EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0525

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú

/* COIM/2010/0525 leagan deireanach */

52010PC0525




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 29.9.2010

COIM(2010) 525 leagan deireanach

2010/0279 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Rinne míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha móra, lena n-áirítear dibhéirseachtaí fairsinge agus seasmhacha i dtreochtaí iomaíochais, an-dochar don Aontas Eorpach, agus go háirithe don euro, nuair a tháinig an ghéarchéim. Sna blianta roimh an ngéarchéim, spreagadh mí-leithdháileadh acmhainní de dheasca costas íseal maoinithe. Rinneadh an mí-leithdháileadh sin i dtreo úsáidí neamhtháirgiúla go minic, rud a chothaigh leibhéil tomhaltais nach raibh inbhuanaithe, bolgáin in earnáil na tithíochta agus carnadh fiachais eachtraigh agus inmheánaigh i mBallstáit áirithe. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach nós imeachta nua atá struchtúrtha a fhorbairt chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha áibhirseacha a chosc agus a cheartú i ngach Ballstát.

Ina Theachtaireacht agus a thuarascáil dar teideal 'AEA@10: rath agus dúshláin tar éis 10 mbliana den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta'[1], mhol an Coimisiún clár fairsing beartais agus é mar aidhm aige feidhmiú an AEA a fheabhsú. Chuir sé béim, go háirithe, ar an ngá faireachas eacnamaíoch a leathnú d'fhonn míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath go luath agus dul i ngleic leo. Measadh go raibh géarghá le faireachas feabhsaithe i réimsí an iomaíochais eachtraigh agus chomharduithe na gcuntas reatha, mar a raibh dibhéirseachtaí suntasacha tagtha chun cinn idir na Ballstáit ó lainseáladh an euro. D'fhonn dul i ngleic leis na dúshláin sin, chomhaontaigh an Grúpa Euro in Iúil 2008 tús a chur le hathbhreithniú tráthrialta ar fhorbairtí ar iomaíochas laistigh den limistéar euro, rud a raibh rath air.

In Eoraip 2020, leagtar amach straitéis uaillmhianach agus cuimsitheach maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach do gheilleagar an AE. Agus géarchéim ag titim amach, leagann sé béim nua ar dhul i gceann laigí na hEorpa maidir le faireachas a dhéanamh ar dhúshláin mhacrairgeadais agus struchtúracha. Agus an t-idirnascadh domhain eacnamaíoch agus airgeadais laistigh den limistéar euro agus a thionchar ar an airgeadra aonair á chur san áireamh, éilíonn Eoraip 2020 go bhforbrófar creat beartais sonrach don limistéar euro chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha móra[2]. Ó thaobh sin de, is gá meicníocht a bheidh leabaithe sa reachtaíocht agus lena ndéanfar monatóireacht ar fhoinsí míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus lena n-áiritheofar go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí nuair atá sin riachtanach. Tá sé róthábhachtach nascadh a bheith ann idir gníomhaíocht choisctheach agus gníomhaíocht cheartaitheach ionas nach mbeidh coigeartuithe géara eacnamaíocha le fulaingt tar éis do na míchothromaíochtaí dul as smacht.

2. TORTHAÍ ÓN g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Agus géarchéime nach bhfacthas a leithéid riamh ag titim amach, rinne an Coimisiún ní amháin an ghníomhaíocht phráinneach ba ghá chun déileáil leis na riachtanais ba ghéibheannaí, ach ghníomhaigh sé gan mhoill agus leag amach clár leasuithe a bhí uaillmhianach ach réalaíoch. Is trí bhíthin dhá theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a rinneadh sin, an 12 Bealtaine agus an 30 Meitheamh 2010 faoi seach. Roghnaigh an Coimisiún doiciméid dlíthiúla poiblí mar mhodh cumarsáide d'fhonn a léiriú a thiomanta a bhí sé comhphlé a dhéanamh leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na geallsealbhóirí ar fad eile, ach ag an am céanna tograí praiticiúla a mholadh.

Ina Theachtaireacht an 12 Bealtaine 2010, leag an Coimisiún amach cur chuige ilcholúin maidir le comhordú beartais eacnamaíoch a neartú. Leagadh béim sa teachtaireacht ar na cúiseanna le húsáid iomlán a bhaint as na hionstraimí faireachais atá ar fáil faoin Chonradh. Más gá, ba cheart ionstraimí atá ann cheana a leasú agus a fhorlíonadh. Iarradh sa Teachtaireacht go neartófaí an comhlíonadh i leith an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus go ndéanfaí faireachas eacnamaíoch a shíneadh. Chun é sin a bhaint amach, bheadh Ballstáit in ann leas a bhaint as comhordú luath ar an leibhéal Eorpach dá mbunófaí 'seimeastar Eorpach' chun beartas eacnamaíoch a chomhordú. Ar deireadh thiar, leag an Teachtaireacht amach na prionsabail is cóir a bheith mar bhun agus thaca ag creat urrúnta maidir le bainistíocht géarchéime le haghaidh Bhallstáit an limistéir euro. Tríd is tríd, bhain formhór na dtograí leis an AE ina iomláine, ach déileálfar le saincheisteanna an limistéir euro trí bhíthin rialacha níos éilithí.

Idir an dá linn, ghéaraigh ar an teannas ar mhargaí airgeadais agus an 9 Bealtaine 2010, ar bhonn togra ón gCoimisiún, chinn Comhairle Ecofin úrghnách meicníocht cobhsaíochta Eorpach a bhunú agus thángthas ar chomhaontú maidir le tiomantas láidir i dtaobh comhdhlúthaithe fhioscaigh níos tapúla i gcás ina bhfuil call leis.

An 30 Meitheamh 2010, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht uasdátaithe ina sonraíodh go mion na prionsabail a bhaineann le faireachas eacnamaíoch atá leagtha amach i dTeachtaireacht an 12 Bealtaine. Bhí an teachtaireacht sin dírithe ar shaincheisteanna cur chun feidhme agus forfheidhmithe. Leagadh béim ann ar an ngá atá san AE faireachas maicreacnamaíoch a neartú ar leibhéal na dtíortha, agus gach réimse ábhartha beartais eacnamaíoch á chuimsiú. Ba cheart míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a scrúdú i dteannta beartais fhioscaigh agus leasuithe a chuirfidh feabhas ar fhás faoi chuimsiú straitéis Eoraip 2020. Bhí faireachas feabhsaithe le bheith bunaithe ar an gcoincheap an 'seimeastar Eorpach' agus bhí réimse pionós ag gabháil leis chun neamh-mheasarthachtaí a chosc agus a cheartú dá mba rud é go bhféadfaidís cobhsaíocht airgeadais an AE agus an limistéir euro a chur i gcontúirt. Ar an taobh fioscach de, ba cheart na codanna den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a bhaineann le cosc agus le ceartú a neartú. Bhí imlíne ghinearálta sa Teachtaireacht freisin maidir le dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha idir na Ballstáit.

Trí bhíthin na dTeachtaireachtaí thuasluaite, chuir an Coimisiún le hobair an tascfhórsa maidir le rialachas eacnamaíoch a bhunaigh Comhairle Eorpach an Márta agus a raibh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ina chathaoirleach air. D'admhaigh an tascfhórsa gur fhadhb mhór iad na míchothromaíochtaí, go háirithe do bhaill an limistéir euro. Aithníodh gur gá monatóireacht ní ba chríochnúla a dhéanamh ar fhorbairtí maicreacnamaíocha trí líon beag eochairtháscairí a úsáid, go háirithe trí bhíthin meicníochta rabhaidh. Go ginearálta, thángthas ar chomhaontú gur cheart d'fhaireachas maicreacnamaíoch feidhmiú in éineacht leis an bhfaireachas buiséid faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Lean an Chomhairle Eorpach obair an tascfhórsa go dlúth. Bhí na chéad treoirlínte i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh, ina raibh comhaontú maidir le scórchlár a fhorbairt chun treochtaí neamh-inbhuanaithe nó contúirteacha a bhrath go luath. I gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 16 Meán Fómhair 2010 dúradh gur cúis sásaimh creat nua macrafhaireachais a bheith forbartha chun monatóireacht a dhéanamh ar dhibhéirseachtaí neamh-inbhuanaithe san iomaíochas agus iad a cheartú.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é atá sa mheicníocht chun míchothromaíochtaí a chosc agus a cheartú dhá dhréacht-thograí le haghaidh rialacháin. Tuairisc ar an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha atá sa chéad dréacht-thogra ach is plé ar na bearta forfheidhmithe ghaolmhara atá sa dara ceann. Tá tuairisc ar an dá cheann acu sa mheabhrán míniúcháin seo.

Is é is aidhm don chéad togra creat a leagan síos chun míchothromaíochtaí maicreacnamíocha, lena n-áirítear treochtaí chun meathlaithe san iomaíochas, a shainaithint agus dul i ngleic leo. Ón taobh sin de, is comhlánú é ar an bpróiseas faireachais mhacrastruchtúraigh de réir tíre dá bhforáiltear in Eoraip 2020.

Gné úrnua den phróiseas faireachais eacnamaíoch is ea an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha. Is é atá ann measúnú tráthrialta ar rioscaí agus míchothromaíochtaí, lena n-áirítear meicníocht rabhaidh, mar aon le rialacha atá ceaptha ar bhealach a fhágann gur féidir gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha áibhirseacha a théann thar bheartas fioscach. Tá feidhm ag an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha maidir le gach Ballstát.

Is é an chéad chéim den fhaireachas meicníocht rabhaidh arb é is aidhm léi na Ballstáit a shainaithint ina bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamíocha a d'fhéadfadh a bheith fadhbach. Is é atá sa mheicníocht rabhaidh scórchlár (Airteagal 3) a bhfuil breithiúnas anailíseach mar thacú leis. Ceapadh an scórchlár le bheith trédhearcach, simplí go maith agus fréamhaithe san eacnamaíocht. Chuige sin, tá tacar táscairí ann lena áirithiú go sainaithneofar go luath míchothromaíochtaí atá ag teacht chun cinn in earnálacha éagsúla den gheilleagar. Ba cheart na táscairí sin a bheith fairsing a ndóthain chun go bhféadfar déileáil le gach cineál míchothromaíochta móire a d'fhéadfadh a bheith ann agus chun go mbeidh siad íogair a ndóthain míchothromaíochtaí a bhrath go luath. Beidh roinnt táscairí ar an scórchlár do gach Ballstát.

Socrófar agus fógrófar tairseacha rabhaidh i gcás gach táscaire chun trédhearcacht agus freagracht a mhéadú. I gcás roinnt táscairí is tairseacha siméadracha a bheidh ann; braithfidh siad idir leibhéil arda agus ísle den athróg. Ní mór a chuimhneamh, áfach, nach spriocanna beartais ná ionstraimí beartais na táscairí sin. Mar shampla, i dtír atá i mbéal coinbhéirseachta agus ina bhfuil géarghá le hinfheistíochtaí d'fhéadfaí a mheas go bhfuil easnamh 3 % sa chuntas reatha inghlactha, ach ní amhlaidh a bheadh i dtír ina bhfuil an daonra ag dul anonn in aois go sciobtha. Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint gurb é atá sna tairseacha luachanna táscacha a úsáidtear chun an measúnú a éascú; níor mór é sin a chur san áireamh agus iad á scrúdú. Ba cheart breithiúnas eacnamaíoch agus saineolas ón tír i dtrácht a úsáid agus iad á scrúdú.

Déanfaidh an Coimisiún táscairí an scórchláir, na luachanna a ghabhann le gach ceann acu agus na bunmhodheolaíochtaí a bhaineann leo a eisiúint i ndoiciméad ar leith ionas go mbeidh gach gné d'fheidhmiú na meicníochta rabhaidh trédhearcach. Le himeacht aimsire, d'fhéadfadh athrú a theacht ar an scórchlár dá dtiocfadh athrú na nithe atá ag bagairt ar chobhsaíocht maicreacnamaíoch nó dá mbeadh fáil níos fearr ar staitisticí ábhartha. Is dócha go mbeadh idir tháscairí inmheánacha agus seachtracha ar an scórchlár. B'fhusa míchothromaíochtaí seachtracha a bhrath ach an suíomh seachtrach (e.g. cuntais reatha agus fiachas eachtrach) agus iomaíochas ó thaobh praghsanna agus costas (e.g. na fíor-rátaí malartaithe éifeachtacha) a thomhas. Tá údar maith le táscairí inmheánacha (e.g. fiachas na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí) a úsáid toisc go mbíonn míchothromaíocht inmheánach ag freagairt do gach míchothromaíocht seachtrach. Tá údar maith leis an monatóireacht ar na táscairí inmheánacha ar an bhforas go bhféadann míchothromaíochtaí inmheánacha drochthionchar airgeadais a imirt ar Bhallstáit eile. Clúdaíonn na táscairí sin cuid mhaith de na riachtanais anailíseacha ó thaobh réamhmheasúnú a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann.

Déanfaidh an Coimisiún torthaí an scórchláir a eisiúint go tráthrialta agus cuirfidh sé tuarascáil ón gCoimisiún i gceangal leis ina léireofar ina gceart aon chomharthaí ó na táscairí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile (Airteagal 4). I bhfianaise na faisnéise go léir atá ar fáil, tiomsóidh an Coimisiún liosta Ballstát a mheastar a bheith i mbaol míchothromaíochtaí.. Má phléann an Chomhairle agus baill an Ghrúpa Euro é seo go luath féadfaidh an Coimisiún aiseolas ábhartha a fháil ó na Ballstáit agus áiritheofar go mbeidh plé a dhéanfaidh an Coimisiún trédhearcach. Tar éis an phlé sin, soláthróidh an Coimisiún, i gcás Ballstát a dtugann an mheicníocht rabhaidh le fios ina leith go bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ann nó go bhfuil baol míchothromaíochtaí ann, soláthróidh sé athbhreithnithe doimhne atá sainiúil do gach tír (Airteagal 5). Is é a bheidh san athbhreithniú domhain imscrúdú mion ar na bunfhadhbanna sa Bhallstát i gceist. Nuair is gá, féadfar an t-athbhreithniú a dhéanamh i dteannta misean faireachais sna tíortha i gceist. Déanfar aon luathrabhadh nó moladh ón mBord Eorpach um Rioscaí Sistéamacha a chur san áireamh mar aon leis na beartais atá beartaithe ag an mBallstát faoi athbhreithniú ina chlár cobhsaíochta nó cóineasaithe agus ina chlár náisiúnta um athchóiriú. D'fhéadfadh trí thoradh a bheith ar anailís dhomhain an Choimisiúin, mar a fhoráiltear in Airteagal 6 agus Airteagal 7:

- Má mheastar nach bhfuil na míchothromaíochtaí tromchúiseach, molfaidh an Coimisiún gan aon bheart eile a dhéanamh.

- Má mheasann an Coimisiún go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann (nó go bhfuil baol míchothromaíochtaí ann) tar éis an athbhreithnithe dhoimhin, molfaidh sé don Chomhairle na moltaí coisctheacha ábhartha don Bhallstát lena mbaineann a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) den Chonradh. I gcomhréir leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Beartas Eacnamaíoch agus de réir chineál na míchothromaíochta, d'fhéadfadh na moltaí coisctheacha a bheith dírithe ar shaincheisteanna i raon leathan réimsí beartais.

- Má thugtar le fios san athbhreithniú domhain go bhfuil míchothromaíochtaí géara ann a d'fhéadfadh dea-fheidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta i mBallstát ar leith a chur i gcontúirt, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(4) den Chonradh á dhearbhú go bhfuil míchothromaíocht iomarcach ann agus á mholadh don Bhallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh faoi cheann spriocdháta arna shonrú agus na beartais atá beartaithe aige a leagan síos i bplean gníomhaíochta ceartaithí. Na Ballstáit sin ina mbeadh míchothromaíochtaí iomarcacha, de réir bhrí an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha, chuirfí níos mó agus níos mó piarbhrú orthu de réir a chéile. Ba cheart na moltaí a dhéantar i gcomhthéacs an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a chur ar fáil don phobal agus ba cheart dóibh a bheith níos mionsonraithe agus níos saintreoraí ná na moltaí coisctheacha dá bhforáiltear in Airteagal 6. De réir chineál na míchothromaíochta, d'fhéadfadh na saintreoracha beartais a bheith dírithe ar ghnéithe de bheartais fhioscacha, phá, mhacrastruchtúracha, mhacrastuamachta atá faoi stiúr na n-údarás poiblí.

Tar éis nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a thionscnamh, beidh iachall ar an mBallstát lena mbaineann plean ceartaitheach a ghlacadh laistigh de thréimhse áirithe, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 8, d'fhonn treochlár a leagan amach maidir le bearta beartais a chur chun feidhme. Dearbhú a bheadh sa phlean gníomhaíochta ceartaithí go bhfuil sé de rún daingean ag an mBallstát lena mbaineann a mhíchothromaíochtaí a réiteach. Faoi cheann dhá mhí tar éis plean gníomhaíochta ceartaithí a bheith curtha isteach, déanfaidh an Chomhairle, i bhfianaise tuarascála ón gCoimisiún, measúnú ar an bplean. Má mheastar go bhfuil an plean sásúil, ar bhonn molta ón gCoimisiún, glacfaidh an Chomhairle tuairim lena ndéanfar é a fhormheas. Má mheastar nach leor na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe sa phlean nó amchlár na ngníomhaíochtaí sin chun na moltaí a chur chun feidhme, iarrfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, ar an mBallstát an plean a leasú faoi spriocdháta nua. De bharr na solúbthachta a bhaineann leis an nós imeachta ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann an spriocdháta iomchuí a leagan síos agus moltaí á gcur amach aici i ndáil le nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha, agus scála agus práinne na míchothromaíochtaí á gcur san áireamh mar aon leis an gcumas atá ann dul i ngleic leis an staid trí bhíthin beartas. Murab ionann is an beartas fioscach, níl gach luamhán beartais faoi smacht díreach na rialtas náisiúnta agus míchothromaíochtaí le réiteach. Thairis sin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar ag beartas ceartaitheach ar míchothromaíochtaí ach tar éis tamaill, ag brath ar a nádúr. Mar shampla, i rith na ndeich mbliana roimhe na géarchéime in 2008, bhí dibhéirsiú seasta sa limistéar euro maidir le cor iomaíoch agus comharduithe na gcuntas reatha sna Ballstáit. D'fhonn míchothromaíochtaí iomaíochais agus míchothromaíochtaí seachtracha a cheartú teastaíonn athruithe suntasacha maidir le praghsanna coibhneasta agus costais choibhneasta agus teastaíonn athdháileadh éilimh agus soláthair idir an earnáil neamh-intrádála agus an earnáil onnmhairithe. Tá righneas mór i margadh an tsaothair agus na dtáirgí ag baint le geilleagar go leor Ballstát sa limistéar euro. Fágann sé sin, in éagmais na leasuithe iomchuí, gur faide a mhairfidh an coigeartú. I ngach cás, déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar a mBallstáit lena mbaineann agus an ghníomhaíocht cheartaitheach á cur chun feidhme acu, agus beidh orthu tuarascálacha faoi dhul chun cinn a chur isteach go rialta, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 9. Má thagann athrú ar na dálaí eacnamaíocha, féadfar moltaí an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a leasú ar bhonn molta ón gCoimisiún.

Ar bhonn molta ón gCoimisiún, tiocfaidh an Chomhairle ar chonclúid maidir le cé acu a rinne an Ballstát i gceist an ghníomhaíocht cheartaitheach nó nach ndearna. Tá na coinníollacha maidir le teacht ar an gconclúid sin leagtha amach in Airteagal 10. Má chineann an Chomhairle go ndearna an Ballstát i gceist an ghníomhaíocht iomchuí, coimeádfar an nós imeachta ar stad. Ciallaíonn an nós imeachta a bheith ar stad go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh ag an mBallstát ó thaobh na gníomhaíochta ceartaithí de. De dheasca an aga fhada a d'fhéadfadh a bheith idir an tráth a dhéanfaí gníomhaíocht cheartaitheach agus an tráth a bheadh éifeacht na gníomhaíochta le sonrú sa gheilleagar, d'fhéadfadh sé go mbeadh cuid mhaith ama i gceist chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a réiteach go héifeachtach. Beidh an Ballstát lena mbaineann faoi réir tuairisciú agus faireachais go tráthrialta go dtí go gcuirfear deireadh leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha.

I ndeireadh na dála, cabhróidh gníomhaíocht cheartaitheach chun míchothromaíochtaí a réiteach má dhéantar í ar bhonn seasta agus rathúil. Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 11, cuirfear deireadh leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha nuair a thiocfaidh an Chomhairle ar an gconclúid, ar mholadh ón gCoimisiún, nach bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha sa Bhallstát a thuilleadh.

Mura bhfuil gníomhaíocht iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann, fanann sé faoi réir an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha. Bheadh ar an gComhairle moltaí athbhreithnithe, a mbeadh spriocdháta nua ag gabháil leo, a ghlacadh i dtaobh gníomhaíochta ceartaithí, agus is dealraitheach go mbeadh an spriocdháta nua níos giorra. I gcás Bhallstáit an limistéir euro, d'fhéadfadh na smachtbhannaí, a bhfuil tuairisc orthu sa rialachán maidir le bearta forfheidhmithe chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro, a bheith mar thoradh ar an meicníocht forfheidhmithe. Thairis sin, dá mheasfaí go mbeifí ag comhlíonadh na moltaí ar bhealach neamhleor bunaithe ar an bhfaireachas ar mhíchothromaíochtaí, d'fhéadfaí é sin a mheas mar imthoisc ghéaraitheach sa mheasúnú ar an staid fhioscach faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, rud a chruthódh sineirgíochtaí féin-neartaithe idir réimsí éagsúla beartais ar leibhéal an fhorfheidhmithe.

Sa dara togra le haghaidh Rialacháin téitear i ngleic le bearta a fhorfheidhmiú chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a cheartú. Gabhann sé leis an Rialachán maidir le nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha, ag díriú ar fhorfheidhmiú i leith Bhallstáit an limistéir euro. Sonraítear ann go mbeidh ar Bhallstát fíneáil bhliantúil a íoc go dtí go suífidh an Chomhairle go bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag an mBallstát, sa chás go dteipeann air arís gníomh a dhéanamh de réir mholtaí na Comhairle d'fhonn dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha. Is éard atá i gceist le teip arís ná teip dul i ngleic le moltaí na Comhairle faoin spriocdháta nua arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (...). Sa bhreis air sin, beidh ar an mBallstát fíneáil bhliantúil a íoc má theipeann air arís plean gníomhaíochta ceartaithí a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún atá leordhóthanach chun dul i ngleic le moltaí na Comhairle. Sa chás sin, is éard atá i gceist le teip arís ná teip plean gníomhaíochta ceartaithí leordhóthanach a thabhairt faoin spriocdháta nua arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (...). An spreagadh is gá a bheidh san fhíneáil bhliantúil le go rachaidh Ballstáit an limistéir euro i ngleic leis na moltaí nó le go dtarraingeoidh siad suas plean gníomhaíochta ceartaithí leordhóthanach fiú tar éis dóibh an chéad fhíneáil a íoc.

Lena n-áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach Ballstát, ba cheart an fhíneáil a bheith comhionann do gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige agus ba cheart í a bheith ionann le 0.1% d'olltáirgeacht intíre (OTI) an Bhallstáit an bhliain roimhe. De ghnáth, molfaidh an Coimisiún an méid is mó is féidir a bheith san fhíneáil dá bhforáiltear sa togra seo agus measfar go bhfuil an moladh sin glactha, ach amháin má chineann an Chomhairle ar a mhalairt trí thromlach cháilithe faoi cheann deich lá tar éis don Choimisiún an togra a ghlacadh. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon ghuth, an togra a leasú i gcomhréir le hAirteagal 293(1) den Chonradh.

Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar bhonn togra ón gCoimisiún, an fhíneáil a chur ar ceal nó a laghdú. D'fhéadfadh an Coimisiún moladh a dhéanamh chuige sin tar éis dó measúnú a dhéanamh ar iarratas réasúnaithe ón mBallstát; d'aisiompódh sé sin an dualgais cruthúnais ó thaobh an smachtbhanna a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, d'fhéadfadh an Coimisiún moladh a dhéanamh chun na críche céanna ar bhonn cúinsí eisceachtúla eacnamaíocha, arna sainiú sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (Rialachán (CE) Uimh. 1467/97).

Is iad na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht do na tíortha a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus iad sin amháin, a dhéanfaidh na cinntí ón gComhairle maidir le fíneálacha dá leithéidí. Ní chuirfear san áireamh vóta de chuid comhalta den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht don Bhallstát lena mbaineann.

Is ionann na fíneálacha sa togra seo le haghaidh rialacháin agus ioncam eile, dá dtagraítear in Airteagal 311 den Chonradh. I gcomhréir leis an gcleachtas atá bunaithe sa chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (Rialachán (CE) Uimh. 1467/97), déanfar an t-ioncam sin a dháileadh ar Bhallstáit a bhfuil an euro acu mar airgeadra agus nach bhfuil nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar bun ina leith de réir bhrí Rialachán (...) agus nach bhfuil nós imeachta um easnamh iomarcach ar bun ina leith de réir bhrí Rialachán (CE) 1467/1997, i gcomhréir lena gcion d'ollioncam náisiúnta iomlán na mBallstát incháilithe.

2010/0279 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta forfheidhmithe chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136, i gcomhcheangal le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ba cheart comhlíonadh treoirphrionsabal mar atá praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí a bheith mar chuid de chomhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas, faoi mar a fhoráiltear sa Chonradh.

(2) Is iomchuí leas a bhaint as an taithí a fuarthas le linn na gcéad deich mbliana d'fheidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

(3) Go háirithe, ba cheart an faireachas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstáit a leathnú thar fhaireachas buiséideach chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc agus chun cabhrú leis na mBallstáit a mbaineann siad dóibh pleananna ceartaitheacha a cheapadh sula n-éiríonn na dibhéirseachtaí buanseasmhach. Ba cheart an leathnú sin a dhéanamh i gcomhréim le doimhniú faireachais fhioscaigh.

(4) D'fhonn cabhrú dul i ngleic le míchothromaíochtaí den sórt sin, is gá nós imeachta atá leagtha síos sa reachtaíocht.

(5) Is iomchuí an faireachas iltaobhach dá dtagraítear in Airteagal 121(3) agus (4) den Chonradh a fhorlíonadh le rialacha sonracha maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, a chosc agus a cheartú. Ba cheart an nós imeachta a bheith leabaithe i dtimthriall bliantúil an fhaireachais iltaobhaigh.

(6) Ba cheart forfheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. [.../...][4] a threisiú trí bhíthin fíneálacha a chur ar bun le haghaidh Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu i gcás ina n-atarlóidh neamhchomhlíonadh i leith na moltaí chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha.

(7) Is dealraitheach go nginfidh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha luaineachtaí míchuí in ioncam agus i gcaiteachas poiblí i gcaitheamh an timthrialla eacnamaíoch, rud a chuirfidh isteach ar fhigiúirí ceannlíne agus a shaobhfaidh an léargas a theastaíonn le haghaidh pleanála fioscaí agus cinnteoireachta. D'fhéadfadh roghanna míchuí beartais atá bunaithe ar threochtaí saofa inbhuaine an airgeadais phoiblí a lagú, nó amhras a tharraingt uirthi fiú. Mura gcoiscfí iad, d'fhéadfadh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha de chineál fioscach agus de chineálacha eile a chéile a neartú agus thiocfadh díobh dea-fheidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt. Ar na cúiseanna sin, ba cheart go gcuirfeadh córas ceartaithe míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha le smacht buiséadach na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(8) Ba cheart fíneáil bhliantúil a ghearradh, de ghnáth, sa chás go bhfuil teip ann arís cloí le moltaí na Comhairle dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha. Dhéanfaí amhlaidh go dtí go suífeadh an Chomhairle go bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag an mBallstát d'fhonn cloí lena moltaí.

(9) Thairis sin, ba cheart fíneáil bhliantúil a ghearradh freisin ar Bhallstát a dteipeann air arís plean gníomhaíochta ceartaitheach a tharraingt suas chun dul i ngleic le moltaí na Comhairle, go dtí go suífidh an Chomhairle gur sholáthair an Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí a théann i ngleic lena moltaí ar bhealach leormhaith.

(10) Lena n-áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach Ballstát, ba cheart an fhíneáil a bheith comhionann do gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige agus ba cheart í a bheith ionann le 0.1 % d'olltáirgeacht intíre (OTI) an Bhallstáit lena mbaineann an bhliain roimhe sin.

(11) Maidir leis an nós imeachta lena ngearrtar na fíneálacha ar na Ballstáit a dteipeann orthu bearta éifeachtacha a dhéanamh chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a cheartú, ba cheart é a fhorléiriú sa chaoi go gcuirfear an fhíneáil i bhfeidhm ar na Ballstáit sin mar ghnáthnós seachas mar eisceacht.

(12) Ba cheart na fíneálacha arna mbailiú a dháileadh ar na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus nach bhfuil nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar bun ina leith ná nach bhfuil easnamh iomarcach ina mbuiséad.

(13) Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinntí aonair a ghlacadh d'fhonn na fíneálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar chuid de chomhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát arna dhéanamh laistigh den Chomhairle mar atá sonraithe in Airteagal 121(1) den Chonradh, leanann na cinntí aonair sin go dlúth ó na bearta a ghlac an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 121 den Chonradh agus Rialachán (AE) Uimh. [.../...].

(14) Ós rud é go bhfuil rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. [.../...] sa Rialachán seo, ba cheart é a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 121(6) den Chonradh.

(15) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit creat éifeachtach a ghnóthú chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath agus a chosc de dheasca an idirnasctha dhoimhin trádála agus airgeadais idir na Ballstáit agus iarmhairtí beartas eacnamaíoch náisiúnta don Aontas agus don limistéar euro ina iomláine agus ós rud é gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Leis an Rialachán seo leagtar córas fíneálacha amach d'fhonn míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa limistéar euro a cheartú go héifeachtach.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. [.../...].

Ina theannta sin, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:

- ciallaíonn 'imthosca eacnamaíocha eisceachtúla' imthosca ina meastar go bhfuil farasbarr easnaimh rialtais atá os cionn an luacha thagartha eisceachtúil de réir bhrí an dara fleasc d'Airteagal 126(2)(a) den Chonradh agus faoi mar atá sonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle[5].

Airteagal 3 Fíneálacha

1. Ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, gearrfaidh an Chomhairle fíneáil bhliantúil, más amhlaidh:

1. gur socraíodh dhá spriocdháta i ndiaidh a chéile i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. [.../...], agus go dtagann an Chomhairle ar an gconclúid ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán sin nach ndearna an Ballstát lena mbaineann an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh, nó más amhlaidh

2. gur socraíodh dhá spriocdháta i ndiaidh a chéile i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. [.../...], agus go dtagann an Chomhairle ar an gconclúid ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán sin go bhfuil plean gníomhaíochta ceartaithí atá neamhleor curtha isteach arís ag an mBallstát lena mbaineann.

Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, an togra a dhiúltú laistigh de dheich lá ón tráth a ghlac an Coimisiún é. Féadfaidh an Chomhairle an togra a leasú i gcomhréir le hAirteagal 293(1) den Chonradh.

2. Is ionann an fhíneáil bhliantúil a ghearrfaidh an Coimisiún agus 0.1 % d'OTI an Bhallstáit lena mbaineann an bhliain roimhe sin.

3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó de bhun iarratais réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún laistigh de dheich lá ón tráth a glacadh conclúidí na Comhairle dá dtagraítear i mír 1, a mholadh méid na fíneála a laghdú nó an fhíneáil a chur ar ceal.

4. Má tá fíneáil bhliantúil íoctha ag Ballstát le haghaidh bliana féilire ar leith agus má thagann an Chomhairle ar an gconlúid ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. [.../...] go ndearna an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach i gcaitheamh na bliana áirithe sin, tabharfar an fhíneáil arna híoc le haghaidh na bliana áirithe sin ar ais don Bhallstát pro rata temporis.

Airteagal 4 Na fíneálacha a dháileadh

Beidh fíneálacha a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ina n-ioncam eile, mar a thagraítear dó in Airteagal 311 den Chonradh, agus dáilfear iad, i gcomhréir lena sciar d'ollioncam náisiúnta (OIN) an Bhallstáit incháilithe, ar na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus nach bhfuil nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar bun ina leith de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. […/…] agus nach bhfuil easnamh iomarcach ina mbuiséad de réir mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 126(6) den Chonradh.

Airteagal 5 Vótáil sa Chomhairle

I gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, ní vótálfaidh ach comhaltaí den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht thar ceann Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus gníomhóidh an Chomhairle gan vóta an chomhalta a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh.

Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na Comhairle a luaitear sa mhír roimhe seo a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh.

Airteagal 6 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit de réir na gConarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] European Economy Uimh. 2/2008, an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais .

[2] Is minic a chuir an Coimisiún ar son comhordaithe eacnamaíoch a bheadh ní ba dhoimhne agus ní ba leithne sa limistéar euro san am a chuaigh thart, i Ráiteas Bliantúil 2009 maidir leis an Limistéar Euro agus i dTeachtaireacht 2008 dar teideal 'EMU@10: ráth agus dúshláin tar éis 10 mbliana d'Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta'.

[3] IO C , , lch. .

[4] IO C […], […], […]

[5] IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

Top