Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0521

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA)

    /* COIM/2010/0521 leagan deireanach */

    52010PC0521




    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 30.9.2010

    COIM(2010) 521 leagan deireanach

    2010/0275 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA)

    {SEC(2010) 1126}{SEC(2010) 1127}

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1. Comhthéacs beartais

    Is le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004[1] a bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA) i Márta 2004 do thréimhse thosaigh cúig bliana agus ba é an phríomhsprioc a bhí léi "leibhéal ard agus éifeachtach slándála líonra agus faisnéise laistigh den [Aontas], […] a áirithiú chun cultúr slándála líonra agus faisnéise a fhorbairt chun leasa na saoránach, na dtomhaltóirí, na ngnóthas agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas Eorpach, agus sa tslí sin cuidiú le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008[2] cuirtear síneadh go dtí Márta 2012 le sainordú ENISA.

    I ngeall ar an síneadh ar shainordú ENISA in 2008 cuireadh tús le díospóireacht faoin treo ginearálta ina bhfuil iarrachtaí na hEorpa ag dul maidir le slándáil líonra agus faisnéise, agus rannchuidigh an Coimisiún leis an díospóireacht sin trí chomhairliúchán poiblí a sheoladh faoi na cuspóirí a d'fhéadfadh a bheith le beartas neartaithe slándála líonra agus faisnéise ar leibhéal an Aontais. Mhair an comhairliúchán poiblí sin ó Shamhain 2008 go Eanáir 2009 agus bailíodh beagnach 600 aighneacht[3].

    An 30 Márta 2009, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Bonneagar Faisnéise Criticiúla a chosaint[4] (CIIP) inar dhírigh sé ar an Eoraip a chosaint ó chibearionsaithe agus ó chur isteach ar an gcibearspás trí ullmhacht, slándáil agus solúbthacht a fheabhsú, le Plean Gníomhaíochta ina n-iarrtar ar ENISA ról a ghlacadh, go háirithe mar thacaíocht leis na Ballstáit. Formhuiníodh an Plean Gníomhaíochta den chuid is mó sa chaibidlíocht ag an gComhdháil Aireachta ar Bhonneagar Faisnéise Criticiúla a chosaint a tionóladh i dTaillinn na hEastóine an 27 agus 28 Aibreán 2009[5]. Leagtar béim sna Conclúidí ar Chomhdháil Uachtaránachta an Aontais Eorpaigh ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht oibríochtúil ENISA a ghiaráil; luaitear iontu gur meán luachmhar atá in ENISA chun iarrachtaí comhair uile-Aontais a spreagadh sa réimse seo agus cuireann siad béim ar an ngá le hathsmaoineamh agus athfhoirmliú a dhéanamh ar shainordú na Gníomhaireachta chun díriú níos fearr ar thosaíochtaí agus ar riachtanais an AE; chun cumas freagartha níos solúbtha a bhaint amach; chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt; agus chun éifeachtúlacht oibríochtúil na Gníomhaireachta agus an tionchar iomlán atá aici a neartú ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht ina leas buan do gach Ballstát agus don Aontas Eorpach i gcoitinne.

    Tar éis plé a dhéanamh ag Comhairle Telecom an 11 Meitheamh 2009, tráth ar chuir na Ballstáit in iúl go seasann siad le sainordú ENISA a shíneadh agus a acmhainní a mhéadú i bhfianaise an tábhacht a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise agus na ndúshlán atá ag athrú sa réimse, tugadh an díospóireacht chun deiridh faoi Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas. Sa Rún ón gComhairle an 18 Nollaig 2009 maidir le cur chuige comhoibríoch Eorpach i leith slándála líonra agus faisnéise[6] tugtar aitheantas do ról ENISA agus don chumas agus don ghá atá ann ENISA a fhorbairt mar chomhlacht éifeachtúil. Leagtar béim freisin ar an ngá an Ghníomhaireacht a nuachóiriú agus a threisiú ionas gur féidir léi tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit an bhearna idir teicneolaíocht agus beartas a laghdú, agus feidhmeoidh sí mar lárionad saineolais san Aontas i gcúrsaí a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise.

    1.2. Comhthéacs ginearálta

    Tá na teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) ina gcranntaca ag an ngeilleagar Eorpach agus ag sochaí na hEorpa ar an iomlán. Bíonn teicneolaíochtaí TFC leochaileach a mhéid a bhaineann le bagairtí nach gcloíonn le teorainneacha náisiúnta a thuilleadh agus a d'athraigh in éineacht leis an teicneolaíocht agus leis na forbairtí ar an margadh. Ós rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí sin domhanda agus idircheangailte agus idirspleách ar bhonneagair eile, ní féidir slándáil agus solúbthacht na dteicneolaíochtaí a shlánú le cur chuige náisiúnta agus neamh-chomhordaithe amháin. Mar sin féin, athraíonn na dúshláin a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise go han-tapa. Ní mór líonraí agus córais faisnéise a chosaint go héifeachtach in aghaidh gach cineál briste nó teipe, lena n-áirítear ionsaithe de dhéanamh an duine.

    Tá ról lárnach sa Chlár Digiteach don Eoraip[7], tionscnamh suaitheanta faoi Straitéis 2020 an AE, ag na beartais a bhaineann le Slándáil Líonra agus Faisnéise ar mhaithe leis an gcumas atá in TFCanna a shaothrú agus a chur chun cinn agus an cumas sin a aistriú go fás inbhuanaithe agus nuálaíocht. Ar phríomhthosaíochtaí den Chlár Digiteach tá úsáid TFCanna a spreagadh agus muinín agus iontaoibh a mhéadú sa tsochaí faisnéise.

    Cruthaíodh ENISA i dtús báire chun leibhéal ard agus éifeachtach slándála líonra agus faisnéise san Aontas a áirithiú. Léiríonn an taithí atá faighte leis an nGníomhaireacht agus na dúshláin agus na bagairtí an gá atá lena sainordú a nuachóiriú chun go mbeidh sí níos oiriúnaí do riachtanais an Aontais Eorpaigh, ar riachtanais iad a eascraíonn as:

    - ilroinnt cur chuige náisiúnta i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag athrú;

    - an easpa samhlacha comhoibríocha i gcur chun feidhme na mbeartas slándála líonra agus faisnéise;

    - leibhéal neamhleor ullmhachta atá mar thoradh freisin ar an gcumas teoranta luathrabhaidh agus freagartha ar leibhéal Eorpach;

    - easpa sonraí iontaofa Eorpacha agus faisnéis theoranta maidir le fadhbanna atá ag teacht chun cinn;

    - leibhéal íseal feasachta maidir le rioscaí agus le dúshláin a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise;

    - an dúshlán a bhaineann le gnéithe slándála líonra agus faisnéise a chomhtháthú i mbeartais maidir le cibearchoireacht a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

    1.3. Na cuspóirí beartais

    Is é cuspóir ginearálta an rialacháin atá beartaithe an bealach a éascú don Aontas, do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí méid mór acmhainneachta agus ullmhachta a fhorbairt ar mhaithe le fadhbanna slándála líonra agus faisnéise a chosc, a aimsiú agus freagairt níos fearr a thabhairt orthu. Beidh sé sin ina chabhair chun muinín a chothú, rud ar bunchloch fhorbairt na Sochaí Faisnéise é, chun iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a fheabhsú agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Margadh Inmheánach go héifeachtach.

    1.4. Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

    Comhlánaíonn an togra tionscnaimh beartais rialála agus neamh-rialála maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise arna nglacadh ar leibhéal an Aontais chun slándáil agus solúbthacht TFCanna a fheabhsú:

    - Thug an Plean Gníomhaíochta arna sheoladh leis an Teachtaireacht CIPP aghaidh ar bhunú na nithe seo a leanas:

    - Fóram Eorpach na mBallstát a dhíreodh ar phlé agus malartú a chothú i dtaobh dea-chleachtas beartais agus é d'aidhm aige go roinnfí cuspóirí beartais agus tosaíochtaí maidir le slándáil agus sholúbthacht bonneagair TFC, agus é ag baint leas díreach as an obair agus as an tacaíocht a sholáthródh an Ghníomhaireacht.

    - Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Eorpach le haghaidh Solúbthachta (EP3R), arb é an creat rialála solúbtha uile-Eorpach i gcomhair sholúbthacht bonneagair TFC é, agus a fheidhmíonn trí chomhar a chothú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ar chuspóirí slándála agus solúbthachta, ar bhunriachtanais, agus ar dea-chleachtais agus dea-bhearta beartais.

    - Cuireann Clár Stócólm, arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach an 11 Nollaig 2009, beartais chun cinn a áirithíonn slándáil líonra agus a cheadaíonn freagairt níos tapúla i gcás cibearionsaithe san Aontas.

    - Cabhraíonn na tionscnaimh sin le héifeacht a thabhairt don Chlár Digiteach don Eoraip. Tá ról lárnach ag beartais slándála líonra agus faisnéise sa chuid sin den straitéis a dhíríonn ar mhuinín agus ar shlándáil sa tsochaí faisnéise a threisiú. Tacaíonn siad freisin le bearta tacaíochta an Choimisiúin agus lena bheartas maidir le príobháideachas (go háirithe 'príobháideachas d'aon ghnó') agus sonraí pearsanta (athbhreithniú ar an gcreat) a chosaint, le líonra CPC, le bainistíocht céannachta agus leis an gClár maidir leis an idirlíon a úsáid ar bhonn níos Sábháilte.

    1.5. Forbairtí sa bheartas reatha slándála líonra agus faisnéise a bhaineann leis an togra

    Baineann roinnt de na forbairtí leanúnacha sa bheartas slándála líonra agus faisnéise, go háirithe iad sin a fógraíodh sa Chlár Digiteach don Eoraip, tairbhe as tacaíocht agus saineolas ENISA. Áirítear orthu sin:

    - Comhar beartais slándála líonra agus faisnéise a neartú trí chur le gníomhaíochtaí i bhFóram Eorpach na mBallstát a chabhróidh, le tacaíocht dhíreach ó ENISA chun:

    - bealaí a shainiú chun líonra éifeachtach Eorpach a bhunú trí bhíthin comhair trasteorann idir Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire (CERT);

    - cuspóirí agus tosaíochtaí fadtéarmacha a shainiú i ndáil le cleachtaí uile-Eorpacha ar scála mór i dtaobh teagmhas slándála líonra agus faisnéise;

    - íoscheanglais i soláthar poiblí a ghiaráil chun slándáil agus solúbthacht i gcórais phoiblí agus i líonraí poiblí a threisiú;

    - dreasachtaí eacnamaíochta agus rialála a aithint i dtaobh slándála agus solúbthachta;

    - staid sláinte slándála líonra agus faisnéise san Eoraip a mheas.

    - Comhar agus comhpháirtíocht idir an earnáil phoiblí agus phríobháideach a neartú, trí thacú leis an g Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí le haghaidh Solúbthachta (EP3R). Tá ról ENISA in éascú cruinnithe agus gníomhaíochtaí EP3R ag fás de réir a chéile. Áireofar ar chéad chéimeanna eile EP3R:

    - Plé ar bhearta agus ar ionstraimí nuálaíocha chun slándáil agus solúbthacht a fheabhsú, amhail:

    - ceanglais bunslándála agus solúbthachta, go háirithe i dtaobh soláthair phoiblí do tháirgí nó seirbhísí TFC, chun cothrom na féinne a thabhairt fad is a áirithítear gurb ann do leibhéal cuí ullmhachta agus coisc;

    - saincheisteanna a bhaineann le dliteanas oibreoirí eacnamaíocha a fhiosrú, mar shampla i gcás ina gcuireann siad íoscheanglais slándála i bhfeidhm;

    - dreasachtaí eacnamaíocha i ndáil le cleachtais bainistíochta riosca, próisis slándála agus táirgí a fhorbairt agus a ghlacadh;

    - scéimeanna measúnaithe riosca agus bainistíochta riosca chun mórtheagmhais a mheasúnú agus a bhainistiú ar bhonn coiteann tuisceana;

    - comhar idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí i gcás teagmhas ar scála mór;

    - Cruinniú Mullaigh Gnó a eagrú maidir le bacainní eacnamaíocha agus maidir le spreagthaí le haghaidh slándála agus solúbthachta.

    - Ceanglais slándála an phacáiste rialála maidir le cumarsáid leictreonach a chur i ngníomh, rud a bhfuil saineolas agus cúnamh ENISA ag teastáil chuige:

    - chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, ag cur san áireamh dhearcadh na hearnála príobháidí, de réir mar is iomchuí, i dtaobh creat rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun na forálacha maidir le sárú slándála a fhógairt (atá leagtha síos in Airteagal 13(a) den Treoir Réime athbhreithnithe) a chur chun feidhme.

    - Fóram bliantúil a chur ar bun do chomhlachtaí inniúla náisiúnta slándála líonra agus faisnéise/Údaráis Náisiúnta Rialála agus do gheallsealbhóirí ón earnáil phríobháideach chun na ceachtanna atá foghlamtha a phlé agus chun dea-chleachtais a roinnt maidir le bearta rialála le haghaidh slándála líonra agus faisnéise a chur i bhfeidhm.

    - Cleachtaí ullmhachta cibearshlándála uile-Eorpacha a éascú le tacaíocht ón gCoimisiún agus le rannchuidiú ENISA, d'fhonn na cleachtaí sin a leathnú amach ar leibhéal idirnáisiúnta ina dhiaidh sin.

    - Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire a bhunú d'institiúidí an AE. Príomhghníomhaíocht 6 den Chlár Digiteach don Eoraip is ea go dtíolacfaidh an Coimisiún 'bearta atá dírithe ar Bheartas Slándála Líonra agus Faisnéise ar leibhéal treisithe agus ard, lena n-áirítear [...] bearta a cheadaíonn freagairtí níos tapúla i gcás cibearionsaithe, lena n-áirítear Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d'institiúidí an AE.'[8] Cuirfidh sé sin ceangal ar an gCoimisiún agus ar institiúidí eile an Aontais Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire a bhunú agus a anailísiú, a mbeidh ENISA in ann tacaíocht theicniúil agus saineolas teicniúil a sholáthar di.

    - Na Ballstáit a ghríosú agus tacú leo maidir le Foirne Práinnfhreagartha náisiúnta/rialtais a chur i gcrích nó a bhunú, nuair is gá , d'fhonn líonra rianúil d'Fhoirne Práinnfhreagartha a bhunú a chumhdóidh an Eoraip ar fad. Beidh feidhm ag an ngníomhaíocht seo freisin i gCóras um Fholáireamh agus um Fhaisnéis a Roinnt a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh saoránach agus le haghaidh Gnóthas Beag agus Meánmhéide a bheidh le tógáil le hachmainní agus le hacmhainneachtaí náisiúnta faoi dheireadh 2012.

    - Feasacht a ardú faoi dhúshláin slándála líonra agus faisnéise, lena n-áireofar:

    - go n-oibreoidh an Coimisiún le ENISA chun treoracha a dhréachtú maidir le caighdeáin, dea-chleachtais agus cultúr bainistithe riosca i dtaobh slándála líonra agus faisnéise a chur chun cinn. Soláthrófar an chéad sampla de na treoracha sin.

    - go n-eagróidh ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit 'mí na hEorpa maidir le slándáil líonra agus faisnéise do chách,' ina mbeidh Comórtais Chibearshlándála náisiúnta/Eorpacha.

    1.6. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach le beartais agus le cuspóirí atá ann cheana san Aontas Eorpach agus tá sé go hiomlán comhsheasmhach leis an gcuspóir cuidiú le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh trí ullmhacht agus freagracht a fheabhsú i ndáil le dúshláin Slándála Líonra agus Faisnéise.

    2. TORTHAÍ NA GCOMHAIRLIÚCHÁN AGUS AN MHEASÚNAITHE IARMHARTA

    2.1. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Is toradh é an tionscnamh beartais seo ar phlé leathan a rinneadh ag teacht as cur chuige cuimsitheach agus cloíonn sé leis na prionsabail seo: rannpháirtíocht, oscailteacht, cuntasacht, éifeachtacht agus comhchuibheas. Ar áireamh sa phróiseas leathan a rinneadh bhí meastóireacht ar an nGníomhaireacht in 2006/2007 agus ina dhiaidh sin Moltaí ó Bhord Bainistíochta ENISA, dhá chomhairliúchán phoiblí (in 2007 agus in 2008-2009) agus roinnt ceardlann ar chúrsaí a bhain le slándáil líonra agus faisnéise.

    Seoladh an chéad chomhairliúchán poiblí i ndáil leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le meastóireacht mheántéarmach ar ENISA. Dhírigh sé ar thodhchaí na Gníomhaireachta, bhí sé ar siúl ón 13 Meitheamh go dtí an 7 Meán Fómhair 2007 agus fuarthas 44 freagra ar líne agus dhá cheann eile i scríbhinn. Tháinig na freagraí ó réimse geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara, lena n-áirítear aireachtaí na mBallstát, comhlachtaí rialála, comhlachais tionscail agus tomhaltóirí, institiúidí acadúla, cuideachtaí agus saoránaigh aonair.

    Dhírigh na freagraí aird ar roinnt saincheisteanna suimiúla maidir leis an athrú atá ag teacht ar an mbagairt; an gá atá le soiléiriú agus agus le tuilleach solúbthachta a ionchorprú sa Rialachán chun go mbeidh ENISA in oiriúint do na dúshláin; an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíocht éifeachtach le geallsealbhóirí; agus an deis atá ann le haghaidh méadú teoranta ar na hacmhainní.

    Dhírigh an dara comhairliúchán poiblí, a bhí ar siúl ón 7 Samhain 2008 go dtí an 9 Eanáir 2009, ar na cuspóirí tosaíochta a shainiú le haghaidh beartais slándála líonra agus faisnéise neartaithe ar an leibhéal Eorpach agus ar an mbealach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Fuarthas beagnach 600 freagra ó údaráis na mBallstát, ó institiúidí acadúla/taighde, ó chomhlachais tionscail, ó chuideachtaí príobháideacha agus ó gheallsealbhóirí eile, amhail eagraíochtaí agus comhairleachtaí um chosaint sonraí, agus ó shaoránaigh phríobháideacha.

    Thacaigh formhór mór na bhfreagróirí[9] le sainordú na Gníomhaireachta a shíneadh agus mhol siad ról níos leithne i gcomhordú gníomhaíochtaí slándála líonra agus faisnéise ar an leibhéal Eorpach mar aon le méadú ar a hacmhainní. Ba iad na príomhthosaíochtaí an gá le cur chuige níos comhordaithe i ndáil le cibearbhagairtí ar fud na hEorpa, comhar trasnáisiúnta chun freagairt do chibearionsaithe ar scála mór, iontaoibh a chruthú agus malartú faisnéise feabhsaithe i measc geallsealbhóirí.

    Rinneadh measúnú iarmharta ar an togra, ag tosú i Meán Fómhair 2009, bunaithe ar réamhstaidéar a rinne conraitheoir seachtrach. Bhí réimse leathan geallsealbhóirí agus saineolaithe bainteach leis. I measc na rannpháirtithe bhí comhlachtaí slándála líonra agus faisnéise ó na Ballstáit, údaráis náisiúnta rialála, gníomhairí teileachumarsáide agus soláthróirí seirbhíse idirlín agus comhlachais earnála gaolmhara, comhlachais tomhaltóirí, monaróirí TFC, Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire, acadóirí, agus úsáideoirí corparáideacha. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse, a bhí comhdhéanta d'Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin, chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas measúnaithe iarmharta.

    2.2. Measúnú iarmharta

    Aithníodh Gníomhaireacht a choinneáil mar réiteach iomchuí chun cuspóirí beartais Eorpacha a bhaint amach.[10] Tar éis próiseas réamhscagtha, roghnaíodh cúig rogha beartais le haghaidh a thuilleadh anailíse:

    - Rogha 1 - Gan bheartas;

    - Rogha 2 – Leanúint ar aghaidh mar a bhí; i.e. le sainordú comhchosúil agus leis an leibhéal céanna acmhainní;

    - Rogha 3 – Cúraimí ENISA a leathnú, ag cur leo údaráis um fhorghníomhú an dlí agus údaráis um phríobháideachas a chosaint mar gheallsealbhóirí iomlána;

    - Rogha 4 – Cibearionsaithe a chomhrac agus freagairt ar chibeartheagmhais a chur le liosta na gcúraimí;

    - Rogha 5 – Tacú le húdaráis um fhorghníomhú dlí agus le húdaráis bhreithiúnacha i ndáil le cibearchoireacht a chomhrac a chur le liosta na gcúraimí.

    Tar éis anailís chostais/sochair chomparáideach a dhéanamh, sainaithníodh rogha 3 mar an bealach ba chostéifeachtaí agus b'éifeachtúla chun na cuspóirí beartais a bhaint amach.

    Beartaítear leathnú ar ról ENISA i Rogha 3 agus díreofar ar an méid seo a leanas:

    - líonra idirchaidrimh a thógáil agus a chothabháil idir geallsealbhóirí mar aon le líonra faisnéise d'fhonn a áirithiú go mbíonn eolas cuimsitheach ag ENISA maidir leis an timpeallacht Eorpach slándála líonra agus faisnéise;

    - bheith mar ionad tacaíochta slándála líonra agus faisnéise i ndáil le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme (go háirithe maidir le príobháideachas i gcumarsáid leictreonach, síniú leictreonach, cárta aitheantais leictreonach agus caighdeán soláthair do shlándáil líonra agus faisnéise);

    - tacú le beartas an Aontais maidir le Bonneagar Faisnéise Criticiúla a chosaint agus maidir le solúbthacht (cleachtaí, EP3R, Córas Eorpach um Fholáireamh agus um Fhaisnéis a roinnt, etc.);

    - creat a bhunú don Aontas chun sonraí slándála líonra agus faisnéise a bhailiú, lena n-áirítear modhanna agus cleachtais a fhorbairt le haghaidh tuairisciú dlíthiúil agus roinnte;

    - staidéar a dhéanamh ar chúrsaí eacnamaíocha slándála líonra agus faisnéise;

    - comhar a spreagadh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun cur chuige comhchoiteann domhanda maidir le slándáil líonra agus faisnéise a chur chun cinn agus chun tionchar a imirt ar thionscnaimh idirnáisiúnta ar ardleibhéal san Eoraip;

    - cúraimí neamhoibríochtúla a chomhlíonadh a bhaineann le gnéithe slándála líonra agus faisnéise d'fhorghníomhú dlí cibearchoireachta agus comhar breithiúnach.

    3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    3.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

    Tá an Rialachán beartaithe dírithe ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA) a neartú agus a nuachóiriú agus sainordú nua a bhunú le haghaidh tréimhse cúig bliana.

    Áirítear sa togra roinnt príomhathruithe i gcomparáid leis an mbun-Rialachán:

    1. Leibhéal níos airde solúbthachta, inoiriúnaitheachta agus acmhainneachta ó thaobh fócais de. Déantar nuashonrú agus athfhoirmliú leathan ar na cúraimí, d'fhonn raon feidhme níos leithne a sholáthar le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; tá siad sin beacht go leor chun na bealaí trína mbainfear amach na cuspóirí a léiriú. Déanann sé sin misean na Gníomhaireachta a dhíriú níos fearr, feabhsaíonn sé a cumas a cuspóirí a bhaint amach agus neartaíonn sé a cúraimí maidir le beartas an Aontais a chur chun feidhme.

    2. Comhsheasmhacht níos fearr ag an nGníomhaireacht le próiseas beartais agus rialála an Aontais Féadfaidh na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht ar mhaithe le cúnamh agus le comhairle. Tá sé sin ag teacht le forbairtí polaitiúla agus rialála: tá an Chomhairle tosaithe ag déileáil go díreach leis an nGníomhaireacht trí bhíthin Rún, agus tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis cúraimí atá bainteach le slándáil líonra agus faisnéise a shainiú don Ghníomhaireacht sa chreat rialála maidir le cumarsáid leictreonach.

    3. Nasc leis an gcomhrac i gcoinne cibearchoireachta. Cuireann an Ghníomhaireacht san áireamh an comhrac i gcoinne cibearchoireachta agus a cuspóirí á mbaint amach aici. Geallsealbhóirí iomlána na Gníomhaireachta, go háirithe i nGrúpa na nGeallsealbhóirí Buana, a bheidh sna húdaráis um fhorghníomhú dlí agus sna húdaráis um phríobháideachas a chosaint.

    4. Strúchtúr rialála neartaithe Cuireann an togra le ról maoirseachta Bhord Bainistíochta na Ghníomhaireachta, a bhfuil ionadaíocht ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún air. Mar shampla, tá an Bord Bainistíochta in ann treoracha ginearálta a eisiúint ar chúrsaí foirne, rud a bhí d'fhreagracht ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin roimhe seo. Féadfaidh sé freisin comhlachtaí oibre a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó agus a chúraimí á gcur i gcrích aige, lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme a chinntí.

    5. Nósanna imeachta a chuíchóiriú. Déantar nósanna imeachta a bhfuil castacht gan chall ag baint leo a shimpliú. Samplaí: (a) nós imeachta simplithe le haghaidh rialacha inmheánacha an Bhoird Bainistíochta, (b) is iad seirbhísí an Choimisiúin seachas cinneadh ón gCoimisiún a sholáthróidh an tuairim ar chlár Oibre ENISA. Tugtar acmhainní leordhóthanacha don Bhord Bainistíochta freisin i gcás ina mbeidh air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus a chur chun feidhme (e.g. má chuireann ball foirne gearán isteach i gcoinne an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó an Bhoird féin).

    6. Méadú ar acmhainní de réir a chéile. D'fhonn na tosaíochtaí treisithe Eorpacha agus na dúshláin atá ag méadú a chomhlíonadh, gan dochar do thogra an Choimisiúin i dtaobh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile, táthar ag súil le méadú de réir a chéile ar acmhainní airgeadais agus daonna na Gníomhaireachta idir 2012 agus 2016. Bunaithe ar thogra an Choimisiúin i dtaobh rialacháin lena leagtar sin an creat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2013, agus ag cur san áireamh chonclúidí an mheasúnaithe iarmharta, tíolacfaidh an Coimisiún Ráiteas Airgeadais Reachtach Leasaithe.

    7. Rogha téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh trí bliana.

    3.2. Bunús dlí

    Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[11].

    I gcomhréir le breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[12], roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, bhí Airteagal 95 den Chonradh CE le meas ar an mbonn dlíthiúil iomchuí maidir le comhlacht a chruthú chun críche leibhéal ard agus éifeachtach slándála líonra agus faisnéise a áirithiú laistigh den Aontas. Trí úsáid a bhaint as an nath 'bearta maidir le comhfhogasú' in Airteagal 95, bhí sé i gceist ag údair an Chonartha rogha a bhronnadh ar reachtas an Aontais na bearta iomchuí a roghnú chun an toradh atá ag teastáil a bhaint amach. Is eilimint thábhachtach é slándáil agus solúbthacht bonneagar TFC, dá bhrí sin, chun cuidiú le feidhmiú rianúil an Mhargaidh Inmheánaigh.

    Faoi Chonradh Liospóin, déantar cur síos in Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[13] – ar an mbealach ceannann céanna nach mór – ar an bhfreagracht i leith an mhargaidh inmheánaigh. Ar na cúiseanna atá leagtha amach thuas, leanfar leis mar an bonn dlíthiúil is infheidhme maidir le bearta a ghlacadh chun slándáil líonra agus faisnéise a fheabhsú. Is inniúlacht roinnte idir an tAontas agus na Ballstáit anois freagracht an Mhargaidh Inmheánaigh (Airteagal 4(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh an tAontas agus na Ballstát bearta (ceangailteacha) a ghlacadh agus go bhfeidhmeoidh na Ballstáit mura bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige nó má tá cinneadh déanta aige gan ghníomhú a thuilleadh (Airteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).

    Ceanglóidh bearta faoi fhreagracht an Mhargaidh Inmheánaigh an gnáthnós imeachta reachtach (Airteagal 289 agus Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) atá cosúil[14] leis an nós imeachta comhchinnteoireachta roimhe sin (Airteagal 241 de Chonradh an CE).

    De bharr Chonradh Liospóin, tá an t-idirdhealú a rinneadh roimhe seo idir na colúin imithe anois. Is inniúlacht roinnte den Aontas anois é coireacht a chosc agus a chomhrac. Tá deis cruthaithe do ENISA, dá bhrí sin, ról a bheith aige mar ardán i gcomhair gnéithe slándála líonra agus faisnéise den chomhrac i gcoinne cibearchoireachta agus chun tuairimí agus dea-chleachtais a roinnt le húdaráis chibearchosanta, údaráis um fhorghníomhú dlí agus údaráis um phríobháideachas a chosaint.

    3.3. Prionsabal na coimhdeachta

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Ceanglaítear le beartas slándála líonra agus faisnéise cur chuige comhoibríoch agus ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach leo féin.

    Dá mbeadh straitéis iomlán neamh-idirghabhála ag an Aontas maidir le beartais náisiúnta slándála líonra agus faisnéise, d'fhágfaí an cúram faoi na Ballstáit, agus dhéanfaí neamhaird den idirspleáchas follasach idir na córais faisnéise atá ann cheana. Beidh beart a áiritheoidh leibhéal iomchuí comhordaithe idir na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir rioscaí slándála líonra agus faisnéise a bhainistiú i gceart sa chomhthéacs trasteorann ina thiteann siad amach, ag teacht le prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin. Ina theannta sin, d'fheabhsódh gníomh ar leibhéal Eorpach éifeachtacht na mbeartas náisiúnta atá ann cheana agus chuirfeadh sé luach leo dá bhrí sin.

    Ina theannta sin, beidh tionchar tairbhiúil ag beartas comhaontaithe agus comhoibríoch slándála líonra agus faisnéise ar bhunchearta a chosaint, agus go háirithe an ceart maidir le sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint. Tá an gá atá le sonraí a chosaint ríthábhachtach faoi láthair ós rud é go bhfuil saoránaigh Eorpacha ag cur a gcuid sonraí isteach i gcórais chasta faisnéise, de rogha nó de ghá, agus gan é de chumas acu na rioscaí gaolmhara maidir le sonraí a chosaint a mheasúnú i gceart. I gcás teagmhas, dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé nach mbeidís in ann na céimeanna cuí a ghlacadh, agus d'fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstát in ann aghaidh a thabhairt ar aon teagmhas idirnáisiúnta go héifeachtach in éagmais comhordú Eorpach slándála líonra agus faisnéise.

    3.4. Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta ós rud é nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach d'fhonn a chuspóir a bhaint amach.

    3.5. Rogha na nIonstraimí

    An ionstraim atá beartaithe: rialachán, atá infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Beidh tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

    Ós rud é go bhfuil na cúraimí atá le háireamh sa sainordú nua le haghaidh ENISA leagtha síos, táthar ag súil leis go dtabharfar na hacmhainní atá ag teastáil don Ghníomhaireacht chun a cuid gníomhaíochtaí a thabhairt i gcrích go sásúil. Léiríonn an mheastóireacht ar an nGníomhaireacht, an próiséas fairsing comhairliúcháin a dhéantar le geallsealbhóirí ar gach leibhéal agus an measúnú iarmharta, comhaontú ginearálta go bhfuil méid na Gníomhaireachta faoi bhun a maise criticiúla ach go bhfuil gá le méadú sna hacmhainní. Déantar anailís ar iarmhairtí agus ar éifeachtaí méadú i bhfoireann agus i mbuiséad na Gníomhaireachta sa Mheasúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra.

    Scrúdófar maoiniú an AE tar éis 2013 i gcomhthéacs díospóireachta ar fud an Choimisiúin ar na tograí ar fad don tréimhse tar éis 2013.

    5. BARÚLACHA BREISE

    5.1. Ré

    Cumhdóidh an Rialachán tréimhse cúig bliana.

    5.2. Clásal athbhreithnithe

    Déanann an Rialachán foráil do mheastóireacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht chun an tréimhse ón meastóireacht dheireanach in 2007 a chumhdach. Déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht na Gníomhaireachta i dtaobh a cuspóirí a bhaint amach de réir mar atá leagtha amach sa Rialachán. Measfaidh sé an ionstraim éifeachtach fós é agus ar cheart fad tréimhse na Gníomhaireachta a shíneadh a thuilleadh. Bunaithe ar na torthaí sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta moltaí leis an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann aon togra maidir le síneadh an tsainordaithe a dhréachtú in am maith, níor mhór an mheastóireacht a dhéanamh faoi dheireadh an dara bliain den sainordú dá bhforáiltear leis an Rialachán.

    5.3. Beart eatramhach

    Tá an Coimisiún ar an eolas go bhféadfadh go leor ama a bheith de dhíth le haghaidh díospóireachta ar an togra de bharr an nós imeachta reachtaigh i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, agus tá baol ann go gcruthófaí folús dlí mura nglacfaí sainordú nua na Gníomhaireachta in am cuí sula rachaidh an sainordú reatha in éag. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag beartu Rialacháin, in éineacht leis an togra seo, lena gcuirfear síneadh 18 mí le sainordú reatha na Gníomhaireachta ionas go mbeidh dóthain ama ann don díospóireacht agus don phróiseas cuí.

    2010/0275 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,[15]

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,[16]

    Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Is cuid riachtanach d'fhorbairt eacnamaíoch agus d'fhorbairt na sochaí cumarsáid leictreonach, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha. Tá ról ríthábhachtach acu sa tsochaí agus is gnáthfhóntais anois iad amhail soláthairtí leictreachais nó uisce. I gcás briste, d'fhéadfaí mórchuid dochar a dhéanamh don gheilleagar, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé bearta a chur i bhfeidhm chun cosaint agus solúbthacht a mhéadú d'fhonn a áirithiú go leanfaidh seirbhísí criticiúla ag feidhmiú. Maidir le slándáil cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha, go háirithe a sláine agus an fháil atá orthu, tá na dúshláin os a gcomhair ag dul i méid i gcónaí. Is ábhar imní é sin don tsochaí, go háirithe de bharr go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann mar gheall ar chastacht an chórais, timpistí, botúin agus ionsaithe a bhféadfadh iarmhairt a bheith acu ar an mbonneagar fisiceach lena soláthraítear seirbhísí atá criticiúil i dtaobh shláinte shaoránaigh na hEorpa.

    (2) Bíonn timpeallacht na bagartha de shíor ag athrú agus d'fhéadfadh teagmhais slándála baint ó mhuinín an úsáideora. D'fhéadfadh mórthionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheith ann i gcás briste mhóir ar chumarsáid leictreonach, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha ach, chomh maith leis sin, bheadh baol ann go maolófaí muinín an phobail i dteicneolaíocht, i líonraí agus i seirbhísí de dheasca gnáthsháraithe slándála, fadhbanna agus núiseanna.

    (3) Is rud tábhachtach do lucht déanta beartas, don tionscal agus d'úsáideoirí, dá bhrí sin, measúnú rialta a dhéanamh ar staid slándála líonra agus faisnéise san Eoraip, bunaithe ar shonraí iontaofa Eorpacha.

    (4) Chinn ionadaithe na mBallstát, a tháinig le chéile sa Chomhairle Eorpach an 13 Nollaig 2003, go mbeadh ceanncheathrú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA), ar gníomhaireacht í a bhí le bunú ar bhonn an togra arna chur isteach ag an gCoimisiún, i mbaile sa Ghréig a chinnfeadh Rialtas na Gréige.

    (5) In 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 460/2004[17] lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise d'fhonn cur leis na spriocanna leibhéal ard slándála líonra agus faisnéise a áirithiú laistigh den Aontas agus cultúr slándála líonra agus faisnéise a fhorbairt chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus riarachán poiblí. In 2008, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008[18] lena síntear sainordú na Gníomhaireachta go dtí mí an Mhárta 2012.

    (6) Ó bunaíodh an Ghníomhaireacht, tá athrú tagtha ar na dúshláin a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta, forbairtí margaidh agus forbairtí socheacnamaíocha agus tá tuilleadh machnaimh agus díospóireachta déanta i dtaobh na ndúshlán sin. Mar fhreagra ar an athrú sin atá ag teacht ar na dúshláin, tá tosaíochtaí an Aontais nuashonraithe maidir le beartas slándála líonra agus faisnéise i méid áirithe doiciméad, lena n-áirítear an Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2006 'Straitéis um Shochaí Faisnéise Sláine – Idirphlé, comhpháirtíocht agus cumhachtú',[19] an Rún ón gComhairle in 2007 maidir le Straitéis um Shochaí Faisnéise Sláine san Eoraip[20] agus an Teachtaireacht in 2009 'Bonneagar Faisnéise Criticiúla a chosaint – An Eoraip a chosaint ó chibearionsaithe agus ó chur isteach ar mhórscála: ullmhacht, slándáil agus solúbthacht a fheabhsú', [21] Conclúidí Uachtaránachta Chomhdháil na nAirí maidir le Bonneagar Faisnéise Criticiúla a chosaint, an Rún ón gComhairle in 2009 maidir le cur chuige comhoibríoch Eorpach i leith Slándála Líonra agus Faisnéise.[22] Aithnítear go bhfuil gá an Ghníomhaireacht a nuachóiriú agus a neartú chun go n-éireoidh léi cur le hiarrachtaí na n-institiúidí Eorpacha agus na mBallstát acmhainneacht Eorpach a fhorbairt chun déileáil le dúshláin slándála líonra agus faisnéise. Le déanaí, ghlac an Coimisiún an Clár Digiteach don Eoraip[23] mar thionscnamh suaitheanta faoin straitéis Eoraip 2020. Tá an clár cuimsitheach sin dírithe ar acmhainneacht teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) a shaothrú agus a chur chun cinn d'fhonn an acmhainneacht sin a úsáid chun fás inbhuanaithe agus nuálaíocht a chothú. Ar phríomhthosaíochtaí an chláir chuimsithigh sin tá muinín agus iontaoibh sa tsochaí faisnéise a threisiú agus d'fhógair an clár roinnt gníomhaíochtaí a ghlacfaidh an Coimisiún sa réimse sin, lena n-áirítear an togra seo.

    (7) Ceanglaítear le bearta an mhargaidh inmheánaigh sa réimse slándála cumarsáide leictreonaí agus, ar bhonn níos ginearálta, sa réimse slándála líonra agus faisnéise, go gcuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla teicniúla agus eagraíochtúla na bearta sin. Féadfaidh neamhéifeachtaí a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm ilchineálach na gceanglas sin, agus d'fhéadfaí bacainní ar an margadh inmheánach a chruthú dá bharr. Beidh gá le lárionad saineolais ar leibhéal Eorpach a sholáthróidh treoir, comhairle agus, nuair a éilítear é, cúnamh i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise, a bhféadfaidh na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha brath air. Féadfaidh an Ghníomhaireacht freagairt do na riachtanais sin trí leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil agus trí chabhrú leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún agus, dá dhroim sin, leis an bpobal gnó d'fhonn cabhrú leo ceanglais dhlíthiúla agus rialála slándála líonra agus faisnéise a chomhlíonadh, a chuideoidh le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

    (8) Ba cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí arna gcur uirthi leis an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann faoi láthair sa réimse cumarsáide leictreonaí a thabhairt i gcrích agus, go ginearálta, cur le leibhéal feabhsaithe slándála i dtaobh cumarsáide leictreonaí trí shaineolas agus comhairle a sholáthar, i measc rudaí eile, agus trí mhalartú dea-chleachtas a chur chun cinn.

    (9) Ceanglaítear le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime)[24] chomh maith go nglacfaidh soláthraithe líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí nó seirbhisí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí bearta cuí chun a sláine agus a slándáil a chosaint, agus tugtar isteach leis ceanglais maidir le sárú slándála agus caillteanas sláine a fhógairt. I gcás inarb iomchuí, beidh ar na húdaráis rialála náisiúnta fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht freisin, agus beidh orthu tuarascáil achomair bhliantúil ar na fógraí a fuarthas agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta chomh maith. Le Treoir 2002/21/CE, éilítear freisin ar an nGníomhaireacht cur le comhchuibhiú na mbeart cuí teicniúil agus eagraíochtúil slándála trí thuairimí a sholáthar.

    (10) Ceanglaítear le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach)[25] ar sholáthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh chun slándáil a gcuid seirbhísí a chosaint agus ceanglaítear leis freisin rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta. Tugann Treoir 2002/58/CE isteach fáisnéis maidir le sárú sonraí pearsanta agus ceanglais fógartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ceanglaíonn sé freisin ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht i dtaobh aon bheart cur chun feidhme teicniúil atá le glacadh maidir le cúinsí nó formáid na gceanglas faisnéise agus fógartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leo. Ceanglaítear le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin,[26] ar na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mór don rialtóir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó ar chaillteanas de thaisme, ar athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina bhfuil tarchur sonraí thar líonra mar chuid den phróiseáil, agus ar gach cineáil eile próiseála neamhdhleathaí.

    (11) Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le leibhéal ard slándála líonra agus faisnéise laistigh den Aontas agus le cultúr slándála líonra agus faisnéise a fhorbairt chun leasa shaoránaigh, thomhaltóirí, ghnóthais agus eagraíochtaí earnála poiblí an Aontais Eorpaigh, agus sa tslí sin cuideoidh sí le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

    (12) Ba cheart do shraith cúraimí an bealach a bhainfidh an Ghníomhaireacht a cuspóirí amach a leiriú, agus solúbthacht ina cuid oibríochtaí á ceadú ag an am céanna. Ba cheart bailiú faisnéise agus sonraí iomchuí a áirithiú leis na cúraimí a dhéanann an Ghníomhaireacht, a bhfuil gá leo chun tabhairt faoi anailísí ar na rioscaí do shlándáil agus do sholúbthacht cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha agus chun staid na slándála líonra agus faisnéise san Eoraip a mheas, i gcomhar leis na Ballstáit. Ba cheart don Ghníomhaireacht comhordú leis na Ballstáit a áirithiú agus comhar idir na geallsealbhóirí a fheabhsú san Eoraip, go háirithe trí chomhlachtaí náisiúnta inniúla agus saineolaithe ón earnáil phríobháideach a thabhairt isteach ina gníomhaíochtaí sa réimse slándála líonra agus faisnéise. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit i dtaobh a n-idirphlé le lucht an tionscail chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le slándáil i dtáirgí crua-earraí agus bogearraí, agus sa tslí sin cuirfear le cur chuige comhoibríoch maidir le slándáil líonra agus faisnéise.

    (13) Ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú mar phointe tagartha agus gnóthóidh sí muinín de bhua í a bheith neamhspleách, ardchaighdeán comhairle agus faisnéise a bheith á leathadh aici, trédhearcacht a bheith ag baint lena nósanna imeachta agus lena modhanna oibriúcháin, agus í a bheith dúthrachtach i dtaobh na gcúraimí a shanntar di a thabhairt i gcrích. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le hiarrachtaí náisiúnta agus iarrachtaí an Aontais agus sa tslí sin, a cuid cúraimí a thabhairt i gcrích i gcomhar iomlán leis na Ballstáit, agus a bheith oscailte do theagmháil le tionscal agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cur leis an ionchur agus le comhar ón earnáil phríobháideach, a bhfuil ról tábhachtach aici i slándáil cumarsáide leictreonaí, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha.

    (14) Sheol an Coimisiún Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Eorpach le haghaidh Solúbthachta mar chreat rialála solúbtha uile-Eorpach i gcomhar sholúbthacht bhonneagar TFC, agus ba cheart ról éascaithe a bheith ag an nGníomhaireacht inti chun geallsealbhóirí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a thabhairt le chéile d'fhonn tosaíochtaí beartais phoiblí, gnéithe eacnamaíocha agus gnéithe margaidh na ndúshlán agus bearta maidir le solúbthacht bonneagair TFC a phlé agus chun freagracht na ngeallsealbhóirí a shainaithint.

    (15) Ba cheart don Ghníomhaireacht comhairle a sholáthar don Choimisiún trí bhíthin tuairimí agus anailísí teicniúla agus socheacnamaíocha, ar iarratas ón gCoimisiún nó ar a conlán féin, chun cabhrú le beartas a fhorbairt sa réimse slándála líonraí agus faisnéise. Ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú freisin, ar iarratas uathu, leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha lena n-iarrachtaí beartas agus cumas slándála líonra agus faisnéise a fhorbairt.

    (16) Ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú leis na Ballstáit agus leis na hinstitiúidí Eorpacha lena n-iarrachtaí cumas trasteorann a bhunú agus a fheabhsú mar aon le hullmhacht maidir le fadhbanna agus teagmhais slándála líonra agus faisnéise a chosc, a bhrath, a mhaolú agus a fhreagairt. i ndáil leis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht ról gníomhach a ghlacadh agus tacaíocht á tabhairt d'iarrachtaí leanúnacha na mBallstát a gcumas freagartha a fheabhsú agus cleachtaí náisiúnta agus Eorpacha ar teagmhais slándála a eagrú agus a rith.

    (17) Rialaíonn Treoir 95/46/CE próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo.

    (18) Chun na dúshláin sa réimse slándála líonra agus faisnéise a thuiscint níos fearr, ní mór don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann faoi láthair agus ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, leis na comhlachtaí staitisticiúla, faisnéis ábhartha a bhailiú. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú freisin leis na Ballstáit agus leis na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha lena n-iarrachtaí faisnéis maidir le slándáil líonra agus faisnéise a bhailiú, a anailísiú agus a leathadh.

    (19) Le linn dóibh bheith i mbun gníomhaíochtaí monatóireachta san Aontas, ba cheart don Aontas comhar a éascú idir an tAontas agus na Ballstáit maidir le staid slándála líonra agus faisnéise san Eoraip a mheasúnú agus ba cheart dóibh cur le gníomhaíochtaí measúnaithe i gcomhar leis na Ballstáit.

    (20) Ba cheart don Aontas comhar a éascú i measc chomhlachtaí inniúla poiblí na mBallstát, agus tacú go háirithe le forbairt agus le haistriú dea-chleachtas agus caighdeán le haghaidh clár oideachais agus scéimeanna ardaithe feasachta. Éascóidh tuilleadh malartaithe faisnéise idir Ballstáit gníomhaíocht dá leithéid. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú freisin le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar leibhéal an Aontais, i bpáirt trí roinnt faisnéise, feachtais ardaithe feasachta agus cláir oideachais agus oiliúna a chur chun cinn.

    (21) Ba cheart beartais éifeachtúla slándála a bheith bunaithe ar mhodhanna measúnaithe riosca atá dea-fhorbartha, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Baintear úsáid as modhanna agus as nósanna imeachta um measúnú riosca ar leibhéil éagsúla gan cleachtas coiteann ar bith i dtaobh iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Déanfar leibhéal slándála líonraí agus córas faisnéise san Eoraip a mhéadú trí dhea-chleachtas a chothú agus a fhorbairt i dtaobh measúnú riosca agus i dtaobh réiteach comh-inoibritheach um bainistíocht riosca in eagraíochtaí na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar leibhéal an Aontais, agus a gcuid iarrachtaí maidir le forbairt agus glacadh caighdeán i dtaobh bainistíochta riosca agus i dtaobh slándála intomhaiste táirgí leictreonacha, córas leictreonach agus líonraí agus seirbhísí leictreonacha a éascú.

    (22) Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus a hobair á déanamh aici, úsáid a bhaint as na gníomhaíochtaí atá ar bun faoi láthair maidir le taighde, forbairt agus measúnú teicneolaíoch, go háirithe na gníomhaíochtaí sin arna ndéanamh ag tionscnaimh taighde éagsúla an Aontais Eorpaigh.

    (23) I gcás inarb iomchuí agus inarb úsáideach maidir lena raon feidhme, a cuspóirí agus a cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart don Ghníomhaireacht taithí agus faisnéis ghinearálta a roinnt le comhlachtaí agus le gníomhaireachtaí arna gcruthú faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus a dhéileálann le slándáil líonra agus faisnéise.

    (24) Trí dhul i dteagmháil le comhlachtaí um fhorghníomhú an dlí i dtaobh gnéithe slándála na cibearchoireachta, urramaíonn an Ghníomhaireacht na bealaí faisnéise atá ann cheana agus na líonraí atá bunaithe cheana, amhail na pointí teagmhála dá dtagraítear sa Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá beartaithe maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise, lena leasaítear Cinneadh Réime 2005/222/JHA, nó Tascfhórsa Europol ar a bhfuil ceannairí na nAonad um Choireacht Ardteicneolaíoch.

    (25) D'fhonn a áirithiú go mbainfear amach go hiomlán a cuspóirí, ba cheart don Ghníomhaireacht dul i dteagmháil le comhlachtaí um fhorghníomhú an dlí agus le húdaráis um phríobháideachas a chosaint chun aird a tharraingt ar na gnéithe slándála líonra agus faisnéise a bhaineann le cibearchoireacht a chomhrac agus chun déileáil leis na gnéithe sin i gceart. Ba cheart d'ionadaithe na n-údarás sin a bheith ina ngeallsealbhóirí iomlána sa Ghníomhaireacht agus ba cheart ionadaíocht a bheith acu ar Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí na Gníomhaireachta.

    (26) Is saincheisteanna domhanda iad fadhbanna slándála líonra agus faisnéise. Tá gá le comhar idirnáisiúnta níos dlúithe d'fhonn caighdeáin slándála agus aistriú faisnéise a fheabhsú, agus d'fhonn cur chuige comhchoiteann domhanda a chothú maidir le saincheisteanna slándála líonra agus faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcás inarb iomchuí.

    (27) Ba cheart nach gcuirfeadh feidhmiú chúraimí na Gníomhaireachta isteach ar na hinniúlachtaí ná níor cheart go mbacfadh sé cumhachtaí agus cúraimí ábhartha na gcomhlachtaí seo a leanas ná go gcuirfeadh sé isteach orthu ná go mbeadh forluí eatarthu: na húdaráis náisiúnta rialála mar atá leagtha amach sna Treoracha a bhaineann leis na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar aon le Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach arna bhunú le Rialachán 1211/2009[27] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Coiste Cumarsáide dá dtagraítear i dTreoir 2002/21/CE, na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, na comhlachtaí caighdeánaithe náisiúnta agus an Buanchoiste mar atá leagtha amach i dTreoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le Seirbhísí na Sochaí Faisnéise[28] agus údaráis mhaoirseachta na mBallstát, a bhaineann le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le saorghluaiseacht na sonraí sin.

    (28) D'fhonn a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht éifeachtach, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta, agus ba cheart don Bhord treo ginearálta oibríochtaí na Gníomhaireachta a shainiú agus a áirithiú go gcuireann sí a cúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí is gá a chur ar iontaoibh an Bhoird Bhainistíochta d'fhonn an buiséad a bhunú, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht na Gníomhaireachta, clár oibre na Gníomhaireachta a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin agus rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta a ghlacadh, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus cinneadh a dhéanamh maidir lena shainordú a shíneadh nó deireadh a chur leis. Ba cheart don Bhord Bainistíochta a bheith in ann comhlachtaí oibre a bhunú chun cabhrú leis lena chuid cúraimí; d'fhéadfadh na comhlachtaí sin, mar shampla, a chinntí a dhréachtú nó monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí sin.

    (29) Ar mhaithe le feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta, ní mór an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh slándála líonra agus faisnéise, agus ní mór dó a chúraimí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách maidir le feidhmiú inmheánach na Gníomhaireachta a eagrú. Chun na críche sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin togra a ullmhú le haghaidh chlár oibre na Gníomhaireachta, tar éis dó dul i gcomhairle roimh ré le seirbhísí an Choimisiúin, agus ba cheart dó na céimeanna ar fad is gá a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go gcuirfear clár oibre na Gníomhaireachta i bhfeidhm i gceart. Ba cheart dó dréacht-tuarascáil ghinearálta a ullmhú gach bliain a bheidh le cur faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta, ba cheart dó dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas don Ghníomhaireacht, agus ba cheart dó an buiséad a chur chun feidhme.

    (30) Ba cheart é a bheith de rogha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha, go háirithe ábhair a bhaineann le heolaíocht, le teicneolaíocht, le dlí nó le socheacnamaíocht. Agus na Grúpaí Oibre ad hoc á mbunú, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionchur a lorg ó na saineolaithe seachtracha ábhartha agus leas a bhaint as an ionchur sin atá ag teastáil chun go mbeidh rochtain ag an nGníomhaireacht ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil ar na dúshláin slándála a bhaineann le sochaí faisnéise atá ag forbairt. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéanfar baill an Ghrúpa Oibre ad hoc a roghnú de réir na gcaighdeán is airde saineolais agus a chinntiú go mbeidh cothromaíocht ann ó thaobh ionadaithe de, de réir mar is iomchuí de réir na saincheisteanna sonracha, idir riaracháin phoiblí na mBallstát, an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear lucht tionscail, na húsáideoirí agus saineolaithe acadúla i slándáil líonra agus faisnéise. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe aonair, atá aitheanta mar shaineolaithe inniúla sa réimse ábhartha, páirt a ghlacadh in imeachtaí na nGrúpaí Oibre, ar bhonn cás ar chás. Ba cheart don Ghníomhaireacht a gcostais a íoc i gcomhréir lena rialacha inmheánacha agus i gcomhréir leis na Rialacháin Airgeadais atá ann cheana.

    (31) Ba cheart Buanghrúpa Geallsealbhóirí a bheith ag an nGníomhaireacht mar chomhlacht comhairliúcháin, chun idirphlé rialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart don Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, díriú ar shaincheisteanna atá ábhartha do na geallsealbhóirí ar fad agus ba cheart dó na saincheisteanna sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcás inarb iomchuí agus de réir chlár na gcruinnithe, cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó chomhlachtaí ábhartha eile páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa.

    (32) Oibreoidh an Ghníomhaireacht de réir na bprionsabal seo a leanas, faoi seach: (i) prionsabal na coimhdeachta, leibhéal iomchuí comhordaithe a áirithiú idir na Ballstáit i dtaobh ábhar a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise agus éifeachtacht na mbeartas náisiúnta a fheabhsú, rud a chuirfidh luach leo agus (ii) prionsabal na comhréireachta, gan dul thar a bhfuil riachtanach d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach.

    (33) Ba cheart don Ghníomhaireacht an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, ar reachtaíocht í a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29] an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[30].

    (34) Ba cheart don Ghníomhaireacht, laistigh dá raon feidhme agus ina cuspóirí agus i gcomhlíonadh a cúraimí, na forálacha is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí Eorpacha agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil cáipéisí íogaire a chomhlíonadh go háirithe. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an mBord Bainistíochta cinneadh a ghlacadh a cheadóidh don Ghníomhaireacht faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil.

    (35) D'fhonn uathriail agus neamhspleáchas iomlán na Gníomhaireachta a áirithiú, meastar go bhfuil sé riachtanach buiséad uathrialach a dheonú di, a mbeidh a ioncam ag teacht, den chuid is mó, ó ranníocaíocht ón Aontas agus ó ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát óstach, nó ag Ballstát ar bith eile, ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh le hioncam na Gníomhaireachta. Leanfaidh nós imeachta buiséid an Aontais d'fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontas atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ba cheart don Chúirt Iniúchóirí tabhairt faoi na cuntais a iniúchadh.

    (36) Ba cheart don Ghníomhaireacht teacht i gcomharbas ar ENISA faoi mar a bunaíodh le Rialachán Uimh. 460/2004. Laistigh de chreat chinneadh Ionadaithe na mBallstát, a tháinig le chéile sa Chomhairle Eorpach an 13 Nollaig 2003, ba cheart don Bhallstát óstach na socruithe praiticiúla reatha a chothabháil agus a fhorbairt d'fhonn oibríocht rianúil agus éifeachtúil na Gníomhaireachta a áirithiú, ag féachaint go háirithe do chomhar agus cúnamh a sholáthraíonn an Gníomhaireacht don Choimisiún, do na Ballstáit agus a gcomhlachtaí inniúla, d'institiúidí agus chomhlachtaí eile an Aontais, agus do gheallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha eile ar fud na hEorpa.

    (37) Ba cheart an Ghníomhaireacht a bhunú ar feadh tréimhse teoranta. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar a hoibríochtaí i dtaobh éifeachtúlachta maidir leis na cuspóirí a bhaint amach, agus éifeachtúlachta maidir lena cleachtais oibre, d'fhonn bailíocht leantach chuspóirí na Gníomhaireachta a chinneadh, nó a mhalairt, agus, bunaithe ar an méid sin, d'fhonn a chinneadh ar cheart tréimhse a hoibríochtaí a shíneadh.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    ROINN 1 RAON FEIDHME, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

    AIRTEAGAL 1 Ábhar agus Raon Feidhme

    1. Bunaítear leis an Rialachán seo Gníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (dá ngairtear 'an Ghníomhaireacht' anseo feasta) chun críche cur le leibhéal ard slándála líonra agus faisnéise laistigh den Aontas agus chun feasacht a ardú agus cultúr slándála líonra agus faisnéise a fhorbairt sa tsochaí chun leasa na saoránach, na dtomhaltóirí, na ngnóthas agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas, agus sa tslí sin cuidiú le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

    2. Beidh cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát maidir le slándáil líonra agus faisnéise ná do ghníomhaíochtaí, i gcás ar bith, a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil Stáit (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na saincheisteanna le cúrsaí slándála an Stáit) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.

    3. Chun críoch an Rialacháin seo, ciallóidh 'slándáil líonra agus faisnéise' an cumas atá i líonra nó i gcóras faisnéise seasamh i gcoinne, ar leibhéal áirithe muiníne, eachtraí a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar fháil, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí atá stóráilte nó tarchurtha agus na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint nó a bhfuil rochtain orthu tríd na líonraí agus na córais sin.

    Airteagal 2 Cuspóirí

    1. Cabhróidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na ceanglais dhlíthiúla agus rialála maidir le slándáil líonra agus faisnéise i reachtaíocht an Aontais faoi láthair agus i reachtaíocht an Aontais amach anseo a chomhlíonadh, agus sa tslí sin cuideoidh sí le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

    2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumas agus ullmhacht an Aontais agus na mBallstát a fheabhsú i dtaobh fadhbanna agus teagmhais slándála líonra agus faisnéise a chosc, a bhrath, agus a fhreagairt.

    3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil agus bainfidh sí úsáid as an saineolas sin chun comhar leathan idir gníomhairí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a spreagadh.

    Airteagal 3 Cúraimí

    1. Mar chuid den chuspóir atá leagtha amach in Airteagal 1, cuirfidh an Ghníomhaireacht i gcrích na cúraimí seo a leanas:

    (a) Cabhróidh sí leis an gCoimisiún, ar iarratas uaidh nó ar a conlán féin, beartas slándála líonra agus faisnéise a fhorbairt trí chomhairle agus tuairimí agus anailísí teicniúla agus socheacnamaíocha a sholáthar dó, agus leis an obair ullmhúcháin chun reachtaíocht an Aontais a fhorbairt agus a nuashonrú i réimse na slándála líonra agus faisnéise.

    (b) Éascóidh sí an comhar i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún i dtaobh na n-iarrachtaí atá á ndéanamh acu, a mbaineann gné thrasteorann leo, teagmhais slándála líonra agus faisnéise a chosc, a bhrath agus a fhreagairt;

    (c) Cabhróidh sí leis na Ballstáit agus leis na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha lena n-iarrachtaí faisnéis maidir le slándáil líonra agus faisnéise a bhailiú, a anailísiú agus a leathadh;

    (d) Déanfaidh siad measúnú rialta, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na hinstitiúidí Eorpacha, ar staid slándála líonra agus faisnéise san Eoraip;

    (e) Tacóidh sí le comhar i measc comhlachtaí inniúla poiblí san Eoraip, go háirithe trí thacú lena n-iarrachtaí dea-chleachtais agus caighdeáin a fhorbairt agus a aistriú;

    (f) Cabhróidh sí leis an Aontas agus leis na Ballstáit dea-chleachtas agus caighdeáin a chur chun cinn in úsáid bainistíochta riosca agus slándála i ndáil le táirgí, córais agus seirbhísí leictreonacha;

    (g) Tacóidh sí le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar leibhéal an Aontais, inter alia , trí roinnt faisnéise agus ardú feasachta a chothú, agus éascóidh sí a n-iarrachtaí caighdeáin le haghaidh bainistíochta riosca agus slándála táirgí, líonraí agus seirbhísí leictreonacha a fhorbairt agus a ghlacadh;

    (h) Éascóidh sí idirphlé agus malartú dea-chleachtais i measc geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha maidir le slándáil líonra agus faisnéise, lena n-áirítear gnéithe den chomhrac i gcoinne cibearchoireachta; cabhróidh sí leis an gCoimisiún i dtaobh forbairtí beartais a chuireann san áireamh gnéithe slándála líonra agus faisnéise den chomhrac i gcoinne cibearchoireachta;

    (i) Cabhróidh sí leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha, ar iarratas uathu, lena n-iarrachtaí cumas a fhorbairt i dtaobh slándála líonra agus faisnéise a bhrath, a anailísiú agus a fhreagairt;

    (j) Tacóidh sí le hidirphlé agus comhar an Aontais le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhar, nuair is iomchuí, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chun comhar idirnáisiúnta agus cur chuige comhchoiteann domhanda maidir le saincheisteanna slándála líonraí agus faisnéise a chur chun cinn;

    (k) Déanfaidh sí na cúraimí arna gcur ar an nGníomhaireacht ag gníomhartha reachtacha an Aontais.

    ROINN 2 EAGRÚCHÁN

    Airteagal 4 Comhlachtaí na Gníomhaireachta

    Is é a bheidh sa Ghníomhaireacht:

    (a) Bord Bainistíochta;

    (b) Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an fhoireann; agus

    (c) Buanghrúpa Geallsealbhóirí.

    Airteagal 5 Bord Bainistíochta

    1. Saineoidh an Bord Bainistíochta treo ginearálta oibríocht na Gníomhaireachta agus áiritheoidh sé go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail atá leagtha síos sa Rialachán seo. Áiritheoidh sé freisin comhsheasmhacht obair na Gníomhaireachta le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais.

    2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta i gcomhaontú leis na seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin.

    3. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta i gcomhaontú leis na seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin. Poibleofar na rialacha sin.

    4. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus féadfaidh siad post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a bhaint uaidh. Beidh údarás araíonachta ag an mBord Bainistíochta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    5. Glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 13(3) agus glacfaidh sé an tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 14(2).

    6. Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Ní fhéadfaidh siad imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach,[31] mura gá go sonrach imeacht uaidh ar mhaithe le hoibríocht na Gníomhaireachta agus mura mbeidh sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

    7. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

    8. Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhlachtaí oibre a bhunú ina mbeidh a gcomhaltaí féin chun cúnamh a thabhairt dó agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear a chinntí a dhréachtú agus monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí sin.

    9. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an Plean Beartais Foirne Ilbhliantúil a ghlacadh, tar éis dó dul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin agus tar éis dó an tÚdarás Buiséadach a chur ar an eolas faoin méid sin.

    Airteagal 6 Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

    1. Beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát ar an mBord Bainistíochta mar aon le triúr ionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, triúr ionadaithe gan cearta vótála acu, arna gceapadh ag an gCoimisiún, agus déanfaidh an triúr sin ionadaíocht ar son ceann de na grúpaí seo a leanas:

    (a) tionscal teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide;

    (b) grúpaí tomhaltóirí;

    (c) saineolaithe acadúla i slándáil líonra agus faisnéise.

    2. Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a malartaigh ar bhonn an leibhéil taithí ábhartha agus saineolais atá acu i réimse na slándála líonra agus faisnéise.

    3. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige ionadaithe na ngrúpaí dá dtagraítear i mír 1(a), (b) agus (c). Féadfar an téarma oifige sin a shíneadh uair amháin. Má chuireann ionadaí deireadh lena chleamhnacht le grúpa leasa ar leith, ceapfaidh an Coimisiún duine ina áit.

    Airteagal 7 Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

    Toghfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí, ar feadh tréimhse inathnuaite trí bliana. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh ex officio mura féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas a dhéanamh.

    Airteagal 8 Cruinnithe

    1. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    2. Beidh dhá ghnáthchruinniú sa bhliain ag an mBord Bainistíochta. Tionólfar freisin cruinnithe urghnácha ar threoir an Chathaoirligh nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

    3. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige.

    Airteagal 9 Vótáil

    1. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí trí thromlach na gcomhaltaí sin a bhfuil ceart vótála acu.

    2. Tá tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu ag teastáil chun a rialacha nós imeachta, rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta, an buiséad agus an clár oibre bliantúil a ghlacadh agus chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a théarma oifige a shíneadh, nó a phost a bhaint uaidh.

    Airteagal 10 Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí, a bhainisteoidh an Ghníomhaireacht.

    2. Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a bhrisfidh as a phost é. Ceapfar é ar feadh tréimhse cúig bliana ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí sonraí. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar cuireadh a thabhairt don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.

    3. Le linn na naoi mí roimh dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheastóireacht a dhéanamh. Sa mheastóireacht sin, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo, go háirithe, a mheasúnú:

    - feidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

    - dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá le teacht.

    4. Ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún agus ag cur san áireamh na tuarascála meastóireachta agus sna cásanna siúd amháin ina dtugann dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta údarás dó, féadfaidh an Bord Bainistíochta téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh trí bliana ar a mhéad.

    5. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh. Laistigh de mhí roimh a théarma oifige a shíneadh, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.

    6. I gcás nach síneofar an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina phost go dtí go gceapfar a chomharba.

    7. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

    (a) riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

    (b) an clár oibre agus na cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

    (c) a áirithiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí i gcomhréir le riachtanais iad siúd a bhaineann úsáid as a seirbhísí, go háirithe i ndáil le leorgacht na seirbhísí arna soláthar;

    (d) gach a bhaineann go sonrach le cúrsaí foirne, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar treoracha ginearálta an Bhoird Bainistíochta agus cinntí ginearálta an Bhoird Bainistíochta;

    (e) teagmháil leis na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpach a fhorbairt agus a chothabháil;

    (f) teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil leis an bpobal gnó agus le heagraíochtaí tomhaltóirí d'fhonn idirphlé rialta le geallsealbhóirí ábhartha a áirithiú;

    (g) cúraimí eile arna sannadh dó leis an Rialachán seo.

    8. I gcás ina bhfuil gá leis, agus laistigh de chuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc de shaineolaithe a bhunú. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas roimh ré faoin méid sin. Sonrófar na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le comhdhéanamh, le ceapadh na saineolaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht na nGrúpaí Oibre ad hoc i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta.

    9. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann tacaíochta riaracháin agus acmhainní eile ar fáil don Bhord Bainistíochta nuair is gá.

    Airteagal 11 Buanghrúpa Geallsealbhóirí

    1. Bunóidh an Bord Bainistíochta Buanghrúpa Geallsealbhóirí ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ina mbeidh saineolaithe atá ina n-ionadaithe ar na geallsealbhóirí ábhartha, amhail tionscal theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, grúpaí tomhaltóirí, saineolaithe acadúla ar shlándáil líonra agus faisnéise agus údaráis um fhorghníomhú an dlí agus um chosaint príobháideachais.

    2. Sonrófar i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le líon, le comhdhéanamh agus le ceapadh na gcomhaltaí ag an mBord Bainistíochta, le togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht an Ghrúpa agus poibleofar iad.

    3. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina Chathaoirleach ar an nGrúpa.

    4. Tréimhse dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Ghrúpa. Ní fhéadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bheith ina gcomhaltaí den Ghrúpa. Beidh foireann an Choimisiúin i dteideal bheith i láthair ag na cruinnithe agus páirt a ghlacadh in obair an Ghrúpa.

    5. Tabharfaidh an Grúpa comhairle don Ghníomhaireacht maidir le feidhmiú a gníomhaíochtaí. Tabharfaidh an Grúpa, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre na Gníomhaireachta agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha agus maidir le haon saincheist a bhaineann leis an gclár oibre.

    ROINN 3 – OIBRÍOCHT

    AIRTEAGAL 12 Clár Oibre

    1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a hoibríochtaí i gcrích i gcomhréir lena clár oibre, ina mbeidh a gníomhaíochtaí beartaithe ar fad. Ní chuirfidh an clár oibre cosc ar an nGníomhaireacht tabhairt faoi ghníomhaíochtaí gan choinne a thagann faoina cuspóirí agus faoina cúraimí laistigh de theorainneacha a buiséid. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí sin na Gníomhaireachta nach bhfuil foráil déanta dóibh sa chlár oibre.

    2. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as dréachtchlár oibre na Gníomhaireachta a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle roimh ré le seirbhísí an Choimisiúin. Roimh an 15 Márta gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtchlár oibre don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

    3. Roimh an 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin. Beidh léargas ilbhliantúil mar chuid den chlár oibre. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go bhfuil an clár oibre ag teacht le cuspóirí na Gníomhaireachta agus le tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais sa réimse slándála líonra agus faisnéise.

    4. Eagrófar an clár oibre i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí (ABM). Beidh an clár oibre i gcomhréir leis an ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta agus le buiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais chéanna.

    5. Tar éis don Bhord Bainistíochta an clár oibre a ghlacadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus foilseofar é.

    Airteagal 13 Tuarascáil ghinearálta

    1. Gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-thuarascáil ghinearálta faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, ina gcumhdófar gníomhaíochtaí ar fad na Gníomhaireachta sa bhliain roimhe sin.

    2. Roimh an 31 Márta gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin.

    3. Tar éis don Bhord Bainistíochta an tuarascáil ghinearálta a ghlacadh, tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún í agus foilseofar í.

    Airteagal 14 Iarrataí chuig an nGníomhaireacht

    1. Cuirfear iarrataí ar chomhairle agus ar chúnamh a thagann faoi chuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus beidh faisnéis chúlra ag gabháil leo chun míniú an thabhairt ar an tsaincheist a mbeifear ag dul i ngleic léi. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi na hiarrataí a fhaightear, agus in am trátha, faoina ndearnadh maidir leis na hiarrataí sin. Má dhiúltaíonn an Ghníomhaireacht iarraidh, léireofar údar an chinnidh sin.

    2. Féadfaidh na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 teacht uathu seo a leanas:

    (a) Parlaimint na hEorpa;

    (b) an Chomhairle;

    (c) an Coimisiún;

    (d) aon údarás inniúil arna cheapadh ag Ballstát, amhail údarás náisiúnta rialála mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE.

    3. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta na socruithe praiticiúla maidir le mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, i dtaca le, go háirithe, na hiarratais a chuirtear isteach chuig an nGníomhaireacht, an tosaíocht a thugtar dóibh, an méid a dhéantar leo agus faisnéis ón mBord Bainistíochta ina dtaobh.

    Airteagal 15 Dearbhú leasa

    1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus oifigigh atá ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach dearbhú scríofa oibleagáidí agus dearbhú scríofa ina léirítear éagmais aon leasa dhírigh nó indírigh a d'fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais.

    2. Dearbhóidh saineolaithe seachtracha a ghlacann páirt i nGrúpaí Oibre ad hoc ag gach cruinniú aon leas a d'fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais i ndáil leis na hítimí atá ar an gclár agus ní ghlacfaidh siad páirt sna pléití ar na pointí sin.

    Airteagal 16 Trédhearcacht

    1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcuirfidh sí a gníomhaíochtaí i gcrích le leibhéal ard trédhearcachta agus i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14.

    2. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar faisnéis oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a thabhairt don phobal, go háirithe maidir le torthaí a cuid oibre, nuair is iomchuí. Poibleoidh sí freisin na dearbhuithe leasa arna ndéanamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ag na hoifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, mar aon leis na dearbhuithe leasa arna ndéanamh ag saineolaithe i dtaobh ítimí ar chláir chruinnithe na nGrúpaí Oibre ad hoc .

    3. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

    4. Ina rialacha inmheánacha oibríochta féin leagfaidh an Ghníomhaireacht síos na socruithe praiticiúla d'fhonn na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

    Airteagal 17 Rúndacht

    1. Gan dochar d'Airteagal 14, ní sceithfidh an Ghníomhaireacht le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aici ná arna tabhairt di má tá iarrtha uirthi déileáil go rúnda leis an bhfaisnéis sin.

    2. Tá comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna Grúpaí Oibre ad hoc , agus baill foirne na Gníomhaireachta, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, faoi réir ceanglas rúndachta faoi Airteagal 330 den Chonradh, fiú amháin nuair atá deireadh lena gcuid dualgas.

    3. Ina rialacha inmheánacha oibríochta féin leagfaidh an Ghníomhaireacht síos na socruithe praiticiúla d'fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

    4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh go gceadófar don Ghníomhaireacht faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil. Sa chás sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú leis seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, rialacha inmheánacha oibríochta a chuirfidh na prionsabail slándála i bhfeidhm atá ar áireamh i gCinneadh 2001/844/CE ón gCoimisiún, ECSC, Euratom an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha inmheánacha nós imeachta.[32] Cumhdóidh sé sin, inter alia, na forálacha le haghaidh faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

    Airteagal 18 Rochtain ar dhoiciméid

    1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

    2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh de shé mhí ón dáta a bhunófar an Ghníomhaireacht.

    3. Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 228 agus Airteagal 263 den Chonradh faoi seach.

    ROINN 4 FORÁLACHA AIRGEADAIS

    AIRTEAGAL 19 An buiséad a ghlacadh

    1. Is éard a bheidh in ioncaim na Gníomhaireachta, ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 29, agus ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

    2. Beidh ar áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta costais a bhaineann le foireann, le tacaíocht riaracháin agus theicniúil, le bonneagar agus le hoibríocht, chomh maith le costais a eascraíonn as conarthaí arna ndéanamh le tríú páirtithe.

    3. Faoin 1 Márta gach bliain ar a dhéanaí, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, agus cuirfidh sé é, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta.

    4. Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

    5. Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, bunaithe ar dhréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    6. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an ráiteas meastachán sin, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ann chomh maith leis an dréachtchlár oibre, a chur ar aghaidh, faoin 31 Márta ar a dhéanaí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Stáit sin a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích ag an Aontas Eorpach leo i gcomhréir le hAirteagal 24.

    7. Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas meastachán sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (a ngairfear 'an t-údarás buiséadach' orthu araon anseo feasta) in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    8. Ar bhonn an ráitis meastachán sin, cuirfidh an Coimisiún i dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 314 den Chonradh.

    9. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Ghníomhaireacht.

    10. Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

    11. Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta in éineacht leis an gclár oibre. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord Bainistíochta buiséad agus clár oibre na Gníomhaireachta a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh gan mhoill é chuig an gCoimisiún agus chuig an údarás buiséadach.

    Airteagal 20 Calaois a chomhrac

    1. D'fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).[33]

    2. Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise[34] agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha ábhartha is infheidhme ar fhoireann uile na Gníomhaireachta.

    Airteagal 21 An buiséad a chur chun feidhme

    1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

    2. Beidh na cumhachtaí céanna ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ar an nGníomhaireacht is atá aige ar ranna an Choimisiúin.

    3. Faoin 1 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[35] (dá ngairfear 'an Rialachán ginearálta Airgeadais' anseo feasta).

    4. Faoin 31 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chuig an údarás buiséadach freisin.

    5. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

    6. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

    7. Tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha sin, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiúin agus an Chúirt Iniúchóirí.

    8. Foilseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha.

    9. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

    10. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, mar atá leagtha síos in Airteagal 146(3) den Rialachán ginearálta Airgeadais.

    11. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle agus roimh 30 Aibreán den bhliain N + 2, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith an bhuiséid a chur chun feidhme do bhliain N.

    ROINN 5 FORÁLACHA GINEARÁLTA

    AIRTEAGAL 22 Stádas dlíthiúil

    1. Comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát sin ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    3. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 23 Foireann

    1. Beidh feidhm ag na rialacha agus na rialacháin is infheidhme ar oifigigh agus ar fhoireann eile an Aontais Eorpaigh maidir le foireann na Gníomhaireachta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh.

    2. Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta, i ndáil leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, na cumhachtaí a thugann na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a thugann na Coinníollacha Fostaíochta don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích.

    3. Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i ndáil le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a thugann na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a thugann na Coinníollacha Fostaíochta don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích.

    4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe ar iasacht ó Bhallstáit a fhostú. Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos ina rialacha inmheánacha oibríochta na socruithe praiticiúla chun an méid sin a chur chun feidhme.

    Airteagal 24 Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

    Airteagal 25 Dliteanas

    1. Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

    Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

    2. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon dochar a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas.

    Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr dochair den sórt sin.

    3. Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na coinníollacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 26 Teangacha

    1. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa[36] i leith na Gníomhaireachta. Féadfaidh na Ballstáit agus na comhlachtaí eile arna gceapadh acu dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht agus freagra a fháil ina rogha teanga de chuid an Aontais Eorpaigh.

    2. Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

    Airteagal 27 Sonraí pearsanta a chosaint

    Beidh an Ghníomhaireacht faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus sonraí a bhaineann le daoine aonair á bpróiseáil aici.

    Airteagal 28 Rannpháirtíocht tríú tíortha

    1. Féadfaidh tríú tíortha bheith páirteach sa Ghníomhaireacht má tá comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach, comhaontuithe trína nglacann na tíortha i dtrácht reachtaíocht an Aontais agus trína gcuireann siad an reachtaíocht sin i bhfeidhm sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    2. Déanfar socruithe faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, ina sonrófar go háirithe an bealach ina mbeidh na tíortha sin rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, a mhéid is a bheidh siad rannpháirteach agus an cur chuige a bheidh acu, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht sna tionscnaimh atá ar bun ag an nGníomhaireacht, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.

    ROINN 6 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    AIRTEAGAL 29 Clásal athbhreithnithe

    1. Laistigh de thrí bliana ón dáta bunaithe dá dtagraítear in Airteagal 34, cuirfidh an Coimisiún i gcrích, ag cur san áireamh dhearcadh na ngeallsealbhóirí ábhartha ar fad, meastóireacht ar bhonn na dtéarmaí tagartha arna gcomhaontú leis an mBord Bainistíochta. Déanfaidh an mheastóireacht measúnú ar thionchar agus ar éifeachtacht na Gníomhaireachta i dtaobh na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach, agus ar éifeachtacht chleachtais oibre na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an Coimisiún faoin meastóireacht go háirithe d'fhonn cinneadh a dhéanamh an uirlis éifeachtach í an Ghníomhaireacht fós agus ar cheart ré na Gníomhaireachta a shíneadh thar an tréimhse atá sonraithe in Airteagal 34.

    2. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus poibleofar iad.

    3. Gheobhaidh an Bord Bainistíochta an mheastóireacht agus eiseoidh sé moltaí don Choimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán sin, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Cuirfidh an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin torthaí na meastóireachta san áireamh i bpleanáil ilbhliantúil na Gníomhaireachta.

    Airteagal 30 Comhar an Bhallstáit óstaigh

    Áiritheoidh Ballstát aíochta na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr agus is féidir i gcomhair oibriú éifeachtach na Gníomhaireachta.

    Airteagal 31 Rialú riaracháin

    Beidh oibríochtaí na Gníomhaireachta faoi réir mhaoirseacht an Ombudsman, i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 den Chonradh.

    Airteagal 32 Aisghairm agus Comharbas

    1. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004.

    Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 agus do ENISA a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus don Ghníomhaireacht.

    2. Tagann an Ghníomhaireacht i gcomharbas ar an nGníomhaireacht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 460/2204 i ndáil le gach úinéireacht, comhaontú, oibleagáid dhlíthiúil, conradh fostaíochta, ceangaltas airgeadais agus dliteanas.

    Airteagal 33 Ré

    Bunófar an Ghníomhaireacht ón [...] ar feadh tréimhse cúig bliana.

    Airteagal 34 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm le héifeacht aige ón 14 Márta 2012 nó ar an lá tar éis a fhoilsithe, cibé acu is déanaí.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh [...],[...]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH NA dTOGRAÍ

    1. CREAT AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH

    1.1 Teideal an togra/an tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA)

    1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i struchtúr ABM/ABB[37]

    Sochaí Faisnéise agus Meáin Chumarsáide.

    Creat rialála don Chlár Digiteach.

    1.3. An cineál togra/tionscnaimh

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta[38]

    ( Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

    1.4. Cuspóirí

    1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Comhchuibheas cineálacha cur chuige rialála – treoir agus comhairle a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit chun creat normatach iomlánaíoch a nuashonrú agus a fhorbairt sa réimse slándála líonra agus faisnéise (NIS).

    Cosc, brath agus freagairt – ullmhacht a fheabhsú trí chur le cumas luathrabhaidh agus freagartha teagmhas ar leibhéal Eorpach agus le pleananna teagmhasacha agus cleachtaí uile-Eorpacha.

    Eolas a fheabhsú le haghaidh lucht déanta beartas – cúnamh a sholáthar agus comhairle a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit chun leibhéal ard eolais a bhaint amach, ar fud an Aontais, ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise agus an bealach a chuirtear i bhfeidhm ar gheallsealbhóirí an tionscail é. Áirítear leis sin sonraí a ghiniúint, a anailísiú agus a chur ar fáil maidir le heacnamaíocht agus tionchar sáruithe ar shlándáil líonra agus faisnéise, spreagadh do gheallsealbhóirí infheistiú i mbearta NIS, sainaithint riosca, táscairí staid NIS san Aontas, etc.

    Geallsealbhóirí a chumhachtú – cultúr bainistíochta slándála agus riosca a fhorbairt trí roinnt faisnéise agus comhar leathan idir gníomhairí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a spreagadh, chun leas díreach na saoránach agus d'fhonn cultúr feasachta faoi NIS a fhorbairt.

    An Eoraip a chosaint ó bhagairtí idirnáisiúnta – leibhéal ard comhair a bhaint amach le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun cur chuige comhchoiteann domhanda maidir le NIS a chur chun cinn agus chun tionchar a imirt ar thionscnaimh idirnáisiúnta ar ardleibhéal san Eoraip.

    I dtreo cur chun feidhme chomhoibríoch – comhoibriú a éascú i gcur chun feidhme beartas slándála líonra agus faisnéise.

    Cibearchoireacht a chomhrac – gnéithe NIS den chomhrac i gcoinne cibearchoireachta a chomhtháthú le linn pléití agus dea-chleachtas a mhalartú i measc geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe trí dhul i gcomhar le húdaráis an dara colún agus an tríú colún (a bhí ann roimhe seo), e.g. le Europol.

    1.4.2. Cuspóir(í) sonrach(a) agus gníomhaíocht(aí) ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach

    Slándáil líonra agus faisnéise a mhéadú, ar mhaithe le cultúr slandála líonra agus faisnéise a fhorbairt chun leasa na saoránach, na dtomhaltóirí, na ngnólachtaí agus eagraíochtaí na hearnála poiblí, agus dúshláin bheartais arna n-ardú ag líonraí na todhchaí agus ag an Idirlíon a aithint.

    Gníomhaíocht(aí) ABM/ABB lena mbaineann

    Beartas cumarsáide leictreonaí agus Slándáil Líonra

    1.4.3. An toradh/na torthaí agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Táthar ag súil go mbeidh an tionchar eacnamaíoch seo a leanas ag an tionscnamh:

    - infhaighteacht mhéadaithe ar fhaisnéis faoi dhúshláin agus faoi rioscaí reatha agus sa todhchaí i dtaobh slándála agus solúbthachta

    - neamh-dhúbailt iarrachtaí gach Ballstáit maidir le faisnéis ábhartha a bhailiú faoi rioscaí, faoi bhagairtí agus faoi leochaileachtaí

    - leibhéal níos airde eolasachta ag lucht déanta beartas agus cinntí á ndéanamh

    - cáilíocht mhéadaithe maidir le forálacha beartais NIS sna Ballstáit de bharr dea-chleachtais a scaipeadh

    - barainneachtaí an mhórscála i bhfreagairt ar theagmhais ar leibhéal an AE

    - tuilleadh infheistíochtaí mar thoradh ar chuspóirí comhchoiteanna beartais agus ar chaighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh slándála agus solúbthachta ar leibhéal an AE

    - rioscaí oibríochtúla laghdaithe le haghaidh lucht gnó de bharr leibhéal níos airde slándála agus solúbthachta

    - bearta níos comhtháite chun cibearchoireacht a chomhrac.

    Táthar ag súil go mbeidh an tionchar sóisialta seo a leanas ag an tionscnamh:

    - muinín mhéadaithe ag úsáideoirí as seirbhísí agus as córais na Sochaí Faisnéise;

    - muinín mhéadaithe as feidhmiú mhargadh inmheánach an AE trí leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach;

    - malartú méadaithe faisnéise agus eolais le tíortha nach bhfuil san AE;

    - cosaint níos fearr ar bhunchearta an duine san AE trí leibhéil chothroma chosanta a áirithiú maidir le sonraí agus príobháideachas shaoránaigh an AE.

    Meastar nach mbeidh mórán tionchair ar an gcomhshaol:

    - tionchar laghdaithe astuithe CO2 de bharr, mar shampla, níos lú taistil de bharr daoine a bheith ag brath níos mó ar úsáid córais agus seirbhísí TFC agus tomhaltas cumhachta laghdaithe de bharr barainneachtaí an mhórscála i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí slándála.

    1.4.1. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

    Is iad seo a leanas na táscairí monatóireachta de réir cuspóra:

    Comhchuibheas cineálacha cur chuige rialála

    - Líon na mBallstát a bhain úsáid as moltaí na Gníomhaireachta ina bpróiseas déanta beartas

    - Líon na staidéar atá dírithe ar bhearnaí agus ar neamhréireachtaí i réimse an chaighdeánaithe i ndáil le NIS

    - Éagsúlacht laghdaithe i dtaobh cur chuige na mBallstát i dtaca le NIS.

    Cosc, brath agus freagairt:

    - Líon na seisiún oiliúna maidir le slándáil líonra a eagraítear

    - Fáil ar chóras luathrabhaidh, atá ag feidhmiú, le haghaidh rioscaí agus ionsaithe atá ag teacht chun cinn

    - Líon na gcleachtaí NIS ar leibhéal an AE arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht

    Feabhsú ar eolas le haghaidh lucht déanta beartas:

    - Líon na staidéar chun faisnéis a bhailiú faoi rioscaí NIS agus faoi theicneolaíochtaí coiscthe riosca atá ann faoi láthair nó a bhfuiltear ag súil leo

    - Líon na gcomhairliúchán le comhlachtaí poiblí a dhéileálann le NIS

    - Fáil ar chreat Eorpach chun bailiú sonraí ar NIS a eagrú

    Geallsealbhóirí a chumhachtú:

    - Líon na ndea-chleacthas sainithe le haghaidh lucht tionscail

    - Leibhéal infheistíochta geallsealbhóirí príobháideacha i mbearta slándála

    An Eoraip a chosaint ó bhagairtí idirnáisiúnta:

    - Líon na gcomhdhálacha/na gcruinnithe idir Ballstáit an AE chun spriocanna le haghaidh NIS arna gcomhaontú i gcoitinne a shainiú

    - Líon na gcruinnithe idir saineolaithe NIS Eorpacha agus idirnáisiúnta

    I dtreo cur chun feidhme chomhoibríoch:

    - Líon na measúnuithe ar chomhlíonadh rialála

    - Líon cleachtais NIS ar fud na hEorpa

    Cibearchoireacht a chomhrac:

    - Rialtacht na n-idirghníomhaíochtaí le gníomhaireachtaí an dara colún agus an tríú colún a bhí ann roimhe seo

    - An líon uaireanta inar cuireadh saineolais ar fáil le linn imscrúduithe coiriúla

    1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh

    1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Cruthaíodh ENISA sa bhliain 2004 chun déileáil le bagairtí don tslándáil líonra agus faisnéise agus le sáruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh air. Ó shin i leith, tá na dúshláin a bhaineann le slándáil líonra agus faisnéise athruithe mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta agus forbairtí sa mhargadh agus tá siad mar ábhar machnaimh agus díospóireachta breise, rud a cheadaíonn nuashonrú agus tuairisc níos mionsonraithe anois ar na fadhbanna a aithnítear agus ar an tslí ina n-imrítear tionchar orthu de bharr na n-athruithe ar an NIS.

    1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Ní leanann fadhbanna slándála líonra agus faisnéise na teorainneacha náisiúnta agus ní féidir déileáil leo go héifeachtach, dá bhrí sin, ar an leibhéal náisiúnta amháin. Tá éagsúlacht mhór ann, mar sin féin, sa tslí ina ndéileálann na húdaráis phoiblí i mBallstáit dhifriúla leis an bhfadhb. Is féidir leis na difríochtaí sin bheith ina mbac mór ar chur chun feidhme meicníochtaí iomchuí uile-Aontais ar mhaithe le slándáil líonra agus faisnéise a fheabhsú san Eoraip. De bhrí go bhfuil na bonneagair TFC nasctha le chéile bíonn éifeachtacht na mbeart a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta i mBallstát amháin faoi thionchar easpa éifeachtachta i mbearta Ballstát eile agus easpa comhair chórasaigh thar theorainneacha. D'fhéadfadh easpa beart slándála líonra agus faisnéise a chruthaíonn fadhb i mBallstát amháin briseadh i seirbhísí a chruthú i mBallstáit eile.

    Lena chois sin, is éard a chiallaíonn iolrú na gceanglas slándála ualach costais ar ghnólachtaí a oibríonn ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus cruthaíonn sé ilroinnt agus easpa iomaíochais i margadh inmheánach na hEorpa.

    Cé go bhfuil méadú ag teacht ar an spleáchas ar chórais líonra agus faisnéise, is léir nach n-ullmhaítear a dhóthain chun dul i ngleic le teagmhais.

    Tá easpaí móra ann sna córais náisiúnta mar atá siad maidir le luathrabhadh a thabhairt agus teagmhais a láimhseáil. Tá difríocht mhór idir na Ballstáit ó thaobh próiseas agus cleachtas chun monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar theagmhais slándála líonra. I roinnt tíortha, bíonn easpa foirmiúlachta i gceist leis na próisis agus i dtíortha eile níl aon údarás inniúil ann le tuairiscí ar theagmhais a fháil agus a phróiseáil. Níl ann do chórais Eorpacha. I ngeall ar an méid sin, d'fhéadfadh teagmhais slándála líonra agus faisnéise briseadh mór a dhéanamh ar sholáthar na mbunriachtanas agus ba cheart freagairtí iomchuí a ullmhú. Cuireadh béim freisin sa Teachtaireacht ar CIIP ón gCoimisiún ar an ngá atá ann le cumas luathrabhaidh agus freagartha teagmhas ar leibhéal Eorpach, a bhféadfadh cleachtaí ar scála Eorpach tacú go mór leis.

    Is léir go bhfuil gá ann le hionstraimí beartais a dhíreodh go réamhghníomhach ar rioscaí agus ar leochaileachtaí sa tslándáil líonra agus faisnéise a aithint, a bhunódh meicníochtaí freagartha iomchuí (e.g. trí dhea-chleachtais a aithint agus a scaipeadh), agus a áiritheodh go mbeadh na geallsealbhóirí ar an eolas faoi na meicníochtaí freagartha sin agus go gcuirfidís i bhfeidhm iad.

    1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chomhchosúil roimhe seo

    Féach Pointí 1.5.1 agus 1.5.2.

    1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

    Tá an tionscnamh seo comhtháite go hiomlán leis an díospóireacht ghinearálta ar shlándáil líonra agus faisnéise agus ar thionscnaimh bheartais eile a dhíríonn ar an todhchaí a bheidh ag slándáil líonra agus faisnéise. Tá sé ar cheann de na príomhghnéithe sa Chlár Digiteach don Eoraip, ar thionscnamh suaitheanta de straitéis Eoraip 2020 é.

    1.6. Fad agus tionchar airgeadais

    ( Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

    - ( Cuirfear tús leis an síneadh 5 bliana an 14.3.2012 nó ar an lá ar a thiocfaidh an Rialachán nua i bhfeidhm, cibé acu is déanaí.

    - ( Tionchar airgeadais ó 2012 go 2017

    ( Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

    - Cur chun feidhme le tréimhse tosaigh ó YYYY go YYYY,

    - obair ar scála iomlán ina dhiaidh sin.

    1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[39]

    ( Bainistíocht láraithe dhíreach ag an gCoimisiún

    ( Bainistíocht láraithe indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    - ( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    - ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[40]

    - ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    - ( daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ( Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

    ( Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    ( Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (le sonrú)

    2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe

    Tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as monatóireacht éifeachtach agus meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta os coinne a cuspóirí agus cuireann sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

    Dréachtaíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil ghinearálta a fholaíonn gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta sa bhliain roimhe sin, agus a chuireann i comparáid, go háirithe, na torthaí atá bainte amach agus cuspóirí an chláir bhliantúil oibre. Tar éis don Bhord Bainistíochta í a ghlacadh, cuirtear an tuarascáil seo ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún agus foilsítear í.

    2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1. An riosca/na rioscaí a aithníodh

    Ó bunaíodh ENISA in 2004, tá sé faoi réir meastóireachtaí seachtracha agus inmheánacha.

    I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán ENISA, ba é an chéad chéim sa phróiseas seo go ndéanfadh painéal saineolaithe seachtracha meastóireacht neamhspleách ar ENISA in 2006/2007. Dearbhaíodh sa tuarascáil a rinne an painéal saineolaithe seachtracha[41] go bhfuil na bunchúiseanna beartais le ENISA a bhunú fós bailí chomh maith lena spriocanna bunaidh agus bhí an tuarascáil ina siocair le roinnt de na saincheisteanna a bhfuil réiteach ag teastáil orthu a tharraingt anuas.

    I mí an Mhárta 2007 chuir an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, agus ina dhiaidh sin, rinne an bord a mholtaí féin ar thodhchaí na Gníomhaireachta agus ar athruithe ar Rialachán ENISA[42].

    I mí an Mheithimh, chuir an Coimisiún Teachtaireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena luacháil féin ar thorthaí na meastóireachta seachtraí agus ar mholtaí an Bhoird Bainistíochta[43]. Luadh sa Teachtaireacht go gcaithfear rogha a dhéanamh idir sainordú na Gníomhaireachta a shíneadh nó meicníocht eile a chur in ionad na Gníomhaireachta, amhail buanfhóram geallsealbhóirí nó líonra eagraíochtaí slándála. I dteannta na Teachtaireachta, seoladh comhairliúchán poiblí ar an ábhar freisin, inar iarradh ionchur ó gheallsealbhóirí Eorpacha le liosta ceisteanna chun breis díospóireachtaí a threorú[44].

    2.2.2. Modh(anna) rialaithe atá beartaithe

    Féach pointe 2.1 agus pointe 2.2.1, thuas

    2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Déanann foireann na Gníomhaireachta seiceáil ar íocaíochtaí le haghaidh seirbhíse nó staidéir ar bith a iarrtar, agus cuirtear san áireamh aon oibleagáid chonarthach, prionsabal eacnamaíoch agus dea-chleachtas airgeadais nó bainistíochta. Áireofar forálacha frith-chalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairiscithe, etc.) i ngach comhaontú agus conradh a thabharfar i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus faighteoirí aon íocaíochtaí.

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1. Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    - Línte buiséid atá ann cheana don chaiteachas

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    Uimhir / Tuairisc | LD /LN ([45]) | ó thíortha an CSTE[46] | ó thíortha is iarrthóirí[47] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    1.a Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta | 09 02 03 01 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2 | LD | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |

    09 02 03 02 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise – Fóirdheontas faoi Theidil 3 | LD | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |

    5 Caiteachas riaracháin | 09 01 01 Caiteachas a bhaineann le foireann atá i bhfostaíocht i réimse bheartas na sochaí faisnéise agus na meán | LN | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL |

    09 01 02 11 Caiteachas bainistíochta eile | LN | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL |

    * Tréimhse cláraithe 2007-2013. An creat airgeadais ilbhliantúil post-2013.

    3.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas

    3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | 1.a | Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta |

    Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) |

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 3,5 | 3,5 | 3,5 | -- | -- | -- | -- |

    IOMLÁN | 3,5 | 3,5 | 3,5 | -- | -- | -- | -- |

    - b) Acmhainní daonna ENISA

    1 Eanáir-13 Márta 2012 | 14 Márta-31 Nol 2012 | 2013 | 2014 | 2015 | 2016 | 1 Eanáir-13 Márta 2017 |

    Plean bunaíochta ENISA (i bpoist choibhéiseacha lánaimseartha (FTE)) |

    Foireann eile (FTE) |

    Gníomhairí ar conradh | 13 | 14 | 14 | -- | -- | -- | -- |

    Saineolaithe náisiúnta ar iasacht | 5 | 5 | 5 | -- | -- | -- | -- |

    Iomlán foirne eile | 18 | 19 | 19 | -- | -- | -- | -- |

    IOMLÁN | 62 | 66 | 66 | -- | -- | -- | -- |

    Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag foireann na Gníomhaireachta:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | Leanfaidh an Ghníomhaireacht: le feidhmeanna comhairliúcháin agus comhordaithe, i gcás ina mbailíonn sí agus ina ndéanann sí anailís ar shonraí faoi shlándáil faisnéise. Sa lá atá inniu ann, bailíonn idir eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a bhfuil cuspóirí difriúla acu sonraí faoi theagmhais i dteicneolaíocht faisnéise agus sonraí eile atá ábhartha maidir le slándáil faisnéise. Níl eintiteas lárnach ar leibhéal Eorpach, áfach, ar féidir leis, ar shlí chuimsitheach, sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus tuairimí agus comhairle a sholáthar chun tacú leis an obair ar bheartais an Aontais ar shlándáil líonra agus faisnéise; ag freastal mar lárionad saineolais ar a mbeidh idir Bhallstáit agus institiúidí Eorpacha in ann tuairimí agus comhairle ar chúrsaí teicniúla i ndáil le slándáil a iarraidh; ag cuidiú le comhar ginearálta idir gníomhaithe éagsúla i réimse na slándála faisnéise, e.g. cuidiú sna gníomhaíochtaí leantacha ag tacú le ríomhghnó slán. Beidh comhar den sórt sin ina réamhriachtanas ríthábhachtach le haghaidh feidhmiú slán líonraí agus córas faisnéise san Eoraip. Is gá go mbeidh na geallsealbhóirí ar fad rannpháirteach ann agus baint acu leis; ag cuidiú le cur chuige comhordaithe i leith slándála faisnéise trí bhíthin tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit, e.g. maidir le measúnú riosca a chothú agus le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta; ag áirithiú idir-inoibritheacht líonraí agus córas faisnéise nuair a chuireann Ballstáit ceanglais theicniúla a bhaineann le slándáil i bhfeidhm; ag aithint na riachtanas ábhartha do chaighdeánú agus ag déanamh measúnaithe ar chaighdeáin slándála reatha agus scéimeanna deimhniúcháin agus a n-úsáid is forleithne is féidir a chur chun cinn chun tacú leis an reachtaíocht Eorpach; ag tacú le comhar idirnáisiúnta sa réimse seo, comhar atá ag éirí níos riachtanaí de réir mar a éiríonn saincheisteanna faoi shlándáil líonra agus faisnéise níos domhanda. |

    Pearsanra seachtrach | Féach thuas |

    - 3.2.4. Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    - ( Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    - ( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

    - ( Éilítear sa togra/sa tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[49].

    Déanfar imscrúdú ar mhaoiniú ón AE tar éis 2013 i gcomhthéacs díospóireachta ar fud an Choimisiúin ar na tograí go léir don tréimhse tar éis 2013. Ciallaíonn sé sin go dtíolacfaidh an Coimisiún ráiteas airgeadais reachtach leasaiths, ag cur san áireamh conclúidí an mheasúnaithe iarmharta, a luaithe is a bheidh togra déanta ag an gCoimisiún maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

    3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    - ( Níl foráil sa togra/tionscnamh do chómhaoiniú ó thríú páirtithe

    - ( Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    |1 Eanáir-13 Márta 2012 |14 Márta-31 Nol 2012 |2013 |2014 |2015 |2016 |1 Eanáir-13 Márta 2017 | IOMLÁN 14 Márta 2012-13 Márta 2017 | |CSTE |0,042 |0,160 |0,206 |-- |-- |-- |-- |-- | |

    3.3. An tionchar a mheastar ar ioncam

    - ( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

    - ( Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscamh:

    - ( tionchar ar acmhainní dílse

    - ( tionchar ar ioncam ilghnéitheach

    [1] Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (IO L 077, 13.3.2004, lch. 1).

    [2] Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 293, 31.10.2008, lch. 1).

    [3] Tá an tuarascáil achomair ar thorthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí 'Towards a Strengthened Network and Information Security Policy in Europe' i gceangal leis an Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo (Iarscríbhinn 11).

    [4] COIM(2009) 149, 30.3.2009.

    [5] Plépháipéar: http://www.tallinnciip.eu/doc/discussion_paper_-_tallinn_ciip_conference.pdf

    Conclúidí na hUachtaránachta:http://www.tallinnciip.eu/doc/EU_Presidency_Conclusions_Tallinn_CIIP_Conference.pdf.

    [6] Rún ón gComhairle an 18 Nollaig 2009 maidir le cur chuige comhoibríoch i leith Slándála Gréasáin agus Faisnéise (IO C 321, 29.12.2009, lch. 1).http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:C:2009:321:0001:0004:EN:PDF.

    [7] COIM(2010) 245, 19.5.2010.

    [8] Rinne Rún ón gComhairle an 18 Nollaig 2009 maidir le cur chuige comhoibríoch i leith Slándála Líonra agus Faisnéise foráil freisin go: 'Aithníonn [...] an Chomhairle [...]an tábhacht a bhaineann le héifeachtaí, rioscaí agus ionchais straitéiseacha a fhiosrú d'fhonn Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire a bhunú d'institiúidí an AE agus le machnamh a dhéanamh ar ról féideartha ENISA amach anseo ina thaobh sin.'

    [9] Féach Iarscríbhinn XI den Mheasúnú Iarmharta

    [10] Féach Iarscríbhinn IV den Mheasúnú Iarmharta.

    [11] IO C 115, 9.5.2008, lch. 94.

    [12] CBE 2.5.2006, C-217/04, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

    [13] Cf. supra.

    [14] Tá difríocht sa ghnáthnós imeachta reachtach go háirithe i dtéarmaí riachtanas tromlach sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa.

    [15] IO C , , lch. .

    [16] IO C , , lch. .

    [17] IO L 77, 13.3.2004, lch. 1.

    [18] IO L 293, 31.10.2008, lch 1.

    [19] COIM(2006) 251, 31.5.2006.

    [20] Rún ón gComhairle an 22 Márta 2007 maidir le Straitéis le haghaidh Sochaí Faisnéise Sláine san Eoraip (IO C 68, 24.3.2007, lch. 1).

    [21] COIM(2009) 149, 30.3.2009.

    [22] Rún ón gComhairle an 18 Nollaig 2009 maidir le cur chuige comhoibríoch i leith Slándála Líonra agus Faisnéise (IO C 321, 29.12.2009, lch. 1).

    [23] COIM(2010)245, 19.5.2010.

    [24] IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

    [25] IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

    [26] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

    [27] IO L 337, 18.12.2009, lch.1.

    [28] IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

    [29] Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    [30] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch.1).

    [31] IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

    [32] IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

    [33] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

    [34] IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

    [35] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

    [36] IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 1994.

    [37] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

    [38] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

    [39] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [40] Mar a thagraítear dó in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

    [41] http://ec.europa.eu/dgs/information_society/evaluation/studies/index_en.htm.

    [42] Mar a fhoráiltear in Airteagal 25 de Rialachán ENISA. Tá téacs iomlán an doiciméid a ghlac Bord Bainistíochta ENISA, ina bhfuil barúlacha an Bhoird freisin, le fáil ar an suíomh gréasáin a leanas:http://enisa.europa.eu/pages/03_02.htm.

    [43] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoi mheastóireacht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA) COIM(2007) 285 leagan deireanach, 1.6.2007: http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:52007DC0285:EN:NOT.

    [44] http://ec.europa.eu/yourvoice/ipm/forms/dispatch?form=EnisaFuture&lang=en.

    [45] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

    [46] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [47] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

    [48] Níor líonadh isteach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach mar nach mbaineann sé leis an togra reatha

    [49] Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    Top