Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0897

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh ón gComhairle chun go nglacfaí Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní

    /* COIM/2008/0897 leagan deireanach/2 - COD 2006/0008 */

    52008PC0897

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh ón gComhairle chun go nglacfaí Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní /* COIM/2008/0897 leagan deireanach/2 - COD 2006/0008 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil7.1.2009

    COIM(2008)897 leagan deireanach

    2006/0008 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

    an gcomhsheasamh ón gComhairle chun go nglacfaí Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní

    2006/0008 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

    an gcomhsheasamh ón gComhairle chun go nglacfaí Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní

    1. CÚLRA

    An dáta a seoladh na tograí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: - maidir leis an togra (COIM(2006) 7 leagan deireanach (doiciméad 2006/0008/COD)) - maidir leis an togra (COIM(2007) 376 leagan deireanach (doiciméad 2007/0129/COD)) | 24 Eanáir 2007 3 Iúil 2007 |

    Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 26 Deireadh Fómhair 2006 |

    Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh: | 9 Iúil 2008 |

    An dáta a seoladh an togra leasaithe ((COIM(2008) 648 leagan deireanach (doiciméad 2006/0008/COD)) | 15 Deireadh Fómhair 2008 |

    An dáta a glacadh an comhaontú polaitiúil: | 5 Samhain 2008 |

    An dáta a glacadh an comhsheasamh: | 17 Nollaig 2008 |

    An 29 Aibreán 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 883/2004[1] maidir le comhordú córas slándála sóisialta atá ceaptha ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a ghabháil[2].

    Tá Iarscríbhinní ar áireamh i Rialachán 883/2004 a bhfuil forálacha iontu maidir le Ballstáit aonair. Ní raibh cinneadh déanta faoi inneachar iarscríbhinní áirithe as measc na n-iarscríbhinní seo tráth a glacadh an Rialachán.

    Foráiltear, dá bhrí sin, le Rialachán 883/2004, maidir le hinneachar Iarscríbhinn II (forálacha coinbhinsiún a leanfaidh de bheith i bhfeidhm), Iarscríbhinn X (sochair speisialta neamhranníocacha airgid) agus Iarscríbhinn XI (forálacha speisialta maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht na mBallstát), gur cheart é seo a chinneadh roimh an dáta a dhéanfar an Rialachán a chur i bhfeidhm.

    Ba ghá oiriúnú a dhéanamh ar chuid de na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán 883/2004 chun go gcuirfí san áireamh ceanglais na mBallstát a d'aontaigh don Aontas Eorpach ó glacadh an Rialachán agus na forbairtí a rinneadh le deireanas i mBallstáit eile.

    Ina fhianaise sin, ghlac an Coimisiún dhá thogra le haghaidh Rialacháin an 24 Eanáir 2006 agus an 3 Iúil 2007, faoi seach:

    - Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus lena gcinntear inneachar Iarscríbhinn XI;

    - Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta.

    Tá an dá thogra seo bunaithe ar Airteagal 42 agus ar Airteagal 308 de Chonradh CE agus is gá aontoilíocht dóibh.

    Thíolaic an Coimisiún an togra leasaithe uaidh an 15 Deireadh Fómhair 2008 agus cuireadh leasú Pharlaimint na hEorpa san áireamh, is é sin an dá thogra bunaidh a chomhtháthú i dtéacs amháin. Tréigeadh an nós imeachta a bhaineann leis an togra (Doiciméad 2007/0129/COD) ós rud é go bhfuil a inneachar corpraithe sa nós imeachta a bhaineann leis an gcéad togra (Doiciméad 2006/0008/COD).

    2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN GCOIMISIÚN

    Leis an togra le haghaidh Rialacháin lena gcinntear inneachar Iarscríbhinn XI déantar foráil d'fhorálacha forlíontacha maidir le sainghnéithe reachtaíocht Ballstát áirithe lena áirithiú go gcuirtear Rialachán 883/2004 i bhfeidhm gan bhac sna Ballstáit lena mbaineann. I gcomhréir le cuspóir ginearálta an tsimplithe, is lú iontrálacha atá sa togra ná mar atá in Iarscríbhinn chomhfhreagrach VI atá sa Rialachán reatha (CEE) Uimh. 1408/71.

    Maidir le hIarscríbhinní II agus X de Rialachán 883/2004, atá folamh, tá forálacha coibhéiseacha acu in Iarscríbhinní III agus IIa de Rialachán 1408/71. Maidir leis na hIarscríbhinní atá fágtha agus a leasaíodh leis an togra seo, tá forálacha iontu cheana i leith roinnt Ballstát, ach is gá iad a fhorlíonadh chun na Ballstáit a d'aontaigh don AE tar éis an 29 Aibreán 2004, an dáta a glacadh Rialachán 883/2004, a chur san áireamh. Tá forálacha comhfhreagracha ag roinnt de na hIarscríbhinní seo i Rialachán 1408/71 freisin. Is codanna nua, áfach, iad Cuid 1 d'Iarscríbhinn I (airleacain i leith íocaíochtaí cothabhála) agus Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV (rialacha speisialta maidir le sochair chúraim sláinte).

    3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN GCOMHSHEASAMH

    3.1. Barúlacha ginearálta

    Tugann an comhsheasamh a ghlac an Chomhairle an 17 Nollaig 2008 aird den chuid is mó ar sheasamh Pharlaimint na hEorpa trí 69 leasú as 77 leasú a ghlacadh.

    Chuir an Coimisiún na leasuithe go léir a rinne Parlaimint na hEorpa san áireamh sa togra leasaithe uaidh. Níor ghlac an Chomhairle, áfach, le leasuithe 6, 11, 12, 20, 23, 24 a mhéad a bhaineann siad le hIarscríbhinn III ná le leasú 78 rev.

    3.2. Barúlacha maidir leis an gcomhsheasamh i ndáil le leasú 20 agus le leasuithe 6, 11, 12, 24 a leanann as, a mhéad a bhaineann siad le hIarscríbhinn III

    Tá liosta de na Ballstáit a chuireann 'Srian ar chearta chun sochar comhchineáil do bhaill de theaghlach oibrí imeallchríche' i bhfeidhm sa Bhallstát inniúil ar áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán 883/2004. Cé go bhfuil foclaíocht dhiúltach 'srianta' i teideal na hIarscríbhinne seo, is dul chun cinn atá i gceist léi i gcás go leor de na daoine lena mbaineann i gcomparáid leis an staid reatha ina bhfuil siad faoi Rialachán 1408/71. Faoi na rialacha reatha, níl ball de theaghlach oibrí imeallchríche, nach bhful cónaí air nó uirthi, de réir an tsainmhínithe, sa Bhallstát inniúil (eadhon, Ballstát na fostaíochta a bhfuil a reachtaíocht i bhfeidhm maidir le rochtain ar shochair bhreoiteachta) i dteideal cúraim mhíochaine sa Bhallstát inniúil.

    Tar éis plé an-chasta ar an ábhar seo in 2003, agus ag tabhairt airde ar an ngá le comhaontú d'aontoil, aimsíodh réiteach chun aird a thabhairt ar an tsolúbthacht a léiríonn go leor Ballstát chun ceart nua a dheonú, ar an taobh amháin, agus chun na deacrachtaí a bhíonn ag Ballstáit eile nárbh fhéidir leo a dhéanamh amhlaidh a chur san áireamh ar an taobh eile.

    De réir an churtha chuige seo, foráiltear le hAirteagal 18 (2) agus le hAirteagal 24 (2) de Rialachán 883/2004 go mbeidh baill de theaghlach oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil le linn a bhfanachta sa Bhallstát inniúil. Tá foráil déanta, áfach, d'eisceachtaí ón bprionsabal seo in Iarscríbhinn III.

    Cé gurbh fhearr leis an gCoimisiún toradh eile, ghlac sé leis an gcomhréiteach ós rud é go léiríonn sé an-dul chun cinn do bhaill de theaghlach oibrí imeallchríche. Ní bheadh an aontoilíocht is gá laistigh den Chomhairle mar thoradh ar aon chur chuige eile. Tugann an Coimisiún faoi deara freisin go gceadóidh an cur chuige seo do bhaill de theaghlach oibrí imeallchríche in ocht mBallstát leas a bhaint as ceart nua. Lean an Pharlaimint an cur chuige céanna an tráth sin, rud a chinntigh gurbh fhéidir Rialachán 883/2004 a ghlacadh.

    Tacaíonn an Coimisiún le leasú 20 Pharlaimint na hEorpa lena ndírítear ar an gceart dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán 883/2004 a shíneadh go dtí na Ballstáit go léir laistigh de thréimhse cúig bliana (ba chóir Iarscríbhinn III a aisghairm sna Ballstáit go léir tar éis cúig bliana). Le linn na bpléití sin sa Chomhairle, chuir roinnt Ballstát béim ar an bhfíoras nár chóir athrú a dhéanamh ar an gcomhréiteach íogair a glacadh faoi Rialachán Uimh. 883/2004 mar phrionsabal ginearálta agus i bhfianaise na heaspa taithí i gcur i bhfeidhm an Rialacháin. Bhí formhór na mBallstát eile in acmhainn glacadh leis an leasú de mheon comhréitigh. Thairis sin, léirigh sé Bhallstát atá liostaithe in Iarscríbhinn II go raibh siad toilteanach níos mó solúbthachta a thairiscint óir bhí siad toilteanach Iarscríbhinn III a aisghairm tar éis ceithre bliana.

    Ina fhianaise sin, foráiltear an méid seo a leanas leis an gcomhsheasamh ón gComhairle:

    - Leasófaí Airteagal 18(2) agus Airteagal 28(1) de Rialachán 883/2004 chun go luafaí go ndéanfar athbhreithniú ar Iarscríbhinn III 5 bliana tar éis an dáta a dhéanfar é a chur i bhfeidhm, agus

    - Chuirfí mír nua (10a) le hAirteagal 87 de Rialachán 883/2004 chun go bhforálfar go mbeadh teorainn 4 bliana le tréimhse bailíochta iontrálacha Ballstát áirithe in Iarscríbhinn III.

    Is trua leis an gCoimisiún nárbh fhéidir dul chun cinn breise a dhéanamh ar an tsaincheist seo sa Chomhairle. Admhaíonn sé, áfach, iarrachtaí na hUachtaránachta ar an ábhar seo. Tá an Coimisiún den tuairim gurb ionann an comhréiteach ar tháinig an Chomhairle air agus tús le próiseas dinimiciúil a cheadóidh do na Ballstáit go léir a bheith ar aon dul le seasamh Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún, a thacaíonn le seasamh Pharlaimint na hEorpa, gach iarracht an próiseas sin a shaothrú agus rannchuidiú leis an bpróiseas sin. De thuras na huaire agus de réir churtha chuige phragmataigh, glacann an Coimisiún leis an gcomhréiteach mar chéim ar aghaidh i gcomparáid leis an staid reatha in Iarscríbhinn III.

    3.3. Barúlacha maidir le seasamh na Comhairle i leith leasú 23

    Baineann leasú 23 le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 883/2004 (Forálacha Coinbhinsiún a leanfaidh de bheith i bhfeidhm agus a bheidh teoranta, i gcás inarb infheidhme, do na daoine a chumhdaítear leo). I bpointe 36 den Iarscríbhinn sin, faoin iontráil "An Phortaingéil-an Ríocht Aontaithe", tá tagairt ar áireamh ag an bParlaimint d'Airteagal 2(1) den Phrótacal maidir le cóir leighis an 15 Samhain 1978, a chumhdaítear cheana féin le hIarscríbhinn III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle.

    Níl an Prótacal seo in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhsheasamh ón gComhairle ó tharla gur thug an dá Bhallstát lena mbaineann le fios gur chinn siad gan Airteagal 2(1) den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Meán Fómhair 2008. Tugann an Coimisiún cinneadh an dá pháirtí sa Chomhaontú agus iarmhairtí an chinnidh sin do nuashonrú Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 883/2004 dá aire.

    3.4. Barúlacha maidir le seasamh na Comhairle i leith leasú 78 rev a mhéad a bhaineann le hiontrálacha in Iarscríbhinn IV

    Níl pinsinéir nach gcónaíonn sa Bhallstát inniúil (i.e. an Ballstát atá ag íoc as an bpinsean agus atá freagrach as costais chúraim sláinte a bpinsinéirí sa Bhallstát ina gcónaíonn siad) i dteideal sochar breoiteachta faoi láthair ach sa Bhallstát ina gcónaíonn sé.

    Faoi Rialachán 883/2004 áfach, i gcás go bhfuil Ballstát liostaithe in Iarscríbhinn IV, beidh sé de cheart ag pinsinéir filleadh ar an mBallstát seo agus rochtain a fháil ar chúram sláinte mar cheart breise. Is éard a chiallaíonn sé seo nach iad na costais sláinte is iníoctha leis an mBallstát ina gcónaíonn an pinsinéir a íocfaidh an Ballstát inniúil amháin, ach freisin íocfaidh sé as costas na sochar breoiteachta don duine céanna ina chríoch féin.

    Bhí an Iodáil i measc na n-iontrálacha. Go gairid i ndiaidh glacadh Rialachán 883/2004, rinne údaráis na hIodáile athmheasúnú ar a seasamh agus chinn siad nach mbeidís in acmhainn, de thuras na huaire, cearta breise a dheonú ar phinsinéirí. Tar éis don Choimisiún na forbairtí nua sin a thabhairt dá aire, bheartaigh sé an iontráil 'An Iodáil' a scriosadh ó Iarscríbhinn IV. Is mian le Parlaimint na hEorpa, trína leasú 78 rev, an iontráil 'An Iodáil' a choimeád in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán 883/2004.

    Ag tabhairt airde ar ghné shonrach Iarscríbhinn IV, dearbhaíonn an Coimisiún an togra uaidh chun an iontráil 'An Iodáil' a scriosadh. Tá an Coimisiún den tuairim go bhféadfadh iarscríbhinní deimhneacha imeacht as sa todchaí dá mba rud é nach dtugtar aon solúbthacht do Bhallstáit a roghnaíonn ag tráth áirithe cearta breise a dheonú ach ar gá dóibh a seasamh a athmheasúnú ina dhiaidh sin (ós rud é go bhfuil siad freagrach as córais slándála sóisialta a eagrú agus a mhaoiniú).

    3.5. Athruithe eile a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún

    Tá na hathruithe seo a leanas ar áireamh freisin sa chomhsheasamh ón gComhairle:

    - Airteagal 15 de Rialachán 883/2004:

    Cuireadh 'foireann chonarthach' in ionad 'foireann chúnta' sa chomhsheasamh i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne;

    Fáiltíonn an Coimisiún roimh an nuashonrú seo ar an Rialachán.

    - Cóireáil sceidealta i gcomhthéacs timpistí ag an obair nó galar ceirde; Míreanna 1 agus 2 d'Airteagal 36 de Rialachán 883/2004:

    Foráiltear leis an gcomhsheasamh ón gComhairle go mbeidh feidhm ag forálacha a bhaineann le sochair bhreoiteachta (Airteagail 17, 18(1), 19(1) agus 20(1)) maidir le sochair a bhaineann le timpistí ag an obair agus le galair cheirde freisin.

    Bhí mír 2 d'Airteagal 36 ar áireamh sa togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán cur chun feidhme Rialachán 883/2004 (Airgeagal 33). Baineann sé leis na coinníollacha sonracha maidir le cóireáil sceidealta a údarú i gcomhthéacs timpistí ag an obair nó galar ceirde. Ní raibh an fhoráil seo, a thacaíonn leis na daoine lena mbaineann, ar áireamh i Rialachán 883/2004. D'aontaigh an Chomhairle an fhoráil seo a chorprú sa bhun-Rialachán seachas sa Rialachán cur chun feidhme.

    Fáiltíonn an Coimisiún roimh an dá fhoráil seo mar go dtacaíonn siad leis na daoine lena mbaineann.

    - Airteagal 87(8) de Rialachán 883/2004:

    Is éard is aidhm don mhodhnú a tugadh isteach sa chomhsheasamh ón gComhairle i mír 8 d'Airteagal 87 an tslí inar féidir an beart sealadach seo a chur i bhfeidhm maidir leis na páirtithe leasmhara go léir a shoiléiriú. Foráiltear d'uastréimhse ama 10 mbliana faoinar féidir le duine bheith faoi réir reachtaíocht Ballstáit seachas an tréimhse a cinneadh i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle.

    Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an athrú seo, ós rud é go bhfuil socrú uastréimhse ama nasctha go dlúth leis an smaoineamh maidir le beart idirthréimhseach. Meastar gur leor tréimhse deich mbliana chun an deis a thabhairt do na daoine lena mbaineann agus do na hinstitiúidí an staid a athmheasúnú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

    4. CONCLÚID

    Bhí an Coimisiún ar an airdeall go háirithe lena áirithiú go gcaomhnófaí gach ceart soghluaisteachta ag na saoránaigh, mar shampla i dtaobh galar ceirde agus timpistí ag an obair. Tugann an Coimisiún dá aire go dtugann an comhsheasamh ón gComhairle aird den chuid is mó ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa.

    Maidir leis na saincheisteanna is íogaire, tá an Coimisiún den tuairim gurb ionann an comhréiteach ar tháinig an Chomhairle air agus tús le próiseas dinimiciúil a cheadóidh do na Ballstáit go léir a bheith ar aon dul le seasamh Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht an próiseas sin a shaothrú agus rannchuidiú leis an bpróiseas sin.

    Mar fhocal scoir, is réamhriachtanas é an Rialachán seo a ghlacadh, rud a líonfaidh an bhearna sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán 883/2004 agus leis an Rialachán cur chun feidhme, maidir le go bhféadfaí go mbeadh Rialachán 883/2004 infheidhme in 2010.

    Feabhsaíonn Rialachán 883/2004 cearta slándála sóisialta na saoránach ar mian leo a gcearta saorghluaisteachta a fheidhmiú. A luaithe a bheidh sé i bhfeidhm, beidh tionchar díreach ag Rialachán 883/2004 ar shaol na milliún saoránach den AE ó lá go lá.

    Ina fhianaise sin, féadfaidh an Coimisiún a lántacaíocht a thabhairt don chomhsheasamh ón gComhairle.

    [1] IO L 166, 30.4.2004, leagan ceartaithe in IO L 200, 7.6.2004, lch. 1.

    [2] Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm maidir le daoine fostaithe, daoine féinfhostaithe agus baill dá dteaghlach a bheidh ag gluaiseacht sa Chomhphobal, IO L 149, 5.7.1971, lch. 2. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1992/2006 (IO L 392, 30.12.2006, lch. 1).

    Top