Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1786

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1786 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti clóiríd amóiniam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh achogantach, cat agus madraí (sealbhóir an údaraithe: BASF SE) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2013

    C/2024/4330

    IO L, 2024/1786, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1786/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1786/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1786

    28.6.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1786 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Meitheamh 2024

    maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti clóiríd amóiniam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh achogantach, cat agus madraí (sealbhóir an údaraithe: BASF SE) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2013

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2013 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid arbh é a bhí inti clóiríd amóiniam ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach, cat agus madraí.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide clóiríde amóiniam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach, cat agus madraí i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile (pH an fhuail a laghdú)’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas.

    (4)

    Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 23 Márta 2022 (3) go bhfuil an ullmhóid clóiríde amóiniam fós sábháilte d’athchogantaigh, cait agus madraí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar gur greannaitheoir craicinn agus súl í clóiríd amóiniam agus go bhféadfadh sí a bheith ina greannaitheoir riospráide, ach nach íogróir deirmeach í. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

    (5)

    Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar chlóiríd amóiniam mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

    (6)

    I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid clóiríde amóiniam na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais.

    (7)

    Mar thoradh ar údarú na hullmhóide clóiríde amóiniam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2013 a aisghairm.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Athnuachan an údaraithe

    Údarú na hullmhóide clóiríde amóiniam, ullmhóid a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2013.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2013 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2013 maidir le húdarú clóiríde amóiniam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach, cat agus madraí (sealbhóir an údaraithe BASF SE) (IO L 202, 27.7.2013, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/725/oj).

    (3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(4):7255.

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


    IARSCRÍBHINN

    Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

    Ainm shealbhóir an údaraithe

    Breiseán

    Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

    Speiceas nó catagóir ainmhí

    Uasteorainn aoise

    Íoschion

    Uaschion

    Forálacha eile

    Deireadh na tréimhse údaraithe

    mg den bhreiseán /kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

    Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (pH an fhuail a laghdú)

    4d8

    BASF SE

    Clóiríd amóiniam

    Comhdhéanamh an bhreiseáin

    Ullmhóid clóiríde amóiniam ≥ 99,0 %.

    Foirm sholadach.

    Tréithriú na substainte gníomhaí

    Clóiríd amóiniam ≥ 99,0 %

    NH4Cl

    Uimh. CAS: 12125-02-9

    Clóiríd sóidiam ≤ 0,5 %

    Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach.

    Modh anailíse  (1)

    Maidir le clóiríd amóiniam sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: toirtmheascadh le hiodrocsaíd sóidiam (Pharmacopoeia Eorpach, monagraf 0007) nó toirtmheascadh le níotráit airgid (JECFA, monagraf ‘clóiríd amóiniam’).

    Athchogantaigh

    5 000 / 10 000

    1.

    Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, sonrófar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa.

    2.

    Déanfar an breiseán a ionchorprú i mbeatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

    3.

    I gcás athchogantaigh, úsáidfear an breiseáin faoi na coinníollacha seo a leanas:

    uaschion 5 000  mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán i gcás tréimhse bheathaithe is faide ná 3 mhí, nó

    uaschion 10 000  mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán i gcás tréimhse bheathaithe nach faide ná 3 mhí

    4.

    Ní rachaidh an meascán d’fhoinsí éagsúla clóiríde amóiniam thar na huasleibhéil is ceadmhach in ábhair bheatha iomlána le haghaidh athchogantach, cat agus madraí.

    5.

    Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

    18 Iúil 2034

    Cait agus madraí

    5 000


    (1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1786/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top