Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1601

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1601 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas

    C/2024/3722

    IO L, 2024/1601, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1601/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1601/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1601

    31.5.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1601 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Bealtaine 2024

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 (2) ón gCoimisiún, bunaítear liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

    (2)

    De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) faisnéis in iúl don Choimisiún atá ábhartha maidir leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Chuir an Coimisiún na haeriompróirí uile lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó trí na húdaráis atá freagrach as a maoirseacht rialála, faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a bheadh mar bhunús le cinneadh toirmeasc a chur ar a n-oibriú laistigh den Aontas nó na coinníollacha a mhodhnú maidir le toirmeasc ar oibriú arna fhorchur ar aeriompróir a chuirtear isteach sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

    (4)

    Thug an Coimisiún an deis do na haeriompróirí lena mbaineann an doiciméadacht ábhartha uile a cheadú, barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh os comhair an Choimisiúin agus an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (‘Coiste Aershábháilteachta an Aontais’).

    (5)

    Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin leanúnacha, faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2023/660 (3) ón gCoimisiún, le húdaráis inniúla agus aeriompróirí na hÉigipte, na Casacstáine, na Céinia, na Pacastáine, São Tomé agus Príncipe agus Shiarra Leon. Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi chúrsaí sábháilteachta eitlíochta san Airméin, sa Chongó (Brazzaville), san Iaráic, sa Chirgeastáin, i Libia, i Mailí, sa Neipeal agus i Suranam.

    (6)

    Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na measúnuithe teicniúla a rinneadh le haghaidh na meastóireachta tosaigh agus an fhaireacháin leanúnaigh ar údaruithe oibreoirí tríú tír (‘OTT’), arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (4).

    (7)

    Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi thorthaí na hanailíse ar chigireachtaí rampa a rinneadh faoin gclár um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha (‘SAFA’), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5).

    (8)

    Chomh maith leis sin, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na tionscadail chúnaimh theicniúil a rinneadh i dtríú tíortha a ndearnadh toirmeasc ar n-oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 difear dóibh. Thairis sin, sholáthair an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na pleananna agus na hiarrataí maidir le tuilleadh cúnamh teicniúil agus comhair chun feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus theicniúil na n-údarás eitlíochta sibhialta i dtríú tíortha d’fhonn cuidiú leo a áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme don eitlíocht shibhialta. Iarradh ar na Ballstáit freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin ar bhonn déthaobhach i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht. I ndáil leis sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a úsáidí atá sé faisnéis a sholáthar don chomhphobal eitlíochta idirnáisiúnta, go háirithe trí uirlis na Comhpháirtíochta um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme, ar uirlis de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) í, faoin gcúnamh teicniúil a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit do thríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht na heitlíochta ar fud an domhain.

    (9)

    Thug Eurocontrol an t-eolas ba dhéanaí don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le stádas fheidhmeanna aláraim SAFA agus OTT, lena n-áirítear staitisticí faoi theachtaireachtaí foláirimh maidir le haeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu. Chuir Eurocontrol faisnéis ar fáil freisin maidir leis an digitiú iomlán atá beartaithe ar ardán nua ‘iNM’ Eurocontrol agus maidir le cur chun feidhme liosta aershábháilteachta an Aontais.

    Aeriompróirí an Aontais

    (10)

    Tar éis don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a d’eascair as cigireachtaí rampa a rinneadh ar aerárthaí aeriompróirí de chuid an Aontais, maille le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí caighdeánaithe a rinne an Ghníomhaireacht, arna comhlánú le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí agus iniúchtaí sonracha a rinne údaráis náisiúnta eitlíochta, tá bearta áirithe ceartaitheacha agus forfheidhmithe déanta ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht, ag feidhmiú dóibh mar údaráis inniúla, agus chuir siad an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na bearta sin.

    (11)

    D’athdhearbhaigh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht, ag feidhmiú dóibh mar údaráis inniúla, go bhfuil siad réidh le gníomhú de réir mar is gá i gcás ina léireoidh an fhaisnéis ábhartha sábháilteachta go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha sábháilteachta ag aeriompróirí de chuid an Aontais.

    Aeriompróirí ón Éigipt

    (12)

    Níor cuireadh aeriompróirí atá deimhnithe san Éigipt isteach in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 riamh.

    (13)

    Mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha an Choimisiúin, an 17 Aibreán 2024, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe ó Údarás Eitlíochta Sibhialta na hÉigipte (‘ECAA’) cruinniú teicniúil.

    (14)

    Le linn an chruinnithe, cuireadh ionadaithe an ECAA ar an eolas faoi na torthaí ar mheasúnú na doiciméad a sholáthraíodh don Choimisiún roimhe sin arna iarraidh sin dó. Cuireadh sonraí in iúl maidir le hábhair imní a ardaíodh san athbhreithniú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, go sonrach a mhéid a bhaineann le heaspa cur chun feidhme Chlár Sábháilteachta Stáit/Plean Sábháilteachta Eitlíochta Náisiúnta, easpa uimhreacha infhíoraithe ó thaobh Cigirí Oibríochtaí Eitilte gníomhacha de chun maoirseacht a dhéanamh ar shealbhóirí na 16 dheimhniú aeroibreora Éigipteacha (‘AOC’), agus na saincheisteanna roimh ECAA chun cultúr láidir um shábháilteacht a chur chun cinn i measc na n-aeriompróirí faoina mhaoirseacht aershábháilteachta. Sa chomhthéacs sin, tugadh dá aire nach raibh taifid oiliúna ar fáil chun a fhíorú go raibh oiliúint na gcigirí cothrom le dáta.

    (15)

    Baineann na heasnaimh bhreise a sainaithníodh san athbhreithniú le heaspa treoraíochta, ar leibhéal na n-aeriompróirí agus ECAA freisin, maidir le bunú Clár chun anailís a dhéanamh ar shonraí eitilte.

    (16)

    Chuir ECAA an cruinniú ar an eolas maidir le staid reatha thionscal eitlíochta na hÉigipte, agus na beartais feabhsaithe sábháilteachta a achtaíodh agus atá pleanáilte chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a sainaithníodh maidir le maoirseacht aershábháilteachta agus le heagrúchán. Tugadh faoi deara go bhfuil tacaíocht iomlán rialtas na hÉigipte ag ECAA chun leanúint leis na tionscnaimh feabhsaithe sábháilteachta sin.

    (17)

    Agus aird ar leith á tabhairt ar acmhainneacht foirne agus ar chumas ECAA maoirseacht éifeachtach aershábháilteachta ar thionscal eitlíochta na hÉigipte a áirithiú, léirigh an ECAA na hiarrachtaí atá ar bun saineolaithe cáilithe a earcú agus a choinneáil trí chóras nua luach saothair airgeadais.

    (18)

    Ó thaobh na heagrúcháin agus na rialála de, thug ECAA le fios go bhfuil athbhreithniú cuimsitheach ar a chreat reachtach agus rialála ar bun, agus gur cruthaíodh Ard-Stiúrthóireachtaí nua maidir le Sábháilteacht, Comhlíontacht, Measúnú Riosca, Bainistiú Athruithe agus Bailiú agus Próiseáil sonraí Sábháilteachta. I gcomhlántacht leis seo, léirigh ECAA a thionscnamh chun maoirseacht rioscabhunaithe a thabhairt isteach.

    (19)

    Cé go n-aithnítear go bhfuil ECAA i mbun próiseas cuimsitheach athstruchtúraithe, dealraíonn sé, mar sin féin, gur ar easnaimh fheiceálacha fhollasacha atá ECCA ag díriú a fhócais faoi láthair, gan anailís láidir go leor ar bhunchúiseanna. Tá gá le níos mó iarrachtaí a mhéid a bhaineann le maoirseacht aershábháilteachta aeriompróirí Éigipteacha agus cultúr sábháilteachta feabhsaithe, chomh maith le cur chun feidhme ceart gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus coisctheacha.

    (20)

    Aithníonn an Coimisiún na hiarrachtaí a rinne ECAA chun an leibhéal maoirseachta aershábháilteachta san Éigipt a fheabhsú. Léirigh an Coimisiún, áfach, go bhfuil sé de rún aige an próiseas comhairliúcháin a choinneáil ar oscailt. Tá coinne le teagmháil rialta agus tuarascálacha ar dhul chun cinn mar chuid den ghníomhaíocht leanúnach faireacháin sin, chomh maith le heagrúchán cruinnithe teicniúla amach anseo. Déanfaidh an Coimisiún dlúthchomhordú leis an nGníomhaireacht mar gheall ar an líon suntasach aeriompróirí Éigipteacha a bhfuil údarú OTT acu.

    (21)

    Leag an Coimisiún béim freisin ar an ngá le tacaíocht leanúnach ón rialtas, chomh maith le tábhacht cobhsaíocht ceannaireachta a áirithiú laistigh den údarás mar bhunchloch do CAA a fheidhmíonn go maith.

    (22)

    I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí atá deimhnithe san Éigipt.

    (23)

    Ba cheart do na Ballstáit leanúint lena fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Éigipt trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    (24)

    I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

    Aeriompróirí ón gCasacstáin

    (25)

    I mí na Nollag 2016, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún (6), baineadh aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Astana a baineadh ó Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 cheana in 2015 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún (7).

    (26)

    Mar thoradh ar phlé leantach a rinne Coiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh i mí na Samhna 2023, thug saineolaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit cuairt mheasúnúcháin ar an láthair sa Chasacstáin idir an 5 agus an 9 Feabhra 2024 ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Casacstáine (‘CAC KZ’) agus ag Riarachán Eitlíochta de chuid Cuideachta Comhstoic Kazakhstan (‘AAK’), lenar áiríodh measúnú samplach a dhéanamh ar thrí aeriompróir atá deimhnithe sa Chasacstáin, is é sin Berkut, Fly Jet.KZ, agus Prime Aviation.

    (27)

    Le linn na cuairte measúnúcháin, cuireadh fócas ar AAK i bhfianaise a róil agus a fhreagrachta as gníomhaíochtaí maoirseachta sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin. Is léir, ón gcuairt mheasúnúcháin, go bhfuil feabhsuithe tábhachtacha déanta ag AAK maidir lena reachtaíocht eitlíochta a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear an phríomhreachtaíocht eitlíochta agus na leasuithe a rinneadh ó shin, agus a chur chun feidhme éifeachtach a áirithiú. Dhírigh na hathruithe reachtacha sin fócas ar úsáid aerspás a fheabhsú, córais aerárthaí gan foireann a dheimhniú, nósanna imeachta dí-oighrithe nó frith-oighrithe a fheabhsú, agus oibleagáidí tuairiscithe éigeantaigh agus deonaigh ar theagmhais a thabhairt isteach. Is iad na príomhfhorbhairtí a thacaigh leis na heilimintí teicniúla sin ná cumhachtaí údarásacha breise a dheonú d’Ardstiúrthóir AAK agus dá chigirí, chomh maith le struchtúr airgeadais AAK a nuachóiriú.

    (28)

    Is mar thoradh ar ghníomhaíochtaí AAK chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha maidir le ceadúnú pearsanra agus ar na moltaí a d’eascair ó chuairt mheasúnúcháin an Aontais ar an láthair i nDeireadh Fómhair 2021, a cuireadh beartais ceartaitheacha éifeachtacha chun feidhme. Mar sin féin, sainaithníodh réimsí ar gá feabhais bhreise a chur orthu, go háirithe i ndáil leis an gcóras scrúdaithe theoiriciúil do phíolótaí agus maoirseacht ar scrúdaitheoirí eitilte.

    (29)

    I réimse na hoibríochta aeir, rinne AAK fianaise infhíoraithe maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh a chur ar fáil. Mar sin féin, áirítear leis na réimsí a bhfuil tuilleadh fócais de dhíth orthu faireachán ar chomhlíontacht le linn próiseas deimhniúcháin agus formheasanna speisialta a dheonú. Dá thoradh sin, ba cheart do AAK dlús a chur lena chuid iarrachtaí agus brostú le feabhas a chur ar chumais a chigirí. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach tús áite a thabhairt d’fheabhas a chur ar a chórais inmheánacha cháilíochta agus chomhlíontachta, chun gníomhaíochtaí na Roinne Oibríochtaí Eitilte a ailíniú le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta.

    (30)

    Dearbhaíodh go ndearnadh dul chun cinn substaintiúil sa réimse aeracmhainneachta, agus dearbhaíodh go bhfuil maoirseacht éifeachtach aershábháilteachta á háirithiú faoi láthair. Le tuilleadh feabhsuithe a mhéid a bhaineann leis na taifid faireachais, cuirfear le taifead níos mionsonraithe agus níos trédhearcaí ar chigireachtaí a rinneadh.

    (31)

    Leis an measúnú a rinneadh ag Fly Jet.kz dearbhaíodh go gcothaíonn an t-aeriompróir Córas Bainistithe Sábháilteachta infheidhme (‘CBS’) agus Córas Bainistithe Cáilíochta (‘CBC’), arna tacú le doiciméadacht chríochnúil, a léiríonn tiomantas soiléir do chaighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Mar sin féin, tá gá le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhar imní maidir le torthaí iniúchta gan réiteach laistigh de QMS agus maidir le heasnamh amlínte soiléire i leith réiteach. Tá sé tábhachtach go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin go pras ionas go neartófar prótacail sábháilteachta na haerlíne agus a héifeachtacht fhoriomlán.

    (32)

    Le leibhéil foirne leordhóthanacha agus le soláthar acmhainní leordhóthanach i roinn cothabhála agus aeracmhainneacht Fly Jet.kz, cumhachtaítear cothabháil leanúnach aeracmhainneacht aerárthaigh. Tugadh faoi deara go raibh an doiciméadacht ar fáil, lena n-áirítear taifid foirne, fardail páirteanna spártha chuimsitheacha, agus logaí cothabhála a bhí coinnithe go dícheallach, go raibh rochtain ar an doiciméadacht sin go héasca agus é bainistithe go hiomchuí.

    (33)

    D’ainneoin na ngnéithe a luadh roimhe seo, sainaithníodh roinnt neamhréireachtaí laistigh de roinn oibríochtaí eitilte Fly Jet.kz, ar ina leith sin is gá scrúdú níos dlúithe a dhéanamh ar chomhdhéanamh foirne agus ar chleachtais bainistithe ama dualgais, chomh maith le neamhréireachtaí i gcáilíochtaí foirne agus ríomhanna lód aerárthaí.

    (34)

    Ba léir cur chun feidhme éifeachtach SMS Prime Aviation go háirithe trí dhoiciméadacht a bhí dea-bhainistithe agus mionsonraithe, chomh maith le beartais an chomhlachta a spreagann baill foirne le bheith rannpháirteach i dtuairisciú tarluithe. Cé go bhfeidhmíonn sé cheana féin, féadtar feabhas a chur air maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta. Féadann an Córas Bainistíochta Comhlíontachta, cé go bhfuil sé éifeachtach, a thionchar a fheabhsú trí amlínte cur chun feidhme a ailíniú le caighdeáin rialála.

    (35)

    Is léir tiomantas Prime Aviation don cháilíocht ina chreat struchtúrtha oiliúna foirne agus ina roinn aeracmhainneachta foirne ina bhfuil go leor ball, rud a áirithíonn aeracmhainneacht aerárthaí go leanúnach. D’ainneoin go mbaintear leas as uirlisí bogearraí éifeachtúla, bheadh údar le roinnt feabhsúchán ar phrótacail cáilíochta píolóta, agus ar na nósanna imeachta formheasa i leith Aerspás Ardleibhéil an Atlantaigh Thuaidh.

    (36)

    Comhlíonann SMS agus QMS Berkut na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta go héifeachtach. Mar sin féin, sainaithníodh deiseanna le haghaidh feabhsuithe beaga sa dá réimse. Ina theannta sin, léirigh an t-aeriompróir dea-eagrúchán agus gairmiúlacht ina iompar oibríochtúil, ach sainaithníodh go bhféadfar tuilleadh feabhais a chur air, go háirithe maidir le rianú oibríochtaí seolta, sainmhíniú na siollabas oiliúna agus bailíocht formheasanna speisialta.

    (37)

    Tá foireann iomchuí i roinn cothabhála agus aeracmhainneachta Berkut, lena n-áirithítear aeracmhainneacht leanúnach aerárthaí le doiciméadacht chuimsitheach. Soláthraíonn an tsaoráid chothabhála timpeallacht bharrmhaith le haghaidh oibríochtaí cothabhála.

    (38)

    Ar bhonn thoradh na cuairte measúnúcháin de chuid an Aontais ar an láthair, d’iarr an Coimisiún ar CAC KZ agus ar AAK freastal ar éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 15 Bealtaine 2024.

    (39)

    Le linn na héisteachta, chuir AAK an t-eolas is déanaí ar fáil don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le hathchóirithe agus leis an dul chun cinn atá déanta san earnáil eitlíochta sibhialta ó bhí 2021 ann, rud a léirigh a thiomantas maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht, ar éifeachtúlacht oibríochtúil, agus ar an gcomhar idirnáisiúnta. Ina theannta sin, rinne siad achoimre ar an dul chun cinn maidir le struchtúr eagrúcháin agus sásraí airgeadais AAK a neartú, lena n-áirítear an t-aistriú chuig struchtúr féinmhaoinithe lena ngabhfaidh éifeacht ó Iúil 2023 ar aghaidh. Chuir AAK lena fhoireann, go háirithe sna ranna oibríochtaí, agus rinne sé a phróisis inmheánacha a bheachtú chun cáilíocht agus éifeachtacht a sheirbhísí a fheabhsú.

    (40)

    Is léir go bhfuil bearta déanta ag AAK chun aghaidh a thabhairt ar thromlach na mbarúlacha agus na moltaí a ardaíodh le linn cuairt mheasúnúcháin an Aontais ar an láthair i bhFeabhra 2024 agus chun iad a réiteach. Thug siad aghaidh ar 3 bharúil agus ar 6 mholadh go rathúil, agus léirigh siad feabhsúcháin i gcomhlíontacht rialála agus i gcaighdeáin oibríochtaí. Rinneadh feabhsúcháin maidir le nósanna imeachta chun cigirí a údarú, formheasanna ar mhálaí eitilte leictreonacha, agus oibríochtaí ama atreoraithe fhadaithe. Na hiarrachtaí leanúnacha aghaidh a thabhairt ar na barúlacha eile, tá siad struchtúrtha le spriocdhátaí soiléire agus cuirfear na hiarrachtaí sin i gcrích idir deireadh 2024 agus an chéad ráithe de 2025. Is cuid de thionscnamh stráitéiseach níos fairsinge chun aershábháilteacht a neartú iad na gníomhaíochtaí seo, lena n-áirítear ailíniú le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta.

    (41)

    Le linn na héisteachta, thug AAK achoimre ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha i ndáil leis na haeriompróirí Berkut, Prime Aviation, agus Fly Jet.kz.

    (42)

    Ina theannta sin, rinne AAK achoimre ar phleananna forbartha amach anseo 2024-2025, agus fócas acu ar chomhoibriú idirnáisiúnta breise a fhorbairt. Áirítear leis na pleananna sin ullmhúcháin le haghaidh eitiltí díreacha chun na Stát Aontaithe, bonneagar digiteach a fheabhsú; agus infheistíocht leanúnach in acmhainní daonna.

    (43)

    Cé go n-aithnítear an dul chun cinn a rinneadh ó thosaigh comhairliúcháin fhoirmiúla in 2020, mar a léirítear leis an bhfianaise a bailíodh le linn cuairt mheasúnúcháin an Aontais ar an láthair in 2024, agus na sonraí a soláthraíodh le linn na héisteachta, tháinig an Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid ina chinntí gur cheart deireadh a chur leis na comhairliúcháin fhoirmiúla, agus gur cheart AAK a spreagadh chun forbairtí a mhalartú leis an gCoimisiún ar bhonn rialta, agus chun bealaí a fhorbairt d’fhonn a áirithiú go leanfar leis an gceannaireacht ag AAK.

    (44)

    I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón gCasacstáin.

    (45)

    Ba cheart do na Ballstáit leanúint lena fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí uile sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    (46)

    I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

    Aeriompróirí ón gCéinia

    (47)

    Níor cuireadh aeriompróirí atá deimhnithe sa Chéinia isteach in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 riamh.

    (48)

    Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe Choiste Eitlíochta Sibhialta na Céine (‘KCAA’) cruinniú teicniúil an 10 Aibreán 2024.

    (49)

    Le linn an chruinnithe, cuireadh ionadaithe KCAA ar an eolas faoi thoradh measúnaithe na doiciméad a sholáthraíodh don Choimisiún in 2023 arna iarraidh sin dó. Cuireadh sonraí in iúl maidir le hábhair imní a ardaíodh san athbhreithniú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, go sonrach a mhéid a bhaineann leis an líon easnamhach foirne cigireachta i gcomparáid leis an méid agus leis an éagsúlacht tionscail a ndearnadh maoirseacht air. Thairis sin, sainaithníodh dúshláin maidir le héifeachtúlacht maoirseachta aershábháilteachta a phleanáil agus a chur i gcrích, go háirithe i ndáil le hoibríochtaí seachtracha agus iniúchóireacht a dhéanamh orthu.

    (50)

    Ina theannta sin, baineann na heasnaimh a sainaithníodh le heaspa próiseas inmheánach cáilíochta atá doiciméadaithe agus curtha chun feidhme ina iomláine, le líon íseal iniúchóireachtaí a rinneadh laistigh den réimse Oibríochtaí eitilte, agus ní dhearnadh ach corr-iniúchóireacht ad hoc.

    (51)

    Le linn an chruinnithe sin, sholáthair KCAA faisnéis ghinearálta maidir le hearnáil na heitlíochta sa Chéinia, na baill foirne atá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí chun maoirseacht a dhéanamh ar aershábháilteacht, agus an chaoi a ndéantar na gníomhaíochtaí sin. Rinneadh plé freisin ar na deacrachtaí a tháinig chun cinn maidir le haeriompróirí áirithe ag oibriú lasmuigh den tír, agus na heasnaimh shábháilteachta lena mbaineann. Chuir an KCAA an Coimisiún ar an eolas maidir lena phlean láithreach faoi athbhreithniú iomlán ar Acht um Eitlíocht Shibhialta na Céinia chun acmhainneacht an Údaráis i leith maoirseacht aershábháilteachta a fheabhsú agus forálacha an Achta a ailíniú leis na riachtanais dhlíthiúla atá ag teacht chun cinn. Go sonrach, chuir an KCAA an Coimisiún ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí leanúnacha i ndáil leis na leasuithe ar na rialacháin sábháilteachta, lena n-áirítear leibhéal chur i bhfeidhm an Chláir Sábháilteachta Stáit.

    (52)

    Maidir leis an bhfoireann, léirigh KCAA gur dhúshlán mór é baill foirne cuícháilithe a bhfuil na scileanna cuí acu a earcú agus a choinneáil. Tugadh faoi deara go bhfuil iarrachtaí ar bun chun dálaí fostaíochta a fheabhsú d’fhonn na baill foirne sin a earcú agus a choinneáil, agus go sonrach cigirí maoirseachta le haghaidh aershábháilteacht cáilíochta.

    (53)

    Maidir leis na teagmhais/timpistí ó bhí 2022 ann a bhain le aeriompróirí Céiniacha agus iad ag oibriú lasmuigh den Chéinia, chuir KCAA in iúl gur tionscnaíodh gníomhaíochtaí maoirseachta aershábháilteachta agus forfheidhmithe ionas nach dtarlóidh na himeachtaí sin arís.

    (54)

    Chuir an Coimisiún in iúl do Choiste Aershábháilteachta an Aontais go bhfuil sé de rún aige, le toiliú ó KCAA, an próiseas comhairliúcháin a choinneáil ar oscailt. Tá coinne le teagmháil rialta agus tuarascálacha ar dhul chun cinn mar chuid den ghníomhaíocht leanúnach faireacháin sin, chomh maith le heagrúchán cruinnithe teicniúla amach anseo.

    (55)

    Leag an Coimisiún béim freisin ar an ngá le tacaíocht leanúnach ón rialtas, chomh maith leis an tábhacht cobhsaíocht ceannaireachta a áirithiú laistigh den údarás mar bhunchloch d’Údarás Eitlíochta Sibhialta a fheidhmíonn go maith.

    (56)

    I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí atá deimhnithe sa Chéinia.

    (57)

    Ba cheart do na Ballstáit leanúint lena fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chéinia trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    (58)

    I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

    Aeriompróirí ón bPacastáin

    (59)

    I mí an Mhárta 2007, le Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún (8), cuireadh Pakistan International Airlines isteach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 agus baineadh é ón Iarscríbhinn sin ina dhiaidh i mí na Samhna 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún (9).

    (60)

    Mar thoradh ar an bplé a rinne Coiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh i mí na Samhna 2023, rinne saineolaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit cuairt mheasúnúcháin de chuid an Aontais ar an láthair sa Phacastáin idir an 27 agus an 30 Samhain 2023 ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine (‘PCAA’) lenar áiríodh measúnuithe samplacha ar dhá aeriompróir atá deimhnithe sa Phacastáin, mar atá Fly Jinnah agus Airblue Ltd..

    (61)

    Thug gníomhaíochtaí na cuairte measúnúcháin aghaidh ar PCAA i bhfianaise a róil agus a fhreagrachta aershábháilteachta do na haeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin.

    (62)

    Fuarthas go bhfuil beartas bunaithe ag PCAA cloí le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta, agus go bhfuil scileanna teicniúla ag foireann PCAA, arb daoine gairmiúla iad. Mar sin féin, tugadh faoi deara easnaimh choiteanna ar fud na heagraíochta, amhail scóráil níos ísle a thabhairt ar neamh-chomhréireachtaí agus easpa fíorúcháin inmheánacha. Maidir le feidhmeanna maoirseacht aershábháilteachta PCAA, tugadh faoi deara go raibh easpa shuntasach grinnscrúdú domhain, a mhéid a bhaineann le tabhairt i gcrích na dtorthaí atá bunaithe ar phleananna gníomhaíochta a moladh in ionad fianaise iarbhír a cuireadh ar fáil, nó easpa measúnú ceart ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha.

    (63)

    Léirigh an chuairt dialltaí ó nósanna imeachta PCAA, arbh fhianaise air sin an fíoras gur deonaíodh roinnt deimhnithe aeroibreora agus cinntí oscailte nó aicmithe go mícheart, nó gan pleananna maoirseachta aershábháilteachta déanta mar a bhí beartaithe.

    (64)

    An tráth a rinneadh an chuairt, ba léir go raibh easpa mhór baill foirne a raibh cáilíochtaí leordhóthanacha acu ag obair san Ard-Stiúrthóireacht Caighdeán Eitlíochta chun cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta aershábháilteachta a dhéanamh. Is measa fós an cás sin i ngeall ar chúraimí a shanntar nach gá go dtagann siad faoi théarmaí tagartha na gCaighdeán Eitlíochta.

    (65)

    Tá cur chun feidhme SMS ag luathchéim agus tá feabhas ag teastáil. Tá sé soiléir gur gá réimse ar leith a chur chun feidhme mar is ceart, is é sin réimse maidir leis an mbunchúis a shainaithint agus anailís a dhéanamh uirthi.

    (66)

    Níor sainaithníodh ábhar imní ar leith sna hArd-Stiúrthóireachtaí atá i gceannas ar Aeracmhainneacht, agus Ceadúnú Pearsanra/ Eagraíochtaí Oiliúna, agus fuarthas go raibh foireann chuí iontu.

    (67)

    Níor sainaithníodh fadhbanna suntasacha sna haeriompróirí ar tugadh cuairt orthu, ach i gcás Fly Jinnah, tugadh faoi deara gur cheart bearta spriocdhírithe feabhais a bheith ann maidir le coimeád taifead agus bainistiú thorthaí an aeriompróra.

    (68)

    Ar bhonn thoradh na cuairte measúnúcháin de chuid an Aontais ar an láthair, d’iarr an Coimisiún ar PCAA agus ar Fly Jinnah freastal ar éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 14 Bealtaine 2024.

    (69)

    Le linn na héisteachta, ar bhonn Plean Gníomhaíochta Ceartaithí arna thíolacadh an 6 Bealtaine 2024, thug PCAA aghaidh ar gach barúil ar tugadh tuairisc uirthi i dtuarascáil cuairte an Aontais, ag tabhairt dá aire anailís na bunchúise atá mar bhunús le gach beart ceartaitheach a rinneadh nó atá beartaithe sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tugadh faoi deara go sonrach an iarracht a rinne PCAA aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh maidir lena acmhainneacht agus lena chumas i ndáil le maoirseacht aershábháilteachta, go sonrach maidir le struchtúr eagraíochtúil iomchuí, leithdháileadh cúraimí, pearsanra cáilithe a earcú agus a choinneáil, líon comhréireach cigirí cáilithe, agus clár oiliúna iomchuí a áirithiú. Go sonrach, maidir leis an Ardstiúrthóireacht Caighdeán Eitlíochta, léirigh sé go bhfuil an líon cigirí cáilithe méadaithe ó 1 go dtí 19, méid a fhreagraíonn don líon is gá le haghaidh leithdháileadh nua na gcúraimí agus na gníomhaíochtaí maoirseachta aershábháilteachta lena mbaineann.

    (70)

    Ina theannta sin, léirigh PCAA na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun na heasnaimh a bhaineann le bainistíocht cáilíochta a sainaithníodh le linn na cuairte a chur ina gceart. Leis na bearta ceartaitheacha, bunaíodh rannóg rialaithe cáilíochta i ngach roinn, agus roinn dearbhaithe cáilíochta lárnach agus neamhspleách do PCAA ina iomláine. Thairis sin, mhínigh PCAA na hiarrachtaí a rinne sí chun a chreat rialála agus nós imeachta a fheabhsú, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí atá dírithe ar a reachtaíocht eitlíochta náisiúnta a chur in oiriúint do reachtaíocht an Aontais sa réimse Caighdeán Eitlíochta agus sa réimse Ceadúnaithe Pearsanra, mar a rinneadh sa réimse Aeracmhainneachta.

    (71)

    Maidir le SMS na heagraíochta go sonrach, thug PCAA dá aire go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh leis na hiarrachtaí agus leis an bhforbairt leanúnach, cé go bhfuil siad mall, toisc go dtuigeann an rialtóir agus na heintitis rialáilte an tábhacht a bhaineann le haistriú céim ar chéim ó chur chuige maoirseachta aershábháilteachta comhlíontacht-bhunaithe go dtí cur chuige rioscabhunaithe.

    (72)

    Le linn na héisteachta, thug an t-aeriompróir Fly Jinnah forléargas ar a fhlít atá aige faoi láthair, agus ar na hacmhainní agus na háiseanna a bhí ar fáil. Thug sé tuairisc ar thacar uirlisí bogearraí chun formhór na bpríomhfheidhmeanna a bhainistiú, amhail pleanáil eitilte agus faisnéisiú eitilte, Faireachán ar Shonraí Eitilte, criú a uainchlárú, iniúchadh QMS a phleanáil, agus aeracmhainneacht leanúnach a bhainistiú. Rinne an t-aeriompróir na feidhmeanna seachfhoinsithe amhail oiliúint criú, anailís ar fhaireachán ar shonraí eitilte, pleanáil criú agus cothabháil, a chur i láthair, agus formhór acu a seachfhoinsíodh chuig an gcomhlacht Air Arabia. Tugadh dá aire go sonrach na moltaí a cuireadh i láthair chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a bhain leis na fabhtanna a sainaithníodh ina QMS.

    (73)

    Ar bhonn an phlé a rinne sé, tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid gur cheart aird shonrach a thabhairt ar fhaireachán leanúnach cúrsaí sábháilteachta agus aon athruithe sa Phacastáin, trí chruinnithe teicniúla a eagrú go rialta sa Bhruiséil os comhair gach cruinniú de Choiste Aershábháilteachta an Aontais, agus trí thuairisciú rialta a thabhairt ar dhul chun cinn ó PCAA. Choinnigh sé, ina theannta sin, an deis, má tá údar leis, a iarraidh ar PCAA teacht chuig éisteachtaí breise le linn cruinnithe Choiste Aershábháilteachta an Aontais sa todhchaí.

    (74)

    Leag an Coimisiún béim freisin ar an ngá le tacaíocht leanúnach ón rialtas, chomh maith leis an tábhacht cobhsaíocht ceannaireachta a áirithiú laistigh den údarás mar bhunchloch le PCAA a fheidhmíonn go maith.

    (75)

    I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin.

    (76)

    Ba cheart do na Ballstáit leanúint lena fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    (77)

    I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

    Aeriompróirí ó São Tomé agus Príncipe

    (78)

    I mí na Samhna 2009, le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1144/2009 ón gCoimisiún, cuireadh aeriompróirí atá deimhnithe i São Tomé agus Príncipe isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 (10).

    (79)

    I litir dar dáta an 19 Nollaig 2023, mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnaigh, chuir an Instituto Nacional de Aviação Civil de São Tomé e Príncipe an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil an t-aeriompróir Africa’s Connection deimhnithe a thuilleadh in São Tomé agus Príncipe.

    (80)

    I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ó São Tomé agus Príncipe gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú chun Africa’s Connection a bhaint d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

    (81)

    Ba cheart do na Ballstáit leanúint lena fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe in São Tomé agus Príncipe trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    Aeriompróirí ó Shiarra Leon

    (82)

    Cuireadh aeriompróirí ó Shiarra Leon isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

    (83)

    Tar éis thorthaí an iniúchta a rinne ICAO in 2006 ar Chlár Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Aershábháilteachta (‘USOAP’) agus bunaithe ar mholtaí ó ICAO, thionscain Údarás Eitlíochta Sibhialta Shiarra Leon (‘SLCAA’) próiseas chun aerárthaigh a díchlárú agus deimhnithe aeroibreora a eisíodh d’aeriompróirí ó Shiarra Leon a chúlghairm. Chuir SLCAA an Coimisiún ar an eolas maidir leis an bpróiseas sin a thabhairt chun críche i mí na Bealtaine 2020.

    (84)

    An 31 Eanáir 2024, arna iarraidh sin don Choimisiún, sholáthair SLCAA faisnéis cothrom le dáta maidir le cás na heitlíochta sibhialta i Siarra Leon, lena n-áiríodh mionsonraí faoi na feabhsúcháin a rinne SLCAA i dtreo comhlíontacht le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta, agus faoin uaillmhian gníomhaíochtaí a atosú maidir le deimhniú agus maoirseacht aershábháilteachta aeriompróirí agus aerárthaí.

    (85)

    Ós rud é go raibh easnamh aerárthaí ar chlár náisiúnta Siarra Leon agus go raibh ganntanas aeriompróirí atá deimhnithe ag SLCAA, tionóladh cruinniú an 25 Aibreán 2024 chun pleananna SLCAA a phlé, d’fhonn tacú le forbairtí eitlíochta sibhialta i Siarra Leon amach anseo. Ag an gcruinniú sin, bhí ionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht, ó na Ballstáit, ó SLCAA agus ó Pharlaimint Shiarra Leon.

    (86)

    Le linn an chruinnithe, roinn SLCAA torthaí iniúchta a rinne ICAO ar USOAP le linn a chuairte in 2023, thug sé achoimre ar phleananna chun tuilleadh feabhais a chur ar a chumais maidir le deimhniú agus maoirseacht aershábháilteachta, agus sholáthair sé faisnéis faoi shíniú meabhrán tuisceana leis an Iodáil i mí an Mhárta 2024, arb é is aidhm dó comhar teicniúil idir Siarra Leon agus an Iodáil. Thug SLCAA le fios gur sainordaíodh é go hoifigiúil chun dul ar aghaidh le deimhniú aeriompróirí nua, chomh maith le clárú aerárthaí.

    (87)

    Aithníonn an Coimisiún iarrachtaí SLCAA na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus thug sé dá aire an tacaíocht leanúnach ó Rialtas Shiarra Leon. Aithníonn an Coimisiún gealltanas SLCAA leanúint le forbairt, a bhuí le tacaíocht ón Iodáil, na gcumas is gá chun aerárthaí a chlárú, aeriompróirí a dheimhniú, agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-aeriompróirí a dheimhnóidh sé, i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta.

    (88)

    De réir na faisnéise is deireanaí níorbh fhéidir le SLCAA na cumais is gá a léiriú, i láthair na huaire, chun aerárthaí a chlárú, aeriompróirí a dheimhniú, agus maoirseacht a dhéanamh ar aeracmhainneacht agus ar ghníomhaíochtaí na n-aeriompróirí a dheimhnóidh sé, i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Dá thoradh sin, leanfaidh an Coimisiún le comhairliúcháin le SLCAA agus déanfaidh sé faireachán ar na gníomhaíochtaí breise a dhéanfaidh SLCAA chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Déanfar tuilleadh machnaimh, mar is iomchuí, an gá cuairt mheasúnúcháin de chuid an Aontais a dhéanamh ar an láthair nuair a chomhlíonfar na coinníollacha.

    (89)

    I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí atá deimhnithe i Siarra Leon.

    (90)

    Ba cheart do na Ballstáit leanúint lena fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe i Siarra Leon trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

    (91)

    Dá bhrí sin, a cheart Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir sin.

    (92)

    Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Dá bharr sin, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go mbeidh feidhm láithreach maidir le haon chinneadh tar éis a ghlactha i ndáil le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas a thabhairt cothrom le dáta.

    (93)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) 474/2006 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A;

    (2)

    Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Adina VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 344, 27.12.2005, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/2111/oj.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear an liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/474/oj).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/660 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2022 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh an liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh an liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2023, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/660/oj).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreora tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/452/oj).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/965/oj).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 334, 9.12.2016, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/2214/oj).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 328, 12.12.2015, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2322/oj).

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún an 5 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 66, 6.3.2007, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/235/oj).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 311, 29.11.2007, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1400/oj).

    (10)  Rialachán (CE) Uimh. 1144/2009 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 312, 27.11.2009, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1144/oj).


    IARSCRÍBHINN I

    ‘IARSCRÍBHINN A

    LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ  (1)

    Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

    Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta

    Sainitheoir trí litir ICAO

    Stát an Oibreora

    AIR ZIMBABWE (PVT)

    177/04

    AZW

    an tSiombáib

    AVIOR AIRLINES

    ROI-RNR-011

    ROI

    Veiniséala

    BLUE WING AIRLINES

    SRBWA-01/2002

    BWI

    Suranam

    IRAN ASEMAN AIRLINES

    FS-102

    IRC

    an Iaráin

    FLY BAGHDAD

    007

    FBA

    an Iaráic

    IRAQI AIRWAYS

    001

    IAW

    an Iaráic

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Afganastáin, lena n-áirítear

     

     

    an Afganastáin

    ARIANA AFGHAN AIRLINES

    AOC 009

    AFG

    an Afganastáin

    KAM AIR

    AOC 001

    KMF

    an Afganastáin

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear

     

     

    Angóla

    AEROJET

    AO-008/11-07/17 TEJ

    TEJ

    Angóla

    GUICANGO

    AO-009/11-06/17 YYY

    Ní fios

    Angóla

    AIR JET

    AO-006/11-08/18 MBC

    MBC

    Angóla

    BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT

    AO-015/15-06/17YYY

    Ní fios

    Angóla

    HELIANG

    AO 007/11-08/18 YYY

    Ní fios

    Angóla

    SJL

    AO-014/13-08/18YYY

    Ní fios

    Angóla

    SONAIR

    AO-002/11-08/17 SOR

    SOR

    Angóla

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Airméin, lena n-áirítear

     

     

    an Airméin

    AIR DILIJANS

    AM AOC 065

    NGT

    an Airméin

    ARMENIAN AIRLINES

    AM AOC 076

    AAG

    an Airméin

    ARMENIA AIRWAYS

    AM AOC 063

    AMW

    an Airméin

    ARMENIAN HELICOPTERS

    AM AOC 067

    KAV

    an Airméin

    FLY ARNA

    AM AOC 075

    ACY

    an Airméin

    FLYONE ARMENIA

    AM AOC 074

    FIE

    an Airméin

    NOVAIR

    AM AOC 071

    NAI

    an Airméin

    SHIRAK AVIA

    AM AOC 072

    SHS

    an Airméin

    SKYBALL

    AM AOC 073

    Neamhbhainteach

    an Airméin

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCongó (Brazzaville), lena n-áirítear

     

     

    An Congó (Brazzaville)

    CANADIAN AIRWAYS CONGO

    CG-CTA 006

    TWC

    An Congó (Brazzaville)

    EQUAFLIGHT SERVICES

    CG-CTA 002

    EKA

    An Congó (Brazzaville)

    EQUAJET

    RAC06-007

    EKJ

    An Congó (Brazzaville)

    TRANS AIR CONGO

    CG-CTA 001

    TSG

    An Congó (Brazzaville)

    SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO

    CG-CTA 004

    Ní fios

    An Congó (Brazzaville)

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear

     

     

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    AB BUSINESS

    AAC/DG/OPS-09/14

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    AIR FAST CONGO

    AAC/DG/OPS-09/03

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    AIR KASAI

    AAC/DG/OPS-09/11

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    AIR KATANGA

    AAC/DG/OPS-09/08

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    BUSY BEE CONGO

    AAC/DG/OPS-09/04

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA)

    AAC/DG/OPS-09/02

    DBP

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    CONGO AIRWAYS

    AAC/DG/OPS-09/01

    COG

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    GOMA EXPRESS

    AAC/DG/OPS-09/13

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    KIN AVIA

    AAC/DG/OPS-09/10

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    MALU AVIATION

    AAC/DG/OPS-09/05

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    SERVE AIR CARGO

    AAC/DG/OPS-09/07

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    SWALA AVIATION

    AAC/DG/OPS-09/06

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    TRACEP CONGO AVIATION

    AAC/DG/OPS-09/15

    Ní fios

    Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Djibouti, lena n-áirítear

     

     

    Djibouti

    DAALLO AIRLINES

    Ní fios

    DAO

    Djibouti

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an nGuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear

     

     

    an Ghuine Mheánchiorclach

    CEIBA INTERCONTINENTAL

    2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS

    CEL

    an Ghuine Mheánchiorclach

    CRONOS AIRLINES

    2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS

    Ní fios

    an Ghuine Mheánchiorclach

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Eiritré, lena n-áirítear

     

     

    an Eiritré

    ERITREAN AIRLINES

    AOC Uimh. 004

    ERT

    an Eiritré

    NASAIR ERITREA

    AOC Uimh. 005

    NAS

    an Eiritré

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCirgeastáin, lena n-áirítear

     

     

    an Chirgeastáin

    AERO NOMAD AIRLINES

    57

    ANK

    an Chirgeastáin

    AEROSTAN

    08

    BSC

    an Chirgeastáin

    AIR COMPANY AIR KG

    50

    KGC

    an Chirgeastáin

    AIRCOMPANY MOALEM AVIATION

    56

    AMA

    an Chirgeastáin

    AVIA TRAFFIC COMPANY

    23

    AVJ

    an Chirgeastáin

    CENTRAL ASIAN AVIATION SERVICES

    58

    KAS

    an Chirgeastáin

    FLYSKY AIRLINES

    53

    FSQ

    an Chirgeastáin

    GLOBAL 8 AIRLINES

    59

    Ní fios

    an Chirgeastáin

    HELI SKY

    47

    HAC

    an Chirgeastáin

    KAP.KG AIRCOMPANY

    52

    KGS

    an Chirgeastáin

    MAC.KG AIRLINES

    61

    MSK

    an Chirgeastáin

    SAPSAN AIRLINE

    54

    KGB

    an Chirgeastáin

    SKY JET

    60

    SJL

    an Chirgeastáin

    SKY KG AIRLINES

    41

    KGK

    an Chirgeastáin

    TRANS CARAVAN KG

    55

    TCK

    an Chirgeastáin

    TEZ JET

    46

    TEZ

    an Chirgeastáin

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libéir

     

     

    an Libéir

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libia, lena n-áirítear

     

     

    an Libia

    AFRIQIYAH AIRWAYS

    007/01

    AAW

    an Libia

    AIR LIBYA

    004/01

    TLR

    an Libia

    AL MAHA AVIATION

    030/18

    Ní fios

    an Libia

    BERNIQ AIRWAYS

    032/21

    BNL

    an Libia

    BURAQ AIR

    002/01

    BRQ

    an Libia

    GLOBAL AIR TRANSPORT

    008/05

    GAK

    an Libia

    HALA AIRLINES

    033/21

    HTP

    an Libia

    LIBYAN AIRLINES

    001/01

    LAA

    an Libia

    LIBYAN WINGS AIRLINES

    029/15

    LWA

    an Libia

    PETRO AIR

    025/08

    PEO

    an Libia

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Neipeal, lena n-áirítear

     

     

    Neipeal

    AIR DYNASTY HELI. S.

    035/2001

    Ní fios

    Neipeal

    ALTITUDE AIR

    085/2016

    Ní fios

    Neipeal

    BUDDHA AIR

    014/1996

    BHA

    Neipeal

    FISHTAIL AIR

    017/2001

    Ní fios

    Neipeal

    SUMMIT AIR

    064/2010

    Ní fios

    Neipeal

    HELI EVEREST

    086/2016

    Ní fios

    Neipeal

    HIMALAYA AIRLINES

    084/2015

    HIM

    Neipeal

    KAILASH HELICOPTER SERVICES

    087/2018

    Ní fios

    Neipeal

    MAKALU AIR

    057A/2009

    Ní fios

    Neipeal

    MANANG AIR PVT

    082/2014

    Ní fios

    Neipeal

    MOUNTAIN HELICOPTERS

    055/2009

    Ní fios

    Neipeal

    PRABHU HELICOPTERS

    081/2013

    Ní fios

    Neipeal

    NEPAL AIRLINES CORPORATION

    003/2000

    RNA

    Neipeal

    SAURYA AIRLINES

    083/2014

    Ní fios

    Neipeal

    SHREE AIRLINES

    030/2002

    SHA

    Neipeal

    SIMRIK AIR

    034/2000

    Ní fios

    Neipeal

    SIMRIK AIRLINES

    052/2009

    RMK

    Neipeal

    SITA AIR

    033/2000

    Ní fios

    Neipeal

    TARA AIR

    053/2009

    Ní fios

    Neipeal

    YETI AIRLINES

    037/2004

    NYT

    Neipeal

    Na haeriompróirí seo a leanas atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Rúis

     

     

    an Rúis

    AURORA AIRLINES

    486

    SHU

    an Rúis

    AVIACOMPANY ‘AVIASTAR-TU’ CO. LTD

    458

    TUP

    an Rúis

    IZHAVIA

    479

    IZA

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC ‘AIR COMPANY ‘YAKUTIA’

    464

    SYL

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC ‘RUSJET’

    498

    RSJ

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC ‘UVT AERO’

    567

    UVT

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC SIBERIA AIRLINES

    31

    SBI

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC SMARTAVIA AIRLINES

    466

    AUL

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC ‘IRAERO’ AIRLINES

    480

    IAE

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC ‘URAL AIRLINES’

    18

    SVR

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC ALROSA AIR COMPANY

    230

    DRU

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC NORDSTAR AIRLINES

    452

    TYA

    an Rúis

    JS AVIATION COMPANY ‘RUSLINE’

    225

    RLU

    an Rúis

    JSC YAMAL AIRLINES

    142

    LLM

    an Rúis

    LLC ‘NORD WIND’

    516

    NWS

    an Rúis

    LLC ‘AIRCOMPANY IKAR’

    36

    KAR

    an Rúis

    LTD. I FLY

    533

    RSY

    an Rúis

    POBEDA AIRLINES CUIDEACHTA THEOREANTA

    562

    PBD

    an Rúis

    CUIDEACHTA COMHSTOIC POIBLÍ ‘AEROFLOT – RUSSIAN AIRLINES’

    1

    AFL

    an Rúis

    ROSSIYA AIRLINES, CUIDEACHTA COMHSTOIC

    2

    SDM

    an Rúis

    SKOL AIRLINE LLC

    228

    CDV

    an Rúis

    UTAIR AVIATION, CUIDEACHTA COMHSTOIC

    6

    UTA

    an Rúis

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear

     

     

    São Tomé agus Príncipe

    STP AIRWAYS

    03/AOC/2006

    STP

    São Tomé agus Príncipe

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Shiarra Leon

     

     

    Siarra Leon

    Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an tSúdáin, lena n-áirítear

     

     

    an tSúdáin

    ALFA AIRLINES SD

    54

    AAJ

    an tSúdáin

    BADR AIRLINES

    35

    BDR

    an tSúdáin

    BLUE BIRD AVIATION

    11

    BLB

    an tSúdáin

    ELDINDER AVIATION

    8

    DND

    an tSúdáin

    GREEN FLAG AVIATION

    17

    GNF

    an tSúdáin

    HELEJETIC AIR

    57

    HJT

    an tSúdáin

    KATA AIR TRANSPORT

    9

    KTV

    an tSúdáin

    KUSH AVIATION CO.

    60

    KUH

    an tSúdáin

    NOVA AIRWAYS

    46

    NOV

    an tSúdáin

    SUDAN AIRWAYS CO.

    1

    SUD

    an tSúdáin

    SUN AIR

    51

    SNR

    an tSúdáin

    TARCO AIR

    56

    TRQ

    an tSúdáin

    ’.

    (1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear san Iarscríbhinn seo cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí léasa fhliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


    ARSCRÍBHINN II

    ‘Iarscríbhinn B

    LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA LAISTIGH DEN AONTAS  (1)

    Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

    Uimhir an Teastais Aeroibreora (AOC)

    Sainitheoir trí litir ICAO

    Stát an Oibreora

    Cineál aerárthaigh a bhfuil srian air

    Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, má tá a leithéid ann, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis aerárthaí a bhfuil srian orthu

    Stát an chláraithe

    IRAN AIR

    IR.AOC.100

    IRA

    an Iaráin

    Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747

    Aerárthaí de chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; Aerárthaí de chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC

    an Iaráin

    AIR KORYO

    GAC-AOC/KOR-01

    KOR

    an Chóiré Thuaidh

    An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU- 204.

    An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633.

    an Chóiré Thuaidh


    (1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear san Iarscríbhinn seo cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí léasa fhliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1601/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top