Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0614

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le forálacha sonracha maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

/* COIM/2011/0614 leagan deireanach - 2011/0275 (COD) */

52011PC0614

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le forálacha sonracha maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 /* COIM/2011/0614 leagan deireanach - 2011/0275 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Ar an 29 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020: Buiséad don Eoraip 2020[1]. Ina thogra, chinn an Coimisiún gur cheart beartas comhtháthaithe a bheith ina ghné riachtanach den chéad phacáiste airgeadais eile i gcónaí agus chuir sé béim ar a ról ríthábhachtach maidir leis an Straitéis Eoraip 2020[2] a chur i ngníomh.

Dá bhrí sin mhol an Coimisiún roinnt athruithe tábhachtacha ar an dóigh ina ndéantar beartas comhtháthaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. Is iad príomh‑shainmharcanna an togra cistiú a dhíriú ar líon níos lú tosaíochtaí atá nasctha níos fearr le Straitéis Eoraip 2020, díriú ar thorthaí, faireachán ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí comhaontaithe, úsáid coinníollachtaí a mhéadú agus an seachadadh a shimpliú.

Leagtar amach sa Rialachán seo na forálacha lena rialaítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. Baintear leas ann as an obair a rinneadh ó foilsíodh an Ceathrú Tuarascáil faoin gComhtháthú i mí Bealtaine 2007 ina bhfuil cuntas ar na príomhdhúshláin atá os comhair na réigiún sna blianta atá le teacht agus inar cuireadh tús leis an díospóireacht ar an mbeartas comhtháthaithe amach anseo. Ar an 9 Samhain 2010, ghlac an Coimisiún an Cúigiú Tuarascáil faoin gComhtháthú inar soláthraíodh anailís ar threochtaí sóisialta agus eacnamaíocha agus inar tugadh léargas ar threoshuímh maidir leis an mbeartas comhtháthaithe amach anseo.

Is é an beartas comhtháthaithe an phríomhionstraim infheistíochta chun tacú le heochairthosaíochtaí an Aontais mar atá siad cumhdaithe sa Straitéis Eoraip 2020. Déanann sé amhlaidh trí dhíriú isteach ar na tíortha agus na réigiúin is mó atá i ngátar. Is é ceann de mhóréachtaí an AE an chaoi a bhfuil sé in ann caighdeáin mhaireachtála a ardú dá shaoránaigh uile. Déanann sé é seo, ní amháin trí chuidiú le Ballstáit agus le réigiúin níos boichte forbairt agus fás ach freisin trína ról i lánpháirtiú an Mhargaidh Aonair a sholáthraíonn margaí agus barainneachtaí scála de bharr a mhéide, i ngach áit san AE, idir shaibhir agus daibhir, mhór agus bheag. I meastóireacht an Choimisiúin ar chaiteachas an bheartais chomhtháthaithe san am a chuaigh thart léiríodh a lán samplaí de luach breise agus d'infheistíocht as ar tháinig fás agus poist nach bhféadfadh tarlú murach tacaíocht ó bhuiséad an AE. Mar sin féin, léirítear tionchar an scaipthe agus an easpa ord tosaíochta sna torthaí. Ag tráth a bhfuil airgead poiblí gann agus infheistíocht lena neartaítear fás de dhíth níos mó ná mar a bhí riamh, chinn an Coimisiún athruithe tábhachtacha a bheartú ar an mbeartas comhtháthaithe.

Tá sé d’aidhm ag CFRE comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas Eorpach a neartú trí éagothromaíochtaí i measc a réigiún a cheartú. Tacaíonn CFRE le forbairt réigiúnach agus le forbairt áitiúil trí chómhaoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí i T&F agus i nuálaíocht; in athrú aeráide agus sa chomhshaol; i dtacaíocht ghnó do FBManna; i seirbhísí leasa eacnamaíoch choitinn; i mbonneagair theileachumarsáide, fuinnimh agus iompair; i mbonneagair shláinte, oideachais agus shóisialta; agus i bhforbairt inbhuanaithe uirbeach.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1       Comhairliúchán agus comhairle na saineolaithe

Breithníodh torthaí na gcomhairliúchán poiblí ar an gCúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta, Athbhreithniú Buiséid an AE[3], na tograí don chreat airgeadais ilbhliantúil[4], an Cúigiú Tuarascáil faoin gComhtháthú[5] agus na gcomhairliúchán tar éis ghlacadh na tuarascála agus na tograí á ndéanamh.

Tionóladh an comhairliúchán poiblí ar Chonclúidí na Cúigiú Tuarascála faoin gComhtháthú idir an 12 Samhain 2010 agus an 31 Eanáir 2011. Fuarthas 444 freagra ar an iomlán. Áiríodh sna freagróirí Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí a bhfuil leas Eorpach acu, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saoránaigh agus páirtithe leasmhara eile. Cuireadh sraith ceisteanna sa chomhairliúchán poiblí maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe. Foilsíodh achoimre ar na torthaí an 13 Bealtaine 2011[6].

Úsáideadh torthaí na meastóireachtaí ex-post a rinneadh ar na cláir 2000-2006, agus raon leathan staidéar agus comhairle saineolaithe mar ionchur. Cuireadh comhairle saineolaithe ar fáil chomh maith tríd an nGrúpa Ardleibhéil ag machnamh ar an mBeartas Comhtháthaithe amach anseo, a bhí comhdhéanta de shaineolaithe ó riaracháin náisiúnta, agus bhí 10 gcruinniú acu idir 2009 agus 2011.

Léiríonn torthaí an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an gCúigiú Tuarascáil faoin gComhtháthú go bhfuil comhaontú ginearálta ann maidir leis an smaoineamh cistiú a dhíriú. Tá imní ann, áfach, nach bhfuil cinntí maidir le cistiú a dhíriú á ndéanamh ar an leibhéal iomchuí. Go háirithe, cuirtear béim in go leor aighneachtaí ar an ngá atá le solúbthacht agus ar an ngá gan sainiúlachtaí críochacha a ligean thart. Ina theannta sin, léiríodh imní i roinnt aighneachtaí nach mbeadh an tsolúbthacht riachtanach ann chun straitéisí forbartha réigiúnaí iomchuí a shainiú dá ndéanfaí tosaíochtaí ar leibhéal an AE a theorannú an iomarca.

2.2       Measúnú tionchair

Rinneadh roghanna a mheasúnú go háirithe maidir le rannchuidiú CFRE le dhá earra phoiblí:

– rannchuidiú le fostaíocht, T&F agus nuálaíocht trí thacaíocht a thabhairt d'fhiontair;

– infheistiú i mbonneagar bunúsach (e.g. iompar, fuinneamh, comhshaol, bonneagar sóisialta agus sláinte).

Níor tugadh aghaidh ar réimsí eile ina gcabhraíonn CFRE go mór le soláthar earraí poiblí an AE, os rud é nár sainaithníodh i dtaighde acadúil agus i meastóireachtaí leantacha fadhbanna ar leith sna réimsí sin maidir le raon feidhme idirghabhála CFRE.

Maidir le tacaíocht d'fhiontair, is féidir a rá gur mó gá atá le tacaíocht den sórt sin, i bhfoirm deontas go háirithe, d’fhiontair bheaga, do ghníomhaíochtaí nuálacha agus i limistéir faoi mheath thionsclaíoch ina bhfuil athrú struchtúrach ag tarlú. Tá an cás maidir le hinfheistiú a dhéanamh i bhfiontair mhóra, i limistéir ina bhfuil níos lú nuálaíochta agus i réigiúin atá tarraingteach d’infheisteoirí gan tacaíocht, i bhfad níos laige. Is i réigiúin lagfhorbartha nach bhfuil dóthain cistí ag údaráis áitiúla chun infheistiú a dhéanamh, agus nach féidir costais infheistíochta a fháil ar ais os rud é go bhfuil an pobal ar ioncam íseal, is láidre atá an cás do bhonneagar maoinithe. Tá an cás maidir le hinfheistiú a dhéanamh i mbonneagar bunúsach i réigiúin mhórfhorbartha i bhfad níos laige.

I measc na roghanna a scrúdaíodh, bhí an status quo, athruithe ionas go mbeadh cistiú níos spriocdhírithe, agus rogha ag a mbeadh raon feidhme i bhfad níos srianta i gcomparáid leis na roghanna maoinithe reatha. Roghnaíodh an spriocdhíriú méadaithe, rud a mhéadaíonn éifeachtúlacht, éifeachtacht agus breisluach AE cistithe, ach a fhágann ag an am céanna dóthain solúbthachta ag na réigiúin maidir le hinfheistíocht, agus a íoslaghdaíonn an baol go dtitfeadh gníomhaíochtaí óna dteastaíonn cistiú taobh amuigh de raon feidhme na hidirghabhála.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá ról tábhachtach ag beartas réigiúnach Eorpach maidir le leas a bhaint as sócmhainní áitiúla agus díriú ar an acmhainneacht inginiúil a fhorbairt.

In Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iarrtar gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun a chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a neartú agus chun forbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn trína héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus forbairt a chur chun cinn sna réigiúin is mídheisiúla.

Cuirtear cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh chun cinn trí thrí chiste de chuid an AE. Mar a shonraítear in Airteagal 176 den CFAE, is é aidhm CFRE forbairt agus coigeartú struchtúrach a chur chun cinn i réigiúin atá ag titim ar chúl agus i réigiúin ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú.

Sonraítear in Airteagal 174 den CFAE, go dtabharfar aird ar leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu amhail na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus réigiúin oileánacha, trasteorann agus sléibhtiúla.

Sonraítear in Airteagal 349 den CFAE go nglacfar bearta sonracha chun staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, staid a dhéantar níos measa fós mar gheall ar ghnéithe sonracha áirithe a chuireann bac mór ar a bhforbairt. Áireofar sna bearta sonracha coinníollacha rochtana ar na Cistí Struchtúracha.

Tá uainiú an athbhreithnithe ar chistiú an AE chun comhtháthú a chur chun cinn nasctha leis an togra le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil nua, mar chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin.

Faoi mar a tugadh chun suntais in Athbhreithniú Buiséid an AE, “ba cheart buiséad an AE a úsáid chun earraí poiblí an AE, gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin a mhaoiniú, nó i gcás inar féidir leis torthaí níos fearr a fháil”.[7] Urramóidh an togra dlí prionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil tascanna CFRE leagtha amach sa Chonradh agus go gcuirtear an beartas chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na comhbhainistíochta agus inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát agus na réigiún á n‑urramú.

Tá an ionstraim reachtach, agus an cineál birt araon (i.e. cistiú) sainithe sa CFAE, ina soláthraíodh an bunús dlí do na Cistí Struchtúracha, agus ina sonraítear go beidh cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha sainithe i rialacháin.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Déantar foráil i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil maidir le EUR 376 billiún do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach don tréimhse 2014-2020.

Buiséad bearta 2014-2020 || EUR billiún

Réigiúin chóineasaithe Réigiúin trasdula Réigiúin iomaíochais Comhar críche Ciste Comhtháthaithe Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus a bhfuil daonra beag acu || 162,6 39 53,1 11,7 68,7 0,926

An tSaoráid “Connecting Europe” le haghaidh iompair, fuinnimh agus theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) || 40 (chomh maith le EUR 10 billiún breise imfhálaithe sa Chiste Comhtháthaithe)

*Tá na figiúirí ar fad i bpraghsanna tairiseacha 2011

Bunaíodh le togra an Choimisiúin íos‑sciartha do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) le haghaidh gach catagóire réigiún ar mhaithe le rannchuidiú na gcistí a fheabhsú maidir le príomhspriocanna straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Is é an toradh ar na sciartha a chur i bhfeidhm íos‑sciar fhoriomlán do CSE 25 % den bhuiséad arna leithdháileadh ar bheartas comhtháthaithe, i.e EUR 84 billiún. Fágann sin go bhfuil uasmhéid EUR 183,3 billiún ar a mhéid fós ar fáil do CFRE don tréimhse 2014-2020.

5.           ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN ARNA BHEARTÚ

Cinneann an Rialachán atá beartaithe raon feidhme idirghabháil CFRE, agus sainíonn sé liosta diúltach gníomhaíochtaí nach mbeidh incháilithe i gcomhair tacaíochta. Sainíonn sé tosaíochtaí infheistíochta maidir le gach ceann de na cuspóirí téamacha.

Ceanglófar ar réigiúin trasdula agus ar réigiúin atá níos forbartha an chuid is mó dá leithdháileadh (cé is moite de CSE) a dhíriú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh inathnuaite; ar iomaíochas FBManna agus ar nuálaíocht. Beidh réigiúin lagfhorbartha ábalta a leithdháileadh a chaitheamh ar réimse níos leithne cuspóirí a léiríonn an réimse níos leithne riachtanais forbartha. Foráiltear an méid seo a leanas sa mheicníocht atá beartaithe:

– tá 80 % d’acmhainní ar a laghad dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh inathnuaite, ar thaighde agus nuálaíocht agus ar thacaíocht do FBManna i réigiúin níos forbartha agus i réigiúin trasdula, agus is d'éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite 20% de sin. Mar gheall ar na riachtanais athstruchtúraithe leanúnacha sna réigiúin sin, ar riachtanais iad a eascraíonn as an gcuspóir Cóineasaithe, déanfar an céatadán íosta a laghdú go 60 %;

– tá 50% d’acmhainní ar a laghad dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh inathnuaite, ar thaighde agus nuálaíocht agus ar thacaíocht do FBManna i réigiúin lagfhorbartha, agus is d'éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite 6% de sin.

Déantar foráil sa Rialachán atá beartaithe maidir le fócas méadaithe ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe. Bainfear an fócas méadaithe amach trí 5 % d’acmhainní CFRE ar a laghad a shainmharcáil d’fhorbairt uirbeach inbhuanaithe, ardán uirbí a bhunú chun forbairt acmhainní agus malartú taithí a chur chun cinn, agus liosta cathracha a ghlacadh ina gcuirfear gníomhaíochtaí comhtháite chun feidhme maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe.

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán atá beartaithe rannchuidiú le fócas méadaithe ar thorthaí maoinithe trí chomhtháscairí a bhaineann le haschuir fhisiciúla, chomh maith le torthaí a bhaineann le cuspóir deiridh an mhaoinithe, a shainiú.

Tagraítear sa Rialachán atá beartaithe don ghá aird ar leith a thabhairt ar na deacrachtaí sonracha atá ag réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, i gcláir oibríochtúla.

Ar deireadh, tá forálacha sonracha sa Rialachán atá beartaithe maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí a úsáid.

2011/0275 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le forálacha sonracha maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[8],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh go bhfuil sé i gceist go gcabhróidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) leis na príomh‑éagothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a chur ina gceart. Dá bhrí sin, rannchuidíonn CFRE leis an mbearna a laghdú idir na leibhéil forbartha sna réigiúin éagsúla agus a mhéid is atá na réigiúin is mídheisiúla, lena n‑áirítear limistéir tuaithe agus uirbeacha, réigiúin ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú, limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha agus déimeagrafacha acu, amhail oileáin, limistéir sléibhtiúla, limistéir a bhfuil daonra beag acu agus réigiúin trasteorann, ag titim ar chúl.

(2) Leagtar amach na forálacha is coiteann do CFRE, do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) (dá ngairtear ‘na Cistí Struchtúracha’ anseo feasta) agus don Chiste Comhtháthaithe i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 an [...] lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaireachta atá cumhdaithe ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 [Rialachán de Fhorálacha Coiteanna - RFC][10].

(3) Ba cheart forálacha sonracha maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó CFRE faoi na cuspóirí téamacha atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] a leagan síos. Ag an am céanna, ba cheart caiteachas lasmuigh de raon feidhme CFRE a shainiú agus a shoiléiriú, lena n-áirítear astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú i suiteálacha a thig faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle[11].

(4) Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha CFRE, agus i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020[12] gur cheart go dtacódh an beartas comhtháthaithe leis an ngá fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur ar fáil, ní mór na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le CFRE a leagan amach laistigh de gach cuspóir téamach atá leagtha síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] mar ‘thosaíochtaí infheistíochta’.

(5) Ba cheart go rannchuideodh CFRE le straitéis Eoraip 2020, rud a chinnteodh go ndíreofar tacaíocht CFRE níos mó ar thosaíochtaí an Aontais. De réir chatagóir na réigiún dá dtabharfar tacaíocht, ba cheart tacaíocht CFRE a dhíriú ar thaighde agus nuálaíocht, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar mhaolú an athraithe aeráide. Ba cheart, sa mhéid a dhíreofar ar na gnéithe sin, a mhéid is atá an réigiún forbartha chomh maith le riachtanais shonracha réigiún a raibh OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 a bhí faoi bhun 75% de mheán-OTI an AE 25 don tréimhse thagartha a chur san áireamh.

(6) Ba cheart comhthacar táscairí a leagan amach chun dul chun cinn i gcur chun feidhme cláir a mheasúnú sula ndéanann Ballstáit a gcláir oibríochtúla a dhréachtú. Ba cheart táscairí sonracha don chlár a chur leis na táscairí sin.

(7) Meastar gur gá tacú le gníomhaíochtaí comhtháite faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe uirbí chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide agus shóisialta a bhaineann le limistéir uirbeacha agus chun nós imeachta a shainiú chun an liosta a bhunú de chathracha a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin agus an leithdháileadh airgeadais a leagan síos atá curtha ar leataobh do ghníomhaíochtaí den sórt sin.

(8) Bunaithe ar thaithí agus ar láidreachtaí chomhtháthú na mbeart i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí i gcláir oibríochtúla a dtacaíonn CFRE leo i rith na tréimhse 2007-2013, ba cheart céim eile a ghlacadh ar leibhéal an Aontais trí ardán forbartha uirbí a bhunú.

(9) Chun réitigh nua ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe uirbeach agus atá ábhartha ar leibhéal an Aontais a shainaithint nó a thástáil, ba cheart do CFRE tacú le gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí.

(10) Ba cheart do CFRE aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hinrochtaineacht ar mhargaí móra atá ag limistéir a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus a fhad is atá siad ó na margaí sin, dá dtagraítear i bPrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994. Ba cheart do CFRE aghaidh a thabhairt freisin ar na deacrachtaí sonracha a bhíonn ag oileáin áirithe, ag limistéir sléibhtiúla, ag réigiúin teorann agus ag limistéir a bhfuil daonra beag acu a gcuireann a suíomh geografach moill ar a bhforbairt, d’fhonn tacú lena bhforbairt inbhuanaithe.

(11) Ba cheart aird shonrach a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, trí raon feidhme CFRE a leathnú, ar bhonn eisceachtúil, do mhaoiniú cabhrach oibríochta atá nasctha le fritháireamh na gcostas breise a eascraíonn as a staid shonrach eacnamaíoch agus shóisialta, staid is measa fós mar gheall ar na baic a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh, eadhon a n‑iargúltacht, a n‑oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n‑aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt. Chun tacú le forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha arb ann dóibh cheana agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua, ba cheart ar a laghad 50% den leithdháileadh sonrach breise a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a rannchuidíonn le héagsúlú agus le nuachóiriú gheilleagair na réigiún forimeallach.

(12) Chun nósanna imeachta a shainiú do roghnú agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí nuálacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an ábhar agus an raon feidhme atá leagtha amach in Airteagal 9. Is ríthábhachtach go ndéanann an Coimisiún comhairliúcháin chuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, go háirithe comhairliúcháin le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(13) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an liosta de chathracha atá le páirt a ghlacadh san ardán forbartha uirbí. Is i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú[13].

(14) Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1783/1999[14]. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 a aisghairm dá bhrí sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha coiteanna

Airteagal 1 Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo cúraimí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), raon feidhme a thacaíochta maidir le spriocanna na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus an chomhair chríche Eorpaigh agus forálacha sonracha maidir le tacaíocht CFRE do sprioc na 'hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post'.

Airteagal 2 Cúraimí CFRE

Rannchuideoidh CFRE le maoiniú tacaíochta a bhfuil sé d’aidhm aici comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a atreisiú trína príomh‑éagothromaíochtaí réigiúnacha a chur ina gceart trí thacú le forbairt agus coigeartú struchtúrach geilleagar réigiúnach, lena n‑áirítear comhshó réigiún ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú agus réigiún atá ag titim ar chúl.

Airteagal 3 Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE

1. Tacóidh CFRE leis an méid seo a leanas:

(a) infheistíocht tháirgiúil, a rannchuidíonn le cruthú agus cosaint post inbhuanaithe, trí chabhair dhíreach d’infheistíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

(b) infheistíochtaí i mbonneagar a chuireann seirbhísí bunúsacha ar fáil do shaoránaigh i réimsí an fhuinnimh, an chomhshaoil, an iompair agus theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC);

(c) infheistíochtaí i mbonneagar sóisialta, sláinte agus oideachais;

(d) forbairt acmhainneachta inginiúla trí thacú le forbairt, taighde agus nuálaíocht réigiúnach agus áitiúil. Áireofar sna bearta sin:

(i)      infheistíocht sheasta i mbonneagar trealaimh agus i mbonneagar ar scála beag;

(ii)      tacaíocht agus seirbhísí d’fhiontair, go háirithe FBManna;

(iii)     tacaíocht do chomhlachtaí nuálaíochta agus taighde poiblí agus infheistíocht i dteicneolaíocht agus i dtaighde fheidhmeach i bhfiontair;

(iv)     líonrú, comhoibriú agus malartú taithí idir réigiúin, bailte agus gníomhaithe ábhartha sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil;

(e) cúnamh teicniúil.

I réigiúin atá níos forbartha, ní thacóidh CFRE le hinfheistíochtaí i mbonneagar a chuireann seirbhísí bunúsacha ar fáil do shaoránaigh i réimsí an chomhshaoil, an iompair agus TFC.

2. Ní thacóidh CFRE leis an méid seo a leanas:

(f) díchoimisiúnú cumhachtstáisiún núicléach;

(g) astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú i suiteálacha a thig faoi Threoir 2003/87/CE;

(h) monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(i) gnóthais a bhfuil deacrachtaí acu mar atá siad sainmhínithe i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair.

Airteagal 4 Díriú téamach

Díreofar na cuspóirí téamacha atá leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC] agus na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha atá leagtha amach in Airteagal 5 den Rialachán seo lena bhféadfaidh CFRE rannchuidiú mar seo a leanas:

(b) i réigiúin níos forbartha agus i réigiúin trasdula:

(i)      leithdháilfear 80 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar na cuspóirí téamacha atá leagtha amach i bpointí 1, 3 agus 4 d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC]; agus

(i)      leithdháilfear 20 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach atá leagtha amach i bpointe 4 d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC];

(c) i réigiúin lagfhorbartha:

(a) leithdháilfear 50 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar na cuspóirí téamacha atá leagtha amach i bpointí 1, 3 agus 4 d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC];

(b) leithdháilfear 6 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach atá leagtha amach i bpointe 4 d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC].

De mhaolú ar phointe (a) (i), sna réigiúin a raibh OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 a bhí faoi bhun 75% de mheán-OTI an AE 25 don tréimhse thagartha ach atá incháilithe faoi chatagóir an trasdula nó i réigiúin atá níos forbartha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 82(2)(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC] sa tréimhse 2014-2020, leithdháilfear 60 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar gach ceann de na cuspóirí téamacha atá leagtha amach i bpointí 1, 3 agus 4 d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC].

Airteagal 5 Tosaíochtaí infheistíochta

Tacóidh CFRE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha atá leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC]:

(2) taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú:

(a) feabhas a chur ar bhonneagar taighde agus nuálaíochta (T&N), agus ar chumas barr feabhais taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus ionaid inniúlachta a chur chun cinn, go háirithe iad siúd a bhfuil leas Eorpach ag baint leo;

(b) infheistíocht ghnó T&N, forbairt táirgí agus seirbhísí, aistriú teicneolaíochta, nuálaíocht shóisialta agus feidhmchláir don tseirbhís phoiblí, cothú éilimh, líonrú, braislí agus nuálaíocht oscailte a chur chun cinn in FBManna trí speisialtóireacht chliste;

(c) tacú le taighde teicneolaíochta agus taighde fheidhmeach, línte píolótacha, gníomhaíochtaí luatha bailíochtaithe táirge, agus ardchumas monaraíochta agus céadtáirgeadh in Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin agus scaipeadh teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha;

(3) úsáid agus cáilíocht TFC agus rochtain orthu a fheabhsú;

(a) úsáid leathanbhanda agus feidhmiú céimneach líonraí ardluais a leathnú;

(b) seirbhísí agus táirgí TFC agus ríomhthráchtáil a fhorbairt agus éileamh ar TFC a fheabhsú;

(c) feidhmchláir TFC le haghaidh ríomhsheirbhísí rialtais, ríomhfoghlama, ríomhchuimsiú agus ríomhshláinte a neartú;

(4) iomaíochas Fiontar Beag agus Meánmhéide a fheabhsú;

(a) fiontraíocht a chur chun cinn, go háirithe trí shaothrú eacnamaíoch smaointe nua a éascú agus cruthú gnólachtaí nua a chothú;

(b) samhlacha nua gnó a fhorbairt do FBManna, go háirithe samhlacha d'idirnáisiúnú;

(5) tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair íseal-charbóin i ngach earnáil:

(a) táirgeadh agus dáileadh foinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn;

(b) éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide;

(c) tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite i mbonneagair phoiblí agus san earnáil tithíochta;

(d) córais dáilte chliste ar leibhéil ísle voltais a fhorbairt;

(e) straitéisí íseal-charbóin do limistéir uirbeacha a chur chun cinn;

(6) oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn:

(a) tacú le hinfheistíocht tiomnaithe le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide;

(b) infheistíocht a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bhainistithe tubaistí a fhorbairt;

(7) an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn:

(a) aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shuntasacha infheistíochta san earnáil dramhaíola chun ceanglais an acquis chomhshaoil a chomhlíonadh;

(b) aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shuntasacha infheistíochta san earnáil uisce chun ceanglais an acquis chomhshaoil a chomhlíonadh;

(c) oidhreacht chultúrtha a chosaint, a chur chun cinn agus a fhorbairt;

(d) bithéagsúlacht a chosaint, cosaint ithreach agus seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn lena n-áirítear NATURA 2000[15] agus bonneagair ghlasa;

(e) gníomhaíochtaí chun an timpeallacht uirbeach a fheabhsú, lena n-áirítear athghiniúint láithreán athfhorbraíochta agus truailliú aeir a laghdú;

(8) iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus baic ar phríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint:

(a) tacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh sa Ghréasán Iompair Tras‑Eorpach (TEN‑T);

(b) soghluaisteacht réigiúnach a fheabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le bonneagar TEN‑T;

(c) córais iompair íseal-charbóin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt agus soghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach a chur chun cinn;

(d) córas iarnróid uilechuimsitheach, ardchaighdeáin agus idir‑inoibritheach a fhorbairt;

(9) fostaíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair:

(a) gorlanna gnó a fhorbairt agus tacaíocht infheistíochta a thabhairt d'fhéinfhostaíocht agus do chruthú gnó;

(b) tionscnaimh forbartha áitiúla agus cabhair do struchtúir a chuireann seirbhísí comharsanachta ar fáil chun poist nua a chruthú, i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin taobh amuigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CSE];

(c) infheistiú i mbonneagar do sheirbhísí fostaíochta poiblí;

(10) cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac:

(a) infheistiú i mbonneagar sláinte agus sóisialta a rannchuidíonn le forbairt náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, sa chaoi sin ag laghdú éagothroime i dtéarmaí stádais sláinte, agus le trasdul ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí bunaithe sa phobal;

(b) tacaíocht d'athghiniúint fhisiciúil agus eacnamaíoch pobal uirbeach agus tuaithe díothach;

(c) tacaíocht d’fhiontair shóisialta;

(11) infheistiú in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt;

(12) feabhas a chur ar chumas institiúideach agus riarachán éifeachtúil poiblí trí chumas institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme CFRE a neartú, agus trí thacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le cumas institiúide agus le héifeachtacht an riaracháin phoiblí a dtacaíonn CSE leo.

Caibidil II Táscairí maidir le tacaíocht CFRE do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

Airteagal 6 Táscairí maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

Bainfear úsáid as comhtháscairí de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]. Maidir le comhtháscairí, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar spriocanna carnacha do 2022.

Maidir le táscairí i ndáil le haschur a bhaineann go sonrach le clár, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar spriocanna carnacha do 2022.

Maidir le táscairí i ndáil le torthaí a bhaineann go sonrach le clár, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna do 2022, ach féadfar iad a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

Caibidil III

Forálacha sonracha maidir le gnéithe críochacha ar leith a láimhseáil

Airteagal 7

Forbairt inbhuanaithe uirbeach

1. Tacóidh CFRE, laistigh de chláir oibríochtúla, le forbairt inbhuanaithe uirbeach trí straitéisí lena leagtar amach gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide agus shóisialta a dhéanann difear do limistéir uirbeacha.

2. Ina Chonradh Comhpháirtíochta bunóidh gach Ballstát liosta cathracha ina gcuirfear gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt inbhuanaithe uirbeach chun feidhme agus leithdháileadh bliantúil táscach do na gníomhaíochtaí sin ar an leibhéal náisiúnta.

Leithdháilfear 5 % ar a laghad d’acmhainní CFRE, arna leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta, ar ghníomhaíochtaí comhtháite d’fhorbairt inbhuanaithe uirbeach arna dtarmligean do chathracha le bainistiú trí Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC].

Airteagal 8

Ardán forbartha uirbí

3. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC], ardán forbartha uirbí a bhunú chun forbairt acmhainní agus líonrú a chur chun cinn idir cathracha agus malartú taithí maidir le beartas uirbeach ar leibhéal an Aontais i réimsí a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta CFRE agus le forbairt inbhuanaithe uirbeach a chur chun cinn.

4. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún liosta cathracha chun páirt a ghlacadh san ardán ar bhonn na liostaí arna mbunú sna Conarthaí Comhpháirtíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Beidh 300 cathair ar a mhéid ar an liosta sin, agus 20 ar a mhéid in aghaidh an Bhallstáit. Roghnófar cathracha bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a) daonra, ag cur sainiúlachtaí córas uirbeach náisiúnta san áireamh;

(b) straitéis a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide agus shóisialta a dhéanann difear do limistéir uirbeacha.

5. Tacóidh an t‑ardán freisin le líonrú idir na cathracha go léir a ghabhann do ghníomhaíochtaí nuálacha ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 9 Gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na Forbartha Inbhuanaithe Uirbí

1.           Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh CFRE tacú le gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí, faoi réir uasteorainn 0.2% de leithdháileadh iomlán bliantúil CFRE. Sna gníomhaíochtaí sin áireofar staidéir agus treoirthionscadail chun réitigh nua ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe uirbeach agus atá ábhartha ar leibhéal an Aontais a shainaithint nó a thástáil.

2.           De mhaolú ar Airteagal 4 thuas, féadfaidh gníomhaíochtaí nuálacha tacú le gach gníomhaíocht is gá chun na cuspóirí téamacha a bhaint amach atá leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC] agus i dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha.

3.           Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 maidir le nósanna imeachta do roghnú agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí nuálacha.

Airteagal 10 Limistéir a bhfuil míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha acu

Cláir oibríochtúla arna gcómhaoiniú ag CFRE ina gcuimsítear limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu dá dtagraítear in Airteagal 111(4) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC], tabharfaidh siad aird ar leith ar réiteach na ndeacrachtaí sonracha atá ag na limistéir sin.

Airteagal 11 Na réigiúin is forimeallaí

6. Bainfear úsáid as an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí chun na costais bhreise a fhritháireamh atá nasctha leis na míbhuntáistí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh, arna dtabhú sna réigiúin is forimeallaí chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh seo a leanas:

(c) na cuspóirí téamacha atá leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC];

(d) seirbhísí iompair lasta agus cabhair thosaithe do sheirbhísí iompair;

(e) oibríochtaí atá nasctha le srianta stórais, méid iomarcach agus cothabháil uirlisí táirgthe agus easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil.

Leithdháilfear 50 % ar a laghad den leithdháileadh sonrach breise ar ghníomhaíochtaí a rannchuidíonn le héagsúlú agus nuachóiriú gheilleagair na réigiún is forimeallaí, agus béim ar leith á cur ar na cuspóirí téamacha atá leagtha amach i bpointí 1, 2 agus 3 d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC].

7. Féadfar an leithdháileadh sonrach breise a úsáid freisin chun cabhrú le cabhair oibriúcháin agus caiteachas lena gcumhdaítear conarthaí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí sna réigiúin is forimeallaí a mhaoiniú.

8. Beidh an méid a mbeidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe maidir leis comhréireach leis na costais bhreise dá dtagraítear i mír 1 arna dtabhú ag an tairbhí i gcás cabhrach oibriúcháin agus caiteachas lena gcumhdaítear conarthaí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí amháin, agus féadfaidh sé na costais iomlána incháilithe i gcás caiteachais le haghaidh infheistíochta a chumhdach.

9. Ní úsáidfear maoiniú faoin Airteagal seo chun tacú leo seo a leanas:

(f) oibríochtaí a bhaineann le táirgí a thagann faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(g) cabhair iompair do dhaoine atá údaraithe faoi Airteagal 107(2)(a) den Chonradh;

(h) díolúintí cánacha agus díolúine ó mhuirir shóisialta.

CAIBIDIL IV Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 12 Forálacha idirthréimhseacha

1.           Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar an gcúnamh arna fhormheas ag an gCoimisiún a mhodhnú ná leanúint leis, lena n‑áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 nó aon reachtaíocht eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013, a mbeidh feidhm aici dá bhrí sin maidir leis an gcúnamh sin nó na tionscadail lena mbaineann ina dhiaidh sin go dtí go ndúnfar iad.

2.           Beidh iarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 fós bailí.

Airteagal 13 An tarmligean a fheidhmiú

10. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

11. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Eanáir 2014.

12. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a chúlghairm am ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

13. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

14. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 9(3) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 14 Nós imeachta coiste

15. Beidh Coiste Comhordaithe na gCistí de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011 a bheidh sa choiste sin.

16. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15 Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006.

Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 16 Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le hAirteagal 177 den Chonradh.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Comhtháscairí maidir le tacaíocht ó CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post (Airteagal 6)

|| AONAD || AINM

Infheistíocht tháirgiúil || ||

|| fiontair || Líon na bhfiontar a fhaigheann deontais

|| fiontair || Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht airgeadais seachas deontais

|| fiontair || Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht neamhairgeadais

|| fiontair || Líon na bhfiontar nua a fhaigheann tacaíocht

|| EUR || Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do FBManna (deontais)

|| EUR || Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do FBManna (nach deontais atá inti)

|| coibhéisigh lánaimseartha || Líon na bpost cruthaithe in FBManna a fhaigheann cúnamh

Turasóireacht || cuairteanna || Líon na gcuairteanna ar nithe is díol spéise do thurasóirí iad a fhaigheann tacaíocht

Bonneagar TFC || daoine || Daonra a bhfuil rochtain leathanbhanda 30 Mbps ar a laghad acu

Iompar || ||

Iarnród || km || Fad iomlán na líne iarnróid nua

||  ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

km || Fad iomlán na líne iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

||  ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

Bóithre || km || Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

|| ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

km || Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

|| ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

Iompar uirbeach || turais phaisinéirí || Méadú ar thurais phaisinéirí ina n-úsáidtear seirbhís iompair uirbigh a fhaigheann tacaíocht

Uiscebhealaí intíre || tona-km || Méadú ar an lasta a iompraítear ar uiscebhealaí intíre feabhsaithe

Comhshaol || ||

Dramhaíl sholadach || tonaí || Cumas athchúrsála dramhaíola breise

Soláthar uisce || daoine || Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

|| m3 || Laghdú measta ar sceitheadh sa ghréasán dáilte uisce

Cóireáil fuíolluisce || coibhéis áitritheora || Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca || daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuile

Daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as cosaint dóiteáin foraoise agus as bearta eile cosanta

Athshlánú talún || Heicteáir || Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

Séalú ithreach || heicteáir || Athru ar an talamh arna séalú de dheasca forbartha

Nádúr agus bithéagsúlacht || heicteáir || Achar dromchla gnáthóg a bhfuil bail níos fearr orthu ó thaobh caomhnú de

Taighde, Nuálaíocht || ||

|| Daoine || Líon na foirne/na dtaighdeoirí T&F atá ag obair i mbonneagair thaighde nuathógtha nó nuathrealmhaithe

|| Fiontair || Líon na bhfiontar atá ag comhoibriú le hinstitiúidí taighde a fhaigheann cúnamh

|| Coibhéisigh lánaimseartha || Líon na bpost d'fhoireann/do thaighdeoirí T&F cruthaithe in aonáin a fhaigheann cúnamh

|| EUR || Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do thionscadail nuálaíochta nó T&F

|| Fiontair || Líon na bhfiontar a thug isteach táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, ar táirgí nua ar an margadh iad mar thoradh ar thionscadail T&F nó nuálaíochta a fhaigheann tacaíocht

|| Fiontair || Líon na bhfiontar a thug isteach táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, ar táirgí nua don ghnólacht iad mar thoradh ar thionscadail T&F nó nuálaíochta a fhaigheann tacaíocht

Fuinneamh agus athrú aeráide || ||

Foinsí inathnuaite fuinnimh || MW || Cumas breise maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh || Teaghlaigh || Líon na dteaghlach a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu

|| kWh/bliana || Laghdú ar ídiú fuinnimh phríomhúil i bhfoirgnimh phoiblí

|| Úsáideoirí || Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa || tonaí de choibhéisí CO2 || Laghdú measta ar ghás ceaptha teasa i gcoibhéisí CO2

Bonneagar sóisialta || ||

Cúram leanaí & oideachas || Daoine || Cumas seirbhíse an bhonneagair oideachais nó cúraim leanaí a fhaigheann tacaíocht

Sláinte || Daoine || Cumas seirbhísí sláinte a fhaigheann tacaíocht

Tithíocht || Teaghlaigh || Líon na dteaghlach a bhaineann tairbhe as dálaí tithíochta feabhsaithe

Oidhreacht chultúrtha || Cuairteanna || Líon na gcuairteanna ar shuíomhanna is díol spéise iad a fhaigheann tacaíocht

Forbairt uirbeach || ||

|| Daoine || Daonra a bhfuil cónaí air i limistéir a bhfuil straitéisí comhtháite forbartha uirbí acu

|| méadair chearnacha || Spás oscailte nua i limistéir uirbeacha

|| méadair chearnacha || Foirgnimh phoiblí nó thráchtála nua i limistéir uirbeacha

|| méadair chearnacha || Tithíocht nua i limistéir uirbeacha

[1]               COM(2011)500 final

[2]               Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip 2020 - Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, COIM (2010) 2020 leagan críochnaitheach, 3.3.2010.

[3]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus na parlaimintí náisiúnta: Athbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010) 700 leagan críochnaitheach, 19.10.2010.

[4]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún: Buiséad do Straitéis Eoraip 2020, COIM(2011) 500 leagan deireanach, 29.6.2011.

[5]               An 5úTuarascáil maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, Samhain 2010.

[6]               Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Results of the public consultation on the conclusions of the fifth report on economic, social and territorial cohesion (Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar chonclúidí na cúigiú tuarascála faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach), SEC(2011) 590 leagan críochnaitheach, 13.5.2011.

[7]               COIM(2010) 700 leagan críochnaitheach, 19.10.2010.

[8]               IO C, , lch. .

[9]               IO C, , lch. .

[10]             IO L, , lch. .

[11]             IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

[12]             Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip 2020 - Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, COIM (2010) 2020 leagan críochnaitheach, 3.3.2010.

[13]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[14]             IO L 210, 31.7.2006, lch. 1.

[15]             Arna bhunú mar ghréasán comhsheasmhach Eorpach éiceolaíoch de limistéir caomhantais speisialta de bhun Airteagal 3(1) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fauna agus flora fiáine, IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

Top