Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0619

    Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    /* COIM/2007/0619 leagan deireanach - COD 2007/0216 */

    52007PC0619

    Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) /* COIM/2007/0619 leagan deireanach - COD 2007/0216 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil 18.10.2007

    COIM(2007) 619 leagan deireanach

    2007/0216 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA |

    110 | Forais agus cuspóirí an togra Níl aon díolúintí ón oibleagáid méarloirg a thabhairt le fáil i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit. Dá bhrí sin, is gá forálacha a chur isteach sa Rialachán chun go saorfar ón gceanglas sin leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois agus daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt. |

    120 | Comhthéacs ginearálta Ghlac an Chomhairle, an 13 Nollaig 2004, Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit[1]. Tráth an togra ón gCoimisiún agus le linn plé a dhéanamh air i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, ní raibh aon taithí ar fáil maidir le sonraí bithmhéadrachta a úsáid go forleathan i ndoiciméid taistil. Ní raibh na teicneolaíochtaí nua sin trína gcuirtear sliseanna ar a bhfuil sonraí bithmhéadrachta isteach i ndoiciméid curtha i bhfeidhm go fóill agus ní raibh aon tástálacha déanta ina leith. Ba dhealraitheach agus treoirthionscadail ar bun i roinnt Ballstát nach raibh méarloirg leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois ar chaighdeán ard go leor chun céannacht na leanaí sin a fhíorú bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith méarlorg. Thairis sin, beidh na méarloirg sin faoi réir athruithe tábhachtacha a fhágann go mbeadh sé deacair iad a sheiceáil le linn tréimhse iomlán bailíochta an phas. Níor chóir é a fhágáil faoin reachtaíocht náisiúnta, ar chúiseanna dlí agus slándála araon, sainmhíniú a thabhairt ar na díolúintí ón oibleagáid méarloirg a thabhairt i gcomhair pasanna agus i gcomhair doiciméad taistil eile arna n-eisiúint ag Ballstáit. Dá bhrí sin, is é atá beartaithe ag an gCoimisiún Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú chun díolúintí comhchuibhithe a chur ar fáil: Ba chóir go mbeadh leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois agus daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt saor ón gceanglas seo. Thairis sin, déanfar prionsabal "pas amháin, duine amháin" a thabhairt isteach mar bheart slándála forlíontach agus d'fhonn cosaint bhreise a thabhairt do leanaí. Tá an cur chuige seo molta freisin ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) agus áirithítear gur le sealbhóir an phas amháin a nasctar an pas agus na gnéithe bithmhéadrachta. Is sláine a phas nó a pas féin a bheith ag gach aon duine. Más rud é, mar shampla, go n-eisítear pas agus go n-áirítear leanaí an tsealbhóra ar an bpas sin, gan ach ainmneacha na leanaí a chur in iúl gan ghrianghraif, ní chuirtear ach na sonraí bithmhéadrachta a bhaineann leis an tuismitheoir ar an tslis. Ní stórálfaí faisnéis bithmhéadrachta na leanaí. I ngeall air sin, ní fhéadtar céannacht na leanaí a sheiceáil i slí iontaofa. D'fhéadfadh sé seo gáinneáil ar leanaí a éascú. Dá dtabharfaí isteach prionsabal "duine amháin, pas amháin" sheachnófaí an éifeacht dhiúltach seo. Nós imeachta coiste nua Rinne Cinneadh 2006/512/CE leasú ar Chinneadh 1999/468/CE, leasú a rinne nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh. Bunaítear nós imeachta Coiste le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 d'fhonn na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhorbairt, sonraíochtaí a bhfuil gá leo chun an Rialachán a chur chun feidhme. Ní dhéantar aon athrú ar an Rialachán. Is comhlánú ar an Rialachán na sonraíochtaí teicniúla agus leagtar síos iontu, mar shampla, an chaoi ina ndaingnítear an rochtain ar an tslis. Más rud é gur gá na sonraíochtaí teicniúla seo a choimeád faoi rún ionas nach bhfaighidh brionnóirí nó daoine drochintinneacha rochtain orthu d'fhonn iad a úsáid chun críocha drochaigeanta féadfaidh an coiste coisteolaíochta breith a thabhairt de réir Airteagal 3 go gcoimeádfar faoi rún iad. Ní dhéanfaidh an cinneadh coisteolaíochta seo difear don Rialachán ach an oiread. Ní dhéanann sé ach ceanglais an Rialacháin a fhorghníomhú, eadhon na doiciméid taistil a fhágáil níos sláine. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta coiste lena ngabhann grinnscrúdú. |

    Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Is é atá mar aidhm leis an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú mar nach bhfuil aon díolúintí ón gceanglas méarloirg a thabhairt folaithe sa Rialachán. Dá bhrí sin, is gá cur leis an reachtaíocht reatha chun prionsabal "duine amháin, pas amháin" a thabhairt isteach agus chun díolúine ón gceanglas seo a thabhairt i gcás leanaí atá faoi bhun 6 bliana d'aois agus i gcás daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt. |

    141 | Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Neamh-infheidhmithe. |

    COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

    Comhairliúchán le páirtithe leasmhara |

    219 | Is leasú é an Rialachán seo ar Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 atá ann cheana. Maidir leis an gcéad leasú, an díolúine ón oibleagáid méarloirg a thabhairt, rinneadh plé air agus plé á dhéanamh roimhe seo ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) nuair a chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) agus le meitheal Airteagal 29 um chosaint sonraí. Dhearbhaigh an MECS, mar a dearbhaíodh agus plé á dhéanamh ar an Leasú ar na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le tabhairt isteach gnéithe bithmhéadrachta, gur chóir nósanna imeachta ionadúla a thabhairt isteach do na daoine sin ar a bhfuil sé dodhéanta aitheantóirí bithmhéadrachta a thabhairt. Maidir leis an dara leasú, tabhairt isteach phrionsabal "duine amháin, pas amháin", tá formhór na mBallstát ag déanamh de réir an phrionsabail seo mar go bhfuil sé molta freisin ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. |

    Bailiú agus úsáid saineolais |

    229 | Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach breise (féach thuas). |

    230 | Measúnú iarmharta Níor cuireadh measúnú iarmharta i gcrích. Is comhlánú ar Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 is ea an togra. Tugtar isteach prionsabal "duine amháin, pas amháin" agus díolmhaítear ón gceanglas méarloirg a thabhairt leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois agus daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcéad phointe, tá formhór na mBallstát ag déanamh de réir an phrionsabail cheana féin agus, dá bhrí sin, ní thabhófar aon chostas breise ar na Ballstáit sin. Thairis sin, is léir do Bhallstáit a eisíonn pasanna teaghlaigh cheana féin go bhfuil deis ann pasanna leithleacha a eisiúint, arna iarraidh sin ag an iarratasóir, mar go bhfuil siad riachtanach, mar shampla, chun turas a thabhairt ar na Stáit Aontaithe. Dá bhrí sin, ní chruthófar aon chostas breise sna cásanna seo ach an oiread. Beidh ar na saoránaigh, áfach, roinnt costas breise a thabhú. Beidh orthu táille a íoc i leith gach aon phas. Ní gá an pas, áfach, ach i gcomhair taistil chuig tríú tíortha mar gur leor cárta aitheantais chun taisteal laistigh den AE. Thairis sin, bheadh an taisteal níos sábháilte mar go mbeadh na leanaí cosanta níos fearr. Maidir leis an dara pointe, is é sin na díolúintí ón oibleagáid méarloirg a thabhairt, tá an leasú mar fhreagairt ar an iarraidh nósanna imeachta ionadúla a thabhairt isteach. |

    EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA |

    305 | Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Is é atá beartaithe ag an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 chun na díolúintí ón gceaglas seo a chomhchuibhiú, díolúintí nach bhféadfaí déanamh dá éagmais i leith leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois agus daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt. Thairis sin, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil doiciméad a chinntiú, tugtar isteach an prionsabal ginearálta atá molta freisin ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), prionsabal dá ngairtear "duine amháin, pas amháin". Cuideoidh an cur chuige seo le gáinneáil ar leanaí a sheachaint. Beidh a bpasanna féin ag gach leanbh, lena n-aitheantóirí bithmhéadrachta féin, agus éascóidh sé seo na seiceálacha ag teorainneacha. |

    310 | Bunús dlí Airteagal 62 (2) (a) de Chonradh CE. |

    329 | Prionsabal na coimhdeachta Ghlac an Comhphobal Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004. Is faoin gComhphobal atá sé freisin comhchuibhiú a dhéanamh ar na díolúintí ón oibleagáid méarloirg a thabhairt. |

    Prionsabal na comhréireachta Déanann an togra prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh ar an gcúis / ar na cúiseanna seo a leanas. |

    331 |

    332 | Leasaíonn an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 agus tugtar isteach prionsabal "duine amháin, pas amháin" agus díolmhaítear leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois agus daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt ón gceanglas méarloirg a thabhairt. |

    Rogha ionstraimí |

    341 | An ionstraim atá beartaithe: Rialachán. |

    342 | Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis / ar na cúiseanna seo a leanas. Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 le Rialachán. |

    IMPLEACHT BHUISÉADACH |

    409 | Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail. |

    1. 2007/0216 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2) a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[2],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[3],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Dhaingnigh an Chomhairle Eorpach, Thessaloniki go bhfuil gá le cur chuige comhtháite laistigh den AE maidir le haitheantóirí bithmhéadrachta nó sonraí bithmhéadrachta i gcomhair doiciméad do náisiúnaigh tríú tíortha, i gcomhair phasanna shaoránaigh an AE agus i gcomhair córas faisnéise (VIS agus SIS II).

    (2) Sa chomhthéacs sin, mar chéim thábhachtach i dtreo eilimintí nua a úsáid, a fhágann an doiciméad taistil níos sláine agus a bhunaíonn nasc níos iontaofa idir an sealbhóir agus an pas agus a bheidh ina rannchuidiú tábhachtach lena áirithiú go mbeidh an pas cosanta ar é a úsáid go calaoiseach ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit[4].

    (3) Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 d'oibleagáid ghinearálta méarloirg a thabhairt agus stóráilfear iad ar shlis éadadhaill sa phas. Tá sé léirithe ag taithí ó thástálacha, áfach, go bhfuil gá le díolúintí ón oibleagáid. Ba dhealraitheach agus treoirthionscadail ar bun i roinnt Ballstát nach raibh méarloirg leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois ar chaighdeán ard go leor céannacht na leanaí sin a fhíorú bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith méarlorg. Thairis sin, beidh na méarloirg sin faoi réir athruithe tábhachtacha a fhágann go mbeadh sé deacair iad a sheiceáil le linn tréimhse iomlán bailíochta an phas.

    (4) Is gá na díolúintí ón gceanglas méarlorgaireachta a chomhchuibhiú chun comhchaighdeáin slándála a chothabháil agus d'fhonn na rialuithe ar theorainneacha a shimpliú. Níor chóir é a fhágáil faoin reachtaíocht náisiúnta, ar chúiseanna dlí agus slándála araon, sainmhíniú ar thabhairt ar na díolúintí ón oibleagáid méarloirg a thabhairt i gcomhair pasanna agus i gcomhair doiciméad taistil eile arna n-eisiúint ag Ballstáit.

    (5) Thairis sin, ba chóir prionsabal "pas amháin, duine amháin" a thabhairt isteach mar bheart slándála forlíontach agus d'fhonn cosaint bhreise a thabhairt do leanaí. Tá an cur chuige seo molta freisin ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) agus áirithítear gur le sealbhóir an phas amháin a nasctar an pas agus na gnéithe bithmhéadrachta. Is sláine a bheas má tá a phas nó a pas féin ag gach aon duine.

    (6) Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, i gcomhréir leis an tríú mír d'Airteagal 5 den Chonradh.

    (7) I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá curtha i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb é is aidhm don Rialachán seo, áfach, cur le acquis Schengen faoi fhorálacha chuid a trí de Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle an Rialachán seo a ghlacadh cé acu an ndéanfaidh sí é a thrasuíomh ina dlí náisiúnta nó a mhalairt.

    (8) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen [5] . Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (9) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2000 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen [6] . Dá réir sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (10) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen [7] a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[8].

    (11) Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 4(1) de Chinntí 2004/849/EC[9] agus 2004/860/EC[10] ón gComhairle.

    (12) Dá bhrí sin, ba chóir Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar Airteagal 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú mar seo a leanas:

    (1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):

    "1. Comhlíonfaidh pasanna agus doiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit na mionchaighdeáin slándála mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

    Eiseofar iad mar dhoiciméid leithleacha.";

    (2) cuirtear an t-alt 2a seo i ndiaidh alt 2:

    "2a. Beidh na daoine seo a leanas saor ón gceanglas méarloirg a thabhairt:

    (a) leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois;

    (b) daoine ar a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a thabhairt."

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] IO L 385, 29.12.2004, lch. 1.

    [2] IO C […], […], lch. […].

    [3] IO C […], […], lch. […].

    [4] IO L 385, 29.12.2004, lch. 1.

    [5] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

    [6] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

    [7] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    [8] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

    [9] IO L 368, 15.12.2004, lgh. 26-27

    [10] IO L 370, 17.12.2004, lgh. 78-79

    Top