Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0066

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn {SEC(2009) 153} {SEC(2009) 154}

    /* COIM/2009/0066 leagan deireanach - COD 2009/0027 */

    52009PC0066




    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil, 18.2.2009

    COIM(2009) 66 leagan deireanach

    2009/0027 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn

    {SEC(2009) 153} {SEC(2009) 154}

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1) Comhthéacs an togra

    - Forais agus cuspóirí an togra

    Tá an togra seo ina chuid d'iarrachtaí an Aontais Eorpaigh chun beartas cuimsitheach maidir le tearmann a leagan amach. Thosaigh an obair chun Comhchóras Eorpach Tearmainn a chruthú díreach tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm i mí Bealtaine 1999, ar bhonn na dtreoirlínte a d'eisigh Comhairle Eorpach in Tampere i nDeireadh Fómhair 1999.

    Ó 2004 i leith, tá sé molta i gClár na Háige, clár ilbhliantúil a bhfuil sé d'aidhm aige saoirse, slándáil agus ceartas a neartú, gur cheart comhlimistéar tearmainn a chruthú trí nós imeachta comhchuibhithe éifeachtúil a bhunú i gcomhréir le luachanna agus le traidisiún daonchairdiúil an Aontais Eorpaigh. Laistigh den chreat seo, agus ag tacú leis na hiarrachtaí reachtacha, moladh i gClár na Háige go mbunófaí oifig Eorpach tacaíochta a bheadh freagrach as gach sórt comhair idir na Ballstáit a bhaineann leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn (tar éis nós imeachta comhchoiteann tearmainn a bhunú agus ar bhonn meastóireachta). Ina gconclúidí, i gcruinniú Aibreán 2008 d'iarr an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile go sonrach ar an gCoimisiún a thograí i dtaca leis seo a thíolacadh. Ina Phlean Beartais maidir le Tearmann, a glacadh i Meitheamh 2008 (COIM(2008)360), d'fhogair an Coimisiún gur bheartaigh sé togra reachtach a thíolacadh d'fhonn a leithéid d'oifig a bhunú. Faoi dheireadh, ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2008, ghlac an Chomhairle Eorpach an Comhaontú Eorpach um Inimirce agus Tearmann agus d'aontaigh siad go sainráite "oifig Eorpach tacaíochta a bhunú in 2009 a mbeadh sé de chúram uirthi malartú faisnéise, anailísí agus taithí a éascú i measc na mBallstát agus comhar praiticiúil a fhorbairt idir na córais riaracháin atá freagrach as iarratais ar thearmann a scrúdú"

    Is é is aidhm don togra reatha freagairt a thabhairt ar na hiarratais sin ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach, faoi chuimsiú an Phlean Beartais maidir le Tearmann a ghlac an Coimisiún i mí an Mheithimh 2008. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a bhunú, i bhfoirm gníomhaireachta rialála, a mbeidh sé de chúram uirthi comhar praiticiúil idir na Ballstáit maidir le tearmann a neartú agus a éascú, chomh maith le rannchuidiú leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme níos fearr. Tá sé beartaithe go sonrach ag an gCoimisiún gníomhaireacht rialála maidir le tearmann a bhunú sa Teachtaireacht uaidh maidir le gníomhaireachtaí rialála i mí an Mhárta 2008 (COIM(2008)135), ina ndéantar foráil do moratorium maidir le gníomhaireachtaí rialála nua a bhunú ach tá bunú gníomhaireachta maidir le tearmann eisiata ón moratorium sin.

    - Comhthéacs ginearálta

    Sa Phlean Beartais maidir le Tearmann a ghlac an Coimisiún in 2008 foráiltear do na hionstraimí atá ann cheana sa Chomhchóras Eorpach Tearmainn a chomhlánú. Mar sin féin, ní foláir go mbeadh tacaíocht ar fáil dá leithéid de ghníomhaíocht uaillmhianach trí chomhar maidir le tearmann a neartú. Ar ndóigh, maidir leis na difríochtaí suntasacha i nós imeachta cinnteoireachta na 27 Ballstát i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, ní bhaineann siad amháin leis an ngá le comhchuibhiú reachtaíochta níos fearr. Tagann na difríochtaí freisin as tosca eile, neamhreachtacha, lena n-áirítear traidisiúin agus cleachtais dhifriúla na mBallstát éagsúil, agus go háirithe, na difríochtaí san fhaisnéis ar thír thionscnaimh na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Ar an ábhar seo, tá sé thar a bheith tábhachtach comhar praiticiúil maidir le tearmann idir na Ballstáit a neartú d'fhonn teacht ar chóineasú idir na Ballstáit i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta. I rith na hoibre ullmhúcháin don Rialachán seo atá beartaithe, seoladh anailís mhionsonraithe ar na fadhbanna seo mar chuid de mheasúnú iarmharta an Choimisiúin, ina n-aithnítear agus ina measúnaítear na roghanna éagsúla chomh maith le rogha na coitiantachta.

    - Na forálacha atá ann cheana i réimse an togra

    Is cuid den acquis communautaire maidir le Comhchóras Eorpach Tearmainn é an togra seo le haghaidh Rialacháin.

    Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

    Tá an togra seo ag luí go hiomlán leis an bPlean Beartais maidir le Tearmann a ghlac an Coimisiún i mí an Mheithimh 2008, a ceapadh chun reachtaíocht maidir le tearmann a neartú d'fhonn Comhchóras Eorpach Tearmainn a bheadh éifeachtach agus cóir a chruthú do dhaoine atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta. Tá sé d'aidhm aige chomh maith tacú leis an iarracht reachtach seo tríd an gcomhar praiticiúil maille le hiliomad gnéithe a neartú idir na Ballstáit i dtaca le tearmann.

    2) Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

    - Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Maidir leis an bPlean Beartais maidir le Tearmann a ghlac an Coimisiún i mí an Mheithimh 2008, ina bhforáiltear go nglacfaidh an Coimisiún togra reachtach d'fhonn Oifig Eorpach Tacaíochta a bhunú, ullmhaíodh é ar bhonn Páipéir Uaine a thíolaic an Coimisiún i mí an Mheithimh 2007, a dhírigh ar shainaithint na roghanna féideartha le haghaidh an dara céim den Chomhchóras Eorpach Tearmainn. Rinneadh foráil sa Pháipéar Uaine do cheisteanna sonracha i ndáil le hOifig Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a bhunú. Mar fhreagairt ar an gcomhairliúchán poiblí, fuarthas 89 aighneacht ó raon leathan gníomhaithe i réimse an tearmainn, ar a raibh 20 Ballstát, na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, Coiste na Réigiún agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, Ard-choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (UNHCR), acadóirí, páirtithe polaitiúla agus líon mór eagraíochtaí neamhrialtasacha. Léirítear sna freagraí ar an bPáipéar Uaine go bhfuil tacaíocht mhór ag teacht ó na páirtithe leasmhara do neartú an chomhair phraiticiúil maidir le tearmann agus do bhunú struchtúir tacaíochta do na gníomhaíochtaí sin. I rogha na coitiantachta sa Phlean Beartais maidir le Tearmann áirítear go sonrach Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a bhunú.

    In 2008 chuir an Coimisiún faoi deara staidéar féidearthachta seachtrach a dhéanamh i dtaca le struchtúr tacaíochta um chomhar praiticiúil maidir le tearmann. Le haghaidh an staidéir sin seoladh comhairliúchán mór leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear 10 gcás-staidéar agus agallaimh le níos mó ná 50 páirtí leasmhar. Eagraíodh dhá chruinniú oibre, i mí Aibreáin 2008 agus i mí an Mheithimh 2008, ionas go bhféadfadh na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na cúraimí a thabharfaí don struchtúr tacaíochta agus ar ar cheart é a eagrú i dtéarmaí institiúideacha. Cuireadh an staidéar i gcrích ag deireadh 2008. D'ullmhaigh an Coimisiún measúnú iarmharta ar an togra reatha. Tá sé i gceangal leis an togra seo.

    3) Eilimintí dlíthiúla an togra

    - Achoimre ar na bearta atá beartaithe

    Déantar foráil sa togra d'Oifig Tacaíochta do ghnóthaí Tearmainn a bhunú (dá ngairtear 'an Oifig' anseo feasta) i bhfoirm gníomhaireachta rialála, eintiteas dlíthiúil uathrialach arna bhunú ag údarás reachtach chun cuidiú le hearnáil áirithe ar leibhéal Eorpach agus chun cuidiú le beartas Comhphobail a chur chun feidhme. Agus í i mbun a cúraimí, cuirfidh an Ghníomhaireacht feabhas ar an mbealach ina gcuirtear chun feidhme agus ina gcuirtear i bhfeidhm rialacha an Chomhphobail maidir le tearmann ar fud an AE.

    Ní bheidh cumhachtaí cinnteoireachta ag an ngníomhaireacht agus beidh sí gafa le gníomhaíochtaí tacaíochta a oibreoidh mar dhreasacht le haghaidh comhair phraiticiúil maidir le tearmann, amhail moltaí, tarchur chuig údarás eolaíochta, líonrú agus comhthiomsú dea-chleachtais, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na rialacha a mheasúnú, etc.

    Díreoidh an Oifig ar thrí príomhchúram: tacú leis an gcomhar praiticiúil maidir le tearmann, tacú leis na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith, agus cuidiú leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme.

    Tá caibidil ar leith tiomnaithe don Oifig agus í ag comhordú na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe tearmainn d'fhonn tacaíocht oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil brú mór ar a gcórais tearmainn.

    Beidh sé tábhachtach go mbeidh dlúthchomhar idir an Oifig agus na gníomhaithe seachtracha agus go háirithe UNHCR a bheidh gafa go hiomlán le hobair na hOifige, ag cur san áireamh an saineolas atá ag na gníomhaithe seo i réimse an tearmainn.

    Is iad na Ceannairí Stáit agus Rialtais[1] a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an áit ina mbeidh ceanncheathrú na Gníomhaireachta.

    Beidh an Oifig á stiúradh ag Bord Stiúrthóirí, comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát agus den Choimisiún, chomh maith le Coiste Feidhmiúcháin. Beidh bainistiú laethúil na hOifige faoi chúram Stiúrthóir Feidhmiúchaín na hOifige, arna cheapadh ag an mBord Stiúrthóirí ar thogra ón gCoimisiún. 0

    - Bonn dlíthiúil

    Cuideoidh an Oifig leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme, tríd an gcomhar praiticiúil idir na Ballstáit i réimse an tearmainn a fhorbairt, ag áirithiú saineolas d'ardchaighdeán, ag déanamh comhordú ar na gníomhaíochtaí is gá chun cuidiú leis na tíortha atá faoi brú ar leith tráth scrúdú na n-iarratas ar thearmann. Tá na boinn dhlíthiúla ábhartha leagtha síos in pointí (1) agus (2) d'Airteagal 63 agus Airteagal 66 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

    - Prionsabal na coimhdeachta

    Cuirtear prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm sa mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a chur i gcrích go leordhóthanach agus is féidir iad a chur i gcrích níos fearr ar leibhéal Comhphobail ar roinnt cúiseanna. Tá an baol ann go háirithe, má ghníomhaíonn na Ballstáit ina n-aonar, go leanfar de na difríochtaí a bhaineann leis an mbealach ina ndéileálfar leis na hiarrathóirí tearmainn. Agus nádúr tras-náisiúnta na gceisteanna a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta á chur san áireamh, féadfaidh an Oifig, trí bhíthin malartú dea-chleachtais agus eagrú oiliúna iomchuí, cuidiú leis na difríochtaí agus na neamhréireachtaí i gcur chun feidhme na reachtaíochta maidir le tearmann a laghdú. Is difríochtaí agus neamhréireachtaí iadsan nárbh fhéidir a laghdú ar bhealach suntasach agus éifeachtúil i gcomhthéacs an chomhair phraiticiúil, le bearta ar leibhéal náisiúnta ámhain. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    - Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid is gur gníomhaireacht gan cumhachtaí cinnteoireachta í an Oifig atá faoi réir téarmaí tagartha a chuireann srian uirthi cloí le bearta a thacaíonn le comhar praiticiúil agus le cur chun feidhme na reachtaíochta tearmainn.

    - Rogha ionstraimí

    An ionstraim/ na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán

    Ní bheadh aon ionstraim eile iomchuí mar bunaítear gníomhaireacht rialála i gcónaí le Rialachán bunaitheach lena bhforáiltear dá théarmaí tagartha agus eagrú na Gníomhaireachta.

    4) Impleacht bhuiséadach

    Beidh tionchar ag bunú na gníomhaireachta ar bhuiséad an Chomhphobail. Tá na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an Oifig bunaithe ar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002[2] ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002[3] ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Beidh an Oifig á maoiniú ar bhonn líne buiséid Comhphobail. Tá ráiteas buiséadach i gceangal leis an Rialachán.

    D'fhonn an caiteachas ar thacaíocht do chomhar praiticiúil maidir le tearmann a thabhairt faoi chuing na rialtachta, agus toisc go mbeidh an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn freagrach as roinnt áirithe cúraimí atá á maoiniú faoi láthair ag an gCiste Eorpach um Dhídeanaithe (ERF)[4], is léir gur gá cuid de na hacmhainní buiséadacha a leithdháiltear faoi láthair ar ERF le haghaidh gníomhaíochtaí Comhphobail a aistriú go dtí an Oifig ionas nach mbeidh ionstraimí dlíthiúla éagsúla ag foráil do mhaoiniú do ghníomhaíochtaí cosúla maidir le tearmann.

    Ar an gcuma chéanna, ar mhaithe le comhsheasmhacht idir na hionstraimí dlíthiúla éagsúla i réimse an tearmainn, déanfaidh an Coimisiún machnamh maidir leis an bhféidearthacht Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa[5] a leasú.

    5) Faisnéis bhreise

    - An togra a chur i láthair

    Caibidil I - AN OIFIG EORPACH TACAÍOCHTA DO GHNÓTHAÍ TEARMAINN A BHUNÚ AGUS A CUSPÓIRÍ

    Airteagail 1 agus 2:

    Sa chaibidil seo leagtar amach i dtéarmaí ginearálta cuspóir an Rialacháin lena mbunaítear an Oifig agus cúraimí na hOifige.

    Caibidil II – CÚRAIMÍ NA hOIFIGE EORPAÍ TACAÍOCHTA DO GHNÓTHAÍ TEARMAINN

    Tá cúraimí na hOifige roinnte i dtrí chuid: tacú leis an gcomhar praiticiúil maidir le tearmann, tacú leis na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith, agus cuidiú leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme.

    Roinn 1 (Airteagail 3 go 7): tacaíocht don chomhar praiticiúil maidir le tearmann

    Sna hAirteagail seo foráiltear d'fheidhmeanna na hOifige maidir le malartú dea-chleachtas, faisnéis i dtaca leis an tír thionscnaimh, tacaíocht do chomhar idir na Ballstáit faoi chuimsiú Rialachán Bhaile Átha Cliath, tacaíocht d'athlonnú daoine laistigh den AE, tacaíocht d'aistriúchán agus d'ateangaireacht, tacaíocht d'oiliúint, do chúnamh teicniúil agus tacaíocht do ghnóthaí seachtracha.

    Roinn 2 (Airteagail 8 go 10): Tacaíocht do na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith

    Sna hAirteagail seo sainmhínítear cad is brí le 'brú ar leith', foráiltear iontu do bhailiú agus anailísiú faisnéise agus do ghníomhaíochtaí chun tacú le Ballstáit atá faoi bhrú (lena n-áirítear go háirithe córas réamhrabhaidh, anailísiú tosaigh ar na hiarratais ar thearmann, bunú tapa na saoráidí iomchuí chun glacadh le hiarrathóirí tearmainn ag na Ballstáit atá faoi bhrú, comhordú na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn), a shonraítear sna nósanna imeachta dóibh i gCaibidil 3 den Rialachán seo.

    Roinn 3 (Airteagail 11 go 12): rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn

    Sna hAirteagail seo sainmhínítear feidhmeanna na hOifige maidir le bailiú agus malartú faisnéise, chomh maith le tuarascálacha agus doiciméid eile na hOifige (go háirithe an tuarascáil bhliantúil ar an staid maidir le tearmann san Aontas Eorpach agus doiciméid ghinearálta a bhaineann le cur chun feidhme na n-ionstraimí Comhphobail maidir le tearmann, amhail treoirlínte nó lámhleabhair oibriúcháin.

    Caibidil III – FOIRNE TACAÍOCHTA DO GHNÓTHAÍ TEARMAINN

    Airteagail 13 go 21

    Féadfaidh an Oifig an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a eagrú don Bhallstát nó do na Ballstáit iarrthacha atá faoi bhrú ar leith, agus imlonnú foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn ar feadh tréimhse teoranta a chomhordú, ar chríoch an Bhallstáit iarrthaigh ar feadh na tréimhse iomchuí.

    Soláthróidh na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a saineolas go háirithe maidir le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis ar na tíortha tionscnaimh agus eolas ar chásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú.

    Caibidil IV - EAGRÚ NA hOIFIGE

    Airteagail 22 go 32

    Sna hAirteagail seo foráiltear do struchtúr institiúideach na hOifige, ag bunú comhlachtaí na hOifige agus a nósanna oibriúcháin. Go sonrach, is éard atá i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na hOifige Bord Stiúrthóirí, Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann, Coiste Feidhmiúcháin agus Fóram Comhchomhairleach.

    Beidh UNHCR gafa go hiomlán le hobair na hOifige trína rannpháirtíocht le comhlachtaí cinnteoireachta agus oibre san Oifig

    Is comhaltaí den Bhord Stiúrthóirí iad na Ballstáit agus an Coimisiún. Beidh vóta amháin ag gach comhalta. Beidh dhá vóta ag an gCoimisiún.

    Caibidil V – FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagail 33 go 37

    Tá na forálacha airgeadais agus buiséadacha atá infheidhme maidir leis an Oifig sna hAirteagail seo. Is forálacha caighdeánacha iad seo i ngníomh bunaitheach gníomhaireachta rialála.

    Caibidil VI – FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN bhFOIREANN

    Airteagail 38 agus 39

    Tá na forálacha atá infheidhme maidir leis an bhfoireann sna hAirteagail seo. Is forálacha caighdeánacha iad seo i ngníomh bunaitheach gníomhaireachta rialála.

    Caibidil VII - FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagail 40 go 52

    Tá na forálacha ginearálta atá infheidhme maidir leis an Oifig sna hAirteagail seo. Is forálacha caighdeánacha iad seo i ngníomh bunaitheach gníomhaireachta rialála.

    - Meastóireacht

    In Airteagal 45 den Rialachán foráiltear do mheastóireacht ar an Oifig, tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm. Sa mheastóireacht seo cumhdófar tionchar na hOifige ar chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn. Díreoidh sé go háirithe ar chúraimí na hOifige a mhodhnú nó a leathnú más gá, lena n-áirítear an iarmhairt airgeadais a ghabhfaidh le modhnú nó leathnú dá leithéid. Sa mheastóireacht sin scrúdófar an struchtúr bainistíochta féachaint an bhfuil sé iomchuí chun cúraimí na hOifige a chur i gcrích. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ar leibhéal Comhphobail agus ar leibhéal náisiúnta.

    2009/0027 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe pointí (1) agus (2) d'Airteagal 63 agus Airteagal 66 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[6],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[7],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[8],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. Faoi Chlár na Háige, ceaptar beartas an Chomhphobail maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn chun comhlimistéar tearmainn a bhunú trí bhíthin nós imeachta chomhchuibhithe éifeachtúil i gcomhréir le luachanna agus traidisiún daonchairdiúil an Aontais Eorpaigh.

    2. Tá go leor dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a bhunú, de bharr comhchaighdeáin íosta a chur chun feidhme. Mar sin féin, tá neamhréireachtaí móra ó Bhallstát go Ballstát i ndeonú cosanta agus na foirmeacha a ghlacann sí.

    3. D'fhógair an Coimisiún, ina Phlean Beartais maidir le Tearmann[9], a glacadh i mí an Mheithimh 2008, go raibh sé beartaithe aige an Comhchóras Eorpach Tearmainn a fhorbairt trí thogra a dhéanamh chun a mholadh go leasófaí ionstraimí dlíthiúla atá ann cheana ar mhaithe le comhchuibhiú níos fearr ar chaighdeáin agus trí chur leis an tacaíocht do chomhar praiticiúil idir Ballstáit, go sonrach trí thogra reachtach a thíolacadh chun Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a bhunú chun dlús a chur le comhordú comhair oibríochtúil idir Ballstáit ionas go gcuirfear na comhrialacha chun feidhme go héifeachtúil.

    4. Agus an Comhaontú Eorpach um Oifig agus Tearmann[10] á ghlacadh ag an gComhairle i mí Mheán Fómhair 2008, mheabhraigh sí go sollúnta go bhfuil sé de cheart ag aon eachtrannach faoi ghéarleanúint cúnamh agus cosaint a fháil i gcríoch an Aontais Eorpaigh i gcur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 i ndáil le Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 agus le conarthaí ábhartha eile. D'aontaigh an Chomhairle Eorpach go sainráite "Oifig Eorpach Tacaíochta a bhunú in 2009 a mbeadh sé de chúram uirthi malartú faisnéise, anailísí agus taithí a éascú i measc na mBallstát agus comhar praiticiúil a fhorbairt idir na córais riaracháin atá freagrach as iarratais ar thearmann a scrúdú".

    5. Trí bhíthin comhair phraiticiúil i réimse an tearmainn táthar ag díriú ar chóineasú phróisis chinnteoireachta na mBallstát a bhaineann le gnóthaí tearmainn faoi chuimsiú chreat reachtach Eorpach. Rinneadh roinnt mhaith beart maidir le comhar praiticiúil cheana le blianta beaga anuas, go háirithe cur chuige coiteann i dtaca le Faisnéis ar an Tír Thionscnaimh agus Curaclam Eorpach Coiteann maidir le Tearmann.

    6. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcórais náisiúnta tearmainn faoi bhrú sonrach neamhréireach, go háirithe i ngeall ar a suíomh geografach nó a staid dhéimeagrafach, tacóidh an Oifig le meicníochtaí dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme a bhfuil sé d'aidhm acu taobhú, ar bhonn deonach comhordaithe, le athleithroinnt níos fearr na ndaoine a bhaineann tairbhe as cosaint idirnáisiúnta ó Bhallstáit den sórt sin go Ballstáit eile, agus ag áirithiú ag an am céanna nach mbainfear mí-úsáid as na córais tearmainn.

    7. D'fhonn na bearta seo a neartú agus a fhorbairt, is gá struchtúr sonrach a chruthú chun iad a chomhordú agus tacú leo, i bhfoirm Oifige Eorpaí Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn (an Oifig).

    8. D'fhonn a théarmaí tagartha a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir, ba cheart go mbeadh an Oifig neamhspleách i gcúrsaí teicniúla agus go mbeadh uathriail dhlíthiúil, riaracháin agus airgeadais aici. Chuige sin, is gá agus is cuí gur comhlacht Comhphobail a bheadh san Oifig a mbeadh pearsantacht dhlítheanach aici agus a d'fheidhmeodh na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar di leis an Rialachán seo.

    9. D'fhonn leas a bhaint as saineolas agus tacaíocht Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (UNHCR), ba cheart don Oifig gníomhú i ndlúthchomhar leis. Chun na críche seo, ba cheart aitheantas iomlán a thabhairt do ról UNHCR agus ba cheart go mbeadh an comhlacht sin gafa go hiomlán le hobair na hOifige. Ba cheart don Oifig gníomhú i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na mBallstát a bhfuil cúraimí maidir le tearmann orthu, leis na seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus seirbhísí eile agus úsáid a bhaint as inniúlacht agus saineolas na seirbhísí sin, agus leis an gCoimisiún chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an Oifig chun a áirithiú go gcuirfidh sí a misean i gcrích.

    10. Ba cheart don Oifig a bheith ina lárionad Eorpach don saineolas maidir le tearmann agus a bheith freagrach as an gcomhar praiticiúil idir na Ballstáit maidir leis an iliomad gnéithe a bhaineann le tearmann a éascú, a chomhordú agus a neartú. Ba cheart don Oifig ina téarmaí tagartha díriú ar thrí phríomhchúram, is é sin le rá tacú le comhar praiticiúil maidir le tearmann, tacaíocht do na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith agus cuidiú leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme.

    11. Níor cheart go mbeadh aon chumhachtaí díreacha nó cumhachtaí indíreacha ag an Oifig agus cinntí á ndéanamh ag údaráis na mBallstát a bhaineann le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.

    12. D'fhonn tacaíocht oibríochtúil thapa agus éifeachtúil a thabhairt do na Ballstáit atá faoi bhrú mór ina gcórais tearmainn, ba cheart don Oifig imscaradh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn, comhdhéanta de shaineolaithe i réimse an tearmainn, a chomhordú ar chríocha na mBallstát iarrthacha. Ba cheart do na foirne tacaíochta a saineolas a chur ar fáil go háirithe maidir le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis ar na tíortha tionscnaimh agus eolas ar chásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú. Ba cheart go rialófaí leis an Rialachán seo córais na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn chun go n-áiritheofaí éifeachtúlacht a n-imscartha.

    13. Ba cheart don Oifig a cúraimí a chomhlíonadh faoi choinníollacha lena n-áiritheofar a ról mar phointe tagartha de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht an chúnaimh eolaíoch agus theicniúil a sholáthraíonn sí agus na faisnéise a scaipeann sí, de bhua thrédhearcachta a nósanna imeachta agus a modhanna oibriúcháin, agus a dúthrachta i gcomhlíonadh na gcúraimí a thugtar di.

    14. D'fhonn rialú éifeachtúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na hOifige, ba cheart go mbeadh ionadaíocht ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar Bord Stiúrthoirí. A mhéad is féidir, ba cheart don Bord Stiúrthóirí sin bheith comhdhéanta de cheannairí oibríochtúla na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as an mbeartas tearmainn, nó dá n-ionadaithe. Ba cheart go dtabharfaí na cumhachtaí is gá don Bhord sin chun an buiséad a bhunú, chun cur i ngníomh an bhuiséid sin a fhíorú, chun na rialacha cuí airgeadais a ghlacadh, chun nósanna trédhearcacha oibre a bhunú don chinnteoireacht a dhéanfaidh an Oifig agus chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh. Chun go mbeadh UNHCR gafa go hiomlán le hobair na hOifige agus i bhfianaise a saineolas i gcúrsaí tearmainn, ba cheart go mbeadh UNHCR ina chomhalta den Bhord ach gan ceart vótála a bheith aige.

    15. D'fhonn bainistiú tapa éifeachtach na hOifige a áirithiú, ba cheart go mbeadh Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh aici, ar a mbeadh ionadaithe ó na Ballstáit, agus é a bheith de chúram air comhairle a chur ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige agus tuairimí a thabhairt don Bhord Stiúrthóirí.

    16. D'fhonn uathriail iomlán agus neamhspleáchas na hOifige a áirithiú, ba cheart buiséad dá cuid féin a thabhairt di, a thiocfadh den chuid is mó ó ranníocaíocht ón gComhphobal. Ba cheart go mbeadh nós imeachta buiséid an Chomhphobail infheidhme a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht ón gComhphobal agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gurbh í Cúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach a dhéanfadh iniúchadh ar na cuntais.

    17. Chun a cuspóir a chur i gcrích, agus a mhéad is gá i gcomhlíonadh a cúraimí, ba cheart don Oifig comhoibriú le comhlachtaí eile Comhphobail, go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX), arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004[11] agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007[12]. Ba cheart di comhoibriú freisin le húdaráis inniúla tríú tíortha, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil i dtaca leis na hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo agus le tríú tíortha faoi chuimsiú socruithe oibre arna gur i gcrích i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.

    18. Chun a cuspóir a chur i gcrích, ba cheart don Oifig a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an gComhphobal Eorpach, comhaontuithe trínar ghlac na tíortha i dtrácht reachtaíocht an Comhphobail agus trína gcuireann siad i bhfeidhm an reachtaíocht sin sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail an Danmhairg, an Iorua, an Íoslainn agus an Eilvéis. Féadfaidh an Oifig freisin, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, socruithe oibre a chur i gcrích, i gcomhréir le forálacha an Chonartha, le tíortha eile seachas na tíortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an gComhphobal Eorpach, comhaontuithe trínar ghlac siad reachtaíocht an Chomhphobail agus trína gcuireann siad i bhfeidhm í. Mar sin féin, níor cheart don Oifig i gcás ar bith beartas uathrialach seachtrach a fhorbairt.

    19. I dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[13], ba cheart go mbeadh feidhm aige gan srian maidir leis an Oifig, ar ceart di aontú don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach i ndáil le hinniúchtaí inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[14].

    20. Beidh feidhm maidir leis an Oifig ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[15].

    21. Ba cheart go mbeadh feidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Oifig ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí de chineál pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[16].

    22. Ba cheart na forálacha is gá maidir le cóiríocht don Oifige sa Bhallstát ósta agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le foireann iomlán na hOifige agus baill dá dteaghlach a leagan amach i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú. Thairis sin, ba cheart don Bhallstát ósta na coinníollacha is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh fheidhmiú cuí na hOifige, lena n-áirítear scoileanna do pháistí agus córas iompair, ionas go bhféadfaí acmhainní daonna d'ardcháilíocht a mhealladh ó limistéar geografach chomh leathan agus is féidir.

    23. Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an gá comhar praiticiúil idir na Ballstáit maidir le tearmann a éascú agus cur leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme níos fearr, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    24. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le Seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg nó ní bheidh sí faoi réir é a chur i bhfeidhm.

    25. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ní foláir é a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir leis an gceart chun tearmainn,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL 1

    AN OIFIG EORPACH TACAÍOCHTA DO GHNÓTHAÍ TEARMAINN A BHUNÚ AGUS A CUSPÓIRÍ

    Airteagal 1 An Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a bhunú

    Leis seo bunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, ("an Oifig"), d'fhonn rannchuidiú leis an gComhchóras Eorpach maidir le Tearmainn a chur chun feidhme agus an comhar praiticiúil maidir le tearmann a neartú idir na Ballstáit.

    Airteagal 2 Cuspóirí na Oifige Eorpaí Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn

    1. Déanfaidh an Oifig comhar praiticiúil idir na Ballstáit a bhaineann le hiliomad gnéithe tearmainn a éascú, a chomhordú agus a neartú, , d'fhonn cur leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme níos fearr, lena n-áirítear a ghnéithe seachtracha.

    2. Tabharfaidh an Oifig tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit a bhfuil a gcórais tearmainn faoi bhrú ar leith, go háirithe i gcomhordú a bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn ar a mbeidh saineolaithe i ngnóthaí tearmainn.

    3. Soláthróidh an Oifig cúnamh eolaíoch agus teicniúil do cheapadh beartais agus reachtaíocht an Chomhphobail i ngach réimse a bhfuil tionchar díreach nó indíreach aige ar thearmann d'fhonn bheith in ann tacaíocht iomlán a thabhairt don chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus chun a cúraimí a chur i gcrích chomh maith agus is féidir. Is éard atá san Oifig foinse neamhspleách faisnéise maidir leis na ceisteanna a bhaineann leis na réimsí sin.

    4. Ba cheart don Oifig a cúraimí a chur i gcrích faoi choinníollacha lena n-áiritheofar a ról mar phointe tagartha de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht an chúnaimh eolaíoch agus theicniúil a sholáthraíonn sí agus de bhua na faisnéise a scaipeann sí, de bhua thrédhearcachta a nósanna imeachta agus a modhanna oibriúcháin, agus a dúthrachta i gcomhlíonadh na gcúraimí a thugtar di agus de bhua na tacaíochta teicneolaíochta faisnéise is gá chun a cúraimí a chómhlíonadh.

    5. Cuirfidh an Oifig a cúraimí i gcrích gan dochar do na cúraimí a shanntar do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), agus oibreoidh sí i ndlúthchomhar léi agus le UNHCR.

    CAIBIDIL 2

    CÚRAIMÍ NA hOIFIGE EORPAÍ TACAÍOCHTA DO GHNÓTHAÍ TEARMAINN

    Roinn 1 Tacaíocht don chomhar praiticiúil maidir le tearmann

    Airteagal 3 Malartú faisnéise agus dea-chleachtais

    Déanfaidh an Oifig na gníomhaíochtaí go léir a chuireann le malartú faisnéise agus sainaithint agus comhthiomsú dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le tearmann a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú.

    Airteagal 4 Faisnéis maidir leis na tíortha tionscnaimh

    Déanfaidh an Oifig na gníomhaíochtaí a bhaineann le faisnéis ar thíortha tionscnaimh a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú, agus go háirithe:

    26. bailiú na faisnéise a bhaineann le tíortha tionscnaimh na n-iarrathóirí tearmainn agus na ndaoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, agus na foinsí ábhartha faisnéise go léir á n-úsáid, lena n-áirítear foinsí rialtasacha agus neamhrialtasacha;

    27. bainistiú agus forbairt tairsigh le haghaidh bailiú faisnéise maidir le tíortha tionscnaimh agus é a chothabháil;

    28. formáid choiteann agus modheolaíocht choiteann a fhorbairt chun an fhaisnéis maidir leis an tír thionscnaimh a iontráil agus a úsáid;

    29. anailís ar an bhfaisnéis maidir leis na tíortha tionscnaimh agus dréachtú tuarascálacha ar na tíortha tionscnaimh.

    Airteagal 5 Tacaíocht chun daoine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh a aistriú laistigh den Chomhphobal

    Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcóras náisiúnta tearmainn faoi bhrú sonrach neamhréireach, go sonrach i ngeall ar a suíomh geografach nó a staid dhéimeagrafach, comhordóidh an Oifig an malartú faisnéise agus gach gníomhaíocht eile a bhaineann le cur chun feidhme na n-ionstraimí agus na meicníochtaí maidir le daoine a dtugtar cosaint idirnáisiúnta dóibh san Aontas Eorpach a aistriú laistigh den Chomhphobal, ar bhonn deonach.

    Airteagal 6 Tacaíocht oiliúna

    1. Bun óidh agus forbróidh an Oifig oiliúint le haghaidh na bhfostaithe go léir sna riaracháin náisiúnta agus sna gcúirteanna náisiúnta agus le haghaidh na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as gnóthaí tearmainn sna Ballstáit.

    2. Is í an Oifig a bhainisteoidh agus a fhorbróidh curaclam Eorpach maidir le tearmann.

    3. Féadfaidh an oiliúint a thairgfidh an Oifig bheith ginearálta, sonrach nó de réir téama áirithe.

    4. Áireofar san oiliúint shonrach:

    30. saincheisteanna a bhaineann le láimhseáil iarratas ar thearmann ó mhionaoisigh, agus ó dhaoine soghonta a bhfuil riachtanais ar leith acu;

    31. comharthaí is cúis le céasadh a aithint;

    32. teicníochtaí agallaimh;

    33. tuarascálacha saineolais liachta agus dlí a úsáid sna nósanna imeachta tearmainn;

    34. saincheisteanna a bhaineann le soláthar agus úsáid na faisnéise ar na tíortha tionscnaimh;

    35. saincheisteanna dlíthiúla ar leith nó ceisteanna cásdlí ar leith.

    5. Ceapfar an oiliúint a sholáthrófar chun oiliúint d'ardcháilíocht a áirithiú do na daoine a bhfuil sí dírithe orthu, agus chun eochairphrionsabail agus dea-chleachtais a aithint d'fhonn cur le cóineasú níos fearr a dhéanamh ar na cleachtais, na modhanna riaracháin agus an cásdlí náisiúnta.

    6. Soláthróidh an Oifig saineolaithe a bheidh ina gcuid den Díorma um Idirghabháil Tearmainn, dá dtagraítear in Airteagal 15(3) a mbeidh ardoiliúint faighte acu a bheidh ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na saineolaithe sin i gcomhréir leis an sceideal ardoiliúna agus freachnaimh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na hOifige.

    7. Féadfaidh an Oifig gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit ina gcríocha.

    Airteagal 7 Tacaíocht do ghnéithe seachtracha den bheartas tearmainn

    Maidir le gnéithe seachtracha, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, comhordóidh an Oifig malartú faisnéise agus aon bhearta eile arna ndéanamh a bhaineann le ceisteanna i ndáil le cur chun feidhme na n-ionstraimí agus na meicníochtaí a bhaineann leis an ngné sheachtrach den Chomhchóras Eorpach Tearmainn.

    Comhordóidh an Oifig an malartú faisnéise agus na bearta go léir arna ndéanamh i ndáil le athlonnú na ndídeanaithe laistigh den Aontas Eorpach.

    De bhun a téarmaí tagartha, agus i gcomhréir le hAirteagal 47, féadfaidh an Oifig foirmeacha comhair a bhunú le tríú tíortha, i dtaca le gnéithe teicniúla, go háirithe, maidir le hinniúlachtaí na dtríú tíortha a neartú faoi chuimsiú na gclár cosanta réigiúnaí.

    Roinn 2 Tacaíocht do na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith

    Airteagal 8 Brú ar leith

    Déanfaidh an Oifig gach beart coiteann ar mhaithe le Ballstáit atá faoi bhrú ar leith a chomhordú agus tacóidh sí leo, go háirithe brú i ngeall ar a suíomh geografach nó a staid dhéimeagrafach nó cásanna ina dtarlaíonn mórphlódú isteach de náisiúnaigh tríú tíortha go tobann ag lorg cosanta idirnáisiúnta.

    Airteagal 9 Bailiú faisnéise agus anailís ar fhaisnéis

    1. D'fhonn measúnú a dhéanamh ar riachtanais na mBallstát atá faoi bhrú ar leith, baileoidh an Oifig, go sonrach ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus ag UNHCR don Oifig, an fhaisnéis iomchuí go léir chun bearta éigeandála a aithint, a ullmhú agus a shainmhíniú d'fhonn déileáil le brú ar leith, go sonrach faoi chuimsiú Rialachán (…/…) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna thaisceadh i mBallstát amháin ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát[17].

    2. Déanfaidh an Oifig sainaithint agus anailís ar shlí chórasach ar na struchtúir agus ar an bhfoireann atá ar fáil, go háirithe i dtaca le haistriúchán agus le hateangaireacht, chomh maith le hinniúlacht tearmainn sna Ballstáit, d'fhonn taobhú le faisnéis fhrithpháirteach thapa agus iontaofa a scaipeadh idir na húdaráis náisiúnta éagsúla atá freagrach as gnóthaí tearmainn.

    Airteagal 10 Tacaíocht do na Ballstáit

    Comhordóidh an Oifig gníomhaíochtaí tacaíochta do na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith agus go sonrach:

    a) bunóidh sí córas réamhrabhaidh chun fógra a thabhairt do na Ballstáit maidir le mórphlódú isteach de dhaoine ag lorg cosanta idirnáisiúnta;

    b) comhordóidh sí na gníomhaíochtaí chun cuidiú leis na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith anailísiú tosaigh a dhéanamh ar iarratais ar thearmann;

    c) comhordóidh sí na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun a áirithiú go mbunóidh na Ballstáit atá faoi bhrú, na saoráidí iomchuí chun glacadh le hiarrathóirí tearmainn go tapa, go háirithe cóiríocht éigeandála, modhanna iompair agus cúnamh liachta;

    d) comhordóidh sí na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a ndéantar sainmhíniú ar na socruithe oibriúcháin chucu sin i gCaibidil 3.

    Roinn 3 Rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn

    Airteagal 11 Bailiú agus malartú faisnéise

    1. Déanfaidh an Oifig an malartú faisnéise a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn idir na húdaráis náisiúnta tearmainn, agus idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta tearmainn freisin, maidir le cur chun feidhme ionstraimí ábhartha go léir an acquis communautaire maidir le gnóthaí tearmainn. Chun na críche sin, féadfaidh sí bunachair sonraí fhíorasacha, dhlíthiúla agus cásdlí a bhunú i ndáil leis na hionstraimí maidir le tearmann ar leibhéal náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta.

    2. Go háirithe, baileoidh an Oifig an fhaisnéis seo a leanas:

    (a) faisnéis ar phróiseáil na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sna riaracháin náisiúnta agus sna húdaráis náisiúnta.

    (b) faisnéis ar an reachtaíocht náisiúnta agus a forbairtí maidir le gnóthaí tearmainn, lena n-áirítear cásdlí.

    Airteagal 12 Tuarascálacha agus doiciméid eile na hOifige

    1. Ullmhóidh an Oifig tuarascáil bhliantúil ar an staid ina bhfuil gnóthaí tearmainn san Aontas Eorpach. Mar chuid den tuarascáil sin, déanfaidh an Oifig measúnú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo agus déanfaidh sí anailís chomparáideach chuimsitheach orthu d'fhonn tuiscint níos fearr ar dhea-chleachtas i measc na mBallstát a chur chun cinn agus cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a fheabhsú.

    2. Féadfaidh an Oifig, arna iarraidh sin di ag an gCoimisiún agus tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoiste Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30, ag gníomhú i ndlúthchomhairle lena meithleacha oibre agus leis an gCoimisiún, doiciméid theicniúla maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Chomhphobail maidir le Tearmann a tharraingt suas, lena n-áirítear treoirlínte agus lámhleabhair oibriúcháin.

    CAIBIDIL 3

    Foirne Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn

    Airteagal 13 Comhordú

    Féadfaidh an Oifig an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a eagrú don Bhallstát iarrthach nó do na Ballstáit iarrthacha atá faoi bhrú ar leith arna iarraidh sin aige nó acu, agus imlonnú foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a chomhordú ar feadh tréimhse teoranta, ar chríoch an Bhallstáit iarrthaigh ar feadh na tréimhse iomchuí. Go sonrach, féadfaidh an Oifig:

    a) cúnamh a thabhairt le saincheisteanna maidir le comhordú idir dhá Bhallstát nó níos mó d'fhonn fadhbanna a réiteach;

    b) a saineolaithe a imscaradh don tréimhse is gá chun tacú le húdaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

    Airteagal 14 Cúnamh teicniúil

    Soláthróidh na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn saineolas, go háirithe maidir le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis ar na tíortha tionscnaimh agus eolas ar chásanna tearmainn a phróiseáil agus a bhainistiú faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí tacaíochta do na Ballstáit arna ndéanamh ag an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 10.

    Airteagal 15 An Díorma um Idirghabháil Tearmainn

    1. Ar thogra ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige, cinnfidh Coiste Feidhmiúcháin na hOifige, trí thromlach de thrí cheathrú dá chomhaltaí, próifílí agus líon iomlán na saineolaithe a chuirfear ar fáil do na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn (An Díorma um Idirghabháil Tearmainn). Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ina dhiaidh sin ar phróifílí agus ar líon iomlán na saineolaithe sa Díorma um Idirghabháil Tearmainn.

    2. Cuirfidh na Ballstáit leis an Díorma um Idirghabháil Tearmainn trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe a bheidh bunaithe ar na próifílí difriúla a shaineofar trí shaineolaithe a fhreagraíonn do na próifílí a theastaíonn a ainmniú.

    Airteagal 16 Imscaradh

    1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach, arna iarraidh sin dóibh ag an Oifig, líon, ainmneacha agus próifílí na saineolaithe ar a ndíorma náisiúnta a d'fhéadfaidís a chur ar fáil laistigh de 5 lá mar chomhaltaí den fhoireann tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn. Ar iarratas ón Oifig, déanfaidh na Ballstáit na saineolaithe a imscaradh, ach amháin má tá siad ag tabhairt aghaidhe ar chás eisceachtúil a chuirfeadh isteach go mór ar chomhlíonadh na gcúraimí náisiúnta. Ní dhéanfar aon difear d'uathriail an Bhallstáit thionscnaimh i dtaca le roghnú na foirne agus le fad ré a n-imscartha.

    2. Nuair a bheidh comhdhéanamh foirne tacaíochta i gcomhair imscaradh á chinneadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na himthosca sonracha a bheidh ag bagairt ar an mBallstát is iarratasóir san áireamh. Beidh an fhoireann tacaíochta do ghnóthaí tearmainn comhdhéanta i gcomhréir leis an bplean oibriúcháin a dhréachtófar de bhun Airteagal 18.

    Airteagal 17 Nós imeachta cinnteoireachta le haghaidh imscaradh

    1. Áireofar in iarratas ar imscaradh na bhfoirne tacaíochtai gcomhréir le hAirteagal 16(1), cur síos ar an gcás, ar na haidhmeanna a d´fhéadfadh a bheith i gceist agus ar na riachtanais a mbeifear ag dréim leo maidir leis an imscaradh. I gcás inar cuí, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaithe ón Oifig a chur amach chun staid an Bhallstáit iarrthaigh a mheas.

    2. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Coiste Feidhmiúcháin ar an eolas láithreach maidir le himscaradh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn.

    3. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin iarratas ar imscaradh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát iarrthach agus an Coiste Feidhmiúcháin ar an eolas faoin gcinneadh i scríbhinn i gcomhthráth. Luafar sa chinneadh na príomhchúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

    4. Má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann tacaíochta amháin nó níos mó a imscaradh, tarraingeoidh an Oifig agus an Ballstát iatrrthach plean oibriúcháin suas láithreach i gcomhréir le hAirteagal 18.

    5. A luaithe a bheidh an plean oibriúcháin comhaontaithe, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Ballstáit ar an eolas faoi líon na saineolaithe agus faoi phróifílí na saineolaithe a imscarfar sna foirne. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i scríbhinn, do na pointí teagmhála náisiúnta a bhunófar faoi Airteagal 19 agus luafar inti an dáta a dtarlóidh an t-imscaradh. Cuirfear cóip den phlean oibriúcháin ar fáil dóibh chomh maith.

    6. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé ar fáil, is é nó í an Ceann Aonaid a dhéanfaidh na cinntí a bhaineann le himscaradh na bhfoirne.

    Airteagal 18 An Plean Oibriúcháin

    1. Aontóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát iarr thach ar phlean oibriúcháin ina leagfar amach go mionsonraithe na coinníollacha a bhaineann leis na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a imscaradh. Cumhdófar an méid seo a leanas sa phlean oibriúcháin:

    a) cur síos ar an gcás maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear an cuspóir oibriúcháin;

    b) an fad ama a mheastar d'imscaradh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn;

    c) an ceantar geografach freagrachta sa Bhallstát iarrthach ina n-imscarfar na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn;

    d) cur síos ar chúraimí agus ar threoracha speisialta do na baill foirne lena n-áirítear treoracha do cheadú incheadaithe bunachar sonraí agus do threalamh atá incheadaithe do bhaill na bhfoirne sa Bhallstát ósta;

    e) comhdhéanamh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn.

    2. Beidh comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit iarrthaigh araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibriúcháin. Cuirfidh an Oifig cóip den phlean oibriúcháin leasaithe nó oiriúnaithe láithreach chuig na Ballstáit rannpháirteacha.

    Airteagal 19 Pointe teagmhála náisiúnta

    Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an Oifig ar gach ábhar a bhaineann leis na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn. Beidh fáil ar an bpointe teagmhála náisiúnta i gcónaí.

    Airteagal 20 Pointe teagmhála Comhphobail

    1. Ainmneoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaí Oifige amháin nó níos mó a ghníomhóidh mar phointe teagmhála Comhphobail agus a bheidh freagrach as comhordú. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát ósta ar an eolas faoin gceapachán sin.

    2. Gníomhóidh an pointe teagmhála Comhphobail thar ceann na hOifige i dtaca le himscaradh foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn. Beidh sé de chúram go sonrach air:

    a) gníomhú mar idirghabhálaí idir an Oifig agus an Ballstát ósta;

    b) gníomhú mar idirghabhálaí idir an Oifig agus baill na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn, agus cúnamh a sholáthar, thar ceann na hOifige, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha imscartha na bhfoirne;

    c) monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibriúcháin;

    d) tuarascáil a chur isteach chuig an Oifig maidir le gach gné d'imscaradh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn.

    3. Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige a údarú don phointe teagmhála cuidiú le réiteach aon díospóidí i ndáil le cur chun feidhme an phlean oibriúcháin agus imscaradh na bhfoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn.

    4. I gcomhlíonadh a chúraimí, ní ghlacfaidh an pointe teagmhála Comhphobail treoracha ach ón Oifig amháin.

    Airteagal 21 Costais

    Cumhdóidh an Oifig ina n-iomláine na costais seo a leanas a thabhóidh na Ballstáit agus iad ag cur saineolaithe ar fáil do na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn:

    a) costais taistil ón mBallstát tionscnaimh go dtí an Ballstát ósta agus ón mBallstát ósta go dtí an Ballstát tionscnaimh;

    b) costais a bhaineann le vaicsíní;

    c) costais a bhaineann le riachtanais speisialta árachais;

    d) costais a bhaineann le cúram sláinte;

    e) liúntais chothabhála lae, costais chóiríochta san áireamh;

    f) costais a bhaineann le trealamh teicniúil na hOifige.

    CAIBIDIL 4

    EAGRÚ NA hOIFIGE

    Airteagal 22 Comhlachtaí na hOifige

    Beidh na comhlachtaí seo a leanas mar chuid de struchtúr riaracháin agus bainistíochta na hOifige:

    a) Bord Stiúrthóirí;

    b) Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a fhoireann;

    c) Coiste Feidhmiúcháin;

    d) Fóram Comhchomhairleach.

    Airteagal 23 Comhdhéanamh an Bhoird Stiúrthóirí

    1. Ainmneoidh gach Ballstát comhalta amháin ar an mBord Stiúrthóirí agus ainmneoidh an Coimisiún beirt chomhalta.

    2. Féadfaidh malartach suí thar ceann comhalta ar an mBord Stiúrthóirí nó a bheith i dteannta an chomhalta sin; i gcás go mbeidh sé i dteannta an chomhalta, déanfaidh an malartach freastal ar an gcruinniú gan ceart vótála.

    3. Ainmneofar comhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí bunaithe ar an taithí agus ar an saineolas atá acu i réimse an tearmainn.

    4. Is comhalta gan ceart vótála den Bhord Stiúrthóirí é UNHCR.

    5. Trí bliana a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tráth a éagfaidh a dtéarma oifige nó i gcás dóibh éirí as oifig, fanfaidh na comhaltaí i seilbh oifige go dtí go ndéanfar iad a athnuachan nó go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad.

    Airteagal 24 Cathaoirleacht an Bhoird Stiúrthóirí

    1. Toghfaidh an Bord Stiurthóirí Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh má tharlaíonn nach féidir leis freastal ar a chuid dualgas.

    2. Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathoirligh agus ní fhéadfar an téarma oifige a athnuachan ach uair amháin. Más rud é, áfach, go dtagann a mballraíocht ar an mBord Stiúrthóirí chun críche tráth ar bith le linn a dtéarma oifige mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathoirleach, éagfaidh a dtéarma oifige an tráth sin freisin.

    Airteagal 25 Cruinnithe den Bhord Stiúrthóirí

    1. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí. Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige páirt sna cruinnithe.

    2. Tiocfaidh an Bord Stiúrthóirí le chéile i ngnáthsheisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Chomh maith leis sin, tiocfaidh sé le chéile ar iarratas ón gCathaoirleach nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird. Comórfaidh an Cathaoirleach cruinnithe breise den Bhord Stiúrthóirí ar iarratas ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird.

    3. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairimí ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir.

    4. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

    5. Soláthróidh an Oifig seirbhísí rúnaíochta don Bhord Stiúrthóirí.

    Airteagal 26 Vótáil

    1. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí a chinntí trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí sin a bhfuil ceart vótála acu. Beidh vóta amháin ag gach comhalta atá i dteideal vótáil. Má bhíonn comhalta as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

    2. Ní bheidh ceart vótála ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige.

    3. Beidh ceart vótála ag an gCathaoirleach.

    4. Ní bheidh vóta ag na Ballstáit sin nach bhfuil ag cloí go hiomlán leis an aquis communautaire i gcás gnóthaí tearmainn nuair a iarrtar ar an mBord Stiúrthóirí cinntí a dhéanamh a thagann faoi chumhachtaí bainistíochta na hOifige, mar atá leagtha síos in Airteagal 27, nuair a bheidh na cinntí sin bunaithe ar ionstraimí nach bhfuil na Ballstáit sin ag cloí leo.

    5. Bunóidh rialacha nós imeachta an Bhoird Stiúrthóirí socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon riachtanais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

    Airteagal 27 Feidhmeanna an Bhoird Stiúrthóirí

    Áiritheoidh an Bord Stiúrthóirí go gcomhlíonfaidh an Oifig na cúraimí a shanntar di. Beidh an Bord ina chomhlacht pleanála agus comhlacht monatóireachta don Oifig. Déanfaidh sé go háirithe:

    36. a rialacha nós imeachta a bhunú;

    37. an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ainmniú mar atá leagtha síos in Airteagal 28; údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, nuair is iomchuí, é a fhionraí nó a bhriseadh as oifig;

    38. an tuarascáil ghinearálta bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige a ghlacadh agus í a chur ar aghaidh faoin 15 Meitheamh den bhliain dar gcionn ar a dhéanaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfar an tuarascáil ghinearálta a phoibliú;

    39. clár oibre na hOifige don bhliain dar gcionn a ghlacadh trí thromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird a bhfuil ceart vótála acu, faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, bunaithe ar dhréacht arna thíolacadh ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige, agus tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún, agus an clár oibre sin a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Glacfar an clár oibre sin i gcomhréir le nós imeachta buiséid bliantúil an Chomhphobail agus le clár oibre reachtach an Chomhphobail i réimse an tearmainn;

    40. a fhreagrachtaí a fheidhmiú maidir le buiséad na hOifige mar atá leagtha síos i gCaibidil 5;

    41. na rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 42 den Rialachán seo;

    42. na rialacha maidir le húsáid teangacha san Oifig a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 41 den Rialachán seo;

    43. struchtúr eagrúcháin na hOifige a bhunú agus beartas foirne na hOifige a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 38;

    44. plean ilbhliantúil na hOifige i gcúrsaí foirne a ghlacadh tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún;

    45. na cinntí go léir a dhéanamh chun téarmaí tagartha na hOifige mar atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhall;

    46. na cinntí go léir a dhéanamh maidir leis na córais faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhunú, agus nuair is gá, a fhorbairt, lena n-áirítear an tairseach faisnéise dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 4;

    47. na cinntí go léir a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha na hOifige a chruthú agus a mhodhnú nuair is gá;

    48. údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    49. a rialacha nós imeachta a ghlacadh bunaithe ar dhréacht arna thíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún.

    Airteagal 28 Ceapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1. Is é an Bord Stiúrthóirí a cheapfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige do thréimhse cúig bliana ó liosta iarrthóirí a bheidh molta ag an gCoimisiún. Sula gceapfar é, iarrfar ar an iarrthóir a bheidh roghnaithe ag an mBord Stiúrthóirí ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó na gcoistí sin a fhreagairt.

    Feadh na naoi mí dheireanacha den tréimhse cúig bliana seo déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus díreofar go háirithe:

    - ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

    - ar chúraimí agus riachtanais na hOifige sna blianta a bheidh le teacht.

    2. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, ag cur an tuarascáil ar an meastóireacht san áireamh agus sna cásanna sin amháin a bhfuil cúis mhaith leis de réir chúraimí agus riachtanais na hOifige, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a athnuachan uair amháin ar feadh trí bliana ar a mhéad.

    3. Cuirfidh an Bord Stiúrthóirí in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Laistigh de mhí roimh shíneadh a théarma oifige, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó na gcoistí sin a fhreagairt.

    Airteagal 29 Feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1. Is faoi bhainistiú a Stiúrthóra Feidhmiúcháin a bheidh an Oifig agus gníomhóidh sé go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid feidhmeanna. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Stiúrthóirí as a chuid gníomhaíochtaí.

    2. Gan dochar d'inniúlachtaí an Choimisiúin ná d'inniúlachtaí an Bhoird Stiúrthóirí, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoir ná ní ghlacfaidh sé treoir ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh a chúraimí.

    4. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na hOifige.

    5. Féadfaidh Ceann Aonaid amháin nó níos mó ná Ceann Aonaid amháin cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn sé as láthair nó mura mbeidh sé ar fáil glacfaidh Ceann Aonaid a ionad.

    6. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

    50. riarachán na hOifige ó lá go lá;

    51. cláir oibre na hOifige a bhunú, tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún;

    52. na cláir oibre agus na cinntí arna nglacadh ag an mBord Stiúrthóirí a chur chun feidhme;

    53. tuarascálacha a tharraingt suas ar na tíortha tionscnaimh mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 4(d);

    54. dréacht de rialachán airgeadais na hOifige a ullmhú chun go nglacfaidh an Bord Stiúrthóirí é faoi Airteagal 37, mar aon lena rialacha cur chun feidhme;

    55. dréacht de na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige a ullmhú agus a buiséad a chur i ngníomh;

    56. na cumhachtaí atá leagtha síos in Airteagal 38 a fheidhmiú maidir le foireann na hOifige;

    57. cúrsaí uile na foirne; na cinntí go léir a dhéanamh maidir leis na córais faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhainistiú, agus go háirithe an tairseach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 4(b);

    58. na cinntí go léir a dhéanamh maidir le struchtúir riaracháin inmheánacha na hOifige a bhainistiú.

    Airteagal 30 An Coiste Feidhmiúcháin

    1. Ar mhaithe le héifeachtacht agus le luas na hoibre, bunóidh an Oifig Coiste Feidhmiúcháin ar a mbeidh ochtar comhalta a cheapfar as measc chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí.

    2. Is comhalta ex officio den Choiste Feidhmiúcháin é an Coimisiún. Déanfaidh Bord Stiúrthóirí na hOifige na rialacha is infheidhme a leagan síos maidir le comhaltaí eile den Choiste Feidhmiúcháin a cheapadh.

    3. Tiocfaidh an Coiste Feidhmiúcháin le chéile ar bhonn rialta ar chuireadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Choiste, ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Déanfar rialacha oibre an Choiste a leagan síos i rialacha nós imeachta na hOifige agus poibleofar iad.

    4. Beidh téarma oifige chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin comhionann le téarma oifige chomhaltaí an Choiste Stiúrthóirí.

    5. Tiocfaidh an Coiste Feidhmiúcháin le chéile, más gá, i gcruinnithe ina ndéanfar plé ar ábhair shainiúla ar leith.

    6. Beidh an Coiste Feidhmiúcháin freagrach as comhairle a chur ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige agus as tuairimí a nochtadh don Bhord Stiúrthóirí, arna iarraidh sin ag an mBord nó ar a thionscnamh féin, maidir le clár oibre na hOifige agus a gníomhaíochtaí go léir agus tráth ar bith ina mbíonn ar an Oifig cinneadh tapa a dhéanamh, go háirithe cinneadh a bhaineann le foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a chur chuig Ballstáit atá faoi bhrú áirithe i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3.

    7. Cuirfidh an Oifig an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta is gá ar fáil don Choiste Feidhmiúcháin mar aon le seirbhísí rúnaíochta dá chruinnithe.

    8. Ar iarratas ón gCoiste Feidhmiúcháin, féadfaidh ionadaithe UNHCR freastal ar chruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin gan ceart vótála.

    9. Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairimí ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe.

    Airteagal 31 Meithleacha oibre

    1. Mar chuid dá théarmaí tagartha mar a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Oifig meithleacha oibre a bhunú ar a mbeidh saineolaithe ó údaráis inniúla sna Ballstáit a bhíonn ag obair i réimse an tearmainn, lena n-áirítear sainbhreithiúna. Féadfar malartaigh a cheapfar go comhuaineach a chur in ionad na saineolaithe.

    2. Beidh an Coimisiún páirteach sna meithleacha oibre de cheart. Féadfaidh ionadaithe UNHCR freastal ar chruinnithe uile nó ar chuid de chruinnithe mheithleacha oibre na hOifige, ag brath ar an gcineál saincheisteanna a bheidh á bplé.

    3. Féadfaidh na meithleacha oibre cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairim ábhartha a bheith aige freastal ar a gcuid cruinnithe, lena n-áirítear ionadaithe na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhíonn ag obair i réimse an tearmainn.

    Airteagal 32 Fóram Comhchomhairleach

    1. Comhoibreoidh an Oifig go dlúth leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le forais na sochaí sibhialta a bhíonn ag obair i réimse an bheartais tearmainn ar an leibhéal náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta agus bunóidh sí Fóram Comhchomhairleach chun na críche sin.

    2. Soláthróidh an Fóram Comhchomhairleach slí chun faisnéis a mhalartú agus chun eolas a chomhthiomsú. Áiritheoidh sé go bhfuil dlúthchomhar idir an Oifig agus na páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé saineolas agus comhairle ar fáil maidir le gnóthaí tearmainn.

    3. Beidh an Fóram Comhchomhairleach ar fáil do na páirtithe leasmhara inniúla go léir i gcomhréir le mír 1. Beidh an UNHCR ina chomhalta den Fhóram Comhchomhairleach ar bhonn ex officio .

    4. Beidh an Fóram Comhchomhairleach freagrach go háirithe as an méid seo a leanas:

    59. moltaí a chur chuig an mBord Stiúrthóirí maidir leis an gclár oibre bliantúil a bheidh le glacadh faoi Airteagal 27(d);

    60. aiseolas a thabhairt don Bhord Stiúrthóirí agus bearta leantacha a mholadh maidir leis an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 27(c) agus leis an tuarascáil bhliantúil ar an staid maidir le tearmann san Aontas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 12(1); agus

    61. conclúidí agus moltaí a eascraíonn ó chomhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe a bhaineann le hobair na hOifige a chur in iúl don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Choiste Feidhmiúcháin.

    5. Beidh comhordú an Fhóraim Chomhchomhairligh faoi údarás an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    6. Dhá uair sa bhliain ar a laghad a thiocfaidh an Fóram Comhchomhairleach le chéile.

    CAIBIDIL 5

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 33 An Buiséad

    1. Beidh ioncam agus caiteachas go léir na hOifige ina n-ábhar le haghaidh réamhaisnéisí ar gach bliain airgeadais, i gcomhthráth leis an mbliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad na hOifige.

    2. Beidh buiséad na hOifige ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

    3. Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na hOifige:

    62. deontas ón gComhphobal a iontrálfar i mbuiséad ginearálta na hOifige;

    63. aon ranníochtaíochtaí deonacha ó na Ballstáit;

    64. táillí a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Oifig.

    4. Folóidh caiteachas na hOifige luach saothair foirne, costais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin, agus caiteachas a bhaineann le conarthaí nó comhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Oifig.

    Airteagal 34 Bunú an bhuiséid

    1. Uair sa bhliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréacht de na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige don bhliain dar gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfear ar aghaidh é chuig an mBord Stiúrthóirí.

    2. Ar bhonn an dréachta seo, ullmhóidh an Bord Stiúrthóirí meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

    3. Cuirfear an dréacht de na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 10 Feabhra ar a dhéanaí. Cuirfidh an Bord Stiúrthóirí an leagan deireanach den mheastachán seo, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta ar a dhéanaí.

    4. Cuirfidh an Coimisiún an meastachán ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ("an t-údarás buiséadach") in éineacht le réamhdhréacht de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    5. Ar bhonn an mheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis sa réamhdhréacht de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an bplean bunaíochta agus i dtaca leis an méid den deontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta a leagfaidh sé os comhair an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh.

    6. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don deontas a íocfar leis an Oifig.

    7. Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na hOifige.

    8. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí buiséad na hOifige. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir.

    9. Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí fógra, a luaithe is féidir, don údarás buiséadach faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

    10. I gcás ina dtabharfaidh brainse den údarás buiséadach fógra go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a thabhairt, cuirfidh sé a thuairim ar aghaidh chuig an mBord Stiúrthóirí laistigh de thréimhse sé seachtaine ón dáta ar fógraíodh an tionscadal.

    Airteagal 35 An buiséad a chur i ngníomh

    1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na hOifige i ngníomh.

    2. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta ar aghaidh chuig an údarás buiséadach uair sa bhliain.

    Airteagal 36 Na cuntais a chur i láthair agus urscaoileadh

    1. Faoin 1 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na hOifige na cuntais shealadacha in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin comhdhlúthú ar chuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[18].

    2. Faoin 31 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na hOifige faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin.

    3. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na hOifige, déanfaidh sé, i gcomhréir le forálacha Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, cuntais chríochnaitheacha na hOifige a tharraingt suas ar a chonlán féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Stiúrthóirí iad chun a thuairim a fháil.

    4. Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na hOifige.

    5. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha seo, in éineacht le tuairim an Bhoird Stiúrthóirí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí.

    6. Poibleofar na cuntais chríochnaitheacha.

    7. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Stiúrthóirí freisin.

    8. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin aici, aon fhaisnéis is gá d'fheidhmiú rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais a bheidh i dtrácht, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

    9. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith chur i ngníomh an bhuiséid do bhliain N.

    Airteagal 37 Rialachán Airgeadais

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Stiúrthóirí an rialachán airgeadais a mbeidh feidhm aige maidir leis an Oifig. Ní fhéadfaidh sé imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002[19] ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002[20] ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach murar gá go sonrach imeacht uaidh ar mhaithe le hoibriú na hOifige agus mura mbeidh sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

    CAIBIDIL 6

    FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN bhFOIREANN

    Airteagal 38 An Fhoireann

    1. Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus ag na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, maidir le foireann na hOifige, lena n-áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    2. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha cuí cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach.

    3. Is í an Oifig a fheidhmeoidh i ndáil lena foireann féin na cumhachtaí a thugtar leis na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a thugtar le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach don údarás atá i dteideal conarthaí a chur i gcrích.

    4. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Oifig.

    Airteagal 39 Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an Oifig.

    CAIBIDIL 7

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 40 Stádas dlíthiúil

    1. Is comhlacht de chuid an Chomhphobail a bheidh san Oifig. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an Oifig. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    3. Déanfaidh a Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht ar an Oifig.

    4. Beidh ceanncheathrú na hOifige suite in [...]. ..

    Airteagal 41 Socruithe teanga

    1. Beidh feidhm maidir leis an Oifig ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 ag cinneadh na dteangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa[21].

    2. Gan dochar do na cinntí a rinneadh de bhun Airteagal 290 den Chonradh, foilseofar an tuarascáil ghinearálta bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige agus an clár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 27 i dteangacha oifigiúla uile an Chomhphobail.

    3. Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Oifig.

    4. Bunóidh an Bord Stiúrthóirí na bearta praiticiúla maidir leis na socruithe teanga a chur chun feidhme.

    Airteagal 42 Rochtain ar dhoiciméid

    1. Beidh feidhm maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh na hOifige ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[22].

    2. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí bearta praiticiúla laistigh de shé mhí ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme.

    3. Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh an Oifig de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 den Chonradh faoi seach.

    4. Beidh aon phróiseáil sonraí de chineál pearsanta a dhéanfaidh an Oifig faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[23].

    Airteagal 43 Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint

    1. Cuirfidh an Oifig na prionsabail slándála atá ar áireamh i gCinneadh 2001/844/CE, CECG, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta inmheánacha i bhfeidhm. Folóidh sé seo, go háirithe, forálacha a bhaineann le malartú, próiseáil agus stóráil faisnéise rúnaicmithe.

    2. Cuirfidh an Oifig na prionsabail slándála a bhaineann le faisnéis íogair neamhaicmithe a phróiseáil mar atá glactha agus curtha chun feidhme cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach i bhfeidhm.

    Airteagal 44 Forálacha a bhaineann le dliteanas

    1. Beidh dliteanas conarthach na hOifige faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

    2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Oifig.

    3. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, slánóidh an Oifig, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a seirbhísí nó a seirbhísigh i bhfeidhmiú a ndualgas ba chúis leis.

    4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá dtagraítear i mír 3.

    5. Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na hOifige á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

    Airteagal 45 Meastóireacht agus athbhreithniú

    1. Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 51, déanfaidh an Oifig meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar an méid atá bainte amach aici ar bhonn téarmaí tagartha arna n-eisiúint ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhaontú leis an gCoimisiún. Áireofar sa mheastóireacht seo tionchar na hOifige ar chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn. Díreoidh sí go háirithe ar chúraimí na hOifige a mhodhnú nó a leathnú más gá, lena n-áirítear an iarmhairt airgeadais a ghabhfaidh le modhnú nó leathnú dá leithéid. Sa mheastóireacht sin scrúdófar an struchtúr bainistíochta féachaint an bhfuil sé iomchuí chun cúraimí na hOifige a chur i gcrích. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ar leibhéal Comhphobail agus ar leibhéal náisiúnta.

    2. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí, i gcomhaonú leis an gCoimisiún, an t-amchlár do mheastóireachtaí todhchaí a chinneadh, ag cur torthaí na tuarascála ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 san áireamh.

    Airteagal 46 Maoirseacht riaracháin

    Beidh gníomhaíochtaí na hOifige faoi réir mhaoirseacht an Ombudsman, i gcomhréir le forálacha Airteagal 195 den Chonradh.

    Airteagal 47 Comhar le tríú tíortha agus le tíortha comhlacha

    1. Féadfaidh tíortha bheith páirteach san Oifig má tá comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an gComhphobal Eorpach, comhaontuithe trína nglacann na tíortha i dtrácht reachtaíocht an Chomhphobail agus trína gcuireann siad i bhfeidhm an reachtaíocht sin sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcomhréir le forálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfar socruithe a shonróidh go háirithe cineál, méid agus rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha seo in obair na hOifige. Áireoidh na socruithe sin freisin forálacha maidir le rannpháirtíocht i dtionscnaimh arna ndéanamh ag an Oifig, le ranníocaíochtaí airgeadais agus leis an bhfoireann. Maidir le cúrsaí foirne, cloífidh na comhaontuithe sin, ar aon chor, le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach.

    2. I gcás ceisteanna a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, éascóidh an Oifig, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, comhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha faoi chuimsiú bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le caidreamh seachtrach, agus féadfaidh sí comhoibriú leis na húdaráis i dtríú tíortha atá inniúil i ngnéithe atá cumhdaithe leis an Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na húdaráis sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.

    Airteagal 48 Comhar idir an Oifig agus UNHCR

    Comhoibreoidh an Oifig i gcomhar le UNHCR sna réimsí sin atá faoi rialú an Rialacháin seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis.

    Féadfaidh an Oifig deontais a thabhairt do UNHCR. Is é is cuspóir leis na deontais seo gníomhaíochtaí a mhaoiniú a chuirfidh ar chumas na hOifige leas a bhaint as saineolas an UNHCR i ngnóthaí tearmainn ar bhonn seasmhach agus inbhuanaithe. Beidh siad mar chuid den chaidreamh comhair speisialta idir an Oifig agus UNHCR i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 2(5), 9(1), 23(4), 30(8), 31(2) agus 32(3). I gcomhréir le hAirteagal 75 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus ag a rialacha cur chun feidhme.

    Airteagal 49 Comhar le FRONTEX, FRA agus comhlachtaí Comhphobail eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

    Comhoibreoidh an Oifig leis na comhlachtaí Comhphobail a bhfuil baint ag a ngníomhaíochtaí le réimse gníomhaíochtaí na hOifige agus go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil sna réimsí atá cumhdaithe leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú socruithe oibre arna gcur i gcrích leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir le Conradh CE agus leis na forálacha a bhaineann le hinniúlacht na gcomhlachtaí sin.

    Cruthóidh an comhar seo sineirgí idir na comhlachtaí lena mbaineann agus seachnófar aon dúbláil oibre maidir leis an obair a dhéantar de bhun théarmaí tagartha na gcomhlachtaí éagsúla seo.

    Airteagal 50 Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha feidhme na hOifige

    Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Oifig sa Stát ósta agus na háiseanna a chuirfidh an Stát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme i Stát ósta na hOifige maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí, le foireann na hOifige agus baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an Oifig agus an Stát ósta a chuirfear i gcrích a luaithe is a fhaightear cead ón mBord Stiúrthóirí. Áiritheoidh Ballstát ósta na hOifige na coinníollacha is fearr is féidir chun go bhfeidhmeoidh an Oifig go cuí, lena n-áirítear go mbeadh fáil ar chóras oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus ceangal le córas iompair cuí.

    Airteagal 51 Tosach ghníomhaíochtaí na hOifige

    Beidh an Oifig ag feidhmiú taobh istigh de bhliain amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

    Beidh an Coimisiún freagrach as an Oifig a bhunú agus as an obair thosaigh a dhéanfaidh sí go dtí go mbeidh inniúlacht oibríochtúil aici chun a buiséad féin a chur i ngníomh.

    Chun na críche sin:

    - go dtí go dtosóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige ar a dhualgais tar éis a cheapacháin ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, féadfaidh oifigeach de chuid an Choimisiúin gníomhú mar Stiúrthóir eatramhach agus na feidhmeanna a shanntar do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige a fheidhmiú;

    - féadfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin na cúraimí a shanntar don Oifig a chomhlíonadh faoi mhaoirseacht a Stiúrthóra eatramhaigh nó a Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    Féadfaidh an Stiúrthóir eatramhach na híocaíochtaí go léir a dtig faoi leithreasaí agus a iontráladh i mbuiséad na hOifige a údarú tar éis cead a fháil ón mBord Stiúrthóirí agus féadfaidh sé conarthaí a chur i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis plean bunaíochta na hOifige a ghlacadh.

    Airteagal 52 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […]ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1. AINM AN TOGRA:

    Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn

    2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú de réir gníomhaíochtaí/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

    An réimse beartais lena mbaineann: Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (Teideal 18)

    Gníomhaíocht ghaolmhar: Sreafaí imirce — Comhbheartais maidir le hinimirce agus le tearmann (Caibidil 18.03)

    3. NA LÍNTE BUISÉID

    3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh:

    Creat airgeadais 2007-2013: Ceannteideal 3 A

    Caibidil 18.03, Sreafaí imirce, comhbheartais maidir le hinimirce agus le tearmann:

    - cruthú Airteagal 18 03 XX "Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn"

    - cruthú Mhír 18 03 XX XX "Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn" – deontas faoi Theidil 1 agus 2

    - cruthú Mhír 18 03 XX XX XX "Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn" – deontas faoi Theideal 3

    Is faoi nós imeachta buiséid na bliana 2010 a chinnfear an rogha airteagail agus míreanna faoi Chaibidil 18 03.

    3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus na hiarmharta airgeadais:

    Tá sé beartaithe an ghníomhaireacht a bhunú amhail ó bhliain bhuiséid 2010.

    Cuirfidh an Coimisiún tús in 2009 leis an obair ullmhúcháin chun gníomhaireacht a bhunú agus maoineofar í trí ionstraimí airgeadais atá ann cheana.

    3.3. Tréithe buiséadacha:

    Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa PheirspictíochtAirgeadais |

    Féach pointe 3.1 | Neamhéig-eantach | LD[24] | SEA | NÍL | NÍL | Uimh. 3A |

    4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

    4.1. Acmhainní Airgeadais

    4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí. | Iomlán |

    Caiteachas oibríochtúil[25] |

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 5,25 | 8 | 12 | 15 | 40,25 |

    Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 5,25 | 8 | 12 | 15 | 40,25 |

    Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[26] |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c |

    AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a + c | 5,25 | 8 | 12 | 15 | 40,25 |

    Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b + c | 5,25 | 8 | 12 | 15 | 40,25 |

    Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[27] |

    Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0,976 | 0,976 | 0,976 | 0,610 | 3,538 |

    Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0,010 | 0,025 | 0,025 | 0,025 | 0,085 |

    Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

    LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a + c + d + e | 6,236 | 9,001 | 13,001 | 15,635 | 43,873 |

    LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b + c + d + e | 6,236 | 9,001 | 13,001 | 15,635 | 43,873 |

    Sonraí an Chómhaoinithe

    Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

    …………………… | f |

    LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a + c + d + e + f |

    4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

    ( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

    ( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

    ( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[28] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

    4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

    ( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

    ( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

    EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

    Roimh an ngníomhaíocht [bliain n - 1] | Staid tar éis na gníomhaíochta |

    Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 8 | 8 | 8 | 5 |

    5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

    5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Beidh an Oifig freagrach as comhar praiticiúil idir Bhallstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, a éascú, a chomhordú agus a neartú, faoin iliomad gnéithe a bhaineann le tearmann, agus as cuidiú chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme níos fearr, lena n-áirítear a ghnéithe seachtracha.

    De bhun an iarrata shainráite ón gComhairle Eorpach i Meán Fomhair 2008, ba cheart go mbeadh an Oifig ag feidhmiú in 2010 tar éis don ghníomh bunaitheach a bheith glactha ag an údarás reachtach in 2009.

    5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Tá an Plean Beartais maidir le Tearmann a ghlac an Coimisiún i Meitheamh 2008 ceaptha chun reachtaíocht maidir le tearmann a neartú d'fhonn Comhchóras Eorpach Tearmainn a bheadh éifeachtach agus cóir a chruthú do dhaoine atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta. Tá sé d'aidhm aige chomh maith tacú leis an iarracht reachtach seo tríd an gcomhar praiticiúil a neartú idir na Ballstáit i ngnóthaí tearmainn.

    Tríd an Oifig seo a bhunú comhlíontar an dara cuspóir agus cuirtear an tacaíocht chuí atá riachtanach ar fáil do chomhar paiticiúil i ngnóthaí tearmainn.

    5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bainistiú de réir gníomhaíochtaí (ABM)

    Is é is cuspóir don togra gníomhaireacht rialála a bhunú ar a mbeadh an cúram an tacaíocht chuí atá riachtanach do chomhar praiticiúil sna gnéithe éagsúla de ghnóthaí tearmainn a sholáthar.

    Agus í i mbun a cúraimí, cuirfidh an ghníomhaireacht feabhas ar an mbealach ina gcuirtear chun feidhme agus ina gcuirtear i bhfeidhm rialacha an Chomhphobail maidir le tearmann ar fud an AE. Ní bheidh cumhachtaí cinnteoireachta ag an ngníomhaireacht agus beidh sí gafa le gníomhaíochtaí tacaíochta a oibreoidh mar dhreasacht le haghaidh comhair phraiticiúil maidir le tearmann, amhail moltaí, tarchur chuig údarás eolaíochta, líonrú agus comhthiomsú dea-chleachtais, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na rialacha a mheasúnú, etc.

    Díreoidh téarmaí tagartha na hOifige ar thrí príomhchúram: tacú leis an gcomhar praiticiúil maidir le tearmann, tacú leis na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith, agus cuidiú leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme.

    Tá caibidil ar leith den Rialachán tiomanta don chomhordú a dhéanann an Oifig ar fhoirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn ar a mbeidh saineolaithe i ngnóthaí tearmainn a chuirfidh tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil brú ollmhór ar a gcórais tearmainn agus a mbeidh iarratas curtha acu chuig an Oifig ag lorg tacaíochta.

    5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

    ( Bainistiú láraithe

    ( ag an gCoimisiún go díreach

    ( go hindíreach trína tharmligean chuig:

    ( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

    ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    ( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

    ( leis na Ballstáit

    ( le Tríú tíortha

    ( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

    6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

    6.1. Córas Monatóireachta

    Beidh an Oifig faoi réir na nósanna imeachta caighdeánacha monatóireachta a bhaineann le gníomhaireachtaí rialála.

    Is faoi bhainistiú a Stiúrthóra Feidhmiúcháin a bheidh an Oifig agus gníomhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid feidhmeanna agus beidh sé freagrach as riarachán na hOifige ó lá go lá.

    Beidh an Oifig faoi réir roinnt oibleagáidí agus déanfar feidhmíocht na hOifige a mheas gach bliain bunaithe ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí seo:

    - foilseoidh sí tuarascáil ghinearálta bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige,

    - ullmhóidh sí tuarascáil bhliantúil ar an staid ina bhfuil gnóthaí tearmainn san Aontas. Mar chuid den tuarascáil sin, déanfaidh an Oifig measúnú ar na torthaí ar ghníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo agus déanfaidh sí anailís chomparáideach chuimsitheach orthu d'fhonn tuiscint níos fearr ar dhea-chleachtas i measc na mBallstát a chur chun cinn agus cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a fheabhsú.

    Beidh an Oifig faoi réir na seiceálacha seo a leanas: rialú buiséid, iniúchadh inmheánach, tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, urscaoileadh bliantúil do chur i ngníomh bhuiséad an Chomhphobail agus na himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF lena áirithiú, go háirithe, go mbainfear an úsáid chuí as na hacmhainní a leithroinntear ar na gníomhaireachtaí.

    Beidh gníomhaíochtaí na hOifige faoi réir mhaoirseacht an Ombudsman, i gcomhréir le forálacha Airteagal 195 den Chonradh. Tugann an mhaoirseacht riaracháin seo coimircí nós imeachta lena áirithiú go gcuirfear leasanna na bpáirtithe leasmhara agus cáilíocht an aschuir san áireamh.

    6.2. Meastóireacht

    6.2.1. Meastóireacht ex-ante

    Rinneadh an mheastóireacht ex-ante mar chuid den tuarascáil ar an measúnú iarmharta.

    6.2.2. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

    Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 45, déanfaidh an Oifig meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar an méid atá bainte amach aici ar bhonn téarmaí tagartha arna n-eisiúint ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhaontú leis an gCoimisiún. Áireofar sa mheastóireacht seo tionchar na hOifige ar chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn. Díreoidh sí go háirithe ar chúraimí na hOifige a mhodhnú nó a leathnú más gá, lena n-áirítear an iarmhairt airgeadais a ghabhfaidh le modhnú nó leathnú dá leithéid. Sa mheasúnú sin scrúdófar an struchtúr bainistíochta féachaint an bhfuil sé iomchuí chun cúraimí na hOifige a chur i gcrích. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ar leibhéal Comhphobail agus ar leibhéal náisiúnta. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, an t-amchlár do mheastóireachtaí todhchaí a chinneadh, ag cur torthaí na chéad tuarascála ar an meastóireacht san áireamh.

    7. Bearta frith-chalaoise

    Chun cur i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

    Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 agus glacfaidh sí forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile na Gníomhaireachta.

    Luafar go sainráite i gcinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe cur chun feidhme agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

    8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

    8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n + 4 | Bliain n+5 |

    Oifigigh nó foireann shealadach[41] (XX 01 01) | A*/AD | 4,5 | 4,5 | 4,5 | 3,5 |

    B*, C*/AST | 3,5 | 3,5 | 3,5 | 1,5 |

    Foireann arna maoiniú[42] ag Airteagal XX 01 02 |

    Foireann eile arna maoiniú[43] ag Airteagal XX 01 04/05 |

    IOMLÁN | 8 | 8 | 8 | 5 |

    8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht

    Le linn na chéad bhlianta den Oifig, beidh na hoifigigh AD freagrach as tacaíocht a thabhairt chun an Oifig a bhunú agus as ionad a bheith acu ar choiste stiúrthóirí agus ar choiste feidhmiúcháin na hOifige agus páirt a ghlacadh sna meithleacha oibre, nuair is gá sin.

    Tabharfaidh na hoifigigh AST tacaíocht riaracháin don Oifig, amhail tacaíocht do mhisin agus tacaíocht ghinearálta riaracháin.

    8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

    X Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

    ( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain 2010

    X Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

    X Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

    ( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

    Líon na n-acmhainní daonna san Oifig (céim thosaigh agus céim oibríochtúil)

    Tá an fhaisnéis seo thíos táscach. Tá sí bunaithe ar an bhfianaise a cuireadh ar fáil san anailís ex-ante ar an measúnú iarmharta a bhaineann leis an Oifig a bhunú. Tabhair faoi deara go bhfuil na figiúirí atá sa ráiteas airgeadais seo bunaithe ar na figiúirí uasta arna n-úsáid san anailís ex-ante. D'fhéadfadh sé go mbeadh na figiúirí iarbhír níos ísle ná na figiúirí atá tugtha anseo thíos.

    Beidh na riachtanais atá ann le hacmhainní daonna agus le hacmhainní riaracháin clúdaithe faoin leithdháileadh a fhéadfar a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta um leithdháileadh bliantúil i bhfianaise srianta buiséadacha.

    Bliain | Acmhainní daonna le hearcú de réir a chéile |

    2010 | 24 (AT) |

    2011 | 36 (18 AT, 18 AC) |

    2012 | 20 (10AT, 10 AC) |

    2013 | 14 (10 AT, 4 AC) |

    IOMLÁN | 94 (62 AT, 32 AC) |

    Is í an Oifig a bhainisteoidh an earcaíocht sheachtrach. Tá an miondealú idir foireann shealadach (AT) agus foireann chonarthach (AC) ar bhonn táscach.

    Beidh 94 duine ar an iomlán ar fhoireann na hOifige, idir fhoireann fheidhmiúil agus fhoireann riaracháin. Is meastachán é seo amháin. Cuirfear breis eolais leis na sonraí sin nuair a bheidh leagan críochnaitheach de na cúraimí agus na riachtanais i dtéarmaí acmhainní daonna agus acmhainní riaracháin ar eolas tar éis caibidliú a dhéanamh ar an Rialachán bunaitheach. Mar sin féin, áfach, tá meastachán tosaigh ar na riachtanais tugtha thíos maidir leis an bhfoireann is gá do na cúraimí éagsúla a shannfar don Oifig faoina Rialachán bunaitheach:

    Meastachán ar riachtanais foirne na hOifige

    Líon íosta foirne (amhail ó 2011 agus an ghníomhaireacht faoi lán seoil) |

    Cúraimí | Pearsanra AD | Pearsanra AST |

    Foireann bainistíochta agus chothrománach | 7 | 6 |

    Comhthiomsú dea-chleachtais[44] | 7 | 4 |

    Tacaíocht reachtach[45] | 4 | 2 |

    Comhthiomsú saineolaithe[46] | 2 | 1 |

    Athshuí[47] | 1 | 2 |

    Cláir chosanta réigiúnacha[48] | 1 |

    Athlonnú[49] | 1 |

    Faisnéis maidir leis na tíortha tionscnaimh[50] | 9 | 5 |

    Oiliúint[51] | 5 | 3 |

    Foireann fheidhmiúil iomlán | 30 | 17 |

    Foireann fheidhmiúil + foireann chothrománach iomlán | 37 | 23 |

    Iomlán foirne AD + AST | 60 |

    Líon uasta foirne |

    Cúraimí | Pearsanra AD | Pearsanra AST |

    Foireann bainistíochta agus chothrománach | 8 | 7 |

    Comhthiomsú dea-chleachtais | 12 | 7 |

    Tacaíocht reachtach | 6 | 3 |

    Comhthiomsú saineolaithe | 5 | 3 |

    Athshuí | 1 | 3 |

    Cláir chosanta réigiúnacha | 2 |

    Athlonnú | 2 |

    Faisnéis maidir leis na tíortha tionscnaimh | 11 | 7 |

    Oiliúint | 11 | 7 |

    Foireann fheidhmiúil iomlán | 50 | 29 |

    Foireann fheidhmiúil + foireann chothrománach iomlán | 58 | 36 |

    Iomlán foirne AD + AST | 94 |

    Beidh gá le idir 30 agus 60 duine chun bainistíocht oibríochtúil a dhéanamh ar chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus beidh freagracht ar dhaoine eile as riarachán na hOifige.

    Ríomh: Foireann na hOifige

    24 duine = EUR 2.2 milliún (2010) 60 duine = EUR 4.6 milliún (2011) |

    80 duine = EUR 7.2 milliún (2012) |

    94 duine = EUR 8.8 milliún (2013) Ríomhtar na suimeanna sin ar bhonn EUR 122 000 in aghaidh na bliana ar fhoireann shealadach agus EUR 64 000 ar fhoireann chonarthach. Ríomhtar an fhoireann a earcaítear feadh na bliana ar bhonn 6 mhí, ach amháin i gcás na céad bliana nuair a ríomhtar ar bhonn 9 mí. |

    8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

    NÍL INFHEIDHME

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n + 1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

    1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) |

    Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin[52] |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

    - intra muros |

    - extra muros |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán |

    8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

    Déantar an ríomh de bhonn phointe 8.2.1

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Cineál acmhainní daonna | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 agus níos déanaí |

    Oifigigh agus foireann shealadach (18 01 01) | 0,976 | 0,976 | 0,976 | 0,610 | 3,538 |

    Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann chonarthach, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) |

    Costas iomlán na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,976 | 0,976 | 0,976 | 0,610 | 3,538 |

    Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha |

    AD/AST – EUR 122 000 in aghaidh na bliana x 8 duine = EUR 976 000 (2010, 2011 agus 2012) AD/AST – EUR 122 000 in aghaidh na bliana x 5 duine = EUR 610 000 (2013) |

    Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

    Níl infheidhme |

    8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha Is éard atá i gceist anseo caiteachas riaracháin d'fhoireann an Choimisiúin dá dtagraítear thuas, le plé sula n-iontráiltear na suimeanna. EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

    Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

    XX 01 02 11 01 – Misin | 0,010 | 0,025 | 0,025 | 0,025 | 0,085 |

    XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

    XX 01 02 11 03 - Coistí[53] |

    XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

    XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

    2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

    3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

    Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,010 | 0,025 | 0,025 | 0,025 | 0,085 |

    Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

    Misin na n-oifigeach chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí agus/nó an Choiste Feidhmiúcháin (braithfidh an fíorchostas ar an áit ina mbeidh ceanncheathrú na gníomhaireachta suite). Meastachán: 10 misean in 2010 agus 25 misean i mblianta eile. |

    [1] Féach conclúidí na Comhairle mí an Mheithimh 2008 (11018/1/08, REV 1) ag tagairt do chonclúidí ionadaithe na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh ar leibhéal na gCeannairí Stáit agus Rialtais sa Bhruiséil an 13 Nollaig 2003 (IO L 29, 3.2.2004).

    [2] IO L 357, 31.12.2002, lch 72.

    [3] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

    [4] Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008-2013 faoi chuimsiú an Chláir Ghinearálta "Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce" agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 2004/904/CE ón gComhairle (IO L 144, 6.6.2007, lch 1).

    [5] IO L 131, 21.5.2008, lch 7.

    [6] IO C […], […], lch.[…].

    [7] IO C […], […], lch.[…].

    [8] IO C […], […], lch.[…].

    [9] COIM(2008) 360.

    [10] Doiciméad ón gComhairle 13440/08, 24.9.2008.

    [11] IO L 349, 25.11.2004, lch 1.

    [12] IO L 53, 22.2.2007, lch 1.

    [13] IO L 136, 31.5.1999, lch 1.

    [14] IO L 136, 31.5.1999, lch 15.

    [15] IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

    [16] IO L 8, 12.1.2001, lch 1.

    [17] COIM(2008) 820.

    [18] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

    [19] Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 (IO L 357, 31.12.2002, lch 72), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 652/2008 (IO L 181, 10.7.2008, lch 23).

    [20] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

    [21] IO 17, 6.10.1958, lch 385.

    [22] IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

    [23] IO L 8, 12.1.2001, lch 1.

    [24] Leithreasaí difreáilte

    [25] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

    [26] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

    [27] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

    [28] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    [29] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse na gníomhaíochta thar 6 bliana.

    [30] Mar a thuairiscítear i Mír 5.3.

    [31] Teic. faisnéise/próiseáil sonraí.

    [32] Anailís rioscaí/measúnú riachtanas.

    [33] Tacaíocht dhíreach.

    [34] Forbairt acmhainní ("Capacity building").

    [35] Pleanáil agus taighde.

    [36] Caidreamh seachtrach.

    [37] Faisnéis agus cumarsáid.

    [38] Imeachtaí, cruinnithe, etc.

    [39] Acmhainní daonna na hOifige.

    [40] Oiliúint foirne.

    [41] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

    [42] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

    [43] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

    [44] Malartú faisnéise, sainaithint agus comhthiomsú dea-chleachtais idir Bhallstáit i réimse an tearmainn.

    [45] Tacú le cur chun feidhme an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn.

    [46] Tacú leis na foirne tacaíochta do ghnóthaí tearmainn arna mbunú faoin Rialachán chun cúnamh oibríochtúil a sholáthar do Bhallstáit faoi réir brú áirithe ar a gcórais tearmainn.

    [47] Tacaíocht chun daoine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh a aistriú laistigh den Chomhphobal.

    [48] Comhar le tríú tíortha, go háirithe maidir le forbairt acmhainní tríú tíortha faoi chuimsiú na gclár cosanta régiúnaí.

    [49] Gníomhaíochtaí chun iarrthóirí tearmainn a athlonnú laistigh den Aontas Eorpach.

    [50] Faisnéis a bhaineann le tíortha tionscnaimh iarrthóirí tearmainn agus daoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta.

    [51] Forbairt agus eagrú cúrsaí oiliúna d'fhoirne riaracháin agus cúirteanna, agus riaracháin náisiúnta a bhfuil freagracht orthu as gnóthaí tearmainn sna Ballstáit.

    [52] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

    [53] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

    Top