EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0893

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hábhair earnálacha agus lena bhfolaítear an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

/* COIM/2008/0893 leagan deireanach - COD 2008/0259 */

52008PC0893

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hábhair earnálacha agus lena bhfolaítear an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha. /* COIM/2008/0893 leagan deireanach - COD 2008/0259 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil23.12.2008

COIM(2008) 893 leagan deireanach

2008/0259 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hábhair earnálacha agus lena bhfolaítear an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

- Forais agus cuspóirí an togra

De bhonn Airteagal 65 de Theideal IV de Chonradh CE, a tugadh isteach le Conradh Amstardam, glacadh le roinnt ionstraimí Comhphobail sa réimse ceartais shibhialta.[1]

Seachas an acquis dlí Chomhphobail seo, i gcás go leor de na Ballstáit, tá roinnt comhaontuithe déthaobhacha a chuir siad i gcrích le tríú tíortha sular tháinig forálacha ábhartha Chonradh Amstardam i bhfeidhm nó roimh a n-aontachas sa Chomhphobal Eorpach ina thréith den réimse ceartais shibhialta freisin. Sa mhéid agus go bhfuil forálacha sna comhaontuithe a bhí ann roimhe sin nach bhfuil ag luí le Conradh CE, caithfidh Ballstáit na céimeanna ar fad a ghlacadh chun fáil réidh leis an neamhluí, de bhonn Airteagal 307 de Chonradh CE. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (CBCE) go gceanglaítear ar Bhallstáit, más gá, comhaontuithe nach bhfuil ag luí leis an acquis a shéanadh.

Seachas comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhaontuithe nua a thabhairt i gcrích le tríú tíortha a rialaíonn réimsí ceartais shibhialta a thagann faoi réim Theideal IV de Chonradh CE. De réir fhorbairt an limistéir bhreithiúnaigh Eorpaigh a bhaineann le comhar in ábhair shibhialta agus tráchtála, tá inniúlacht sheachtrach eisiach arna fáil ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le tríú tíortha ar roinnt ábhar tábhachtach dá dtagraítear i dTeideal IV de Chonradh CE. Dheimhnigh CBCE é seo ina Tuairim 1/03 an 7 Feabhra 2006 a bhaineann le Coinbhinsiún nua Lugano a chur i gcrích.[2] Dheimhnigh an Chúirt go bhfuil inniúlacht eisiach arna fáil ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích le tríú tíortha, ar chúrsaí a dhéanfaidh difear do na rialacha a leagtar amach inter alia i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ("An Bhruiséil I"), go háirithe maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ina tuairim, mheas an Chúirt gur léirigh an anailís ar fhorálacha Choinbhinsiún nua Lugano a bhaineann leis na rialacha maidir le dlínse go bhfuil tionchar ag na forálacha sin ar chur i bhfeidhm uilíoch agus comhsheasmhach rialacha an Chomhphobail maidir le dlínse agus feidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag na rialacha sin.[3] Maidir le rialacha beartaithe an Choinbhinsiúin maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas tháinig an Chúirt ar chonclúid den chineál céanna. Mheas sí go bhfuil comhcheangal iomlán idir rialacha an Chomhphobail maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas agus na rialacha maidir le dlínse na gcúirteanna, lena gcuireann siad córas comhaontaithe comhleanúnach le chéile, agus go mbeadh tionchar ag an gCoinbhinsiún nua Lugano ar chur i bhfeidhm uilíoch agus comhsheasmhach rialacha an Chomhphobail maidir le dlínse na gcúirteanna agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas araon agus maidir le feidhmiú ceart an chórais comhaontaithe arna bhunú ag na rialacha sin.[4]

Dá réir sin, caithfear glacadh leis go bhfuil inniúlacht eisiach arna fáil ag an gComhphobal chun go leor de na comhaontuithe déthaobhacha dá dtagraítear thuas a chaibidil agus a thabhairt i gcrích.

Dá ainneoin sin, caithfear a mheas fós an bhfuil dóthain leasa ann don Chomhphobal sa scéal faoi láthair ionas go gcuirfeadh an Comhphobal comhaontuithe an Chomhphobail in ionad na gcomhaontuithe reatha nó na gcomhaontuithe beartaithe ar fad idir Ballstáit agus tríú tíortha. Is ar an gcúis sin go bhfuil gá le nós imeachta a bhunú a bhfuil dhá chuspóir aige. Is é an chéad chuspóir ná ligean don Chomhphobal a mheas an leor an leas a bheadh ann don Chomhphobal comhaontú ar leith a thabhairt i gcrích. Is é an dara cuspóir ná Ballstáit a údarú chun an comhaontú atá i gceist a thabhairt i gcrích mura bhfuil leas ann don Chomhphobal comhaontú Comhphobail a thabhairt i gcrích faoi láthair.[5]

Tá a bhfuil thuas de réir conclúidí na Comhairle CGB (Ceartas agus Gnóthaí Baile) an 19 Aibreán 2007.[6]

I gcás comhaontuithe a dhéanfaidh difear do Rialachán An Róimh II [7] agus Rialachán An Róimh I [8], tá glactha ag an gCoimisiún leis gur chóir nós imeachta a cheapadh freisin [9].

Dá réir sin, beartaíonn an Coimisiún go ndéanfaí nós imeachta mar sin a cheapadh i gcomhair roinnt comhaontuithe déthaobhacha a bhaineann le hábhair earnálacha. Dá bhrí sin folaíonn an nós imeachta beartaithe dhá chatagóir difriúla d'ábhar earnálach. Baineann togra amháin le hábhair earnálacha a bhaineann le dlínse, aitheantas agus forfheidhmiú i gcúrsaí pósta, cúrsaí freagrachta tuismitheoirí agus oibleagáidí cothabhála agus an dlí is infheidhme i gcúrsaí a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála. Baineann an togra eile le hábhair earnálacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme in oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

Is nós imeachta atá i gceist sa togra reatha chun údarú a dheonú ar Bhallstáit sa dara réimse a luadh, is é sin an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha i gcomhair ábhair earnálacha. Go comhuaineach leis an togra seo, tá an Coimisiún ag cur togra ar leith ar aghaidh i gcomhair togra cosúil leis don réimse lena mbaineann cúrsaí pósta, freagracht tuismitheoirí agus oibleagáidí cothabhála. Mar gheall go bhfuil an dara réimse a luadh rialaithe d'aontoil, caithfear na tograí seo a chur ar aghaidh i ngíomhartha ar leith.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Rinne an Coimisiún measúnú ar raon roghanna difriúla chun an cuspóir a ndéantar cur síos air thuas a bhaint amach, agus cé nach ndearnadh measúnú iarmharta foirmiúil, cuireadh san áireamh nádúr faoi leith an ábhair. Tionóladh dhá chruinniú le saineolaithe as na Ballstáit sa Bhruiséil, an 11 Márta agus 26 Bealtaine 2008, chun smaointe agus tuairimí a mhalartú.

Go ginearálta, maidir le raon feidhme an togra, b'fhearr le Ballstáit ionstraim chothrománach a chuirfeadh cineál earnálach na gcomhaontuithe déthaobhacha san áireamh agus comhaontuithe "ar nós Lugano" maidir le dlínse agus maidir le haithint agus le forfheidhmiú cinntí breithiúnacha in ábhair shibhialta agus thráchtála, agus fiú amháin na "comhaontuithe leathana" maidir le comhar dlíthiúil a d'fhéadfadh ábhair choiriúla, shibhialta, theaghlaigh nó riaracháin a fholú.

Dá ainneoin sin, is dóigh go mbainfeadh comhaontuithe den sórt sin a dhéileálann le saincheisteanna mar dhlínse, aithint agus forfheidhmiú sa réimse sibhialta agus tráchtála an bonn de chreat dlíthiúil an Chomhphobail arna bhunú i réimse an chomhair bhreithiúnaigh shibhialta, agus dá bhrí sin go mbeadh tionchar míchuibheasach aige ar an acquis atá ann atá bunaithe ar choincheap lánpháirtíochta agus deimhneachta dlíthiúla do shaoránaigh na hEorpa d'fhonn a gcuid rochtana ar an gceartas a éascú.

Dá réir sin, de bhrí gur chóir é seo a mheas mar mheicníocht mhaolaithe maidir le dlí an Chomhphobail, tá an córas atá beartaithe ag an gCoimisiún teoranta don íosmhéid riachtanach atá de dhíth chun na cuspóirí a ndéantar cur síos orthu thuas a bhaint amach.

Rinne an Coimisiún scrúdú ar chúpla rogha chun an nós imeachta a bhunú.

Leis an status quo "éighníomhach", i.e. an rogha a dhéanamh gan aon bhearta a ghlacadh chun an fhadhb a réiteach, bheadh sé dodhéanta ag na Ballstáit comhaontuithe a chur i gcrích le tríú tíortha sna réimsí aitheanta.

Leis an status quo "gníomhach" roghnófaí gan aon mheicníocht reachtach a fhorbairt chun cumhachtaí an Chomhphobail a ath-tharmligean. Bheadh ar an gComhphobal gach comhaontú idr na Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidil agus a chur i gcrích faoin nós imeachta in Airteagal 300 de Chonradh CE, fiú amháin mura mbeadh leas ann ach do Bhallstát amháin i gcomhaontú den sórt sin.

Leis an gcéad rogha eile d'eiseodh an Comhphobal údarú, bunaithe ar chritéir ghinearálta arna leagan síos ag ionstraim reachtach (Rialachán, mar shampla) nó ag Cinneadh ón gComhairle (ar bhonn na hionstraime reachtúla réamhluaite). Is é an buntáiste a bheadh leis an rogha seo go mbeadh nós imeachta níos simplí ann chun cur chuige comhchoiteann a bhunú i ngach cás. Is é an míbhuntáiste a bheadh leis an rogha seo ná go nglacann sé leis roimh ré gur chóir go mbeadh coinníollacha a thugann deis don Bhallstát comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le tríú tíortha leagtha síos roimh ré. De bhrí go bhfuil an réimse comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta i gcónaí ag forbairt laistigh den Chomhphobal, leis seo bheadh gá critéir dhifriúla a bhunú i gcás gach ionstraime den acquis (Rialachán An Bhruiséil I, Rialachán An Bhruiséil II, Rialachán An Róimh I, Rialachán An Róimh II, dréacht-Rialachán maidir le hoibleagáidí cothabhála, etc.).

I gcodarsnacht leis sin, samhlaítear leis an rogha deiridh arna roghnú ag an gCoimisiún go ndeonófaí údarú sonrach ar bhonn cás ar chás tar éis measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú arna fhógairt ag an mBallstát ar bhonn critéar oibiachtúil. Eisíonn an Comhphobal treoracha caibidlíochta chuig an mBallstát, más gá, agus déanann sé measúnú ar an toradh sula gceadaítear an comhaontú a chur i gcrích ar deireadh thiar.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

- Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Is é cuspóir an togra nós imeachta a bhunú don Chomhphobal chun measúnú a dhéanamh an leor an leas a bheadh ann don Chomhphobal comhaontuithe déthaobhacha beartaithe a chur i gcrích le tríú tíortha, agus mura leor, údarú a thabhairt do na Ballstáit na comhaontuithe seo a thabhairt i gcrích le tríú tíortha i réimsí áirithe maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála atá faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

Toisc go maolaíonn an t-údarú do Bhallstáit ar an riail go bhfuil inniúlacht eisiach ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir leis na hábhair seo, caithfear glacadh leis an nós imeachta mar bheart eisceachtúil agus caithfidh sé a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme agus ama de.

Tá sé beartaithe an nós imeachta atá i gceist a theorannú do cheisteanna earnálacha amháin a bhaineann le cúrsaí pósta, freagracht tuismitheoirí agus oibleagáidí cothabhála ar lámh amháin, agus a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha ar an lámh eile. Pléann an togra iniata leis an dara ábhar.

Beartaíonn an Coimisiún na ráthaíochtaí seo a leanas chun an acquis communautaire a chaomhnú lena n-áirítear iomláine chóras an Chomhphobail sa réimse atá á mheas.

Tá an nós imeachta bunaithe ar réamhfhógra maidir leis an dréacht-chomhaontú a thabharfaidh an Ballstát atá ag iarraidh údarú a fháil chun an comhaontú a athchaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an tríú tír ar bhonn na gcoinníollacha sonracha atá le measúnú ar bhonn cás ar chás.

Má tá comhaontú tugtha i gcrích cheana féin ag an gComhphobal ar an ábhar céanna leis an tríú tír lena mbaineann, ní cheadaítear don Bhallstát an comhaontú a chaibidil nó a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann agus diúltófar iarratas ar bith a chuirfear isteach. Más rud é nach amhlaidh atá an cás, caithfidh an Coimisiún Cinneadh a dhéanamh an bhfuiltear ag súil le comhaontú den sórt sin sula i bhfad. Mura bhfuiltear ag súil le comhaontú den sórt sin sula i bhfad is féidir leis an gCoimisiún údarú a dheonú, ar an gcoinníoll go ndéantar an dá choinníoll seo a leanas a chomhlíonadh: (a) gur léirigh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil leas ar leith ann dó comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír, a bhaineann go háirithe le naisc eacnamaíocha, geografacha, cultúrtha nó stairiúla idir an Ballstát agus an tríú tír sin; agus (b) go gcinnfidh an Coimisiún go mbeidh tionchar teoranta ag an gcomhaontú beartaithe ar chur i bhfeidhm uilíoch agus comhsheasmhach rialacha an Chomhphobail atá i bhfeidhm agus ar fheidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag na rialacha sin.

Foráiltear freisin leis an nós imeachta go gcuirfí clásail éagtha san áireamh sna comhaontuithe chun teorainn a chur le bailíocht ama na gcomhaontuithe arna thabhairt i gcrích ag na Ballstáit go dtí an pointe a dtugann an Comhphobal comhaontú i gcrích ar na hábhair chéanna leis an tríú tír lena mbaineann.

- Bunús dlí

Is é an bunús dlí don togra atá faoi iamh maidir leis na comhaontuithe a bhaineann le hábhair earnálacha agus ag folú an dlí is infheidhme d'oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha ná Airteagal 61(c) agus Airteagal 65 de Chonradh CE, a deir go dtógfar na bearta sa réimse comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu i gcomhréir le hAirteagal 67(5), an dara fleasc, i.e. ar bhonn an nós imeachta comhchinnteoireachta.

- Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail amháin. Dá bhrí sin níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

- Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Is eisceacht é an nós imeachta beartaithe ar fheidhmiú inniúlacht eisiach an Chomhphobail sna hábhair a leagtar amach thuas. Tá sé teoranta don mhéid atá fíor riachtanach ionas gur féidir le Ballstáit comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha sna réimsí a aithníodh agus leagann sé amach roinnt critéar a chaithfear a chomhlíonadh. Ní thabharfar údarú do Bhallstáit ach amháin más féidir a mheas nach mbeidh ach iarmhairt an-bheag ag an gcomhaontú beartaithe ar chóras an Chomhphobail is infheidhme.

Baineann an nós imeachta beartaithe úsáid as an nós imeachta coisteolaíochta, mar gheall go meastar nach bhfuil gá le nós imeachta reachtach agus ag tógáil san áireamh go mbaineann an nós imeachta le cumhachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin.

Mar sin laghdaíonn an nós imeachta atá beartaithe an t-ualach riaracháin a thiteann ar an gComhphobal agus ar na rialtais náisiúnta go dtí an íosmhéid riachtanach.

- Rogha ionstraimí

An ionstraim/ na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas:

De bhrí go bhfuil foráil sa mheicníocht atá beartaithe le haghaidh maolú ar dhlí an Chomhphobail, is ionann Rialachán agus an ionstraim atá infheidhme go díreach agus a thugann na ráthaíochtaí is iomláine maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom de chóir.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Chomhphobail.

5. FAISNÉIS BHREISE

- Clásal athbhreithnithe/athcheartaithe/éagtha

Tá clásal athbhreithnithe sa togra agus clásal éagtha.

- Míniú mionsonraithe ar an togra

Raon (Airteagal 1)

Cuireann Airteagal 1 teorainn le raon feidhme an togra reatha go dtí na réimsí arna bhfolú ag Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus ag Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha, agus in ábhair earnálacha amháin.

Sainmhínithe (Airteagal 2)

Sonraíonn Airteagal 2 nach bhfolaíonn an nós imeachta arna bhunú ag an togra reatha ach comhaontuithe déthaobhacha idir Ballstát agus tríú Stát. Mar sin níl comhaontuithe iltaobhacha (lena n-áirítear go háirithe comhaontuithe réigiúnacha) folaithe ag an nós imeachta beartaithe.

An nós imeachta beartaithe (Airteagail 3-8)

Tá sé i gceist ag an nós imeachta beartaithe socrú feidhmiúil a bhunú le foirmiúlachtaí laghdaithe. Ag an am gcéanna, áirithítear leis gur féidir an acquis communautaire a chosaint.

Ceanglaíonn an nós imeachta (Airteagal 3) ar an mBallstát fógra a thabhairt don Choimisiún i scríbhinn go bhfuil sé ar intinn aige tabhairt faoi chaibidlíochtaí ar chomhaontú nua nó comhaontú atá ann cheana a leasú. Caithfidh cóip den dréacht-chomhaontú a bheith leis an bhfógra má tá fáil air chomh maith le haon doiciméid ábhartha eile. Beartaítear go ndéanfar an fógra seo tráth nach déanaí ná trí mhí sula gcuirfear tús leis na caibidlíochtaí leis an tríú tír lena mbaineann.

Tar éis don Choimisiún an fógra a fháil, beidh ar an gCoimisiún a mheas an féidir leis an mBallstát dul ar aghaidh leis na caibidlíochtaí (Airteagal 4). Má tá comhaontú tugtha i gcrích ag an gComhphobal ar an ábhar céanna leis an tríú tír lena mbaineann, diúltófar an t-iarratas go huathoibríoch. Seo a leanas na céimeanna atá sa mheasúnú. Mura bhfuil comhaontú tugtha i gcrích fós ag an gComhphobal leis an tríú tír lena mbaineann, caithfidh an Coimisiún Cinneadh a dhéanamh an bhfuiltear ag súil le comhaontú den sórt sin sula i bhfad. Mura bhfuiltear ag súil le comhaontú den sórt sin sula i bhfad is féidir leis an gCoimisiún údarú a dheonú, ar an gcoinníoll go ndéantar an dá choinníoll seo a leanas a chomhlíonadh: (a) gur léirigh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil leas ar leith ann dó comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír, a bhaineann go háirithe le naisc eacnamaíocha, geografacha, cultúrtha nó stairiúla idir an Ballstát agus an tríú tír; agus (b) go gcinnfidh an Coimisiún go mbeidh tionchar teoranta ag an gcomhaontú beartaithe ar chur i bhfeidhm uilíoch agus comhsheasmhach rialacha an Chomhphobail atá i bhfeidhm agus ar fheidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag na rialacha sin.

Má bhreithníonn an Coimisiún, i bhfianaise na gcoinníollacha dá dtagraítear thuas, nach bhfuil aon bhac ann maidir leis an gcomhaontú beartaithe, féadfaidh sé cead a thabhairt don Bhallstát tús a chur leis na caibidlíochtaí (Airteagal 5). Nuair is gá, is féidir leis an gCoimisiún treoirlínte a mholadh maidir le caibidlíocht agus féadfaidh sé iarratas a dhéanamh clásail ar leith a chur isteach.

Caithfidh clásal éagtha a bheith sa chomhaontú freisin dá fhoirceannadh, sa chás go ndéanfadh an Comhphobal Eorpach comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír atá i gceist.

Is é an Coimisiún a dhéanann an Cinneadh na caibidlíochtaí a cheadú nó gan iad a cheadú le cúnamh ó choiste comhairleach faoi Airteagal 3 de Threoir 1999/468/CE ón gComhairle ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[10]. De bhrí go bhfuil sé dírithe ar an íosmhéid foirmiúlachtaí atá riachtanach, tá call leis an nós imeachta comhairleach. Cuirfidh an Coimisiún dréacht de na bearta atá le glacadh faoi bhráid an Choiste, agus tabharfaidh an coiste tuairim faoin dréacht sin. Déanfaidh an Coimisiún Cinneadh ansin, ag cur na tuairime sin san áireamh chomh fada agus is féidir, agus cuirfidh sé an coiste ar an eolas faoin mbealach a cuireadh an tuairim san áireamh.

Má bhíonn toradh diúltach ar mheastóireacht an Choimisiúin, ní thugann an Coimisiún údarú agus cuireann sé isteach an Cinneadh seo chuig tuairim coiste comhairligh.

Is féidir leis an gCoimisiún páirt a ghlacadh sna caibidlíochtaí idir an Ballstát agus an tríú tír mar bhreathnadóir. Mura mbíonn an Coimisiún féin rannpháirteach, caithfear é a chur ar an eolas faoi na réamhthorthaí le linn chéimeanna éagsúla na caibidlíochta, d'fhonn a bheith in ann a thuairim a thabhairt don Bhallstát maidir le hábhar an chomhaontaithe sula gcuirtear i gcrích go deireadh é ar mhaithe le héifeachtúlacht (Airteagal 6).

Baineann an chéim dheiridh den nós imeacht le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe (Airteagal 7). Sula gcuirfear ceannlitreacha leis an gcomhaontú, caithfidh an Ballstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thorthaí na gcaibidlíochtaí agus caithfidh sé téacs an chomhaontaithe a chur ar fáil dó. Measfaidh an Coimisiún an bhfuil an comhaontú i gcomhréir leis na treoracha caibidlithe agus an féidir a mheas go mbeidh iarmhairt dhiúltach ag tabhairt i gcrích an chomhaontaithe ar fheidhmiú chóras an Chomhphobail atá i bhfeidhm, go háirithe más dóigh go ndéanfaidh (an mhéid go ndéanfaidh) sé difear don acquis communautaire atá i bhfeidhm. Má tá meastóireacht an Choimisiúin dearfach tabharfaidh sé a údarú. Má tá an measúnú diúltach, níl na Ballstáit lena mbaineann údaraithe chun dul ar aghaidh leis an gcomhaontú. Glactar leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta faoi Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle.

Tá sé beartaithe go nglacfaidh an Coimisiún lena Chinneadh maidir le gach céim ábhartha den nós imeachta measúnaithe laistigh de shé mhí ón bhfógra ábhartha a fháil ón mBallstát.

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha (Airteagail 9-11)

Leagann Airteagal 9 síos forálacha idirthréimhseacha atá le cur i bhfeidhm i gcásanna, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin-, ina bhfuil caibidlíochtaí curtha ar bun cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann leis an tríú tír nó go bhfuil siad curtha i gcrích acu, ach nach bhfuil a thoil tugtha aige go fóill a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú.[11]

Dá réir sin, tá feidhm ag an nós imeachta beartaithe freisin sa chás seo, faoi réir na gcoigeartuithe is gá: fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcomhaontú (dréacht); measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar bhonn na gcoinníollacha atá liostaithe in Airteagal 4 den togra; údarú chun leanúint leis na caibidlíochtaí agus treoracha caibidlithe a bhunú má cheadaíonn an chéim chaibidlithe é sin; agus údarú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích.

Sonraíonn Airteagal 10 go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta faoi Eanáir 2014 ar a dhéanaí. Beidh togra reachtach oiriúnach in éineacht leis an tuarascáil, ós rud é go bhfuil cur chun feidhme an Rialacháin teoranta go dtí an 31 Nollaig 2014.

2008/0259 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hábhair earnálacha agus lena bhfolaítear an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 61(c), 65 agus 67(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[12],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[13],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[14],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Soláthraíonn Teideal IV den Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (dá ngairtear "Conradh CE" anseo feasta) an bunús dlí chun reachtaíocht an Chomhphobail a ghlacadh i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.

(2) Go traidisiúnta is le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a rinneadh comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a rialú idir Ballstáit agus tríú tíortha.

(3) Foráiltear le hAirteagal 307 de Chonradh CE nach mór deireadh a chur le neamhluí ar bith idir acquis an Chomhphobail agus comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha. D'fhéadfadh sé go mbeidh gá dul i mbun athchaibidlíochta ar na comhaontuithe seo dá bharr.

(4) D'fhéadfadh sé go mbeidh gá comhaontuithe nua a thabhairt i gcrích le tríú tíortha lena rialófar réimsí ceartais shibhialta a thagann faoi réim Theideal IV de Chonradh CE.

(5) Ina Thuairim 1/03 an 7 Feabhra 2006 a bhaineann leis an gCoinbhinsiún nua Lugano a thabhairt i gcrích, dheimhnigh CBCE go bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach arna fáil ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta le tríú tíortha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích ar roinnt de na hábhair tábhachtacha dá dtagraítear i dTeideal IV de Chonradh CE. Go háirithe, dheimhnigh an Chúirt go raibh inniúlacht eisiach arna fáil ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, ar chúrsaí a dhéanfaidh difear do na rialacha a leagtar amach inter alia i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ("An Bhruiséil I"), go háirithe maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.

(6) Dá réir sin, de bhonn Airteagal 300 de Chonradh CE is faoin gComhphobal atá sé comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal agus tríú tír, chomh fada agus a bhaineann sé le hinniúlacht an Chomhphobail.

(7) Le hAirteagal 10 de Chonradh CE, ceanglaítear ar Bhallstáit go n-éascófar cúraimí an Chomhphobail a bhaint amach agus gan beart ar bith a ghlacadh a d'fhéadfadh a chur i mbaol go mbainfear amach cuspóirí an Chonartha. Tá an dualgas seo maidir le fíorchomhoibriú le cur i bhfeidhm go ginearálta agus níl sé ag brath ar inniúlacht an Chomhphobail a bheith eisiach nó gan a bheith eisiach.

(8) Tá measúnú ag teastáil le fáil amach an leor faoi láthair an leas a bheadh ann don Chomhphobal dá gcuirfí comhaontuithe an Chomhphobail in ionad na gcomhaontuithe déthaobhacha reatha nó na gcomhaontuithe ar fad atá beartaithe idir Ballstáit agus tríú tíortha. Dá réir sin, is gá nós imeachta a bhunú a bhfuil dhá chuspóir aige. Is é an chéad chuspóir ná ligean don Chomhphobal a mheas an leor an leas a bheadh ann don Chomhphobal comhaontú déthaobhach ar leith a thabhairt i gcrích. Is é an dara cuspóir ná Ballstáit a údarú chun an comhaontú atá i gceist a thabhairt i gcrích mura bhfuil leas don Chomhphobal comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích faoi láthair.

(9) Ba chóir nós imeachta comhtháite agus trédhearcach a bhunú chun údarú a thabhairt do Bhallstáit comhaontuithe le tríú tíortha atá ann cheana féin a leasú nó comhaontuithe nua a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i ndálaí eisceachtúla, go háirithe áit nár thug an Comhphobal féin le fios go bhfuil sé ar intinn aige a chuid inniúlachtaí seachtracha a chleachtadh ar mhaithe leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích. Ní dochar an nós imeachta seo d'inniúlacht eisiach an Chomhphobail agus d'fhorálacha Airteagail 300 agus 307 de Chonradh CE. Toisc go maolaíonn sé ar an riail go bhfuil inniúlacht eisiach ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir leis na hábhair seo, caithfear glacadh leis an nós imeachta beartaithe mar bheart eisceachtúil agus caithfidh sé a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme agus ama de.

(10) De réir aithris Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II)[15] agus Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I)[16], ba chóir don Choimisiún togra a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ar dá réir a bheadh na Ballstáit i dteideal comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích thar a gceann féin le tríú tíortha ina mbeadh forálacha maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha nó conarthacha.

(11) De réir na Rialachán seo, níor chóir go mbeadh feidhm ag an meicníocht bheartaithe ach amháin i gcás comhaontuithe i gcásanna aonair agus eisceachtúla, maidir le hábhair earnálacha agus ina bhfuil rialacha sna réimsí arna bhfolú ag na hionstraimí seo.

(12) D’fhonn a áirithiú nach bhfágfadh comhaontú beartaithe ó Bhallstát dlí an Chomhphobail neamhéifeachtach agus nach mbainfeadh sé an bonn ó fheidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag a chuid rialacha, ba chóir go mbeadh gá le húdarú chun tús a chur le caibidlíochtaí nó chun leanúint dóibh agus chun comhaontú a thabhairt i gcrích araon. Cuirfidh sé seo ar chumas an Choimisiúin iarmhairt ionchasach thoradh (féideartha) na gcaibidlíochtaí maidir le dlí an Chomhphobail a mheas. Sna cásanna ábhartha, is féidir leis an gCoimisiún treoirlínte a mholadh maidir le caibidlíocht nó iarratas a dhéanamh clásail ar leith a chur isteach sna comhaontuithe beartaithe.

(13) D’fhonn a áirithiú nach gcuirfeadh an comhaontú bacainn roimh chur chun feidhme bheartas seachtrach an Chomhphobail maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála, ba chóir go mbeadh foráil sa chomhaontú chun é a shéanadh, nuair a thabharfar comhaontú Comhphobail leis an tríú tír céanna ar na hábhair chéanna den dlí is infheidhme i gcrích.

(14) Is gá foráil a dhéanamh do bhearta idirthréimhseacha chun cásanna a fholú ina bhféadfadh, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, roinnt Ballstát a bheith i mbun caibidlíochtaí le tríú tír nó ina bhféadfadh na caibidlíochtaí a bheith curtha i gcrích acu ach nach bhfuil sé tugtha le fios acu go fóill go bhfuil siad toilteanach a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú.

(15) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[17].

(16) I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach.

(17) Tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le Seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go mbeidh siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, sa mhéid is go raibh siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Rialachán arna bhfolú ag an Rialachán seo nó gur ghlac siad leis na Rialacháin roimhe seo i ndiaidh a nglactha.

(18) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Bunaíonn an Rialachán seo nós imeachta chun aon Bhallstát a údarú chun comhaontú déthaobhach atá ann cheana féin idir an Ballstát sin agus tríú tír a leasú, nó comhaontú déthaobhach nua a chaibidil agus a thabhairt i gcrích faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sna forálacha a leanas.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás comhaontuithe déthaobhacha idir Ballstáit agus tríú tíortha a bhaineann le hábhair earnálacha agus a fholaíonn an dlí is infheidhme in ábhair shibhialta agus thráchtála, agus atá, go hiomlán nó i bpáirt, laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

3. Chun críocha an Rialacháin seo, tuigfear go gciallaíon an téarma "comhaontú" comhaontú déthaobhach idir Ballstát agus tríú tír.

4. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh "Ballstát" aon Bhallstát seachas an Danmhairg.

Airteagal 3

Fógra a thabhairt don Choimisiún

1. I gcás ina mbeidhl sé ar intinn ag Ballstát caibidlíochtaí a chur ar bun le tríú tír maidir le comhaontú atá ann cheana a leasú, nó comhaontú nua a thiteann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo a thabhairt i gcrích, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina intinn i scríbhinn.

2. Áireofar san fhógra seo cóip den chomhaontú atá ann cheana, den dréacht-chomhaontú nó de dhréacht-thogra na tríú tíre lena mbaineann, más ann, agus aon doiciméid ábhartha eile. Déanfaidh an Ballstát cur síos ar chuspóirí na gcaibidlíochtaí agus sonróidh sé na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu, nó forálacha an chomhaontaithe atá ann cheana, atá le leasú, agus soláthróidh sé aon fhaisnéis ábhartha eile.

3. Déanfar an fógra trí mhí ar a laghad sula mbeidh na caibidlíochtaí foirmiúla sceidealta le tosú leis an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 4

Measúnú ón gCoimisiún

1. Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé acu an féidir leis an mBallstát tabhairt faoi chaibidlíochtaí leis an tríú tír lena mbaineann nó nach féidir. Má tá comhaontú ar bith tugtha i gcrích cheana féin ag an gComhphobal leis an tríú tír lena mbaineann ar na hábhair chéanna, diúltóidh an Coimisiún iarratas an Bhallstáit láithreach.

2. Mura bhfuil aon chomhaontú curtha i gcrích go fóill ag an gComhphobal leis an tríú tír lena mbaineann, seiceálfaidh an Coimisiún ar dtús nuair atá measúnú á dhéanamh aige an bhfuiltear ag súil le comhaontú ábhartha ar bith de chuid an Chomhphobail sula i bhfad leis an tríú tír lena mbaineann. Sa chás nach bhfuil sé sin amhlaidh, is féidir leis an gCoimisiún údarú a dheonú, ar an gcoinníoll go ndéantar an dá choinníoll seo a leanas a chomhlíonadh:

1. gur léirigh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil leas ar leith ann comhaontú déthaobhach earnálach a thabhairt i gcrích leis an tríú tír, a bhaineann go háirithe le naisc eacnamaíocha, geografacha, cultúrtha nó stairiúla idir an Ballstát agus an tríú tír sin; agus

2. go gcinnfidh an Coimisiún go mbeidh tionchar teoranta ag an gcomhaontú beartaithe ar chur i bhfeidhm uilíoch agus comhsheasmhach rialacha an Chomhphobail atá i bhfeidhm agus ar fheidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag na rialacha sin.

Airteagal 5

Údarú chun caibidlíochtaí a chur ar bun

1. Má bhíonn an Coimisiún den tuairim nach bhfuil aon bhacainn ar an gcomhaontú i bhfianaise na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4, is féidir leis Ballstát a údarú chun caibidlíochtaí a chur ar bun maidir leis an gcomhaontú leis an tríú tír lena mbaineann. Más gá, is féidir leis an gCoimisiún treoirlínte a mholadh maidir le caibidlíocht agus féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun clásail ar leith a chur isteach sa chomhaontú atá beartaithe.

Beidh foráil sa chomhaontú don chlásal ar a shéanadh sa chás go dtabharfaidh an Comhphobal Eorpach comhaontú i gcrích leis an tríú tír chéanna ar an ábhar céanna. Beidh an clásal seo a leanas san áireamh sa chomhaontú: "séanfaidh (ainm an Bhallstáit) an comhaontú nuair a thabharfaidh an Comhphobal Eorpach comhaontú i gcrích le (ainm na tríú tíre) ar na hábhair chéanna den cheartas sibhialta arna rialú ag an gcomhaontú reatha".

2. Má bhíonn an Coimisiún den tuairim go bhfuil bacainní ar an gcomhaontú i bhfianaise na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4, ní bheidh údarás ag an mBallstát caibidlíochtaí a chur ar bun leis an tríú tír.

3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Tabharfaidh an Coimisiún cinneadh uaidh ar iarratas an Bhallstáit laistigh de sé mhí tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht an Choimisiúin sna caibidlíochtaí

Féadfaidh an Coimisiún a bheith rannpháirteach mar bhreathnadóir sna caibidlíochtaí idir an Ballstát agus an tríú tír. Mura mbeidh an Coimisiún rannpháirteach mar bhreathnadóir, coinneofar ar an eolas é faoin dul chun cinn agus faoi na torthaí le linn chéimeanna difriúla na gcaiblíochtaí.

Airteagal 7

Údarú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích

1. Sula gcuirfear ceannlitreacha leis an gcomhaontú, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi thoradh na gcaibidlíochtaí agus seolfaidh sé téacs an chomhaontaithe chuig an gCoimisiún.

2. Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé acu an gcloíonn an comhaontú arna chaibidil lena mheasúnú tosaigh nó nach gcloíonn. Agus an measúnú breise seo á dhéanamh, caithfidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh cibé acu an bhfuil na ceanglais a rinne an Coimisiún san áireamh sa chomhaontú beartaithe, go háirithe maidir leis na clásail dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bheith san áireamh, nó nach bhfuil agus cibé acu an bhfágfaí dlí an Chomhphobail neamhéifeachtach tríd an gcomhaontú beartaithe a thabhairt i gcrích nó nach bhfágfaí agus an mbainfeadh sé an bonn ó fheidhmiú ceart an chórais a bhunaítear lena chuid rialacha nó nach mbainfeadh.

3. Má tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil comhaontú ann mar thoradh ar chaibidlíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, ní thabharfar údarás don Bhallstát chun an comhaontú a thabhairt i gcrích.

4. Má tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil comhaontú ann mar thoradh ar chaibidlíochtaí a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí údarás don Bhallstát chun an comhaontú a thabhairt i gcrích.

5. Tógfaidh an Coimisiún Cinneadh ar an údarú dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

Tabharfaidh an Coimisiún a Chinneadh ar iarratas an Bhallstáit laistigh de sé mhí tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

Airteagal 8

Nós imeachta coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún, arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. [...] ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha a bhaineann le hábhair earnálacha agus a fholaíonn dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas agus cinntí in ábhair a bhaineann le cúrsaí pósta, freagrachtaí tuismitheoirí agus oibleagáidí cothabhála, agus an dlí is infheidhme in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála.

2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta comhairleach atá leagtha amach in Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE, do chomhlíonadh Airteagal 7 agus Airteagal 8 de.

3. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta bainistíochta atá leagtha síos in Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE, do chomhlíonadh Airteagal 7 agus Airteagal 8 de.

4. Is é trí mhí an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 9

Forálacha idirthréimhseacha

1. Sa chás go mbeidh tús curtha cheana féin ag Ballstát le comhaontú a chaibidil le tríú tír, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus 3(2) agus ag Airteagail 4 go dtí 7.

Is féidir leis an gCoimisiún treoirlínte a mholadh maidir le caibidlíocht nó iarratas a dhéanamh clásail ar leith a chur isteach, mar a thagraítear in Airteagal 5(1), nuair a cheadóidh céim na gcaibidlíochtaí é sin a dhéanamh.

2. Nuair atá caibidlíochtaí críochnaithe ag Ballstát cheana féin, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan an comhaontú a bheith tugtha i gcrích, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus 3(2) agus ag Airteagail 7(2) go (5).

Nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh a cinneadh údarú a thabhairt nó gan a thabhairt chun an comhaontú a thabhairt i gcrích, déanfaidh sé measúnú freisin an bhfuil aon bhacainní roimh an gcomhaontú i bhfianaise na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 10

Athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2014, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus féadfaidh togra reachtach oiriúnach a bheith in éineacht leis.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí 31 Nollaig 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i mBallstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán […] […]

[1] Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta, IO L 160, 30.6.2000, lch.1.

Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 12, 16.1.2001, lch. 1.

Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála, IO L 174, 27.6.2001, lch. 1.

Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000, IO L 338, 23.12.2003, lch. 1.

Treoir 2003/8/CE ón gComhairle chun rochtain ar cheartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí chomhrialacha íosta a bhunú a bhaineann le cúnamh dlí a chur ar fáil do dhíospóidí den sórt sin, IO L 26, 31.1.2003, lch. 41.

Treoir 2004/80/CE ón gComhairle a bhaineann le cúiteamh d'íospartaigh na coireachta, IO L 261, 6.8.2004, lch. 65.

Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Forghníomhaithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, IO L 143, 30.4.2004.

Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta, IO L 399, 30.12.2006, lch. 1.

Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II), IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, IO L 199, 31.7.2007, lch.1.

Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle, IO L 324, 10.12.2007, lch.79.

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh I), IO L 177, 4.7.2008, lch.6.

Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe d'idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála, IO L 136, 21.5.2008, lch. 3.

[2] Tuairim 1/03 an 7 Feabhra 2006, [2006] ECR I-1145.

[3] Tuairim 1/03 Lugano, mír 161.

[4] Tuairim 1/03 Lugano, mír.172.

[5] Glacadh réiteach cosúil leis níos túisce d'earnáil na heitlíochta sibhialta: féach Rialachán (CE) Uimh. 847/2004 maidir le comhaontuithe aersheirbhíse a chaibidil agus a chur chun feidhme idir na Ballstáit agus tríú tíortha, IO L 157, 30.4. 2004, lch. 7.

[6] An 19 Aibreán 2007, mhol an Chomhairle CGB gur chóir, maidir le comhaontuithe déthaobhacha amach anseo agus le haon leasuithe ar chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana le tríú tíortha áirithe a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála, "nós imeachta chun comhaontuithe den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, arna spreagadh ag fasaigh atá i ndlí an Chomhphobail cheana féin, inter alia, an nós imeachta d'aersheirbhís" a thabhairt isteach. "Ba chóir don nós imeachta sin critéir agus coinníollacha a bhunú chun measúnú a dhéanamh an bhfuil cur i gcrích comhaontaithe den sórt sin chun leasa an Chomhphobail. Sa chás nach bhfuil sé sin amhlaidh, ba chóir don nós imeachta critéir agus coinníollacha a bhunú chun comhaontuithe den sórt sin a dhéanann Ballstáit a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, go háirithe má tá forálacha an chomhaontaithe ionchasaigh difriúil ó rialacha an Chomhphobail, d'fhonn a áirithiú nach gcuireann comhaontuithe as don chóras atá bunaithe".

[7] Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) atá leagtha amach in Aithris 37 go ndéanfaidh "an Coimisiún togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ar dá réir a bheadh na Ballstáit i dteideal comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích thar a gceann féin le tríú tíortha i gcásanna aonair eisceachtúla, maidir le hábhair earnálacha, ina mbeadh forálacha maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha".

[8] Tá aithris cosúil leis (Aithris 42) i Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 i dtaobh an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I).

[9] Go deimhin, b'fhéidir go mbeadh gá forálacha maidir leis an dlí is infheidhme in ábhair chonarthacha agus neamhchonarthacha a achtú sna cásanna sin d'fhonn cásanna an-sonracha a rialáil. I measc samplaí den chineál seo comhaontuithe earnálacha tá Coinbhinsiún an 4 Iúil 1949 idir an Fhrainc agus an Eilvéis maidir le hAerfort Basel-Mulhouse a thógáil agus a bhainistiú agus Comhaontú an 25 Aibreán 1977 idir an Ghearmáin agus an Eilvéis maidir leis an mbóthar idir Lörrach agus Weil am Rhein ar chríoch na hEilvéise.

[10] Cinneadh ón gComhairle ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (1999/468/CE), IO L184, 17.7.1999, lch.23.

[11] Sampla is ea é an dréacht-chomhaontú idir an Eilvéis, an Fhrainc agus an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Núicléach (CERN) maidir leis an dlí is infheidhme ar na gnóthais a ghníomhaíonn in áitreabh CERN chun seirbhísí trasteorann a sholáthar. Is sampla é an comhaontú sin de chomhaontú earnálach atá laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ("An Róimh I”), agus dá bhrí sin tá sé faoi réir an nós imeachta beartaithe.

[12] IO C , , lch. .

[13] IO C , , lch. .

[14] IO C , , lch. .

[15] IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

[16] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

[17] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

Top