EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0505

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar

/* COM/2010/0505 final - COD 2010/0258 */

52010PC0505

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar /* COM/2010/0505 final - COD 2010/0258 */


GA

An Bhruiséil 24.9.2010

COIM(2010) 505 leagan deireanach

2010/0258 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar

(Athmhúnlú)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Chinn [1] an Coimisiún an 1 Aibreán 1987, a threorú dá fhoireann gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart do ranna féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

2. Thionscain an Chomhairle códú Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 an 25 Bealtaine 1998 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar [2]. Bhí an Rialachán nua le hionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann [3] a ghlacadh; bhí inneachar na n-ionstraimí sin le caomhnú go hiomlán agus, ar an ábhar sin, ní bheadh sé i gceist leis an Rialachán nua ach na hionstraimí sin a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin amháin a raibh gá leo don phróiseas códúcháin féin á gcur san áireamh.

3. Idir an dá linn, tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a ghlacadh.

4. D'fhéadfadh sé go mbeadh tarmligean cumhachta den sórt sin oiriúnach i gcás forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1172/98. Is iomchuí, dá bhrí sin, códúchán Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 a athmhúnlú chun na leasuithe is gá a chuimsiú.

5. Tarraingíodh suas an togra athmhúnlúcháin ar bhonn réamh-chomhdhlúthú Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 agus na n-ionstraimí lena leasaítear é, sna teangacha oifigiúla go léir. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás inar tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán athmhúnlaithe.

1172/98 (oiriúnaithe)

2010/0258 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar

(Athmhúnlú)

(Téacs is ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe, mír 1 d'Airteagal 338 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [4],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

nua

(1) Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 ón gComhairle an 25 Bealtaine 1998 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí [5] de bhóthar a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta [6]. Ós rud é go bhfuil leasuithe eile le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

1172/98 Aithris 1 (oiriúnaithe)

(2) D'fhonn na cúraimí atá air i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair a chomhlíonadh, ní foláir go mbeidh curtha ar fáil don Choimisiún sonraí staidrimh atá inchomparáide, iontaofa, sioncrónaithe, rialta agus cuimsitheach i dtaobh fairsinge agus forbairt iompair earraí de bhóthar ag feithiclí atá cláraithe san Aontas agus i dtaobh a mhéid a bhaintear úsáid as feithiclí atá i mbun an iompair sin.

1172/98

(3) Is gá staidreamh réigiúnach cuimsitheach a thiomsú maidir le hiompar earraí agus turais feithiclí araon.

1172/98 (oiriúnaithe)

(4) Is cuí, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfar tuairisc ar thionscnamh agus ar cheann scríbe réigiúnach an iompair a dhéantar laistigh den Aontas ar na boinn chéanna leis an iompar náisiúnta, agus go ndéanfar nasc idir iompar earraí agus turais feithiclí trí bhíthin a mhéid a bhaintear úsáid as feithiclí atá i mbun an iompair sin a thomhas.

1172/98

(5) I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir tabhairt go héifeachtach faoi chaighdeáin chomhchoiteanna staidrimh a chruthú d'fhonn faisnéis chomhchuibhithe a sholáthar, agus sonraí á mbailiú i ngach Ballstát faoi údarás na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí sin atá freagrach as staidreamh oifigiúil a thiomsú.

(6) Soláthraíonn Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Comhphobail agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 maidir le sonraí staidrimh atá faoi réir rúndachta a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear coiste um chlár staidrimh na gComhphobal Eorpach [7], creat tagartha do na forálacha atá leagtha síos leis an Rialachán seo, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le rochtain ar fhoinsí sonraí riaracháin, a bhaineann le héifeachtúlacht costais na n-acmhainní atá ar fáil agus le rúndacht staidrimh.

(7) Is gá sonraí leithleacha a chur in iúl, chomh luath agus a dhéanfar díthainmneach iad, chun cruinneas foriomlán na dtorthaí a mheas.

(8) Tá sé tábhachtach a áirithiú go scaipfear an fhaisnéis staidrimh go leormhaith.

399/2009 Aithris 1

(9) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [8].

399/2009 Aithris 4

nua

(10) Ba cheart go dtabharfaí cumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar gníomhartha iad a bhaineann le glacadh saintréithe bailithe sonraí agus inneachar na nIarscríbhínní agus chun ceanglais íosta maidir le mionchruinneas do na torthaí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit agus nósanna imeachta cur chun feidhme an Rialacháin seo a leagan síos, lena n-áirítear bearta chun é a chur in oiriúint don dul chun cinn eacnamaíoch agus teicniúil. Ó tharla gur le haghaidh gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh na bearta sin a bhfuil raon feidhme ginearálta acu, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/486/CE,

1172/98 (oiriúnaithe)

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Tiomsóidh gach Ballstát staidreamh don Aontas maidir le hiompar earraí de bhóthar trí bhíthin feithiclí bóthair iompair earraí atá cláraithe sa Bhallstát sin, agus maidir leis na turais a dhéanfaidh feithiclí den sórt sin.

1172/98

2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar earraí de bhóthar trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a) feithiclí bóthair iompair earraí a dtéann a meáchan údaraithe nó a dtoisí údaraithe thar na teorainneacha a cheadaítear de ghnáth sna Ballstáit i dtrácht;

(b) feithiclí talmhaíochta, feithiclí míleata agus feithiclí ar leis na riaracháin phoiblí lárnacha nó áitiúla iad, cé is moite d'fheithiclí bóthair iompair earraí ar le gnóthais phoiblí iad, agus go háirithe gnóthais iarnróid.

Féadfaidh gach Ballstát a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo feithiclí bóthair iompair earraí a bhfuil a n-acmhainn ualaigh nó a n-uasmheáchan ualaithe is incheadaithe faoi bhun teorann áirithe. Ní fhéadfaidh an teorainn seo dul thar acmhainn ualaigh 3.5 tonna nó thar an uasmheáchan údaraithe 6 thonna i gcás mótarfheithiclí aonair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) "iompar earraí de bhóthar": gach cineál iompair earraí trí bhíthin feithicle bóthair iompair earraí;

(b) "feithicil bhóthair iompair": feithicil bhóthair a bhfuil inneall feistithe uirthi agus a ghluaistear trí bhíthin an innill sin amháin, agus a úsáidtear de ghnáth chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar, nó chun feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar a tharraingt ar an mbóthar;

(c) "feithicil bhóthair chun earraí a iompar": feithicil bhóthair atá ceaptha go heisiach nó go príomha chun earraí a iompar (leoraí, leantóir, leathleantóir);

(d) "feithicil bhóthair iompair earraí": aon fheithicil bhóthair iompair (leoraí), nó aon chónasc feithiclí bóthair, eadhon traein bhóthair (leoraí agus leantóir in éineacht) nó feithicil altach (tarracóir bóthair agus leathleantóir in éineacht), atá ceaptha chun earraí a iompar;

(e) "leoraí": feithicil bhóthair dhocht atá ceaptha go heisiach nó go príomha chun earraí a iompar;

(f) "tarracóir bóthair": feithicil bhóthair iompair atá ceaptha go heisiach nó go príomha chun feithiclí bóthair eile, nach bhfuil cumhacht-tiomáinte (leathleantóirí den chuid is mó), a tharlú;

(g) "leantóir": feithicil bhóthair chun earraí a iompar atá ceaptha chun bheith tarlaithe ag feithicil bhóthair;

(h) "leathleantóir": feithicil bhóthair gan aon acastóir tosaigh chun earraí a iompar agus atá ceaptha ar an tslí sin go mbeidh cuid den fheithicil agus cuid mhór dá meáchan ualaithe ina luí ar an tarracóir bóthair;

(i) "feithicil altach": tarracóir bóthair atá cúpláilte le leathleantóir;

(j) "traein bhóthair": feithicil bhóthair iompair earraí, lena n-áirítear leantóir a bheith cúpláilte léi.

Folaítear sa chatagóir seo freisin feithicil altach a bhfuil leantóir breise ceangailte de;

(k) "cláraithe": bheith taifeadta i gclár feithiclí bóthair iompair, arna choimeád ag comhlacht oifigiúil i mBallstát, cibé acu a eisítear pláta clárúcháin leis sin nó nach n-eisítear.

I gcás iompair ina n-úsáidtear cónasc feithiclí bóthair iompair, eadhon traein bhóthair (leoraí agus leantóir in éineacht) nó feithicil altach (tarracóir bóthair agus leathleantóir in éineacht), agus ina bhfuil an fheithicil iompair bóthair (leoraí nó tarracóir bóthair) agus an leantóir nó an leathleantóir cláraithe i dtíortha éagsúla, measfar go mbeidh an fheithicil iomlán cláraithe sa tír sin ina bhfuil an fheithicil bóthair iompair cláraithe;

(l) "acmhainn ualaigh": uasmheáchan na n-earraí is incheadaithe arna dhearbhú ag an údarás inniúil sa tír ina bhfuil an fheithicil cláraithe.

I gcás gur leoraí agus leantóir í an fheithicil bhóthair iompair earraí, is é acmhainn ualaigh na traenach iomlán acmhainní ualaigh an leoraí agus an leantóra;

(m) "an t-uasmheáchan údaraithe": iomlán mheáchan na feithicle (nó an chónaisc feithiclí) nuair atá sí ina stad agus réidh chun an bhóthair agus mheáchan an ualaigh is incheadaithe arna dhearbhú ag an údarás inniúil sa tír ina bhfuil an fheithicil cláraithe;

1172/98 (oiriúnaithe)

(n) 'Eurostat': roinn an Choimisiúin atá freagrach as na cúraimí, atá curtha ar an institiúid sin, a chomhlíonadh sa réimse a bhaineann le staidreamh Aontais a sholáthar.

1172/98

Airteagal 3

Sonraí a thiomsú

1. Tiomsóidh na Ballstáit sonraí staidrimh a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:

(a) an fheithicil;

(b) an turas;

(c) na hearraí.

2. Leagtar amach in Iarscríbhinní I go dtí VII na hathróga staidrimh i ngach réimse, a sainmhínithe agus leibhéil an aicmithe a úsáidtear chun iad a mhiondealú.

3. Nuair a bheidh an modh á shocrú atá le húsáid chun sonraí staidrimh a thiomsú, staonfaidh na Ballstáit ó aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích ag na teorainneacha idir na Ballstáit.

399/2009 Airt. 1(1)

nua

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 8 chun na saintréithe a bhaineann le sonraí a thiomsú agus inneachar Iarscríbhinní I-VII a leagan síos. Glacfar na bearta sin, atá ceaptha chun gnéithe neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú.

399/2009 Airt 1(2)

nua

Airteagal 4

Mionchruinneas torthaí

Ní mór na modhanna tiomsaithe agus próiseála sonraí a dhearadh ar shlí go n-áiritheofar go mbeidh na torthaí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit ag cloí le caighdeáin íosta maidir le mionchruinneas, agus saintréithe struchtúracha á gcur san áireamh a bhaineann le hiompar bóthair sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun ceanglais maidir le mionchruinneas a leagan síos a leagan síos.

1172/98

Airteagal 5

Torthaí a tharchur chuig Eurostat

1. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig Eurostat gach ráithe sonraí leithleacha a bheidh fíoraithe go cuí agus a chomhfhreagróidh do na hathróga dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I, gan an t-ainm, an seoladh ná an chláruimhir a thabhairt le fios.

Áireofar sa tarchur sin, más gá, sonraí a bhaineann le ráithí roimhe sin nuair a bhí na sonraí sin a tugadh sealadach.

399/2009 Airt. 1(3)

2. Leagfar síos na socruithe a bhaineann leis na sonraí a tharchur dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear, más gá, na táblaí staidrimh bunaithe ar na sonraí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

1172/98

3. Déanfar na sonraí a tharchur laistigh de chúig mhí ó dheireadh gach tréimhse ráithiúla breathnadóireachta.

Folófar sa chéad tarchur an chéad ráithe de 1999.

399/2009 Airt. 1(4)

Airteagal 6

Torthaí a scaipeadh

Leagfar síos i gcomhréir leis an nós imeachta bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) na forálacha a bhaineann leis na torthaí staidrimh a scaipeadh maidir le hiompar earraí de bhóthar, lena n-áirítear struchtúr agus inneachar na dtorthaí a bheidh le scaipeadh.

1172/98

Airteagal 7

Tuarascálacha

1. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar na modhanna a bhaineann le sonraí a thiomsú ar aghaidh chuig Eurostat ar an dáta a chuirfear chéad fhaisnéis na ráithe ar aghaidh nó roimh an dáta sin.

Cuirfidh na Ballstáit sonraí maidir le haon athruithe substaintiúla a dhéanfar ar na modhanna a bhaineann le sonraí a thiomsú ar aghaidh, más gá, chuig Eurostat freisin.

2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil do Eurostat gach bliain maidir le méideanna samplacha, rátaí neamhfhreagartha agus faisnéis, i bhfoirm earráide caighdeánaí nó eatramh muiníne, maidir le chomh hiontaofa agus a bheidh na príomhthorthaí.

nua

Airteagal 8

An tarmligean a fheidhmiú

1. Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 9 agus in Airteagal 10 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 9

An tarmligean a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm.

2. Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus an Coimisiún mí amháin ar a dhéanaí mí sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna atá leis an gcúlghairm.

3. Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 10

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

2. Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, nó más rud é, roimh an dáta sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil ar intinn acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta a luaitear sa ghníomh tarmligthe sin.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

399/2009 Airt. 1(6) (oiriúnaithe)

Airteagal 11

An nós imeachta coiste

1. Beidh cúnamh le fáil ag an gCoimisiún ón gCoiste Córais Staidrimh Eorpaigh, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí atá sa tréimhse a leagadh síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus 5a agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/98.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IX.

1172/98

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

1172/98 (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINNÍ

Iarscríbhinn I | LIOSTA ATHRÓG |

Iarscríbhinn II | AINMNÍOCHT CUMRAÍOCHTAÍ ACASTÓIRÍ |

Iarscríbhinn III | AINMNÍOCHT CINEÁLACHA TURAIS |

Iarscríbhinn IV | AINMNÍOCHT EARRAÍ |

Iarscríbhinn V | AINMNÍOCHT CATAGÓIRÍ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA |

Iarscríbhinn VI | AINMNÍOCHT CINEÁLACHA LASTA |

Iarscríbhinn VII | IONAID LUCHTAITHE AGUS DÍLUCHTAITHE A CHÓDÚ DE RÉIR TÍORTHA AGUS RÉIGIÚN |

Iarscríbhinn VIII | RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR |

Iarscríbhinn IX | AN TÁBLA COMHGHAOIL |

_______________

1172/98

1 1893/2006 Airt. 13

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA ATHRÓG

Déantar miondealú mar seo a leanas ar an bhfaisnéis atá le tabhairt maidir le gach feithicil:

A1. sonraí a bhaineann leis an bhfeithicil;

A2. sonraí a bhaineann leis an turas;

A3. sonraí a bhaineann leis na hearraí (san oibríocht bhunúsach iompair).

A1 ATHRÓGA A BHAINEANN LEIS AN bhFEITHICIL

De bhun an tsainmhínithe a thugtar in Airteagal 2, is é atá i gceist le feithicil bhóthair iompair earraí aon fheithicil bhóthair iompair aonair (leoraí), nó aon chónasc feithiclí bóthair, eadhon traein bhóthair (leoraí agus leantóir in éineacht) nó feithicil altach (tarracóir bóthair agus leathleantóir in éineacht) chun earraí a iompar.

Is iad seo a leanas na sonraí atá le tabhairt maidir leis an bhfeithicil:

1. cibé acu is féidir na feithiclí a úsáid le haghaidh iompair chomhcheangailte nó nach féidir (roghnach);

2. cumraíocht acastóirí de réir Iarscríbhinn II (roghnach);

3. aois na feithicle bóthair iompair (leoraí nó tarracóir bóthair) i mblianta (ó céadchláraíodh an fheithicil);

4. an t-uasmheáchan údaraithe, i 100 kg;

5. an acmhainn ualaigh, i 100 kg;

6. catagóir ghníomhaíochta 1 NACE Rev. 2 de chuid an oibreora feithicle (leibhéal cheithre dhigit) (roghnach) [9]

7. an cineál iompair (ar fruiliú nó ar luaíocht/ar a chuntas féin);

8. ciliméadair a cuireadh i gcrích i rith na tréimhse suirbhé;

8.1. luchtaithe;

8.2. folamh (lena n-áirítear turais a rinne tarracóirí bóthair gan leathleantóir) (roghnach);

9. ualú feithicle, le húsáid chun torthaí iomlána a fháil ó shonraí leithleacha más rud é go mbeidh na sonraí á dtiomsú ar bhonn na samplála randamaí.

1172/98 (oiriúnaithe)

Cumraíochtaí leantacha

Nuair is leoraí atá á úsáid ina aonar, eadhon . gan leantóir, í an fheithicil bhóthair iompair bhóthair a roghnaítear don suirbhé, i rith na tréimhse suirbhé, is ionann í inti féin agus an fheithicil bhóthair chun earraí a iompar.

1172/98

Ach, nuair is tarracóir bóthair í an fheithicil bhóthair iompair a roghnaítear don suirbhé – agus leathleantóir a bheith cúpláilte leis, sa chás sin – nó nuair is leoraí í lena bhfuil leathleantóir cúpláilte, bainfidh na sonraí atá de dhíth faoin Rialachán leis an bhfeithicil bhóthair iompair earraí arna glacadh ina hiomláine. Sa chás sin, féadfaidh sé go dtiocfaidh athrú ar an gcumraíocht i rith na tréimhse suirbhé (nuair a dhéantar leantóir a chúpláil le leoraí nó nuair a athraítear leantóir i rith na tréimhse sin, nó nuair a athraítear an leathleantóir ar tharracóir bóthair). I gcás den sórt sin, ní mór na cumraíochtaí leantacha sin a thaifeadadh, agus ní mór sonraí na feithicle a thabhairt le haghaidh gach turais. Ach, mura féidir na cumraíochtaí leantacha sin a thaifeadadh, comhaontaítear go dtaifeadfar, i dtaca leis na hathróga feithicle, na cumraíochtaí sin a bheidh ag comhfhreagairt don chumraíocht sin i dtosach an chéad turais ualaithe a dhéanfar i rith na tréimhse suirbhé nó a bheidh ag comhfhreagairt don chumraíocht sin is mó úsáid i rith na tréimhse sin.

Athrú ar chineál iompair

Ar an dóigh chéanna, ag brath ar an turas, d'fhéadfaí difear a dhéanamh don iompar ar a chuntas féin, ar fruiliú nó ar luaíocht, agus ní mór an cineál iompair a thaifeadadh le haghaidh gach turais. Ach, mura féidir na hathruithe sin a thaifeadadh, comhaontaítear gurb é 'an cineál iompair' a thaifeadfar an cineál iompair sin a bheidh ag comhfhreagairt don phríomh-mhodh úsáidte.

A2 ATHRÓGA A BHAINEANN LEIS AN TURAS

I rith na tréimhse suirbhé, cuireann an fheithicil bhóthair iompair earraí turais i gcrích nuair atá sí díluchtaithe (níl aon earraí ná aon phacáistíocht fholamh sa leoraí, ar an leantóir ná ar an leathleantóir, agus tá siad 'iomlán folamh' dá bhrí sin) nó nuair atá sí luchtaithe (tá earraí nó pacáistíocht fholamh ar an leoraí, ar an leantóir nó ar an leathleantóir ós rud é gur cineál earraí ar leith í an phacáistíocht fholamh). Is é achar luchtaithe na feithicle bóthair iompair earraí an t-achar idir an chéad phointe luchtaithe agus an pointe deiridh díluchtaithe (an t-ionad ina bhfolmhaítear an fheithicil bhóthair iompair earraí go hiomlán). Féadfar, dá bhrí sin, roinnt oibríochtaí bunúsacha iompair a fholú i dturas ualaithe.

Is iad seo a leanas na sonraí atá le tabhairt le haghaidh gach turais:

1. an cineál turais i gcomhréir leis an ainmníocht atá in Iarscríbhinn III;

2. meáchan na n-earraí arna n-iompar le linn an turais nó le linn gach céime den turas, ollmheáchan i 100 kg;

3. ionad luchtaithe (na feithicle bóthair iompair earraí, i gcás turais ualaithe):

– sainmhíniú: is é an t-ionad luchtaithe an chéad ionad ina luchtaítear earraí ar an bhfeithicil bhóthair iompair earraí, a bhí go hiomlán folamh roimhe sin (nó i gcás go bhfuil an tarracóir bóthair cúpláilte le leathleantóir ualaithe). I gcás turais neamhualaithe, is é ionad díluchtaithe an turais ualaithe roimhe sin é (an coincheap maidir leis an áit 'a gcuirtear tús leis an turas neamhualaithe'),

– códú: códaítear an t-ionad luchtaithe i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn VII;

4. ionad díluchtaithe (na feithicle bóthair iompair earraí, i gcás turais ualaithe):

– sainmhíniú: is é an pointe díluchtaithe an pointe deiridh ina ndíluchtaítear earraí ón bhfeithicil bhóthair iompair earraí, atá go hiomlán folamh ina dhiaidh sin (nó i gcás go ndí-chúplaítear an tarracóir bóthair ó leathleantóir). I gcás turais neamhualaithe, is é ionad luchtaithe an turais ualaithe iardain (an coincheap maidir leis 'an áit a gcríochnaítear an turas neamhualaithe'),

– códú: códaítear an t-ionad díluchtaithe i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn VII;

5. achar an turais a dhéantar: an t-achar iarbhír gan achar an turais a rinne an fheithicil bhóthair iompair earraí a chur san áireamh nuair atá sí á hiompar ag modh eile iompair;

6. tonnaí/ciliméadair curtha i gcrích le linn an turais;

2691/1999 Airt. 1, pointe 1

7. tíortha a thrasnaítear faoi bhealach (5 thír ar a mhéad), arna gcódú de réir Iarscríbhinn VII;

1172/98

8. ionad luchtaithe, más gá, na feithicle bóthair iompair ar mhodh eile iompair i gcomhréir leis na forálacha atá in Iarscríbhinn VII (roghnach);

9. ionad díluchtaithe, más gá, na feithicle bóthair iompair as modh eile iompair i gcomhréir leis na forálacha atá in Iarscríbhinn VII (roghnach);

10. an cás ina bhfuil an fheithicil bhóthair iompair earraí 'lánluchtaithe' (nós imeachta 2) nó nach bhfuil sí 'lánluchtaithe' (nós imeachta 1) le linn an turais i dtrácht, maidir le huasmhéid spáis a úsáidtear le linn an turais (nós imeachta 0 = de réir an ghnáis maidir le turais neamhualaithe) (roghnach).

A3 ATHRÓGA A BHAINEANN LE hEARRAÍ (mar chuid den oibríocht bhunúsach iompair)

Le linn turais ualaithe, is féidir roinnt oibríochtaí bunúsacha iompair a chur i gcrích agus is é an sainmhíniú atá ar oibríocht bhunúsach iompair gur iompar cineál amháin earraí é (a shainmhínítear le tagairt do leibhéal áirithe ainmníochta) idir a ionad luchtaithe agus a ionad díluchtaithe.

Is iad seo a leanas na sonraí atá le tabhairt maidir le hoibríocht bhunúsach iompair le linn turais ualaithe:

1. na cineálacha earraí, de réir na ngrúpaí a thagraíonn d'aicmiú cuí (féach Iarscríbhinn IV);

2. meáchan na n-earraí: ollmheáchan i 100 kg;

3. más gá, déanfar na hearraí a aicmiú mar earraí contúirteacha de réir phríomhchatagóirí Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [10] atá sonraithe in Iarscríbhinn V.

4. an cineál lasta mar atá sonraithe in Iarscríbhinn VI (roghnach);

5. ionad luchtaithe na n-earraí, arna chódú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn VII;

6. ionad díluchtaithe na n-earraí, arna chódú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn VII;

7. achar an turais a dhéantar, an t-achar iarbhír gan an t-achar a rinne an fheithicil bhóthair iompair earraí a chur san áireamh nuair atá sí á hiompar ag modh eile iompair;

Oibríochtaí iompair arna gcur i gcrích le linn turais atá ionann le 'cuairteanna bailiúcháin nó cuairteanna dáileacháin' (Modh 3, Ainmníocht Cineálacha Turais)

I gcás turais den chineál sin, ina bhfuil roinnt ionad luchtaithe agus/nó díluchtaithe, tá sé ionann is dodhéanta iarraidh ar na hoibreoirí iompair cur síos a dhéanamh ar na hoibríochtaí bunúsacha iompair.

I gcás na dturas sin, nuair a aithnítear iad amhlaidh, cruthaítear oibríocht bhunúsach iompair bharúlach aonair, de ghnáth, ar bhonn na faisnéise a bhaineann leis an turas.

Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún an sainmhíniú atá aige ar an gcineál sin turais agus míneoidh sé na toimhdí simpliúcháin a bhfuil sé de dhualgas air a chur i bhfeidhm le linn na sonraí a thiomsú faoi na hoibríochtaí iompair comhfhreagracha.

Iarscríbhinn modheolaíochtaí

Turais ualaithe agus oibríochtaí bunúsacha iompair

Ag brath ar an mBallstát i dtrácht, baileofar an fhaisnéis a bhaineann le hiompar:

– ar bhonn tuairisce ar gach oibríocht bhunúsach iompair earraí (agus sonraí breise a bhaineann le turais neamhualaithe),

– nó ar bhonn tuairisce ar na turais a rinne an fheithicil chun na hoibríochtaí bunúsacha iompair earraí sin a chur i gcrích.

I bhformhór mór na gcásanna, nuair a dhéantar turas ualaithe, léiríonn sé sin aon oibríocht bhunúsach iompair amháin ina gcuimsítear:

1172/98 (oiriúnaithe)

– cineál amháin earraí a luchtaítear (trí thagairt a dhéanamh don ainmníocht earraí atá in úsáid, mar atá na 20 grúpa, sa chás seo, arna mbaint as ainmníocht NSTR [11],

– ionad amháin luchtaithe do na hearraí,

– ionad amháin díluchtaithe do na hearraí.

Sa chás sin, tá an dá mhodh arna n-úsáid lánchoibhéiseach, agus déanann an fhaisnéis a bhailítear trí cheachtar den dá mhodh sin cur síos ar an dá ní seo a leanas:

– iompar na n-earraí (na hoibríochtaí bunúsacha iompair earraí go léir),

– na turais arna ndéanamh ag na feithiclí a chuireann na hoibríochtaí sin i gcrích, agus sonraí faoi acmhainn feithiclí agus úsáid na hacmhainne sin (turas ualaithe agus comhéifeacht úsáide; turas neamhualaithe).

1172/98

Faoin Rialachán seo, ní foláir cur síos a dhéanamh ar iompar na n-earraí agus ar na turais araon a dhéanfaidh na feithiclí, ach níl sé inmhianaithe méadú iomarcach ar ualach an staidrimh a chur ar na hoibreoirí iompair trína iarraidh orthu tuairisc mhionsonraithe a thabhairt feasta ar iompar na n-earraí agus ar thurais na bhfeithiclí.

Dá réir sin, ní mór do na Príomhoifigigh Staidrimh de chuid na mBallstát, nuair a chódóidh siad na ceistneoirí, na sonraí a athbhunú, nach gá do na hoibreoirí iompair a thabhairt go sainráite, as na sonraí sin a thiomsóidh siad ar bhonn 'na hoibríochta bunúsaí iompair', nó ar bhonn 'an turais feithicle'.

Tiocfaidh an fhadhb chun cinn nuair a dhéanfar roinnt oibríochtaí bunúsacha iompair i rith aon turais ualaithe amháin a d'fhéadfadh tarlú de bharr na nithe seo a leanas:

– roinnt ionad luchtaithe agus/nó díluchtaithe earraí a bheith ann (ach an líon acu teoranta mar, mura mbeadh, bheadh cuairteanna bailiúcháin nó dáileacháin i gceist nach mór déileáil leo ar chaoi speisialta).

Sa chás sin, taifeadfar na hionaid éagsúla luchtaithe agus/nó díluchtaithe seo, chun na tonnaí/cileaméadair a ríomh i gceart atá curtha i gcrích le linn an turais, agus is féidir leis an oifig staidrimh na hoibríochtaí bunúsacha iompair a athbhunú,

– agus/nó an fíoras go bhfuil roinnt cineálacha earraí a bhítear a iompar le linn an turais ualaithe, rud nach dtaifeadtar sa staidreamh, de ghnáth, ós rud é nach n-iarrtar ach na cineálacha earraí amháin (earraí aonair nó príomhearraí) a thabhairt le fios.

Sa chás sin, glactar leis an gcaillteanas faisnéise agus cuirfidh na Ballstáit a dhéanfaidh an cineál seo simpliúcháin é sin a chur in iúl don Choimisiún go sainráite.

_______________

IARSCRÍBHINN II

AINMNÍOCHT CUMRAÍOCHTAÍ ACASTÓIRÍ

1172/98 (oiriúnaithe)

I gcás go n-úsáidtear cónasc feithiclí, déanfaidh an chumraíocht acastóirí líon iomlán na n-acastóirí a ríomh, eadhon na hacastóirí ar an leoraí nó ar an tarracóir bóthair, móide na hacastóirí ar an leantóir nó ar an leathleantóir.

1172/98

Is iad seo a leanas na catagóirí acastóirí atá san áireamh:

| Códú |

1. Líon acastóirí ar fheithiclí aonair (leoraithe): | |

2 | 120 |

3 | 130 |

4 | 140 |

eile | 199 |

2. Líon acastóirí ar chónaisc fheithiclí: leoraí agus leantóir | |

2+1 | 221 |

2+2 | 222 |

2+3 | 223 |

3+2 | 232 |

3+3 | 233 |

eile | 299 |

3. Líon acastóirí ar chónaisc fheithiclí: tarracóir bóthair agus leathleantóir | |

2+1 | 321 |

2+2 | 322 |

2+3 | 323 |

3+2 | 332 |

3+3 | 333 |

eile | 399 |

4. Tarracóir bóthair amháin | 499 |

_______________

IARSCRÍBHINN III

AINMNÍOCHT CINEÁLACHA TURAIS

1. Turas ualaithe ina bhfuil oibríocht bhunúsach iompair aonair.

2. Turas ualaithe ina bhfuil roinnt oibríochtaí iompair, ach nach measfar gur cuairt bhailiúcháin ná dháileacháin é.

3. Turas ualaithe de chineál na cuairte bailiúcháin nó dáileacháin.

4. Turais neamhualaithe.

_______________

1304/2007 Airt. 2

IARSCRÍBHINN IV

AINMNÍOCHT EARRAÍ

NST 2007

Rannán | Cur síos |

01 | Táirgí talmhaíochta, seilge agus foraoise; iasc agus táirgí eile éisc |

02 | Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha |

03 | Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam |

04 | Táirgí bia, deochanna agus tobac |

05 | Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair |

06 | Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); míreanna tuí agus ábhar fite, laíon páipéir, páipéar agus táirgí páipéir, ábhar clóite nó meáin thaifeadta |

07 | Cóc agus táirgí peitriliam scagtha |

08 | Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga, táirgí rubair agus plaistigh; táirgí an tionscail núicléaigh |

09 | Tairgí mianta neamh-mhiotalacha eile |

10 | Miotail bhunúsacha, táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh |

11 | Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach, gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, uirlisí mionchruinnis agus uirlisí optúla; uaireadóirí agus cloig |

12 | Trealamh iompair |

13 | Troscán; earraí eile monaraithe gan aicmiú in áit ar bith eile |

14 | Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile |

15 | Post, bearta |

16 | Trealamh agus ábhar atá á n-úsáid chun earraí a iompar |

17 | Earraí atá á n-iompar le linn aistriú go teach eile nó go hoifig eile, bagáiste atá á iompar ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí atá á n-iompar le haghaidh deisiúcháin; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile |

18 | Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí atá á n-iompar le chéile |

19 | Earraí neamh-inaitheanta; earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 1 à 16. |

20 | Earraí eile, gan aicmiú in áit ar bith eile |

_______________

1172/98

IARSCRÍBHINN V

AINMNÍOCHT CATAGÓIRÍ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA

1 | Ábhar pléascach agus rudaí pléascacha |

2 | Gáis atá comhbhrúite, leachtaithe nó tuaslagtha faoi bhrú |

3 | Ábhar leachtach inadhainte |

4.1 | Solaid inadhainte |

4.2 | Substaintí a d'fhéadfadh uathdhó |

4.3 | Substaintí a astaíonn gáis inadhainte nuair a thagann siad i dteagmháil le huisce |

5.1 | Substaintí ocsaídeacha |

5.2 | Sárocsaídí orgánacha |

6.1 | Substaintí tocsaineacha |

6.2 | Substaintí a d'fheádfadh bheith ionfhabhtaíoch |

7 | Ábhar radaighníomhach |

8 | Ábhar creimneach |

9 | Substaintí contúirteacha ilghnéitheacha |

______________

IARSCRÍBHINN VI

AINMNÍOCHT CINEÁLACHA LASTA*

0 | Builcearraí leachtacha (gan mar aonad lasta) |

1 | Builcearraí soladacha (gan mar aonad lasta) |

2 | Coimeádáin mhóra lastais |

3 | Coimeádáin eile lastais |

4 | Earraí ar phailléad |

5 | Earraí atá curtha i gcrocháin roimh ré |

6 | Aonaid shoghluaiste fhéintiomáinte |

7 | Aonaid shoghluaiste eile |

8 | (Forchoimeádta) |

9 | Cineálacha lasta eile |

_____________________

* Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip – Cóid le haghaidh cineálacha lasta, pacáistí agus ábhair phacáistíochta, Moladh 21 arna ghlacadh ag an Meitheal um Nósanna Imeachta Trádála Idirnáisiúnta a Éascú, An Ghinéiv, Márta 1986.

______________

2691/1999 Airt. 2, pointe 1 agus Iarscríbhinn (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN VII

NA hIONAID LUCHTAITHE AGUS DÍLUCHTAITHE A CHÓDÚ

DE RÉIR TÍORTHA AGUS RÉIGIÚN

1. Déanfar na hionaid luchtaithe agus díluchtaithe a chódú mar seo a leanas:

(a) miondealú réigiúnach a ghabhann le Leibhéal 3 den Ainmníocht Aonad Críoch le haghaidh Staidrimh (NUTS), maidir le gach Ballstát..

(b) liostaí de réigiúin riaracháin arna soláthar ag an tríú tír lena mbaineann, maidir le Stáit nach bhfuil ina Baill ach atá ina bpáirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), eadhon an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua;

(c) i gcás tríú tíortha eile, ba chóir cóid 2-litir ISO-3166 a úsáid. Tá na cóid is coitianta liostaithe sa tábla ag pointe 2(b) den Iarscríbhinn seo.

2. Maidir le códú na dtíortha sin freisin a thrasnaítear faoi bhealach (alt 7 d'Iarscríbhinn I, cuid A2), bainfear úsáid as na cóid tíortha seo a leanas:

(a) an chuid 2-litir de chóid NUTS, mar a thugtar sa tábla sa phointe seo, do na Ballstáit;

(b) Do gach tír eile, cóid 2-litir ISO-3166. Tá na cóid is mó úsáid sa tábla seo a leanas.

Tábla de Chóid na dTíortha

a) Ballstáit (a chomhfhreagraíonn do chóid tíortha dhá litir NUTS)

Tugtar faoi deara go bhfuil na tíortha curtha in ord oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

1791/2006 Iarscríbhinn, pointe 8.5(a)

Ainm na tíre | Cód |

An Bheilg | BE |

An Bhulgáir | BG |

Poblacht na Seice | CZ |

An Danmhairg | DK |

An Ghearmáin | DE |

An Eastóin | EE |

Éire | IE |

An Ghréig | GR |

An Spáinn | ES |

An Fhrainc | FR |

An Iodáil | IT |

An Chipir | CY |

An Laitvia | LV |

An Liotuáin | LT |

Lucsamburg | LU |

An Ungáir | HU |

Málta | MT |

An Ísiltír | NL |

An Ostair | AT |

An Pholainn | PL |

An Phortaingéil | PT |

An Rómáin | RO |

An tSlóivéin | SI |

An tSlóvaic | SK |

An Fhionlainn | FI |

An tSualainn | SE |

An Ríocht Aontaithe | UK |

2691/1999 Airt. 1, pointe 2 agus Iarscríbhinn (oiriúnaithe)

(b) Tíortha eile (cóid dhá litir ISO-3166)

Tugtar faoi deara go bhfuil na tíortha curtha in ord de réir na gcód.

Ainm na tíre | Cód |

An Albáin | AL |

An Bhoisnia-Heirseagaivéin | BA |

An Bhealarúis | BY |

An Eilvéis | CH |

An Chróit | HR |

An Íoslainn | IS |

Lichtinstéin | LI |

Poblacht na Moldóive | MD |

Montainéagró | ME |

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine | MK [12] |

An Iorua | NO |

Cónaidhm na Rúise | RU |

An tSeirbia | RS |

An Tuirc | TR |

An Úcráin | UA |

______________

IARSCRÍBHINN VIII

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha

a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 ón gComhairle (IO L 163, 6.6.1998, lch. 1) | |

Rialachán (CE) Uimh. 2691/1999 ón gCoimisiún (IO L 326, 18.12.1999, lch. 39) | |

Pointe 10.15 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 561) | |

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1) | Iarscríbhinn II, pointe 27 amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1) | Iarscríbhinn, pointe 8.5 amháin |

Rialachán (CE) Uimh.1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1) | Airteagal 13 amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún (IO L 290, 8.11.2007, lch. 14) | Airteagal 2 amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 399/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 126, 21.5.2009, lch.9) | |

_____________

IARSCRÍBHINN IX

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2, an chéad fhleasc go dtí an ceathrú fleasc déag | Airteagal 2, pointí (a) go dtí (n) |

Airteagal 3 | Airteagal 3 |

Airteagal 4 | Airteagal 4 |

Airteagal 5(1), (2) agus (3) | Airteagal 5(1), (2) agus (3) |

Airteagal 5(4) | ________ |

Airteagal 5(5) | ________ |

Airteagal 6 | Airteagal 6 |

Airteagal 7(1) agus (2) | Airteagal 7(1) agus (2) |

Airteagal 7(3) | ________ |

Airteagal 8 | ________ |

Airteagal 10(1) agus (2) | Airteagal 11(1) agus (2) |

Airteagal 10(3) | ________ |

Airteagal 11 | ________ |

________ | Airteagal 12 |

Airteagal 12 | Airteagal 13 |

Iarscríbhinn A go dtí G | Iarscríbhinn I go dtí VII |

________ | Iarscríbhinn VIII |

________ | Iarscríbhinn IX |

_____________

[1] COIM(87) 868 Miontuairiscí.

[2] Arna dhéanamh de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an Acquis communautaire, COIM(2001) 645 críochnaitheach.

[3] Féach Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an togra seo.

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 163, 6.6.1998, lch. 1.

[6] Féach Iarscríbhinn VIII.

[7] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

[8] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[9] Ainmníocht staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach.

[10] IO L 260,30.9.2008, lch. 13.

[11] NST: Ainmníocht aonfhoirmeach earraí chun críche staidrimh iompair.

[12] Cód sealadach nach dtugann aon bhreith roimh ré ar an ainmníocht chríochnaitheach don tír seo, rud a chomhaontófar nuair a thiocfaidh deireadh leis an idirbheartaíocht atá ar siúl faoi láthair ar an ábhar seo sna Náisiúin Aontaithe.

--------------------------------------------------

Top