgthe nó trádála.

Airteagal 151

Íocaíochtaí náisiúnta le haghaidh driogadh fíona i gcásanna géarchéime

1. Ón 1 Lúnasa 2012, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh do tháirgeoirí fíona le haghaidh driogadh deonaigh nó éigeantaigh fíona i gcásanna géarchéime a bhfuil údar tugtha leo.

2. Beidh na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 comhréireach agus beidh siad ina cuidiú le dul i ngleic leis an ngéarchéim.

3. Ní sháróidh méid iomlán na n-íocaíochtaí atá ar fáil i mBallstát in aon bhliain ar leith 15 % de na cistí atá ar fáil san iomlán in aghaidh an Bhallstáit mar atá leagtha síos don bhliain sin in Iarscríbhinn IV.

4. Déanfaidh Ballstáit a dteastaíonn uathu úsáid a bhaint as na híocaíochtaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 fógra cuí-réasúnaithe a thíolacadh don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir leis an mbeart a fhormheas agus na híocaíochtaí a dhéanamh.

5. Úsáidfear an t-alcól a thagann ón driogadh dá dtagraítear i mír 1 chun críoch tionsclaíoch nó fuinnimh agus chun na gcríoch sin amháin chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint.

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 152

Íocaíochtaí náisiúnta ar mhaithe le táirgí a dháileadh ar leanaí

Sa bhreis ar an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus in Airteagal 24, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh ar mhaithe le táirgí a sholáthar do pháistí i bhforais oideachais agus ar mhaithe leis na costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 21(1).

Féadfaidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin a mhaoiniú trí thobhach a ghearradh ar an earnáil lena mbaineann nó trí aon ranníocaíocht eile ón earnáil phríobháideach.

Sa bhreis ar an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 21, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh chun bearta tionlacain a mhaoiniú is gá le go mbeidh scéim an Aontais chun tairgí torthaí agus glasraí, táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte agus táirgí bananaí éifeachtach, mar atá foráilte in Airteagal 21(2).

Airteagal 153

Íocaíochtaí náisiúnta do chnónna

1. Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh, suas le EUR 120, 75 ar a mhéad, in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana, d'fheirmeoirí a tháirgeann na táirgí seo a leanas:

(a) almóinní a thagann faoi Chóid AC 0802 11 agus 0802 12;

(b) cnónna coill nó faoisceoga a thagann faoi Chóid AC 0802 21 agus 0802 22;

(c) gallchnónna a thagann faoi Chóid AC 0802 31 agus 0802 32;

(d) cnónna piostáise a thagann faoi Chód AC 0802 50;

(e) pónairí lócaiste a thagann faoi Chód AC 1212 99 30.

2. Ní fhéadfar na híocaíochtaí náisiúnta a íoc ach i leith na limistéar uasta seo:

3. Féadfaidh na Ballstáit deonú na n-íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh coinníollach ar na feirmeoirí a bheith ina mbaill d'eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta faoi Airteagal 106.

CUID V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Bearta Eisceachtúla

Roinn 1

Suaitheadh sa mhargadh

Airteagal 154

Bearta in aghaidh suaitheadh sa mhargadh

1. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá le dul i ngleic go héifeachtúil éifeachtach le haon baol go suaithfí an margadh i ngeall ar ardú mór praghsanna nó titim mhór praghsanna nó i ngeall ar aon tosca eile a bhfuil tionchar acu ar an margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun na bearta is gá a dhéanamh san earnáil lena mbaineann, ag urramú dó aon oibleagáidí a thagann as comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218.

Sna cásanna baoil suaite margaidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nuair a éileoidh mórchúiseanna práinne é, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 161 den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na fomhíre seo.

A mhéid is gá agus go ceann an achair is gá, féadfaidh bearta den sórt sin raon feidhme, fad, agus gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí áirithe nó tréimhsí, de réir mar is gá.

2. Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí atá liostaithe i Mír 2 de Chuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Féadfaidh baint a bheith ag na rialacha sin le nósanna imeachta agus critéir theicniúla go háirithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Roinn 2

Bearta um thacaíocht mhargaidh a bhaineann le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe nó do phlandaí

Airteagal 155

Bearta a bhaineann le galair ainmhithe agus le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe, nó do phlandaí

1. Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, bearta eisceachtúla um thacaíocht mhargaidh a ghlacadh:

(a) i gcomhair an mhargaidh atá buailte d'fhonn na srianta ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar thrádáil le tríú tíortha a chur san áireamh a d’fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm beart atá ceaptha dul i ngleic le leathadh galar ainmhithe.

(b) d'fhonn aird a thabhairt ar shuaitheadh tromchúiseach margaidh atá curtha síos go díreach do laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe, nó do phlandaí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

2. Beidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear i mír 1 maidir leis na hearnálacha seo a leanas:

(a) earnáil na mairteola agus na laofheola;

(b) earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(c) muiceoil;

(d) earnáil na caoireola agus na feola gabhair;

(e) earnáil na n-uibheacha;

(f) earnáil na feola éanlaithe clóis.

Na bearta dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 a bhaineann le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, nó do phlandaí, beidh feidhm acu freisin maidir le gach táirge talmhaíochta eile seachas iad sin atá liostaithe i Roinn 2 de Chuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

3. Déanfar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 arna iarraidh sin don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann.

4. Ní fhéadfar na bearta dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 a dhéanamh ach amháin má tá bearta sláinte agus tréidliachta glactha go tapa ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann chun deireadh a chur leis an ngalar, agus ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin a mhéid a bhfuil siad fíor-riachtanach agus ar feadh na tréimhse atá fíor-riachtanach le tacú leis an margadh lena mbaineann.

5. Cuirfidh an tAontas páirtmhaoiniú ar fáil a bheidh coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a sheasann na Ballstáit as na beartas dá bhforáiltear i mír 1.

Mar sin féin, maidir le hearnáil na mairteola agus na laofheola, earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, earnáil na muiceola agus na caoireola agus earnáil na feola gabhair, cuirfidh an tAontas páirtmhaoiniú ar fáil a bheidh coibhéiseach le 60 % den chaiteachas sin i gcás ina bhfuiltear ag cur comhraic ar chrúb agus béil.

6. I gcás ina ndéanann táirgeoirí ranníocaíocht le caiteachas atá na Ballstáit ag seasamh, áiritheoidh na Ballstáit nach saobhfaidh sé sin cúrsaí iomaíochta idir táirgeoirí i mBallstáit éagsúla.

Roinn 3

Fadhbanna sonracha

Airteagal 156

Bearta chun fadhbanna sonracha a réiteach

1. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta a bhfuil gá leo agus is féidir údar a thabhairt leo chun fadhbanna sonracha a réiteach. Ní fhéadfaidh na bearta sin maolú ó fhorálacha an Rialacháin seo ach a mhéid a bhfuil fíorghá leis, agus go ceann tréimhse a bhfuil fíorghá léi. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

2. Chun fadhbanna sonracha a réiteach, i gcás foras práinne cuí-réasúnaithe, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 162(3).

CAIBIDIL II

Cumarsáid agus tuairisciú

Airteagal 157

Ceanglais chumarsáide

1. Chun críocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, an margadh i dtáirgí talmhaíochta a anailísiú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta an Chomhbheartais Talmhaíochta a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta seiceála, rialaitheacha, faireacháin, meastóireachta agus iniúchta an Chombheartais Talmhaíochta a áirithiú, agus comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceanglais faoi na comhaontuithe sin maidir le fógra a thabhairt, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, na bearta is gá a ghlacadh maidir leis an gcumarsáid atá le déanamh ag gnóthais, Ballstáit, agus/nó tríú tíortha. Á dhéanamh sin dó, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na riachtanais maidir le sonraí agus na sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann idir foinsí sonraí féideartha.

Féadfar an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis inniúla triú tíortha nó í a chur ar fáil dóibh agus a phoibliú, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus leasa dhlisteanaigh gnóthas a rúin ghnó, lena n-áirítear praghsanna, a chosaint.

2. Agus aird á tabhairt ar an ngá atá leis na fógraí dá dtagraítear i mír 1 a bheith tapa, éifeachtúil, cruinn agus costéifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 á leagan síos:

(a) nádúr agus cineál na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh;

(b) na modhanna fógartha;

(c) na rialacha a bhaineann leis na cearta rochtana chun na faisnéise nó chun na gcóras faisnéise a chuirfear ar fáil;

(d) coinníollacha agus modhanna fhoilsiú na faisnéise.

3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na nithe seo a leanas a ghlacadh:

(a) rialacha maidir le cur ar fáil na faisnéise is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo;

(b) socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh, chomh maith le rialacha maidir le hábhar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le spriocanna na bhfógraí;

(c) socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, chuig údaráis inniúla triú tíortha nó chuig an bpobal, nó an fhaisnéis agus na doiciméid sin a chur ar fáil dóibh, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus leasa dhlisteanaigh gnóthas a rúin ghnó a chosaint.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

Airteagal 158

Oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a) gach trí bliana tar éis 2013 nuair a chuirtear i bhfeidhm na bearta a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta arna leagan amach in Airteagal 52 go 54.

(b) faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus go háirithe maidir le hoibriú Airteagal 104 go hAirteagal 107 agus Airteagal 145 san earnáil sin, ag tagairt go háirithe do dhreasachtaí a d'fhéadfadh feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhtháirgthe a dhéanamh, mar aon le haon tograí iomchuí.

Caibidil III

Cúltaisce i gcomhair géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta

Airteagal 159

Úsáidí an chúlchiste

Cistí arna n-aistriú ón gCúltaisce le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta faoi na coinníollacha agus an nós imeachta dá dtagraítear i mír 14 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais [47], ba cheart iad a chur ar fáil i gcomhar na mbeart a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo i gcás na bliana nó na mblianta a bhfuil an tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith.

Go háirithe, aistreofar cistí i gcás aon chaiteachais faoi na caibidlí seo a leanas:

(a) Caibidil I de Theideal I de Chuid II;

(b) Caibidil VI de Chuid III; agus

(c) Caibidil I den Chuid seo.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, agus de mhaolú ón dara mír den Airteagal seo, cinneadh a dhéanamh nach ndéanfar aistrithe i gcás caiteachais áirithe dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin, más cuid den ghnáthbhainistíocht margaidh an caiteachas sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 162(2).

CUID VI

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

CAIBIDIL I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 160

Feidhmiú an tarmligin

1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar na chumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Is go ceann tréimhse neamhchinntithe ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar don Choimisiún tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhiaidh sin a shonrófar inti. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 161

An nós imeachta práinne

1. Gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal sin, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar chuntar nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Sonrófar san fhógra a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomh tarmligthe na cúiseanna ar baineadh úsáid as an nós imeachta práinne.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 162

An nós imeachta coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta. Beidh de chúnamh ag an gCoiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha deiridh

Airteagal 163

Aisghairmeacha

1. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. [COIM(2010)799].

Mar sin féin, leanfaidh d'fheidhm a bheith ag na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799].

(a) a fhad a bhaineann le hearnáil an tsiúcra, Teideal I de Chuid II, Airteagail 248, 260 agus 262 agus Cuid II d'Iarscríbhinn III go dtí deireadh na bliana margaíochta don siúcra 2015-2016, an 30 Meán Fómhair, d'ainneoin na chéad fomhíre d'Airteagal 392(2) den Rialachán sin;

(b) na forálacha a bhaineann leis an gcóras um tháirgeadh bainne a theorannú atá leagtha síos i gCaibidil III de Theideal I de Chuid II, go dtí an 31 Márta 2015.

(c) maidir le hearnáil an fhíona:

(i) Airteagail 82 go hAirteagal 87 maidir le limistéir dá dtagraítear in Airteagal 82(2) nár grafadh go fóill agus maidir le limistéir dá dtagraítear in Airteagal 83(1) nár tugadh chun rialtachta go fóill go dtí go ngrafar nó go dtabharfar chun rialtachta iad;

(ii) an córas idirthréimhseach do chearta um plandú arna leagan amach i bhForoinn II de Roinn 4V de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II, go dtí an 31 Nollaig 2015, nó a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon chinneadh a ghlacann Ballstát faoi Airteagal 89(5), go dtí an 31 Nollaig 2018.

(d) Airteagal 291(2) go dtí an 31 Márta 2014;

(e) an chéad mhír agus an dara mír d'Airteagal 293 go dtí deireadh na bliana margaíochta don siúcra 2013-2014;

(f) Airteagal 294 go dtí an 31 Nollaig 2017;

(g) Airteagal 326.

2. Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. [COM(2010)799] a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

3. Aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1601/96 agus (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle.

Airteagal 164

Rialacha idirthréimhseacha

Agus aird á tabhairt ar an ngá atá lena áirithiú go n-athrófar gan tuisliú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. [COM(2010)799] go dtí na socruithe atá leagtha síos sa Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir leis na bearta is gá chun na cearta faighte agus ionchais dhlisteanacha feirmeoirí a chosaint.

Airteagal 165

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [seachtú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Mar sin féin, maidir le hearnáil an tsiúcra, ní bheidh feidhm ag Airteagail 7, 16, agus 101 ná ag Iarscríbhinn III go dtí tar éis dheireadh na bliana margaíochta don siúcra 2015–2016, i.e. an 1 Deireadh Fómhair 2016.

2. Maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, beidh feidhm ag Airteagail 104 agus ag Airteagal 105 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2)

Cuid I: Gránaigh

Cuimsítear faoi earnáil na ngránach na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 0709 90 60 | Grán Milis, úr nó fuaraithe |

| 0712 90 19 | Grán milis triomaithe, iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta air, ach amháin hibridí atá le cur |

| 1001 90 91 | Gnáthchruithneacht agus síolta maislín |

| 1001 90 99 | Speilt, gnáthchruithneacht agus maislín nach bhfuil le cur |

| 1002 00 00 | Seagal |

| 1003 00 | Eorna |

| 1004 00 00 | Coirce |

| 1005 10 90 | Arbhar Indiach (arbhar) seachas hibridí |

| 1005 90 00 | Arbhar Indiach seachas síolta |

| 1007 00 90 | Sorgum gráin, seachas hibridí atá le cur |

| 1008 | Ruán, síolta muiléid agus síolta éan; gránaigh eile |

(b) | 1001 10 00 | Cruithneacht chrua (durum) |

(c) | 1101 00 00 | Plúr cruithneachta nó maislín |

| 1102 10 00 | Plúr seagail |

| 1103 11 | Piocuaran agus min chruithneachta |

| 1107 | Braich, rósta nó neamhrósta |

(d) | 0714 | Casabhach, ararút, salep, bliosáin ghréine, prátaí milse agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil méid mór stáirse nó ionúiline iontu, úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, cibé acu atá siad slisnithe nó i bhfoirm millíní; laíon sáig |

| ex 1102 | Plúir gránaigh seachas plúr cruithneachta ná plúr maislín: |

| 1102 20 | – Plúr arbhair Indiaigh (arbhar) |

| 1102 90 | – Eile: |

| 1102 90 10 | – – Plúr eorna |

| 1102 90 30 | – – Plúr coirce |

| 1102 90 90 | – – Eile |

| ex 1103 | Piocuaran gránaigh, min agus millíní ach amháin piocuaran agus min cruithneachta (fotheideal 1103 11), piocuaran agus min ríse (fotheideal 1103 19 50) agus millíní ríse (fotheideal 1103 20 50) |

| ex 1104 | Gráin ghránaigh a ndearnadh próiseáil eile orthu (mar shampla, scilligthe, rollta, calógach, péarlach, slisnithe nó garbhmheilte), seachas rís faoi theideal 1006 agus rís chalógach faoi fhotheideal 1104 19 91; ginidín gránach, iomlán, rollta, calógach nó meilte |

| 1106 20 | Plúr, min agus púdar sáig nó fréamhacha nó tiúbar faoi cheannteideal 0714 |

| ex 1108 | Stáirsí; ionúilin: |

| | – Stáirsí: |

| 1108 11 00 | – – Stáirse cruithneachta |

| 1108 12 00 | – – Stáirse arbhair Indiaigh (arbhar) |

| 1108 13 00 | – – Stáirse prátaí |

| 1108 14 00 | – – Stáirse casabhaigh |

| ex 1108 19 | – – Stáirsí eile: |

| 1108 19 90 | – – – Eile |

| 1109 00 00 | Glútan cruithneachta, cibé acu atá sé triomaithe nó nach bhfuil |

Cód AC | Tuairisc |

| 1702 | Siúcraí eile, lena n-áirítear lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach; síoróipí siúcra nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leo; mil shaorga, cibé acu atá sé measctha le mil nádúrtha nó nach bhfuil; caramal: |

| ex 1702 30 | – Glúcós agus síoróip ghlúcóis, gan fruchtós nó a bhfuil níos lú ná 20 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain ina staid thirim: |

| | |

| | |

| | – – Eile: |

| ex 1702 30 50 | – – – I bhfoirm púdair chriostalaigh bháin, cibé acu atá sé ceirtleánaithe nó nach bhfuil, a bhfuil níos lú ná 99 % de ghlúcós de réir meáchain iontu ina staid thirim |

| ex 1702 30 90 | – – – Eile, a bhfuil níos lú ná 99 % de ghlúcós de réir meáchain iontu ina staid thirim |

| ex 1702 40 | – Glúcós agus síoróip ghlúcóis, a bhfuil 20 % ar a laghad, ach níos lú ná 50 %, d'fhruchtós iontu ina staid thirim, gan siúcra inbhéartaithe san áireamh: |

| 1702 40 90 | – – Eile |

| ex 1702 90 | – Eile, lena n-áirítear siúcra inbhéartaithe agus siúcra eile agus cumaisc síoróipe siúcra a bhfuil 50 % d'fhruchtós de réir meáchain iontu ina staid thirim: |

| 1702 90 50 | – – Maltaideistrin agus síoróip mhaltaideistrine |

| | – – Caramal: |

| | – – – Eile: |

| 1702 90 75 | – – – – I bhfoirm púdair, cibé acu atá sé ceirtleánaithe nó nach bhfuil |

| 1702 90 79 | – – – – Eile |

| 2106 | Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile: |

| ex 2106 90 | – Eile |

| | – – Síoróipí siúcra blaistithe nó daite: |

| | – – – Eile |

| 2106 90 55 | – – – – Síoróip ghlúcóis agus síoróip mhaltaideistrine |

| ex 2302 | Bran, géara agus iarmhair eile, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, díorthaithe ó ghránaigh a chriathrú, a mhuilleáil nó a phróiseáil ar bhealach eile |

| ex 2303 | Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla, laíon biatais, bagás agus fuíoll eile ó mhonarú siúcra, dríodar agus fuíollábhar ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh, cibé acu atá sé i bhfoirm millíní nó nach bhfuil: |

| 2303 10 | – Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla |

| 2303 30 00 | – Dríodar agus fuíollábhar ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh |

| ex 2306 | Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó nach bhfuil nó i bhfoirm millíní, de thoradh úscadh saillte nó olaí plandúla, seachas na cinn faoi cheannteidil 2304 agus 2305: |

| | – Eile |

| 2306 90 05 | – – De ghinidín arbhair Indiaigh (arbhar) |

| ex 2308 00 | Ábhair ghlasraí agus fuíollábhar glasraí, fotháirgí agus iarmhair ghlasraí, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile: |

| 2308 00 40 | – Dearcáin agus cnónna capaill; marc torthaí, seachas fíonchaora |

| 2309 | Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: |

| ex 2309 10 | – Bia do mhadraí nó do chait, ar an margadh le haghaidh miondíola: |

| 2309 10 11 2309 10 13 230910 31 2309 10 33 2309 10 51 2309 10 53 | – – Ina bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi cheannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 nó táirgí bainne |

Cód AC | Tuairisc |

| ex 2309 90 | - Eile: |

| 2309 90 20 | – - Táirgí dá dtagraítear i nóta breise 5 le caibidil 23 den Ainmníocht Chomhcheangailte |

| | – - Eile, lena n-áirítear réamh-mheascáin: |

| 2309 90 31 2309 90 33 2309 90 41 2309 90 43 2309 90 51 2309 90 53 | – - - Ina bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi cheannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 nó táirgí bainne: |

(1) Chun críocha an fho-cheannteidil seo ciallaíonn ‘táirgí bainne' táirgí a thagann faoi chuimsiú cheannteidil 0401 go 0406 mar aon le fo-cheannteidil 1702 11 00, 1702 19 00 agus 2106 90 51. |

Cuid II: Rís

Cuimsítear faoi earnáil na ríse na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 1006 10 21 to 1006 10 98 | Rís sa chrotal (gan scilligeadh nó garbh), nach bhfuil le cur |

| 1006 20 | Rís scilligthe (donn) |

| 1006 30 | Rís leathmheilte nó rís lánmheilte, cibé acu atá sí snasta nó glónraithe nó nach bhfuil |

(b) | 1006 40 00 | Rís bhriste |

(c) | 1102 90 50 | Plúr ríse |

| 1103 19 50 | Piocuaran agus min ríse |

| 1103 20 50 | Millíní ríse |

| 1104 19 91 | Gráinní ríse calógacha |

| ex 1104 19 99 | Gráinní ríse rollta |

| 1108 19 10 | Stáirse ríse |

Cuid III: Siúcra

Cuimsítear faoi earnáil an tsiúcra na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 1212 91 | Biatas siúcra |

| 1212 99 20 | Cána siúcra |

(b) | 1701 | Siúcra cána nó biatais agus siúcrós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach |

(c) | 1702 20 | Siúcra mailpe agus síoróip mhailpe |

| 1702 60 95 agus 1702 90 95 | Siúcraí eile i bhfoirm sholadach agus síoróipí siúcra, nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leo, ach gan lachtós, glúcós, maltaideistrin ná iseaglúcós san áireamh |

| | |

| 1702 90 71 | Caramal a bhfuil 50 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain san ábhar tirim |

| 2106 90 59 | Síoróipí blaistithe nó daite, seachas iseaglúcós, lachtós, glúcós agus síoróipí maltaideistrine |

(d) | 1702 30 10 1702 40 10 1702 60 10 1702 90 30 | Iseaglúcós |

(e) | 1702 60 80 1702 90 80 | Síoróip ionúiline |

(f) | 1703 | Molás de thoradh úscadh nó mínghlanadh siúcra |

(g) | 2106 90 30 | Síoróipí iseaglúcóis blaistithe nó daite |

(h) | 2303 20 | Laíon biatais, bagás agus fuíollábhair eile ó mhonarú siúcra |

Cuid IV: Farae triomaithe

Cuimsítear faoi earnáil an fharae triomaithe na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | ex 1214 10 00 | – Min agus millíní de mheidic na mbó atá triomaithe le teas saorga |

| | – Min agus millíní de mheidic na mbó, triomaithe agus meilte ar bhealaí eile |

| ex 1214 90 90 | – Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí agus táirgí farae comhchosúla, atá triomaithe le teas saorga, seachas féar tirim agus cál farae agus táirgí a bhfuil féar tirim iontu |

| | – Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí, loiteog meala, pis phréacháin agus crúb éin, triomaithe agus meilte ar bhealaí eile |

(b) | ex 2309 90 99 | – Tiúchain phróitéine faighte ó shú mheidic na mbó agus ó shú féir |

| | – Táirgí díhiodráitithe a fhaightear go heisiach ó iarmhair sholadacha agus sú a thagann ó ullmhú na dtiúchan thuasluaite |

Cuid V: Síolta

Cuimsítear faoi earnáil na síolta na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

0712 90 11 | Hibridí de ghrán milis: |

| – le cur |

0713 10 10 | Piseanna (Pisum sativum): |

| – le cur |

ex 0713 20 00 | Sicphiseánaigh (garbanzo): |

| – le cur |

ex 0713 31 00 | Pónairí den speiceas Vigna mungo (L) Hepper nó Vigna radiata (L) Wilczek: |

| – le cur |

ex 0713 32 00 | Pónairí dearga beaga (Adzuki) (Phaseolus nó Vigna angularis): |

| – le cur |

0713 33 10 | Pónairí duánacha, lena n-áirítear pónairí pise bána (Phaseolus vulgaris): |

| – le cur |

ex 0713 39 00 | Pónairí eile: |

| – le cur |

ex 0713 40 00 | Lintilí: |

| – le cur |

ex 0713 50 00 | Pónairí leathana (Vicia faba var. major) agus pónairí capaill (Vicia faba var. equina, Vicia faba var. minor): |

| – le cur |

ex 0713 90 00 | Glasraí léagúmacha triomaithe eile: |

| – le cur |

1001 90 10 | Speilt: |

| – le cur |

ex 1005 10 | Síolta arbhair Indiaigh hibridigh (arbhar) |

1006 10 10 | Rís sa chrotal (gan scilligeadh nó garbh): |

| – le cur |

1007 00 10 | Hibridí sorguim gráinne: |

| – le cur |

1201 00 10 | Pónairí soighe, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil: |

| – le cur |

1202 10 10 | Piseanna talún, nach bhfuil rósta ná cócaráilte i slí eile, sa bhlaosc: |

| – le cur |

1204 00 10 | Ros lín, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil: |

| – le cur |

1205 10 10 agus ex 1205 90 00 | Síolta ráibe nó síolta colsa, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil: |

| – le cur |

1206 00 10 | Síolta lus na gréine, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil: |

| – le cur |

ex 1207 | Síolta ola eile agus torthaí olúla, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil: |

| – le cur |

1209 | Síolta, torthaí agus spóir, de chineál a úsáidtear: |

| – le cur |

Cuid VI: Leannlusanna

Cuimsítear faoi earnáil na leannlusanna na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

1210 | Buaircíní leannlusanna, úra nó triomaithe, cibé acu atá siad meilte, púdraithe nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil; lúpailin |

1302 13 00 | Súnna glasraí agus úisc leannlusanna |

Cuid VII: Ola olóige agus ológa boird

Cuimsítear faoi earnáil na hola olóige agus ológ boird na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 1509 | Ola olóige agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu |

| 1510 00 | Olaí eile agus a gcodáin, a fhaightear ó ológa amháin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu, lena n-áirítear cumaisc de na holaí nó de na codáin sin le holaí nó le codáin faoin gceannteideal 1509 |

(b) | 0709 90 31 | Ológa, úra nó fuaraithe, le haghaidh úsáidí seachas ola a tháirgeadh |

| 0709 90 39 | Ológa eile, úra nó fuaraithe |

| 0710 80 10 | Ológa (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú), reoite |

| 0711 20 | Ológa atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin |

| ex 0712 90 90 | Ológa triomaithe, iomlána, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu |

| 2001 90 65 | Ológa ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach |

| ex 2004 90 30 | Ológa ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite |

| 2005 70 00 | Ológa ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite |

(c) | 1522 00 31 1522 00 39 | Iarmhair a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhíocha nó plandúla ina bhfuil ola a bhfuil tréithe ola olóige aici |

| 2306 90 11 2306 90 19 | Cáca ola agus iarmhair eile de thoradh eastóscadh ola olóige |

Cuid VIII: Líon agus cnáib

Cuimsítear in earnáil an lín agus na cnáibe na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

5301 | Líon, amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach lín agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhabhrais agus stoc gairnéadaithe) |

5302 | Fíorchnáib (Cannabis sativa L.) amh nó phróiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach agus dramhaíl fíorchnáibe (lena n-áirítear dramhabhrais agus stoc gairnéadaithe) |

Cuid IX: Torthaí agus glasraí

Cuimsítear faoi earnáil na dtorthaí agus glasraí na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

0702 00 00 | Trátaí, úra nó fuaraithe |

0703 | Oinniúin, seallóidí, gairleog, cainneanna agus glasraí eile den chineál Alliaceae, úra nó fuaraithe |

0704 | Cabáistí, cóiliseacha, cálráib, cál agus brasacaigh inite comhchosúla, úra nó fuaraithe |

0705 | Leitís (Lactuca sativa) agus siocaire (Cichorium spp.), úr nó fuaraithe |

0706 | Cairéid, tornapaí, meacan biatais sailéid, salsabh, soiliriac, raidisí agus fréamhacha inite comhchosúla, úra nó fuaraithe |

0707 00 | Cúcamair agus gircíní, úra nó fuaraithe |

0708 | Glasraí léagúmacha, scilligthe nó gan a bheith, úra nó fuaraithe |

ex 0709 | Glasraí eile, úra nó fuaraithe, seachas glasraí faoi cheannteidil 0709 60 91, 0709 60 95, 0709 60 99, 0709 90 31, 0709 90 39 agus 0709 90 60 |

ex 0802 | Cnónna eile, úra nó triomaithe, cibé acu atá siad scilligthe nó scafa nó nach bhfuil, seachas airéic (nó beiteal) agus cnónna cóla a thagann faoi cheannteideal 0802 90 20 |

0803 00 11 | Plantáin úra |

ex 0803 00 90 | Plantáin triomaithe |

0804 20 10 | Figí, úra |

0804 30 00 | Anainn |

0804 40 00 | Abhacáid |

0804 50 00 | Guábhaí, mangónna agus ‘mangosteen’ |

0805 | Torthaí citris, úra nó triomaithe |

0806 10 10 | Fíonchaora boird úra |

0807 | Mealbhacáin (lena n-áirítear mealbhacáin uisce) agus pápánna (papayas), úra |

0808 | Úlla, piorraí agus cainchí, úra |

0809 | Aibreoga, silíní, péitseoga (lena n-áirítear neachtairíní), plumaí agus airní, úra |

0810 | Torthaí eile, úra |

0813 50 31 0813 50 39 | Meascáin de chnónna triomaithe amháin faoi cheannteidil 0801 agus 0802 |

0910 20 | Cróch |

ex 0910 99 | Tím, úr nó fhuaraithe |

ex 1211 90 85 | Basal, meilise, miontas, origanum vulgare (oragán/máirtín fiáin), marós, sáiste, úr nó fuaraithe |

1212 99 30 | Pónairí lócaiste |

Cuid X: Táirgí arna bpróiseáil ó thorthaí agus ó ghlasraí

Cuimsítear faoi earnáil na dtorthaí agus glasraí próiseáilte na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | ex 0710 | Glasraí (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce) reoite, seachas grán milis faoi fho-cheannteideal 0710 40 00, ológa faoi fho-cheannteideal 0710 80 10 agus torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta faoi fho-cheannteideal 0710 80 59 |

| ex 0711 | Torthaí atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin, seachas ológa faoi fho-cheannteideal 0711 20, torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta faoi fho-cheannteideal 0711 90 10 agus grán milis faoi fho-cheannteideal 0711 90 30 |

| ex 0712 | Glasraí triomaithe, iomlána, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu, seachas prátaí díhiodráitithe trí thriomú le teas saorga atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine a thagann faoi fho-cheannteideal ex 0712 90 05, grán milis a thagann faoi fho-cheannteidil ex 0712 90 11 agus 0712 90 19 agus ológa a thagann faoi fho-cheannteideal 0712 90 90 |

| 0804 20 90 | Figí triomaithe |

| 0806 20 | Fíonchaora triomaithe |

| ex 0811 | Torthaí agus cnónna, neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, reoite, nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo, seachas bananaí reoite a thagann faoi fho-cheannteideal ex 0811 90 95 |

Cód AC | Tuairisc |

| ex 0812 | Torthaí agus cnónna, atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin, seachas bananaí atá leasaithe go sealadach a thagann faoi fho-cheannteideal ex 0812 90 98 |

| ex 0813 | Torthaí, triomaithe, seachas tórthaí faoi cheannteidil 0801 go 0806; meascáin de chnónna nó de thorthaí triomaithe sa chaibidil seo seachas meascáin de chnónna amháin faoi cheannteidil 0801 agus 0802 a thagann faoi fho-cheannteidil 0813 50 31 agus 0813 50 39 |

| 0814 00 00 | Craiceann torthaí citris nó mealbhacán (mealbhacáin uisce san áireamh), úra, reoite, triomaithe nó leasaithe go sealadach faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile |

| 0904 20 10 | Piobair mhilse thriomaithe, nach bhfuil brúite ná meilte |

(b) | ex 0811 | Torthaí agus cnónna, neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, reoite, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo |

| ex 1302 20 | Substaintí peicteacha agus peicteanáití |

| ex 2001 | Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, ach amháin: - torthaí den ghéineas Capsicum seachas piobair mhilse nó pimeantó faoi fho-cheannteideal 2001 90 20 - grán milis (Zea mays var. saccharata) faoi fho-cheannteideal 2001 90 30 - ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain faoi fho-cheannteideal 2001 90 40 - croíthe pailme faoi fho-cheannteideal 2001 90 60 - ológa faoi fho-cheannteideal 2001 90 65 - duilleoga fíniúna, buinneáin leannlusanna agus codanna inite comhchosúla eile de phlandaí a thagann faoi fho-cheannteideal ex 2001 90 97 |

| 2002 | Trátaí ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach |

| 2003 | Beacáin agus strufail, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach |

| ex 2004 | Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006, seachas grán milis (Zea mays var. saccharata) faoi fho-cheannteideal 2004 90 10, ológa faoi fho-cheannteideal ex 2004 90 30 agus prátaí ullmhaithe nó leasaithe i bhfoirm plúir, mine nó calóg faoi fho-cheannteideal 2004 10 91 |

| ex 2005 | Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006 lena n-eisiatar ológa faoi fho-cheannteideal 2005 70 00, grán milis (Zea mays var. saccharata) faoi fho-cheannteideal 2005 80 00 agus torthaí den ghéineas Capsicum, seachas piobair mhilse nó pimeantó faoi fho-cheannteideal 2005 99 10 agus prátaí ullmhaithe nó leasaithe i bhfoirm plúir, mine nó calóg faoi fho-cheannteideal 2005 20 10 |

| ex 2006 00 | Torthaí, cnónna, craiceann torthaí agus codanna eile de phlandaí, leasaithe le siúcra (díscithe, glacé nó criostalaithe), seachas bananaí leasaithe le siúcra faoi chuimsiú na gceannteideal ex 2006 00 38 agus ex 2006 00 99 |

| ex 2007 | Subha, glóthacha torthaí, marmaláidí, purée torthaí nó cnónna agus leafaois torthaí nó chnónna, atá ina n-ullmhóidí cócaráilte, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, ach amháin: - ullmhóidí homaiginithe de bhananaí faoi fho-cheannteideal ex 2007 10 - subha, glóthacha, marmaláidí, purée nó leafaois de bhananaí faoi fho-cheannteidil ex 2007 99 39, ex 2007 99 50 agus ex 2007 99 97 |

| ex 2008 | Torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó nach bhfuil, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, ach amháin: - im piseanna talún faoi fho-cheannteideal 2008 11 10 - croíthe pailme faoi fho-cheannteideal 2008 91 00 - arbhar Indiach faoi fho-cheannteideal 2008 99 85 - ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó stáirse iontu de réir meáchain faoi fho-cheannteideal 2008 99 91 - duilleoga fíniúna, buinneáin leannlusanna agus codanna inite comhchosúla eile de phlandaí a thagann faoi fho-cheannteideal ex 2008 99 99 - meascáin de bhanana ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile faoi fho-cheannteidil ex 2008 92 59, ex 2008 92 78, ex 2008 92 93 agus ex 2008 92 98 - bananaí ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile faoi fho-cheannteidil ex 2008 99 49, ex 2008 99 67 agus ex 2008 99 99 |

| ex 2009 | Súnna torthaí (seachas sú fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor faoi fho-cheannteidil 2009 61 agus 2009 69 agus sú bananaí faoi fho-cheannteideal ex 2009 80) agus súnna glasraí, neamhchoipthe agus nach bhfuil biotáille curtha leo, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil |

Cuid XI: Bananaí

Cuimsítear faoi earnáil na mbananaí na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cóid AC | Tuairisc |

0803 00 19 | Bananaí úra, seachas plantáin |

ex 0803 00 90 | Bananaí triomaithe, seachas plantáin |

ex 0812 90 98 | Bananaí atá leasaithe go sealadach |

ex 0813 50 99 | Meascáin a bhfuil bananaí triomaithe iontu |

1106 30 10 | Plúr, min agus púdar bananaí |

ex 2006 00 99 | Bananaí atá leasaithe i siúcra |

ex 2007 10 99 | Ullmhóidí homaiginithe de bhananaí |

ex 2007 99 39 ex 2007 99 50 ex 2007 99 97 | Subha, glóthacha, marmaláidí, purée agus leafaois bhananaí |

ex 2008 92 59 ex 2008 92 78 ex 2008 92 93 ex 2008 92 98 | Meascáin a bhfuil bananaí iontu a ullmhaíodh nó a leasaíodh ar bhealach eile, nach bhfuil biotáille curtha leo |

ex 2008 99 49 ex 2008 99 67 ex 2008 99 99 | Bananaí ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile |

ex 2009 80 35 ex 2009 80 38 ex 2009 80 79 ex 2009 80 86 ex 2009 80 89 ex 2009 80 99 | Sú bananaí |

Cuid XII: Fíon

Cuimsítear faoi earnáil an fhíona na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 2009 61 2009 69 | Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor) |

| 2204 30 92 2204 30 94 2204 30 96 2204 30 98 | Úrfhíonta fíonchaor eile, seachas na cinn atá faoi choipeadh nó coiscthe ó choipeadh ar bhealach seachas trí alcól a chur leo |

(b) | ex 2204 | Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor nach dtagann faoi cheannteideal 2009, seachas úrfhíon fíonchaor eile faoi fho-cheannteidil 2204 30 92, 2204 30 94, 2204 30 96 agus 2204 30 98 |

(c) | 0806 10 90 | Fíonchaora úra ach amháin fíonchaora boird |

| 2209 00 11 2209 00 19 | Fínéagar fíona |

(d) | 2206 00 10 | Piquette |

| 2307 00 11 2307 00 19 | Moirt fíona |

| 2308 00 11 2308 00 19 | Marc fíonchaor |

Cuid XIII: Crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach

Cuimsítear faoi earnáil na bplandaí beo na táirgí a thagann faoi chuimsiú Chaibidil 6 den Ainmníocht Chomhcheangailte.

Cuid XIV: Tobac

Cuimsítear faoi earnáil an tobac tobac amh nó neamh-mhonaraithe agus dramhaíl tobac faoi chód AC 2401.

Cuid XV: Mairteoil agus laofheoil

Cuimsítear faoi earnáil na mairteola agus laofheola na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 0102 90 05 to 0102 90 79 | Ainmhithe beo de speiceas bó-ainmhithe clóis, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta |

| 0201 | Feoil bó-ainmhithe, úr nó fhuaraithe |

| 0202 | Feoil bó ainmhithe, reoite |

| 0206 10 95 | Scairt thiubh agus scairt thanaí, úr nó fhuaraithe |

| 0206 29 91 | Scairt thiubh agus scairt thanaí, reoite |

| 0210 20 | Feoil bó-ainmhithe, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó deataithe |

| 0210 99 51 | Scairt thiubh agus scairt thanaí, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe |

| 0210 99 90 | Plúr agus min inite ó fheoil nó ó scairteach |

| 1602 50 10 | Feoil nó scairteach eile ó bhó-ainmhithe atá ullmhaithe nó leasaithe, neamhchócaráilte; meascáin d’fheoil nó de scairteach chócaráilte agus d’fheoil nó de scairteach neamhchócaráilte |

| 1602 90 61 | Feoil eile atá ullmhaithe nó leasaithe ina bhfuil feoil nó scairteach ó bhó-ainmhithe, neamhchócaráilte; meascáin d’fheoil nó de scairteach chócaráilte agus d’fheoil nó de scairteach neamhchócaráilte |

(b) | 0102 10 | Bó-ainmhithe síolrúcháin folaíochta beo |

| 0206 10 98 | Scairteach inite ainmhithe bó-ainmhithe seachas scairt thiubh agus scairt thanaí, úr nó fhuaraithe, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú |

| 0206 21 00 0206 22 00 0206 29 99 | Scairteach inite bó-ainmhithe seachas scairt thiubh agus scairt thanaí, reoite, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú |

| 0210 9959 | Scairteach feola inite bó-ainmhithe, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe, seachas scairt thiubh agus scairt thanaí |

| ex 1502 00 90 | Saill bó-ainmhithe seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503 |

| 1602 50 31 agus 1602 50 95 | Feoil nó scairteach feola eile ó bhó-ainmhithe atá ullmhaithe nó leasaithe, seachas feoil nó scairteach feola neamhchócaráilte agus meascáin d’fheoil nó de scairteach chócaráilte agus feoil nó scairteach neamhchócaráilte |

| 1602 90 69 | Feoil eile atá ullmhaithe nó leasaithe ina bhfuil scairteach nó feoil bó-ainmhithe, seachas feoil neamhchócaráilte, agus meascáin d’fheoil nó de scairteach chócaráilte agus feoil nó scairteach neamhchócaráilte. |

Cuid XVI: Bainne agus táirgí bainne

Cuimsítear faoi earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 0401 | Bainne agus uachtar, nach bhfuil tiubhaithe agus nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsúcháin eile curtha leo |

(b) | 0402 | Bainne agus uachtar, atá tiubhaithe nó a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo |

(c) | 0403 10 11 to 0403 10 39 0403 9011 to 0403 90 69 | Bláthach, bainne gruthach agus uachtar, iógart, ceifír agus uachtar agus bainne aigéadaithe nó coipthe eile, cibé acu atá siad tiubhaithe nó nach bhfuil nó cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, nach bhfuil blaistithe agus gan torthaí, cnónna ná cócó a bheith curtha leo |

(d) | 0404 | Meadhg, cibé acu atá sé tiubhaithe nó nach bhfuil, nó cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó nach bhfuil; táirgí a bhfuil comhábhair bhainne nádúrtha iontu, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile |

(e) | ex 0405 | Im agus saill agus olaí eile a fhaightear ó bhainne; leatháin déiríochta a bhfuil cion níos mó ná 75 % ach níos lú ná 80 % de shaill iontu |

(f) | 0406 | Bainne agus gruth |

(g) | 1702 19 00 | Lachtós agus síoróip lachtóis nach bhfuil ábhar blaistithe ná ábhar dathúcháin breise curtha leo, a bhfuil níos lú ná 99 % de lachtós iontu de réir meáchain, arna léiriú mar lachtós ainhidriúil, á ríomh de réir an ábhair thirim |

(h) | 2106 90 51 | Síoróip lachtóis bhlaistithe nó dhaite |

(i) | ex 2309 | Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: |

| | – Ullmhóidí agus ábhair bheathaithe a bhfuil táirgí iontu a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, go díreach nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006, seachas ullmhóidí agus ábhair bheathaithe a thig faoi Chuid I den Iarscríbhinn seo. |

Cuid XVII: Muiceoil

Cuimsítear faoi earnáil na muiceola na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | ex 0103 | Mucra beo, de speiceas clóis, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta |

(b) | ex 0203 | Feoil mucra clóis, úr, fhuaraithe, nó reoite |

| ex 0206 | Scairteach inite mucra clóis, ach amháin chun táirgí cógaisíochta úra, fuaraithe nó reoite a mhonarú |

| ex 0209 00 | Saill muice, saor ó fheoil thrua, nár rindreáladh ná nár úscadh ar bhealach eile, úr, fhuaraithe, reoite, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe |

| ex 0210 | Feoil agus scairteach feola inite mucra clóis, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe |

| 1501 00 11 1501 00 19 | Saill muice (blonag san áireamh) |

(c) | 1601 00 | Ispíní agus táirgí comhchosúla, déanta d’fheoil, de scairteach feola nó d’fhuil; ullmhóidí bia bunaithe ar na táirgí sin |

| 1602 10 00 | Ullmhóidí homaiginithe d’fheoil, de scairteach feola nó d’fhuil |

| 1602 20 90 | Ullmhóidí nó subh ae ainmhí ar bith, seachas gé nó lacha |

| 1602 41 10 1602 42 10 1602 49 11 to 1602 49 50 | Ullmhóidí agus subha eile a bhfuil feoil nó scairteach mucra clóis iontu |

| 1602 90 10 | Ullmhóidí déanta d’fhuil ainmhí ar bith |

| 1602 90 51 | Ullmhóidí nó subha eile a bhfuil feoil nó scairteach feola mucra clóis iontu |

| 1902 20 30 | Pasta stuáilte, cibé acu cócaráilte nó réitithe ar aon bhealach eile nó gan a bheith, a bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain d'ispíní agus a leithéid, d'fheoil agus de scairteach feola de chineál ar bith iontu, lena n-áirítear saill de chineál nó de thionscnamh ar bith |

Cuid XVIII: Caoireoil agus feoil ghabhair

Cuimsítear faoi earnáil na caoireola agus na feola gabhair na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 0104 10 30 | Uain (suas le haon bhliain d’aois) |

| 0104 10 80 | Caora beo seachas uain agus ainmhithe síolrúcháin folaíochta |

| 0104 20 90 | Gabhair bheo seachas ainmhithe síolrúcháin fólaíochta |

| 0204 | Feoil ó chaoirigh nó ó ghabhair, úr, fuaraithe, nó reoite |

| 0210 99 21 | Feoil ó chaoirigh agus ó ghabhair, ar an gcnámh, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe |

| 0210 99 29 | Feoil ó chaoirigh agus ó ghabhair, gan chnámh, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe |

(b) | 0104 10 10 | Caoirigh beo — ainmhithe síolrúcháin folaíochta |

| 0104 20 10 | Gabhair bheo — ainmhithe síolrúcháin folaíochta |

| 0206 80 99 | Scairteach inite caorach agus gabhar, úr nó fuaraithe, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú |

| 0206 90 99 | Scairteach inite caorach agus gabhar, reoite, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú |

| 0210 99 60 | Scairteach inite caorach agus gabhar, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe |

| ex 1502 00 90 | Saill caorach agus gabhar, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503 |

(c) | 1602 90 72 | Feoil nó scairteach feola eile ó chaoirigh nó ó ghabhair atá ullmhaithe nó leasaithe, agus neamhchócaráilte; |

| 1602 90 74 | meascáin d’fheoil nó de scairteach chócaráilte nó neamhchócaráilte |

(d) | 1602 90 76 1602 90 78 | Feoil nó scairteach feola eile ó chaoirigh nó ó ghabhair atá ullmhaithe nó leasaithe, seachas cinn neamhchócaráilte nó meascáin de scairteach nó d’fheoil chócaráilte agus neamhchócaráilte |

Cuid XIX: Uibheacha

Cuimsítear faoi earnáil na n-uibheacha na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 0407 00 11 0407 00 19 0407 00 30 | Uibheacha éanlaithe clóis, sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte |

(b) | 0408 11 80 0408 19 81 0408 19 89 0408 91 80 0408 99 80 | Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin uibhe, úra, thriomaithe, chócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, mhúnlaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, seachas cinn atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |

Cuid XX: Feoil éanlaithe clóis

Cuimsítear faoi earnáil na feola éanlaithe clóis na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

(a) | 0105 | Éanlaith chlóis bheo, is é sin éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe |

(b) | ex 0207 | Feoil agus scairteach inite, den chineál éanlaithe clóis faoi cheannteideal 0105, úr, fhuaraithe nó reoite, seachas aenna a thagann faoi phointe (c) |

(c) | 0207 13 91 | Aenna éanlaithe clóis, úra, fuaraithe, nó reoite |

| 0207 14 91 | |

| 0207 26 91 | |

| 0207 27 91 | |

| 0207 34 | |

| 0207 35 91 | |

| 0207 36 81 | |

| 0207 36 85 | |

| 0207 36 89 | |

| 0210 99 71 | Aenna éanlaithe clóis, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe |

| 0210 99 79 | |

(d) | 0209 00 90 | Saill éanlaithe clóis, nár rindreáladh ná nár úscadh ar bhealach eile, úr, fhuaraithe, reoite, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe |

(e) | 1501 00 90 | Saill éanlaithe clóis |

(f) | 1602 20 10 | Aenna gé nó lachan, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile |

| | |

| 1602 31 | Feoil nó scairteach feola éanlaithe clóis faoi cheannteideal 0105, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile |

| 1602 32 | |

| 1602 39 | |

Cuid XXI: Alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta

1. Cuimsítear faoi earnáil an alcóil eitile na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

ex 2207 10 00 | Alcól eitile gan dínádúrú le neart alcóil de réir toirte de 80 % nó níos mó, faighte ó na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh |

ex 2207 20 00 | Alcól eitile agus biotáillí eile, dínádúraithe, de neart ar bith, faighte ó na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh |

ex 2208 90 91 agus ex 2208 90 99 | Alcól eitile gan dínádúrú le neart alcóil de réir toirte níos lú ná 80 %, faighte ó na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh |

2. Cuimsítear freisin faoi earnáil an alcóil eitile táirgí atá bunaithe ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta faoi chuimsiú chód AC 2208 arna gcoimeád i gcoimeádáin níos mó ná dhá lítear agus a léiríonn tréithe uile an alcóil eitile mar a ndéantar cur síos air i bpointe 1.

Cuid XXII: Táirgí beachadóireachta

Cuimsítear faoi earnáil na beachadóireachta na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC | Tuairisc |

0409 00 00 | Mil nádúrtha |

ex 0410 00 00 | Glóthach ríoga agus gliú beach, inite |

ex 0511 99 85 | Glóthach ríoga agus gliú beach, neamh-inite |

ex 1212 99 70 | Pailin |

ex 1521 90 | Céir bheach |

Cuid XXIII: Seiriceáin

Cuimsítear faoi earnáil na seiriceán seiriceáin a thagann faoi chód AC ex 0106 90 00 agus uibheacha seiriceán a thagann faoi chód AC ex 0511 99 85.

Cuid XXIV: Táirgí eile

Maidir le táirgí eile, ciallóidh sé sin na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), seachas na táirgí atá liostaithe i gCodanna I go XXIII, lena n-áirítear na táirgí sin atá liostaithe i Roinn 1 agus Roinn 2 seo a leanas.

Roinn 1

Cód AC | Tuairisc |

ex 0101 | Capaill, asail, miúileanna agus ráinigh bheo: |

0101 10 | – Ainmhithe síolrúcháin folaíochta: |

0101 10 10 | – – Capaill (a) |

0101 10 90 | – – Eile |

0101 90 | – Eile: |

| – – Capaill: |

0101 90 19 | – – – Seachas lena marú |

0101 90 30 | – – Asail |

0101 90 90 | – – Miúileanna agus ráinigh |

ex 0102 | Bó-ainmhithe beo: |

ex 0102 90 | – Ainmhithe eile seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta: |

0102 90 90 | – – Seachas speiceas clóis |

ex 0103 | Mucra beo: |

0103 10 00 | – Ainmhithe síolrúcháin folaíochta (b) |

| – Eile: |

ex 0103 91 | – – Dar meáchan níos lú ná 50 kg: |

0103 91 90 | – – – Seachas speiceas clóis |

ex 0103 92 | – – Dar meáchan 50 kg nó níos mó |

Cód AC | Tuairisc |

0103 92 90 | – – Seachas speiceas clóis |

0106 | Ainmhithe beo eile |

ex 0203 | Feoil mucra, úr, fhuaraithe nó reoite: |

| – Úr nó fuaraithe: |

ex 0203 11 | – – Conablaigh agus leathchonablaigh: |

0203 11 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0203 12 | – – Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh: |

0203 12 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0203 19 | – – Eile: |

0203 19 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

| – Reoite: |

ex 0203 21 | – – Conablaigh agus leathchonablaigh: |

0203 21 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0203 22 | – – Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh: |

0203 22 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0203 29 | – – Eile: |

0203 29 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0205 00 | Feoil asal, miúileanna nó ráineach, úr, fhuaraithe nó reoite |

ex 0206 | Scairteach inite ó bhó-ainmhithe, mucra, caora, gabhair, capaill, asail, miúileanna nó ráinigh, úr, fuaraithe nó reoite: |

ex 0206 10 | – Ó bhó-ainmhithe, úr nó fuaraithe |

0206 10 10 | – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

| – Ó bhó-ainmhithe, reoite: |

ex 0206 22 00 | – – Aenna: |

| – – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

ex 0206 29 | – – Eile: |

0206 29 10 | – – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

ex 0206 30 00 | – Ó mhucra, úr nó fuaraithe: |

| – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

| – – Eile: |

| – – – seachas ó mhucra clóis |

| – Ó mhucra, reoite: |

ex 0206 41 00 | – – Aenna: |

| – – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

| – – – Eile: |

| – – – – seachas ó mhucra clóis |

ex 0206 49 00 | – – Eile: |

| – – – Ó mhucra clóis: – – – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

| – – – Eile |

| |

ex 0206 80 | – Eile, úr nó fuaraithe: |

0206 80 10 | – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

| – – Eile: |

0206 80 91 | – – – Ó chapaill, ó asail, ó mhiúileanna agus ó ráinigh |

ex 0206 90 | – Eile, reoite: |

0206 90 10 | – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (c) |

| – – Eile: |

0206 90 91 | – – – Ó chapaill, ó asail, ó mhiúileanna agus ó ráinigh |

0208 | Feoil agus scairteach eile inite, úr, fhuaraithe nó reoite |

Cód AC | Tuairisc |

ex 0210 | Feoil agus scairteach feola inite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe; plúir agus min feola nó scairteach feola inite: |

| – Feoil mhucra: |

ex 0210 11 | – – Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh: |

0210 11 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0210 12 | – – Boilg (stríocach) agus gearrthacha díobh: |

0210 12 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 0210 19 | – – Eile: |

0210 19 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

| – Eile, lena n-áirítear plúir agus min inite ó fheoil nó ó scairteach feola: |

0210 91 00 | – – Ó phríomhaigh |

0210 92 00 | – – Ó mhíolta móra, ó dheilfeanna agus ó mhuca mara (mamaigh den ord Cetacea); ó bha mara agus ó dhuganganna (mamaigh den ord Sirenia) |

0210 93 00 | – – Ó reiptílí (nathracha agus turtair san áireamh) |

ex 0210 99 | – – Eile: |

| – – – Feoil: |

0210 99 31 | – – – – Ó réinfhianna |

0210 99 39 | – – – – Eile |

| – – – Scairteach: |

| – – – – Seachas ó mhucra clóis, ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh agus ó ghabhair |

0210 99 80 | – – – – – Seachas aenna éanlaithe clóis |

ex 0407 00 | Uibheacha éan, sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte: |

0407 00 90 | – Seachas uibheacha éanlaithe clóis |

ex 0408 | Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin uibhe, úra, thriomaithe, chócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, mhúnlaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil: |

| – Buíocáin uibheacha: |

ex 0408 11 | – – Triomaithe: |

0408 11 20 | – – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (d) |

ex 0408 19 | – – Eile: |

0408 19 20 | – – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (d) |

| – Eile: |

ex 0408 91 | – – Triomaithe: |

0408 91 20 | – – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (d) |

ex 0408 99 | – – Eile: |

0408 99 20 | – – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (d) |

0410 00 00 | Táirgí inite de thionscnamh ainmhíoch, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile |

0504 00 00 | Putóga, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas éisc), ina n-iomláine agus codanna díobh, úra, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe |

ex 0511 | Táirgí ó ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha ó Chaibidil 1 nó 3, atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine: |

0511 10 00 | – Seamhan buaibheach |

| – Eile: |

| |

ex 0511 99 | – – Eile: |

0511 99 85 | – – – Eile |

ex 0709 | Glasraí eile, úra nó fuaraithe: |

ex 0709 60 | – Torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta: |

| – – Eile: |

0709 60 91 | – – – – Den ghéineas Capsicum, chun ruaimeanna oiléaroisín capsacaim nó capsicin a mhonarú (c) |

0709 60 95 | – – – Le haghaidh monarú tionsclaíoch blátholaí nó roisíneoidí (c) |

0709 60 99 | – – – Eile |

Cód AC | Tuairisc |

ex 0710 | Glasraí (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú), reoite: |

ex 0710 80 | – Glasraí eile: |

| – – Torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta: |

0710 80 59 | – – – Seachas piobair mhilse |

ex 0711 | Glasraí atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin: |

ex 0711 90 | – Glasraí eile; meascáin de ghlasraí: |

| – – Glasraí: |

0711 90 10 | – – – – Torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta, seachas piobair mhilse |

ex 0713 | Glasraí léagúmacha triomaithe, scilligthe, cibé acu scafa nó scoilte nó gan a bheith: |

ex 0713 10 | – Piseanna (Pisum sativum): |

0713 10 90 | – – Seachas le cur |

ex 0713 20 00 | – Sicphiseánaigh (garbanzo): |

| – – Seachas le cur |

| – Pónairí (Vigna spp., Phaseolus spp.): |

ex 0713 31 00 | – – Pónairí den speiceas Vigna mungo (L) Hepper nó Vigna radiata (L) Wilczek: |

| – – – Seachas le cur |

ex 0713 32 00 | – – Pónairí dearga beaga (Adzuki) (Phaseolus nó Vigna angularis): |

| – – – Seachas le cur |

ex 0713 33 | – – Pónairí duánacha, lena n-áirítear pónairí pise bána (Phaseolus vulgaris): |

0713 33 90 | – – – Seachas le cur |

ex 0713 39 00 | – – Eile: |

| – – – Seachas le cur |

ex 0713 40 00 | – Lintilí: |

| – – Seachas le cur |

ex 0713 50 00 | – Pónairí leathana (Vicia faba var. major) agus pónairí capaill (Vicia faba var. equina agus Vicia faba var. minor): |

| – – Seachas le cur |

ex 0713 90 00 | – Eile: |

| – – Seachas le cur |

0801 | Cnónna cócó, cnónna Brasaíleacha agus cnónna caisiú úra nó triomaithe, cibé acu atá siad scilligthe nó scafa nó nach bhfuil |

ex 0802 | Cnónna eile, úra nó triomaithe, cibé acu atá siad scilligthe nó scafa nó nach bhfuil: |

ex 0802 90 | – Eile: |

ex 0802 90 20 | – – Airéic (nó beiteal) agus cóla |

ex 0804 | Dátaí, figí, anainn, abhacáid, guábhaí, mangónna agus ‘mangosteen’, úra nó triomaithe: |

0804 10 00 | – Dátaí |

0902 | Tae, cibé acu atá blas curtha leis nó nach bhfuil |

ex 0904 | Piobar den ghéineas Piper; triomaithe nó brúite nó torthaí meilte den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta, seachas piobair mhilse faoi fho-cheannteideal 0904 20 10 |

0905 00 00 | Fanaile |

0906 | Cainéal agus bláthanna an chrainn chainéil |

0907 00 00 | Clóibh (toradh iomlán, clóibh agus gais) |

0908 | Noitmig, maicis agus cardamaim |

0909 | Síolta ainíse, ‘badian’, finéal, lus an choire, cuimín nó cearbhas; sméara aitil |

ex 0910 | Sinséar, tuirmiric (curcuma), duillí labhrais, curaí agus spíosraí eile, seachas tím agus cróch |

ex 1106 | Plúr, min agus púdar na nglasraí léagúmacha triomaithe faoi cheannteideal 0713; plúr, min agus púdar sáig nó fréamhacha nó tiúbar faoi cheannteideal 0714 nó ó na táirgí i gCaibidil 8: |

1106 10 00 | – Ó na glasraí léagúmacha triomaithe faoi cheannteideal 0713 |

ex 1106 30 | – Ó na táirgí i gCaibidil 8: |

1106 30 90 | – – Seachas bananaí |

Cód AC | Tuairisc |

ex 1108 | Stáirsí; ionúilin: |

1108 20 00 | – Ionúilin |

1201 00 90 | Pónairí soighe, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1202 10 90 | Piseanna talún, nach bhfuil rósta ná cócaráilte i slí eile, sa bhlaosc, nach bhfuil le cur |

1202 20 00 | Piseanna talún, nach bhfuil rósta ná cócaráilte i slí eile, scilligthe, cibé acu an bhfuil siad briste nó nach bhfuil |

1203 00 00 | Copra |

1204 00 90 | Ros lín, cibé acu atá briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1205 10 90 agus ex 1205 90 00 | Síolta ráibe nó síolta colsa, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1206 00 91 | Síolta lus na gréine, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1206 00 99 | |

1207 20 90 | Síolta cadáis, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1207 40 90 | Síolta seasamain, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1207 50 90 | Síolta mustaird, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1207 91 90 | Síolta poipín, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1207 99 91 | Síolta cnáibe, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

ex 1207 99 97 | Síolta ola eile agus torthaí olúla, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur |

1208 | Plúir agus min síolta ola nó torthaí olúla, seachas iad siúd ó mhustard |

ex 1211 | Plandaí agus codanna de phlandaí (lena n-áirítear síoltaí agus torthaí) de chineál a úsáidtear go príomha i gcumhradóireacht, i gcógaisíocht nó le haghaidh feithidicídí, fuingicídí nó nithe comhchosúla, úra nó triomaithe, cibé acu gearrtha, brúite nó púdraithe nó gan a bheith, seachas na táirgí atá liostaithe faoi chód AC ex1211 90 85 i gCuid IX den Iarscríbhinn seo; |

ex 1212 | Pónairí lócaiste, feamainn agus algaí eile, biatas siúcra agus cána siúcra, úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, cibé acu atá sé meilte nó nach bhfuil; clocha agus eithní torthaí agus táirgí plandúla eile (lena n-áirítear fréamhacha siocaire neamhrósta den chineál Cichorium intybus sativum) de chineál a úsáidtear go príomha lena gcaitheamh ag an duine, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile: |

ex 1212 99 | – – Seachas cána siúcra: |

1212 99 41 agus 1212 99 49 | – – – Síolta pónaire lócaiste |

ex 1212 99 70 | – – – Eile, seachas fréamh siocaire |

1213 00 00 | Crotail agus tuí gránaigh, gan ullmhú, cibé acu atá siad mionghearrtha, meilte, brúite nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil |

ex 1214 | Svaeideanna, meaingil, fréamhacha farae, féar tirim, meidic na mbó (alfalfa), seamair, goirm choiligh, cál foráiste, lúipíní, peasairí agus táirgí foráiste comhchosúla, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil: |

ex 1214 10 00 | – Min agus millíní meidic na mbó (alfalfa), seachas ó mheidic na mbó triomaithe le teas saorga nó ó mheidic na mbó a triomaíodh agus a meileadh ar bhealach eile |

ex 1214 90 | – Eile: |

1214 90 10 | – – Meaingil, svaeideanna agus fréamhacha farae eile |

ex 1214 90 90 | – – Eile, ach amháin: |

| – Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí agus táirgí farae comhchosúla, atá triomaithe le teas saorga, seachas féar tirim agus cál farae agus táirgí a bhfuil féar tirim iontu |

| – Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí, loiteog meala, pis phréacháin agus crúb éin, triomaithe agus meilte ar bhealach eile |

ex 1502 00 | Saill bó-ainmhithe, chaorach nó ghabhar, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503: |

ex 1502 00 10 | – Le haghaidh úsáidí tionsclaíocha seachas monarú bia-ábhar atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, seachas saill a fhaightear ó chnámha agus ó dhramhaíl (c) |

1503 00 | Stéirin blonaige, ola bhlonaige, oiléistéirin, ola-oilé agus ola gheire, nach bhfuil eiblithe, measctha ná ullmhaithe ar shlí eile |

ex 1504 | Saillte agus olaí agus a gcodáin, ó éisc nó ó mhamaigh mhuirí, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu, seachas olaí ae éisc agus codáin Cheannteidil 1504 10 agus 1504 20 |

1507 | Ola phónaire shoighe agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

1508 | Ola na pise talún agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

1511 | Ola phailme agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

1512 | Ola lus na gréine, ola chróch bhréige nó ola shíol cadáis agus codáin díobh, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

Cód AC | Tuairisc |

1513 | Cnó cócó (copra), eithne phailme nó ola bhabasú agus codáin díobh, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

1514 | Ola colza, ola ráibe nó ola mhustaird agus codáin díobh, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

ex 1515 | Saillte plandúla seasta agus olaí plandúla seasta eile (seachas ola hahóba faoi fho-cheannteideal ex 1515 90 11) agus a gcodáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu |

ex 1516 | Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla agus codáin díobh, hidriginithe go hiomlán nó i bpáirt, idir-eistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu (seachas ola ricne hidriginithe, ar a dtugtar ‘céir ópalach’ faoi fho-cheannteideal 1516 20 10) |

ex 1517 | Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó olaí éagsúla sa chaibidil seo, seachas saillte nó olaí inite nó codáin díobh faoi cheannteideal 1516, seachas fo-cheannteidil 1517 10 10, 1517 90 10 agus 1517 90 93 |

1518 00 31 1518 00 39 | Olaí plandúla seasta, sreabhán, arna meascadh le haghaidh úsáidí teicniúla nó tionsclaíocha seachas monarú bia-ábhar atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine (c) |

1522 00 91 | Dríodar agus bunanna ola; stoic gallúnaí, a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhithe nó glasraí, seachas cinn ina bhfuil ola a bhfuil tréithe ola olóige aici |

1522 00 99 | Iarmhair eile a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhithe nó glasraí, seachas cinn ina bhfuil ola a bhfuil tréithe ola olóige aici |

ex 1602 | Feoil, scairteach feola nó fuil eile atá ullmhaithe nó leasaithe: |

| – Ó mhucra: |

ex 1602 41 | – – Liamhása agus gearrthacha díobh: |

1602 41 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 1602 42 | – – Guaillí agus gearrthacha díobh: |

1602 42 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 1602 49 | – – Eile, lena n-áirítear meascáin: |

1602 49 90 | – – – Seachas ó mhucra clóis |

ex 1602 90 | – Eile, lena n-áirítear ullmhóidí déanta d’fhuil ainmhí ar bith: |

| – – Seachas ullmhóidí déanta d’fhuil ainmhí ar bith: |

1602 90 31 | – – – Ó ghéim nó choinín |

| – – - Eile: |

| – – – – Nach bhfuil feoil nó scairteach feola mucra clóis iontu: |

| – – – – – Nach bhfuil feoil nó scairteach bhó-ainmhithe iontu: |

| |

1602 90 99 | – – – – – – Seachas ó chaora nó ó ghabhair |

ex 1603 00 | Úisc agus súnna ó fheoil |

1801 00 00 | Síol cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta |

1802 00 00 | Mogaill, blaoscanna, craicne cócó agus dramhaíl eile chócó |

ex 2001 | Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach: |

ex 2001 90 | – Eile: |

2001 90 20 | – – Torthaí den ghéineas Capsicum ach amháin piobair mhilse nó pimeantó |

ex 2005 | Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006: |

ex 2005 99 | – Glasraí eile agus meascáin de ghlasraí: |

2005 99 10 | – – Torthaí den ghéineas Capsicum ach amháin piobair mhilse nó pimeantó |

ex 2206 | Deochanna coipthe eile (mar shampla, ceirtlis, leann piorraí, meá); meascáin de dheochanna coipthe agus meascáin de dheochanna coipthe agus deochanna neamh-mheisciúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile: |

2206 00 31 to 2206 00 89 | – Seachas piquette |

ex 2301 | Plúir, min agus millíní, ó fheoil agus ó scairteach feola, ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; geirdheascadh: |

2301 10 00 | – Plúir, min agus millíní, ó fheoil nó ó scairteach feola; geirdheascadh |

Cód AC | Tuairisc |

ex 2302 | Bran, géara agus iarmhair eile, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, díorthaithe ó ghránaigh nó plandaí léagúmacha a chriathrú, a mhuilleáil nó a phróiseáil ar bhealach eile: |

2302 50 00 | – Ó phlandaí léagúmacha |

2304 00 00 | Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh ola phónaire shoighe a úscadh |

2305 00 00 | Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh ola na pise talún a úscadh |

ex 2306 | Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh úscadh saillte nó olaí plandúla, seachas na cinn faoi cheannteidil 2304 nó 2305 ach amháin fo-cheannteideal AC 2306 90 05 (cáca ola agus iarmhair sholadacha eile de thoradh ginidín arbhair Indiaigh (arbhar) a úscadh) agus 2306 90 11 agus 2306 90 19 (cáca ola agus iarmhair sholadacha eile de thoradh ola ológa a úscadh) |

ex 2307 00 | Moirt fhíona; argol: |

2307 00 90 | – Argol |

ex 2308 00 | Ábhair ghlasraí agus fuíollábhar glasraí, fotháirgí agus iarmhair ghlasraí, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile: |

2308 00 90 | – Seachas marc fíonchaor, dearcáin agus cnónna capaill, marc torthaí, seachas fíonchaora |

ex 2309 | Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: |

ex 2309 10 | – Bia do mhadraí nó do chait, ar an margadh le haghaidh miondíola: |

2309 10 90 | – – Nach bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine ann faoi na ceannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 ná táirgí bainne: |

ex 2309 90 | – Eile: |

2309 90 10 | – – Eile, lena n-áirítear réamh-mheascáin: Ábhair intuaslagtha ó éisc nó ó mhamaigh mhuirí |

ex 2309 90 91 to 2309 90 99 | – – – Nach bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine ann faoi na ceannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 ná táirgí bainne, ar eisiamh |

| – Tiúchain phróitéine faighte ó shú mheidic na mbó agus ó shú féir |

| – Táirgí díhiodráitithe a fhaightear ó iarmhair sholadacha agus shú amháin a thagann ó ullmhú na dtiúchan dá dtagraítear sa chéad fhleasc |

(a) Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Treoir 94/28/CE ón gComhairle (IO L 178, 12.7.1994, lch. 66); Rialachán (CE) Uimh 504/2008 ón gCoimisiún (IO L 149, 7.6.2008, lch. 3)). (b) Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Treoir 88/661/CEE ón gComhairle (IO L 382, 31.12.1988, lch. 36); Treoir 94/28/CE ón gComhairle (IO L 178, 12.7.1994, lch. 66); Cinneadh 96/510/CE ón gCoimisiún (IO L 210, 20.8.1996, lch. 53)). (c) Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Airteagail 291 go 300 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1)). (d) Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i mír F de Roinn II de réamhfhorálacha na hAinmníochta Comhcheangailte. |

Roinn 2

Cód AC | Tuairisc |

0101 90 11 | Capaill bheo, le marú(a) |

ex 0205 00 | Feoil capall, í úr, fuaraithe nó reoite |

0210 99 10 | Feoil capall, í saillte, faoi sháile nó triomaithe |

0511 99 10 | Féitheog nó teannáin; dramh bearrtha agus dramh dá samhail ó sheithí nó ó chraicne amha |

0701 | Prátaí, iad úr nó fuaraithe |

0901 | Caife, bíodh sé rósta, díchaiféinithe nó ná bíodh; blaoscanna agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu |

1105 | Prátaí i bhfoirm plúir, mine, calóg, gráinníní agus millíní |

ex 1212 99 70 | Fréamhacha siocaire |

2209 00 91 agus 2209 00 99 | Fínéagar agus ionadáin fínéagair a fhaightear ó aigéad aicéiteach seachas fínéagar fíona |

4501 | Corc nádúrtha, amh nó ullmhaithe go simplí; dramh coirc; corc brúite, gránaithe nó meilte |

(a) Tá iontráil faoin gceannteideal faoi réir coinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Airteagail 291 go 300 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.)) |

IARSCRÍBHINN II

SAINMHÍNITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

Cuid I: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse

I. Déanfar na téarmaí ‘rís gan scilligeadh’, ‘rís scilligthe’, ‘rís leathmheilte’, ‘rís lánmheilte’, ‘rís chruinnghránach’, ‘rís mheánghránach’, ‘rís fhadghránach A nó B’ agus ‘rís bhriste’ a shainmhíniú mar seo a leanas:

1. (a) Ciallaíonn ‘rís gan scilligeadh’ rís a choinnigh a crotal i ndiaidh a buailte.

(b) Ciallaíonn ‘rís scilligthe’ rís nár baineadh ach an crotal di. I measc na samplaí de rís a thagann faoin sainmhíniú seo tá siad siúd a shonraítear ar bhonn tráchtála mar ‘rís dhonn’, ‘rís lasta’, ‘loonzain’ agus ‘riso sbramato’.

(c) Ciallaíonn ‘rís leathmheilte’ rís gan scilligeadh ar baineadh an crotal di, mar aon le cuid den ghinidín agus cuid de shraitheanna seachtracha an pheireacairp nó iad go léir ach nár baineadh na sraitheanna inmheánacha di.

(d) Ciallaíonn ‘rís lánmheilte’ rís gan scilligeadh ar baineadh an crotal di, mar aon le sraitheanna seachtracha agus inmheánacha uile an pheireacairp, agus an ginidín iomlán i gcás ríse fadghránaí nó ríse meánghránaí agus cuid de ar a laghad i gcás ríse cruinnghránaí, ach ar féidir fadstríoca bána a bheith fágtha ar líon nach mó ná 10 % de na gránaigh.

2. (a) Ciallaíonn ‘rís chruinnghránach’ rís nach bhfuil a gráinní níos faide ná 5,2 mm agus a bhfuil cóimheas faid/leithid níos lú ná 2 acu.

(b) Ciallaíonn ‘rís mheánghránach’ rís a bhfuil a gráinní níos faide ná 5,2 mm ach nach bhfuil níos faide ná 6,0 mm agus a bhfuil cóimheas faid/leithid nach mó ná 3 acu.

(c) Ciallaíonn ‘rís fhadghránach’:

(i) rís fhadghránach A, rís a bhfuil a gráinní níos faide ná 6,0 mm agus a bhfuil cóimheas faid/leithid níos mó ná 2 ach níos lú ná 3 acu;

(ii) rís fhadghránach B, rís a bhfuil a gráinní níos faide ná 6,0 mm agus a bhfuil cóimheas faid/leithid de 3 nó níos mó acu.

(d) Ciallaíonn ‘tomhais na ngráinní’ go ndéantar gráinní rís lánmheilte a thomhas sa mhodh seo a leanas:

(i) sampla a thógáil atá ionadaíoch don bhaisc iomlán;

(ii) criathrú a dhéanamh ar an sampla i dtreo is nach gcoinneofar ach gráinní iomlána, lena n-áirítear gráinní neamhaibí;

(iii) dhá thomhas a dhéanamh, 100 gráinne an ceann, agus an meán a oibriú amach;

(iv) an toradh a léiriú i milliméadair, tugtha go dtí ionad deachúlach amháin.

3. Ciallaíonn ‘rís bhriste’ bloghanna gráinne nach bhfuil níos faide ná trí cheathrú de mheánmhéid na gráinne iomláine.

II. Maidir le gráinní agus gráinní briste nach bhfuil ar cháilíocht gan cháim, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

A. Ciallaíonn ‘gráinní iomlána’ gráinní nár baineadh ach cuid den cheann díobh, is cuma cé na tréithe arna dtáirgeadh ag gach céim den mhuilleáil.

B. Ciallaíonn ‘gráinní lomtha’ gráinní ar baineadh an ceann iomlán díobh.

C. Ciallaíonn ‘bloghanna nó gráinní briste’ gráinní ar baineadh cuid dá méid atá níos mó ná an ceann díobh; áirítear mar ghráinní briste:

– gráinní briste móra (píosaí gráinne nach bhfuil níos lú ná leathghráinne ar fad, ach nach ionann agus gráinne iomlán iad),

– gráinní briste meánmhéide (píosaí gráinne nach bhfuil níos lú ná ceathrú gráinne ar fad, ach atá níos lú ná an t-íosmhéid do ‘ghráinní briste móra’),

– gráinní briste míne (píosaí gráinne atá níos lú ná ceathrú gráinne ach atá rómhór le dul trí chriathar a bhfuil mogall 1,4 mm air),

– tagann bloghanna (codanna beaga nó cáithníní de ghráinne ar féidir leo dul trí chriathar a bhfuil mogall 1,4 mm air); gráinní scoilte (píosaí a thagann ó scoilt chomhréireach sa ghráinne) faoin sainmhíniú seo.

D. Ciallaíonn ‘gráinní glasa’ gráinní nach bhfuil iomlán aibí.

E. Ciallaíonn ‘gráinní a bhfuil míchuma nádúrtha orthu’ gráinní a bhfuil míchuma nádúrtha orthu cibé acu atá sé de thionscnamh dúchasach nó nach bhfuil, i gcomparáid leis na tréithe moirfeolaíocha atá tipiciúil don chineál sin.

F. Ciallaíonn ‘gráinní cailceacha’ gráinní a bhfuil cuma theimhneach agus chailceach ar thrí cheathrú ar a laghad dá ndromchla.

G. Ciallaíonn ‘gráinní a bhfuil stríoca dearga orthu’ gráinní a bhfuil stríoca dearga comhréireacha de dhéine agus imreacha éagsúla orthu, de bharr iarmhair ón bpeireacarp.

H. Ciallaíonn ‘gráinní ballacha’ gráinní a bhfuil ciorcal beag glan soiléir orthu, de dhath dorcha agus de ghnáthchruth; áirítear mar ghráinní ballacha freisin cinn ar a bhfuil stríoca dubha éadroma ar an dromchla amháin; ní ceart go mbeadh fonsóg buí ná dorcha le feiceáil ar na stríoca ná ar na baill.

I. Ciallaíonn ‘gráinní ruaimnithe’ gráinní ar soiléir gur athraigh a ndath nádúrtha, ar achar beag dá ndromchla; féadfaidh dathanna éagsúla a bheith ar na ruamanna (scothdhubh, scothdhearg, donn); glactar le stríoca dubha doimhne mar ruamanna freisin. Má tá dath na ruamanna soiléir go leor (dubh, bándearg, donndearg) is gur féidir é a fheiceáil láithreach agus má chlúdaíonn siad achar nach lú ná leath achar an ghráinne, ní mór glacadh leis na gráinní mar ghráinní buí.

J. Ciallaíonn ‘gráinní buí’ gráinní a bhfuil athrú tagtha ar a ndath nádúrtha, go hiomlán nó i bpáirt, ar bhealach eile seachas trí thriomú, agus a bhfuil ton líomóide nó buí-oráiste orthu anois.

K. Ciallaíonn ‘gráinní ómracha’ gráinní a bhfuil athrú beag aonfhoirmeach tagtha ar a ndath, thar a ndromchla iomlán, ar bhealach eile seachas triomú; athraíonn dath na ngráinní go buí ómrach éadrom de bharr an athraithe seo.

Cuid II: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na leannlusanna

1. Ciallaíonn ‘leannlusanna’ na bláthraí triomaithe, ar a dtugtar buaircíní freisin, ón bplanda leannlusa dreaptha (baineann) (Humulus lupulus); bíonn dath glasbhuí agus cruth ubhchruthóideach ar na bláthraí seo, bíonn gas blátha acu agus bíonn siad idir 2 agus 5 cm ar airde de ghnáth;

2. Ciallaíonn ‘púdar leannlusa’ an táirge a fhaightear ó mhuilleáil a dhéanamh ar na leannlusanna, a bhfuil a ngnéithe nádúrtha go léir iontu;

3. Ciallaíonn ‘púdar leannlusa a bhfuil cion lúpailin níos mó ann’ an táirge a fhaightear trí leannlusanna a mhuilleáil i ndiaidh cuid de na duillí, na gais, na brachtanna agus na droimíní a bhaint go meicniúil;

4. Ciallaíonn ‘úisc leannlusanna’ na táirgí tiubhaithe a fhaightear ó ghníomh tuaslagóir ar na leannlusanna nó ar an bpúdar leannlusa;

5. Ciallaíonn ‘táirgí leannlusanna measctha’ meascán de dhá tháirge nó níos mó dá dtagraítear i bpointe (1) agus i bpointe (4).

Cuid III: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil an fhíona

A bhaineann le fíniúnacha

1. Ciallaíonn 'grafadh' díothú iomlán na stoc fíniúna go léir ar limistéar ina bhfuil fíniúnacha curtha.

2. Ciallaíonn 'plandáil' bunú cinnteach plandaí fíniúna nó codanna de phlandaí fíniúna, cibé acu atá siad nódaithe nó nach bhfuil, d’fhonn fíonchaora a tháirgeadh nó plandlann nódúcháin a bhunú.

3. Ciallaíonn 'nódú ar aghaidh' fíniúin a nódú a ndearnadh nódú uirthi cheana féin.

A bhaineann le táirgí

4. Ciallaíonn 'fíonchaora úra' torthaí na fíniúna a úsáidtear chun fíon a dhéanamh, aibí nó fiú beagán rísínithe, a bhféadfadh a bheith brúite nó meilte trí mhodhanna ghnáthshiléar fíona agus a d’fhéadfadh coipeadh alcólach a tháirgeadh uaidh féin.

5. Ciallaíonn 'úrfhíon fíonchaor úr coiscthe ó choipeadh trí alcól a chur leis' táirge mar seo a leanas:

(a) táirge a bhfuil neart alcóil iarbhír aige nach lú ná 12 % de réir toirte agus nach mó ná 15 % de réir toirte;

(b) táirge a fhaightear trí cheann amháin de na táirgí seo a leanas a chur le húrfhíon fíonchaor neamhchoipthe, a bhfuil neart alcóil nádúrtha nach lú ná 8,5 % de réir toirte aige agus a fhaightear ó chineálacha fíonchaor amháin ar féidir a aicmiú de réir Airteagal 63(2):

(i) d'alcól neodrach de thionscnamh fíonmhar, lena n-áirítear alcól arna tháirgeadh ó dhriogadh fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte;

(ii) nó de tháirge neamhchoigeartaithe a fhaightear ó dhriogadh fíona agus ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 80 % de réir toirte.

6. Ciallaíonn “sú fíonchaor” táirge leachtach neamhchoipthe ach ar féidir a choipeadh a mbaineann an méid seo a leanas leis:

(a) faightear é trí chóireáil chuí a dhéanann oiriúnach mar bhia don daoine é;

(b) faightear ó fhíonchaora úra nó ó úrfhíon fíonchaor é nó trí athbhuanú. I gcás ina bhfaightear é trí athbhuanú, déanfar é a athbhuanú ó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó ó shú fíonchaor tiubhaithe.

Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe don sú fíonchaor.

7. Is éard a chiallaíonn 'sú fíonchaor tiubhaithe' ná sú fíonchaor neamhdhóite a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach sú fíonchaor arna dhéanamh trí aon mhodh údaraithe seachas teas díreach ar bhealach a fhágann nach lú ná 50,9 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar arna úsáid i gcomhréir le modh atá le sannadh ag 20°C.

Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe don sú fíonchaor tiubhaithe.

8. Ciallaíonn 'moirt fíona' an t-iarmhar:

(a) arna charnadh in árthaí ina bhfuil fíon i ndiaidh coipthe, le linn stórála nó i ndiaidh cóireála údaraithe;

(b) a fhaightear ón táirge dá dtagraítear in (a) a scagadh nó a lártheifneoiriú;

(c) arna charnadh in árthaí ina bhfuil úrfhíon fíonchaor le linn stórála nó i ndiaidh cóireála údaraithe; nó

(d) a fhaightear ón táirge dá dtagraítear in (c) a scagadh nó a lártheifneoiriú.

9. Ciallaíonn “marc fíonchaor ” an t-iarmhar ó fhíonchaora úra a bhrú, cibé acu atá siad coipthe nó nach bhfuil.

10. Ciallaíonn 'piquette' táirge a fhaightear trí na bealaí seo a leanas:

(a) coipeadh marc fíonchaor neamhchóireáilte maothaithe in uisce; nó

(b) marc fíonchaor coipthe a láisteadh le huisce.

11. Ciallaíonn 'fíon atá treisithe le haghaidh driogadh' táirge mar seo a leanas:

(a) táirge a bhfuil neart alcóil iarbhír aige nach lú ná 18 % de réir toirte agus nach mó ná 24 % de réir toirte;

(b) táirge a fhaightear trí tháirge neamhchoigeartaithe a fhaightear ó dhriogadh fíona, agus a bhfuil neart alcóil iarbhír atá 86 % de réir toirte ar a mhéad ann, a chur le fíon nach bhfuil aon siúcra iarmharach ann agus sa chaoi sin amháin; nó

(c) táirge a bhfuil aigéadacht so-ghalaithe uasta de 1,5 gram in aghaidh an lítir aige, arna shloinneadh mar aigéad aicéiteach.

12. Ciallaíonn 'cuvée':

(a) an t-úrfhíon fíonchaor;

(b) an fíon; nó

(c) an meascán d’úrfhíonta fíonchaor agus/nó d’fhíonta a bhfuil tréithe éagsúla acu,

atá beartaithe chun cineál áirithe fíona súilínigh a ullmhú.

Neart alcóil

13. Ciallaíonn 'neart alcóil iarbhír de réir toirte' an líon toirteanna d’fhíoralcól atá ann ag teocht 20 °C in 100 toirt den táirge ag an teocht sin.

14. Ciallaíonn 'neart alcóil féideartha de réir toirte' an líon toirteanna d’fhíoralcól ag teocht 20 °C ar féidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 toirt den táirge ag an teocht sin.

15. Ciallaíonn 'neart alcóil iomlán de réir toirte', suim an nirt alcóil iarbhír agus an nirt alcóil fhéideartha.

16. Ciallaíonn 'neart alcóil nádúrtha de réir toirte' an neart alcóil iomlán de réir toirte atá ag táirge sula ndéantar é a shaibhriú.

17. Ciallaíonn 'neart alcóil iarbhír de réir maise' líon na gcileagram d’fhíoralcól atá in 100 cileagram den táirge.

18. Ciallaíonn 'neart alcóil féideartha de réir maise' líon na gcileagram d’fhíoralcól ar féidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 cileagram den táirge.

19. Ciallaíonn 'neart alcóil iomlán de réir maise', suim an nirt alcóil iarbhír agus an nirt alcóil fhéideartha.

Cuid IV: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na mairteola agus na laofheola

1. Ciallaíonn ‘bó-ainmhithe’ ainmhithe beo den speiceas buaibheach clóis faoi chuimsiú chóid AC ex 0102 10, 0102 90 05 go 0102 90 79;

2. Ciallaíonn ‘bó-ainmhithe fásta’ bó-ainmhithe a bhfuil aois 8 mí nó níos sine acu.

Cuid V: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Chun críocha chur chun feidhme an chuóta taraife le haghaidh ime ón Nua-Shéalainn, ní eisiatar leis an ráiteas ‘monaraithe go díreach ó bhainne nó ó uachtar’ im a monaraíodh ó bhainne nó ó uachtar, gan ábhair stóráilte a úsáid, i bpróiseas aonair, neamhspleách agus gan bhriseadh, ina bhféadfadh an t-uachtar dul trí chéim saille bainne thiubhaithe agus/nó codánúchán na saille bainne sin.

Cuid VI: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na n-uibheacha

1. Ciallaíonn ‘uibheacha sna blaoscanna’ uibheacha éanlaithe clóis sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte, seachas uibheacha goir atá sonraithe in 2.;

2. Ciallaíonn ‘uibheacha goir’ uibheacha goir éanlaithe clóis;

3. Ciallaíonn ‘táirgí iomlána’ uibheacha éan nach bhfuil sna blaoscanna, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil agus atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine;

4. Ciallaíonn ‘táirgí scartha’ buíocáin uibheacha éan cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil agus atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine.

Cuid VII: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na feola éanlaithe clóis

1. Ciallaíonn ‘éanlaith chlóis bheo’ éanlaithe, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe beo a bhfuil meáchan níos mó ná 185 gram ag gach ceann díobh;

2. Ciallaíonn ‘sicíní’ éanlaithe, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe beo a bhfuil meáchan nach mó ná 185 gram ag gach ceann díobh;

3. Ciallaíonn ‘éanlaith chlóis mharaithe’ éanlaithe maraithe den speiceas gallus domesticus, agus lachain, géanna, turcaithe agus guinithe maraithe, iomlána, le scairteach nó gan é;

4. Ciallaíonn ‘táirgí díorthaithe’ an méid seo a leanas:

(a) táirgí atá sonraithe i bpointe (a) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(b) táirgí atá sonraithe i bpointe (b) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I, seachas éanlaith chlóis mharaithe agus scairteach inite, ar a dtugtar ‘gearrthacha éanlaithe clóis’;

(c) scairteach inite atá sonraithe i bpointe (b) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(d) táirgí atá sonraithe i bpointe (c) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(e) táirgí atá sonraithe i bpointe (d) agus (e) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(f) táirgí dá dtagraítear i bpointe (f) de Chuid XX d’Iarscríbhinn I, seachas na táirgí a thagann faoi chóid AC 1602 20 11 agus 1602 20 19.

Cuid VIII: Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta

1. Ciallaíonn ‘mil’ an tsubstaint mhilis nádúrtha a tháirgeann beacha Apis mellifera ó neachtar plandaí nó ó thál codanna beo de phlandaí nó ó eisfhearadh feithidí súphlandacha ar na codanna beo de phlandaí, a bhailíonn na beacha, agus a athraíonn siad trína substaintí sonracha féin a chur leis, trí é a fhosú, a dhíhiodráitiú a stóráil agus a fhágáil i gcriathair mheala le go n-éireoidh sé aibí.

Is iad seo a leanas na príomhchineálacha meala:

(a) de réir tionscnaimh:

(i) mil blátha nó mil neachtair: mil a fhaightear ó neachtar plandaí;

(ii) mil drúchtín meala; mil a fhaightear go príomha ó eisfhearadh feithidí súphlandacha (Hemiptera) ar an gcuid bheo de phlandaí nó ó tháil codanna beo de phlandaí;

(b) de réir an mhodha tháirgthe agus/nó an mhodha leasaithe:

(iii) mil chíre; mil arna stóráil ag beacha i gcealla cíor nua-thógtha gan ál nó i mbunsraitheanna tanaí cíor atá déanta go hiomlán as céir bheach agus a dhíoltar i gcíora iomlána séalaithe nó i gcodanna de na cíora sin;

(iv) mil smutáin nó mil chíre ghearrtha: mil a bhfuil píosa amháin nó níos mó de mhil chíre inti;

(v) mil shilte: mil a fhaightear trí chíora bearrtha gan ál a shileadh;

(vi) mil úsctha: mil a fhaightear trí chíora bearrtha gan ál a lártheifneoiriú;

(vii) mil bhrúite: mil a fhaightear trí chíora gan ál a bhrú, trí theas réasúnta nach mó ná 45 oC a chur i bhfeidhm orthu nó gan é;

(viii) mil scagtha: mil a fhaightear trí ábhar orgánach nó neamhorgánach coimhthíoch a bhaint ar bhealach ina ndéantar an phailin a bhaint uaidh go suntasach.

Ciallaíonn ‘mil bháicéara’ mil atá:

(a) oiriúnach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó mar chomhábhar i mbia-ábhair eile a phróiseáiltear agus

(b) féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ag baint léi:

– blas nó boladh eachtrach a bheith aici, nó

– í a bheith coipthe nó i mbun coipthe, nó

– í a bheith róthéite.

2. Ciallaíonn ‘táirgí beachadóireachta’ mil, céir bheach, glóthach ríoga, gliú beach nó pailin.

IARSCRÍBHINN III

CÁILÍOCHT CHAIGHDEÁNACH RÍSE AGUS SIÚCRA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7

A. Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair ríse gan scilligeadh

Beidh na tréithe seo a leanas ag rís gan scilligeadh de cháilíocht chaighdeánach:

(a) beidh sé de cháilíocht mhaith agus chóir atá oiriúnach le díol, gan bholadh;

(b) beidh cion taisligh 13 % ar a mhéad inti;

(c) beidh toradh 63 % de rís lánmheilte de réir meáchain i ngráinní iomlána (glacfar le 3 % de ghráinní lomtha) aici le céatadán de réir meáchain de ghráinní ríse lánmheilte nach bhfuil de chaighdeán gan cháim:

gráinní cailceacha de rís gan scilligeadh faoi chóid AC 1006 10 27 agus AC 1006 10 98 | 1,5 % |

gráinní cailceacha de rís gan scilligeadh faoi chóid AC seachas AC1006 10 27 agus AC 1006 10 98: | 2,0 % |

gráinní a bhfuil stríoca dearga orthu | 1,0 % |

gráinní ballacha | 0,50 % |

gráinní ruaimnithe | 0,25 % |

gráinní buí | 0,02 % |

gráinní ómracha | 0,05 % |

B. Cáilíochtaí caighdeánacha i gcomhair siúcra

I. Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair biatais siúcra

Bainfidh an méid seo a leanas le biatas de cháilíocht chaighdeánach:

(a) beidh sé de cháilíocht mhaith agus chóir atá oiriúnach le díol;

(b) beidh cion siúcra 16 % ann ag an bpointe glactha.

II. Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair siúcra bháin

1. Bainfidh na tréithe seo a leanas le siúcra bán de cháilíocht chaighdeánach:

(a) beidh sé de cháilíocht mhaith, dhílis agus inmhargaidh; tirim, i gcriostail ghráinneacha aonchineálacha, i saorshreabhadh;

(b) polarú íosta: 99,7;

(c) cion taisligh uasta: 0,06 %;

(d) cion siúcra inbhéartaithe uasta: 0,04 %;

(e) ní bheidh líon na bpointí arna socrú faoi phointe 2 níos mó ná 22 ina iomláine, ná:

15 don chion luatha,

9 don chineál datha, arna shocrú ag baint úsáide as modh Institiúid Teicneolaíochta Talmhaíochta Brunswick (dá ngairtear modh Brunswick anseo feasta),

6 do dhath an tuaslagáin, arna shocrú ag baint úsáide as modh an Choimisiúin Idirnáisiúnta le haghaidh Modhanna Aonfhoirmeacha um Anailísiú Siúcra (dá ngairtear modh an ICUMSA anseo feasta).

2. Comhfhreagróidh pointe amháin do:

(a) 0,0018 % de chion luatha arna shocrú ag baint úsáide as modh an ICUMSA ag 28° Brix,

(b) 0,5 aonad de chineál datha arna shocrú ag baint úsáide as modh Brunswick,

(c) 7,5 aonad dathúcháin an tuaslagáin arna shocrú ag baint úsáide as modh an ICUMSA.

3. Is ionann na modhanna arna n-úsáid chun na fachtóirí dá dtagraítear i bpointe 1 a chinneadh agus na cinn arna n-úsáid chun na fachtóirí sin faoi na bearta idirghabhála a chinneadh.

III. Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair siúcra amh

1. Ba cheart go mbeadh táirgeacht siúcra bháin de 92 % ag siúcra amh den cháilíocht chaighdeánach.

2. Déanfar toradh an tsiúcra bhiatais amh a ríomh tríd an méid seo a leanas a dhealú ó chéim pholaraithe an tsiúcra sin:

(a) céatadán an chion luatha méadaithe faoi cheathair;

(b) céatadán an chion siúcra inbhéartaithe atá ann méadaithe faoi dhó;

(c) an uimhir 1.

3. Déanfar toradh an tsiúcra chána amh a ríomh trí 100 a dhealú ó chéim pholaraithe an tsiúcra sin méadaithe faoi dhó.

IARSCRÍBHINN IV

BUISÉAD I gCOMHAIR CLÁR TACAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRGEAGAL 41(1)

in EUR 1 000 in aghaidh na bliana buiséid

BG | 26 762 |

CZ | 5 155 |

DE | 38 895 |

EL | 23 963 |

ES | 353 081 |

FR | 280 545 |

IT | 336 997 |

CY | 4 646 |

LT | 45 |

LU | 588 |

HU | 29 103 |

MT | 402 |

AT | 13 688 |

PT | 65 208 |

RO | 42 100 |

SI | 5 045 |

SK | 5 085 |

UK | 120 |

IARSCRÍBHINN V

EAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 56(3)

- Codex Alimentarius

- Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

IARSCRÍBHINN VI

SAINMHÍNITHE, SONRÚCHÁIN AGUS TUAIRISCÍ DÍOLACHÁIN TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 60

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is é an tuairisc díolacháin an t-ainm faoina ndíoltar bia-ábhar, de réir bhrí Airteagal 5(1) de Threoir 2000/13/CE.

Cuid I. Feoil bó-ainmhithe atá faoi bhun 12 mhí d'aois

I. Sainmhíniú

Chun críocha chuid seo na hIarscríbhinne, ciallaíonn “feoil” gach conablach, feoil ar an gcnámh nó feoil dhíchnámhaithe, agus scairteach, gearrtha nó gan a bheith, a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, faighte ó bhó-ainmhithe atá faoi bhun 12 mhí d’aois, atá úr, reoite nó domhainreoite, cibé acu atá sé clúdaithe nó pacáilte nó nach bhfuil.

Ar iad a mharú, déanfaidh na hoibreoirí aicmiú ar gach bó-ainmhí atá faoi bhun 12 mhí d’aois, faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil, i gceann den dá chatagóir seo a leanas:

(A) Catagóir V: bó-ainmhithe atá níos óige ná 8 mí d'aois

Litir aitheantais na catagóire: V;

(B) Catagóir Z: bó-ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos sine ach níos óige ná 12 mhí

Litir aitheantais na catagóire: Z.

II. Tuairiscí díolacháin

1. Ní dhéanfar margaíocht ar fheoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mhí d’aois sna Ballstáit ach amháin faoi na tuairiscí díolacháin seo a leanas atá leagtha síos do gach Ballstát:

(A) Maidir le feoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 8 mí d'aois (Litir aitheantais na catagóire; V):

Tír mhargaíochta | Tuairiscí díolacháin le húsáid |

An Bheilg | veau, viande de veau/kalfsvlees/Kalbfleisch |

An Bhulgáir | месо от малки телета |

Poblacht na Seice | Telecí |

An Danmhairg | Lyst kalvekød |

An Ghearmáin | Kalbfleisch |

An Eastóin | Vasikaliha |

An Ghréig | μοσχάρι γάλακτος |

An Spáinn | Ternera blanca, carne de ternera blanca |

An Fhrainc | veau, viande de veau |

Éire | Veal |

An Iodáil | vitello, carne di vitello |

An Chipir | μοσχάρι γάλακτος |

An Laitvia | Teļa gaļa |

An Liotuáin | Veršiena |

Lucsamburg | veau, viande de veau/Kalbfleisch |

An Ungáir | Borjúhús |

Málta | Vitella |

An Ísiltír | Kalfsvlees |

An Ostair | Kalbfleisch |

An Pholainn | Cielęcina |

An Phortaingéil | Vitela |

An Rómáin | carne de vițel |

An tSlóivéin | Teletina |

An tSlóvaic | Teľacie mäso |

An Fhionlainn | vaalea vasikanliha/ljust kalvkött |

An tSualainn | ljust kalvkött |

An Ríocht Aontaithe | Veal |

(B) Maidir le feoil bó-ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos sine ach níos óige ná 12 mhí (Litir aitheantais na catagóire; Z):

Tír mhargaíochta | Tuairiscí díolacháin le húsáid |

An Bheilg | jeune bovin, viande de jeune bovin/jongrundvlees/Jungrindfleisch |

An Bhulgáir | Tелешко месо |

Poblacht na Seice | hovězí maso z mladého skotu |

An Danmhairg | Kalvekød |

An Ghearmáin | Jungrindfleisch |

An Eastóin | noorloomaliha |

An Ghréig | νεαρό μοσχάρι |

An Spáinn | Ternera, carne de ternera |

An Fhrainc | jeune bovin, viande de jeune bovin |

Éire | rosé veal |

An Iodáil | vitellone, carne di vitellone |

An Chipir | νεαρό μοσχάρι |

An Laitvia | jaunlopa gaļa |

An Liotuáin | Jautiena |

Lucsamburg | jeune bovin, viande de jeune bovin/Jungrindfleisch |

An Ungáir | Növendék marha húsa |

Málta | Vitellun |

An Ísiltír | rosé kalfsvlees |

An Ostair | Jungrindfleisch |

An Pholainn | młoda wołowina |

An Phortaingéil | Vitelão |

An Rómáin | carne de tineret bovin |

An tSlóivéin | meso težjih telet |

An tSlóvaic | mäso z mladého dobytka |

An Fhionlainn | vasikanliha/kalvkött |

An tSualainn | Kalvkött |

An Ríocht Aontaithe | Beef |

2. Is féidir cur leis na tuairiscí díolacháin dá dtagraítear i bpointe 1 trí ainm nó trí shonrúchán na bpíosaí feola nó scairteach atá i gceist a léiriú.

3. Ní bhainfear úsáid as na tuairiscí díolacháin atá liostaithe do chatagóir V i bpointe A den tábla atá leagtha síos i bpointe 1 ná as aon ainm nua díorthaithe ó na tuairiscí díolacháin sin ach amháin má chomhlíontar ceanglais na hIarscríbhinne seo.

Go háirithe, ní bhainfear úsáid as na téarmaí “veau”, “telecí”, “Kalb”, “μοσχάρι”, “ternera”, “kalv”, “veal”, “vitello”, “vitella”, “kalf”, “vitela” ná “teletina” i dtuairisc díolacháin ná ní chuirfear in iúl iad ar lipéid feola bó-ainmhithe atá níos sine ná 12 mhí.

4. Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in 1 i gcás feola bó-ainmhithe ar cláraíodh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 510/2006, roimh an 29 Meitheamh 2007.

Cuid II.Táirgí fíniúna

(1) Fíon

Is éard a bheidh i gceist le fíon ná an táirge a fhaightear go heisiach ó choipeadh alcólach iomlán nó páirteach fíonchaor úr, cibé acu atá siad brúite nó nach bhfuil, nó d’úrfhíon fíonchaor.

Beidh an méid seo a leanas fíor maidir le fíon:

(a) beidh neart alcóil iarbhír nach lú ná 8,5 % de réir toirte aige, cibé acu a cuireadh na próisis a shonraítear i Roinn B de Chuid I d’Iarscríbhinn VII i bhfeidhm nó nár cuireadh, ar choinníoll go dtagann an fíon go heisiach ó fhíonchaora arna mbaint i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, agus neart alcóil iarbhír nach lú ná 9 % de réir toirte i gcriosanna fíonsaothrúcháin eile;

(b) beidh neart alcóil iarbhír nach lú ná 4,5 % de réir toirte aige, de mhaolú ar an íosneart alcóil iarbhír is infheidhme i ngach cás eile, i gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige, cibé acu a cuireadh na próisis a shonraítear i Roinn B de Chuid I d’Iarscríbhinn VII i bhfeidhm nó nár cuireadh;

(c) beidh neart alcóil iomlán nach mó ná 15 % de réir toirte ann. De mhaolú ar an méid sin, áfach:

– is féidir leis an uasteorainn do neart iomlán an alcóil a bheith chomh hard le 20 % de réir toirte i gcás fíonta a táirgeadh gan aon saibhriú ó limistéir fíonsaothrúcháin áirithe den Aontas, a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1),

– is féidir leis an uasteorainn do neart iomlán an alcóil dul thar 15 % de réir toirte i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu agus a táirgeadh gan saibhriú;

(d) faoi réir maoluithe a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1), beidh cion aigéadachta iomlán aige, arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nach lú ná 3,5 gram in aghaidh an lítir nó 46,6 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

Is éard a bheidh i “retsina” ná fíon a tháirgtear i gcríoch gheografach na Gréige amháin ag úsáid úrfhíona fíonchaor atá cóireáilte le roisín ón bpéine Aleppo. Ceadaítear úsáid roisín an phéine Aleppo chun fíon “Retsina” a fháil agus chuige sin amháin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos san fhoráil is infheidhme maidir leis an nGréig.

De mhaolú ar phointe (b), meastar gur fíon iad “Tokaji eszencia” agus “Tokajská esencia”.

Mar sin féin, d’ainneoin Airteagal 60(2), féadfaidh na Ballstáit úsáid an téarma “fíon” a cheadú sna cásanna seo a leanas:

(a) má thugtar ainm toraidh i bhfoirm comhainm ar tháirgí ar an margadh a fuarthas trí choipeadh toraidh eile seachas fíonchaora; or

(b) más cuid de chomhainm é.

Seachnófar aon mhearbhall maidir le táirgí a fhreagraíonn do na catagóirí fíona san Iarscríbhinn seo.

(2) Fíon nua atá fós faoi choipeadh

Is fíon nua atá fós faoi choipeadh a bheidh sa táirge nach bhfuil an coipeadh alcólach críochnaithe fós ann agus nach bhfuil scartha óna mhoirt fós.

(3) Fíon licéir

Is éard a bheidh i bhfíon licéir ná an táirge:

(a) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 15 % de réir toirte agus nach mó ná 22 % de réir toirte;

(b) ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 17,5 % de réir toirte, ach amháin fíonta licéir áirithe le sonrúchán tionscnaimh nó le tásc geografach ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1);

(c) a fhaightear ó cheann díobh seo a leanas:

– úrfhíon fíonchaor atá faoi choipeadh,

– fíon,

– teaglaim de na táirgí thuas, nó

– úrfhíon fíonchaor nó meascán de le fíon i gcás fíonta licéir áirithe a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1);

(d) ag a bhfuil neart nádúrtha alcóil tosaigh nach lú ná 12 % de réir toirte ach amháin fíonta licéir áirithe le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1);

(e) a bhfuil an méid seo a leanas curtha leis:

(i) ina n-aonar nó i dteaglaim:

– alcól neodrach de bhunús fíniúna, lena n-áirítear alcól arna tháirgeadh ó dhriogadh fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte,

– fíon nó driogáit fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 86 % de réir toirte;

(ii) in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas, nuair is iomchuí:

– úrfhíon fíonchaor tiubhaithe,

– teaglaim de cheann de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (e)(i) le húrfhíon fíonchaor dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa cheathrú fleasc de phointe (c);

(f) lena bhfuil, de mhaolú ar phointe (e), ceann acu seo a leanas curtha fad is a bhaineann le fíonta licéir áirithe le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1):

(i) ceachtar de na táirgí atá liostaithe i bpointe (e)(i) ina aonar nó i dteaglaim; nó

(ii) ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas:

– alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 95 % de réir toirte agus nach mó ná 96 % de réir toirte,

– biotáillí driogtha ó fhíon nó ó mharc fíonchaor, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 86 % de réir toirte,

– biotáillí driogtha ó fhíonchaora triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte ach níos lú ná 94,5 % de réir toirte; agus

(iii) ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas, nuair is iomchuí:

– urfhíon fíonchaor leathchoipthe, a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe,

– úrfhíon fíonchaor tiubhaithe a fhaightear trí theas díreach, a chomhlíonann an sainmhíniú ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, ach amháin i gcás na hoibríochta sin,

– úrfhíon fíonchaor tiubhaithe,

– teaglaim de cheann de na táirgí atá liostaithe i bpointe (f)(ii) le húrfhíon fíonchaor dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa cheathrú fleasc de phointe (c).

(4) Fíon súilíneach

Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach ná an táirge:

(a) a fhaightear ón gcéad nó ón dara coipeadh alcólach:

– ó fhíonchaora úra,

– ó úrfhíon fíonchaor, nó,

– ó fhíon;

(b) a scaoileann dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go heisiach ó choipeadh, nuair a osclaítear an coimeádán;

(c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus

(d) nach mbeidh neart alcóil iomlán na cuvée atá beartaithe dá ullmhú níos lú ná 8.5 % de réir toirte.

(5) Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach ar ardchaighdeán ná an táirge:

(a) a fhaightear ón gcéad nó ón dara coipeadh alcólach:

– ó fhíonchaora úra,

– ó úrfhíon fíonchaor, nó

– ó fhíon;

(b) a scaoileann dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go heisiach ó choipeadh, nuair a osclaítear an coimeádán;

(c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus

(d) nach mbeidh neart alcóil iomlán na cuvée atá beartaithe dá ullmhú níos lú ná 9 % de réir toirte.

(6) Fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán

Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán ná an fíon súilíneach ar ardchaighdeán:

(a) nuair atá an cuvée á chomhdhéanamh, a fhaightear trí úsáid a bhaint as úrfhíon fíonchaor nó úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh agus atá díorthaithe ó chineálacha sonracha fíonchaor fíona ar liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1).

Déanfaidh an Coimisiún fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán arna tháirgeadh go traidisiúnta trí úsáid a bhaint as fíon nuair atá an cuvée á chomhdhéanamh, a chinneadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1);

(b) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bar nuair a choinnítear ag teocht 20°C i gcoimeádáin dhúnta é;

(c) nach féidir neart alcóil iarbhír níos lú ná 6 % de réir toirte a bheith aige; agus

(d) nach féidir neart alcóil iomlán níos lú ná 10 % de réir toirte a bheith aige.

(7) Fíon súilíneach aeraithe

Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach aeraithe ná an táirge:

(a) a fhaightear ó fhíon gan sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ná tásc geografach faoi chosaint;

(b) a scaoileann, nuair a osclaítear an coimeádán, dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go huile nó go páirteach ón ngás sin a bheith curtha leis an táirge; agus

(c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é.

(8) Fíon leathshúilíneach

Is éard a bheidh i bhfíon leathshúilíneach ná an táirge:

(a) a fhaightear ó fhíon ar an gcoinníoll nach lú neart alcóil iomlán an fhíona sin ná 9 % de réir toirte;

(b) a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte ann;

(c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin inginiúil a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 1 bhar agus nach mór ná 2,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus

(d) a chuirtear i gcoimeádáin 60 lítear nó níos lú.

(9) Fíon leathshúilíneach aeraithe

Is éard a bheidh i bhfíon leathshúilíneach aeraithe ná an táirge:

(a) a fhaightear ó fhíon;

(b) a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte agus neart alcóil iomlán nach lú ná 9 % de réir toirte ann;

(c) ag a bhfuil brú barrachais nach lú ná 1 bhar agus nach mó ná 2,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann atá curtha leis go hiomlán nó go páirteach; agus

(d) a chuirtear i gcoimeádáin 60 lítear nó níos lú.

(10) Úrfhíon fíonchaor

Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor ná an táirge leachtach a fhaightear go nádúrtha nó trí phróisis fhisiceacha ó fhíonchaora úra. Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe i gcás úrfhíona fíonchaor.

(11) Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh an táirge a fhaightear ó choipeadh úrfhíona fíonchaor ag a bhfuil neart alcóil iarbhír atá níos mó ná 1 % de réir toirte ach níos lú ná trí chúigiú dá neart alcóil iomlán de réir toirte.

(12) Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe úsctha ó fhíonchaora rísínithe

Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh úsctha ó fhíonchaora rísínithe ná an táirge a fhaightear ó choipeadh páirteach úrfhíona fíonchaor a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe, ina bhfuil cion iomlán siúcra de 272 gram in aghaidh an lítir roimh choipeadh agus ag a bhfuil neart alcóil iarbhír agus nádúrtha nach lú ná 8 % de réir toirte. Maidir le fíonta áirithe, áfach, atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1), agus a chomhlíonann na ceanglais seo, ní mheasfar gur úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh úsctha ó fhíonchaora rísínithe iad.

(13) Úrfhíon fíonchaor tiubhaithe

Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe ná úrfhíon fíonchaor neamhdhóite a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach úrfhíona fíonchaor arna dhéanamh trí aon mhodh údaraithe, seachas teas díreach, ar bhealach a fhágann nach lú ná 50,9 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar arna úsáid i gcomhréir le modh atá le sannadh i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 62(3) agus Airteagal 68(d) ag teocht de 20 °C.

Tá neart alcóil iarbhír den úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe.

(14) Úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe

Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe ná an táirge neamhdhóite leachtach:

(a) a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach úrfhíona fíonchaor arna dhéanamh trí aon mhodh údaraithe, seachas teas díreach, ar bhealach a fhágann nach lú ná 61,7 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar arna úsáid i gcomhréir le modh atá le sannadh i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 62(3) agus Airteagal 68(d) ag teocht de 20 °C;

(b) atá curtha faoi chóireáil údaraithe chun comhábhair seachas siúcra a dhí-aigéadú agus a dhíothú;

(c) ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

– pH nach mó ná 5 ag 25 Brix,

– dlús optúil ag 425 nm do thiús 1 cm nach mó ná 0,100 in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe ag 25 Brix,

– cion siúcróis nach bhfuil le brath trí mhodh anailíse atá le sainiú,

– innéacs Folin-Ciocalteu nach mó ná 6,00 ag 25 °Brix,

– aigéadacht intoirtmheasctha nach mó ná 15 mhilleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

– cion dé-ocsaíde sulfair nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

– cion iomlán caitian nach mó ná 8 milleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

– seoltacht ag 25 °Brix agus 20 °C nach mó ná 120 micrea-Siemens/cm,

– cion hiodrocsaimeitiolfurfurail nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

– mesoinositol i láthair.

Tá neart alcóil iarbhír den úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe.

(15) Fíon ó fhíonchaora rísínithe

Is éard a bheidh i bhfíon ó fhíonchaora rísínithe ná an táirge:

(a) a tháirgtear gan saibhriú, ó fhíonchaora a fágadh sa ghrian nó sa scáth i gcomhair díhiodráitiú páirteach;

(b) ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 16 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír nach lú ná 9 % de réir toirte; agus

(c) ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha nach lú ná 16 % de réir toirte (nó 272 gram siúcra in aghaidh an lítir).

(16) Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

Is éard a bheidh i bhfíon ó fhíonchaora ró-aibí ná an táirge:

(a) a tháirgtear gan saibhriú;

(b) ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha níos mó ná 15 % de réir toirte; agus

(c) ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 15 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír nach mó ná 12 % de réir toirte.

Féadfaidh Ballstáit tréimhse aosaithe a leagan síos don táirge seo.

(17) Fínéagar fíona

Is éard a bheidh i bhfínéagar fíona ná fínéagar:

(a) a fhaightear go heisiach trí choipeadh aicéiteach fíona; agus

(b) ag a bhfuil aigéadacht iomlán nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad aicéiteach.

Cuid III.Bainne agus táirgí bainne

1. Ciallaíonn an téarma ‘bainne' an gnáththál mamach arna fháil ó bhleán amháin nó níos mó gan aon rud a bheith curtha leis sin nó bainte as sin, agus an chiall sin amháin.

Féadfar an téarma ‘bainne’ a úsáid sna cásanna seo a leanas, áfach:

(a) i gcás bainne arna chóireáil gan a chomhdhéanamh a athrú nó i gcás bainne a rinneadh a chion saille a chaighdeánú de réir chuid IV den Iarscríbhinn seo;

(b) i gcomhar le focal nó focail chun cineál, grád, tionscnamh agus/nó úsáid bheartaithe an bhainne sin a shainiú nó chun cur síos a dhéanamh ar an gcóireáil fhisiceach nó ar an modhnú ar chomhdhéanamh atá déanta air, ar choinníoll go bhfuil an modhnú srianta do chomhábhair nádúrtha bhainne a chur leis agus/nó a bhaint as.

2. Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn ‘táirgí bainne’ táirgí a fhaightear ó bhainne amháin, ar an tuiscint gur féidir substaintí a theastaíonn chun iad a dhéanamh a chur leo ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin chun iad a chur in ionad, go huile nó go páirteach, aon chomhábhair bhainne.

Forchoimeádfar iad seo a leanas go heisiach do tháirgí bainne.

(a) na hainmneacha a leanas a úsáidtear ag gach céim margaíochta:

(i) meadhg,

(ii) uachtar,

(iii) im;

(iv) bláthach,

(v) ola ime,

(vi) cáiséiní,

(vii) saill bhainne ainhidriúil,

(viii) cáis,

(ix) iógart,

(x) ceifír,

(xi) koumiss,

(xii) viili/fil,

(xiii) smetana,

(xiv) fil;

(b) ainmneacha faoi chuimsiú bhrí Airteagal 5 de Threoir 2000/13/CE a úsáidtear le haghaidh táirgí bainne.

3. Is féidir an téarma ‘bainne’ agus na sonrúcháin a úsáidtear do tháirgí bainne a úsáid freisin i gcomhar le focal nó focail chun táirgí ilchodacha a shainiú, ar táirgí iad nach bhfuil aon chuid díobh ag tógáil ionad aon chomhábhair bhainne nó nach bhfuil beartaithe ionad comhábhair bhainne a thógáil agus dá bhfuil bainne nó táirge bainne ina chuid bhunriachtanach maidir le cainníocht nó tréithriú an táirge.

4. Sonrófar tionscnamh an bhainne agus na dtáirgí bainne atá le sainiú ag an gCoimisiún murar bó-ainmhí atá i gceist.

5. Ní ceadmhach na sonrúcháin dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3 den Chuid seo a úsáid d’aon táirge seachas dóibh siúd dá dtagraítear sa phointe sin.

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le sonrúchán táirgí dá bhfuil an cineál soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair is léir go n-úsáidtear na sonrúcháin chun cur síos a dhéanamh ar shaintréith an táirge.

6. Maidir le táirgí seachas iad siúd a bhfuil tuairisc orthu i bpointí 1, 2 agus 3 den Chuid seo, ní ceadmhach aon lipéad, doiciméad tráchtála, ábhar poiblíochta ná aon chineál fógraíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE ón gComhairle [48], ná aon chineál cur i láthair a úsáid a mhaíonn, a chuireann in iúl nó a thugann le tuiscint gur táirge déiríochta atá sa táirge.

Maidir le táirge ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, áfach, ní ceadmhach an sonrúchán ‘bainne’ nó na sonrúcháin dá dtagraítear sa dara fomhír de phointe 2 den Chuid seo a úsáid ach amháin chun cur síos a dhéanamh ar na hamhábhair bhunúsacha agus chun na comhábhair a liostú i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE.

Cuid IV. Bainne lena chaitheamh ag an duine a thagann faoi chuimsiú chód AC 0401

I. Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo:

(a) ciallaíonn ‘bainne’ an táirge a fhaightear as bó amháin nó níos mó a bhleán;

(b) ciallaíonn ‘bainne óil’ na táirgí dá dtagraítear i bpointe III atá beartaithe a sheachadadh chuig an tomhaltóir gan tuilleadh próiseála;

(c) ciallaíonn ‘cion saille’ an cóimheas de réir maise de chodanna saille bainne in aghaidh gach céad cuid bainne sa bhainne lena mbaineann;

(d) ciallaíonn ‘cion próitéine’ an cóimheas de réir maise de chodanna próitéine in aghaidh gach céad cuid bainne sa bhainne lena mbaineann (arna fháil tríd an gcion nítrigine iomlán sa bhainne a mhéadú faoi 6,38 arna shloinneadh mar chéatadán de réir maise).

II. Seachadadh ar an tomhaltóir deiridh nó díol leis

(1) Ní ceadmhach ach bainne a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos do bhainne óil a sheachadadh gan phróiseáil ar an tomhaltóir deiridh nó a dhíol leis, go díreach nó trí bhialanna, ospidéil, ceaintíní nó oll-lónadóirí comhchosúla eile.

(2) Is iad na tuairiscí díolacháin a úsáidfear do na táirgí sin ná iad siúd a thugtar i bpointe III den Chuid seo. Ní úsáidfear na tuairiscí sin ach amháin do na táirgí dá dtagraítear sa phointe sin, gan dochar dá n-úsáid i dtuairiscí ilchodacha.

(3) Glacfaidh Ballstáit bearta chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi chineál agus faoi chomhdhéanamh na dtáirgí lena mbaineann sna cásanna gur dócha mearbhall a bheith ann mura gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.

III. Bainne óil

1. Measfar gur bainne óil a bheidh sna táirgí seo a leanas:

(a) bainne amh: bainne nár téadh os cionn 40ºC nó nach ndearnadh cóireáil air ag a bhfuil tionchar coibhéiseach;

(b) bainne iomlán: bainne teaschóireáilte a chomhlíonann ceann de na ceanglais seo a leanas maidir le cion saille:

(i) bainne iomlán caighdeánaithe: bainne a bhfuil ar a laghad 3,50 % (m/m) de chion saille ann. Is féidir le Ballstáit foráil a dhéanamh, áfach, maidir le catagóir bhreise de bhainne iomlán ina bhfuil 4,00 % (m/m) de chion saille ann nó níos mó;

(ii) bainne iomlán neamhchaighdeánaithe: bainne le cion saille nár athraíodh tar éis bleáin trí shaill bhainne a chur leis nó a bhaint de nó trína mheascadh le bainne ina bhfuil an cion saille nádúrtha athraithe. Ní ceadmhach an cion saille a bheith níos lú ná 3,50 % (m/m), áfach;

(c) bainne leathbhearrtha: bainne teaschóireáilte a bhfuil an cion saille ann laghdaithe go 1,50 % (m/m) ar a laghad agus 1,80 % (m/m) ar a mhéad;

(d) bainne bearrtha: bainne teaschóireáilte a bhfuil an cion saille ann laghdaithe go 0,50 % (m/m) ar a mhéad.

Measfar gur bainne óil atá i mbainne teaschóireáilte nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le cion saille atá leagtha síos i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír ar choinníoll go bhfuil an cion saille curtha in iúl go soiléir le pointe deachúlach amháin agus é inléite go soiléir ar an bpacáistíocht i bhfoirm “...% de shaill”. Ní dhéanfar cur síos ar bhainne den chineál seo mar bhainne iomlán, mar bhainne leathbhearrtha ná mar bhainne bearrtha.

2. Gan dochar do phointe 1(b)(ii), ní cheadófar ach na modhnuithe seo a leanas:

(a) an cion saille atá leagtha síos do bhainne óil a bhaint amach, an cion saille nádúrtha a mhodhnú trí uachtar a chur leis nó a bhaint de nó trí bhainne iomlán, bainne leathbhearrtha nó bainne bearrtha a chur leis;

(b) bainne a shaibhriú le próitéiní bainne, salainn mhianracha nó vitimíní i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia [49];

(c) an cion lachtóis a laghdú trína thiontú go glúcós agus galachtós.

Ní cheadófar modhnuithe i gcomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) ach amháin má tá siad léirithe go doscriosta ar phacáistíocht an táirge ionas gur féidir é a fheiceáil agus a léamh go furasta. Ní bhfaighidh léiriú den chineál sin réidh leis an oibleagáid maidir le lipéadú cothaithe atá leagtha síos i dTreoir 90/496/CEE ón gComhairle [50]. I gcás ina gcuirtear próitéiní leis, ní mór cion próitéine an bhainne shaibhrithe a bheith cothrom le 3,8 % (m/m) nó níos mó.

Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le modhnuithe, nó cosc a chur ar mhodhnuithe ar chomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c).

3. Beidh an méid seo a leanas fíor faoi bhainne óil:

(a) beidh reophointe aige atá gar do mheán-reophointe bainne amh arna thaifeadadh i limistéar tionscnaimh an bhainne óil arna bhailiú;

(b) beidh mais ag an mbainne nach lú ná 1028 gram in aghaidh an lítir i gcás bainne ina bhfuil 3,5 % (m/m) de shaill ag 20°C nó an meáchan coibhéiseach in aghaidh an lítir i gcás bainne ina bhfuil cion saille éagsúil;

(c) beidh ar a laghad 2,9 % (m/m) de phróitéin ann i gcás bainne ina bhfuil 3,5 % (m/m) de shaill nó tiúchan coibhéiseach i gcás bainne ina bhfuil cion saille éagsúil.

Cuid V.Táirgí earnáil na feola éanlaithe clóis

I Beidh feidhm ag an gCuid seo den Iarscríbhinn seo maidir le margaíocht a dhéanamh laistigh den Aontas i modh gnó nó trádála, ar tháirgí de chineálacha agus de léirithe áirithe feola éanlaithe clóis, agus ullmhóidí agus táirgí feola éanlaithe clóis nó ullmhóidí agus táirgí scairteach éanlaithe clóis, ó na speicis seo a leanas

– Gallus domesticus,

– lachain,

– géanna,

– turcaithe,

– guinithe.

Beidh feidhm ag na forálacha seo freisin maidir le feoil éanlaithe faoi sháile a thagann faoi réim chód AC 0210 99 39.

II Sainmhínithe

(1) ciallaíonn ‘feoil éanlaithe' feoil éanlaithe atá oiriúnach lena caitheamh ag an duine agus nach bhfuil aon chóireáil déanta uirthi seachas fuar-chóireáil;

(2) ciallaíonn "feoil úr éanlaithe" feoil éanlaithe nach bhfuil stalctha ag aon am ag an bpróiseas fuaraithe, roimh di a bheith coinnithe ag teocht nach ísle ná – 2 °C agus nach airde ná + 4 °C. Féadfaidh Ballstáit ceanglais teochta atá beagán éagsúil a leagan síos don íosmhéid ama is gá chun feoil úr éanlaithe a ghearradh agus a láimhseáil i siopaí miondíola nó in áitribh atá in aice le pointí díolacháin, i gcás ina ndéantar an gearradh agus an láimhseáil chun iad a sholáthar don tomhaltóir ar an láthair, agus chuige sin amháin;

(3) ciallaíonn "feoil reoite éanlaithe" feoil éanlaithe nach mór a bheith reoite chomh tapa agus is féidir taobh istigh de shrianta na ngnáthnósanna imeachta maraithe agus atá le coinneáil ag teocht nach airde ná -12 °C ag am ar bith;

(4) ciallaíonn "feoil mhear-reoite éanlaithe clóis" feoil éanlaithe clóis atá le coinneáil ag teocht nach airde ná -18°C ag am ar bith taobh istigh de na lamháltais dá ndéantar foráil i dTreoir 89/108/CEE ón gComhairle [51].

(5) ciallaíonn "ullmhóid feola éanlaithe" feoil éanlaithe, lena n-áirítear feoil éanlaithe atá laghdaithe go blúirí, a bhfuil bia-ábhair, blastanais nó breiseáin curtha leis, nó atá curtha trí phróisis nach bhfuil leordhóthanach chun struchtúr shnáithíní mhatáin inmheánacha na feola a athrú;

(6) ciallaíonn "ullmhóid feola úire éanlaithe" ullmhóid feola éanlaithe ar baineadh úsáid as feoil úr éanlaithe ann.

Féadfaidh Ballstáit ceanglais teochta atá beagán éagsúil a leagan síos, áfach, atá le cur i bhfeidhm don íosmhéid ama is gá agus sa mhéid is gá amháin chun gearradh agus láimhseáil feola éanlaithe a dhéantar sa mhonarcha le linn táirgeadh ullmhóidí feola úire éanlaithe a éascú;

(7) ciallaíonn "táirge feola éanlaithe clóis" táirge feola mar atá sé sainmhínithe i bpointe 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ar úsáideadh feoil éanlaithe clóis dó.

Cuid VI.Saillte inleata

Ní ceadmhach na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 60 a sholáthar ná a aistriú gan phróiseáil chuig an tomhaltóir deiridh go díreach ná trí bhialanna, ospidéil, ceaintíní nó áiteanna comhchosúla, mura gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

Is iad tuairiscí díolacháin na dtáirgí sin na cinn atá sonraithe sa Chuid seo.

Forchoimeádfar na tuairiscí díolacháin anseo thíos do na táirgí atá sainithe ann ag a bhfuil na cóid AC seo a leanas agus ag a bhfuil cion saille 10 % ar a laghad ach níos lú ná 90 % de réir meáchain:

(a) saillte bainne a thagann faoi réim chóid AC 0405 agus ex2106;

(b) saillte a thagann faoi réim chód AC ex1517;

(c) saillte atá comhdhéanta de tháirgí plandaí agus/nó ainmhithe a thagann faoi réim chód AC ex 1517 agus chód AC ex 2106.

Cion saille lúide salann a bheidh in dhá thrian ar a laghad den ábhar tirim.

Ní bhainfidh na tuairiscí díolacháin sin, áfach, ach le táirgí a bhíonn fós soladach ag teocht 20°C, agus atá oiriúnach lena n-úsáid mar leatháin.

Ní bheidh feidhm ag na sainmhínithe seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) sonrúchán táirgí a bhfuil a gcineál díreach soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair a úsáidtear na sonrúcháin go soiléir chun tuairisc a dhéanamh ar shaintréith de chuid an táirge;

(b) táirgí tiubhaithe (im, margairín, cumaisc) ina bhfuil cion saille 90 % nó níos mó.

Grúpa saille | Tuairisc díolacháin | Catagóirí táirge |

Sainmhínithe | | Tuairisc bhreise ar an gcatagóir le léiriú ar an % de chion saille de réir meáchain |

A. Saillte bainneTáirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó bhainne agus/nó táirgí bainne áirithe, agus uathu sin amháin, arb í an tsaill an comhábhar bunriachtanach luacha iontu. Is ceadmhach, áfach, substaintí eile a theastaíonn chun iad a dhéanamh a chur leo, ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin chun iad a chur in ionad, go huile nó go páirteach, aon chomhábhair bhainne. | 1. Im 2. Im le trí cheathrú saille (*)3. Im leath-shaille (**)4. Leathán déiríochta X % | An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %, ina bhfuil uaschion uisce 16 % agus ina bhfuil uaschion ábhair bhainne thirim neamhshaille 2 %.An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %.An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %.An táirge leis an gcion saille bainne seo a leanas: - níos lú ná 39 %, - níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %, - níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %. |

B. SaillteTáirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó shaillte soladacha agus/nó saillte leachtacha plandúla agus/nó ainmhíocha atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ag a bhfuil cion saille bainne nach mó ná 3 % den chion saille. | 1. Margairín 2. Margairín ina bhfuil trí cheathrú saille (***) 3. Margairín leath-shaille (****) 4. Leatháin saille X % | An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %.An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %.An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %.An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha leis an gcion saille seo a leanas: - níos lú ná 39 %, - níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %, - níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %. |

Grúpa saille | Tuairisc díolacháin | Catagóirí táirge |

Sainmhínithe | | Tuairisc bhreise ar an gcatagóir le léiriú ar an % de chion saille de réir meáchain |

C. Saillte atá comhdhéanta de tháirgí plandaí agus/nó ainmhitheTáirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó shaillte soladacha agus/nó saillte leachtacha plandúla agus/nó ainmhíocha atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ag a bhfuil cion saille bainne idir 10 % agus 80 % den chion saille. | 1. Cumasc 2. Cumasc le trí cheathrú saille (*****) 3. Cumasc leath-shaille (******) 4. Leathán cumasctha X % | An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil cion saille nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 % ann.An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil cion saille nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 % ann.An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil cion saille nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 % ann. An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil an cion saille seo a leanas ann: - níos lú ná 39 %, - níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %, - níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %. |

(*) a fhreagraíonn do ‘smør 60’ sa Danmhairgis. (**) a fhreagraíonn do ‘smør 40’ sa Danmhairgis. (***) a fhreagraíonn do ‘margarine 60’ sa Danmhairgis. (****) a fhreagraíonn do ‘margarine 40’ sa Danmhairgis. (*****) a fhreagraíonn do ‘blandingsprodukt 60’ sa Danmhairgis. (******) a fhreagraíonn do ‘blandingsprodukt 40’ sa Danmhairgis. |

Nóta: Ní ceadmhach an comhábhar saille bainne de na táirgí atá liostaithe sa Chuid seo a mhodhnú ach amháin trí phróisis fhisiceacha.

Cuid VII.Tuairiscí agus sainmhínithe ar ola olóige agus ar olaí prabhaite olóige

Beidh sé éigeantach na tuairiscí agus na sainmhínithe maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige atá leagtha amach sa Chuid seo a úsáid i gcás mhargaíocht na dtáirgí lena mbaineann laistigh den Aontas, agus sa mhéid agus atá sé ag luí le rialacha éigeantacha idirnáisiúnta, i gcás trádála le tríú tíortha.

Ní féidir ach olaí dá dtagraítear i bpointí 1(a) agus (b), 3 agus 6 den Chuid seo a mhargú le linn chéim an mhiondíola.

(1) OLAÍ OLÓIGE ÍONA

Olaí a fhaightear ó thoradh an chrainn olóige trí mhodhanna meicniúla nó fisiceacha faoi choinníollacha nach ndéanann athruithe ar an ola, nach bhfuil aon chóireáil déanta uirthi seachas níochán, scineáil, lártheifneoiriú nó scagadh, ach amháin olaí a fhaightear trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí nó a úsáideann aidiúvaigh a ghníomhaíonn go ceimiceach nó go bithcheimiceach, nó trí phróiseas ath-eistearúcháin agus aon mheascán le holaí de chineálacha eile.

Déantar olaí olóige íona a aicmiú go heisiach agus déantar cur síos orthu mar seo a leanas:

(a) Ola olóige úríon

Ola olóige íon ag a bhfuil uas-aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de 0.8 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(b) Ola olóige íon

Ola olóige íon ag a bhfuil uas-aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de 2 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(c) Ola olóige lampante

Ola olóige íon ag a bhfuil aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de níos mó ná 2 g in aghaidh 100 g, agus/nó a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(2) OLA OLÓIGE SCAGTHA

Ola olóige a fhaightear trí ola olóige íon a scagadh, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 0,3 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(3) OLA OLÓIGE — COMHDHÉANTA D'OLAÍ OLÓIGE SCAGTHA AGUS OLAÍ OLÓIGE ÍON

Ola olóige a fhaightear trí ola olóige scagtha a mheascadh le hola olóige íon seachas ola olóige lampante, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 1 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(4) AMHOLA PHRABHAITE OLÓIGE

Ola a fhaightear ó phrabhaite olóige trína cóireáil le tuaslagóirí nó trí mhodhanna fisiceacha nó ola a fhreagraíonn d’ola olóige lampante, ach amháin saintréithe áirithe sonraithe, seachas ola a fhaightear trí ath-eistearúchán agus trí mheascáin le cineálacha eile ola, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(5) OLA PHRABHAITE OLÓIGE SCAGTHA

Ola olóige a fhaightear trí amhola phrabhaite olóige a scagadh, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 0,3 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

(6) OLA PHRABHAITE OLÓIGE

Ola a fhaightear trí ola phrabhaite olóige scagtha a mheascadh le hola olóige íon seachas ola olóige lampante, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 1 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo.

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VI (dá dtagraítear i gCuid II)

Criosanna fíonsaothrúcháin

Is iad seo a leanas a bheidh ina gcriosanna fíonsaothrúcháin:

(1) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin A:

(a) sa Ghearmáin: na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha seachas iad siúd a áirítear i bpointe 2(a);

(b) i Lucsamburg: réigiún fíonsaothrúcháin Lucsamburg;

(c) sa Bheilg, sa Danmhairg, in Éirinn, san Ísiltír, sa Pholainn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe: limistéir fíonsaothrúcháin na dtíortha sin;

(d) i bPoblacht na Seice: réigiún fíonsaothrúcháin Čechy.

(2) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin B:

(a) sa Ghearmáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i réigiún sonraithe Baden;

(b) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna ranna nach luaitear san Iarscríbhinn seo agus sna ranna seo a leanas:

– san Alsáis: Bas-Rhin, Haut-Rhin,

– sa Lorráin: Meurthe-et-Moselle, Meuse, Moselle, Vosges,

– in Champagne: Aisne, Aube, Marne, Haute-Marne, Seine-et-Marne,

– in Jura: Ain, Doubs, Jura, Haute-Saône,

– in Savoie: Savoie, Haute-Savoie, Isère (común Chapareillan),

– in Val de Loire: Cher, Deux-Sèvres, Indre, Indre-et-Loire, Loir-et-Cher, Loire-Atlantique, Loiret, Maine-et-Loire, Sarthe, Vendée, Vienne, agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha in arrondissement Cosne-sur-Loire i roinn Nièvre;

(c) san Ostair, limistéar fíonsaothrúcháin na hOstaire;

(d) i bPoblacht na Seice, réigiún fíonsaothrúcháin Morava agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 1(d);

(e) sa tSlóvaic, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Malokarpatská vinohradnícka oblast, Južnoslovenská vinohradnícka oblast, Nitrianska vinohradnícka oblast, Stredoslovenská vinohradnícka oblast, Východoslovenská vinohradnícka oblast agus na limistéir fíonsaothrúcháin nach n-áirítear i bpointe 3(f);

(f) sa tSlóivéin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas:

– i réigiún Podravje: Štajerska Slovenija, Prekmurje,

– i réigiún Posavje: Bizeljsko Sremič, Dolenjska agus Bela krajina, agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin nach n-áirítear i bpointe 4(d);

(g) sa Rómáin, i limistéar Podișul Transilvaniei.

(3) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C I:

(a) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha:

– sna ranna seo a leanas: Allier, Alpes-de-Haute-Provence, Hautes-Alpes, Alpes-Maritimes, Ariège, Aveyron, Cantal, Charente, Charente-Maritime, Corrèze, Côte-d’Or, Dordogne, Haute-Garonne, Gers, Gironde, Isère (cé is moite de chomún Chapareillan), Landes, Loire, Haute-Loire, Lot, Lot-et-Garonne, Lozère, Nièvre (ach amháin arrondissement Cosne-sur-Loire), Puy-de-Dôme, Pyrénées-Atlantiques, Hautes-Pyrénées, Rhône, Saône-et-Loire, Tarn, Tarn-et-Garonne, Haute-Vienne, Yonne,

– in arrondissements Valence agus Die i roinn Drôme (ach amháin i gcantúin Dieulefit, Loriol, Marsanne agus Montélimar),

– in arrondissement Tournon, i gcantúin Antraigues, Burzet, Coucouron, Montpezat-sous-Bauzon, Privas, Saint-Etienne de Lugdarès, Saint-Pierreville, Valgorge agus la Voulte-sur-Rhône i roinn Ardèche;

(b) san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i réigiún Valle d’Aosta agus i gcúigí Sondrio, Bolzano, Trento agus Belluno;

(c) sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i gcúigí A Coruña, Asturias, Cantabria, Guipúzcoa agus Vizcaya;

(d) sa Phortaingéil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sa chuid de réigiún Norte a chomhfhreagraíonn do limistéar ainmnithe fíona ‘Vinho Verde’ chomh maith le ‘Concelhos de Bombarral, Lourinhã, Mafra e Torres Vedras’ (cé is moite de ‘Freguesias da Carvoeira e Dois Portos’), a bhaineann leis an ‘Região viticola da Extremadura’,

(e) san Ungáir, na limistéir go léir ina bhfuil fíniúnacha curtha,

(f) sa tSlóvaic, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha in Tokajská vinohradnícka oblast,

(g) sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointí 2(g) ná 4(f).

(4) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C II:

(a) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha:

– sna ranna seo a leanas: Aude, Bouches-du-Rhône, Gard, Hérault, Pyrénées-Orientales (ach amháin i gcantúin Olette agus Arles-sur-Tech), Vaucluse,

– sa chuid de roinn Var a chuimsítear ó dheas le teorainn thuaidh chomúin Evenos, Le Beausset, Solliès-Toucas, Cuers, Puget-Ville, Collobrières, La Garde-Freinet, Plan-de-la-Tour agus Sainte-Maxime,

– in arrondissement Nyons agus i gcantún Loriol-sur-Drôme i roinn Drôme,

– sna codanna sin de roinn Ardèche nach liostaítear i bpointe 3(a);

(b) san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Abruzzo, Campania, Emilia-Romagna, Friuli-Venezia Giulia, Lazio, Liguria, an Lombaird (ach amháin cúige Sondrio), Marche, Molise, Píomant, an Tuscáin, Umbria, Veneto (ach amháin cúige Belluno), lena n-áirítear na hoileáin a bhaineann leis na réigiúin sin, mar shampla Elba agus oileáin eile an oileánra Thuscánaigh, oileáin Ponziane, Capri agus Ischia;

(c) sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna cúigí seo a leanas:

– Lugo, Orense, Pontevedra,

– Ávila (ach amháin na comunnes a bhaineann leis an bhfíon ainmnithe “comarca” ó Cebreros), Burgos, León, Palencia, Salamanca, Segovia, Soria, Valladolid, Zamora,

– La Rioja,

– Álava,

– Navarra,

– Huesca,

– Barcelona, Girona, Lleida,

– sa chuid sin de chúige Zaragoza atá ó thuaidh ón Eabró,

– sna comunnes i gcúige Tarragona a áirítear i sonrúchán tionscnaimh Penedés,

– sa chuid sin de chúige Tarragona a bhaineann leis an bhfíon ainmnithe ‘comarca’ ó Conca de Barberá;

(d) sa tSlóivéin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Brda nó Goriška Brda, Vipavska dolina nó Vipava, Kras agus Slovenska Istra;

(e) sa Bhulgáir, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Dunavska Ravnina (Дунавска равнина), Chernomorski Rayon (Черноморски район), Rozova Dolina (Розова долина);

(f) sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas:

Dealurile Buzăului, Dealu Mare, Severinului agus Plaiurile Drâncei, Colinele Dobrogei, Terasele Dunării, réigiún fíona an Deiscirt, lena n-áirítear gaineamh agus réigiúin fhabhracha eile.

(5) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C III (a):

(a) sa Ghréig, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna nomoi seo a leanas: Florina, Imathia, Kilkis, Grevena, Larisa, Ioannina, Levkas, Akhaia, Messinia, Arkadia, Korinthia, Iraklio, Khania, Rethimni, Samos, Lasithi agus oileán Thira (Santorini);

(b) sa Chipir, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha atá ag airdí os cionn 600 méadar;

(c) sa Bhulgáir, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 4(e).

(6) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C III (b):

(a) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha:

– i ranna na Corsaice,

– sa chuid sin de Roinn Var atá suite idir an fharraige agus líne teorann chomúin Evenos, Le Beausset, Solliès-Toucas, Cuers, Puget-Ville, Collobrières, La Garde-Freinet, Plan-de-la-Tour agus Sainte-Maxime (ar comúin iad a áirítear),

– i gcantúin Olette agus Arles-sur-Tech i roinn Pyrénées-Orientales;

(b) san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Calabria, Basilicata, Apulia, an tSairdín agus an tSicil, lena n-áirítear na hoileáin a bhaineann leis na réigiúin sin, amhail Pantelleria agus oileáin Lipari, Egadi agus Pelagie;

(c) sa Ghréig, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach liostaítear i bpointe 5(a);

(d) sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointí 3(c) nó 4(c);

(e) sa Phortaingéil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin nach n-áirítear i bpointe 3(d);

(f) sa Chipir, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha atá ag airdí nach dtéann thar 600 méadar;

(g) i Málta, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha.

(7) Is é atá i gcríochadóireacht na gcríoch a chuimsítear leis na haonaid riaracháin dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo an chríochadóireacht a thagann ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 15 Nollaig 1981, agus i gcás na Spáinne, ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 1 Márta 1986 agus, i gcás na Portaingéile, ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 1 Márta 1998.

IARSCRÍBHINN VII

CLEACHTAIS FÍONEOLAÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 62

Cuid I

Saibhriú, aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin áirithe

A. Teorainneacha saibhrithe

1. I gcás ina bhfágann dálaí aeráide gur gá é i gcriosanna áirithe fíonsaothrúcháin an Aontais, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cur le neart alcóil nádúrtha de réir toirte maidir le fíonchaor, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, fíon nua atá fós faoi choipeadh agus fíon arna fháil ó chineálacha éagsúla fíonchaor is féidir a aicmiú de réir Airteagal 63.

2. Bainfear an méadú i neart alcóil nádúrtha de réir toirte amach trí na cleachtais fíoneolaíochta dá dtagraítear i Roinn B agus ní rachaidh sé thar na teorainneacha seo a leanas:

(a) 3 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A;

(b) 2 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B;

(c) 1.5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin C.

3. I mblianta ina bhfuil dálaí aeráide an-mhífhábharach, is ceadmhach do Bhallstáit iarraidh go n-ardófaí faoi 0,5 % na teorainneacha atá leagtha síos i bpointe 2. Mar fhreagra ar iarraidh den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a luaithe is féidir faoi na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 68. Déanfaidh an Coimisiún iarracht Cinneadh a ghlacadh taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis na hiarrata.

B. Próisis saibhrithe

1. Ní dhéanfar an méadú i neart alcóil nádúrtha de réir toirte dá bhforáiltear i Roinn A ach amháin:

(a) i gcás fíonchaor úr, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh nó fíona nua atá fós faoi choipeadh, trí shiúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leis;

(b) i gcás úrfhíona fíonchaor, trí shiúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leis, nó trí thiúchan páirteach, lena n-áirítear cúlosmóis;

(c) i gcás fíona, trí thiúchan páirteach trí fhuarú.

2. Beidh na próisis dá dtagraítear i bpointe 1 comheisiatach i gcás ina bhfuil fíon nó úrfhíon fíonchaor saibhrithe le húrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe agus inar íocadh cabhair faoi Airteagal 103y de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007

3. Ní ceadmhach an siúcrós dá bhforáiltear i bpointí 1(a) agus (b) a chur leis ach amháin trí thirimshiúcrú agus sna limistéir seo a leanas:

(a) crios fíonsaothrúcháin A;

(b) crios fíonsaothrúcháin B;

(c) crios fíonsaothrúcháin C,

cé is moite d'fhíonghoirt san Iodáil, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Phortaingéil, sa Chipir agus fíonghoirt i ranna na Fraince atá faoi dhlínse na gcúirteanna achomhairc in:

– Aix-en-Provence,

– Nîmes,

– Montpellier,

– Toulouse,

– Agen,

– Pau,

– Bordeaux,

– Bastia.

Féadfaidh na húdaráis náisiúnta saibhriú trí thirimshiúcrú a údarú, áfach, mar eisceacht sna ranna thuasluaite sa Fhrainc. Tabharfaidh an Fhrainc fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údaruithe den sórt sin.

4. Ní mhéadófar toirt tosaigh fíonchaor brúite úr, úrfhíona fíonchaor, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh nó fíona nua atá fós faoi choipeadh, mar thoradh ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leo, faoi níos mó ná 11 % i gcrios fíonsaothrúcháin A, 8 % i gcrios fíonsaothrúcháin B agus 6,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C.

5. I gcás tiúchana úrfhíona fíonchaor nó fíona a chuaigh tríd na próisis dá dtagraítear i bpointe 1:

(a) ní laghdófar toirt tosaigh na dtáirgí sin faoi níos mó ná 20 %;

(b) d’ainneoin phointe (2)(c) de Roinn A, ní mhéadóidh sé neart alcóil nádúrtha na dtáirgí seo faoi níos mó ná 2 % de réir toirte.

6. Ní dhéanfaidh na próisis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 5 an neart alcóil iomlán de réir toirte, i gcás na bhfíonchaor úr, úrfhíona fíonchaor, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh, fíona nua atá fós faoi choipeadh, nó fíona, a mhéadú thar na céatadáin seo a leanas de réir toirte:

(a) 11,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin A;

(b) 12 % i gcrios fíonsaothrúcháin B;

(c) 12,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C I;

(d) 13 % i gcrios fíonsaothrúcháin C II; agus

(e) 13,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C III.

7. De mhaolú ar phointe 6, is féidir le Ballstáit:

(a) maidir le fíon dearg, uasteorainn neart alcóil iomlán de réir toirte na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú go 12 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A agus go 12,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B;

(b) maidir le táirgeadh fíonta le sonrúchán tionscnaimh, neart alcóil iomlán na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú de réir toirte go leibhéal atá le cinneadh ag Ballstáit.

C. Aigéadú agus dí-aigéadú

1. D’fhéadfadh fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, fíon nua atá fós faoi choipeadh, agus fíon a bheith faoi réir na rudaí seo a leanas:

(a) dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin A, B agus C I;

(b) aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin C I, C II agus C III (a), gan dochar do phointe 7 den Roinn seo; nó

(c) aigéadú i gcrios fíonsaothrúcháin C III (b).

2. Féadfar na táirgí, seachas fíon, dá dtagraítear i bpointe 1 a aigéadú suas le 1,50 g/l ar a mhéid arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nó 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

3. Féadfar fíonta a aigéadú suas le 2,50 g/l ar a mhéid arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nó 33,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

4. Féadfar fíon a dhí-aigéadú suas le 1 g/l ar a mhéid arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nó 13,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

5. Féadfar úrfhíon fíonchaor atá beartaithe do thiúchan a dhí-aigéadú go páirteach.

6. D’ainneoin phointe 1, i mblianta ina bhfuil dálaí aeráide eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit aigéadú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 1 a údarú i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B, faoi na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 den Roinn seo.

7. Beidh aigéadú agus saibhriú, ach amháin trí mhaolú atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1), agus beidh aigéadú agus dí-aigéadú an táirge chéanna, ina bpróisis chomheisiatacha.

D. Próisis

1. Ní bheidh aon cheann de na próisis dá dtagraítear i Ranna B agus C údaraithe, cé is moite d'aigéadú agus dí-aigéadú fíonta, mura ndéantar iad faoi choinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1), nuair atá fíon nó aon deoch eile ó earnáil an fhíona a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, seachas fíon súilíneach nó fíon súilíneach aeraithe sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora úra a úsáideadh, á dhéanamh as fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh nó fíon nua atá fós faoi choipeadh.

2. Tarlóidh tiúchan na bhfíonta sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora úra a úsáideadh.

3. Ní tharlóidh aigéadú ná dí-aigéadú fíonta ach amháin agus fíon á dhéanamh agus sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora a úsáideadh chun an fíon atá i gceist a tháirgeadh.

4. Cuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas maidir le gach ceann de na próisis dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3. Déanfar amhlaidh freisin maidir leis na cainníochtaí úrfhíona fíonchaor tiubhaithe, úrfhíona fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nó siúcróis a bhíonn á gcoinneáil ag daoine nó grúpaí daoine dlíthiúla nó nádúrtha i bhfeidhmiú a ngairme, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe, próiseálaithe agus ceannaithe, atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1), ag an am céanna agus san áit chéanna le fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh nó fíon ar an mórchóir. Is féidir na cainníochtaí seo a iontráil i gclár earraí isteach agus úsáid stoic seachas iad a fhógairt, áfach.

5. Déanfar gach ceann de na próisis dá dtagraítear i Ranna B agus C a thaifeadadh ar an doiciméad faoi iamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 103, a bhfuil na táirgí a chuaigh trí na próisis curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir leis.

6. Ní dhéanfar na próisis sin, faoi réir maoluithe a bhfuil údar tugtha leo ag dálaí aeráide eisceachtúla, a chur i gcrích:

(a) tar éis an 1 Eanáir i gcrios fíonsaothrúcháin C;

(b) tar éis an 16 Márta i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B, agus

ní dhéanfar iad ach amháin i gcás táirgí den fhómhar fíonchaor díreach roimh na dátaí sin.

7. D’ainneoin phointe 6, is féidir tiúchan trí fhuarú agus aigéadú agus dí-aigéadú fíonta a dhéanamh i rith na bliana.

Cuid II

Srianta

A. Gnéithe Ginearálta

1. Ní chuirfear uisce sa bhreis leis an táirge in aon chleachtas fíoneolaíochta údaraithe, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis mar gheall ar riachtanas teicniúil sonrach.

2. Ní chuirfear alcól sa bhreis leis an táirge in aon chleachtas fíoneolaíochta, ach amháin i gcás cleachtas a bhaineann le húrfhíon fíonchaor úr a fháil ina stoptar coipeadh trí alcól, fíon licéir, fíon súilíneach, fíon treisithe i gcomhair dríogtha agus fíon leathshúilíneach a chur leis.

3. Ní bhainfear úsáid as fíon atá treisithe i gcomhair driogtha ach amháin i gcomhair driogtha.

B. Fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor agus sú fíonchaor

1. Ní bhainfear úsáid as úrfhíon fíonchaor úr ina stoptar coipeadh trí alcól a chur leis ach amháin i rith céime ullmhúcháin táirgí nach dtiteann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 agus 2204 29. Tá sin gan dochar d’aon fhoráil níos déine ar féidir le Ballstáit a chur i bhfeidhm ar ullmhúchán táirgí ina gcríoch féin, ar táirgí iad nach dtiteann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 agus 2204 29.

2. Ní dhéanfar fíon de shú fíonchaor ná de shú fíonchaor tiubhaithe ná ní chuirfear le fíon iad. Ní dhéanfar coipeadh alcólach orthu i gcríoch an Aontais.

3. Ní bhainfidh forálacha phointí 1 agus 2 le táirgí atá beartaithe chun táirgí a tháirgeadh sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sa Pholainn, ar táirgí iad a thagann faoi chód AC 2206 00 a bhféadfaidh Ballstáit úsáid comhainm a cheadú ina leith, lena n-áirítear an sonrúchán díolacháin ‘fíon’.

4. Ní chuirfear úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh a uscadh ó fhíonchaora rísínithe ar an margadh ach amháin chun fíonta licéir a mhonarú agus sna limistéir fíonsaothrúcháin sin amháin ina raibh an úsáid sin traidisiúnta iontu an 1 Eanáir 1985, agus chun fíonta ó fhíonchaora ró-aibí a mhonarú.

5. Ní ceadmhach táirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a dhéanamh d'fhíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, úfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe, úrfhíon fíonchaor ar cuireadh stop lena choipeadh trí alcól a chur leis, sú fíonchaor, sú fíonchaor tiubhaithe agus fíon, nó meascáin de na táirgí sin, arna dtionscnamh i dtríú tíortha, ná ní féidir iad a chur le táirgí den chineál sin i gcríoch an Aontais.

C. Fíonta a mheascadh

Beidh toirmeasc ar chumasc fíona a thionscnaítear i dtríú tír le fíon de chuid an Aontais agus ar chumasc idir fíonta a thionscnaítear i dtríú tíortha, san Aontas.

D. Fotháirgí

1. Beidh toirmeasc ar ro-bhrú fíonchaor. Cinnfidh Ballstáit, ag cur dálaí áitiúla agus teicniúla san áireamh, an íoschion alcóil a bheidh sa mharc agus sa mhoirt tar éis bhrú na bhfíonchaor.

Déanfaidh na Ballstáit an méid alcóil a bheidh sna fotháirgí seo a chinneadh ag leibhéal atá cothrom ar a laghad le 5 % maidir leis an neart alcóil de réir toirte atá san fhíon a tháirgtear.

2. Seachas alcól, biotáillí agus piquette, ní dhéanfar fíon ná aon deoch eile a ceapadh lena chaitheamh ag an duine a tháirgeadh ó mhoirt fíona nó ó mharc fíonchaor. Ceadófar doirteadh fíona anuas ar mhoirt nó ar mharc fíonchaor nó ar laíon aszú brúite faoi choinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1) i gcás ina n-úsáidtear an cleachtas sin go traidisiúnta chun ‘Tokaji fordítás’ agus ‘Tokaji máslás’ a tháirgeadh san Ungáir agus chun ‘Tokajský forditáš’ agus ‘Tokajský mášláš’ a tháirgeadh sa tSlóvaic.

3. Tá toirmeasc ar bhrú moirte fíona agus athchoipeadh mairc fíonchaor chun críocha eile seachas driogadh nó táirgeadh piquette. Ní mheasfar gur brú atá i gceist le scagadh agus lártheifneoiriú moirte fíona i gcás ina bhfuil na táirgí a fhaightear de cháilíocht shlán, fhíor agus indíolta.

4. I gcás ina bhfuil táirgeadh piquette údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann, ní bhainfear úsáid as ach amháin chun driogtha nó óil i dteaghlaigh táirgeoirí fíona.

5. Gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh Ballstáit cinneadh gur gá fotháirgí a dhiúscairt trí dhriogadh, beidh ceangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó ar aon ghrúpaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha a choinníonn fotháirgí iad a dhiúscairt faoi réir coinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 59(1).

IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLAÍ COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 163

Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] | An Rialachán seo |

1 | 1 |

2(1) | 3(1) |

2(2)(a) and (b) | - |

2(2)(c) | 14(1) |

3 | 6 |

4 | 3(3) |

5 | 5 |

6(1) | - |

6(2) | 9, 10(d), (e) |

7 | 9 |

8 | 7 |

9 | - |

10 | 10 |

11 | 11 |

12 | 12 |

13 | 13 |

14 | 14(2), (3) |

15 | 15 |

16 | - |

17 | - |

18 | - |

19 | - |

20 | [16(1)(c), (d)] |

21 | - |

22 | 16 |

23 | - |

24 | [17] |

25 | [17] |

26 | [17] |

27 | [17] |

28 | [18(5)] |

29 | [18(7)(a), 19(k)(ii)] |

30 | [18(5)] |

31 | 18 |

32 | 19 |

33 | 20 |

34 | [18(8), (9)] |

35 | [18(8), (9)] |

36 | 19 |

37 | 155(1)(a), (2), (3), (4) |

38 | 155(1)(b), (2), (3) |

39 | 155(5) |

40 | 154 |

41 | 154 |

42 | - |

43(1), (3)-(7) | - |

43(2) | 101(1) |

44 | - |

45 | - |

46(a), (c) | - |

46(b) | 101(2) |

47 | 112 |

48 | 115 |

49 | - |

50 | - |

51 | - |

52 | - |

53 | - |

54 | - |

55 | - |

56 | - |

57 | - |

58 | - |

59 | - |

60 | - |

61 | - |

62 | - |

63 | - |

64 | - |

65 | - |

66 | - |

67 | - |

68 | - |

69 | - |

70 | - |

71 | - |

72 | - |

73 | - |

74 | - |

75 | - |

76 | - |

77 | - |

78 | - |

79 | - |

80 | - |

81 | - |

82 | - |

83 | - |

84 | - |

85 | - |

86 | - |

87 | - |

88 | - |

89 | - |

90 | - |

91 | - |

92 | - |

93 | - |

94 | - |

95 | - |

96 | - |

97 | - |

98(1) | 113 |

98(2), (3) | 157 |

99 | - |

100 | - |

101 | - |

102 | - |

103 | - |

104 | - |

105 | - |

106 | - |

107 | - |

108 | 24 and 152 |

109 | 25 |

110 | 26 |

111 | - |

112 | - |

113 | - |

114 | 27 |

115 | 28 |

116 | 29 |

117 | - |

118 | - |

119 | - |

120 | 30 |

121 | 31 |

122 | 32 |

123 | 33 |

124 | 34, [31(b)] |

125 | 35(a), [136(2)] |

126 | 35 |

127 | 36 |

128 | 21 agus 152 |

129 | 22 |

130 | 23 |

131 | 37 |

132 | 38 |

133 | 39, [50(a)], [51(a)] |

134 | [50(a)] |

135 | 40 |

136(1)-(3) | 41 |

136(4) | 147 |

137 | 42 |

138 | 43 |

139 | 44 |

140 | 45 |

141 | 46 |

142 | 47 |

143 | 48 |

144 | 49 |

145 | - |

146 | 50 |

147 | 51 |

148(1) | 52(1) |

148(2) | 150 |

149 | [53(a)] |

150 | 52(3) |

151(1) | 52(2) |

151(2) | - |

152 | [53(b)] |

153 | 53(a), (c) |

154 | 54 |

155 | - |

156 | - |

157 | - |

158 | 55 |

159 | 56 |

160 | 57 |

161 | 58 |

162 | 59 |

163 | 60 |

164 | 61 |

165 | 62 |

166 | 63 |

167 | 64 |

168 | 65 |

169 | 66 |

170 | 67 |

171 | - |

172 | 68 |

173 | 69 |

174 | 70 |

175 | 71, [86(4)] |

176 | 71(3), [86(4)] |

177 | 72, [86(4)] |

178 | 73, [86(4)] |

179 | 74, [86(4)] |

180 | 75 |

181 | 76 |

182 | 77 |

183 | 78 |

184 | 79 |

185 | 80 |

186 | 81 |

187 | - |

188 | - |

189 | 82 |

190 | 83 |

191 | 84 |

192 | 85 |

193 | 86 |

194 | 87 |

195 | 88 |

196 | 89 |

197 | 90 |

198 | 91 |

199 | 92 |

200 | 93 |

201 | 94 |

202 | 95 |

203 | 96 |

204 | 97 |

205 | 98 |

206 | - |

207 | 99 |

208 | 100 |

209 | 106 |

210 | 108 |

211(1) | - |

211(2) | [165] |

212 | 109 |

213 | [114] |

214 | [114] |

215 | 107, [114] |

216 | [114] |

217 | - |

218 | 110, [116] |

219 | [157] |

220 | [116] |

221 | 111 |

222 | 110 |

223 | [114, 116] |

224 | 110 |

225 | [114, 116, 157] |

226 | 111 |

227(1) agus (3) | [114, 116] |

227(2) | [164] |

228 | 111, [116] |

229 | 105 |

230 | 114, 115 |

231 | - |

232 | - |

233 | 117(1), [118(1)(a)] |

234 | 117(2) |

235 | 117(3) |

236 | [118(2)(e)] |

237(1) | 122 |

237(2) | 130 |

238 | 118 |

239 | 119 |

240 | - |

241 | [121] |

242 | [121] |

243 | [121] |

244 | [121] |

245 | [121] |

246 | 122 |

247 | 123 |

248 | - |

249 | 121 |

250 | 121 |

251 | 125 |

252 | [126(1)] |

253 | 126(1) |

254 | 127 |

255 | 128 |

256 | [121] |

257 | [121] |

258 | [121] |

259 | [121] |

260 | - |

261 | - |

262 | - |

263 | 129 |

264 | - |

265 | 131 |

266 | 132 |

267 | 117 |

268 | 118 |

269 | 119 |

270 | 120 |

271 | 133 |

272 | 134 |

273 | 135 |

274 | 136 |

275 | 137 |

276 | 138 |

277 | 139 |

278 | 140 |

279 | 125 |

280 | [126(2)] |

281 | - |

282 | 142 |

283 | 143 |

284 | 144 |

285 | 145 |

286 | 145 |

287 | 145 |

288 | 110 |

289 | 114, 115 |

290 | 146 |

291(1) | 146 |

291(2) | - |

292 | 148 |

293, an chéad mhír agus an dara mír | - |

293, an tríú mír | 149 |

293, an ceathrú mír | [157] |

294 | - |

295 | - |

296 | - |

297 | 151 |

298 | 154 |

299 | 154 |

300 | 154 |

301 | 154(3) and 157 |

302 | 158 |

303 | - |

304 | 102 |

305 | [157] |

306 | 103 |

307 | - |

308 | [157] |

309 | - |

310 | [157] |

311 | 104 |

312 | [157] |

313 | 2 |

314 | - |

315 | 156 |

316 | 157 |

317 | - |

318 | - |

319 | - |

320 | 160 |

321 | 160 |

322 | 161 |

323 | 162 |

324 | - |

325 | 163 |

326 | - |

327 | 164 |

328 | 164 |

329 | 165 |

Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn I (I-XX, XXIV/1) |

Iarscríbhinn II | Iarscríbhinn I (XXI-XXIII) |

Iarscríbhinn III | II |

Iarscríbhinn IV | III |

Iarscríbhinn V | [18(8)] |

Iarscríbhinn VI | - |

Iarscríbhinn VII | - |

Iarscríbhinn VIII | - |

Iarscríbhinn IX | - |

Iarscríbhinn X | Iarscríbhinn IV |

Iarscríbhinn XI | Iarscríbhinn V |

Iarscríbhinn XII | Iarscríbhinn VI |

Iarscríbhinn XIII | Iarscríbhinn VII |

Iarscríbhinn XIV | [114(1)(f)] |

Iarscríbhinn XV | [121] |

Iarscríbhinn XVI | [121] |

Iarscríbhinn XVII | - |

Iarscríbhinn XVIII | - |

Iarscríbhinn XIX | - |

Iarscríbhinn XX | Iarscríbhinn VIII |

Rialachán (AE) Uimh. [COIM(2010)799] | Rialachán (AE) Uimh. […]maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air |

96(3) | 89(4) |

145 | 91-101 |

171 | 89(3) |

185(4) | 90(1) |

187 | 90(2) agus (4) |

188 | 91(3) agus (4) |

206 | 89(1) |

236 | 67 |

307 | 65(2)(c) and 104(b) |

317 | 62 |

318 | 64, 66 |

319 | 63 |

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

- Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le scéimeanna íocaíochta dírí d'fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta;

- Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair);

- Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT);

- Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air;

- Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí a chur i bhfeidhm i ndáil leis an mbliain 2013;

- Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta;

- Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le córas na scéime aoníocaíochta agus tacaíocht do shaothraithe finiúnacha;

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB [52]

Réimse beartais Theideal 05 de Cheannteideal 02.

1.3. An cineál togra/tionscnaimh (Creat reachtach don CBT ó 2013 amach)

x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht [53]

x Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí

1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Chun éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn d'fhonn fás cliste inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach i gcomhair thalmhaíocht an AE agus forbartha tuaithe i gcomhréir leis an straités "Eoraip 2020", is iad cuspóirí an CBT:

- Tairgeadh inmharthana bia;

- Bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht ar son na haeráide;

- Forbairt chríochach chothromúil.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha do Réimse beartais 05:

Cuspóir sonrach Uimh. 1:

Earraí poiblí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a sholáthar

Cuspóir sonrach Uimh. 2:

Deacrachtaí táirgthe i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha sonracha iontu a chúiteamh

Cuspóir sonrach Uimh. 3:

Gníomhaíochtaí maidir le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a dhéanamh

Cuspóir sonrach Uimh. 4:

Buiséad an AE (CBT) a bhainistiú i gcomhréir le hardchaighdeáin bainistíochta airgeadais

Cuspóir sonrach d'ABB 05 02 – Idirghabhálacha i margaí talmhaíochta:

Cuspóir sonrach Uimh. 5:

Iomaíocht earnáil na talmhaíochta a fheabhsú agus cur lena luach sa slabhra bia

Cuspóir sonrach d'ABB 05 03 - Cabhair dhíreach:

Cuspóir sonrach Uimh. 6:

Cuidiú le hioncaim feirme agus le hinathraitheacht ioncam feirme a theorannú

Cuspóirí sonracha d'ABB 05 04 – Forbairt tuaithe:

Cuspóir sonrach Uimh. 7:

Fás glas a chothú trí nuálaíocht

Cuspóir sonrach Uimh. 8:

Tacú le forbairt tuaithe agus uige shóisialta limistéar tuaithe a chothabháil

Cuspóir sonrach Uimh. 9:

An geilleagar tuaithe a fheabhsú agus éagsúlú a chur chun cinn

Cuspóir sonrach Uimh. 10:

An deis a thabhairt maidir le héagsúlacht i gcórais feirmeoireachta ó thaobh struchtúir de

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Ní féidir spriocanna cainníochtúla a shocrú le haghaidh táscairí tionchair ag an gcéim seo. Cé gur féidir leis an mbeartas cúrsaí a threorú i dtreo áirithe, bheadh na torthaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta ginearálta arna dtomhas leis na táscairí sin ag brath freisin ar thionchar raon fachtóirí seachtracha, ar fachtóirí iad, i bhfianaise na taithí is déanaí, atá anois suntasach agus neamh-intuartha Tá tuilleadh anailíse ar siúl ar bhonn leanúnach, le bheith réidh don tréimhse tar éis 2013.

Maidir leis na híocaíochtaí díreacha, beidh an deis ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, ar bhonn teoranta, maidir le cur chun feidhme ghnéithe áirithe na scéimeanna íocaíochta dírí.

I gcás na forbartha tuaithe, beidh na torthaí agus an tionchar a bhfuiltear ag súil leo ag brath ar na cláir forbartha tuaithe a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiún. Iarrfar ar Bhallstáit spriocanna a shocrú ina gcláir.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Déantar foráil sna tograí maidir le comhchreat faireacháin agus meastóireachta a bhunú d'fhonn feidhmíocht an Chomhbheartais Talmhaíochta a thomhas. Áireofar sa chreat sin na hionstraimí uile a bhaineann le faireachán agus meastóireacht ar bhearta an CBT agus go háirithe ar na híocaíochtaí díreacha, ar na bearta margaidh, ar na bearta forbartha tuaithe agus ar chur i bhfeidhm an tras-chomhlíonta.

Déanfar tionchar na mbeart sin a thomhas i ndáil leis na cuspóirí seo a leanas:

(a) táirgeadh inmharthana bia agus béim ar ioncam talmhaíochta, ar tháirgeadh talmhaíochta agus ar chobhsaíocht praghsanna;

(b) acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, gníomhaíocht ar son na haeráide, agus béim a chur ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa, ar an mbithéagsúlacht, ar ithir agus ar uisce;

(c) forbairt chríochach chothromúil, agus béim ar fhostaíocht tuaithe, ar fhás agus ar bhochtaineacht i limistéir tuaithe.

Saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an tacar táscairí a bhaineann go sonrach leis na cuspóirí agus na limistéir sin.

Ina theannta sin, maidir le forbairt tuaithe, moltar comhchóras neartaithe faireacháin agus meastóireachta. Dírítear sa chóras sin ar (a) dul chun cinn agus comhlíonadh beartais forbartha tuaithe a léiriú agus tionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus ábharthacht idirghabhálacha ar bheartas forbartha tuaithe a mheasúnú, (b) rannchuidiú le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe atá níos spriocdhírithe, agus (c) tacú le comhphróiseas foghlamtha i ndáil le faireachán agus meastóireacht. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, liosta na gcomhtháscairí atá ceangailte leis na cuspóirí beartais.

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh

1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Chun cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an CBT a bhaint amach, arb ionann iad agus aistriúchán díreach ar straitéis Eoraip 2020 maidir le limistéir thuaithe Eorpacha agus chun ceanglais ábhartha an Chonartha a chomhlíonadh, dírítear sna tograí ar chreat reachtach don Chomhbheartas Talmhaíochta a leagan amach don tréimhse ó 2013 amach.

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Amach anseo ní bheidh an CBT ina bheartas nach bhfreastalaíonn ach ar chuid bheag, bíodh go bhfuil an chuid sin sár-riachtanach, de gheilleagar an AE, ach beartas lena mbaineann tábhacht straitéiseach i gcomhair slándála bia, an chomhshaoil agus cothroime idir críocha a bheidh ann freisin. Ar an gcaoi sin, baineann an CBT, ar chomhbheartas i bhfírinne é, an úsáid is éifeachtúla as acmhainní buiséadacha teoranta chun talmhaíocht inbhuanaithe a chothabháil ar fud an AE, ag díriú ar shaincheisteanna tábhachtacha trasteorann amhail athrú aeráide, agus ag neartú na dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát.

Mar atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún "Buiséad don Eoraip 2020" [54], is beartas Eorpach i bhfírinne an CBT. Seachas 27 beartas talmhaíochta agus buiséad talmhaíochta ar leith a fheidhmiú, déanann na Ballstáit a n-acmhainní a chomhthiomsú chun beartas Eorpach aonair mar aon le buiséad Eorpach aonair a fheidhmiú. Ciallaíonn sé seo go nádúrtha gurb ionann an CBT agus sciar suntasach de bhuiséad an AE. Mar sin féin, tá an cur chuige seo níos éifeachtúla agus níos eacnamaíche ná cur chuige náisiúnta neamh-chomhordaithe.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Bunaithe ar an meastóireacht ar an gcreat beartais reatha, agus comhairliúchán fhairsing leis na geallsealbhóirí chomh maith le hanailís ar dhúshláin agus ar riachtanais amach anseo, cuireadh measúnú cuimsitheach tionchair i gcrích. Tá mionsonraí breise ar fáil sa mheasúnú tionchar agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis na tograí dlíthiúla.

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Ba cheart féachaint ar na tograí reachtacha a bhaineann leis an ráiteas airgeadais seo i gcomhthéacs níos leithne an togra le haghaidh creat-rialachán aonair le comhrialacha maidir le cistí an chomhchreata straitéisigh (CETFT, CFRE, CSE, an Ciste Comhtháite agus CEMI). Cuideoidh an creat-rialachán sin go suntasach leis an ualach riaracháin a laghdú, le cistí an AE a chaitheamh ar bhealach éifeachtach, agus le simpliú a chur i ngníomh. Leis seo daingnítear freisin coincheapa nua an chomhchreata straitéisigh le haghaidh na gcistí sin go léir agus na Conarthaí Comhpháirtíochta atá ag teacht aníos a chumhdóidh na cistí sin freisin.

Sa chomhchreat straitéiseach a bhunófar, déanfar cuspóirí agus tosaíochtaí Straitéis Eoraip 2020 a thiontú ina dtosaíochtaí don CETFT mar aon leis an CFRE, CSE, an Ciste Comhtháite agus CEMI, rud a áiritheoidh úsáid chomhtháite na gcistí chun comhchuspóirí a chur i gcrích.

Sa chomhchreat straitéiseach leagfar amach meicníochtaí comhordúcháin freisin le beartais agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais.

Ina theannta sin, maidir leis an CBT, gheofar sineirgíochtaí agus éifeachtaí simpliúcháin suntasacha trí na rialacha maidir le bainistíocht agus rialú don chéad cholún (CERT) agus don dara colún (CETFT) den CBT a chomhchuibhiú agus a ailíniú. Ba cheart an nasc láidir idir an CERT agus an CETFT a chothabháil agus na struchtúir atá curtha ar bun cheana sna Ballstáit a choimeád.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

x Togra/tionscnamh d'fhad teoranta (i gcás na ndréacht-rialachán maidir le scéimeanna íocaíochta dírí, forbairt tuaithe agus rialacháin idirthréimhseacha)

– x Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1.1.2014 go dtí an 31.12.2020

– x Tionchar airgeadais do thréimhse an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile. D'fhorbairt tuaithe, tionchar ar íocaíochtaí go 2023.

x Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta (i gcás an dréacht-rialacháin maidir leis an CEM aonair agus an rialacháin chothrománaigh)

– Cur chun feidhme ó 2014 amach

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe [55]

x Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail [56]

– comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

x Bainistíocht chomhpháirteach leis an Ballstáit

Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

Nótaí

Gan athrú substainteach ar bith i gcomparáid leis an staid reatha, i.e. déanfar formhór an chaiteachais a bhaineann leis na tograí reachtacha maidir le hathchóiriú an CBT a bhainistiú trí chomhbhainistíocht ag na Ballstáit. Mar sin féin, leanfar de chuid an-bheag a bheith faoi bhainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

I dtéarmaí fhaireachán agus mheastóireacht an CBT, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach 4 bliana, agus tá an chéad tuarascáil le tíolacadh tráth nach déanaí ná deireadh 2017.

Comhlántar an méid sin le forálacha sonracha i réimsí uile an CBT, mar aon le ceanglais chuimsitheacha éagsúla maidir le tuairisciú agus fógra a thabhairt atá le sonrú sna rialacha cur chun feidhme.

Maidir le forbairt tuaithe, déantar foráil maidir le rialacha chun faireachán a dhéanamh ar leibhéal na gclár, a dhéanfar a ailíniú leis na cistí eile, agus a dhéanfar a chúpláil le meastóireachtaí ex ante, leanúnacha agus ex post.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Tá níos mó ná seacht milliún tairbhí ag an CBT, a fhaigheann tacaíocht faoi a lán cineálacha éagsúla scéimeanna cabhrach, a bhfuil critéir incháilitheachta mhionsonraithe agus chasta ar uairibh ag gach ceann acu.

Is féidir an laghdú ar an ráta earráide i réimse an chomhbheartais talmhaíochta a mheas mar threocht cheana. Ar an gcaoi sin, deimhníonn an ráta earráide is déanaí atá gar do 2 % measúnú foriomlán dearfach na mblianta roimhe seo Beartaítear leanúint de na hiarrachtaí chun ráta earráide faoi bhun 2 % a bhaint amach.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Sa phacáiste reachtach, go háirithe sa togra le haghaidh rialacháin maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, beartaítear an córas reatha arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 a chothabháil agus a neartú. Déantar foráil ann do struchtúr éigeantach riaracháin ar leibhéal na mBallstát, láraithe ar ghníomhaireachtaí íocaíochtaí creidiúnaithe, atá freagrach as rialuithe a dhéanamh ar leibhéal na dtairbhithe deiridh i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach faoi phointe 2.3. Gach bliain, ceanglaítear ar cheann gach gníomhaireachta íocaíochta ráiteas ráthaíochta a sholáthar a chumhdaíonn sláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart. Tá comhlacht iniúchta neamhspleách ag teastáil chun tuairim a thabhairt ar gach ceann de na trí heilimintí seo.

Leanfaidh an Coimisiún de chaiteachas talmhaíochta a iniúchadh, ag úsáid cur chuige rioscabhunaithe chun a áirithiú go mbeidh a iniúchtaí spriocdhírithe ar na réimsí is mó riosca. I gcás ina léiríonn na hiniúchtaí sin gur tabhaíodh caiteachas a sháraíonn rialacha an Aontais, eisiafaidh sé na méideanna lena mbaineann ó mhaoiniú an Aontais faoin gcóras imréitigh comhréireachta.

Maidir le costas na rialuithe, soláthraítear anailís mhionsonraithe in Iarscríbhinn 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis na tograí reachtacha.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sa phacáiste reachtach, go háirithe an togra le haghaidh rialacháin maidir leis an gcomhbheartas a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, beartaítear na córais mhionsonraithe reatha do rialuithe agus do phionóis atá le cur i bhfeidhm ag gníomhaireachtaí íocaíochtaí a chothabháil agus a neartú, le bunghnéithe coiteanna agus rialacha speisialta arna n-oiriúnú do shainiúlachtaí gach córas cabhrach. Déantar foráil sna córais de ghnáth maidir le rialuithe uileghabhálacha riaracháin ar 100 % de na hiarratais ar chabhair, cros-seiceálacha le bunachair shonraí eile i gcás ina meastar gur iomchuí sin, chomh maith le seiceálacha ar an láthair réamhíocaíochta ar íosmhéid idirbheart, ag brath ar an riosca a bhaineann leis an gcóras atá i gceist. Má léirítear sna seiceálacha ar an láthair sin líon mór neamhrialtachtaí, ní foláir tuilleadh seiceálacha a dhéanamh. Sa chomhthéacs seo, is é an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (IACS) an córas is mó tábhacht, córas a chumhdaigh tuairim is 80 % den chaiteachas iomlán faoin CERT agus faoin CETFT sa bhliain airgeadais 2010. I gcás Ballstát ina bhfuil córais rialaithe dea-fheidhmiúla agus rátaí ísle earráide, tabharfar de chumhacht don Choimisiún laghdú ar líon na seiceálacha ar an láthair a cheadú.

Beartaítear sa phacáiste freisin go ndéanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú, pionóis atá éifeachtach athchomhairleach agus comhréireach mar atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais nó sa dlí náisiúnta a fhorchur, agus aon íocaíochtaí neamhrialta móide úis a aisghabháil. Áirítear ann meicníocht imréitigh uathoibríoch do chásanna neamhrialtachtaí, ina bhforáiltear, más rud é nach dtarlaíonn an aisghabháil laistigh de cheithre bliana ó dháta an iarratais ar aisghabháil, nó laistigh d'ocht mbliana i gcás imeachtaí dlíthiúla, go n-íocfaidh an Ballstát lena mbaineann na méideanna nach n-aisghabháiltear. Dreasacht láidir do Bhallstáit a bheidh sa mheicníocht sin chun íocaíochtaí neamhrialta a aisghabháil chomh tapa agus is féidir.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

Sloinntear na méideanna a léirítear sa ráiteas airgeadais seo i bpraghsanna reatha agus i ngealltanais.

I dteannta na n-athruithe a thig as na tograí reachtacha mar atá liostaithe sna táblaí tionlacain thíos, tugann na tograí reachtacha le tuiscint go mbeidh tuilleadh athruithe ann nach mbeidh aon tionchar airgeadais acu.

I gcás aon cheann de na blianta sa tréimhse 2014-2020, ní féidir cur i bhfeidhm smachta airgeadais a eisiamh ag an gcéim seo. Mar sin féin, ní bheidh sé seo ag brath ar na tograí le haghaidh athchóiriú mar atá, ach ar fhachtóirí eile, amhail cur i gcrích cabhrach dírí nó forbairtí sna margaí talmhaíochta amach anseo.

Maidir le cabhair dhíreach, tá na glan-uasteorainneacha méadaithe do 2014 (bliain féilire 2013) arna n-áireamh sa togra maidir le haistriú níos airde ná na méideanna a leithdháiltear ar chabhair dhíreach a léirítear sna táblaí tionlacain. Is é is aidhm leis an méadú sin a áirithiú go leanfar den reachtaíocht atá ann cheana a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfanfadh na heilimintí eile go léir gan athrú, gan dochar don riachtanas féideartha an mheicníocht smachta airgeadais a chur i bhfeidhm.

Sna tograí le haghaidh athchóiriú tá forálacha a thugann leibhéal socraithe solúbthachta do Bhallstáit i ndáil leis an gcabhair dhíreach a leithdháiltear orthu i ndáil le le forbairt tuaithe. I gcás ina gcinneann na Ballstáit an tsolúbthacht sin a úsáid, beidh iarmhairtí airgeadais laistigh de na méideanna áirithe sin, nach féidir a chainníochtú ag an gcéim seo.

Sa ráiteas airgeadais seo ní chuirtear san áireamh go bhféadfaí úsáid a bhaint as an gcúlchiste géarchéime. Ba cheart a aibhsiú go bhfuil na méideanna a chuirtear san áireamh le haghaidh caiteachas a bhaineann leis an margadh bunaithe ar cheannach isteach idirghabhála neamhphoiblí agus ar bhearta eile a bhaineann le staid éigeandála in earnáil ar bith.

3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

Tábla 1: Méideanna le haghaidh an CBT lena n-áirítear méideanna comhlántacha dá bhforáiltear i dtograí an CAI agus i dtograí an CBT le haghaidh athchóiriú

EUR milliúin (praghsanna reatha)

Bliain buiséid | 2013 | 2013 coigeartaithe (1) | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN 2014-2020 |

| | | | | | | | | | |

Laistigh den CAI | | | | | | | | | | |

Ceannteideal 2 | | | | | | | | | | |

Cabhair dhíreach agus caiteachas a bhaineann leis an margadh (2) (3) (4) | 44 939 | 45 304 | 44 830 | 45 054 | 45 299 | 45 519 | 45 508 | 45 497 | 45 485 | 317 193 |

Ioncam sannta measta | 672 | 672 | 672 | 672 | 672 | 672 | 672 | 672 | 672 | 4 704 |

P1 Cabhair dhíreach agus caiteachas a bhaineann leis an margadh (le hioncam sannta) | 45 611 | 45 976 | 45 502 | 45 726 | 45 971 | 46 191 | 46 180 | 46 169 | 46 157 | 321 897 |

P2 Forbairt tuaithe (4) | 14 817 | 14 451 | 14 451 | 14 451 | 14 451 | 14 451 | 14 451 | 14 451 | 14 451 | 101 157 |

Iomlán | 60 428 | 60 428 | 59 953 | 60 177 | 60 423 | 60 642 | 60 631 | 60 620 | 60 608 | 423 054 |

Ceannteideal 1 | | | | | | | | | | |

CCS Taighde agus Nuálaíocht Talmhaíochta | N.A. | N.A. | 682 | 696 | 710 | 724 | 738 | 753 | 768 | 5 072 |

Na daoine is díothaí | N.A. | N.A. | 379 | 387 | 394 | 402 | 410 | 418 | 427 | 2 818 |

Iomlán | N.A. | N.A. | 1 061 | 1 082 | 1 104 | 1 126 | 1 149 | 1 172 | 1 195 | 7 889 |

Ceannteideal 3 | | | | | | | | | | |

Sábháilteacht bia | N.A. | N.A. | 350 | 350 | 350 | 350 | 350 | 350 | 350 | 2 450 |

| | | | | | | | | | |

Lasmuigh den CAI | | | | | | | | | | |

Cúlchiste do ghéarchéimeanna talmhaíochta | N.A. | N.A. | 531 | 541 | 552 | 563 | 574 | 586 | 598 | 3 945 |

Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF) | | | | | | | | | | |

An t-uasmhéid de sin atá ar fáil don talmhaíocht (5) | N.A. | N.A. | 379 | 387 | 394 | 402 | 410 | 418 | 427 | 2 818 |

| | | | | | | | | | |

IOMLÁN | | | | | | | | | | |

IOMLÁN Tograí ón gCoimisiún (CAI + lasmuigh den CAI) + ioncam sannta | 60 428 | 60 428 | 62 274 | 62 537 | 62 823 | 63 084 | 63 114 | 63 146 | 63 177 | 440 156 |

IOMLÁN Tograí an CAI (i.e. seachas Cúlchiste agus EGF) + ioncam sannta | 60 428 | 60 428 | 61 364 | 61 609 | 61 877 | 62 119 | 62 130 | 62 141 | 62 153 | 433 393 |

Nótaí:

(1) Ag cur san áireamh athruithe reachtacha atá comhaontaithe cheana, i.e. scoirfidh modhnú deonach i gcás an RA agus Airteagal 136 'méideanna nár caitheadh' d'fheidhm a bheith acu faoi dheireadh 2013.

(2) Baineann na méideanna leis an uasteorainn bhliantúil a mholtar don chéad cholún. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeartaítear caiteachas diúltach a aistriú ó imréiteach cuntas (atá faoi láthair faoi mhír bhuiséadach 05 07 01 06) go hioncam sannta (faoi mhír 67 03). Le haghaidh sonraí, féach tábla d'ioncam measta ar na leathanaigh thíos.

(3) Áirítear sna figiúirí do 2013 na méideanna le haghaidh beart tréidliachta agus fíteasláintíochta chomh maith le bearta margaidh d'earnáil an iascaigh.

(4) Tá na méideanna sa tábla thuas i gcomhréir leis na méideanna sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Buiséad don Eoraip 2020' (COIM(2011) 500 críochnaitheach an 29 Meitheamh 2011). Mar sin féin, tá sé le cinneadh fós an léireoidh an CAI an t-aistriú atá beartaithe do chlúdach Ballstáit amháin sa chlár athstruchtúraithe náisiúnta le haghaidh cadáis go forbairt tuaithe amhail ó 2014, rud a chiallaíonn coigeartú (EUR 4 mhilliún in aghaidh na bliana) ar na méideanna do fho-uasteorainn CERT agus do cholún 2 faoi seach. Sna táblaí sna ranna thíos, tá na méideanna aistrithe, gan aird ar iad a bheith á léiriú sa CAI.

(5) I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Buiséad don Eoraip 2020' (COIM(2011)500 críochnaitheach) beidh méid iomlán de suas go EUR 2.5 milliún ar fáil i bpraghsanna 2011 faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tacaíocht bhreise a sholáthar d'fheirmeoirí atá thíos le héifeachtaí an domhandaithe. Sa tábla thuas, is de chineál táscach amháin an miondealú de réir bliana i bpraghsanna reatha. Sa togra le haghaidh comhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fónta airgeadais COIM(2011)403 críochnaitheach an 29 Meitheamh 2011) leagtar amach, don EFG, uasmhéid bliantúil iomlán de EUR 429 milliún i bpraghsanna 2011.

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

Tábla 2: Ioncam measta chomh maith le caiteachas le haghaidh Réimse Beartais 05 laistigh de Cheannteideal 2

EUR milliúin (praghsanna reatha)

Bliain buiséid | 2013 | 2013 coigeartaithe | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN 2014-2020 |

IONCAM | | | | | | | | | | |

123 – Muirear ar thairgeadh siúcra (acmhainní dílse) | 123 | 123 | 123 | 123 | | | | | | 246 |

| | | | | | | | | | |

67 03 – Ioncam sannta | 672 | 672 | 741 | 741 | 741 | 741 | 741 | 741 | 741 | 5 187 |

de sin: ex 05 07 01 06 – Imréiteach cuntas | 0 | 0 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 483 |

Iomlán | 795 | 795 | 864 | 864 | 741 | 741 | 741 | 741 | 741 | 5 433 |

CAITEACHAS | | | | | | | | | | |

05 02 – Margaí (1) | 3 311 | 3 311 | 2 622 | 2 641 | 2 670 | 2 699 | 2 722 | 2 710 | 2 699 | 18 764 |

05 03 – Cabhair dhíreach (roimh uasteorannú) (2) | 42 170 | 42 535 | 42 876 | 43 081 | 43 297 | 43 488 | 43 454 | 43 454 | 43 454 | 303 105 |

05 03 – Cabhair dhíreach (tar éis uasteorannú) | 42 170 | 42 535 | 42 876 | 42 917 | 43 125 | 43 303 | 43 269 | 43 269 | 43 269 | 302 027 |

| | | | | | | | | | |

05 04 – Forbairt tuaithe (roimh uasteorannú) | 14 817 | 14 451 | 14 455 | 14 455 | 14 455 | 14 455 | 14 455 | 14 455 | 14 455 | 101 185 |

05 04 – Forbairt tuaithe (tar éis uasteorannú) | 14 817 | 14 451 | 14 455 | 14 619 | 14 627 | 14 640 | 14 641 | 14 641 | 14 641 | 102 263 |

| | | | | | | | | | |

05 07 01 06 – Imréiteach cuntas | -69 | -69 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Iomlán | 60 229 | 60 229 | 59 953 | 60 177 | 60 423 | 60 642 | 60 631 | 60 620 | 60 608 | 423 054 |

BUISÉAD GLAN tar éis ioncam sannta | | | 59 212 | 59 436 | 59 682 | 59 901 | 59 890 | 59 879 | 59 867 | 417 867 |

Nótaí:

(1) I gcás 2013, réamh-mheastachán bunaithe ar Dhréachtbhuiséad 2012 ag cur san áireamh coigeartuithe dlíthiúla atá comhaontaithe cheana do 2013 (e.g. uasteorainn fíona, díothú na préimhe stáirse prátaí, farae triomaithe) chomh maith le roinnt forbairtí a raibh coinne leo. I gcás na mblianta uile, glactar leis sna meastacháin nach mbeidh aon riachtanas maoinithe breise le haghaidh beart tacaíochta i ngeall ar shuaitheadh ar an margadh nó géarchéimeanna.

(2) Airítear i méid 2013 meastachán ar ghrafadh do 2012.

Tábla 3: Tionchar airgeadais thograí an CBT le haghaidh athchóiriú i dtaca le hioncam agus caiteachas an CBT a ríomh de réir chaibidil buiséid

EUR milliúin (praghsanna reatha)

Bliain buiséid | 2013 | 2013 coigeartaithe | | IOMLÁN 2014-2020 |

| | | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | |

IONCAM | | | | | | | | | | |

123 – Muirear ar thairgeadh siúcra (acmhainní dílse) | 123 | 123 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

| | | | | | | | | | |

67 03 – Ioncam sannta | 672 | 672 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 483 |

de sin: ex 05 07 01 06 – Imréiteach cuntas | 0 | 0 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 483 |

Iomlán | 795 | 795 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 483 |

CAITEACHAS | | | | | | | | | | |

05 02 – Margaí (1) | 3 311 | 3 311 | -689 | -670 | -641 | -612 | -589 | -601 | -612 | -4 413 |

05 03 – Cabhair dhíreach (roimh uasteorannú) (2) | 42 170 | 42 535 | -460 | -492 | -534 | -577 | -617 | -617 | -617 | -3 913 |

05 03 – Cabhair dhíreach – táirge measta ó uasteorannú atá le haistriú go forbairt tuaithe | | | 0 | -164 | -172 | -185 | -186 | -186 | -186 | -1 078 |

05 04 – Forbairt tuaithe (roimh uasteorannú) | 14 817 | 14 451 | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 | 28 |

05 04 – Forbairt tuaithe – Táirge measta ó uasteorannú atá le haistriú ó chabhair dhíreach | | | 0 | 164 | 172 | 185 | 186 | 186 | 186 | 1 078 |

05 07 01 06 – Imréiteach cuntas | -69 | -69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 69 | 483 |

Iomlán | 60 229 | 60 229 | -1 076 | -1 089 | -1 102 | -1 115 | -1 133 | -1 144 | -1 156 | -7 815 |

BUISÉAD GLAN tar éis ioncam sannta | | | -1 145 | -1 158 | -1 171 | -1 184 | -1 202 | -1 213 | -1 225 | -8 298 |

Nótaí:

(1) I gcás 2013, réamh-mheastachán bunaithe ar Dhréachtbhuiséad 2012 ag cur san áireamh coigeartuithe dlíthiúla atá comhaontaithe cheana do 2013 (e.g. uasteorainn fíona, díothú phréimhe na stáirse prátaí, farae triomaithe) chomh maith le roinnt forbairtí a raibh coinne leo. I gcás na mblianta uile, glactar leis sna meastacháin nach mbeidh aon riachtanas maoinithe breise le haghaidh beart tacaíochta i ngeall ar shuaití ar an margadh nó géarchéimeanna.

(2) Airítear i méid 2013 meastachán ar ghrafadh do 2012.

Tábla 4: Tionchar airgeadais thograí an CBT le haghaidh athchóiriú a ríomh mar caiteachas a bhaineann le margadh an CBT

EUR milliúin (praghsanna reatha)

BLIAIN BUISÉID | | Bunús dlí | Riachtanais mheasta | Athruithe ar 2013 | |

| | | 2013 (1) | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN 2014-2020 |

Bearta Eisceachtúla Raon feidhme cuíchóirithe agus méadaithe an bhunúis dlí | | Airt. 155, 155, 156 | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm |

Idirghabháil a bhaint i gcás cruinneachta crua agus sorguim | | ex Airt.10 | pm | - | - | - | - | - | - | - | - |

Cláir bhia do na daoine is díothaí | (2) | Ex-Airt. 27 de Rial 1234/2007 | 500.0 | -500.0 | -500.0 | -500.0 | -500.0 | -500.0 | -500.0 | -500.0 | -3 500.0 |

Stóráil phríobháideach (Líon snáithín) | | Airt. 16 | N.A. | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Pm |

Cabhair do chadás – Athstruchtúrú | (3) | ex Airt. 5 de Rial. 637/2008 | 10.0 | -4.0 | -4.0 | -4.0 | -4.0 | -4.0 | -4.0 | -4.0 | -28.0 |

Cabhair a bhunú do ghrúpaí táirgeoirí torthaí agus glasraí | | ex Airt. 117 | 30.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | -15.0 | -15.0 | -30.0 | -30.0 | -90.0 |

Scéim Torthaí Scoile | | Airt. 21 | 90.0 | 60.0 | 60.0 | 60.0 | 60.0 | 60.0 | 60.0 | 60.0 | 420.0 |

Díothú leannluslanna | | ex Airt. 111 | 2.3 | -2.3 | -2.3 | -2.3 | -2.3 | -2.3 | -2.3 | -2.3 | -15.9 |

Stóráil phríobháideach bhreise do phúdar bainne bearrtha | | Airt. 16 | N.A. | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm |

Díothú cabhrach d'úsáid bainne bearrtha/púdair bainne bhearrtha mar bhia-ábhar/cáiséin agus úsáid cáiséine | | ex Airt. 101, 102 | pm | - | - | - | - | - | - | - | - |

Stóráil phríobháideach roghnach d'im | (4) | Airt. 16 | 14.0 | [-1.0] | [-14.0] | [-14.0] | [-14.0] | [-14.0] | [-14.0] | [-14.0] | [-85.0] |

Díothú an tobhaigh inspreagtha do bhainne | | ex Airt. 309 | pm | - | - | - | - | - | - | - | - |

IOMLÁN 05 02 | | | | | | | | | | | |

Glanéifeacht na dtograí le haghaidh athchóiriú (5) | | | | -446.3 | -446.3 | -446.3 | -461.3 | -461.3 | -476.3 | -476.3 | -3 213.9 |

Nótaí:

(1) Déantar riachtanais 2013 a mheas ar bhonn Dréachtbhuiséad an Choimisiúin 2012, cé is moite de (a) earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí áit a bhfuil na riachtanais bunaithe ar ráiteas airgeadais na n-athchóirithe faoi seach agus (b) aon athruithe dlíthiúla atá comhaontaithe cheana.

(2) Comhfhreagraíonn méid 2013 leis an togra ón gCoimisiún COIM(2010)486. Ó 2014 amach, maoineofar an beart faoi Cheannteideal 1

(3) Déanfar an clúdach le haghaidh chlár athstruchtúraithe an chadáis don Ghréig (EUR 4 mhilliún/bliain) a aistriú go forbairt tuaithe ó 2014 amach. Cuirfear an clúdach don Spáinn (EUR 6.1 milliún/bliain) isteach i Scéim na hAoníocaíochta ó 2018 amach (cinneadh déanta cheana).

(4) Éifeacht mheasta i gcás nach gcuirtear an beart i bhfeidhm.

(5) I dteannta caiteachais laistigh de Chaibidil 05 02 agus 05 03, tá coinne leis go maoineofar caiteachas díreach laistigh de Chaibidil 05 01, 05 07 agus 05 08 le hioncam a shannfar don CERT

Tábla 5: Tionchar airgeadais thograí an CBT le haghaidh athchóiriú a ríomh maidir le cabhair dhíreach

EUR milliúin (praghsanna reatha)

BLIAIN BUISÉID | | Bunús dlí | Riachtanais mheasta | Athruithe ar 2013 | |

| | | 2013 (1) | 2013 coigeartaithe (2) | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN 2014-2020 |

| | | | | | | | | | | | |

Cabhair dhíreach | | | 42 169.9 | 42 535.4 | 341.0 | 381.1 | 589.6 | 768.0 | 733.2 | 733.2 | 733.2 | 4 279.3 |

- Athruithe a cinneadh cheana: | | | | | | | | | | | | |

12 AE a chéimniú isteach | | | | | 875.0 | 1 133.9 | 1 392.8 | 1 651.6 | 1 651.6 | 1 651.6 | 1 651.6 | 10 008.1 |

Athstruchtúrú cadáis | | | | | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 6.1 | 6.1 | 6.1 | 18.4 |

Seiceáil Sláinte | | | | | -64.3 | -64.3 | -64.3 | -90.0 | -90.0 | -90.0 | -90.0 | -552.8 |

Athchóirithe roimhe seo | | | | | -9.9 | -32.4 | -32.4 | -32.4 | -32.4 | -32.4 | -32.4 | -204.2 |

| | | | | | | | | | | | |

- Athruithe i ngeall ar thograí nua an CBT le haghaidh athchóiriú | | | -459.8 | -656.1 | -706.5 | -761.3 | -802.2 | -802.2 | -802.2 | -4 990.3 |

Ina measc: uasteorannú | | | | | 0.0 | -164.1 | -172.1 | -184.7 | -185.6 | -185.6 | -185.6 | -1 077.7 |

| | | | | | | | | | | | |

IOMLÁN 05 03 | | | | | | | | | | | | |

Glanéifeacht na dtograí le haghaidh athchóiriú | | | | | -459.8 | -656.1 | -706.5 | -761.3 | -802.2 | -802.2 | -802.2 | -4 990.3 |

CAITEACHAS IOMLÁN | | | 42 169.9 | 42 535.4 | 42 876.4 | 42 916.5 | 43 125.0 | 43 303.4 | 43 268.7 | 43 268.7 | 43 268.7 | 302 027.3 |

Nótaí:

(1) Áirítear sa mhéid do 2013 meastachán ar ghrafadh do 2012.

(2) Ag cur san áireamh athruithe reachtacha atá comhaontaithe cheana, i.e. scoirfidh modhnú deonach i gcás an RA agus Airteagal 136 'méideanna nár caitheadh' d'fheidhm a bheith acu faoi dheireadh 2013.

Tábla 6: Comhpháirteanna na cabhrach dírí

EUR milliúin (praghsanna reatha)

BLIAIN BUISÉID | | | | | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN 2014-2020 |

Iarscríbhinn II | | | | | 42 407.2 | 42 623.4 | 42 814.2 | 42 780.3 | 42 780.3 | 42 780.3 | 256 185.7 |

Íocaíocht as cleachtais talmhaíochta chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil (30 %) | | | | | 12 866.5 | 12 855.3 | 12 844.3 | 12 834.1 | 12 834.1 | 12 834.1 | 77 068.4 |

An t-uasmhéid is féidir a leithdháileadh ar an Íocaíocht d'fheirmeoirí óga (2 %) | | | | | 857.8 | 857.0 | 856.3 | 855.6 | 855.6 | 855.6 | 5 137.9 |

Scéim Buníocaíochta, Íocaíocht i leith limistéar a bhfuil Srianta Nádúrtha iontu, Tacaíocht Chúpláilte Dheonach | | | | | 28 682.9 | 28 911.1 | 29 113.6 | 29 090.6 | 29 090.6 | 29 090.6 | 173 979.4 |

An t-uasmhéid is féidir a thógáil ó na línte thuas chun an Scéim d'Fheirmeoirí Beaga a mhaoiniú (10 %) | | | | | 4 288.8 | 4 285.1 | 4 281.4 | 4 278.0 | 4 278.0 | 4 278.0 | 25 689.3 |

Aistrithe fíona a áirítear in Iarscríbhinn II [57] | | | | | 159.9 | 159.9 | 159.9 | 159.9 | 159.9 | 159.9 | 959.1 |

Uasteorannú | | | | | -164.1 | -172.1 | -184.7 | -185.6 | -185.6 | -185.6 | -1 077.7 |

Cadás | | | | | 256.0 | 256.3 | 256.5 | 256.6 | 256.6 | 256.6 | 1 538.6 |

POSEI/Na hOileáin Aéigeacha bheaga | | | | | 417.4 | 417.4 | 417.4 | 417.4 | 417.4 | 417.4 | 2 504.4 |

Tábla 7: Tionchar airgeadais thograí an CBT le haghaidh athchóiriú a ríomh maidir le bearta idirthréimhseacha chun cabhair dhíreach a dheonú in 2014

EUR milliúin (praghsanna reatha)

BLIAIN BUISÉID | | Bunús dlí | Riachtanais mheasta | Athruithe ar 2013 |

| | | 2013 (1) | 2013 coigeartaithe | 2014 (2) |

Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 | | | 40 165.0 | 40 530.5 | 541.9 |

10 AE a chéimniú isteach | | | | | 616.1 |

Seiceáil Sláinte | | | | | -64.3 |

Athchóirithe roimhe seo | | | | | -9.9 |

IOMLÁN 05 03 | | | | | |

CAITEACHAS IOMLÁN | | | 40 165.0 | 40 530.5 | 41 072.4 |

Nótaí:

(1) Áirítear sa mhéid do 2013 meastachán ar ghrafadh do 2012.

(2) Áirítear sna glan-uasteorainneacha sínte meastachán ar na haistrithe fíona go SPS bunaithe ar chinntí a rinne na Ballstáit do 2013.

Tábla 8: Tionchar airgeadais thograí an CBT le haghaidh athchóiriú a ríomh maidir le forbairt tuaithe

EUR milliúin (praghsanna reatha)

BLIAIN BUISÉID | | Bunús dlí | Leithreas d'fhorbairt tuaithe | Athruithe ar 2013 | |

| | | 2013 | 2013 coigeartaithe (1) | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN 2014-2020 |

Cláir forbartha tuaithe | | | 14 788.9 | 14 423.4 | | | | | | | | |

Cabhair do chadás - Athstruchtúrú | (2) | | | | 4.0 | 4.0 | 4.0 | 4.0 | 4.0 | 4.0 | 4.0 | 28.0 |

Táirge ó chabhair dhíreach a uasteorannú | | | | | | 164.1 | 172.1 | 184.7 | 185.6 | 185.6 | 185.6 | 1 077.7 |

Clúdach d'fhorbairt tuaithe cé is moite de chúnamh teicniúil | (3) | | | | -8.5 | -8.5 | -8.5 | -8.5 | -8.5 | -8.5 | -8.5 | -59.4 |

Cúnamh teicniúil | (3) | | 27.6 | 27.6 | 8.5 | 3.5 | 3.5 | 3.5 | 3.5 | 3.5 | 3.5 | 29.4 |

Duais do thionscadail chomhair nuálaíocha áitiúla | (4) | | N/B. | N/B. | 0.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 30.0 |

IOMLÁN 05 04 | | | | | | | | | | | | |

Glanéifeacht na dtograí le haghaidh athchóiriú | | | | | 4.0 | 168.1 | 176.1 | 188.7 | 189.6 | 189.6 | 189.6 | 1 105.7 |

CAITEACHAS IOMLÁN (roimh uasteorannú) | | | 14 816.6 | 14 451.1 | 14 455.1 | 14 455.1 | 14 455.1 | 14 455.1 | 14 455.1 | 14 455.1 | 14 455.1 | 101 185.5 |

CAITEACHAS IOMLÁN (tar éis uasteorannú) | | | 14 816.6 | 14 451.1 | 14 455.1 | 14 619.2 | 14 627.2 | 14 639.8 | 14 640.7 | 14 640.7 | 14 640.7 | 102 263.2 |

Nótaí:

(1) Coigeartuithe i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana a bhfuil feidhm aici go dtí deireadh bhliain airgeadais 2013 agus go dtí sin amháin.

(2) Tá na méideanna i dtábla 1 (roinn 3.1) i gcomhréir leis na méideanna sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Buiséad don Eoraip 2020' (COIM(2011) 500 críochnaitheach). Mar sin féin, tá sé le cinneadh fós an léireoidh an CAI an t-aistriú a bheartaítear do chlúdach Bhallstáit amháin sa chlár athstruchtúraithe náisiúnta le haghaidh cadáis chuig forbairt tuaithe ó 2014 amach, rud a chiallaíonn coigeartú (EUR 4 mhilliún in aghaidh na bliana) ar na méideanna d'fho-uasteorainn CERT agus do cholún 2 faoi seach. I dtábla 8 thuas, tá na méideanna aistrithe, gan aird ar iad a bheith á léiriú sa CAI.

(3) Socraíodh an méid le haghaidh cúnaimh theicniúil do 2013 ar bhonn an chlúdaigh tosaigh d'fhorbairt tuaithe (ní áirítear aistrithe ó cholún 1 anseo).

Tá an cúnamh teicniúil do 2014-2020 socraithe ag 0.25 % den chlúdach iomlán d'fhorbairt tuaithe.

(4) Arna chumhdach ag an méid atá ar fáil le haghaidh cúnaimh theicniúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | 5 | "Caiteachas riaracháin" |

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Tabhair faoi deara: Meastar nach mbeidh aon tionchar ag na tograí reachtacha ar leithreasaí de chineál riaracháin, i.e. beartaítear gur féidir an creat reachtach a chur chun feidhme leis an leibhéal reatha acmhainní daonna agus caiteachais riaracháin.

| | | Bliain 2014 | Bliain 2015 | Bliain 2016 | Bliain 2017 | Bliain 2018 | Bliain 2019 | Bliain 2020 | IOMLÁN |

AS: AGRI |

Acmhainní daonna | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 958.986 |

Caiteachas riaracháin eile | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 67.928 |

IOMLÁN AS AGRI | Leithreasaí | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 1 026.914 | 1 026.914 |

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 1 026.914 |

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

| | | Bliain N [58] | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN |

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Oibleagáidí | | | | | | | | |

| Íocaíochtaí | | | | | | | | |

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir | | | Bliain 2014 | Bliain 2015 | Bliain 2016 | Bliain 2017 | Bliain 2018 | Bliain 2019 | Bliain 2020 | IOMLÁN |

| ASCHUIR |

| Saghas aschuir | Meánchostas an aschuir | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon iomlán na n-aschur | Costas iomlán |

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5: Iomaíocht earnáil na talmhaíochta a fheabhsú agus cur lena luach sa slabhra bia | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Torthaí agus glasraí: Margaíocht trí eagraíochtaí táirgeoirí (POanna) [59] | Cion luach na táirgeachta arna margú trí POanna de réir luach na táirgeachta iomláine | | | 830.0 | | 830.0 | | 830.0 | | 830.0 | | 830.0 | | 830.0 | | 830.0 | | 5 810.0 |

- Fíon: Clúdach náisiúnta – Athstruchtúrú 51 | Líon heicteár | | 54 326 | 475.1 | 54 326 | 475.1 | 54 326 | 475.1 | 54 326 | 475.1 | 54 326 | 475.1 | 54 326 | 475.1 | 54 326 | 475.1 | | 3 326.0 |

- Fíon: Clúdach náisiúnta – Infheistíochtaí 51 | | | 1 147 | 178.9 | 1 147 | 178.9 | 1 147 | 178.9 | 1 147 | 178.9 | 1 147 | 178.9 | 1 147 | 178.9 | 1 147 | 178.9 | | 1 252.6 |

- Fíon: Clúdach náisiúnta– driogadh seachtháirgí 51 | Heictilítir | | 700 000 | 98.1 | 700 000 | 98.1 | 700 000 | 98.1 | 700 000 | 98.1 | 700 000 | 98.1 | 700 000 | 98.1 | 700 000 | 98.1 | | 686.4 |

- Fíon: Clúdach náisiúnta – Alcól inólta 51 | Líon heicteár | | 32 754 | 14.2 | 32 754 | 14.2 | 32 754 | 14.2 | 32 754 | 14.2 | 32 754 | 14.2 | 32 754 | 14.2 | 32 754 | 14.2 | | 14.2 |

- Fíon: Clúdach náisiúnta – Úsáid úrfhíona thiubhaithe | Heictilítir | | 9 | 37.4 | 9 | 37.4 | 9 | 37.4 | 9 | 37.4 | 9 | 37.4 | 9 | 37.4 | 9 | 37.4 | | 261.8 |

- Fíon: Clúdach náisiúnta – cur chun cinn 51 | | | | 267.9 | | 267.9 | | 267.9 | | 267.9 | | 267.9 | | 267.9 | | 267.9 | | 1 875.3 |

- Eile | | | | 720.2 | | 739.6 | | 768.7 | | 797.7 | | 820.3 | | 808.8 | | 797.1 | | 5 452.3 |

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5 | | 2 621.8 | | 2 641.2 | | 2 670.3 | | 2 699.3 | | 2 721.9 | | 2 710.4 | | 2 698.7 | | 18 763.5 |

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6:Cuidiú le hioncaim feirme agus le hinathraitheacht ioncam feirme a theorannú | | | | | | | | | | | | | | | | |

Tacaíocht cabhrach dírí [60] | Líon heicteár a íocadh(i milliúin) | | 161.014 | 42 876.4 | 161.014 | 43 080.6 | 161.014 | 43 297.1 | 161.014 | 43 488.1 | 161.014 | 43 454.3 | 161.014 | 43 454.3 | 161.014 | 43 454.3 | 161.014 | 303 105.0 |

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 6 | | 42 876.4 | | 43 080.6 | | 43 297.1 | | 43 488.1 | | 43 454.3 | | 43 454.3 | | 43 454.3 | | 303 105.0 |

COSTAS IOMLÁN | | | | | | | | | | | | | | | | |

Tabhair faoi deara: I gcás cuspóirí sonracha 1 go 4 agus 7 go 10, tá an t-aschur fós le cinneadh (féach roinn 1.4.2 thuas).

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

3.2.3.1. Achoimre

– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

| Bliain2014 | Bliain2015 | Bliain2016 | Bliain2017 | Bliain2018 | Bliain2019 | Bliain2020 | IOMLÁN |

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

Acmhainní daonna [61] | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 136.998 | 958.986 |

Caiteachas riaracháin eile | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 9.704 | 67.928 |

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

Acmhainní daonna | | | | | | | | |

Caiteachas eile de chineál riaracháin | | | | | | | | |

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

IOMLÁN | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 146.702 | 1 026.914 |

3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Tabhair faoi deara: Meastar nach mbeidh aon tionchar ag na tograí reachtacha ar leithreasaí de chineál riaracháin, i.e. beartaítear gur féidir an creat reachtach a chur chun feidhme leis an leibhéal reatha acmhainní daonna agus caiteachais riaracháin. Tá na figiúirí don tréimhse 2014-2020 bunaithe ar an staid in 2011.

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

| Bliain 2014 | Bliain 2015 | Bliain 2016 | Bliain 2017 | Bliain 2018 | Bliain 2019 | Bliain 2020 |

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) |

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 1 034 | 1 034 | 1 034 | 1 034 | 1 034 | 1 034 | 1 034 |

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 |

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) | | | | | | | |

10 01 05 01 (Taighde díreach) | | | | | | | |

Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) [62] |

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") | 78 | 78 | 78 | 78 | 78 | 78 | 78 |

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) | | | | | | | |

XX 01 04 yy | - sa Cheanncheathrú | | | | | | | |

| - i dtoscaireachtaí | | | | | | | |

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) | | | | | | | |

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) | | | | | | | |

Línte buiséid eile (sonraigh) | | | | | | | |

IOMLÁN [63] | 1 115 | 1 115 | 1 115 | 1 115 | 1 115 | 1 115 | 1 115 |

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | |

Pearsanra seachtrach | |

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– x Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis na TOGRAÍ DON chreat airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020

– Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

– Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– X Déantar foráil sa togra maidir le forbairt tuaithe (CETFT) maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

| Bliain 2014 | Bliain 2015 | Bliain 2016 | Bliain 2017 | Bliain 2018 | Bliain 2019 | Bliain 2020 | Iomlán |

Sonraigh an chomhlacht cómhaoinithe | BS | BS | BS | BS | BS | BS | BS | BS |

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe [64] | Le cinneadh | Atá le cinneadh | Atá le cinneadh | Atá le cinneadh | Atá le cinneadh | Atá le cinneadh | Atá le cinneadh | Atá le cinneadh |

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– x Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– x ar acmhainní dílse

– x ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim | Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach | Tionchar an togra/tionscnaimh [65] |

| | Bliain2016 | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |

| | | | | | | | |

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

Féach táblaí 2 agus 3 i roinn 3.2.1.

[1] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún Buiséad don Eoraip 2020, COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011.

[2] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún An CBT i dtreo 2020: déileáil leis na dúshláin bhia, acmhainní nádúrtha agus chríche a bheidh ann amach anseo, COIM(2010)672 críochnaitheach, 18.11.2010.

[3] Féach go háirithe an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2011, 2011/2015(INI), agus conclúidí na hUachtarántachta an 18.3.2011.

[4] Is éard atá sa chreat reachtach atá ann faoi láthair Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (íocaíochtaí díreacha), Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (ionstraimí margaidh), Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (forbairt tuaithe), Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle (maoiniú).

[5] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, COIM(2011)615 an 6.10.2011.

[6] Féach Iarscríbhinn 9 den mheasúnú tionchair chun forbhreathnú a fháil ar an 517 aighneacht a fuarthas.

[7] IO C […], […], lch. […].

[8] IO C […], […], lch. […].

[9] Tuairim an [...] IO C […], […], lch. […].

[10] IO C […], […], lch. […].

[11] COM(2010) 672 críochnaitheach, 18.11.2010.

[12] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

[13] …

[14] IO L 34, 9.2.1979, lch. 2.

[15] COIM/2009/0234 críochnaitheach.

[16] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

[17] IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

[18] IO L […], […], lch. […].

[19] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[20] IO L 206, 16.8.1996, lch. 46.

[21] IO L 87, 24.3.2007, lch. 1.

[22] IO L 87, 24.3.2007, lch. 1.

[23] IO L […], […], lch. […].

[24] IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

[25] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

[26] IO L 265, 25.9.2006, lch. 1.

[27] IO C 244, 1.10.2004, lch. 2.

[28] IO L 197, 3. 8.2000, lch. 19.

[29] IO L 10, 12. 1.2002, lch. 58.

[30] IO L 10, 12.1.2002, lch. 67.

[31] IO L 15, 17. 1.2002, lch. 19.

[32] IO L 10, 12. 1.2002, lch. 47.

[33] IO L 10, 12.1.2002, lch. 53.

[34] IO L 39, 13. 2.2008, lch. 16.

[35] IO L 299, 8.11.2008, lch. 25.

[36] IO L 78, 24. 3.2009, lch. 1.

[37] IO L 179, 14. 7.1999, lch. 1.

[38] IO L 118, 4. 5.2002, lch. 1.

[39] IO L 186, 30. 6.1989, lch. 21.

[40] IO L 109, 6. 5.2000, lch. 29.

[41] IO L 247, 21. 9.2007, lch. 17.

[42] IO L 302, 19.10.1992, lch. 10.

[43] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

[44] IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.

[45] IO L 185, 17.7.2009, lch. 1.

[46] IO L 328, 15.12.2009, lch. 10.

[47] IO L […], […], lch. […].

[48] IO L 376, 27.12.2006, lch. 21.

[49] IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

[50] IO L 276, 6.10.1990, lch. 40.

[51] IO L 40, 11.2.1999, lch. 34.

[52] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[53] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[54] COIM(2011) 500 críochnaihteach, 29 Meitheamh 2011.

[55] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[56] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[57] Áirítear sa chabhair dhíreach don tréimhse 2014-2020 meastachán ar na haistrithe fíona go SPS bunaithe ar chinntí a rinne na Ballstáit do 2013.

[58] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[59] Bunaithe ar fheidhmiú san am atá thart agus ar mheastacháin i nDréachtbhuiséad 2012. I gcás eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, tá na méideanna ag luí leis an athchóiriú ar an earnáil sin agus, mar atá léirithe cheana i ráitis ghníomhaíochta Dhreachtbhuiseád 2012, ní thaispeánfar aschur go dtí déanach in 2011.

[60] Bunaithe ar limistéir a d'fhéadfadh a bheith incháilithe do 2009.

[61] Bunaithe ar mheánchostas de EUR 127 000 do phlean bunaíochta le haghaidh post oifigeach agus gníomhairí sealadacha.

[62] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[63] Ní áirítear anseo an fho-uasteorainn ar líne buiséid 05.010404.

[64] Leagfar amach an méid seo sna cláir forbartha tuaithe atá le cur faoi bhráid na mBallstát.

[65] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaom, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 25 % de chostais bhailiúcháin a bhaint.

--------------------------------------------------

Top