EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2159

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2159 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2024 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh i margadh fíona an Aontais

C/2024/5740

IO L, 2024/2159, 13.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2159/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2159/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2159

13.8.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2159 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Lúnasa 2024

maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh i margadh fíona an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 219(1), i gcomhar le hAirteagal 228 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is ann do shuaití i margadh fíona an Aontais de dheasca an laghdaithe ar thomhaltas intíre agus lagú na n-onnmhairí chuig tríú tíortha i gcás catagóirí fíona áirithe, go háirithe i gcás fíonta dearga i réigiúin táirgthe áirithe. Dá bharr sin, is ann do staideanna de rósholáthar agus de charnadh stoc arís agus arís eile sna réigiúin táirgthe fíona lena mbaineann. Ghlac an tAontas bearta eisceachtúla in 2023 (2) chun cuid de na stoic charntha sna réigiúin is mó a ndéantar difear dóibh a bhaint den mhargadh. Mar sin féin, is ann fós d’éiginnteachtaí sa mhargadh agus d’éileamh lag. D’ainneoin an fhómhair mheasartha a bhí ann in 2023, tá stoic catagóirí fíona áirithe á gcarnadh go fóill i réigiúin áirithe agus tá an t-ionchas le haghaidh na mblianta atá le teacht éiginnte, agus dá réir sin, is dócha go leanfaidh an suaitheadh sin sa mhargadh ar aghaidh nó go dtiocfaidh meath air.

(2)

Tá baol ann go ngearrfar smachtbhannaí ar shaothraithe fíniúna a bhfuil údaruithe um plandú acu mura n-úsáideann siad na húdaruithe sin chun na fíonghoirt chomhfhreagracha a phlandú. Dá réir sin, cuireann na pionóis agus tréimhse ghearr bhailíochta na n-údaruithe iallach ar shaothraithe dul ar aghaidh le plandú. Dá dtarscaoilfí na pionóis agus dá gcuirfí síneadh leis an tréimhse bhailíochta i réigiúin táirgeachta ina bhfuil suaitheadh sa mhargadh, mhaolófaí an brú sin ar shaothraithe, agus dá bhrí sin, laghdófaí an limistéar ina bhfuil fíonghoirt curtha, rud a chuirfeadh teorainn le fíonghoirt tháirgiúla bhreise dul isteach i margadh atá sáithithe cheana féin. Ina theannta sin, leis na bearta sin, thabharfaí an tsolúbthacht do shaothraithe a bhfuil údaruithe um plandú acu athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinntí um plandú agus am breise a thógáil chun na cineálacha fíonchaor agus na cineálacha fíona is oiriúnaí d’éilimh an mhargaidh atá ag athrú agus do dhálaí aeráide réigiúnacha a shainaithint. Dá bhrí sin, sna réigiúin is mó a ndéanann suaití sa mhargadh difear dóibh, chun teorainn a chur leis an limistéar a chuirfear i mbliana agus sna blianta atá le teacht, ba cheart síneadh 3 bliana a chur le bailíocht na n-údaruithe um plandú a rachaidh in éag in 2024 nó 2025 agus nár úsáideadh fós faoi dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(3)

Chun an laghdú ar limistéar na bhfíonghort a éascú, is iomchuí an deis a thabhairt do shealbhóirí na n-údaruithe um plandú a n-údaruithe le haghaidh 2024 agus 2025 a tharscaoileadh gan bheith faoi réir na bpionós riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 62(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Chun na críche sin, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin rún atá acu gan a n-údaruithe a úsáid ná gan tairbhiú den síneadh lena mbailíocht.

(4)

Tá na Ballstáit le faisnéis faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún, chun é a chur ar a chumas don Aontas faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis seo.

(5)

Is cosúil nach leor ná nach oiriúnach aon bheart eile atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun méadú ar limistéar fíonghort a chosc de bharr údaruithe um plandú a tugadh cheana, agus dá bhrí sin chun barrachas breise ar an margadh fíona a chosc.

(6)

I bhfianaise an tsuaite leanúnaigh sa mhargadh, chomh maith leis an tréimhse ghearr atá ar fáil chun go mbeidh saothraithe fíniúna in ann tairbhiú den síneadh lena mbailíocht dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is gá gníomhú láithreach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a ghlacadh de bhun an nós imeachta práinne a leagtar síos in Airteagal 228 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(7)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe sealadacha ar Airteagal 62(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le húdaruithe um plandú agus athphlandú fíona

1.   De mhaolú ar Airteagal 62(3), an chéad fhomhír, an chéad abairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cuirtear síneadh 3 bliana le bailíocht na n-údaruithe um plandú nár úsáideadh arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagail 64 agus 66 den Rialachán sin agus a rachaidh in éag sna blianta 2024 agus 2025 agus atá le húsáid sna réigiúin is mó a ndéanann suaití sa mhargadh difear dóibh, arna sainaithint ag an mBallstát.

2.   Mar sin féin, i gcás nach mian le sealbhóirí na n-údaruithe dá dtagraítear i mír 1 iad a úsáid ná tairbhiú den síneadh lena mbailíocht, cuirfidh siad údaráis náisiúnta inniúla a mBallstáit ar an eolas faoin méid sin faoin 31 Nollaig 2024. De mhaolú ar Airteagal 62(3), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní bheidh siad faoi réir pionóis riaracháin.

Airteagal 2

Fógraí a thabhairt

1.   Faoin 31 Márta 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

na réigiúin inar cuireadh Airteagal 1 i bhfeidhm;

(b)

i gcás gach ceann de na réigiúin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, na limistéir i heicteáir a chumhdaítear le húdaruithe nua um plandú agus athphlandú faoi seach, ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bhailíochta i gcomhréir le hAirteagal 1(1);

(c)

i gcás gach ceann de na réigiúin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, na limistéir i heicteáir a chumhdaítear le húdaruithe nua um plandú agus athphlandú faoi seach, nach bhfuil sé beartaithe ag saothraithe fíniúna a úsáid agus nár cuireadh síneadh lena dtréimhse bhailíochta i gcomhréir le hAirteagal 1(2).

2.   Na fógraí don Choimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar iad i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Lúnasa 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (IO L 160, 26.6.2023, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1225/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1183/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2159/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top