Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1071

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1071 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a mhéid a bhaineann le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i réimse na luachála custaim agus córas leictreonach chun faisnéis luachála cheangailteach i leith tionscnaimh a thabhairt isteach

    C/2024/2329

    IO L, 2024/1071, 15.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1071/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1071/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1071

    15.4.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1071 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Aibreán 2024

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a mhéid a bhaineann le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i réimse na luachála custaim agus córas leictreonach chun faisnéis luachála cheangailteach i leith tionscnaimh a thabhairt isteach

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 17 agus 25, Airteagal 37(1), pointí (b), (c) agus (d) agus Airteagal 58(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1072 ón gCoimisiún (2) tugadh isteach cinntí maidir le faisnéis cheangailteach i leith luachála (‘Cinntí BVI’) i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (3) ón gCoimisiún.

    (2)

    Chun cur chun feidhme rianúil chinntí BVI a áirithiú sa reachtaíocht chustaim trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 is gá rialacha nós imeachta a leagan síos le haghaidh na gcinntí BVI sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4), de réir na samhla a leagtar síos leis na rialacha nós imeachta atá ann cheana maidir le haghaidh cinntí BTI agus BOI i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447. Chomh maith leis sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc na gcineálacha éagsúla faisnéise ceangailtí, a mhéid is féidir, ba cheart na rialacha nós imeachta sin a ailíniú leis na rialacha a bhaineann le cinntí BTI agus BOI.

    (3)

    Ba cheart Airteagail 16, 17, 21, 22 agus Airteagal 23 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a leasú chun a raon feidhme a leathnú chuig cinntí BVI agus, i gcás inarb iomchuí, chuig cinntí BOI lena gcuirtear san áireamh cineál sonrach cinntí BVI agus cinntí BOI araon agus chun comhsheasmhacht na bainistíochta leictreonaí a áirithiú i measc gach cineál cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach. Ina theannta sin, ba cheart Airteagal 16(4) den Rialachán sin a scriosadh agus téacs na forála sin a chur isteach in Airteagal 17 den Rialachán sin, ós rud é go dtagraítear sa dá fhoráil do cheadú an chórais leictreonaigh, chun críoch éagsúil.

    (4)

    Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (‘an Cód’) go ndéanfar gach malartú faisnéise, amhail dearbhuithe, iarratais nó cinntí, idir údaráis chustaim na mBallstát agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim na mBallstát, agus stóráil na faisnéise sin, trí theicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid. Toisc go n-áirítear cinntí BOI sa chóras leictreonach chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil maidir le cinntí BOI, ba cheart Airteagail 18 agus 19, agus Iarscríbhinn 12-02, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a scriosadh.

    (5)

    D’fhonn a áirithiú go mbeidh go leor ama ann chun an córas leictreonach a imscaradh chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil a bhaineann le cinntí BVI agus BOI, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

    (6)

    Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a leasú dá réir sin.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    ‘3a.   Ní bhainfidh iarratas ar chinneadh a bhaineann le faisnéis luachála cheangailteach (‘BVI’) ach le sraith amháin imthosca chun luach custaim na n-earraí a chinneadh.’

    ;

    (b)

    scriostar mír 4;

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

    ‘Airteagal 17

    An t-údarás custaim an córas leictreonach a cheadú maidir le hiarratais ar chinneadh agus le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach

    (Airteagal 22(1) agus (3) den Chód)

    1.   Nuair a gheobhaidh údarás custaim iarratas ar chinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach agus aon doiciméad a ghabhann leis nó a thacaíonn léi de bhun Airteagal 19(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, ceadóidh sé an córas leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo chun an méid seo a leanas a fhíorú:

    (a)

    comhlíonadh an cheanglais a leagtar amach in Airteagal 33(1), an dara fomhír, pointe (a), den Chód i ndáil le hiarratas ar chinneadh a bhaineann le faisnéis taraife cheangailteach (‘cinneadh BTI’) nó cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (‘cinneadh BOI’);

    (b)

    comhlíonadh an cheanglais a leagtar amach in Airteagal 18a(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 i ndáil le hiarratas ar chinneadh BVI.

    2.   Maidir le cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach a bhfuil sé beartaithe ag an údarás custaim atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh a eisiúint, d’fhonn a áirithiú go bhfuil sé comhsheasmhach le cinntí atá ann cheana a bhaineann le faisnéis cheangailteach agus a eisíodh cheana, rachaidh an t-údarás custaim atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh i gcomhairle leis an gcóras leictreonach dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo.

    3.   Coimeádfaidh an t-údarás custaim taifead ar a cheadú leis an gcóras leictreonach.’

    ;

    (3)

    scriostar Airteagail 18 agus 19;

    (4)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

    ‘Airteagal 21

    Córas leictreonach maidir le hiarratais agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach

    (Airteagal 16(1), Airteagal 23(5) agus Airteagal 56(5) den Chód

    1.   Chun faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach nó le haon imeacht ina dhiaidh sin a mhalartú agus a stóráil, ar faisnéis í nó cinntí iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iarratas bunaidh nó don chinneadh bunaidh, úsáidfear córas leictreonach a bunaíodh chun na gcríoch sin de bhun Airteagal 16(1) den Chód.

    2.   Déanfaidh údaráis chustaim faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach a chur ar fáil tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill agus 7 lá ar a dhéanaí tar éis don údarás custaim an fhaisnéis sin a fháil.

    3.   Áireofar san fhaireachas dá dtagraítear in Airteagal 55 sonraí atá ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar úsáid cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach.

    4.   An t-údarás custaim a fuair an t-iarratas agus a rinne an cinneadh maidir le faisnéis cheangailteach, tabharfaidh sé fógra tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1 má dheonaítear tréimhse úsáide breisithe an chinnidh a bhaineann le faisnéis cheangailteach, agus sonróidh sé dáta deiridh na tréimhse úsáide breisithe agus cainníochtaí na n-earraí a chumhdaítear leis an tréimhse sin.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl do na Ballstáit ar bhonn rialta chun tacú leis an bhfaireachán a dhéanfaidh na húdaráis chustaim ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gcinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach.

    6.   Úsáidfear comhéadan comhchuibhithe trádálaithe de chuid an Aontais a dhear an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhaontú le chéile chun faisnéis a bhaineann le hiarratais agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach a mhalartú.

    7.   Agus iarratas ar chinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach á phróiseáil ag na húdaráis chustaim, sonróidh siad stádas an iarratais sa chóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1.

    8.   Go dtí dáta imscartha na chéad chéime d’uasghrádú an chórais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus an chórais dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán seo, déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán ar úsáid cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach agus rialuithe custaim nó rialuithe iarscaoilte á ndéanamh acu i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 48 den Chód. De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, go dtí an dáta imscartha sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur in iúl do na Ballstáit.’

    ;

    (5)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    ‘Airteagal 22

    Úsáid bhreisithe as cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach

    (Airteagal 34(9) agus Airteagal 35 den Chód)

    1.   I gcás ina gcinnfidh na húdaráis chustaim tréimhse úsáide breisithe a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 34(9), an tríú fomhír, den Chód nó le hAirteagal 20a(6), an tríú fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, sonróidh siad an méid seo a leanas:

    an dáta a thiocfaidh deireadh le tréimhse úsáide breisithe an chinnidh lena mbaineann, agus

    cainníochtaí na n-earraí a fhéadfar a imréiteach le linn na tréimhse úsáide breisithe.

    2.   Cuirfear deireadh le húsáid cinnidh ar deonaíodh tréimhse úsáide breisithe ina leith a luaithe a shroichfear na cainníochtaí sin.

    Ar bhonn an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 55, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas a luaithe a shroichfear na cainníochtaí sin.’

    ;

    (6)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    ‘Airteagal 23

    Gníomhaíochtaí chun aicmiú taraife ceart agus aonfhoirmeach a áirithiú, tionscnamh a chinneadh nó luach custaim a chinneadh

    (Airteagal 34(10) agus Airteagal 35 den Chód)

    1.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na húdaráis chustaim faoi chinntí BTI agus BOI a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 34(10), pointe (a), den Chód agus faoi chinntí BVI i gcomhréir le hAirteagal 20a(7), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    sainaithníonn an Coimisiún cinntí míchearta nó neamh-aonfhoirmeacha;

    (b)

    cuireann na húdaráis chustaim faoi bhráid an Choimisiúin cásanna inar mhainnigh siad a ndifríochtaí tuairime a réiteach, laistigh d’uastréimhse 90 lá, maidir le rangú taraife ceart agus aonfhoirmeach, tionscnamh a chinneadh nó luach custaim a chinneadh.

    Ní ghlacfaidh údaráis chustaim cinntí maidir le faisnéis cheangailteach i ndáil le hearraí atá faoi réir phointe (a) ná phointe (b) ón dáta a thabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis chustaim faoin bhfionraí go dtí go n-áiritheofar rangú taraife ceart aonfhoirmeach, tionscnamh a chinneadh nó luach custaim a chinneadh.

    2.   Eagróidh an Coimisiún comhairliúchán ar leibhéal an Aontais maidir le rangú taraife ceart agus aonfhoirmeach, maidir le cinneadh tionscnaimh nó maidir le luach custaim a chinneadh, a luaithe is féidir agus laistigh de 120 lá ar a dhéanaí ón bhfógra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis chustaim a luaithe a tharraingeofar siar fionraí.

    4.   Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3, measfar cinntí BOI a bheith neamh-aonfhoirmeach i gcás ina dtugann siad tionscnamh éagsúil d’earraí a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo:

    (a)

    tagann siad faoin gceannteideal taraife céanna agus déantar a gcinneadh a thionscnamh i gcomhréir leis na rialacha céanna maidir le tionscnamh; agus

    (b)

    fuarthas iad faoi choinníollacha comhionanna agus úsáid á baint as an bpróiseas monaraíochta céanna agus ábhair choibhéiseacha a mhéid a bhaineann go háirithe lena stádas tionscnaimh nó neamhthionscnaimh.

    5.   Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3, measfar cinntí BVI a bheith neamh-aonfhoirmeach i gcás ina gcuirfidh siad modh éagsúil luachála custaim nó critéir éagsúla ar fáil chun an luach custaim a bhunú i gcúinsí comhionanna nó i gcúinsí comhchosúla.’

    ;

    (7)

    Scriostar Iarscríbhinn 12-02.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2027.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1072 ón gCoimisiún an 15 Eanair 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i réimse na luachála custaim agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (IO L, 2024/1072, 15.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1072/oj).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1071/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top