This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2956
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2956 of 29 November 2024 laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) 2022/2554 of the European Parliament and of the Council with regard to standard templates for the register of information
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2956 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le teimpléid chaighdeánacha don chlár faisnéise
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2956 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le teimpléid chaighdeánacha don chlár faisnéise
C/2024/8367
IO L, 2024/2956, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2956/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2956 |
2.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2956 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Samhain 2024
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le teimpléid chaighdeánacha don chlár faisnéise
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Tá AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 28(9), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is gá teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha an chláir faisnéise i ndáil leis na socruithe conarthacha uile a bhaineann le húsáid seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554. Tá faisnéis a bhailítear ón gclár sin fíor-riachtanach do bhainistiú riosca TFC inmheánach na n-eintiteas airgeadais, chun go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla maoirseacht éifeachtach ar na heintitis airgeadais, agus chun go mbunóidh agus go ndéanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir formhaoirseacht ar na soláthraithe TFC tríú páirtí criticiúla. Ina theannta sin, tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach don phróiseas bliantúil ina n-ainmníonn an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (a dtugtar ‘Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha’ (ÚMEnna) orthu le chéile) soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla. |
(2) |
Chun torthaí maoirseachta atá comhsheasmhach leis na creataí maoirseachta atá ann cheana a áirithiú, ba cheart do mháthairghnóthas eintiteas airgeadais atá mar chuid de ghrúpa a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2554 na heintitis atá le háireamh sa chlár faisnéise ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite a chinneadh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Chun costais riaracháin grúpaí a laghdú, ba cheart an deis a bheith ag grúpaí clár aonair faisnéise a fhorbairt ar leibhéil eintitis, fho-chomhdhlúite agus chomhdhlúite i ndáil le gach socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí do na heintitis airgeadais uile atá mar chuid den ghrúpa sin. I gcásanna den sórt sin, leis an gclár aonair faisnéise, ba cheart go mbeadh gach eintiteas airgeadais in ann a oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an gclár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ar an leibhéal eintitis agus ar an leibhéal fo-chomhdhlúite, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear é a thuairisciú dá údarás inniúil. |
(3) |
De bhun Airteagal 28(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554, cuirfidh bainistiú riosca TFC tríú páirtí na n-eintiteas airgeadais san áireamh cineál, scála, castacht agus tábhacht na spleáchas a bhaineann le TFC, agus na rioscaí a eascraíonn as socruithe conarthacha i dtaca le húsáid seirbhísí TFC arna dtabhairt i gcrích ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú riosca sin criticiúlacht nó tábhacht sheirbhís, phróiseas nó fheidhm an eintitis airgeadais agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann ar leanúnachas agus infhaighteacht seirbhísí agus gníomhaíochtaí airgeadais, ag leibhéal an eintitis agus ag leibhéal an ghrúpa. |
(4) |
Tá ceanglais maidir le seachfhoinsiú i reachtaíocht earnáilsonrach áirithe an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Rinneadh tuilleadh forbartha ar na ceanglais sin i dtreoirlínte arna n-eisiúint ag ÚMEnna. Faoi na treoirlínte sin, táthar ag súil go ndéanfaidh roinnt eintiteas airgeadais faisnéis shonrach maidir lena socruithe seachfhoinsithe a thaifeadadh, i bhfoirm clár freisin i gcásanna áirithe, mar chuid dá mbainistiú riosca seachfhoinsithe. Le blianta beaga anuas, bhailigh roinnt údarás inniúil náisiúnta agus BCE faisnéis a áiríodh i gcláir den sórt sin mar chuid dá maoirseacht ar chomhlíontacht eintitis airgeadais i dtaca leis na ceanglais seachfhoinsithe. Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí éagsúla bailithe sonraí a rinne ÚMEnna agus údaráis inniúla le blianta beaga anuas, ba cheart na teimpléid chaighdeánacha a dhearadh ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta le táblaí oscailte, ina bhfuil líon réamhshainithe colún agus líon éiginnte rónna. Ina theannta sin, ba cheart na teimpléid chaighdeánacha a nascadh le chéile trí úsáid a bhaint as eochracha sonracha éagsúla lena gcruthaítear struchtúr coibhneasta idir na teimpléid sin. |
(5) |
Chun seirbhísí TFC a fháil ó sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa, tugann eintitis airgeadais conradh i scríbhinn i gcrích leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí. I gcás grúpaí, féadfaidh soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa conradh a thabhairt i gcrích le soláthraithe TFC tríú páirtí lasmuigh den ghrúpa chun seirbhísí TFC a sholáthar d’eintiteas airgeadais amháin nó níos mó den ghrúpa. Chun an slabhra soláthair seirbhísí TFC iomlán a ghabháil, ba cheart d’eintitis airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun faisnéis a thuairiscú faoin socrú conarthach lena soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa agus faisnéis faoin socrú arna sonrú ag an soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa agus ag na soláthraithe TFC tríú páirtí atá lasmuigh den ghrúpa mar fhochonraitheoirí araon. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfeadh an clár faisnéise teimpléad sonrach san áireamh lena gcumasaítear réiteach idir na conarthaí inghrúpa agus na conarthaí le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá lasmuigh den ghrúpa. |
(6) |
D’fhéadfadh soláthar seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais a bheith ag brath ar shlabhraí fochonraitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith fada nó casta agus ar cheart do na heintitis airgeadais faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart d’eintitis airgeadais measúnú a dhéanamh ar na rioscaí gaolmhara, lena n-áirítear rioscaí TFC tríú páirtí maidir le comhchruinniú i ndáil leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a thacaíonn le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le codanna ábhartha di, agus cur chuige rioscabhunaithe agus prionsabal na comhréireachta á gcur san áireamh. Chun an measúnú sin a chumasú, níor cheart a cheangal ar eintitis airgeadais a thaifeadadh sa chlár faisnéise ach amháin na fochonraitheoirí sin atá mar bhonn taca ag seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh, lena n-áirítear na fochonraitheoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí TFC a ndéanfadh a mbriseadh dochar don tslándáil nó do leanúnachas an tsoláthair seirbhíse. Agus na fochonraitheoirí sin á sainaithint acu, ba cheart d’eintitis airgeadais breithniú a dhéanamh ar leanúnachas gnó agus ar sheirbhísí TFC agus ar ghnéithe slándála TFC. |
(7) |
Ba cheart d’eintitis airgeadais clár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear i gcás ina seachfhoinsíonn eintiteas airgeadais a ghníomhaíochtaí go léir chuig eintiteas eile, toisc go rannchuidíonn cothabháil an chláir faisnéise le hathléimneacht oibríochtúil an eintitis airgeadais sin. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil eintiteas ag gníomhú thar ceann eintiteas airgeadais le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an eintitis airgeadais (lena n-áirítear na seirbhísí TFC), ba cheart na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha don eintiteas sin a thaifeadadh sna teimpléid ábhartha de chlár faisnéise an eintitis airgeadais. I gcás den sórt sin, níl an t-eintiteas cláraithe ach mar eintiteas a choinníonn an clár ar bun. |
(8) |
Chun trédhearcacht agus inchomparáideacht socruithe conarthacha agus faireachán leanúnach ar na socruithe sin a cheadú, ba cheart díriú sa chlár faisnéise ar na naisc oibríochtúla idir na heintitis airgeadais agus na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí. Chuige sin, ba cheart ceithre eochair a úsáid sa chlár faisnéise, lena ndéantar, i measc nithe eile, na sonraí ábhartha a nascadh le chéile i dteimpléid uile an chláir faisnéise: (i) uimhir thagartha an tsocraithe chonarthaigh idir an t-eintiteas airgeadais a shíníonn an socrú sin agus an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach, (ii) aitheantóir iomchuí eintiteas airgeadais agus soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, (iii) an t-aitheantóir feidhme, agus (iv) an cineál seirbhísí TFC. |
(9) |
Chun na socruithe conarthacha idir na heintitis airgeadais agus na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a dhoiciméadú go hiomchuí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, tuigtear gur cheart do sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí foráil a dhéanamh maidir le huimhir aitheantais lenar féidir leis na heintitis airgeadais agus ÚMEnna, an Fóram Formhaoirseachta, agus na húdaráis inniúla iad a shainaithint go comhsheasmhach agus go cruinn, agus a gcumhachtaí maoirseachta á bhfeidhmiú acu, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a ainmniú faoi Airteagal 31 den Rialachán sin. Maidir le daoine dlítheanacha, aithnítear LEI agus EUID mar aitheantóirí idirnáisiúnta agus Eorpacha lena n-áirithítear sainaithint chomhsheasmhach, uathúil agus láidir cuideachtaí. Dá bhrí sin, ba cheart ceachtar den dá aitheantóir sin a úsáid chun na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe san Aontas a shainaithint chun críocha chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus ba cheart a mheas gur faisnéis í atá i gcoiteann ag na socruithe conarthacha uile, ach níor cheart na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i dtríú tíortha a shainaithint ach amháin le LEI. Ba cheart do na teimpléid a úsáidtear don chlár faisnéise i dtaca le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí faisnéis a éileamh maidir le ceachtar den dá aitheantóir sin le haghaidh soláthraithe seirbhísí TFC ar daoine dlítheanacha iad, agus ag an am céanna ligean do dhaoine nádúrtha a ghníomhaíonn i gcáil soláthraithe seirbhísí TFC cóid aitheantais mhalartacha a úsáid. |
(10) |
Tá a dtacsanomaíocht inmheánach feidhmeanna féin ag gach eintiteas airgeadais, lena n-áirítear eintitis airgeadais ón ngrúpa céanna, ag brath ar a samhlacha gnó sonracha agus ar a n-eagraíochtaí inmheánacha. Chun gur féidir faireachán soiléir a dhéanamh ina ndéantar idirdhealú idir feidhmeanna na n-eintiteas airgeadais agus na seirbhísí TFC, ba cheart d’eintitis airgeadais feidhmeanna ábhartha a ainmniú iad féin trí úsáid a bhaint as an aitheantóir feidhme ar leibhéal aonair agus ar leibhéal grúpa. |
(11) |
Chun inoibritheacht an chláir faisnéise ar leibhéal eintitis, fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite a chumasú ar fud na n-eintiteas airgeadais uile atá mar chuid den ghrúpa céanna, ba cheart d’eintitis airgeadais cruinneas agus comhsheasmhacht na sonraí uile sa chlár sin a áirithiú. Go sonrach, chun an inoibritheacht sin a chumasú, is gá comhsheasmhacht a áirithiú i gcomhdhlúthú na n-aitheantóirí; go sonrach, uimhreacha tagartha an tsocraithe chonarthaigh, an t-aitheantóir feidhme agus LEI na n-eintiteas airgeadais agus aitheantóirí na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí. |
(12) |
Chun comhsheasmhacht agus comhchuibhiú a áirithiú agus chun athphróiseáil dhochraideach sonraí chun críocha tuairiscithe a sheachaint, ba cheart peirspictíochtaí bainistithe sonraí agus tuairiscithe a chur san áireamh i struchtúr na dteimpléad agus i gceanglais na n-eilimintí sonraí. Chun inchomparáideacht iomlán idir an fhaisnéis a thuairiscítear sa chlár faisnéise agus an fhaisnéis a sholáthraítear i dtuairisciú rialála nó staitistiúil eile a áirithiú, ba cheart d’eintitis airgeadais cloí le prionsabail cáilíochta sonraí agus an clár sin á choinneáil ar bun agus á thabhairt cothrom le dáta acu. |
(13) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na ÚMEnna. |
(14) |
Reáchtáil ÚMEnna comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr siad comhairle ar Ghrúpaí Geallsealbhóirí ÚMEnna arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) |
(15) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach’ soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí nó soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa a shínigh socrú conarthach leo seo a leanas:
|
2. |
ciallaíonn ‘slabhra soláthair seirbhísí TFC’ seicheamh socruithe conarthacha a bhaineann leis an tseirbhís TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach don eintiteas airgeadais, ag tosú leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach a bhfuil soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí amháin eile nó níos mó aige mar chontrapháirtithe (fochonraitheoirí); |
3. |
ciallaíonn ‘rangú’ an seasamh atá ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sa slabhra soláthair seirbhísí TFC. |
Airteagal 2
Rangú soláthraithe TFC tríú páirtí sa slabhra soláthair
Sannfaidh eintitis airgeadais rangú do gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí. Is éard a bheidh sa rangú aon uimhir aiceanta níos airde nó cothrom le ‘1’ i gcás inarb ísle an uimhir aiceanta a shanntar don rangú, dá ghaire an socrú don eintiteas airgeadais.
Is é ‘1’ an rangú a bheidh ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach sa slabhra soláthair seirbhísí TFC i gcónaí.
Beidh rangú an fhochonraitheora sa slabhra soláthair seirbhísí TFC níos airde ná ‘1’ i gcónaí.
Airteagal 3
Ceanglais ghinearálta maidir le teimpléid an chláir faisnéise
1. Úsáidfidh eintitis airgeadais na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I go IV chun an clár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554, ar an leibhéal eintitis, nó ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite.
2. Áiritheoidh eintitis airgeadais go n-áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a) |
an fhaisnéis ábhartha i ndáil leis na seirbhísí TFC uile a sholáthraíonn soláthraithe TFC tríú páirtí díreacha; |
(b) |
faisnéis faoi na fochonraitheoirí uile atá mar bhonn taca éifeachtach le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh. |
3. Áiritheoidh eintitis airgeadais go mbeidh an fhaisnéis atá sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 cruinn agus comhsheasmhach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú rialta ar an bhfaisnéis atá sna teimpléid agus ceartóidh siad go pras aon earráid nó neamhréireacht a aimsítear.
I gcás grúpaí, áiritheoidh eintitis airgeadais atá freagrach as an gclár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite go bhfuil an fhaisnéis maidir le leibhéal an eintitis sa chomhdhlúthú ceart agus comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite.
4. Áiritheoidh eintitis airgeadais go gcloífidh an fhaisnéis atá sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 leis na prionsabail seo a leanas maidir le cáilíocht sonraí:
(a) |
cruinneas; |
(b) |
iomláine; |
(c) |
comhsheasmhacht; |
(d) |
sláine; |
(e) |
aonfhoirmeacht; |
(f) |
bailíocht. |
5. Bainfidh eintitis airgeadais úsáid as aitheantóir eintitis dhlítheanaigh bailí agus gníomhach (LEI) nó as an Aitheantóir Uathúil Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 (‘EUID’), agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, an dá aitheantóir sin, chun a soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí uile ar daoine dlítheanacha iad a shainaithint, cé is moite de dhaoine aonair atá ag gníomhú i gcáil gnó.
6. I gcás ina mbeidh seirbhís TFC arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach de chuid na n-eintiteas airgeadais, áiritheoidh eintitis airgeadais, tríd an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach, go n-úsáidfidh fochonraitheoirí uile an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí dhírigh a áirítear sa chlár faisnéise i gcomhréir le mír 2, pointe (b), agus atá ina mbonn taca le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, LEI bailí agus gníomhach nó go soláthróidh siad a EUID, agus i gcás ina mbeidh fáil orthu, an dá aitheantóir sin, ach amháin más daoine aonair iad na fochonraitheoirí sin atá ag gníomhú i gcáil gnó.
Airteagal 4
Ceanglas maidir le formáid sonraí
1. Mura sonraítear a mhalairt sna treoracha, is tábla a bheidh i ngach teimpléad sa chlár faisnéise, ar tábla é ina mbeidh líon réamhshainithe colún agus líon éiginnte rónna.
2. Comhlánóidh eintitis airgeadais gach eilimint sonraí le luach aonair. I gcás ina bhfuil níos mó ná luach amháin bailí le haghaidh eilimint sonraí shonrach, cuirfidh eintitis airgeadais ró breise leis an teimpléad comhfhreagrach le haghaidh gach luacha bhailí.
3. Líonfaidh eintitis airgeadais isteach na heilimintí sonraí uile sa chlár faisnéise ar an leibhéal eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 5
Ábhar an chláir faisnéise
1. Áireoidh eintitis airgeadais an fhaisnéis seo a leanas sa chlár faisnéise, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:
(a) |
faisnéis ghinearálta faoin eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é ar leibhéal an eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, faoi seach, de réir mar a shonraítear i dteimpléad B_01.01 d’Iarscríbhinn I; |
(b) |
faisnéis ghinearálta maidir leis na heintitis sa chomhdhlúthú mar a shonraítear i dteimpléad B_01.02 d’Iarscríbhinn I; |
(c) |
brainsí na n-eintiteas airgeadais atá lonnaithe lasmuigh den tír bhaile a liostaítear i dteimpléad B_01.02 a shainaithint, i gcás inarb infheidhme, mar a shonraítear i dteimpléad B_01.03 d’Iarscríbhinn I; |
(d) |
faisnéis ghinearálta maidir leis na socruithe conarthacha mar a shonraítear i dteimpléad B_02.01 d’Iarscríbhinn I; |
(e) |
faisnéis shonrach maidir leis na socruithe conarthacha mar a shonraítear i dteimpléad B_02.02 d’Iarscríbhinn I; |
(f) |
faisnéis faoi na naisc idir socruithe conarthacha inghrúpa agus socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nach cuid den ghrúpa iad trí úsáid a bhaint as na huimhreacha tagartha conarthacha, nuair is inghrúpa é cuid den slabhra soláthair seirbhísí TFC mar a shonraítear i dteimpléad B_02.03 d’Iarscríbhinn I; |
(g) |
faisnéis faoi na heintitis a shíneoidh na socruithe conarthacha leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha maidir le seirbhísí TFC a fháil nó a shíneoidh iad thar ceann na n-eintiteas a úsáideann na seirbhísí TFC mar a shonraítear i dteimpléad B_03.01 d’Iarscríbhinn I; |
(h) |
na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shíneoidh na socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC a sholáthar a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_03.02 d’Iarscríbhinn I; |
(i) |
na heintitis a shíneoidh na socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis eile sa chomhdhlúthú a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_03.03 d’Iarscríbhinn I; |
(j) |
faisnéis faoi na heintitis a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí mar a shonraítear i dteimpléad B_04.01 d’Iarscríbhinn I; |
(k) |
faisnéis maidir leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha agus na fochonraitheoirí, mar a shonraítear i dteimpléad B_05.01 d’Iarscríbhinn I; |
(l) |
faisnéis maidir leis an slabhra soláthair seirbhísí TFC, mar a shonraítear i dteimpléad B_05.02 d’Iarscríbhinn I; |
(m) |
faisnéis maidir le feidhmeanna a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_06.01 d’Iarscríbhinn I; |
(n) |
faisnéis faoin measúnú ar na seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le codanna ábhartha di mar a shonraítear i dteimpléad B_07.01 d’Iarscríbhinn I; |
(o) |
faisnéis maidir leis an téarmaíocht a úsáideann eintitis airgeadais, agus na téarmaí a áirítear sna liostaí iata agus sna córais aicmithe a úsáidtear agus na teimpléid á líonadh isteach mar a shonraítear i dteimpléad B_99.01 d’Iarscríbhinn I. |
2. I gcás inarb ábhartha chun críocha bainistithe riosca nó bainistithe conarthaí, féadfaidh eintitis airgeadais faisnéis bhreise a áireamh sa chlár faisnéise san fhormáid is iomchuí chun críocha na faisnéise breise sin.
Airteagal 6
Raon feidhme an chláir faisnéise ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite
1. I gcás grúpaí, cuirfidh na máthairghnóthais reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais san áireamh agus iad ag cinneadh cé na heintitis atá le háireamh sa chlár faisnéise.
2. Áireofar sa chlár faisnéise a choinnítear ar bun agus a nuashonraítear ar leibhéil fho-chomhdhlúite agus chomhdhlúite gach eintiteas airgeadais agus gach soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa, atá mar chuid den fhoghrúpa agus den ghrúpa.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN I
Treoracha chun an clár faisnéise a líonadh isteach
CUID 1
TREORACHA GINEARÁLTA
Agus an clár faisnéise á choinneáil ar bun agus á thabhairt cothrom le dáta ag eintitis airgeadais ar leibhéal an eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, líonfaidh siad isteach teimpléid an chláir faisnéise le sonraí trí úsáid a bhaint as na formáidí a leagtar amach sna treoracha i gCuid 2.
Leagtar síos i gCuid 2 na treoracha atá le leanúint ag eintitis airgeadais chun gach colún de gach teimpléad a líonadh isteach. Agus an fhaisnéis i gcolúin áirithe á líonadh isteach acu, tagróidh eintitis airgeadais d’Iarscríbhinní II, III agus IV nó d’fhoinsí seachtracha eile. I gcásanna den sórt sin, sonraítear an tagairt do na hIarscríbhinní ábhartha nó do na foinsí seachtracha sna treoracha.
Liosta na dteimpléad
Cód an Teimpléid |
Ainm an Teimpléid |
Tuairisc ghairid |
||||||||
B_01.01 |
Eintiteas a choinníonn an clár faisnéise ar bun |
Sainaithnítear sa teimpléad seo an t-eintiteas a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é ar an leibhéal eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, faoi seach. |
||||||||
B_01.02 |
Liosta na n-eintiteas atá faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe |
Sainaithnítear sa teimpléad seo na heintitis uile a bhaineann leis an ngrúpa. I gcás nach le grúpa a bhaineann an t-eintiteas airgeadais atá freagrach as an gclár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta, ní thuairisceofar ach an t-eintiteas airgeadais sin sa teimpléad seo. |
||||||||
B_01.03 |
Liosta brainsí |
Sainaithnítear sa teimpléad seo brainsí na n-eintiteas airgeadais dá dtagraítear i dteimpléad B_01.02. |
||||||||
B_02.01 |
Socruithe conarthacha – faisnéis ghinearálta |
Liostaítear sa teimpléad seo na socruithe conarthacha uile le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha. Maidir le gach socrú conarthach le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach, sannfaidh an t-eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ uathúil chun an socrú conarthach féin a shainaithint go beacht. |
||||||||
B_02.02 |
Socruithe conarthacha – faisnéis shonrach |
Soláthraítear sa teimpléad seo mionsonraí i ndáil le gach socrú conarthach a liostaítear i dteimpléad B_02.01 maidir leis an méid seo a leanas:
|
||||||||
B_02.03 |
Liosta na socruithe conarthacha inghrúpa |
Leis an teimpléad seo, sainaithnítear na naisc idir socruithe conarthacha inghrúpa agus socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nach cuid den ghrúpa iad a úsáideann uimhreacha tagartha conarthacha i gcás inar cuid de shlabhra soláthair seirbhísí TFC iad. |
||||||||
B_03.01 |
Eintitis a shíníonn na socruithe conarthacha chun seirbhís/seirbhísí TFC a fháil nó thar ceann na n-eintiteas a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC |
Soláthraítear faisnéis sa teimpléad seo maidir leis an eintiteas a shíníonn na socruithe conarthacha leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach don eintiteas a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC. I gcás ina gcoinnítear an clár faisnéise ar bun agus ina dtugtar cothrom le dáta é ar leibhéal an eintitis, an t-eintiteas a shíníonn an socrú conarthach agus an t-eintiteas a bhaineann úsáid as na seirbhísí TF, sin an t-eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é. I gcomhthéacs an fho-chomhdhlúthaithe agus an chomhdhlúthaithe, an t-eintiteas a shíníonn an socrú conarthach leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ní gá gurb é atá san eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC a sholáthraítear. |
||||||||
B_03.02 |
Soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shíníonn na socruithe conarthacha maidir le seirbhís/seirbhísí TFC a sholáthar |
Sainaithnítear sa teimpléad seo na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí uile dá dtagraítear i dteimpléad B_05.01 a shíníonn na socruithe conarthacha dá dtagraítear i dteimpléad B_02.01 chun na seirbhísí TFC a sholáthar. |
||||||||
B_03.03 |
Eintitis a shíníonn na socruithe conarthacha chun seirbhís/seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis eile faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe |
Sainaithnítear sa teimpléad seo na heintitis uile dá dtagraítear i dteimpléad B_01.02 a shíníonn na socruithe conarthacha dá dtagraítear i dteimpléad B_02.01 chun na seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis eile sa chomhdhlúthú. |
||||||||
B_04.01 |
Eintitis a bhaineann úsáid as seirbhísí TFC |
Sainaithnítear sa teimpléad seo na heintitis uile a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus atá cláraithe sa chlár faisnéise. Is iad na heintitis airgeadais faoin raon feidhme nó na soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa a bhainfidh úsáid as na seirbhísí TFC. I gcás ina ndéantar an clár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an eintitis, is é an t-eintiteas airgeadais a choinníonn an clár ar bun an t-eintiteas a shíníonn an socrú conarthach agus an t-eintiteas a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC. |
||||||||
B_05.01 |
soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí |
Liostaítear agus soláthraítear faisnéis ghinearálta sa teimpléad seo chun iad seo a leanas a shainaithint:
|
||||||||
B_05.02 |
Slabhra soláthair seirbhísí TFC |
Leis an teimpléad seo, sainaithnítear agus nasctar na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá mar chuid den slabhra soláthair seirbhísí TFC céanna. Déanfaidh eintitis airgeadais na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint agus a rangú le haghaidh gach seirbhíse TFC a áirítear i ngach socrú conarthach. Sampla: tá socrú conarthach ag eintiteas airgeadais le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí (‘soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí X’) chun dhá sheirbhís TFC shonracha (‘seirbhís TFC A’ agus ‘seirbhís TFC B’) a fháil agus baineann an soláthraí seirbhísí úsáid as fochonraitheoir (‘soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí Y’) chun ceann de na seirbhísí sin a sholáthar (‘seirbhís TFC B’).
|
||||||||
B_06.01 |
Feidhmeanna a shainaithint |
Leis an teimpléad seo, sainaithnítear agus soláthraítear faisnéis maidir le feidhmeanna an eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC. San fhaisnéis atá le soláthar sa teimpléad seo, áireoidh eintitis airgeadais aitheantóir uathúil, an ‘t-aitheantóir feidhme’ le haghaidh gach teaglaim de LEI, de ghníomhaíocht cheadúnaithe agus d’fheidhm cheadúnaithe eintitis airgeadais. Sampla: eintiteas airgeadais (LEI: 21USLEIC20231109J3Z8) a oibríonn faoi dhá ghníomhaíocht cheadúnaithe (‘gníomhaíocht A’ agus ‘gníomhaíocht B’), agus a dtabharfar dhá ‘aitheantóir feidhme’ uathúla dóibh le haghaidh na feidhme céanna X (e.g. díolacháin) a dhéantar le haghaidh ghníomhaíocht A agus ghníomhaíocht B, faoi seach. Is é seo a leanas an t-aitheantóir feidhme:
|
||||||||
B_07.01 |
Measúnuithe ar na seirbhísí TFC |
Gabhann an teimpléad seo faisnéis i ndáil leis an measúnú riosca ar na seirbhísí TFC (e.g. inionadaitheacht, dáta an iniúchta dheireanaigh, etc.) i gcás ina bhfuil na seirbhísí TFC sin ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le cuid ábhartha di. |
||||||||
B_99.01 |
Sainmhínithe ó eintitis a bhaineann úsáid as na Seirbhísí TFC |
Leis an teimpléad seo, gabhtar mínithe, bríonna agus sainmhínithe inmheánacha atá ag eintitis ar an tacar iata táscairí a úsáideann an t-eintiteas airgeadais sa chlár faisnéise. Sampla: I dteimpléad B_07.01, tabharfaidh an t-eintiteas airgeadais le fios an tionchar atá ag scor na seirbhísí TFC trí úsáid a bhaint as tacar roghanna dúnta (íseal, méanach, ard). I dteimpléad B_99.01, sonróidh an t-eintiteas airgeadais brí na roghanna sin. |
CUID 2
TREORACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN TEIMPLÉAD
Treoracha chun teimpléad B_01.01 a líonadh isteach — Eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun
Sainaithin an t-eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.01.0010 |
LEI an eintitis airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin an t-eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é trí úsáid a bhaint as an gcód alfa-uimhriúil, 20 carachtar LEI, bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.01.0020 |
Ainm an eintitis airgeadais |
Alfa-uimhriúil |
Ainm dlíthiúil an eintitis airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.01.0030 |
Tír an eintitis airgeadais |
Tír |
Sainaithin cód ISO 3166–1 alfa–2 na tíre inar eisíodh an ceadúnas nó clárú an eintitis a thuairiscítear sa chlár faisnéise. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.01.0040 |
An cineál eintitis airgeadais |
Tacar roghanna dúnta |
Sainaithin an cineál eintitis airgeadais ag úsáid ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
I gcás ina gcoinníonn an máthairghnóthas an clár faisnéise ar bun ar leibhéal an ghrúpa ach nach bhfuil sé féin faoi réir na hoibleagáide clár den sórt sin a choinneáil ar bun, i.e. ní thagann sé faoin sainmhíniú ar eintitis airgeadais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/2554 (e.g. cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha) roghnófar an rogha ‘Eintiteas airgeadais eile’. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.01.0050 |
Údarás inniúil |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554 a dtuairiscítear an clár faisnéise dó. |
Éigeantach i gcás tuairiscithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.01.0060 |
Dáta an tuairiscithe |
Dáta |
Sainaithin cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll) an dáta tuairiscithe |
Éigeantach i gcás tuairiscithe |
Treoracha chun teimpléad B_01.02 a líonadh isteach — Liosta na n-eintiteas airgeadais a thagann faoi raon feidhme an chláir faisnéise
I gcás ina ndéantar an clár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite, sainaithnítear sa teimpléad seo na heintitis airgeadais uile a bhaineann leis an bhfoghrúpa agus leis an ngrúpa. I gcás nach mbaineann an t-eintiteas airgeadais atá freagrach as an gclár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta le grúpa, ní thuairisceofar ach an t-eintiteas airgeadais sin sa teimpléad seo agus beidh iontráil an teimpléid sin mar an gcéanna le teimpléad B_01.01.
I gcás ina bhfuil eintiteas ag gníomhú thar ceann eintiteas airgeadais le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an eintitis airgeadais (lena n-áirítear na seirbhísí TFC), ba cheart na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha don eintiteas sin a thaifeadadh sna teimpléid ábhartha de chlár faisnéise an eintitis airgeadais. I gcás mar sin, níl an t-eintiteas sin cláraithe ach mar eintiteas a choinníonn an clár ar bun agus ní thuairisceofar é sa teimpléad seo.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0010 |
LEI an eintitis airgeadais |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin an t-eintiteas airgeadais a thuairiscítear sa chlár faisnéise trí úsáid a bhaint as an gcód alfa-uimhriúil, 20 carachtar LEI bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0020 |
Ainm an eintitis airgeadais |
Alfa-uimhriúil |
Ainm dlíthiúil an eintitis airgeadais a thuairiscítear sa chlár faisnéise |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0030 |
Tír an eintitis airgeadais |
Tír |
Sainaithin cód ISO 3166–1 alfa-2 na tíre inar eisíodh an ceadúnas nó clárú an eintitis airgeadais a thuairiscítear sa chlár faisnéise. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0040 |
An cineál eintitis airgeadais |
Tacar roghanna dúnta |
Sainaithin an cineál eintitis airgeadais ag úsáid ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0050 |
Ordlathas an eintitis airgeadais laistigh den ghrúpa (i gcás inarb infheidhme) |
Tacar roghanna dúnta |
Cinn ordlathas an eintitis airgeadais sa chomhdhlúthú trí úsáid a bhaint as ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
I gcás ina gcomhlíonann eintiteas níos mó ná ceann amháin de na roghanna ón liosta iata thuas, roghnófar an rogha lena mbaineann an leibhéal is airde ar rogha í is infheidhme i leith an eintitis sin. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0060 |
LEI mháthairghnóthas díreach an eintitis airgeadais |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin máthairghnóthas díreach an eintitis airgeadais a thuairiscítear sa chlár faisnéise trí úsáid a bhaint as an gcód alfa-uimhriúil, 20 carachtar, LEI bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0070 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí |
Dáta |
Sainaithin an dáta dá n-úsáidtear cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll) dháta an nuashonraithe is déanaí a rinneadh sa chlár faisnéise i ndáil leis an eintiteas airgeadais. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0080 |
An dáta a comhtháthaíodh an fhaisnéis sa chlár faisnéise |
Dáta |
Sainaithin an dáta dá n-úsáidtear cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll) dháta chomháthú an eintitis airgeadais leis an gclár faisnéise. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0090 |
Dáta scriosta sa chlár faisnéise |
Dáta |
Sainaithin an dáta dá n-úsáidtear cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll) dháta scriosta an eintitis airgeadais ón gclár faisnéise. I gcás nár scriosadh an t-eintiteas airgeadais, tuairisceofar ‘9999-12-31’. |
Éigeantach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0100 |
Airgeadra |
Airgeadra |
Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra a úsáidtear chun ráitis airgeadais an eintitis airgeadais a ullmhú Beidh an t-airgeadra a thuairisceofar ar an airgeadra céanna a úsáideann an t-eintiteas airgeadais chun na ráitis airgeadais a ullmhú ar leibhéal an eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó comhdhlúite, de réir mar is infheidhme. |
Éigeantach i gcás ina dtuairiscítear B_01.02.0110 agus sa chás sin amháin |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
B_01.02.0110 |
Luach shócmhainní iomlána an eintitis airgeadais |
Airgeadaíocht |
Luach airgeadúil shócmhainní iomlána an eintitis airgeadais mar a thuairiscítear i ráiteas airgeadais bliantúil an eintitis airgeadais don bhliain roimh dháta an nuashonraithe is déanaí ar an gclár faisnéise. Tuairisceofar luach airgeadaíochta in aonaid. Féach Iarscríbhinn IV maidir leis an gcolún seo a líonadh isteach. |
Éigeantach más eintiteas airgeadais é an t-eintiteas |
Treoracha chun teimpléad B_01.03 a líonadh isteach — Liosta brainsí
I gcás ina bhfuil brainsí ag eintiteas airgeadais atá lonnaithe lasmuigh dá thír bhaile, sainaithin na brainsí sin tríd an teimpléad seo.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||
B_01.03.0010 |
Cód aitheantais an bhrainse |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin brainse d’eintiteas airgeadais atá lonnaithe lasmuigh dá thír bhaile trí chód uathúil a úsáid le haghaidh gach brainse. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||
B_01.03.0020 |
LEI cheannoifig eintitis airgeadais an bhrainse |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_01.02.0010 Sainaithin ceannoifig eintitis airgeadais an bhrainse, agus úsáid á baint as an gcód alfa-uimhriúil, 20 carachtar, LEI atá bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||
B_01.03.0030 |
Ainm an bhrainse |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin ainm an bhrainse |
Éigeantach |
||||
B_01.03.0040 |
Tír an bhrainse |
Tír |
Sainaithin cód ISO 3166–1 alfa–2 na tíre ina bhfuil an brainse lonnaithe. |
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_02.01 a líonadh isteach — Socruithe conarthacha — Faisnéis ghinearálta
Ainmneoidh eintitis airgeadais ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ le haghaidh gach socrú conarthach sa chlár faisnéise. I gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí seachtrach ag baint úsáid as fochonraitheoirí, ní áireoidh eintitis airgeadais ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ sa chlár faisnéise le haghaidh socruithe idir na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí seachtrach agus a bhfochonraitheoirí. I gcás soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa, áireofar le heintitis airgeadais an ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ idir an soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa sin agus a sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí sa teimpléad seo agus líonfar an teimpléad _02.03 léi (Liosta na socruithe conarthacha inghrúpa) dá réir sin.
Tagróidh ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ don chineál socruithe conarthacha seo a leanas:
(a) |
aon chineál socruithe neamhspleácha; |
(b) |
aon chineál ‘socruithe uileghabhálacha nó creata’, lena n-áirítear máistirshocruithe agus socruithe creata; |
(c) |
aon chineál ‘socruithe ina dhiaidh sin nó socruithe gaolmhara’, lena n-áirítear socruithe cur chun feidhme, socruithe fosheirbhíse, foirmeacha ordaithe. |
Ní thagraíonn uimhir thagartha an chonartha d’aon chineál comhaontaithe ar leibhéal seirbhíse a fho-ordaítear maidir le haon cheann de na cineálacha socruithe conarthacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) thuas.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||
B_02.01.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin an socrú conarthach idir an t-eintiteas airgeadais nó, i gcás grúpa, an fhochuideachta ghrúpa agus an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach. Is éard is uimhir thagartha socraithe chonarthaigh ann uimhir thagartha inmheánach an tsocraithe chonarthaigh arna sannadh ag an eintiteas airgeadais. Beidh an uimhir thagartha socraithe chonarthaigh uathúil agus comhsheasmhach le himeacht ama ar an leibhéal eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, i gcás inarb infheidhme. Úsáidfear uimhir thagartha socraithe chonarthaigh go comhsheasmhach i dteimpléid uile an chláir faisnéise agus tagairt á déanamh don socrú conarthach céanna. I gcás ina bhfuil eintiteas ag gníomhú thar ceann eintitis airgeadais le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an eintitis airgeadais lena n-áirítear na seirbhísí TFC (féach ar aithris 7) féadfaidh an uimhir thagartha socraithe chonarthaigh a bheith ar an socrú conarthach idir an t-eintiteas agus a sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach. |
Éigeantach |
||||||
B_02.01.0020 |
Cineál socraithe chonarthaigh |
Tacar roghanna dúnta |
Sainaithin an cineál socraithe chonarthaigh trí cheann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas a úsáid:
|
Éigeantach |
||||||
B_02.01.0030 |
Uimhir thagartha uileghabhálach socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Neamhbhainteach más ‘socrú conarthach uileghabhálach’ nó ‘socrú neamhspleách’ atá sa socrú conarthach. Sna cásanna eile, tuairiscigh an uimhir thagartha socraithe chonarthaigh den socrú uileghabhálach, a bheidh cothrom leis an luach mar a thuairiscítear i gcolún B_02.01.0010 agus an socrú conarthach uileghabhálach á thuairisciú. |
Éigeantach |
||||||
B_02.01.0040 |
Airgeadra an mhéid a thuairiscítear in B_02.01.0050 |
Airgeadra |
Sainaithin cód aibítre ISO 4217 an airgeadra a úsáidtear chun an méid in B_02.01.0050 a shloinneadh. |
Éigeantach |
||||||
B_02.01.0050 |
Speansas bliantúil nó costas measta an tsocraithe chonarthaigh le bliain anuas |
Airgeadaíocht |
Speansais bhliantúla nó costais mheasta (nó aistriú inghrúpa) an tsocraithe seirbhísí TFC le bliain anuas. Tuairisceofar luach airgeadaíochta in aonaid. Sloinnfear an speansas bliantúil nó an costas measta san airgeadra a thuairiscítear in B_01.02.0040. I gcás socrú uileghabhálach a bhfuil socruithe ina dhiaidh sin nó socruithe gaolmhara i gceist leis, beidh suim na speansas bliantúil nó na gcostas measta arna dtuairisciú don socrú uileghabhálach agus do na socruithe ina dhiaidh sin nó do na socruithe gaolmhara cothrom leis na speansais iomlána nó na costais mheasta don socrú conarthach foriomlán. Ní dhéanfar speansais bhliantúla ná costais mheasta a athdhéanamh ná a dhúbailt. Ba cheart na cásanna seo a leanas a léiriú:
|
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_02.02 a líonadh isteach — Socruithe conarthacha — Faisnéis shonrach
Líonfaidh eintitis airgeadais an teimpléad seo isteach leis an méid uasta gráinneachta is féidir. I gcás ina n-áireofar sa socrú conarthach seirbhísí iomadúla TFC lena dtacaítear le feidhmeanna iomadúla, úsáidfidh eintitis airgeadais a oiread rónna leis na heilimintí sa teimpléad trí na seirbhísí TFC a chumhdaítear sa socrú conarthach agus feidhmeanna an eintitis airgeadais a chomhcheangal.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||||||||
B_02.02.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.01.0010 |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0020 |
LEI an eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_04.01.0020 Sainaithin an t-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC trí úsáid a bhaint as an gcód alfa-uimhriúil, 20 carachtar, LEI bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0030 |
Cód aitheantais an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_05.01.0010 Cód chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint mar a tuairiscíodh in B_05.01.0010 don soláthraí sin. |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0040 |
An cineál cóid chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint |
Patrún |
Mar a tuairiscíodh in B_05.01.0020 An cineál cóid chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint in B_02.02.0030 mar a tuairiscíodh in B_05.01.0020 don soláthraí sin. |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0050 |
Aitheantóir feidhme |
Patrún |
Mar a shainmhíníonn an t-eintiteas airgeadais in B_06.01.0010 |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0060 |
Cineál seirbhísí TFC |
Tacar roghanna dúnta |
Ceann de na cineálacha seirbhísí TFC dá dtagraítear in Iarscríbhinn III |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0070 |
Dáta tosaigh an tsocraithe chonarthaigh |
Dáta |
Sainaithin dáta theacht i bhfeidhm an tsocraithe chonarthaigh mar a shonraítear sa socrú conarthach agus cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll) á úsáid |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0080 |
Dáta deiridh an tsocraithe chonarthaigh |
Dáta |
Sainaithin an dáta deiridh mar a shonraítear sa socrú conarthach agus cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll) á úsáid. I gcás ina bhfuil an socrú conarthach éiginnte, líonfar isteach é le ‘9999-12-31’. I gcás inar foirceannadh an socrú conarthach ar dháta atá éagsúil leis an dáta deiridh, líonfar isteach é sin leis an dáta foirceanta. I gcás ina ndéantar foráil sa socrú conarthach maidir le hathnuachan, líonfar isteach é sin le dáta athnuachana an chonartha mar a shonraítear sa socrú conarthach. |
Éigeantach |
||||||||||||
B_02.02.0090 |
An chúis leis an socrú conarthach a fhoirceannadh nó deireadh a chur leis |
Tacar roghanna dúnta |
I gcás inar foirceannadh nó inar cuireadh deireadh leis an socrú conarthach, sainaithin an chúis gur foirceannadh nó gur cuireadh deireadh leis na socruithe conarthacha trí úsáid a bhaint as ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach má fhoirceanntar an socrú conarthach |
||||||||||||
B_02.02.0100 |
Tréimhse fógra le haghaidh an eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC |
Uimhir aiceanta |
Sainaithin an tréimhse fógra chun an socrú conarthach ag an eintiteas airgeadais a fhoirceannadh i gcás ‘gnó mar is gnách’. Sloinnfear an tréimhse fógra mar líon na laethanta féilire ón tráth a gheobhaidh an contrapháirtí an iarraidh chun an tseirbhís TFC a fhoirceannadh. |
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach |
||||||||||||
B_02.02.0110 |
Tréimhse fógra le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Uimhir aiceanta |
Sainaithin an tréimhse fógra chun socrú conarthach ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach a fhoirceannadh i gcás gnó mar is gnách. Sloinnfear an tréimhse fógra mar líon na laethanta féilire ón tráth a gheobhaidh an contrapháirtí an iarraidh chun an tseirbhís TFC a fhoirceannadh. |
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach |
||||||||||||
B_02.02.0120 |
Tír lena mbaineann an dlí lena rialaítear an socrú conarthach |
Tír |
Sainaithin an tír lena mbaineann an dlí lena rialaítear an socrú conarthach trí cód ISO 3166–1 alfa–2 a úsáid. |
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach |
||||||||||||
B_02.02.0130 |
Tír sholáthair na seirbhísí TFC |
Tír |
Sainaithin an tír ina soláthraítear na seirbhísí TFC trí úsáid a bhaint as cód ISO 3166–1 alfa–2. |
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach |
||||||||||||
B_02.02.0140 |
Stóráil Sonraí |
[Tá/Níl] |
An bhfuil baint ag an tseirbhís TFC le stóráil sonraí (nó an bhfuil foráil á dhéanamh maidir le stóráil sonraí) (fiú go sealadach)? Ceann de na roghanna a sholáthraítear sa liosta dúnta seo a leanas:
|
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach |
||||||||||||
B_02.02.0150 |
Suíomh na sonraí ar fos (stóráil) |
Tír |
Sainaithin an tír ina bhfuil na sonraí ar fos (stóráil) trí úsáid a bhaint as cód ISO 3166–1 alfa–2. Má tá roinnt tíortha suímh ann, úsáidfear tuilleadh rónna le haghaidh gach tír. |
Éigeantach má thuairiscítear ‘Tá’ in B_02.02.0140 |
||||||||||||
B_02.02.0160 |
Suíomh ina mbainistítear na sonraí (próiseáil) |
Tír |
Sainaithin an tír ina mbainistítear na sonraí (próiseáil) trí úsáid a bhaint as cód ISO 3166–1 alfa–2. Má tá roinnt tíortha suímh ann, úsáidfear tuilleadh rónna le haghaidh gach tír. |
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC bunaithe ar phróiseáil sonraí nó má dhéantar foráil maidir le próiseáil sonraí |
||||||||||||
B_02.02.0170 |
Íogaireacht na sonraí arna stóráil ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Tacar roghanna dúnta |
Sainaithin leibhéal íogaireachta na sonraí arna stóráil nó arna bpróiseáil ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí trí cheann de na roghanna a sholáthraítear sa liosta iata seo a leanas a úsáid:
Tá tosaíocht ag na sonraí is íogaire: e.g. má tá feidhm ag ‘Meánach’ agus ‘Ard’ araon, roghnófar ‘Ard’. |
Éigeantach má stórálann an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sonraí agus má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le cuid ábhartha di |
||||||||||||
B_02.02.0180 |
Leibhéal spleáchais ar an tseirbhís TFC lena dtacaítear leis an bhfeidhm chriticiúil nó thábhachtach. |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach má tá an tseirbhís TFC ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le cuid ábhartha di |
Treoracha chun teimpléad B_02.03 a líonadh isteach — Liosta de shocruithe conarthacha inghrúpa
Sainaithnítear le teimpléad B_02.03 socruithe conarthacha ón slabhra soláthair seirbhísí TFC céanna trí úsáid a bhaint as uimhreacha tagartha conarthacha inghrúpa i gcásanna ina bhfuil soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa sa slabhra soláthair seirbhísí TFC, i.e. i gcás inar eintiteas ar leis an ngrúpa céanna den eintiteas a úsáideann na seirbhísí TFC é ceann amháin ar a laghad de na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí sa slabhra soláthair seirbhísí TFC.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
B_02.03.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Uimhir thagartha an tsocraithe chonarthaigh idir an t-eintiteas a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC arna soláthar agus an soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa. Beidh uimhir thagartha socraithe chonarthaigh uathúil agus comhsheasmhach le himeacht ama agus ar fud an ghrúpa ar fad. |
Éigeantach |
B_02.03.0020 |
Socrú conarthach atá nasctha leis an socrú conarthach dá dtagraítear in B_02.03.0010 |
Alfa-uimhriúil |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh an tsocraithe chonarthaigh idir soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa an tsocraithe chonarthaigh in B_02.03.0010 agus a sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach. |
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_03.01 a líonadh isteach — Gnóthais a shíníonn na socruithe conarthacha chun seirbhís/seirbhísí TFC a fháil thar ceann na n-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC
Sainaithin na heintitis airgeadais uile dá dtagraítear i dteimpléad B_01.02 a shíníonn na socruithe conarthacha dá dtagraítear i dteimpléad B_02.01 chun na seirbhísí TFC a fháil. I gcás ina gcoinnítear agus ina dtugtar cothrom le dáta an clár faisnéise ar leibhéal an eintitis, is é an t-eintiteas airgeadais a shíníonn na socruithe conarthacha an t-eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise féin ar bun agus a thugann cothrom le dáta é.
Ní gá gur eintiteas airgeadais ná gurb é an t-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí an gnóthas a shíníonn an socrú conarthach.
Mar shampla, féadfaidh an gnóthas a shíníonn an socrú conarthach dá dtagraítear sa dara fomhír a bheith ina sholáthraí seirbhísí TFC inghrúpa, ina eintiteas airgeadais nó neamhairgeadais ar leis an ngrúpa céanna de na heintitis airgeadais é a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
B_03.01.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.02.0010 Sainaithin uimhir thagartha an chonartha arna síniú ag an ngnóthas |
Éigeantach |
B_03.01.0020 |
LEI an eintitis a shíníonn an socrú conarthach |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin an gnóthas a shíníonn an socrú conarthach trí úsáid a bhaint as cód alfa-uimhriúil, 20 carachtar LEI, bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 nó EUID |
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_03.02 a líonadh isteach — soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shíníonn na socruithe conarthacha chun seirbhísí TFC a sholáthar
Sainaithin na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí uile dá dtagraítear i dteimpléad B_05.01 a shíníonn na socruithe conarthacha dá dtagraítear i dteimpléad B_02.01 chun na seirbhísí TFC a sholáthar.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
B_03.02.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.02.0010 Sainaithin uimhir thagartha socraithe chonarthaigh arna síniú ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Éigeantach |
B_03.02.0020 |
Cód aitheantais an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_05.01.0010 Cód chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint mar a tuairiscíodh in B_05.01.0020 don soláthraí sin. |
Éigeantach |
B_03.02.0030 |
An cineál cóid chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint |
Patrún |
Mar a tuairiscíodh in B_05.01.0020 An cineál cóid chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint in B_03.02.0020 mar a tuairiscíodh in B_05.01.0020 don soláthraí sin. |
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_03.03 a líonadh isteach — Eintitis airgeadais a shíníonn na socruithe conarthacha maidir le seirbhís/seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis airgeadais eile sa chomhdhlúthú.
Sainaithin na heintitis airgeadais uile dá dtagraítear i dteimpléad B_01.02 a bhfuil socruithe conarthacha sínithe acu dá dtagraítear i dteimpléad B_02.01 chun seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis eile sa chomhdhlúthú dá dtagraítear i dteimpléad B_01.02.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
B_03.03.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.02.0010 Sainaithin uimhir thagartha an tsocraithe chonarthaigh arna shíniú ag an eintiteas chun seirbhís/seirbhísí TFC a sholáthar |
Éigeantach |
B_03.03.0020 |
LEI an eintitis airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí TFC |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_01.02.0010 Sainaithin an t-eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí TFC trí úsáid a bhaint as cód alfa-uimhriúil, 20 carachtar LEI, bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_04.01 a líonadh isteach — Eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as seirbhísí TFC
Tuairisceofar sa teimpléad seo na heintitis airgeadais uile dá dtagraítear i dteimpléad B_01.02 agus brainsí na n-eintiteas airgeadais dá dtagraítear i dteimpléad B_01.03 a bhaineann úsáid as seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraí TFC tríú páirtí.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||
B_04.01.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.01.0010 Sainaithin uimhir thagartha an tsocraithe chonarthaigh i ndáil leis an eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC a sholáthraítear |
Éigeantach |
||||
B_04.01.0020 |
LEI an eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC |
Alfa-uimhriúil |
Sainaithin an t-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC trí úsáid a bhaint as an gcód alfa-uimhriúil, 20 carachtar, LEI bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||
B_04.01.0030 |
An cineál eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||
B_04.01.0040 |
Cód aitheantais an bhrainse |
Alfa-uimhriúil |
Cód aitheantais an bhrainse mar a tuairiscíodh in B_01.03.0010 |
Éigeantach más brainse d’eintiteas airgeadais é an t-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC (B_04.01.0030) |
Treoracha chun teimpléad B_05.01 a líonadh isteach — soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí
Sainaithneoidh na heintitis airgeadais na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha go léir, lena n-áireofar:
(a) |
na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha uile; |
(b) |
na soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa; |
(c) |
gach fochonraitheoir a shainaithnítear i dteimpléad B_05.02 maidir le slabhra soláthair seirbhísí TFC; |
(d) |
máthairghnóthais deiridh uile na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) thuas.
|
Treoracha chun teimpléad B_05.02 a líonadh isteach — slabhraí soláthair seirbhísí TFC
Leis an teimpléad seo, sainaithnítear agus nasctar na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí atá mar chuid den slabhra soláthair seirbhísí TFC céanna.
Áireofar an méid seo a leanas sa slabhra soláthair seirbhísí TFC, i gcás inarb infheidhme:
(a) |
na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha uile; |
(b) |
na soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa uile; |
(c) |
i gcás na seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le cuid ábhartha di, gach fochonraitheoir a thugann bonn taca faoi sholáthar na seirbhísí TFC sin (i.e. na fochonraitheoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí TFC agus a ndéanfadh a mbriseadh dochar don tslándáil nó do leanúnachas sholáthar na seirbhíse); |
(d) |
i gcás ina n-úsáideann soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa fochonraitheoirí chun a sheirbhísí TFC a sholáthar don eintiteas airgeadais, an chéad fhochonraitheoir seachghrúpa ar a laghad fiú mura dtacaíonn na seirbhísí TFC a sholáthraítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le codanna ábhartha di. |
Gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a bhaineann leis an sciar céanna den slabhra soláthair seirbhísí TFC:
(a) |
an ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ chéanna dá dtagraítear i dteimpléad B_02.01; |
(b) |
an ‘cineál céanna seirbhísí TFC’ dá dtagraítear in Iarscríbhinn III; |
Sanntar ‘rangú’ (teimpléad B_05.02.0050) do gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a bhaineann leis an soláthar seirbhísí TFC céanna chun a sheasamh laistigh de shlabhra soláthair seirbhísí TFC a shainaithint. I gcás ina mbeidh an seasamh céanna ag roinnt soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí laistigh den slabhra soláthair seirbhísí TFC céanna, sannfar an ‘rangú’ céanna do na soláthraithe sin. I gcomhréir le hAirteagal 2, dá bhrí sin, is ag rangú 1 atá na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha. Má tá an rangú níos airde ná 1, is fochonraitheoirí iad na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí.
Chun na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a bhaineann leis an slabhra soláthair seirbhísí TFC céanna a nascadh, i gcás gach fochonraitheora TFC (i.e. i gcás ina mbeidh an ‘rangú’ níos airde ná 1), sainaithneoidh eintitis airgeadais an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a fhaigheann a sheirbhísí ar fochonradh. Sainaithneofar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a fhaigheann na seirbhísí ar fochonradh trí úsáid a bhaint as colúin B_05.02.0060 agus B_05.02.0070.
Maidir le gach slabhra soláthair seirbhísí TFC (i.e. teaglaim de ‘uimhir thagartha socraithe chonarthaigh’ agus ‘cineál seirbhísí TFC’), i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí iomadúla ag fáil na seirbhísí ar fochonradh, tuairisceofar na soláthraithe seirbhísí sin uile i rónna ar leithligh sa teimpléad. Tá feidhm ag an loighic chéanna ag gach rangú den slabhra soláthair seirbhísí TFC.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||||||||
B_05.02.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.01.0010 |
Éigeantach |
||||||||||||
B_05.02.0020 |
Cineál seirbhísí TFC |
Tacar roghanna dúnta |
Ceann de na cineálacha seirbhísí TFC dá dtagraítear in Iarscríbhinn III |
Éigeantach |
||||||||||||
B_05.02.0030 |
Cód aitheantais an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_01.02.0010 don soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí sin. Samplaí:
|
Éigeantach |
||||||||||||
B_05.02.0040 |
An cineál cóid chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint |
Patrún |
Mar a tuairiscíodh in B_01.02.0010 don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sin. |
Éigeantach |
||||||||||||
B_05.02.0050 |
Rangú |
Uimhir aiceanta |
I gcás ina bhfuil an socrú conarthach á shíniú ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis an eintiteas airgeadais, meastar gur soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach é agus is é 1 an ‘rangú’ a thuairisceofar; I gcás ina bhfuil an conradh á shíniú ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach, meastar gur fochonraitheoir é agus is é 2 an ‘rangú’ a thuairisceofar; Tá feidhm ag an loighic chéanna maidir leis na fochonraitheoirí uile seo a leanas trí incrimintiú a dhéanamh ar an ‘rangú’. I gcás ina mbeidh an ‘rangú’ céanna ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí iomadúla sa slabhra soláthair seirbhísí TFC, tuairisceoidh eintitis airgeadais an ‘rangú’ céanna le haghaidh na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí sin go léir. |
Éigeantach |
||||||||||||
B_05.02.0060 |
Cód aitheantais fhaighteoir na seirbhísí TFC ar fochonradh |
Alfa-uimhriúil |
Le fágáil bán más soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach é an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí (teimpléad B_05.02.0030) i.e. le ‘rangú’ r = 1 (teimpléad B_05.02.0050); I gcás ina bhfuil ‘rangú’ r = n ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus i gcás go bhfuil n>1, léirigh ‘Cód aitheantais fhaighteoir na seirbhísí fochonarthacha’ le ‘rangú’ r=n-1 a chuir an tseirbhís TFC ar fochonradh (fiú go páirteach) chuig soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis an ‘rangú’ r=n. Samplaí:
Meaitseálfaidh an cód a úsáidtear chun faighteoir na seirbhísí TFC fochonraithe a shainaithint an cód aitheantais arna chur ar fáil in B_05.01.0010 don soláthraí sin. |
Éigeantach Neamhbhainteach maidir le rangú 1 |
||||||||||||
B_05.02.0070 |
An Cineál cóid chun faighteoir seirbhísí TFC ar fochonradh a shainaithint |
Patrún |
Le fágáil bán i gcás ina bhfuil teimpléad B_05.02.0030 le haghaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí) ag rangú r = 1 (teimpléad B_05.02.0050); I gcás ina bhfuil ‘rangú’ r = n ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus i gcás go bhfuil n>1, léirigh an ‘Cineál cóid chun faighteoir na seirbhíse fochonarthaí a shainaithint’ leis an ‘rangú’ r=n-1 agus a chuir an tseirbhís TFC ar fochonradh (fiú go páirteach) chuig soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis an ‘rangú’ r=n.
Meaitseálfaidh an cineál cóid a úsáideadh chun an faighteoir na seirbhísí TFC fochonraithe a shainaithint an cód aitheantais arna chur ar fáil in B_05.01.0020 don soláthraí sin. |
Éigeantach Neamhbhainteach maidir le rangú 1 |
Treoracha chun teimpléad B_06.01 a líonadh isteach — Feidhmeanna a shainaithint
Sainaithneoidh na heintitis airgeadais an fhaisnéis maidir le gach feidhm den eintiteas airgeadais de réir eagrúchán inmheánach an eintitis airgeadais a fhaigheann tacaíoch ó sheirbhís TFC a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin.
Sannfar aitheantóir feidhme uathúil do gach teaglaim de na míreanna seo a leanas:
(a) |
colún B_06.01.0040 ‘LEI an eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC’; |
(b) |
colún B_06.01.0020 ‘Gníomhaíocht cheadúnaithe’; |
(c) |
colún B_06.01.0030 ‘Ainm na feidhme’. |
Úsáidfidh eintitis airgeadais a oiread rónna leis na heilimintí sa teimpléad tríd an dá mhír thuas a chomhcheangal chun an teimpléad seo a líonadh isteach.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||||
B_06.01.0010 |
Aitheantóir Feidhme |
Patrún |
Beidh an t-aitheantóir feidhme comhdhéanta den litir F (ceannlitir) agus uimhir aiceanta ina diaidh (e.g. ‘F1’ le haghaidh an 1ú aitheantóir feidhme agus ‘Fn’ le haghaidh an nú aitheantóir feidhme agus ‘n’ ina huimhir aiceanta). Beidh aitheantóir feidhme uathúil ag gach teaglaim de ‘LEI an eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an tseirbhís/na seirbhísí TFC’ (B_06.01.0040), ‘Ainm feidhme’ (B_06.01.0030) agus ‘Gníomhaíocht cheadúnaithe’ (B_06.01.0020). Sampla: tabharfar dhá ‘aitheantóir feidhme’ uathúla d’eintiteas airgeadais a oibríonn faoi dhá ghníomhaíocht cheadúnaithe (‘gníomhaíocht A’ agus ‘gníomhaíocht B’) le haghaidh na feidhme céanna X (e.g. Díolacháin) a dhéantar le haghaidh ghníomhaíocht A agus ghníomhaíocht B. |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0020 |
Gníomhaíocht cheadúnaithe |
Tacar roghanna dúnta |
Ceann de na gníomhaíochtaí ceadúnaithe dá dtagraítear sna bunghníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II le haghaidh na gcineálacha éagsúla eintiteas airgeadais. I gcás nach bhfuil an fheidhm nasctha le gníomhaíocht chláraithe nó cheadúnaithe, tuairisceofar ‘feidhmeanna tacaíochta’. |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0030 |
Ainm na feidhme |
Alfa-uimhriúil |
Ainm feidhme de réir eagrúchán inmheánach an eintitis airgeadais. |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0040 |
LEI an eintitis airgeadais |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_04.01.0020 Sainaithin an t-eintiteas airgeadais trí úsáid a bhaint as an gcód alfa-uimhriúil 20 carachtar, LEI bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0060 |
Measúnú criticiúlachta nó tábhachta |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáid an colún seo chun a léiriú cé acu atá nó nach bhfuil an fheidhm criticiúil nó tábhachtach de réir mheasúnú an eintitis airgeadais. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0070 |
Cúiseanna le criticiúlacht nó tábhacht |
Alfa-uimhriúil |
Míniú gearr ar na cúiseanna leis an bhfeidhm a aicmiú mar fheidhm chriticiúil nó thábhachtach (300 carachtar ar a mhéad) |
Roghnach |
||||||||
B_06.01.0080 |
Dáta an mheasúnaithe is déanaí ar chriticiúlacht nó ar thábhacht |
Dáta |
Sainaithin an dáta dá n-úsáidtear cód ISO 8601 (bbbb-mm-ll) de dháta an mheasúnaithe dheireanaigh ar chriticiúlacht nó ar thábhacht i gcás ina dtacaíonn seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí leis an bhfeidhm. I gcás nach ndéantar an measúnú ar chriticiúlacht nó ar thábhacht na feidhme, líonfar isteach é le ‘9999-12-31’ |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0090 |
Cuspóir aga aisghabhála na feidhme |
Uimhir aiceanta |
I líon uaireanta. I gcás ina bhfuil an cuspóir aga aisghabhála níos lú ná aon uair an chloig, tuairisceofar ‘1’. I gcás nach sainaithnítear cuspóir aga aisghabhála na feidhme, tuairisceofar ‘0’. |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0100 |
Cuspóir phointe aisghabhála na feidhme |
Uimhir aiceanta |
I líon uaireanta. I gcás ina bhfuil cuspóir an phointe aisghabhála níos lú ná aon uair an chloig, tuairisceofar ‘1’. I gcás nach sainaithnítear cuspóir aga aisghabhála na feidhme, tuairisceofar ‘0’. |
Éigeantach |
||||||||
B_06.01.0110 |
An tionchar a bhaineann le feidhm a scor |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáid an colún seo chun an tionchar a bheadh ann a léiriú dá scorfaí den fheidhm de réir mheasúnú an eintitis airgeadais. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
Treoracha chun teimpléad B_07.01 a líonadh isteach — Measúnú ar sheirbhísí TFC
Agus tacaíocht á tabhairt d’fheidhm chriticiúil nó thábhachtach nó do chodanna ábhartha di, cumasaítear leis an teimpléad seo measúnuithe breise a dhéanamh ar na seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, lena n-áirítear an chéad fhochonraitheoir seachghrúpa sa slabhra soláthair seirbhísí TFC nuair is soláthraithe inghrúpa iad na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí roimhe sin ag an eintiteas airgeadais.
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Cineál |
Treoir maidir le líonadh isteach |
Rogha maidir le líonadh isteach |
||||||||
B_07.01.0010 |
Uimhir thagartha socraithe chonarthaigh |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_02.01.0010 |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0020 |
Cód aitheantais an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Alfa-uimhriúil |
Mar a tuairiscíodh in B_05.01.0010 |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0030 |
An cineál cóid chun an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint |
Patrún |
Mar a tuairiscíodh in B_05.01.0020 |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0040 |
Cineál seirbhísí TFC |
Tacar roghanna dúnta |
Ceann de na cineálacha seirbhísí TFC dá dtagraítear in Iarscríbhinn III |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0050 |
Inionadaitheacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáid an colún seo chun torthaí mheasúnú an eintitis airgeadais a sholáthar i ndáil leis an méid inionadaitheachta a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chun na seirbhísí TFC sonracha lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach a chomhlíonadh. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0060 |
An chúis a mheastar nach féidir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ionadú nó gur deacair é a ionadú |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach i gcás ina roghnaítear ‘neamh-inionadaithe’ nó ‘inionadaitheacht an-chasta’ in B_07.01.0041 |
||||||||
B_07.01.0070 |
Dáta an iniúchta dheireanaigh ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Dáta |
Úsáid an colún seo chun dáta an iniúchta dheireanaigh ar na seirbhísí TFC sonracha arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a sholáthar. Baineann an colún seo le hiniúchtaí arna ndéanamh ag aon cheann díobh seo a leanas:
Ní bhaineann an colún seo le dáta glactha nó le dáta tagartha deimhnithe tríú páirtí ná tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, le dáta faireacháin bliantúil an tsocraithe ag an eintiteas airgeadais ná le dáta athbhreithnithe an mheasúnaithe riosca a rinne an t-eintiteas airgeadais. Úsáidfear an colún seo chun tuairisciú a dhéanamh ar gach cineál iniúchtaí arna ndéanamh ag aon cheann de na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) a bhaineann go hiomlán nó go páirteach leis na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí. Chun an dáta a thuairisciú, úsáidfear cód ISO 8601 (bbbb–mm–ll). I gcás nach ndearnadh aon iniúchadh, líonfar isteach é le ‘9999-12-31’. |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0080 |
An bhfuil plean scoir ann? |
[Tá/Níl] |
Úsáid an colún seo chun a thuairisciú gurb ann do phlean scoir ón soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí i ndáil leis an tseirbhís TFC shonrach a sholáthraítear. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0090 |
Féidearthacht an tseirbhís TFC atá ar conradh a athimeascadh |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
Úsáid an colún seo i gcás ina soláthraíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí nach soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa é an tseirbhís TFC |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0100 |
An tionchar a bhaineann le scor de sheirbhísí TFC |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáid an colún seo chun an tionchar a bheadh ag scor de na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ar an eintiteas airgeadais de réir mheasúnú an eintitis airgeadais. Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
|
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0110 |
An sainaithníodh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí malartacha? |
Tacar roghanna dúnta |
Úsáidfear ceann de na roghanna sa liosta iata seo a leanas:
I gcás gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a thacaíonn le feidhm chriticiúil nó thábhachtach, déanfar an measúnú chun soláthraí seirbhísí malartach a shainaithint. |
Éigeantach |
||||||||
B_07.01.0120 |
Seirbhísí TFC tríú páirtí malartacha a shainaithint |
Alfa-uimhriúil |
Má thuairiscítear ‘Sainaithíodh’ in B_07.01.0110, féadfar faisnéis bhreise a sholáthar sa cholún seo |
Roghnach |
Treoracha chun teimpléad B_99.01 a líonadh isteach — Téarmaíocht a úsáideann eintitis airgeadais a bhaineann úsáid na seirbhísí TFC
Soláthróidh eintitis airgeadais mínithe, bríonna agus sainmhínithe inmheánacha atá ag eintitis ar an tacar iata táscairí agus roghanna a úsáideann siad sa chlár faisnéise.
|
B_99.01.C0010 |
B_99.01.C0020 |
B_99.01.C0030 |
B_99.01.C0040 |
||
Cód an Cholúin |
Ainm an Cholúin |
Rogha |
Tuairisc/Sainmhíniú inmheánach ar an rogha |
|||
B_99.01.R0010 |
B_02.01.0020 |
Cineál socraithe chonarthaigh |
|
|
||
B_99.01.R0020 |
|
|
||||
B_99.01.R0030 |
|
|
||||
B_99.01.R0040 |
B_02.02.0170 |
Íogaireacht na sonraí arna stóráil ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
|
|
||
B_99.01.R0050 |
|
|
||||
B_99.01.R0060 |
|
|
||||
B_99.01.R0070 |
B_06.01.0110 |
An tionchar a bhaineann le feidhm a scor |
|
|
||
B_99.01.R0080 |
|
|
||||
B_99.01.R0090 |
|
|
||||
B_99.01.R0100 |
B_07.01.0050 |
Inionadaitheacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
|
|
||
B_99.01.R0110 |
|
|
||||
B_99.01.R0120 |
|
|
||||
B_99.01.R0130 |
|
|
||||
B_99.01.R0140 |
B_07.01.0090 |
Féidearthacht an tseirbhís TFC atá ar conradh a athimeascadh |
|
|
||
B_99.01.R0150 |
|
|
||||
B_99.01.R0160 |
|
|
||||
B_99.01.R0170 |
B_07.01.0100 |
An tionchar a bhaineann le scor de sheirbhísí TFC |
|
|
||
B_99.01.R0180 |
|
|
||||
B_99.01.R0190 |
|
|
(1) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).
(2) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/110/oj).
(3) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj).
IARSCRÍBHINN II
Liosta gníomhaíochtaí de réir an chineáil eintitis
An cineál eintitis |
Liosta gníomhaíochtaí agus seirbhísí |
||
|
Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE agus gníomhaíochtaí a liostaítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
||
|
Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366 |
||
|
Seirbhísí faisnéise cuntas dá dtagraítear i bpointe (8) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leTreoir (AE) 2015/2366 |
||
|
Ríomh-airgead a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2009/110/CE agus leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366 |
||
|
Seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
||
|
Seirbhísí agus gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 3, pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114 |
||
|
Gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 |
||
|
Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) |
||
|
Gníomhaíocht contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 |
||
|
Gníomhaíocht ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(21-24) de Threoir (AE) 2014/65/AE |
||
|
Gníomhaíochtaí stórtha trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe(1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) |
||
|
Gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 6(4) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) |
||
|
Gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 6(3) agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) |
||
|
Seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (34), (35) agus (36), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) |
||
|
Gníomhaíochtaí atá údaraithe le haghaidh (i) na n-aicmí árachais neamhshaoil dá dtagraítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6): (ii) aicmí árachais saoil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin: (iii) gníomhaíocht athárachais neamhshaoil agus (iv) gníomhaíocht athárachais saoil dá dtagraítear in airteagal 15(5) a ghabhann leis an Treoir sin. |
||
|
Gníomhaíochtaí dáilte árachais agus athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointí (1) agus (2), de Threoir (AE) 2016/97ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) |
||
|
Gníomhaíochtaí institiúidí um sholáthar pinsean ceirde dá dtagraítear in Airteagal 7 de Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) |
||
|
Gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) |
||
|
Soláthar tagarmharcanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(5) agus 3(1)(6) de Rialachán (AE) 2016/1011ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,, dá dtagraítear i dtagarmharcanna criticiúla a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (25), den Rialachán sin. |
||
|
Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) |
||
|
Gníomhaíocht stórtha urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11)agus in Airteagal 1(4-5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1230 ón gCoimisiún (12) |
||
Eintiteas neamhairgeadais: soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa |
Neamhbhainteach |
||
Eintiteas neamhairgeadais: Eintiteas inghrúpa eile |
Neamhbhainteach |
||
Eintiteas neamhairgeadais: soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Neamhbhainteach |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj).
(2) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2365/oj).
(3) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).
(4) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj).
(6) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).
(7) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/97/oj).
(8) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2341/oj).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1060/oj).
(10) Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1503/oj).
(11) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2402/oj).
(12) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1230 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na sonraí maidir leis an iarratas ar stór urrúsúchán a chlárú mar aon leis na sonraí maidir le hiarratas simplithe ar shíneadh ar chlárúchán de stóras urrúsúchán (IO L 289, 03.09.2020, lch. 345, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1230/oj).
IARSCRÍBHINN III
Cineál seirbhísí TFC
Agus tagairt á déanamh do chineál seirbhísí TFC i dteimpléid an chláir faisnéise, ní thuairisceofar ach aitheantóir (ó S01 go S19) an chineáil ábhartha seirbhísí TFC.
Aitheantóir |
Cineál seirbhísí TFC |
Tuairisc |
||
S01 |
|
Seirbhísí a sholáthar a bhaineann le hOifigeach Bainistíochta Tionscadal (OBT). |
||
S02 |
|
Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: anailís ghnó, dearadh agus forbairt bogearraí, tástáil. |
||
S03 |
|
Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: tacaíocht deisce cabhrach agus tacaíocht chéadleibhéil maidir le teagmhas TFC |
||
S04 |
|
Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: slándáil TFC (cosaint, brath, freagairt agus athshlánú), lena n-áirítear teagmhas slándála agus fóiréinsic a láimhseáil. |
||
S05 |
|
Síntiús le seirbhísí soláthraithe sonraí. (seirbhís sonraí digiteacha) |
||
S06 |
|
Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an tacaíocht le haghaidh anailís sonraí. (seirbhís sonraí digiteacha) |
||
S07 |
|
Bonneagar, saoráidí agus seirbhísí óstála TFC a sholáthar, lena n-áirítear fóntas (fuinneamh, bainistiú teasa etc.), rochtain teileachumarsáide agus slándáil fhisiciúil (gan néalseirbhísí san áireamh), gníomhaíochtaí próiseála íocaíochta nó gníomhaíochtaí a oibríonn bonneagair íocaíochta a sholáthar |
||
S08 |
|
Acmhainní próiseála digití (lena n-áirítear ríomh sonraí) a sholáthar, gan na seirbhísí ríomha a dhéantar i gcomhthéacs timpeallacht néalríomhaireachta san áireamh. |
||
S09 |
|
Ardán stórála sonraí (seachas néalseirbhísí) a sholáthar. |
||
S10 |
|
Oibríochtaí le haghaidh córais teileachumarsáide agus bainistíocht sreibhe. Déantar seirbhísí teileafóin analógacha traidisiúnta a eisiamh go sainráite de bhun Airteagal 3, pointe (21), de Rialachán (AE) 2022/2554 |
||
S11 |
|
Bonneagar líonra a sholáthar |
||
S12 |
|
Stáisiúin oibre, fóin, freastalaithe, gléasanna stórála sonraí, fearais, etc. a sholáthar i bhfoirm seirbhíse |
||
S13 |
|
Bogearraí a sholáthar a ritheann ar an láthair. |
||
S14 |
|
Seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an méid seo a leanas: bonneagar (córais agus crua-earraí gan líonra san áireamh) cumraíocht, cothabháil, suiteáil, bainistíocht acmhainneachta, bainistíocht leanúnachais gnó, etc. Lena n-áirítear Soláthraithe Seirbhísí Bainistithe (MSP) |
||
S15 |
|
Seirbhísí saineolais intleachta / TFC a sholáthar. |
||
S16 |
|
Fíorú ar chomhlíontacht ceanglas bainistíochta riosca TFC i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2022/2554 |
||
S17 |
|
Infreastruchtúr mar Sheirbhís |
||
S18 |
|
Ardán mar Sheirbhís |
||
S19 |
|
Bogearraí mar Sheirbhís |
IARSCRÍBHINN IV
Treoir chun ‘luach na sócmhainní iomlána’ a thuairisciú
An cineál eintitis |
Treoir chun luach iomlán na sócmhainní a thuairisciú i gcolún B_01.02.0110 |
||
|
Faisnéis mar a shonraítear i dTeimpléad C40.00, Ró 0410, Colún 0010 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (1) |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Faisnéis mar a shonraítear i dteimpléad Z01.00, colún 0090 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún (2) |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna ráitis airgeadais iniúchta arna dtuairisciú d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 41, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/392 (3)ón gCoimisiún |
||
|
Faisnéis mar a thuairiscítear i ‘Caighdeáin nochta chainníochtúla phoiblí le haghaidh contrapháirtithe lárnacha’ de BIS/IOSCO, réimse 15.2 |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Faisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn II agus Teimpléad S02.01, Ró 0500, Colún 0010, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún (4) |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Ní mór na sócmhainní iomlána a bheith cothrom le suim na míreanna uile arna sainaithint ar leithligh ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe agus ní mór iad a bheith cothrom leis na dliteanais iomlána freisin |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
|
Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla |
||
Eintiteas neamhairgeadais: soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa |
Neamhbhainteach |
||
Eintiteas neamhairgeadais: Eintiteas inghrúpa eile |
Neamhbhainteach |
||
Eintiteas neamhairgeadais: soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí |
Neamhbhainteach |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/451/oj).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chun faisnéis a sholáthar chun críoch pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1624/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/392 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála maidir le húdarú, ceanglais mhaoirseachta agus oibríochtúla le haghaidh taisclanna lárnacha urrús (IO L 65, 10.3.2017, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/392/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun an fhaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh orthu a chur faoi bhráid a n-údarás maoirseachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 (IO L 120, 5.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/894/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2956/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)