This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1735
Regulation (EU) 2024/1735 of the European Parliament and of the Council of 13 June 2024 on establishing a framework of measures for strengthening Europe’s net-zero technology manufacturing ecosystem and amending Regulation (EU) 2018/1724 (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/45/2024/REV/1
IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1735 |
28.6.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1735 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2024
maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá athruithe tionsclaíocha, eacnamaíocha agus geopholaitiúla ollmhóra ann cheana féin ar fud an domhain mar gheall ar an gclaochlú i dtreo na glan-nialasachta, rud a bheidh níos suntasaí ná riamh de réir mar a dhéanann an domhan dul chun cinn sna hiarrachtaí dícharbónúcháin atá á ndéanamh aige. Agus na haistrithe fuinnimh, aeráide agus comhshaoil á gcur chun feidhme aige, ní mór don Aontas freagairt ar na forbairtí sin. Tá sé ríthábhachtach bonn láidir monaraíochta a bheith ann chun rochtain a áirithiú ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus chun poist ardcháilíochta a choimeád san Aontas. Chuige sin, ní mór don Aontas a iomaíochas a chaomhnú, lena n-áirítear trí nuálaíocht, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí glana. |
(2) |
I bhfianaise chastacht agus chineál trasnáisiúnta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, is baolach go ndéanfaí iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt dá ndéanfaí bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe chun rochtain ar na teicneolaíochtaí sin a áirithiú. Dá ndéanfadh Ballstáit bearta den sórt sin d'fhéadfaí go gcuirfí rialáil neamhchomhréireach i bhfeidhm ar oibreoirí margaidh, go gcuirfí leibhéil éagsúla rochtana ar fáil ar sholáthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta ó Bhallstát go chéile, lena n-áirítear trí leibhéil éagsúla tacaíochta a chur ar fáil do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, agus go ndéanfaí foráil do rialacha éagsúla agus do chineálacha neamhchomhordaithe de sholáthair phoiblí, do phróisis éagsúla agus do thréimhsí éagsúla i ndáil le próisis deonaithe ceadanna agus ar an gcaoi sin bacainní a chruthú ar an trádáil trasteorann idir na Ballstáit agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, ní mór, dá bhrí sin, creat dlíthiúil comhchoiteann a chruthú san Aontas chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar an dúshlán lárnach sin trí athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. |
(3) |
Tá an tAontas tiomanta do dhícharbónú luathaithe a gheilleagair agus d’úsáid uaillmhianach foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun an aeráidneodracht, eadhon astaíochtaí glan-nialasachta nó astaíochtaí arna ríomh tar éis aistrithe a asbhaint, a bhaint amach faoi 2050. Tá an cuspóir sin i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal An Comhaontú Glas don Eoraip, sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021, dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa], agus tá sé i gcomhréir le tiomantas an Aontais do ghníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide faoi Chomhaontú Pháras (4). Chun sprioc aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach, leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) sprioc aeráide cheangailteach de chuid an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ atá beartaithe, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021, dar teideal ‘Oiriúnach do 55: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta’ sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus dlí an Aontais a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ina leith sin. |
(4) |
Thairis sin, leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023, leagtar amach cur chuige cuimsitheach chun tacú le huas-scálú i dteicneolaíocht an fhuinnimh ghlain ar bhonn ceithre cholún. Is é is aidhm don chéad cholún timpeallacht rialála a chruthú lena simplítear agus lena gcuíchóirítear na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh láithreáin nua monaraíochta agus cóimeála do theicneolaíocht glan-nialasachta, agus uas-scálú thionscal glan-nialasachta an Aontais a éascú. Is é is aidhm don dara colún borradh a chur faoin infheistíocht agus faoin maoiniú le haghaidh táirgeadh na teicneolaíochta glan-nialasachta trí bhíthin bhearta an chreata shealadaigh géarchéime agus idirthréimhse le haghaidh státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis fhogha na Rúise faoin Úcráin, creat a bunaíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 agus trí Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chruthú, chun ceannródaíocht an Aontais a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Baineann an tríú colún le forbairt na scileanna is gá chun an t-aistriú a chur i gcrích agus chun líon na n-oibrithe oilte in earnáil na teicneolaíochta fuinnimh ghlain a mhéadú. Dírítear sa cheathrú colún ar thrádáil agus ar éagsúlú shlabhra soláthair na n-amhábhar criticiúil. Áirítear leis sin club amhábhar criticiúil a chruthú, ina n-oibreofar le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun na slabhraí soláthair a neartú go comhpháirteach agus chun éagsúlú a dhéanamh ó sholáthraithe aonair i gcás ionchuir chriticiúla. Is cuid de na bearta sin é an Rialachán seo agus cuireann sé feabhas ar an gcás gnó le haghaidh dhícharbónú na tionsclaíochta san Aontas. |
(5) |
Soláthraíonn an margadh inmheánach an timpeallacht iomchuí chun gur féidir ar na teicneolaíochtaí is gá a rochtain ar an scála agus ar an luas atá ag teastáil chun uaillmhian aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach chomh maith le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun iomaíochas inbhuanaithe a dhéanamh den dícharbónú. Leis an gconair i dtreo geilleagar aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus glan-nialasach, cruthaítear deiseanna móra chun tionscal glan-nialasachta an Aontais a leathnú, agus úsáid á baint as neart an Mhargaidh Aonair, trí infheistíocht a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus sna slabhraí soláthair glan-nialasachta. Tá na teicneolaíochtaí sin riachtanach chun cuspóirí phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát a bhaint amach de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rannchuidíonn siad le hathléimneacht agus iomaíochas thionscal an Aontais agus cumasaíonn siad dícharbónú na n-earnálacha eacnamaíocha, ó sholáthar fuinnimh go hiompar, foirgnimh agus tionscal san Aontas. Is féidir le tionscal glan-nialasachta láidir laistigh den Aontas cuidiú go mór le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach go héifeachtach, chomh maith le tacú le cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus ag an am céanna bonn tionsclaíoch a chothú agus, dá bhrí sin, poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe chruthú. |
(6) |
Chun na gealltanais sin a chomhlíonadh, ní mór don Aontas dlús a chur lena luas aistrithe chuig geilleagar glan-nialasachta, lena n-áirítear trí sciar an fhuinnimh ghlain ina mheascán fuinnimh a mhéadú, agus trí éifeachtúlacht fuinnimh agus sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú. Rannchuideoidh sé sin le spriocanna an Aontais a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta le haghaidh 2030 a bhaint amach, arb é sin an rannchuidiú a rinne an Coimisiún le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a fógraíodh in Göteborg in 2017 (‘an Colún’). |
(7) |
De dheasca an t-ardú ar na praghsanna fuinnimh tar éis don Rúis fogha míleata neamhdhleathach gan údar a thabhairt faoin Úcráin, bhí spreagadh láidir ann dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus neart a chur le hathléimneacht an Aontais Fuinnimh a rialaítear le Rialachán (AE) 2018/1999 trí luas a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas agus deireadh a chur le haon spleáchas ar bhreoslaí iontaise arna n-onnmhairiú ón Rúis. Tá ról lárnach ag an plean REPowerEU, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022, dar teideal ‘Plean REPowerEU’, maidir le freagairt a thabhairt ar chruatan agus ar shuaitheadh sa mhargadh fuinnimh domhanda de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is é is aidhm don phlean sin dlús a chur leis an aistriú fuinnimh san Aontas, chun tomhaltas gáis agus leictreachais an Aontais a laghdú agus borradh a chur faoi infheistíochtaí maidir le himscaradh na réiteach ísealcharbóin fuinneamhéifeachtúil. |
(8) |
Chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ní mór tosaíocht a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh. Is é coigilt fuinnimh an bealach is saoire, is sábháilte agus is glaine chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is prionsabal foriomlán de chuid bheartas fuinnimh an Aontais ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’ agus tá sé tábhachtach i dtaca le cur i bhfeidhm praiticiúil agus i dtaca le cinntí maidir le beartas agus infheistíocht. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a leathnú le haghaidh teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh, mar atá teaschaidéil, téamh agus fuarú ceantair, agus teicneolaíochtaí eangaí cliste, a chuidíonn leis an Aontas a thomhaltas fuinnimh a laghdú agus a rialú. |
(9) |
Chun cuspóirí dícharbónúcháin an Aontais a bhaint amach, slándáil an tsoláthair fuinnimh, digitiú an chórais fuinnimh agus leictriú an éilimh, mar shampla i dtaca le soghluaisteacht agus an gá atá le cur le líon na bpointí luchtúcháin agus iad a bheith níos tapúla, ní mór na heangacha leictreachais san Aontas a leathnú ar bhealach ollmhór, ar an leibhéal tarchuir agus ar an leibhéal dáileacháin araon. Ar leibhéal an tarchuir, tá gá le córais srutha dhírigh ardvoltais, inter alia, chun fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nascadh, agus ar an leibhéal dáileacháin, tógfar ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí eangaí nuálacha trí sholáthraithe leictreachais a nascadh agus solúbthacht ar thaobh an éilimh a bhainistiú, mar shampla luchtú cliste feithiclí leictreacha, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus uathoibriú tionsclaíochta agus rialuithe cliste, infreastruchtúr ardmhéadrúcháin agus córais bainistithe fuinnimh sa bhaile. Ní mór don eangach leictreachais a bheith ag idirghníomhú le go leor gníomhaithe nó gaireas ar bhonn leibhéal mionsonraithe inbhreathnaitheachta, agus, dá bhrí sin, ar leibhéal infhaighteachta sonraí, chun gur féidir foirgnimh chliste a thógáil lena ngabhann solúbthacht, luchtú cliste agus eangacha cliste fuinnimh mar aon le seirbhísí solúbthachta ar mionscála lena gcumasófar freagairt don éileamh ó thomhaltóirí agus glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh. Chun na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a nascadh le líonra an Aontais, is gá leathnú mór a dhéanamh ar na cumais mhonaraíochta le haghaidh eangacha leictreachais i réimsí áirithe, mar shampla cáblaí, fostáisiúin agus claochladáin amach ón gcósta agus ar tír. |
(10) |
Dá bhrí sin, ní mór don Aontas iarracht bhreise bheartais a dhéanamh chun go mbeadh féidearthacht láidir aige an acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú go tapa chun tacú le sprioc aeráide 2030 an Aontais trí dhálaí margaidh a fheabhsú le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin atá ar fáil ar bhonn tráchtála, chomh maith le slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair, trí ilroinnt an mhargaidh a laghdú, agus trí athléimneacht agus iomaíochas foriomlán chóras fuinnimh an Aontais a chosaint nó a neartú. Áirítear leis rochtain ar fhoinse breoslaí shábháilte agus inbhuanaithe den aicme is fearr, dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún (8). |
(11) |
Ba cheart don Rialachán seo Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlánú trí dhíriú ar mhonarú teicneolaíochtaí glan-nialasachta i dtéarmaí táirgí deiridh, comhpháirteanna sonracha, agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun iad a tháirgeadh. Ina ionad sin, is amhlaidh a dhíríonn Rialachán (AE) 2024/1252 ar an gcuid réamhtheachtach den slabhra soláthair, go háirithe amhábhair chriticiúla, agus ar eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil na hamhábhar sin. Tá na teicneolaíochtaí sin fíor-riachtanach le haghaidh tacar leathan earnálacha straitéiseacha lena n-áirítear tionscail na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, an tionscal digiteach, an t-aeraspás, agus earnáil na cosanta. Agus an loighic chéanna á leanúint maidir le cás gnó a chothú, maidir le huasghrádú, agus maidir le scileanna leordhóthanacha a sholáthar, agus maidir le tacú le hinfheistíochtaí, comhlánaíonn an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2024/1252 a chéile chun sineirgí tacaíochta rialála a chruthú ar fud shlabhra soláthair iomlán na monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas. Cumhdaítear leis an Rialachán seo freisin ábhair phróiseáilte ar cuid fhíor-riachtanach iad de theicneolaíochtaí glan-nialasachta, cé is moite d’amhábhair chriticiúla a thagann faoi Rialachán (AE) 2024/1252. |
(12) |
Táirgí deiridh agus comhpháirteanna sonracha atá fíor-riachtanach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh, ba cheart iad a liostú in iarscríbhinn ar bhealach neamh-uileghabhálach. Áirítear orthu sin táirgí deiridh agus a gcomhpháirteanna arna monarú agus arna dtrádáil ag cuideachta, lena n-áirítear ábhair phróiseáilte, ach cé is moite d’amhábhair a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/1252. Is é is aidhm don iarscríbhinn sin táirgí deiridh agus comhpháirteanna sonracha a shainaithint, a mhéid is féidir, atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh agus ar féidir, dá bhrí sin a mheas go réasúnach i gcónaí go n-úsáidfear go príomha iad, le haghaidh na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta uile a liostaítear sa Rialachán seo. D’fhéadfadh comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach nach gcumhdaítear san iarscríbhinn sin teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fós i gcás inar féidir leis an tionscnóir tionscadail cruthúnas a thabhairt, ar bhonn fianaise a sholáthraítear d’údarás inniúil náisiúnta, mar shampla trí staidéir mhargaidh nó trí chomhaontuithe um cheannach, go n-úsáidtear na comhpháirteanna sonracha nó an t-innealra sonrach go príomha chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh, cé is moite d’amhábhair chriticiúla a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1252. |
(13) |
Déantar comhpháirteanna sonracha áirithe i slabhra soláthair na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh trí phróisis táirgthe dianfhuinnimh, mar atá in earnálacha na cruaiche, an alúmanaim, na miotal neamhfheiriúil, na gceimiceán bunúsach, na stroighne, an aol, na gloine, na ceirmeachta, na leasachán agus earnáil an laín agus an pháipéir. Saintréith de chuid mhór de na próisis sin is ea ard-déine fuinnimh agus carbóin, rud a fhágann gur deacair a n-astaíochtaí CO2 a laghdú de ghnáth. Ag an am céanna, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1119 go ndéanfaí geilleagar an Aontais a dhícharbónú go tapa. I bhfianaise gur thionscail dianfhuinnimh ba chúis le 17 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána san Aontas in 2019, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí iad a dhícharbónú chun aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas. Ciallaíonn sé sin go bhfuil slándáil sholáthar comhpháirteanna sonracha san Aontas, comhpháirteanna a úsáidtear le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, go bhfuil slándáil an tsoláthair sin ag brath freisin ar dhlús a chur leis na hiarrachtaí dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh. Tagann saoráidí tionscail dianfhuinnimh faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcás ina dtáirgeann na saoráidí ábhartha comhpháirteanna sonracha a úsáidtear go príomha i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Mar gheall ar an ngá atá ann na hearnálacha sin ina n-iomláine a dhícharbónú agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar chomhpháirteanna sonracha a tháirgeann siad agus a úsáidtear i slabhraí sholáthar na teicneolaíochta glan-nialasachta, murab ionann agus tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta eile a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le tionscadail ó thionscail dianfhuinnimh a tháirgeann comhpháirteanna sonracha a úsáidtear i slabhraí soláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta, ach ní go heisiach. Maidir le cuimsiú na saoráidí sin ar deacair iad a mhaolú faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart é a bheith coinníollach ar thionscadal a chuimsíonn tógáil nó tiontú saoráide as a dtiocfaidh laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 arna n-eascairt as na gníomhaíochtaí táirgeachta. Trí thacú leis na hearnálacha sin ar bhealach spriocdhírithe faoin Rialachán seo, rannchuidítear le rochtain ar sholáthar inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta a áirithiú sa mhargadh inmheánach, méadaítear an chinnteacht infheistíochta agus cruthaítear dreasacht ar thaobh an éilimh le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta claochlaitheacha agus dícharbónúcháin. |
(14) |
Leagtar amach i liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta na teicneolaíochtaí atá fíor-riachtanach do chuspóirí dícharbónúcháin an Aontais agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Áirítear ar an liosta teicneolaíochtaí nach nglacann na Ballstáit uile leo mar fhoinse fuinnimh atá glan agus slán. Tá sé sin i gcomhréir leis an gceart atá acu roghnú idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a soláthair fuinnimh agus a mbeartas tionsclaíoch a chinneadh. Chun na cearta sin a choimirciú, tá liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta gan dochar don leithdháileadh cistiúcháin faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-27 atá ann faoi láthair, go háirithe i dtaobh incháilitheacht leithdháileacháin agus critéir dhámhachtana a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh i gcistí an Aontais, lena n-áirítear iad sin a mhaoinítear trí lamháltais faoin gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) nó trí thacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI). Níor cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstát ach oiread aitheantas mar thionscadail straitéiseacha a thabhairt, do thionscadail a thacaíonn le slabhra soláthair le haghaidh teicneolaíochta nach nglacann sé leis mar chuid dá mheascán fuinnimh. |
(15) |
Chun a áirithiú go mbeidh an córas fuinnimh a bheidh ag an Aontas amach anseo athléimneach, ba cheart an t-uas-scálú sin a dhéanamh feadh shlabhra soláthair iomlán na dteicneolaíochtaí atá i gceist, i gcomhsheasmhacht agus i gcomhlántacht iomlán le Rialacháin (AE) 2024/1252 agus (AE) 2023/1781 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(16) |
Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh, agus chun rannchuidiú, ag an am céanna, le tacú le hathléimneacht chóras fuinnimh an Aontais agus le hiarrachtaí dícharbónúcháin agus nuachóiriúcháin, ní mór an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas a leathnú. Ní mór don Aontas féachaint chuige go gcuireann timpeallacht rialála mhonaróirí teicneolaíochtaí fótavoltacha an Aontais ar a gcumas a mbuntáiste iomaíoch a mhéadú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú, trí dhíriú ar 30 gigeavata ar a laghad d’acmhainneacht monaraíochta fótavoltaí oibríochtúla a bhaint amach faoi 2030, ar fud an tslabhra luacha iomláin fhótavoltaigh gréine, i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i gComhghuaillíocht na hEorpa um an Tionscal Fótavoltach Gréine, a fhaigheann tacaíocht faoi Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh a bunaíodh leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022. Ní mór don Aontas féachaint chuige go gcuireann timpeallacht rialála mhonaróirí teicneolaíochtaí gaoithe agus teaschaidéal an Aontais ar a gcumas a mbuntáiste iomaíoch a chomhdhlúthú agus a sciar reatha den mhargadh a choinneáil ar bun nó a leathnú le linn na 2020idí, i gcomhréir le réamh-mheastacháin imscartha teicneolaíochta an Aontais lena gcomhlíontar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais. Ciallaíonn sé sin acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais dar méid 36 GW ar a laghad maidir le gaoth agus, 31 GW ar a laghad maidir le teaschaidéil, faoi 2030. Ní mór do mhonaróirí ceallraí agus leictrealóirí an Aontais teacht ar thimpeallacht rialála a chuireann ar a gcumas a gceannaireacht teicneolaíochta a chomhdhlúthú agus rannchuidiú go gníomhach leis na margaí sin a mhúnlú. I gcás teicneolaíochtaí ceallraí, chiallódh sé sin go rannchuideofaí le cuspóirí Chomhghuaillíocht na hEorpa um Cheallraí agus go mbeadh sé d’aidhm aige go bhfreastalódh monaróirí ceallraí an Aontais ar bheagnach 90 % d’éileamh ceallraí an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh acmhainneacht mhonaraíochta dar méid 550 GWh ar a laghad ag an Aontas faoi 2030. I gcás monaróirí leictrealóirí an Aontais, tá 10 milliún tona de tháirgeadh hidrigine in-athnuaite intíre agus suas le 10 milliún tona d’allmhairí hidrigine in-athnuaite faoi 2030 á dtuar ag an bplean REPowerEU. Chun a áirithiú go dtiocfaidh ceannaireacht tráchtála as ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais, arna tacú faoin Dearbhú Comhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan, ba cheart a chur ar chumas mhonaróirí leictrealóirí an Aontais borradh breise a chur faoina n-acmhainneacht, ionas go sroichfeadh an acmhainneacht fhoriomlán suiteáilte leictrealóirí atá á húsáid 100 GW de hidrigin faoi 2030. Thairis sin, leagtar amach cuspóir sa phlean RePowerEU freisin chun táirgeadh inbhuanaithe bithmheatáin a mhéadú go 35 bhilliún méadar ciúbach faoi 2030. Ós rud é go bhfuil a shlabhra soláthair bunaithe den chuid is mó san Eoraip sa lá atá inniu ann, rannchuidíonn bithmheatán le hathléimneacht an Aontais cheana féin agus ba cheart é a chur chun cinn a thuilleadh. Ní mór do mhonaróirí breoslaí eitlíochta agus muirí an Aontais breoslaí malartacha inbhuanaithe a fhorbairt, a tháirgeadh agus a mhéadú a thuilleadh chun rannchuidiú go suntasach le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála iompair a laghdú 90 % faoi 2050, agus chun na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (12). Le Comhaontas Tionsclaíoch an tSlabhra Luacha Breoslaí In-athnuaite agus Ísealcharbóin tacaítear go mór leis an laghdú sin freisin. Ní mór don Aontas a áirithiú go gcuirfear ar chumas na dtáirgeoirí teicneolaíochtaí eitlíochta inbhuanaithe agus breoslaí malartacha muirí, leis an timpeallacht rialála agus an creat tacaíochta atá ann dóibh, a n-acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú ar fud shlabhra luacha iomlán na mbreoslaí, ó bhailiú agus soláthar bunábhair go cumasc, lena n-áirítear acmhainneachtaí le haghaidh tiontú agus scagadh. |
(17) |
Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh le chéile, agus é á chur san áireamh an tráth céanna go bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais íseal i gcás gnéithe áirithe den slabhra soláthair, mar shampla, inbhéartóirí, chomh maith le grianchealla, sliseoga, agus uingí le haghaidh fuinneamh fótavoltach nó catóidí agus anóidí le haghaidh ceallraí. Chun cabhrú le dul i ngleic le hábhair imní faoi spleáchas agus leochaileacht maidir le hallmhairí agus chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais, ba cheart tagarmharc foriomlán le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas Eorpach a shocrú, agus iarracht á déanamh ag an am céanna tagarmharc comhchosúil a leagan síos le haghaidh na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Ba cheart é a bheith d’aidhm go mbainfeadh acmhainneacht bhliantúil an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta amach, ar a laghad, tagarmharc monaraíochta bliantúil foriomlán de 40 % de na riachtanais imscartha bhliantúla faoi 2030 i gcás na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus iad á meas ina n-iomláine. |
(18) |
An tráth céanna, cuirfidh táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta le hathléimneacht an Aontais agus le slándáil sholáthar fuinnimh ghlain an Aontais. Tá soláthar slán fuinnimh ghlain ina réamhriachtanas don fhorbairt eacnamaíoch, agus lena chois sin don ord poiblí agus don tslándáil. Beidh tairbhí ag baint le táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta freisin d’earnálacha eacnamaíocha eile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, mar shampla earnáil na feirmeoireachta agus táirgeadh bia trí rochtain ar fhuinneamh glan agus ar innealra ar phraghsanna iomaíocha a áirithiú, rud a chuirfidh, ar bhealach inbhuanaithe, le slándáil bia an Aontais agus a chuirfidh roghanna malartacha bithbhunaithe ar fáil tríd an ngeilleagar ciorclach. Ar an gcaoi chéanna, tiocfaidh fás eacnamaíoch agus folláine shóisialta as uaillmhianta aeráide an Aontais a chomhlíonadh. |
(19) |
Beidh luach thart ar USD 650 billiún in aghaidh na bliana ar an margadh domhanda le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí ollmhonaraithe fuinnimh ghlain faoi 2030, breis agus trí oiread an leibhéil reatha. Tá an tionscal glan-nialasachta ar fud an domhain ag fás ag ráta atá ag méadú. Ní féidir le tionscal an Aontais rathúnas a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais ach amháin má tá sé iomaíoch ar an margadh domhanda agus oscailte dó. A bhuí le hearnáil teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas atá iomaíoch ar fud an domhain, tabharfar tacaíocht chun acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta láidir a fhorbairt san Aontas. Ina theannta sin, rannchuideoidh tionscail an Aontais atá iomaíoch ar fud an domhain i gcodanna de shlabhraí soláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta le hathléimneacht fhoriomlán shlabhraí soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta an Aontais, agus cuirfidh siad feabhas ar rochtain an Aontais ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta. |
(20) |
Braitheann monaraíocht na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta ar shlabhraí luacha atá casta agus idirnasctha ar fud an domhain. Chun an t-iomaíochas a choinneáil ar bun agus chun na spleáchais straitéiseacha ar allmhairí atá ann faoi láthair a laghdú maidir le táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus maidir leis na slabhraí soláthair a bhaineann leo, gan spleáchais nua a chruthú ag an am céanna, ní mór don Aontas leanúint dá bhonn tionsclaíoch glan-nialasachta a neartú agus a bheith níos iomaíche agus oscailte don nuálaíocht. Chomh maith le bearta eile a dhéanamh chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú, ba cheart dó freisin bearta a dhéanamh chun an acmhainneacht mhonaraíochta san Aontas a mhéadú chun a áirithiú go n-imreoidh an tAontas ról ceannasach i gcodanna straitéiseacha den slabhra luacha domhanda, lena n-áirítear táirgí deiridh, chun an leibhéal shlándáil an tsoláthair a theastaíonn ón Aontas a áirithiú chun a chuspóirí aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart an dara tagarmharc foriomlán a bhunú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais sciar méadaithe de tháirgeadh domhanda a bhaint amach, agus 15 % den táirgeadh domhanda a bhaint amach faoi 2040, de bhun an fhaireacháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Níor cheart feidhm a bheith ag an dara tagarmharc sin i gcás gurbh airde acmhainneacht mhonaraíochta mhéadaithe an Aontais ná na riachtanais imscartha atá ag an Aontas le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha is gá chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. |
(21) |
Tá sé tábhachtach cinnteacht pleanála agus infheistíochta a chruthú tríd an ualach riaracháin ar thionscnóirí tionscadail a choinneáil chomh híseal agus is féidir chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, a imscaradh nó a leathnú a luaithe is féidir agus ar an dóigh sin slándáil sholáthar theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais a áirithiú. Chuige sin, ba cheart próisis deonaithe ceadanna na mBallstát le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, a chuíchóiriú, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh na tionscadail sin sábháilte, slán, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus sábháilteachta. Leagtar síos i ndlí comhshaoil an Aontais coinníollacha comhchoiteanna le haghaidh próisis deonaithe ceadanna náisiúnta agus an t-ábhar sna próisis sin, agus áirithítear ar an gcaoi sin ardleibhéal cosanta don chomhshaol. Ba cheart stádas tionscadail straitéisigh glan-nialasachta a bheith gan dochar d’aon choinníoll ceadúcháin is infheidhme le haghaidh na dtionscadal ábhartha, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE (13), 2004/35/CE (14), (AE) 2010/75 (15), 2011/92/AE (16) agus 2012/18/AE (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (18). |
(22) |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, i bhfianaise a n-eagrúcháin inmheánaigh, a bpointí teagmhála aonair a bhunú nó a ainmniú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó ar aon leibhéal riaracháin ábhartha eile. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha na ceanglais agus an méid faisnéise a iarrfaidh tionscnóir tionscadail a shonrú agus a chur ar fáil don phointe teagmhála aonair sula gcuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. Ba cheart an pointe teagmhála aonair a bheith freagrach as an bhfaisnéis sin a chur in iúl don tionscnóir tionscadail. Ba cheart don phointe teagmhála aonair, ina ról mar chomhordaitheoir, soláthar faisnéise do na húdaráis inniúla a éascú, go háirithe chun dúbláil ar aon iarrataí ar phróiseas deonaithe ceadanna a sheachaint. D’fhéadfaí staidéir, ceadanna nó údaruithe a áireamh in iarrataí mar sin. |
(23) |
Chun castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú sa phróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta, lena n-áirítear tionscnóirí tionscadail straitéiseacha, a bheith in ann idirghníomhú le pointe teagmhála aonair atá freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna ina iomláine a éascú agus a chomhordú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála aonair amháin nó níos mó a bhunú nó a ainmniú, agus a áirithiú ag an am céanna gur gá do thionscnóirí tionscadail idirghníomhú le pointe teagmhála aonair amháin. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé a chinneadh cé acu is nó nach údarás a dhéanann cinntí ceadúcháin é an pointe teagmhála aonair sin. Chun cur chun feidhme éifeachtach freagrachtaí na mBallstát a áirithiú, ba cheart dóibh pearsanra agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar dá bpointí teagmhála aonair agus, lena chois sin, d'aon údarás a bhfuil baint aige leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. |
(24) |
Chun go mbeidh gnólachtaí agus tionscnóirí tionscadail, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail trasteorann, in ann tairbhe dhíreach a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh gan ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a thabhú, déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), lena mbunaítear an Tairseach Aonair Dhigiteach, maidir le rialacha ginearálta chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. Chun a áirithiú gur féidir le tionscnóirí tionscadail tairbhe a bhaint as nósanna imeachta atá ar líne ina n-iomláine agus as Seirbhísí an Chóras Theicniúil Aonuaire, cumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid aon údarás ábhartha tríd an bpointe teagmhála aonair atá i gceist mar chuid den phróiseas deonaithe ceadanna faoin Rialachán seo, agus áirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin na nósanna imeachta gaolmhara. Tá pointí teagmhála aonair arna mbunú nó arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo san áireamh i liosta na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724. |
(25) |
Bíonn próisis deonaithe ceadanna fada casta, a mhaireann idir 2-7 mbliana, ag tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, ag brath ar an mBallstát, ar an teicneolaíocht agus ar an deighleog sa slabhra luacha atá i gceist. I bhfianaise mhéid na n-infheistíochtaí is gá, go háirithe i gcás tionscadail de mhéid gigeamhonarchan atá ag teastáil chun na barainneachtaí scála a bhfuil coinne leo a bhaint amach, cruthaítear, le próisis easnamhacha deonaithe ceadanna, bacainn bhreise ar minic í a bheith dochrach, ar mhéadú an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas. Chun an tslándáil agus an tsoiléireacht is gá a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí eile chun forbairt na dtionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna a bhaineann leis na tionscadail sin thar theorainneacha ama réamhshocraithe. I gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, níor cheart an próiseas deonaithe ceadanna a bheith níos faide ná 12 mhí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil 1 GW nó níos mó acu, níos faide ná 9 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos lú ná 1 GW acu, ná 18 mí i gcás na gceadanna uile is gá chun láithreán stórála straitéiseach CO2 a oibriú agus chun tionscadail gabhála CO2 agus iompar CO2 ghaolmhara a imscaradh. I gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, níor cheart an próiseas deonaithe ceadanna a bheith níos faide ná 18 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil 1 GW nó níos mó acu, ná níos faide ná 12 mhí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos lú ná 1 GW acu. I gcás teicneolaíochtaí glan-nialasachta nach bhfuil méadracht GW ábhartha ina leith, amhail eangacha leictreachais agus teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin (GSC) nó teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2, ba cheart feidhm a bheith ag uasteorainneacha na sprioc-amanna sin. Mar sin féin, is minice is é an tionscnóir tionscadail a dhéanann an chéad chéim den mheasúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Treoir 2011/92/AE, arb é atá i gceist leis an gcéim sin tuarascáil a ullmhú faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol. Níor cheart, dá bhrí sin, an chéim sin a chomhtháthú sna hamlínte dá dtagraítear sa phróiseas deonaithe ceadanna faoina gceanglaítear na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart don phointe teagmhála aonair fógra a thabhairt faoin dáta faoinar gá don tionscnóir tionscadail an tuarascáil maidir leis an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chur isteach, agus níor cheart aon tréimhse idir an dáta sin faoinar tugadh fógra agus an dáta iarbhír faoinar cuireadh an tuarascáil isteach a áireamh san amlíne. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna i gcás ina dtugann an pointe teagmhála aonair, tar éis na gcomhairliúchán a cheanglaítear, fógra don tionscnóir tionscadail faoin deis faisnéis bhreise a chur isteach chun an tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gchomhshaol a chomhlánú. I gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cineál, castacht, suíomh nó méid an tionscadail atá beartaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann síneadh a chur leis na hamlínte. D’fhéadfaí a áireamh ar na cásanna eisceachtúla sin imthosca gan choinne as a n-eascróidh an gá cur leis na measúnuithe comhshaoil a bhaineann leis an tionscadal nó iad a chomhlánú, nó moilleanna mar gheall ar phróisis um dhíshealbhú i gcás inar gá. |
(26) |
Is féidir roinnt tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta shonracha a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta. Baineann tairbhí breise leo, go háirithe maidir le spleáchas an Aontais a laghdú nó maidir leis an Aontas Fuinnimh agus spriocanna aeráide a bhaint amach. Is féidir le tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta rannchuidiú le hathléimneacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais trí acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú i bpríomhdheighleog den slabhra luacha. Go háirithe, trí acmhainneacht mhonaraíochta bhreise a chur leis na hearnálacha sin ina gcuimsítear, le hacmhainneacht mhonaraíochta an Aontais, sciar suntasach den táirgeadh domhanda, agus a bhfuil ról ríthábhachtach ag na hearnálacha sin in athléimneacht an Aontais, is féidir seasamh an Aontais i slabhra soláthair domhanda na monaraíochta glan-nialasachta a neartú agus dul i ngleic le hábhair imní faoi leochaileacht maidir le hallmhairí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tairbhí breise a bheith ag baint leis na tionscadail sin ó thaobh forbairt scileanna agus ó thaobh iomaíochais de chomh maith le tacaíocht a thabhairt maidir le spriocanna dícharbónúcháin an Aontais trí chleachtais mhonaraíochta chiorclacha agus inbhuanaithe a chur chun feidhme. I bhfianaise aon tairbhí breise den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit na tionscadail sin a roghnú mar thionscadail straitéiseacha agus ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as creat lena gceadaítear iad a chur chun feidhme ar bhealach níos tapúla, go háirithe trí stádas tosaíochta agus teorainneacha ama níos giorra sa phróiseas deonaithe ceadanna. Tionscnóirí tionscadail ar mian leo stádas tionscadail straitéisigh glan-nialasachta a fháil, ní mór dóibh iarratas foirmiúil ar an stádas sin a dhéanamh chuig an mBallstát ábhartha i gcomhréir leis na critéir iarratais agus aitheantais a leagtar síos sa Rialachán seo. |
(27) |
Na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear i ndáil le huisce, ithir, aer, éiceachórais, gnáthóga, bithéagsúlacht agus éin, is cuid lárnach iad den phróiseas deonaithe ceadanna maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus is coimirce riachtanach iad chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a chosc nó a íoslaghdú. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta intuartha agus tráthúil, ba cheart aon acmhainneacht a úsáid chun na measúnuithe agus na húdaruithe is gá a chuíchóiriú, gan leibhéal na cosanta comhshaoil a ísliú an tráth céanna. I ndáil leis sin, ba cheart na measúnuithe is gá a chuachadh chun forluí neamhriachtanach a chosc agus ba cheart do na tionscnóirí tionscadail agus do na húdaráis fhreagracha teacht ar chomhaontú go sainráite maidir le raon feidhme an mheasúnaithe chuachta sula ndéanfar an measúnú ionas nach gcruthófar obair leantach neamhriachtanach. |
(28) |
Is féidir le coinbhleachtaí úsáide talún bacainní a chruthú maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a imscaradh. I bpleananna dea-cheaptha, lena n-áirítear pleananna spásúla agus criosú, ba cheart a mheas an ceart tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta féideartha a thabhairt isteach, agus torthaí na gcomhairliúchán poiblí agus na tionchair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh ag an am céanna. D’fhéadfadh na pleananna sin cuidiú le cothromaíocht a bhaint amach idir leas an phobail agus an leas coiteann, cúiseanna coinbhleachta a laghdú agus imscaradh inbhuanaithe na dtionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas a luathú. Ba cheart, dá bhrí sin, na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha a spreagadh chun forálacha a chur iontu, i gcás inarb iomchuí, maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, agus na pleananna sin á bhforbairt acu. |
(29) |
Trí ghníomhaíocht thionsclaíoch atá dírithe ar shiombóis thionsclaíoch a bhraisliú, is féidir an tionchar a bhíonn ag na gníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus gnóthachain éifeachtúlachta a chur ar fáil do ghníomhaithe tionsclaíocha. Is féidir le braisliú rannchuidiú go mór le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. I ndáil leis sin, cuirtear chun cinn leis an Rialachán seo forbairt na nGleannta Luathaithe Glan-nialasachta (na ‘Gleannta’). Is iad is cuspóirí do Ghleannta braislí de ghníomhaíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta a chruthú chun go mbeidh an tAontas níos tarraingtí mar shuíomh le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta agus chun na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le bunú acmhainneachtaí monaraíochta glan-nialasachta a chuíchóiriú. Ba cheart Gleannta a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme geografach agus teicneolaíochta de chun siombóis thionsclaíoch a chur chun cinn. Agus an raon feidhme á shainiú acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh gur gá tús áite a thabhairt d’úsáidí iomadúla na limistéar arna sainaithint chun leathnú, ationsclú nó cruthú bhraislí tionsclaíocha teicneolaíochta glan-nialasachta an Aontais a áirithiú agus chun infhaighteacht an bhonneagair ábhartha iompair agus gréasáin, na stórála agus na n-uirlisí solúbthachta eile a áirithiú. Maidir le Gleannta a bhunú, ba cheart an bunú sin a bheith comhfhreagrach le haon phíblíne tionscadal atá beartaithe nó atá ann cheana agus don fhéidearthacht rochtain a fháil ar dheiseanna oideachais agus oiliúna nó iad a eagrú chun a áirithiú go mbeidh lucht saothair oilte ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit na gleannta a ainmniú agus ba cheart plean a bheith ag gabháil le gach ainmniúchán ina leagtar amach bearta nithiúla náisiúnta chun cur le tarraingteacht an Ghleanna mar shuíomh le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta. Ba cheart Gleannta a úsáid, go háirithe, mar uirlis chun gníomhaíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta a neartú i réigiúin, agus an t-aistriú cóir agus a chuspóirí á gcur san áireamh, go háirithe i réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe. |
(30) |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na Gleannta a ainmniú agus tacú leo. Agus Gleann á ainmniú aige, ba cheart do na Ballstáit plean a tharraingt suas ina sonrófar cén ghníomhaíocht mhonaraíochta ghlan-nialasachta atá le cumhdach sa Ghleann (an ‘Plean’). Ba cheart do na Ballstáit measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh freisin de réir mar is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta atá le tarlú sa Ghleann. Más ann cheana féin do mheasúnuithe tionchair den sórt sin, laghdaítear an gá do ghnóthais na measúnuithe sin a dhéanamh iad féin le haghaidh ceadanna do na gníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta faoi raon feidhme an Ghleanna. Ba cheart a áireamh sa Phlean torthaí na measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol chomh maith leis na bearta náisiúnta atá le déanamh chun aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol a íoslaghdú nó a mhaolú. Ba cheart bearta nithiúla náisiúnta a áireamh sa Phlean freisin chun tacú le gníomhaíocht thionsclaíoch faoi raon feidhme an Ghleanna. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin bearta chun infheistíocht phríobháideach a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh, digiteach agus iompair nó chun infheistíocht phríobháideach sa bhonneagar sin a spreagadh, chomh maith le bearta chun an caiteachas oibríochtúil ar an tionscal sa Ghleann a laghdú, mar shampla conarthaí difríochta maidir le praghsanna fuinnimh. Ar na bearta eile atá le meas, tá bearta chun cosaint maoine intleachtúla a neartú, chun mol nuálaíochta a chur ar bun sa Ghleann agus chun gnólachtaí nuathionscanta a mhealladh chuig an nGleann. Chun slándáil infheistíochta a sholáthar do thionscal an Aontais, ba cheart fad na mbeart tacaíochta a shonrú sa Phlean freisin. |
(31) |
Moltar do na Ballstáit Gleannta a ainmniú i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus i limistéir fóirithinte freisin. Infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh Gleannta a bhunú, bonneagar iomchuí a thabhairt dóibh, láithreáin athfhorbraíochta a thiontú agus scileanna áitiúla a fhorbairt, is féidir leo tairbhiú de thacaíocht airgeadais phoiblí, lena n-áirítear trí chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, mar atá an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). I gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear gach ciste agus más é rogha na n-údarás bainistíochta ábhartha é, is féidir leis na hinfheistíochtaí sin na rátaí cómhaoinithe is airde is féidir a fháil a cheadaítear le gach ciste. |
(32) |
I bhfianaise an róil atá ag Gleannta i gcomhiomlánú agus i gcomhthiomsú acmhainní atá ábhartha d’uathriail straitéiseach oscailte an Aontais, agus i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le slándáil sholáthar theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais chomh maith leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ba cheart don údarás ábhartha ceadúcháin a mheas go bhfuil Gleannta chun leas an phobail. Is é atá sa bheart sin foráil a thabhairt isteach lena sonraítear gur chun leas an phobail iad tionscadail i nGleannta chun críocha dhlí ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Níor cheart éifeachtaí móra díobhálacha a bheith ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Ar bhonn measúnú ex ante, is féidir leis an údarás ábhartha ceadúcháin a chinneadh go sáraíonn leas an phobail ar a bhfreastalaíonn na tionscadail i nGleann na leasa poiblí a bhaineann leis an dúlra agus le cosaint an chomhshaoil agus, dá réir sin, gur féidir na tionscadail a údarú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE, agus i dTreoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus i dTreoir 92/43/CEE agus gníomhartha reachtacha an Aontais maidir le hathchóiriú an dúlra. |
(33) |
De dheasca dhothuarthacht, chastacht agus, anois agus arís, fhad iomarcach na bpróiseas deonaithe ceadanna náisiúnta, déantar dochar don tslándáil infheistíochta is gá chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, a fhorbairt go héifeachtach. Dá bhrí sin, chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú agus dlús a chur leis, ba cheart do na Ballstáit próisis deonaithe ceadanna a chur i bhfeidhm atá cuíchóirithe agus éifeachtúil. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar nuálaíocht beartais sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart, ar an leibhéal náisiúnta, breathnú ar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta mar thionscadail a bhfuil práinn leo agus ba cheart dá bhrí sin stádas tosaíochta a thabhairt dóibh a mhéid a bhforáiltear do nósanna imeachta práinne den sórt sin sa dlí náisiúnta sna nósanna imeachta breithiúnacha agus réitigh díospóidí uile a bhaineann leo, agus urraim do chearta na cosanta á háirithiú an tráth céanna, má fhoráiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, sa dlí náisiúnta do nósanna imeachta práinne den sórt sin. Ba cheart é seo a dhéanamh gan cosc a chur ar údaráis inniúla a gcuid próiséas deonaithe ceadanna a chuíchóiriú le haghaidh, inter alia, tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta eile nach tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta iad. |
(34) |
Chun cuspóirí 2030 a bhaint amach, ní mór fócas ar leith a chur ar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, freisin i bhfianaise a shuntasaí a rannchuidíonn siad leis an gconair i dtreo astaíochtaí CO2 glan-nialasachta faoi 2050. Tá ról lárnach ag na tionscadail sin in uathriail straitéiseach oscailte an Aontais, rud a áirithíonn go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhuinneamh glan slán inacmhainne. I bhfianaise an róil atá acu, ba cheart go dtairbheodh na tionscadail sin de nósanna imeachta ceadúcháin atá níos cuíchóirithe agus níos éifeachtúla fós, ba cheart dóibh an stádas náisiúnta is airde is féidir a fháil faoin dlí náisiúnta agus tairbhiú de thacaíocht bhreise chun infheistíochtaí a phlódú isteach, agus ag an am céanna oibleagáidí an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta de bhun Threoracha 2009/147/EC agus 92/43/EEC agus Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, chomh maith leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí shóisialta agus saothair arna mbunú le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, a chomhlíonadh. |
(35) |
I bhfianaise an róil atá acu slándáil sholáthar theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais a áirithiú, agus i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ba cheart don údarás ábhartha ceadúcháin a mheas go bhfuil tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta chun leas an phobail. De bhun an mheasúnaithe de réir an cháis, féadfaidh údarás ceadúcháin a chinneadh go sáraíonn an leas poiblí ar a bhfuil an tionscadal ag freastal na leasa poiblí a bhaineann leis an dúlra agus le cosaint an chomhshaoil agus, dá réir sin, go bhféadfar an tionscadal a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach i dTreoir 92/43/CEE, 2000/60/CE nó Treoir 2009/147/CE, nó i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le hathchóiriú an dúlra. |
(36) |
Ní mór freisin foráil a dhéanamh do bhearta chun an sprioc atá ag an Aontas 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil a bhaint amach faoi 2030, agus ar an gcaoi sin tacú le dícharbónú thionscail an Aontais agus le comhrac an athraithe aeráide. |
(37) |
In 2020, ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais Eorpaigh um Comhtháthú Córas Fuinnimh. Leagadh amach inti fís maidir leis an gcaoi lena luathófar an t-an aistriú chuig córas fuinnimh níos comhtháite, córas a thacaíonn le geilleagar aeráidneodrach ar an gcostas is ísle ó earnáil go chéile. Cuimsíonn sé trí choincheap chomhlántacha a threisíonn a chéile: ar an gcéad dul síos, córas fuinnimh níos ‘ciorclaigh’, a bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh ina chroílár; ar an dara dul síos, leictriú díreach níos mó in earnálacha úsáideoirí deiridh; ar an tríú dul síos, breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid, lena n-áirítear hidrigin. Tagraíonn breithnithe a bhaineann le comhtháthú an chórais fuinnimh do réitigh chun an leictreachas ar fad arna ghiniúint ag suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú go hiomlán sa mhórchóras fuinnimh. Áirítear leis sin réitigh theicniúla a úsáid lenar féidir farasbarr leictreachais arna ghiniúint ag suiteálacha leictreachais in-athnuaite a chomhtháthú, lena n-áirítear trína stóráil agus trí na foinsí éagsúla cumhachta inphleanáilte neamhiontaise a leathnú san eangach, agus trí bhainistiú ar éileamh. |
(38) |
Is teicneolaíocht é GSC a rannchuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú. Is é atá i gceist leis CO2 a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun í a stóráil go buan. |
(39) |
Tá teipthe ar fhorbairt réiteach GSC don tionscal de dheasca easpa comhordúcháin. Ar lámh amháin, d’ainneoin go bhfuil na hinfheistíochtaí sin inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de mar gheall ar an gcomhartha praghais CO2 arna sholáthar ag CTA, tá riosca suntasach ann nach mbeidh tionscail a infheistíonn in astaíochtaí CO2 a ghabháil in ann rochtain a fháil ar láithreán stórála geolaíoch ceadaithe. Ar an lámh eile, bíonn costais tosaigh roimh infheisteoirí sna chéad láithreáin stórála CO2 chun iad a aithint, a fhorbairt agus a mheas sular féidir leo fiú iarratas a dhéanamh ar chead stórála rialála. Dá mba ann do thrédhearcacht maidir le hacmhainneacht stórála CO2 fhéideartha i dtéarmaí oiriúnacht gheolaíoch na limistéar ábhartha agus na sonraí geolaíocha uile atá ann cheana, lena n-áirítear sonraí amha agus samhail sonraí, go háirithe de thoradh taiscéaladh láithreán táirgthe hidreacarbóin, d'fhéadfadh sin tacú le hoibreoirí margaidh agus a n-infheistíochtaí á bpleanáil acu. Ba cheart do na Ballstáit, agus rúndacht, slándáil náisiúnta agus íogaireachtaí tráchtála á gcur san áireamh acu mar aon le cúiteamh leordhóthanach ar shonraí a ghintear go príobháideach agus atá faoi úinéireacht phríobháideach, na sonraí sin atá ann cheana a chur ar fáil go poiblí agus tuairisciú a dhéanamh go tráthrialta le peirspictíocht fhadtéarmach maidir le haon dul chun cinn a dhéantar i ndáil le láithreáin stórála CO2 a fhorbairt agus maidir leis na riachtanais chomhfhreagracha i dtaca le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála, chun an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach go comhpháirteach. Tá na hoibleagáidí trédhearcachta sin gan dochar do cheart na mBallstát gan imscaradh acmhainneachta stórála CO2 ar a gcríoch a údarú ná a theorannú. |
(40) |
Chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus chun a áirithiú go dtiocfaidh laghduithe CO2 as acmhainneacht insteallta atá inmharthana go heacnamaíoch, ba cheart cás gnó feadh an tslabhra luacha iomláin a thógáil. Dá bhrí sin, ní mór slabhraí luacha GSC iomlána agus aonair, lena n-áirítear gabháil, iompar agus stóráil, a bhunú faoi 2030 trí bheartais éifeachtacha de chuid an Aontais agus trí bheartais náisiúnta éifeachtacha agus rialacháin iomchuí a bheith ann lena ráthaítear iomaíocht agus rochtain oscailte. |
(41) |
Is príomhscrogall d’infheistíochtaí gabhála carbóin a bhfuil inmharthanacht eacnamaíoch mhéadaitheach acu na laethanta seo infhaighteacht láithreán stórála CO2 san Aontas, ar bonn agus taca í leis na dreasachtaí arna ndíorthú ó Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Chun an teicneolaíocht a uas-scálú agus chun cur leis na hacmhainneachtaí ceannródaíocha atá aige, ní mór don Aontas soláthar réamhbhreathnaitheach de láithreáin stórála CO2 gheolaíocha bhuana a fhorbairt, ar láithreáin iad a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) chomh maith le bonneagar iompair CO2. Trí sprioc a shainiú san Aontas go mbeidh aige 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil faoi 2030, i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí a mheastar a bheidh ag teastáil in 2030 agus na cuideachtaí a oibríonn go príomha i mBallstáit ina bhfuil acmhainneacht stórála an-teoranta de bharr srianta dlíthiúla, geolaíocha, geografacha, teicniúla nó margaidh á gcur san áireamh, is féidir leis na hearnálacha ábhartha a gcuid infheistíochtaí a chomhordú chun slabhra luacha Eorpach glan-nialasachta um iompar agus stóráil CO2, slabhra ar féidir le hearnálacha a úsáid chun a n-oibríochtaí a dhícharbónú. Leis an imscaradh tosaigh sin, tacófar le stóráil bhreise CO2 faoi pheirspictíocht 2050. Dé réir mheastacháin an Choimisiúin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas suas le 550 milliún tona CO2 a ghabháil in aghaidh na bliana faoi 2050 chun an cuspóir glan-nialasachta a bhaint amach, lena n-áirítear an cuspóir le haghaidh aistrithe carbóin. Leis an gcéad chuspóir sin maidir le hacmhainneacht stórála ar scála tionsclaíoch, bainfear an riosca d’infheistíochtaí in astaíochtaí CO2 a ghabháil, rud a bheith ina uirlis thábhachtach chun aeráidneodracht a bhaint amach. Nuair a dhéanfar an Rialachán seo a ionchorprú i gComhaontú Limistéar Eacnamaíoch an Aontais, déanfar sprioc an Aontais, mar atá 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil faoi 2030 a choigeartú dá réir sin. Chun a áirithiú go mbainfear amach sprioc an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun imscaradh na dtionscadal GSC a éascú agus a dhreasú. Ba cheart a áirithiú sna bearta sin bearta chun astaírí a dhreasú chun astaíochtaí a ghabháil agus tacaíocht maoiniúcháin d’infheisteoirí i mbonneagar iompair CO2 lena n-iomprófar CO2 chuig na láithreáin stórála. |
(42) |
Aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le CO2 an Aontais a stóráil go buan i dtríú tíortha, ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le coinníollacha coibhéiseacha chun stóráil gheolaíoch CO2 gafa atá slán go buan agus sábháilte ó thaobh an chomhshaoil a áirithiú agus chun a áirithiú nach n-úsáidtear stóráil CO2 an Aontais chun táirgeadh hidreacarbóin a mhéadú agus go gcomhfhreagraíonn sé d’fhíorlaghdú ar astaíochtaí. |
(43) |
Tríd na láithreáin stórála CO2 agus aon tionscadail gabhála CO2 nó tionscadail bonneagair CO2 ábhartha a chuireann le sprioc 2030 an Aontais mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a shainiú, is féidir forbairt láithreán stórála CO2 a luathú agus a éascú, agus is féidir an t-éileamh tionsclaíoch méadaithe maidir le láithreáin stórála a threorú i dtreo na láithreán stórála is costéifeachtaí. Tá méadú ag teacht ar líon na ngort gáis agus ola atá ag deireadh a saolré táirgthe úsáideach a d’fhéadfaí a thiontú ina láithreáin stórála sábháilte CO2. Anuas air sin, dhearbhaigh an tionscal ola agus gáis a dhiongbháilte atá sé tabhairt faoi aistriú fuinnimh agus tá na sócmhainní, na scileanna agus an t-eolas is gá aige chun láithreáin stórála bhreise a iniúchadh agus a fhorbairt. Chun sprioc an Aontais 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil a bhaint amach faoi 2030, ní mór don earnáil a rannchuidiú a chomhthiomsú chun a áirithiú go mbeidh GSC mar réiteach aeráide ar fáil sula dtiocfaidh an t-éileamh. Chun a áirithiú go ndéanfar láithreáin stórála CO2 a fhorbairt ar bhealach tráthúil costéifeachtach ar fud an Aontais i gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta, ba cheart do cheadúnaithe táirgthe ola agus gáis san Aontas rannchuidiú leis an sprioc sin ar bhonn pro rata dá n-acmhainneacht monaraíochta ola agus gáis, agus solúbthacht á soláthar an tráth céanna chun comhoibriú agus chun rannchuidiú eile ó thríú páirtithe a chur san áireamh. Ba cheart cur chuige slabhra luacha a chothú trí ghníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Dá réir sin, ba cheart do cheadúnaithe táirgthe ola agus gáis san Aontas na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh agus tacú le samhlacha gnó inmharthana a fhorbairt don slabhra luacha dé-ocsaíde carbóin ina iomláine. |
(44) |
Chun rannchuidiú le cuspóir acmhainneachta insteallta CO2 an Aontais, tá eintitis faoi oibleagáid in ann comhaontuithe a dhéanamh le heintitis nach bhfuil faoi oibleagáid chun a n-oibleagáid iomlán nó cuid di a chomhlíonadh. Is féidir leis na comhaontuithe sin a bheith mar chuid de chomhaontú comhpháirteach lena mbunaítear láithreán stórála nó a dhéantar ar leithligh idir páirtithe chun rannchuidiú an eintitis faoi oibleagáid a chomhlíonadh. I gcás inar bunaíodh na comhfhiontair sin roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar lán-acmhainn insteallta an chomhthionscadail stórála ábhartha CO2 a úsáid chun oibleagáidí pháirtnéirí na bpáirtithe faoi oibleagáid eile a chomhlíonadh. |
(45) |
Chun a áirithiú go ndéanfar láithreáin stórála a fhorbairt faoi dhálaí margaidh fónta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ina mbreathnófar ar an ngaol idir an t-éileamh nithiúil ar an acmhainneacht insteallta ó thionscadail gabhála CO2 agus an príomhbhonneagar is gá chun CO2 atá ar siúl nó atá beartaithe a bheith oibríochtúil faoi 2030 agus oibleagáidí acmhainne stórála 2030. |
(46) |
Is uirlis fhíor-riachtanach iad na maoluithe ón oibleagáid chun sócmhainní tréigthe a chosc sna himthosca sin. Chun na maoluithe sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún dul i dteagmháil go hiomlán leis na heintitis údaraithe ábhartha in aon mheasúnú maidir leis an ngá atá le maolú, go háirithe i gcás ina gcuireann eintiteas údaraithe an gá le maolú ar foluain. Chun cuspóir an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach, i gcás nach ndeonaítear aon mhaolú agus ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin, nó i gcás nár iarr an Ballstát ábhartha maolú, ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin,, rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát i dteagmháil le heintitis údaraithe ábhartha chun cuidiú le constaicí agus bacainní a réiteach ionas gur fusa an oibleagáid a bhaint amach. |
(47) |
Tá iarracht bhreise beartais ríthábhachtach chun imscaradh na pleanála bonneagair trasteorann a chinntiú. Tá ról ríthábhachtach ag inrochtaineacht agus nascacht raon iomlán na socruithe iompair CO2 maidir le tionscadail GSC agus tionscadail gabhála agus úsáide carbóin a imscaradh. Cumhdaítear leis na socruithe sin longa, báirsí, traenacha agus trucailí chomh maith le saoráidí seasta chun nascadh agus teacht chun duga, le haghaidh leachtú, stóráil maolánach agus tiontairí CO2 i bhfianaise go n-iomprófar ar aghaidh í trí phíblínte agus i modhanna tiomnaithe iompair. |
(48) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann eintitis a bhunú, nó féadfaidh siad tacaíocht a chur ar fáil lena mbunú, ar eintitis iad a bhfuil mar chuspóir acu gréasáin iompair CO2 a chruthú, lena n-áirítear bonneagair a tógáil nó soithí a sholáthar nó modhanna iompair eile. |
(49) |
Is cinnte go mbeidh gabháil, stóráil agus úsáid CO2 mar chuid de thodhchaí dhícharbónaithe an Aontais, lena n-áirítear aistrithe. Ní mór margadh dea-fheidhmiúil a bheith ann ar fud an Aontais le haghaidh CO2 gafa, seirbhísí insteallta CO2, seirbhísí iompair CO2 agus gníomhaíochtaí úsáide carbóin. Ba cheart don mhargadh sin cuspóirí áirithe beartais phoiblí a bhaint amach ar an mbealach is buntáistí go heacnamaíoch. Cuspóir foriomlán is ea dícharbónú inbhuanaithe agus costéifeachtach thionscal an Aontais trína áirithiú gur féidir aon astaíochtaí CO2 nach féidir a laghdú trí mhodhanna teicniúla, nó i gcás nach bhfuil sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de na hastaíochtaí sin a laghdú, gur féidir iad a ghabháil agus a stóráil nó a úsáid, agus astaíochtaí moillithe á seachaint. Ba cheart don mhargadh sin sábháilteacht, inbhuanaitheacht agus buaine stóráil gheolaíoch CO2 gafa a áirithiú freisin agus go bhfuil CO2 gafa ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí úsáide carbóin i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais. Ba cheart líonra bonneagair iompair CO2 ag a bhfuil lorg comhshaoil íosta atá inrochtana do ghníomhaithe margaidh faoi choinníollacha cothroma, oscailte agus neamh-idirdhealaitheacha a bheith mar bhonn taca le margadh feidhmiúil CO2 freisin. Ba cheart don mhargadh na caighdeáin chomhshaoil san Aontas a chomhlíonadh. |
(50) |
Trí CO2 gafa a úsáid i bpróisis táirgthe áirithe, is féidir CO2 a stóráil go buan nó rannchuidiú le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart na heintitis uile a bhfuil baint acu le slabhra luacha na ngníomhaíochtaí insteallta CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo a spreagadh chun a mheas an bhféadfaí an CO2 atá le stóráil a stóráil go buan i dtáirgí nua nó an bhféadfadh sé tacú le cuspóirí an Aontais a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. |
(51) |
Chuidigh an tAontas le córas eacnamaíoch domhanda a chruthú ar bhonn thrádáil oscailte, thrédhearcach agus riailbhunaithe, d’éiligh sé caighdeáin maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil agus maidir leis an aistriú aeráide a urramú agus a chur chun cinn, agus tá sé tiomanta go hiomlán do na luachanna sin. Tá sé d’aidhm ag an Aontas cothrom iomaíochta a bhaint amach trí athchóiriú a dhéanamh ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), trí chomhpháirtíochtaí nua a thógáil agus trí na cleachtais éagóracha trádála agus an ró-acmhainneacht táirgeachta a chomhrac, chun timpeallacht iomaíoch chothrom a áirithiú do thionscal an Aontais, lena n-áirítear trí Chomhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta, lena gcuirfear poist ardcháilíochta ar fáil d’oibrithe. |
(52) |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Aontas ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta is gá chun athléimneacht an Aontais a choimirciú agus chun a spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, ní mór don mhargadh inmheánach a bheith ina thimpeallacht thacúil don nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Beidh an nuálaíocht ina gné ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a áirithiú agus chun cuspóirí glan-nialasachta a bhaint amach a luaithe is féidir. I bhfianaise na bhforbairtí gasta ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta chomh maith leis an treoir rialála shuntasach a sholáthraítear don aistriú glas, tá sé ríthábhachtach, chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go ndéanfar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag dlí an Aontais agus tionscnaimh bheartais ar nuálaíocht a mheas le linn a n-ullmhaithe, a n-athbhreithnithe agus a n-athbhreithnithe trí phrionsabal na nuálaíochta a chur i bhfeidhm. |
(53) |
Chun cuspóirí an Rialacháin seo a léiriú, d’fhéadfadh an Coimisiún a mheas an ceart nuashonrú a dhéanamh ar na Conairí Aistrithe atá á bhforbairt de thoradh na teachtaireachta ón gCoimisiún i mí na Bealtaine 2021 agus lena bhféadfaí cumasóirí a shainaithint chomh maith le scrogaill maidir le haistriú agus iomaíochas thionscal an Aontais, nó an Rialachán seo a chur san áireamh in aon tionscnamh den sórt sin a bheidh ann amach anseo. |
(54) |
Faoin gcéad cholún de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, tá an tAontas chun bonn tionsclaíoch a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun réitigh teicneolaíochta glan-nialasachta a sholáthar chun a sholáthar fuinnimh a dhaingniú, agus a uaillmhianta maidir le haeráidneodracht á gcomhlíonadh an tráth céanna. Chun tacú leis an sprioc sin agus chun spleáchais a sheachaint maidir le soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chuirfeadh moill ar iarrachtaí an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó a chuirfeadh slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol, ba cheart forálacha a leagan síos leis an Rialachán seo chun éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta inbhuanaithe athléimneacha a spreagadh. |
(55) |
Le cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas éigeantach, áirithítear go méadófar ar bhealach struchtúrtha giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar sholáthar a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr le haghaidh táirgí glan-nialasachta i réimse na hinbhuanaitheachta comhshaoil, rud is féidir a chur chun feidhme i gcás údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha. Le heisceachtaí áirithe, ba cheart a áirithiú go mbeidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha in ann iarmhairtí neamh-inmhianaithe sonracha a sheachaint. Baineann na heisceachtaí sin le cásanna monaplachta, le teipeanna margaidh sonracha nó le staideanna ina bhféadfadh sé go mbeidh ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha dul i ngleic le costais dhíréireacha nó neamh-chomhoiriúnachtaí teicniúla. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha i gcónaí íoscheanglais bhreise a áireamh ina ndoiciméid soláthair, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Treoracha 2014/23/AE (26), 2014/24/AE (27) nó 2014/25/AE (28) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an dlí earnála is infheidhme. Ba cheart a bheith de shaoirse acu freisin, faoi na coinníollacha céanna, critéir dhámhachtana a úsáid chun an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch mar shampla praghas, costas nó critéir eile a shainaithint. |
(56) |
Maidir le conarthaí oibreacha agus lamháltais oibreacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha, na ceanglais nó na hoibleagáidí conarthacha sonracha a roghnú chun gur féidir roinnt cuspóirí éagsúla a bhaint amach, amhail aghaidh a thabhairt ar bhreithnithe sóisialta nó fostaíochta chun toradh dearfach sóisialta a bhaint amach, agus ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil á gcur san áireamh go héifeachtach, i gcás inarb ábhartha, nó dearbhú leordhóthanach a fháil go ndéanfar na táirgí ábhartha a sheachadadh go tráthúil. Tá na gnéithe sin tábhachtach freisin chun an athléimneacht a chothú. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin d’eisceachtaí a bhaineann le cásanna monaplachta, le teipeanna margaidh nó le staideanna sonracha ina bhféadfadh sé go mbeidh ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha dul i ngleic le costais dhíréireacha nó neamh-chomhoiriúnachtaí teicniúla. |
(57) |
I gcásanna áirithe, ba cheart aird a thabhairt ar rannchuidiú athléimneachta na tairisceana i ndáil le tríú tíortha áirithe. Más rud é go gcinneann an Coimisiún go gcuimsítear le teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ar de thionscnamh tríú tír iad, go gcuimsítear leis sin cion dar méid breis agus 50 % de sholáthar na teicneolaíochta sonraí sin nó na gcomhpháirteanna sin laistigh den Aontas, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha roinnt coinníollacha a áireamh ina doiciméid soláthair chun gur féidir toradh athléimneach a bhaint amach. Ar an gcaoi sin, níor cheart luach na teicneolaíochta glan-nialasachta sonraí nó na bpríomh-chomhpháirteanna sonracha den teicneolaíocht ghlan-nialasachta shonrach ar de thionscnamh an tríú tír lena mbaineann iad dul thar theorainn 50 % faoi choinníollacha sonracha. Ina theannta sin, más rud é gur chinn an Coimisiún go bhfuil méadú 10 bpointe céatadáin ar a laghad tagtha ar an gcion de sholáthar na dtáirgí nó na gcomhpháirteanna sin de thionscnamh tríú tír laistigh den Aontas 2 bhliain as a chéile, ar an meán, agus go bhfuil 40 % ar a laghad den soláthar laistigh den Aontas sroichte aige sin, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra céanna. Ar an gcaoi sin, beidh an tAontas in ann spleáchais atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh ar bhealach éifeachtúil. Maidir le conarthaí a chumhdaítear le Foscríbhinn I an Aontais a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais nó le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal, níor cheart d’údaráis chonarthacha ná d’eintitis chonarthacha na ceanglais sin a chur i bhfeidhm maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta nó a bpríomh-chomhpháirteanna a dtagann ó fhoinsí soláthair is sínitheoirí leis na comhaontuithe sin. |
(58) |
I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais athléimneachta sin, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha a cheangal freisin, ina ndoiciméid soláthair, go mbeadh sé d’oibleagáid ar an bpríomhchonraitheoir muirear comhréireach a íoc leis an údarás conarthach nó leis an eintiteas conarthach lena mbaineann dar luach 10 % ar a laghad de luach theicneolaíochtaí glan-nialasachta sonracha an chonartha, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an sásra. |
(59) |
Níor cheart do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh in aghaidh an tsoláthraí ná níor cheart dóibh caitheamh le soláthraí teicneolaíochtaí glan-nialasachta ó Bhallstát eile ar bhealach éagsúil. Tá an oibleagáid sin ar aon dul leis an oibleagáid atá ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha cheana féin, i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, caitheamh go cothrom agus gan idirdhealú le hoibreoirí eacnamaíocha agus na rialacha nós imeachta a leagtar síos sna Treoracha sin a leanúint chun a áirithiú go dtabharfar éifeacht phraiticiúil do phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe agus go n-osclófar nósanna imeachta soláthair phoiblí don iomaíocht. |
(60) |
Gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme i leith teicneolaíocht shonrach, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), agus mura bhforáiltear a mhalairt ann, agus meastóireacht á déanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil na réiteach glan-nialasachta a sholáthraítear ar bhonn an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha gnéithe éagsúla a bhfuil tionchar acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a chur i gcuntas. |
(61) |
Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun treoirphrionsabail a bhunú d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha chun go sonraítear sonraíochtaí teicniúla, ceanglais agus coinníollacha feidhmíochta conarthaí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht comhshaoil i gcás na gconarthaí poiblí. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme maidir le teicneolaíochtaí sonracha, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2024/1781 agus Rialachán (AE) 2023/1542. |
(62) |
Chun an gá atá le foinsí soláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta a éagsúlú ó fhoinsí aonair soláthair laistigh de nós imeachta soláthair phoiblí nó de cheant agus an gá atá le tacú le táirgeadh nó tomhaltas fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur san áireamh, agus gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe ar bhealach leordhóthanach ar a laghad i gcás ina dtagann an teicneolaíocht ghlan-nialasachta shonrach sin nó a príomh-chomhpháirteanna ó thríú tír aonair agus ina gcuimsíonn an tríú tír sin níos mó ná 50 % den soláthar sin laistigh den Aontas. |
(63) |
Chun iompar gnó freagrach na dtairgeoirí agus cibearshlándáil agus slándáil sonraí na dteicneolaíochtaí a úsáidtear agus na dtionscadal agus an bhonneagair ghaolmhair a chur chun cinn, agus seachadadh na dtionscadal ina iomláine agus in am a chur chun cinn, ba cheart do na húdaráis phoiblí a dhearann ceantanna chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh critéir réamhcháiliúcháin a bhaineann le hiompar gnó freagrach, cibearshlándáil agus slándáil sonraí agus leis an gcumas an tionscadal a sholáthar ina iomláine agus in am chur san áireamh sna ceantanna sin. |
(64) |
Chun tacú leis an aidhm bonn tionsclaíoch chun soláthar teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun soláthar fuinnimh an Aontais a dhaingniú agus spleáchais ar sholáthar na dteicneolaíochtaí sin a sheachaint, rud a chuirfeadh moill ar iarrachtaí an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a chuirfeadh slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol, ba cheart do na húdaráis phoiblí a dhearann ceantanna chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh inbhuanaitheacht agus athléimneacht sholáthar na dteicneolaíochtaí sin laistigh den Aontas a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na gceantanna leis an inbhuanaitheacht trí scrúdú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil na dtairiscintí, ar a rannchuidiú leis an nuálaíocht agus ar a rannchuidiú le comhtháthú an chórais fuinnimh. Chun na críche, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit critéir réamhcháiliúcháin nó dhámhachtana a thabhairt isteach i ndearadh an cheant. Cé gur cheart na critéir réamhcháiliúcháin a bheith á gcomhlíonadh le tionscadail uile na dtairgeoirí ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa cheant, is é is aidhm do na critéir dhámhachtana meastóireacht agus rangú a dhéanamh ar na tionscadail éagsúla atá sa cheant. |
(65) |
Agus breithniú á dhéanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil na dtairiscintí, i bhfoirm critéir réamhcháiliúcháin nó critéir dhámhachtana, féadfaidh na húdaráis phoiblí a dhearann ceantanna chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh gnéithe éagsúla a chur san áireamh ag a bhfuil tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. D’fhéadfaí a áireamh ar na gnéithe sin, marthanacht agus iontaofacht an réitigh; an éascaíocht maidir le deisiúchán agus cothabháil na seirbhísí sin; an éascaíocht maidir le nuashonrú agus athriochtú; an éascaíocht maidir le cáilíocht agus athchúrsáil; substaintí a úsáid; tomhaltas fuinnimh, uisce agus acmhainní eile ag céim amháin nó níos mó de shaolré an táirge; meáchan agus méid an táirge agus an pacáistiú atá aige; ábhair in-athnuaite nó comhpháirteanna athchúrsáilte nó athláimhe a ionchorprú; cainníocht, saintréithe agus infhaighteacht na dtomhaltán is gá le haghaidh úsáid agus cothabháil chuí; lorg comhshaoil an táirge agus a thionchair ar an gcomhshaol ar feadh a shaolré; lorg carbóin an táirge; an scaoileadh micreaphlaisteach; astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir a scaoiltear in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge; méideanna na dramhaíola a ghintear; agus na coinníollacha maidir le húsáid. |
(66) |
Chun tacú le dearadh agus táirgeadh teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite atá níos nuálaí agus níos forbartha, féadfar a chur san áireamh le rannchuidiú inbhuanaitheachta tairiscintí, i bhfoirm critéir réamhcháiliúcháin nó critéir dhámhachtana, an rannchuidiú leis an nuálaíocht trí fhoráil a dhéanamh do chritéir réamhcháiliúcháin nó dhámhachtana lena gcuirtear chun cinn úsáid réiteach iomlán nua nó feabhsú réiteach inchomparáide úrscothach. |
(67) |
Chun tacú le comhtháthú fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite i gcóras fuinnimh an Aontais agus leis na tairbhí a bhaineann leis maidir le dícharbónú costéifeachtach, féadfar a chur san áireamh le rannchuidiú inbhuanaitheachta tairiscintí an rannchuidiú le comhtháthú an chórais fuinnimh trí, mar shampla, stóráil fuinnimh, dramhtheas agus aisghabháil fuachta agus táirgeadh hidrigine in-athnuaite. |
(68) |
Chun athléimneacht an tsoláthair de theicneolaíochtaí glan-nialasachta fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus chun spleáchas iomarcach ar thíortha ina bhfuil comhchruinniú ard soláthair san Aontas a sheachaint, ba cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh, trí bhíthin critéir réamhcháiliúcháin nó dhámhachtana, ar rannchuidiú athléimneachta na dtionscadal éagsúil atá rannpháirteach i gceantanna chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh, agus an gá atá le soláthar teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a éagsúlú, gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Agus an critéar athléimneachta á chur i bhfeidhm, ba cheart d’údaráis phoiblí a chur san áireamh gur cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe ar bhealach leordhóthanach ar a laghad i gcás inarb as tríú tír níos mó ná 50 % den éileamh ar theicneolaíocht glan-nialasach shonrach nó dá príomh-chomhpháirteanna sonracha laistigh den Aontas. |
(69) |
Nuair a chuirtear i bhfeidhm ina gcritéir dhámhachtana iad, tá ualú na gcritéar maidir le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na tairisceana i ndáil le ceantanna chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh gan dochar don fhéidearthacht atá ag na húdaráis a dhearann na ceantanna sin tairseach níos airde a shocrú i gcomhair na gcritéar a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, nuálaíocht agus comhtháthú an chórais fuinnimh i gcás ina bhfuil sin comhoiriúnach le haon teorainn le critéir neamhphraghais a leagtar síos faoi rialacha Státchabhrach. Ar aon chuma, ba cheart a áirithiú le cur i bhfeidhm na gcritéar sin agus a n-ualú íosta agus comhcheangailte i gceantanna go leanfaidh ceantanna de bheith iomaíoch agus go gcomhlíonfaidh siad Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(70) |
Chun soláthar teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite an Aontais a mhéadú chun na riachtanais a bhaineann le tagarmharc monaraíochta bliantúla foriomlán a bhaint amach laistigh den Aontas faoi 2030, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le sciar sonrach den mhéid a chuirtear ar ceant a gcuirtear critéir neamhphraghais i bhfeidhm ina leith. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an sciar sin gach 2 bhliain chun tionchar na gcritéar neamhphraghais ar fhorbairt mhonaraíocht bhliantúil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite an Aontais agus ar imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chinneadh, lena n-áirítear a dtionchar airgeadais agus a dtionchar ar luas an imscartha, agus inoibritheacht agus soiléireacht an chórais d’fhorbróirí tionscadail á gcur san áireamh ag an am céanna. Má léiríonn na measúnuithe go gcuireann cur i bhfeidhm na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta go dearfach le slándáil sholáthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais, go háirithe tríd an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú san Aontas, agus nach gcuireann sé bac suntasach ar bhaint amach na spriocanna don fhuinneamh in-athnuaite a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), lena n-áirítear an t-imscaradh i ngach Ballstát, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a mhéadú céim ar chéim. Ba cheart gach céim a bheith faoi réir measúnú tionchair chun a áirithiú go leanfaidh sciartha níos airde de bheith ag rannchuidiú go dearfach le slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus gur mó na tairbhí sin ná na héifeachtaí ar chostas agus luas an imscartha fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite. Agus sciar an mhéid a chuirtear ar ceant á chinneadh, ba cheart féachaint, más iomchuí agus más indéanta, le méadú foriomlán de réir a chéile a bhaint amach d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí foriomlána an Rialacháin seo a bhaint amach agus le sciar 50 % a bhaint amach faoi dheireadh 2029. |
(71) |
Ag brath ar a spriocanna maidir le himscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ar a straitéisí náisiúnta dícharbónúcháin, d’fhéadfadh tionchar an-éagsúil a bheith ag cur i bhfeidhm na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta ar na Ballstáit. Agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na gcritéar sin ar imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, an tionchar airgeadais foriomlán agus na héifeachtaí ar imscaradh san Aontas a scrúdú chomh maith leis an tionchar ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile, lena n-áirítear teaghlaigh agus cuideachtaí. Chun an tionchar ar imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chinneadh agus chun taithí phraiticiúil ar chritéir neamhphraghais a chur i bhfeidhm a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle, mar chuid dá mheasúnú agus ar bhealach struchtúrtha agus trédhearcach, leis na húdaráis náisiúnta a chuireann fuinneamh ar ceant. |
(72) |
D’fhéadfadh na critéir le haghaidh ceantanna ualach iomarcach a chur ar thionscnóirí tionscadal fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht bheag acu. Chun tionchar an Rialacháin seo ar cheantanna a theorannú chun tacú le tionscadail a bhfuil acmhainn uasta 10 meigeavata acu, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na ceantanna sin a eisiamh ó ríomh mhéid iomlán na hacmhainneachta a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana. |
(73) |
I gcás ina bhfuil tearc-éileamh ar cheantanna a gcuirtear critéir réamhcháiliúcháin, athléimneachta agus inbhuanaitheachta i bhfeidhm ina leith, níor cheart dó sin moill a chur ar imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite trí oibleagáid a chur ar na Ballstáit na critéir sin a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar tearc-éilithe den mhéid ar ceant. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sciar an mhéid ar ceant ar a bhfuil tearc-éileamh a eisiamh ó na ceanglais le haghaidh ceantanna. Meastar tearc-éileamh a bheith i gceist le ceant i gcás ina gcumhdaítear leis na tairiscintí a chuirtear i láthair le haghaidh an cheant sin méid atá faoi bhun mhéid iomlán na hacmhainneachta a chuirtear ar ceant. |
(74) |
Chun scéimeanna a bhunú a théann chun tairbhe do theaghlaigh, do ghnólachtaí, agus do thomhaltóirí, lena ndéantar ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a dhreasú, agus gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe go leordhóthanach i gcás ina ndéanfaidh foinse aonair níos mó ná 50 % den éileamh iomlán ar theicneolaíocht ghlan-nialasach shonrach laistigh den Aontas a sholáthar. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún liosta bliantúil a fhoilsiú ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir le dáileadh thionscnamh na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a thagann faoin gcatagóir seo, arna mhiondealú de réir an sciar de sholáthar an Aontais de thionscnamh foinsí éagsúla sa bhliain is deireanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. |
(75) |
I gCinneadh 2014/115/AE ón gComhairle (32), formheasadh, inter alia, an leasú ar an ‘Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais’. Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais creat iltaobhach de chearta agus d’oibleagáidí cothromaithe a bhunú a bhaineann le conarthaí poiblí d’fhonn léirscaoileadh agus leathnú na trádála domhanda a bhaint amach. I gcás conarthaí a chumhdaítear le Foscríbhinn I an Aontais a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais, chomh maith le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil an tAontas faoi cheangal orthu, lena n-áirítear comhaontuithe saorthrádála agus Airteagal III 8(a) den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil maidir le soláthair ag gníomhaireachtaí rialtais i gcás táirgí a cheannaítear d’fhonn iad a athdhíol ó thaobh na tráchtála de nó d’fhonn iad a úsáid i dtáirgeadh earraí le haghaidh díolacháin tráchtála, níor cheart d’údaráis chonarthacha ná d’eintitis chonarthacha ceanglais athléimneachta maidir le a chur i bhfeidhm maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta nó a bpríomh-pháirteanna a thagann ó fhoinsí soláthair ar sínitheoirí leis na comhaontuithe sin iad. |
(76) |
Ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le hathléimneacht i nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun an Rialacháin seo a bheith gan dochar d’Airteagal 25 de Threoir 2014/24/AE agus d’Airteagail 43 agus 85 de Threoir 2014/25/AE, agus i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2019 dar teideal ‘Guidance on the participation of third country bidders and goods in the EU procurement market’ [Treoir maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí tríú tíortha i margadh soláthair an Aontais]. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart forálacha soláthair phoiblí leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le hoibreacha, soláthairtí agus seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo, lena n-áirítear Airteagal 67(4) de Threoir 2014/24/AE agus aon bhearta cur chun feidhme a eascraíonn as Rialachán (AE) 2024/1781. |
(77) |
Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin a eascraíonn as an ngá atá le ceanglais a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus rannchuidiú athléimneachta tairisceana a chur san áireamh, go háirithe do cheannaitheoirí beaga poiblí agus do chonarthaí ar luach níos ísle ná sin nach bhfuil tionchar tábhachtach acu ar an margadh, ba cheart cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur siar go ceann 2 bhliain i gcás ceannaitheoirí poiblí nach comhlachtaí lárnacha ceannaigh iad agus i gcás conarthaí ar lú a luach ná EUR 25 mhilliún. |
(78) |
Chun críocha chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann le nósanna imeachta soláthar phoiblí de bhun an Rialacháin seo, i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), níor cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ach na táirgí a cheannach a chomhlíonann an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin. |
(79) |
Tá teaghlaigh, gnólachtaí, agus tomhaltóirí deiridh ina gcodanna ríthábhachtacha d’éileamh an Aontais ar tháirgí deiridh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus is uirlisí tábhachtacha iad scéimeanna tacaíochta poiblí chun spreagadh a thabhairt do theaghlaigh na táirgí sin a cheannach, go háirithe do theaghlaigh agus do thomhaltóirí leochaileacha ar ioncam íseal agus ar ioncam meánaicmeach íseal, chun dlús a chur leis an aistriú glas. Faoin tionscnamh um dhíonta gréine a fógraíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022, ba cheart do na Ballstáit, mar shampla, cláir náisiúnta a bhunú chun tacú le himscaradh ollmhór grianfhuinnimh dín. I bplean REPowerEU, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as bearta tacaíochta a spreagann an t-athrú chuig teaschaidéil. Ba cheart do na scéimeanna tacaíochta sin a bhunaíonn na Ballstáit go náisiúnta nó a bhunaíonn údaráis áitiúla nó réigiúnacha go háitiúil rannchuidiú le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus athléimneacht theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais. Ba cheart d’údaráis phoiblí, mar shampla, cúiteamh airgeadais níos airde a sholáthar do thairbhithe as ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta lena ndéanfar rannchuidiú níos airde le hathléimneacht san Aontas. Féadfaidh údaráis phoiblí incháilitheacht scéimeanna a dhéanamh coinníollach ar an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Agus an méid sin á dhéanamh acu, moltar do na Ballstáit inrochtaineacht na scéime do shaoránaigh atá beo go fuinneamhbhocht a chur san áireamh. Ba cheart d’údaráis phoiblí a áirithiú go mbeadh a scéimeanna oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ionas go gcuirfidh siad leis an éileamh ar tháirgí teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas. Ba cheart d’údaráis phoiblí freisin teorainn a chur leis an gcúiteamh airgeadais breise do na táirgí sin ionas nach gcuirfear moill ar imscaradh na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Chun éifeachtúlacht na scéimeanna sin a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh rochtain éasca ar fhaisnéis ar shuíomh gréasáin saor in aisce ag tomhaltóirí agus monaróirí teicneolaíochta glan-nialasachta araon. Úsáid na ranníocaíochta inbhuanaitheachta agus athléimneachta ag údaráis phoiblí i scéimeanna dírithe ar thomhaltóirí nó ar theaghlaigh, ba cheart í a bheith gan dochar do rialacha maidir leis an státchabhair nó do rialacha EDT maidir le fóirdheontais. |
(80) |
Agus scéimeanna á gceapadh a théann chun tairbhe do theaghlaigh, do ghnólachtaí, nó do thomhaltóirí lena ndreasaítear ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta iad, ba cheart do na Ballstáit, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla, do chomhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó do chomhlachais ina gcuimsítear ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó de na comhlachtaí sin arna rialú ag an dlí poiblí, ba cheart dóibh a áirithiú go n-urramófar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear trína áirithiú nach n-éireoidh scéimeanna chomh mór sin go ndéanfaidís dochar tromchúiseach do leas chomhaltaí EDT. |
(81) |
Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúnamh a thabhairt freisin do na Ballstáit i gceapadh scéimeanna a bheadh dírithe ar theaghlaigh, ar ghnólachtaí, agus ar thomhaltóirí chun sineirgí a chruthú agus chun dea-chleachtais a mhalartú. Ba cheart don Ardán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa (‘an tArdán’) ról tábhachtach a bheith aige freisin maidir le dlús a chur le cur chun feidhme rannchuidiú na mBallstát agus na n-údarás poiblí maidir le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht ina gcleachtais a bhaineann le nósanna imeachta soláthair phoiblí agus ceantáil. Ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ardán, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Leis an ngníomh sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar cheart deis chothrom a bheith acu a bheith rannpháirteach i margadh substaintiúil an tsoláthair phoiblí. Ba cheart dó a áirithiú freisin go gcuirfear na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear iomaíocht chóir agus chomhionann i measc gníomhaithe margaidh gan beann ar a struchtúr úinéireachta. |
(82) |
D’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh nósanna imeachta soláthar phoiblí agus ceantanna chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a imscaradh go fírinneach le hathléimneacht an Aontais, ní mór na gníomhaíochtaí sin a bheith intuartha don earnáil tionsclaíochta. Chun a chur ar a chumas don tionscal a tháirgeacht a choigeartú in am trátha, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha an margadh a chur ar an eolas roimh ré maidir lena riachtanais soláthair réamh-mheasta i gcás táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta. |
(83) |
Sa bhreis ar bhearta atá dírithe ar éileamh poiblí agus ar éileamh teaghlaigh, d’fhéadfadh an tAontas breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chun imscaradh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a éascú i slabhraí luacha tionsclaíocha an Aontais agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna, go háirithe tríd an nasc idir soláthar agus éileamh ón tionscal a éascú. |
(84) |
Mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, tá sciartha margaidh thionscal an Aontais faoi bhrú láidir, mar gheall ar fhóirdheontais i dtríú tíortha lena mbaintear an bonn ó chothrom iomaíochta. I ngeall ar an staid sin, is dúshlán iomaíoch don Aontas a thionscal féin a chothabháil agus a fhorbairt agus tá gá le freagairt thapa agus uaillmhianach ón Aontas agus a chreat dlíthiúil á nuachóiriú aige. |
(85) |
I bhfianaise sprioc an Aontais spleáchais straitéiseacha ar thríú tíortha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a laghdú, tá sé ríthábhachtach nach gcuirfidh sásraí tacaíochta poiblí, amhail nósanna imeachta soláthair phoiblí agus ceantanna, leis an spleáchas sin. Dá bhrí sin, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, ba cheart teorainneacha a bhfuil údar leo a shocrú maidir le cion na dtáirgí i gconarthaí soláthair a fhaightear ó thríú tíortha i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le hathléimneacht a leagtar síos sa Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun dul i ngleic go héifeachtach le fóirdheontais éagóracha ó thríú tíortha a bhaineann an bonn den chothroime iomaíochta, mar shampla trí úsáid a bhaint as gach beart féideartha dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2022/1031 (34) agus (AE) 2022/2560 (35) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(86) |
Tá rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach ríthábhachtach chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú agus chun bonn monaraíochta daingean agus iomaíoch a bhunú le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair ar fud an Aontais. Tiocfaidh formhór na n-infheistíochtaí is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ó chaipiteal príobháideach, caipiteal a mhealltar le hacmhainneacht fáis an éiceachórais glan-nialasachta agus le creat beartais cobhsaí agus uaillmhianach araon. Beidh margaí caipitil atá ag feidhmiú go maith, domhain agus comhtháthaithe ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun na cistí is gá a thiomsú agus a threorú i dtreo an aistrithe ghlais agus na dtionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Tá gá le dul chun cinn gasta i dtreo Aontas na Margaí Caipitil, dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh an tAontas a chuspóirí glan-nialasachta a bhaint amach. Tá ról ríthábhachtach ag an gclár oibre airgeadais inbhuanaithe (agus ag an maoiniú cumaiscthe) freisin maidir le huas-scálú infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta feadh na slabhraí luacha, agus iomaíochas na hearnála á ráthú an tráth céanna. Mar a léirítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Rialachán seo, is é thart ar EUR 92 bhilliún thar an tréimhse 2023 go 2030, le raon idir thart ar EUR 52 bhilliún agus EUR 119 mbilliún ag brath ar chásanna éagsúla atá ar na riachtanais infheistíochta, rud a d’fhágfadh go mbeadh riachtanais cistithe phoiblí de EUR 16 go 18 mbilliún ann. Ós rud é nach gcuirtear san áireamh sa mheasúnú sin ach sé theicneolaíocht shonracha, is dócha go mbeidh an gá le fíor-infheistíocht i bhfad níos airde. |
(87) |
Tá infheistíocht phríobháideach ó chuideachtaí agus infheisteoirí airgeadais ríthábhachtach. I gcás nach bhfuil infheistíocht phríobháideach leordhóthanach ann féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht phoiblí, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí, iasachtaí nó infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, ag teastáil chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a rolladh amach go héifeachtach, agus saobhadh laistigh den mhargadh inmheánach á sheachaint ag an am céanna. I gcás ina dtagann an tacaíocht phoiblí sin i bhfoirm Státchabhrach, ba cheart éifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair, agus ní mór don chabhair a bheith riachtanach, spriocdhírithe, sealadach, iomchuí agus comhréireach, agus an iomaíocht agus an comhtháthú sa mhargadh á gcaomhnú ag an am céanna. Leis na treoirlínte maidir le Státchabhair atá ann cheana a ndearnadh athbhreithniú domhain orthu le déanaí i gcomhréir leis na cuspóirí dé-aistrithe, soláthraítear féidearthachtaí iomadúla chun tacú le hinfheistíochtaí le haghaidh tionscadail faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir coinníollacha áirithe. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag na Ballstáit maidir le rochtain ar mhaoiniú a éascú do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta trí aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh trí thacaíocht spriocdhírithe agus shealadach Státchabhrach. Is é is aidhm don Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, a glacadh an 9 Márta 2023, cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach atá dírithe ar na hearnálacha sin inar sainaithníodh riosca um dhí-comhchruinnithe tríú tír agus atá comhréireach ó thaobh méideanna cabhrach de. Leis sin, chuirfí ar a gcumas do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le hinfheistíochtaí nua i saoráidí táirgthe in earnálacha glan-nialasachta sainithe, lena n-áirítear trí shochair chánach. Féadfar méid na cabhrach atá ceadaithe a mhodhnú le déine cabhrach níos airde agus le huasteorainneacha níos airde ar mhéid na cabhrach má tá an infheistíocht lonnaithe i limistéir fóirithinte, chun rannchuidiú le sprioc an chóineasaithe idir na Ballstáit agus na réigiúin. Ionas gur féidir ilroinnt an mhargadh inmheánaigh a sheachaint, tá gá le coinníollacha iomchuí chun na rioscaí nithiúla a bhaineann le hatreorú na hinfheistíochta lasmuigh de LEE a fhíorú mar aon le haon bhaol ann go n-athlonnófaí í laistigh de LEE. Chun acmhainní náisiúnta a shlógadh chun na críche sin, moltar do na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Threoir 2003/87/CE, 25 % d’ioncam CTA a bhailíonn na Ballstáit gach bliain ó cheantanna CTA a chaitheamh. |
(88) |
Ba cheart aon slógadh státchabhrach a bheith spriocdhírithe, sealadach, a bheith comhsheasmhach le cuspóirí beartais an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Colún. Níor cheart éagothromaíochtaí breise idir na Ballstáit a bheith mar thoradh ar an maoiniú sin, i gcomhréir le beartais iomaíochta agus chomhtháthaithe an Aontais. |
(89) |
Ba cheart tacaíocht phoiblí a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh gníomhaíochtaí, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir don Aontas a bheith ag na gníomhaíochtaí. Is féidir leis an infheistíocht phoiblí díriú go háirithe ar na hinfheistíochtaí bonneagair is gá, ar an nuálaíocht a chothú agus ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha a mhéadú. |
(90) |
Tá roinnt cláir cistiúcháin de chuid an Aontais, mar atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), cláir an bheartais comhtháthaithe nó an Ciste don Nuálaíocht arna bhunú de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), ar fáil freisin chun infheistíochtaí i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chistiú. Thairis sin, cuideoidh STEP le cistí an Aontais atá ann cheana a dhíriú i dtreo infheistíochtaí criticiúla darb aidhm tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, lena n-áirítear teicneolaíochtaí glana. |
(91) |
Le Rialachán (AE) 2023/435 (39), cuirtear EUR 20 billiún breise de thacaíocht neamh-inaisíoctha ar fáil do na Ballstáit chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun breoslaí iontaise a ionadú, inter alia, trí thionscadail thionscal glan-nialasachta an Aontais. Mar a luadh sa Treoraíocht ón gCoimisiún maidir le caibidlí REPowerEU, moltar do na Ballstáit bearta a chur san áireamh i gcaibidil REPowerEU dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta lena dtacaítear le hinfheistíochtaí i monaraíocht teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus i nuálaíocht thionsclaíoch, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40). |
(92) |
Is é clár InvestEU clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil, trí shásraí measctha, mar shampla. Rannchuidíonn an cur chuige sin chun caipiteal poiblí agus príobháideach breise a phlódú isteach. Thairis sin, moltar do na Ballstáit rannchuidiú le hurrann Bhallstáit InvestEU chun tacú le táirgí airgeadais atá ar fáil don mhonaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. |
(93) |
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a sholáthar ó chláir an bheartais chomhtháthaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) chun glacadh tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a spreagadh chomh maith le glacadh tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta sna réigiúin ar fad, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha, i réigiúin trasdula agus i gcríocha an Chiste um Aistriú Cóir, trí phacáistí infheistíochta bonneagair, infheistíocht tháirgiúil sa nuálaíocht, acmhainneacht mhonaraíochta in FBManna, seirbhísí, bearta oiliúna agus uas-scilithe, lena n-áirítear tacaíocht d’fhothú acmhainneachta na n-údarás poiblí agus na dtionscnóirí. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), is féidir cabhrú leis na Ballstáit agus le réigiúin straitéisí fáis glan-nialasachta a ullmhú, timpeallacht an ghnó a fheabhsú, rómhaorlathas a laghdú agus dlús a chur leis na próisis cheadaithe. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun inbhuanaitheacht tionscadal glan-nialasachta a chur chun cinn trí na hinfheistíochtaí sin a leabú i slabhraí luacha an Aontais, go háirithe trína bheith ag tógáil ar líonraí comhair idir-réigiúnacha agus trasteorann. Ba cheart breathnú ar bhearta den sórt sin a dhéanamh go háirithe maidir le Gleannta. |
(94) |
Leis an gCiste don Nuálaíocht, freisin, déantar foráil maidir le bealach a bhfuil gealladh faoi agus atá éifeachtúil ó thaobh costais de chun tacú le huas-scálú ar mhonarú agus imscaradh hidrigine glaine agus teicneolaíochtaí glan-nialasachta eile san Aontas, rud a threisíonn ceannasacht an Aontais i bpríomhtheicneolaíochtaí don ghníomhú ar son na haeráide agus don tslándáil fuinnimh. |
(95) |
Ba cheart don Choimisiún agus na Ballstáit, chun na srianta a bhaineann leis na hiarrachtaí ilroinnte atá ann faoi láthair maidir le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shárú agus chun comhtháthú agus toradh ar infheistíocht a éascú, ba cheart dóibh sineirgí a chruthú idir na cláir chistiúcháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le comhordú agus comhoibriú níos fearr a áirithiú le lucht tionscail agus le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach. Tá ról lárnach ag an Ardán chun léargas cuimsitheach a fháil ar na deiseanna cistiúcháin ábhartha atá ar fáil agus chun plé a dhéanamh ar riachtanais maoinithe aonair na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta. D’fhonn táirgeadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas a dhreasú, féadfaidh an tArdán plé a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt ar chistiú, ar an gcreat rialála agus ar ráthaíochtaí infheistíochta agus suímh. |
(96) |
Thairis sin, i bhfianaise a thábhachtaí atá tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta maidir le soláthar fuinnimh an Aontais, ba cheart deireadh a chur go páirteach le sraith srianta riaracháin nó iad a shimpliú chun dlús a chur le cur chun feidhme na dtionscadal sin. |
(97) |
Déanfar sonraí agus seirbhísí spáis arna ndíorthú ó Chlár Spáis an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), agus go háirithe Copernicus, a úsáid a mhéid is féidir chun faisnéis a sholáthar maidir le geolaíocht, bitheolaíocht, éiceolaíocht, forbairt shocheacnamaíoch, agus infhaighteacht acmhainní le haghaidh na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil. Tá na sonraí agus na seirbhísí sin, go háirithe acmhainneacht faireacháin agus fíorúcháin astaíochtaí CO2 antrapaigineacha Copernicus, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal tionsclaíoch agus ar thionchar na linnte CO2 antrapaigineacha ar thiúcháin agus ar fhloscanna gáis ceaptha teasa domhanda. |
(98) |
Ba cheart don Choimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), a iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeáin Eorpacha a dhréachtú chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo. |
(99) |
Tá ról tábhachtacha ag Gleannta Hidrigine a bhfuil feidhmeanna úsáide deiridh tionsclaíocha acu maidir leis na tionscal dianfhuinnimh a dhícharbónú. Leagtar síos le REPowerEU an cuspóir líon na nGleannta Hidrigine san Aontais a dhúbailt. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis an gceadú agus ba cheart dóibh machnamh a dhéanamh ar bhoscaí gainimh rialála a bhunú agus tosaíocht a thabhairt don rochtain ar chistiú. Chun athléimneacht na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a neartú, ba cheart do na Ballstáit idirnascadh na nGleannta Hidrigine a áirithiú thar theorainneacha an Aontais. Ba cheart suiteálacha tionsclaíocha a tháirgeann a gcuid fuinnimh féin, agus a rannchuidíonn go dearfach le táirgeadh leictreachais, ba cheart iad a spreagadh chun rannchuidiú leis an eangach chliste fuinnimh mar tháirgeoirí fuinnimh trí cheanglais rialála a shimpliú. |
(100) |
Is féidir le boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun nuálaíocht a chur chun cinn i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus na foghlama rialála. Ní mór an nuálaíocht a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta ós rud é gur gá torthaí eolaíocha a thástáil i bhfíorthimpeallacht rialaithe. Ba cheart boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a thabhairt isteach chun tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó ar theicneolaíochtaí nuálacha eile a d’fhéadfadh an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach agus glan a chumasú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, i bhfíorthimpeallacht rialaithe ar feadh méid teoranta ama, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an bhfoghlaim rialála agus, dá mb'fhéidir, ar an méadú agus an imscaradh níos leithne. Is iomchuí cothromaíocht a bhaint amach idir deimhneacht dhlíthiúil do rannpháirtithe i mboscaí gainimh rialála glan-nialasachta agus baint amach chuspóirí dhlí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maoluithe ar bhoscaí gainimh rialála glan-nialasachta a cheadú sa reachtaíocht náisiúnta agus, ag an am céanna, comhlíonadh dhlí an Aontais agus na gceanglas fíor-riachtanach maidir leis an teicneolaíocht ghlan-nialasachta a leagtar amach sa dlí náisiúnta a áirithiú. D’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad um Threoir maidir le Boscaí Gainimh in 2023 mar a fógraíodh sa Chlár Oibre Eorpach um Nuálaíocht nua chun tacú leis na Ballstáit na boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a ullmhú. D’fhéadfadh sé go mbeadh na teicneolaíochtaí nuálacha sin bunriachtanach faoi dheireadh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach agus chun slándáil soláthair agus athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a áirithiú. |
(101) |
Le Plean Straitéiseach an Aontais um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET), a athbhreithníodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023,, tacaítear le teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan, éifeachtúil agus iomaíoch ó thaobh costais de a fhorbairt trí chomhordú agus comhoibriú i dtaca le taighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain, agus tugtar le chéile earnáil tionsclaíochta na hEorpa, eagraíochtaí taighde agus ionadaithe rialtais ó thíortha Phlean SET (45). Is é is aidhm don athbhreithniú ar Phlean SET cuspóirí straitéiseacha bunaidh Phlean SET a ailíniú leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le REPowerEU agus le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, go háirithe an Rialachán seo. Is é is aidhm dó cur chuige aontaithe a chur chun cinn chun spriocanna dícharbónúcháin na hEorpa a bhaint amach, tacú le teicneolaíochtaí Eorpacha glan-nialasachta, agus inbhuanaitheacht agus athléimneacht fuinnimh a fhorbairt don am atá le teacht. Le Plean SET, rinneadh struchtúrú ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus nuálaíochta (T&N), rud chuidigh leis na cuspóirí coiteanna taighde agus teicneolaíochta fuinnimh a bhaint amach ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla. Rannchuidigh Plean SET leis na hiarrachtaí T&N a ailíniú agus le cistiú poiblí náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha a ghiaráil chun tacú go comhpháirteach leis na tosaíochtaí T&N arna gcomhaontú go comhpháirteach tríd an gComhpháirtíocht Eorpach um an Aistriú chuig Fuinneamh Glan agus an Chomhpháirtíocht um Aistrithe Uirbeacha a Spreagadh faoin gclár Fís Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), mar shampla de chomhar rathúil trasearnálach an Aontais. Tá ról lárnach ag Plean SET maidir leis an ngné taighde, nuálaíochta agus iomaíochais den Aontas Fuinnimh agus de na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme. Fóram neamhoifigiúil a bhí i bPlean SET, áfach, ó cuireadh tús leis in 2007. Déantar dul chun cinn leis an Rialachán seo chun an nasc idir nuálaíocht na hEorpa agus monarú teicneolaíochtaí nuálacha nua a neartú. |
(102) |
Tá gá le hoibrithe oilte breise chun gur féidir an t-aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích agus ar mhaithe le fás inbhuanaithe agus iomaíochas an Aontais, chun slabhraí soláthair thionscail teicneolaíochta glan-nialasachta an Aontais a mhéadú agus poist ardcháilíochta a choinneáil san Aontas. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil riachtanais thábhachtacha infheistíochta ann maidir le hathsciliú agus uas-sciliú, lena n-áirítear i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.. Leis an aistriú fuinnimh, beidh gá le méadú mór ar líon na n-oibrithe oilte i raon earnálacha, lena n-áirítear sna hearnálacha fuinnimh in-athnuaite, stórála fuinnimh, agus amhábhair, agus beidh acmhainn mhór ann maidir le poist ardcháilíochta a chruthú. Meastar go mbeidh gá le 180 000 oibrí, teicneoir agus innealtóir oilte san fho-earnáil hidrigine breosla-chille sa mhonaraíocht, agus san fho-earnáil sin amháin, faoi 2030, de réir Phlean SET. In earnáil an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh, bheadh gá le suas le 66 000 post sa mhonaraíocht agus sa mhonaraíocht amháin. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht poist i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a dhéanamh tarraingteach agus inrochtana agus dul i ngleic leis an neamhréir atá ann faoi láthair idir scileanna na n-oibrithe agus riachtanais na gcuideachtaí. |
(103) |
Ós rud é nach féidir an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta ríthábhachtacha a neartú san Aontas gan lucht saothair oilte mór, is iomchuí bearta a thabhairt isteach chun dlús a chur le lánpháirtiú agus gníomhachtú tuilleadh daoine sa mhargadh saothair, go háirithe mná, daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, daoine ar de chúlra imirceach iad, seanóirí agus daoine faoi mhíchumas. Thairis, ba cheart oibrithe ó thríú tíortha a áireamh toisc nach meallann an tAontas ach sciar beag d’imircigh cháilithe. I gcomhréir le cuspóirí an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, tá tábhacht le tacaíocht shonrach d’aistriú ó phost go post d’oibrithe in earnálacha iomarcacha agus in earnálacha atá ag meath. Is é atá i gceist leis sin infheistíocht a dhéanamh i scileanna do chách, agus cur chuige spriocdhírithe a bheith ann i leith grúpaí agus réigiúin leochaileacha atá i mbun aistrithe. Is é an cuspóir deiridh is ceart a bheith ann poist ardcháilíochta a chruthú san Aontas a bhfuil gá leo le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta i gcomhréir leis na spriocanna fostaíochta agus oiliúna dá bhforáiltear sa Cholún, lena n-áirítear pá cothrom agus leordhóthanach, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú agus ionaid oibre shábháilte agus shláintiúla a áirithiú chomh maith leis an gceart chun foghlama ardcháilíochta ar feadh an tsaoil. D’fhéadfadh ganntanais scileanna agus lucht saothair a bheith mar thoradh ar phoist neamhtharraingteacha agus ar dhrochdhálaí oibre freisin. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach é feabhas a chur ar cháilíocht post in earnálacha agus i gcuideachtaí lena mbaineann drochdhálaí oibre chun oibrithe a mhealladh. Mar fhorbairt ar na tionscnaimh atá ann cheana, mar shampla an Comhshocrú Eorpach um Scileanna, ar na gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais maidir le faisnéis agus réamhaisnéis scileanna, mar shampla gníomhaíochtaí an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus an Údaráis Eorpaigh Saothair, agus ar na Treoirphleananna um chomhar earnála maidir le scileanna, agus an méid sin á chur san áireamh ina iomláine, is é an cuspóir atá ann na gníomhaithe uile a shlógadh chun ábharthacht na gclár oiliúna a áirithiú agus a nglacadh a mhéadú, lena n-áirítear údaráis na mBallstát, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, soláthraithe oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta agus lucht tionscail, go háirithe FBManna, chomh maith le gach cineál ollscoile, chun riachtanais scileanna a shainaithint, cláir oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus na cláir sin a imscaradh ar mórscála ar bhealach tapa agus oibríochtúil. Tá ról lárnach ag tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta i ndáil leis sin. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún tacaíocht ábhartha airgeadais a áirithiú lena n-áirítear trí leas a bhaint as féidearthachtaí bhuiséad an Aontais trí ionstraimí éagsúla, mar shampla CSE+, InvestEU, an Ciste um Aistriú Cóir, Fís Eorpach, Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste don Nuachóiriú arna bhunú de bhun Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE, REPowerEU, Clár an Mhargaidh Aonair agus STEP. Ba cheart a áireamh sa tacaíocht airgeadais síolchistiú a bheidh le soláthar ag an gCoimisiún chun na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta (‘na hAcadaimh’) a bhunú agus chun gur féidir leo feidhmiú d’fhonn a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de 3 bliana tar éis a mbunaithe, lena n-áirítear trí ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón earnáil phríobháideach. |
(104) |
Ba cheart na hAcadaimh a sheoladh chun cláir, ábhar agus acmhainní oideachais agus oiliúna a fhorbairt, chomh maith leis na dintiúir lena dtugtar le fios gur fhorbair ceann de na hAcadaimh an clár foghlama, chun daoine de gach aois oibre is gá le haghaidh príomhshlabhraí luacha teicneolaíochta glan-nialasachta a uas-sciliú agus a athsciliú agus chun na cláir, an t-ábhar agus na hacmhainní sin a thairiscint do sholáthraithe iomchuí oideachais agus oiliúna agus do ghníomhaithe eile a bhfuil baint acu leis an uas-sciliú agus an athsciliú sna Ballstáit dá n-úsáid dheonach. Ba cheart ról éascaitheach a bheith ag na hAcadaimh, agus freagracht na mBallstát as ábhar an teagaisc agus as eagrú na gcóras oideachais agus as ábhar agus eagrú na gairmoiliúna á hurramú go hiomlán acu. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na hAcadaimh rannchuidiú leis an gcuspóir fadtéarmach an tAontas a ationsclú agus a dhícharbónú go comhuaineach, freagairt ar ghanntanais scileanna criticiúla, agus rannchuidiú lena uathriail straitéiseach oscailte agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta de dhéantús an Aontais trí chumas nuálaíochta agus táirgeachta a neartú. Ba cheart na hAcadaimh a sheoladh ar bhonn measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar ghanntanais scileanna, agus é ag brath ar staidéir oibiachtúla a rinneadh cheana, i dtionscail teicneolaíochta glan-nialasachta atá ríthábhachtach don chlaochlú tionsclaíoch agus don dícharbónú. Ba cheart do gach Acadamh plean gníomhaíochta a fhorbairt ina leagtar amach garspriocanna agus spriocanna, lena n-áirítear i dtaca le líon na bhfoghlaimeoirí a bheidh bunaithe ar an measúnú ar ghanntanais scileanna. |
(105) |
Ba cheart do na hAcadaimh teagasc scileanna idirdhisciplíneacha, lena n-éascaítear soghluaisteacht ghairme, chomh maith le scileanna riachtanacha eile a spreagadh. Ba cheart do na hAcadaimh a n-ábhar foghlama a chur ar fáil i dteangacha éagsúla ionas gur féidir leis an oiread foghlaimeoirí agus is féidir rochtain a fháil ar na cláir foghlama. Ba cheart dóibh oiliúint a chur ar fáil ar gach leibhéal scileanna a mhéid is gá, agus ar an gcaoi sin díriú ar gach leibhéal oideachais agus cáilíochta feadh shlabhra luacha na n-earnálacha lena mbaineann. Féadfaidh soláthraithe oideachais agus oiliúna sna Ballstáit ábhar agus acmhainní oideachais agus oiliúna arna bhforbairt ag na hAcadaimh a chomhlánú le faisnéis ábhartha bhreise arna hullmhú ar leibhéal na mBallstát agus lena léirítear, mar shampla, an dlí náisiúnta maidir le cearta saothair agus sóisialta, comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme nó ceanglais chríochacha nó earnáilsonracha, agus comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha á rannpháirtiú i gcás inarb ábhartha. Ba cheart an t-ábhar foghlama a dhíriú freisin ar fhostaithe i riaracháin náisiúnta agus áitiúla, go háirithe iad siúd atá freagrach as ceadú, measúnú tionchair agus rialacháin teicneolaíochtaí nua, rud a chuirfeadh le fothú acmhainneachta i measc riaracháin náisiúnta agus le laghdú ar éagothromaíochtaí i measc na mBallstát. |
(106) |
Chun tacaíocht a thabhairt do thrédhearcacht agus iniomparthacht scileanna agus soghluaisteacht lucht saothair, déanfaidh na hAcadaimh an t-imscaradh dintiúir arna dhéanamh ag soláthraithe oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, micridhintiúir lena gcumhdaítear torthaí foghlama, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Na soláthraithe oideachais agus oiliúna nó comhlachtaí dámhachtana sna Ballstáit sin inar críochnaíodh clár oideachais agus oiliúna a d’fhorbair na hAcadaimh, féadfaidh siad na dintiúir a d’fhorbair na hAcadaimh a eisiúint. Ba cheart na dintiúir a eisiúint i bhformáid na ndintiúr digiteach Eorpach don fhoghlaim agus féadtar iad a chomhtháthú in Europass agus, i gcás inarb ábhartha agus indéanta, iad a áireamh sna Creata Náisiúnta um Cháilíochtaí. Féadfaidh ról suntasach a bheith ag líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), a sholáthraíonn faisnéis, comhairle agus seirbhísí earcaíochta nó socrúcháin ar mhaithe le hoibrithe agus fostóirí ar fud an Aontais, maidir le folúntais a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhoilsiú agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le próifílí gairmeacha Eorpacha a imscaradh. |
(107) |
Leis an Ardán, ba cheart cuidiú le treoraíocht a thabhairt d’obair na nAcadamh lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ina n-ábhar ar na ganntanais scileanna arna sainaithint i measúnú an Choimisiúin agus le maoirseacht ghinearálta a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an ionadaí náisiúnta arna cheapadh gníomhú mar nasc idir na haireachtaí náisiúnta ábhartha agus údaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus ionadaithe tionscail. Ba cheart don Ardán faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na hAcadaimh éagsúla, anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna na nganntanas scileanna agus a shainaithint a mhéid a thugann imscaradh chláir oiliúna na nAcadamh aghaidh ar ghanntanais scileanna i dtionscail teicneolaíochta glan-nialasachta agus a mhéid a chomhlánaíonn siad deiseanna oiliúna atá ann cheana i dtaobh teicneolaíochtaí glan-nialasachta sna Ballstáit. Ba cheart don Ardán tuairisciú ar imscaradh na gclár foghlama, lena n-áirítear trí thuarascáil ar dhul chun cinn a bheidh le cur isteach 3 bliana tar éis bhunú gach Acadaimh agus ina sonrófar líon na bhfoghlaimeoirí a bhaineann tairbhe as cláir na nAcadamh, arna imdhealú de réir earnálacha tionsclaíocha, inscne, aoise, agus leibhéil oideachais agus cháilíochta. |
(108) |
In éagmais forálacha sonracha i ndlí an Aontais lena dtugtar isteach íoscheanglais oiliúna maidir le rochtain ar ghairm rialáilte nó le saothrú na gairme sin, is inniúlacht de chuid na mBallstát é cinneadh a dhéanamh an ndéanfar gairm a rialáil agus conas a dhéanfar sin. Mar sin féin, níor cheart rialacha náisiúnta lena n-eagraítear rochtain ar na gairmeacha rialáilte a bheith ina gconstaic dhíréireach nach bhfuil údar léi ar fheidhmiú na gceart bunúsach sin. Ba cheart an inniúlacht chun rochtain ar ghairm a rialáil a fheidhmiú laistigh de theorainneacha phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47). Sa mheasúnú a dhéanfaidh siad, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh aon éifeacht díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag rialáil nó ag gairmeacha ar infhaighteacht scileanna sa Tionscal Glan-nialasachta agus féachaint leis an rialachán sna réimsí sin a theorannú a mhéid is féidir. |
(109) |
I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit go bhfuil na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha arna n-éileamh ag an mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar na gníomhaíochtaí rialáilte a thagann faoi raon feidhme gairme lena mbaineann leas sonrach ó thaobh an tionscail glan-nialasachta de sa Bhallstát sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhthéacs na rochtana ar ghairm rialáilte agus chun an tsoghluaisteacht a éascú i ngairmeacha sa tionscal glan-nialasachta, na dintiúir sin a ghlacadh mar fhianaise leormhaith de cháilíochtaí foirmiúla, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48). |
(110) |
Ní féidir rannchuidiú na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta le cuspóirí dícharbónúcháin an Aontais a bhaint amach ach amháin nuair a imscartar na teicneolaíochtaí sin. Is dócha go dtarlóidh an t-imscaradh sin, a bheag nó a mhór, i dteaghlaigh phríobháideacha, ach is dócha go dtiocfaidh an chuid is mó den dícharbónú as próisis thionsclaíocha a dhícharbónú. Chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí le haghaidh an dícharbónaithe sin san Aontas, rud atá riachtanach chun poist ardcháilíochta agus rathúnas a áirithiú san Aontas agus chun cuspóirí dícharbónúcháin an Aontais a chomhlíonadh, tá sé ríthábhachtach go rannchuideoidh an Rialachán seo le feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta don tionscal san Aontas. |
(111) |
Ar leibhéal an Aontais, ba cheart Ardán a bheadh comhdhéanta de na Ballstáit agus a mbeadh an Coimisiún ina chathaoirleach air a bhunú. Féadfaidh an tArdán comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le ceisteanna sonracha agus comhlacht tagartha a sholáthar, ina ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a ngníomhaíocht a chomhordú agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo a éascú. Ina theannta sin, ba cheart don Ardán na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le ceadú, lena n-áirítear pointí teagmhála aonair, tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, comhordú maoiniúcháin, rochtain ar mhargaí, scileanna, boscaí gainimh rialála glan-nialasachta chomh maith le cuidiú leis an gCoimisiún agus measúnú á dhéanamh ó thaobh indéantachta agus comhréireachta de maidir le bearta a mholadh má chinneann an Coimisiún nach dócha go mbainfear cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo amach. I gcás inar gá, féadfaidh an tArdán foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú agus cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, saineolaithe nó ionadaithe ó thionscail ghlan-nialasachta, mar shampla. |
(112) |
I gcás inarb iomchuí agus inarb úsáideach, ba cheart don Ardán dlúthchomhar a lorg le tionscnaimh, ardáin agus grúpaí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin, chun sineirgí a lorg, saineolas a chomhroinnt, faisnéis a mhalartú agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chothú, agus dúbláil agus forluí á seachaint ag an am céanna. Rachaidh an tArdán i dteagmháil le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha an Aontais atá ann cheana, agus ar an gcaoi sin cuirfidh sé le hobair na gcomhghuaillíochtaí trí pháirt a thabhairt do na Ballstáit. Is iad seo a leanas na príomh-chomhghuaillíochtaí le haghaidh comhar leis an ardán: Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, Comhghuaillíocht Eorpach um an Tionscal Fótavoltach Gréine, an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan, an Chomhghuaillíocht um Eitlíocht Astaíochtaí Nialasacha, an Chomhghuaillíocht thionsclaíoch um próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus Comhaontas Tionsclaíoch an tSlabhra Luacha Breoslaí In-athnuaite agus Ísealcharbóin. Baineann earnálacha nach bhfuil ionadaíocht acu faoi láthair i gcomhghuaillíochtaí tionsclaíocha an tairbhe chéanna as an gcreat struchtúrtha a chuirtear ar fáil leis an Ardán. Maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta, foráiltear go mbeidh dlúthchomhar leis an mBord um Amhábhair Chriticiúla i gcás inarb ábhartha. |
(113) |
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ualach rialála agus riaracháin a laghdú agus creat rialála oiriúnach a bheith acu chun go mbeidh tionscail in ann dul in oiriúint go héifeachtach do na haistrithe aeráide agus fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas laghdú suntasach ar an ualach rialála ginearálta ar an tionscal a bhaint amach faoi 2030, go háirithe táirge nua a chur ar an margadh inmheánach. Ba cheart na hiarrachtaí sin a dhéanamh, go háirithe, laistigh den chreat um Rialáil Níos Fearr agus gan dochar do chaighdeáin chomhshaoil agus saothair an Aontais. Ba cheart don Choimisiún an tArdán a chur ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis an ualach rialála agus riaracháin do thionscail teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas ar bhonn thuarascáil an Choimisiúin an 24 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain’ na agus Shuirbhé Bliantúil Ualaigh 2022 an Choimisiúin. Chun obair institiúidí an Aontais a éascú chun an t-ualach rialála ar thionscail teicneolaíochta glan-nialasachta a choinneáil ar a laghad, bunaítear leis an Rialachán seo Grúpa Comhairleach Eolaíoch um an tUalach Rialála Glan-Nialasachta (‘an Grúpa Comhairleach Eolaíoch’). Ba cheart don Ghrúpa Comhairleach Eolaíoch comhairle eolaíochtbhunaithe a fhorbairt maidir le tionchar an ualaigh rialála san Aontas ar thionscail ghlan-nialasachta, agus leas á bhaint as modheolaíocht eolaíochtbhunaithe, agus, i gcás inarb iomchuí, an Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr á chur san áireamh, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-ualaí rialála. Tá obair an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch gan dochar do shainchumais institiúidí an Aontais. |
(114) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1999 go bhfuil na Ballstáit le dréachtaí nuashonraithe dá gcuid Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 2021-2030 a chur isteach. Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Treoir ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a nuashonrú, ba cheart tuairisc a thabhairt sna pleananna nuashonraithe sin ar chuspóirí agus ar bheartais na mBallstát chun éascú a dhéanamh ar uas-scálú na dtionscadal monaraíochta maidir le teicneolaíochtaí, trealamh agus príomh-chomhpháirteanna ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá ar fáil ar bhonn tráchtála laistigh dá gcríoch. Ba cheart cur síos a dhéanamh sna pleananna sin freisin ar chuspóirí agus ar bheartais na mBallstát chun uas-scálú a bhaint amach trí iarrachtaí éagsúlaithe i dtríú tíortha, agus chun a chur ar a gcumas do thionscail na mBallstát astaíochtaí CO2 a ghabháil, a iompar agus a stóráil go buan i láithreáin stórála gheolaíocha. Ba cheart na pleananna sin a bheith mar bhonn ar a gcinnfear an gá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Agus an Rialachán seo á chur san áireamh agus a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á n-ullmhú acu, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar iomaíochas ginearálta chomh maith le taighde agus nuálaíocht i réimse na dtionscal glan-nialasachta san fhadtéarma. |
(115) |
Mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta a thabhairt i gcrích lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí glan-nialasachta chun dlús a chur lena chuid iarrachtaí dul i gcomhar le comhpháirtithe atá tiomanta do Chomhaontú Pháras. Is dócha go ndéanfaidh comhar trí na Comhpháirtíochtaí sin glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn ar fud an domhain agus tacú le comhpháirtíochtaí lena dtreisítear an dá thaobh idir an tAontas agus tríú tíortha, lena n-áirítear infheistíochtaí inbhuanaithe agus cúnamh teicniúil. Ba cheart na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta dul chun tairbhe an Aontais agus a chomhpháirtithe araon, agus rannchuidiú le cuspóirí domhanda aeráide a bhaint amach. Féadfaidh na Comhpháirtíochtaí sin rannchuidiú freisin le héagsúlú agus athléimneacht sholáthar an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a gcomhpháirteanna, feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise idir an tAontas agus a chomhpháirtithe maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt agus tacú le tionscail ghlan-nialasachta an Aontais i dtaobh rochtain a fháil ar an margadh domhanda fuinnimh ghlain agus, ag an am céanna, tacú le tionscail nuaghinte i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i dtríú tíortha ag a bhfuil buntáistí soiléire comparáideacha. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú a dhéanamh ar na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta laistigh den Ardán, agus plé á dhéanamh acu ar chomhpháirtíochtaí agus ar phróisis ábhartha atá ann cheana, mar shampla, comhpháirtíochtaí glasa, idirphlé faoi fhuinneamh agus cineálacha eile socruithe conarthacha déthaobhacha atá ann cheana, chomh maith le sineirgí féideartha le comhaontuithe déthaobhacha ábhartha de chuid na mBallstát le tríú tíortha. |
(116) |
Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas an trádáil idirnáisiúnta agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a éagsúlú agus a spreagadh agus comhpháirtíochtaí lena dtreisítear an dá thaobh a thógáil, agus ardchaighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil a chur chun cinn ar fud an domhain. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i ndlúthchomhar agus i gcomhpháirtíocht le tíortha atá ar aon intinn leis trí chomhaontuithe atá ann cheana nó teagmhálacha straitéiseacha nua. Ar an gcuma chéanna, ba cheart comhar idirnáisiúnta níos láidre a shaothrú maidir le hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt agus a imscaradh i ndlúthchomhar le tíortha comhpháirtíochta i gcur chuige oscailte tomhaiste, agus ar bhonn na cómhalartachta agus leasanna coiteanna. |
(117) |
Chun rioscaí soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a shainaithint agus a mhaolú, ba cheart a bheith in ann faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar tháscairí a bhaineann le treochtaí sa mhargadh, acmhainneachtaí monaraíochta, nuálaíocht, fostaíocht agus scileanna, tréimhsí ceadaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus acmhainneachtaí insteallta CO2. Níl dóthain sonraí ardcháilíochta ar fáil faoi láthair chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí sin, áfach. Ós rud é go bhfuil na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag brath ar shonraí ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, ní mór don Choimisiún, le linn dó faireachán a dhéanamh, na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur in ord tosaíochta ar bhonn a dtábhachta san Aontas agus obair á déanamh aige chun infhaighteacht na sonraí sin a fheabhsú ag an am céanna. Oibreoidh an Coimisiún go dlúth freisin le Eurostat, údarás staidrimh an Aontais, chun cóid choiteanna a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, cóid atá riachtanach le haghaidh tuairisciú agus staidreamh fadtéarmach ardcháilíochta. |
(118) |
I gcás ina ndéanfar na cumhachtaí chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún faoin Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (49). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(119) |
Sa mhéid gurb é Státchabhair atá in aon cheann de na bearta atá beartaithe leis an Rialachán seo, beidh na forálacha a bhaineann leis na bearta sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE. |
(120) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus ós rud é, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
1. Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat a bhunú chun rochtain an Aontais ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta a áirithiú, lena n-áirítear tríd an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair a mhéadú chun a n-athléimneacht a choimirciú agus rannchuidiú ag an am céanna le spriocanna aeráide agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/1119 iad, d’fhonn geilleagar agus sochaí an Aontais a dhícharbónú, agus trí chur leis na poist ardcháilíochta i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus ar an gcaoi sin iomaíochas an Aontais a fheabhsú freisin.
2. Chun an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, leagtar síos leis an Rialachán seo bearta arb é is aidhm dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mbeadh suaitheadh soláthair ann a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta ar dócha go ndéanfadh siad an iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt, go háirithe tríd an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair a mhéadú agus tacú leis an méadú sin; |
(b) |
margadh le haghaidh seirbhísí stórála CO2 a bhunú san Aontas; |
(c) |
éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta inbhuanaithe athléimneacha a spreagadh trí nósanna imeachta soláthair phoiblí, trí cheantáil agus trí chineálacha eile idirghabhála poiblí; |
(d) |
scileanna a fheabhsú trí thacú leis na hAcadaimh, agus ar an gcaoi sin poist ardcháilíochta a chosaint agus a chruthú; |
(e) |
tacú leis an nuálaíocht trí bhoscaí gainimh rialála glan-nialasachta a chruthú, gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chomhordú trí Ghrúpa Stiúrtha an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh, agus trí úsáid soláthair réamhthráchtála agus soláthair phoiblí réiteach nuálach; |
(f) |
feabhas a chur ar chumas an Aontais faireachán a dhéanamh ar na rioscaí soláthair a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus iad a mhaolú. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Cé is moite d’Airteagail 33 agus 34 den Rialachán seo, a bhfuil feidhm acu maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Déantar amhábhair chriticiúla a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1252 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.
2. I gcás saoráidí táirgthe comhtháite lena gcumhdaítear táirgeadh ábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1252 agus an Rialacháin seo araon, is é táirge deiridh na saoráidí a chinnfeadh an Rialachán a mbeidh feidhm aige.
3. Cé is moite d’Airteagail 5, 25, 26 agus 28, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh atá mar chuid de shlabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta agus a laghdaíonn rátaí astaithe CO2(e) na bpróiseas tionsclaíoch go suntasach agus go buan a mhéid is indéanta go teicniúil.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta’ na teicneolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 4 i gcás inar táirgí deiridh, comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach iad a úsáidtear go príomha chun na táirgí sin a tháirgeadh; |
(2) |
ciallaíonn ‘comhpháirt’ cuid de tháirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a ndéanann cuideachta í a mhonarú agus a thrádáil, lena n-áirítear ábhar próiseáilte; |
(3) |
ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite’ teicneolaíochtaí lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite; |
(4) |
ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001; |
(5) |
ciallaíonn ‘stóráil fuinnimh’ stóráil leictreachais agus teasa chomh maith le cineálacha eile stórála a úsáidtear chun fuinneamh saor ó iontaise a stóráil; |
(6) |
ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (36) de Threoir (AE) 2018/2001; |
(7) |
ciallaíonn ‘breoslaí malartacha inbhuanaithe’ breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin nó hidrigin le haghaidh eitlíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7), (13) nó (17) de Rialachán (AE) 2023/2405 atá ceaptha don earnáil eitlíochta nó breoslaí atá ceaptha don earnáil mhuirí mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2023/1805; |
(8) |
ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe’ an acmhainneacht mhonaraíochta a uas-scálú le haghaidh teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha a úsáidtear chun laghdú suntasach buan a dhéanamh ar rátaí astaíochtaí CO2-eq i saoráid tráchtála de chuid gnólachta dianfhuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (50), in earnálacha na cruaiche, an alúmanaim, na miotal neamhfheiriúil, na gceimiceán, na stroighne, na gloine, na ceirmeachta, na leasachán agus earnáil an laín agus an pháipéir, a mhéid is indéanta go teicniúil; |
(9) |
ciallaíonn ‘réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh’ teicneolaíochtaí atá fréamhaithe in úsáid miocrorgánach nó móilíní bitheolaíocha mar shampla einsímí, roisíní nó bithpholaiméir, lena bhféadtar astaíochtaí CO2 a laghdú ach iad a chur in ionad ionchuir iontaise nó cheimiceacha dianfhuinnimh i bpróisis monaraíochta tionsclaíche atá ábhartha inter alia i ngabháil carbóin, táirgeadh bithbhreoslaí agus ábhair bhithbhunaithe, i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh; |
(10) |
ciallaíonn ‘a úsáidtear go príomha’ táirgí deiridh agus comhpháirteanna sonracha, atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh mar a leagtar amach san Iarscríbhinn nó táirgí deiridh, comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh, bunaithe ar fhianaise arna soláthar d’údarás inniúil náisiúnta ag an tionscnóir tionscadail, cé is moite de thionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh, nach gá an fhianaise sin a thabhairt ina leith; |
(11) |
ciallaíonn ‘ábhar próiseáilte’ ábhar a próiseáladh ar bhealach ionas go mbeadh sé oiriúnach d’fheidhm shonrach i slabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta, cé is moite d’amhábhair chriticiúla a shainmhínítear de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1252; |
(12) |
ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha’ teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil fíor-nuálaíocht ina cuid díobh nach bhfuil ar fáil ar an margadh faoi láthair agus atá forbartha a ndóthain chun tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe; |
(13) |
ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí nuálacha eile’ teicneolaíochtaí a bhaineann le fuinneamh nó leis an aeráid a bhfuil sé cruthaithe go bhféadfaidís rannchuidiú le dícharbónú na gcóras tionsclaíoch nó fuinnimh agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, ar teicneolaíochtaí fíornuálacha iad nach bhfuil ar fáil ar mhargadh an Aontais faoi láthair agus atá forbartha a ndóthain chun tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe; |
(14) |
ciallaíonn ‘soláthar réamhthráchtála’ soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta ag céim réamhthráchtála, lena mbaineann comhroinnt rioscaí agus sochair faoi dhálaí margaidh agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna; |
(15) |
ciallaíonn ‘soláthar poiblí réiteach nuálach’ nós imeachta soláthair phoiblí dá bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, a bhféadfaí tástáil chomhréireachta a áireamh ann; |
(16) |
ciallaíonn ‘tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’ saoráid tráchtála atá beartaithe nó cuspóir saoráide atá ann cheana a leathnú nó a athrú chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhonarú, nó tionscadal dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh; |
(17) |
ciallaíonn ‘tionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh’ an tsaoráid tráchtála de chuid gnólachta dianfhuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Threoir 2003/96/CE, in earnáil na cruach, an alúmanaim, na miotal neamhfheiriúil, na gceimiceán, na stroighne, an aoil, na gloine, na ceirmeachta, na leasachán, mar aon le earnáil an laín agus an pháipéir atá mar chuid de shlabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta agus lena laghdaítear rátaí astaíochtaí CO2-eq de phróisis thionsclaíocha a thógáil nó a thiontú go suntasach agus go buan a mhéid is indéanta go teicniúil; |
(18) |
ciallaíonn ‘tionscadal straitéiseach glan-nialasachta’ tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, tionscadal gabhála CO2, tionscadal stórála CO2 nó tionscadal bonneagair iompair CO2 atá lonnaithe san Aontas agus ar aithin Ballstát mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta é de bhun Airteagail 13 agus 14; |
(19) |
ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna’ próiseas lena gcumhdaítear na ceadanna ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta a thógáil, a mhéadú, a thiontú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás inar gá, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus na nósanna imeachta uile ón uair a admhaítear gur comhlánaíodh an t-iarratas go dtí go dtugann an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta, agus i ndáil le stóráil gheolaíoch CO2, an próiseas deonaithe ceadanna stórála a bhaineann le próiseáil na gceadanna uile is gá do na suiteálacha dromchla a iarrtar chun láithreán stórála a oibriú, lena n-áirítear ceadanna tógála agus údaruithe píopaí, agus an t-údarú comhshaoil maidir le hinstealladh agus stóráil CO2 arna gcur i gcrích i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE; |
(20) |
ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a dhéanann údaráis de chuid na mBallstát lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil tionscnóir tionscadail údaraithe chun tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chur chun feidhme, gan dochar d’aon chinneadh a dhéanfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc; |
(21) |
ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ aon ghnóthas nó aon chuibhreannas gnóthas a bhfuil tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó tionscadal straitéiseach glan-nialasachta á fhorbairt aige; |
(22) |
ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála glan-nialasachta’ scéim lena gcuirtear ar a gcumas do ghnóthais tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile i bhfíorthimpeallacht rialaithe, faoi phlean sonrach, a dhéanann údarás inniúil a fhorbairt agus a fhaire; |
(23) |
ciallaíonn ‘nós imeachta soláthair phoiblí’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
(24) |
ciallaíonn ‘údarás conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, údarás conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 2(1), pointe (1) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE é; |
(25) |
ciallaíonn ‘eintiteas conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, eintiteas conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE é; |
(26) |
ciallaíonn ‘conradh’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, conradh poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5) de Threoir 2014/24/AE, ‘conarthaí soláthair, oibreacha agus seirbhíse’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE é, agus ‘lamháltais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Threoir 2014/23/AE é; |
(27) |
ciallaíonn ‘ceant’ sásra lenar féidir le nósanna imeachta iomaíocha tairisceana tacú le táirgeadh nó tomhaltas fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite nach dtagann faoi Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51) ná faoi Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE ná 2014/25/AE; |
(28) |
ciallaíonn ‘acmhainneacht insteallta CO2’ an méid bliantúil CO2 is féidir a instealladh i láithreán stórála geolaíoch oibríochtúil, a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, chun astaíochtaí a laghdú nó chun aistrithe dé-ocsaíde carbóin a mhéadú, go háirithe ó shuiteálacha tionsclaíocha mórscála agus a thomhaistear i dtonaí in aghaidh na bliana; |
(29) |
ciallaíonn ‘bonneagar iompair CO2’ gréasán na bpíblínte, lena n-áirítear stáisiúin comhbhrúiteora ghaolmhara, chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála, chomh maith le haon long, aon mhodhanna iompair de bhóthar nó d’iarnród, lena n-áirítear gairis leachtúcháin agus saoráidí stórála sealadaí, más gá, chun CO2 a iompar chuig na saoráidí cuain agus chuig an láithreán stórála; |
(30) |
ciallaíonn ‘comhtháthú an chórais fuinnimh’ réitigh chun an córas fuinnimh ina iomláine a phleanáil agus a oibriú, ar fud iompróirí fuinnimh, bonneagair agus earnálacha tomhaltais éagsúla, trí naisc níos láidre a chruthú eatarthu chun seirbhísí fuinnimh atá saor ó iontaise, solúbtha, iontaofa agus tíosach ar acmhainní a sholáthar, ar an gcostas is lú is féidir don tsochaí, don gheilleagar agus don chomhshaol; |
(31) |
ciallaíonn ‘Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta glan-nialasachta’ gealltanas idir an tAontas agus tríú tír maidir le comhar a mhéadú a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhunaítear trí ionstraim neamhcheangailteach lena leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla comhleasa; |
(32) |
ciallaíonn ‘céaduaire’ saoráid teicneolaíochta glan-nialasachta atá nua nó a ndearnadh uasghrádú shuntasach uirthi, lena soláthraítear nuálaíocht i ndáil le próiseas monaraíochta na teicneolaíochta glan-nialasachta sin nach ann ach do mhéid fíorbheag den teicneolaíocht sin fós nó nach ngealltar í a thógáil laistigh den Aontas; |
(33) |
ciallaíonn ‘acmhainneacht mhonaraíochta’ méid iomlán acmhainneacht aschuir na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgtear i dtionscadal monaraíochta nó, i gcás ina dtáirgeann tionscadal monaraíochta comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na táirgí sin a tháirgeadh seachas na táirgí deiridh iad féin, acmhainneacht aschuir na dtáirgí deiridh a bhfuil comhpháirteanna den sórt sin nó innealra sonrach den sórt sin le táirgeadh ina leith. |
Airteagal 4
Liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta
1. Is iad seo a leanas na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo:
(a) |
teicneolaíochtaí gréine, lena n-áirítear fótavoltachas, teicneolaíochtaí grianteasa leictreacha agus teicneolaíochtaí grianteasa; |
(b) |
teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta; |
(c) |
teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh; |
(d) |
teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh; |
(e) |
teicneolaíochtaí hidrigine lena n-áirítear leictrealóirí agus breosla-chealla; |
(f) |
teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis agus bithmheatáin; |
(g) |
teicneolaíochtaí GSC; |
(h) |
teicneolaíochtaí eangaí leictreachais, lena n-áirítear teicneolaíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha le haghaidh iompair agus teicneolaíochtaí chun an eangach a dhigitiú; |
(i) |
teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí timthrialla breoslaí núicléacha; |
(j) |
teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe; |
(k) |
teicneolaíochtaí hidreachumhachta; |
(l) |
teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo; |
(m) |
teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh, lena n-áirítear teicneolaíochtaí eangaí teasa; |
(n) |
teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch; |
(o) |
réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh; |
(p) |
teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo; |
(q) |
teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2; |
(r) |
teicneolaíochtaí tiomána gaoithe agus leictrí le haghaidh iompair; |
(s) |
teicneolaíochtaí núicléacha nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo. |
2. Beidh mír 1 gan dochar don cheart atá ag Ballstát rogha a dhéanamh idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.
3. Beidh mír 1 gan dochar do leithdháileadh chistiú an Aontais, go háirithe maidir le critéir incháilitheachta nó dámhachtana, arna nglacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí, nó maidir le tacaíocht ón Aontas trí BEI.
CAIBIDIL II
COINNÍOLLACHA CUMASÚCHÁIN LE HAGHAIDH MONARAÍOCHT TEICNEOLAÍOCHTA GLAN-NIALASACHTA
ROINN I
Tagarmharcanna
Airteagal 5
Tagarmharcanna
1. Tacóidh an Coimisiún agus na Ballstáit le tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta i gcomhréir leis an gCaibidil seo chun a áirithiú go laghdófar spleáchais straitéiseacha san Aontas ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair tríd an acmhainneacht mhonaraíochta seo a leanas a bhaint amach le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin:
(a) |
tagarmharc de 40 % ar a laghad de riachtanais imscartha bhliantúla an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha is gá chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach; |
(b) |
méadú i sciar an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha chun 15 % de tháirgeadh an domhain a bhaint amach faoi 2040 bunaithe ar fhaireacháin de bhun Airteagal 42, ach amháin i gcás ina mbeadh acmhainneacht mhonaraíochta mhéadaithe an Aontais i bhfad níos airde ná riachtanais imscartha an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha is gá chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2040 an Aontais a bhaint amach. |
ROINN II
Próisis riaracháin agus deonaithe ceadanna a chuíchóiriú
Airteagal 6
Pointí teagmhála aonair
1. Faoin 30 Nollaig 2024, bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó mar phointí teagmhála aonair ar an leibhéal riaracháin ábhartha. Beidh gach pointe teagmhála aonair freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a cheadú agus a chomhordú le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta agus as faisnéis a sholáthar maidir leis na próisis riaracháin a chuíchóiriú i gcomhréir le hAirteagal 7, lena n-áirítear faisnéis maidir le cathain a mheastar iarratas a bheith iomlán i gcomhréir le hAirteagal 9(10).
2. I gcás ina mbunaíonn nó ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná pointe teagmhála aonair amháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát uirlisí ar fáil chun cabhrú le tionscnóirí tionscadail an pointe teagmhála bunaithe nó ainmnithe iomchuí a shainaithint ar an leathanach gréasáin a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 7.
3. Is é an pointe teagmhála aonair arna bhunú nó arna ainmniú de bhun mhír 1 an t-aon phointe teagmhála don tionscnóir tionscadail sa phróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadal straitéiseach glan-nialasachta. Déanfaidh sé tíolacadh na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha uile a chomhordú agus a éascú agus tabharfaidh sé fógra don tionscnóir tionscadail maidir le toradh an chinnidh chuimsithigh.
4. Ceadófar do thionscnóirí tionscadail aon doiciméad atá ábhartha maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a chur isteach i bhfoirm leictreonach.
5. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear san áireamh aon staidéir ábhartha a dhéantar nó aon cheadanna nó údaruithe ábhartha a eisítear le haghaidh tionscadal ar leith agus nach mbeidh gá le staidéir, ceadanna ná údaruithe dúbailte, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí ar fhaisnéis maidir le díospóidí a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a réiteach agus ar nósanna imeachta chun iad a réiteach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí malartacha um réiteach díospóidí, má dhéantar foráil maidir leis na nósanna imeachta mar sin sa dlí náisiúnta.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh an uas-scilithe agus an athscilithe, ag an bpointe teagmhála aonair agus na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann atá freagrach as aon chéim feadh na bpróiseas deonaithe ceadanna, lena n-áirítear gach céim ghnásúil, chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach.
8. Déanfaidh an tArdán dá dtagraítear in Airteagail 38 agus 39 plé tréimhsiúil ar chur chun feidhme na Roinne seo agus Airteagail 15 agus 16 agus comhroinnfidh sé dea-chleachtais maidir le pointí teagmhála aonair a eagrú.
9. Déanfaidh na húdaráis atá rannpháirteach sa phróiseas deonaithe ceadanna agus údaráis eile lena mbaineann na ceanglais agus an méid faisnéise a iarrfar ar thionscnóir tionscadail a shonrú agus a chur ar fáil don phointe teagmhála aonair lena mbaineann sula gcuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.
Airteagal 7
Rochtain ar fhaisnéis ar líne
Soláthróidh na Ballstáit rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas faoi phróisis atá ábhartha maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, ar líne agus ar bhealach láraithe inrochtana:
(a) |
na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 6(1); |
(b) |
an próiseas deonaithe ceadanna, lena n-áirítear faisnéis maidir le réiteach díospóidí; |
(c) |
seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta; |
(d) |
deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát; |
(e) |
seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla nó dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin. |
Airteagal 8
An cur chun feidhme a luathú
Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht riaracháin ar fáil do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe ar a gcríoch, chun a gcur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach a éascú, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna atá rannpháirteach sna tionscadail, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
(a) |
cúnamh i dtaca le comhlíonadh na n-oibleagáidí riaracháin agus tuairiscithe is infheidhme a áirithiú; |
(b) |
cúnamh do thionscnóirí tionscadail chun an pobal a chur ar an eolas chun glacadh an phobail leis an tionscadal a mhéadú; |
(c) |
cúnamh do thionscnóirí tionscadail le linn an phróisis deonaithe ceadanna, go háirithe do FBManna. |
Airteagal 9
Fad tréimhse an phróisis deonaithe ceadanna
1. Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta níos faide ná aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:
(a) |
12 mhí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil nó a leathnú ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW; |
(b) |
18 mí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil nó a leathnú arb é 1 GW nó níos mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil. |
2. Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW níos faide ná teorainn ama 18 mí.
3. I gcás ina n-éilítear le tionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh, lena n-áirítear nuair a aithnítear iad mar thionscadail straitéiseacha, go ndéanfaí roinnt saoráidí nó aonad a thógáil ar láithreán amháin, féadfaidh an tionscnóir tionscadail agus an pointe teagmhála aonair teacht ar chomhaontú maidir leis an tionscadal a roinnt i roinnt tionscadal níos lú chun na teorainneacha ama is infheidhme a chomhlíonadh.
4. I gcás ina gceanglaítear measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE, ní áireofar céimeanna an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(i) den Treoir sin le linn an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
5. I gcás ina léiríonn an comhairliúchán de bhun Airteagal 1(2), pointe (g)(ii), de Threoir 2011/92/AE gur gá an tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol a fhorlíonadh le faisnéis bhreise, féadfaidh an pointe teagmhála aonair an deis a thabhairt don tionscnóir faisnéis bhreise a chur isteach. Sa chás sin, tabharfaidh an pointe teagmhála aonair fógra don tionscnóir tionscadail nuair atá an fhaisnéis bhreise le tabhairt, dáta a bheidh 30 lá ar a laghad tar éis an fhógra a thabhairt. An tréimhse idir an sprioc chun faisnéise breise a chur ar fáil agus an fhaisnéis sin a chur isteach, ní áireofar í i bhfad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
6. I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó an tionscadail straitéisigh glan-nialasachta atá beartaithe, féadfaidh Ballstát síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur, aon uair amháin, leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 7 den Airteagal seo agus in Airteagal 16(1) agus (2) sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás.
7. I gcás ina measfaidh Ballstát go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó an tionscadail straitéisigh glan-nialasachta atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe nó an phobail i gcoitinne, agus i gcás ina mbeidh gá le ham breise chun a shuí go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí is féidir a shainaithint, féadfaidh sé síneadh 6 mhí eile a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus in Airteagal 16(1) agus (2), laistigh de 6 mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna.
8. Agus mír 6 nó 7 á cur i bhfeidhm, cuirfidh an pointe teagmhála aonair an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna leis an síneadh agus faoin dáta a bhfuil coinne leis an gcinneadh cuimsitheach.
9. Tabharfaidh an pointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo fógra don tionscnóir tionscadail maidir leis an dáta a mbeidh an tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE dlite, agus aird á tabhairt ar eagrú an phróisis deonaithe ceadanna sa Bhallstát ábhartha agus ar an ngá atá le dóthain ama a thabhairt chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil. An tréimhse idir an sprioc chun an tuarascáil faoin tionchar ar an gcomhshaol a chur ar fáil agus an tuarascáil sin a chur isteach, ní áireofar í i bhfad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
10. Tráth nach déanaí ná 45 lá ó iarratas ar dheonú ceada a fháil, dearbhóidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas iomlán nó, murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun an t-iarratas a phróiseáil, iarrfaidh sé ar an tionscnóir tionscadail iarratas iomlán a chur isteach gan moill mhíchuí, agus sonróidh sé cén fhaisnéis atá in easnamh. I gcás ina meastar go bhfuil an t-iarratas arna chur isteach neamhiomlán don dara huair, féadfaidh an pointe teagmhála aonair, laistigh de 30 lá ón dara hiarratas a chur isteach, an dara hiarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh. Ní iarrfaidh an pointe teagmhála aonair faisnéis i réimsí nach gcumhdaítear sa chéad iarraidh ar fhaisnéis bhreise agus ní bheidh sé i dteideal ach tuilleadh fianaise a iarraidh chun an fhaisnéis a sainaithníodh atá in easnamh a chomhlánú. Is é an dáta a dhearbhóidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) iomláine an iarratais ón bpointe teagmhála aonair tús an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh an iarratais áirithe sin.
11. Tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta a gheofar an dearbhaithe, déanfaidh an pointe teagmhála aonair, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna. Tosóidh an sceideal sin ón tráth a admhaíonn an pointe teagmhála aonair iomláine an iarratais. Foilseoidh an pointe teagmhála aonair an sceideal ar shuíomh gréasáin saor in aisce.
12. Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 16 d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.
13. Na teorainneacha ama a leagtar síos in san Airteagal seo agus in Airteagal 16 d’aon cheann de na próisis deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainn ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.
Airteagal 10
Measúnuithe agus údarú comhshaoil
1. I gcás ina bhfuil gá le measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, féadfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim a iarraidh, sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ar an bpointe teagmhála aonair maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le háireamh sa tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 5(1) den Treoir sin. Áiritheoidh an pointe teagmhála aonair go n-eiseofar an tuairim sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 45 lá ón dáta a chuir an tionscnóir tionscadail a iarraidh ar thuairim isteach.
2. I gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach as aon dá cheann nó níos mó de Threoir 92/43/CEE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52), Treoir 2008/98/CE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2011/92/AE nó Treoir 2012/18/AE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear nósanna imeachta comhordaithe nó comhpháirteacha i bhfeidhm lena gcomhlíonfar ceanglais uile na reachtaíochta sin de chuid an Aontais.
Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhordóidh údarás inniúil náisiúnta na measúnuithe aonair éagsúla ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag tionscadail ar leith a cheanglaítear le gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais.
Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh údarás inniúil náisiúnta foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadail ar leith a cheanglaítear le gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais. Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm an nós imeachta chomhpháirtigh nó an nós imeachta comhordaithe difear d’ábhar an mheasúnaithe tionchair ar an gcomhshaol.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseoidh na húdaráis inniúla conclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv) de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnú tionchair ar an gcomhshaoil laistigh de 90 lá tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir sin a fháil agus tar éis na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin a thabhairt i gcrích.
4. I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh na Ballstáit síneadh 20 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama dá dtagraítear i mír 3 sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar leis an síneadh agus faoin spriocdháta chun é a thabhairt i gcrích go réasúnaithe.
5. Ní bheidh na tréimhsí ama chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e), de Threoir 2011/92/AE agus leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir sin maidir leis an tuarascáil ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Treoir sin níos faide ná 85 lá agus, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Treoir sin, ní bheidh siad níos giorra ná 30 lá. Sna cásanna a thagann faoi Airteagal 6(4), an dara fomhír den treoir sin, féadfar síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin ar bhonn cás ar chás.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach foirne cáilithe agus líon leordhóthanach acmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta is gá chun a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh ag a n-údaráis inniúla agus ag údaráis eile arna n-ainmniú de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2011/92/AE.
Airteagal 11
Pleanáil
1. Breathnóidh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá freagrach as pleananna a ullmhú, lena n-áirítear criosú, pleananna spásúla agus pleananna úsáide talún, ar fhorálacha a áireamh sna pleananna sin, i gcás inarb iomchuí, ar fhorálacha maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a fhorbairt, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta agus, i gcás inarb iomchuí, gleannta luathaithe tionscal glan-nialasachta agus an bonneagar is gá. Nuair a bheifear ag féachaint do na forálacha sin a áireamh, tabharfar tosaíocht do dhromchlaí saorga agus tógtha, do láithreáin thionsclaíocha agus do láithreáin athfhorbraíochta. Chun forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí ábhartha uile maidir le pleanáil spásúlachta ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 7.
2. I gcás ina n-áireofar i bpleananna forálacha maidir le forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, agus a mbonneagar a éilítear, agus atá faoi réir measúnaithe de bhun Threoir 2001/42/CE agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, déanfar na measúnuithe sin a chomhcheangal. I gcás inarb infheidhme, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar na dobharlaigh a bhféadfadh go ndéanfaí difear dóibh dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá á ndéanamh anois agus a dhéanfar amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53), cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin. Má chomhcheanglaítear measúnuithe de bhun na míre seo, ní dhéanfaidh sé sin difear dá n-inneachar ná dá gcáilíocht. Déanfar measúnuithe comhcheangailte ar bhealach nach mbeidh fadú ar na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo mar thoradh air.
Airteagal 12
Infheidhmeacht Choinbhinsiúin UNECE
1. Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, agus faoi Choinbhinsiún UNECE maidir le measúnú tionchair ar an gcomhshaol i gcomhthéacs trasteorann, arna shíniú in Espoo an 25 Feabhra 1991, agus a Phrótacal maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, a síníodh i gCív an 21 Bealtaine 2003.
2. Déanfar gach cinneadh a ghlacfar de bhun na Roinne seo agus Airteagail 8, 15, 16 agus 28 a chur ar fáil go poiblí ar bhealach sothuigthe agus beidh gach cinneadh a bhaineann le tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadal straitéiseach glan-nialasachta ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna.
ROINN III
Tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta
Airteagal 13
Critéir roghnúcháin
1. Aithneoidh na Ballstáit mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe san Aontas lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, lena n-áirítear rannchuidiú le spriocanna aeráide nó fuinnimh an Aontais, agus lena gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
(a) |
rannchuidítear leis an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta le hathléimneacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais trí acmhainneacht monaraíochta comhpháirte nó deighleoige den slabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(b) |
tá tionchar dearfach soiléir ag an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ar shlabhra soláthair thionscal glan-nialasachta an Aontais nó ar earnálacha iartheachtacha trí rochtain a thabhairt do thionscail Eorpacha glan-nialasachta ar an teicneolaíocht ghlan-nialasachta is fearr atá ar fáil nó ar tháirgí a tháirgtear i saoráid mhonaraíochta céaduaire, agus comhlíontar leis ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
|
(c) |
leis an tionscadal, rannchuidítear le cuspóirí aeráide nó fuinnimh an Aontais a bhaint amach trí theicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhonarú trí chleachtais lena gcuirtear gnéithe feabhsaithe inbhuanaitheachta comhshaoil agus feidhmíochta nó ciorclaíochta chun feidhme, lena n-áirítear éifeachtúlacht agus cleachtais chuimsitheacha ísealcharbóin, éifeachtúlachta fuinnimh, uisce nó ábhair agus cleachtais lena laghdaítear go suntasach agus go buan rátaí astaíochtaí CO2(e). |
2. Faoin 1 Márta 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach treoirlínte lena n-áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme na gcritéar a leagtar síos san Airteagal seo. Áireofar sna treoirlínte sin, ar a laghad, treoraíocht shonrach maidir leis na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a) |
cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann acmhainneacht mhonaraíochta bhreise le hacmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta chéaduaire nó le hacmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil; |
(b) |
cibé acu is nó nach féidir a mheas gur acmhainneacht shuntasach í an acmhainneacht mhonaraíochta bhreise. |
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
3. Aithneoidh na Ballstáit tionscadail stórála CO2 lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas ar fad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta:
(a) |
tá an láithreán stórála CO2 lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; |
(b) |
leis an tionscadal stórála CO2, rannchuidítear le baint amach an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 20; |
(c) |
tá iarratas ar chead déanta ag an tionscadal stórála CO2 chun CO2 a stóráil go geolaíoch, agus go slán, buan, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE. |
Aon tionscadal gabhála CO2 a bhaineann le tionscadal stórála CO2 lena gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus aon tionscadal bonneagair CO2 is gá lena mbaineann chun CO2 gafa a iompar, aithneofar é mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta.
4. Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta lena gcomhfhreagraítear do theicneolaíocht ghlan-nialasachta, atá lonnaithe i ‘réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula’ agus i gCríocha an Chiste um Aistriú Cóir agus atá incháilithe do chistiú faoi rialacha an bheartais comhtháthaithe, nuair a bheidh an nós imeachta dámhachtana críochnaithe, aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 14(3) arna iarraidh sin i scríbhinn don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 14(2).
5. Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe san Aontas agus lena rannchuidítear le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus lena dtairbhítear den Chiste don Nuálaíocht, nó atá ina chuid de Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, den Chomhpháirtíocht Eorpach um Ghleannta Hidrigine, nó den Bhanc Hidrigine, i gcás ina dtacaíonn na cistí le hinfheistíocht in acmhainneachtaí mhonaraíochta, aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 14(3) arna iarraidh sin i scríbhinn don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 14(2).
6. I gcás tionscadal straitéiseach glan-nialasachta lena rannchuidítear le slabhra breisluacha le haghaidh teicneolaíocht nach nglacann Ballstát léi mar chuid de struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, féadfaidh an Ballstát sin diúltú an tionscadal sin a aithint mar thionscadal straitéiseach. Más ann do theicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát gan tionscadail a aithint mar thionscadail straitéiseacha ina leith, cuirfidh an Ballstát sin an méid sin in iúl a luaithe is féidir agus go poiblí.
Airteagal 14
Feidhmiú agus údarú
1. Maidir le hiarratais ar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, cuirfidh an tionscnóir tionscadail faoi bhráid an Bhallstáit ábhartha iad.
2. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 13(1) nó (3); |
(b) |
plean gnó ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail i gcomhréir leis an gcuspóir poist ardcháilíochta a chruthú; agus |
(c) |
an chéad dréacht ar amchlár le haghaidh an tionscadail, ina meastar cathain a bheadh an tionscadal in ann rannchuidiú le tagarmharc an Aontais le haghaidh acmhainneacht mhonaraíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 nó le cuspóir ar leibhéal an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear in Airteagal 20. |
Soláthróidh an Coimisiún foirm réamhshocraithe chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh.
3. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an iarratas dá dtagraítear i mír 1 le próiseas cothrom trédhearcach laistigh de mhí amháin ón iarratas iomlán a fháil. Mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha agus iomlán uile is gá chun iarratas a phróiseáil seolta ag an tionscnóir tionscadail, iarrfaidh an Ballstát, aon uair amháin, go gcuirfidh an tionscnóir tionscadail faisnéis chomhlántach isteach gan moill mhíchuí, chun go mbeidh iarratas iomlán ann. Is é an dáta a admhófar iomláine na haighneachta tús an phróisis measúnaithe. Beidh an cinneadh a thiocfaidh as an bpróiseas sin réasúnaithe agus cuirfear in iúl é don tionscnóir tionscadail agus don Ardán dá dtagraítear in Airteagail 38 agus 39.
4. Mura mbeidh aon chinneadh ann laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an tionscnóir tionscadail fógra a thabhairt don Bhallstát agus a iarraidh gan moill mhíchuí go soláthróidh an Ballstát sprioc-am nuashonraithe don tionscnóir tionscadail, nach mbeidh níos déanaí ná 30 lá ón sprioc-am bunaidh.
5. Féadfaidh an Coimisiún a thuairim a thabhairt ar na tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta arna bhformheas. I gcás ina ndiúltóidh Ballstát don iarratas, beidh sé de cheart ag an iarratasóir an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre. Tá measúnú an Choimisiúin gan dochar do chinneadh an Bhallstáit.
6. I gcás ina ndeimhneoidh an Coimisiún diúltú an Bhallstáit don iarratas tar éis dó measúnú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra faoina chonclúid don iarratasóir i bhfoirm litreach. I gcás nach mbeidh an Coimisiún ag teacht leis an mBallstát ar a mheasúnú, pléifidh an tArdán dá dtagraítear in Airteagail 38 agus 39 an tionscadal atá i gceist.
7. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nó Ballstát go ndearnadh athruithe substaintiúla ar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na critéir a leagtar síos in Airteagal 13, nó i gcás ina raibh a aitheantas mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhícheart, cuirfidh sé an tionscnóir tionscadail lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Tar éis éisteacht leis an tionscnóir tionscadail, féadfaidh an Ballstát an cinneadh lena n-aithnítear tionscadal mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta a aisghairm.
8. Tionscadal nach n-aithnítear a thuilleadh mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta, caillfidh sé na cearta uile a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán seo.
9. Déanfaidh an Coimisiún clárlann tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a bheidh ar fáil go hoscailte a bhunú agus a choinneáil ar bun.
Airteagal 15
Stádas tosaíochta na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta
1. Áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta go gcaithfear leis na próisis ábhartha ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
2. Gan dochar d’oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, i gcás ina n-aithnítear tionscadal mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta, deonóidh na Ballstáit an stádas den tábhacht náisiúnta is airde is féidir don tionscadal straitéiseach glan-nialasachta sin, i gcás inar ann don stádas sin sa dlí náisiúnta, agus go gcaithfear le tionscadal straitéiseach glan-nialasachta dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le measúnuithe comhshaoil agus, i gcás ina bhfuil sonraí ar fáil, le pleanáil spásúlachta.
3. Measfar go rannchuidíonn tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta le slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leas an phobail iad. Maidir leis na tionchair nó na hoibleagáidí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 16(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE agus agus i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le hathchóiriú an dúlra, measfar tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta san Aontas a bheith ar mhaithe le leas an phobail agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí acu agus go bhfónann siad do leasanna na sláinte agus na sábháilteachta poiblí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sna gníomhartha sin.
4. Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta os comhair aon chúirt, binse, painéal náisiúnta, lena n-áirítear maidir le hidirghabháil nó eadráin, i gcás inar ann dóibh sa dlí náisiúnta, caithfear leo mar ábhair phráinneacha, más rud é agus a mhéid a dhéantar foráil sa dlí náisiúnta a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir leis na nósanna imeachta práinne sin agus ar choinníoll go n-urramaítear na cearta is infheidhme de ghnáth maidir le daoine aonair nó pobail áitiúla a chosaint. Glacfaidh tionscnóirí Tionscadail straitéiseach glan-nialasachta páirt sna nósanna imeachta práinne sin, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 16
Fad an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta
1. Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta níos faide ná:
(a) |
9 mí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil nó a leathnú ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW; |
(b) |
12 mhí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil nó a leathnú arb é 1 GW nó níos mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil; |
(c) |
18 mí le haghaidh na gceadanna uile is gá chun láithreán stórála a oibriú i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE. |
2. Le haghaidh tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná 12 mhí.
3. I gcás ina gceanglaítear measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE, ní áireofar céim an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) pointe (g)(i), den Treoir sin le linn an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 17
Gleannta Luathaithe Glan-Nialasachta
1. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh Gleannta Luathaithe glan-nialasachta (‘na Gleannta’) a ainmniú mar réimsí sonracha chun dlús a chur le gníomhaíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta, go háirithe chun cur chun feidhme tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a luathú, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta nó braislí díobh, nó chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha a thástáil. Is iad cuspóirí na nGleannta braislí de ghníomhaíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta a chruthú agus nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú a thuilleadh.
2. Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid a leanas:
(a) |
raon feidhme geografach agus teicneolaíochta soiléir a shainiú le haghaidh na nGleannta; |
(b) |
limistéir lena n-áirítear dromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha agus láithreáin athfhorbraíochta a chur san áireamh; |
(c) |
beidh siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE, agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE; a mhéid is féidir, le torthaí na measúnuithe sin, éascófar ullmhú tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó tionscadal straitéiseach glan-nialasachta d’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus dúbláil measúnuithe a sheachaint; tá an fhoráil seo gan dochar do chomhlíontacht tionscadal aonair le dlí chomhshaoil an Aontais is infheidhme; |
(d) |
sineirgí a áirithiú, i gcás inar féidir, le hainmniú limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54). |
3. Beidh plean ag gabháil le cinneadh ó Bhallstát Gleann a ainmniú ina leagfar amach bearta nithiúla náisiúnta chun a tharraingteacht mar shuíomh le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta a mhéadú, lena n-áirítear ar a laghad na scéimeanna tacaíochta eacnamaíche agus riaracháin seo a leanas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
forbairt an bhonneagair is gá sa Ghleann a éascú; |
(b) |
tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí príobháideacha sa Ghleann; |
(c) |
athsciliú agus uas-sciliú leormhaith an lucht saothair áitiúil a bhaint amach; |
(d) |
faisnéis faoin nGleann a chur ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 7. |
4. Maidir le hinfheistíochtaí poiblí arb é is aidhm dóibh Gleannta a bhunú, iad a fheistiú le bonneagar iomchuí, láithreáin athfhorbraíochta a thiontú agus leordhóthanacht an díorma scileanna áitiúla a fhorbairt, féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, tairbhe a bhaint as na huasrátaí cómhaoinithe faoi Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056 agus (AE) 2021/1057.
Airteagal 18
Ceadú faoi Ghleannta
1. Beidh feidhm ag Ranna II agus III maidir le tionscadail aonair i nGleannta. Ainmneofar pointe teagmhála amháin do gach Gleann.
2. D’fhonn dúbláil measúnuithe a sheachaint, agus an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 10(1) á heisiúint aige, cuirfidh an t-údarás inniúil torthaí na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 17(2), pointe (c), san áireamh.
3. Cuirfidh an pointe teagmhála aonair teimpléid ar fáil do thionscnóirí tionscadail lena léirítear na ceadanna sonracha is gá le haghaidh tionscadal i nGleannta. Áireofar sna teimpléid sin faisnéis maidir le haon ghnéithe den tionscadal agus maidir leis na bearta atá beartaithe chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol a sheachaint nó a chosc chun a áirithiú nach mbeidh ach tionscadail a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol faoi réir measúnú de bhun Threoir 2011/92/AE agus chun cinneadh údaráis inniúil a éascú i dtaobh an bhfuil an tionscadal le cur faoi réir measúnú de bhun Airteagal 4(2) go (6), den Treoir sin.
4. Measfar go rannchuidíonn tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta i nGleannta le slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leasa an phobail iad. Maidir leis na tionchair nó na hoibleagáidí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 16(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE agus i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le hathchóiriú an dúlra, measfar tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta i nGleannta san Aontas a bheith chun leas an phobail agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí acu agus go bhfónann siad do leasanna na sláinte agus na sábháilteachta poiblí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sna gníomhartha sin.
Airteagal 19
Maoiniú a chomhordú
1. Scrúdóidh an tArdán mar a bhunaítear in Airteagal 38 na scrogaill agus riachtanais airgeadais uile-Aontais na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta, tabharfaidh sé comhairle maidir le bealaí chun maoiniú an Aontais agus maoiniú náisiúnta a chomhordú i ndáil leis na riachtanais airgeadais sin, agus baileoidh sé dea-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann, inter alia, chun slabhraí soláthair trasteorann an Aontais a fhorbairt, go háirithe ar bhonn malartuithe agus moltaí rialta ón nGrúpa um an Tionscal Glan-Nialasachta agus leis na comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha.
2. Arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail straitéisigh glan-nialasachta, pléifidh an tArdán an bealach is féidir maoiniú an tionscadail a thabhairt i gcrích agus tabharfaidh sé comhairle faoin méid sin, agus an cistiú a fuarthas cheana á chur san áireamh agus na heilimintí seo a leanas ar a laghad á meas:
(a) |
foinsí maoiniúcháin príobháideacha breise; |
(b) |
tacaíocht trí acmhainní ón nGrúpa BEI nó ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha; |
(c) |
ionstraimí agus cláir de chuid na mBallstát atá ann cheana, lena n-áirítear ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, institiúidí náisiúnta agus gníomhaireacht náisiúnta creidmheasa onnmhairiúcháin; |
(d) |
cláir chistiúcháin agus mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais. |
3. Faoin 30 Meán Fómhair 2024 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an tArdán moltaí ar fáil don Choimisiún maidir le bealaí chun cistiú leordhóthanach a áirithiú, lena n-áirítear trí bhuiséad an Aontais, chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú.
4. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi ghníomhaíochtaí chun dlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, comhairle a thabhairt agus tacaíocht a chomhordú do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil.
CAIBIDIL III
ACMHAINNEACHT INSTEALLTA CO2
Airteagal 20
Cuspóir ar leibhéal an Aontais: acmhainneacht insteallta CO2
1. Bainfear acmhainneacht insteallta bhliantúil 50 milliún tona CO2 ar a laghad amach faoi 2030, i láithreáin stórála, a chiallaíonn láithreáin stórála gheolaíocha a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, lena n-áirítear olacheantair agus gáscheantair ídithe agus uiscigh shailíne, atá lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus nach ndéanfar a chomhcheangal le Gnóthú Hidreacarbón Faoi Spreagadh.
2. Dearfar gach láithreán stórála sa chaoi go n-oibreoidh siad ar feadh 5 bliana ar a laghad agus urramóidh siad prionsabail na rochtana cothrom agus oscailte, a sholáthar dóibh ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/31/CE iad.
3. Faoin 30 Meitheamh 2027 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo sprioc bhliantúil an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta a bhaint amach, lena n-áirítear staid an mhargaidh a bhaineann leis an acmhainneacht insteallta. Áireofar sa tuairisc forléargas ar raon geografach na láithreán stórála ar fud an Aontais. Déanfar measúnú sa chéad tuarascáil ar cibé acu a mheastar nó nach meastar gur gá cuspóir uile-Aontais a thabhairt isteach do 2040 nó níos luaithe más gá.
4. Áireofar sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 measúnú stórála agus acmhainneachta insteallta CO2, agus úsáid á baint, go háirithe, as an bhfaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 21(2) agus Airteagal 23(6). Leis na tuarascálacha, déanfar an méid seo a leanas:
(a) |
anailís mhionsonraithe a sholáthar ar phleanáil gheografach agus ama na láithreán stórála CO2 agus ar thionscadail gabhála CO2 le haghaidh astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha laistigh den Aontas agus aird á tabhairt ar an acmhainneacht shonrach maidir le húsáid CO2 chun rannchuidiú le stóráil bhuan CO2; |
(b) |
an príomhbhonneagar is gá le haghaidh iompar agus stóráil astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha ar fud an Aontais a shainaithint; |
(c) |
anailís mhionsonraithe a sholáthar ar na bacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt mhargadh GSC. |
5. Faoin 31 Nollaig 2028, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, togra reachtach a thíolacadh chun cuspóir nua ar leibhéal an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 a thabhairt isteach faoi 2040 nó níos luaithe más gá. Má chinneann an Coimisiún gan togra reachtach a mholadh chun an cuspóir sin a thabhairt isteach, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6. Laistigh de 3 mhí tar éis don Aontas comhaontú idirnáisiúnta a bhaineann leis an gCaibidil seo a shíniú, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar impleachtaí an chomhaontaithe idirnáisiúnta, go háirithe maidir le caighdeáin chomhshaoil agus cuspóirí aeráide an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise fhorálacha an chomhaontaithe idirnáisiúnta sin. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena leasaítear an Rialachán seo de bhun mhír 1.
7. Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte ina léireofar na leibhéil iomchuí íonachta CO2 agus na leibhéil iomchuí riandúile laistigh den sreabhadh CO2 le haghaidh tionscadail stórála CO2 lena gcuirtear le cuspóir acmhainneachta insteallta an Aontais.
Airteagal 21
Trédhearcacht sonraí maidir le hacmhainneacht stórála CO2
1. Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) |
sonraí a chur ar fáil go poiblí maidir leis na limistéir uile ina bhféadfaí láithreáin stórála CO2 a cheadú ar a gcríoch, lena n-áirítear uiscigh shalanda, gan dochar do cheanglais maidir le faisnéis rúnda a chosaint; |
(b) |
oibleagáid a chur ar eintitis atá ina sealbhóirí nó a bhí ina sealbhóirí ar údarú mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55) ar a gcríoch na sonraí geolaíocha go léir a bhaineann le láithreáin táirgthe a díchoimisiúnaíodh nó ar tugadh fógra faoina dhíchoimisiúnú don údarás inniúil, agus, má tá siad ar fáil, measúnuithe eacnamaíocha ar na costais ábhartha maidir le hinstealladh CO2 a chumasú, a chur ar fáil go poiblí ar bhonn neamhthuilleamaí, mura rud é go bhfuil iarratas ar chead taiscéalaíochta déanta ag eintiteas i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, lena n-áirítear sonraí maidir leis an méid a leanas:
|
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, áireofar sna sonraí ar a laghad an fhaisnéis a iarrtar sna Fógraí ón gCoimisiún maidir leis an treoraíocht do na Ballstáit le haghaidh pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus na nuashonruithe orthu sin arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de (pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide).
2. Faoin 30 Nollaig 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, a chuirfear ar fáil don phobal agus a bheidh gan dochar do cheanglais maidir le cosaint na faisnéise rúnda, ina dtabharfar tuairisc ar an méid seo a leanas:
(a) |
mapáil ar thionscadail gabhála CO2 atá idir lámha ar a chríoch nó i gcomhar le Ballstáit eile agus meastachán ar na riachtanais chomhfhreagracha maidir le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála, agus iompar CO2; |
(b) |
mapáil ar thionscadail iompair CO2 agus stórála CO2 atá ar siúl ar a chríoch, lena n-áirítear stádas an cheadaithe faoi Threoir 2009/31/CE, dátaí a bhfuil coinne le Cinneadh Críochnaitheach Infheistíochta agus le teacht i ngníomh; |
(c) |
na bearta tacaíochta náisiúnta a glacadh nó a ghlacfar chun tionscadail dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo a spreagadh, chomh maith le bearta a bhaineann le hiompar trasteorann CO2; |
(d) |
an straitéis agus na spriocanna náisiúnta a socraíodh agus a shocrófar chun CO2 a ghabháil faoi 2030, i gcás inarb infheidhme; |
(e) |
comhar déthaobhach agus réigiúnach lena n-éascaítear iompar trasteorann CO2, lena n-áirítear na himpleachtaí maidir le rochtain na n-eintiteas a ghabhann CO2 ar mhodh sábháilte neamh-idirdhealaitheach chun CO2 a iompar; |
(f) |
tionscadail iompair CO2 atá ar siúl agus meastachán ar acmhainneacht riachtanach na dtionscadal iompair CO2 a bheidh ann amach anseo chun an acmhainneacht ghabhála agus stórála chomhfhreagrach a mheaitseáil. |
3. Má léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 nach bhfuil aon tionscadal stórála CO2 ar siúl ar a gcríoch, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar phleananna chun dícharbónú na n-earnálacha tionsclaíocha a éascú. Áireofar leis sin, más infheidhme, iompar trasteorann CO2 chuig láithreáin stórála atá lonnaithe i mBallstáit eile, chomh maith le tionscadail úsáide CO2.
Airteagal 22
Bonneagar iompair CO2
1. Chun gur fusa an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 20 a bhaint amach, déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le cuideachtaí ábhartha, gach iarracht réasúnach chun an bonneagar iompair CO2 is gá a fhorbairt, lena n-áirítear bonneagar trasteorann, agus na tairbhí eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le gaireacht na láithreán gabhála agus stórála á gcur san áireamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rochtain ar ghréasáin iompair CO2 agus ar láithreáin stórála a chumasú chun críocha stóráil gheolaíoch an CO2 arna tháirgeadh agus arna ghabháil a mhéid atá sé indéanta go heacnamaíoch nó nuair atá custaiméir ionchasach toilteanach íoc as, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir 2009/31/CE.
3. I gcás ina ndéanfar CO2 a ghabháil agus a iompar i mBallstát amháin agus ina ndéanfar é a iompar agus a stóráil i mBallstáit eile, comhordóidh na Ballstáit na bearta a dhéanfaidh siad de bhun mhír 2. Féadfaidh an Coimisiún an comhordú sin a éascú trí Ghrúpálacha Réigiúnacha GSC a bhunú i gcás ina dtagann iarraidh chomhpháirteach ó na Ballstáit lena mbaineann.
Airteagal 23
Rannchuidiú táirgeoirí údaraithe ola agus gáis
1. Beidh gach eintiteas a bhfuil údarú aige mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE faoi réir rannchuidiú aonair leis an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 20 den Rialachán seo. Déanfar na rannchuidithe sin a ríomh ar bhonn pro rata ar bhonn sciar gach eintitis de tháirgeadh amhola agus gáis nádúrtha an Aontais ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus is é a bheidh iontu acmhainneacht insteallta CO2 i láithreán stórála a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE agus atá ar fáil don mhargadh faoi 2030. Eintitis a bhfuil a dtáirgeadh amhola agus gáis nádúrtha faoin tairseach a shocraítear i gcomhréir le gníomh tarmligthe de bhun mhír 12 den Airteagal seo, eiseofar ón ríomh sin iad agus ní bheidh siad faoi réir rannchuidiú.
2. Faoin 30 Meán Fómhair 2024, déanfaidh na Ballstáit na heintitis dá dtagraítear i mír 1 agus a scaireanna i dtáirgeadh amhola agus gáis nádúrtha ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 a shainaithint agus a thuairisciú don Choimisiún.
3. Tar éis don Choimisiún na tuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 21(2) a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, sonróidh na rannchuidithe le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 faoi 2030 ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Laistigh den 30 Meitheamh 2025, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 plean faoi bhráid an Choimisiúin ina mionsonrófar an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a rannchuidiú le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach faoi 2030. Sna pleananna sin:
(a) |
deimhneofar rannchuidiú an eintitis, a shloinnfear i dtéarmaí sprioc thoirt na hacmhainneachta nua stórála agus insteallta CO2 a choimisiúnófar faoi 2030; |
(b) |
sonrófar na modhanna agus na garspriocanna chun an sprioc thoirt a bhaint amach. |
5. Chun a sprioc thoirteanna acmhainneachta insteallta atá ar fáil a bhaint amach, féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an méid a leanas a dhéanamh:
(a) |
tionscadail stórála CO2, nó iad a fhorbairt ina n-aonar nó i gcomhar le chéile nó infheistíocht a dhéanamh iontu; |
(b) |
comhaontuithe a dhéanamh le heintitis eile dá dtagraítear i mír 1; |
(c) |
comhaontuithe a dhéanamh le forbróirí tionscadal stórála tríú páirtí nó le hinfheisteoirí chun a rannchuidiú a chomhlíonadh. |
6. Faoin 30 Meitheamh 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta acu maidir lena rannchuidiú a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún na tuarascála sin a fhoilsiú.
7. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún na heintitis dá dtagraítear sa mhír sin a dhíolmhú ó rannchuidithe aonair i ndáil leis na gníomhaíochtaí táirgthe a rinne siad ar chríoch an Bhallstáit sin ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023, ar choinníoll an mhéid a leanas:
(a) |
gur mó acmhainneacht insteallta foriomlán bliantúil na láithreán stórála uile arna n-oibriú ag aon eintiteas a bhfuil cead stórála faighte aige de réir bhrí Threoir 2009/31/CE a bhfuil cinneadh infheistíochta deiridh déanta aige agus atá lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit sin, gur mó é ná suim na rannchuidithe aonair arna ndéanamh ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na gníomhaíochtaí táirgthe ábhartha, agus go gcomhfhreagraíonn na hacmhainneachtaí insteallta bliantúla a bhaineann leis na láithreáin stórála sin dóibh siúd a luaitear sna ceadanna stórála agus sna cinntí infheistíochta críochnaitheacha agus go rannchuidíonn sé leis an sprioc uile-Aontais le haghaidh acmhainneacht insteallta CO2 infhaighte a leagtar amach in Airteagal 20 den Rialachán seo; |
(b) |
cuirtear an t-iarratas isteach roimh dheireadh 2027. |
8. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 7, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndíolmhófar na heintitis lena mbaineann óna rannchuidiú aonair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí táirgthe atá déanta acu ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an t-iarratas á chur isteach aige.
9. Maidir le heintitis atá díolmhaithe de bhun mhír 8, ní fhéadfaidh siad comhaontuithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointí (b) agus (c), ach amháin maidir le haon acmhainneacht insteallta a sháraíonn an rannchuidiú aonair óna bhfuil siad díolmhaithe agus maidir le suim na rannchuidithe aonair a díolmhaíodh.
10. Aon bhliain amháin tar éis an chinnidh díolúine agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mionsonrófar dul chun cinn na n-eintiteas díolmhaithe atá díolmhaithe de bhun mhír 8 chun a rannchuidiú leis an sprioc uile-Aontais a bhaint amach maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 20. Déanfaidh an Coimisiún na tuarascála sin a phoibliú.
11. Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (c), agus Airteagal 42(8) ar an ngaol idir an t-éileamh ar acmhainneacht insteallta ó thionscadail gabhála CO2 agus an príomhbhonneagar a theastaíonn chun CO2 a iompar, ar thionscadail iad atá ar siúl nó atá beartaithe a bheith oibríochtúil faoi 2030 agus suim ranníocaíochtaí aonair na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na gníomhaíochtaí táirgthe ar chríoch Ballstáit ar leith. I gcás mhíchothromaíocht shubstaintiúil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn eisceachtúil, maolú a iarraidh ar an gCoimisiún maidir leis an dáta faoina mbeidh na ranníocaíochtaí aonair le comhlíonadh.
12. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
Na rialacha maidir le heintitis a shainaithint nach mór dóibh rannchuidiú a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear an tairseach ar faoina bun atá eintitis díolmhaithe ó bheith ag rannchuidiú; |
(b) |
na socruithe ar dá réir a chuirtear comhaontuithe idir eintitis dá dtagraítear i mír 1 agus infheistíochtaí in acmhainneacht stórála atá ag tríú páirtithe san áireamh chun a rannchuidiú aonair faoi mhír 5, pointe (b) agus (c), a bhaint amach; |
(c) |
ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 6; |
(d) |
na coinníollacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh an Coimisiún díolúine nó maolú a dheonú d’eintitis faoi mhír 7, 8 nó 11. |
13. Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2026, leagfaidh na Ballstáit síos pionóis, trí bhíthin nósanna imeachta riaracháin, imeachtaí dlíthiúla, nó tríd an dá rud, a bheidh infheidhme maidir le sáruithe arna ndéanamh ag eintitis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil lena n-oibleagáidí faoi mhír 3. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 24
Creat rialála don mhargadh le haghaidh CO2 gafa
1. Faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú an mhargaidh i dtaca le CO2 gafa. Beidh an measúnú sin bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir, cuirfear san áireamh ann na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus, go háirithe, déanfar an méid seo a leanas a mheas:
(a) |
an gcuireann na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 23(1) forbairt an mhargaidh stórála CO2 san Aontas chun cinn go héifeachtach; |
(b) |
an bhforáiltear do rochtain ar líonra stórála agus iompair CO2 ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus do shábháilteacht an líonra; |
(c) |
an bhforáiltear do rochtain ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach chun CO2 a úsáid nó a stóráil; |
(d) |
an leordhóthanach an líonra iompair CO2 agus an bonneagar eile ar fud an Aontais chun tacú leis na cuspóirí insteallta agus leis an ngá CO2 a ghabháil; |
(e) |
an áirithítear, le feidhmiú an mhargaidh CO2, rochtain leordhóthanach ar acmhainneacht insteallta maidir le hastaíochtaí CO2 is doiligh a mhaolú. |
2. Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomh reachtach a mholadh lena rialálfar an margadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh arna sainaithint, go háirithe maidir le hastaíochtaí is doiligh a mhaolú.
CAIBIDIL IV
ROCHTAIN AR MHARGAÍ
Airteagal 25
Rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta i nósanna imeachta soláthair phoiblí
1. Maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE i gcás conarthaí ina bhfuil teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k) den Rialachán seo mar chuid dá n-ábhar, nó i gcás conarthaí oibreacha agus lamháltais oibreacha ina n-áirítear an teicneolaíocht sin, cuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha íoscheanglais éigeantacha i bhfeidhm maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil arna mbunú sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 san Airteagal seo.
2. Ní chuirfidh mír 1 cosc ar údaráis chonarthacha ná ar eintitis chonarthacha íoscheanglais bhreise nó critéir dhámhachtana bhreise a úsáid i ndáil le hinbhuanaitheacht comhshaoil.
3. D’ainneoin mhír 1, cuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha, na ceanglais nó na hoibleagáidí conarthacha seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na conarthaí oibreacha agus na lamháltais oibreacha dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
coinníoll speisialta a bhaineann le cúrsaí sóisialta nó fostaíochta i bhfoirm clásal feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE agus prionsabail ghinearálta Threoir 2014/23/AE; |
(b) |
ceanglas chun comhlíonadh na gceanglas cibearshlándála is infheidhme a léiriú dá bhforáiltear i rialachán maidir le cibear-athléimneacht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina mbeidh fáil uirthi, trí scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála; |
(c) |
oibleagáid chonarthach shonrach chun comhpháirt an chonartha a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k) a sheachadadh in am, as a bhféadfadh oibleagáid chun muirear iomchuí a íoc teacht mura gcomhlíonfaí an oibleagáid sin, agus a théann thar na ceanglais dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, más ann don reachtaíocht sin. |
4. Beidh na híoscheanglais éigeantacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb infheidhme, sna foirmeacha seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(a) |
sonraíochtaí teicniúla nó ceanglais theicniúla de réir bhrí Airteagal 36 de Threoir 2014/23/AE, de mhír 42 de Threoir 2014/24/AE agus d’Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE; nó |
(b) |
clásail feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE agus prionsabail ghinearálta Threoir 2014/23/AE. |
5. Faoin 30 Márta 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar íoscheanglais maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil do na nósanna imeachta soláthair phoiblí dá dtagraítear i mír 1.
Agus an gníomh cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas ar a laghad san áireamh:
(a) |
staid mhargaidh na dteicneolaíochtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais; |
(b) |
forálacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a leagtar amach i ngníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a chumhdaítear leis an oibleagáid a leagtar amach i mír 1; |
(c) |
gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal. |
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
6. Ní dhéanfaidh an Ballstát idirdhealú in aghaidh an tsoláthraí ná ní chaithfear go difriúil le soláthraí ná le táirgí glan-nialasachta ó Bhallstát eile.
7. Cuirfear san áireamh a mhéid a chuireann an tairiscint le hathléimneacht, i gcás nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE i gcás ina bhfuil sna conarthaí sin teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k) den Rialachán seo ag na conarthaí sin mar chuid dá n-ábhar, nó i gcás na gconarthaí oibreacha agus na lamháltas oibreacha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear an teicneolaíocht sin, agus i gcás conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn creat-chomhaontú ina bhfuil luach measta na gcomhaontuithe sin cothrom leis na luachanna a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE, nó os a gcionn, i gcomhréir leis an mír seo.
Más rud é, tráth a dhéantar gairm chun iomaíochta le haghaidh nós imeachta soláthair phoiblí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó tráth a chuirtear tús leis an nós imeachta sin, go bhfuil sé cinnte ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29 (2) go gcuimsítear le teicneolaíocht shonrach ghlan-nialasach nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ar de thionscnamh tríú tír í, go cuimsítear leis sin cion dar méid breis agus 50 % de sholáthar na teicneolaíochta sonraí glan-nialasachta sin nó a príomh-chomhpháirteanna laistigh den Aontas, nó má tá cinnte ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29(2) go bhfuil méadú 10 bpointe ar a laghad tagtha, ar an meán ar feadh 2 bhliain as a chéile laistigh den Aontas, ar an gcion de sholáthar teicneolaíochta glan-nialasachta sonraí nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ar de thionscnamh tríú tír iad agus go gcuimsítear leis sin 40 % ar a laghad den soláthar laistigh den Aontas, áireoidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na coinníollacha a leanas sna nósanna imeachta soláthair phoiblí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:
(a) |
oibleagáid, fad a mhairfidh an conradh, gan níos mó ná 50 % de luach na teicneolaíochta glan-nialasachta sonraí dá dtagraítear san alt seo ó gach tríú tír aonair a sholáthar de réir mar a chinnfidh an Coimisiún; |
(b) |
oibleagáid, fad a mhairfidh an conradh, nach soláthróidh an tairgeoir a n-éireoidh leis nó fochonraitheoir ó gach tríú tír aonair, de réir mar a chinnfidh an Coimisiún, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 50 % de luach na bpríomh-chomhpháirteanna sonracha den teicneolaíocht ghlan-nialasachta shonrach dá dtagraítear sa mhír seo; |
(c) |
oibleagáid maidir le fianaise leormhaith a bhaineann le pointe (a) nó (b) a sholáthar d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha arna iarraidh sin dóibh, ar a dhéanaí tráth a thabharfar forghníomhú an chonartha i gcrích; |
(d) |
oibleagáid maidir le muirear comhréireach a íoc, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b), dar méid 10 % ar a laghad de luach theicneolaíochtaí glan-nialasachta sonracha an chonartha dá dtagraítear sa mír seo. |
8. Maidir le conarthaí a chumhdaítear le Foscríbhinn I an Aontais a ghabhann le Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal, ní chuirfidh údaráis chonarthacha ná eintitis chonarthacha ceanglais phointí (a) go (d) den dara fomhír de mhír 7 i gcás ina dtagann an teicneolaíocht glan-nialasachta sonrach nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ó fhoinsí soláthair is sínitheoirí leis na comhaontuithe sin.
9. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a chinneadh ar bhonn eisceachtúil gan míreanna 1 go 4, a chur i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:
(a) |
ní ceadmhach ach d’oibreoir eacnamaíoch ar leith an teicneolaíocht ghlan-nialasachta is gá a sholáthar agus ní ann d’aon rogha mhalartach nó ionadach réasúnach agus níl an easpa iomaíochta mar thoradh ar chúngú saorga ar pharaiméadair an nós imeachta soláthair phoiblí; |
(b) |
níor tíolacadh aon tairiscintí oiriúnacha ná aon iarrataí oiriúnacha ar rannpháirtíocht mar fhreagairt ar nós imeachta soláthair phoiblí comhchosúil a bhí ann roimhe agus a sheol an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach céanna sa 2 bhliain díreach roimh thús an nós imeachta soláthair nua atá beartaithe; |
(c) |
chuirfeadh a gcur i bhfeidhm oibleagáid ar an údarás conarthach nó ar an eintiteas conarthach trealamh a fháil a mbeadh costais dhíréireacha ag baint leis nó bheadh neamhréireacht theicniúil ann maidir lena oibriú agus lena chothabháil mar thoradh ar an gcur i bhfeidhm sin. |
10. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil difríochtaí costais measta os cionn 20 % díréireach, bunaithe ar shonraí oibiachtúil trédhearcacha.
11. I gcás inar eascair as cur i bhfeidhm na ranníocaíochta athléimneachta de bhun mhír 7 den Airteagal seo nár tíolacadh aon tairiscintí oiriúnacha ná aon iarrataí oiriúnacha ar rannpháirtíocht mar fhreagairt ar nós imeachta soláthair phoiblí, féadfaidh na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha, ar bhonn eisceachtúil, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
cinneadh a dhéanamh an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan é a fhoilsiú roimh ré de bhun Airteagal 32(2), pointe (a), de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 50, pointe (a), de Threoir 2014/25/AE nó Airteagal 31(5) de Threoir 2014/23/AE; nó |
(b) |
cinneadh a dhéanamh gan mír 7 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i nós imeachta soláthair phoiblí sonrach ina dhiaidh sin arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na riachtanais chéanna ar mar thoradh orthu a cuireadh tús leis an nós imeachta tosaigh dá dtagraítear sa mhír seo. |
12. Beidh an tAirteagal seo gan dochar don mhéid a leanas:
(a) |
an fhéidearthacht critéir bhreise nach mbaineann le praghas a úsáid; |
(b) |
an fhéidearthacht tairiscintí thar a bheith íseal a eisiamh faoi Airteagal 69 de Threoir 2014/24/AE agus faoi Airteagal 84 de Threoir 2014/25/AE; |
(c) |
Airteagail 107 agus 108 CFAE, i gcás nósanna imeachta soláthair phoiblí neamhiomaíocha. |
Airteagal 26
Ceantanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh
1. I gcás na dteicneolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (j) ar teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite iad, áireoidh na Ballstáit, agus ceantanna á ndearadh acu chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh, an méid seo a leanas:
(a) |
critéir réamhcháiliúcháin a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(b) |
critéir réamhcháiliúcháin nó critéir dhámhachtana chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta an cheant dá dtagraítear i mír 2. |
Ní dochar an mhír seo d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 agus d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.
2. Beidh rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na gceantanna bunaithe ar na critéir a leagtar síos sa mhír seo. Beidh na critéir sin oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
Le ceantanna, rannchuideofar leis an athléimneacht, ag cur san áireamh an cion den teicneolaíocht glan-nialasachta nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha de thionscnamh tríú tír lena gcuimsítear níos mó ná 50 % de sholáthar na teicneolaíochta glan-nialasachta sin nó a príomh-chomhpháirteanna laistigh den Aontas;
Chun críocha an dara fhomhír den mhír seo, cinnfear an tír thionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56).
Le ceantanna, rannchuideofar freisin le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
(a) |
inbhuanaitheacht chomhshaoil a théann thar na híoscheanglais sa dlí is infheidhme; |
(b) |
nuálaíocht trí réitigh úrnua a chur ar fáil nó trí réitigh inchomparáide úrscothacha a fheabhsú; |
(c) |
comhtháthú an chórais fuinnimh. |
Ní chuirfidh an mhír seo bac ar na Ballstáit critéir bhreise nach mbaineann le praghsanna a úsáid de bhreis ar na critéir a liostaítear sa mhír seo.
3. Faoin 30 Márta 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar tuilleadh na critéir réamhcháiliúcháin agus dámhachtana dá dtagraítear i mír 1.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
4. Nuair a chuirtear i bhfeidhm iad mar chritéir dhámhachtana, tabharfaidh na Ballstáit íosualú de 5 % agus ualú comhcheangailte idir 15 % agus 30 % de na critéir dhámhachtana do gach ceann acu chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta an cheant. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht ualú níos airde a thabhairt do na critéir dá dtagraítear sa cheathrú fomhír de mhír 2, i gcomhréir le haon teorainn le haghaidh critéir nach mbaineann le praghsanna a leagtar síos faoi na rialacha maidir le státchabhair.
5. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na breithnithe a bhaineann leis na critéir réamhcháiliúcháin agus dámhachtana a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeadh costais dhíréireacha dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Féadfaidh na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil na costais díréireach má tá difríocht os cionn 15 % sna costais in aghaidh an cheant, bunaithe ar shonraí oibiachtúil infhíoraithe.
6. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ráta forghníomhaithe na dtionscadal a uasmhéadú trí dhreasachtaí iomchuí, mar shampla, trí innéacsú praghsanna a chur i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tairiscintí diúltacha ar luas agus ar scála an imscartha.
7. Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 5 maidir le 30 % ar a laghad den mhéid a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit, nó de rogha air sin, ar a laghad 6 Ghigeavata in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit.
8. Faoin 31 Nollaig 2027 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta le haghaidh ceantanna i dtaca le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh agus ar a n-éifeacht ar imscaradh luathaithe teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta ar na nithe seo a leanas:
(a) |
forbairt mhonarú bliantúil theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite an Aontais; |
(b) |
imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear a dtionchar airgeadais agus a dtionchar ar luas an imscartha, agus ag an am céanna an inoibritheacht, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin, agus soiléireacht an chórais d’fhorbróirí tionscadal agus don riarachán náisiúnta á gcur san áireamh freisin, ar bhonn na sonraí atá ar fáil. |
Mar chuid den mheasúnú sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit i réimse na ceantála.
9. Más rud é go bhfuil an measúnú dá dtagraítear i mír 8 dearfach, go háirithe más rud é nár chuir cur i bhfeidhm na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta bac suntasach ar imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thíolacadh chun mír 7 a leasú chun sciartha an mhéid a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit nó an dearbhmhéid a bhfuil feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir leis a chinneadh, go háirithe d’fhonn na méideanna sin a mhéadú, agus chun tairseach na ndifríochtaí costais measta dá dtagraítear i mír 5 a choigeartú.
10. Chun na méideanna a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit a ríomh, féadfar ceantanna le haghaidh suiteálacha lena mbaineann uasmhéid tionscadail 10 MW a eisiamh. I gcás ceantanna i leith teicneolaíocht shonrach a bhfuil feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir léi, agus ar a raibh tearc-éileamh ina dhiaidh sin, féadfar an sciar tearc-éilithe den mhéid ar ceant a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 5.
11. Chun cur chun feidhme a éascú do na Ballstáit uile, go háirithe dóibh siúd a bhfuil méid íseal ceantanna acu, féadfaidh na Ballstáit nár sheol níos mó ná 2 cheant in aghaidh na bliana le linn an 2 bhliain roimhe sin, sciar na gceantanna a bhfuil feidhm ag míreanna 1 go dtí 5 ina leith, a ríomh thar an tréimhse 2 bhliain sin.
Airteagal 27
Soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálaíoch
1. Féachfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí na réiteach nuálach a úsáid chun nuálaíocht a spreagadh sa teicneolaíocht ghlan-nialasachta agus chun acmhainneacht mhonaraíochta nua a chruthú le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Féadfar cistiú ar leibhéal an Aontais a chur le soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálach faoi chuimsiú chláir an Aontais atá ann cheana le haghaidh soláthar réamhthráchtála comhpháirteach nó soláthar poiblí ar fud na mBallstát.
2. Ullmhóidh an tArdán moltaí maidir le dearadh sholáthar réamhthráchtála nó sholáthar poiblí réiteach nuálach.
Airteagal 28
Cineálacha eile idirghabhálacha poiblí
1. Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE agus Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh scéimeanna nua a bhunú nó scéimeanna atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta a rachaidh chun tairbhe do theaghlaigh, do chuideachtaí nó do thomhaltóirí a dhreasaíonn ceannach na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan nialasachta, déanfaidh na Ballstáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó comhlachais ina gcuimsítear ceann amháin nó níos mó de na húdaráis nó de na comhlachtaí sin arna rialú ag an dlí poiblí na scéimeanna sin a dhearadh ar bhealach a chuirfidh chun cinn táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a bheith á gceannach ag tairbhithe, táirgí lena mbaineann rannchuidiú mór inbhuanaitheachta agus athléimneachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí chúiteamh airgeadais comhréireach breise a sholáthar nó trí cáilitheacht na scéime ar bhonn an gcritéir a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo a oiriúnú, agus inrochtaineacht na scéimeanna do shaoránaigh atá beo go fuinneamhbhocht á meas ag an am céanna.
2. An cúiteamh airgeadais breise a dheonóidh na húdaráis i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, de bharr chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar síos i mír 4, pointí (a), (c) agus (d), den Airteagal seo, ní bheidh sé níos mó ná 5 % de chostas an táirge deiridh teicneolaíocht glan-nialasachta don tomhaltóir, cé is moite de scéimeanna lena ndírítear ar shaoránaigh atá beo go fuinneamhbhocht, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57), arb é 15 % an teorainn ina leith.
3. Agus scéim á dearadh agus á cur chun feidhme de bhun mhír 1, déanfaidh an t-údarás measúnú ar athléimneacht agus rannchuidiú inbhuanaitheachta na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta atá ar fáil ar an margadh ar bhonn próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. Beifear i dteideal iarratas a dhéanamh i leith aon táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta dul isteach sa scéim tráth ar bith. Sonróidh an t-údarás pasmharc ar dá réir a bheidh táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta incháilithe don chúiteamh airgeadais breise faoin scéim tacaíochta.
4. Beidh rannchuidiú athléimneachta agus inbhuanaitheachta maidir le cineálacha eile idirghabhálacha poiblí bunaithe ar a rannchuidiú leis an athléimneacht, ag cur san áireamh an cion den teicneolaíocht glan-nialasachta nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha de thionscnamh tríú tír lena gcuimsítear níos mó ná 50 % de sholáthar na teicneolaíochta glan-nialasachta sin laistigh den Aontas, agus ar a laghad ceann amháin díobh seo a leanas:
(a) |
inbhuanaitheacht chomhshaoil a théann thar na híoscheanglais sa dlí is infheidhme; |
(b) |
rannchuidiú le nuálaíocht trí réitigh úrnua a chur ar fáil nó trí réitigh inchomparáide úrscothacha a fheabhsú; |
(c) |
rannchuidiú le comhtháthú an chórais fuinnimh. |
Beidh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
Ní chuirfidh sé sin bac ar na Ballstáit critéir bhreise nach mbaineann le praghsanna a úsáid de bhreis ar na critéir a leagtar amach sa mhír sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den Airteagal seo, cinnfear an tír thionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
5. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a bhaineann le scéimeanna de bhun mhír 1 i gcás gach táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta ábhartha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair ar a bhfuil rochtain saor in aisce.
Airteagal 29
Tionscnaimh maidir le rochtain ar mhargaí a chomhordú
1. I gcás inarb ábhartha, soláthróidh an Coimisiún treoir maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú athléimneachta agus inbhuanaitheachta na dtáirgí teicneolaíochta glan-nialasachta a chumhdaítear leis na cineálacha idirghabhálacha poiblí dá dtagraítear in Airteagail 25, 26 agus 28.
2. Chun measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar foráil maidir le liosta de gach ceann de na táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta agus dá bpríomh-chomhpháirteanna sonracha. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
Ar bhonn an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún faisnéis nuashonraithe ar fáil faoi na sciartha de sholáthar an Aontais de thionscnamh tríú tíortha éagsúla sa bhliain is deireanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le gach ceann de na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna. Cinnfear an tír thionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
3. Pléifidh an tArdán bearta a rinne na Ballstáit chun Airteagail 25 go 28 a chur chun feidhme agus malartóidh sé dea-chleachtais, inter alia, maidir le húsáid phraiticiúil na gcritéar lena sainítear an ranníocaíocht inbhuanaitheachta agus athléimneachta sna nósanna imeachta soláthair phoiblí, nó scéimeanna lena ndreasaítear ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta.
CAIBIDIL V
FEABHAS A CHUR AR SCILEANNA CHUN POIST ARDCHÁILÍOCHTA A CHRUTHÚ
Airteagal 30
Acadaimh Eorpacha um an tionscal glan-nialasachta
1. Bunaithe ar mheasúnú ón gCoimisiún, agus úsáid á baint aige as sonraí agus tuarascálacha atá ann cheana, ar ghanntanais scileanna sna tionscail teicneolaíochta glan-nialasachta atá ríthábhachtach don chlaochlú tionsclaíoch agus don dícharbónú, agus inniúlacht na mBallstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna á hurramú go hiomlán aige, tacóidh an Coimisiún, lena n-áirítear trí síolchistiú a sholáthar, le seoladh acadaimh Eorpacha an tionscail glan-nialasachta (‘na hAcadaimh’), mar eagraíochtaí nó cuibhreannais nó mar thionscadail de chuid geallsealbhóirí ábhartha, a bhfuil na cuspóirí seo a leanas acu:
(a) |
cláir foghlama, ábhar agus ábhair foghlama agus oiliúna don oiliúint agus don oideachas a fhorbairt, lena bheith á n-úsáid go deonach ag na Ballstáit agus ag soláthraithe oideachais agus oiliúna ar a gcríocha, mar shampla, maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt, a tháirgeadh, a shuiteáil, a choimisiúnú, a oibriú, a chothabháil, a dheisiú, a éicidhearadh, a athúsáid agus a athchúrsáil, agus maidir le hamhábhair, chomh maith le gnéithe ábhartha sláinte agus sábháilteachta ceirde agus inniúlachtaí trasnaí; léireofar leis sin an measúnú ar ghanntanais scileanna agus tacófar le hinniúlachtaí na n-údarás poiblí, go háirithe iad siúd atá inniúil ar cheadanna agus údaruithe dá dtagraítear i gCaibidil II a eisiúint, agus údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán seo; |
(b) |
na cláir foghlama, an t-ábhar agus na hábhair a bheith á n-úsáid ar bhonn deonach ag soláthraithe oideachais agus oiliúna sna Ballstáit a chur chun cinn; |
(c) |
tacaíocht a thairiscint do na soláthraithe oideachais agus oiliúna a úsáideann na cláir foghlama, an t-ábhar agus na hábhair a tháirgeann na hAcadaimh chun cáilíocht na hoiliúna a chuirtear ar fáil a choinneáil agus chun sásraí a fhorbairt chun cáilíocht na hoiliúna atá á cur ar fáil a áirithiú; |
(d) |
dintiúir a fhorbairt, lena n-áirítear, más iomchuí, micridhintiúir, chun gur féidir leis na Ballstáit agus soláthraithe oideachais agus oiliúna ar a gcríocha iad a úsáid go deonach, chun sainaithint scileanna a éascú, agus, más iomchuí, sainaithint cáilíochtaí, chun inaistritheacht idir poist agus tionscail a fheabhsú, chun soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair a éascú, chun meaitseáil le poist ábhartha ardcháilíochta a chur chun cinn trí uirlisí ar nós líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES) agus EURAXES, agus chun a áirithiú go mbeidh sé le feiceáil go soiléir gur Acadamh a d'fhorbair clár foghlama nó ábhar foghlama áirithe. |
2. Beidh gníomhaithe ábhartha rannpháirteach sna hAcadaimh, mar shampla, an tionscal teicneolaíochta glan-nialasachta, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus comhpháirtithe sóisialta ó raon Ballstát. Forbróidh na hAcadaimh pleananna gníomhaíochta ina leagfar amach, i measc nithe eile, garspriocanna, spriocanna lena n-áirítear i dtéarmaí líon na bhfoghlaimeoirí ar spriocanna iad a bheidh bunaithe ar mheasúnú ar ghanntanais scileanna, chomh maith le plean airgeadais arb é is aidhm dó inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach. Tabharfar aird ar leith sna pleananna gníomhaíochta sin ar réigiúin atá i mbun claochlú tionsclaíoch nó a bhfuil ráta ard dífhostaíochta iontu, i gcás inarb ábhartha.
3. Déanfaidh na hAcadaimh ábhar atá cothrom ó thaobh inscne de a chruthú, rannchuideoidh siad le steiréitíopaí inscne a chomhrac agus rochtain chothrom ar ábhair foghlama a chur chun cinn do chách, agus aird ar leith a thabhairt ar an ngá le níos mó ban agus daoine óga, go háirithe NEETanna, daoine scothaosta, oibrithe i ngairmeacha atá i mbaol dul i léig nó a bhfuil a n-ábhar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór de bharr teicneolaíochtaí nua, daoine atá ag obair i réigiúin atá i mbun aistriú agus daoine faoi mhíchumas, a ghníomhachtú. Déanfaidh na hAcadaimh éagsúlacht a chur chun cinn mar aon le cuimsitheacht daoine faoi mhíchumas, imirceach agus daoine atá i staideanna leochaileacha.
4. Gan dochar do chumhachtaí ábhartha an údaráis bhuiséadaigh, cuirfear acmhainní airgeadais ar fáil ar leibhéal an Aontais nuair is iomchuí chun tacú le seoladh na nAcadamh le síolchistiú dá dtagraítear i mír 1. Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as cistí ábhartha de chuid an Aontais, mar shampla, CSE+, chun tacú le himscaradh an ábhair foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh.
Airteagal 31
Gairmeacha rialaithe i dtionscail teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla
1. Laistigh de 9 mí tar éis chur i gcríoch an ábhair foghlama agus na n-ábhar a d’fhorbair Acadamh áirithe agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a shainaithint an bhfuil na cláir foghlama a d’fhorbair an tAcadamh sin coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialaithe laistigh de raon feidhme gairme a bhfuil leas ar leith ag baint leo le haghaidh an tionscail teicneolaíochta glan-nialasachta sa Bhallstát sin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear torthaí na measúnuithe ar fáil go poiblí agus go mbeidh rochtain éasca orthu ar líne. I gcás ina measfar nach bhfuil na cláir foghlama coibhéiseach leis na cáilíochtaí a éilíonn an Ballstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialaithe, nó i gcás nach ndearna Ballstát iarracht coibhéis a shainaithint, cuirfidh an Ballstát sin an tArdán ar an eolas, agus soláthróidh sé faisnéis ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
an réasúnaíocht nár comhlánaíodh an cleachtadh sainaitheantais; nó |
(b) |
na difríochtaí idir na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh agus na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach sin, agus conas coibhéis a bhaint amach. |
2. Má thagann Ballstát ar an gconclúid go bhfuil na cláir foghlama a d’fhorbair Acadamh coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a éilíonn an Ballstát is óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialaithe, éascóidh sé sainaithint na ndintiúr arna n-eisiúint ag soláthraithe oideachais agus oiliúna ar bhonn na gclár foghlama a d’fhorbair an tAcadamh, faoi Theideal III, Caibidil I de Threoir 2005/36/CE, aon uair a iarrann sealbhóir dintiúir den sórt sin rochtain ar ghairm rialaithe de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a) de Threoir 2005/36/CE, agus lena mbaineann tábhacht ar leith don tionscal teicneolaíochta glan-nialasachta, trí chaitheamh leis an dintiúr mar fhianaise leordhóthanach ar cháilíochtaí foirmiúla, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2005/36/CE.
3. I gcás ina rialaítear rochtain ar ghairm lena mbaineann tábhacht ar leith le haghaidh an tionscail teicneolaíochta glan-nialasachta de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2005/36/CE, oibreoidh na Ballstáit chun tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí íosta a fhorbairt a theastaíonn chun an ghairm shonrach sin a shaothrú chun creat comhchoiteann oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 49a(1) de Threoir 2005/36/CE a bhunú chun sainaithint uathoibríoch cáilíochtaí a chumasú. Féadfaidh an tArdán moltaí a thíolacadh chomh maith maidir le creata comhchoiteanna oiliúna, dá dtagraítear in Airteagal 49a(3) de Threoir 2005/36/CE.
Airteagal 32
An tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa agus scileanna
Tacóidh an tArdán le gníomhaíocht na mBallstát agus cuirfidh sé léi maidir le scileanna a imscaradh i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus a n-inniúlacht á hurramú ag an am céanna, trí chomhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis inniúla, agus údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil II agus IV, trí bhíthin an mhéid seo a leanas:
(a) |
measúnú, faireachán leanúnach agus réamhaisnéis a dhéanamh ar éileamh agus soláthar lucht saothair ag a bhfuil na tacair scileanna a theastaíonn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus ar infhaighteacht agus glacadh deiseanna oideachais agus oiliúna comhfhreagracha, chun cur le gníomhaíochtaí na nAcadamh, de réir mar is iomchuí; |
(b) |
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht na nAcadamh, ar bhonn na sonraí agus na faisnéise maidir le líon na ndaoine a bhain tairbhe as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh, lena n-áirítear sonraí dí-chomhiomlánaithe de réir earnála tionsclaíche, inscne, aoise, agus leibhéal oideachais agus cáilíochta, sineirgí a chothú le tionscnaimh agus tionscadail scileanna de chuid an Aontais agus náisiúnta, agus dea-chleachtais a neartú agus a mhéadú, inter alia, chun lucht saothair ilghnéitheach a mhealladh agus maoirseacht ghinearálta a sholáthar; |
(c) |
anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna na nganntanas saothair agus scileanna, ar bhonn na léargas agus na sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na tairisceana poist, agus ar an gcaoi sin, measúnú an gá bearta breise a dhéanamh chun níos mó oibrithe de gach leibhéal cáilíochta a mhealladh i dtionscail áirithe; |
(d) |
cúnamh a thabhairt le páirtithe leasmhara a shlógadh, lena n-áirítear lucht tionscail, gnóthais lena n-áirítear FBManna, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, mar shampla, ollscoileanna, ar mhaithe le cur chun cinn, agus, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta, a rannpháirtíocht fhéideartha i gcur i bhfeidhm clár foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh; |
(e) |
cuidiú le glacadh na ndintiúr foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh sna Ballstáit chun sainaithint scileanna agus, i gcás inarb iomchuí, sainaithint cáilíochtaí agus meaitseáil scileanna agus post a chur chun cinn, inter alia, trí bhailíocht agus glacadh na ndintiúr a chur chun cinn ar fud mhargadh saothair an Aontais; |
(f) |
faireachán a dhéanamh ar ghlacadh agus ar shainaithint dintiúr foghlama agus rannchuidiú le réitigh a sholáthar i gcás ina mbraitear saincheisteanna neamhaitheantais; |
(g) |
forbairt próifílí gairmeacha Eorpacha, chun gur féidir leis na Ballstáit iad a úsáid go deonach, a éascú, i gcás inarb iomchuí, arb é a bheidh iontu tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí le haghaidh na bpríomhghairmeacha sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus leas á bhaint, inter alia, as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh, agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as an téarmaíocht a sholáthraítear san Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) chun trédhearcacht agus soghluaisteacht idir poist agus thar theorainneacha an mhargaidh inmheánaigh a éascú; |
(h) |
ionchais ghairme agus dálaí oibre ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear pá leordhóthanach, i bpoist i dtionscail teicneolaíochta glan-nialasachta, lánpháirtiú tuilleadh ban agus daoine óga sa mhargadh saothair ó thaobh na dteicneolaíochta glan-nialasachta de, go háirithe NEETanna, daoine scothaosta, oibrithe i ngairmeacha atá i mbaol imeacht i léig nó a bhfuil a n-ábhar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór le teicneolaíochtaí nua, daoine atá ag obair i réigiúin atá i mbun aistriú agus daoine faoi mhíchumas, agus oibrithe oilte a mhealladh ó thríú tíortha trí ionstraimí ar nós an Chárta Ghoirm Eorpaigh agus i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlí agus cleachtas náisiúnta, agus ar an gcaoi sin, lucht saothair níos ilghnéithí a bhaint amach; |
(i) |
soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a spreagadh agus tacú léi agus foilsiú folúntas a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta ag EURES a chur chun cinn, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58); |
(j) |
comhordú níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas agus feasa gnó a éascú idir na Ballstáit agus laistigh den earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar infhaighteacht scileanna sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear trí rannchuidiú le beartais an Aontais agus na mBallstát chun daoine tréitheacha nua a mhealladh ó thríú tíortha agus ó gach leibhéal oideachais, i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlí agus cleachtas náisiúnta, agus i gcomhar leis na struchtúir comhair Eorpaigh atá ann cheana san oideachas agus san oiliúint; |
(k) |
sineirgí a lorg le cláir oiliúna nó oideachais atá ann cheana, agus é mar aidhm, i measc nithe eile, cláir foghlama na nAcadamh a mheaitseáil le riachtanais thionscal an Aontais. |
CAIBIDIL VI
NUÁLAÍOCHT
Airteagal 33
Boscaí gainimh rialála glan-nialasachta
1. Faoin 30 Márta 2025, bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó agus boscaí gainimh rialála glan-nialasachta á mbunú acu. Beidh pointe teagmhála aonair freagrach as gach iarraidh ar bhosca gainimh rialála glan-nialasachta a bhunú de bhun an Airteagail seo.
2. Féadfaidh na Ballstáit, in éineacht le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus Ballstáit eile i gcás inarb iomchuí, ar a dtionscnamh féin, boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a bhunú. Bunóidh na Ballstáit boscaí gainimh rialála glan-nialasachta i ndlúthchomhar le lucht tionscail, agus i gcás inarb ábhartha, institiúidí taighde, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, i gcomhréir le mír 1 arna iarraidh sin d’aon chuideachta, d’aon eagraíocht nó d’aon chuibhreannas atá ag forbairt teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha, a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a leagtar síos i mír 3, an dara fomhír, pointe (a) agus ar roghnaigh na húdaráis inniúla é de réir an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, pointe (b).
3. Glacfar na socruithe agus na coinníollacha maidir leis na boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a bhunú agus a oibriú de bhun mhír 2 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Cuirfidh na socruithe agus na coinníollacha sin feabhas ar sholúbthacht na n-údarás inniúil maidir le tús áite a thabhairt d’iarratais áirithe ar bhoscaí gainimh rialála glan-nialasachta agus na hiarratais sin a fhormheas. Cothóidh siad nuálaíocht agus foghlaim rialála agus cuirfidh siad san áireamh go háirithe imthosca agus acmhainneachtaí speisialta FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rannpháirteacha.
Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, áireofar na príomhphrionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
(a) |
na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta; |
(b) |
an nós imeachta maidir le boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a chur i bhfeidhm, a bheith rannpháirteach iontu, faireachán a dhéanamh orthu, imeacht astu agus iad a fhoirceannadh; |
(c) |
na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
4. Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás a dhéanann maoirseacht ar an mbosca gainimh rialála glan-nialasachta. Déanfar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil, a fhorbairt agus a bhailíochtú faoi mhaoirseacht agus le tacaíocht na n-údarás inniúil. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta ar bhealach solúbtha laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha, agus déanfaidh siad na cleachtais rialála atá ann cheana á oiriúnú agus a gcumhachtaí lánroghnacha a úsáid agus forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú acu maidir le tionscadal sonrach bosca ghainimh rialála glan-nialasachta, d’fhonn bacainní a bhaint, an t-ualach rialála a mhaolú, éiginnteacht rialála a laghdú, agus tacú le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta nó i dteicneolaíochtaí nuálacha eile.
5. Chun cuspóir an Airteagail seo a bhaint amach, breithneoidh na húdaráis inniúla ar mhaoluithe nó díolúintí a dheonú faoin dlí náisiúnta a mhéid a cheadaítear sin faoi dhlí ábhartha an Aontais. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-urramófar leis an bplean maidir le boscaí gainimh rialála glan-nialasachta go n-urramófar ceanglais dhlí an Aontais agus príomhchuspóirí agus ceanglais fhíor-riachtanacha an dlí náisiúnta. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon riosca mór don tsláinte, don tsábháilteacht nó don chomhshaol a shainaithneofar le linn forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó teicneolaíochtaí nuálacha eile a chur in iúl go poiblí agus go gcuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí láithreach dá dheasca go dtí go ndéanfar an riosca sin a mhaolú. I gcás ina measfaidh údaráis inniúla go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe, an phobail i gcoitinne, nó an chomhshaoil, go háirithe toisc go mbaineann sé le tástáil, forbairt nó bailíochtú lena mbaineann substaintí fíorthocsaineacha, ní fhormheasfaidh siad an plean maidir leis an mbosca gainimh rialála glan-nialasachta go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil coimircí leordhóthanacha curtha i bhfeidhm atá i gcomhréir leis an riosca eisceachtúil a sainaithníodh.
6. Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála glan-nialasachta faoi dhliteanas i gcónaí faoi dhlí dliteanais is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát as aon díobháil ábhartha a dhéanfar do thríú páirtithe de thoradh na tástála a dhéanfar sa bhosca gainimh glan-nialasachta.
7. Féadfar síneadh a chur le fad an bhosca ghainimh rialála glan-nialasachta tríd an nós imeachta céanna, le comhaontú an údaráis inniúil náisiúnta.
8. Déanfar na boscaí gainimh rialála teicneolaíochtaí glan-nialasachta a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach, i gcás inarb ábhartha, a éascóidh comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla náisiúnta. Na Ballstáit a bhfuil boscaí gainimh rialála glan-nialasachta bunaithe acu, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad faoi chuimsiú an Ardáin agus é mar chuspóir acu faisnéis ábhartha a chomhroinnt leis Ballstáit eile. Féadfaidh an tArdán cuireadh a thabhairt do chuideachtaí a ghlac páirt i mbosca gainimh rialála glan-nialasachta a dtaithí ar an bpróiseas a roinnt. Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit agus na pléití a reáchtáiltear san Ardán ar fáil, maidir le torthaí chur chun feidhme na mboscaí gainimh rialála glan-nialasachta, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena mbunú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais laistigh den bhosca gainimh rialála ar bhealach atá oiriúnaithe chun críocha an bhosca ghainimh glan-nialasachta.
Airteagal 34
Bearta le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta
1. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) |
rochtain tosaíochta a sholáthar do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta ar na boscaí gainimh rialála glan-nialasachta nuálacha sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 33; |
(b) |
gníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú maidir le rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta; |
(c) |
i gcás inarb iomchuí, bealach tiomnaithe a bhunú chun cumarsáid a dhéanamh le FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta chun treoir a sholáthar agus freagra a thabhairt ar cheisteanna faoi chur chun feidhme Airteagal 33. |
2. Cuirfidh na Ballstáit leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, agus soláthróidh siad tacaíocht riaracháin leordhóthanach chun gur féidir leo páirt a ghlacadh sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE, ba cheart do na Ballstáit FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a chur ar an eolas faoin tacaíocht airgeadais atá ar fáil dá ngníomhaíochtaí sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta.
Airteagal 35
Grúpa Stiúrtha an Phlean Straitéisigh Eorpaigh um Theicneolaíocht Fuinnimh a bhunú
1. Bunaítear leis seo Grúpa Stiúrtha an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Grúpa Stiúrtha Phlean SET).
2. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 36
Cúraimí Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET
1. Tabharfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET comhairle agus treoraíocht don Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh agus stiúrfaidh sé é.
2. Oibreoidh agus comhordóidh an Coimisiún agus na Ballstáit laistigh de Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET chun cuidiú le teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan, éifeachtúil agus iomaíoch ó thaobh costais de a fhorbairt trí chomhordú agus comhoibriú i dtaighde agus nuálaíocht maidir le fuinneamh glan agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha arna iarraidh sin.
3. Tabharfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET comhairle agus cúnamh don Choimisiún maidir le tionscnaimh a bhunú a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
Airteagal 37
Struchtúr agus feidhmiú Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET
1. Beidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET comhdhéanta de na Ballstáit agus den Choimisiún. Beidh ionadaí amháin nó níos mó ón gCoimisiún ina chathaoirleach nó ina gcathaoirligh air.
2. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil chuig Grúpa Stiúrtha Phlean SET. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET. Beidh ionadaí malartach ag gach ionadaí a cheapfar chuig Grúpa Stiúrtha Phlean SET.
3. Ar bhonn togra ón gCoimisiún, glacfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
4. Tiocfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach. I gcás inar gá, tiocfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET le chéile ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó thromlach simplí dá chomhaltaí.
5. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
6. Féadfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean meithleacha agus tascfhórsaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha.
CAIBIDIL VII
RIALACHAS
Airteagal 38
Bunú agus cúraimí an Ardáin um Ghlan-Nialasacht na hEorpa
1. Bunaítear leis seo an tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa (‘an tArdán’).
2. Déanfaidh an tArdán na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.
3. Féadfaidh an tArdán comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir lena ngníomhaíochtaí chun na cuspóirí a leagtar amach i gCaibidil I den Rialachán seo a bhaint amach, agus ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit á sheachaint ag an am céanna, i gcás inarb indéanta, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát á gcur san áireamh.
4. Comhordóidh comhaltaí den Ardán maidir leis na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta laistigh den Ardán chun cuidiú le glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasacha a chur chun cinn ar fud an domhain, chun comhoibriú i bhforbairt na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha nuálacha agus chun tacú le ról chumais thionsclaíocha an Aontais chun an bealach a réiteach le haghaidh an aistrithe dhomhanda chuig fuinneamh glan, i gcomhréir le cuspóir ghinearálta an Rialacháin seo a leagtar amach in Airteagal 1. Féadfaidh an tArdán plé a dhéanamh go tréimhsiúil ar an méid a leanas, inter alia:
(a) |
conas feabhas a chur ar an gcomhar, fios gnó agus comhroinnt teicneolaíochta idir an tAontas agus tríú tíortha feadh an tslabhra luacha glan-nialasachta agus conas iad a chur chun cinn; |
(b) |
an athléimneacht lena n-áirítear trí iomaíochas feabhsaithe na dtionscal Eorpach laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo i ndáil le slabhraí luacha domhanda agus gníomhaíochtaí molta le haghaidh feabhsaithe; |
(c) |
i gcás inarb iomchuí, feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir an Rialachán seo agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo agus cé acu is nó nach ceart moltaí a eisiúint ina leith; |
(d) |
an dul chun cinn maidir le slabhraí luacha teicneolaíochtaí glan-nialasachta, athruithe leanúnacha teicneolaíocha agus tionsclaíocha, agus slabhraí luacha straitéiseacha atá ag teacht chun cinn agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo; |
(e) |
dea-chleachtais maidir le Roinn II de Chaibidil II a chur chun feidhme chomh maith le hAirteagail 15 agus 16 agus dlús a chur leis na spriocdhátaí ceadúcháin; |
(f) |
conas aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaife trádála, mar shampla, trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do mheasúnú comhréireachta nó trí ghealltanais a dhéanamh chun srianta ar onnmhairiú a sheachaint; |
(g) |
cé na tríú tíortha a bhféadfaí tús áite a thabhairt dóibh chun Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta a thabhairt i gcrích, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(h) |
conas táirgeadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas a dhreasú, trí aghaidh a thabhairt ar chistiú, creat rialála agus ráthaíochtaí infheistíochta agus suímh; |
(i) |
measúnú ar chur i bhfeidhm beart trádála i dtionscail ghlan-nialasachta. |
Beidh an mhír seo gan dochar do shainchumais na Comhairle, i gcomhréir leis na Conarthaí, maidir le hionstraimí idirnáisiúnta neamhcheangailteacha.
5. Féadfaidh na Ballstáit tacú leis an gCoimisiún agus na bearta comhair a leagtar amach sa chomhpháirtíocht thionsclaíochta ghlan-nialasachta á gcur chun feidhme.
6. Agus Tuarascáil an Choimisiúin an 24 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain’ agus Shuirbhé Bliantúil Ualaigh 2022 an Choimisiúin á gcur san áireamh, tuairisceoidh an Coimisiún don Ardán maidir le forbairt an ualaigh rialála le haghaidh tionscail ghlan-nialasachta san Aontas.
7. Comhordóidh an tArdán go rialta leis an bhFóram Ardleibhéil maidir le Caighdeánú chun plé a dhéanamh ar úsáid an chaighdeánaithe chun tacú le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt san Aontas.
Airteagal 39
Struchtúr agus feidhmiú an Ardáin
1. Beidh an tArdán comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach air.
2. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil ar an Ardán. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann le feidhm agus saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla an Ardáin. Beidh ionadaí malartach ag gach ionadaí a cheaptar chuig an Ardán. Ní bheidh cearta vótála ach ag na Ballstáit. Ní bheidh ach aon vóta amháin ag gach Ballstát gan beann ar líon na n-ionadaithe.
3. Ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh an tArdán a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
4. Tiocfaidh an tArdán le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach, cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. I gcás inar gá, tionólfaidh an tArdán cruinnithe urghnácha ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.
5. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh don Ardán trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
6. Féadfaidh an tArdán foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha a bhaineann leis an Rialachán seo.
Bunóidh an tArdán foghrúpa, ar a laghad, chun cur chun feidhme iomchuí na nAcadamh a áirithiú de bhun Chaibidil V.
7. Tabharfaidh an tArdán cuireadh d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí lena n-áirítear cruinnithe na bhfoghrúpaí buana nó sealadacha dá dtagraítear i mír 6. Gheobhaidh Parlaimint na hEorpa an doiciméadacht agus an fhaisnéis uile a bhaineann le hobair an Ardáin ag an am céanna le comhaltaí an Ardáin.
8. Bunóidh an tArdán Grúpa um an Tionscal Glan-Nialasachta. Déanfaidh an grúpa sin, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Ardán, moltaí a chur ar fáil don Ardán d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
9. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tArdán nó an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal, ar an tsochaí shibhialta, ar an lucht acadúil, ar na cheardchumainn agus ar thríú páirtithe eile páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ardáin agus na foghrúpaí nó chun aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar. Ní bheidh na saineolaithe sin rannpháirteach sa chinnteoireacht.
10. Déanfaidh an tArdán na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.
11. Déanfaidh an tArdán a dhícheall teacht ar chinntí trí bhíthin comhthola.
12. Comhordóidh agus comhoibreoidh an tArdán le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé orthu freastal ar a chruinnithe, lena n-áirítear cruinnithe na bhfoghrúpaí buana nó sealadacha dá dtagraítear i mír 6.
13. Tiocfaidh an tArdán le chéile uair sa bhliain ar a laghad le hionadaithe ó Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET dá dtagraítear in Airteagal 35 chun na forbairtí is déanaí agus sineirgí idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh a phlé agus chun moltaí a eisiúint ina leith.
Airteagal 40
An Grúpa Comhairleach Eolaíoch um Ualach Rialála Glan-Nialasachta
1. Bunaítear leis seo Grúpa Comhairleach Eolaíoch um Ualach Rialála Glan-Nialasachta (‘an Grúpa Comhairleach Eolaíoch’).
2. Beidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de 7 saineolaithe eolaíocha sinsearacha ar a laghad a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch na critéir a leagtar síos i mír 4.
3. Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhaltaí den Ghrúpa Comhairleach Eolaíoch. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch inchurtha in amhras.
4. Ceapfar comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch ar feadh téarma 4 bliana, a bheidh ina tréimhse in-athnuaite uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Bunófar roghnú na gcomhaltaí ar na critéir seo a leanas:
(a) |
barr feabhais eolaíoch; |
(b) |
taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar ina réimsí saineolais; |
(c) |
saineolas i réimse an riaracháin phoiblí nó i réimsí eile atá ábhartha do chúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch; |
(d) |
taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta. |
5. Déanfar comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch cathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana. Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch a rialacha nós imeachta.
6. I bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí, feidhmeoidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch go heisiach i gcáil chomhairleach agus gníomhóidh sé gan dochar do cheart tionscnaimh an Choimisiúin, don Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus d’fheidhmeanna grinnscrúdaithe agus rialaithe cáilíochta an Choimisiúin ar an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála.
7. Tacóidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch, i gcomhréir le mír 6, le hobair an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát, agus é ag gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige trí thuarascálacha comhairleacha a chur ar fáil maidir le tionchar agus ualach rialála dhlí an Aontais ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Chun comhairle chomhsheasmhach a sholáthar, déanfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch measúnú ar thionchair agus ualaí rialála ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus leas á bhaint as modheolaíocht atá bunaithe ar an eolaíocht agus, i gcás inarb iomchuí, agus an Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr á chur san áireamh.
8. Is é an Coimisiún a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Ghrúpa Comhairleach Eolaíoch.
9. Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch tuairimí a mhalartú go rialta leis an Ardán maidir lena chuid oibre.
Airteagal 41
Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide
Cuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo san áireamh agus a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á n-ullmhú acu, go háirithe maidir leis an ngné ‘taighde, nuálaíocht agus iomaíochas’ den Aontas Fuinnimh, a léiríonn tosaíochtaí Straitéis an Aontais Fuinnimh agus an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh, agus nuair a bheidh a dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn á dtíolacadh acu i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.
CAIBIDIL VIII
FAIREACHÁN
Airteagal 42
Faireachán
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an méid seo a leanas:
(a) |
dul chun cinn an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, go háirithe na rioscaí soláthair a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a shaobhfadh an iomaíocht, nó a dhéanfadh an margadh inmheánach a ilroinnt, agus tionchar gaolmhar an Rialacháin seo; |
(b) |
dul chun cinn an Aontais maidir leis na tagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhaint amach, agus srianta agus deiseanna ar an margadh domhanda á gcur san áireamh; |
(c) |
méid nó luach na n-allmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta isteach ina chríoch agus na n-onnmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta lasmuigh den Aontas; |
(d) |
an dul chun cinn maidir leis an gcuspóir ar leibhéal an Aontais acmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear in Airteagal 20 agus maidir leis an mbonneagar iompair gaolmhar CO2 agus na gníomhaíochtaí gabhála gaolmhara CO2. |
2. Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta a ainmneoidh siad chun na críche sin sonraí agus fianaise eile is gá de bhun mhír 1 a bhailiú agus a sholáthar.
Déanfaidh siad, go háirithe, sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bhailiú gach 3 bliana ar a laghad:
(a) |
bacainní ar thrádáil na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta nó earraí a úsáideann teicneolaíochtaí glan-nialasachta laistigh den mhargadh inmheánach agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leo, lena n-áirítear i gcás ina n-eascraíonn na bacainní sin as suaitheadh sa slabhra soláthair domhanda; |
(b) |
forbairtí ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus treochtaí margaidh, chomh maith le praghsanna margaidh ar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta faoi seach, lena n-áirítear faisnéis maidir le ceantanna, faoina minicíocht, a bpraghsanna dámhachtana, agus a méid - de réir mar is ábhartha chun ceanglais Chaibidil IV a chomhlíonadh; |
(c) |
acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear sonraí maidir le fostaíocht agus scileanna; |
(d) |
an líon FBManna atá páirteach sna tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta; |
(e) |
an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le próisis deonaithe ceadanna de réir na teicneolaíochta glan-nialasachta:
|
(f) |
líon agus cineál na mboscaí gainimh rialála glan-nialasachta; |
(g) |
an méid CO2 a stóráiltear faoi thalamh go buan i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE. |
3. I gcás nach bhfuil siad san áireamh cheana sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ná i gcomhréir leo, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Márta 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ina leagfar amach na sonraí dá dtagraítear i mír 2.
4. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcás ina measann na Ballstáit go mbeadh sé ag teacht salach ar a leasanna bunúsacha slándála de bhun Airteagal 346 CFAE.
5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad a sholáthar le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
6. Ar bhonn na dtuarascálacha a chuirfear isteach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn an Aontais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo agus foilseoidh sé moltaí gaolmhara mar chuid de na Tuarascálacha Bliantúla maidir le hIomaíochas na dTeicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlain, de bhun Airteagal 35(2), pointe (m), de Rialachán (AE) 2018/1999. Breithneofar sna moltaí freisin cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo na teicneolaíochtaí glan-nialasachta uile is gá chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhaint amach.
7. Ar bhonn na ndréachtiarratas ar chead arna gcur isteach de bhun Airteagal 10 de Threoir 2009/31/CE agus ar bhonn na dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagail 21(2), 23(4) agus 23(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le baint amach na sprice uile-Aontais i dtaca le hacmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear i mír 1 pointe (d) den Airteagal seo. Tuairisceoidh an Coimisiún faoin méid sin gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
8. Cuirfidh an Coimisiún an tArdán ar an eolas faoina thorthaí i ndáil leis an Airteagal seo.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 43
Cumhachtaí a tharmligean
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun leasú a dhéanamh ar na socruithe lena gcuirtear comhaontuithe idir eintitis dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus infheistíochtaí in acmhainneacht stórála atá i seilbh tríú páirtithe san áireamh chun a rannchuidiú aonair a leagtar amach in Airteagal 23(5) a chomhlíonadh, agus ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a bhunú.
Airteagal 44
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 23(12), Airteagal 43 agus Airteagal 46(7) a ghlacadh go ceann tréimhse 5 bliana ón 29 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(12), Airteagal 43 agus Airteagal 46(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(12), Airteagal 43 nó Airteagal 46(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 45
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ábhair a bhaineann le hAirteagal 25 den Rialachán seo, gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Comhairleach um Sholáthar Poiblí arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle (59). I gcás nithe a bhaineann le hAirteagal 26 den Rialachán seo, gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste maidir leis an Aontas Fuinnimh arna bhunú le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 46
Meastóireacht
1. Faoin 30 Meitheamh 2028, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2. Déanfaidh an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a méid a leanas a mheas:
(a) |
ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo mar a leagtar síos in Airteagal 1, go háirithe maidir lena rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, go háirithe FBManna, agus úsáideoirí deiridh, agus ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; |
(b) |
an bhfuil an Rialachán seo oiriúnach le cur i gcrích tar éis 2030 agus i dtreo sprioc níos fadtéarmaí 2050 maidir le haeráidneodracht dá dtagraítear in Airteagal 1, agus a chur san áireamh, i measc gnéithe eile, an fhéidearthacht teicneolaíochtaí eile a áireamh sa Rialachán seo ar féidir leo ról suntasach a bheith acu maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; |
(c) |
an bhfuil gá le tagarmharcanna le haghaidh teicneolaíochtaí sonracha chun slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí sin a bhaint amach don Aontas. |
3. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheastóireacht:
(a) |
torthaí an phróisis faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 42; |
(b) |
na riachtanais teicneolaíochta a eascraíonn as nuashonruithe ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, lena n-áirítear an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh, agus an Tuarascáil is déanaí ar Staid an Aontais Fuinnimh á cur san áireamh; |
4. Laistigh den tréimhse chéanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus tar éis gach athnuachana nó nuashonraithe ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus tar éis dul i gcomhairle leis an Ardán, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a leagtar amach in Airteagal 4 a leathnú, agus i gcás inarb iomchuí tíolacfaidh sé togra.
5. Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.
6. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, nach dócha go mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) amach, déanfaidh sé measúnú, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardán, ar a indéanta agus ar a chomhréirí a bheadh sé bearta a mholadh chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach.
7. Faoin 30 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Iarscríbhinn a leasú ar bhonn an liosta de theicneolaíochtaí glan-nialasachta a leagtar amach in Airteagal 4, chun na fochatagóirí a shainaithint laistigh de theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus liosta na gcomhpháirteanna sonracha a úsáidtear le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin. Beidh an gníomh tarmligthe sin bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach chun comhpháirteanna bunriachtanacha sonracha a shainaithint ar féidir a mheas le réasún gur comhpháirteanna iad a úsáidtear go príomha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Beidh an measúnú sin bunaithe ar anailís mhodheolaíoch ar shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus infhaighteacht tráchtála na gcomhpháirteanna, an leibhéal iomchuí mionsonraí agus forbairtí sa teicneolaíocht á gcur san áireamh, go háirithe. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe sin ar bhonn an mheasúnaithe sin.
Airteagal 47
Faisnéis rúnda a láimhseáil
1. Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus déanfar í a chosaint le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a phróiseálfar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta atá le déanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.
3. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthrófar nó a mhalartófar de bhun an Rialacháin seo a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir i gcomhréir leis an dlí ábhartha náisiúnta nó le dlí ábhartha an Aontais.
4. I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go gcuirfear a leas slándála náisiúnta i mbaol le nochtadh faisnéise comhiomlánaithe de bhun Airteagal 23, féadfaidh sé, trí fhógra réasúnaithe, agóid a dhéanamh in aghaidh an fhaisnéis sin a bheith á nochtadh ag an gCoimisiún.
5. Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí ábhartha náisiúnta. Tá feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, breathnóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe an Ardáin de bhun Airteagal 39.
Airteagal 48
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’; |
(2) |
in Iarscríbhinn I, sa dara colún, sa ró ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
(3) |
in Iarscríbhinn II, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’; |
(4) |
in Iarscríbhinn II, sa dara colún, sa ró ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear an pointe seo a leanas leis: ‘Nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil, a shíneadh, a thiontú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe, i gcás inar gá, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta uile.’ ; |
(5) |
in Iarscríbhinn II, sa tríú colún, sa ró ‘Tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta ghlan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis: ‘Gach aschur a bhaineann leis na nósanna imeachta a théann ón admháil go bhfuil an t-iarratas tugtha i gcrích go dtí an fógra ón bpointe teagmhála ainmnithe faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta.’ ; |
(6) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*1) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).’." |
Airteagal 49
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 29 Meitheamh 2024.
3. Go dtí an 30 Meitheamh 2026, ní bheidh feidhm ag Airteagal 25(1) ach amháin maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag comhlachtaí lárnacha ceannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (16), de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 2(1), pointe (12), de Threoir 2014/25/AE agus maidir le conarthaí dar luach EUR 25 mhilliún nó níos mó.
4. Beidh feidhm ag Airteagail 26 agus 28 ón 30 Nollaig 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO C 349, 29.9.2023, lch. 179.
(2) IO C, C/2023/254, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/254/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024.
(4) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (IO L, 2024/795, 29.02.2024, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).
(10) Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (IO L 229, 18.9.2023, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(12) Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48).
(13) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(14) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(15) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(16) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(17) Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
(18) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(19) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
(21) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(23) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(24) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(25) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(26) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(27) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(28) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(29) Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).
(30) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
(31) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(32) Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).
(33) Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(34) Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta — IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1).
(35) Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lch. 1).
(36) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(37) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(38) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(39) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(40) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(41) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don bhainistiú teorann agus do víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(42) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(43) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(44) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(45) Faoi láthair, is iad sin Ballstáit uile an Aontais chomh maith le IS, NO agus TR.
(46) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(47) Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25).
(48) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
(49) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(50) Treoir 2003/96/EC ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(51) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).
(52) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
(53) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).
(54) Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).
(55) Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3).
(56) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(57) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1)
(58) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).
(59) Cinneadh ón gComhairle 71/306/CEE an 26 Iúil 1971 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Chonarthaí Oibreacha Poiblí (IO L 185, 16.8.1971, lch. 15).
IARSCRÍBHINN
Liosta de tháirgí deiridh agus de chomhpháirteanna sonracha a mheastar a bheith in úsáid go príomha chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh
|
Fochatagóirí laistigh de theicneolaíochtaí glan-nialasachta |
Comhpháirteanna a úsáidtear go príomha chun críoch na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta sin |
Teicneolaíochtaí gréine |
Teicneolaíochtaí fótavoltacha |
|
Teicneolaíochtaí grianteasa leictreacha |
|
|
Teicneolaíochtaí grianteasa |
|
|
Teicneolaíochtaí gréine eile |
||
Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta |
Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír |
|
Teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta |
|
|
Teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh |
Teicneolaíochtaí ceallraí |
|
Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh |
|
|
Teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh; |
Teicneolaíochtaí teaschaidéal |
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh |
|
|
Teicneolaíochtaí hidrigine |
Leictrealóirí |
|
Breosla-chill hidrigine |
|
|
Teicneolaíochtaí hidrigine eile |
|
|
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis agus bithmheatáin |
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis |
|
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithmheatáin |
|
|
Teicneolaíochtaí GSC |
Teicneolaíochtaí gabhála carbóin |
|
Teicneolaíochtaí stórála carbóin |
|
|
Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais |
Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais |
|
Teicneolaíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha le haghaidh iompair |
|
|
Teicneolaíochtaí chun an eangach a dhigiteáil |
|
|
Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais eile |
|
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach |
Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach |
|
Teicneolaíochtaí timthrialla breosla núicléach |
|
|
Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe |
Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe |
|
Teicneolaíochtaí hidreachumhachta |
Teicneolaíochtaí hidreachumhachta |
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite |
Teicneolaíochtaí fuinnimh osmóisigh |
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh chomhthimpeallaigh, seachas teaschaidéil |
|
|
Teicneolaíochtaí bithmhaise |
|
|
Teicneolaíochtaí gáis láithreáin líonta |
|
|
Teicneolaíochtaí gáis ionaid cóireála séarachais |
|
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite |
|
|
Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh |
Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh |
|
|
||
Teicneolaíochtaí eangaí teasa |
|
|
Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh eile |
|
|
Breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch |
Teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch |
|
Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh |
Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh |
|
Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe |
Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe |
|
Teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2 |
Teicneolaíochtaí iompair CO2 |
|
Teicneolaíochtaí úsáide CO2 |
|
|
Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe agus leictrí le haghaidh iompair |
Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe |
|
Teicneolaíochtaí tiomána leictrí |
|
|
Teicneolaíochtaí núicléacha eile |
Teicneolaíochtaí núicléacha eile |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)