Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0607

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006

    /* COIM/2011/0607 leagan deireanach - 2011/0268 (COD) */

    52011PC0607

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 /* COIM/2011/0607 leagan deireanach - 2011/0268 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    Ní mór gníomhú ag leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun deileáil le dífhostaíocht agus rátaí arda leanúnacha bochtaineachta. I láthair na huaire tá beagnach 23 milliún daoine dífhostaithe agus meastar go bhfuil os cionn 113 milliún i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh. Tá saincheisteanna sóisialta agus fostaíochta ina bpríomhchúiseanna imní do shaoránaigh na hEorpa, agus táthar ag súil le níos mó ón Aontas sa réimse seo. Baineann na dúshlán eile atá le sárú ag an Aontas leis na nithe seo a leanas: easnaimh i leibhéal na scileanna, torthaí laga ar bheartas gníomhach mhargadh an tsaothair agus na gcóras oideachais, eisiamh sóisialta na ngrúpaí imeallaithe, agus leibhéal íseal soghluaisteachta i measc an lucht saothair. Tá gá le tionscnaimh bheartais agus le gníomhaíochtaí praiticiúla chun tacú leo.

    Is measa cuid mhaith de na fadhbanna sin mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch, ar threochtaí déimeagrafacha agus ar threochtaí imirce, agus mar thoradh ar an luas lena n‑athraíonn teicneolaíocht. Mura dtéitear i ngleic go héifeachtach leo, d’fhéadfaidís díobháil shuntasach a dhéanamh do chomhtháthú sóisialta agus don iomaíochas. Dá bhrí sin, maille le hinfheistíocht i mbonneagar, in iomaíochas réigiúnach agus i bhforbairt ghnó d'fhonn fás a fheabhsú, ní mór bearta a dhéanamh lena dtacófar le cruthú inbhuanaithe post i réimsí an bheartais maidir le margadh an tsaothair, an oideachais agus na hoiliúna, eisiaimh shóisialta, chumas na n‑oibrithe iad féin a oiriúnú, fiontar agus fiontraithe agus cumais riaracháin.

    Tacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) le beartais agus tosaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na lánfhostaíochta, feabhas a chur ar cháilíocht agus ar tháirgiúlacht san obair, soghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil oibrithe a mhéadú san Aontas, córais oideachais agus oiliúna a fheabhsú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, agus sa dóigh sin cuireann sé le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

    Ós rud é gur cheart CSE a bheith ar chomhréim leis an Straitéis Eoraip 2020 agus lena príomhspriocanna, ba cheart dó tacú leis na beartais a leanann na Ballstáit faoi na Treoirlínte Comhtháite a glacadh i gcomhréir le Airteagal 121 agus 148(4) den Chonradh agus leis na Moltaí maidir leis na Cláir Athchóirithe Náisiúnta. Trí íosmhéideanna agus íoschéatadáin a shocrú do CSE mar cheann de na Cistí Struchtúracha áiritheofar go léireofar tosaíochtaí an Aontais go leordhóthanach sa mhéid infheistíochta a dhírítear go díreach ar shaoránaigh Eorpacha.

    Cuirfidh CSE go suntasach le tosaíochtaí tábhachtacha eile de chuid na Straitéise Eoraip 2020, mar shampla ár n‑infheistíocht i dtaighde agus i nuálaíocht a neartú, feabhas a chur ar rochtain ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, iomaíochas gnóthas beag agus meánmhéide a mhéadú, tacaíocht a thabhairt maidir leis an aistriú chun geilleagair ísealcharbóin, an comhshaol a chosaint, agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn. Oibreoidh CSE i sineirgíocht leis an gclár nua comhtháite le haghaidh athraithe shóisialta agus nuálaíochta. Le chéile, beidh siad ina dtionscnamh cuimsitheach Eorpach maidir le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta.

    2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Agus an togra seo á thiomsú, breithníodh torthaí na gcomhairliúchán poiblí i gcomhair an 5ú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach[1], Athbhreithniú Buiséid an AE[2] agus na tograí maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil[3].

    Tionóladh an comhairliúchán poiblí maidir le conclúidí an 5ú Tuarascáil maidir le Comhtháthú idir an 12 Samhain 2010 agus an 31 Eanáir 2011, agus tugadh i gcrích é leis an bhFóram um Chomhtháthú. Cuireadh 444 aighneacht isteach ar an iomlán. I measc na bhfreagróirí bhí Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí a bhfuil leas Eorpach acu, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saoránaigh agus geallsealbhóirí eile. Le linn an chomhairliúcháin cuireadh sraith ceisteanna i ndáil le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe. Foilsíodh achoimre ar na torthaí an 13 Bealtaine 2011[4].

    Ina theannta sin, eagraíodh comhdhálacha agus seimineáir ar leith chun díriú go sonrach ar thodhchaí CSE. I Meitheamh 2010, ag an gcomhdháil “CSE agus Eoraip 2020” tionóladh níos mó ná 450 ionadaí ardleibhéil d'údaráis phoiblí, de chomhpháirtithe sóisialta agus den tsochaí shibhialta ar leibhéal an AE agus ar leibhéal náisiúnta agus de thríú tíortha chomh maith. Chomh maith leis sin, reáchtáladh seimineár le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le comhpháirtithe sóisialta maidir le todhchaí CSE i Nollaig 2010.

    Ina theannta sin, ar an 7 Deireadh Fómhair 2010 ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe agus CSE[5]. D’iarr an Coimisiún Eorpach freisin tuairimí míniúcháin an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta[6] agus Choiste na Réigiún[7] agus tá siad sin faighte aige.

    Thug grúpa ad hoc Chiste Sóisialta na hEorpa, ar grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe ó na Ballstáit agus ó na comhpháirtithe sóisialta é, sainchomhairle maidir le todhchaí Chiste Sóisialta na hEorpa. Tháinig an grúpa ad hoc le chéile 7 n‑uaire idir Nollaig 2009 agus Márta 2011. Thairis sin, bunaíodh meitheal ar a raibh ionadaithe ó na Ballstáit chun na comhtháscairí a phlé. Tionóladh é faoi cheathair agus réitigh sé an bealach do na táscairí atá beartaithe. D’eisigh Coiste CSE féin a thuairimí maidir le todhchaí CSE ag a chruinnithe an 3 Meitheamh 2010 agus an 10 Márta 2011. D’eisigh an Coiste Fostaíochta (EMCO) agus an Coiste um Chosaint Shóisialta (SPC) araon tuairimí sonracha in Eanáir agus i Márta 2011 faoi seach.

    Baineadh úsáid mar ionchur as torthaí na meastóireachtaí ex-post a rinneadh maidir leis na cláir 2000-2006, chomh maith le raon leathan staidéar. Rinneadh measúnú tionchair go sonrach maidir le Rialachán CSE, mar chuid de phacáiste ina bhfuil trí cinn de mheasúnuithe tionchair lena gcumhdaítear Rialachán ERDF agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe freisin, agus an measúnú tionchair don Rialachán Ginearálta lena rialaítear CSE, ERDF agus an Ciste Comhtháthaithe.

    Bhain measúnú tionchair Rialachán CSE go príomha le raon feidhme na hionstraime agus le gné sonrach amháin den simpliúchán. Pléadh ann freisin na naisc agus an chomhlántacht leis na hionstraimí airgeadais atá ar fáil d'Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, clár PROGRESS, EURES agus saoráid mhicreamhaoinithe PROGRESS.

    Tacaítear go forleathan le ról CSE. Meastar go dtugann CSE breisluach suntasach Eorpach trína chumasú do Bhallstáit agus do réigiúin tabhairt faoi thosaíochtaí tábhachtacha Eorpacha trí bhíthin cistithe Eorpaigh. Meastar go bhfuil sé ina dhúshraith chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá os comhair shaoránaigh na hEorpa agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna atá leagtha síos sa Straitéis Eoraip 2020. Meastar go forleathan gur réamhchoinníoll thábhachtach i gcomhair éifeachtacht na tacaíochta é díriú ar na príomhdhúshláin agus ar mholtaí na Comhairle. Meastar chomh maith gur den tábhacht é castacht na tacaíochta agus na hiniúchóireachta gaolmhaire a laghdú, go háirithe i gcás na dtairbhithe beaga.

    3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    Bunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) le hAirteagal 162 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá amchlár an athbhreithnithe ar mhaoiniú an AE chun comhtháthú a chur chun cinn nasctha leis an togra le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil nua, ar cuid de Chlár Oibre an Choimisiúin é.

    Tá an togra seo le haghaidh Rialacháin bunaithe ar Airteagal 164 CFAE. Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. [...] ón gComhairle an creat le haghaidh gníomhaíochta ag na Cistí Struchtúracha agus ag an gCiste Comhtháthaithe, agus leagtar síos ann, go háirithe, na cuspóirí téamúla, na prionsabail agus na rialacha a bhaineann le clárú, faireachán agus meastóireacht, bainistíocht agus rialú.

    Laistigh den chreat ginearálta sin, sainítear leis an togra seo misean agus raon feidhme Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), maille leis na tosaíochtaí infheistíochta bainteacha lena ndírítear ar na cuspóirí téamúla. Leagtar síos ann freisin forálacha sonracha maidir le cláir oibríochta arna gcómhaoiniú ag CSE i dtaobh caiteachais incháilithe.

    Feidhmeoidh CSE laistigh de chomhthéacs Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena n‑iarrtar ar an Aontas Eorpach gníomhaíocht a dhéanamh chun a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú agus chun forbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn trí éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún a laghdú agus forbairt a chur chun cinn sna réigiúin is mídheisiúla.

    Faoi mar a tugadh chun suntais in Athbhreithniú Buiséid an AE, 'ba cheart buiséad an AE a úsáid chun leasanna poiblí an AE a mhaoiniú, gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin, nó i gcás ina bhféadfar torthaí níos fearr a fháil'[8]. Urramaítear sa togra seo prionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil cúraimí CSE leagtha amach sa Chonradh agus go bhfuil an beartas curtha chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na comhbhainistíochta agus aird á tabhairt ar inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát agus na réigiún.

    4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tá EUR 376 billiún i gcomhair an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse 2014‑2020 ar áireamh i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil.

    Buiséad beartaithe 2014-2020 || EUR billiún || Íoschéatadán do CSE || Íosmhéid do CSE dá thoradh sin EUR billiún

    Réigiúin lagfhorbartha Réigiúin atá ag athrú Réigiúin is forbartha Comhar críochach Ciste comhtháthaithe Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra || 162.6 38.9 53.1 11.7 68.7 0.926 || 25 % 40 % 52 % - - - || 40.7 15.6 27.6 - - -

    An tsaoráid um nascadh na hEorpa maidir le hiompar, fuinneamh agus TFC || EUR 40 billiún (chomh maith le EUR 10 billiún breise imfhálaithe sa Chiste Comhtháthaithe) || - ||

    *Tá na figiúirí ar fad i bpraghsanna tairiseacha 2011

    Chun na críche feabhas a chur ar chumas na gCistí príomhspriocanna na Straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach, bunaítear leis an togra seo íoschéatadáin do CSE i ngach catagóir de réigiúin atá sainithe sa togra le haghaidh Rialacháin Ghinearálta. Fágann sin íoschéatadán foriomlán 25 % do CSE as an mbuiséad arna leithdháileadh ar bheartas comhtháthaithe (cé is moite den leithdháileadh i gcomhair na saoráide um nascadh na hEorpa), i.e. EUR 84 billiún. Ar áireamh sa leithdháileadh íosta sin a luadh do CSE tá an buiséad (EUR 2.5 billiún) i gcomhair togra atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le tacaíocht bhia i gcomhair na ndaoine is díothaí.

    5.           ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN

    Maidir lena raon feidhme, tá sé beartaithe leis an dréacht-Rialachán CSE le haghaidh 2014‑2020 díriú ar CSE maidir le ceithre cinn de 'chuspóirí téamúla' ar fud an Aontais Eorpaigh: (i) fostaíocht agus soghluaisteacht lucht saothair a chur chun cinn; (ii) infheistiú in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil; (iii) cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac; (iv) cumas institiúideach agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú. Aistrítear gach cuspóir téamúil go dtí catagóirí idirghabhála nó 'tosaíochtaí infheistíochta'. Thairis sin, ba cheart do CSE cur le cuspóirí téamúla eile freisin amhail tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin, atá láidir ó thaobh na haeráide de agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, taighde a neartú, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht agus feabhas a chur ar iomaíochas fiontar beag agus meánmhéide.

    Ní mór cistiú a chomhdhlúthú chun tionchar leordhóthanach agus inléirithe a bhaint amach. Chun an comhdhlúthú sin a áirithiú, moltar an méid seo a leanas:

    – ba cheart tacaíocht do chumas riaracháin a bheith teoranta do Bhallstáit ina bhfuil réigiúin lagfhorbartha nó atá incháilithe maidir leis an gCiste Comhthátháithe;

    – ba cheart 20 % ar a laghad de leithdháileadh CSE a thiomnú do “chuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac”;

    – ba cheart do chláir oibríochta maoiniú a chomhdhlúthú ar líon teoranta 'tosaíochtaí infheistíochta'.

    Ina theannta sin, soiléirítear sa dréacht‑Rialachán rannchuidiú CSE maidir le tiomantas an Aontais deireadh a chur le neamhionannais idir fir agus mná agus idirdhealú a chosc. Ba cheart do na Ballstáit cur chuige príomhshruthaithe láidir a cheangal le gníomhaíochtaí sonracha chun comhionannas inscne agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn.

    Ar an dóigh chéanna, tá sé d'aidhm ag an dréacht-Rialachán nuálaíocht shóisialta agus comhar trasnáisiúnta a neartú faoi chuimsiú CSE, trí dhreasacht a thairiscint i bhfoirm ráta comhchistithe níos airde i gcomhair na n‑aiseanna tosaíochta atá tiomanta dóibh, trí shocruithe sonracha clárúcháin agus faireacháin agus trí ról níos láidre don Choimisiún maidir le malartú agus scaipeadh an dea-chleachtais, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus torthaí ar fud an Aontais.

    Maidir leis na córais faireacháin agus meastóireachta, beartaítear íoschaighdeáin cháilíochta agus sraith comhtháscairí éigeantacha sa dréacht-Rialachán. Leis sin ba cheart go n‑áiritheofaí go bhfaighfí sonraí stóinsithe, iontaofa mar thoradh ar fhaireachán, gur féidir iad a chomhiomlánú go héasca ar leibhéal an AE, agus go ndíreofaí meastóireacht ar mheasúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar na tacaíochta ó CSE.

    Leagtar an‑bhéim sa dréacht‑Rialachán ar rannpháirtíocht chomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí neamhrialtasach i gclárú agus i gcur chun feidhme tosaíochtaí agus oibríochtaí CSE. Chuige sin, i gcás na réigiún lagfhorbartha, éilítear sa dréacht-Rialachán go ndéanfar méid iomchuí acmhainní CSE a leithdháileadh ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha lena gcumas a fhorbairt. Tabharfar tacaíocht chomh maith do chomhghníomhaíochtaí arna ngabháil de láimh ag na comhpháirtithe sóisialta, ag cur san áireamh a ríthábhachtaí atá siad i réimse na fostaíochta, i réimse an oideachais agus i réimse an chuimsithe shóisialta.

    Leis an meon céanna, beartaítear sa dréacht‑Rialachán líon teoranta rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht chun rochtain ar chistiú CSE a éascú do thairbhithe beaga agus d'oibríochtaí beaga agus chun éagsúlacht oibríochtaí agus tairbhithe CSE i gcomparáid le Cistí eile a thabhairt i gcuntas. Chun a áirithiú go rachaidh an simpliúchán chomh fada leis na tairbhithe, beartaítear sa dréacht‑Rialachán síneadh a chur le húsáid roghanna simplithe costais, lena n‑áirítear é a chur ar bhonn éigeantach úsáid a bhaint astu i gcás oibríochtaí beaga. Laghdóidh na forálacha sin an t-ualach riaracháin ar thairbhithe agus ar údaráis bhainistíochta, neartóidh siad an bhéim a leagan CSE ar thorthaí a bhaint amach agus cuideoidh siad chun líon na n‑earráidí a laghdú.

    Ar deireadh thiar, tugtar forálacha sonracha isteach i gcomhair ionstraimí airgeadais chun Ballstáit agus réigiúin a spreagadh chun CSE a ghiaráil agus sa dóigh sin cur lena chumas maoiniú a chur ar fáil do gníomhaíochtaí a thacaíonn le fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta.           

    2011/0268 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[9],

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[10],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[11],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. [ ...] ón gComhairle an creat gníomhaíochta do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus leagtar síos ann, go háirithe, na cuspóirí téamúla, na prionsabail agus na rialacha a bhaineann le clárú, faireachán agus meastóireacht, bainistíocht agus rialú. Ní mór mar sin misean agus raon feidhme Chiste Sóisialta na hEorpa a shonrú, mar aon leis na tosaíochtaí infheistíochta bainteacha a ghabhann leis na cuspóirí téamúla, agus ní mór forálacha sonracha a leagan síos maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí a fhéadfaidh CSE a mhaoiniú.

    (2) Ba cheart do CSE deiseanna fostaíochta a fheabhsú, oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus beartais ghníomhacha chuimsithe a fhorbairt i gcomhréir leis na cúraimí arna leagan ar CSE le hAirteagal 162 den Chonradh, agus sa dóigh sin rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh. De réir Airteagal 9 den Chonradh, ba cheart do CSE na riachtanais a chur san áireamh a bhaineann le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, leis an gcomhrac i gcoinne eisiaimh shóisialta, agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna, agus cosaint na sláinte daonna.

    (3) D’iarr an Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 go dtacódh na comhbheartais uile, lena n‑áirítear an beartas comhtháthaithe, le Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach[12]. Chun a áirithiú go n‑ailíneofar CSE go hiomlán le cuspóirí na straitéise seo, go háirithe maidir le fostaíocht, le hoideachas agus leis an gcomhrac i gcoinne eisiaimh shóisialta, ba cheart do CSE tacú leis na Ballstáit na moltaí ón gComhairle a chur chun feidhme, ar moltaí iad a bhaineann le mórthreoirlínte i gcomhair bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais, agus na cinntí ón gComhairle a chur chun feidhme, ar cinntí iad a bhaineann le treoirlínte i gcomhair bheartais fostaíochta na mBallstát arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121 agus le hAirteagal 148(4) den Chonradh. Ba cheart dó rannchuidiú freisin le cur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta, ag féachaint go speisialta don Chlár Oibre do Scileanna Nua agus do Phost[13], don Óige ag Bogadh[14], agus an Clár Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus Eisiaimh Shóisialta[15]. Tacóidh sé freisin le gníomhaíochtaí an Chláir Oibre Dhigitigh[16] agus an Aontais Nuálaíochta[17].

    (4) Tá dúshláin struchtúracha os comhair an Aontais Eorpaigh a eascraíonn as domhandú eacnamaíoch, as athrú na teicneolaíochta, as dul in aois an fhórsa saothair agus as an méadú atá ag teacht ar an easnamh atá ar scileanna agus ar lucht saothair in earnálacha agus i réigiúin áirithe. Tá na dúshláin níos measa de thoradh na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais le déanaí a bhfuil leibhéil níos airde dífhostaíochta ann dá barr, go háirithe i measc an aosa óig agus i measc grúpaí eile atá i mbaol, amhail imircigh. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag CSE fostaíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair, infheistiú a dhéanamh in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac. Agus feidhmiú níos fearr na margaí saothair á chur chun cinn aige trí bhíthin soghluaisteacht thrasnáisiúnta oibrithe a fheabhsú, ba cheart do CSE tacú, go háirithe, le Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (gníomhaíochtaí EURES) maidir le hearcú agus na seirbhísí bainteacha faisnéise, comhairle agus treorach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann.

    (5) I dteannta leis na tosaíochtaí sin, sna réigiúin agus sna Ballstáit lagfhorbartha, d'fhonn fás eacnamaíoch agus deiseanna fostaíochta a mhéadú, ba cheart éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí a fheabhsú agus ba cheart cumas institiúideach na ngeallsealbhóirí a chuireann beartais fostaíochta, oideachais agus shóisialta i ngníomh a neartú.

    (6) Ag an am céanna, tá sé sár‑riachtanach tacú le forbairt agus iomaíochas fhiontair bheaga agus mheánmhéide na hEorpa agus a áirithiú go bhféadfaidh daoine, trí bhíthin scileanna cuí agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, iad féin a oiriúnú do dhúshláin nua amhail an t-athrú chuig geilleagar bunaithe ar fhaisnéis, an clár oibre digiteach, an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin agus go geilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Ba cheart do CSE tabhairt faoi na dúshláin seo trí bhíthin a phríomhchuspóirí téamúla a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do CSE tacú le haistriú an lucht saothair i dtreo scileanna agus post atá níos glaise, go háirithe in earnálacha na héifeachtúlachta fuinnimh, an fhuinnimh in‑athnuaite agus an iompair inbhuanaithe, ag cur san áireamh rún an Aontais an cion de bhuiséad an AE a bhaineann le príomhshruthú saincheisteanna aeráide a mhéadú go 20 %, le rannchuidiú ó réimsí éagsúla beartais.

    (7) Ba cheart do CSE rannchuidiú leis an Straitéis Eoraip 2020, lena n‑áirithiú go ndíreofar tacaíocht CSE níos mó ar thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do CSE, go háirithe, tacaíocht níos mó a thabhairt don chomhrac i gcoinne eisiaimh shóisialta agus bochtaineachta, trí leithdháileadh íosta imfhálaithe. De réir leibhéal forbartha na réigiún dá dtugtar tacaíocht, ba cheart teorainn a chur freisin ar rogha agus ar líon na dtosaíochtaí infheistíochta i gcomhair tacaíocht CSE.

    (8) Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán níos grinne agus measúnú níos fearr ar thorthaí na ngníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach lena dtacaíonn CSE, ba cheart comhshraith táscairí aschuir agus toraidh a chur ar bun.

    (9) Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhairí críochacha agus socheacnamaíocha ar fad is ábhartha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá sé riachtanach mar sin go spreagfadh na Ballstáit rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha i gcur chun feidhme CSE.

    (10) Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go gcuirfidh cur chun feidhme na dtosaíochtaí arna maoiniú ag CSE le cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chonradh. Léirigh meastóireachtaí a thábhachtaí atá sé inscne a chur san áireamh i ngach gné de chláir, agus ag an am céanna a dheimhniú go ndéanfar gníomhaíochtaí sonracha chun comhionannas inscne a chur chun cinn.

    (11) I gcomhréir le hAirteagal 10 den Chonradh, ba cheart rannchuidiú trí chur chun feidhme na dtosaíochtaí arna maoiniú ag CSE leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar bhonn gnéis, cine, bunaidh eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonta ghnéasaigh. Ba cheart do CSE tacú le comhlíonadh na hoibleagáide faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas maidir le hoideachas, le hobair agus le fostaíocht agus inrochtaineacht inter alia. Ba cheart do CSE an t‑aistriú ó chúram institiúideach go cúram pobal‑bhunaithe a chur chun cinn freisin.

    (12) Tá sé sár‑riachtanach tacú le nuálaíocht shóisialta ionas go bhfreastalóidh beartais ar athrú sóisialta ar dhóigh níos fearr agus chun fiontair shóisialta nuálacha a spreagadh agus chun tacú leo. Go háirithe, trí réitigh nuálacha a thriail agus a mheasúnú sula gcuirfear i bhfeidhm ar scála níos mó iad, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht na mbeartas agus ar an gcaoi sin tugtar údar le tacaíocht shonrach ó CSE.

    (13) Tá breisluach suntasach ag baint le comhar trasnáisiúnta agus is gá treisiú a dhéanamh ar ról an Choimisiúin maidir le malartú taithí a éascú agus cur chun feidhme na dtionscnamh ábhartha a chomhordú.

    (14) Is gá na geallsealbhóirí réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun gnímh chun an Straitéis Eoraip 2020 agus a príomhspriocanna a chur i gcrích. Féadfar comhaontuithe críochacha, tionscnaimh áitiúla le haghaidh fostaíochta agus le haghaidh cuimsithe shóisialta, straitéisí forbartha faoi stiúir an phobail agus straitéisí forbartha inbhuanaithe uirbí a úsáid agus féadfar tacú leo ionas go mbeidh páirt níos gníomhaí ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, cathracha, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha i gcláir a chur chun feidhme.

    (15) Foráiltear i Rialachán (AE) Uimh. [...] go ndéanfar rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, maille le heisceachtaí áirithe ar gá forálacha sonracha a leagadh síos ina leith i ndáil le CSE.

    (16) D'fhonn úsáid CSE a shimpliú agus an baol go ndéanfar earráidí a laghdú, agus maidir le sainiúlachtaí na n‑oibríochtaí lena dtacaíonn CSE, is iomchuí forálacha a leagan síos lena gcomhlánaítear Airteagal 57 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. […].

    (17) Ba cheart na Ballstáit agus na réigiúin a spreagadh chun CSE a ghiaráil trí bhíthin ionstraimí airgeadais chun tacú, mar shampla, le mic léinn, cruthú post, soghluaisteacht oibrithe, cuimsiú sóisialta agus fiontraíocht shóisialta.

    (18) Ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun sainiú scálaí caighdeánacha a bhunú i gcomhair costas aonaid agus cnapshuimeanna agus a n‑uasmhéideanna de réir cineálacha éagsúla oibríochtaí agus chun na rialacha sonracha agus na coinníollacha sonracha a shainiú i gcomhair ráthaíochtaí beartas‑bhunaithe. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    (19) Cuirtear an Rialachán seo in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1081/2006 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1784/1999[18]. Ba cheart an Rialachán sin a aisghairm dá bhrí sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil I Forálacha ginearálta

    Airteagal 1 Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo misean Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), raon feidhme a chúnaimh, forálacha sonracha agus na cineálacha caiteachais atá incháilithe le haghaidh cúnaimh.

    Airteagal 2 Misean

    1. Déanfaidh CSE ardleibhéil fostaíochta agus cáilíochta post a chur chun cinn, tacóidh sé le soghluaisteacht ghairme agus gheografach oibrithe, éascóidh sé d'oibrithe iad féin a oiriúnú d’athrú, spreagfaidh sé ardleibhéal oideachais agus oiliúna, comhionannas inscne, cuirfidh sé comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú chun cinn, feabhsóidh sé cuimsiú sóisialta agus comhraicfidh sé bochtaineacht, agus ar an dóigh sin cuirfidh sé le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

    2. Déanfaidh sé amhlaidh trí chúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus tosaíochtaí agus príomhspriocanna na Straitéise Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach á gcur chun feidhme acu. Tacóidh CSE le ceapadh agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí, ag cur na dtreoirlínte comhtháite maidir le beartais eacnamaíocha agus fostaíochta na mBallstát[19] agus na Moltaí ón gComhairle maidir le Cláir Athchóirithe Náisiúnta san áireamh.

    3. Rachaidh CSE chun tairbhe daoine, lena n‑áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, imircigh, mionlaigh eitneacha, pobail imeallaithe agus daoine faoi eisiamh sóisialta. Cuirfidh CSE tacaíocht ar fáil d’fhiontair, do chórais agus do struchtúir d’fhonn cuidiú leo iad féin a oiriúnú do dhúshláin nua agus d'fhonn dea-rialachas agus cur chun feidhme athchóirithe a chur chun cinn, go háirithe i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na mbeartas sóisialta.

    Airteagal 3 Raon feidhme na tacaíochta

    1. Faoi na cuspóirí téamúla atá liostaithe thíos, agus de réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh [...], tacóidh CSE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas:

    (a) Fostaíocht agus soghluaisteacht lucht saothair a chur chun cinn trí bhíthin an méid seo a leanas:

    (i)      Rochtain ar fhostaíocht do dhaoine atá ag lorg post agus do dhaoine neamhghníomhacha, lena n‑áirítear tionscnaimh fostaíochta áitiúla, agus tacaíocht do shoghluaisteacht lucht saothair;

    (ii)      Daoine óga nach bhfuil fostaithe ná in oideachas ná in oiliúint a chomhtháthú i margadh an tsaothair ar bhealach inbhuanaithe;

    (iii)     Féinfhostaíocht, fiontraíocht agus cruthú gnó;

    (iv)     Comhionannas idir fir agus mná agus réiteach idir saol na hoibre agus an saol príobháideach;

    (v)     Oibrithe, fiontair agus fiontraithe a oiriúnú d'athrú;

    (vi)     Aosú gníomhach agus sláintiúil;

    (vii)    Institiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu soghluaisteacht thrasnáisiúnta an lucht saothair a fheabhsú;

    (b) Infheistiú in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil trí bhíthin an méid seo a leanas:

    (i)      Líon na bpáistí a fhágann an scoil go luath a laghdú agus rochtain chothrom ar oideachas luath-óige, ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas de dhea‑cháilíocht a chur chun cinn;

    (ii)      Caighdeán, éifeachtúlacht agus oscailteacht oideachais tríú leibhéil agus a choibhéise a fheabhsú d'fhonn rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a mhéadú;

    (iii)     Rochtain ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, scileanna agus inniúlachtaí an fhórsa saothair a uasghrádú agus ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna maidir le margadh an tsaothair a mhéadú;

    (c) Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac trí bhíthin an méid seo a leanas:

    (i)      Cuimsiú gníomhach;

    (ii)      Comhtháthú pobal imeallaithe amhail na Romaigh;

    (iii)     Idirdhealú ar bhonn gnéis, bunaidh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, aoise nó claonta ghnéasaigh;

    (iv)     Rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta, lena n‑áirítear cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta de leas ginearálta;

    (v)     Geilleagar sóisialta agus fiontair shóisialta a chur chun cinn;

    (vi)     Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail

    (d) Cumas institiúideach agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí bhíthin an méid seo a leanas:

    (i)      Infheistíocht a dhéanamh gcumas institiúideach agus in éifeachtúlacht riarachán poiblí agus seirbhísí poiblí ar mhaithe le hathchóirithe, rialachán níos fearr agus dea-rialachas;    Ní infheidhme an tosaíocht infheistíochta seo ach amháin ar fud chríoch na mBallstát a bhfuil ar a laghad réigiún amháin ar NUTS leibhéal 2 acu mar a shainítear in Airteagal 82 (2)(a) de Rialachán AE Uimh. […] nó i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe.

    (ii)      Forbairt cumais do gheallsealbhóirí atá ag cur beartas fostaíochta, oideachais agus sóisialta i ngníomh agus comhaontuithe earnála agus críochacha chun gníomh a spreagadh ar son athchóiriú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

    2. Trí bhíthin na dtosaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i mír 1, rannchuideoidh CSE leis na cuspóirí téamúla eile atá liostaithe in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […], trí bhíthin an méid seo a leanas go príomha:

    (e) Tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin, atá láidir ó thaobh na haeráide de, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, trí bhíthin córais oideachais agus oiliúna a athchóiriú, scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, breisoiliúint a thabhairt don fhórsa saothair agus poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus le fuinneamh;

    (f) Inrochtaineacht, úsáid agus cáilíocht teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a fheabhsú, trí litearthacht dhigiteach a fhorbairt agus trí infheistíocht i ríomhchoimsiú, i ríomhscileanna agus i scileanna fiontraíochta gaolmhara;

    (g) Taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú, trí staidéir iarchéime a fhorbairt, trí oiliúint a chur ar thaighdeoirí, trí ghníomhaíochtaí líonraithe agus comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, ionaid taighde agus teicneolaíochta agus fiontair;

    (h) Iomaíochas fiontar beag agus meánmhéide a fheabhsú, trí bhíthin inoiriúnaitheacht fiontar agus oibrithe a chur chun cinn agus trí infheistiú méadaithe i gcaipiteal daonna.

    Airteagal 4 Comhsheasmhacht agus díriú téamúil

    1. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh an straitéis agus na gníomhaíochtaí arna leagan amach sna Cláir Oibríochta comhsheasmhach agus dírithe ar thabhairt faoi na dúshláin a shainaithnítear sna Cláir Athchóirithe Náisiúnta agus sna moltaí ábhartha ón gComhairle faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, chun cur le baint amach phríomhspriocanna na straitéise Eoraip 2020 maidir le fostaíocht, le hoideachas agus le laghdú na bochtaineachta.

    2. Déanfar 20 % ar laghad d’acmhainní iomlána CSE i ngach Ballstát a leithdháileadh ar an gcuspóir téamúil “chuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac” atá leagtha síos in Airteagal 9 (9) de Rialachán (AE) Uimh. […].

    3. Cuirfidh Ballstáit díriú téamúil i bhfeidhm de réir na rialacha mionsonraithe seo a leanas:

    (a) I gcás na réigiún atá níos forbartha, díreoidh Ballstáit 80 % den leithdháileadh i gcomhair gach cláir oibríochta ar suas le ceithre cinn de na tosaíochtaí infheistíochta atá leagtha amach in Airteagal 3(1).

    (b) I gcás réigiún atá ag athrú, díreoidh Ballstáit 70 % den leithdháileadh i gcomhair gach cláir oibríochta ar suas le ceithre cinn de na tosaíochtaí infheistíochta atá leagtha amach in Airteagal 3(1).

    (c) I gcás na réigiún lagfhorbartha, díreoidh Ballstáit 60 % den leithdháileadh i gcomhair gach cláir oibríochta ar suas le ceithre cinn de na tosaíochtaí infheistíochta atá leagtha amach in Airteagal 3(1).

    Airteagal 5 Táscairí

    1. Bainfear úsáid as comhtháscairí de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus as táscairí atá sonrach do na cláir i gcomhréir le hAirteagal 24(3) agus le hAirteagal 87(2)(b)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. [...]. Déanfar na táscairí uile a shloinneadh mar dhearbh-uimhreacha.         Baineann comhtháscairí aschuir agus táscairí aschuir atá sonrach do na cláir le hoibríochtaí arna gcur i bhfeidhm go páirteach nó go hiomlán. Nuair is ábhartha maidir le cineál na n‑oibríochtaí lena dtacaítear, déanfar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha a shocrú le haghaidh 2022. Socrófar táscairí bonnlíne ag nialas.          Baineann comhtháscairí torthaí agus táscairí torthaí atá sonrach do na cláir leis na haiseanna tosaíochta nó leis an bhfothosaíochtaí arna mbunú faoi ais tosaíochta. Bainfidh táscairí bonnlíne úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha le haghaidh 2022.

    2. Ag an am céanna leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, tarchuirfidh an t‑údarás bainistíochta sonraí leictreonacha maidir le gach tosaíocht infheistíochta. Cumhdófar sna sonraí an catagóiriú chomh maith leis na táscairí aschuir agus toraidh.

    Caibidil II Forálacha sonracha le haghaidh clárúcháin agus cur chun feidhme

    Airteagal 6 Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe

    1. Féadann rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile, eagraíochtaí neamhrialtasacha go háirithe, i gcur chun feidhme clár oibríochta, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. […] , a bheith i bhfoirm deontas foriomlán mar a shainítear in Airteagal 112(7) de Rialachán (AE) Uimh. […]. I gcás mar sin, aithneofar sa chlár oibríochta an chuid sin den chlár lena mbaineann an deontas foriomlán, lena n‑áirítear leithdháileadh táscach airgeadais chuige ó gach ais tosaíochta.

    2. Chun rannpháirtíocht leordhóthanach na gcomhpháirtithe sóisialta i ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE a spreagadh, déanfaidh údaráis bhainistíochta i réigiún mar a shainítear in Airteagal 82(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. […] nó i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe, a áirithiú go leithdháilfear méid iomchuí acmhainní CSE ar ghníomhaíochtaí forbartha cumais, i bhfoirm oiliúna, beart líonraithe, agus tríd an gcomhphlé sóisialta a neartú agus ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag na comhpháirtithe sóisialta.

    3. Chun rannpháirtíocht leordhóthanach eagraíochtaí neamhrialtasacha a spreagadh i ngníomhaíochtaí arna dtacú ag CSE, agus rochtain leordhóthanach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha orthu freisin, go háirithe i réimsí an chuimsithe shóisialta, an chomhionannais inscne agus na gcomhdheiseanna, déanfaidh údaráis bhainistíochta cláir oibríochta i réigiún mar a shainítear in Airteagal 82(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. […] nó i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe, a áirithiú go leithdháilfear suim iomchuí acmhainní CSE ar fhorbairt cumais i gcomhair eagraíochtaí neamhrialtasacha.

    Airteagal 7 Comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn

    Spreagfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhionannas idir fir agus mná trí bhíthin príomhshruthú de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. […] agus trí ghníomhaíochtaí sonracha spriocdhírithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a)(iv), go háirithe agus é mar aidhm acu rannpháirtíocht inbhuanaithe agus dul chun cinn ban i bhfostaíocht a mhéadú, leithscaradh bunaithe ar inscne i margadh an tsaothair a laghdú, steiréitíopaí inscne in oideachas agus in oiliúint a chomhrac agus réiteach idir saol na hoibre agus an saol príobháideach a chur chun cinn d’fhir agus do mhná.

    Airteagal 8 Comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn

    Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhdheiseanna do gach duine a chur chun cinn, lena n‑airítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas trí phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe a phríomhshruthú, de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. […], agus trí ghníomhaíochtaí sonracha laistigh de na tosaíochtaí infheistíochta mar atá sainithe in Airteagal 3, agus go háirithe in Airteagal 3(1)(c)(iii). Díreofar gníomhaíochtaí den sórt sin ar dhaoine atá i mbaol idirdhealaithe agus ar dhaoine faoi mhíchumas, d'fhonn a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a mhéadú, a gcuimsiú sóisialta a fheabhsú agus éagothroime i dtéarmaí gnóthachtála oideachais agus stádais sláinte a laghdú agus an t-aistriú ó sheirbhísí institiúideacha go seirbhísí pobal-bhunaithe a éascú.

    Airteagal 9 Nuálaíocht shóisialta

    1. Cuirfidh CSE nuálaíocht shóisialta chun cinn i ngach réimse a thig faoi raon feidhme CSE, mar a shainítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, go háirithe agus é mar aidhm aige réitigh nuálacha a thriail agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le riachtanais shóisialta.

    2. Déanfaidh Ballstáit téamaí a shainaithint le haghaidh nuálaíochta sóisialta, ar téamaí iad a chomhfhreagróidh dá riachtanais shonracha ina gcuid clár oibríochta.

    3. Déanfaidh an Coimisiún forbairt cumais le haghaidh nuálaíochta sóisialta a éascú, go háirithe trí thacú le foghlaim fhrithpháirteach, le bunú líonraí agus le scaipeadh dea‑chleachtas agus modheolaíochtaí.

    Airteagal 10 Comhar trasnáisiúnta

    1. Tacóidh Ballstáit le comhar trasnáisiúnta agus é mar aidhm acu foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn agus sa dóigh sin éifeachtacht na mbeartas lena dtacaíonn CSE a mhéadú. Beidh comhpháirtithe ó dhá Bhallstát ar a laghad páirteach i gcomhar trasnáisiúnta.

    2. Féadann Ballstáit téamaí le haghaidh comhair thrasnáisiúnta a roghnú ó liosta arna mholadh ag an gCoimisiún agus arna fhormhuiniú ag Coiste CSE.

    3. Déanfaidh an Coimisiún comhar trasnáisiúnta a éascú maidir leis na téamaí dá dtagraítear i mír 2 trí fhoghlaim fhrithpháirteach nó trí ghníomhaíocht chomhordaithe nó chomhpháirteach. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, ardán ar leibhéal an AE a fheidhmiú chun malartú taithí, forbairt cumais agus líonrú a éascú, chomh maith leis na torthaí iomchuí a scaipeadh. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún creat chur chun feidhme comhordaithe a fhorbairt, lena n‑áirítear comhchritéir incháilitheachta, cineálacha gníomhaíochtaí agus a n‑amchlár, agus cur chuige coiteann modheolaíochta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, d'fhonn comhar trasnáisiúnta a éascú.

    Airteagal 11 Forálacha atá sonrach do chistí maidir le cláir oibríochta

    1. De mhaolú ar Airteagal 87(1) de Rialachán (AE) Uimh. […], féadfaidh cláir oibríochta aiseanna tosaíochta a leagan amach i gcomhair cur chun feidhme na nuálaíochta sóisialta agus comhair thrasnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10.

    2.           De mhaolú ar Airteagal 109(3) de Rialachán (AE) Uimh. […], déanfar an ráta cómhaoinithe i gcomhair aise tosaíochta a mhéadú faoi deich bpointe céatadáin, gan dul thar 100 %, áit a ndírítear an ais tosaíochta iomlán ar nuálaíocht shóisialta nó ar chomhar trasnáisiúnta, nó ar mheascán den dá rud.

    3.           I dteannta forálacha Airteagal 87(3) de Rialachán (AE) Uimh. […], leagfar amach freisin i gcláir oibríochta an rannchuidiú a thabharfaidh gníomhaíochtaí atá pleanáilte agus lena dtacaíonn CSE:

    (i) do na cuspóirí téamúla atá liostaithe faoi Airteagal 9(1) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. [...] de réir aise tosaíochta, de réir mar is iomchuí;

    (j) do nuálaíocht shóisialta agus do chomhar trasnáisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10, i gcás nach bhfuil siad cumhdaithe faoi ais tosaíochta tiomanta.

    Airteagal 12 Forálacha sonracha maidir le gnéithe críochacha ar leith a láimhseáil

    1.           Féadfaidh CSE tacú le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. […], le comhaontuithe críochacha agus le tionscnaimh áitiúla le haghaidh fostaíochta, oideachais agus cuimsithe shóisialta, maille le hIonstraim Chríochach Comhtháite (ICC) dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. […].

    2.           Mar chomhlánú idirghabhálacha Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. [ERDF], féadfaidh CSE tacú le forbairt inbhuanaithe uirbeach trí straitéisí lena leagtar amach gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta a dhéanann difear do limistéir uirbeacha na gcathracha atá liostaithe sa chonradh comhpháirtíochta.

    Caibidil III Forálacha sonracha maidir le bainistíocht airgeadais

    Airteagal 13 Incháilitheacht chaiteachais

    1. Tabharfaidh CSE tacaíocht le haghaidh caiteachais incháilithe, lena bhféadfar a áireamh, d’ainneoin Airteagal 109(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. […], aon acmhainní airgeadais arna gcomhdhéanamh ag fostaithe agus oibrithe.

    2. De mhaolú ar Airteagal 60(2) de Rialachán (AE) Uimh. [...], féadfaidh CSE tacaíocht a thabhairt le haghaidh caiteachais arna thabhú i gcomhair oibríochtaí arna ndéanamh lasmuigh de limistéar an chláir, ach laistigh den Aontas, ar chuntar go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (k) gur chun leasa limistéar an chláir an oibríocht;

    (l) go bhfuil oibleagáidí údaráis an chláir i ndáil le bainistíocht, rialú agus iniúchadh i dtaobh na hoibríochta arna gcomhlíonadh ag na húdaráis atá freagrach as an gclár faoina dtacaítear leis an oibríocht sin nó go bhfuil comhaontuithe déanta acu le húdaráis sna Ballstáit ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2(a) agus na hoibleagáidí i ndáil le bainistíocht, rialú agus iniúchadh i dtaobh na hoibríochta.

    3. Sa bhreis ar an gcaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) Uimh. [...], ní bheidh ceannach bonneagair, talaimh ná eastáit réadaigh incháilithe le haghaidh rannchuidiú ó CSE.

    4. Ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm liúntas nó tuarastal arna n‑íoc ag tríú páirtí chun leasa rannpháirtithe oibríochta, féadfaidh siad a bheith incháilithe le haghaidh rannchuidiú ó CSE ar chuntar nach sáraíonn luach an rannchuidithe an costas a bhí ar an tríú páirtí agus go dtabhaítear i gcomhréir le rialacha náisiúnta é, lena n‑áirítear rialacha cuntasaíochta.

    Airteagal 14 Roghanna simplithe costais

    1. Sa bhreis ar na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. [...], féadfaidh an Coimisiún caiteachas arna íoc ag Ballstáit a aisíoc ar bhonn scálaí caighdeánacha costas aonaid agus cnapshuimeanna arna sainiú ag an gCoimisiún. Measfar i leith na suimeanna arna ríomh ar an mbonn sin gur tacaíocht phoiblí arna híoc leis na tairbhithe iad agus gur caiteachas incháilithe chun críche Rialachán (AE) Uimh. [...] a chur i bhfeidhm iad.

    Chun na críche sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 i ndáil leis na cineálacha oibríochtaí atá cumhdaithe, le sainiú na scálaí caighdeánacha costas aonaid agus cnapshuimeanna agus a n‑uasmhéideanna, sainiú is féidir a choigeartú de réir na modhanna comhaontaithe is infheidhme.

    Beidh sé d'aidhm eisiach ag iniúchadh airgeadais a fhíorú go bhfuil na coinníollacha faoina ndéanfaidh an Coimisiún aisíocaíochtaí ar bhonn scálaí caighdeánacha costas aonaid agus cnapshuimeanna, arna gcomhlíonadh.

    I gcás ina n‑úsáidfear na foirmeacha sin cistithe, féadfaidh an Ballstát a chleachtais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí tacaíochta. Chun críche an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. [...], ní bheidh na cleachtais chuntasaíochta sin ná na suimeanna a thig astu faoi réir iniúchadh ag an údaráis iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.

    2. I gcomhréir le hAirteagal 57(1)(d) agus (4)(d) de Rialachán (AE) Uimh. […]., féadfar ráta comhréidh de suas le 40 % de na costais foirne díreacha incháilithe a úsáid chun na costais eile incháilithe a bhaineann le hoibríochta a chumhdach.

    3. Deontais arna n‑aisíoc ar bhonn costais incháilithe oibríochtaí, arna gcinneadh de réir mhodh an mhaoinithe ar ráta comhréidh, na scálaí caighdeánacha costas aonaid agus na gcnapshuimeanna dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) Uimh. […], féadfar iad a ríomh ar bhonn cás ar chás trí thagairt a dhéanamh do dhréachtbhuiséad comhaontaithe ex ante ag an Údarás Bainistíochta, i gcás nach sáróidh an tacaíocht phoiblí EUR 100 000.

    4. Deontais nach sáróidh an tacaíocht phoiblí ina leith EUR 50 000, déanfar iad i bhfoirm cnapshuimeanna nó scálaí caighdeánacha costas aonaid, ach amháin i gcás oibríochtaí a bhfuil tacaíocht á fáil acu faoi chuimsiú scéime cabhrach stáit.           

    Airteagal 15 Ionstraimí airgeadais

    1. De bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. […], féadfaidh CSE tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a thig faoina raon feidhme trí ionstraimí airgeadais, amhail scéimeanna roinnte rioscaí, gnáthscaireanna agus fiacha, cistí ráthaíochta, cistí sealúchais, agus cistí iasachta.

    2. Féadfar CSE a úsáid chun feabhas a chur ar rochtain comhlachtaí poiblí agus príobháideacha, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach, ar mhargaí caipitil, ar comhlachtaí iad atá ag cur gníomhaíochtaí agus beartas chun feidhme atá faoi raon feidhme CSE agus an chláir oibríochta trí 'ráthaíochtaí CSE beartas-bhunaithe' atá faoi réir fhormheas an Choimisiúin.

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun na rialacha agus na coinníollacha sonracha a shainiú i gcomhair na n‑iarratas ó na Ballstáit, lena n‑áirítear uasmhéideanna, i gcomhair ráthaíochtaí beartas-bhunaithe, á áirithiú go háirithe nach dtabhóidh comhlachtaí poiblí leibhéil iomarcacha fiachais de dheasca a n‑úsáide.

    Déanfaidh an Coimisiún gach iarratas a mheasúnú agus formheasfaidh sé gach 'ráthaíocht CSE beartas-bhunaithe' ar chuntar go bhfuil sé faoi chuimsiú an Chláir Oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 87 de Rialachán (AE) Uimh. [...] agus ar chuntar go bhfuil sé i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha sonracha atá bunaithe.

    Caibidil IV Tarmligean cumhachta agus forálacha deiridh

    Airteagal 16 Tarmligean a fheidhmiú

    1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

    2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 15(2) ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó 1 Eanáir 2014.

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 14(1) agus sa dara fomhír d'Airteagal 15(2) a chúlghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ina leith an tráth céanna.

    5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 14(1) agus an dara fomhíre d'Airteagal 15(2) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh ar feadh 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 17 Aisghairm

    Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

    Déanfar na tagairtí don Rialachán arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 18 Clásal athbhreithnithe

    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 164 den Chonradh.

    Airteagal 19 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN Comhtháscairí aschuir agus toraidh le haghaidh infheistíochtaí CSE

    (1) Comhtháscairí aschuir maidir le rannpháirtithe

    Tagairt is ea "rannpháirtithe"[20] do dhaoine a fhaigheann tairbhe dhíreach ó infheistíocht CSE agus ar féidir iad a aithint agus faisnéis a fháil uathu faoina saintréithe, agus a bhfuil caiteachas sonrach curtha in áirithe dóibh. Ní ceart tairbhithe eile a áireamh mar rannpháirtithe.

    · daoine dífhostaithe, lena n‑áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach*

    · daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach*

    · daoine neamhghníomhacha*

    · daoine neamhghníomhacha, nach bhfuil páirteach in oideachas ná oiliúint*

    · daoine fostaithe, lena n‑áirítear daoine féinfhostaithe*

    · daoine faoi bhun 25 bliana d’aois*

    · daoine os cionn 54 bliana d’aois*

    · daoine a bhfuil oideachas bunscoile (ISCED 1) nó meánscoile íochtaraí (ISCED 2) acu*

    · daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu*

    · daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu*

    · imircigh, daoine de chúlra iasachta, mionlaigh (lena n‑áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh)**

    · daoine faoi mhíchumas**

    · daoine eile faoi mhíbhuntáiste**

    Ríomhtar líon iomlán na rannpháirtithe go huathoibríoch ar bhonn na dtáscairí aschuir.

    Tá na sonraí sin maidir le rannpháirtithe in oibríocht CSE le soláthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 44(1) agus (2) agus in Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) Uimh. [...]. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.        

    (2) Comhtháscairí aschuir i gcomhair eintiteas

    · líon na dtionscadal arna gcur chun feidhme ina n‑iomláine nó i bpáirt ag comhpháirtithe sóisialta nó ag eagraíochtaí neamhrialtasacha

    · líon na dtionscadal arna ndíriú ar riaracháin phoiblí nó ar sheirbhísí poiblí

    · líon na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide lenar tacaíodh

    Tá na sonraí sin le soláthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 44(1) agus (2) agus in Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) Uimh. […].

    (3) Comhtháscairí láithreacha toraidh maidir le rannpháirtithe

    · rannpháirtithe neamhghníomhacha atá ag lorg poist arís ar fhágáil dóibh

    · rannpháirtithe in oideachas/oiliúint ar fhágáil dóibh

    · rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh

    · rannpháirtithe i bhfostaíocht ar fhágáil dóibh

    Tá na sonraí sin le soláthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 44(1) agus (2) agus in Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) Uimh. […]. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.    

    (4) Comhtháscairí fadtéarmacha toraidh maidir le rannpháirtithe

    · rannpháirtithe i bhfostaíocht 6 mhí tar éis dóibh fágáil

    · rannpháirtithe féinfhostaithe 6 mhí tar éis dóibh fágáil

    · rannpháirtithe i staid níos fearr i margadh an tsaothair 6 mhí tar éis dóibh fágáil

    Tá na sonraí sin le soláthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. […]. Baileofar iad bunaithe ar shampla ionadaíoch de rannpháirtithe faoi chuimsiú gach aise tosaíochta nó fothosaíochta. Ba cheart bailíocht inmheánach an tsampla a áirithiú sa chaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal na haise tosaíochta nó fothosaíochta. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.

    [1]               an 5ú Tuarascáil maidir le Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, Samhain 2010.

    [2]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta: Athbhreithniú Buiséid an AE, COIM(2010) 700, 19.10.2010.

    [3]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Buiséad don Eoraip 2020, COIM(2011) 500, 29.6.2011.

    [4]               Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin: Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar chonclúidí an cúigiú tuarascáil maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, SEC(2011) 590 críochnaitheach, 13.5.2011.

    [5]               Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le todhchaí Chiste Sóisialta na hEorpa, P7_TA(2010)0357           Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhtháthú an AE agus beartas réigiúnach tar éis 2013, P7_TA(2010)0356.

    [6]               IO C 132/8, 3.5.2011

    [7]               IO C 166/08, 7.6.2011.

    [8]               COIM(2010) 700, 19.10.2010.

    [9]               IO C , , lch. .

    [10]             IO C , , lch. .

    [11]             IO C , , lch. .

    [12]             COIM(2010) 2020 críochnaitheach, 03.3.2010

    [13]             COIM(2010) 682 críochnaitheach, 23.11.2010

    [14]             COIM(2010) 477 críochnaitheach, 15.9.2010

    [15]             COIM(2010) 758 críochnaitheach, 16.12.2010

    [16]             COIM(2010) 245 críochnaitheach/2, 26.8.2010

    [17]             COIM(2010) 546 críochnaitheach, 6.10.2010

    [18]             IO L 210, 31.7.2006, lch. 12.

    [19]             Moltaí ón gComhairle an 13 Iúil 2010 maidir le mórthreoirlínte i gcmohair bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (OJ L 191, 23.7.2010, p. 28–34) agus an cinneadh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte i gcomhair bheartais fostaíochta na mBallstáit (OJ L 308, 24.11.2010, p. 46–51).

    [20]             Ní mór socruithe próiseála sonraí na mBallstát a bheith i gcomhréir le forálacha Threoir 95/46 an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe maidir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 den Treoir sin.       Is ionann sonraí pearsanta de réir Airteagal 7 den Treoir thuas agus sonraí arna dtuairisciú faoi na táscairí a bhfuil * marcáilte in aice leo. Tá sé riachtanach iad a phróiseáil chun an oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialtóir faoina réir a chomhlíonadh (Airteagal 7(c)). Chun sainmhíniú a fháil ar rialtóir féach Airteagal 2 den Treoir thuasluaite.              Is catagóir speisialta sonraí de réir Airteagal 8 den Treoir thuasluaite iad sonraí arna dtuairisciú faoi na táscairí a bhfuil ** marcáilte ina aice leo. Faoi réir coimircí oiriúnacha a bheith tugtha, féadfaidh Ballstáit, ar mhaithe le leas poiblí substaintiúil, díolúintí a leagan síos i dteannta na cinn a leagadh síos in Airteagal 8(2), trí bhíthin an dlí náisiúnta nó trí bhíthin cinnidh de chuid an údaráis mhaoirseachta (Airteagal 8(4)).

    Top