Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0672

    Togra Leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) de Chonradh an CE)

    /* COIM/2007/0672 leagan deireanach - COD 2006/0143 */

    52007PC0672

    Togra Leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) de Chonradh an CE) /* COIM/2007/0672 leagan deireanach - COD 2006/0143 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil24.10.2007

    COIM(2007) 672 leagan deireanach

    2006/0143 (COD)

    Togra Leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) de Chonradh an CE)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. NÓS IMEACHTA

    1. Ar an 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blasáin bia [Doiciméad (COIM (2006)0423 críochnaitheach)] mar chuid de phacáiste ceithre thogra maidir le gníomhairí feabhsaithe bhia. Cuireadh an togra faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 28 Iúil 2006.

    2. Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 25 Aibreán 2007.

    3. D’aontaigh an Chomhairle ‘cur chuige ginearálta’ maidir leis an togra ag cruinniú EPSCO an 31 Bealtaine 2007.

    4. Thug Parlaimint na hEorpa tuairim dhearfach ar an togra ag an gcéad léamh an 10 Iúil 2007.

    5. Leasaíonn an togra reatha an togra bunaidh [COIM (2006)0423 – 2006/0143(COD)] chun leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo a chur san áireamh.

    Ghlac Parlaimint na hEorpa le 31 leasú i ndáil leis an togra bunaidh. Chuir Coimisinéir Kyprianou in iúl don chruinniú iomlánach ar an 9 Iúil 2007 go bhféadfadh an Coimisiún glacadh le formhór na leasuithe, go hiomlán nó i bpáirt, agus faoi réir iad a bheith athscríofa i bhfocail eile. Maidir leis na leasuithe a glacadh, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe seo a leanas: 14, 20, 31 agus 33.

    Tá na leasuithe sa togra athbhreithnithe i gcló trom agus tá líne fúthu . Athfhoirmíodh roinnt leasuithe chun a chinntiú go mbeadh comhchuibheas téarmaíochta sa togra.

    Rinneadh uimhriú na míreanna a oiriúnú laistigh d’Airteagail áirithe chun míreanna a cuireadh leis an togra ón gCoimisiún nó míreanna a scriosadh as a chur san áireamh.

    II. CUSPÓIRÍ AN TOGRA

    6. Mar chuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar reachtaíocht an Chomhphobail de réir an choincheapa "ón bhfeirm go dtí an bord" sa Pháipéar Bán ar Shábháilteacht Bia, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht reatha a bhaineann le breiseáin agus blastáin bia a nuashonrú agus a thabhairt chun críche agus forálacha sainiúla a leagan síos maidir le heinsímí. (Gníomhartha 11 agus 13 ón bPáipéar Bán).

    Is í aidhm an togra seo feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú, le cois leibhéal ard cosanta a chinntiú do shláinte an duine i ndáil le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia.

    Chun é sin a dhéanamh, tá sé d’aidhm aige nós imeachta comhchoiteann údaraithe a bhunú atá láraithe, éifeachtach, fóirsteanach agus trédhearcach, agus atá bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB) agus córas bainistíochta riosca ina ngníomhaíonn an Coimisiún laistigh de chreatlach nós imeachta coiste rialúcháin (coisteolaíocht). Bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha an UESB, cuireann sé cúram ar an gCoimisiún liosta dearfach ginearálta a chruthú, a chothabháil agus a nuashonrú do gach catagóir substaintí i gceist. Má áirítear substaint ar cheann amháin de na liostaí seo, ciallaíonn sé go n-údaraítear do na hoibreoirí uile sa Chomhphobal í a úsáid i gcoitinne.

    7. Tá an Rialachán molta maidir le nós imeachta comhchoiteann údaraithe ina chuid den phacáiste tograí maidir le ‘gníomhairí feabhsaithe bia’ a thagraíonn do na tograí maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin. Cuireann sé le clár simplithe an Choimisiúin agus déanann sé socrú do chomhchuibhiú agus cothaíonn sé comhchuibheas idir na trí réimse ghaolmhara.

    III. FORBHREATHNÚ AR NA LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    8. Leasuithe teicniúla/eagarthóireachta

    Tá sé d’aidhm ag formhór na leasuithe molta feabhas a chur ar an togra ó thaobh cúrsaí teicniúla agus eagarthóireachta de. Ghlac an Coimisiún le formhór na leasuithe sin, cé go ndearnadh leasú eagarthóireachta ar roinnt acu (Leasuithe i gceist: 1, 2, 3, 4, 5, 6, 8, 9, 10, 11, 12, 15, 19, 21, 23, 24, 25, 27, 28, 30, 32).

    Tá Leasú 23 inghlactha go substaintiúil. Mar sin féin, luaitear in Airteagal 11 cheana féin go bhfoilseoidh an tÚdarás a thuairimí gan mhoill; mar sin, ní cuí an fhoráil chéanna a athlua in Airteagal 5(2) ar chúiseanna an dréachtaithe dhlíthiúil.

    Cé gur leasú eagarthóireachta é leasú 31, ní féidir glacadh leis ar chúiseanna an dréachtaithe dhlíthiúil.

    9. Trédhearcacht

    Treisíonn leasuithe 9, 10, 19, 21, 27, 28 agus 32 an trédhearcacht agus na forálacha faisnéise a bhí mar phrionsabail bhunúsacha den togra ón gCoimisiún cheana féin.

    Ceanglaíonn leasú 20, áfach, go gcuirfí na comhaid iarratais uile ar fáil do pháirtithe leasmhara. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún liosta de na hiarratais uile ar údarú agus faisnéis faoin dul chun cinn a fhoilsiú, ach níl gnáthfhoilsiú na gcomhad iarratais iomlán inghlactha. Féadtar rochtain a thabhairt ar dhoiciméid i seilbh an Choimisiúin faoi fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain an phobail ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

    10. Cosaint sonraí ar feadh 5 bliana le húdaruithe leithleacha (Airteagal 2 agus Airteagal 12)

    Déanann an togra foráil do chóras de liostaí dearfacha breiseán bia, einsímí bia agus blastán. Má chuimsítear substaint ar cheann amháin de na liostaí seo, ciallaíonn sé go go n-údaraítear do na hoibreoirí uile sa Chomhphobal í a úsáid i gcoitinne. Is é seo an cor reatha maidir le breiseáin bia.

    Déanann leasuithe 14 agus 33 foráil do thréimhse 5 bliana de chosaint sonraí agus, mar thoradh air sin, déanann siad foráil d’údarú fabhrach na substainte le linn na tréimhse sin don chuideachta a chuir na sonraí ar fáil. Dhéanfadh foráil den sórt sin athrú suntasach ar an gcóras reatha do bhreiseáin bia, ar córas é atá i bhfeidhm le fada agus a nglactar leis go ginearálta go hidirnáisiúnta. Bheadh dúbailt cur chuige rialúcháin (údarú leithleach ar feadh 5 bliana agus údarú ginearálta ina dhiaidh sin), córais rialaithe níos casta agus nósanna imeachta riaracháin méadaithe mar thoradh air freisin. Mar sin, nílan cur chuige seo i gcomhréir leis an gcuspóir an creat rialúcháin a shimpliú. Ar deireadh, d’fhéadfadh córas a thugann cearta eisiacha d’oibreoirí leithleacha bac a chur ar shaorghluaiseacht táirgí atá sábháilte agus a chomhlíonann critéir na reachtaíochta sonraí, rud nach luíonn le cuspóirí bearta arna dhéanamh faoi Airteagal 95 de Chonradh an CE. Mar sin, níor cuimsíodh na leasuithe sin sa togra leasaithe.

    11. Teorainneacha ama (Airteagal 5(1) agus Airteagal 7(1))

    Méadaíonn leasú 22 an méid ama atá ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) lena thuairim a thabhairt ó sé mhí go dtí naoi mí. Glactar leis sin sa togra leasaithe.

    Ar an taobh eile de, laghdaíonn leasú 37 an méid ama atá ag an gCoimisiún le dréacht-bheart a thíolacadh don Bhuanchoiste ó naoi mí go dtí sé mhí. Tá cásanna ann, go háirithe cásanna a bhaineann le breiseáin bia, nuair nach leor tréimhse sé mhí don Choimisiún le beart a thíolacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis an ngá teicneolaíoch, leis an tairbhe don tomhaltóir, leis an bpoitéinseal an tomhaltóir a chur amú agus maidir le toisc ábhartha eile. Ní féidir an cineál seo comhairliúcháin a dhéanamh, ar comhairliúchán é a chuireann dearcadh na bpáirtithe leasmhara san áireamh nuair atá tograí á ndréachtú, ach amháin i gcás ina mbeidh fuílleach ama ann dó. Mar sin, níl an chuid seo de leasú 37 sa togra leasaithe.

    12. Coisteolaíocht (Airteagal 7 agus Airteagal 14)

    Rinne an togra ón gCoimisiún tagairt don ghnáthnós imeachta rialúcháin toisc gur glacadh é thart ar an tráth céanna a glacadh Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle, ag leasú Cinneadh 1999/468/CE, ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. Mar sin, ba chóir an togra a leasú chun an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chur san áireamh.

    Tacaíonn leasuithe 34, 35, 36 agus 37 le coisteolaíocht chun liostaí na mbreiseán bia, na n-einsímí bia agus na mblastán a nuashonrú, agus ailíníonn siad téacs an togra le forálacha an nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú. Cuirtear fáilte roimh na leasuithe sin, agus glactar leo i bprionsabal faoi réir roinnt athruithe eagarthóireachta. Go háirithe, cé go nglactar le leasú 36 i bprionsabal, ní chuirtear san áireamh i dtéacs Airteagal 2(1) é toisc go bhfuil sé clúdaithe cheana féin ag an leasú a tugadh isteach in Airteagal 7. Chomh maith leis sin, tugtar isteach caoi nós imeachta éigeandála a úsáid chun substaintí a bhaint den liosta Coimisiúin agus chun sonraíochtaí nó srianta úsáide a chur leis, a bhaint nó a athrú i gcás ina bhfuil riosca ar leith ann do shláinte an duine.

    13. De bhun Airteagal 250(2) de Chonradh an CE, leasaíonn an Coimisiún a thograí de réir mar a leagtar amach thuas.

    2006/0143 (COD)

    Togra Leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

    Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

    (2) Ba chóir go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus don chomhshaol nuair a bhíonn beartais an Chomhphobail á saothrú.

    (3) Chun sláinte an duine a chosaint, ní mór sábháilteacht breiseán, einsímí agus blastán a úsáidfear in earraí biadon duine a mheasúnú sula gcuirtear ar mhargadh an Chomhphobail iad.

    (4) Maidir le Rialachán (CE) Uimh. XXX/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an …maidir le breiseáin bia[3], Rialachán (CE) Uimh. YYY/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia[4] agus Rialachán (CE) Uimh. ZZZ/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le blastáin bia agus comhábhair áirithe bia le hairíonna blastáin[5], leagann siad amach critéir agus ceanglais chomhchuibhithe síos i ndáil le measúnú agus údarú na substaintí sin.

    (5) Beartaítear, go háirithe, nach féidir breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia, sa mhéid go gcaithfear measúnú a dhéanamh ar a sábháilteacht i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. ZZZ/2006, a chur ar an margadh nó a úsáid in earraí bia don duine, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ngach dlí earnálach bia, mura bhfuil siad áirithe ar an liosta Comhphobail.

    (6) Tá trédhearcacht maidir le táirgeadh agus láimhseáil bia ríthábhachtach chun muinín tomhaltóirí a ghnóthú.

    (7) Sa chomhthéacs seo, is cosúil gur cuí nós imeachta comhchoiteann measúnaithe agus údaraithe a bhunú dona trí chatagóir substaintí sin , nós imeachta atá éifeachtach, a bhfuil teorainn ama leis agus atá trédhearcach, chun cabhrú lena saorghluaiseacht laistigh de mhargadh an Chomhphobail.

    (8) Caithfidh an nós imeachta comhchoiteann sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an dea-riaracháin agus na deimhneachta dlíthiúla, agus caithfear é a chur chun feidhme de réir na bprionsabal sin.

    (9) Mar sin, déanfaidh an Rialachán seo an chreatlach rialúcháin a bhaineann le húdarú na substaintí a thabhairt chun críche trí chéimeanna éagsúla an nós imeachta, na teorainneacha ama a bhaineann leis na céimeanna sin, ról na bpáirtithe atá i gceist agus na prionsabail is infheidhme a leagan síos. Ina ainneoin sin, is gá saintréithe gach dlí earnálaigh bhia a chur san áireamh do ghnéithe áirithe den nós imeachta.

    (10) I gcomhréir leis an gcreat measúnaithe riosca in ábhair sábháilteachta bia a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bhia, lena mbunaítear Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia[6], níor cheart údarú a thabhairt substaintí a chur ar an margadh ach amháin i ndiaidh measúnú eolaíoch neamhspleách den chaighdeán is airde a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leo do shláinte an duine.. I ndiaidh an mheasúnaithe, a chaithfear a dhéanamh faoi fhreagracht Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa (dá ngairtear "an tÚdarás" anseo feasta), caithfidh an Coimisiún cinneadh riosca bainistíochta a dhéanamh faoi nós imeachta rialúcháin a áirithíonn dlúth-chomhoibriú idir an Coimisiún agus na Ballstáit..

    (11) Ba chóir go gcomhlíonfaí na critéir údaraithe atá leagtha síos i Rialacháin (CE) Uimh. XXX/2006, (CE) Uimh. YYY/2006 agus (CE) Uimh. ZZZ/2006 chun údarú a fháil de bhun an Rialacháin seo.

    (12) Aithnítear nach féidir le measúnú eolaíoch riosca amháin an fhaisnéis uile ar chóir cinneadh bainistíochta riosca a bhunú uirthi a sholáthar roinnt cásanna , agus gur féidir go gcaithfear aird a thabhairt ar thosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá faoi bhreithniú.

    (13) Chun oibreoirí gnó sna hearnálacha i gceist agus an pobal araon a choinneáil ar an eolas faoi na húdaruithe atá i bhfeidhm, ba chóir na substaintí údaraithe a chur ar liosta Comhphobail arna chruthú, arna chothabháil agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún.

    ( 14 ) Maidir le líonrú idir an tÚdarás agus eagraíochtaí na mBallstát atá ag feidhmiú sna réimsí faoi réim mhisean an Údaráis, is ceann de phrionsabail bhunúsacha fheidhmiú an Údaráis é. Dá réir sin, nuair a bheidh a thuairim á hullmhú aigeféadfaidh an tÚdarás leas a bhaint as an líonra atá curtha ar fáil dó le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus le Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ina leagtar amach rialacha mionsonracha cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir leis an líonra eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia[7].

    ( 15 ) Ní mór don nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir leis na substaintí ceanglais trédhearcachta agus faisnéise poiblí a chomhlíonadhagus ceart na n-iarratasóirí rúndacht faisnéiseáirithe a chaomhnú a rathú, i gcásanna ina bhfuil call cuí leis agus ar chúiseanna sonraithe chun staid iomaíochta an iarrthóra a chosaint.

    (16) De bhun Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[8] maidir le doiciméid atá ina sheilbh ag an Údarás.

    ( 17 ) Le hAirteagail 53 agus 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 bunaítear nósanna imeachta chun bearta éigeandála a ghlacadh i ndáil le hearraí bia de thionscnamh Comhphobail nó le hearraí bia a allmhairítear ó thríú tíortha. Údaraíonn siad don Choimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh i suímh inar dóigh go mbainfeadh riosca tromchúiseach le hearraí bia do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol, agus nuair nach féidir an riosca sin a smachtú go sásúil le bearta a ghlac an Ballstát nó na Ballstáit atá i gceist.

    (18 ) Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le simpliú reachtach, ba chóir scrúdú meántréimhseach a bheith ann, lena n-áirítear comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara , maidir le raon feidhme an nós imeachta chomhchoitinn a leathadh chuig reachtaíocht eile i réimse an bhia.

    (19 ) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach de thairbhe dhifríochtaí idir dlíthe agus idir fhorálacha náisiúnta agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach dá bhrí sin ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí seo a bhaint amach.

    (20 ) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 a leagann síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [9] . Ba chóir don Choimisiún, mar is cuí, dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus na bearta a chuirfear faoi bhráid an Choiste agus dá dtagraítear sa Chinneadh thuas á n-ullmhú aige.

    (21) Go háirithe, ba chóir cumhacht a thabhairt don Choimisiún liostaí Comhphobail na mbreiseán bia, na n-einsímí bia agus na mblastáin bia a nuashonrú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha gach dlí earnálach bia a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an céanna a fhorlíonadh, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (22) Nuair nach féidir , ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid maidir le substaint a bhaint ó na liostaí Comhphobail agus maidir le cur le coinníollacha, sonraíochtaí nó le srianta a bhaineann le substaint a bheith ar na liostaí Comhphobail, nó leis na coinníollacha, na sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint nó a athrú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

    Airteagal 1Ábhar agus raon feidhme

    1. Leagann an Rialachán seo síos nós imeachta comhchoiteann measúnaithe agus údaraithe (dá ngairtear an “nós imeachta comhchoiteann” anseo feasta) maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia, le blastáin bia agus le foinsí blastán bia a úsáidtear nó a bheartaíttear a úsáid in earraí bia nó ar earraí bia (dá ngairtear na “substaintí” anseo feasta), a chuireann le saorghluaiseacht na substaintí seo bia laistigh den Chomhphobal agus leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus le cosaint leasanna tomhaltóirí.

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le blastáin toite a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin toite a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in earraí bia[10].

    2. Leagfar síos leis an nós imeachta comhchoiteann na socruithe nós imeachta chun liostaí substaintí a bhfuil margaíocht orthu údaraithe ag an gComhphobal de bhun Rialachán (CE) Uimh. XXX/2006, Rialachán (CE) Uimh. YYY/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. ZZZ/2006 (dá ngairtear “dlíthe earnálacha bia” anseo feasta), a nuashonrú.

    3. Leagtar amach le gach dlí earnálach bia na critéir ar dá réir is féidir substaintí a chur ar an liosta Comhphobail dá bhforáiltear in Airteagal 2, ábhar an Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 agus, i gcás inar infheidhme, na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le nósanna imeachta leanúnacha.

    Airteagal 2 Liosta Comhphobail substaintí

    1. Faoi gach dlí earnálach bia, déanfar substaintí ar údaraíodh a gcur ar mhargadh an Chomhphobail a áireamh ar liosta (dá ngairtear “an liosta Comhphobail” anseo feasta) a gcinnfidh an dlí sin a inneachar. Déanfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail a nuashonrú. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    2. Ciallaíonn “an liosta Comhphobail a nushonrú”:

    (a) substaint a chur leis an liosta Comhphobail;

    (b) substaint a bhaint den liosta Comhphobail;

    (c) coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint atá ar an liosta Comhphobail a chur leis, nó a athrú.

    CAIBIDIL IINÓS IMEACHTA COM HCHOITEANN

    Airteagal 3 Príomhchéimeanna an nós imeachta chom hchoitinn

    1. Féad faidh an Coimisiún an nós imeachta comhchoiteann maidir leis an liosta Comhphobail a nuashonrú a thionscnamh, nó féadfar é a dhéanamh tar éis iarratas a bheith déanta. Féadfaidh Ballstát nó páirtí leasmhar, a d'fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtithe leasmhara éagsúla, iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear sna bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) (dá ngairtear “an t-iarratasóir” anseo feasta).

    2. Iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear "an tÚdarás” anseo feasta) roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 5.

    Mar sin féin, i ndáil le nuashonruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) agus (c), ní iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis ach amháin más dóigh go mbeadh tionchar ag na nuashonruithe sin ar shláinte phoiblí an duine .

    3. Críochnófar an nós imeachta comhchoiteann nuair a ghlacfaidh an Coimisiún rialachán ina gcuirfear an nuashonrú chun feidhme de réir Airteagal 7.

    4. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur leis an nós imeachta comhchoiteann agus a chinneadh gan dul ar aghaidh, ag tráth ar bith den nós imeachta, le nuashonrú a bhí beartaithemás é a bhreith nach bhfuil bonn leis an nuashonrú sin. I gcás inar infheidhme, cuirfidh sé san áireamh tuairim an Údaráis, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Chomhphobail agus aon tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar a bheidh faoi bhreithniú.

    I gcásanna den sórt sin, nuair is infheidhme, poibleoidh an Coimisiún an fhaisnéis seo de réir fhorálacha Airteagal 12, agus cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas go díreach, agus sonróidh sé ina litir, na cúiseanna lena mheas nach bhfuil bonn leis an nuashonrú.

    Airteagal 4 An nós imeachta a thionscnamh

    1. Ar iarratas a fháil chun an liosta Comphobail a nuashonrú, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

    (a) laistigh de 14 lá oibre ó lá a fhaighte, admhóidh sé i scríbhinn chuig an iarratasóir go bhfuarthas an t-iarratas;

    (b) i gcás inar infheidhme, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas maidir leis an iarratas agus iarrfaidh sé a thuairim.

    Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit.

    2. I gcásanna ina dtionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta ar a thionscnamh féin, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas agus poibleoidh sé é agus, i gcás inar infheidhme, iarrfaidh sé tuairim an Údaráis.

    Airteagal 5Tuairim an Údaráis

    1. Tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de shé naoi mí ó iarratas bailí a fháil.

    2. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit, agus i gcás inar infheidhme, chuig an iarratasóir.

    Airteagal 6 Faisnéis bhreise maidir le measúnú riosca

    1. I gcásanna ina bhfuil bonn leo I gcás ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ar iarratasóirí, féadfar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a shíneadh. Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, leagfaidh an tÚdarás síos tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an tréimhse bhreise is gá. Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid laistigh d'ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, déanfar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a shíneadh go huathoibríoch.

    2. Mura seolfar an fhaisnéis bhreise laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim chun críche ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil cheana féin.

    3. I gcás ina dtíolacfaidh iarratasóirí faisnéis bhreise ar a dtionscnamh féin, seolfaidh siad chuig an Údarás agus chuig an gCoimisiún í. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den bhuntréimhse, ach amháin má tá cúiseanna speisialta leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10 a shíneadh.

    4. Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise ar fáil do na Ballstáit.

    Airteagal 7 An liosta Comhphobail a nuashonrú

    1. Laistigh de naoi mí tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 14(1) dréachtrialachán lena ndéanfar an liosta Comhphobail a nuashonrú, le agus tuairim an Údaráis, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Chomhphobail agus aon tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá a bheidh faoi bhreithniú, á gcur san áireamh.

    Tabharfaidh an rialachán lena ndéanfar an liosta Comhphobail a nuashonrú míniúchán ar na dálaí ar a bhfuil sé bunaithe. I gcásanna nach mbeidh an dréacht- rialachán i gcomhréir le tuairim an Údaráis, tabharfaidh an Coimisiún míniúchán ar na cúiseanna a bheidh lena chinneadh.

    2. Glacfar an rialachán i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) (2) .

    3. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4) maidir le substaint a bhaint den liosta Comhphobail agus maidir le cur le coinníollacha, sonraíochtaí nó le srianta a bhaineann le substaint a bheith ar na liostaí Comhphobail, nó leis na coinníollacha, sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint nó a athrú.

    Airteagal 8 Faisnéis bhreise maidir le measúnú riosca

    1. I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise ó iarratasóirí maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú riosca, socróidh sé, i gcomhar leis an iarratasóir, tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 7 a shíneadh féadtar í a shíneadh dá réir agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin síneadh.

    2. Mura seolfar an fhaisnéis bhreise laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 1, gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh cheana féin.

    CAIBIDIL IIIFORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

    Airteagal 9Bearta cur chun feidhme

    1. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), glacfar na bearta cur chun feidhme don Rialachán seo laistigh de thréimhse nach faide ná 24 mhí tar éis ghlacadh gach dlí earnálaigh bhia, agus bainfidh siad go háirithe leis na nithe seo a leanas:

    (a) inneachar, dréachtú agus cur i láthair an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

    (b) na socruithe chun bailíocht iarratas a sheiceáil;

    (c) an cineál faisnéise nach mór a chuimsiú i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 5.

    2. D’fhonn na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1(a) a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás agus, laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh an tÚdarás maidir leis na sonraí is gá chun measúnú riosca a dhéanamh i leith na substaintí lena mbaineann a chur faoina bhráid.

    Airteagal 10 Tréimhsí ama a shíneadh

    Féad faidh an Coimisiún na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 7 a shíneadh ar a thionscnamh féin nó, i gcás inar infheidhme, arna iarraidh sin don Údarás, má bhíonn bonn leis sin de bhar an chineáil ábhair i gceist, gan dochar d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(1). I gcásanna den sórt sin, i gcás inar cuí, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh agus na cúiseanna atá leis.

    Airteagal 11Trédhearcacht

    Áiritheoidh an tÚdarás trédhearcacht a ghníomhaíochtaí, i gcomhrréir le hAirteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Go háirithe, foilseoidh sé a thuairimí gan mhoill. Poileoidh sé freisin aon iarraidh ar a thuairim a gheofar mar aon le haon síneadh ar thréimhse ama de bhun Airteagal 6(1).

    Airteagal 12Rúndacht

    1. I measc na Ar an bhfaisnéis a sholáthróidh iarratasóirí, ní fhéadfar déileáil faoi rún le faisnéis a chuirfidh iarratasóirí ar fáil is féidir déileáil le faisnéis ach amháin i gcás ina bhféadfaí dochar suntasach a dhéanamh dá staid iomaíochta dá nochtfaí í.

    Ní mheasfar i gcás ar bith faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas a bheith rúnda:

    (a) ainm agus seoladh an iarratasóra agus ainm na substainte;

    (b) tuairisc shoiléir ar an tsubstaint agus coinníollacha a húsáide in earraí bia nó ar earraí bia nó catagóirí bia sonracha nó orthu sin;

    (c) faisnéis atá ábhartha do mheasúnú sábháilteachta na substaintí;

    (d) más infheidhme, an modh/na modhanna anailíse.

    2. Chun gur féidir mír 1 a chur chun feidhme, cuirfidh iarratasóirí in iúl cibé cuid den fhaisnéis a sholáthróidh siad ar mian leo go ndéileálfar go rúnda léi. Ní mór cúiseanna infhíoraithe a chur ar fáil i gcásanna den sórt sin.

    3. Cinnfidh an Coimisiún an fhaisnéis a mheasfar a bheith fós ina faisnéis rúnda agus tabharfaidh sé fógra dá réir d’ iarratasóirí agus do na Ballstáit .

    4. Tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas maidir le seasamh an Choimisiúin, beidh trí seachtaine ag iarratasóirí lena n-iarratas a tharraingt siar chun rúndacht na faisnéise a soláthraíodh a chaomhnú. Caomhnófar rúndacht na faisnéise go rachaidh an tréimhse seo in éag.

    5. Glacfaidh an Coimisiún, an tÚdarás agus na Ballstáit na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na faisnéise a gheobhaidh siad faoin Rialachán seo a chinntiú, seachas faisnéis nach mór a fhoilsiú in imthosca inar gá sin chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint.

    6. Má tharraingíonn iarratasóir a iarratas siar, nó má tharraing siar cheana féin é, coimeádfaidh an tÚdarás, an Coimisiún agusna Ballstáit faoi rún an fhaisnéis tráchtála agus thionsclaíoch, lena n-áirítear faisnéis taighde agus forbartha, mar aon le faisnéis ar ábhar easaontais é a rúndacht idir an Coimisiún agus an t-iarratasóir.

    7. Ní dhéanfaidh cur chun feidhme mhíreanna 1, 2, 3, 4, 5 nó 6 difear do scaipeadh faisnéise idir an Coimisiún, na Ballstáit agus an tÚdarás.

    Airteagal 13Éigeandálaí

    I gcás éigeandála a bhaineann le substaint ar an liosta Comhphobail, go háirithe i bhfianaise tuairime ón Údarás, glacfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

    Airteagal 14Coiste

    1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint go cuí d’fhorálacha Airteagal 8 de.

    Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint go cuí d’fhorálacha Airteagal 8 de.

    4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint go cuí d’fhorálacha Airteagal 8 de.

    3. Glacfaidh an Coiste a Rialacha Nós Imeachta.

    Airteagal 15 Údaráis inniúla na mBallstát

    Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh na Ballstáit ainm agus seoladh an údaráis náisiúnta atá inniúil maidir le gach dlí earnálach bia ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an Údarás, chun críocha an nós imeachta chomhchoitinn, mar aon le pointe teagmhála ann.

    CAIBIDIL IVFORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

    Airteagal 16 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    I gcás gach dlí earnálaigh bia, beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9(1).

    Beidh feidhm ag Airteagal 9 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] IO C […], […], lch. […].

    [2] IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

    [3] IO L […], […], lch. […].

    [4] IO L […], […], lch. […].

    [5] IO L […], […], lch. […].

    [6] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1642/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4).

    [7] IO L 379, 24.12.2004, lch. 64.

    [8] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

    [9] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    [10] IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

    Top