Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010AA0003

    Tuairim Uimh. 3/2010 (de bhun Airteagal 322, CFAE) maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach

    IO C 145, 3.6.2010, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.6.2010   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C NaN/1


    TUAIRIM Uimh. 3/2010

    (de bhun Airteagal 322, CFAE)

    maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach

    2010/C 145/01

    TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint don dréachtrialachán (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (2) (an Rialachán Airgeadais anseo feasta),

    Ag féachaint don iarraidh ón bParlaimint ar thuairim i leith an dréachta thuasluaite agus a fuarthas ag an gCúirt an 29 Márta 2010 agus ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar thuairim i leith an dréachta thuasluaite agus a fuarthas ag an gCúirt an 15 Márta 2010,

    TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:

    1.

    Is éard is aidhm leis an dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bhfuil tuairim ón gCúirt Iniúchóirí á iarraidh ina leith, ná an Rialachán Airgeadais reatha a thabhairt cothrom le dáta agus aird á thabhairt ar na hathruithe a eascraíonn as Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

    2.

    Measann an Chúirt, i bhformhór na gcásanna, go ndéanann na leasuithe atá beartaithe na hathruithe i dtaca leis na saincheisteanna buiséadacha agus airgeadais a tugadh isteach le Conradh Liospóin a thrasuíomh go paiteanta sa Rialachán Airgeadais. Is ábhar imní don Chúirt, áfach, ceann de na forálacha leasaithe agus molann sí foráil amháin nua a chur isteach. Tá na modhnuithe a mholtar ar an téacs ar fáil sa tábla atá i gceangal leis an Tuairim seo.

    Aistriú leithreasaí

    3.

    Ní foláir Airteagal 24 den Rialachán Airgeadais a athrú ós rud é nach ndéantar aon dealú a thuilleadh idir caiteachas éigeantach agus caiteachas neamhéigeantach. Molann an Coimisiún téacs nua a chur in ionad Airteagal 24. Tá dhá bharúil le tabhairt ag an gCúirt ina leith sin.

    4.

    Tagraíonn míreanna 1, 3, 4 agus 6 araon go sonrach don Choimisiún. Luaitear, áfach, in Airteagal 22(2) agus in Airteagal 22(3) den Rialachán Airgeadais go bhfuil feidhm ag an nós imeachta a dtugtar tuairisc air in Airteagal 24 freisin leis na hinstitiúidí eile sa chás go n-ardaíonn ceann nó eile de na brainsí cúiseanna réasúnaithe chun agóid a dhéanamh in aghaidh an togra le haghaidh aistriú nó sa chás gur ó theideal amháin go teideal eile an t-aistriú atá beartaithe agus gur mó é ná teorainn shonraithe. Ní foláir dá réir sin an focal “institiúidí” a chur in ionad an fhocail “Coimisiún” sna ceithre mhír sin.

    5.

    Molann an Coimisiún i mír 5(i) gan ach trí seachtaine a thabhairt don údarás buiséadach chun tograí le haghaidh aistriú atá laistigh de theorainneacha áirithe (is lú ná 10 % de leithreasaí na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus nach mó ná EUR 5 mhilliún) a mheas. Tugann an Chúirt ar aird, faoi láthair, gurb é an Coiste um Buiséid a dhéanann tograí le haghaidh aistriú a mheas laistigh de Pharlaimint na hEorpa, agus gur mórán ar bhonn míosúil a bhíonn cruinnithe ag an gcoiste sin. Gan aon dearcadh ar leith a thabhairt faoi fhiúntais nó eile an togra seo, tugann an Chúirt ar aird go gcothódh a chur chun feidhme fadhbanna ó thaobh riar ama de.

    An nós imeachta buiséadach: oibriú an Choiste Idir-Réitigh

    6.

    Tá an Coiste Idir-Réitigh, arna bhunú le hAirteagal 314(5) de CFAE, comhdhéanta de chomhaltaí na Comhairle agus de chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus tá de chúram air teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach ar bhuiséad bliantúil an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún páirt ina chuid imeachtaí agus tá de chúram air gach tionscnamh is gá a ghlacadh d'fhonn seasamh an dá bhrainse den údarás buiséadach a thabhairt le chéile. I gcomhlíonadh an chúraim sin dó, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún tionscnaimh a ghlacadh i ndáil le dréachtbhuiséid na n-institiúidí nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste. Ar chúiseanna trédhearcachta, is iomchuí go léireofaí conclúidí thríalóg bhuiséadach an 25 Márta 2010 sa Rialachán Airgeadais. Molann an Chúirt, dá bhrí sin, foráil nua a chur isteach a bheadh anois ina Airteagal 34a.

    Airteagal 34a Nua

    Féadfaidh na hinstitiúidí sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Idir-Réitigh a ráitis maidir le tionchar an tseasaimh ón gComhairle agus leasuithe Pharlaimint na hEorpa a dhíriú díreach i scríbhinn chuig an gCoiste. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na ráitis sin le linn dó a bheith ag cur aon togra laistigh den Choiste Idir-Réitigh a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do dhréachtbhuiséid na n-institiúidí sin i dtoll a chéile.

    7.

    Déantar Airteagal 34b den Airteagal 34a atá i dtogra an Choimisiúin.

    Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 29 Aibreán 2010.

    Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

    Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

    An tUachtarán


    (1)  COIM(2010) 71 leagan deireanach an 3 Márta 2010.

    (2)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Togra an Choimisiúin

    Moladh na Cúirte

    Airteagal 24

    1.   Cuirfidh an Coimisiún a thogra faoi bhráid dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh ar comhuain.

    2.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach cinntí maidir le haistriú leithreasaí dá bhforáiltear i míreanna 3 go 6, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Dó.

    3.   Cé is moite d'imthosca práinne, tiocfaidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, agus Parlaimint na hEorpa ar chinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de sé seachtaine ón dáta a bhfuair an dá institiúid an togra le haghaidh gach aistriú a chuirfear faoina mbráid.

    4.   Déanfar an togra le haghaidh aistriú a fhormheas, más rud é laistigh den tréimhse sé seachtaine:

    go ndéanann an dá bhrainse é a fhormheas;

    go ndéanann ceann amháin den dá bhrainse é a fhormheas agus go staonann an brainse eile ó ghníomhú;

    go staonann an dá bhrainse ó ghníomhú nó nach nglacann siad cinneadh a bheidh i gcoinne an togra ón gCoimisiún.

    5.   Laghdófar an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear faoi mhír 4 go trí seachtaine, mura rud é go n-iarrann brainse amháin den údarás buiséadach a mhalairt, sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    gur lú an t-aistriú ná 10 % de leithreasaí na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus nach mó ná EUR 5 mhilliún é;

    (ii)

    gur le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí amháin a bhaineann an t-aistriú agus nach mó ná EUR 100 milliún méid iomlán an aistrithe.

    6.   Más rud é go leasaíonn ceann amháin de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh an t-aistriú agus go bhformheasann an ceann eile é nó go staonann an ceann eile ó ghníomhú, nó más rud é go leasaíonn an dá bhrainse an t-aistriú, measfar an méid níos lú a cheadaigh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a bheith formheasta, mura rud é go dtarraingíonn an Coimisiún siar a thogra.

    Airteagal 24

    1.   Cuirfidh na hInstitiúidí a dtograí faoi bhráid dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh ar comhuain.

    2.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach cinntí maidir le haistriú leithreasaí dá bhforáiltear i míreanna 3 go 6, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Dó.

    3.   Cé is moite d'imthosca práinne, tiocfaidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, agus Parlaimint na hEorpa ar chinneadh maidir le togra ó institiúid laistigh de sé seachtaine ón dáta a bhfuair siad an togra le haghaidh gach aistriú a chuirfear faoina mbráid.

    4.   Déanfar an togra le haghaidh aistriú a fhormheas, más rud é laistigh den tréimhse sé seachtaine:

    go ndéanann an dá bhrainse é a fhormheas;

    go ndéanann ceann amháin den dá bhrainse é a fhormheas agus go staonann an brainse eile ó ghníomhú;

    go staonann an dá bhrainse ó ghníomhú nó nach nglacann siad cinneadh a bheidh i gcoinne an togra ón institiúid.

    5.   Laghdófar an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear faoi mhír 4 go trí seachtaine, mura rud é go n-iarrann brainse amháin den údarás buiséadach a mhalairt, sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    gur lú an t-aistriú ná 10 % de leithreasaí na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus nach mó ná EUR 5 mhilliún é;

    (ii)

    gur le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí amháin a bhaineann an t-aistriú agus nach mó ná EUR 100 milliún méid iomlán an aistrithe.

    6.   Más rud é go leasaíonn ceann amháin de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh an t-aistriú agus go bhformheasann an ceann eile é nó go staonann an ceann eile ó ghníomhú, nó más rud é go leasaíonn an dá bhrainse an t-aistriú, measfar an méid níos lú a cheadaigh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a bheith formheasta, mura rud é go dtarraingíonn an institiúid siar a thogra.

     

    Airteagal 34a

    Féadfaidh na hinstitiúidí sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Idir-Réitigh a ráitis maidir le tionchar an tseasaimh ón gComhairle agus leasuithe Pharlaimint na hEorpa a dhíriú díreach i scríbhinn chuig an gCoiste. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na ráitis sin le linn dó a bheith ag cur aon togra laistigh den Choiste Idir-Réitigh a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do dhréachtbhuiséid na n-institiúidí sin i dtoll a chéile.


    Top