Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0625

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Staidreamh Eorpach (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    /* COIM/2007/0625 leagan deireanach - COD 2007/0220 */

    52007PC0625




    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil16.10.2007

    COIM(2007) 625 leagan deireanach

    2007/0220 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Staidreamh Eorpach

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    - Comhthéacs ginearálta

    Tá ról ríthábhachtach ag staidreamh oifigiúil i sochaí an lae inniu. Braitheann institiúidí, lucht déanta beartas, oibreoirí eacnamaíocha, margaí agus daoine aonair go mór ar staidreamh ar ardchaighdeán chun cur síos a dhéanamh chomh beacht agus is féidir ar fhorbairtí i réimsí eacnamíocha, sóisialta, comhshaoil agus cultúir. Tá tionchar ag luas na bhforbairtí seo ar (i) úsáideoirí staidrimh, sa mhéid is go n-athraíonn a riachtanais faisnéise go minic, rud a chiallaíonn go mbíonn gá acu le rochtain éasca agus thráthúil ar fhaisnéis staidrimh, agus ar (ii) na húdaráis staidrimh, sa mhéid is gur gá dóibh an fhaisnéis staidrimh a tháirgtear a chur in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí. Tá gá faisnéis staidrimh atá neamhchlaonta agus oibiachtúil a chur ar fáil don lucht cinnteoireachta go léir: ionas go ndéanfaidh an lucht déanta beartas cinntí eolasacha, ionas go reáchtálfaidh oibreoirí gnó a ngnóthaí nó, go simplí, chun go n-úsáidfidh na saoránaigh iad ina saol laethúil. Tá an fhaisnéis staidrimh ina bhuntaca le trédhearcacht agus le hoscailteacht na gcinntí beartas, agus léiríonn an staidreamh oifigiúil, dá bhrí sin, maith choiteann a thugann bunús le dea-fheidhmiú an daonlathais. Is iad na gnéithe bunúsacha a theastaíonn chun faisnéis staidrimh dá leithéid a tháirgeadh struchtúir shoiléire i gcomhair fheidhmiú na n-údarás staidrimh, in éineacht le socruithe chun comhar idirnáisiúnta a dhéanamh, faisnéis staidrimh a scaipeadh agus cumarsáid a dhéanamh leis na húsáideoirí.

    Ar an leibhéal Eorpach, tá Staidreamh Eorpach ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile chun beartais an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh an Staidreamh Eorpach níos tábhachtaí fós sa todhchaí de réir mar a dhéantar forbairt ar bheartais an AE. Mar shampla, tá faisnéis iontaofa maidir le forbairtí maicreacnamaíocha a mheasúnú, eadhon boilsciú, fás eacnamíoch agus an timthriall gnó i gcoitinne ina riachtanas bunúsach d'fhonn an comhordú idir na Ballstáit agus comhordú maidir leis an mbeartas eacnamaíochta idir na Ballstáit a chinntiú. Thairis sin, chun na cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach maidir leis an Eoraip a threorú i dtreo rathúnais fhadtéarmaigh, go háirithe trí Chlár Liospóin athbhreithnithe agus trí na treoirlínte comhtháite maidir le fás agus fostaíocht, nó maidir lenár dtiomantas dlúthpháirtíochta agus ceartais shóisialta a threisiú, beidh gá ag an Eoraip le raidhse sonraí staidrimh a mbeidh na caighdeáin is airde agus is féidir acu i dtéarmaí cáilíochta.

    Tá an Staidreamh Eorpach ina rannchuidiú bunúsach, dá bhrí sin, chun cur leis an gcumas faisnéise is gá chun cuspóirí straitéiseacha an AE a chur i gcrích mar aon leis na beartais agus na hionstraimí tacaíochta atá mar bhun leo.

    - Forais agus cuspóirí an togra

    Is é is cuspóir don togra seo an creat bunúsach dlí atá ann trína rialaítear an táirgeadh staidrimh ar an leibhéal Eopach a athbhreithniú. Go bunúsach, eascraíonn an t-athbhreithniú seo as athruithe sa tsochaí agus as an ngá le ról an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) a shainmhíniú ar dhóigh níos soiléire.

    Is trí CSE a tháirgtear agus a scaiptear Staidreamh Eorpach, agus is é CSE an chomhpháirtíocht oibríochtúil ina bhfuil Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (Eurostat), na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) agus údaráis náisiúnta nó réigiúnacha eile atá freagrach i ngach Ballstát as Staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh. Cuireann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) Staidreamh Eorpach ar fáil freisin, cé go bhfuil sé faoi struchtúr rialaithe staidrimh ar leith agus go bhfuil rialacha difriúla i bhfeidhm [1] . Chun éifeachtacht a fheabhsú, an t-ualach staidrimh a ísliú agus cáilíocht a fheabhsú, áfach, ní foláir an dlúthchomhar idir CSE agus CEBC a neartú agus a n-inniúlachtaí faoi seach a urramú.

    Mar a thug an Chomhairle agus an Coimisiún faoi deara go minic tá CSE i bhfeidhm go héifeachtach agus comhlíontar ann na ceanglais a bhaineann le neamhspleáchas, iontaofacht agus freagracht. Chomh maith le cáilíocht aschuir CSE, tá an rialú a dhéantar air feabhsaithe go mór le blianta beaga anuas, go háirithe tríd an gCód Cleachtais do Staidreamh Eorpach a ghlacadh agus a chur chun feidhme[2]. Tá na tograí maidir le Coiste Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach[3] agus Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach[4] a bhunú mar chéimeanna i dtreo an rialú a dhéantar ar CSE i láthair na huaire a fheabhsú agus a chomhlánú.

    Cé go gcruthaíonn na forbairtí is déanaí seo réaltacht dhinimiciúil ag a bhfuil gnóthachtáil inláimhsithe, áfach, soiléiríonn siad níos faide fós an gá le struchtúr institiúideach CSE a chomhdhlúthú i ndlí an Chomhphobail, a fhreagrachtaí agus a phrionsabail a athshainiú ar dhóigh níos soiléire mar aon leis na struchtúir atá aige mar bhuntaca a shimpliú chun go mbeidh sé in ann freagairt níos fearr a thabhairt ar na dúshláin atá amach romhainn. Ba chóir, go háirithe, comhordú agus feidhmeanna gairmiúla ceannaireachta na nINSanna ar an leibhéal náisiúnta, agus Eurostat ar leibhéal an Chomhphobail a threisiú. Tá gá le freagraí comhchoiteanna chun dul i ngleic leis an éileamh mór ar Staidreamh Eorpach agus chun tosaíochtaí a shocrú i gcomhthéacs ina mbeidh acmhainní ag fáil níos teoranta de réir a chéile.

    San am céanna, beidh gá ról agus freagrachtaí Eurostat i leith a chomhpháirtithe náisiúnta a athdhaingniú d'fhonn éifeachtacht CSE a mhéadú ar bhonn tuisceana agus muiníne frithpháirtí. Tá ról príomhúil ag Eurostat mar mheán chun riachtanais staidrimh lucht déanta beartas na hEorpa a tharchur chuig a gcomhpháirtithe staidrimh sna Ballstáit fad a dhéantar an bearna idir sin atá á éileamh agus sin atá indéanta agus réadúil a líonadh.

    Fágfaidh an togra "Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh" go mbeidh Eurostat ar a chumas freagairt a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le méadú ollmhór an an éileamh ar staidreamh. Léiríonn an cur chuige seo athrú suntasach ar an struchtúr maidir le sonraí a bhailiú, ar dhóigh nach mbeidh gá brath go hiomlán ar shonraí náisiúnta arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag na hINSanna go léir chun Iomláin Eorpacha a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    Thairis sin, tá éileamh mór ón bpobal taighde rochtain níos forleithne a fháil ar fhaisnéis staidrimh chun críche anailíse ar mhaithe le hascnamh eolaíoch san Eoraip. Beidh gá le méid áirithe solúbthachta sa chóras rúndachta staidrimh chun rochtain atá rialaithe a thabhairt ar shonraí staidrimh mionsonraithe gan an leibhéal ard cosanta a bheidh ag teastáil do shonraí atá faoi rúndacht staidrimh a chomhghéilleadh. Is gnéithe bunúsacha, i ndáil leis sin, iad malartú sonraí rúnda faoi CSE agus na rialacha rochtana ar shonraí den sórt sin ar chúiseanna taighde agus beidh gá acu le nuashonrú a dhéanamh ar na ceanglais dlí atá ann faoi láthair.

    Ar deireadh, tabharfaidh an t-athbhreithniú ar an gcreat bunúsach dlí spreagadh nua don chomhar atá bunaithe idir na hINSanna agus Eurostat ar mhaithe le leas coiteann na ngníomhaithe CSE agus úsáideoirí an Staidrimh Eorpaigh, agus don bhunsraith a leagan síos chun dul i ngleic le dúshláin staitistiúla sa todhchaí.

    - Nósanna imeachta atá ann cheana a bhaineann leis an togra

    Tá an creat bunúsach dlí chun staidreamh a tháirgeadh agus a scaipeadh ar an leibhéal Eorpach comhdhéanta as na hionstraimí reachtacha seo a leanas:

    - Cinneadh (CEE, Euratom) Uimh. 89/382 ón gComhairle an 19 Meitheamh 1989 lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach[5];

    - Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh 1990 ón gComhairle maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach[6];

    - Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail[7];

    - Cinneadh Uimh. 2367/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir leis an gClár Staidrimh Comhphobail 2003 go 2007[8].

    Soláthraíonn an reachtaíocht thuasluaite creat foriomlán a fhorlíontar le reachtaíocht earnálach i bhfearainn staitistiúla shonracha.

    2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS ANAILÍS AR IARMHAIRTÍ

    - Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

    Tá an togra bunaithe ar obair ullmhúcháin fhorleathan a cuireadh i gcrích le blianta beaga anuas. Go háirithe, rinneadh dianphlé agus athbhreithniú ar na bloic thógála agus ar na dréacht-téacsanna i gcomhar leis na páirtithe is mó lena mbaineann, i.e. na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh agus compháirtithe eile CSE, lena n-áirítear BCE.

    Cuireann an togra leis na torthaí a fuarthas ó roinnt Tascfhórsaí a bhunaigh an Coiste um an gClár Staidrimh (CCS) amhail ó 2003 chun machnamh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den ábhar. Ghlac na Ballstáit páirt chórasach in obair na dTascfhórsaí seo, coimeádadh CCS ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn agus chuathas i gcomhairle go córasach agus go forleathan leis na Ballstáit. Léiríonn an togra seo, go cuid mhór, na comhairliúcháin sin go léir. Chuathas i gcomhairle go foirmiúil leis an gCoiste um an gClár Staidrimh maidir le dréacht-téacs an togra seo.

    - Anailís ar iarmhairtí

    Trí na roghanna féidearthacha a mheas ba shoiléir na roghanna seo a leanas:

    - an creat dlí a choimeád gan athrú mar atá sé faoi láthair:

    - Ní dhéanfadh an réiteach seo dochar do tháirgeadh reatha Staidrimh Eorpaigh mar nach soláthraíonn an reachtaíocht reatha creat tagartha. Chiallódh an rogha seo, áfach, bearna méadaithe idir na rialacha ginearálta atá ann agus socruithe éagsúla i gcásanna sonracha. San fhadtéarma, d'fhéadfadh an staid seo dul chun dochair na muiníne coitinne a bheadh ag an bpobal as staidreamh agus chruthódh sé amhras faoin mbunús atá leis an gcreat foriomlán. Lena chois sin, chaillfí deiseanna chun feidhmiú CSE a fheabhsú mar a mhínítear thuas.

    - athbhreithniú a bheartú chun dul i ngleic leis an ábhar imní a chuirtear in iúl agus tuiscint a fháil ar an deis atá ann maidir le CSE a oibriú i slí níos soiléire agus níos éifeachtaí cosúil leis an tslí ar a ndearnadh cur síos sna míreanna roimhe seo:

    - Is léir nach mbainfidh an togra seo a chuspóirí amach ach amháin nuair nach ndéantar é a mhodhnú go suntasach le linn an phróisis.

    3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    - Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

    Is é is aidhm don togra athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat bunúsach dlí i gcomhair Staidrimh Eorpaigh d'fhonn é a chur in oiriúint don am i láthair agus chun é a fheabhsú ionas go mbeidh sé in acmhainn na forbairtí agus na dúshláin sa todhchaí a chomhlíonadh.

    Beartaítear as measc rudaí eile, an rialú ar staidreamh a fheabhsú trí na sainmhínithe atá ábhartha a oiriúnú do cheanglais an Chonartha, na gníomhaíochtaí agus CSE féin a chomhdhlúthú i nDlí an Chomhphobail, ról na nINSanna agus Eurostat a shoiléiriú níos faide, an tagairt don Chód Cleachtais reatha do Staidreamh Eorpach a neartú, aitheantas foirmiúil a thabhairt don Chur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh agus na gnéithe cáilíochta a bhaineann le Staidreamh Eorpach a threisiú.

    Téann an togra i ngleic freisin le hoibriú CSE, go háirithe trí Choiste CSE agus Grúpa Comhpháirtíochta CSE a bhunú agus an comhar le comhlachtaí eile CSE, mar aon leis an gcomhar le CEBC, a neartú.

    Athbhreithnítear pleanáil agus cur chun feidhme na gclár ilbhliantúil freisin. Beartaítear, go háirithe, go gcuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí staitistiúla ar leith i gcrích faoi choinníollacha nach bhfuil chomh srianta céanna.

    Ar deireadh, beartaítear níos mó solúbthachta a thabhairt isteach sna rialacha reatha maidir le rúndacht staidrimh agus, sa tráth céanna, leibhéal ard cosanta sonraí a chaomhnú.

    - Bunús dlí

    Soláthraíonn Airteagal 285 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh bunús dlí le haghaidh staidrimh Comhphobail. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú de réir nós imeachta na comhchinnteoireachta, bearta a ghlacadh chun staidreamh a chur ar fáil a mhéad is gá sin chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chomhlíonadh. Leagann an tAirteagal seo amach na riachtanais maidir le soláthar staidrimh an Chomhphobail agus ní mór cloí leis na caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibeachtúlachta, neamhspleachais eolaíochta, eifeachtúlachta costais agus rúndachta staidrimh.

    - Prionsabal na coimhdeachta

    Cloíonn an togra go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta a mhéad gur ionann an t-athbhreithniú, óna nádúr, ar an reachtaíocht dlíthiúil reatha maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus gníomh nach féidir a bhaint amach ach ar leibhéal an Chomhphobail amháin.

    Tá prionsabal na coimhdeachta mar bhunús freisin leis an sainmhíniú ar na freagrachtaí a roinnfear idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Chomhphobail a mhéad a bhaineann sé le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH |

    Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail. |

    5. FAISNÉIS BHREISE |

    Simpliú |

    Is éard atá i gceist leis an togra seo simpliú ó dhearcadh dlíthiúil, institiúideach agus oibriúcháin araon. Ar an gcéad dul síos, is é is aidhm don togra an creat dlí reatha a shimpliú chun staidreamh a tháirgeadh agus a scaipeadh ar an léibhéal Eorpach, go háirithe trí líon téacsanna ar leith ó reachtaíocht staidrimh an Chomhphobail a chomhdhlúthú in aon ionstraim amháin. Ar an dara dul síos, déanfar simpliú institiúideach freisin tríd an gCoiste um an gClár Staidrimh agus an Coiste um Rúndacht Staidrimh a chumasc in aon Choiste amháin. Ar an tríú dul síos, tarlóidh simpliú laistigh de CSE, i dtéarmaí oibríochtúla, trí uirlisí nua simpliúcháin a shainaithint agus a úsáid go forleathan, eadhon comhiomláin Eorpacha a thionscnamh bunaithe ar an gCur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh mar a thuairiscítear in Airteagal 17 den togra nó an próiseas feabhsaithe pleanála a thabharfaidh sainmhíniú ar na cláir staidrimh bhliantúla. Aithníodh na hionstraimí seo go soiléir mar mheán simpliúcháin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le laghdú ar an ualach tuairiscithe, simpliú agus socrú tosaíochtaí i réimse staidrimh Comhphobail[9]. Sa chomhthéacs seo, ba chóir a mheabhrú go bhfuil an Staidreamh Eorpach ar cheann de na réimsí tosaíochta i dtomhas an Choimisiúin ar an ualach riaracháin a eascraíonn ó oibleagáidí faisnéise[10]. Ar deireadh, ní tionscnamh nua atá i gceist leis seo sa mhéad is go ndearnadh trácht ar athbhreithniú féidearthach ar an 'Dlí Staitistiúil', i.e. Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail, sa chéad tuarascáil ar chur chun feidhme na gníomhaíochta creata "Acquis Communautaire a nuashonrú agus shimpliú ", a ghlac an Coimisiún in 2003[11]. |

    An Limistéar Eacnamaíoch Eorpach Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus ba cheart de bharr an méid sin go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. |

    2007/0220 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Staidreamh Eorpach

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (Téacs atá ábhartha don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[12],

    Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

    Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[13],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Chun comhchuibheas agus comparáideacht a áirithiú i Staidreamh Eorpach a tháirgtear i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal 285(2) den Chonradh, ba cheart comhar agus comhordú a threisiú idir na húdaráis a rannchuidíonn le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    (2) Chuige sin, ba cheart an comhar agus an comhordú idir na húdaráis sin a fhorbairt i slí níos córasaí agus níos eagraithe agus na cumhachtaí agus na socruithe institiúideacha náisiúnta agus Comhphobail a urramú go hiomlán agus an gá le hathbhreithniú ar an gcreat bunúsach dlí atá ann a chur san áireamh d'fhonn é a oiriúnú don staid mar atá sé i láthair na huaire agus chun freagairt níos fearr a thabhairt ar dhúshláin sa todhchaí.

    (3) Is gá, dá bhrí sin, gníomhaíochtaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) a chomhdhlúthú agus an rialú a dhéantar air a fheabhsú, go háirithe d'fhonn breis soiléiriú a thabhairt ar róil na nInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) agus an Choimisiúin (Eurostat) faoi seach.

    (4) Nuair a áirítear sainiúlacht na nINSanna agus na n-údarás náisiúnta eile atá freagrach i ngach Ballstát as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ba cheart a leagan síos go bhféadfaidh siad deontais a fháil gan glaoch ar thairiscintí i gcomhréir le hAirteagal 168(1)(d) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 an 23 Nollaig 2002 ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[14].

    (5) Ba cheart go mbeadh dlúthbhaint leis an gcomhar agus leis an gcomhordú treisithe ag údaráis staidrimh Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch is comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ag údaráis staidrimh na hEilvéise, dá bhforáiltear faoi seach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, go háirithe Airteagal 76 de agus Prótacal 30 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus sa Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, agus go háirithe Airteagal 2 de.

    (6) Thairis sin, is tábhachtach a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar agus comhordú cuí idir CSE agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), go háirithe ar mhaithe le malartú sonraí rúnda idir an dá chóras ar chúiseanna staitistiúla, i bhfianaise Airteagal 5 den Phrótacal (Uimh. 18) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a chuirfear i gceangal leis an gConradh.

    (7) Déanfaidh CSE agus CEBC Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh amhlaidh ach faoi chreataí dlíthiúla ar leith a léireoidh a struchtúir rialachais faoi seach. Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo infheidhme, dá bhrí sin, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach[15].

    (8) Dá dheasca sin, agus cé nach nglacann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus na bancanna ceannais náisiúnta páirt i dtáirgeadh Staidrimh Eorpaigh faoin Rialachán seo, tar éis comhaontú a dhéanamh idir banc ceannais náisiúnta agus an t-údarás Comhphobail faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach agus gan dochar do shocruithe náisiúnta idir an banc ceannais náisiúnta agus an t-údarás náisiúnta, féadfaidh na húdaráis náisiúnta agus an t-údarás Comhphobail, áfach, sonraí arna dtáirgeadh ag an mbanc ceannais a úsáid, go díreach nó go hindíreach, chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ar an gcuma chéanna, féadfaidh BCE agus na bancanna ceannais náisiúnta, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí, sonraí arna dtáirgeadh ag CSE a úsáid go díreach nó go hindíreach.

    (9) I gcomhthéacs ginearálta an chaidrimh idir CSE agus CEBC, tá ról tábhachtach ag an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí a bunaíodh le Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle[16], go háirithe tríd an gcúnamh a chuirtear ar fáil don Choimisiún maidir le cláir oibre a bhaineann le staidreamh airgeadaíochta, airgeadais agus chomhardú na n-íocaíochtaí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

    (10) Is tábhachtach a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar agus comhordú cuí idir CSE agus na gníomhaithe eile atá sa chóras idirnáisiúnta staidrimh.

    (11) Ní mór an tslí ina n-oibríonn CSE a athbhreithniú, freisin, ós rud é go bhfuil gá le modhanna níos solúbtha chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus tá gá le socrú soiléir tosaíochtaí d'fhonn an t-ualach a chuirtear ar fhreagróirí a laghdú agus infhaighteacht agus tráthúlacht an Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú. Is chuige sin a ceapadh an 'Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh'.

    (12) Cé go mbunaítear Staidreamh Eorpach de ghnáth ar shonraí náisiúnta arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag údaráis staidrimh náisiúnta na mBallstát go léir, féadfar iad a tháirgeadh freisin ó cháipéisí náisiúnta neamhfhoilsithe, ó fhofhoirne de cháipéisí náisiúnta agus ó shuirbhéanna staidrimh Eorpacha nó trí choincheapa nó modhanna comhchuibhithe, ar ceapadh go sonrach iad.

    (13) Sna cásanna sin, féadfar 'Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh' a chur chun feidhme, cur chuige ina bhfuil straitéis phragmatach maidir le comhiomláin staidrimh Eorpacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do bheartais an Chomhphobail a thiomsú i slite níos éasca.

    (14) D'fhéadfaí struchtúir, uirlisí agus próisis chomhpháirteacha a bhunú nó a fhorbairt trí líonraí comhoibríocha, a mbeadh údaráis náisiúnta agus seirbhísí ábhartha Coimisiúin iontu agus speisialtóireacht a éascú ag Ballstáit áirithe i ngníomhaíochtaí sonracha staitistiúla chun leasa CSE ina iomláine. Ba cheart go ndíreodh na líonraí comhoibríocha seo idir chomhpháirtithe CSE ar dhúbláil oibre a sheachaint agus, dá bhrí sin, éifeachtacht a mhéadú agus an t-ualach tuairiscithe ar oibreoirí eacnamaíocha a ísliú.

    (15) Ba cheart go mbeadh an timpeallacht feabhsaithe rialúcháin atá beartaithe maidir le Staidreamh Eorpach ina fhreagairt, go háirithe, ar an ngá leis an ualach tuairiscithe ar ghnóthaí a íoslaghdú agus cur leis an gcuspóir níos ginearálta maidir le laghdú ar an ualach riaracháin ar an leibhéal Eorpach, i gcomhréir le Conclúidí na hUachtaránachta do Chomhairle Eorpach an 8 agus an 9 Márta 2007; é sin ráite, ba cheart béim a chur freisin ar an ról tábhachtach a bhí ag na húdaráis náisiúnta maidir leis an ualach ar ghnóthaí Eorpacha ag an leibhéal náisiúnta a íoslaghdú.

    (16) Chun muinín as Staidreamh Eorpach a fheabhsú ní mór go mbeadh neamhspleáchas gairmiúil ag na húdaráis staidrimh agus neamhchlaontacht agus ardchaighdeán a áirithiú i dtáirgeadh Staidrimh Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 285(2) den Chonradh agus trí Phrionsabail Bhunúsacha an Staidrimh Oifigiúil arna ghlacadh ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip an 15 Aibreán 1992 agus ag Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe an 14 Aibreán 1994 a chur san áireamh mar aon leis na prionsabail arna leagan síos sa Chód Cleachtais do Staidreamh Eorpach a formhuiníodh sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le neamspleáchas, iontaofacht agus freagracht na n-údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail.

    (17) Ba cheart go mbeadh forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta.

    (18) Ba cheart an ceart ómóis don saol príobháideach agus teaghlaigh agus an ceart cosanta do shonraí pearsanta, mar atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 de Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a áirithiú.

    (19) Áirithítear sa Rialachán seo daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus sonraítear ann, a mhéad a bhaineann sé le Staidreamh Eorpach, na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[17] agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[18].

    (20) Ba cheart an fhaisnéis rúnda a bhailíonn na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Comhphobail chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, a chosaint, d'fhonn muinín na bpáirtithe atá freagrach as soláthar na faisnéise sin a ghnóthú agus a chothabháil; ba cheart rúndacht na faisnéise staidrimh na prionsabail chéanna a shásamh sna Ballstáit go léir.

    (21) Chun na críche sin, is gá comhrialacha a bhunú a áiritheoidh rúndacht sonraí a úsáidtear chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a áiritheoidh rochtain ar na sonraí rúnda sin agus aird chuí á tabhairt d'fhorbairtí teicniúla agus do riachtanais úsáideoirí i sochaí dhaonlathach.

    (22) Tá tábhacht ar leith ag baint le hinfhaighteacht na sonraí leithleacha do riachtanais an Chórais Staidrimh Eorpaigh d'fhonn leasanna na faisnéise staidrimh a uasmhéadú agus d'fhonn comhchuibhiú níos fearr ar Staidreamh Eorpach a áirithiú.

    (23) Ba cheart go mbeadh rochtain níos forleithne ar fhaisnéis staidrimh ag an bpobal taighde chun anailís a dhéanamh ar mhaithe le hascnamh eolaíoch san Eoraip agus ba cheart, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an rochtain atá ag taighdeoirí ar leibhéal an Chomhphobail Eorpaigh ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha gan comhghéilleadh don leibhéal ard cosanta is gá do shonraí staidrimh rúnda.

    (24) Ba cheart diantoirmeasc a chur ar úsáid sonraí rúnda chun críocha riaracháin, dlíthiúla nó cánach ná ar fhíorú a dhéanamh le hábhair na sonraí staidrimh.

    (25) Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Theoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol[19] agus do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail [20] .

    (26) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat dlíthiúil a bhunú i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur féidir é a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (27) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[21].

    (28) Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh maidir le gnéithe cáilíochta an staidrimh Eorpaigh agus na coinníollacha a bhunú faoinar féidir rochtain a thabhairt ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha. Cé go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh a ceapadh iad trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (29) Ba cheart go ngabhfadh na bearta atá leagtha síos sa Rialachán seo ionad na mbeart sin atá i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach[22] [COIM(2006)477] , i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail[23] agus i dTreoir 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle an 19 Meitheamh 1989 lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach[24]. Ba cheart na hionstraimí sin a aisghairm dá réir sin. Ba cheart go leanfadh na bearta cur chun feidhme atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2002 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail a bhaineann le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha[25] agus Cinneadh 2004/452/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos liosta de na comhlachtaí a mbeidh sé de chead ag a dtaighdeoirí rochtain a fháil ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha[26], ba cheart go leanfadh siad d'fheidhm a bheith acu.

    (30) Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I Forálacha Ginearálta

    Airteagal 1Staidreamh Eorpach

    Bunaítear leis an Rialachán seo creat dlíthiúil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir le neamhspleáchas, iontaofacht agus freagracht na n-údarás náisiúnta agus Comhphobail, is staidreamh ábhartha é an Staidreamh Eorpach a bhfuil gá leis d'fheidhmiú ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Eorpaigh. Forbrófar, táirgfear agus scaipfear an staidreamh i gcomhréir leis na prionsabail staitistiúla atá leagtha amach in Airteagal 285(2) den Chonradh agus in Airteagal 2 den Rialachán seo agus faoi chuimsiú an Chláir Staidrimh Eorpaigh.

    Airteagal 2 Prionsabail Staitistiúla

    1. Beidh forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh rialaithe ag na prionsabail staitistiúla seo a leanas:

    1. 'neamhspleáchas gairmiúil': ní foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i slí neamhspleách, saor ó aon bhrúnna ó ghrúpaí polaitiúla nó leasmhara, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí le húsáid, agus tráthúlacht agus inneachar gach cineál scaipthe;

    2. 'neamhchlaontacht': ní foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i slí neodrach, agus caitheamh go comhionann le gach aon úsáideoir;

    3. 'oibeachtúlacht': ní foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i slí chórasach, iontaofa agus neamhchlaonta; ciallaíonn sé sin caighdeáin ghairmiúla agus eiticiúla a úsáid, agus go mbeidh na beartais agus na cleachtais a leanfar trédhearcach d'úsáideoirí agus do fhreagróirí na suirbhéanna;

    4. 'iontaofacht': ní foláir go gcloífidh an staidreamh chomh dílis, chomh beacht agus chomh comhleanúnach agus is féidir leis an réaltacht is cóir dóibh a léiriú; ciallaíonn sé sin go n-úsáidtear critéir eolaíochta chun foinsí, modhanna agus nósanna imeachta a roghnú;

    5. 'rúndacht staidrimh': cosaint sonraí rúnda a bhaineann le hábhair sonraí staidrimh ar leith a fhaightear go díreach ó ábhar na sonraí ar chúiseanna staitistiúla nó go hindíreach ó fhoinsí riaracháin nó eile; ciallaíonn sé sin go bhfuil toirmeasc ar úsáid na sonraí a fhaightear ar chúiseanna neamhstaitistiúla agus ar iad a nochtadh go neamhdhleathach;

    6. 'éifeachtúlacht costais': ní foláir don chostas a bhaineann le táirgeadh staidrimh bheith i gcomhréir le tábhacht na dtorthaí agus na dtairbhí a lorgaítear, go n-úsáidtear na hacmhainní go barrmhaith agus go n-íoslaghdaítear an t-ualach tuairiscithe ar fhreagróirí. Beidh sé éasca, nuair is féidir, an fhaisnéis arna iarraidh a bhaint ó na taifid agus na foinsí atá ar fáil.

    2. Beidh forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta.

    Airteagal 3 Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    7. ciallaíonn 'staidreamh' faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, chomhiomlánaithe agus ionadaíoch a léiríonn feiniméan comhchoiteann i ndaonra ar leith;

    8. ciallaíonn 'faisnéis staidrimh' gach cineál staidrimh éagsúil lena n-áirítear sonraí bunúsacha, táscairí, cuntais agus meiteashonraí;

    9. ciallaíonn 'forbairt' na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na modhanna, caighdeáin agus nósanna imeachta staitistiúla a úsáidtear chun faisnéis staidrimh a tháirgeadh agus a scaipeadh a bhunú, a neartú agus a fheabhsú mar aon le staidreamh agus táscairí nua a cheapadh;

    10. ciallaíonn 'táirgeadh' na gníomhaíochtaí go léir is gá chun faisnéis staidrimh a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a thiomsú agus a anailísiú;

    11. ciallaíonn 'scaipeadh' an staidreamh agus an mionscrúdú staitistiúil a dhéanamh inrochtana d'úsáideoirí;

    12. ciallaíonn 'bailiú staidrimh' suirbhéanna agus gach slí eile chun faisnéis a fháil ó fhoinsí éagsúla;

    13. ciallaíonn 'ábhar na sonraí staidrimh' an bunaonad breathnadóireachta, eadhon duine nádúrtha, teaghlach, oibreoir eacnamaíoch agus gnóthais eile, dá dtagraítear sna sonraí;

    14. ciallaíonn 'sonraí rúnda' sonraí arna n-úsáid ag na húdaráis náisiúnta agus ag Eurostat ar chúiseanna staitistiúla a fhágann gur féidir ábhair na sonraí staidrimh a aithint, cibé go díreach nó go hindíreach, agus ar an dóigh sin faisnéis faoi dhuine ar leith a nochtadh. Lena chinntiú cibé an bhfuil ábhar sonraí staidrimh inaitheanta nó nach bhfuil, cuirfear na modhanna ábhartha uile a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnach chun ábhar na sonraí staidrimh a shainaithint a chur san áireamh;

    15. ciallaíonn 'úsáid ar chúiseanna staitistiúla' úsáid eisiach chun torthaí agus mionscrúduithe staitistiúla a fhorbairt agus a tháirgeadh;

    16. ciallaíonn 'sainaithint dhíreach' ábhar sonraí staidrimh a shainaithint lena ainm nó seoladh, nó le huimhir aitheantais atá inrochtana go poiblí;

    17. ciallaíonn 'sainaithint indíreach' ábhar sonraí staidrimh a shainaithint trí mhodh ar bith eile seachas trí shainaithint dhíreach;

    18. ciallaíonn 'oifigigh an Choimisiúin (Eurostat)' oifigigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, atá ag obair sa Choimisiún (Eurostat);

    19. ciallaíonn 'oifigigh eile de chuid an Choimisiúin (Eurostat)' seirbhísigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagail 2, 3, 4 agus 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, atá ag obair sa Choimisiún (Eurostat);

    CAIBIDIL IIRialachas Staitistiúil

    Airteagal 4An Córas Staidrimh Eorpach

    1. Is comhpháirtíocht é an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) idir an t-údarás staidrimh Comhphobail, ar ionann é agus an Coimisiún (Eurostat), agus na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) agus údaráis eile atá freagrach i ngach Ballstát (údaráis náisiúnta) as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    2. Tiocfaidh ceannairí INSanna na mBallstát agus an Choimisiúin (Eurostat) le chéile i bhfoirm Ghrúpa Comhpháirtíochta CSE trí huaire sa bhliain ar a laghad d'fhonn treoir ghairmiúil a sholáthar do CSE maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir leis na prionsabail staitistiúla.

    3. Scrúdóidh Grúpa Comhpháirtíochta CSE na saincheisteanna seo a leanas:

    20. bearta maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh, an bonn cirt leis an staidreamh de réir éifeachtúlachta costais, na modhanna agus amchláir le hiad a bhaint amach, an t-ualach tuairiscithe ar fhreagróirí na suirbhéanna;

    21. an leagan amach atá ar an gClár Staidrimh Eorpach;

    22. forbairtí agus tosaíochtaí sa Chlár Staidrimh Eorpach, go háirithe bunaithe ar an tuarascáil ar an meastóireacht eatramhach a bhunaigh an Coimisiún (Eurostat) de réir Airteagal 11(2);

    23. saincheisteanna a bhaineann le rúndacht staidrimh;

    24. aon cheisteanna eile, go háirithe saincheisteanna modheolaíochta, a eascraíonn ó bhunú nó ó chur chun feidhme na gclár staidrimh.

    4. Bunóidh Grúpa Comhpháirtíochta CSE Cód Cleachtais maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus foilseoidh an Coimisiún é. Is é an cuspóir leis an gCód a áirithiú go mbeidh muinín ag an bpobal as an Staidreamh Eorpach tríd an tslí a shocrú ina ndéanfar Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir leis na prionsabail staitistiúla agus leis an gcleachtas staitistiúil is fearr ar bhonn idirnáisiúnta. Déanfar an Cód a athbhreithniú agus a nuashonrú de réir mar is gá.

    Airteagal 5 Institiúidí Náisiúnta Staidrimh agus údaráis náisiúnta eile

    1. Beidh sé de fhreagracht ar an INS i ngach Ballstát na gníomhaíochtaí go léir ar leibhéal náisiúnta a chomhordú chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear an fhoráil seo i bhfeidhm.

    2. Coimeádfaidh agus foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) ar a shuíomh gréasáin liosta de na húdaráis náisiúnta eile atá ainmnithe ag na Ballstáit.

    3. Féadfaidh na hINSanna agus na húdaráis náisiúnta eile atá ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 deontais a fháil gan glaoch ar thairiscintí.

    Airteagal 6 An Coimisiún (Eurostat)

    1. Áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), ar leibhéal an Chomhphobail, go dtáirgfear Staidreamh Eorpach i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail staitistiúla atá socraithe; i ndáil leis sin, is ar an gCoimisiún (Eurostat) amháin a bheidh an fhreagracht as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, modhanna staitistiúla, caighdeáin agus nósanna imeachta, agus as inneachar agus tráthúlacht na ráiteas staidrimh.

    2. Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais (CEBC) agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) comhordú ar ghníomhaíochtaí staitistiúla institiúidí agus chomhlachtaí an Chomhphobail, go háirithe d'fhonn comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí a áirithiú agus an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) cuireadh a thabhairt d'aon institiúid no d'aon chomhlacht de chuid an Chomhphobail dul i gcomhairle agus i gcomhar leis d'fhonn modhanna agus córais a fhorbairt ar chúiseanna staitistiúla faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach; rachaidh aon cheann de na hinstitiúidí agus na comhlachtaí a thograíonn staidreamh a tháirgeadh i gcomhairle leis an gCoimisiún (Eurostat) agus cuirfear aon mholadh a d'fhéadfadh sé a dhéanamh chuige sin a chur san áireamh.

    Airteagal 7 Comhar le comhlachtaí eile

    Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus leis an gCoiste Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach.

    Airteagal 8 Comhar le CEBC

    Chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus an comhchuibheas is gá a chinntiú chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, oibreoidh CEBE agus CSE go dlúth le chéile, agus na prionsabail staitistiúla á gcomhlíonadh acu.

    Airteagal 9 Comhar idirnáisiúnta

    Gan dochar do staid Bhallstáit ar leith, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) comhordú ar staid CSE maidir le saincheisteanna atá fíor-ábhartha do Staidreamh Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta mar aon leis na socruithe sonracha a bhaineann le hionadaíocht ar chomhlachtaí idirnáisiúnta staidrimh.

    Airteagal 10 Cáilíocht staidrimh

    1. Chun cáilíocht torthaí a ráthú, táirgfear Staidreamh Eorpach bunaithe ar chaighdeáin aonfhoirmeacha agus ar mhodhanna comhchuibhithe. I ndáil leis seo, beidh feidhm ag na gnéithe cáilíochta seo a leanas:

    25. tagraíonn 'ábharthacht' don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha agus fhéidearthacha na n-úsáideoirí;

    26. tagraíonn 'cruinneas' do cé chomh gar is a bhfuil na meastacháin do na fíorluachanna nach bhfuil ar eolas;

    27. tagraíonn 'tráthúlacht' don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an imeacht nó an feiniméan atá i dtrácht san fhaisnéis;

    28. tagraíonn 'poncúlacht' don aga moille idir dháta eisiúna an dáta agus an spiocdháta ar chóir é a bheith seachadta;

    29. tagraíonn 'inrochtaineacht' agus 'soiléire' do na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe trína bhfaigheann, trína n-úsáideann agus trína dtuigeann na húsáideoirí na sonraí;

    30. tagraíonn 'comparáideacht' don mhéid tionchair a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa, uirlisí tomhais agus nósanna imeachta staidrimh fheidhmigh nuair a dhéantar comparáid idir staidreamh agus limistéir gheografacha, fearainn earnálacha nó ragobair;

    31. tagraíonn 'comhchuibheas' do cé chomh leordhóthanach is atá na sonraí chun iad a chomhcheangal go hiontaofa i slite éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

    2. Agus na gnéithe cáilíochta atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm ar an staidreamh atá folaithe ag reachtaíocht earnálach i bhfearainn staitistiúla shonracha, saineoidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta dá bhforáiltear sa reachtaíocht earnálach i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Féadfar riachtanais shonracha cáilíochta, mar spriocluachanna agus mionchaighdeáin don táirgeadh staidrimh a leagan síos sa reachtaíocht earnálach. Sa chás nach ndéantar foráil dó sa reachtaíocht earnálach, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    3. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a mheas agus foilseoidh sé na tuarascálacha.

    CAIBIDIL III Táirgeadh Staidrimh Eorpaigh

    Airteagal 11An Clár Staidrimh Eorpach

    1. Soláthróidh an Clár Staidrimh Eorpach an creat chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhartha atá beartaithe do thréimhse nach faide ná cúig bliana. Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chinnfidh an Clár.

    2. I gcás gach Cláir Staidrimh Eorpaigh, leagfaidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le linn an tríú bliain de chur chun feidhme an chláir tuarascáil ar an meastóireacht eatramhach agus tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dheireadh thréimhse an chláir tuarascáil ar an meastóireacht chríochnaitheach.

    Airteagal 12 Cur chun feidhme an Chláir Staidrimh Eorpaigh

    1. Is trí ghníomhartha staitistiúla ar leith a chuirfear an Clár Staidrimh Eorpach chun feidhme agus cinnfear iad i gcibé ceann de na bealaí seo a leanas:

    32. trí chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; nó

    33. i gcásanna eisceachtúla, trí chinneadh ón gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 15; nó

    34. trí chomhaontú idir na húdaráis náisiúnta agus Eurostat faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach. Beidh na comhaontuithe seo i scríbhinn.

    2. Trí ghníomh dá dtagraítear i míreanna 1(a) agus 1(b) a dhéanamh, soláthróidh an Coimisiún na cuspóirí leis an ngníomh agus anailís ar éifeachtúlacht costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach tuairiscithe ar fhreagróirí.

    Airteagal 13 Líonraí comhoibríocha

    Forbrófar sineirgíochtaí, nuair is féidir, sna gníomhartha staitistiúla ar leith, laistigh de CSE trí líonraí comhoibríocha, trí shaineolas agus torthaí a roinnt nó trí speisialtóireacht i gcúraimí sonracha a chothú. Forbrófar struchtúr airgeadais leordhóthanach chuige sin.

    Airteagal 14 Cur chuige Eorpach i leith an staidrimh

    1. Is é is aidhm don Chur chuige Eorpach i leith an Staidrimh:

    35. infhaighteacht agus tráthúlacht na n-iomlán Eorpach a uasmhéadú sa chás go bhféadfaidh táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh brath go hiomlán nó i bpáirt ar shonraí náisiúnta arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag údaráis náisiúnta na mBallstát go léir;

    36. tarchur sonraí agus scaoileadh agus athbhreithniú sonraí a bharrfheabhsú sa chás go bhfuil gá le beartas agus le cur chuige comhordaithe a bhunú.

    2. Cinnfear na bearta a bheidh le glacadh sna gníomhartha staitistiúla ar leith atá leagtha síos in Airteagal 12(1) maidir leis na fearainn earnálacha staitistiúla nó i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

    Airteagal 15 Gníomhartha staitistiúla de chuid an Choimisiúin (Eurostat) atá díreach agus sealadach

    Féadfaidh an Coimisiún gníomh staitistiúil atá díreach agus sealadach a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2) ar choinníoll:

    37. nach rachaidh an gníomh thar fhad an Chláir Staidrimh Eorpaigh atá i bhfeidhm an tráth sin;

    38. go bhfuil na sonraí le bailiú ar fáil cheana nó inrochtana laistigh de na húdaráis náisiúnta freagracha, nó go bhféadfar na sonraí a fháil go díreach, trí na samplaí cuí a úsáid chun breathnú ar an tiomsú staitistiúil daonra ar leibhéal Eorpach.

    Airteagal 16Clár oibre bliantúil

    Gach bliain, roimh dheireadh na Bealtaine, cuirfidh an Coimisiún a chlár oibre don bhliain ina dhiaidh sin faoi bhráid an Choiste CSE chun críocha scrúdaithe. Tabharfar le fios, go háirithe, sa chlár oibre:

    39. na gníomhartha a mheasann an Coimisiún go bhfuil tosaíocht acu, ag cur riachtanais bheartais an Chomhphobail agus srianta airgeadais náisiúnta agus Comhphobail san áireamh;

    40. na nósanna imeachta agus aon ionstraimí dlí a bheartaíonn an Coimisiún chun an clár a chur chun feidhme.

    Cuirfidh an Coimisiún tuairimí an Choiste CSE san áireamh go lánmhaith.

    CAIBIDIL IV Scaipeadh Staidrimh Eorpaigh

    Airteagal 17Bearta maidir le scaipeadh

    1. Scaipfear an Staidreamh Eorpach i gcomhréir leis na prionsabail staitistiúla, go háirithe maidir le rúndacht staidrimh a chosaint agus rochtain chomhionann a áirithiú mar atá ceangailte faoi phrionsabal na neamhchlaontachta.

    2. Is iad an Coimisiún (Eurostat), na hINSanna agus údaráis náisiúnta eile a scaipfidh Staidreamh Eorpach faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach.

    3. Soláthróidh na Ballstáit agus an Coimisiún an tacaíocht is gá chun rochtain chomhionann a áirithiú do gach aon úsáideoir ar Staidreamh Eorpach.

    Airteagal 18 Comhaid le haghaidh úsáid an phobail

    Féadfar sonraí leithleacha a scaipeadh i bhfoirm comhaid le haghaidh úsáid an phobail ina mbeidh taifid a bheidh i ndíth ainm a ullmhaíodh ar shlí ar leith ionas nach bhféadfaí ábhar na sonraí staidrimh a shainaithint nuair a chuirtear na modhanna ábhartha uile san áireamh a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnach.

    CAIBIDIL V Rúndacht Staidrimh

    Airteagal 19Cosaint sonraí rúnda faoi chuimsiú CSE

    1. Beidh feidhm ag na rialacha agus na bearta seo a leanas chun a áirithiú go n-úsáidfear sonraí rúnda ar chúiseanna staitistiúla amháin agus chun a chosc go nochtfar iad go neamhdhleathach.

    2. Áiritheoidh na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) go n-úsáidtear na sonraí rúnda ar chúiseanna staitistiúla amháin murar thoiligh ábhair na sonraí staidrimh i scríbhinn iad a úsáid ar aon chúiseanna sonracha eile.

    3. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) torthaí staitistiúla a fhágann go bhféadtar ábhar sonraí staidrimh a shainaithint a scaipeadh i gcásanna eisceachtúla; cinnteofar na coinníollacha sonracha de réir Dhlí an Chomhphobail. Leasófar na torthaí sin sa tslí is nach ndéanfaidh a scaipeadh dochar do rúndacht staidrimh má iarrann ábhar na sonraí staidrimh amhlaidh.

    4. Glacfaidh na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) gach beart rialaitheach, riaracháin, teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun comhchuibhiú na modhanna, na gcritéar agus na gcleachtas a áirithiú faoi chuimsiú CSE maidir le cosaint fhisiceach agus loighiciúil na sonraí staidrimh (Rialú ar Nochtadh Staidrimh).Glacfaidh an Coimisiún na bearta a áiritheoidh cur chun feidhme na chéad fhomhíre i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    5. Beidh dulagas ar oifigigh agus ar fhoirne eile de chuid na n-údarás náisiúnta ag a mbeidh rochtain ar shonraí rúnda rúndacht dá leithéid a chomhlíonadh, fiú i ndiaidh dóibh a bhfeidhmeanna a scor.

    Airteagal 20 Tarchur sonraí rúnda

    1. Féadfar sonraí rúnda a tharchur idir na húdaráis náisiúnta agus idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat), ar choinníoll go bhfuil gá na sonraí sin a tharchur chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ní mór aon sonraí breise a tharchuirtear a bheith údaraithe go sainráite ag an údarás náisiúnta a bhailigh na sonraí.

    2. Ní fhéadfar rialacha náisiúnta a bhaineann le rúndacht staidrimh a agairt chun cosc a chur le tarchur sonraí rúnda i gcás ina bhforáiltear le hionstraim de dhlí an Chomhphobail go dtarchuirfear na sonraí sin.

    3. Féadfar sonraí rúnda a mhalartú ar chúiseanna staitistiúla idir CSE agus CEBC nuair a mheastar gur gá iad a mhalartú amhlaidh chun Staidreamh Eorpach nó Staidreamh CEBE a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus má fhoráiltear go sainráite amhlaidh i ndlí an Chomhphobail.

    4. Beidh feidhm ag na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na sonraí rúnda go léir a tharchuirtear laistigh de CSE agus idir CSE agus CEBE.

    Airteagal 21 Cosaint sonraí rúnda sa Choimisiún (Eurostat)

    1. Ní bheidh sonraí rúnda inrochtana, faoi réir eisceachtaí atá leagtha síos i mír 2, ach d'oifigigh an Choimisiúin (Eurostat) amháin agus iadsan amháin a fhéadfaidh na sonraí a úsáid go heisiach ar chúiseanna staitistiúla.

    2. Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcásanna eisceachtúla, rochtain a thabhairt ar shonraí rúnda d'fhoirne eile agus do dhaoine nádúrtha atá fostaithe ag an gCoimisiún (Eurostat) faoi chonradh.

    3. Ní úsáidfidh na daoine sin a bhfuil rochtain acu ar shonraí rúnda na sonraí sin ach amháin chun na críocha atá leagtha síos sa Rialachán seo. Beidh siad faoi réir an tsriain sin fiú i ndiaidh dóibh a bhfeidhmeanna a scor.

    Airteagal 22 Rochtain ar shonraí rúnda ar chúiseanna taighde

    Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) rochtain ar shonraí rúnda a thabhairt ar leibhéal an Chomhphobail do thaighdeoirí atá i mbun mionscrúduithe staitistiúla ar chúiseanna eolaíocha. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig Eurostat beidh gá cead a fháil ón údarás náisiúnta a sholáthar na sonraí.

    Is é an Coimisiún a shocróidh na rialacha mionsonraithe, téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Airteagal 23 Rochtain ar thaifid riaracháin

    Chun an t-ualach tuairiscithe ar fhreagróirí a laghdú, beidh rochtain ag na húdaráis náisiúnta agus ag an gCoimisiún (Eurostat) ar fhoinsí sonraí riaracháin, i réimsí gníomhaíochta a riaracháin phoiblí féin faoi seach, a mhéad a bheidh gá leis na sonraí sin chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    Is é an Ballstát féin faoi seach, nuair is gá, agus an Coimisiún a chinnfidh faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, na socruithe praiticiúla agus na teorainneacha agus na coinníollacha maidir le rochtain éifeachtúil a bhaint amach.

    Airteagal 24 Sonraí ó fhoinsí poiblí

    Ní mheasfar go bhfuil sonraí a fhaightear ó fhoinsí atá ar fáil don phobal de réir an dlí ina sonraí rúnda chun críche scaipthe na faisnéise staidrimh a fhaightear ó na sonraí sin.

    Airteagal 25 Comhaontú ábhar na sonraí staidrimh

    Ní chuirfidh rúndacht staidrimh aon bhac maidir le scaipeadh sonraí i gcás inar comhaontaíodh le hábhar na sonraí na sonraí sin a nochtadh.

    Airteagal 26 Sárú ar an rúndacht staidrimh

    Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun cosc a chur le sárú ar an rúndacht staidrimh agus pionóis a fhorchur i leith sáraithe dá leithéid.

    CAIBIDIL VI Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 27Coiste

    1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, dá ngairtear an Coiste CSE anseo feasta.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    3. Nuair a dhéantar tagairt don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Airteagal 28 Aisghairm

    1. Aisghairtear Rialachán (Euratom, CE) [ Uimh .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach [COIM(2006)477] ].

    Déanfar na tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Déanfar na tagairtí don Choiste um Rúndacht Staidrimh a bunaíodh faoin Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE a bunaíodh faoi Airteagal 27 den Rialachán seo.

    2. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 322/97.

    Déanfar na tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    3. Aisghairtear Treoir 89/382/CEE, Euratom.

    Déanfar na tagairtí don Choiste a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE a bunaíodh faoi Airteagal 27 den Rialachán seo.

    Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).

    [2] Teachtaireacht ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, iontaofacht agus freagracht na n-údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail agus Moladh ón gCoimisiún maidir le neamhspleáchas, iontaofacht agus freagracht na n-údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail (COIM(2005)217).

    [3] Togra maidir le Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialú Staidrimh Eorpaigh (COIM(2006)599).

    [4] Togra maidir le Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Coiste Comhairleach Eorpach um Beartas Faisnéise Staidrimh an Chomhphobail (COIM(2006)653).

    [5] IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

    [6] IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

    [7] IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.

    [8] IO L 358, 31.12.2002, lch. 1 .

    [9] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 14 Samhain 2006 maidir le laghdú ar an ualach tuairiscithe, simpliú agus socrú tosaíochtaí i réimse staidrimh Comhphobail (COIM(2006)693).

    [10] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún an 24 Eanáir 2007 – Clár Gníomhaíochta um Ualach Riaracháin a laghdú san Aontas Eorpach (COIM(2007)23).

    [11] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún an 24 Deireadh Fómhair 2007 – An chéad tuarascáil ar chur chun feidhme na gníomhaíochta creata " Acquis Communautaire a nuashonrú agus a shimpliú". COIM(2003) 623).

    [12] IO C […], […], lch. […].

    [13] IO C […], […], lch. […].

    [14] IO L 357, 31.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2007.

    [15] IO L 318, 27.11.1998, lch. 8.

    [16] IO L 332, 30.11.2006, lch. 21.

    [17] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

    [18] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

    [19] IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

    [20] IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.

    [21] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    [22] IO C […], […], lch. […].

    [23] IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

    [24] IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

    [25] IO L 133, 18.5.2002, lch. 7. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1104/2006 (IO L 197, 19.7.2006, lch. 3).

    [26] IO L 156, 30.4.2004, lch. 1, arna cheartú le IO L 202, 7.6.2004, lch. 1. Cinneadh arna leasú go deireanach le Cinneadh 2007/439/CE (IO L 164, 26.6.2007, lgh. 30-31).

    Top