Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0330

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

    /* COM/2011/0330 final - COD 2011/0144 */

    52011PC0330

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir /* COM/2011/0330 final - COD 2011/0144 */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    Le linn chruinniú cinn bhliana ICCAT in 2010, glacadh Moladh lena leasófaí an plean téarnaimh do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

    D'fhonn an stoc a athbhunú, rinneadh plean téarnaimh ICCAT a leasú le go ndéanfaí an ghabháil iomlán is incheadaithe a laghdú tuilleadh, le go neartófaí na bearta chun an cumas iascaireachta a laghdú agus le go dtreiseofaí na bearta rialaithe, go háirithe maidir le tuinnín gorm a aistriú agus a chur i gcaighean. Tá na bearta sin dírithe ar éifeachtacht an phlean a áirithiú agus is é sprioc an phlean sin bithmhais a ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe sin a bhfuil dóchúlacht níos airde ná 60 % ag baint léi.

    Tá an Comhphobal ina Pháirtí de ICCAT ón mbliain 1997 agus bíonn na Moltaí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha sin nach ndéanann agóid ina n‑aghaidh. Ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ina Pháirtí Conarthach san eagraíocht sin, tá dualgas air na Moltaí a ghlactar a chur i bhfeidhm mura bhfuil agóid déanta aige in aghaidh na Moltaí sin.

    Is é is cuspóir don togra seo Moladh ICCAT lena leasaítear an plean téarnaimh do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a thrasuí i ndlí an Aontais.

    Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais.

    Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí leis an togra seo.

    Iarrtar leis seo ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an togra seo a ghlacadh a luaithe is féidir.

    2011/0144 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha (ICCAT) Moladh 10‑04 lena leasaítear an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. D'fhonn an stoc a athbhunú, foráiltear sa mholadh go ndéanfaí an ghabháil iomlán is incheadaithe a laghdú tuilleadh, go neartófaí na bearta chun an cumas iascaireachta a laghdú agus go dtreiseofaí na bearta rialaithe, go háirithe maidir le tuinnín gorm a aistriú agus a chur i gcaighean.

    (2) Tá an Moladh sin ina cheangal ar an Aontas agus ba cheart é a thrasuí dá bhrí sin.

    (3) Tá forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009[2] atá imithe i léig agus ba cheart iad a scriosadh. Ba cheart na forálacha eile a thabhairt cothrom le dáta maidir le hathruithe sa reachtaíocht.

    (4) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 mar seo a leanas:

    (1)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(3):

    "Is é is cuspóir don phlean téarnaimh bithmhais a ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe sin a bhfuil dóchúlacht níos airde ná 60 % ag baint léi."

    (2)          Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    "(d) ciallaíonn 'soitheach coimhdeachta' aon soitheach a úsáidtear chun tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean nó ó ghaiste tuinnín chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;"

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    "(h) ciallaíonn 'aistriú':

    (i)      tuinnín gorm beo a aistriú ó eangach an tsoithigh ghabhála go dtí an caighean iompair;

    (ii)      tuinnín gorm beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair eile;

    (iii)     an caighean ina bhfuil tuinnín gorm a aistriú ó shoitheach tarraingthe amháin go dtí soiteach tarraingthe eile;

    (iv)     tuinnín gorm marbh a aistriú ón gcaighean iompair go dtí soitheach coimhdeachta;

    (v)     tuinnín gorm a aistriú ó fheirm tuinnín ghoirm nó ó ghaiste tuinnín go dtí soitheach próiseála, soitheach iompair, nó caighean ina bhfuil tuinnín gorm a aistriú ó fheirm amháin go feirm eile;

    (vi)     tuinnín gorm beo a aistriú ón ngaiste go dtí an caighean iompair."

    (c)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

    "(l) ciallaíonn 'feirmeoireacht' tuinnín gorm a chur i gcaighean ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, nuair atá sé dírithe ar an mbithmhais a mhéadú;".

    (d)     Cuirtear pointe (q) isteach:

    "(q)    ciallaíonn 'an Ballstát freagrach' agus 'an Ballstát atá freagrach as' Ballstát na brataí nó an Ballstát a bhfuil an gaiste nó an fheirm suite faoina dhlínse nó, má tá an fheirm nó an gaiste suite ar an mórmhuir, an Ballstát ina bhfuil oibreoir an ghaiste nó na feirme bunaithe".

    (3)          Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4. Tráth nach déanaí ná an 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an leagan sealadach den phlean bliantúil iascaireachta a bhaineann leis an mbliain dar gcionn a chur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún plean iascaireachta an Aontais a chur chuig Rúnaíocht ICCAT d'fhonn formhuiniú ICCAT a fháil.

    Trách nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an leagan críochnaitheach den phlean bliantúil iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún plean iascaireachta an Aontais a chur chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Márta gach bliain."

    (b)     Scriostar mír 12 agus mír 14.

    (4)          Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    "7. Gan dochar do mhír 6, déanfar an cumas iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 agus in Airteagal 9 a laghdú, le go ndíchuirfear:

    (a)     faoi thús 2010, i gcás gach Ballstáit, 25 % ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta;

    (b)     faoi thús 2011, i gcás gach Ballstáit, 75 % ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta;

    (c)     faoi thús 2012, i gcás gach Ballstáit, 95 % ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta;

    (d)     faoi thús 2013, i gcás gach Ballstáit, 100 % den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta.

    Beidh ríomh an laghdaithe sa chumas iascaireachta bunaithe ar na rátaí gabhála le haghaidh catagóirí soithí a dhéanfaidh Coiste Eolaíoch ICCAT a mheas.

    Ní bheidh feidhm ag an gceanglas laghdaithe sin maidir le Ballstát a léireoidh go bhfuil a chumas iascaireachta ar comhréir lena chuóta."

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    "9. Bunóidh gach Ballstát plean bainistíochta maidir le cumas iascaireachta don tréimhse 2010‑2013. Déanfar an plean sin a chur chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2009, agus áireofar ann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 6 agus 7. Áireofar ann freisin faisnéis mhionsonraithe faoi na bealaí a d'úsáid an Ballstát chun róchumas a dhíchur mar aon le faisnéis faoi bhriseadh soithí. Déanfar an plean a athbhreithniú, más gá, agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é uair sa bhliain faoin 15 Lúnasa.

    Cuirfidh an Coimisiún plean bainistíochta an Aontais maidir le cumas iascaireachta chuig ICCAT ar mhaithe le plé a dhéanamh air agus formheas a fháil."

    (5)          Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.      Cuirfear toirmeasc ar pheas‑saighneoireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse idir 15 Meitheamh agus 15 Bealtaine".

    (b)     Scriostar mír 6.

    (6)          Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 14(2):

    "Ní ghlacfar le haon soitheach iascaireachta a áireamh go cúlghabhálach sna liostaí dá dtagraítear i mír 1."

    (7)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(1):

    "1. Chomh maith le comhlíonadh Airteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú[3], déanfaidh máistir soithigh ghabhála de chuid an Chomhphobail an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II a iontráil sa logleabhar, más infheidhme."

    (8)          Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 19(1):

    "Ní cheadófar comhoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar i gcomhar le CPCanna eile."

    (9)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    "Airteagal 22

    Aistriú

    1.       Sula ndéantar aon aistriú, déanfaidh máistir soithigh ghabhála nó soithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste as a dtionscnaíonn an t‑aistriú i dtrácht, réamhfhógra um aistriú a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh agus tabharfar an méid seo a leanas le fios sa réamhfhógra sin:

    a)      ainm an tsoithigh ghabhála, na feirme nó an ghaiste agus taifeaduimhir ICCAT;

    b)      an t‑am a mheastar a dhéanfar an t‑aistriú;

    c)      meastachán ar an méid tuinnín ghoirm a aistreofar;

    d)      faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ag a dtarlóidh an t‑aistriú agus uimhreacha so‑aitheanta na gcaighean;

    e)      ainm an tsoithigh tarraingthe is faighteoir, líon na gcaighean tarraingthe agus taifeaduimhir ICCAT nuair is iomchuí;

    f)       an calafort, an fheirm nó an caighean a bheidh ina cheann scríbe ag an tuinnín gorm.

    2.       I gcás gach aistriú, déanfaidh an Ballstát freagrach uimhir údarúcháin a shannadh agus a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta, d'oibreoir an ghaiste nó d'oibreoir na feirme, de réir mar is iomchuí. Ní thosóidh an t‑aistriú gan réamhúdarú a bheith faighte.

    Is iad údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a eiseoidh an t‑údarú i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí litir de chód an CPC, ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí litir a thabharfaidh an t‑údarú (AUT) le fios, agus leanfaidh uimhreacha seicheamhacha an méid sin. I gcás ina ndiúltófar don údarú, cuirfear NEG (neamhúdarú) in ionad AUT.

    Tabharfaidh an Ballstát freagrach an t‑údarú nó an neamhúdarú le fios faoi cheann 48 uair an chloig ón tráth a gcuirfear an réamhfhógra um aistriú isteach. Ní údaróidh sé an t‑aistriú má mheasann sé go bhfuil an méid seo a leanas fíor tráth dó an réamhfhógra um aistriú a fháil:

    a)      nach bhfuil a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc;

    b)      nach bhfuil an méid iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste nó nár údaraíodh na héisc a chur i gcaighean agus nár cuireadh san áireamh iad maidir le hídiú an chuóta a d'fhéadfadh a bheith infheidhme;

    c)      nach bhfuil an soitheach gabhála a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín gorm, nó

    d)      nach bhfuil an soitheach tarraingthe a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a fuair an t‑aistriú cláraithe in "taifead ICCAT ar na soithí iascaireachta eile ar fad" dá dtagraítear in Airteagal 14 nó nach bhfuil sé cumasaithe le Córas um Fhaireachán Soithí (VMS).

    I gcás nach n‑údaraítear an t‑aistriú:

    a)      eiseoidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte agus cuirfidh sé máistir an tsoithigh ghabhála ar an eolas nár údaraíodh an t‑aistriú agus go n‑ordaítear na héisc a scaoileadh ar ais san fharraige;

    b)      scaoilfidh captaen an tsoithigh ghabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, de réir mar is iomchuí, na héisc ar ais san fharraige;

    c)      déanfar tuinnín gorm a scaoiltear isteach san fharraige a thaifeadadh ar fhíscheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis an taifeadadh físe chuig Rúnaíocht ICCAT.

    3.       Déanfaidh máistir an tsoithigh ghabhála nó an tsoithigh tarraingthe, oibreoir an ghaiste nó oibreoir na feirme dearbhú ICCAT um aistriú a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh nuair a bheidh an t‑aistriú curtha i gcrích, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIIIa.

    Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste as a dtionscnaíonn an t‑aistriú sin, foirmeacha an dearbhaithe um aistriú a uimhriú. Beidh sa chóras uimhrithe sin 3 litir de chód an CPC, agus leanfar an méid sin le 4 uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus 3 uimhir sheicheamhacha, agus leanfaidh na 3 litir ITD an méid sin (CPC‑20**/xxx/ITD).

    Beidh an dearbhú bunaidh um aistriú in éineacht leis an aistriú éisc. Coimeádfaidh máistir an tsoithigh ghabhála, oibreoir an ghaiste, máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme cóip den dearbhú.

    4.       Déanfaidh máistrí na soithí atá i mbun aistrithe (lena n‑áirítear soithigh tarraingthe) meáchan agus líon na n‑iasc a aistríodh, mar aon le hainm an tsoithigh ghabhála, an bhratach agus uimhir ICCAT, ainm an tsoithigh nó na soithí eile lena mbaineann agus a n‑uimhreacha ICCAT, dáta agus suíomh an aistrithe agus an fheirm chinn scríbe a thuairisciú ina logleabhar laethúil. Beidh mionsonraí na n‑aistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta tugtha sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.

    5.       Ní dhéanfaidh an t‑údarú aistrithe a thabharfaidh an Ballstát freagrach réamhbhreith ar an údarú chun tuinnín gorm a chur i gcaingean.

    6.       Áiritheoidh máistir an tsoithigh ghabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste a dhéanann tuinnín gorm a aistriú go ndéanfar faireachán ar na gníomhaíochtaí aistrithe ag úsáid físcheamara san uisce.

    Déanfar dhá chóip de gach taifead físe ar na haistrithe. Tarchuirfear cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach agus tarchuirfear cóip eile chuig breathnóir an CPC, nó chuig an mbreathnóir náisiúnta nuair is infheidhme, atá ar bord an tsoithigh tarraingthe. Beidh an chóip a tharchuirfear chuig breathnóir(í) an CPC ag gabháil leis an dearbhú um aistriú agus leis na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí. Ní mór uimhir ICCAT an dearbhaithe um aistriú a thaispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid físe do Choiste Eolaíoch ICCAT.

    7.       Déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh ghabhála, mar a thagraítear dó i gClár Réigiúnach Breathnóireachta ICCAT atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, na gníomhaíochtaí aistrithe a rinneadh a thaifeadadh agus a thuairisciú, suíomh an tsoithigh ghabhála agus é i mbun aistrithe a fhíorú, na gabhálacha a aistríodh a bhreathnú agus a mheas agus na hiontrálacha a rinneadh sa réamhfhógra um aistriú dá dtagraítear i mír 2 agus i ndearbhú ICCAT um aistriú dá dtagraítear i mír 3 a fhíorú.

    I gcásanna ina bhfuil meastachán an bhreathnóra réigiúnaigh 10 % níos airde ar a laghad ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dhearbhaigh máistir an tsoithigh ghabhála, cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála tús le himscrúdú agus cuirfear an t‑imscrúdú sin i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm. Ní údarófar na héisc a chur i gcaighean go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le gabháil ar an doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm a bhailíochtú.

    8.       Síneoidh breathnóir réigiúnach ICCAT a ainm agus scríobhfaidh sé a uimhir ICCAT go soiléir ar an dearbhú ICCAT um aistriú agus fíoróidh sé go bhfuil an dearbhú um aistriú comhlánaithe go cuí agus seolta chuig máistir an tsoithigh tarraingthe.

    Déanfaidh oibreoir an ghaiste tuinnín dearbhú ICCAT um aistriú a chomhlánú agus a sheoladh chuig údaráis inniúla a Bhallstáit tráth a mbeidh deireadh leis an aistriú chuig an soitheach iascaireachta, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV."

    (10)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

    "Airteagal 24

    Tuinnín gorm a chur i gcaighean

    1.       Faoi cheann seachtaine amháin ón tráth a gcríochnófar an tuinnín gorm a chur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil ar an oibríocht a bhain leis an tuinnín gorm a chur i gcaighean, agus a bheidh bailíochtaithe ag breathnóir, a chur chuig an mBallstát nó chuig an CPC arb iad a shoithí brataí a ghabh na tuinníní, agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT. Áireofar sa tuarascáil sin an fhaisnéis a tugadh sa dearbhú ar thuinnín gorm a chur i gcaighean mar atá leagtha amach i Moladh ICCAT [06‑07] maidir le feirmeoireacht tuinnín ghoirm.

    2.       Sula dtosófar ar aon iasc a chur i gcaighean, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm na cainníochtaí a ghabh na soithí gabhála a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus a cuireadh i gcaighean in iúl don Bhallstát freagrach nó do CPC brataí an tsoithigh ghabhála.

    3.       Iarrfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála ar an mBallstát, nó ar an CPC, atá freagrach as an bhfeirm na gabhálacha a urghabháil agus na héisc a scaoileadh isteach san fharraige, i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 22(2), má mheasann sé tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil:

    a)      nach raibh a dhóthain de chuóta aonair maidir leis an tuinnín gorm a cuireadh sa chaighean ag an soitheach gabhála ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc sin;

    b)      nach ndearna an soitheach gabhála an méid iasc a gabhadh a thuairisciú go cuí agus nár cuireadh san áireamh an méid sin i ríomh an chuóta is infheidhme;

    c)      nach bhfuil an soitheach gabhála a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc sin údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín gorm.

    4.       Ní thosófar ar thuinnín gorm a chur i gcaighean gan réamhúdarú a fháil ó CPC na brataí nó ón mBallstát atá freagrach as an soitheach gabhála.

    Cuirfear tuinnín gorm i gcaighean roimh an 31 Iúil ach amháin má thugann an Ballstát, nó an CPC, atá freagrach as an bhfeirm a fhaigheann na héisc cúiseanna bailí gan é sin a dhéanamh, lena n‑áirítear force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil ar thuinnín gorm a chur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í.

    5.       Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar thuinnín gorm a chur i gcaighean chun críocha feirmeoireachta nó ramhraithe mura bhfuil doiciméid bheachta, iomlána agus bhailíochtaithe a theastaíonn ó ICCAT ag dul leis, lena n‑áirítear na doiciméid sin a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle[4].

    6.       Déanfaidh an Ballstát freagrach, nó an CPC, de réir mar is iomchuí, an t‑údarú chun tuinnín gorm a chur i gcaighean a dheonú nó a dhiúltú faoi cheann 48 uair an chloig tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur isteach. I gcás nach n‑údarófar na héisc a chur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát, nó an CPC, atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte a eisiúint don Bhallstát, nó don CPC, atá freagrach as an soitheach tarraingthe agus/nó don Bhallstát, nó don CPC, atá freagrach as an bhfeirm, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 22(2).

    7.       Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go ndéanfar faireachán ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na héisc a chur i gcaighean ag úsáid físcheamara san uisce.

    Déanfar taifead físe amháin gach uair a chuirtear éisc i gcaighean. Déanfar uimhir ICCAT an dearbhaithe um aistriú a thaispeáint ag tús nó ag deireadh gach físeáin. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

    8.       I gcásanna ina bhfuil difríocht níos mó ná 10 % ann sa mheánmheáchan agus/nó sa líon idir an meastachán a rinne an breathnóir réigiúnach agus oibreoir na feirme, cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tús le himscrúdú i gcomhar le Stát brataí an tsoithigh ghabhála. Déanfar an difríocht sin a ríomh de réir líon na n‑iasc agus/nó de réir an mheánmheáchain. Ní dhéanfar aon bhuaint agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le feirmeoireacht ar an doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm a bhailíochtú go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin.

    Mura gcuirfear críoch leis an imscrúdú taobh istigh de 10 lá oibre nó má léiríonn toradh an imscrúdaithe go bhfuil an líon nó an meánmheáchan de thuinnín gorm níos airde ná 10 % den líon nó den mheánmheáchan a dhearbhaigh oibreoir na feirme, déanfaidh CPC na brataí nó an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte a eisiúint maidir leis na cainníochtaí sin atá iomarcach.

    Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcomhlíonfaidh oibreoir na feirme an t‑ordú scaoilte taobh istigh de 48 uair an chloig ón tráth a dtiocfaidh breathnóir réigiúnach ar an láthair. Déanfar na héisc a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 22(2).

    I gcás ina bhfuil an meastachán deiridh a dhéantar tráth na héisc a chur i gcaighean san fheirm níos airde ná an meastachán deiridh tráth an chéad aistrithe ón soitheach gabhála, is é an Ballstát, nó an CPC, atá freagrach as an soitheach gabhála a chinnfidh an méid deiridh den chuóta a dhéanfaidh siad a bhailíochtú sna doiciméid i dtrácht a bhaineann leis an ngabháil de thuinnín gorm.

    9.       Cuirfidh na Ballstáit tús le staidéir phíolótacha ar an tslí is fearr le líon agus meáchan an tuinnín ghoirm a mheas ag suíomh na gabhála agus ag an ionad ina gcuirtear na héisc i gcaighean, lena n‑áirítear trí chórais steiréascópacha a úsáid agus déanfaidh siad na torthaí a thuairisciú do Choiste Eolaíoch ICCAT. Bunófar clár samplála agus/nó clár malartach tráth a gcuirtear na héisc i gcaighean d'fhonn na meastacháin ar líon agus ar mheáchan na n‑iasc atá i gcaighean a fheabhsú."

    (11)        Cuirtear na fomhíreanna seo a leanas le hAirteagal 25(1):

    "Maidir le sonraí VMS a dhéanfaidh na soithí iascaireachta atá cláraithe ar "taifead ICCAT ar shoithí gabhála atá údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín gorm" a tharchur chuig ICCAT, cuirfear tús leis an tarchur 15 lá ar a laghad roimh oscailt na séasúr iascaireachta agus mairfidh sé go ceann 15 lá ar a laghad tar éis chríoch na séasúr iascaireachta, ach amháin má chuirtear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint ó thaifead ICCAT ar shoithí.

    Chun críoch rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur sonraí VMS ó shoithí iascaireachta atá údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín gorm fad agus atá na soithí sin ar ancaire i gcalafort ach amháin má tá córas ann lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.

    Maidir le soithí iascaireachta atá ar áireamh in "taifead ICCAT ar shoithí eile atá údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín gorm", déanfaidh siad na sonraí VMS a tharchur chuig ICCAT feadh thréimhse iomlán an údaraithe".

    (12)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

    "Airteagal 26

    Gníomhaíochtaí gaiste a thaifeadadh agus a thuairisciú

    “1.     Déanfar na gabhálacha a thaifeadadh ag deireadh gach oibríochta iascaireachta ina n‑úsáidtear gaistí tuinnín agus déanfar na sonraí, lena n‑áirítear sonraí maidir leis na cainníochtaí a mheastar atá fágtha sa ghaiste, a tharchur ar mheán leictreonach nó ar mheán eile chuig údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an ngaiste taobh istigh de 48 uair an chloig ó dheireadh gach oibríochta iascaireachta.

    2.       Tar éis do na Ballstáit na taifid ar ghabháil a fháil, déanfaidh siad iad a sheoladh, in éineacht leis na sonraí maidir le cainníochtaí a mheastar atá fágtha sa ghaiste, ar mheán leictreonach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT."

    (13)        Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 29(2):

    "Tráth ar bith a bhfuil níos mó ná 15 soitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta tuinnín ghoirm i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, beidh soitheach cigireachta ag an mBallstát sin i limistéar an Choinbhinsiúin le linn an trátha sin, nó comhoibreoidh sé le Ballstát eile nó le CPC chun soitheach cigireachta a oibriú go comhpháirteach."

    (14)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30(1):

    "1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh breathnóirí náisiúnta i láthair ar shoithí atá gníomhach in iascach tuinnín ghoirm le haghaidh ar a laghad:

    a)      100 % dá shoithí gabhála peas‑saighneoireachta gníomhacha atá cothrom le nó níos giorra ná 24 m in 2011;

    b)      100 % dá shoithí gabhála peas‑saighneoireachta gníomhacha atá cothrom le nó níos giorra ná 20 m in 2012;

    c)      20 % dá thrálaeir pheiligeacha (níos faide ná 15 m);

    d)      20 % dá shoithí gabhála spiléireachta gníomhacha (níos faide ná 15 m);

    e)      20 % dá bháid bhaoite ghníomhacha (níos faide ná 15 m);

    f)       100 % dá ghaistí tuinnín le linn phróiseas na buainte;

    g)      100 % dá shoithí tarraingthe."

    (15)        Leasaítear Airteagal 31 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT i láthair ar:

    a)      gach soitheach peas‑saighneoireachta níos faide ná 24 m le linn iomlán shéasúr iascaireachta 2011;

    b)      gach soitheach peas‑saighneoireachta níos faide ná 20 m le linn shéasúr iascaireachta 2012;

    c)      gach soitheach peas‑saighneoireachta is cuma cén fad atá iontu le linn an tséasúir iascaireachta iomlán ó 2013 ar aghaidh.

    Ní údarófar do shoithí peas‑saighneoireachta dá dtagraítear in (a), (b) agus (c) nach bhfuil breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT i láthair orthu bheith ag iascaireacht tuinnín gorm ná bheith ag oibriú in iascach tuinnín ghoirm."

    (b)     I mír 2 cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    "I gcás ina mbuaintear tuinnín gorm ón gcaighean agus ina dtrádáiltear é mar tháirge úr, féadfaidh an breathnóir réigiúnach a bhreathnóidh an bhuaint a bheith ina náisiúnach den Bhallstát atá freagrach as an bhfeirm."

    (16)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

    "Airteagal 32

    Rochtain ar thaifid físe

    1.       Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear na taifid físe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) agus Airteagal 24(7) ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí ICCAT.

    2.       Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as feirm go gcuirfear na taifid físe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) agus Airteagal 24(7) ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí an Aontais.

    3.       Déanfaidh gach Ballstát na bearta cuí le go seachnófar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an taifead físe bunaidh."

    (17)        Cuirtear isteach Airteagal 33a mar seo a leanas:

    "Airteagal 33a

    Plean cigireachta an Aontais a tharchur chuig ICCAT

    Tráth nach déanaí ná an 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a bplean cigireachta a bhaineann leis an mbliain dar gcionn a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún plean cigireachta an Aontais a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT d'fhonn formhuiniú ICCAT a fháil.

    (18)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34(1):

    "1.      Cuirfear toirmeasc ar thuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil ar an margadh baile, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighin chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú mura bhfuil doiciméid bheachta, iomlána agus bhailíochtaithe a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle[5] ag gabháil leo.

    (19)        Cuirtear téacs Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.

    (20)        Leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear pointe q) mar a leanas isteach i mír 1:

    “q) trasloingsiú ar muir”.

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.     I gcás ina dtéitear ar bord nó ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má dhéanann na cigirí údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina s(h)árú tromchúiseach, mar a shainítear i mír 1, a bhreathnú lena linn, tabharfaidh údaráis Stát brataí na soithí cigireachta fógra díreach láithreach agus fógra trí Rúnaíocht ICCAT do Stát brataí an tsoithigh iascaireachta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an cigire, nuair is féidir, údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh iascaireachta, a fógraíodh do Rúnaíocht ICCAT, ar an eolas faoi, mar aon le haon long chigireachta ó Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol go bhfuil sí i gcomharsanacht.

    Cláróidh cigirí ICCAT na cigireachtaí a dhéantar agus na sáruithe a thugtar faoi deara (más ann dóibh) i logleabhar an tsoithigh iascaireachta."

    (c)     sa chéad fhomhír de mhír 3 cuirtear na focail "faoi cheann 72 uair an chloig" in ionad an fhocail "láithreach";

    (d)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7. Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi mhír 12 den Iarscríbhinn seo, stopfaidh soitheach atá in úsáid den chéad uair le bheith ag iascaireacht tuinnín nó iasc atá cosúil le tuinnín i limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí atá ina dhlínse náisiúnta, má thugann long ar a bhfuil cigire an comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí ach amháin má tá an soitheach i mbun iascaireachta, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don chigire, a bhféadfaidh finné a bheith ina theannta, teacht ar bord agus beidh air dréimire bordála a sholáthar chuige sin. Cuirfidh an máistir ar chumas an chigire scrúdú den sórt sin a dhéanamh ar an ngabháil nó ar threalamh agus ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire go bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann a fhíorú agus féadfaidh an cigire aon mhíniúcháin a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.

    Dhá chigire ICCAT ar a mhéad a bheidh sa bhuíon cigireachta ach amháin má dhlíonn dálaí áirithe go mbeidh cigirí breise ag teastáil. Féadfaidh cúntóir bheith i dteannta na buíne cigireachta chun críoch oiliúna amháin."

    (21)        In Iarscríbhinn VII, scriostar mír 1.

    (22)        Déantar an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIIIa.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,             Thar ceann na Comhairle,

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN I

    “Iarscríbhinn III

    Uimh. doiciméid                                                                 Dearbhú ICCAT ar Thrasloingsiú

    Soitheach iompair Ainm an tsoithigh agus glao‑chomhartha raidió: Bratach: Uimh. údarúcháin stát na brataí: Cláruimhir náisiúnta: Cláruimhir ICCAT: Uimh. IMO: || || Soitheach iascaireachta Ainm an tsoithigh agus glao‑chomhartha raidió Bratach: Uimh. údarúcháin stát na brataí: Cláruimhir náisiúnta: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: Uimh. bhileog an logleabhair: || Ceann scríbe: Calafort: Tír: Stát: ||

    || || || ||

                                    Lá            Mí            Uair Bliain               |2_|0_|__|__|           Ainm oibreora mháistir an tsoithigh iascaireachta: |__________| Ainm mháistir an tsoithigh iompair:  SUÍOMH AN TRASLOINGSITHE

    Imeacht   |__|__|     |__|__|     |__|__| ó  |__________|

    Ar ais       |__|__|     |__|__|     |__|__|     go dtí       |__________|          Síniú:| __________| Síniú:        |__________|

    Trasloingsiú. |__|__|                |__|__|     |__|__|     |__________|

    I gcás trasloingsiú, tabhair le fios meáchan i gcileagraim nó an t‑aonad a úsáideadh (e.g. bosca, ciseán) agus an meáchan a gabhadh i gcileagraim den aonad sin: |___| cileagram.

    Calafort || Ar muir Leith. Fad. || Speiceas || Líon aonad d'éisc || Saghas Táirge Beo || Saghas Táirge Iomlán || Saghas Táirge Glanta || Saghas Táirge Gan cheann || Saghas Táirge Filléadaithe || Saghas Táirge || Trasloingsiú breise Dáta: |__________| Áit/Suíomh: |__________| Uimh. údaraithe PC: Síniú mháistir shoitheach an aistrithe: Ainm an tsoithigh is faighteoir: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Uimh. IMO: Síniú an mháistir: Dáta: |__________|Áit/Suíomh: |__________| Uimh. údaraithe PC: Síniú mháistir shoitheach an aistrithe: Ainm an tsoithigh is faighteoir: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Uimh. IMO: Síniú an mháistir:

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || ||

    Síniú bhreathnóir ICCAT (más infheidhme).

    Oibleagáidí i gcás trasloingsiú:

         1.        Ní mór leagan bunaidh an dearbhaithe ar thrasloingsiú a sholáthar don soitheach is faighteoir (soitheach próiseála/iompair).

         2.        Ní mór don soitheach gabhála nó an gaiste comhfhreagrach cóip den dearbhú ar thrasloingsiú a choimeád.

         3.        Déanfaidh an Páirtí Conarthach (PC) cuí a thug údarú don soitheach aon oibríochtaí breise trasloingsithe a údarú.

         4.        Ní mór don soitheach is faighteoir a bhfuil na héisc ina sheilbh aige leagan bunaidh an dearbhaithe ar thrasloingsiú a choimeád go dtí an áit ina dtugtar an ghabháil éisc i dtír.

         5.        Coimeádfar taifead ar an trasloingsiú i logleabhar gach soithigh a bhfuil baint aige leis an trasloingsiú."

    Iarscríbhinn II

    "Iarscríbhinn VIIIa

    Uimh. doiciméid ||                 Dearbhú ICCAT um Aistriú || Iarscríbhinn 4 ||

    1 ‑ AISTRIÚ DE THUINNÍN GORM CHUN CRÍOCHA FEIRMEOIREACHTA || ||

    Ainm an tsoithigh iascaireachta:   Glao‑chomhartha: Bratach: Uimh. údarúcháin aistrithe stát na brataí: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: Uimh. an logleabhair iascaireachta: Uimh. comhoib. iascaireachta: || Ainm an ghaiste: Cláruimhir ICCAT: || Ainm an tsoithigh tarraingthe: Glao‑chomhartha: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: || Ainm na feirme cinn scríbe: Cláruimhir ICCAT:

    2 ‑ AISTRIÚ TAR ÉIS BUAINTE

    Ainm na feirme: Cláruimhir ICCAT: || Ainm an ghaiste: Cláruimhir ICCAT: || Ainm an tsoithigh iompair: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: || Ainm an tsoithigh iompair phróiseála: Glao‑chomhartha: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach:

    3 ‑ FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ

    Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh:                           Calafort:                     Domhanleithead:           Domhanfhad:

    Líon iasc: || Meáchan iomlán in Kg:            || Speiceas:

    Cineál táirge:            Beo  Iomlán  Glanta  Eile (Tabhair sonraí):

    Ainm mháistir an tsoithigh iascaireachta / oibreoir an ghaiste / oibreoir na feirme agus síniú: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir (tarraingthe, próiseála, iompair) agus síniú:

    4 ‑ AISTRIÚ IASC MARBH CHUIG SOITHEACH COMIHDEACHTA

    Ainm an tsoithigh choimhdeachta: || Bratach: || Meáchan in Kg: || Líon iasc:

    Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Suíomh:                                   Domhanleithead:                 Domhanfhad: || Calafort ina dtugtar na héisc i dtír:

    5 ‑ AISTRITHE EILE

    Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh:         Calafort:                Domhanleithead:   Domhanfhad:

    Ainm an tsoithigh tarraingthe: || Glao‑chomhartha: || Bratach: || Cláruimhir ICCAT:

    Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme: || Sainaithint sheachtrach: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir agus síniú:

    Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh:         Calafort:                Domhanleithead:   Domhanfhad:

    Ainm an tsoithigh tarraingthe: || Glao‑chomhartha: || Bratach: || Cláruimhir ICCAT:

    Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme: || Sainaithint sheachtrach: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir agus síniú:

    Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh:         Calafort:                Domhanleithead:   Domhanfhad:

    Ainm an tsoithigh tarraingthe: || Glao‑chomhartha: || Bratach: || Cláruimhir ICCAT:

    Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme: || Sainaithint sheachtrach: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir agus síniú:

    "

    [1]               IO C , , lch. .

    [2]               IO L 96, 15.4.2009, lch. 1

    [3]               IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    [4]               IO L 194, 24.7.2010, lch. 1

    [5]               IO L 194, 24.7.2010, lch. 1

    Top