Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42024X2121

    Dearbhú maidir le hhiarmhairtí breithiúnais na Cúirte Breithiúnais in Komstroy agus comhthuiscint ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí d’imeachtaí eadrána laistigh den Aontas

    PUB/2024/749

    IO L, 2024/2121, 6.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/declar/2024/2121/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/declar/2024/2121/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2121

    6.8.2024

    Dearbhú maidir le hhiarmhairtí breithiúnais na Cúirte Breithiúnais in Komstroy agus comhthuiscint ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí d’imeachtaí eadrána laistigh den Aontas

    ARNA DHÉANAMH AG IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AGUS AG AN AONTAS EORPACH AN 26 MEITHEAMH 2024

    AG FÉACHAINT don Chonradh um Chairt Fuinnimh, arna shíniú i Liospóin an 17 Nollaig 1994 (IO L 380, 31.12.1994, lch. 24) agus arna fhormheas thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 (IO L 69, 9.3. 1998, lch. 1), arna leasú ó am go chéile (‘An Conradh um Chairt Fuinnimh’),

    AG FÉACHAINT do rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis mar a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí (VCLT),

    ÓS RUD É go léiríonn comhaltaí d’Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta de réir bhrí Airteagal 1(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh leis seo comhthuiscint maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm conartha ina gcaidreamh inter se,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH nach ndéanann tarraingt siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh aon difear do stádas an Pháirtí a tharraingíonn siar ar sínitheoir é leis an Dearbhú seo mar chomhalta den Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta, agus nach gcuireann sé aon chosc ar an bPáirtí sin suim a léiriú i gcomhthuiscint maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha sin a fhad is go bhféadfaidh sé éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i ndáil leis an gcomhalta sin agus go háirithe i ndáil le hAirteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh,

    AG FÉACHAINT don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus do phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh agus Euratom,

    ÓS RUD É, maidir leis na tagairtí don Aontas Eorpach sa Chomhaontú seo, go dtuigtear gur tagairtí iad freisin dá réamhtheachtaí, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus, ina dhiaidh sin, an Comhphobal Eorpach, go dtí gur tháinig an tAontas Eorpach in ionad an dara comhphobal sin,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH, i gcomhréir le cásdlí na Buan-Chúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (Ceist Jaworzina (An Teorainn idir an Pholainn agus an tSeicslóvaic), Tuairim Chomhairleach, [1923] PCIJ Sraith B Uimh. 8, 37) agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (Forchoimeádais i ndáil leis an gCoinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú, Tuairim Chomhairleach, [1951] I.C.J. Tuarascálacha I.C.J., 15, 20), gur leis na páirtithe i gcomhaontú idirnáisiúnta an ceart chun léirmhíniú údarásach a thabhairt maidir le riail dlí i ndáil leis an gcomhaontú sin,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil an ceart sin maidir le léirmhíniú údarásach a thabhairt ar dhlí an Aontais agus ar dhlí Euratom sannta chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh, mar a mhíníonn CBAE ina bhreithiúnas an 30 Bealtaine 2006, in An Coimisiún v Éire (Mox Plant), C-459/03 (ECLI: EU:C:2006:345, míreanna 129 go 137), inar chinn sí go bhfuil feidhm ag an inniúlacht eisiach chun dlí an Aontais agus dlí Euratom a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, agus comhaontuithe idirnáisiúnta á léirmhíniú agus á gcur i bhfeidhm, comhaontuithe ina bhfuil an tAontas Eorpach, Euratom agus na Ballstáit ina bpáirtithe, sa chaidreamh idir dhá Bhallstát nó idir an tAontas Eorpach nó Euratom agus Ballstát,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH, de réir Airteagal 344 CFAE agus Airteagal 193 Euratom, nach bhfuil Ballstáit an Aontais Eorpaigh i dteideal díospóid maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm CAE, CFAE agus Euratom a chur faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna dá bhforáiltear iontu sin,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas an 6 Márta 2018, in Achmea, C-284/16 (ECLI: EU:C:2018:158), gurb é an léirmhíniú nach mór a dhéanamh ar Airteagail 267 agus 344 CFAE go gcuireann siad bac ar fhoráil i gcomhaontú idirnáisiúnta a thugtar i gcrích idir na Ballstáit, faoina bhféadfaidh infheisteoir ó cheann de na Ballstáit sin, i gcás díospóid a bhaineann le hinfheistíochtaí sa Bhallstát eile, imeachtaí a thabhairt i gcoinne an Bhallstáit sin os comhair bord eadrána a bhfuil gealltanas tugtha ag an mBallstát sin glacadh lena dhlínse,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH seasamh an Aontais Eorpaigh, atá athdhearbhaithe go seasmhach, nach raibh sé i gceist go mbeadh feidhm ag an gConradh um Chairt Fuinnimh i gcaidrimh laistigh den Aontas agus nach raibh aon rún ag an Aontas Eorpach, Euratom agus a mBallstáit, agus nach bhféadfaí aon rún a bheith acu, aon oibleagáid a chruthú eatarthu leis an gConradh um Chairt Fuinnimh ós rud é go ndearnadh é a chaibidliú mar uirlis de chuid bheartas seachtrach fuinnimh an Aontais Eorpaigh d’fhonn creat a bhunú le haghaidh comhoibriú fuinnimh le tríú tíortha agus de bhrí, os a choinne sin, gurb é atá i mbeartas inmheánach an Aontais córas casta rialacha arna ndearadh chun margadh inmheánach a chruthú i réimse an fhuinnimh lena rialaítear na caidrimh idir na Ballstáit go heisiach,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH, ina breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, in Komstroy, C-741/19 (ECLI: EU:C:2021:655, mír 66) (breithiúnas Komstroy) arna dheimhniú ina Tuairim 1/20 (ECLI: EU:C:2022:485, mír 47), gur chinn CBAE nach mór Airteagal 26(2)(c) den Chonradh um Chairt Fuinnimh a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil sé infheidhme maidir le díospóidí idir Ballstát agus infheisteoir ó Bhallstát eile maidir le hinfheistíocht arna déanamh ag an infheisteoir ó Bhallstát eile sa Bhallstát sin,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH, ós rud é gur léirmhíniú é ón gcúirt inniúil agus go léiríonn sé prionsabal ginearálta den dlí idirnáisiúnta poiblí, go bhfuil feidhm ag an léirmhíniú ar an gConradh um Chairt Fuinnimh i mbreithiúnas Komstroy ón tráth a rinne an tAontas Eorpach, Euratom agus a mBallstáit an Conradh um Chairt Fuinnimh a fhormheas,

    ÓS RUD É nach mór Airteagail 267 agus 344 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léirmhíniú ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh lena gceadaítear dhíospóidí idir, de pháirt, infheisteoir ó Bhallstát amháin den Aontas Eorpach agus, de pháirt eile, Ballstát eile den Aontas Eorpach, an tAontas Eorpach nó Euratom a réiteach os comhair bord eadrána (imeachtaí eadrána laistigh den Aontas), agus

    ÓS RUD É, ar chaoi ar bith, i gcás nach féidir na díospóidí a réiteach go cairdiúil, go bhféadfaidh páirtí a roghnú, mar is iondúil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, díospóid idir Ballstát (nó, de réir mar a bheidh, an tAontas Eorpach nó Euratom) agus infheisteoir Ballstáit eile díospóid lena réiteach a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla nó na mbinsí riaracháin, mar a ráthaítear le prionsabail ghinearálta an dlí agus urraim do chearta bunúsacha, a chumhdaítear, inter alia, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    AG TEACHT LEIS an gcomhthuiscint a léirítear sa Dearbhú seo, nach bhféadfaí, dá bhrí sin, foráil amhail Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh feidhmiú mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána arna dtionscnamh ag infheisteoir ó Bhallstát amháin maidir le hinfheistíochtaí i mBallstát eile san am a chuaigh thart, agus nach féidir leis feidhmiú amhlaidh san am i láthair ná san am atá le teacht,

    Á ATHDHEARBHÚ DÓIBH Dearbhú Uimh. 17, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, ina meabhraítear go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ag an Aontas bunaithe ar na Conarthaí ar dhlí na mBallstát, agus gur riail easaontachta atá i bprionsabal na tosaíochta ina gcaidreamh frithpháirteach,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH, dá bhrí sin, chun aon choinbhleacht norm a réiteach, nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh faoin dlí idirnáisiúnta i gcaidreamh laistigh den Aontas ach amháin a mhéid a bhfuil a fhorálacha comhoiriúnach le Conarthaí an Aontais,

    ÓS RUD É, mar thoradh ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas, nach féidir Airteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh a leathnú chuig imeachtaí den chineál sin, agus ní raibh sé beartaithe go leathnófaí amhlaidh,

    ÓS RUD É, mar thoradh ar neamh-infheidhmeacht Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas, i gcás go bhfuil imeachtaí eadrána laistigh den Aontas atá ar feitheamh, gur cheart do shínitheoirí an Dearbhaithe seo lena mbaineann na himeachtaí sin, bíodh siad ina bhfreagróirí nó ina mBallstáit infheisteora, comhoibriú le chéile chun a áirithiú go ndíreofar aird an bhoird eadrána lena mbaineann ar an Dearbhú seo, chun go mbeifear in ann an chonclúid iomchuí maidir le heaspa dlínse an bhoird eadrána a bhaint amach,

    ÓS RUD É, ina theannta sin, nár cheart aon imeacht eadrána úr laistigh den Aontas a chlárú, agus

    Á AONTÚ DÓIBH, i gcás go seachadtar Fógra Eadrána mar sin féin, go mba cheart do na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann na himeachtaí sin, bíodh siad ina bhfreagróirí nó ina mBallstáit infheisteora, comhoibriú le chéile chun a áirithiú go ndíreofar aird an bhoird eadrána lena mbaineann ar an gComhaontú seo, chun go mbeifear in ann an chonclúid iomchuí a bhaint amach nach féidir le hAirteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh feidhmiú mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí den sórt sin,

    ÓS RUD É, mar sin féin, nár cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na socraíochtaí agus dámhachtainí eadrána i gcásanna eadrána infheistíochta laistigh den Aontas nach féidir a chur ar ceal nó a neamhní a thuilleadh agus arna gcomhlíonadh ar bhonn deonach nó arna bhforfheidhmiú go cinntitheach,

    Á CHUR IN IÚL GUR OTH LEO, gur thug boird eadrána dámhachtainí eadrána cheana féin in imeachtaí eadrána laistigh den Aontas arna dtionscnamh le tagairt d’Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, go bhfuil siad á dtabhairt go fóill agus go bhféadfadh sé go dtabharfar iad amach anseo ar shlí atá contrártha le rialacha an Aontais Eorpaigh agus Euratom, lena n-áirítear mar a chuirtear in iúl i léirmhínithe CBAE,

    agus Á CHUR IN IÚL GUR OTH LEO go bhfuil dámhachtainí eadrána den sórt sin faoi réir imeachtaí forfheidhmithe, lena n-áirítear i dtríú tíortha, nach ndiúltaíonn boird eadrána dlínse in imeachtaí eadrána laistigh den Aontas atá ar feitheamh a mhaítear go bhfuil siad bunaithe ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, agus go bhfuil institiúidí eadrána ag leanúint d’imeachtaí eadrána nua a chlárú agus nach bhfuil siad á ndiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha mar gheall ar easpa toilithe chun iad a chur faoi bhráid eadrána,

    ÓS RUD É, dá bhrí sin, gur gá seasamh comhsheasmhach an Aontais Eorpaigh agus a mBallstáit a athdhearbhú, go sainráite agus go soiléir, trí ionstraim lena n-athdhearbhaítear a gcomhthuiscint ar léirmhíniú agus ar chur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh, mar a léirmhínigh CBAE é, a mhéid a bhaineann sé le himeachtaí eadrána laistigh den Aontas,

    OS RÚD É, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 5 Feabhra 1970, Barcelona Traction, Light and Power Company Limited (an Bheilg v. an Spáinn) (Tuarascálacha CBI 1970, lch. 3, míreanna 33 agus 35) agus mar a mhíníonn CBAE i mbreithiúnas Komstroy , tá sé beartaithe ag forálacha áirithe den Chonradh um Chairt Fuinnimh caidreamh déthaobhach a rialú,

    OS RUD É, dá bhrí sin, nach mbaineann an ionstraim seo ach leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach, Euratom agus a mBallstáit, faoi seach, agus, dá réir sin, le hinfheisteoirí ó na Páirtithe Conarthacha sin leis an gConradh um Chairt Fuinnimh, agus mar thoradh, nach bhfuil éifeacht ag an ionstraim sin ach ar na páirtithe atá faoi rialú rialacha an Aontais Eorpaigh mar Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta de réir bhrí Airteagal 1(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh agus nach ndéanann sé difear do pháirtithe eile sa Chonradh um Chairt Fuinnimh a gcearta a theachtadh ná a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gConradh sin,

    Á MHEABHRÚ DÓIBH gur chuir an tAontas Eorpach, Euratom agus a mBallstáit in iúl do Pháirtithe Conarthacha eile an Chonartha um Chairt Fuinnimh go bhfuil sé beartaithe acu comhaontú seo maidir leis an léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh a thabhairt i gcrích,

    ÓS RUD É, ar an mbealach sin agus i gcomhréir lena n-oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí an Aontais agus Euratom, ach gan dochar dá gceart chun éilimh den sórt sin a dhéanamh a mheasfaidh siad is iomchuí maidir leis na costais arna dtabhú acu mar fhreagróirí i ndáil le himeachtaí eadrána laistigh den Aontas, go n-áirithíonn an tAontas Eorpach, Euratom agus a mBallstáit comhlíonadh iomlán agus éifeachtach bhreithiúnas Komstroy, neamh-in-fhorfheidhmitheacht na ndámhachtainí atá ann cheana, an oibleagáid atá ar bhoird eadrána deireadh a chur láithreach le haon imeacht eadrána laistigh den Aontas atá ar feitheamh, agus an oibleagáid atá ar institiúidí eadrána gan aon imeachtaí eadrána laistigh den Aontas a thiocfaidh chun cinn amach anseo a chlárú, i gcomhréir lena gcuid cumhachtaí faoi Airteagal 36(3) de Choinbhinsiún ICSID agus Airteagal 12 de Rialacha Eadrána SCC, agus go bhfógróidh boird eadrána nach bhfuil aon bhunús dlí ag imeachtaí eadrána laistigh den Aontas,

    Á THUISCINT DÓIBH go gcumhdaíonn an Dearbhú seo imeachtaí eadrána idir infheisteoirí agus Stáit a bhfuil baint ag an Aontas Eorpach nó a mBallstáit leo mar pháirtithe i ndíospóidí laistigh den Aontas bunaithe ar Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh faoi aon choinbhinsiún eadrána nó sraith rialacha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh Stát Eile a Shocrú (Coinbhinsiún ICSID) agus rialacha eadrána ICSID, rialacha eadrána Institiúid Eadrána Chomhlachas Tráchtála Stócólm (SCC), rialacha eadrána Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL) agus eadráin ad hoc,

    Á BHREITHNIÚ DÓIBH, de thoradh an Dearbhaithe seo, go bhfuil sé beartaithe ag a sínitheoirí a gcomhthuiscint a chur ar bhonn foirmiúil trí bhíthin conradh iltaobhach eatarthu féin, conradh a bhfuil an téacs de caibidlithe agus ar chuir sínitheoirí an Dearbhaithe seo a n-inisealacha leis mar léiriú go bhfuil an téacs cobhsaí, agus go bhfuil sé beartaithe acu a ndícheall a dhéanamh a n-ionstraimí daingniúcháin, formheasa nó glactha i leith an chonartha sin a thaisceadh in am trátha,

    AG CUIMHNEAMH DÓIBH go bhfuil forálacha an Dearbhaithe seo gan dochar don deis a bheidh ag an Coimisiún Eorpach nó ag aon Bhallstát gníomh a thabhairt os comhair CBAE bunaithe ar Airteagail 258, 259 agus 260 CFAE,

    AN MÉID ROIMHE SEO Á CHUR SAN ÁIREAMH, DEARBHAÍONN AN tAONTAS EORPACH AGUS A mBALLSTÁIT (‘NA SÍNITHEOIRÍ’)

    GO bhFUIL ACU AN CHOMHTHUISCINT SEO A LEANAS MAIDIR LE NEAMH-INFHEIDHMEACHT AIRTEAGAL 26 DEN CHONRADH UM CHAIRT FUINNIMH MAR BHUNÚS D’IMEACHTAÍ EADRÁNA LAISTIGH DEN AONTAS:

    1.

    Leis seo, athdhearbhaíonn na sínitheoirí, ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, go bhfuil comhthuiscint acu ar léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh, ar dá réir nach féidir agus nárbh fhéidir Airteagal 26 den Chonradh sin feidhmiú mar bhunús dlí d’imeachtaí eadrána laistigh den Aontas.

    Tá an chomhthuiscint sin bunaithe ar na gnéithe seo a leanas de dhlí an Aontais:

    i.

    léirmhíniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar dá mbun nach bhfuil feidhm ag Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, agus nár ceart riamh é a chur i bhfeidhm, mar bhunús le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas; agus

    ii.

    tosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh, a athdhearbhaítear i nDearbhú Uimh. 17, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na comhdhála idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, mar riail den dlí idirnáisiúnta lena rialaítear coinbhleacht norm ina gcaidreamh frithpháirteach agus é mar thoradh air sin in aon chás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas, agus nach bhféadfadh feidhm a bheith aige amhlaidh.

    2.

    Athdhearbhaíonn na sínitheoirí, ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, go bhfuil comhthuiscint acu, mar thoradh ar an easpa bunús dlí, nach féidir, le haghaidh imeachtaí eadrána laistigh den Aontas de bhun Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh, Airteagal 47, mír 3 den Chonradh um Chairt Fuinnimh a leathnú, agus nach bhféadfaí é a leathnú, chuig imeachtaí den sórt sin. Dá réir sin, agus ina leith sin, níorbh fhéidir aon éifeacht dlí laistigh den Aontas a bheith ag Airteagal 47(3) nuair a tharraing sínitheoir siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh roimh an Dearbhú seo, ná ní bheidh aon éifeacht dlí laistigh den Aontas aige má tharraingíonn sínitheoir siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh amach anseo.

    3.

    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, dearbhaíonn na sínitheoirí nach bhfuil feidhm, i gcomhréir leis an gcomhthuiscint a chuirtear in iúl i míreanna 1 agus 2, agus gan dochar di, ag Airteagal 26 den Chonradh um Chairt Fuinnimh mar bhunús d’imeachtaí eadrána laistigh den Aontas agus, ina leith sin, nach mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag Airteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh i gcaidreamh laistigh den Aontas.

    4.

    Tá míreanna 1 go 3 gan dochar do léirmhíniú agus do chur i bhfeidhm fhorálacha eile an Chonartha um Chairt Fuinnimh a mhéid a bhaineann siad le caidreamh laistigh den Aontas.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.

    an 26 Meitheamh 2024.

     


    ELI: http://data.europa.eu/eli/declar/2024/2121/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top