Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0376

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála náisiúnta (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    /* COIM/2007/0376 leagan deireanach - COD 2007/0129 */

    52007PC0376

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála náisiúnta (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) /* COIM/2007/0376 leagan deireanach - COD 2007/0129 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil 3.7.2007

    COIM(2007) 376 leagan deireanach

    2007/0129 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála náisiúnta

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA |

    110 | Forais agus cuspóirí an togra Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, a dhéanann comhordú córas slándála sóisialta laistigh den AE a nuachóiriú agus a shimpliú, i bhfeidhm i mí Bealtaine 2004 ach níl sé infheidhme fós. Chun go dtiocfaidh an Rialachán chun bheith infheidhme, ní mór a chuid Iarscríbhinní a fhorlíonadh. |

    120 | Comhthéacs ginearálta Gabhann Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a dhéanann foráil faoi láthair maidir le comhordú córas slándála sóisialta. Déantar an reachtaíocht atá ann cheana a nuachóiriú agus a shimpliú leis an Rialachán nua. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 833/2004 nach mór inneachar Iarscríbhinní II agus X a chinneadh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is gá a bhfuil fágtha de na hIarscríbhinní a thabhairt suas chun dáta, go príomha chun riachtanais na mBallstát a d'aontaigh don AE ón dáta a críochnaíodh an Rialachán (29 Aibreán 2004) a chur san áireamh. |

    130 | Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Maidir le hIarscríbhinní II agus X de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, atá folamh faoi láthair, tá forálacha coibhéiseacha acu in Iarscríbhinní III agus IIa de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71. Maidir leis na hIarscríbhinní atá fágtha agus atá á leasú ag an togra seo, tá forálacha iontu cheana i leith roinnt Ballstát, ach is gá iad a fhorlíonadh chun na Ballstáit a d'aontaigh don AE tar éis an 29 Aibreán 2004 a chur san áireamh. Tá forálacha coibhéiseacha ag roinnt de na hIarscríbhinní seo i Rialachán (CEE) 1408/71 freisin. Níl feidhm, áfach, ag Iarscríbhinn I Cuid 1 (airleacain íocaíochtaí cothabhála) agus Iarscríbhinní III agus IV (rialacha speisialta maidir le sochair chúraim sláinte) ach amháin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. |

    141 | Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Neamh-infheidhmithe. |

    COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

    Comhairliúchán le páirtithe leasmhara |

    211 | Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a sonraíodh agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Iarradh ar gach Ballstát aon tograí a theastódh le haghaidh na nIarscríbhinní a thíolacadh i leith a reachtaíochta. Rinne an Coimisiún na tograí a mheas ansin agus phléigh sé sonraí breise le hoifigigh ó na Ballstáit lena mbaineann. |

    212 | Achoimre ar na freagairtí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad Glacadh leis na hiarratais go léir nach mór arna ndéanamh ag Ballstáit. Tarraingíodh siar roinnt díobh tar éis plé leis an gCoimisiún mar cinneadh nach raibh siad riachtanach. |

    Bailiú agus úsáid saineolais |

    229 | Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach. |

    230 | Measúnú iarmharta Déantar an reachtaíocht atá ann cheana a nuachóiriú agus a shimpliú le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Foráiltear leis an Rialachán go ndéanfar inneachar Iarscríbhinní II agus X a chinneadh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin. Ní mór a bhfuil fágtha de na hIarscríbhinní a nuachóiriú chun seasamh na mBallstát a d'aontaigh don AE tar éis an 29 Aibreán 2004 a chur san áireamh. Déanann Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 comhordú scéimeanna slándála sóisialta sna Ballstáit a éascú agus nósanna imeachta atá ann cheana a nuachóiriú agus a shimpliú. Beidh iarmhairt dhearfach aige seo i gcomparáid leis an reachtaíocht atá ann cheana agus feabhsóidh sé nósanna imeachta riaracháin d'úsáideoirí uile an Rialacháin, lena n-áirítear údaráis slándála sóisialta náisiúnta, fostóirí, go háirithe gnóthaí beaga agus meánmhéide, agus saoránaigh aonair. |

    EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA |

    305 | Achoimre ar an ngníomh atá molta Tá forálacha i leith Ballstát aonair i ngach Iarscríbhinn den Rialachán. Foráiltear leis an Rialachán go gcaithfear inneachar Iarscríbhinní II (forálacha coinbhinsiún a fhanfaidh i bhfeidhm) agus X (sochair airgid neamhranníocacha speisialta) a chinneadh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin. Ní mór Iarscríbhinní I, III, IV, VI agus VIII, IX agus XI a oiriúnú chun riachtanais na mBallstát a d'aontaigh don Aontas Eorpach tar éis an 29 Aibreán 2004 a chur san áireamh. Tá mionleasuithe breise ar roinnt Iarscríbhinní ag teastáil chun forbairtí déanacha i mBallstát eile a chur san áireamh. |

    310 | Bunús dlí Airteagail 42 agus 308 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. |

    320 | Prionsabal na coimhdeachta Cuirtear prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm sa mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht an Chomhphobail amháin.. |

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach ar an gcúis/ar na cúiseanna seo a leanas. |

    321 | Éilíonn Airteagal 42 den Chonradh gníomh Comhphobail i bhfoirm bearta comhordaithe i réimse na slándála sóisialta agus tá gá leis chun a áirithiú gur féidir an ceart chun saorghluaiseachta atá leagtha síos sa Chonradh a fheidhmiú go hiomlán. Gan comhordú den sórt sin, bheadh baol ann nach bhféadfaí an tsaorghluaiseacht a oibriú, toisc nach dóigh go mbainfeadh daoine leas as an gceart seo chomh mór céanna dá bhfágfadh sé, go bunúsach, go gcaillfidís cearta slándála sóisialta a fuair siad cheana féin i mBallstát eile. Níl mar aidhm ag reachtaíocht reatha an Chomhphobail maidir le slándáil shóisialta ionad na scéimeanna náisiúnta éagsúla a ghabháil. Is ceart a mheabhrú nach beart comhchuibhithe an Rialachán beartaithe agus nach dtéann sé thar mar is gá le haghaidh comhordú éifeachtach. Go bunúsach is é is aidhm don togra na socruithe atá ann cheana a shimpliú. |

    Éireoidh níos fearr le gníomh Comhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach ar an gcúis/ ar na cúiseanna seo a leanas. |

    324 | Ní féidir scéimeanna slándála sóisialta a chomhordú ach amháin ar leibhéal an Chomhphobail. Is í an aidhm ná a chinntiú go n-oibríonn comhordú scéimeanna slándála sóisialta go héifeachtach ar fud na mBallstát go léir. |

    325 | Maidir le táscairí cáilíochtúla, ós rud é gur beart comhordaithe an togra, ní fhéadfar é a chur in éifeacht ach amháin ar leibhéal an Chomhphobail. Beidh comhordú níos éifeachtaí ar scéimeanna slándála sóisialta na mBallstát mar thoradh ar an togra seo. |

    327 | Fós féin, is faoi na Ballstáit a bheidh sé a gcuid scéimeanna slándála sóisialta féin a eagrú agus a mhaoiniú. |

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. |

    Prionsabal na comhréireachta Déanann an togra prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh ar an gcúis / ar na cúiseanna seo a leanas. |

    331 | Éilíonn Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 an cineál seo gnímh cheana féin toisc go bhfuil na hIarscríbhinní atá á leasú mar chuid den Rialachán seo. |

    332 | Déanann an togra comhordú scéimeanna slándála sóisialta a éascú do na Ballstáit agus, dá bhrí sin, is chun leasa na saoránach agus na n-údarás náisiúnta slándala sóisialta é. |

    Rogha ionstraimí |

    341 | Ionstraimí beartaithe: rialachán. |

    342 | Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis / ar na cúiseanna seo a leanas. Níl aon rogha eile ann mar éilíonn Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 an cineál seo gnímh cheana féin toisc go bhfuil na hIarscríbhinní mar chuid den Rialachán seo. |

    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA |

    409 | Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail. |

    FAISNÉIS BHREISE |

    510 | Simpliú |

    511 | Forálann an togra do shimpliú reachtaíochta. |

    512 | Tá rialacha agus nósanna imeachta simplithe i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 le hais an tseanrialacháin, Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71. |

    560 | An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin, ba chóir dó an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach a chlúdach. |

    570 | Míniú mionsonraithe ar an togra Le Pointe 1 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le hairleacain íocaíochtaí cothabhála (Cuid 1) agus le liúntais speisialta luí seoil nó uchtála (Cuid 2). Foráiltear in Airteagal 1(z) den Rialachán nach "sochair theaghlaigh" iad na híocaíochtaí agus liúntais atá liostaithe in Iarscríbhinn I de réir bhrí an Rialacháin. Dá bhrí sin, tá na híocaíochtaí agus liúntais atá liostaithe in Iarscríbhinn I lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin. Cuireann an fhoráil leasaitheach roinnt sochar leis na liostaí san Iarscríbhinn. Is é Pointe 2 den Iarscríbhinn a chinnfidh inneachar Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le coinbhinsiúin dhéthaobhacha a fhanfaidh i bhfeidhm idir na Ballstáit. Foráiltear in Airteagal 8(1), de ghnáth, go ngabhann an Rialachán ionad aon choinbhinsiún slándála sóisialta idir na Ballstáit, ar coinbhinsiúin iad a thagann faoina raon feidhme. Leanfaidh na coinbhinisiúin sin, áfach, d'fheidhm a bheith acu ar choinníoll go bhfuil siad níos fabhraí do na tairbhithe, nó má éiríonn siad as imthosca stairiúla sonracha agus má tá a n-éifeacht teoranta ó thaobh ama. Tá na coinbhinsiúin sin liostaithe in Iarscríbhinn II. Ní bhaineann roinnt de na coinbhinsiúin seo leis na daoine go léir a bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leo; tá na coinbhinsiúin sin liostaithe i gCuid B den Iarscríbhinn. Tá na hiontrálacha cosúil, a bheag nó a mhór, leis na hiontrálacha in Iarscríbhinn III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, arb é an fhoráil reatha é a fhreagraíonn d'Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Le Pointe 3 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le srian ar chearta chun sochar comhchineáil (cúram sláinte) do bhaill de theaghlach oibrí imeallchríche. Faoi Airteagal 17 den Rialachán, beidh aon duine a bhfuil cónaí air lasmuigh den Bhallstát inniúil (an stát atá freagrach as slándáil shóisialta a sholáthar) árachaithe le haghaidh cúraim sláinte sa stát inniúil, ach beidh sé i dteideal cúram sláinte a fháil sa tír ina bhfuil cónaí air amhail is dá mbeadh sé árachaithe ansin; baineann sé seo le baill de theaghlach an duine árachaithe freisin. Foráiltear in Airteagal 18(1) den Rialachán go bhféadfaidh na daoine sin cúram sláinte iomlán a fháil i stát inniúil i gcás ina dtéann siad chun fanacht go sealadach sa stát sin. Foráiltear le hAirteagal 18(2) gur eisceacht iad baill de theaghlach oibrí imeallchríche. (Sainmhínítear "oibrí imeallchríche" in Airteagal 1(f) mar dhuine atá ag obair i mBallstát amháin agus a bhfuil cónaí air i mBallstát eile, ar choinníoll go bhfilleann siad ar an mBallstát cónaithe ar a laghad uair sa tseachtain.) I gcás ina dtéann baill de theaghlach oibrí imeallchríche chun fanacht go sealadach sa stát inniúil, má tá an Ballstát lena mbaineann liostaithe in Iarscríbhinn III, beidh siad i dteideal cúram sláinte a fháil ar bhonn Airteagal 19. An toradh a bheidh air seo ná nach mbeidh na daoine sin i dteideal ach na sochair níos teoranta a áirítear san Airteagal sin a fháil (cóireáil a thiocfaidh chun bheith riachtanach ar fhorais liachta le linn na fanachta). Cuireann an fhoráil leasaitheach roinnt Ballstát leis na liostaí san Iarscríbhinn. Le Pointe 4 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le leathnú ar chearta chun sochar comhchineáil do phinsinéirí a bheidh ag filleadh ar an mBallstát inniúil. Foráiltear le hAirteagal 27(1) den Rialachán go mbeidh pinsinéirí agus a mbaill teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Bhallstát i dteideal, de ghnáth, cúram sláinte a fháil ar bhonn Airteagal 19 (féach thíos) nuair a théann siad chun fanacht go sealadach i mBallstát eile. Foráiltear le hAirteagal 27(2), áfach, go bhféadfaidh na daoine sin cúram sláinte iomlán a fháil nuair a rachaidh siad chun fanacht sa stát inniúil, ar choinníoll go mbeidh an Ballstát lena mbaineann liostaithe in Iarscríbhinn IV. An toradh a bheidh air seo ná go mbeidh na daoine sin i dteideal cúram sláinte iomlán a fháil seachas na sochair theoranta a áirítear in Airteagal 19. Cuireann an fhoráil leasaitheach roinnt Ballstát leis na liostaí san Iarscríbhinn. Níl Iarscríbhinn V de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 á leasú toisc nach ndearna aon Bhallstát aon iarrataí ar athruithe ar an Iarscríbhinn seo. Le Pointe 5 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn VI de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le reachtaíocht chineál A a aithint, ar reachtaíocht í atá faoi réir comhordú speisialta. Faoi Airteagal 44(1), is reachtaíocht "reachtaíocht chineál A" faoina mbeidh méid na sochar easláine neamhspleách ar fhad na dtréimhsí árachais nó cónaithe, agus a áirítear go sainráite in Iarscríbhinn VI. Beidh sochair chineál A faoi réir córais speisialta do chomhordú slándála sóisialta; de ghnáth, maidir le duine a bheidh i dteideal sochair chineál A, gheobhaidh sé sochar easláine iomlán ón mBallstát a n-eascróidh an teideal faoina reachtaíocht. (Tá sé seo i gcodarsnacht le córas chineál B, ina bhfaigheann duine sochair ar leith ó gach Ballstát ina raibh sé árachaithe, agus gach sochar á ríomh ar bhonn pro rata.) Cuireann an fhoráil leasaitheach reachtaíocht shonrach de chuid roinnt Ballstát leis an liosta san Iarscríbhinn. Le Pointe 6 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn VII de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le comhréireacht idir na Ballstáit maidir leis an ngrád easláine. Faoi Airteagal 46 den Rialachán, i gcás ina mbeidh duine i dteideal sochar easláine ó níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh gach Ballstát an grád easláine a chinneadh go neamhspleách. Foráiltear le hAirteagal 46(3), áfach, go mbeidh cinneadh maidir le heasláine arna ghlacadh ag Ballstát amháin ina cheangal ar Bhallstát eile, i gcás ina mbeidh comhréireacht idir reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann maidir le coinníollacha a bhaineann leis an ngrád easláine léirithe in Iarscríbhinn VII. Baineann Iarscríbhinn VII faoi láthair le comhréireacht idir ceithre Bhallstát: An Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil agus Lucsamburg. Mar gheall ar athruithe le déanaí ar reachtaíocht náisiúnta Lucsamburg, níl aon chomhréireacht a thuilleadh idir reachtaíocht Lucsamburg agus reachtaíocht na mBallstát eile agus, dá bhrí sin, déantar na hiontrálacha a bhaineann le Lucsamburg a bhaint den Iarscríbhinn. Le Pointe 7 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn VIII de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le cásanna ina bhféadfar ríomh pro rata na sochar a tharscaoileadh (Cuid 1) nó le cásanna nach mbeidh feidhm ag an gcéanna (Cuid 2). Faoi Airteagal 52(4) den Rialachán, féadfar ríomh pro rata na sochar a tharscaoileadh i gcás ina mbeadh ríomh an tsochair neamhspleáigh (faoi reachtaíocht aon Bhallstát amháin) ar cóimhéid leis an sochar pro rata nó i gcás gur mó ná an sochar sin é. Faoi Airteagal 52(5), ní bheidh feidhm ag an ríomh pro rata nuair nach mbaineann tréimhsí ama leis an ríomh (mar shampla, scéimeanna maoinithe). Chun go mbeidh feidhm ag na heisceachtaí in Airteagal 52, ní mór do na scéimeanna lena mbaineann a bheith liostaithe in Iarscríbhinn VIII. Comhaontaíodh cuid de na leasuithe ar Airteagal 52 agus Iarscríbhinn VIII le linn na gcaibidlí sa Chomhairle maidir leis an togra le haghaidh Iarscríbhinn XI (Doiciméad 15598/06 SOC 556 CODEC 1352 ón gComhairle). Folóidh Iarscríbhinn VIII arna leasú leis an togra sin iontrálacha do na Ballstáit go léir seachas don Bhulgáir agus don Rómáin. Dá bhrí sin, cuireann an fhoráil leasaitheach iontrálacha leis an Iarscríbhinn don Bhulgáir agus don Rómáin amháin. Le Pointe 8 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn IX de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le sochair fhorluiteacha. Féadfaidh rialacha in aghaidh na forluiteachta a bheith ag Ballstáit d'fhonn a chosc ar dhuine ar bheith i dteideal dhá shochar chomhchosúla i leith na tréimhse céanna. Cuireann Airteagal 54 den Rialachán srian le feidhmiú rialacha Ballstát in aghaidh na forluiteachta. Ní bheidh feidhm ag na rialacha seo maidir le sochar pro rata agus ní bheidh feidhm acu maidir le sochar neamhspleách ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh an sochar sin na critéir in Airteagal 54(2) agus go bhfuil sé liostaithe in Iarscríbhinn IX. Is iad na critéir in Airteagal 54(2) ná nach mbeidh méid an tsochair ag brath ar fhad na dtréimhsí árachais nó cónaithe (Cuid I den Iarscríbhinn), nó go ndéanfar an sochar a chinneadh ar bhonn tréimhse creidiúnaithe (Cuid II den Iarscríbhinn). Tá eisceacht ann maidir le comhaontuithe atá liostaithe i gCuid III den Iarscríbhinn. Cuireann an fhoráil leasaitheach reachtaíocht shonrach de chuid roinnt Ballstát leis na liostaí san Iarscríbhinn. Cinneann Pointe 9 den Iarscríbhinn inneachar Iarscríbhinn X de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le sochair speisialta airgid neamhranníocacha. Soláthraíonn Airteagal 70 den Rialachán rialacha speisialta maidir leis an gcineál seo sochair mheasctha slándála/cúnaimh sóisialta. Murab ionann agus na sochair eile lena mbaineann an Rialachán, ní féidir sochair speisialta airgid neamhranníocacha a onnmhairiú. Is é sin le rá, ní bheidh siad iníoctha ach amháin nuair a bheidh cónaí ar an bhfaighteoir sa Bhallstát a íocann an sochar. Tá liosta san Iarscríbhinn de shochair speisialta airgid neamhranníocacha do gach Ballstát. Tá na hiontrálacha san Iarscríbhinn cosúil, a bheag nó a mhór, leis na hiontrálacha in Iarscríbhinn IIa de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, arb é an fhoráil reatha é a fhreagraíonn d'Iarscríbhinn X de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Le Pointe 10 den Iarscríbhinn, leasaítear Iarscríbhinn XI de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le rialacha speisialta i dtaobh reachtaíocht na mBallstát a chur chun feidhme. Foráiltear dó seo le hAirteagal 83 den Rialachán. Tá ailt ar leith in Iarscríbhinn XI do gach Ballstát, ina bhfuil, nuair is gá, forálacha forlíontacha maidir le gnéithe sonracha de reachtaíocht an Bhallstáit sin. Is é is cuspóir do gach iontráil a chinntiú go bhféadfar an Rialachán a chur chun feidhme go réidh sa Bhallstát lena mbaineann. Tíolacadh togra le haghaidh na hIarscríbhinne seo cheana féin (Doiciméid 5672/06 SOC 28 CODEC 66- COM(2006) 7 ón gComhairle) agus tá sé faoi bhráid na Comhairle faoi láthair. Folaíonn an togra sin iontrálacha do na Ballstáit go léir seachas don Bhulgáir agus don Rómáin. Dá bhrí sin, cuireann an fhoráil leasaitheach iontrálacha leis an Iarscríbhinn don Bhulgáir agus don Rómáin amháin. |

    -{}-E-12166 |

    1. 2007/0129 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála náisiúnta

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus leis an Eilvéis)

    TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 42 agus 308 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

    Ag gníomhú dóibh de réir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[4],

    De bharr an méid seo a leanas:

    2. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta[5] go gcaithfear inneachar Iarscríbhinní II agus X a ghabhann leis an Rialachán sin a chinneadh roimh dháta a churtha chun feidhme.

    3. Ní mór Iarscríbhinní I, III, IV, VI agus VIII, IX agus XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a oiriúnú chun riachtanais na mBallstát a d'aontaigh don Aontas Eorpach ó glacadh leis an Rialachán a chur san áireamh.

    4. Is gá tuilleadh mionleasuithe ar Iarscríbhinní I, III, IV, VII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 chun forbairtí déanacha i mBallstát eile a chur san áireamh.

    5. Luaitear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 go mbeidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh an Rialachán Feidhmiúcháin i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

    6. Ba cheart mar sin Rialachán (CEE) Uimh. 883/2004 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh an Rialachán Feidhmiúcháin i bhfeidhm.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN

    (1) Déantar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    7. I gCuid I (airleacain íocaíochtaí cothabhála):

    (a) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "A. AN BHEILG" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "B. AN BHULGÁIR

    Íocaíochtaí cothabhála arna ndéanamh ag an stát faoi Airteagal 92 den Chód Teaghlaigh.";

    (b) Athordaítear na ceannteidil "B. AN DANMHAIRG", "C. AN GHEARMÁIN" agus "D. AN FHRAINC", maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "C. AN DANMHAIRG", "D. AN GHEARMÁIN", agus "E. AN FHRAINC";

    (a) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "E. AN FHRAINC" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "F. LUCSAMBURG

    Airleacain agus gnóthú íocaíochtaí cothabhála de réir bhrí Acht an 26 Iúil 1980.”;

    (d) Athuimhrítear an ceannteideal "E. AN OSTAIR" mar "G. AN OSTAIR";

    (e) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "G AN OSTAIR" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "H. AN PHOLAINN

    Airleacan ailiúnais faoin Acht maidir le hImeachtaí in aghaidh Féichiúnaithe Ailiúnais agus Airleacain Ailiúnais.”;

    (f) Athuimhrítear an ceannteideal "F. AN PHORTAINGÉIL" mar "I. AN PHORTAINGÉIL";

    (g) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "I. AN PHORTAINGÉIL" cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

    "J. AN tSLÓIVÉIN

    Athsholáthar cothabhála i gcomhréir leis an Acht um Ráthaíocht Phoiblí agus Um Chiste Cothabhála Phoblacht na Slóivéine an 25 Iúil 2006.

    K. AN tSLÓVAIC

    Sochar ailiúnais ionadach (íocaíocht chothabhála ionadach) de bhun Acht Uimh. 452/2004 Coll. maidir le sochar ailiúnais ionadach arna leasú le rialacháin níos déanaí.";

    (h) Athordaítear na ceannteidil "G. AN FHIONLAINN" agus "H. AN tSUALAINN" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "L. AN FHIONLAINN" agus "M. AN tSUALAINN".

    8. I gCuid II (liúntais speisialta luí seoil agus uchtála):

    (a) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "A. AN BHEILG" cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

    "B. AN BHULGÁIR

    Liúntas cnapshuime máithreachais (Dlí maidir le Liúntais Teaghlaigh do Leanaí).

    C. POBLACHT NA SEICE

    Liúntas luí seoil.

    D. AN EASTÓIN

    (a) Liúntas luí seoil;

    (b) Liúntas uchtála.";

    (b) Athordaítear na ceannteidil "B. AN SPÁINN" agus "C. AN FHRAINC" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "E. AN SPÁINN" agus "F. AN FHRAINC";

    (c) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "F. AN FHRAINC" cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

    "G. AN LAITVIA

    (a) Liúntas luí seoil;

    (b) Liúntas uchtála.

    H. AN LIOTUÁIN

    Deontas cnapshuime linbh.".

    (d) Athuimhrítear an ceannteideal "D. LUCSAMBURG" mar "I. LUCSAMBURG";

    (e) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "I. LUCSAMBURG" cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

    "J. AN UNGÁIR

    Deontas máithreachais.

    K. AN PHOLAINN

    Deontas breithe íocaíochta-aonair (An tAcht Sochar Teaghlaigh).

    L. AN RÓMÁIN

    Liúntas luí seoil.

    M. AN tSLÓIVÉIN

    Deontas luí seoil.

    N. AN tSLÓVAIC

    (a) Liúntas luí seoil;

    (b) Forlíonadh ar liúntas luí seoil.";

    (f) Athuimhrítear an ceannteideal "E. AN FHIONLAINN mar "O. AN FHIONLAINN".

    (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004:

    "IARSCRÍBHINN II

    FORÁLACHA COINBHINSIÚN A LEANFAIDH DE BHEITH I BHFEIDHM AGUS, MÁS INFHEIDHME, A BHEIDH TEORANTA DO NA DAOINE A FHOLAÍTEAR LEO

    (Airteagal 8(1))

    A. Forálacha coinbhinsiún slándála sóisialta a leanfaidh de bheith infheidhme

    1. AN BHEILG-AN GHEARMÁIN

    Airteagail 3 agus 4 de Phrótacal Críochnaitheach an 7 Nollaig 1957 a bhaineann le Coinbhinsiún Ginearálta an dáta sin, mar atá i bPrótacal Forlíontach an 10 Samhain 1960 (ríomh tréimhsí árachais arna gcomhlánú i roinnt réigiún teorann roimh an Dara Cogadh Domhanda, lena linn agus dá éis).

    2. AN BHULGÁIR-AN GHEARMÁIN

    Airteagal 28(1)(b) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 17 Nollaig 1997.

    3. AN BHULGÁIR-AN OSTAIR

    Airteagal 38(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 14 Aibreán 2005.

    4. AN BHULGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 32(2) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 18 Nollaig 1957.

    5. POBLACHT NA SEICE-AN GHEARMÁIN

    Airteagal 39(1)(b) agus (c) de Chomhaontú maidir le Slándáil Shóisialta an 27 Iúil 2001.

    6. POBLACHT NA SEICE-AN CHIPIR

    Airteagal 32(4) de Chomhaontú maidir le Slándáil Shóisialta an 19 Eanáir 1999.

    7. POBLACHT NA SEICE-LUCSAMBURG

    Airteagal 52(8) de Chomhaontú an 17 Samhain 2000.

    8. POBLACHT NA SEICE-AN OSTAIR

    Airteagal 32(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 20 Iúil 1999.

    9. POBLACHT NA SEICE-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 12, 20 agus 33 de Chomhaontú maidir le Slándáil Shóisialta an 29 Deireadh Fómhair 1992.

    10. AN DANMHAIRG-AN FHIONLAINN

    Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003, a bhaineann le caiteachais bhreise taistil i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile rud a chuirfeadh faoi deara go mbeadh taisteal fillte níos costasaí chuig an tír chónaithe riachtanach.

    11. AN DANMHAIRG-AN tSUALAINN

    Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003, a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a chuirfeadh faoi deara go mbeadh taisteal fillte níos costasaí chuig an tír chónaithe riachtanach.

    12. AN GHEARMÁIN-AN SPÁINN

    Airteagal 45(2) de Choinbhinsiún Slándála Sóisialta an 4 Nollaig 1973 (ionadaíocht ó údaráis taidhleoireachta agus consalachta).

    13. AN GHEARMÁIN-AN FHRAINC

    (a) Comhaontú Comhlántach Uimh. 4 an 10 Iúil 1950 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta an dáta céanna, mar atá i gComhaontú Forlíontach Uimh. 2 an 18 Meitheamh 1955 (ríomh tréimhsí árachais arna gcomhlánú idir 1 Iúil 1940 agus 30 Meitheamh 1950);

    (b) Teideal I den Chomhaontú Forlíontach sin Uimh. 2 (ríomh tréimhsí árachais arna gcomhlánú roimh an 8 Bealtaine 1945);

    (c) pointí 6, 7 agus 8 de Phrótacal Ginearálta an 10 Iúil 1950 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta an dáta céanna (socruithe riaracháin);

    (d) Teidil II, III agus IV de Chomhaontú an 20 Nollaig 1963 (slándáil shóisialta sa Saar).

    14. AN GHEARMÁIN-LUCSAMBURG

    Airteagail 4, 5, 6 agus 7 de Chonradh an 11 Iúil 1959 (ríomh tréimhsí árachais arna gcomhlánú idir Meán Fómhair 1940 agus Meitheamh 1946).

    15. AN GHEARMÁIN-AN UNGÁIR

    Airteagal 40(1)(b) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 2 Bealtaine 1998.

    16. AN GHEARMÁIN-AN ÍSILTÍR

    Airteagail 2 agus 3 de Chomhaontú Comhlántach Uimh. 4 an 21 Nollaig 1956 a ghabhann le Coinbhinsiún an 29 Márta 1951 (socrú cearta a fuair oibrithe Ollanacha faoi scéim árachais shóisialta na Gearmáine idir 13 Bealtaine 1940 agus 1 Meán Fómhair 1945).

    17. AN GHEARMÁIN-AN OSTAIR

    (a) Leanfaidh Airteagal 1(5) agus Airteagal 8 de Choinbhinsiún maidir le hÁrachas Dífhostaíochta an 19 Iúil 1978 agus Airteagal 10 den Phrótacal Críochnaitheach a ghabhann leis an Coinbhinsiún seo (an Ballstát fostaíochta roimhe sin do dheonú liúntas dífhostaíochta le hoibrithe imeallchríche) d'fheidhm a bheith acu maidir le daoine a mbeidh gníomhaíocht mar oibrí imeallchríche feidhmithe acu an 1 Eanáir 2005, nó roimhe sin, agus a thiocfaidh chun bheith dífhostaithe roimh an 1 Eanáir 2011.

    (b) Airteagal 14(2)(g), (h), (i) agus (j) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 4 Deireadh Fómhair 1995 a bhaineann le hinniúlachtaí a roinnt idir an dá thír i dtaca le cásanna árachais roimhe seo agus le tréimhsí árachais arna bhfáil.

    18. AN GHEARMÁIN-AN PHOLAINN

    (a) Coinbhinsiún an 9 Deireadh Fómhair 1975 maidir le forálacha seanaoise agus díobhála ag an obair, faoi na coinníollacha agus faoin raon feidhme a shainítear in Airteagal 27(2), (3), (4) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 8 Nollaig 1990;

    (b) Airteagail 27(5) agus 28(2) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 8 Nollaig 1990.

    19. AN GHEARMÁIN-AN RÓMÁIN

    Airteagal 28(1)(b) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 8 Aibreán 2005.

    20. AN GHEARMÁIN-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 42 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 24 Meán Fómhair 1997.

    21. AN GHEARMÁIN-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 29(1), (2) agus 3 de Chomhaontú an 12 Meán Fómhair 2002.

    22. AN GHEARMÁIN-AN RÍOCHT AONTAITHE

    (a) Airteagal 7(5) agus (6) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 20 Aibreán 1960 (reachtaíocht is infheidhme maidir le sibhialtaigh a bhíonn ag fónamh sna fórsaí míleata);

    (b) Airteagal 5(5) agus (6) de Choinbhinsiún maidir le hárachas dífhostaíochta an 20 Aibreán 1960 (reachtaíocht is infheidhme maidir le sibhialtaigh a bhíonn ag fónamh sna fórsaí míleata);

    23. ÉIRE-AN RÍOCHT AONTAITHE

    Airteagal 8 de Chomhaontú an 14 Meán Fómhair 1971 maidir le slándáil shóisialta (a bhaineann le creidmheasanna míchumais áirithe a aistriú agus a ríomh).

    24. AN SPÁINN-AN PHORTAINGÉIL

    Airteagal 22 de Choinbhinsiún Ginearálta an 11 Meitheamh 1969 (sochair dífhostaíochta a onnmhairiú).

    25. AN IODÁIL-AN tSLÓIVÉIN

    (a) Comhaontú maidir le comhoibleagáidí in árachas sóisialta a rialú faoi threoir mhír 7 d'Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an gConradh Síochána (arna thabhairt i gcrích ar mhodh malartú nótaí an 5 Feabhra 1959);

    (b) Airteagal 45(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Iúil 1997 a bhaineann le hiar-chrios B de Shaorchríoch Trieste.

    26. LUCSAMBURG-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 50(5) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 23 Márta 2002.

    27. AN UNGÁIR-AN OSTAIR

    Airteagal 36(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 31 Márta 1999.

    28. AN UNGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 31 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Deireadh Fómhair 1957.

    29. AN UNGÁIR-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 34(1) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 30 Eanáir 1959.

    30. AN OSTAIR-AN PHOLAINN

    Airteagal 33(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Meán Fómhair 1998.

    31. AN OSTAIR-AN RÓMÁIN

    Airteagal 37(3) de Chomhaontú maidir le slándáil shóisialta an 28 Deireadh Fómhair 2005.

    32. AN OSTAIR-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 37 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 10 Márta 1997.

    33. AN OSTAIR-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 34(3) de Chomhaontú an 21 Nollaig 2001 maidir le Slándáil Shóisialta.

    34. AN PHORTAINGÉIL-AN RÍOCHT AONTAITHE

    Airteagal 2(1) de Phrótacal maidir le cóir leighis an 15 Samhain 1978.

    35. AN FHIONLAINN-AN tSUALAINN

    Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003, a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a chuirfeadh faoi deara go mbeadh taisteal fillte níos costasaí chuig an tír chónaithe riachtanach.

    B. Forálacha coinbhinsiún a leanfaidh de bheith infheidhme agus nach mbeidh réim acu maidir leis na daoine go léir lena mbaineann an Rialachán.

    1. AN BHULGÁIR-AN OSTAIR

    Airteagal 38(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 14 Aibreán 2005.

    2. POBLACHT NA SEICE-AN CHIPIR

    Airteagal 32(4) de Chomhaontú maidir le Slándáil Shóisialta an 19 Eanáir 1999.

    3. POBLACHT NA SEICE-AN OSTAIR

    Airteagal 32(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 20 Iúil 1999.

    4. AN GHEARMÁIN-AN OSTAIR

    Airteagal 14(2)(g), (h), (i) agus (j) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 4 Deireadh Fómhair 1995 a bhaineann le hinniúlachtaí a roinnt idir an dá thír i dtaca le cásanna árachais roimhe seo agus le tréimhsí árachais arna bhfáil.

    5. AN GHEARMÁIN-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 42 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 24 Meán Fómhair 1997.

    6. AN IODÁIL-AN tSLÓIVÉIN

    (a) Comhaontú maidir le comhoibleagáidí i dtaca le hárachas sóisialta a rialú faoi threoir mhír 7 d'Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an gConradh Síochána (arna thabhairt i gcrích ar mhodh malartú nótaí an 5 Feabhra 1959);

    (b) Airteagal 45(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Iúil 1997 a bhaineann le hiar-Chrios B de Shaorchríoch Trieste.

    7. AN UNGÁIR-AN OSTAIR

    Airteagal 36(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 31 Márta 1999.

    8. AN UNGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 31 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Deireadh Fómhair 1957.

    9. AN UNGÁIR-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 34(1) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 30 Eanáir 1959.

    10. AN OSTAIR-AN PHOLAINN

    Airteagal 33(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Meán Fómhair 1998.

    11. AN OSTAIR-AN RÓMÁIN

    Airteagal 37(3) de Chomhaontú maidir le slándáil shóisialta an 28 Deireadh Fómhair 2005.

    12. AN OSTAIR-AN tSLÓIVÉIN

    Airteagal 37 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 10 Márta 1997.

    13. AN OSTAIR-AN tSLÓVAIC

    Airteagal 34(3) de Chomhaontú an 21 Nollaig 2001 maidir le Slándáil Shóisialta.".

    (3) Déantar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. I ndiaidh na hiontrála "AN DANMHAIRG", cuirtear isteach "AN EASTÓIN".

    2. I ndiaidh na hiontrála "ÉIRE", cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

    "AN IODÁIL

    AN LIOTUÁIN

    AN UNGÁIR”.

    (4) Déantar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. I ndiaidh na hiontrála "AN BHEILG", cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

    "AN BHULGÁIR

    POBLACHT NA SEICE".

    2. Scriostar an iontráil "AN IODÁIL".

    3. I ndiaidh na hiontrála "AN FHRAINC", cuirtear isteach "AN CHIPIR".

    4. I ndiaidh na hiontrála "LUCSAMBURG", cuirtear isteach "AN UNGÁIR".

    5. I ndiaidh na hiontrála "AN OSTAIR", cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

    "AN PHOLAINN

    AN tSLÓIVÉIN".

    (5) Déantar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le tús na hIarscríbhinne:

    "A. POBLACHT NA SEICE

    Pinsean míchumais iomlán do dhaoine ar tháinig a míchumas iomlán orthu sula raibh ocht mbliana déag slánaithe acu agus nach raibh árachaithe in aghaidh na tréimhse a cheanglaítear (Alt 42 den Acht um Árachas Pinsean Uimh. 155/1995 Coll.).

    B. AN EASTÓIN

    (a) Pinsin easláine a deonaíodh roimh an 1 Aibreán 2000 faoin Acht Liúntas Stáit agus a choinnítear faoin Acht um Árachas Pinsean Stáit.

    (b) Pinsin náisiúnta arna ndeonú ar bhonn easláine de réir an Achta um Árachas Pinsean Stáit.

    (c) Pinsin easláine arna ndeonú de réir an Achta um Sheirbhís Fórsaí Cosanta, an Achta Seirbhíse Poilíneachta, Acht Oifig an Ionchúisitheora, Acht Stádas na mBreitheamh, an Achta um Thuarastail Chomhaltaí Pharlaimint na hEastóine, Acht na bPinsean agus na Ráthaíochtaí Sóisialta Eile agus Acht Sochar Oifigiúil Uachtarán na Poblachta.".

    2. Athordaítear na ceannteidil "A. AN GHRÉIG" agus "B. ÉIRE" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "C. ÉIRE" agus "D. AN GHRÉIG".

    3. I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "D. AN GHRÉIG" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "E. AN LAITVIA

    Pinsin easláine (tríú grúpa) faoi Airteagal 16(1)(2) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit.".

    4. Athordaítear na ceannteidil "C. AN FHIONLAINN", "D. AN tSUALAINN" agus "E. AN RÍOCHT AONTAITHE" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "C. AN FHIONLAINN", "G. AN tSUALAINN" agus "H. AN RÍOCHT AONTAITHE".

    (6) Déantar Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. Sna táblaí dar teideal "AN BHEILG" agus "AN FHRAINC", scriostar na sraitheanna a bhaineann le Lucsamburg.

    2. Scriostar an tábla dar teideal "LUCSAMBURG".

    (7) Déantar Cuid 2 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. Cuirtear an iontráil seo a leanas le tús Chuid 2:

    "N. AN BHULGÁIR

    Pinsin seanaoise ón Árachas Pinsean Éigeantach Forlíontach, faoi Chuid II, Teideal II, den Chód Árachais Shóisialta.".

    2. Athordaítear na ceannteidil "N. AN FHRAINC", "O. AN LAITVIA", "P. AN UNGÁIR", "Q. AN OSTAIR" agus "R. AN PHOLAINN" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "O. AN FHRAINC", "P. AN LAITVIA", "Q. AN UNGÁIR", "R. AN OSTAIR" agus "S. AN PHOLAINN".

    3. I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "S. AN PHOLAINN" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "T. AN RÓMÁIN

    Scéimeanna ina ríomhtar pinsin ar bhonn pointí pinsin.".

    4. Athordaítear na ceannteidil "S. AN tSLÓIVÉIN", "T. AN tSLÓVAIC", "U. AN tSUALAINN" agus "V. AN RÍOCHT AONTAITHE" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "U. AN tSLÓIVÉIN", "V. AN tSLÓVAIC", "W. AN tSUALAINN" agus "X. AN RÍOCHT AONTAITHE".

    (8) Déantar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. I gCuid I:

    (a) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "F. ÉIRE" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "G. AN LAITVIA

    Pinsin easláine (tríú grúpa) faoi Airteagal 16(1)(2) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit.";

    (b) Athuimhrítear an ceannteideal "G. AN ÍSILTÍR" mar "H. AN ÍSILTÍR" agus cuirtear an méid seo a leanas leis an iontráil faoin gceannteideal seo:

    "Acht Oibre agus Ioncaim de réir Cumais Saothair an 10 Samhain 2005 (WIA).";

    (c) Athordaítear na ceannteidil "H. AN FHIONLAINN" agus "I. AN tSUALAINN" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "I. AN FHIONLAINN" agus "J. AN tSUALAINN";

    (d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal "J. AN tSUALAINN":

    "Cúiteamh breoiteachta ioncam-choibhneasa agus cúiteamh gníomhaíochta na Sualainne (Acht 1962:381).

    Pinsean ráthaíochta agus cúiteamh ráthaithe na Sualainne a cuireadh in ionad phinsin stáit iomláin na Sualainne dá bhforáiltear faoin reachtaíocht maidir leis an bpinsean stáit a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 1993, agus in ionad an phinsin stáit iomláin a deonaíodh faoi rialacha idirthréimhseacha na reachtaíochta a raibh feidhm aici ón dáta sin.".

    2. I gCuid II:

    (a) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "C. AN IODÁIL" cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

    "D. AN LAITVIA

    Pinsean marthanóra arna ríomh ar bhonn tréimhsí árachais glactha (Airteagal 23(8) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit).

    E. AN LIOTUÁIN

    (a) Pinsin árachais shóisialta stáit um éagumas chun oibre, arna n-íoc faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta.

    (b) Pinsin árachais shóisialta stáit do mharthanóirí agus do dhílleachtaí, arna ríomh ar bhonn pinsin um éagumas chun oibre an éagaigh faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit.".

    (b) Athuimhrítear an ceannteideal "D. LUCSAMBURG" mar "F. LUCSAMBURG";

    (c) I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "F. LUCSAMBURG" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "G. AN tSLÓVAIC

    (a) Pinsean easláine na Slóvaice agus pinsean marthanóra na Slóvaice a thig uaidh;

    (b) Pinsean easláine do dhuine a tháinig chun bheith ina easlán nuair a bhí sé ina leanbh cleithiúnach agus a mheastar i gcónaí a bheith tar éis an tréimhse árachais a cheanglaítear a chomhlíonadh (Airteagal 70(2), Airteagal 72(3) agus Airteagal 73(3) agus (4) d'Acht Uimh. 461/2003 maidir le hárachas sóisialta, mar atá arna leasú).";

    (d) Athordaítear na ceannteidil "E. AN FHIONLAINN" agus "F. AN tSUALAINN" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "H. AN FHIONLAINN" agus "I. AN tSUALAINN".

    3. I gCuid III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála "Coinbhinsiún Nordach an 15 Meitheamh 1992 maidir le slándáil shóisialta":

    "Coinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003.".

    (9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004:

    "IARSCRÍBHINN X

    SOCHAIR AIRGID SPEISIALTA NEAMHRANNÍOCACHA

    (Airteagal 70(2)(c))

    A. AN BHE1ILG

    (a) Liúntas athsholáthair ioncaim (Dlí an 27 Feabhra 1987);

    (b) Ioncam ráthaithe do dhaoine scothaosta (Dlí an 22 Márta 2001).

    B. AN BHULGÁIR

    Pinsean sóisialta seanaoise (Airteagal 89 den Chód Slándála Sóisialta).

    C. POBLACHT NA SEICE

    Liúntas sóisialta (An tAcht um Thaca Sóisialta Stáit Uimh. 117/1995 Sb.).

    D. AN DANMHAIRG

    Caiteachais chóiríochta do phinsinéirí (Dlí maidir le cúnamh cóiríochta aonair, arna chomhdhlúthú le Dlí Uimh. 204 an 29 Márta 1995).

    E. AN GHEARMÁIN

    Ioncam cothaithe bunúsach do dhaoine scothaosta agus do dhaoine a bhfuil cumas tuillimh laghdaithe acu faoi Chaibidil 4 de Leabhar XII den Chód Sóisialta.

    Sochair chun costais chothaithe a chlúdach faoin bhforáil bhunúsach do lucht cuardaigh fostaíochta mura rud , maidir leis na sochair seo, go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le cáilíocht le haghaidh forlíonadh sealadach tar éis sochar dífhostaíochta a fháil (Airteagal 24(1) de Leabhar II den Chód Sóisialta).

    F. AN EASTÓIN

    (a) Liúntas aosaigh mhíchumasaithe (Acht um Shochair Shóisialta do Dhaoine Míchumasaithe an 27 Eanáir 1999).

    (b) Liúntas dífhostaíochta stáit (Acht um Sheirbhísí agus Thaca Mhargadh an tSaothair an 29 Meán Fómhair 2005).

    G. ÉIRE

    (a) Liúntas Lucht Cuardaigh Fostaíochta (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 2);

    (b) Pinsean Stáit (neamhranníocach), (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 4);

    (c) Pinsean Baintrí (neamhranníocach) agus Baintrí Fir (neamhranníocach), (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 6);

    (d) Liúntas míchumais (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 10);

    (e) Liúntas Soghluaiseachta (an tAcht Sláinte 1970, Alt 61);

    (f) Pinsean dall (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 5);

    H. AN GHRÉIG

    Liúntais speisialta do dhaoine scothaosta (Dlí 1296/82).

    I. AN SPÁINN

    (a) Ráthaíocht ioncaim íosta (Dlí Uimh. 13/82 an 7 Aibreán 1982);

    (b) Sochair airgid chun cabhrú le daoine scothaosta agus le heasláin a bheidh neamhábalta ar obair a dhéanamh (Ordú an Rí Uimh. 2620/81 an 24 Iúil 1981);

    (c) Pinsin neamhranníocacha easláine agus scoir dá bhforáiltear in

    Airteagal 38(1) de Théacs Comhdhlúite an Dlí Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta arna fhormheas le hOrdú Reachtach an Rí Uimh. 1/1994 an 20 Meitheamh 1994;

    (d) Liúntais chun soghluaiseacht a chur chun cinn agus costais iompair a chúiteamh (Dlí Uimh. 13/1982 an 7 Aibreán 1982).

    J. AN FHRAINC

    (a) Liúntais fhorlíontacha an Chiste Speisialta Easláine agus an Chiste Dlúthpháirtíochta Seanaoise (Dlí an 30 Meitheamh 1956, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta);

    (b) Liúntas aosach míchumasaithe (Dlí an 30 Meitheamh 1975, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta);

    (c) Liúntas speisialta (Dlí an 10 Iúil 1952, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta).

    K. AN IODÁIL

    (a) Pinsin shóisialta do dhaoine gan acmhainn (Dlí Uimh. 153 an 30 Aibreán 1969);

    (b) Pinsin agus liúntais do shibhialtaigh mhíchumasaithe nó d'easláin (Dlíthe Uimh. 118 an 30 Márta 1974, Uimh. 18 an 11 Feabhra 1980 agus Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

    (c) Pinsin agus liúntais do bhodhair agus do bhalbháin (Dlíthe Uimh. 381 an 26 Bealtaine 1970 agus Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

    (d) Pinsin agus liúntais do dhaill shibhialtacha (Dlíthe Uimh. 382 an 27 Bealtaine 1970 agus Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

    (e) Sochair a fhorlíonann na pinsin íosta (Dlíthe Uimh. 218 an 4 Aibreán 1952, Uimh. 638 an 11 Samhain 1983 agus Uimh. 407 an 29 Nollaig 1990);

    (f) Sochair a fhorlíonann liúntais mhíchumais (Dlí Uimh. 222 an 12 Meitheamh 1984);

    (g) Liúntas sóisialta (Dlí Uimh. 335 an 8 Lúnasa 1995);

    (h) Méadú sóisialta (Airteagal 1(1) agus (12) de Dhlí Uimh. 544 an 29 Nollaig 1988 agus leasuithe ina dhiaidh sin).

    L. AN CHIPIR

    (a) Pinsean Sóisialta (Dlí Pinsin Shóisialta 1995 (Dlí 25(I)/95), arna leasú);

    (b) Liúntas um míchumas trom luaile (Cinntí Uimh. 38210 an 16 Deireadh Fómhair 1992, 41370 an 1 Lúnasa 1994, 46183 an 11 Meitheamh 1997 agus 53675 an 16 Bealtaine 2001 ó Chomhairle na nAirí);

    (c) Deontas speisialta do dhaill (Dlí Deontas Speisialta 1996 (Dlí 77(I)/96), arna leasú).

    M. AN LAITVIA

    (a) Sochar Slándála Sóisialta Stáit (Dlí maidir le Sochair Shóisialta an 1 Eanáir 2003);

    (b) Liúntas chun caiteachais iompair do dhaoine míchumasaithe atá faoi mhíchumas luaineachta a chúiteamh (Dlí maidir le Sochair Shóisialta Stáit an 1 Eanáir 2003).

    N. AN LIOTUÁIN

    (a) Pinsean cúnaimh shóisialta (Dlí 2005 maidir le Liúntais Shóisialta, Airteagal 5);

    (b) Cúiteamh faoisimh speisialta (Dlí 2005 maidir le Liúntais Shóisialta, Airteagal 15);

    (c) Cúiteamh iompair do dhaoine míchumasaithe a bhfuil fadhbanna luaineachta acu (Dlí 2000 maidir le Cúiteamh Iompair, Airteagal 7).

    O. LUCSAMBURG

    Ioncam do dhaoine atá faoi mhíchumas trom (Airteagal 1(2), Dlí an 12 Meán Fómhair 2003), cé is moite de dhaoine a dtabharfar aitheantas dóibh mar oibrithe míchumasaithe atá fostaithe i margadh príomhshrutha an tsaothair nó i dtimpeallacht dhídeanach.

    P. AN UNGÁIR

    (a) Blianacht easláine (Foraithne Uimh. 83/1987 (XII 27) ó Chomhairle na nAirí maidir le Blianacht Easláine;

    (b) Liúntas seanaoise neamhranníocach (Acht III 1993 maidir le Seirbhísí Sóisialta agus Sochair Shóisialta);

    (c) Liúntas taistil (Foraithne Rialtais Uimh. 164/1995 (XII 27) maidir le Liúntais Iompair do Dhaoine a bhfuil Éislinn Throm Choirp orthu).

    Q. MÁLTA

    (a) Liúntas forlíontach (Alt 73 den Acht Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987);

    (b) Pinsean aoise (an tAcht Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987).

    R. AN ÍSILTÍR

    (a) An tAcht um Chúnamh Míthreorach do Dhaoine Óga Éislinneacha, an 24 Aibreán 1997 (Wajong);

    (b) Acht Sochar Forlíontach an 6 Samhain 1986 (TW).

    S. AN OSTAIR

    Forlíonadh cúiteach (Acht Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta – ASGV, Acht Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta do dhaoine atá ag gabháil do thrádáil agus do thráchtáil - GSVG agus Acht Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta d'fheirmeoirí – BSVG).

    T. AN PHOLAINN

    Pinsean sóisialta (Acht an 27 Meitheamh 2003 maidir le pinsin shóisialta).

    U. AN PHORTAINGÉIL

    (a) Pinsean seanaoise agus easláine neamhranníocach Stáit (Dlí-Foraithne Uimh. 464/80 an 13 Deireadh Fómhair 1980);

    (b) Pinsean neamhranníocach baintrí (Foraithne Rialúcháin Uimh. 52/81 an 11 Samhain 1981).

    V. AN RÓMÁIN

    Liúntas míosúil do dhaoine faoi mhíchumas (Ordanás Éigeandála Uimh. 102/1999 a bhaineann le cosaint speisialta agus fostaíocht daoine faoi mhíchumas, arna fhormheas le Dlí Uimh. 519/2002).

    W. AN tSLÓIVÉIN

    (a) Pinsean stáit (Acht Pinsin agus Árachais Míchumais an 23 Nollaig 1999);

    (b) Taca ioncaim do phinsinéirí (Acht Pinsin agus Árachais Míchumais an 23 Nollaig 1999);

    (c) Liúntas cothabhála (Acht Pinsin agus Árachais Míchumais an 23 Nollaig 1999).

    X. AN tSLÓVAIC

    (a) Coigeartú arna dheonú roimh an 1 Eanáir 2004 ar phinsin arb iad an t-aon-fhoinse ioncaim iad;

    (b) Pinsean sóisialta a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004.

    Y. AN FHIONLAINN

    (a) Liúntas míchumais (An tAcht Liúntais Míchumais, 124/88);

    (b) Liúntas tithíochta do phinsinéirí (Acht a bhaineann leis an Liúntas tithíochta do phinsinéirí, 591/78);

    (c) Taca mhargadh an tsaothair (Acht maidir le Sochair Dhífhostaíochta 1290/2002);

    (d) Cúnamh speisialta d'inimircigh (Acht maidir le Cúnamh Speisialta d'Inimircigh, 119/2002).

    Z. AN tSUALAINN

    (a) Forlíontaí títhíochta do dhaoine a fhaigheann pinsean (Dlí 2001: 761);

    (b) Taca airgeadais do dhaoine scothaosta (Dlí 2001: 853).

    AA. AN RÍOCHT AONTAITHE

    (a) Creidmheas Pinsin Stáit (Acht Creidmheasa Pinsin Stáit 2002 agus Acht Creidmheasa Pinsin Stáit (Tuaisceart Éireann) 2002);

    (b) Liúntais ioncambhunaithe do lucht cuardaigh fostaíochta (An tAcht um Lucht Cuardaigh Fostaíochta 1995 agus an tOrdú um Lucht Cuardaigh Fostaíochta (Tuaisceart Éireann) 1995);

    (c) Taca ioncaim (Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann 1992);

    (d) An mhír luaineachta den Liúntas Maireachtála faoi Mhíchumas (Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann 1992)).".

    (10) Déantar Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar seo a leanas:

    1. I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "A. AN BHEILG" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "B. AN BHULGÁIR

    Beidh feidhm ag Airteagal 33 d'Acht Árachais Sláinte na Bulgáire maidir le gach duine dá bhfuil an Bhulgáir mar Bhallstát inniúil faoi Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán seo.".

    2. Athordaítear na ceannteidil "B. POBLACHT NA SEICE", "C. AN DANMHAIRG", "D. AN GHEARMÁIN", "E. AN EASTÓIN", "F. AN GHRÉIG", "G. AN SPÁINN, "H. AN FHRAINC, "I. ÉIRE", J. AN IODÁIL", "K. AN CHIPIR", "L. AN LAITVIA", "M. AN LIOTUÁIN", "N. LUCSAMBURG", "O. AN UNGÁIR", "P. MÁLTA", "Q. AN ÍSILTÍR", "R. AN OSTAIR", "S. AN PHOLAINN", "T. AN PHORTAINGÉIL", "U. AN tSLÓIVÉIN", "V. AN tSLÓVAIC", "W. AN FHIONLAINN", "X. AN tSUALAINN" AGUS "Y. AN RÍOCHT AONTAITHE" maille lena n-iontrálacha faoi seach agus déantar díobh "C. POBLACHT NA SEICE", "D. AN DANMHAIRG", "E. AN GHEARMÁIN", "F. AN EASTÓIN", "G. ÉIRE", "H. AN GHRÉIG", "I. AN SPÁINN, "J. AN FHRAINC, "K. AN IODÁIL", "L. AN CHIPIR", "M. AN LAITVIA", "N. AN LIOTUÁIN", "O. LUCSAMBURG", "P. AN UNGÁIR", "Q. MÁLTA", "R. AN ÍSILTÍR", "S. AN OSTAIR", "T. AN PHOLAINN", "U. AN PHORTAINGÉIL", "W. AN tSLÓIVÉIN", "X. AN tSLÓVAIC", "Y. AN FHIONLAINN", "Z. AN tSUALAINN" AGUS "AA. AN RÍOCHT AONTAITHE".

    3. I ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal "U. AN PHORTAINGÉIL" cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

    "V. AN RÓMÁIN

    Ceann ar bith.".

    [1] IO C , , lch. .

    [2] IO C , , lch. .

    [3] IO C , , lch. .

    [4] IO C , , lch. .

    [5] IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

    Top