EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0612

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle

/* COIM/2011/0612 leagan deireanach - 2011/0274 (COD) */

52011PC0612

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle /* COIM/2011/0612 leagan deireanach - 2011/0274 (COD) */


{SEC(2011)1138 final}

{SEC(2011)1139 final}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Ar an 29 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020: buiséad chun Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar. Ina thogra, chinn an Coimisiún gur cheart beartas comhtháthaithe a bheith ina ghné riachtanach den chéad phacáiste airgeadais eile i gcónaí agus chuir sé béim ar a ról ríthábhachtach maidir leis an Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar.

Dá bhrí sin mhol an Coimisiún roinnt athruithe tábhachtacha ar an mbealach ina ndéantar beartas comhtháthaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme. Is iad príomh‑shainmharcanna an togra cistiú a dhíriú ar líon níos lú tosaíochtaí atá nasctha níos fearr le Straitéis Eoraip 2020, ag díriú ar thorthaí, ag déanamh monatóireachta ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí comhaontaithe, úsáid na coinníollachta a mhéadú agus an seachadadh a shimpliú.

Leagtar amach sa Rialachán seo na forálacha lena rialaítear an Ciste Comhtháthaithe, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006. Baintear leas ann as an obair a rinneadh ó foilsíodh an Ceathrú Tuarascáil faoin gComhtháthú i mí Bealtaine 2007 ina bhfuil cuntas ar na príomhdhúshláin atá os comhair na réigiún sna blianta atá le teacht agus inar cuireadh tús leis an díospóireacht ar an mbeartas comhtháthaithe amach anseo. Ar an 9 Samhain 2010, ghlac an Coimisiún leis an gCúigiú Tuarascáil faoin gComhtháthú inar soláthraíodh anailís ar na treochtaí sóisialta agus eacnamaíocha agus inar cuireadh síos ar na treoshuímh maidir leis an mbeartas comhtháthaithe amach anseo.

Is bealach tábhachtach é beartas comhtháthaithe chun dlúthpháirtíocht leis na réigiúin níos boichte agus níos laige de chuid an AE a chur in iúl - ach tá níos mó ná sin i gceist leis. Is é ceann de mhóréachtaí an AE an chaoi a bhfuil sé in ann caighdeáin mhaireachtála a ardú dá shaoránaigh uile. Déanann sé é seo, trí chuidiú leis na Ballstáit agus na réigiún níos boichte forbairt agus fás agus chomh maith leis sin trína ról i lánpháirtiú an Mhargaidh Aonair a sholáthraíonn margaí agus barainneachtaí scála de bharr a mhéide, i ngach áit san AE, idir shaibhir agus bhocht, mhór agus bheag. Léiríodh a lán samplaí i meastóireacht an Choimisiúin ar bheartas comhtháthaithe san am a chuaigh thart de luach breise agus d’fhás agus infheistíocht chruthaithe post nach dtarlódh murach tacaíocht ó bhuiséad an AE. Mar sin féin, léirítear tionchar an scaipthe agus an easpa ord tosaíochta sna torthaí. Ag tráth a bhfuil airgead poiblí gann agus infheistíocht lena neartaítear fás de dhíth níos mó ná mar a bhí riamh, chinn an Coimisiún athruithe tábhachtacha a bheartú ar an mbeartas comhtháthaithe.

Cabhraíonn an Ciste Comhtháthaithe le Ballstáit a bhfuil a OIN in aghaidh an chónaitheora níos lú ná 90 % de mheán an AE27 chun infheistíochtaí a dhéanamh i ngréasáin iompair TEN‑T agus sa chomhshaol. Déanfar cuid de leithdháileadh an Chiste Chomhtháthaithe (€10 billiún) a imfhálú chun príomhghréasáin iompair faoin tsaoráid “Connecting Europe” a mhaoiniú. Is féidir leis an gCiste Comhtháthaithe tacú le tionscadail a bhaineann le fuinneamh freisin, fad is go léiríonn siad tairbhe don chomhshaol go soiléir, mar shampla trí éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.      Comhairliúchán agus comhairle na saineolaithe

Breithníodh torthaí na gcomhairliúchán poiblí ar an 5ú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta; Athbhreithniú Buiséid an AE[1], na tograí don chreat airgeadais ilbhliantúil[2], an 5ú Tuarascáil faoin gComhtháthú[3] agus na gcomhairliúchán tar éis ghlacadh na tuarascála agus na tograí á ndéanamh.

Tionóladh an comhairliúchán poiblí ar Chonclúidí an 5ú Tuarascáil faoin gComhtháthú idir an 12 Samhain 2010 agus an 31 Eanáir 2011. Chuir 444 páirtí ar an iomlán leis an gcomhairliúchán. Áiríodh leis na freagróirí Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí a bhfuil leas Eorpach acu, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saoránaigh agus páirtithe leasmhara eile. Cuireadh sraith ceisteanna ag an gcomhairliúchán poiblí maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe. Foilsíodh achoimre ar na torthaí an 13 Bealtaine 2011[4].

Tionóladh comhairliúchán poiblí ar thodhchaí an Ghréasáin Iompair Thras‑Eorpaigh ón 4 Bealtaine 2010 go dtí an 15 Meán Fómhair 2010 chomh maith. Tacaíonn tromlach na bpáirtithe leasmhara, go háirithe ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Bhallstáit, le comhordú níos fearr idir ionstraimí airgeadais éagsúla lena maoinítear TEN‑T ar leibhéal an AE, eadhon an beartas comhtháthaithe, maoiniú taighde, an clár TEN‑T agus idirghabhálacha an BEI.

Úsáideadh torthaí na meastóireachtaí ex-post a rinneadh maidir leis na cláir 2000-2006; agus raon leathan staidéar agus comhairle saineolaithe mar ionchur. Cuireadh comhairle na saineolaithe ar fáil chomh maith tríd an nGrúpa Ardleibhéil ag machnamh ar an mBeartas Comhtháthaithe amach anseo, a bhí comhdhéanta de shaineolaithe ó riaracháin náisiúnta, agus bhí 10 gcruinniú acu idir 2009 agus 2011.

2.2. Measúnú iarmharta

Rinneadh roghanna a mheasúnú go háirithe maidir leis an ranníocaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le hinfheistiú i mbonneagar bunúsach iompair agus comhshaoil. Tá an Ciste Comhtháthaithe dírithe ar thacú le tionscadail i ngréasáin iompair thras‑Eorpacha i gcomhréir le hAirteagail 171 agus 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Rinneadh bealaí éagsúla chun cistiú a dhéanamh coinníollach ar chreat macraifhioscach fónta a mheasúnú, lena n‑áirítear an status quo, le coinníollacht ex-post lag nár cuireadh i bhfeidhm riamh, coinníollacht threisithe ex post agus coinníollacht ex ante, lena n‑éileofaí go gcomhlíonfaí réamhchoinníollacha sula nglacfaí leis na cláir.

Is le coinníollacht ex-post dhá-chéim a chomhlíonfar na critéir úinéireachta, trédhearcachta agus intuarthachta ar an mbealach is fearr, agus ag an am céanna áiritheofar leis nach mbainfear an bonn d’éifeachtacht infheistíochtaí um fhás a fheabhsú trí leanúint ar aghaidh le beartais fhioscacha neamhfhónta. Tá sé intuigthe ó nós imeachta dhá-chéim den sórt sin go ndéanfaí líon méadaitheach ceangaltas a chur ar fionraí go comhleanúnach i gcás sáruithe leantacha, agus tugann sé roinnt solúbthachta, ach tá sé sin teoranta do dhálaí eacnamaíocha eisceachtúla. Áirithítear leis freisin go gcuirfear forálacha um choinníollacht mhacraifhioscach an Chiste Chomhtháthaithe/na gCistí Struchtúracha agus na rialacha nua maidir le faireachas buiséid sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Fáis ar chomhréim go hiomlán.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Tá ról tábhachtach ag beartas réigiúnach Eorpach maidir le leas a bhaint as sócmhainní áitiúla agus díriú ar an acmhainneacht inginiúil a fhorbairt.

In Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iarrtar gníomhaíocht ón Aontas Eorpach maidir lena chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a neartú agus chun forbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn trí na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus forbairt a chur chun cinn sna réigiúin is mídheisiúla.

Luaitear san CFAE go gcuirfear an Ciste Comhtháthaithe ar bun d’fhonn cur le tionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras‑Eorpach maidir le bonneagar iompair. Tagraítear in Airteagal 192 den CFAE freisin d’úsáid an Chiste Chomhtháthaithe le haghaidh cúrsaí comhshaoil i gcásanna nach féidir an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” a chur i bhfeidhm i ngeall ar chostais dhíréireacha le haghaidh údarás poiblí Ballstáit. Luaitear i bPrótacal Uimh. 28 leis an CFAE go soláthróidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do thionscadail i mBallstáit ina bhfuil an OIN in aghaidh an duine níos lú ná 90 % de mheán an Aontais.

Tá uainiú an athbhreithnithe ar mhaoiniú an AE chun comhtháthú a chur chun cinn nasctha leis an togra le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil nua, mar chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin.

Faoi mar a tugadh chun suntais in Athbhreithniú Buiséid an AE, “ba cheart buiséad an AE a úsáid chun earraí poiblí an AE, gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin a mhaoiniú, nó i gcás ina bhféadfaí torthaí níos fearr a fháil”.[5] Tabharfar urraim sa togra dlí do phrionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil tascanna CFRE leagtha amach sa Chonradh agus tá an beartas curtha chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na comhbhainistíochta agus aird á tabhairt ar inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát agus na réigiún.

Tá an ionstraim reachtach, agus an cineál birt araon (i.e. maoiniú) sainithe sa CFAE, ina soláthraítear an bunús dlí maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, agus ina sonraítear go mbeidh tascanna, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán an chiste sainithe i rialacháin.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Áirítear togra EUR 376 billiún le haghaidh na tréimhse 2014-2020 i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil.

Buiséad molta 2014-2020 || EUR billiún

Réigiúin chóineasaithe Réigiúin trasdula Réigiúin iomaíochais Comhar críche Ciste comhtháthaithe Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra || 162,6 39 53,1 11,7 68,7 0,926

An tSaoráid “Connecting Europe” maidir le hiompar, fuinneamh agus TFC || EUR 40 billiún (chomh maith le EUR 10 billiún breise imfhálaithe sa Chiste Comhtháthaithe)

*Tá na figiúirí ar fad i bpraghsanna tairiseacha 2011

5.           ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN ARNA BHEARTÚ

Cinneann an Rialachán arna bheartú raon feidhme idirghabhála an Chiste Chomhtháthaithe. Áirítear leis Airteagal faoi raon feidhme ina sainítear na réimsí ginearálta le haghaidh idirghabhála faoi chuimsiú réimse an iompair agus an chomhshaoil. Sainítear raon feidhme na hidirghabhála le liosta diúltach gníomhaíochtaí nach mbeidh incháilithe i gcomhair tacaíochta, agus liosta de thosaíochtaí infheistíochta.

I réimse an chomhshaoil, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe le hinfheistíocht in oiriúnú don athrú aeráide agus i rioscaí a chosc, infheistíocht sna hearnálacha uisce agus dramhaíola, bithéagsúlacht, cosaint ithreach agus seirbhísí éiceachórais, agus an timpeallacht uirbeach. I gcomhréir le tograí an Choimisiúin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, tá infheistíocht i bhfuinneamh incháilithe le haghaidh tacaíochta, ar an gcoinníoll go mbeidh tairbhí comhshaoil dearfacha le baint aisti, dá bhrí sin tacaítear le hinfheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in‑athnuaite freisin.

I réimse an iompair rannchuideoidh an Ciste Comhtháthaithe le hinfheistíochtaí sa Ghréasán Iompair Tras‑Eorpach, chomh maith le córais iompair íseal-charbóin agus iompar uirbeach.

2011/0274 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara fomhír d'Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) In Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) foráiltear gur cheart don Aontas a ghníomhaíochtaí, as a dtagann neartú a chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, a fhorbairt agus leanúint de na gníomhaíochtaí sin. Ba cheart don Chiste Comhtháthaithe, dá bhrí sin, ranníocaíocht a chur ar fáil do thionscadail i réimse an chomhshaoil agus do ghréasáin thras-Eorpacha i réimse an bhonneagair iompair.

(2) Le Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 an [...] lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach um Ghnóthaí Muirí agus an Iascaireacht atá cumhdaithe ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006[8] [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] bunaítear creat nua do ghníomhaíocht na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe. Is gá cuspóirí an Chiste Chomhtháthaithe a shonrú maidir leis an gcreat nua dá ghníomhaíocht agus maidir leis an gcuspóir arna shannadh dó sa Chonradh.

(3) Féadfaidh an tAontas, tríd an gCiste Comhtháthaithe, rannchuidiú le gníomhaíochtaí chun cuspóirí comhshaoil an Aontais atá sainithe in Airteagal 11 agus Airteagal 191 den Chonradh a bhaint amach.

(4)             Caithfidh tionscadail an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh arna maoiniú ag an gCiste Comhtháthaithe na treoirlínte a chomhlíonadh arb iad na treoirlínte a glacadh le Cinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le forbairt an ghréasáin iompair thras‑Eorpaigh[9]. Chun iarrachtaí a dhíriú, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn de réir mar atá siad sainmhínithe sa Chinneadh sin.

(5) Ba cheart forálacha sonracha maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí a bhféadfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht a thabhairt dóibh faoi na cuspóirí téamacha atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] a leagan síos. Ag an am céanna, ba cheart caiteachas lasmuigh de raon feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a shainiú agus a shoiléiriú, lena n-áirítear maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú i suiteálacha a thig faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle[10].

(6) Chun aghaidh a thabhairt ar shainriachtanais an Chiste Chomhtháthaithe, agus i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020 gur cheart don bheartas comhtháthaithe tacú leis an ngá fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach[11], is gá tosaíochtaí infheistíochta a leagan amach laistigh de raon feidhme na gcuspóirí téamacha atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC].

(7) Ba cheart comhthacar táscairí a leagan amach chun dul chun cinn i gcur chun feidhme cláir a mheasúnú sula ndéanann Ballstáit a gcláir oibríochtúla a dhréachtú. Ba cheart táscairí sonracha don chlár a chur leis na táscairí sin.

(8) Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh.1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1164/94[12]. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 a aisghairm dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear cúraimí an Chiste Chomhtháthaithe agus raon feidhme a chuid tacaíochta maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. [ ]/2012 [RFC].

Airteagal 2 Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe

1.           Agus cothromaíocht iomchuí á áirithiú aige agus de réir riachtanais shonracha infheistíochta agus bhonneagair gach Ballstáit, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas:

(a) infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n‑áirítear réimsí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ina léirítear tairbhí don chomhshaol;

(b) gréasáin thras‑Eorpacha i réimse an bhonneagair iompair, i gcomhréir leis na treoirlínte a glacadh le Cinneadh Uimh. 661/2010/AE;

(c) cúnamh teicniúil.

2.           Ní thacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas:

(a) díchoimisiúnú cumhachtstáisiún núicléach;

(b) astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú i suiteálacha a thig faoi Threoir 2003/87/CE;

(c) tithíocht.

Airteagal 3 Tosaíochtaí infheistíochta

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC], tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha atá leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]:

(a) tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair íseal-charbóin sna hearnálacha uile mar seo a leanas:

(i)      táirgeadh agus dáileadh foinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn, go háirithe na cinn sin arna sainaithint mar thosaíochtaí sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET);

(ii)     éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide;

(iii)     tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite i mbonneagair phoiblí;

(iv)    córais dáilte chliste ar leibhéil ísle voltais a fhorbairt;

(v)     straitéisí íseal-charbóin do limistéir uirbeacha a chur chun cinn;

(b) oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn mar seo a leanas:

(i)      tacú le hinfheistíocht tiomnaithe le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide;

(ii)     infheistíocht a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bhainistithe tubaistí a fhorbairt;

(c) an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn mar seo a leanas:

(i)      aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shuntasacha infheistíochta san earnáil dramhaíola chun ceanglais an acquis chomhshaoil a chomhlíonadh;

(ii)     aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shuntasacha infheistíochta san earnáil uisce chun ceanglais an acquis chomhshaoil a chomhlíonadh;

(iii)     bithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear trí bhíthin bonneagar glas

(iii)     an timpeallacht uirbeach a fheabhsú, lena n-áirítear athghiniúint láithreán athfhorbraíochta agus truailliú aeir a laghdú;

(d) iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus baic ar phríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint mar seo a leanas:

(i)      tacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh sa Ghréasán Iompair Tras‑Eorpach;

(ii)     córais iompair íseal-charbóin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt lena n‑áirítear soghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach a chur chun cinn;

(iii)     córais iarnróid uilechuimsitheacha, ardchaighdeáin agus idir‑inoibritheacha a fhorbairt;

(e)          feabhas a chur ar chumas institiúideach agus riarachán éifeachtúil poiblí trí chumas institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a neartú.

Airteagal 4 Táscairí

1. Bainfear úsáid as comhtháscairí, de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]. Maidir le comhtháscairí, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar spriocanna carnacha do 2022.

2. Maidir le táscairí i ndáil le haschur a bhaineann go sonrach le clár, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar spriocanna carnacha do 2022

3. Maidir le táscairí i ndáil le torthaí a bhaineann go sonrach le clár, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna do 2022, ach féadfar iad a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

Airteagal 5 Forálacha idirthréimhseacha

1.           Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar an gcúnamh arna fhormheas ag an gCoimisiún a mhodhnú ná ar leanúint leis, lena n‑áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013, ar reachtaíocht í a mbeidh feidhm aici dá bhrí sin ina dhiaidh sin maidir leis an gcúnamh sin nó na tionscadail lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad.

2.           Beidh iarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 fós bailí.

Airteagal 6 Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 a aisghairm leis seo.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 7 Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2022 i gcomhréir le hAirteagal 177 den Chonradh.

Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Liosta na gComhtháscairí don Chiste Comhtháthaithe

|| AONAD || AINM

An Comhshaol || ||

Dramhaíl sholadach || tonaí || Cumas athchúrsála dramhaíola breise

Soláthar uisce || daoine || Daonra breise a chuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

|| m3 || Laghdú measta ar sceitheadh sa ghréasán dáilte uisce

Cóireáil fuíolluisce || coibhéis áitritheora || Daonra breise a chuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

|| ||

|| ||

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca || daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuile

daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as cosaint dóiteáin foraoise agus as bearta eile cosanta

Athshlánú talún || heicteáir || Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

Séalú ithreach || heicteáir || Athrú ar an talamh arna séalú de dheasca forbartha

Nádúr agus bithéagsúlacht || heicteáir || Achar dromchla gnáthóg a bhfuil bail níos fearr orthu ó thaobh caomhnú de

Fuinneamh agus athrú aeráide || ||

Foinsí inathnuaite fuinnimh || MW || Cumas breise maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh || teaghlaigh || An líon teaghlach a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu

|| kWh/bliana || Laghdú ar ídiú fuinnimh phríomhúil i bhfoirgnimh phoiblí

|| úsáideoirí || Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa || tonaí de choibhéisí CO2 || Laghdú measta ar ghás ceaptha teasa i gcoibhéisí CO2

Iompar || ||

Iarnród || km || Fad iomlán na líne iarnróid nua

|| km || Fad iomlán na líne iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

Bóithre || km || Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

|| km || Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

Iompar uirbeach || turais phaisinéirí || Méadú ar thurais phaisinéirí ina n-úsáidtear seirbhís iompair uirbigh a fhaigheann tacaíocht

Uiscebhealaí intíre || tona-km || Méadú ar an lasta a iompraítear ar uiscebhealaí intíre feabhsaithe

[1]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus na parlaimintí náisiúnta: Athbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010) 700, 19.10.2010.

[2]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún: Buiséad don Eoraip 2020, COIM(2011) 500, 29.6.2011.

[3]               An 5ú Tuarascáil faoin gComhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, Samhain 2010.

[4]               Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid Choimisiúin: Results of the public consultation on the conclusions of the fifth report on economic, social and territorial cohesion (Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar chonclúidí an chúigiú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach), SEC(2011) 590 leagan deireanach, 13.5.2011.

[5]               COIM(2010) 700, 19.10.2010.

[6]               IO C, , lch .

[7]               IO C, , lch .

[8]               IO C, , lch .

[9]               IO L 204, 5.8.2010, lch. 1.

[10]             IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

[11]             Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip 2020 - Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, COIM (2010) 2020 leagan críochnaitheach, 3.3.2010.

[12]             IO L 210, 31.7.2006, lch. 79.

Top