Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0516

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    /* COIM/2011/0516 leagan deireanach - 2011/0223 (COD) */

    52011PC0516

    /* COIM/2011/0516 leagan deireanach - 2011/0223 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí[1] i bhfeidhm an 5 Aibreán 2010. I gcomhréir le hAirteagal 51 den Chód Víosa, tarraingíodh suas treoracha oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha an Rialacháin leis an gCinneadh ón gCoimisiún a glacadh an 19.3.2010[2] lena mbunaítear Treoirleabhar chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus chun víosaí a eisíodh a mhodhnú.

    Fad is a bhí an Treoirleabhar á ullmhú, tugadh faoi deara nach raibh pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 3(5) róshoiléir:

    1. I bpointe (b) d’Airteagal 3(5) maidir leis an díolúine ó cheanglais maidir le víosa idirthurais aerfoirt atá ar shealbhóirí ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag tíortha ar leith, tá an tagairt do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill (an Bhulgáir, Éire, an Chipir, an Rómáin agus an Ríocht Aontaithe faoi láthair) fágtha ar lár.

    2. I bpointe (c) d’Airteagal 3(5) maidir leis an díolúine ó cheanglais maidir le víosa idirthurais aerfoirt atá ar shealbhóirí víosaí arna n-eisiúint ag tíortha ar leith, tá an tagairt do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill (an Bhulgáir, Éire, an Chipir, an Rómáin agus an Ríocht Aontaithe faoi láthair) fágtha ar lár.

    3. Ina theannta sin, fad is a bhí an Treoirleabhar á ullmhú, tugadh faoi deara go bhféadfaí dhá léamh a dhéanamh ar an bhfoclaíocht i bpointe (c) d’Airteagal 3(5), agus ba cheart a shoiléiriú go bhfuil sealbhóirí víosaí arna n-eisiúint ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill agus ag tríú tíortha ar leith, díolmhaithe ó na ceanglais maidir le víosa idirthurais aerfoirt nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír inar eisíodh an víosa nó chuig aon tríú tír eile agus nuair a fhilleann siad ón stát eisiúna, tar éis an víosa a úsáid (ach ní amhlaidh an cás nuair a fhilleann siad ó aon tríú tír eile ).

    4. Is tagairt iomarcach atá sa tagairt do stáit atá ina bpáirtí sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch toisc gur stáit iad na stáit sin atá cumhdaithe faoi phointe (a) d'Airteagal 3(5)(a) nó neachtar acu is tíortha comhlachaithe iad a bhfuil feidhm ag Airteagal 3(5)(a) maidir leo de bhua an chomhaontaithe ábhartha chomhlachais nó an phrótacail ábhartha.

    Roimh mhí Aibreán 2010, leag na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha (TCC) agus Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/197/JHA[3] amach na forálacha maidir le tríú tíortha a raibh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais maidir le víosa idirthurais aerfoirt. Bhí feidhm ag na forálacha sin maidir le daoine de náisiúntacht ar leith seachas má bhí cead cónaithe ar seilbh acu arna eisiúint ag Éirinn, ag an Ríocht Aontaithe nó ag tríú stáit áirithe (Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSeapáin etc.) toisc gur glacadh leis nach mbeadh riosca inimirce mídhleathaí do Stáit Schengen ó na daoine sin.

    In 2008, bheartaigh roinnt Ballstát Iarscríbhinn 3 den TCC a leasú chun foráil a dhéanamh, ar an gcúis chéanna, gur cheart go mbeadh sealbhóirí víosaí arna n-eisiúint ag tríú stáit áirithe díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa idirthurais aerfoirt nuair a thaistealódh an sealbhóir víosa chuig an tríú stát (nó go hÉirinn nó chuig an Ríocht Aontaithe) a d’eisigh an víosa nó chuig aon tríú stát eile. Ar an gcaoi chéanna, bheadh an duine i dtrácht díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa idirthurais aerfoirt nuair a d'fhillfeadh sé ón tríu stát inar eisíodh an víosa tar éis an víosa a úsáid. Ní bheadh sé díolmhaithe nuair a d’fhillfeadh sé ó aon tríú tír eile seachas an tír eisiúna de bharr nach mbeadh víosa ar seilbh aige a thuilleadh a bheadh bailí d’aon cheann de na tíortha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(5), agus dá bhrí sin, ní fhéadfaí glacadh leis a thuilleadh nach mbeadh riosca inimirce mídhleathaí do Stáit Schengen uaidh.

    Bhí na forálacha sin le glacadh sa Chód Víosa, ach fágadh focail riachtanacha ar lár i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(5) agus dá bhrí sin, níl an staid dhlithiúil soiléir.

    Fad is a bhí an Treoirleabhar á dhréachtú, pléadh an fhadhb a réiteach le treoirlínte a dhéanfadh an soiléiriú sin. Toisc nach féidir leis an Treoirleabhar oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a chur ar na Ballstáit, ní mór an Cód Víosa a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha a bhunú. Tá tábhacht phraiticiúil leis an soiléiriú sin le haghaidh taistealaithe aonair agus le haghaidh cuideachtaí aerlínte.

    Tá an togra teoranta don leasú teicniúil a bhaineann leis an téacs atá ann cheana a shoiléiriú.

    2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Pléadh an dá ghné arna gcumhdach ag an togra sa Choiste Víosa agus sa Ghrúpa Oibre Víosaí agus tugann na Ballstáit tacaíocht don Choimisiún maidir le cinneadh a dhéanamh leasú teoranta a dhéanamh ar an gCód Víosa.

    3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    Ba cheart pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 3(5) a leasú chun an méid seo a leanas a shoiléiriú:

    - cumhdóidh an díolúine maidir le víosa idirthurais aerfoirt náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu nó cead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát nach gcuireann an comhbheartas víosa i bhfeidhm ina iomláine;

    - cumhdaíonn an díolúine maidir le víosa idirthurais aerfoirt daoine a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu nuair a thaistealaíonn siad chuig an tríú tír a d’eisigh an víosa, chuig tríú tír ar bith eile, agus nuair a fhilleann siad ón tríú tír a d’eisigh an víosa tar éis an víosa a úsáid.

    - 2011/0223 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    5. Ní foláir na rialacha maidir le hidirthuras trí limistéir idirnáisiúnta aerfort a shoiléiriú d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú.

    6. Náisiúnaigh tríú tíortha atá faoi réir an cheanglais maidir le víosa idirthurais aerfoirt faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát, ag Ceanada, ag an tSeapáin nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát, ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá siad díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa idirthurais aerfoirt. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an díolúine sin maidir le sealbhóirí víosaí bailí nó ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill.

    7. Maidir le daoine a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, agus nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid.

    8. Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen[4] a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[5].

    9. Maidir leis an Eilvéis, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen[6] a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[7].

    10. Maidir le Lichtinstéin, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE ón gComhairle[8].

    11. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    12. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[9]; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

    13. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[10]; dá bhrí sin, ní bheidh Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

    14. Maidir leis an gCipir, is gníomh atá sa Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

    15. Is gníomh atá sa Rialachán seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009:

    "(b) náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó ag Ballstát an Aontais Eorpaigh nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus a liostaítear in Iarscríbhinn V, lena ráthófar go nglacfar isteach an athuair an sealbhóir gan choinníoll;

    (c) náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa ar seilbh acu atá bailí do Bhallstát an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó do Bhallstát an Aontais Eorpaigh nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, ag Ceanada, ag an tSeapáin nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, nó nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid;".

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [ fichiú ] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] IO L. 243, 15.9.2009

    [2] C(2010)1620 leagan críochnaitheach

    [3] IO L 63, 13.3.1996, lch. 8.

    [4] IO L. 176, 10.7.1999, lch. 36.

    [5] IO L. 176, 10.7.1999, lch. 31.

    [6] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    [7] IO L. 53, 27.2.2008, lch. 1.

    [8] IO L. 160, 18.6.2011, lch. 19.

    [9] IO L. 131, 1.6.2000, lch. 43.

    [10] IO L. 64, 7.3.2002, lch. 20.

    Top