Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0370

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE i dtaca le comhsheasamh na Comhairle chun Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a ghlacadh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    /* COIM/2008/0370 leagan deireanach - COD 2005/0237 */

    52008PC0370

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE i dtaca le comhsheasamh na Comhairle chun Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a ghlacadh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) /* COIM/2008/0370 leagan deireanach - COD 2005/0237 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil11.6.2008

    COIM(2008) 370 leagan deireanach

    2005/0237 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE i dtaca le

    comhsheasamh na Comhairle chun Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a ghlacadh

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    2005/0237 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE i dtaca le

    comhsheasamh na Comhairle chun Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a ghlacadh

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    CÚLRA

    An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2005) 587 críochnaitheach – 2005/0237COD): | 30 Eanáir 2006 |

    Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 13 M. Fómhair 2006 |

    Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún: | 15 Meitheamh 2006 |

    Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 25 Aibreán 2007 |

    An dáta ar glacadh an comhsheasamh: | 6 Meitheamh 2008 |

    CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

    Tá sé d'aidhm ag an togra an córas reatha a athchóiriú chun aitheantas Comhphobail a dheonú ar eagraíochtaí ar chuir na Ballstáit de chúram orthu sábháilteacht loinge a iniúchadh agus a dheimhniú, faoi na coinbhinsiúin idirnáisiúnta (cumainn aicmiúcháin), córas a bunaíodh le Treoir 94/57/CE (IO L 319, 12.12.1994, lch. 20). Úsáidtear an teicníocht athmhúnlaithe le haghaidh an ceathrú uasdátú seo ar an Treoir.

    Go sonrach, is é is aidhm don togra athmhúnlaithe:

    1. na córais chun monatóireacht a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta a neartú trí chomhlacht comhchoiteann ach neamhspleách a bhunú chun a gcórais bainistíochta cáilíochta a dheimhniú.

    2. an córas déach reatha gnáthaitheantais agus aitheantais theoranta a chomhchuibhiú, a chiallódh go ndeonófaí aitheantas anseo feasta ar bhonn na cáilíochta seirbhíse agus na feidhmíochta a chuireann na heagraíochtaí lena mbaineann i gcrích, agus gan méid a leithéidí d'eagraíochtaí a úsáid mar thoisc níos mó.

    3. struchtúr chritéir aitheantais an Chomhphobail a shimpliú agus a fheabhsú, trí iad a dhéanamh níos déine.

    4. an córas pionós a athchóiriú, nach bhforálann faoi láthair ach amháin aitheantas a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Is é is aidhm don togra córas pionós airgid níos tomhaiste agus níos éifeachtúla a bhunú, lena gcoimeádtar an fhéidearthacht an t-aitheantas a tharraingt siar sna cásanna is tromchúisí.

    5. aitheantas frithpháirteach a thabhairt isteach do dheimhnithe aicmiúcháin idir eagraíochtaí aitheanta, deimhnithe comhréireachta le rialacha teicniúla na n-eagraíochtaí féin), go háirithe le haghaidh deimhnithe a bhfuil feidhm acu maidir le trealamh muirí agus a eisítear ar bhonn caighdeán teicniúil comhionann.

    6. raon feidhme a shoiléiriú agus cur i bhfeidhm a éascú i gcás forálacha áirithe den Treoir.

    TRÁCHTAÍ MAIDIR LEIS AN g COMHSHEASAMH

    An togra a scoilteadh i ndréacht-Treoir agus i ndréacht-Rialachán

    Tá an Chomhairle tar éis an togra a scoilteadh i ndréacht-Treoir agus i ndréacht-Rialachán chun a áirithiú go bhfuil an córas iontaofa go dleathach, go háirithe toisc go mbaineann sé le hoibleagáidí a cheangal ar eagraíochtaí aitheanta agus le córas pionós airgid a bhunú.

    Tugann an Coimisiún faoi deara go ndíríonn an dréacht-Treoir ar an gcaidreamh idir na Ballstáit agus na heagraíochtaí aitheanta a ndéanann siad cigireacht agus deimhniú loinge a tharmligean chucu faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta, cé go ndéileálann an dréacht-Rialachán leis an gcóras aitheantais ina iomláine (lena n-áirítear aitheantas a dheonú, na critéir aitheantais, oibleagáidí na n-eagraíochtaí aitheanta i leith tuairisciú agus comhoibriú, measúnú tréimhsiúil na n-eagraíochtaí aitheanta, ceartú na n-easnamh agus, ar deireadh, aitheantas a tharraingt siar).

    Glacann an Coimisiún leis an deighilt sa mhéid is (a) go bhfanfaidh sé mar nós imeachta foirmeálta agus, cé is moite de na leasuithe téacs is gá, go n-urramaítear go hiomlán substaint an togra; agus (b) go gcuideoidh sé le deimhneacht dhlíthiúil níos mó a chruthú le haghaidh na n-eagraíochtaí lena mbaineann.

    An dréacht-Treoir

    Measann an Coimisiún go bhfuil leasuithe na Comhairle ar na haithrisí ar comhréir leis na leasuithe ar an gcuid reachtach den téacs.

    Leasuithe ar an gcuid reachtach den téacs:

    - Tá na leasuithe ar Airteagal 6 agus Airteagal 7 ar comhréir le nós imeachta coiste rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach faoi Chinneadh 2006/512/CE ón gComhairle[1].

    - Tá an Chomhairle tar éis clásal cosanta a bhaint d'Airteagal 8(1), a bhaineann le nár chuir an Coimisiún togra ar aghaidh ina leith. Tá an Coimisiún den tuairim, áfach, gur ceart é a mheas mar ábhar teicniúil, a bhaineann le sásra a tugadh ar aghaidh ó leaganacha tosaigh na Treorach ach nach bhfuil infheidhme níos mó a bhaint. Ní luíonn an sásra atá i gceist, ar ndóigh, leis na cumhachtaí measúnaithe agus smachtbhannaí a bhronntar ar an gCoimisiún trí leasuithe leanúnacha. Is féidir leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, tacú leis an leasú seo, nach ndéanann dochar dá cheart tionscnaimh.

    - D'athdhearbhaigh an Coimisiún a sheasamh maidir le Ballstáit bheith ag tarraingt suas táblaí comhréireachta idir bearta trasuímh Ballstát agus forálacha na Treorach, ar mhaithe le saoránaigh, rialáil níos fearr agus trédhearcacht. In ainneoin gur baineadh an ceanglas seo d'Airteagal 14, níor chuir an Coimisiún i gcoinne chomhaontú na Comhairle d'fhonn an nós imeachta idirinstitiúideach a thabhairt chun críche. Mar sin féin, tá sé ag súil go ndéanfaidh na hinstitiúidí an t-ábhar cothrománach seo a mheas go comhpháirteach.

    Ionchorpraíonn an téacs atá leasaithe amhlaidh Leasuithe 3, 5, 7, 9, 13, 29, 34, 35 go 37 agus 51 ó Pharlaimint na hEorpa, ar ghlac an Coimisiún leo. Maidir le leasuithe 1, 4 agus 8, ar athruithe dréachtaithe iad, agus ar glacadh leo, i bprionsabal, níor ionchorpraíodh iad. Mar sin féin, léirítear an prionsabal atá taobh thiar den chéad dhá leasú i gcritéar B(6)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréacht-Rialachán, agus a mheasann an Coimisiún a bheith i gceart.

    Measann an Coimisiún nach bhfuil sna leasuithe eile a rinne an Chomhairle ar chuid reachtach an téacs ach mionathruithe agus/nó athruithe dréachtaithe nó teicniúla. Dá bhrí sin, tá siad inghlactha.

    An dréacht-Rialachán

    Measann an Coimisiún go bhfuil leasuithe na Comhairle ar na haithrisí ar comhréir leis na leasuithe ar an gcuid reachtach den téacs, cé is moite d'Aithrisí 1a agus 28a, a dtabharfadh an Coimisiún na barúlacha seo a leanas orthu:

    - Ní aontaíonn an Coimisiún leis an Aithris nua 1a, ina ndearbhaítear nach foláir an Rialachán a léiriú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Tá an Coimisiún den tuairim (a) go bhfuil an dréacht-Rialachán ar comhréir go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta agus (b) go dtig léiriú dhlí an Chomhphobail go heisiach laistigh de dhlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, nach féidir leis an reachtas srianta a forchur air.

    - Is féidir leis an gCoimsiún glacadh leis an Aithris nua 28a, mar go léiríonn sé gur gá a leagan síos nach mór d'eagraíochtaí aitheanta foireann chuimsitheach rialacha teicniúla a bheith acu agus iad a bheith comhchuibhithe. Mar sin féin, agus eagraíochtaí aitheanta agus eagraíochtaí atá ag iarraidh aitheantais á measúnú aige, leanfaidh an Coimisiún de chomhlíonadh iomlán an dá oibleagáid seo a éileamh.

    Leasuithe ar an gcuid reachtach den téacs:

    - Dearbhaíonn an leagan nua d'Airteagal 4(1) go sainráite an méid a bhí intuigthe i dtogra an Choimisiúin, i.e. nach bhféadfar aitheantas a thabhairt ach amháin d'eagraíochtaí a chomhallann na critéir aitheantais.

    - Leis an leasú ar Airteagal 4(4) is féidir cur chuige níos solúbtha a ghlacadh maidir le haitheantas a theorannú ach fanann aon teorannú dá leithéid ar leibhéal cáilíochtúil amháin. Ag an am céanna, tá an Coimisiún faoi oibleagáid na cúiseanna leis an teorannú seo agus na coinníollacha ar faoina réir a fhéadfar í a fhoirceannadh a shonrú, a chuireann le cosaint chearta agus leasanna na h-eagraíochta lena mbaineann.

    - In Airteagal 5, agus na spriocdhátaí le haghaidh gnímh cheartaithigh á n-áireamh ann cuirtear leis an mbrú atá ar an eagraíocht aitheanta i gceist chomh luath agus a bhraitear na heasnaimh.

    - Ciallóidh leasú na Comhairle ar Airteagal 6 go seolfar nós imeachta Coiste Comhairliúcháin ar dtús sula ngearrfaidh an Coimisiún pionóis ar eagraíocht aitheanta mainneachtana. Go ginearálta, measann an Coimisiún nach bhfuil an nós imeachta coiste ró-ábhartha i gcinntí den sórt seo, ach aithníonn sé go bhféadfadh a leithéidí de chinntí tionchar a imirt ar an gcaidreamh idir na Ballstáit agus na heagraíochtaí atá i gceist, ar an ábhar gur ceapadh aitheantas Comhphobail sa deireadh thiar chun a cheadú do Bhallstáit cigireacht agus deimhniú a tharmligean faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta. Glacann an Coimisiún mar sin leis an réiteach a chuireann an Chomhairle ar aghaidh, réiteach a cheadaíonn do na Ballstáit a dtuairim a chur in iúl maidir leis na sáruithe a bhraitear agus na pionóis a ghearrtar, agus ag an am céanna, a eisíonn an fhéidearthacht go mbeidh neamhrialtachtaí polaitiúla sa nós imeachta. Thairis sin, mheas an Chomhairle é bheith riachtanach uasteorainn na bhfineálacha a fhéadtar a ghearradh a ríomh ar bhonn a láimhdeachais i rith na dtrí bliana airgeadais roimhe sin, rud atá cóir de réir dealraimh. Ar deireadh, agus dlínse iomlán ar fhineálacha á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais, neartaítear na ráthaíochtaí nós imeachta agus cosaint chearta an chosantóra.

    - Maidir le forais chun aitheantas a tharraingt siar, tá an Chomhairle tar éis an cúigiú cás a chur leo, a ceapadh, go háirithe, chun cosc a chur le húsáid fóirdheontas poiblí nó príobháideach chun pionóis a gearradh ar eagraíocht aitheanta a íoc. Tacaíonn an Coimisiún go hiomlán leis an togra seo mar, dá dtarlódh a leithéid, chaillfeadh an córas a éifeacht choisctheach.

    - Ní athraíonn an fhoclaíocht nua a chuir an Chomhairle ar aghaidh le haghaidh Airteagal 9 substaint thogra tosaigh an Choimisiúin, agus ráthaítear go hiomlán fós rochtain ar dhoiciméid agus soithigh chun críche eagraíochtaí aitheanta a mheasúnú.

    - Rinneadh feabhsuithe suntasacha ar Airteagal 10 maidir le haitheantas frithpháirteach do dheimhnithe aicmiúcháin, a bheidh uathoibreach anseo feasta i gcás an trealaimh go léir atá folaithe i dTreoir 96/98/CE maidir le trealamh muirí[2]. Leagann an Chomhairle síos nach mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach ach le trealamh, ábhair agus comhpháirteanna amháin, ag dearbhú amhlaidh go sainráite an méid a bhí intuigthe sa togra bunaidh. Tá an Chomhairle tar éis dhá shásra nua a thabhairt isteach. Ar an gcéad dul síos, ceanglaítear ar eagraíochtaí aitheanta a gcúiseanna a dhearbhú sa chás nár chuir siad an t-aitheantas frithpháirteach chun feidhme, cé go bhfuil sé seo inghlactha ach ar chúiseanna sábháilteachta amháin. Ar an dara dul síos, le clásal cosanta ceadófar d'eagraíochtaí aitheanta diúltú trealamh sonrach a ionsúiteáil, neamh-chomhlíontach ar bord gan dochar a dhéanamh do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ar deireadh, fadaíodh ó thrí go cúig bliana an spriocdháta don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh, mar a shonraíonn Parlaimint na hEorpa i Leasú 53. I bhfianaise chastacht theicniúil an phróisis atá le gabháil de láimh ag na heagraíochtaí aitheanta, measann an Coimisiún chomh maith go bhfuil sé seo iomchuí.

    - Fáiltíonn an Coimisiún roimh an tslí ina gcoimeádann an comhsheasamh an oibleagáid le haghaidh eagraíochtaí aitheanta córas neamhspleách comhpháirteach a bhunú chun a gcórais bhainistíochta cáilíochta a dheimhniú. Dá réir sin, ionchorpraíonn Airteagal 11 eochair-eilimintí thogra bunaidh an Choimisiúin ar an ábhar, lena bhfágtar cur chun feidhme an chórais go hiomlán i lámha na n-eagraíochtaí aitheanta, i.e. gan aon bhaint ag na Ballstáit ná an Coimisiún leis. Theastaigh ón bParlaimint go mbeadh baint ag na Ballstáit leis seo, rud ar ghlac an Coimisiún leis i bprionsabal. Mar sin féin, ní foláir cúl a thabhairt don smaoineamh seo d'fhonn cód idirnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh eagraíochtaí aitheanta, lena n-áireofar sásra láidir le haghaidh deimhniú neamhspleách (féach thíos).

    - Trí bhíthin an nós imeachta coiste, tá an Chomhairle tar éis a chur ar chumas an Choimisiúin teicníochtaí a leagan síos maidir leis na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn a léiriú agus a chur i bhfeidhm. De bharr nadúir thar a bheith ginearálta a bhaith ag cuid de na critéir go hócáideach, amhail na hacmhainní a cheanglaítear ar na heagraíochtaí aitheanta a bheith acu, is féidir leis seo rannchuidiú lena gcur chun feidhme éifeachtúil agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do gach duine lena mbaineann.

    Ionchorpraíonn an téacs atá leasaithe amhlaidh, go hiomlán nó go páirteach, Leasuithe 6, 12, 15, 17, 18, 25, 38 go 44, 50, 52 go 56, 59 go 61, 66 agus 68, ar ghlac an Coimisiún leo. Rinneadh Leasuithe 18, 26, 14 agus 69, ar ghlac an Coimisiún leo go páirteach nó i bprionsabal, a ionchorprú sa chomhsheasamh i bhfoirm a mheasann an Coimisiún a bheith sásúil. Níor ghlac an Coimisiún le Leasuithe 16, 62, 64, 65 agus 71 maidir le hainm an chomhlachta atá freagrach as córais cháilíochta na n-eagraíochtaí aitheanta a dheimhniú ach amháin i bprionsabal, mar go bhféadfaí an téarma "coiste" a mheascadh leis an nós imeachta coiste agus bheith ina ábhar mearbhaill. I dtuairim an Choimisiúin, is comhréiteach thar a bheith sásúil atá san ainm a roghnaigh an Chomhairle, i.e. "Córas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta".

    Cé is moite de na cinn atá leagtha amach thuas, measann an Coimisiún nach bhfuil sna leasuithe eile a rinne an Chomhairle ar chuid reachtach an téacs ach mionathruithe agus/nó athruithe dréachtaithe nó teicniúla. Da bhrí sin, tá siad inghlactha.

    Dearbhú Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiúin maidir le cód a fhorbairt le haghaidh eagraíochtaí atá aitheanta ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO)

    Tá an Coimisiún agus an Chomhairle araon den tuairim go bhféadfaí an córas atá á fhorbairt faoi láthair ag an gComhphobal a bheith úsáideach mar mhúnla ar leibhéal idirnáisiúnta. Tá sé seo i gcomhréir le ceisteanna Pharlaimint na hEorpa maidir leis an ngá le comhordú idir córas an Chomhphobail agus an córas idirnáisiúnta. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ullamh chun iarrraidh ar an IMO cód a tharraingt suas lena ráthófar go n-oibreoidh cumainn aicmiúcháin ar ardleibhéal cáilíochta ar fud an domhain. Mar sin tá an Chomhairle agus an Coimisiún tar éis dearbhú comhpháirteach a shíniú chuige sin, a ghabhann leis an Teachtaireacht seo mar Iarscríbhinn.

    4. TÁTAIL

    Díríonn comhsheasamh na Comhairle go hiomlán ar na ceisteanna a spreag an Coimisiún chun a thogra a thíolacadh maidir le Treoir 94/57/CE a athmhúnlú agus coimeádann sé eochair-eilimintí na mbeart a mhol sé. Anois go bhfuil an ionstraim scoilte i ndréacht-Treoir agus i ndréacht-Rialachán, tá an chuid is mó de na bearta sin ionchorpraithe sa dréacht-Rialachán. Thairis sin, ionchorpraíonn an comhsheasamh na leasuithe sin go léir beagnach a thíolaic Parlaimint na hEorpa agus arbh fhéidir leis an gCoimisiún glacadh leo go hiomlán nó go páirteach.

    Tá an Coimisiún den tuairim mar sin gur bonn maith é an comhsheasamh a ghlac an Chomhairle d'aon toil chun teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh agus glacann sé leis, faoi réir na mbarúlacha agus na bhforchoimeádas atá leagtha amach thuas.

    IARSCRÍBHINN

    RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN

    "Measann an Chomhairle agus an Coimisiún gur ceart cuspóirí na Treorach seo maidir le sábháilteacht loinge a fheabhsú agus truailliú muirí a chosc, a shaothrú ar leibhéal idirnáisiúnta chomh maith. Dá bhrí sin, ba chóir do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus comhoibriú comhaltaí de chuid IMO eile á lorg acu, a mholadh don IMO Cód idirnáisiúnta d'eagraíochtaí aitheanta a fhorbairt.

    Ag tógáil ar na prionsabail sa Treoir seo, ba chóir go n-áireofaí sa Chód, mar is iomchuí,

    (a) na ceanglais shainordaitheacha atá le comhlíonadh ag eagraíochtaí aitheanta maidir le hobair reachtúil. Áirítear anseo inter alia an méid seo a leanas: ceanglais ghinearálta amhail neamhspleáchas, neamhchlaontacht, ionracas, inniúlacht agus freagracht; ceanglais maidir le heagrúchán, bainistíocht agus acmhainní; ceanglais maidir leis an bpróiseas deimhnithe; ceanglais maidir le bainistíocht cáilíochta;

    agus

    (b) creat agus nósanna imeachta le haghaidh Córais Iniúchóireachta shainordaithigh chun a fhíorú go gcomhlíonann eagraíocht aitheanta na ceanglais dá dtagraítear in (a)."

    [1] IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

    [2] IO L 46, 17.2.1997, lch 25. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2002/84/CE (IO L 324, 29.11.2002, lch. 53).

    Top