Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0677

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise

    /* COIM/2008/0677 leagan deireanach - COD 2008/0201 */

    52008PC0677

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise /* COIM/2008/0677 leagan deireanach - COD 2008/0201 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil 30.10.2008

    COIM(2008) 677 leagan deireanach

    2008/0201 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    comhthéacs an togra |

    110 | Forais agus cuspóirí an togra Tugann Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) cuntas ar chuid shuntasach de tháirgeacht an Aontais Eorpaigh (AE) agus de bhorradh Olltáirgeachta Intíre (OTI) agus mar gheall orthu tá ár sochaithe agus ár ngeilleagair ag claochlú ar dhóigh ar leith agus ar dhóigh úrnua ar fad. Tá TFC fós ina mhórthiománaí ar an nuachóiriú eacnamaíoch agus sóisialta. Is cur chuige réamhghníomhach atá i gceist i mbeartas an Chomhphobail agus é mar aidhm aige sochaí uilechuimsitheach faisnéise a bhunú, bunaithe ar úsáid fhorleathan faisnéise agus teicneolaíochtaí cumarsáide i seirbhísí poiblí, i ngnóthais bheaga agus meánmhéide (GBM) agus i dteaghlaigh. Tá ról lárnach ag tagarmharcáil agus monatóireacht á déanamh ar bheartas an Chomhphobail agus ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí athchóirithe Liospóin a chomhlíonadh. Tá staidreamh Comhphobail atá comhchuibhithe, iontaofa, d’ardchaighdeán agus tráthúil i ndáil leis an tsochaí faisnéise de dhíth le haghaidh na tagarmharcála seo. |

    120 | Comhthéacs ginearálta Ina theachtaireacht "i2010 – Sochaí Faisnéise Eorpach le haghaidh fáis agus fostaíochta"[1], cuireann an Coimisiún geilleagar digiteach atá oscailte agus iomaíoch chun cinn, cuireann sé béim ar TFC mar thiománaí cuimsitheachta agus caighdeáin mhaireachtála agus cuireann sé straitéis chuimsitheach le haghaidh earnáil na meán cumarsáide agus TFC ar fáil. I bpáirt leis an straitéis seo, feictear go bhfuil ról lárnach ag an tagarmharcáil agus monatóireacht á déanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí athchóirithe Liospóin. Is é an Coimisiún a dhréachtaigh creatlach tagarmharcála i2010[2] i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ina leagtar amach liosta de tháscairí tábhachtacha le haghaidh an phróisis ghaolmhair monatóireachta. Cuirtear na táscairí seo le chéile de réir phríomhspriocanna straitéis i2010, i.e. monatóireacht ar Spás Eorpach Faisnéise, taighde agus nuálaíocht in TFC ag gnólachtaí, cuimsiú sóisialta, seirbhísí poiblí agus caighdeán beatha. Tá gá leanúnach le soláthar sonraí staidrimh sa réimse seo, ós rud é go bhfuil TFC fós ag dul i bhfeidhm go mór ar ghnólachtaí agus ar shochaithe na hEorpa. Léiríonn forbairt an ghréasáin rannpháirtíochta, na heangaí ríomhaireachta domhanda, “idirlíon na rudaí nithiúla”, na nascachta uileláithrí agus ghréasáin na chéad ghlúine eile an gá le faisnéis staidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise. Ina theannta sin, tá nuálaíocht TFC agus nuálaíocht a bhaineann le TFC á mbreithniú mar ionchur bunúsach le haghaidh forbairt geilleagair eolasbhunaithe. Tá an t-idirlíon ag athrú ó fhoinse faisnéise go gréasán domhanda a bhfuil níos mó daoine ag glacadh páirte ann de réir a chéile. Tá saoránaigh ag cur leis an ngréasán níos mó ná riamh agus á úsáid le haghaidh blagála, comhroinnte meán agus líonrú sóisialta. Is follasach go bhforbrófar an t-idirlíon mar eangach dhomhana ríomhaireachta a cheadóidh cianrochtain ar acmhainní sábháilte ríomhaireachta ar bhonn díreach in am. Tá an fhorbairt seo tábhachtach do ghnólachtaí Eorpacha, go háirithe, ar an ábhar go meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar tháirgeacht mar gheall ar leithdháileadh feabhsaithe acmhainní. Sa todhchaí, nascfar tuilleadh gléasanna, braiteoirí agus rudaí nithiúla trí ghréasáin gan sreang nó trí ghréasáin sheasta. Beidh siad in acmhainn idirghníomhú leis an timpeallacht agus faisnéis a chur chuig gléasanna eile go huathrialaitheach. Bainfidh forbairt “idirlíon na rudaí nithiúla” le hiompar, leis an gcomhshaol, le cúrám sláinte, le hinbhuanaitheacht agus le córais slándála agus cruthóidh sé breis éifeachtachta sa gheilleagar. Tá gléasanna soghluaiste ag dul i gclisteacht de réir a chéile agus ag comhtháthú roinnt feidhmeanna i ngléas amháin. De réir a chéile tá daoine ag baint úsáide as na gléasanna soghluaiste seo a chruthaíonn nasc gan sreang leis an idirlíon chun faisnéis a ghabháil agus a sheoladh. Neartóidh sé seo forbairt an ghréasáin rannpháirtíochta agus spreagfar seirbhísí atá bunaithe ar shuíomh an ghléis (LBS). Toradh amháin ar na treochtaí seo is ea an méadú ar thrácht sonraí a spreagfaidh an t-aistriú chuig leathanbhanda dara glúine bunaithe ar Phrótacal Idirlín agus a chuirfidh luasanna atá níos gasta go suntasach ar fáil. Tá an t-aistriú seo i dtreo ghréasáin na chéad ghlúine eile ar cheann de na dúshláin is suntasaí a shaineoidh cumarsáidí leictreonacha sna blianta atá romhainn. D’fhorbair an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, Innéacs Feidhmíochta Leathanbhanda chun tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán na mBallstát faoi réimse fachtóirí, lena n-áirítear gnéithe éagsúla socheacnamaíocha chomh maith le críochaontú ardseirbhísí. Tá an-tábhacht ag baint leis na sonraí staidrimh ar mhaithe le monatóireacht ar fheidhmíocht sa réimse seo. Bíonn táscairí atá bunaithe ar fhaisnéis chomhtháite staidrimh ó réimse na sochaí faisnéise de dhíth ar na táscairí struchtúracha a mbaintear úsáid astu sa Tuarascáil Earraigh bhliantúil chuig an gComhairle Eorpach. |

    130 | Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Tugtar míniú i Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 an 21 Aibreán 2004 maidir le staidreamh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise[3] ar sholáthar bliantúil sonraí staidrimh le haghaidh an dá mhodúl "gnóthais agus an tsochaí faisnéise" agus "daoine aonair/teaghlaigh agus an tsochaí faisnéise”. Tá uasteorainn ama 5 bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm foráilte sa Rialachán sin. Aithnítear é i measc mór-gheallsealbhóirí gur baineadh príomhchuspóirí an Rialacháin reatha amach go mór mór. Bhí tionchar mór ag an bpróiseas gaolmhar comhchuibhithe ar fud an Aontais Eorpaigh ar fhorbairt staidreamh TFC ar fud an domhain, ag cur Oifig Staidrimh na gComphobal Eorpach (Eurostat) agus an Córas Staidrimh Eorpach i dtús cadhnaíochta. Cinnteoidh an togra le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a leasú soláthar sonraí staidrimh ar úsáid TFC i dteaghlaigh, ag daoine aonair agus i ngnóthais chun críche na creatlaí tagarmharcála agus na bhforbairtí a bhainfidh léi sa todhchaí faoi straitéis Liospóin. Ag an am céanna, tá sé mar aidhm leis an leasú seo ábhair soláthair na sonraí staidrimh a thabhairt chun dáta ionas go bhfreastalófar ar fhorbairtí nua i réimse TFC. Ina theannta sin, thiocfadh biseach ar na modhanna chun anailís sonraí a dhéanamh agus cuspóir ann úsáid níos fearr a bhaint as na sonraí staidrimh agus laghdú ar an ualach a bhí ar fhreagróirí. Bainfear é seo amach trí mhodhanna nua anailíse sonraí a thabhairt isteach mar chuid den Chlár um Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil (MEETS) [4]. Tá an Rialachán atá beartaithe i gcomhréir le cur chuige nua beartais an Choimisiúin chun reachtaíocht a shimpliú agus chun rialáil níos fearr a dhéanamh, mar a rinneadh tagairt dó i dTeachtaireachtaí an 14 Samhain 2006 maidir le “athbhreithniú straitéiseach ar rialáil níos fearr san Aontas Eorpach"[5] agus maidir le "laghdú an ualaigh freagartha, simpliú agus socrú tosaíochtaí i réimse an staidrimh Chomhphobail"[6]. Tá sé ar cheann de na gníomhaíochtaí meara a sainíodh in Iascríbhinn III a ghabhann leis an Teachtaireacht an 24 Eanáir 2007 maidir le "Clár gníomhaíochta chun ualaí riaracháin a laghdú san Aontas Eorpach.”[7]. |

    140 | Comhsheasmhacht le beartais eile agus le cuspóirí an Aontais Meastar go bhfuil seirbhísí sochaí faisnéise ina gcuid riachtanach d’fhorbairt Mhargadh Inmheánach na hEorpa[8]. Tugann tráchtáil leictreonach, go háirithe, deiseanna suntasacha fostaíochta; spreagann sí borradh agus infheistíocht sa nuálaíocht ag gnólachtaí agus is féidir léi cur le hiomaíochas méadaithe. Maidir leis seo, tá sé tábhachtach monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt na ríomhthráchtála sa mhargadh inmheánach ag úsáid táscairí staidrimh. Tá faisnéis chomhtháite staidrimh úsáideach chun táscairí scileanna TFC a shainiú agus a thuairisciú agus, ar an dóigh sin, bunaítear creatlach chomhtháite táscairí agus tagarmharcanna chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí Liospóin a bhaineann le hoideachas agus oiliúint[9]. Tá an togra comhsheasmhach le tosaíochtaí an Choimisiúin agus leis an tionscnamh a dhíríonn ar rialáil níos fearr, simpliú agus laghdú an ualaigh a bhíonn ar fhreagróirí. |

    comhairliúCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

    Comhairliúchán le páirtithe leasmhara |

    211 | Modhanna comhairliúcháin, príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Rinneadh an togra a phlé le soláthraithe sonraí sa Chóras Straidrimh Eorpach, sa ghrúpa cuí oibre, agus le ceannairí na n-oifigí staidrimh agus le stiúrthóirí ar ghnólachtaí agus ar staidreamh sóisialta. Ar an dara dul síos, chuathas i mbun comhairle le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin (DG INFSO, DG ENTR, DG MARKT, DG SANCO, DG REGIO, DG EAC, DG EMPL agus DG JRC). Ar an tríú dul síos, rinneadh an togra a phlé le heagraíochtaí idirnáisiúnta (ECFE- an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta). |

    212 | Achoimre ar fhreagraí agus an dóigh ar cuireadh san áireamh iad Is de thoradh dianidirbheartaíochta idir na páirtithe uile leasmhara an togra reatha. Mar gheall ar an dóigh a mbíonn TFC ag athrú go gasta, meastar go bhfuil sé tábhachtach solúbthacht a choinneáil sa togra maidir leis na hábhair ar chóir sonraí staidrimh a chur ar fáil ina leith. I ndáil leis sin, tá gá le soláthar gasta sonraí staidrimh. Rinneadh na hábhair a thabhairt chun dáta le comhsheasmhacht a chinntiú leis an bhforbairt ar theicneolaíochtaí sochaí faisnéise a bhfuiltear ag súil léi. Tá foráil déanta chun comhchuibhiú le straidreamh eile sóisialta a chinntiú. Sa deireadh, beidh seans níos fearr ann le haghaidh anailíse ar shonraí staidrimh trí sholáthar taifead aonair sonraí. |

    Bailiú agus úsáid saineolais |

    221 | Réimsí eolaíochta/saineolais a bhaineann le hábhar Saineolaithe go léir agus eolas acu ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm, ar na córais náisiúnta le haghaidh staidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise a bhailiú agus a thiomsú agus ar threochtaí nua i bhforbairt TFC a bhí sna hionadaithe náisiúnta agus in ionadaithe an Choimisiúin (DG JRC, DG INFSO, DG ENTR, DG MARKT, DG SANCO) ag cruinnithe tháscfhórsa DG Eurostat agus an ghrúpa oibre ar “Staidreamh i ndáil leis an tSochaí Faisnéise”. |

    222 | Modheolaíocht a úsáideadh Chuidigh na saineolaithe le cruinnithe an táscfhórsa agus an ghrúpa oibre agus leis na comhairliúcháin i scríbhinn le linn an phróisis ullmhúcháin. |

    223 | Príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo Ba as na hOifigí Náisiúnta Staidrimh agus ó DG JRC, DG INFSO, DG ENTR, DG MARKT, DG SANCO, DG REGIO, DG EAC agus DG EMPL a tháinig na príomhshaineolaithe. |

    2249 | Achoimre ar chomhairle a fuarthas agus a úsáideadh Níor luadh aon rioscaí a bhfhéadfadh a bheith iontach tromchúiseach agus ag a mbeadh iarmhairtí do-athraithe. |

    225 | Chuir na saineolaithe leis an sainmhíniú ar ábhair nua a bhaineann le húsáid ríomhairí agus an idirlín ar chóir sonraí staidrimh a bhailiú fúthu sa todhchaí. |

    226 | Modhanna a úsáideadh chun an sainchomhairle a chur ar fáil go poiblí Tá doiciméid oibre agus miontuairiscí chruinnithe an táscfhórsa agus an ghrúpa oibre ar fáil trí CIRCA. |

    230 | Anailís ar éifeachtaí agus iarmhairtí Aithníodh dhá rogha: Rogha 1: (Rachaidh an Rialachán reatha as feidhm in 2009) - Ní thiocfadh tabhairt faoi shuirbhéanna ar úsáid TFC i ngnóthais agus i dteaghlaigh agus sonraí comhchuibhithe a fháil ag leibhéal Eorpach agus a bheadh i bhfeidhm de réir dlí Eorpaigh. Filleadh de réir a chéile ar an dóigh a raibh an scéal roimh 2005 a bheadh mar thoradh air. Ní raibh na táscairí staidrimh comhchuibhithe idir tíortha agus dá bhrí sin ní raibh siad inchomparáideach. Ní raibh an fhoireann táscairí dírithe ar riachtanais bheartais ag an leibhéal Eorpach. Cionn is go maireann difríochtaí suntasacha in úsáid TFC idir Ballstáit, is dóichí go ndíreodh Ballstáit ar tháscairí eile a bhaineann le TFC. Bhí aga suntasach moille idir bailiú sonraí staidrimh ag leibhéal náisiúnta agus foilsiú ag leibhéal Eorpach. Bheadh difear idir na caighdeáin cáilíochta ó thír go tír. Mar gheall air seo bheadh bailiúcháin ar leith staidrimh ann, ón earnáil phríobháideach is dóichí, in áit sonraí oifigiúla staidrimh ag leibhéal Eorpach, agus mar thoradh air seo chaillfí creidiúnacht sonraí staidrimh ag leibhéal Eorpach agus ag leibhéal na mBallstát. Bheadh cur chuige comhaontaithe idir institiúidí beartais Eorpaigh agus na Ballstáit níos deacra. Rogha 2: (Leasófar an Rialachán reatha) – Dá leasófaí an Rialachán reatha chinnteofaí soláthar leanúnach sonraí straidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise. Bheadh an sainmhíniú ar tháscairí staidrimh comhchuibhithe taobh istigh den Aontas Eorpach. D'fhéadfaí tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh trí cheistneoir coiteann samplach a shainmhíniú agus trí uasdátú an lámhleabhair mhodheolaíoch, a sainmhíneodh prionsabail choiteanna cáilíochta. Bheadh na táscairí coigeartaithe go riachtanais ábhartha beartais ag leibhéal Eorpach. Bheadh an tréimhse bailithe sonraí comhchuibhithe sna Ballstáit, rud atá tábhachtach le héifeachtaí séasúracha a chothromú. Chinnteofaí foilsiú gasta sonraí staidrimh ag leibhéal Eorpach. Bheadh glacadh agus creidiúnacht sonraí staidrimh ag leibhéal Eorpach agus ag leibhéal na mBallstát níos airde ná le rogha 1. D’éascófaí tagarmharcáil bheartas Eorpach agus náisiúnta go mór. Ní laghdófaí go suntasach an t-ualach ar fhreagróirí i ndiaidh don Rialachán reatha imeacht as feidhm, óir leanfadh Ballstáit de shonraí staidrimh a bhailiú i ndáil leis an tsochaí faisnéise ag leibhéal náisiúnta. |

    gnéithe dlÍTHIÚLA AN TOGRA |

    305 | Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Is é cuspóir an Rialacháin leasaithe leanúnachas na creatlaí comhchoitinne atá ann a áirithiú le haghaidh soláthar córasach staidrimh Chomhphobail atá iontaofa, comhchuibhithe, tráthúil agus d’ardchaighdeán i ndáil leis an tsochaí faisnéise agus soláthar sonraí bliantúil staidrimh ar úsáid TFC i ngnóthais agus i dteaghlaigh. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag an togra an Rialachán a thabhairt chun dáta de réir riachtanais réimse staidrimh atá ag síorathrú. |

    310 | Bunús dlí Is é Airteagal 285 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh bunús dlí le staidreamh Comhphobail. Agus í ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta comhchinnteoireachta, glacfaidh an Chomhairle bearta chun staidreamh a tháirgeadh, nuair is gá, maidir le feidhmíocht ghníomhaíochtaí an Chomhpobail. Leagtar síos leis an Airteagal seo na ceanglais a bhaineann le soláthar staidrimh Chomhphobail, ag sonrú go gcaithfear caighdéain neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíoch, éifeachtúlachta costais, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh. |

    320 | Prionsabal na coimhdeachta Cuirtear prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. |

    Ní féidir cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát mar gheall ar na fáthanna seo a leanas. |

    321 | Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go sásúil, is é sin bunú creatlaí coitinne le haghaidh sholáthar córasach staidrimh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise. |

    Is oiriúnaí gníomhaíocht an Chomhphobail chun cuspóirí an togra a bhaint amach mar gheall ar na fáthanna seo a leanas. |

    324 | Is féidir na cuspóirí a bhaint amach ar bhealach níos fusa ag leibhéal Comhphobail ar bhonn ionstraime dlí Comhphobail, óir ní féidir ach leis an gCoimisiún comhchuibiú riachtanach faisnéise staidrimh a chomhordú ag leibhéal Comhphobail, cé gur féidir leis na Ballstáit bailiú sonraí agus tiomsú staidrimh inchomparáidigh i ndáil leis an tsochaí faisnéise a eagrú. Dá bhrí sin, rachaidh an Comhphobal i mbun gníomhaíochta air seo de réir phrionsabal na comhréireachta atá cumhdaithe in Airteagal 5 den Chonradh. |

    325 | Éascófar go mór foirmiú beartas ag leibhéal Eorpach agus tagarmharcáil na mbeartas Eorpach seo. Beidh sé níos fusa comparáidí a dhéanamh idir Ballstáit trí úsáid a bhaint as ceachtanna tagarmharcála. |

    327 | Is é cuspóir an Rialacháin creatlach choiteann a bhunú le haghaidh soláthar córasach staidrimh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise ag leibhéal Eorpach. Is fearr é seo a bhaint amach trí chomhordú ag leibhéal Eorpach. |

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. |

    Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar gheall ar na fáthanna seo a leanas. |

    331 | De réir phrionsabal na comhréireachta, ní bhaineann an Rialachán seo ach leis an íosmhéid a cheanglaítear a dhéanamh chun a chuspóir a bhaint amach agus ní theann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin. Ní shonraítear sa Rialachán seo na sásraí bailithe sonraí le haghaidh gach Ballstáit, ach sainmhínítear na sonraí atá le cur ar fáil le struchtúr agus tráthchlár comhchuibhithe a áirithiú. |

    332 | Ní chuirtear dualgas ar na Ballstáit an córas soláthraithe staidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise a athrú mar gheall ar an leasú beartaithe ar Rialachán (CE) 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa. De réir an togra tá oiriúnú do staidreamh eile sóisialta a bhaineann le tacar coiteann d’athróga de chúlra socheacnamaíoch. Ag an am céanna, mar gheall ar sholáthar taifid aonair sonraí bheadh ualach níos lú ar na hOifigí Náisiúnta Staidrimh. Coinnítear an t-ualach ar ghnólachtaí cothrom i ndiaidh laghdú suntasach sa chlár um bearta cur chun feidhme in 2007[10]. |

    Rogha ionstraimí |

    341 | Ionstraimí beartaithe: Rialachán |

    342 | Ní bheadh modhanna eile oiriúnach mar gheall ar na fáthanna seo a leanas. Tá roghnú na hionstraime cuí ag brath ar an sprioc reachtach. Mar gheall ar na riachtanais faisnéise ag leibhéal Eorpach, is é an treocht a bhí le staidreamh an Chomhphobail Rialacháin a úsaid in áit treoracha le haghaidh gníomhartha bunúsacha. Is fearr i bhfad Rialachán ar an ábhar go leagann sé síos an dlí céanna ar fud an Chomhphobail, ag cinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é go cruinn agus go cuimsitheach ag na Ballstáit. Tá sé infheidhme go díreach, rud a chiallaíonn nach gcaithfear dlí náisiúnta a dhéanamh de. Mar chodarsnacht, tá treoracha, a bhfuil sé mar aidhm acu dlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú, ceangailteach ar Bhallstáit maidir lena gcuspóirí, ach fágann siad an rogha faoi na húdaráis náisiúnta faoi fhoirm agus mhodhanna a mbaintear úsáid astu leis na cuspóirí seo a bhaint amach. Caithfear iad a thrasuí sa dlí náisiúnta. Tá úsáid Rialacháin i gcomhréir leis na hionstraimí eile staidrimh ar glacadh leo ó 1997. |

    impleacht bhuiséadach |

    401 | Níl impleacht ar bith ag an mbailiú sonraí le haghaidh bhuiséad an Chomhphobail. |

    faisnéis bhreise |

    510 | Simpliú |

    511 | Déanann an togra foráil do shimpliú na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh údarás poiblí (AE nó náisiúnta) agus grúpaí príobháideacha araon. |

    513 | Sainmhíníonn an togra seo ábhair ar chóir sonraí i ndáil leis an tsochaí faisnéise a bhailiú fúthu agus sainmhíníonn sé miondealú nó saintréithe cúlra shocheacnamaíoch le haghaidh soláthar sonraí. Léirigh sé go soiléir nach gclúdódh soláthar bliantúil sonraí ach fo-thacar ábhar agus miondealuithe. Laghdaíonn soláthar taifead ar shonraí aonair le haghaidh an mhodúil ar dhaoine aonair/teaghlaigh in áit sonraí comhiomlána an t-ualach ar na hOifigí Náisiúnta Staidrimh, mar nach gcaithfidh siad comhiomláin a sholáthar. |

    514 | Tá an togra seo ar cheann de na gníomhaíochtaí meara a sainíodh in Iascríbhinn III a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le "Clár Gníomhaíochta chun ualaí riaracháin a laghdú san Aontas Eorpach.” Tuairiscíonn doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin (COIM(2008) 35) dul chun cinn suntasach agus an t-ualach ar ghnóthais a laghdú trí shimpliú agus liosta níos giorra de tháscairí staidrimh i rialachán cur chun feidhme 2007. |

    E-13485 |

    2008/0201 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhpobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[11],

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle[12],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[13],

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004[14], tá srian ar feadh tréimhse suas go cúig bliana tagartha i ndiaidh an dáta ar tháinig an Rialachán i bhfeidhm ar sholáthar bliantúil staidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise mar a leagadh síos sa Rialachán sin agus tiocfaidh deireadh leis an srian in 2009. Tá gá leanúnach, áfach, ag leibhéal Eorpach, le soláthar bliantúil faisnéise comhtháite staidrimh ó réimse na sochaí faisnéise.

    2. Chuir Comhairle Eorpach an Earraigh i Márta 2005 béim ar an tábhacht le sochaí faisnéise a thógáil a bheadh go hiomlán cuimsitheach, bunaithe ar úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) i seirbhísí poiblí, i ngnóthais bheaga agus meánmhéide (GBM) agus i dteaghlaigh.

    3. D’aithin Comhairle Eorpach an Earraigh i Márta 2006 an ghéarthábhacht le húsáid níos táirgiúla teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i ngnólachtaí agus in eagraíochtaí riaracháin agus ghlaoigh sé ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis i2010 a chur chun feidhme le fuinneamh. Is éard a chuirtear chun cinn sa straitéis geilleagar digiteach atá oscailte agus iomaíoch agus cuirtear béim ar TFC mar thiománaí cuimsitheachta agus caighdeáin mhaireachtála. Amharctar uirthi mar eochairfhachtóir i gcomhpháirtíocht athnuaite Liospóin le haghaidh fáis agus fostaíochta.

    4. In Aibreán 2006 d’fhormhuinigh grúpa ardleibhéil i2010 creatlach tagarmharcála i2010, lena leagtar amach liosta táscairí tábhachtacha chun forbairt na Sochaí Faisnéise Eorpaí a thagarmharcáil de réir mar a leagadh amach i straitéis i2010.

    5. Cuidíonn Cinneadh 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) [15] le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta a mhéadú sa Chomhphobal, le cur chun cinn na sochaí eolais a ghríosú, agus le forbairt inbhuanaithe a chothú bunaithe ar fhás cothrom eacnamaíoch. Leis an gcinneadh sin a dhéanamh ní mór don Chomhphobal é féin a fheistiú le bonn ciallmhar anailíse sna réimsí cuí chun tacú le ceapadh beartais. Tacaíonn an clár le gníomhaíochtaí le haghaidh anailísí beartais bunaithe ar staidreamh oifigiúil.

    6. Le linn dhíospóireacht na n-airí ar chuimsiú leictreonach i Nollaig 2007, cuireadh fáilte, ag deireadh na hUachtaránachta, roimh an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Tionscnamh Eorpach um chuimsiú leictreonach – “Bí páirteach sa tSochaí Faisnéise”.[16] Aithníodh an tábhacht atá le cuimsiú leictreonach a chur chun cinn mar mhórchuspóir Eorpach. Iarradh ar an gCoimisiún agus ar na hairí, go háirithe, cuimsiú leictreonach a chomhtháthú mar ghné úr de bheartais shóisialta. Ba chóir do bheartais cuimsithe leictreonaigh aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann ar rochtain leictreonach, na bearnaí maidir le cumas digiteach a dhúnadh agus rannpháirtíocht éifeachtúil daoine atá ag titim siar sa tsochaí faisnéise a spreagadh.

    7. Ní mór na táscairí chun tagarmharcáil a dhéanamh ar fhorbairt na sochaí faisnéise mar a cuireadh in iúl iad i straitéisí polaitiúla an Chomhphobail, amhail creatlach tagarmharcála i2010 de straitéis i2010 agus na forbairtí breise uirthi faoi straitéis Liospóin, a bheith bunaithe ar fhaisnéis chomhtháite staidrimh.

    8. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 mar seo a leanas:

    9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteargal 3(1):

    "1. Beidh ar áireamh sa staidreamh atá le tiomsú faisnéis atá de dhíth chun straitéisí polaitiúla an Chomhphobail a thagarmharcáil maidir le forbairt an Spáis Eorpaigh Faisnéise, le nuálaíocht i gcúrsaí gnó agus leis an tSochaí Faisnéise Eorpach, amhail creatlach tagarmharcála i2010 agus forbairtí uirthi faoi straitéis Liospóin, agus beidh siad úsáideach ag na táscairí struchtúracha, agus faisnéis eile atá riachtanach chun bonn aonfhoirmeach a sholáthar ar a ndéanfar anailís ar an tsochaí faisnéise.”

    10. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteargal 6(1):

    "1. Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí atá de dhíth ar an Rialachán seo agus na bearta cur chun feidhme a ghabhann leis, lena n-áirítear sonraí rúnda, chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na forálacha Comphobail atá ann cheana maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta staidrimh. Beidh feidhm ag na forálacha Comphobail sin maidir le cóiriú na dtorthaí, a mhéid is atá sonraí rúnda ar áireamh iontu.”

    11. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteargal 7(2):

    "2. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na gnéithe measúnaithe cáilíochta seo a leanas maidir leis na sonraí arna dtarchur:

    12. ‘Ábharthacht’, a thagraíonn don mhéid a chomhlíonann staidreamh riachtanais reatha agus ionchais na n-úsáideoirí;

    13. ‘Cruinneas’, a thagraíonn do chóngaracht na meastachán do na fíorluachanna neamhaithnid;

    14. ‘Tráthúlacht’, a thagraíonn don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an cás nó an feiniméan a gcuireann sí síos air;

    15. ‘Poncúlacht’, a thagraíonn don aga moille idir dáta eisithe na sonraí agus an spriocdháta ar ar chóir iad a bheith seachadta;

    16. ‘Inrochtaineacht’ agus ‘Soiléire’, a thagraíonn do na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe trínar féidir le húsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a thuiscint;

    17. ‘Comparáideacht’, a thagraíonn do thomhas thionchar na ndifríochtaí idir coincheapa staidrimh agus uirlisí agus nósanna imeachta tomhais a chuirtear i bhfeidhm nuair a chuirtear staidreamh i gcomparáid de réir limistéar tíreolaíochta, réimsí earnála nó thar thréimhse ama;

    18. ‘Comhtháiteacht’, a thagraíonn don acmhainneacht atá sa staidreamh bheith comhcheangailte go hiontaofa ar dhóigheanna difriúla agus le haghaidh úsáidí difriúla.

    Agus na gnéithe measúnaithe cáilíochta á gcur i bhfeidhm, forbróidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, critéir mhionsonraithe measúnaithe cáilíochta agus caighdeáin chomhchoiteanna a cheapfar chun cáilíocht na sonraí a chuirtear ar fáil a áirithiú. Foilseofar na caighdeáin seo sa lámhleabhar modheolaíochta.”

    19. Cuirtear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní I agus II.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    “IARSCRÍBHINN I

    MODÚL 1: GNÓTHAIS AGUS AN t SOCHAÍ FAISNÉISE

    20. Aidhmeanna

    Is é is aidhm don mhodúl seo staidreamh a sholáthar go tráthúil i ndáil le gnóthais agus an tsochaí faisnéise. Cuireann sé creatlach ar fáil le haghaidh na gceanglas a bhaineann leis an méid atá clúdaithe agus tréimhsiúlacht, na hábhair atá clúdaithe, miondealú ar sholáthar sonraí, an cineál soláthair sonraí agus aon staidéir phíolótacha atá riachtanach.

    21. An méid atá clúdaithe

    Clúdaíonn an modúl seo gníomhaíochtaí gnó faoi Ranna C go N agus R agus Rannán 95 den aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE REV. 2).

    Tiomsófar staidreamh le haghaidh gach brainse gníomhaíochta.

    22. Tréimhsiúlacht maidir le soláthar sonraí

    Cuirfear sonraí ar fáil go bliantúil i ndiaidh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ní amhlaidh go gcuirfear gach saintréith ar fáil gach bliain; saineofar agus aontófar tréimhsiúlacht an tsoláthair le haghaidh gach saintréithe faoi seach mar chuid de na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8.

    23. Na hábhair atá clúdaithe

    Bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe is cóir a sholáthar:

    - córais TFC agus an chaoi a n-úsáidtear iad i ngnóthais,

    - úsáid an idirlín agus gréasán eile leictreonach i ngnóthais,

    - ríomhthráchtáil,

    - próisis ríomhghnó agus gnéithe eagraíochtúla,

    - úsáid TFC ag gnóthais le faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus riaracháin phoiblí (ríomhsheirbhísí rialtais),

    - cumas TFC sa bhrainse gníomhaíochta agus an gá le scileanna TFC,

    - bacainní ar úsáid TFC, an t-idirlíon agus gréasáin eile leictreonacha, ríomhthráchtáil agus próisis ríomhghnó,

    - caiteachas ar TFC agus infheistíocht in TFC,

    - slándáil agus iontaofacht TFC,

    - TFC agus forbairt inbhuanaithe,

    - tionchar TFC ar tháirgeacht, fás eacnamaíoch, fostaíocht, eagrú gnó agus ar an gcomhshaol,

    - úsáid TFC chun comhtháthú eacnamaíoch idirnáisiúnta agus náisiúnta a éascú,

    - rochtain ar an idirlíon agus ar theicneolaíochtaí eile gréasáin agus a n-úsáid chun rudaí nithiúla agus gléasanna a cheangal (idirlíon na rudaí nithiúla),

    - rochtain ar theicneolaíochtaí agus úsáid teicneolaíochtaí a chuireann an cumas ar fáil nasc a dhéanamh leis an idirlíon nó le gréasáin eile ó áit ar bith ar domhan in am ar bith (nascacht uileláithreach)

    Ní amhlaidh go gclúdófar gach ábhar gach bliain.

    24. Miondealú ar sholáthar sonraí

    Ní amhlaidh go gcuirfear gach miondealú ar fáil gach bliain; bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na miondealuithe agus aontófar orthu mar chuid de na bearta cur chun feidhme:

    - de réir aicme méide,

    - de réir cheannteidil NACE,

    - de réir réigiúin: beidh teorainn nach mó ná trí ghrúpáil aonad le miondealuithe de réir réigiúin.

    - An cineál soláthair sonraí

    Is amhlaidh go dtarchuirfidh na Ballstáit sonraí comhiomlána chuig an gCoimisiún (Eurostat).

    25. Staidéir phíolótacha

    Nuair a shainaithnítear ceanglais nua suntasacha sonraí, bítear ag dúil le caighdeán neamhleor sonraí nó le táscairí nua de nádúr níos casta; tionscnóidh an Coimisiún staidéir phíolótacha nó bearta tástála a bheidh le críochnú ar bhonn deonach ag na Ballstáit sula mbaileofar sonraí ar bith. Measfaidh na staidéir phíolótacha seo féidearthacht an bhailithe chuí sonraí, ag glacadh san áireamh na buntáistí a bhaineann le hinfhaighteacht na sonraí maidir leis an gcostas bailiúcháin agus an ualach ar fhreagróirí. Cuirfidh torthaí na staidéar píolótach nó na mbeart tástála le sainmhíniú na dtáscairí nua.

    IARSCRÍBHINN II

    MODÚL 2: DAOINE AONAIR, TEAGHLAIGH AGUS AN t SOCHAÍ FAISNÉISE

    26. Aidhmeanna

    Is é is aidhm don mhodúl seo staidreamh a sholáthar go tráthúil i ndáil le daoine aonair, teaghlaigh agus an tsochaí faisnéise. Cuireann sé creatlach ar fáil le haghaidh na gceanglas a bhaineann leis an méid atá clúdaithe agus tréimhsiúlacht, na hábhair atá clúdaithe, miondealú ar sholáthar sonraí, an cineál soláthair sonraí agus aon staidéir phíolótacha atá riachtanach.

    27. An méid atá clúdaithe

    Clúdaíonn an modúl seo staidreamh i ndáil le daoine aonair agus teaghlaigh.

    28. Tréimhsiúlacht maidir le soláthar sonraí

    Cuirfear sonraí ar fáil go bliantúil i ndiaidh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ní amhlaidh go gcuirfear gach saintréith ar fáil gach bliain; saineofar agus aontófar tréimhsiúlacht an tsoláthair le haghaidh gach saintréithe faoi seach mar chuid de na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8.

    29. Na hábhair atá clúdaithe

    Bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe is cóir a sholáthar:

    - rochtain ar TFC agus úsáid TFC ag daoine aonair agus/nó ag teaghlaigh,

    - úsáid an idirlín agus gréasán eile leictreonach le haghaidh cuspóirí difriúla ag daoine aonair agus/nó ag teaghlaigh,

    - slándáil agus iontaofacht TFC,

    - cumas agus scileanna TFC,

    - bacainní ar úsáid TFC agus an idirlín,

    - iarmhairtí a bhraitear mar gheall ar úsáid TFC do dhaoine aonair agus/nó do theaghlaigh,

    - úsáid TFC ag daoine aonair le faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus riaracháin phoiblí (ríomhsheirbhísí rialtais),

    - rochtain ar theicneolaíochtaí agus úsáid teicneolaíochtaí a chuireann an cumas ar fáil nasc a dhéanamh leis an idirlíon nó le gréasáin eile ó áit ar bith ar domhan in am ar bith (nascacht uileláithreach)

    Ní amhlaidh go gclúdófar gach ábhar gach bliain.

    30. Saintréithe cúlra socheacnamaíoch maidir le soláthar sonraí

    Ní amhlaidh go gcuirfear gach saintréith chúlra ar fáil gach bliain; bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe cúlra agus aontófar orthu mar chuid de na bearta cur chun feidhme:

    31. i gcás staidreamh a chuirtear ar fáil maidir le teaghlaigh:

    32. de réir cinéail teaghlaigh,

    33. de réir grúpa ioncaim,

    34. de réir réigiúin.

    35. i gcás staidreamh a chuirtear ar fáil maidir le daoine aonair:

    36. de réir aoisghrúpa,

    37. de réir inscne,

    38. de réir leibhéal oideachais,

    39. de réir stádais fostaíochta,

    40. de réir stádais pósta de facto,

    41. de réir thír a mbreithe, saoránachta,

    42. de réir réigiúin.

    43. An cineál soláthair sonraí

    Is amhlaidh go dtarchuirfidh na Ballstáit taifid sonraí aonair, taifid nach gceadóidh go n-aithneofar go díreach na haonaid staidrimh i gceist, chuig an gCoimisiún (Eurostat).

    44. Staidéir phíolótacha

    Nuair a shainaithnítear ceanglais nua suntasacha sonraí, bítear ag dúil le caighdeán neamhleor sonraí nó le táscairí nua de nádúr níos casta; tionscnóidh an Coimisiún staidéir phíolótacha nó bearta tástála a bheidh le críochnú ar bhonn deonach ag na Ballstáit sula mbaileofar sonraí ar bith. Measfaidh na staidéir phíolótacha seo féidearthacht an bhailithe chuí sonraí, ag glacadh san áireamh na buntáistí a bhaineann le hinfhaighteacht na sonraí maidir leis an gcostas bailiúcháin agus an ualach ar fhreagróirí. Cuirfidh torthaí na staidéar píolótach nó na mbeart tástála le sainmhíniú na dtáscairí nua.”

    [1] COIM(2005) 229 leagan deireanach

    [2] http://ec.europa.eu/information_society/eeurope/i2010/benchmarking/index_en.htm

    [3] IO L 143, 30.4.2004, lch. 49

    [4] COIM(2007) 433 leagan deireanach

    [5] COIM(2006) 689 leagan deireanach

    [6] COIM(2006) 693 leagan deireanach

    [7] COIM(2007) 23 leagan deireanach

    [8] IO L 178, 17.7.2000, lch. 1. Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir um thráchtáil leictreonach)

    [9] COIM(2007) 61 leagan deireanach

    [10] COIM(2008) 35 leagan deireanach: Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin an 30 Eanáir 2008 “Ag laghdú ualaí riaracháin san Aontas Eorpach 2007 - tuarascáil ar dhul chun cinn agus barúlacha faoi 2008”

    [11] IO C , , lch. .

    [12] IO L 181, 28.6.1989, lch. 47

    [13] IO C , , lch. .

    [14] IO L 143, 30.4.2004, lch. 49. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE Uimh. 1893/2006 (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1)

    [15] IO L 310, 9.11.2006, lch. 15

    [16] COIM(2007) 694 leagan deireanach.

    Top