EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0082

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh

/* COM/2011/0082 final - COD 2011/0039 */

52011PC0082

/* COM/2011/0082 final - COD 2011/0039 */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 7.3.2011

COIM(2011) 82 leagan deireanach

2011/0039 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Réamhrá

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tá athruithe suntasacha tagtha ar an gcreat chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus chun beartas trádála a sheoladh.

Maidir le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, déantar idirdhealú soiléir idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "an Conradh" anseo feasta).

- I bhforálacha an Chonartha maidir le gníomhartha tarmligthe, atá leagtha amach in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar foráil go ndéanfaidh an reachtóir feidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin a rialú trí cheart chun cúlghairm a dhéanamh agus/nó trí cheart agóide.

- I bhforálacha an Chonartha maidir le gníomhartha cur chun feidhme, atá leagtha amach in Airteagal 291, ní dhéantar foráil d'aon ról do Pharlaimint na hEorpa ná don Chomhairle maidir le rialú ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin. Ní féidir ach leis na Ballstáit rialú den sórt sin a fheidhmiú. Tá gá le creat dlíthiúil chun na sásraí maidir le rialú den sórt sin a bhunú.

Maidir le beartas trádála, déanann Conradh Liospóin comhreachtóir de Pharlaimint na hEorpa agus ní mór don chomhreachtóir sin toiliú le comhaontuithe chun iad a thabhairt i gcrích.

An 9 Márta 2010, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[1]. Ceann de phríomhchuspóirí an togra sin is ea go bhforáileofar nach í an Chomhairle ná Parlaimint na hEorpa a dhéanann rialú ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin ach gurb iad na Ballstáit a dhéanann an rialú sin mar is gá de réir Airteagal 291 den Chonradh. Déantar sin sa togra trí nósanna imeachta a chruthú (na nósanna imeachta comhairleacha agus scrúdúcháin) trína bhfuil gníomhartha cur chun feidhmme an Choimisiúin faoi réir rialú ag na Ballstáit, mar aon le hailíniú uathoibríoch[2] nósanna imeachta atá ann cheana agus a bunaíodh faoi Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[3]. Sa dóigh sin, leis an togra ón gCoimisiún déanfar feidhmiú an rialaithe ar ghníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin sna réimsí sin ina bhfuil feidhm ag na nósanna imeachta atá leagtha síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle a chur i gcomhréir le ceanglais Airteagal 291 trína bhfuil feidhmiú an rialaithe sin ag na Ballstáit seachas ag na reachtóirí. Caomhnaíodh na príomhghnéithe sin sa téacs a glacadh i gcéad léamh an rúin reachtaigh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2010 agus sna gealltanais a thug ionadaíocht na Comhairle ina litir an 1 Nollaig 2010. Táthar ag súil go dtiocfaidh an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i bhfeidhm an 1 Márta 2011.

Mar atá sonraithe sa togra ón gCoimisiún an 9 Márta 2010[4], ní dhéanfar oiriúnú na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana dá bhforáiltear in Airteagal 13[5], áfach, maidir le líon suntasach gníomhartha bunúsacha i réimse an chomhbheartais tráchtála. Ní raibh na gníomhartha bunúsacha sin faoi réir na nósanna imeachta atá leagtha síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 roimhe. Díríonn an togra reatha ar nósanna imeachta chun gníomhartha a rialú nó a ghlacadh i 24 gníomh bunúsach i réimse an chomhbheartais tráchtála nach raibh faoi réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle roimhe seo.

Tá gníomh eile ann a bheadh, i bprionsabal, faoi raon feidhme an togra seo. Is é atá sa ghníomh sin Rialachán (CEE) Uimh. 1842/71 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1971 maidir le bearta cosanta dá bhforáiltear sa phrótacal breise a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir CEE agus an Tuirc agus leis an gcomhaontú eatramhach idir CEE agus an Tuirc[6]. Mar sin féin, níl leaganacha den ghníomh sin ar fáil i líon suntasach theangacha oifigiúla an Aontais. Mar gheall air sin, chun an gníomh a leasú is gá leaganacha den Rialachán a bhunú sna teangacha sin nach bhfuil ar fáil faoi láthair. Seachas an saothar sin a áireamh sa togra seo, meastar gur fearr Rialachán eile a chur in ionad an Rialacháin. Tráth a bheidh rialachán nua curtha ina ionad, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na saincheisteanna cinnteoireachta ábhartha (atá, ar gach dóigh eile, iontach cosúil leo sin a thagann as Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobail Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise). Glacfaidh an Coimisiún na céimeanna is gá a luaithe is féidir.

2. Cumhachtaí le go bh FÉADFAIDH AN CHOMHAIRLE RIALÚ IN AGHAIDH AN CHOIMISIÚIN

Maidir leis an 24 gníomh i réimse an chomhbheartais tráchtála nach bhfuil faoi réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle agus a chumhdaítear faoin togra seo, foráiltear i 20 ceann de na gníomhartha sin go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, de ghnáth ach ní go heisiatach, bearta cosanta nó bearta sealadacha, agus foráiltear iontu go rialóidh an Chomhairle in aghaidh gníomhartha den sórt sin trí thromlach cáilithe laistigh de thréimhse sonraithe ama. Is é seo a leanas liosta na ngníomhartha bunúsacha atá cumhdaithe faoin togra seo le nósanna imeachta den sórt sin:

- Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise[7],

- Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne[8],

- Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua[9],

- Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála[10],

- Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as[11],

- Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 ón gComhairle an 19 Samhain 2001 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cróite a fheidhmiú, mar atá arna leasú[12],

- Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle an 21 Eanáir 2002 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine a fheidhmiú, mar atá arna leasú[13],

- Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le meicníocht chosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne[14],

- Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a fheidhmiú[15],

- Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin[16],

- Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach roghanna uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún[17],

- Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a fheidhmiú[18],

- Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisinia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a fheidhmiú[19],

- Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim fabhar taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011[20],

- Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí[21],

- Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[22],

- Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe[23],

- Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha d'onnmhairí[24],

- Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis[25],

- Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[26].

Toisc nach ndéanfar aon difear do na gníomhartha bunúsacha sin le hoiriúnú na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin maidir leis na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin, is iomchuí go leasófar na gníomhartha sin le go mbeidh na nósanna imeachta cinnteoireachta comhsheasmhach leis an gcreat nua. I gcás ina bhforáiltear sna gníomhartha sin go ndiúltóidh nó go leasóidh an Chomhairle Cinneadh ón gCoimisiún trí thromlach cáilithe, beartaíonn an Coimisiún go n-úsáidfear an nós imeachta scrúdúcháin.

3. Cumhacht a fhorchoimeád don Chomhairle

I sé cinn déag de na ceithre ghníomh bhunúsacha is fiche, choimeád an Chomhairle chuici féin an ceart bearta a ghlacadh. Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil líon substaintiúil cumhachtaí cur chun feidhme ar áireamh sna gníomhartha sin ach go bhfuil cumhachtaí chun na gníomhartha bunúsacha i gceist a fhorlíonadh nó a leasú ann freisin, mar aon le tagairtí don chaoi chun gníomhú ar bhonn dlíthiúil ginearálta Airteagal 207 (ar ar tugadh Airteagal 133 roimhe) den Chonradh agus don chaoi chun an reachtaíocht i gceist a aisghairm.

Maidir leis na gníomhartha sin a mheastar a bheith ina gcumhachtaí cur chun feidhme, foráiltear in Airteagal 291 den CFAE go bhfeádfaidh an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme a fhorchoimeád chuici féin "i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe". Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, maidir le cásanna a bhfuil a shamhail sin d'fhoclaíocht iontu "gur féidir leis an gComhairle an ceart chun cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú a fhorchoimeád go díreach chuici féin i gcásanna sonracha amháin agus nach mór di cúiseanna an chinnidh sin a mhionsonrú. Ciallaíonn sin nach mór don Chomhairle míniú mar is ceart, faoi threoir chineál agus ábhar na hionstraime bunúsaí atá le cur chun feidhme nó le leasú, an cúis atá le heisceacht a dhéanamh den riail a dhearbhaíonn, faoin gcóras a bunaíodh leis an gConradh, nuair is gá bearta a ghlacadh chun ionstraim bhunúsach a chur chun feidhme ag leibhéal an Chomhphobail gurb é an Coimisiún, sa ghnáthchúrsa imeachtaí, atá freagrach as feidhmiú na cumhachta sin."[27]

Rinne an Coimisiún na gníomhartha seo a athscrúdú i bhfianaise theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus go háirithe i bhfianaise an stádais a tugadh do Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir sa chomhbheartas tráchtála. Tá sé tugtha faoi deara aige nach mionsonraítear in aon cheann de na gníomhartha bunúsacha an fáth ar cheart don Chomhairle bearta a ghlacadh seachas an Coimisiún. I bhfianaise go bhfuil cumhachtaí cur chun feidhme deonta don Choimisiún cheana le haghaidh fhorghníomhú an chomhbheartais tráchtála, lena n-áirítear cumhachtaí maidir le bearta cosanta trádála agus bearta sealadacha, tá an Coimisiún den tuairim gur gá na forchoimeádais cumhachta seo a athbhreithniú agus a ailíniú ar na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin atá le glacadh de bhun Airteagal 291(3) den Chonradh.

Ceapadh na leasuithe ón gCoimisiún ar na gníomhartha seo a leanas chun athrú den sórt sin a thabhairt i gcrích:

- Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle an 29 Eanáir 1996 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí,

- Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle an 23 Iúil 2001 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais,

- Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le meicníocht chosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne,

- Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 maidir le bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus beart cosanta,

- Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin,

- Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach roghanna uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún,

- Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim fabhar taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011,

- Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí,

- Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad,

- Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe,

- Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha d'onnmhairí,

- Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis,

- Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad.

I gcás nach mbaineann na cumhachtaí atá forchoimeádta chuig an gComhairle le glacadh gníomhartha cur chun feidhme ach le glacadh leasuithe ar an ngníomh bunúsach, beartaíonn an Coimisiún go ndeonfar cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún. Ceapadh na leasuithe arna mbeartú ar na gníomhartha seo a leanas chun an toradh sin a thabhairt i gcrích:

- Rialachan (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as,

- Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin,

Sa deireadh, i ngníomh bunúsach amháin ceanglaítear ar an gComhairle beart a ghlacadh ar bhonn Airteagal 133 CE (ar a dtugtar Airteagal 207 den Chonradh anois) agus i ngníomh bunúsach eile ceanglaítear uirthi an beart a aisghairm i gcás imeachtaí áirithe. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha sin mar, cé gur fhorchoimeád an Chomhairle cumhachtaí chuici féin san am a chuaigh thart, ní mheasfaí i ndáiríre gur gníomhartha tarmligthe ná gníomhartha cur chun feidhme iad na bearta a ghlacfaí de bhun na bhforálacha sin ach gur gníomhartha bunúsacha iad, nó leasuithe ar na gníomhartha sin, atá anois faoi réir Airteagal 207 den Chonradh. Is iad seo a leanas na gníomhartha ábhartha:

- Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála,

- Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairithe táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá.

4. OIRIÚNUITHE EILE A BHAINEANN LE CUR I BHFEIDHM AN RIALACHÁIN LENA MBUNAÍTEAR NA RIALACHA AGUS NA PRIONSABAIL GHINEARÁLTA A BHAINEANN LEIS NA SÁSRAÍ MAIDIR LE RIALÚ AG NA BALLSTÁIT AR INNIÚLACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME AN CHOIMISIÚIN

Foráiltear i roinnt gníomhartha atá cumhdaithe leis an rialachán seo go rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste sula nglacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme nó sula ngníomhóidh sé ar bhealach éigin eile. Tá an Coimisiún den tuairim go nglacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme faoi réir rialú ag na Ballstáit tríd an nós imeachta comhairleach nó an nós imeachta scrúdúcháin nó go nglacfaidh sé gníomhartha den sórt sin gan a bheith faoi réir aon rialú. Mar gheall air sin, beartaíonn an Coimisiún go mbainfí de na gníomhartha sin na cásanna ina bhforáiltear do chomhairliúchán leis na coistí ábhartha i gcás nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag torthaí an chomhairliúcháin maidir le feidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.

Déanann an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin nósanna imeachta sonracha a leagan amach chun dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála agus frithchúitimh a ghlacadh. Tá an Coimisiún ag súil gur féidir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán sin a chur chun feidhme go tapa agus go héifeachtach, i bhformhór na gcásanna, laistigh den chreat ama reatha. In imthosca eisceachtúla áirithe, áfach, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh tionchar a bheith ag cur i bhfeidhm an rialacháin nua ar an tréimhse ama atá riachtanach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Dá bhrí sin, is iomchuí tréimhsí áirithe ama a oiriúnú i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad agus i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad. Go háirithe, is iomchuí cead a thabhairt an uastréimhse ama d'fhorchur na mbeart sealadach a fhadú go dhá mhí dhéag ó thionscnamh an imscrúdaithe i gcásanna eisceachtúla agus i bhfianaise chastacht an imscrúdaithe, agus é sin a cheadú nach faide ná ocht mí ón bhfógra faoi thionscnamh an imscrúdaithe a thabhairt. Is iomchuí freisin, tráth nach faide ná naoi mí ón bhfógra faoi thionscnamh an imscrúdaithe a thabhairt, cead a thabhairt an uastréimhse ama don imscrúdú a fhadú i gcásanna eisceachtúla agus i bhfianaise chastacht an imscrúdaithe, i gcomhréir le comhaontuithe ábhartha an EDT. Agus ceart na bpáirtithe leasmhara chun a bheith ar an eolas faoi thorthaí na n-imscrúduithe agus chun tuairimí a sholáthar maidir leis na torthaí sin á urramú, is iomchuí freisin oiriúnuithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le nochtadh.

5. GAOL LE TOGRAÍ EILE

Tá dhá thogra i réimse an chomhbheartais tráchtála glactha ag an gCoimisiún cheana ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm agus dá nglacfaí iad sin leasófaí gníomhartha bunúsacha lena bhforáiltear go mbeidh cumhacht ag an gComhairle gníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú nó go mbeidh cumhacht aici gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis na tograí sin, d'fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige togra a thíolacadh lena ndéanfar athbhreithniú ar gach nós imeachta ábhartha sa chomhbheartas tráchtála chun déileáil le saincheist na nósanna imeachta cinnteoireachta ar bhonn cothrománach.[28]

Ina theannta sin, meabhraítear nach ndéileálann an togra reatha ach leis na nósanna imeachta cinnteoireachta sin i ngníomhartha faoin gcomhbheartas tráchtála nach bhfuil faoi réir Threoir 1999/468/CE ón gComhairle faoi láthair. Tá roinnt nósanna imeachta cinnteoireachta sa chomhbheartas tráchtála, lena n-áirítear cuid díobh atá sna gníomhartha atá faoi réir an togra seo, faoi réir Threoir 1999/468/CE ón gComhairle (lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim fabhar taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011). Mar atá leagtha amach sa Ráiteas ón gCoimisiún a ghabhann leis an rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún dul ar aghaidh le hathbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha sin d'fhonn a chinneadh an dtagann na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi raon feidhme Airteagal 290 nó Airteagal 291 den Chonradh. Déanfaidh an Coimisiún togra go gasta lena leasófar na gníomhartha sin mar is gá d'fhonn gníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach. Cé nach ndíríonn an togra seo ar na nósanna imeachta cinnteoireachta sin atá faoi réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, níor cheart go dtuigfí go dtugann sé sin le tuiscint go measann an Coimisiún go gcaithfear iad a mheas mar ghníomhartha cur chun feidhme atá faoi réir Airteagal 291 den Chonradh.

Is é a bheidh mar thoradh ar ghlacadh an togra reatha, agus ar an athbhreithniú ar na nósanna imeachta atá ann cheana bunaithe ar Threoir 1999/468/CE ón gComhairle, líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha i gceist. D'fhonn inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leaganacha leasaithe a chur in ionad abairtí nó míreanna iomlána fiú nuair nach bhfuil ach líon teoranta focal le leasú san abairt nó sa mhír i ndáiríre. Ina theannta sin, beartóidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha a ghasta is féidir tar éis an dá thogra chothrománacha a ghlacadh.

6. Cuspóirí Foriomlána

Tá iarracht déanta ag an gCoimisiún na hathruithe ar chreat dlíthiúil agus ar chothromaíocht institiúideach a tharla mar gheall ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a léiriú tríd an togra seo a thíolacadh. Tiocfaidh buntáistí breise as an rialú ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin a ailíniú ar an Rialachán maidir leis na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin. Ceadóidh sé, ach go háirithe, feidhmiú níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin agus, mar sin de, rannchuideoidh sé le comhbheartas tráchtála níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a chruthú. Tríd na nósanna imeachta a ailíniú ar na gnáthnósanna imeachta, ceadófar tuiscint níos éasca ar na nósanna imeachta atá infheidhme maidir le beartas trádála agus cuirfidh forálacha trédhearcachta an rialacháin chothrománaigh le trédhearcacht seolta beartais trádála ina iomláine.

2011/0039 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Foráiltear i roinnt bunrialachán a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha lena gcuirfear an comhbheartas tráchtála chun feidhme de réir nósanna imeachta atá leagtha síos sna hionstraimí éagsúla lena mbaineann nó go nglacfaidh an Coimisiún iad faoi réir nósanna imeachta sonracha agus faoi réir rialú ag an gComhairle. Níl nósanna imeachta den sórt sin faoi réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[29].

(2) Is iomchuí na rialacháin sin a leasú d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis na forálacha a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Ba cheart é sin a dhéanamh, nuair is iomchuí, trí chumhachtaí tarmligthe a dheonú don Choimisiún agus trí nósanna imeachta áirithe a chur i bhfeidhm atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[30].

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin:

- Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise[31],

- Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne[32],

- Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua[33],

- Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála[34],

- Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle an 29 Eanáir 1996 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí[35],

- Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as[36],

- Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle an 23 Iúil 2001 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT (Eagraíocht Dhomhanda Trádála) maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais[37],

- Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 ón gComhairle an 19 Samhain 2001 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cróite a fheidhmiú[38],

- Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle an 21 Eanáir 2002 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine a fheidhmiú[39],

- Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le meicníocht chosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne[40],

- Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 maidir le bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus beart cosanta[41],

- Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairithe táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá[42],

- Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a fheidhmiú[43],

- Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin[44],

- Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach roghanna uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún[45],

- Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Poblacht Mhontainéagró den phairt eile, a fheidhmiú[46],

- Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisinia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a fheidhmiú[47],

- Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim fabhar taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011[48],

- Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí[49],

- Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[50],

- Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe[51],

- Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha d'onnmhairí[52],

- Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis[53],

- Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[54],

(4) D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear leis seo na Rialacháin atá liostaithe san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh nó d'fhorálacha infheidhme Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

Airteagal 2

Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí san Iarscríbhinn mar thagairtí do na forálacha sin arna n-oiriúnú leis an Rialachán seo.

Forléireofar tagairtí d'iar-ainmneacha coistí mar thagairtí do na hainmneacha nua mar a fhoráiltear dóibh leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta arna dtionscnamh chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin san Iarscríbhinn ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó roimh a theacht i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

(a) nuair atá gníomh glactha ag an gCoimisiún; nó

(b) nuair atá gá le comhairliúchán faoi cheann de na Rialacháin agus tá na comhairliúcháin sin tionscanta; nó

(c) nuair atá gá le togra faoi cheann de na Rialacháin agus tá an togra sin glactha ag an gCoimisiún.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán […] […]

IARSCRÍBHINN

Liosta na Rialachán a thagann faoi réim an chomhbheartais tráchtála agus a chuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh nó d'fhorálacha infheidhme Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[55].

1. Rialachán (CEE) UIMH. 2841/72 ÓN g COMHAIRLE AN 19 NOLLAIG 1972 MAIDIR LEIS NA BEARTA COSANTA DÁ bh FORÁILTEAR SA CHOMHAONTÚ IDIR COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA h EORPA AGUS CÓNAIDHM NA h EILVÉISE[56]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CEE) Uimh. 2841/72, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[57].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste, a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise dá ngairtear an 'Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 22, 24, 24a agus 26 den Chomhaontú a dhéanamh. Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 2(1):

"Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"1. Nuair is gá, de dheasca imthosca eisceachtúla, gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 24, 24a agus 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 27(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7(3).

2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún Cinneadh laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil."

4. Cuirtear isteach Airteagal 7 mar seo a leanas:

"Airteagal 7

Coiste

1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[58]de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

2. RIALACHÁN (CEE) UIMH. 2843/72 ÓN g COMHAIRLE AN 19 NOLLAIG 1972 MAIDIR LEIS NA BEARTA COSANTA DÁ bh FORÁILTEAR SA CHOMHAONTÚ IDIR COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA h EORPA AGUS POBLACHT NA h ÍOSLAINNE[59]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CEE) Uimh. 2843/72, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[60].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste, a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne dá ngairtear an 'Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 23, 25, 25a agus 27 den Chomhaontú a dhéanamh. Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 2(1):

"Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"1. Nuair is gá, de dheasca imthosca eisceachtúla, gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 25, 25a agus 27 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 28(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7(3).

2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún Cinneadh laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil."

4. Cuirtear isteach Airteagal 7 mar seo a leanas:

"Airteagal 7

Coiste

1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[61]de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

3. RIALACHÁN (CEE) UIMH. 1692/73 ÓN g COMHAIRLE AN 25 MEITHEAMH 1973 MAIDIR LEIS NA BEARTA COSANTA DÁ bh FORÁILTEAR SA CHOMHAONTÚ IDIR COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA h EORPA AGUS RÍOCHT NA h IORUA[62]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CEE) Uimh. 1692/73, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[63].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste, a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua dá ngairtear an 'Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 22, 24, 24a agus 26 den Chomhaontú a dhéanamh. Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 2(1):

"Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"1. Nuair is gá, de dheasca imthosca eisceachtúla, gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 24, 24a agus 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 27(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7(3).

2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil."

4. Cuirtear isteach Airteagal 7 mar seo a leanas:

"Airteagal 7

Coiste

1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[64]de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

4. RIALACHÁN (CE) UIMH. 3286/94 ÓN g COMHAIRLE AN 22 NOLLAIG 1994 LENA LEAGTAR SÍOS NÓSANNA IMEACHTA COMHPHOBAIL I RÉIMSE AN CHOMHBHEARTAIS TRÁCHTÁLA D'FHONN FEIDHMIÚ CHEARTA AN CHOMHPHOBAIL FAOI RIALACHA TRÁDÁLA IDIRNÁISIÚNTA A ÁIRITHIÚ, GO h ÁIRITHE NA CEARTA SIN A BUNAÍODH FAOI CHOIMIRCE NA h EAGRAÍOCHTA DOMHANDA TRÁDÁLA[65]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 3286/94, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[66].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

"I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfear é sin in iúl don ghearánach."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(4):

"I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an iarratas chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfear é sin in iúl don Bhallstát."

3. Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an ceannteideal seo a leanas in ionad cheannteideal an Airteagail: "Coiste"

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):

"1. (a) Beidh an Coiste um Bhacainní Trádála, dá ngairtear 'an Coiste' anseo feasta, de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].(b) I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

(c) Scriostar an chéad dá abairt de mhír 2.

(d) Scriostar mír 3 agus mír 4.

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d'Airteagal 8(1):

"1. I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le nós imeachta scrúdúcháin a thionscnamh agus gur gá é sin a dhéanamh chun leas an Aontais, gníomhóidh an Coimisiún mar seo a leanas:".

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(2)(a):

"2. (a) Ní nochtfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis arna cur ar fáil ar bhonn rúnda ag páirtí i nós imeachta scrúdúcháin, gan cead sonrach a fháil ón bpáirtí a chuir an fhaisnéis sin isteach."

6. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Nuair a fhaightear, de thoradh an nós imeachta scrúdúcháin, nach gá aon ghníomhú a dhéanamh chun leas an Aontais, foirceannfaidh an Coimisiún an nós imeachta, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(b)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(a):

"2. (a) Más rud é, tar éis nós imeachta scrúdúcháin, go nglacann an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann bearta a mheastar a bheith sásúil, agus nach gá aon ghníomhaíocht ag an Aontas dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta a fhionraí ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(b).";

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Más rud é, tar éis nós imeachta scrúdúcháin nó am ar bith roimh nós imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide, nó lena linn nó ina dhiaidh, gur cósúil gurb é an modh is iomchuí chun díospóid a réiteach a d'éirigh as constaic ar thrádáil comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír nó leis na tríú tíortha lena mbaineann, ar comhaontú é a d'fhéadfadh cearta substaintiúla an Aontais agus an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann a athrú, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Aiteagal 7(1)(b), an nós imeachta a fhionraí agus déanfar caibidlíocht de réir fhorálacha Airteagal 207 den Chonradh."

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

" Airteagal 13

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1. I gcás ina leanfaidh an tAontas, de thoradh gearáin arna dhéanamh de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 nó de thoradh tarchuir de bhun Airteagal 6, comhairliúchán foirmiúil idirnáisiúnta nó nósanna imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide, déanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le tionscnamh, stiúradh nó foirceannadh na nósanna imeachta sin.

2. I gcás nach mór don Aontas, i ndiaidh dó gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 12(2), Cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta comhbheartais tráchtála atá le glacadh de bhun Airteagal 11(2)(c) nó de bhun Airteagal 12, gníomhóidh sé, gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 207 den Chonradh agus, más iomchuí, le haon nósanna imeachta is infheidhme."

8. Scriostar Airteagal 14.

5. Rialachán (CE) UIMH. 385/96 ÓN g COMHAIRLE AN 29 EANÁIR 1996 MAIDIR LE COSAINT I g COINNE PRAGHSÁLA DÍOBHÁLAÍ SOITHÍ[67]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 385/96, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[68].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 385/96 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(11):

"Gan dochar d'Airteagal 15(2), i gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach, nó, i gcás tionscnaimh de bhun mhír 8, laistigh de thréimhse nach faide ná sé mhí ón am a fuarthas eolas ar dhíol an tsoithigh nó ón am ar cheart eolas a bheith faighte ar a dhíol, agus foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . I gcás nach gcuirtear dóthain fianaise isteach, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún."

2. Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"I gcás ina bhfuil bearta neamhriachtanach, déanfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil praghsáil dhíobhálach i gceist agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, gearrfaidh an Coimisiún muirear praghsála díobhálaí ar an tógálaí long, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Is ionann méid an mhuirir praghsála díobhálaí agus an corrlach praghsála díobhálaí arna bhunú. Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun a chinneadh a chur chun feidhme, go háirithe an muirear praghsála díobhálaí a bhailiú."

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 8:

"Is féidir an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuireann an tógálaí long díol an tsoithigh de phraghas díobhálach ar neamhní go cinntitheach agus gan choinníoll nó má chomhlíonann sé leigheas coibhéiseach eile lenar ghlac an Coimisiún."

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

"1. Mura n-íocfaidh an tógálaí long i gceist an muirear praghsála díobhálaí arna ghearradh faoi Airteagal 7, gearrfaidh an Coimisiún frithbhearta ar na soithí a thóg an tógálaí long sin i bhfoirm cearta luchtaithe agus dílúchtaithe a dhiúltú."

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

" Airteagal 10

Coiste

1. Beidh an Coiste um Phraghsáil Dhíobhálach Soithí de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(5):

“5. Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo."

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

“3. Déanfar an nochtadh faisnéise i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don ghá atá ann faisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach lú ná mí amháin roimh chinneadh cinntitheach a dhéanamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar aon fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir."

6. Rialachán (CE) UIMH. 2271/96 ÓN g COMHAIRLE AN 22 SAMHAIN 1996 LENA g COSNAÍTEAR I g COINNE ÉIFEACHTAÍ CUR I bh FEIDHM SEACH-CHRÍOCHACH REACHTAÍOCHTA ARNA GLACADH AG TRÍÚ TÍR, AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ BUNAITHE AR AN RIALACHÁN SIN NÓ A EASCRAÍONN AS[69]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 2271/96, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.

Ba cheart na bearta is gá chun Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[70].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 1:

"Ag gníomhú dó i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Chonradh agus d'ainneoin fhorálacha Airteagal 7(c), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 11a, 11b agus 11c chun dlíthe a chur leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nó chun iad a scriosadh uaithi."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

" Airteagal 8

1. Chun críocha Airteagal 7(b) agus (c) a chur chun feidhme, beidh an Coiste um Reachtaíocht Sheach-chríochach de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

3. Cuirtear isteach Airteagal 11a, Airteagal 11b agus Airteagal 11c mar seo a leanas:

" Airteagal 11a

1. Tabharfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghlacadh don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3. Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11b agus Airteagal 11c.

Airteagal 11b

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 1 a chúlghairm tráth ar bith.

2. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an Cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis seo láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 11c

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear aon mhí amháin leis an tréimhse sin.

2. Más rud é, nuair a théann an tréimhse sin in éag, nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Sonróidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe."

7. Rialachán (CE) UIMH. 1515/2001 ÓN g COMHAIRLE AN 23 IÚIL 2001 MAIDIR LEIS NA BEARTA A FHÉADFAIDH AN COMHPHOBAL A GHLACADH TAR ÉIS TUARASCÁLA A GHLAC COMHLACHT UM RÉITEACH DÍOSPÓIDE AN EDT MAIDIR LE h ÁBHAIR FRITHDHUMPÁLA AGUS ÁBHAIR FRITH-FHÓIRDHEONTAIS[71],

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[72].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh de mhír 1:

"1. Nuair a ghlacann an Chomhlacht um Réiteach Díospóide tuarascáil a bhaineann le beart de chuid an Aontais arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nó de bhun an Rialacháin seo ("beart is ábhar díospóide"), féadfaidh an Coimisiún ceann de na bearta seo a leanas nó níos mó a ghlacadh, cibé acu a mheasann sé is iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3a(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. A mhéid is iomchuí an beart is ábhar díospóide nó an beart leasuithe a fhionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta ama, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3a(2)."

2. Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Féadfaidh an Coimisiún aon bheart atá luaite in Airteagal 1(1) a ghlacadh freisin, má mheasann sé gur iomchuí sin, d'fhonn léirithe dlí, arna ndéanamh i dtuarascáil na Comhlachta um Réiteach Díospóide maidir le beart nach ábhar díospóide é, a chur san áireamh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. A mhéid is iomchuí an beart nach ábhar díospóide é nó an beart leasuithe a fhionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta ama, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3a(2)."

3. Cuirtear isteach Airteagal 3a mar seo a leanas:

" Airteagal 3a

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste Frithdhumpála a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle nó an Coiste Frith-fhóirdheontais a bunaíodh le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle, de réir mar a bheidh. Is iad a bheidh sna Coistí sin Coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

8. Rialachán (CE) UIMH. 2248/2001 ÓN g COMHAIRLE AN 19 SAMHAIN 2001 MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ÁIRITHE CHUN AN COMHAONTÚ COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS IDIR NA COMHPHOBAIL EORPACHA AGUS A m BALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS POBLACHT NA CRÓITE DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ, AGUS CHUN AN COMHAONTÚ EATRAMHACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS POBLACHT NA CRÓITE A FHEIDHMIÚ[73]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 2248/2001, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta a ghlacadh is gá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[74].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 7a mar seo a leanas:

(a) Cuirtear isteach míreanna 3a agus 3b mar seo a leanas:

"3a. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3b. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 6:"Ar na comhairliúcháin a bheith críochnaithe, agus mura bhfuil aon socrú indéanta eile ann, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7a(3a) nach ngníomhóidh sé nó go nglacfaidh sé bearta iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 25 agus Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin in Airteagal 38 agus Airteagal 39 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais. I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7a(3b)."

(c) Scriostar míreanna 7, 8 agus 9.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7b:

" Airteagal 7b

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtiocfaidh imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 25(4)(b) agus Airteagal 26(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin Airteagal 38(4)(b) agus Airteagal 39(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh láithreach mar a fhoráiltear in Airteagal 25 agus Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin in Airteagal 38 agus Airteagal 39 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7a(3a). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7a(3b).

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil."

3. In Airteagal 7e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 1:

"Nuair is gá, glacfaidh sé bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7a(3a), ach amháin sna cásanna cúnaimh inar infheidhme Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[75] , ar cásanna iad ina ndéanfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Rialachán sin."

9. Rialachán (CE) UIMH. 153/2002 ÓN g COMHAIRLE AN 21 EANÁIR 2002 MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ÁIRITHE CHUN AN COMHAONTÚ COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS IDIR NA COMHPHOBAIL EORPACHA AGUS A m BALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS IAR-PHOBLACHT IÚGSLAVACH NA MACADÓINE DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ, AGUS CHUN AN COMHAONTÚ EATRAMHACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS IAR-PHOBLACHT IÚGSLAVACH NA MACADÓINE A FHEIDHMIÚ[76]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 153/2002, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[77].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 7a mar seo a leanas:

(a) Cuirtear isteach mír 3a agus mír 3b mar seo a leanas:

"3a. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3b. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 6:"Ar na comhairliúcháin a bheith críochnaithe, agus mura bhfuil aon socrú indéanta eile ann, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7a(3a) nach ngníomhóidh sé nó go nglacfaidh sé bearta iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin in Airteagal 37 agus Airteagal 38 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais. I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7a(3b)."

(c) Scriostar míreanna 7, 8 agus 9.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7b:

" Airteagal 7b

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 24(4)(b) agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin Airteagal 37(4)(b) agus Airteagal 38(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh láithreach mar a fhoráiltear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin in Airteagal 37 agus Airteagal 38 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7a(3a). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 7a(3b)."

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil."

3. In Airteagal 7e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 1:

"Nuair is gá, glacfaidh sé bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7a(3a), ach amháin sna cásanna cúnaimh inar infheidhme Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[78] agus déanfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Rialachán sin."

10. Rialachán (CE) UIMH. 427/2003 ÓN g COMHAIRLE AN 3 MÁRTA 2003 MAIDIR LE MEICNÍOCHT CHOSANTA IDIRTHRÉIMHSEACH ATÁ SONRACH Ó THAOBH AN TÁIRGE DE D'ALLMHAIRÍ ATÁ DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE AGUS LENA LEASAÍTEAR RIALACHÁN (CE) UIMH. 519/94 MAIDIR LE COMHRIALACHA D'ALLMHAIRÍ Ó THRÍÚ TÍORTHA ÁIRITHE[79]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 427/2003, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[80].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

"I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh agus nach bhfuil réiteach comhshásúil mar thoradh ar aon chomhairliúcháin faoi mhír 3, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ."

2. Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt agus an tríú habairt de mhír 1,:

"Glacfaidh an Coimisiún na bearta sealadacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 15(3)."

(b) Scriostar mír 3.

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

" Airteagal 8

Foirceannadh gan bearta a ghlacadh

I gcás ina measfar nach bhfuil gá le bearta cosanta déthaobhacha, cuirfear deireadh leis an imscrúdú nó leis an imeacht i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

4. Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Mura mbeidh réiteach comhshásúil mar thoradh ar na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo laistigh de 60 lá ón iarraidh ar chomhairliúcháin a fháil, forchuirfear beart cinntitheach cosanta nó atreoraithe trádála i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(b) Scriostar mír 3 agus mír 6.

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(4):

"I gcás ina measann an Coimisiún gur cheart aon bheart cosanta a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta cosanta a chúlghairm nó a leasú."

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(4):

"4. Féadfar, chun leas an Aontais, bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a fhionraí ar feadh naoi mí le Cinneadh ón gCoimisiún. Féadfar an fhionraí a fhadú ar feadh tréimhse eile, nach faide ná bliain, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Ní fhéadfar bearta a fhionraí ach amháin i gcás ina bhfuil dálaí an mhargaidh athruithe go sealadach a mhéid nach dócha go gcuirfear isteach ar an margadh arís mar gheall ar an bhfionraí. Féadfar bearta a athshuíomh, ag tráth ar bith tar éis comhairliúcháin, mura bhfuil an chúis leis an bhfionraí infheidhme a thuilleadh."

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

" Airteagal 15

Coiste

1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[81]de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin.

4. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], i gcás ina dtéitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gcathaoirleach, ina gcinneann an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrann tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], é sin."

8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(5):

"5. Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Maidir le malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus Ballstáit nó aon fhaisnéis a bhaineann le comhairliúcháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 12, nó le comhairliúcháin a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 5(3) agus Airteagal 9(1), nó aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag Ballstáit an Aontais, ní sceithfear iad sin chuig an bpobal nó chuig aon pháirtí sna himeachtaí, ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo."

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú habairt d'Airteagal 18(4):

"Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar aon fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir."

10. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6 d'Airteagal 19,:

"5. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis atá curtha isteach mar is ceart agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gCoiste.

6. Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 a iarraidh go gcuirfear na fíorais agus na breithnithe ar dhócha go nglacfar na cinntí deireanacha ina leith ar fáil dóibh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid agus is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin."

11. Rialachán (CE) UIMH. 452/2003 ÓN g COMHAIRLE AN 6 MÁRTA 2003 MAIDIR LE BEARTA A FHÉADFAIDH AN COMHPHOBAL A GHLACADH I n DÁIL LE h ÉIFEACHT CHOMHCHEANGAILTE BEART FRITHDHUMPÁLA NÓ FRITH-FHÓIRDHEONTAIS AGUS BEART COSANTA[82]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 452/2003, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[83].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d'Airteagal 1(1):

"I gcás ina measann an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí níos mó ná mar is inmhianaithe ó thaobh beartais chosanta trádála an Aontais a bheith mar thoradh ar theaglaim de bhearta frith-dhumpála nó frith-fhóirdheontais agus bearta cosanta taraife a bheith ar na hallmhairí céanna, féadfaidh sé cibé bearta de na bearta seo a leanas is iomchuí leis a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2a(2):".

2. Cuirtear isteach Airteagal 2a mar seo a leanas:

" Airteagal 2a

1. Beidh an Coiste Frithdhumpála a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle[84]de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

12. Rialachán (CE) UIMH. 673/2005 ÓN g COMHAIRLE AN 25 AIBREÁN 2005 LENA m BUNAÍTEAR DLEACHTANNA CUSTAIM BREISE AR ALLMHAIRITHE TÁIRGÍ ÁIRITHE ATÁ DE THIONSCNAMH STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ[85]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005, tugtar an chumhacht chun an Rialachán a aisghairm don Chomhairle. Ba cheart an chumhacht sin a scriosadh agus ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 207 den Chonradh maidir le haisghairm an Rialacháin sin.

Dá réir sin, scriostar Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 673/2005.

13. Rialachán (CE) UIMH. 1616/2006 ÓN g COMHAIRLE AN 23 DEIREADH FÓMHAIR 2006 MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ÁIRITHE CHUN AN COMHAONTÚ COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS IDIR NA COMHPHOBAIL EORPACHA AGUS A m BALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS POBLACHT NA h ALBÁINE DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ, AGUS CHUN AN COMHAONTÚ EATRAMHACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS POBLACHT NA h ALBÁINE A FHEIDHMIÚ[86]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 1616/2006, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[87].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír d'Airteagal 7:

"Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

"2. "Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)."

3. Cuirtear isteach Airteagal 8a mar seo a leanas:

" Airteagal 8a

Coiste

1. Chun críocha Airteagal 7 agus Airteagal 8 beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[88]. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

14. Rialachán (CE) UIMH. 1528/2007 ÓN g COMHAIRLE AN 20 NOLLAIG 2007 LENA g CUIRTEAR I bh FEIDHM NA SOCRUITHE DO THÁIRGÍ DE THIONSCNAMH STÁT ÁIRITHE ATÁ MAR CHUID DE GHRÚPA NA STÁT SAN AFRAIC, SA MHUIR CHAIRIB AGUS SAN AIGÉAN CIÚIN (ACC) DÁ bh FORÁILTEAR I g COMHAONTUITHE AG BUNÚ NA g COMHAONTUITHE UM CHOMHPHÁIRTÍOCHT EACNAMAÍOCH NÓ AS AR THÁINIG BUNÚ NA g COMHAONTUITHE SIN [89]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.

Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[90].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 24a, 24b agus 24c chun réigiúin nó stáit ó Ghrúpa na Stát san ACC a chur leis an Iarscríbhinn, ar réigiúin nó stáit iad a bhfuil caibidlíocht curtha i gcríoch acu maidir le comhaontú idir an tAontas agus an réigiún nó an stát sin a chomhlíonann ar a laghad ceanglais Airteagal XXIV GATT 1994."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh de mhír 3:

"3. Fanfaidh an réigiún nó an stát sin ar an liosta in Iarscríbhinn I ach amháin má ghlacann an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 24a, 24b agus 24c lena leasaítear Iarscríbhinn I chun réigiún nó stát a bhaint den Iarscríbhinn, go háirithe sna cásanna seo a leanas:"

2. Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Tionscnófar an t-imeacht laistigh d'aon mhí amháin tar éis an fhaisnéis a fháil ó Bhallstát."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

"4. Má bhíonn an Coimisiún den tuairim go bhfuil na himthosca atá leagtha amach in Airteagal 12 ann, tabharfaidh sé fógra gan mhoill don réigiún nó do na stáit lena mbaineann atá liostaithe in Iarscríbhinn I go bhfuil sé ar intinn aige imscrúdú a thionscnamh."

3. Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt agus an tríú habairt de mhír 1:"Glacfar bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 21(3)."

(b) Scriostar an dara habairt de mhír 2.

(c) Scriostar mír 4.

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

" Airteagal 17

An t-imscrúdú agus an t-imeacht a fhoirceannadh gan bearta a dhéanamh

I gcás ina measfar nach bhfuil gá le bearta cosanta déthaobhacha, foirceannfar an t-imscrúdú agus an t-imeacht i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(2)."

5. Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Mura mbeidh réiteach comhshásúil mar thoradh ar na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá ón ábhar a chur faoi bhráid an réigiúin nó an stáit lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún Cinneadh bearta cosanta cinntitheacha déthaobhacha a fhorchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(2) laistigh de 20 lá oibre ó dheireadh na tréimhse comhairliúcháin."

(b) Scriostar mír 3 agus mír 4.

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

"2. Déanfaidh an Coimisiún an Cinneadh faireachas a fhorchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(2)."

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

" Airteagal 21

Coiste

1. Chun críocha na Caibidle seo beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[91] de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin.

4. I gcás táirgí a thagann faoi réim Chód AC 1701, beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 195 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle[92].de chúnamh ag an gCoiste dá dtagraítear i mír 1."

8. Cuirtear Airteagail 24a, 24b agus 24c isteach mar seo a leanas:

" Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tabharfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3. Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 24b agus Airteagal 24c.

Airteagal 24b

An tarmligean a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d'Airteagal 2 a chúlghairm tráth ar bith.

2. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an Cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis seo láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 24b

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón bhfógra a thabhairt. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear aon mhí amháin leis an tréimhse sin.

2. Más rud é, nuair a théann an tréimhse sin in éag, nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Sonróidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe."

15. Rialachán (CE) UIMH. 140/2008 ÓN g COMHAIRLE AN 19 SAMHAIN 2007 MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ÁIRITHE CHUN AN COMHAONTÚ COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS IDIR NA COMHPHOBAIL EORPACHA AGUS A m BALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS POBLACHT MHONTAINÉAGRÓ DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ, AGUS CHUN AN COMHAONTÚ EATRAMHACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS POBLACHT MHONTAINÉAGRÓ DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ [93]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 140/2008, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[94].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír d'Airteagal 7:

"Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

"2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)."

3. Cuirtear isteach Airteagal 8a mar seo a leanas:

" Airteagal 8a

Coiste

1. Chun críocha Airteagal 7 agus Airteagal 8 beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[95] de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

16. Rialachán (CE) UIMH. 55/2008 ÓN g COMHAIRLE AN 21 EANÁIR 2008 LENA d TUGTAR ISTEACH ROGHANNA UATHRIALACHA TRÁDÁLA DO PHOBLACHT NA MOLDÓIVE AGUS LENA LEASAÍTEAR RIALACHÁN (CE) UIMH. 980/2005 AGUS CINNEADH 2005/924/CE ÓN g COIMISIÚN[96]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 55/2008, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[97].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh de mhír 1:

"1. I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún faoi deara go bhfuil dóthain fianaise ann chun calaois, nó mírialtachtaí a léiriú nó chun a léiriú gur théip ar an Moldóiv go córasach na rialacha maidir le tionscnamh táirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin a chomhlíonadh, nó a áirithiú go gcomhlíonfar iad, agus gur théip uirthi comhar riaracháin a sholáthar mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1), nó gur théip uirthi aon cheann de na coinníollacha eile atá sainithe in Airteagal 2(1) a chomhlíonadh, féadfaidh sé bearta a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11a(2) chun na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhionraí go hiomlán nó go páirteach ar feadh tréimhse nach faide na sé mhí, ar an gcoinníoll go bhfuil an méid seo a leanas déanta aige ar dtús:"

(b) Scriostar mír 2.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(1)

"1. I gcás ina ndéanfar táirge atá de thionscnamh na Moldóive a allmhairiú ar théarmaí a bheidh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha do tháirgeoir de chuid an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí dír-iomaíocha, féadfaidh an Coimisiún dleachtanna na Comhtharaife Custaim a thabhairt isteach arís ar an táirge sin ag tráth ar bith i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11a(2)."

3. Cuirtear isteach Airteagal 11a mar seo a leanas:

" Airteagal 11a

Coiste

1. Chun críocha Airteagal 11 beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[98] de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

17. Rialachán (CE) UIMH. 594/2008 ÓN g COMHAIRLE AN 16 MEITHEAMH 2008 MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ÁIRITHE CHUN AN COMHAONTÚ COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS IDIR NA COMHPHOBAIL EORPACHA AGUS A m BALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ, AGUS CHUN AN COMHAONTÚ EATRAMHACH AR THRÁDÁIL AGUS AR ÁBHAIR A BHAINEANN LE TRÁDÁIL IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS AN BHOISINIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN DEN PHÁIRT EILE, A FHEIDHMIÚ[99],

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 594/2008, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[100].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír d'Airteagal 7:

"Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

"2. "Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)."

3. Cuirtear isteach Airteagal 8a mar seo a leanas:

" Airteagal 8a

Coiste

1. Chun críocha Airteagal 7 agus Airteagal 8 beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[101] de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

18. Rialachán (CE) UIMH. 732/2008 ÓN g COMHAIRLE AN 22 IÚIL 2008 LENA g CUIRTEAR SCÉIM FABHAR TARAIFE GHINEARÁLAITHE I bh FEIDHM DON TRÉIMHSE ÓN 1 EANÁIR 2009 GO DTÍ AN 31 NOLLAIG 2011 AGUS LENA LEASAÍTEAR RIALACHÁN (CE) UIMH. 552/97, RIALACHÁN (CE) UIMH. 1933/2006, AGUS RIALACHÁN (CE) UIMH. 1100/2006 ÓN g COIMISIÚN AGUS RIALACHÁN UIMH. 964/2007 ÓN g COIMISIÚN [102]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 732/2008, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[103].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh de mhír 3:

"3. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhionraí, i gcás na dtáirgí uile nó i gcás táirgí áirithe atá de thionscnamh tíre tairbhíche, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(6), nuair a mheasann sé go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le haistarraingt shealadach ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ar an gcoinníoll go bhfuil an méid seo a leanas déanta aige ar dtús:"

(b) Scriostar mír 4.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

" Airteagal 17

1. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún nó Ballstát faisnéis a d'fhéadfadh údar a thabhairt le haistarraingt shealadach agus i gcás ina measfaidh an Coimisiún nó Ballstát go bhfuil forais leordhóthanacha ann chun imscrúdú a dhéanamh, cuirfidh sé an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 27 ar an eolas faoi.

2. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, laistigh de mhí amháin agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(5), go dtionsnófar imscrúdú."

3. Leasaítear Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 3:

"Cuirfidh an Coimisiún an Cinneadh sin in iúl don tír thairbhíoch lena mbaineann agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh , ag fógairt go bhfuil sé ar intinn aige na socruithe fabhracha a aistarraingt go sealadach i gcás na dtáirgí uile nó i gcás táirgí áirithe atá de thionscnamh tíre thairbhíche, ach amháin má thugann an tír thairbhíoch lena mbaineann gealltanas roimh dheireadh na tréimhse go nglacfaidh sí na bearta is gá, laistigh de thréimhse réasúnach ama, chun na coinbhinsiúin dá dtagraítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III a chomhlíonadh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. "I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil gá le haistarraingt shealadach, déanfaidh sé Cinneadh ina thaobh sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(6). Sa chás dá dtagraítear i mír 3, gníomhóidh an Coimisiún ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún Cinneadh aistarraingt shealadach a chur i bhfeidhm, tiocfaidh an Cinneadh sin i bhfeidhm sé mhí tar éis an Cinneadh a dhéanamh, ach amháin má chinneann an Coimisiún roimhe sin nach bhfuil na cúiseanna a thug údar léi ann a thuilleadh."

4. Leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Críochnófar an t-imscrúdú laistigh de shé mhí ó dháta foilsithe an fhógra dá dtagraítear i mír 2. Féadfaidh an Comisiún, in imthosca eisceachtúla, an tréimhse a fhadú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(5)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6. Déanfaidh an Coimisiún Cinneadh laistigh de mhí amháin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(6). Tiocfaidh an Cinneadh sin i bhfeidhm laistigh de mhí amháin ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7. I gcásanna ina bhfágann imthosca eisceachtúla, a mbíonn gá le gníomhú láithreach maidir leo, gur dodhéanta imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(7), aon bheart coisctheach a dhéanamh má tá fíorghá leis."

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

"I gcás ina mbeidh allmhairí táirgí atá áirithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le suaitheadh tromchúiseach i margaí an Aontais agus go háirithe maidir le ceann nó níos mó de na réigiúin is forimeallaí nó leis na meicníochtaí rialála de chuid na margaí sin, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó ar iarratas ó Bhallstát, na socruithe fabhracha a fhionraí i gcás na dtáirgí lena mbaineann i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(6) tar éis dul i gcomhairle le coiste bainistíochta na comheagraíochta ábhartha margaidh."

6. Scriostar Airteagal 22(2).

7. Cuirtear mír 6 agus mír 7 le hAirteagal 27 mar seo a leanas:

"6. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

7. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

19. RIALACHÁN (CE) UIMH. 597/2009 ÓN g COMHAIRLE AN 11 MEITHEAMH 2009 MAIDIR LE COSAINT I g COINNE ALLMHAIRÍ FÓIRDHEONTAIS Ó THÍORTHA NACH BAILL DEN CHOMHPHOBAL EORPACH IAD [104]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[105].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(11):

"11. I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . I gcás nach gcuirtear dóthain fianaise isteach, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(9):

"9. Maidir le himeachtaí de bhun Airteagal 10(11), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúdú a chríochnú laistigh de bhliain amháin. Ar aon chuma, déanfar imscrúduithe den sórt sin a chríochnú laistigh de thrí mhí dhéag a dtionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 13 le haghaidh gealltanas nó de bhun Airteagal 15 le haghaidh gníomhaíochta cinntithí. I gcásanna eisceachtúla, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, go ndéanfaidh sé an teorainn ama sin a fhadú ar feadh tréimhse suas le hocht mí dhéag ach ní dhéanfar í a fhadú ar feadh tréimhse níos faide ná sin in aon chás."

3. Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

"Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá agus nach faide ná naoi mí ó na himeachtaí a thionscnamh. I gcásanna eisceachtúla, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, go ndéanfaidh sé an teorann ama sin a fhadú ar feadh tréimhse suas le dhá mhí dhéag ach ní dhéanfar í a fhadú ar feadh tréimhse níos faide ná sin in aon chás."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3)."

(c) Scriostar mír 5.

4. Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Ar choinníoll go bhfuil Cinneadh sealadach dearfach déanta i dtaobh foirdheonú agus díobháil, féadfaidh an Coimisiún tairiscintí gealltanas atá deonach agus sásúil a ghlacadh, ar gealltanais iad faoina ndéanfar an méid seo a leanas:

(a) aontóidh an tír thionscnaimh agus/nó tír an onnmhairithe an fóirdheontas a dhíchur nó teorainn a chur leis nó bearta eile a dhéanamh maidir lena éifeachtaí; nó

(b) glacfaidh aon onnmhaireoir ar láimh a phraghasanna a athbhreithniú nó stad a chur le honnmhairiú isteach sa limistéar i gceist fad a bhaineann na honnmhairí sin tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe, sa chaoi go mbeidh an Coimisiún sásta go bhfuil éifeacht dhíobhálach na bhfóirdheontas díchurtha sa tslí sin.I gcás den sórt sin agus fad atá gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag na dleachtanna sealadacha arna bhforchur ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3) ná ag na dleachtanna cinntitheacha arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 15(1) maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais agus in aon leasú ar an gCinneadh sin ina dhiaidh sin.Ní bheidh méaduithe ar phraghsanna faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná mar is gá chun méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a fhritháireamh, agus ba cheart na méaduithe sin a bheith níos lú ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe dá mba leor na méaduithe sin chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.";

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. I gcás ina nglactar le gealltanais déanfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 9:

"9. I gcás ina ndéanann aon pháirtí sa ghealltanais gealltanais a shárú nó a aistarraingt nó i gcás ina ndéanann an Coimisiún glacadh an ghealltanais a aistarraingt, aistarraingeofar glacadh an ghealltanais le Cinneadh ón gCoimisiún nó le Rialachán ón gCoimisiún, mar is iomchuí, agus beidh feidhm ag an dleacht shealadach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12 nó ag an dleacht chinntitheach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 15(1), ar choinníoll go dtugtar deis don onnmhaireoir lena mbaineann, nó don tír thionscnaimh agus/nó do thír an onnmhairithe tuairim a nochtadh, ach amháin má aistarraingíonn an t-onnmhaireoir nó tír de shórt thuasluaite glacadh an ghealltanais.";

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

"10. Féadfar dleacht shealadach a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 12 ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil nuair atá cúis chun a chreidiúint go bhfuil gealltanas á shárú, nó i gcás ina ndéantar gealltanas a shárú nó a aistarraingt nuair nár críochnaíodh an t-imscrúdú as ar tháinig an gealltanas."

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(2):

"I gcás ina bhfuil bearta cosanta neamhriachtanach déanfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2)."

6. Leasaítear Airteagal 15(1) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"1. I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall orthu, agus go bhfuil gá, chun leas an Aontais, le hidirghábháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31, forchuirfidh an Coimisiún dleacht chinntitheach frithchúitimh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2). I gcás ina bhfuil dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dhul in éag do na dleachtanna sin.";

(b) Scriostar an dara agus an tríú fomhír.

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 16(2):

"2. I gcás ina mbeidh dleacht shealadach curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén cion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht chinntitheach frithchúitimh le forchur."

8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 20:

"Tionscnófar an t-athbhreithniú sin tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais tuairim a nochtadh."

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 21(4):

"4. Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus a mhéid ar cheart é a dheonú, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith go dtionscnófar athbhreithniú eatramhach,agus leis sin, úsáidfear faisnéis agus cinntí an athbhreithnithe sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an bhfuil údar le haisíocaíocht agus a mhéid atá údar léi."

10. Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

"Na hathbhreithnithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19, déanfar go pras iad agus déanfar iad, de ghnáth, a chríochnú laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta thionscnamh an athbhreithnithe. Ar aon chuma, déanfar na hathbhreithnithe de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19 a chríochnú laistigh de chúig mhí dhéag a dtionscnaimh. I gcásanna eisceachtúla, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, go ndéanfaidh sé an teorainn ama sin a fhadú ar feadh tréimhse suas le hocht mí dhéag ach ní dhéanfar í a fhadú ar feadh tréimhse níos faide ná sin in aon chás."

(b) Scriostar an cúigiú fomhír de mhír 1;

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithnithe de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20."

11. Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:

"Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'aon pháirtí leasmhar ar bhonn dóthain fianaise a bheith ann maidir leis na tosca atá leagtha amach i míreanna 1, 2 agus 3. Déanfar tionscnaimh le Rialachán ón gCoimisiún lena bhféadfar na húdaráis chustaim a threorú freisin allmhairí a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 24(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 4:

"Má thugann na fíorais, mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, údar leis na bearta a fhadú, déanfaidh an Coimisiún sin ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír de mhír 6:

"Deonaítear na díolúintí sin le Cinneadh ón gCoimisiún agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse agus faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos ann."

12. Leasaítear Airteagal 24 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Is féidir, chun leas an Aontais, bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a fhionraí ar feadh naoi mí le Cinneadh ón gCoimisiún. Féadfar an fhionraí a fhadú ar feadh tréimhse eile, nach faide ná aon bhliain amháin, má ghníomhaíonn an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2).Ní fhéadfar bearta a fhionraí ach amháin i gcás ina bhfuil dálaí an mhargaidh athruithe go sealadach a mhéid nach dócha go mbeidh díobháil ann arís mar gheall ar an bhfionraí agus ar choinníoll gur tugadh deis do thionscal an Aontais tuairim a nochtadh agus gur cuireadh na tuairimí sin san áireamh. Féadfar bearta a athshuíomh, ag tráth ar bith, mura bhfuil an chúis leis an bhfionraí infheidhme a thuilleadh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 5:"Féadfaidh an Coimisiún na húdaráis chustaim a threorú na céimeanna iomchuí a ghlacadh maidir le hallmhairí a chlárú, le go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gcoinne na n-allmhairí sin ó dháta an chláraithe sin."

13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

"Coiste

1. Beidh an Coiste Frith-fhóirdheontas, dá ngairtear “an Coiste”, de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin.

4. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], i gcás ina dtéitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gcathaoirleach, ina gcinneann an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrann tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], é sin."

14. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(5):

"5. Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo."

15. Leasaítear Airteagal 30 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"Tabharfar an nochtadh deireanach i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta atá leagtha amach in Airteagal 14 nó Airteagal 15 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar aon fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"Aon uiríll a dhéantar tar éis an nochtadh deireanach a thabhairt, ní thabharfar aird orthu ach amháin má fhaightear iad laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ach ar tréimhse í nach lú ná deich lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Is féidir tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina bhfuil nochtadh deireanach déanta cheana."

16. Leasaítear Airteagal 31 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear na tuairimí sin san áireamh muna bhfaightear iad laistigh de chúig lá dhéag ó chur i bhfeidhm na mbeart sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí díobh, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis atá curtha isteach mar is ceart agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gCoiste."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 6:

"Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid agus is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin."

20. Rialachán (CE) UIMH. 260/2009 ÓN g COMHAIRLE AN 26 FEABHRA 2009 MAIDIR LEIS NA COMHRIALACHA D'ALLMHAIRÍ [106]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[107].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 mar seo a leanas:

1. Scriostar Airteagal 3.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Coiste

1. Beidh Coiste um Choimircí, dá ngairtear "an Coiste", de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

4. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], i gcás ina dtéitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gcathaoirleach, ina gcinneann an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrann tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], é sin."

3. Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:

"I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

"Iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus, nuair is iomchuí leis féachfaidh sé chuige an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"I gcás inar cosúil don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na Ballstáit laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit."

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

"2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná aon bhearta cosanta a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin."

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(2):

"2. Ní nochtfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis arna cur ar fáil ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthraí na faisnéise sin."

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

"2. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an Cinneadh faireachas a fhorchur i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 16(6)."

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

" Airteagal 13

I gcás nach bhfuil allmhairiú táirge curtha faoi réir fhaireachais an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún faireachas a thabhairt isteach, i gcomhréir le hAirteagal 18, i gcás allmhairithe isteach i réigiún nó i réigiúin de chuid an Aontais agus i gcás na n-allmhairithe sin amháin."

8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7 d'Airteagal 16:

"6. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón iarratas sin a fháil. I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 4(3)."

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

" Airteagal 17

Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus le téarmaí Chaibidil III, bearta iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur ar tháirge a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méaduithe chomh mór sin agus/nó ar théarmaí nó ar choinníollacha a bheidh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le díobháil thromchúiseach do tháirgeoirí de chuid an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí dír-iomaíocha.

Beidh feidhm ag mír 2 go mír 5 d'Airteagal 16."

10. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(2):

"2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon fhaireachas nó aon bheart cosanta dá dtagraítear in Airteagail 11, 13, 16, 17 agus 18 a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

11. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

" Airteagal 23

Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), chun go bhféadfaí cearta agus oibleagáidí an Aontais nó a Bhallstát uile a fheidhmiú agus a chomhall ag leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe iad sin a bhaineann le trádáil i dtráchtearraí."

21. Rialachán (CE) UIMH. 625/2009 ÓN g COMHAIRLE AN 7 IÚIL 2009 MAIDIR LE COMHRIALACHA D'ALLMHAIRÍ Ó THRÍÚ TÍORTHA ÁIRITHE [108]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh is gá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[109].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 mar seo a leanas:

1. Scriostar Airteagal 3.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Coiste

1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[110], dá ngairtear an Coiste, de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin.

4. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], i gcás ina dtéitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gcathaoirleach, ina gcinneann an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrann tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], é sin."

3. Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:

"I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

"Iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus, nuair is iomchuí leis féachfaidh sé chuige an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6. I gcás inar cosúil don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na Ballstáit laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit."

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 6(2):

"Más rud é, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, go measann an Coimisiún nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná aon bhearta cosanta a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú."

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

"2. Ní nochtfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis arna cur ar fáil ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthraí na faisnéise sin."

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

" Airteagal 12

I gcás nach bhfuil allmhairiú táirge curtha faoi réir fhaireachais an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún faireachas a thabhairt isteach, i gcomhréir le hAirteagal 17, i gcás allmhairithe isteach i réigiún nó i réigiúin de chuid an Aontais agus sa chás sin amháin."

7. Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"Cuirfear na bearta arna nglacadh in iúl do na Ballstáit gan mhoill agus gabhfaidh éifeacht leo sin láithreach."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6:

"4. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón iarratas sin a fháil. I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 4(3)."

8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1):

"1. Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe sa chás dá dtagraítear in Airteagal 15(1), bearta iomchuí a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(2):

"2. "I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon fhaireachas nó aon bheart cosanta dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta a chúlghairm nó a leasú."

22. Rialachán (CE) UIMH. 1061/2009 ÓN g COMHAIRLE AN 19 DEIREADH FÓMHAIR 2009 LENA m BUNAÍTEAR COMHRIALACHA D'ONNMHAIRÍ[111]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 1061/2009, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[112].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 mar seo a leanas:

1. Scriostar Airteagal 3.

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"1. Beidh Coiste um chomhrialacha d'onnmhairí, dá ngairtear an Coiste, de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin."

3. Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. D'fhonn cosc a chur ar chás géibheannach a theacht chun cinn mar gheall ar easpa táirgí riachtanacha, nó d'fhonn cás den sórt sin a leigheas, agus nuair is gá idirghabháil a dhéanamh láithreach chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh a fháil ó Bhallstát nó as a thionscnamh féin, agus ag cur nádúr na dtáirgí agus ghnéithe áirithe eile na n-idirbheart i gceist san áireamh, onnmhairiú táirge a chur faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird, agus rialófar deonú an údaraithe sin leis na forálacha sin agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 4(3).";

(b) Scriostar an dara habairt de mhír 4;

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

"5. I gcás ina bhfuil an Coimisiún i ndiaidh gníomhú de bhun mhír 1, cinnfidh sé, tráth nach déanaí ná 12 lá oibre tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt a bheidh glactha aige, ar cheart bearta iomchuí a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 7. Más rud é, ag deireadh na sé seachtaine tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt, nach bhfuil aon bhearta glactha, measfar go bhfuil an beart i gceist cúlghairthe."

4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d'Airteagal 7(1):

"Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2):"

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

"2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 a chúlghairm nó a leasú, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

23. Rialachán (CE) UIMH. 1215/2009 ÓN g COMHAIRLE AN 30 SAMHAIN 2009 LENA d TUGTAR ISTEACH BEARTA EISCEACHTÚLA TRÁDÁLA DO THÍORTHA AGUS DO CHRÍOCHA ATÁ PÁIRTEACH I b PRÓISEAS COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH NÓ ATÁ BAINTEACH LEIS[113]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 1215/2009, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[114].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) Scriostar an dara fomhír de mhír 2;

(b) Cuirtear isteach mír 3 mar seo a leanas:

"3. I gcás nach gcomhlíontar a bhfuil i mír 1 nó i mír 2, féadfar sochair an Rialacháin seo don tír a fhionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2)."

2. Cuirtear isteach Airteagal 8a mar seo a leanas:

" Airteagal 8a

Coiste

1. Chun críocha Airteagal 2 agus Airteagal 10, beidh Coiste cur chun feidhme na mBalcán Thiar de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011]."

3. Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) Leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) go bhfuil Coiste cur chun feidhme na mBalcán Thiar curtha ar an eolas;"

(2) Cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

"Glacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(2).";

(b) Scriostar mír 2;

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"Ag críoch thréimhse na fionraí, cinnfidh an Coimisiún go bhfoirceannófar an beart sealadach fionraí nó go gcuirfear leis an mbeart fionraí i gcomhréir le mír 1."

24. Rialachán (CE) UIMH. 1225/2009 ÓN g COMHAIRLE AN 30 SAMHAIN 2009 MAIDIR LE COSAINT I g COINNE ALLMHAIRÍ DUMPÁILTE Ó THÍORTHA NACH BAILL DEN CHOMHPHOBAL EORPACH IAD[115]

MAIDIR LE RIALACHÁN (CE) Uimh. 1225/2009, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [xx/yy/2011] lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[116].

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 mar seo a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí d'Airteagal 2(7):

"Déanfaidh an Coimisiún Cinneadh an gcomhallann an táirgeoir na critéir thuasluaite laistigh de shé mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe tar éis deis a thabhairt do thionscal an Aontais tuairim a nochtadh. Beidh an Cinneadh sin i bhfeidhm ar feadh an imscrúdaithe."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(9):

"I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . I gcás nach gcuirtear dóthain fianaise isteach, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún."

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(9):

Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 5(9), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúdú a chríochnú laistigh de bhliain amháin. Ar aon chuma, déanfar na himscrúduithe den sórt sin a chríochnú laistigh de chúig mhí dhéag a dtionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 8 le haghaidh gealltanas nó de bhun Airteagal 9 le haghaidh gníomhaíochta cinntithí. I gcásanna eisceachtúla, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, go ndéanfaidh sé an teorainn ama sin a fhadú ar feadh tréimhse suas go hocht mí dhéag ach ní dhéanfar í a fhadú ar feadh tréimhse níos faide ná sin in aon chás."

4. Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur má thionscnaítear imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 5, má thugtar fógra ina leith sin agus má thugtar deis leordhóthanach do pháirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach agus tuairimí a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 5(10), má dhéantar Cinneadh sealadach dearfach maidir le dumpáil agus maidir le díobháil do thionscal an Aontais de thoradh na dumpála sin, agus má tá gá, chun leas an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh chun díobháil den sórt sin a chosc. Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ná nach faide ná naoi mí ó thionscnamh na n-imeachtaí. I gcásanna eisceachtúla, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, go ndéanfaidh sé an teorainn ama sin a fhadú ar feadh tréimhse suas go dhá mhí dhéag ach ní dhéanfar í a fhadú ar feadh tréimhse níos faide ná sin in aon chás."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Déanfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3)."

(c) Scriostar mír 6.

5. Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Ar choinníoll go bhfuil Cinneadh sealadach dearfa déanta i dtaobh dumpála agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún tairiscintí gealltanas atá deonach agus sásúil a ghlacadh, ar gealltanais iad a chuireann aon onnmhaireoir isteach chun a phraghsanna a athbhreithniú nó chun stad a chur le honnmhairí ag praghsanna dumpáilte, má tá an Coimisiún sásta go bhfuil éifeacht dhíobhálach na dumpála díchurtha leis sin. I gcás den sórt sin agus fad atá gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag dleachtanna sealadacha arna bhforchur ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(1) ná ag dleachtanna cinntitheacha arna bhforchur aige i gcomhréir le hAirteagal 9(4), de réir mar a bheidh, maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar gealltanais, mar a leasaíodh é ina dhiaidh sin. Ní bheidh méaduithe ar phraghsanna faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná mar is gá chun an corrlach dumpála a dhíchur, agus ba cheart na méaduithe sin a bheith níos lú ná an corrlach dumpála dá mba leor na méaduithe sin chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.";

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. I gcás ina nglactar le gealltanais, déanfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 9:

"9. I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí sa ghealltanas gealltanais a shárú nó a aistarraingt nó i gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún glacadh an ghealltanais a aistarraingt, aistarraingeofar glacadh an ghealltanais le Cinneadh ón gCoimisiún nó le Rialachán ón gCoimisiún, mar is iomchuí, agus beidh feidhm láithreach ag an dleacht shealadach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 nó ag an dleacht chinntitheach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(4), ar choinníoll go dtugtar deis don onnmhaireoir lena mbaineann tuairim a nochtadh, seachas má aistarraingíonn an t-onnmhaireoir féin an gealltanas.";

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

"10. Féadfar go bhforchuirfear dleacht shealadach i gcomhréir le hAirteagal 7 ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil nuair atá cúis chun a chreidiúint go bhfuil gealltanas á shárú, nó i gcás ina ndéanfar gealltanas a shárú nó a aistarraingt nuair nár críochnaíodh an t-imscrúdú as ar tháinig an gealltanas."

6. Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. I gcás ina bhfuil bearta cosanta neamhriachtanach déanfar an t-imscrúdú nó an t-imeacht a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).";

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil dumpáil ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, agus go bhfuil gá, chun leas an Aontais, le hidirghábháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21, forchuirfidh an Coimisiún dleacht chinntitheach frithdhumpála, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). I gcás ina bhfuil dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dhul in éag do na dleachtanna sin. Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála níos mó ná an corrlach dumpála atá suite ach ba cheart í a bheith níos lú ná an corrlach dá mba leor dleacht níos lú chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.";

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 10(2):

"2. I gcás dleacht shealadach a bheith curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil dumpáil agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén cion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht chinntitheach frithdhumpála le forchur."

8. Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) I mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den tríú fomhír:

"Tionscnófar athbhreithniú le haghaidh onnmhaireora nua agus déanfar an t-athbhreithniú sin ar bhonn brostaithe tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí de chuid an Aontais tuairim a nochtadh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír de mhír 5:

"Déanfar forálacha cuí an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus imscrúduithe a sheoladh, gan díobh siúd a bhaineann le teorainn ama a áireamh, a bhaint le haon athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4. Na hathbhreithnithe arna ndéanamh de bhun mhír 2 agus mhír 3, déanfar go pras iad agus déanfar iad, de ghnáth, a chríochnú laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta thionscnamh an athbhreithnithe. Ar aon chuma, déanfar na hathbhreithnithe de bhun mhír 2 agus mhír 3 a chríochnú laistigh de chúig mhí dhéag óna dtionscnaimh. I gcásanna eisceachtúla, agus aird á tabhairt ar chastacht an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, go ndéanfaidh sé an teorainn ama sin a fhadú ar feadh tréimhse suas le hocht mí dhéag ach ní dhéanfar í a fhadú ar feadh tréimhse níos faide ná sin in aon chás. Déanfar na hathbhreithnithe de bhun mhír 4 a chríochnú i ngach cás laistigh de naoi mí dhéag ó dháta an tionscnaimh. Má thionscnaítear athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhír 2 fad is atá athbhreithniú faoi mhír 3 ar siúl sna himeachtaí céanna, déanfar an t-athbhreithniú de bhun mhír 3 a chríochnú ag an am céanna leis an athbhreithniú de bhun mhír 2."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithnithe de bhun an Airteagail seo. I gcás ina ndlífidh athbhreithnithe é, déanfar bearta a aisghairm nó a choimeád de bhun mhír 2, nó a aisghairim, a choimeád nó a leasú de bhun mhír 3 agus mhír 4. I gcás ina n-aisghairfear bearta maidir le honnmhaireoirí ar leith, ach nach ndéantar iad a aisghairm sa tír ina hiomláine, beidh na honnmhaireoirí sin fós faoi réir an imeachta agus d'fhéadfaí iad a imscrúdú arís, sa ghnáthchúrsa, in aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an tír sin de bhun an Airteagail seo.";

(d) I mír (8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den cheathrú fomhír:

"Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus a mhéid ar cheart é a dheonú, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith go dtionscnófar athbhreithniú eatramhach,agus leis sin, úsáidfear faisnéis agus cinntí an athbhreithnithe sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an bhfuil údar le haisíocaíocht agus a mhéid atá údar léi."

9. Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

Más rud é, laistigh de dhá bhliain de ghnáth ó theacht i bhfeidhm na mbeart, go gcuireann tionscal an Aontais nó aon pháirtí leasmhar eile dóthain faisnéise isteach a léiríonn, tar éis na chéad tréimhse imscrúdaithe agus roimh fhorchur na mbeart nó ina dhiaidh sin, go bhfuil laghdú tagtha ar phraghsanna onnmhairí nó nach bhfuil aon athrú tagtha orthu, nó nach leor an t-athrú atá tagtha ar phraghsanna athdhíola nó ar phraghsanna díola an táirge allmhairithe san Aontas ina dhiaidh sin, féadfar an t-imscrúdú a athoscailt le feiceáil an raibh tionchar ag an mbeart ar na praghsanna thuasluaite."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás ina léireofar le hath-imscrúdú de bhun an Airteagail seo go bhfuil méadú tagtha ar dhumpáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta atá i bhfeidhm a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), i gcomhréir leis na cinntí nua i dtaobh praghsanna onnmhairithe. Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála arna forchur de bhun an Airteagail seo níos mó ná dhá oiread na dleachta a forchuireadh ar dtús."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír de mhír 4:

"Beidh feidhm ag na forálacha cuí d'Airteagal 5 agus d’Airteagal 6 maidir le haon ath-imscrúdú arna dhéanamh de bhun an Airteagail seo, ach ina theannta sin déanfar go pras ath-imscrúdú den sórt sin agus déanfar, de ghnáth, é a chríochnú laistigh de naoi mí ó dháta thionscnamh an ath-imscrúdaithe. Ar aon chuma, déanfar ath-imscrúduithe den sórt sin a chríochnú i ngach cás laistigh de bhliain amháin ó thionscnamh an ath-imscrúdaithe.

10. Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'aon pháirtí leasmhar ar bhonn dóthain fianaise a bheith ann maidir leis na tosca atá leagtha amach i mír 1. Déanfar tionscnaimh le Rialachán ón gCoimisiún lena bhféadfar na húdaráis chustaim a threorú freisin allmhairí a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Déanfaidh an Coimisiún imscrúduithe, féadfaidh na húdaráis chustaim a bheith de chúnamh aige do na himscrúduithe sin agus déanfar iad a chríochnú laistigh de naoi mí. Má thugann na fíorais, mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, údar leis na bearta a fhadú, déanfaidh an Coimisiún sin ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Gabhfaidh éifeacht leis an bhfadú ón dáta a forchuireadh an clárú de bhun Airteagal 14(5) nó ón dáta ar iarradh ráthaíochtaí. Beidh feidhm ag forálacha nós imeachta ábhartha an Rialacháin seo maidir le tionscnaimh agus seoladh imscrúduithe de bhun an Airteagail seo.";

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 4:

"Deonófar na díolúintí sin le Cinneadh ón gCoimisiún agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse agus faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos ann."

11. Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Is féidir, chun leas an Aontais, bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a fhionraí ar feadh naoi mí le Cinneadh ón gCoimisiún. Féadfar an fhionraí a fhadú ar feadh tréimhse eile, nach faide ná aon bhliain amháin, má ghníomhaíonn an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Ní fhéadfar bearta a fhionraí ach amháin i gcás ina bhfuil dálaí an mhargaidh athruithe go sealadach a mhéid nach dócha go mbeidh díobháil ann arís mar gheall ar an bhfionraí agus ar choinníoll go dtugtar deis do thionscal an Aontais tuairim a nochtadh agus go gcuirtear na tuairimí sin san áireamh. Féadfar bearta a thabhairt ar ais, ag tráth ar bith, mura bhfuil an chúis leis an bhfionraí infheidhme a thuilleadh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 5:

"5. Féadfaidh an Coimisiún na húdaráis chustaim a threorú chun na céimeanna iomchuí a ghlacadh maidir le hallmhairí a chlárú, le go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gcoinne na n-allmhairí sin ó dháta an chláraithe sin."

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Coiste

1. Beidh an Coiste Frithdhumpála de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. [..../2011].

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011].

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/2011] i gcomhar le hAirteagal [5] den Rialachán sin.

4. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], i gcás ina dtéitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gcathaoirleach, ina gcinneann an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrann tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. [..../2011], é sin."

13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(5):

"Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo."

14. Leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"Tabharfar an nochtadh deireanach i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta atá leagtha amach in Airteagal 9 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar aon fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"Aon uiríll a dhéantar tar éis an nochtadh deireanach a thabhairt, ní thabharfar aird orthu ach amháin má fhaightear iad laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ach ar tréimhse í nach lú ná deich lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Is féidir tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina bhfuil nochtadh deireanach déanta cheana."

15. Leasaítear Airteagal 21 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear na tuairimí sin san áireamh mura bhfaightear iad laistigh de chúig lá dhéag ó chur i bhfeidhm na mbeart sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí díobh, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis atá curtha isteach mar is ceart agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gCoiste."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 6:

"Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid agus is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin."

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh.

2. NA LÍNTE BUISÉID

Neamhbhainteach.

3. IMPLEACHT AIRGEADAIS

( Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra.

4. BEARTA FRIT H-CHALAOISE

Neamhbhainteach.[pic][pic][pic][pic][pic][pic]

[1] COIM(2010) 83 leagan deireanach 9.3.2010, 2010/0051 (COD).

[2] Féach Airteagal 10 den togra ón gCoimisiún.

[3] IO L 184, 17.7.1999, Lch. 23.

[4] Féach an mhír dheireanach sa Mheabhrán Míniúcháin.

[5] Tagraíonn an t-uimhriú tríd an togra seo don Rialachán atá sa rún reachtach ón bParlaimint an 16 Nollaig 2010.

[6] IO L 192, 26.8.1971, Lch. 14.

[7] IO L 300, 31.12.1972, Lch. 284.

[8] IO L 301, 31.12.1972, Lch. 162.

[9] IO L 171, 27.6.1973, Lch. 103.

[10] IO L 349, 31.12.1994, Lch. 71.

[11] IO L 309, 29.11.1996, Lch. 1.

[12] IO L 304, 21.11.2001, Lch. 1.

[13] IO L 25, 29.1.2002, Lch. 16.

[14] IO L 65, 8.3.2003, Lch. 1.

[15] IO L 300, 31.10.2006, Lch. 1.

[16] IO L 348, 31.12.2007, Lch. 1.

[17] IO L 20, 24.1.2008, Lch. 1.

[18] IO L 43, 19.2.2008, Lch. 1.

[19] IO L 169, 30.6.2008, Lch. 1.

[20] IO L 211, 6.8.2008, Lch. 1.

[21] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[22] IO L 188, 18.7.2009, Lch. 93.

[23] IO L 185, 17.7.2009, Lch. 1.

[24] IO L 291, 7.11.2009, Lch. 1.

[25] IO L 328, 15.12.2009, Lch. 1.

[26] IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51.

[27] Míreanna 50-51, Cás C-257/01 An Coimisiún v An Chomhairle [ECR] 2005 Lch. I-00345. Féach freisin Cás C-133/06 Parlaimint na hEorpa v An Chomhairle [ECR] 2008 Lch. I-03189.

[28] Féach mír 11 sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (COIM (2010) 54 2010/36/COD) agus mír 6 sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim fabhar taraife ghinearálaithe don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 (COIM (2010) 142 2010/0140/COD).

[29] IO L 184, 17.7.1999, Lch. 23.

[30] IO L...

[31] IO L 300, 31.12.1972, Lch. 284.

[32] IO L 301, 31.12.1972, Lch. 162.

[33] IO L 171, 27.6.1973, Lch. 103.

[34] IO L 349, 31.12.1994, Lch. 71.

[35] IO L 56, 6.3.1996, Lch. 21.

[36] IO L 309, 29.11.1996, Lch. 1.

[37] IO L 201, 26.7.2001, Lch. 10.

[38] IO L 304, 21.11.2001, Lch. 1.

[39] IO L 25, 29.1.2002, Lch. 16.

[40] IO L 65, 8.3.2003, Lch. 1.

[41] IO L 69, 13.3.2003, Lch. 8.

[42] IO L 110, 30.4.2005, Lch. 1.

[43] IO L 300, 31.10.2006, Lch. 1.

[44] IO L 348, 31.12.2007, Lch. 1.

[45] IO L 20, 24.1.2008, Lch. 1.

[46] IO L 43, 19.2.2008, Lch. 1.

[47] IO L 169, 30.6.2008, Lch. 1.

[48] IO L 211, 6.8.2008, Lch. 1.

[49] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[50] IO L 188, 18.7.2009, Lch. 93.

[51] IO L 185, 17.7.2009, Lch. 1.

[52] IO L 291, 7.11.2009, Lch. 1.

[53] IO L 328, 15.12.2009, Lch. 1.

[54] IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51.

[55] IO L...

[56] IO L 300, 31.12.1972, Lch. 284.

[57] IO L...

[58] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[59] IO L 301, 31.12.1972, Lch. 162.

[60] IO L...

[61] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[62] IO L 171, 26.6.1973, Lch. 103.

[63] IO L...

[64] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[65] IO L 349, 31.12.1994, Lch. 71.

[66] IO L...

[67] IO L 56, 6.3.1996, Lch. 21.

[68] IO L...

[69] IO L 309, 29.11.1996, Lch. 1.

[70] IO L...

[71] IO L 201, 26.7.2001, Lch. 10.

[72] IO L...

[73] IO L 304, 21.11.2001, Lch. 1.

[74] IO L...

[75] IO L 188, 18.7.2009, Lch. 93.

[76] IO L 25, 29.1.2002, Lch. 16.

[77] IO L...

[78] IO L 188, 18.7.2009, Lch. 93.

[79] IO L 65, 8.3.2003, Lch. 1.

[80] IO L...

[81] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[82] IO L 69, 13.3.2003, Lch. 8.

[83] IO L...

[84] IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51.

[85] IO L 110, 30.4.2005, Lch. 1.

[86] IO L 300, 31.10.2006, Lch. 1.

[87] IO L...

[88] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[89] IO L 348, 31.12.2007, Lch. 1.

[90] IO L…

[91] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[92] IO L 299, 16.11.2007, Lch. 1.

[93] IO L 43, 19.2.2008, Lch. 1.

[94] IO L...

[95] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[96] IO L 20, 24.1.2008, Lch. 1.

[97] IO L...

[98] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[99] IO L 169, 30.6.2008, Lch. 1.

[100] IO L...

[101] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[102] IO L 211, 6.8.2008, Lch. 1.

[103] IO L...

[104] IO L 188, 18.7.2009, Lch. 93.

[105] IO L...

[106] IO L 84, 31.3.2009, Lch. 1.

[107] IO L...

[108] IO L 185, 17.7.2009, Lch. 1.

[109] IO L...

[110] IO L 84, 31.3.2009, lch.1.

[111] IO L 291, 7.11.2009, Lch. 1.

[112] IO L...

[113] IO L 328, 15.12.2009, Lch. 1.

[114] IO L...

[115] IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51.

[116] IO L...

Top